EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saoire Thuismitheoireachta

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí' for an updated information about the subject.

Saoire Thuismitheoireachta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/18/AE maidir leis an gcomhaontú réime athbhreithnithe um shaoire thuismitheoireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Cuirtear an Comhaontú Réime leasaithe maidir le saoire thuismitheoireachta arna chur i gcrích ag comhpháirtithe sóisialta na hEorpa an 18 Meitheamh 2009 i bhfeidhm léi.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá oibrithe i dteideal saoire thuismitheoireachta nuair a saolaíonn nó nuair a uchtaíonn siad leanbh. Is féidir an tsaoire sin a ghlacadh go dtí go mbeidh aois slánaithe ag an leanbh a chinnfear leis an dlí náisiúnta agus/nó le comhaontuithe comhchoiteanna, ach sula mbeidh an leanbh 8 mbliana d’aois.
  • Baineann an Treoir seo go cothrom le gach oibrí, idir fhir agus mhná, beag beann ar a gcineál conradh fostaíochta (conradh neamhiata, téarma seasta, páirtaimsearthasealadach).
  • Ní mór saoire thuismitheoireachta a dheonú ar feadh tréimhse 4 mhí ar a laghad mar cheart aonair na beirte tuismitheoirí. I bprionsabal, ba cheart go mbeadh oibrithe ábalta a gcuid saoire ar fad a ghlacadh. Dá bhrí sin níor cheart a bheith ábalta í a aistriú ó thuismitheoir amháin go tuismitheoir eile. Mar sin féin, féadfar aistrithe den sórt sin a údarú ar an gcoinníoll go gcoinneoidh gach tuismitheoir ar a laghad 1 mhí de na 4 mhí saoire, d’fhonn glacadh níos cothroime saoire thuismitheoireachta ag an mbeirt tuismitheoirí a spreagadh. Leagtar síos íoschaighdeáin sa treoir ionas gur féidir le Ballstáit an Aontais rialacha níos fabhraí a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach.

Glacadh saoire

  • Sainítear na coinníollacha um rochtain ar shaoire agus na cúinsí a bhaineann le saoire a ghlacadh leis an dlí náisiúnta agus/nó le comhaontuithe comhchoiteanna. Mar shampla, féadfaidh Ballstáit agus/nó na comhpháirtithe sóisialta:
    • soláthar a dhéanamh chun saoire a thabhairt ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, de réir a chéile nó i bhfoirm córas creidmheas ama, ina gcuirtear riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon san áireamh;
    • an ceart chun saoire thuismitheoireachta a chur faoi réir coinníollach maidir le fad seirbhíse nach mó ná 1 bhliain. Más infheidhme, ríomhfar an tréimhse sin ag cur san áireamh na conarthaí téarma seasta as a chéile a cuireadh i gcrích leis an bhfostóir céanna;
    • na cúinsí faoina bhfuil an fostóir i dteideal saoire a chur siar a údarú ar chúiseanna a bhfuil údar leo maidir le hoibriú na heagraíochta;
    • socruithe speisialta a údarú chun oibriú cuí gnóthas beag a chinntiú.
  • Ní mór d’oibrithe ar mian leo saoire thuismitheoireachta a ghlacadh fógra a thabhairt don fhostóir. Ní mór an tréimhse fógra a shonrú i ngach Ballstát, agus leasanna oibrithe agus fostóirí araon á gcur san áireamh.
  • Spreagtar Ballstáit agus/nó na comhpháirtithe sóisialta sa Treoir chomh maith chun bearta agus/nó na coinníollacha sonracha a shainiú maidir le saoire a ghlacadh ag tuismitheoirí uchtála agus tuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas nó a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu.

Filleadh ar an obair agus neamh-idirdhealú

  • I ndiaidh dóibh saoire thuismitheoireachta a ghlacadh, beidh an ceart ag oibrithe filleadh ar an bpost céanna. Mura féidir é sin a dhéanamh, ní mór don fhostóir post coibhéiseach nó comhchosúil a sholáthar dóibh atá ag teacht lena gconradh fostaíochta nó lena gcaidreamh fostaíochta.
  • Lena chois sin, maidir le cearta faighte nó cearta atá á bhfáil ag an oibrí an dáta ar a dtosaíonn an tsaoire thuismitheoireachta:
    • ní mór go seasfadh siad go dtí deireadh na saoire;
    • ní mór dóibh a bheith i bhfeidhm ag deireadh na saoire, mar aon le gach athrú a eascraíonn as an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó cleachtas.
  • Mar an gcéanna, ní mór oibrithe a chosaint i gcoinne córa is lú fabhar nó dífhostaithe ar fhorais iarratas a dhéanamh ar shaoire thuismitheoireachta nó ar fhorais saoire thuismitheoireachta a ghlacadh.
  • Déanann Ballstáit agus/nó na comhpháirtithe sóisialta cinneadh maidir leis na cúrsaí ar fad i dtaca le slándáil shóisialta agus ioncam maidir le saoire thuismitheoireachta. Dá bhrí sin, ní áirítear sa chomhaontú rialacha maidir le tuarastal nó cúiteamh a íoc le linn saoire thuismitheoireachta.
  • Ar deiridh, nuair a fhillfidh siad ar an obair, ní mór d’oibrithe a bheith ábalta athruithe ar a n-uaireanta oibre agus/nó ar a bpatrúin oibre ar feadh tréimhse ama socraithe a iarraidh. Ní mór d’fhostóirí iarratais dá leithéid a bhreithniú agus a fhreagairt, ag cur san áireamh riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon.

Saoire ar fhorais “force majeure (cúinsí gan choinne)

  • Féadfaidh oibrithe saoire a iarraidh ar fhorais force majeure ar chúiseanna teaghlaigh fosta. Is féidir saoire dá leithéid a iarraidh go háirithe i gcásanna tinnis nó timpiste sa chás go mbeadh fáil láithreach an oibrí laistigh den teaghlach fíorthábhachtach.

Aisghairm

Déanfar an treoir a aisghairm leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil (2019/1158/AE) le héifeacht ón 2 Lúnasa 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 7 Aibreán 2010 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 8 Márta 2012.

Déanfar an treoir a aisghairm leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil (Treoir (AE) 2019/1158 – féach achoimre) le héifeacht ón 2 Lúnasa 2022.

CÚLRA

Tá an Comhaontú seo mar thoradh ar Chomhaontú Réime an 14 Nollaig 1995 maidir le saoire thuismitheoireachta, dár tugadh éifeacht dhlíthiúil le Treoir 96/34/CE ón gComhairle.

Is bealach níos fearr é chun freagrachtaí gairmiúla agus tuismitheora oibrithe a réiteach agus chun caitheamh comhionann le fir agus le mná a chur chun cinn.

Cuirtear chun feidhme é le treoir ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 155(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lgh. 13-20).

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Threoir 2010/18/CE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lgh. 79-93).

Nuashonraithe 03.02.2022

Top