Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Afganastáin

Bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Afganastáin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2011/486/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin

Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

Tá siad mar chuid de bhosca uirlisí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) de chuid an Aontais Eorpaigh(AE), lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn trí bhunús dlí a sholáthar do smachtbhannaí an Aontais i gcoinne an Talaban san Afganastáin, agus do dhaoine aonair, grúpaí, gnóthais agus eintitis eile a bhfuil baint acu leo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leasaíodh an agus an cinneadh agus an rialachán go minic. Áirítear orthu sin raon toirmeasc agus srianta lena ndírítear orthu siúd atá ina mbagairt ar shíocháin, ar chobhsaíocht agus ar shlándáil na hAfganastáine, ar an Taliban mar aon le daoine aonair agus grúpaí a bhfuil baint acu leo, arna sainaithint ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a bunaíodh le rún 1988 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena n-áirítear:

  • trádbhac arm maidir le trealamh míleata a sholáthar, a dhíol, a onnmhairiú nó a aistriú, lena n-áirítear aon chomhairle, cúnamh nó oiliúint theicniúil ghaolmhar, do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnóthais, d’eintitis nó do chomhlachtaí den sórt sin;
  • toirmeasc ar chúnamh teicniúil a sholáthar go díreach nó go hindíreach a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear sa liosta coiteann míleata, nó a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid earraí a áirítear sa liosta sin, do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnóthais, d’eintitis nó do chomhlachtaí den sórt sin;
  • diúltú iontráil nó idirthuras trí chríoch AE do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnóthais, d’eintitis nó do chomhlachtaí den sórt sin;
  • cistí* a reó, sócmhainní airgeadais eile agus acmhainní eacnamaíocha* eile daoine aonair, grúpaí, gnóthais, eintiteas nó comhlachtaí den sórt sin;
  • toirmeasc ar aon iarrachtaí chun na smachtbhannaí a sheachaint.

Díolúintí

Tá díolúintí áirithe ó na toirmisc agus ó na srianta sa chinneadh agus sa rialachán araon. Áirítear orthu sin cistí, faoi choinníollacha áirithe, chun na nithe seo a leanas a íoc:

  • riachtanais bhunúsacha, amhail costais bhia agus leighis, do na daoine aonair atá liostaithe agus dá mbaill teaghlaigh chleithiúnacha;
  • táillí gairmiúla agus muirir seirbhíse;
  • costais neamhghnácha.

Clúdaíonn an reachtaíocht:

  • An AE, lena n-áirítear a aerspás;
  • aerárthaí agus soithí atá faoi dhlínse Ballstáit an AE;
  • Náisiúnaigh agus gnólachtaí an AE.

Áirítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh, agus forais lena gcur san áireamh, liosta de dhaoine aonair (roinn A) agus d’eintitis agus de ghrúpaí agus gnóthais eile (roinn B) a bhaineann leis an Taliban.

Leagfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh amach an liosta atá san iarscríbhinn agus leasóidh sí é i gcomhréir le cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe.

Cuireann na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach a chéile ar an eolas láithreach faoi bhearta a dhéanann siad faoin reachtaíocht agus soláthraíonn siad faisnéis ábhartha dá chéile.

Cinneann na Ballstáit pionóis oiriúnacha as an reachtaíocht a shárú agus déanann siad gach beart chun a áirithiú go gcuirfear na smachtbhannaí chun feidhme.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm le Cinneadh 2011/486/CBES ón 01 Lúnasa 2011 i leith.

Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón 2 Lúnasa 2011.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cistí. Sócmhainní agus sochair airgeadais de gach cineál.
Acmhainní eacnamaíocha. Gach sócmhainn inláimhsithe agus doláimhsithe.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (IO L 199, 2.8.2011, lgh. 57–72).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2011/486/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (IO L 199, 2.8.2011, lgh. 1–22).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CFAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Liosta coiteann míleata an Aontais Eorpaigh (IO C 69, 18.3.2010, lgh. 19–51).

Nuashonraithe 05.04.2023

Top