This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Using financial information for preventing, detecting, investigating and prosecuting criminal offences
Faisnéis airgeadais a úsáid chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
Faisnéis airgeadais a úsáid chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
Is é is aidhm dó sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha eile a chomhrac, tríd an méid seo a leanas:
Cumhacht chun rochtain a fháil ar chuntais bhainc agus iad a chuardach
Ní mór do gach Ballstát den Aontas Eorpach (AE) a áirithiú go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis ainmnithe atá freagrach as coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach go díreach agus láithreach, chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, lena n-áirítear sócmhainní a rianú agus a chalcadh.
D’fhonn ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú, is iad na baill foirne a dhéanann na nithe seo a leanas, agus iad sin amháin, a dhéanann rochtain agus cuardaigh ar bhonn cás ar chás:
Thairis sin, coinníonn oifigigh cosanta sonraí logaí de chuardaigh agus seiceálann siad iad go rialta.
Comhroinnt faisnéise
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú (ar bhonn cás ar chás, agus chun sciúradh airgid, coireanna gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac):
Ní mór do na malartuithe faisnéise sin uile na coimircí nós imeachta náisiúnta a urramú agus a bheith i gcomhréir le ról agus freagrachtaí na n-údarás éagsúil, lena n-áirítear neamhspleáchas AFAnna a gcuid anailísí a scaipeadh.
Tarchuirtear iarrataí agus freagraí trí úsáid a bhaint as cumarsáid leictreonach shlán thiomnaithe lena n-áirithítear ardleibhéal slándála sonraí.
Sonraí pearsanta a phróiseáil
Faireachán agus meastóireacht
Ní mór do na Ballstáit staidreamh a choinneáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá a gcórais chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chomhrac.
Faoin 2 Lúnasa 2024, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme na treorach seo a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí.
Aisghairtear leis an treoir Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle.
B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 01 Lúnasa 2021. Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón 01 Lúnasa 2021.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 122-137).
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73-117).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát i réimse na bhfáltas ó choireacht, nó maoin eile a bhaineann léi, a rianú agus a shainaithint (IO L 332, 18.12.2007, lgh 103-105).
Nuashonraithe 03.08.2022