Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint sonraí

Tagraíonn cosaint sonraí do rialacha maidir le cearta daoine nádúrtha (daoine aonair) chun a gcuid sonraí pearsanta (aon fhaisnéis a bhaineann le duine beo sainaitheanta nó in-sainaitheanta) a chosaint agus do dhualgais údarás poiblí, gnólachtaí agus eagraíochtaí eile na sonraí sin a chosaint.

Is ceart bunúsach atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha AE é an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Baineann sé leis an tacar luachanna atá cosanta faoi Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus rannchuidíonn sé le cuspóirí AE faoi Airteagal 3 den Chonradh a bhaint amach.

Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tugtar leis an ceart go ndéanfar a shonraí pearsanta a chosaint do gach duine aonair. Ceanglaítear leis freisin ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh rialacha a leagan síos chun daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE, agus ag na Ballstáit agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí AE.

Ceanglaítear le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil go cóir chun críocha sonraithe agus ar bhonn thoiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach éigin eile a leagtar síos le dlí AE. Ina theannta sin, tá sé de cheart ag gach duine aonair rochtain a fháil ar shonraí a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus tá sé de cheart acu na sonraí sin a cheartú. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údaráis neamhspleách.

Thar na blianta, d’achtaigh AE roinnt píosaí reachtaíochta chun cosaint sonraí pearsanta a chinntiú, lena n-áirítear iad siúd atá liostaithe thíos.

  • Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, ar a dtugtar RGCS (an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí).
  • Treoir (AE) 2016/680 maidir le daoine aonair a chosaint i gcás ina n-úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí sonraí pearsanta chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur.
  • Rialachán (AE) 2018/1725 lena leagtar síos rialacha maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin.
  • Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí.

Ina theannta sin, tá ionstraimí éagsúla glactha ag AE a bhaineann le haistrithe sonraí pearsanta chuig tíortha nach bhfuil in AE agus socruithe éagsúla eile le tíortha nach bhfuil in AE maidir le haistrithe sonraí pearsanta. Áirítear orthu sin cinntí leordhóthanachta, clásail chonarthacha chaighdeánacha agus comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail an bratchomhaontú AE-SAM maidir le faisnéis phearsanta a chosaint a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, comhaontuithe maidir le taifid ainmneacha paisinéirí (leis an Astráil, Ceanada agus na Stáit Aontaithe) agus clár AE-SAM chun maoiniú sceimhlitheoireachta a rianú.

FÉACH FREISIN

Top