Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh

Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an Rialachán Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta don Aontas Eorpach (AE) agus leagtar amach leis aidhmeanna na saoráide agus na critéir maidir le maoiniú a fháil.

I mí na Bealtaine 2022, i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, nocht an Coimisiún Eorpach a phlean REPowerEU chun an tAontas a dhéanamh neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Le Rialachán leasaitheach (AE) 2023/435, is féidir le Ballstáit an Aontais caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun dlús a chur le haistriú fuinnimh ghlain an Aontais.

Le rialachán leasaitheach eile, Rialachán (AE) 2024/795, lena mbunaítear an tionscnamh Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), ceadaítear do na Ballstáit bearta a thabhairt isteach a thacaíonn le hoibríochtaí infheistíochta a chuireann le cuspóirí STEP ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé mar aidhm leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach AE a chur chun cinn trí:

Tá maoiniú STA ar fáil do bhearta “nach ndéanann dochar suntasach”, i.e. nach ndéanann dochar don chomhshaol, agus nach mbaineann caiteachas athfhillteach leo, sna sé réimse beartais seo a leanas:

  • an t–aistriú glas,
  • an claochlú digiteach,
  • fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach,
  • comhtháthú sóisialta agus críochach,
  • athléimneacht sláinte, eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach,
  • beartais don chéad ghlúin eile, amhail oideachas agus scileanna.

Féadfar roinnt eisceachtaí sealadacha a dheonú i ndáil le caibidlí REPowerEU maidir le bearta lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní láithreacha an Aontais maidir le slándáil fuinnimh, lena n–íoslaghdaítear an damáiste a d’fhéadfadh tarlú don chomhshaol agus nach gcuireann cuspóirí aeráide an Aontais i mbaol.

Buiséad €648 billiún (i bpraghsanna 2022) na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta:

  • deontais ann dar luach €357 billiún;
  • deontais ann dar luach €291 billiún;
  • ní thagann sé in ionad an chaiteachais náisiúnta buiséadaigh athfhilltigh, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar leo;
  • forlíontar leis tacaíocht airgeadais faoi chláir eile AE;
  • cloíonn sé le prionsabal na breisíoctha* maidir le maoiniú AE.

Le leasú an rialacháin STA chun REPowerEU a áireamh, tá deontais bhreise faoin gcóras trádála astaíochtaí (CTA) agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR) curtha ar fáil do na Ballstáit. Dá bhrí sin, tá an €357 billiún i ndeontais roinnte anois i €338 billiún i ndeontais bhunaidh CTA, €17.3 billiún i ndeontais STA agus €1.6 billiún i ndeontais BAR. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht iasachta a iarraidh go dtí mí Lúnasa 2023. As an leithdháileadh iomlán €385 billiún atá ar fáil, bhí gar do €291 billiún geallta faoi dheireadh 2023. Bhí clúdach STA iomlán de €648 billiún mar thoradh ar an dá athrú sin (bhí níos mó deontas ar fáil tríd an CTA agus BAR agus níor iarradh a oiread iasachtaí ná an clúdach iomlán a bhí ar fáil) faoi dheireadh 2023. B’ionann an tsuim a luadh cheana de €723 billiún agus uasmhéid na ndeontas STA (€338 billiún) agus iasachtaí STA (€385 billiún) de réir rialachán STA.

Le Rialachán leasaitheacha (AE) 2024/795, bunaítear an tionscnamh STEP, tionscnamh lenar bhféachtar le ceannasacht agus slándáil an Aontais a neartú, le dlús a chur faoina aistriú glas agus faoina aistriú digiteach, lena iomaíochas a fheabhsú agus lena spleáchais straitéiseacha a laghdú i dtrí réimse straitéiseacha thionsclaíocha: nuálaíocht dhigiteach agus nuálaíocht dhomhaintheicneolaíochta, teicneolaíochtaí glana agus atá tíosach ar acmhainní, agus biteicneolaíochtaí. Leis an rialachán leasaitheach, féadfar acmhainní ó chláir AE atá ann cheana, amhail an STA, a ghiaráil gan gá le cistí nua a chruthú. Leis na rialacha nua, ceadaítear do na Ballstáit méid na ranníocaíochta airgid chun críche urrann an Bhallstáit a áireamh ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta. Is amhlaidh an cás go heisiach maidir le bearta a thacaíonn le hoibríochtaí infheistíochta a chuireann le cuspóirí STEP. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú suas le 10% dá leithdháileadh náisiúnta a leithdháileadh ar ionstraimí a bhaineann STEP faoi InvestEU (féach an achoimre).

Chun leas a bhaint as tacaíocht faoin tsaoráid, tá pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ullmhaithe agus curtha isteach ag na Ballstáit, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuirfidís i bhfeidhm ó thús na paindéime i mí Feabhra 2020 go dtí an 31 Nollaig 2026, mar aon le garspriocanna agus spriocanna soiléire. Is féidir leis na Ballstáit maoiniú suas le suim uasta a aontaíodh roimhe seo a fháil. Leis na pleananna, b’éigean 37% ar a laghad dá mbuiséad a leithdháileadh i gcomhair bearta glasa, agus 20% i gcomhair bearta digiteacha. B’ éigean do na pleananna a bheith i gcomhréir leis an méid seo a leanas chomh maith:

Féadfaidh na Ballstáit a bpleananna a athbhreithniú chomh maith bunaithe ar na forais dhlíthiúla atá ar fáil arna leagan amach sa rialachán STA, lena n–áirítear a gcumas a léiriú gur féidir cur chun feidhme garspriocanna agus spriocanna áirithe indéanta a sholáthar le cúinsí oibiachtúla.

Tá an STA bunaithe ar fheidhmíocht. Ciallaíonn sé sin nach íocann an Coimisiún na méideanna le gach Ballstát go dtí go mbeidh na garspriocanna agus na spriocanna comhaontaithe bainte amach acu maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá cuimsithe ina bplean a chur i gcrích. Nuair a bheidh garspriocanna agus spriocanna comhaontaithe dá leithéid curtha i gcrích acu, iarrann rialtais íocaíocht ar an mbonn sin (suas le dhá uair sa bhliain).

Maidir leis an gCoimisiún:

  • déanann sé measúnú ar phleananna an mBallstát de réir a n–ábharthachta, a n–éifeachtúlachta, a n–éifeachtachta agus a gcomhleanúnachais;
  • má mholann sé go bhformheasfaidh an Chomhairle plean náisiúnta, leagfaidh sé amach na garspriocanna agus na spriocanna nach mór do Bhallstát a chomhlíonadh ina athchóirithe agus ina thionscadail infheistíochta, agus ranníocaíocht airgeadais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;
  • féadfaidh sé diúltú do na leasuithe ar na pleananna nó iad a ghlacadh;
  • tarchuireann sé na pleananna náisiúnta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan aon mhoill;
  • déanann sé faireachán ar chur chun feidhme na saoráide agus tomhaiseann sé an méid a baineadh amach;
  • déanann sé measúnú ar na hiarratais ar íocaíocht ó na Ballstáit lena sheiceáil gur baineann na garspriocanna agus na spriocanna amach agus más amhlaidh, eisíocfaidh sé na cistí comhfhreagracha chuig na Ballstáit nó féadfaidh sé a chinneadh seachas sin an íocaíocht a chur ar fionraí (go páirteach) go dtí go mbainfidh an Ballstát an gharsprioc nó an sprioc amach i gceart;
  • cuireann sé scórchlár téarnaimh agus athléimneachta ar bun;
  • cuireann sé tuarascálacha bliantúla isteach chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

Maidir leis na Ballstáit:

  • ní mór dóibh calaois, éilliú nó coinbhleacht leasa ar bith agus cistí AE á n-úsáid a chosc, a bhrath agus a cheartú;
  • tuairisciú a dhéanamh dhá uair sa bhliain maidir le dul chun cinn a bpleananna i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh.

Gach 2 mhí, féadfaidh coiste ábhartha na Parlaiminte a iarraidh ar an gCoimisiún dul chun cinn faoin tsaoráid a phlé.

Chuir an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

Scórchlár téarnaimh agus athléimneachta

I mí na Nollag 2021, sheol an Coimisiún an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta, ardán poiblí ar líne atá deartha chun an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina hiomláine, agus na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta aonair a thaispeáint.

Gníomhartha tarmligthe

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105, forlíontar Rialachán (AE) 2021/241 trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú. Tá an mhodheolaíocht sin, lena n–áirítear caiteachas sóisialta maidir le leanaí agus daoine óga, agus maidir le comhionannas inscne faoin tsaoráid, bunaithe ar an gcaiteachas measta a sholáthraítear sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 trí na táscairí comhchoiteanna agus na ngnéithe mionsonraithe a bhaineann leis an scórchlár téarnaimh agus leis an athléimneachta a leagan amach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2021/241 ón 19 Feabhra 2021.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2023/435 ón 01 Márta 2023.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2024/795 ón 01 Márta 2024.

CÚLRA

  • Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta croílár phacáiste spreagtha NextGenerationEU an Aontais. Cuirtear ar chumas an Choimisiúin leis cistí a thiomsú chun cabhrú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta láithreach a rinneadh le paindéim COVID-19 a dheisiú.
  • Tá sé sin ailínithe go dlúth le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach lena gcuirfear an t–aistriú glas agus an t–aistriú digiteach chun cinn a áirithiú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Prionsabal na breisíoctha. Ceann de bhunphrionsabail Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais. Luaitear leis an bprionsabal sin nár cheart ranníocaíochtaí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais a chur in ionad caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát sna réigiúin lena mbaineann.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17-75).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/241 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lgh. 30–89).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú (IO L 429, 1.12.2021, lgh. 79–82).

Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (OJ L 433I, 22.12.2020, lgh. 23–27).

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 1–10).

Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, 11.12.2019).

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1–77).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.04.2024

Top