Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

Is ionstraim airgeadais sealadach EUR 750 billiún de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) é Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a cruthaíodh chun cabhrú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta de dheasca phaindéim COVID-19 a dheisiú.

Tá sé i gcroílár fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar ghéarchéim an choróinvíris agus tá sé mar aidhm leis tacú le téarnamh eacnamaíoch agus todhchaí níos glaise, níos digití agus níos seasmhaí a fhorbairt.

Tá na nithe seo mar chuid d’Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh:

  • an tSaoráid Téarnaimh agus Seasmhachta — EUR 672.5 billiún i ndeontais agus iasachtaí atá ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanfar i mBallstáit AE;
  • Cúnamh Téarnaimh do Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) — EUR 47.5 billiún chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha COVID-19 i gcéad bhlianta an téarnaimh;
  • maoiniú breise do roinnt clár AE eile, sa bhreis ar an maoiniú atá beartaithe i mbuiséad fadtéarmach AE 2021-2027:
    • Fís Eorpach (EUR 5 bhilliún),
    • InvestEU (EUR 5.6 billiún),
    • forbairt tuaithe (EUR 7.5 billiún),
    • an Ciste um Aistriú Cóir (EUR 10 billiún),
    • RescEU (EUR 1.9 billiún).

Chun Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú, gheobhaidh an Coimisiún Eorpach, thar ceann AE, iasachtaí ar na margaí caipitil.

Tá na méideanna go léir a luadh thuas bunaithe ar phraghsanna 2018.

FÉACH FREISIN

Top