Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

Is comhlacht comhairleach AE é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Bunaíodh é in 1957 chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na ngrúpaí eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla i dtíortha AE.

Faoin gConradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), bíonn 350 ball ar a mhéad sa CESE. Tá idir 5 agus 24 ball in aghaidh thír AE ann.

Baineann na baill le 3 ghrúpa a dhéanann ionadaíocht ar son: 1. fostóirí, 2. oibrithe agus 3. cineálacha gníomhaíochta faoi leith (amhail feirmeoirí, gnólachtaí beaga, gairmithe, tomhaltóirí, comharchumainn, teaghlaigh, grúpaí comhshaoil). Ceaptar baill CESE ar feadh 5 bliana (is féidir a athnuachan).

Téann an CESE i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún sna cásanna atá leagtha síos i gconarthaí AE. Ina theannta sin is féidir leis tuairimí féintionscnaimh a eisiúint. Tá a ról, a eagrú agus a chumhachtaí á rialú le hAirteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagail 301-304 de CFAE.

FÉACH CHOMH MAITH

Haut