EUR-Lex Acesso ao direito da União Europeia

Voltar à página inicial do EUR-Lex

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Creat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais (2021-2027)

Creat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis an rialachán na huasmhéideanna bliantúla is féidir a chaitheamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh (AE) le linn na tréimhse 2021-2027. Ní mór go gcomhlíonfaidh buiséid bhliantúla a ghlacfar le linn na tréimhse sin leis an gcreat foriomlán.

PRÍOMHPHOINTÍ

Socraítear leis an rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), don tréimhse 2021-2027, uasmhéideanna bliantúla (“uasteorainneacha CAI”) i gcomhair chaiteachas an Aontais ina iomláine agus i gcomhair príomhchatagóirí caiteachais a léiríonn príomhréimsí beartais (“ceannteidil CAI”).

Glactar an rialachán CAI faoi nós imeachta reachtach speisialta, le Comhairle an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di d’aon toil tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil.

Ní mór do thrí phríomhinstitiúid bhúiséadacha an Aontais (an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach) a áirithiú go gcomhlíonfaidh an caiteachas i mbuiséid bhliantúla an Aontais na huasteorainneacha CAI.

Don tréimhse 2021-2027, leagtar amach leis an CAI uasmhéid caiteachais EUR 1,074 billiún (is i bpraghsanna 2018 atá na méideanna go léir), lena gcumhdaítear seacht bpríomhréimse, agus tá siad miondealaithe mar a leanas.

  • margadh aonair, nuálaíocht agus digiteach: EUR 132.8 billiún,
  • comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: EUR 377.8 billiún,
  • acmhainní nádúrtha agus comhshaol: EUR 356.4 billiún,
  • imirce agus bainistiú teorainneacha: EUR 22.7 billiún,
  • slándáil agus cosaint: EUR 13.2 billiún,
  • comharsanacht agus an domhan: EUR 98.4 billiún,
  • Riarachán poiblí Eorpach: €73.1 billiún.

Go háirithe, cuireann CAI uasmhéideanna d’íocaíochtaí gealltanais ar leataobh chomh maith don tréimhse i gcomhair dhá thionscadal mhórscála:

  • clár spáis an Aontais (EUR 13,202 billiún),
  • imoibreoir trialach teirmeanúicléach idirnáisiúnta (EUR 5 bhilliún).

Leagtar amach in CAI chomh maith na huasmhéideanna a d’fhéadfaí a chaitheamh sa bhreis arna huasteorainneacha CAI ar phráinnfhreagairt nó ar riachtanais nua gan choinne, agus úsáid a bhaint as “ionstraimí speisialta”, mar a leanas:

  • Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EUR 186 milliún go bliantúil);
  • Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (EUR 1.2 billiún go bliantúil);
  • Cúlchiste Coigeartaithe Brexit do na réimsí agus na hearnálacha ba mhó a ndeachthas i gcion orthu de dheasca imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas (EUR 5 bhilliún thar an tréimhse);
  • Ionstraim Corrlaigh Aonair lena n-éascaítear na corrlaigh atá ar fáil a aistriú idir na blianta airgeadais agus i gcásanna idir ceannteidil CAI chomh maith;
  • Ionstraim Sholúbthachta chun caiteachas gan choinne nach bhféadfaí a mhaoiniú laistigh d’uasteorainneacha CAI a chlúdach (EUR 915 milliún go bliantúil).

Déantar roinnt coigeartuithe ar uasteorainneacha CAI le linn a shaolré. Is iad sin:

  • coigeartuithe teicniúla bliantúla i bpraghsanna reatha nuair atá an Coimisiún ag dréachtú an dréachtbhuiséid bhliantúil don bhliain dár gcionn;
  • coigeartuithe clár-shonracha trína leithdháilfear méid breise, atá comhionann leis an ioncam bliantúil a fhaigheann an tAontas ó fhíneálacha a thoibhítear ó bhriseadh rialacha an Aontais, go cláir/beartais shonracha an Aontais — sin EUR 11 bhilliún san iomlán idir 2022 agus 2027.

Seo a leanas na coigeartuithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh ar CAI:

  • gealltanais bhuiséadacha atá ar fionraí a athiontráil chun rialachas eacnamaíoch fónta a áirithiú nó chun buiséad an Aontais a chosaint — nuair atá an fhionraíocht foirceanta, féadfar na méideanna a úsáid an bhliain dár gcionn.
  • athchlárú le himeacht ama gealltanas buiséadach agus íocaíochtaí a bhaineann le rialacha nó cláir nua a glacadh tar éis an 1 Eanáir 2021.

D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar CAI — i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta céanna a ghlacadh — mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • imthosca gan choinne;
  • athbhreithniú chonarthaí an Aontais le hiarmhairtí buiséadacha;
  • i gcás aontachas Bhallstáit nua an Aontais Eorpaigh;
  • athaontú na Cipire.

Rinneadh athbhreithniú ar CAI i mí Feabhra 2024 trí leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2024/765. Leis an athbhreithniú sin, cuireadh EUR 64 billiún eile ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair an Aontais, idir dhúshlán nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, agus chun oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh nach bhféadfaí a chomhlíonadh seachas sin laistigh de na huasteorainneacha buiséadacha atá ann cheana. Áirítear ar an maoiniú breise:

  • Tacaíocht don Úcráin — EUR 50 billiún (EUR 17 mbilliún i ndeontas agus EUR 33 billiún in iasachtaí);
  • imirce agus bainistiú teorainneacha — EUR 2 bhilliún;
  • comharsanacht agus an domhan — EUR 7.6 billiún;
  • an Ciste Eorpach Cosanta faoi ionstraim an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip — €1.5 billiún;
  • An Ionstraim Sholúbhachta — €2 bhilliún;
  • An Cúlchiste um Iomaíochas agus Cabhair Éigeandála — EUR 1.5 billiún.

Ní mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún bearta a ghlacadh chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú, comhoibriú de mheon macánta agus obair a dhéanamh ar bhealach soiléir faoin gcomhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, comhar agus bainistíocht fhónta airgeadais (féach an achoimre).

Ceanglaíonn CAI ar an gCoimisiún togra a thíolacadh i gcomhair CAI nua roimh an 1 Iúil 2025.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le EUR 1,074.3 billiún CAI agus an €750 billiún eisceachtúil agus breise sealadach den Rialachán maidir lehIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (AE) 2020/2094 (féach an achoimre), soláthraítear EUR 1.8 trilliún gan fasach chun tacú le téarnamh an Aontais ón phaindéim COVID-19 le béim ar leith ar gheilleagar an Aontais a nuachóiriú agus ar an aistriú i dtreo todhchaí ghlas agus dhigiteach.

Bhí tús an CAI nua i gcomhthráth le hathruithe ar chóras acmhainní dílse an Aontais chun caiteachas AE a mhaoiniú, Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (féach an achoimre).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 11–22).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 28–46).

Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 23–27).

Cinneadh ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2053 an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (OJ L 424, 15.12.2020, lgh. 1–10).

Nuashonraithe 10.07.2024

Início