Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (ón 31 Eanáir 2021 ar aghaidh)

Margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (ón 31 Eanáir 2021 ar aghaidh)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/1148 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis rialacha ar fud AE maidir le cur ar fáil*, tabhairt isteach, bheith i seilbh agus úsáid substaintí* agus meascáin* a d’fhéadfaí a mhí-úsáid chun pléascáin lámhdhéanta a dhéanamh.
  • Cuirtear teorainn leis ar infhaighteacht na substaintí nó na meascán sin don phobal i gcoitinne, agus ceanglaítear leis idirbhearta amhrasacha ar bith a bhaineann leis na substaintí a thuairisciú do na húdaráis iomchuí.
  • Neartaítear tuilleadh leis an rialachán an córas chun monaraíocht neamhdhleathach pléascán a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt atá ag teacht chun cinn go gcuirfí an tslándáil phoiblí i mbaol de bharr sceimhlitheoireachta nó gníomhaíochtaí coiriúla tromchúiseacha eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an rialachán:

  • sainaithnítear ann 2 chatagóir ar leith laistgh de réamhtheachtaithe pléascán* rialáilte:
    • réamhtheachtaithe pléascán srianta, amhail aigéad nítreach, sárocsaíd hidrigine agus níotráit amóiniam, arna leagan amach in Iarscríbhinn I. Níor cheart iad sin a chur ar fáil do bhaill den phobal i gcoitinne, ná ní thabharfaidh baill den phobal i gcoitinne isteach iad, ná ní bheidh siad i seilbh ball den phobal i gcoitinne ná ní úsáidfidh baill den phobal i gcoitinne iad mura bhfuil a dtiúchan faoi bhun teorainneacha sonracha;
    • réamhtheachtaithe pléascán intuairiscithe, amhail aicéatón, níotráit sóidiam agus púdair mhaignéisiam, arna liostú in Iarscríbhinn II;
  • ceanglaítear leis idirbhearta amhrasacha, imeacht suntasach agus goid shuntasach ar bith i gceachtar catagóir a thuairisciú do na húdaráis ábhartha (na pointí teagmhála náisiúnta) i mBallstáit AE laistigh de 24 uair an chloig.

Maidir leis na Ballstáit:

  • féadfaidh siad ceadúnais a eisiúint le haghaidh réamhtheachtaithe pléascán ar leith atá srianta chuig baill den phobal a bhfuil leas dleathach acu maidir le réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a fháil;
  • ba cheart dóibh pointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó a oibríonn 24/7 a chur ar bun chun tuairiscí a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha, gabháil ar iarraidh shuntasach nó goid suntasacha;
  • soláthraíonn siad acmhainní leordhóthanacha chun oiliúint a chur ar lucht fhorfheidhmiú an dlí, údaráis chustaim agus na seirbhísí éigeandála (“chéad fhreagróirí”) chun réamhtheachtaithe pléascán rialáilte a aithint agus gníomhú i leith gníomhaíocht amhrasach ar bith;
  • áirithíonn siad go bhfuil údaráis ann chun cur i bhfeidhm an rialacháin a iniúchadh agus a rialú;
  • tugann siad isteach pionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha as sáruithe ar bith ar an rialachán;
  • féadfaidh siad cur ar fáil, tabhairt isteach, seilbh agus úsáid substainte a measann siad go bhféadfaí í a úsáid chun pléascáin lámhdhéanta a dhéanamh a shrianadh nó a thoirmeasc, fiú mura bhfuil sé sa reachtaíocht (sa chás sin scrúdaíonn an Coimisiún Eorpach an beart sealadach, agus féadfaidh sé a iarraidh ar an tír an beart sealadach a chúlghairm nó a athrú);
  • cuirfidh siad faisnéis ar fáil don Choimisiún faoin 2 Feabhra 2022, agus gach bliain ina dhiaidh sin, maidir le:
    • idirbhearta amhrasacha, gabháil ar iarraidh shuntasach nó goid suntasacha ar bith a tuairiscíodh;
    • iarratais ar cheadúnais a fuarthas, a eisíodh agus na cúiseanna is coitianta lena ndiúltú;
    • gníomhaíochtaí múscailte feasachta;
    • na cigireachtaí a rinneadh agus na hoibreoirí eacnamaíocha a cumhdaíodh.

Agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta maidir le cé acu an n–eiseoidh siad ceadúnas nó nach n–eiseoidh:

  • ba cheart dóibh an méid seo a leanas a chur san áireamh:
    • an gá atá leis an bpléascán agus dlisteanacht a úsáide beartaithe;
    • infhaighteacht roghanna eile ina bhfuil tiúchán níos ísle;
    • cúlra an iarratasóra, lena n–áirítear faisnéis faoi chionta coiriúla ar bith roimhe seo;
    • slándáil na socruithe stórála a úsáidfear;
  • diúltú do cheadúnas a eisiúint má bhíonn forais réasúnacha amhrais acu faoi dhlisteanacht na húsáide beartaithe;
  • féadfaidh siad bailíocht ceadúnais a theorannú faoi íoslíon 3 bliana, agus é a chur ar fionraí nó a chúlghairm mura gcloítear leis na coinníollacha bunaidh a thuilleadh;
  • féadfaidh siad táille ar phróiseáil a ghearradh ar iarratasóirí.

Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha*:

  • a chur in iúl d’oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad réamhtheachtaithe pléascán rialáilte dóibh go bhfuil an réamhtheachtaí pléascán faoi réir teorann nó faoi réir oibleagáidí tuairiscithe;
  • agus réamhtheachtaithe pléascán rialáilte á soláthar acu d’úsáideoirí gairmiúla nó do bhaill den phobail i gcoitinne, a áirithiú go bhfuil a phearsanra nó a pearsanra ar an eolas faoi cad iad na táirgí ina bhfuil réamhtheachtaithe pléascán, agus gur tugadh treoracha dóibh maidir le hoibleagáidí an rialacháin;
  • gach uair a sholáthróidh siad réamhtheachtaithe pléascán atá srianta do bhaill den phobal, cruthúnas ar aitheantas agus ar cheadúnas an duine aonair a sheiceáil;
  • gach uair a sholáthróidh siad réamhtheachtaithe pléascán atá srianta d’úsáideoir ghairmiúil nó d’oibreoir eacnamaíoch eile, faisnéis a sheiceáil maidir leis an gcustaiméir ionchasach agus úsáid bheartaithe na réamhtheachtaithe (Soláthraítear teimpléad in Iarscríbhinn IV do ráiteas an chustaiméara);
  • faisnéis maidir le ceannacháin a choinneáil ar feadh 18 mí;
  • féadfaidh siad diúltú do réamhtheachtaithe a chur ar fáil má chreideann siad go bhfuil an t–idirbheart amhrasach;
  • gabháil ar iarraidh shuntasach nó goid suntasacha a thuairisciú don phointe teagmhála náisiúnta laistigh de 24 uair an chloig.

Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha agus áiteanna margaidh ar líne:

  • tuairiscíonn siad idirbhearta amhrasacha, go háirithe i gcás go mbaineann an méid seo a leanas le ceannaitheoir ionchasach na réamhtheachtaithe pléascán rialáilte:
    • tá an chuma air nach bhfuil sé nó sí cinnte nó eolach faoina n–úsáid bheartaithe;
    • is mian leis nó léi iad a cheannach i gcainníochtaí, i dteaglamaí nó i gcomhchruinniú ar dócha nach do ghnáthúsáid atá siad;
    • níl sé nó sí sásta cruthúnas a chur ar fáil ar aitheantas, ar áit chónaithe nó, más cuí, ar a stádas mar úsáideoir gairmiúil nó mar oibreoir eacnamaíoch;
    • éilíonn sé nó sí cineálacha neamhghnácha íocaíochta a úsáid, lena n–áirítear suimeanna móra airgid thirim;
  • tá nósanna imeachta iomchuí, réasúnta agus comhréireacha i bhfeidhm acu chun idirbhearta amhrasacha a bhrath;
  • féadfaidh siad idirbhearta amhrasacha a dhiúltú agus ní mór dóibh iad sin a thuairisciú don phointe teagmhála náisiúnta laistigh de 24 uair an chloig.

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

  • soláthraíonn sé treoirlínte rialta i ngach teanga oifigiúil AE chun cuidiú leis na gníomhairí uile lena mbaineann, agus chun comhar idir oibreoirí eacnamaíocha a éascú;
  • féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na teorainnluachanna in Iarscríbhinn I a mhionathrú, agus chun substaintí a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an reachtaíocht;
  • faoin 2 Feabhra 2026, tabharfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin, trí mheastóireacht.

Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le cineálacha éagsúla earraí piriteicniúla agus trealaimh phiriteicniúil* — go sonrach na cinn a úsáideann na fórsaí armtha, na seirbhísí um fhorfheidhmiú an dlí, na seirbhísí dóiteáin, na cinn a úsáidtear i bhfeirmeoireacht, na cinn a chuirtear ar bord long nó sa tionscal aeraspáis — caipíní buailte le haghaidh bréagán nó táirgí leighis ar bhonn oideas leighis.

Leasaítear leis an rialachán Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srian ar Cheimiceáin agus aisgheartar leis chomh maith Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (féach an achoimre) ón 1 Feabhra 2021 i leith, ach:

  • tá ceadúnas a eisíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 bailí go dtí go rachaidh siad in éag nó go dtí an 2 Feabhra 2022, cibé acu is túisce;
  • tá cead ag baill den phobal i gcoitinne ag a bhfuil réamhtheachtaithe pléascán atá srianta arna bhfáil go dleathach roimh an 1 Feabhra 2021 iad a bheith ina seilbh, a thabhairt isteach nó a úsáid go dtí an 2 Feabhra 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón Dé Luain 1 Feabhra 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cur ar fáil: soláthar a dhéanamh, ar íocaíocht nó saor in aisce.
Substaint: dúil cheimiceach agus a comhdhúile i staid nádúrtha nó mhonaraithe.
Meascán: tuaslagán atá comhdhéanta de dhá shubstaint nó níos mó.
Réamhtheachtaithe pléascán: substaintí ceimiceacha a d’fhéadfaí a úsáid chun pléascáin a dhéanamh go neamhdhleathach.
Oibreoir eacnamaíoch: duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas poiblí nó grúpa a sholáthraínn na réamhtheachtaithe, bíodh sin ar líne nó as líne.
Piriteicniúil: imoibrithe ceimiceacha neamhspleácha agus féinchothaithe chun teas, solas, gás, toit agus fuaim a dhéanamh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 1-20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/1148 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle lena soláthraítear an Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil a chur i bhfeidhm chun comhrac a dhéanamh i gcoinne sceimhlitheoireachta agus an bealach a réiteach d’fhíor–aontas slándála éifeachtach (COM (2016) 230 críochnaitheach, 20.4.2016)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil (COM(2015) 185 leagan críochnaitheach, 28.4.2015)

Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lgh. 1-849). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 136, 29.5.2007, lgh. 3–280)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 22.10.2021

Top