EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais le Montainéagró

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais le Montainéagró

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus Poblacht Mhontainéagró

Cinneadh 2010/224/AE, Euratom lena dtugtar i gcrích an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus Poblacht Mhontainéagró

CAD IS AIDHM LEIS NA GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Sonraítear leis an gcinneadh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) le Montainéagró ag an Aontas Eorpach (AE).

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

  • tacú le hiarrachtaí Mhontainéagró maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta a neartú;
  • cur leis an gcobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus institiúideach i Montainéagró, agus le cobhsaíocht réigiún na mBalcán Thiar i gcoitinne;
  • creat iomchuí a sholáthar le haghaidh idirphlé polaitiúil, lena bhforbrófar dlúthchaidreamh polaitiúil idir AE agus Montainéagró;
  • tacú le hiarrachtaí Mhontainéagró maidir lena comhar eacnamaíoch agus idirnáisiúnta a neartú, lena n–áirítear trína dhlíthe a ailíniú níos fearr le dlíthe AE;
  • tacú le hiarrachtaí Montainéagró maidir leis an aistriú go geilleagar margaidh atá feidhmiúil a chur i gcrích;
  • caidreamh eacnamaíoch cairdiúil a chur chun cinn agus limistéar saorthrádála a fhorbairt de réir a chéile idir AE agus Montainéagró.
  • comhar réigiúnach a chothú sna réimsí ar fad a chlúdaítear sa chomhaontú seo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear 10 gceannteideal sa CCC.

  • 1.

    Prionsabail ghinearálta

    Tá an CCC bunaithe ar líon prionsabal bunúsach. Aontaíonn Montainéagró leis an méid seo a leanas:

    • go n-urramóidh sé na prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine, prionsabail an dlí idirnáisiúnta (lena n–áirítear comhar iomlán leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar–Iúgslaiv) — an smacht reachta agus prionsabail an gheilleagair mhargaidh;
    • comhoibriú agus leathadh na n–arm ollscriosta (AOS) agus na modhanna lena seachadtar iad a chomhrac, lena n–áirítear trí:
      • bearta a dhéanamh chun na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a shíniú, a dhaingniú, nó aontú leo, de réir mar is cuí, agus iad a chur chun feidhme go hiomlán,
      • córas éifeachtach rialuithe náisiúnta onnmhairiúcháin a bhunú, lena rialófar onnmhairiú chomh maith le hiompar earraí a bhaineann le AOS, lena n–áirítear rialú úsáide deiridh AOS ar theicneolaíochtaí dé–úsáide, agus ina mbeidh smachtbhannaí éifeachtacha maidir le sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin,
      • an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus oibleagáidí idirnáisiúnta sa réimse sin a chomhlíonadh,
      • oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh;
    • síocháin, cobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach a chur chun cinn, agus comhar agus dea–chaidreamh idir chomharsana a chothú sa réigiún, lena n–áirítear trí:
      • tionscadail leasa choitinn a fhorbairt,
      • leibhéal iomchuí lamháltas frithpháirteach a bhaineann le gluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí a cheadú.
  • 2.

    Idirphlé polaitiúil

    Tá idirphlé polaitiúil idir an dá pháirtí le forbairt tuilleadh. Déantar an méid seo a leanas a chur chun cinn leis, go háirithe:

    • imeascadh iomlán Mhontainéagró i bpobal na náisiún daonlathach agus comhchuibhiú de réir a chéile (rapprochement) leis an Aontas Eorpach;
    • cóineasú sheasaimh na bpáirtithe a bheidh ag méadú i gcónaí maidir le ceisteanna idirnáisiúnta;
    • comhar réigiúnach agus forbairt dea-chaidreamh comharsanachta;
    • dearcthaí coiteanna maidir le slándáil agus cobhsaíocht san Aontas Eorpach, lena n–áirítear na réimsí atá clúdaithe i gcomhbheartas eachtrach agus slándála AE.
  • 3.

    Comhar réigiúnach

    Ceanglaítear ar Mhontainéagró:

    • comhar réigiúnach a chur chun cinn go gníomhach;
    • idirbheartaíocht a dhéanamh idir na tíortha a bhfuil CCC le AE sínithe acu cheana chun comhaontuithe déthaobhacha maidir le comhar réigiúnach a chur i gcrích;
    • féachaint le comhar réigiúnach a bhaint amach le tíortha lena mbaineann an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais i roinnt de na réimsí nó i ngach réimse um chomhar atá cumhdaithe sa chomhaontú seo;
    • comhaontuithe um chomhar a thabhair i gcrích, más féidir, le haon tír is iarrthóir AE nach bhfuil bainteach leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais.

    Tacaíonn an tAontas Eorpach le tionscadail lena bhfuil gné réigiúnach nó thrasteorann trína chláir chúnaimh theicniúil.

  • 4.

    Saorghluaiseacht earraí

    • Tá an dá pháirtí tiomnaithe do limistéar saorthrádála déthaobhaí a bhunú de réir a chéile thar tréimhse a mhairfidh 5 mbliana ar a mhéad.
    • Leagtar amach sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais próiseas maidir le taraifí custaim agus cuótaí ar earraí ó AE agus ó Mhontainéagró araon a laghdú nó a bhaint.
  • 5.

    Gluaiseacht oibrithe, bunú, soláthar seirbhísí agus gluaiseacht caipitil

    • Ní mór do náisiúnaigh atá ag obair go dleathach i mBallstát AE a bheith saor ó chineál ar bith idirdhealaithe. Ní mór do Mhontainéagró caitheamh mar an gcéanna le hoibrithe AE.
    • Ní mór rialacha a bhunú chun an córas slándála sóisialaí a chomhordú do náisiúnaigh Mhontainéagró atá fostaithe go dleathach i gcríoch Ballstáit, agus do bhaill a dteaghlach atá ina gcónaí go dleathach ansin. Ní mór do Mhontainéagró caitheamh mar an gcéanna le hoibrithe AE.
    • Beidh cead ag cuideachtaí (chomh maith le fochuideachtaí agus brainsí) atá bunaithe i gcríoch páirtí amháin oibríochtaí a bhunú ar chríoch an pháirtí eile faoi na coinníollacha céanna is a bhaineann le cuideachtaí atá bunaithe sa chríoch sin.
    • Ní mór don dá pháirtí bearta a dhéanamh lena gceadófar dá gcuideachtaí nó dá náisiúnaigh de réir a chéile seirbhísí a sholáthar i gcríoch an pháirtí eile.
    • Ní mór íocaíochtaí agus aistrithe ar bith ar chuntas reatha chomhardú na n–íocaíochtaí idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró a cheadú in airgeadra saor–inchomhshóite.
  • 6.

    Ailíniú dhlíthe na tíre le dlíthe AE

    • Aontóidh Montainéagró a áirithiú go ndéanfar na dlíthe reatha agus an reachtaíocht amach anseo comhoiriúnach de réir a chéile le acquis AE agus go ndéanfar na dlíthe sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú mar is ceart.
    • Tá an dá thaobh ceangailte le rialacha iomaíochta, atá bunaithe ar dhlí AE, a bhaineann le gníomhartha a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an trádáil idir an dá pháirtí.
  • 7.

    Ceartas, saoirse agus slándáil

    Cuirtear béim sa CCC ar an tábhacht a bhaineann leis an smacht reachta agus institiúidí a neartú ar gach leibhéal. Dírítear an comhar ar roinnt réimsí sonracha, lena n–áirítear:

    • neamhspleáchas na mbreithiúna;
    • feabhas ar a n–éifeachtacht agus oiliúint sna gairmeacha dlíthiúla;
    • víosaí, bainistíocht teorann, tearmann agus imirce;
    • imirce neamhdhleathach a chosc agus a rialú;
    • coireacht eagraithe, éillitheacht, sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chosc agus a chomhrac.
  • 8.

    Beartas um chomhar

    Aontóidh AE Agus Montainéagró dlúthchomhar a bhunú ar réimse leathan réimsí beart chun cuidiú le hacmhainneacht forbartha agus fáis Mhontainéagró.

  • 9.

    Comhar airgeadais

    • Chun cuidiú a thabhairt le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach d’fhéadfadh Montainéagró cúnamh airgeadais a fháil ó AE i bhfoirm deontas agus iasachtaí, lena n–áirítear iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta.
    • Tá cúnamh airgeadais an Aontais Eorpaigh ag brath ar thuilleadh dul chun cinn maidir le critéir Chóbanhávan.
  • 10.

    Maoirseacht

    • Bunaítear le CCC comhairle cobhsaíochta agus comhlachais chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.
    • Faigheann sé cúnamh ó choiste cobhsaíochta agus comhlachais, ina bhfuil ionadaithe ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón Coimisiún Eorpach, de pháirt, agus aonadaithe ó rialtas Mhontainéagró den pháirt eile.

Tá dhá iarscríbhinn ann ina bpléitear le lamháltais taraifí do tháirgí tionsclaíocha AE.

Síníodh roinnt prótacal a ghabhann leis an gcomhaontú. Baineann siad sin le:

  • aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach in 2013;
  • na socruithe trádála maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte;
  • socruithe is infheidhme maidir le táirgí fíona agus deochanna biotáilleacha;
  • trácht idirthurais bóthair neamhtheoranta idir na páirtithe;
  • Státchabhair sa tionscal cruach;
  • rialacha maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach idir na páirtithe sa réimse custaim;
  • réiteach díospóidí; agus
  • Rannpháirtíocht Mhontainéagró i gcláir AE.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar 1 Bealtaine 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Montainéagró, den pháirt eile (IO L 108, 29.4.2010, lgh. 3-354).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2010/224/AE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 29 Márta 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Montainéagró, den pháirt eile (IO L 108, 29.4.2010, lch. 1-2).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lgh. 1-26).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Teachtaireacht 2018 maidir le beartas AE um méadú (COM(2018) 450 final, 17.4.2018).

Doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin — Tuarascáil Mhontainéagró 2018 — Ag gabháil leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Teachtaireacht 2018 maidir le Beartas AE um Méadú — (SWD(2018) 150 final, 17.4.2018).

Nuashonraithe 28.11.2022

Top