Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1035

    Cinneadh (CBES) 2023/1035 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    ST/8594/2023/INIT

    IO L 139, 26.5.2023, p. 49–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1035/oj

    26.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 139/49


    CINNEADH (CBES) 2023/1035 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Bealtaine 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1).

    (2)

    An 30 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/849 (2) lena gcuirtear síneadh leis na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh 2013/255/CBES go dtí an 1 Meitheamh 2023.

    (3)

    Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/255/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 1 Meitheamh 2024.

    (4)

    Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt atá éagtha a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 19 nduine nádúrtha atá ar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

    ‘Airteagal 34

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 1 Meitheamh 2024. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Féadfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’

    ;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. FORSSELL


    (1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO L 148, 31.5.2022, lch. 52).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:

    (1)

    i roinn ‘A. Daoine’, scriostar an dá hiontráil seo a leanas:

    122.

    Dr. Fayssal ABBAS;

    161.

    Dr. Mohamad Zafer MOHABAK;

    (2)

    i roinn ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 5, 8, 12, 50, 51, 74, 107, 119, 120, 121, 192, 271, 284, 285, 290, 291, 324, 325, agus 326:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘5.

    Hafiz (

    Image 1
    ) MAKHLOUF (
    Image 2
    )

    (ar a dtugtar freisin Hafez Makhlouf)

    Dáta breithe: 2.4.1971;

    Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

    Pas taidhleoireachta Uimh. 014637352;

    Inscne: fireann

    Iar-Chornal agus Ceann Aonaid sa General Intelligence Directorate, Damascus Branch tar éis mhí na Bealtaine 2011. Ball de theaghlach Makhlouf; col ceathrar leis an Uachtarán Bashar al-Assad.

    9.5.2011

    8.

    Rami (

    Image 3

    ) MAKHLOUF (

    Image 4

    )

    Dáta breithe: 10.7.1969;

    Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

    Uimhir an phas: 000098044;

    Uimh. eisiúna 002-03-0015187;

    Inscne: fireann

    Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria a bhfuil leasanna aige in earnálacha na seirbhísí airgeadais, an iompair agus na maoine. tá leas airgeadais aige agus/nó tá poist shinsearacha agus feidhmiúcháin aige i gcistí infheistíochta Al Mashreq, Bena Properties agus Cham Holding.

    Tugann sé maoiniú agus tacaíocht do réimeas na Siria trína leasanna gnó.

    Is duine mór le rá é de theaghlach Makhlouf agus tá dlúthcheangal aige le teaghlach Assad; col ceathrar an Uachtaráin Bashar al-Assad.

    9.5.2011

    12.

    Ghazwan Rifaat Kheir BEK

    (ar a dtugtar freisin Ghazqan Kheir Bek)

    Dáta breithe: 10.3.1961;

    Áit bhreithe: Al-Shamiyah, Latakia, an tSiria;

    Uimhir Aitheantais: 06010037444;

    Inscne: fireann

    An t-iar-Aire Iompair i gcumhacht tar éis mhí na Bealtaine 2011 (27.8.2014 a ceapadh). Bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar Chalafort Tartous roimhe sin. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    21.10.2014

    50.

    Tarif (

    Image 5
    ) AKHRAS (
    Image 6
    )

    (ar a dtugtar freisin Al Akhras (

    Image 7
    ))

    Dáta breithe: 2.6.1951;

    Áit bhreithe: Homs, an tSiria;

    Pas Siriach dar uimhir 0000092405;

    Inscne: fireann

    Mórdhuine ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria. Is é bunaitheoir Akhras Group é (tráchtearraí, trádáil, próiseáil agus lóistíocht) agus iar-Chathaoirleach Homs Chamber of Commerce. Dlúthchaidreamh gnó le teaghlach an Uachtaráin Bashar al-Assad. Iarchomhalta den Board of the Federation of Syrian Chambers of Commerce. Tacaíocht lóistíochta tugtha don réimeas (busanna agus iompróirí tancanna). Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas na Siria agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.

    2.9.2011

    51.

    Issam (

    Image 8

    ) ANBOUBA (

    Image 9

    )

    Uachtarán Anbouba for Agricultural Industries Co.;

    Dáta breithe: 1952;

    Áit bhreithe: Homs, an tSiria;

    Inscne: fireann

    Mórphearsa gnó atá gníomhach in earnálacha éagsúla de gheilleagar na Siria, amhail talmhaíocht, eastát réadach agus baincéireacht. Caidreamh airgeadais le hardoifigigh de chuid na Siria. Comhbhunaitheoir Cham Holding.

    2.9.2011

    74.

    Mohammad Walid GHAZAL

    Dáta breithe: 1.11.1951;

    Áit bhreithe: Aleppo, an tSiria;

    Uimhir aitheantais náisiúnta na Siria: 02020332623;

    Inscne: fireann

    IarAire Tithíochta agus Forbartha Uirbí (27.8.2014 a ceapadh). Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    21.10.2014

    107.

    Mohammad Ibrahim AL-SHA’AR

    Dáta breithe: 1.10.1956;

    Áit bhreithe: Al-Haffah, Latakia, an tSiria;

    Inscne: fireann

    IarAire Gnóthaí Baile. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. Leas-Chathaoirleach an National Progressive Front of Syria.

    1.12.2011

    119.

    Sufian (

    Image 10

    ) ALLAW (

    Image 11

    )

    Dáta breithe: 8.2.1944;

    Áit bhreithe: al-Bukamal, Deir Ezzor, an tSiria;

    Inscne: fireann

    IarAire Ola agus Acmhainní Mianra. Bainteach leis an réimeas agus leis an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria i gcoinne an daonra sibhialtach.

    27.2.2012

    120.

    Dr. Adnan (

    Image 12

    ) SLAKHO (

    Image 13

    )

    Dáta breithe: 7.9.1955;

    Áit bhreithe: Al-Malihah, Rif Dimashq, an tSiria;

    Inscne: fireann

    IarAire Tionscail. Iar-Aire Oideachais agus comhairleoir reatha forbartha gnó san Aireacht Riaracháin Áitiúil. Bainteach leis an réimeas agus leis an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria i gcoinne an daonra sibhialtach.

    27.2.2012

    121.

    Dr. Saleh (

    Image 14

    ) AL-RASHED (

    Image 15

    )

    Dáta breithe: 1.8.1964;

    Áit bhreithe: Cúige Aleppo, an tSiria;

    Inscne: fireann

    Iar-Aire Oideachais agus Ceann reatha ar an Roinn Caidreamh Idirnáisiúnta ag Dámh Caidreamh Idirnáisiúnta agus Taidhleoireachta ag Al-Sham Private University. atá comhlachaithe le réimeas na Siria agus a chur faoi chois foréigneach ar an bpobal sibhialtach.

    27.2.2012

    192.

    Hashim Anwar AL-AQQAD

    (ar a dtugtar freisin Aqqad Haisim, Heilim Akkad, Hashim Akkad)

    Dáta breithe: 8.8.1961;

    Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

    Uimhir aitheantais náisiúnta na Siria: 01020018085;

    Inscne: fireann

    Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ag a bhfuil leasanna agus/nó gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Tá leasanna aige in Anwar Akkad Sons Group (AASG) agus ina fhochuideachta United Oil, nó tá tionchar suntasach aige orthu. Is ilchuideachta é AASG a bhfuil leasanna aige in earnálacha amhail ola, gás, ceimiceáin, árachas, innealra tionsclaíoch, réadmhaoin, turasóireacht, taispeántais, conraitheoireacht, árachas agus trealamh leighis. Is comhbhunaitheoir mórchomhlacht slándála (ProGuard) é.

    D’oibrigh Hashim Anwar al-Aqqad freisin mar fheisire de Pharlaimint na Siria chomh déanach céanna le 2012.

    Ní bheadh rath ar Hashim Anwar Al-Aqqad i gcónaí ceal cúnaimh ón réimeas. I bhfianaise fhairsinge a ghnó agus a nasc polaitiúil leis an réimeas, tugann sé tacaíocht do réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as.

    23.7.2014

    271.

    Khaled AL-ZUBAIDI

    (ar a dtugtar freisin (Mohammed) Khaled/Khalid (Bassam) (al-) Zubaidi/Zubedi

    (خالد الزبيدي)

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seasamh: Comhúinéir Zubaidi and Qalei LLC; Stiúrthóir Agar Investment Company; Bainisteoir Ginearálta cuideachta Al Zubaidi agus Al Zubaidi & Al Taweet Contracting Company; Stiúrthóir agus Úinéir Zubaidi Development Company; comhúinéir Enjaz Investment Company;

    Inscne: fireann

    Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, le hinfheistíochtaí suntasacha sa tionscal tógála, lena n-áirítear 50 % in Zubaidi and Qalei LLC, atá ag tógáil na só-chathrach turasóireachta Grand Town agus ar dheonaigh an réimeas comhaontú 45 bliana dó ar 19-21 % dá ioncam. Tacaíonn Khaled al-Zubaidi le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as réimeas na Siria trína ghníomhaíochtaí gnó, go háirithe tríd an mbun seo san fhorbraíocht Grand Town.

    Shínigh Khaled al-Zubaidi urraíocht (luach 350 000 USD) le club peile na Siria ‘Wihda FC’ trí cheann dá chuideachtaí ‘Hijaz Company’. Ball de Federation of Syrian Chambers of Tourism ó 2019 i leith. Uachtarán ar chomhairle gnó na Siria-na hAilgéire.

    21.1.2019

    284.

    Mazin AL-TARAZI

    (ar a dtugtar freisin

    Image 16
    ; Mazen al-Tarazi)

    (مازن الترزي)

    Dáta breithe: Meán Fómhair 1962;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seasamh: Duine gnó;

    Inscne: fireann

    Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus ag a bhfuil mórinfheistíochtaí sna hearnálacha tógála agus eitlíochta. Tacaíonn Mazin al-Tarazi le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as an réimeas sin trína chuid infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí gnó. Go háirithe, tá margadh tugtha i gcrích ag Mazin al-Tarazi le Damascus Cham Holding le haghaidh infheistíocht USD 320 milliún i dtógáil Marota City, sófhorbraíocht chónaithe agus tráchtála dar taca an réimeas. Deonaíodh ceadúnas dó freisin le haghaidh aerlíne phríobháideach sa tSiria. I Meán Fómhair 2019, chruthaigh sé ‘al-Dana Group Investments LLC’, cuideachta ar fiú SYP 25 mhilliún é agus atá bainteach le honnmhairiú-allmhairiú agus le hinfheistíocht in áiseanna turasóireachta agus i gcoimpléisc tráchtála. Is comhalta é Mazin Al-Tarazi de Chomhairle Gnó na Siria-na hIaráine (SIBC) agus d’fhóin sí mar idirghabhálaí do réimeas na hIaráine chun eastát réadach a cheannach sa tSiria.

    21.1.2019

    285.

    Samer FOZ

    (ar a dtugtar freisin Samir Foz/Fawz; Samer Zuhair Foz; Samer Foz bin Zuhair)

    (سامر فوز)

    Dáta breithe: 20.5.1973;

    Áit bhreithe: Homs, an tSiria;

    Náisiúntachtaí: Siriach, Turcach;

    Uimhir Phas na Tuirce: U 09471711 (áit eisiúna: an Tuirc; dáta éaga: 21.7.2024);

    Uimhir náisiúnta na Siria: 06010274705;

    Seoladh: Seoladh: Platinum Tower, office No 2405, Jumeirah Lake Towers, Dubai, UAE;

    Inscne: fireann

    Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ag a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Soláthraíonn Samer Foz tacaíocht airgeadais agus tacaíocht eile do réimeas na Siria, lena n áirítear Military Security Shield Forces sa tSiria a chistiú agus margaí gráin a shocrú. Ina theannta sin, baineann sé tairbhe airgeadais as rochtain ar dheiseanna tráchtála trí thrádáil na cruithneachta agus tionscadail atógála mar thoradh ar na naisc atá aige leis an réimeas.

    D’oscail Samer Foz monarcha scagtha siúcra (‘Samer Foz Factory’) in 2021 mar thaca le cuspóir réimeas na Siria an táirgeadh siúcra a mhéadú ar fud na tíre.

    21.1.2019

    290.

    Waseem AL-KATTAN

    (وسيم القطان)

    (ar a dtugar freisin Waseem, Wasseem, Wassim, Wasim; Anouar; Al-Kattan, al-Katan, al-Qattan, al-Qatan; وسيم قطان, وسيم أنوار القطان)

    Dáta breithe: 4.3.1976;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Uimhir Aitheantais Náisiúnta na Siria: 10090110187

    Seasamh: Uachtarán Damascus Countryside (Rural) Province Chamber of Commerce;

    Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

    Larosa Furniture/Furnishing; Jasmine Fields Company Ltd.; Muruj Cham (Murooj al-Cham) Investment and Tourism Group; Adam and Investment LLC; Universal Market Company LLC; Cisteoir Federation of Syrian Chambers of Commerce;

    Inscne: fireann

    Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, atá ag baint tairbhe as an réimeas agus atá ag tacú leis. Úinéir gnólachtaí éagsúla agus cuideachtaí sealbhaíochta a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí acu in earnálacha eacnamaíocha éagsúla amhail réadmhaoin, tionscal na n-óstán sóúla agus ionaid tráchtála. Rinne Waseem al-Kattan dul chun cinn tapa mar mhórdhuine ghnó trí chánacha a ghearradh ar earraí a smuigleáladh isteach in Oirthear Ghouta a bhí faoi léigear agus tá baint aige anois le cineálacha cliantachais atá chun sochair don réimeas. Baineann Waseem al-Kattan tairbhe airgeadais as rochtain fhabhrach ar thairiscintí poiblí agus ar cheadúnais agus ar chonarthaí arna ndámhachtain ag gníomhaireachtaí rialtais mar thoradh ar na dlúthnaisc atá aige leis an réimeas.

    In 2020, toghadh Al-Kattan ina chomhalta de Damascus Chamber of Commerce. I mí na Samhna 2021, cheap Rialtas na Siria Al-Kattan ina rúnaí ar Federation of Syrian chambers of commerce, d’ainneoin gur cailleadh na toghcháin. In 2022, ceapadh Al-Kattan ina Chathaoirleach ar Chomhairle Gnó na Siria-Óman.

    17.2.2020

    291.

    Amer FOZ

    (ar a dtugtar freisin Amer Zuhair Fawz)

    (عامر فوز)

    Dáta breithe: 11.3.1976;

    Áit bhreithe: Homs, an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach; San Críostóir-Nimheas;

    Uimh. Náisiúnta: 06010274747;

    Pasuimhir: 002-14-L169340

    Cárta cónaithe UAE: 784 1976 7135283 5

    Seasamh: Bunaitheoir District 6 Company; Comhpháirtí bunaitheora Easy life Company;

    Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Samer Foz; Leas-Chathaoirleach Asas Steel Company; Aman Holding;

    Inscne: fireann

    Duine mór gnó a bhíonn i mbun leasanna agus gníomhaíochtaí pearsanta agus teaghlaigh i gcúrsaí gnó san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Baineann sé tairbhe airgeadais as rochtain ar dheiseanna tráchtála agus tacaíonn sé le réimeas na Siria.

    Tá baint aige freisin lena dheartháir Samer Foz, arna ainmniú ag an gComhairle ó Eanáir 2019 mar phríomhphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria, de bharr na tacaíochta a thugann sé don réimeas agus de bharr na tairbhe a bhaineann sé as. In éineacht lena dheartháir, cuireann sé roinnt tionscadal tráchtála chun feidhme, go háirithe i gceantar Adra al-Ummaliyya (bruachbhailte na Damaisce). I measc na dtionscadal sin, tá monarcha a mhonaraíonn cáblaí agus gabhálais chábla chomh maith le tionscadal chun leictreachas a tháirgeadh ag baint úsáid as cumhacht na gréine. Ina theannta sin, bhí siad i mbun gníomhaíochtaí éagsúla le ISIL (Da’esh) thar ceann réimeas Assad, lena n-áirítear airm agus armlón a sholáthar mar mhalairt ar chruithneacht agus ola.

    17.2.2020

    324.

    Ahmed KHALIL KHALIL

    (ar a dtugtar freisin Ahmed KHALIL, Ahmad Khalil Khalil)

    (احمد خليل خليل)

    Dáta breithe: 1969;

    Áit bhreithe: Qayrun;

    Inscne: fireann

    Is é Ahmed Khalil Khalil comhúinéir Sanad Protection and Security Services, cuideachta slándála príobháidí Siriach a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás agus láithreáin ola a dhaingniú) sa tSiria. Le saothrú acmhainní nádúrtha, soláthraítear ioncam do réimeas na Siria. Ina theannta sin, tá an chuideachta gníomhach in earcú amhas de chuid na Siria le cur chuig an Libia agus chuig an Úcráin.

    Sa chás sin, tacaíonn Ahmed Khalil Khalil le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as.

    21.7.2022

    325.

    Nasser Deeb DEEB

    (ar a dtugtar freisin Nasser Dhib, Nasser Dib, Nasser Deeb)

    (ناصر ديب)

    Dáta breithe: 21.2.1974;

    Áit bhreithe: Baniyas, Tartus, an tSiria;

    Uimhir aitheantais náisiúnta na Siria: 10090110187;

    Inscne: fireann

    Is é Nasser Deeb Deeb comhúinéir Sanad Protection and Security Services, cuideachta slándála príobháidí Siriach a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás agus láithreáin ola a dhaingniú) sa tSiria. Le saothrú acmhainní nádúrtha, soláthraítear ioncam do réimeas na Siria. Ina theannta sin, is é comhúinéir na cuideachta Ella Services é in éineacht le Khodr Ali Taher.

    Sa cháil sin, tacaíonn Nasser Deeb Deeb le réimeas na tSiria agus baineann sé tairbhe as.

    21.7.2022

    326.

    Issam SHAMMOUT

    (ar a dtugtar freisin Mohammed Issam Shammout, Mohamed Essam Shammout, Muhammad Issam Shammout, Muhammad Essam Shammout)

    (محمد عصام شموط)

    Dáta breithe: 26.8.1971

    Áit bhreithe: 232, Tanzeem Kafarsus, an Damaisc, an tSiria

    Inscne: fireann

    Is é Issam Shammout úinéir agus cathaoirleach bhord stiúrthóirí na haerlíne ‘Cham Wings’ agus ceannaire an Shammout Group, atá gníomhach sna hearnálacha gluaisteán, cruach, eitlíochta, seolta lasta, tógála, agus eastáit réadaigh.

    Sa cháil sin, is fear mór gnó é Issam Shammout atá ag feidhmiú sa tSiria.

    21.7.2022’


    Top