Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0237

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/237 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe chun leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil a bhaineann leis an dearbhú custaim le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a leagtar síos in Airteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go 174, 201, 240, 250, 254 agus 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 667) (Is iad na téacsanna Béarla, Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Spáinnise, Sualainnise, agus Ungáirise amháin atá barántúil)

    C/2023/667

    IO L 32, 3.2.2023, p. 226–228 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/237/oj

    3.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 32/226


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/237 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Feabhra 2023

    lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe chun leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil a bhaineann leis an dearbhú custaim le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a leagtar síos in Airteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go 174, 201, 240, 250, 254 agus 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 667)

    (Is iad na téacsanna Béarla, Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Spáinnise, Sualainnise, agus Ungáirise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) i gcomhar le hAirteagal 8(2) de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCód Custaim,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ceanglaítear gur trí úsáid a bhaint as teicnící leictreonacha próiseála sonraí a dhéanfar na malartuithe go léir ar fhaisnéis idir údaráis chustaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus an stóráil a éilítear i dtaca le faisnéis den sórt sin faoin reachtaíocht chustaim. Chun na críche sin agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ullmhaíonn an Coimisiún comhcheanglais maidir le sonraí.

    (2)

    Foráiltear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go bhféadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla chun cead a thabhairt do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát maolú ó theicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, má tá bonn cirt leis an maolú sin de bharr chás sonrach an Bhallstáit iarrthaigh agus má deonaítear é ar feadh tréimhse shonrach ama.

    (3)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (2) bunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (“an clár oibre”). Liostaítear sa chlár oibre na córais leictreonacha atá le forbairt agus na dátaí óna meastar go mbeidh na córais sin oibríochtúil. Chomh maith le nithe eile, sonraítear sa chlár sin na dátaí maidir le cur chun feidhme agus imscaradh an Chórais Náisiúnta Allmhairiúcháin agus chomhpháirt 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta lena gcumhdaítear le chéile na nósanna imeachta custaim le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go 174, 201, 240, 250, 254 agus 256 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (4)

    Thairis sin, le hAirteagal 278(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, sonraítear an sprioc-am a bhféadfar, go dtí é, leas a bhaint, ar bhonn idirthréimhseach, as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun na forálacha a bhaineann leis an dearbhú custaim maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a chur chun feidhme.

    (5)

    I ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis an gCóras Náisiúnta Allmhairiúcháin chun ioncaim a chosaint agus an comhrac i gcoinne trádáil éagothrom agus neamhdhleathach, d’fhorbair na Ballstáit uile córais leictreonacha cheana chun bainistiú a dhéanamh ar dhearbhuithe a chuirtear isteach maidir le hearraí a thugtar isteach san Aontas. D’fhorbair roinnt Ballstát córais leictreonacha le haghaidh bainistiú nós imeachta speisialta freisin. Is gá coigeartuithe a dhéanamh ar chórais den sórt sin de bhun fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus na ngníomhartha gaolmhara ón gCoimisiún, go háirithe i ndáil leis na comhcheanglais maidir le sonraí. De bhun Airteagal 278(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, tá na coigeartuithe sin le cur i gcrích faoin 31 Nollaig 2022.

    (6)

    Tháinig trí chúinse mhóra gan choinne chun cinn, áfach, cúinsí a raibh tionchar nach beag acu ar acmhainní na mBallstát agus a bhfuil dúshláin chomhlántacha ag baint leo a mhéid a bhaineann leis na n-acmhainní sin: chuir paindéim COVID-19 moill shubstaintiúil ar fhorbairtí TF san Ostair, sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghréig, i Málta, san Ísiltír, sa Rómáin, sa tSeicia agus sa Spáinn. I ngeall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus ar an méadú a tháinig ar líon na ndearbhuithe custaim mar thoradh air sin, bhí ar an mBeilg, an Fhrainc, an Liotuáin, an Ísiltír agus an Spáinn acmhainní agus tosaíochtaí a athrú. De dheasca iarmhairtí airgeadais ionradh na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí custaim na dtíortha comharsanachta nó na dtíortha sa chóngar geografach, ghéaraigh ar an staid agus bhí gá le hacmhainní breise san Ostair, san Ungáir agus sa Liotuáin. Go háirithe, deacrachtaí soláthair agus tairisceana, chomh maith le saincheisteanna buiséadacha agus foirne, a d’eascair as na cúinsí thuasluaite, bhí tionchar nach beag acu sin ar chumas na mBallstát na spriocdhátaí a chomhlíonadh, mar a luaigh an Chipir, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghréig, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

    (7)

    De dheasca na himthosca sonracha sin, bhí moilleanna móra ar na forbairtí leanúnacha TF, rud a chuir cosc ar údaráis chustaim áirithe imscaradh modhanna TF a chur i gcrích chun an Córas Náisiúnta Allmhairiúcháin agus Comhpháirt 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2022. Dá bhrí sin, an 21 Aibreán 2022 i gcás na hOstaire, an 3 Bealtaine 2022 i gcás na Cipire, an 3 Bealtaine 2022 i gcás na Liotuáine, an 6 Bealtaine 2022 i gcás na Spáinne, an 25 Bealtaine 2022 i gcás na Rómáine, an 26 Bealtaine 2022 i gcás na Seice, an 3 Meitheamh 2022 i gcás na Gréige, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Fraince, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Portaingéile, an 24 Meitheamh 2022 i gcás na Beilge, an 24 Meitheamh 2022 i gcás na Sualainne, an 29 Meitheamh 2022 i gcás na Danmhairge, an 4 Iúil 2022 i gcás na hÍsiltíre, an 13 Iúil 2022 i gcás Mhálta, an 22 Iúil 2022 i gcás Lucsamburg, agus an 7 Deireadh Fómhair 2022 i gcás na hUngáire, d’iarr na Ballstáit sin leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. I gcomhréir iomlán le hAirteagal 6(4), an tríú fomhír, ní dhéanfar difear le maoluithe den sórt sin do mhalartú na faisnéise idir an Ballstát chuig a ndíreofar é agus Ballstáit eile ná do mhalartú agus stóráil faisnéise i mBallstáit eile chun críoch chur i bhfeidhme na reachtaíochta custaim.

    (8)

    Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit sin leanúint dá gcórais TF atá acu cheana a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais maidir le sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 ón gCoimisiún (3) dá bhforáiltear in Airteagal 2(4), an chéad fhomhír, pointe (g), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (4) ar feadh tréimhse theoranta.

    (9)

    Mar thoradh ar an maolú, beidh cead ag na húdaráis chustaim leanúint de shonraí a sholáthar chun faireachas a dhéanamh ar scaoileadh earraí i saorchúrsaíocht chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 55(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5).

    (10)

    Tá an Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghréig, an Ísiltír, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin dul chun cinn arna dhéanamh ar fhorbairt an Chórais Náisiúnta Allmhairiúcháin agus Chomhpháirt 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta mar chuid den phróiseas tuairiscithe ar dhul chun cinn a leagtar síos in Airteagal 278a de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Tá cumarsáid agus comhroinnt na faisnéise pleanála náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 le háirithiú.

    (11)

    Is príomh-chomhpháirteanna de thimpeallacht TF chustaim na mBallstát iad an Córas Náisiúnta Allmhairiúcháin agus Comhpháirt 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta i ngeall ar a n-idirnaisc le feidhmchláir náisiúnta éagsúla eile, ról lárnach an Chórais Náisiúnta Allmhairiúcháin, i measc nithe eile, bailiú ioncaim agus forfheidhmiú toirmeasc agus srianta náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i ndáil le hallmhairiú earraí. I ngeall ar chastacht an Chórais Náisiúnta Allmhairiúcháin agus Chomhpháirt 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta, tá tionchair ag na hathruithe is gá chun ailíniú a dhéanamh le ceanglais CCA ar chórais TF ghaolmhara nó spleácha freisin. Dá bhrí sin, cheart fad an mhaolaithe a choinneáil chomh híseal agus is féidir. I bhfianaise an mhéid sin agus ag féachaint do thionchair na n-imthosca eisceachtúla a bhí ina gcúis le moilleanna ar na forbairtí leanúnacha TF maidir leis an gCóras Náisiúnta Allmhairiúcháin agus Comhpháirt 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta sna Ballstáit agus staid reatha na bhforbairtí sin sna Ballstáit, ba cheart an maolú a bheith ann go d™í tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun na forálacha a bhaineann leis an dearbhú custaim le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a leagtar síos in Airteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go 174, 201, 240, 250, 254 agus 256 de Chód Custaim an Aontais go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gcinneadh seo ón 1 Eanáir 2023 go dtí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023.

    Airteagal 3

    Is ar Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Paolo GENTILONI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha i leith forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha chuí ag feidhmiú go fóill agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais, (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


    Top