Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1092

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1092 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí maidir leis an topaic “Nuálaíocht” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4453

    IO L 176, 1.7.2022, p. 10–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1092/oj

    1.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 176/10


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1092 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Meitheamh 2022

    lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí maidir leis an topaic “Nuálaíocht” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, chun sonraí maidir leis an topaic “Nuálaíocht” a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, sonraí atá inchomparáide idir na Ballstáit, a tháirgeadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún gach ré-bhliain féilire, agus chun cur chun feidhme ceart na topaice “Nuálaíocht” a áirithiú, bunaithe ar choincheapa comhchuibhithe, féadfaidh an Coimisiún sonrú a déanamh ar athróga, ar an aonad tomhais, ar an daonra staidrimh, ar aicmithe agus miondealuithe, ar an úsáid a bhaintear as meastacháin agus ceanglais cháilíochta, ar an spriocdháta do tharchur sonraí, agus ar an gcéad tréimhse thagartha.

    (2)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an topaic “Nuálaíocht” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) sonraí le haghaidh na tréimhse tagartha i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus III a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN I

    Na sonraí atá le tarchur

    Athróga

    Mar a shonraítear in Iarscríbhinn II

    Aonas tomhais

    Mar a shonraítear in Iarscríbhinn II

    An pobal staidrimh

    Gach fiontar a raibh gníomhaíocht eacnamaíoch aige i gCodanna NACE B, C, D, E, H, J, K, agus i Rannáin 46, 71, 72 nó 73 agus a raibh 10 nduine nó níos mó d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe ann sa tréimhse thagartha (1).

    Miondealuithe

    Tacair sonraí faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn II (miondealuithe na n-athróg) agus in Iarscríbhinn III (miondealuithe na bhfiontar)

    An úsáid a bhaintear as meastacháin agus ceanglais Cháilíochta

    An t-aonad staidrimh “fiontar”

    I gcás ina bhfuil an t-aonad tuairiscithe mar chuid d’fhiontar, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an modheolaíocht staidrimh iomchuí chun sonraí a tháirgeadh agus a tharchur chuig Eurostat, le haghaidh an aonaid staidrimh “fiontar”. Tabharfar tuairisc ar an modheolaíocht sa tuairisciú meiteashonraí agus sa tuairisciú cáilíochta.

    Comhleanúnachas leis an gClár Gnó náisiúnta

    Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an gcomhleanúnachas idir na sonraí a bhailítear agus an fhaisnéis atá ar fáil sa Chlár Gnó náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2019/2152, maidir leis na hathróga seo a leanas ar a laghad — “An líon fiontar”, “An líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe san fhiontar”, “Láimhdeachas iomlán an fhiontair” agus “Aois an fhiontair”. Tuairisceoidh na Ballstáit torthaí an mheasúnaithe sa tuairisciú meiteashonraí agus sa tuairisciú cáilíochta.

    An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

    Na sonraí críochnaitheacha bailíochtaithe: T + 18 mí tar éis na bliana tagartha

    An chéad bhliain thagartha

    2022


    (1)  De réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 (an Topaic “Nuálaíocht”), is í an “tréimhse tagartha an tréimhse 3 bliana roimh dheireadh gach ré-bhliain féilire”, i.e. an tréimhse ina bhfuil an 2 bhliain roimh an bhliain tagartha agus an bhliain tagartha féin.


    IARSCRÍBHINN II

    Tacair sonraí

    Ainm na hathróige

    Catagóirí miondealaithe na n-athróg

    Raon feidhme an fhiontair/

    Miondealú/miondealuithe na bhfiontar  (1)/

    Aonad tomhais

    Nuálaíocht táirgí a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha (2)

    Gnéithe nua nó feabhsaithe a tugadh isteach maidir le

    (1)

    earraí

    (2)

    seirbhísí

    Gach fiontar/

    DA/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Nuálaíocht táirgí a bhí nua sa mhargadh agus a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha

    Earraí nó seirbhísí nua a tugadh isteach:

    (1)

    nach raibh na hiomaitheoirí dá dtairiscint roimhe sin

    (2)

    a bhí comhionann nó comhchosúil le táirgí a bhí á dtairiscint ag na hiomaitheoirí cheana

    Fiontair le nuálaíocht táirgí/

    DA/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Láimhdeachas ó tháirgí nuálacha sa bhliain tagartha

    Láimhdeachas ó na cineálacha táirgí seo a leanas:

    (1)

    táirgí a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha agus nach raibh na hiomaitheoirí dá dtairiscint roimhe sin

    (2)

    táirgí a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha agus a bhí comhionann nó comhchosúil le táirgí a bhí á dtairiscint ag na hiomaitheoirí cheana

    (3)

    táirgí nár athraíodh nó nár athraíodh ach fíorbheagán le linn na tréimhse tagartha

    Fiontair le nuálaíocht táirgí/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar), Míle Euro

    Forbróir na nuálaíochtaí táirgí a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha

    Nuálaíochtaí táirgí a d’fhorbair:

    (1)

    an fiontar leis féin

    (2)

    an fiontar in éineacht le fiontair nó eagraíochtaí eile

    (3)

    an fiontar trí fhorbairt nó mhodhnú a dhéanamh ar tháirgí a d’fhorbair fiontair nó eagraíochtaí eile

    (4)

    fiontair nó eagraíochtaí eile

    Fiontair le nuálaíocht táirgí/

    DA/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Nuálaíocht ar an bpróiseas ghnó a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha

    Próisis nua nó feabhsaithe de na cineálacha seo a leanas a tugadh isteach:

    (1)

    modhanna chun earraí a tháirgeadh nó a fhorbairt nó chun seirbhísí a sholáthar

    (2)

    modhanna lóistíochta, seachadta nó dáileacháin

    (3)

    modhanna le haghaidh faisnéis a phróiseáil nó a chur in iúl

    (4)

    modhanna maidir le cuntasaíocht nó oibríochtaí riaracháin eile

    (5)

    cleachtais ghnó chun nósanna imeachta nó caidreamh seachtrach a eagrú

    (6)

    modhanna chun freagracht oibre, cinnteoireacht nó bainistíocht acmhainní daonna a eagrú

    (7)

    modhanna margaíochta maidir le cur chun cinn, pacáistíocht, praghsáil, suíomh táirgí nó seirbhísí iardhíola

    Gach fiontar/

    DA/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Forbróir na nuálaíochtaí ar an bpróiseas ghnó a tugadh isteach le linn na tréimhse tagartha

    Nuálaíochtaí ar an bpróiseas ghnó a d’fhorbair:

    (1)

    an fiontar leis féin

    (2)

    an fiontar in éineacht le fiontair nó eagraíochtaí eile

    (3)

    an fiontar trí fhorbairt nó mhodhnú a dhéanamh ar phróisis ghnó a d’fhorbair fiontair nó eagraíochtaí eile

    (4)

    fiontair nó eagraíochtaí eile

    Fiontair le nuálaíocht ar an bpróiseas ghnó/

    DA/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Nuálaíocht ar an tsamhail ghnó le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Athruithe bunúsacha:

    (1)

    ar an luach a chruthaítear do na custaiméirí leis na táirgí nó na seirbhísí

    (2)

    ar an gcaoi a bhfaightear ioncam

    (3)

    ar an gcaoi a dtáirgtear agus a seachadtar na táirgí

    (4)

    ar an gcaidreamh leis na custaiméirí

    (5)

    ar an gcaidreamh leis na soláthróirí nó leis na comhpháirtithe comhair

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Gníomhaíochtaí nuálaíochta le linn na tréimhse tagartha

    Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbairt (T&F):

    (1)

    T&F inmheánach, lena n-áirítear (2) go (3)

    (2)

    T&F leanúnach

    (3)

    T&F ócáideach

    (4)

    T&F á chur ar chonradh

    Gníomhaíochtaí nuálaíochta nár tugadh nuálaíocht isteach de thoradh orthu le linn na tréimhse tagartha:

    (5)

    ar siúl ag deireadh na bliana tagartha

    (6)

    stoptha nó curtha ar fionraí

    (7)

    críochnaithe ach nár tugadh nuálaíocht isteach de thoradh orthu

    Gach fiontar/

    DA/

    Minicíocht (líon na bhfiontar)

    Caiteachas ar ghníomhaíochtaí nuálaíochta sa bhliain tagartha

    Caiteachas nuálaíochta:

    (1 go 3 éigeantach, 4 go 7 roghnach)

    (1)

    T&F a rinneadh go hinmheánach

    (2)

    T&F a cuireadh ar chonradh

    (3)

    gach caiteachas nuálaíochta eile, lena n-áirítear (4) go (7)

    (4)

    an fhoireann inmheánach ag obair ar an nuálaíocht

    (5)

    seirbhísí, ábhair, soláthairtí a ceannaíodh ó dhaoine eile le haghaidh na nuálaíochta

    (6)

    earraí caipitiúla le haghaidh na nuálaíochta

    (7)

    caiteachas eile le haghaidh na nuálaíochta

    Fiontair le gníomhaíochtaí nuálaíochta/

    DA/

    Míle Euro

    Na cúiseanna nach raibh níos mó gníomhaíochtaí nuálaíochta ann le linn na tréimhse tagartha

    (1)

    Easpa acmhainní, e.g. easpa maoinithe, easpa ball foirne cáilithe, easpa ábhair

    (2)

    Cúiseanna eile seachas easpa acmhainní, e.g. cúiseanna straitéiseacha; níorbh é an t-am ceart é le nuálaíocht a dhéanamh; tosaíochtaí eile; rioscaí ró-ard; ní raibh súil ach le torthaí beaga

    (3)

    Ní raibh aon ghá le gníomhaíochtaí nuálaíochta

    Fiontair le gníomhaíochtaí nuálaíochta/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Na cúiseanna nach raibh aon ghníomhaíocht nuálaíochta ann le linn na tréimhse tagartha

    (1)

    Easpa acmhainní, e.g. easpa maoinithe, easpa ball foirne cáilithe, easpa ábhair

    (2)

    Cúiseanna eile seachas easpa acmhainní, e.g. cúiseanna straitéiseacha; níorbh é an t-am ceart é le nuálaíocht a dhéanamh; tosaíochtaí eile; rioscaí ró-ard; ní raibh coinne ach le torthaí ísle

    (3)

    Ní raibh gá le gníomhaíochtaí nuálaíochta

    Fiontair gan aon ghníomhaíocht nuálaíochta/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Cearta Maoine Intleachtúla (athróg roghnach)

    (1)

    Paitinn a iarraidh

    (2)

    Ceart dearaidh thionsclaíoch a chlárú

    (3)

    Trádmharc a chlárú

    (4)

    Cóipcheart a éileamh

    (5)

    Rún ceirde a úsáid

    (6)

    Cearta maoine intleachtúla dílse a cheadúnú amach

    (7)

    Cearta maoine intleachtúla dílse a dhíol (nó a shannadh) do dhaoine eile

    (8)

    Cearta maoine intleachtúla a mhalartú (comhthiomsú, cros-cheadúnú, etc.)

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Na dálaí a bhí os comhair an fhiontair le linn na tréimhse tagartha

    Timpeallacht iomaíoch leis na saintréithe seo a leanas:

    (1)

    imíonn earraí nó seirbhísí as dáta go tapa

    (2)

    is doiligh na forbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo a thuar

    (3)

    is féidir earraí nó seirbhísí na n-iomaitheoirí a mhalartú go héasca le hearraí nó seirbhísí an fhiontair

    (4)

    cuireann iomaitheoirí nua a theacht isteach suíomh an fhiontair ar an margadh i mbaol mór

    (5)

    is doiligh gníomhaíochtaí na n-iomaitheoirí a thuar

    (6)

    is doiligh na hathruithe ar an éileamh a thuar

    (7)

    iomaíocht láidir ón gcoigríoch

    (8)

    cailltear cliaint de dheasca ardú praghsanna

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar) de réir scála Likert:

    Bainteach i ngach cás

    Bainteach cuid den am

    Bainteach go hannamh

    Ní bhaineann in aon chás

    An tábhacht a bhain le straitéisí, le linn na tréimhse tagartha, maidir le feidhmiú eacnamaíoch an fhiontair (athróg roghnach)

    Dírithe ar:

    (1)

    na hearraí nó na seirbhísí atá ann cheana a fheabhsú

    (2)

    earraí nó seirbhísí nua a thabhairt isteach

    (3)

    phraghas íseal (ceannaireacht praghsanna)

    (4)

    ardcháilíocht (ceannaireacht cháilíochta)

    (5)

    raon leathan earraí nó seirbhísí

    (6)

    earra nó seirbhís ríthábhachtach amháin nó líon beag earraí nó seirbhísí

    (7)

    na custaiméirí atá ann a shásamh

    (8)

    theagmháil a dhéanamh le custaiméirí nua

    (9)

    earraí nó seirbhísí caighdeánaithe

    (10)

    réitigh atá ceaptha go sonrach don chustaiméir

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar) de réir scála Likert:

    Ardmhinicíocht

    Meánmhinicíocht

    Ísealmhinicíocht

    Gan tábhacht

    Saincheapadh agus comhchruthú le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Tairiscint earraí nó seirbhísí:

    (1)

    a comhchruthaíodh leis na húsáideoirí (comhchruthú)

    (2)

    a dearadh nó a forbraíodh go sonrach chun riachtanais custaiméirí áirithe a shásamh (saincheapadh)

    (3)

    ar an mbealach céanna le haghaidh úsáideoirí éagsúla (earraí nó seirbhísí caighdeánaithe)

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Comhar le fiontair nó le heagraíochtaí eile le linn na tréimhse tagartha

    Comhar maidir le:

    (1)

    T&F

    (2)

    gníomhaíochtaí eile nuálaíochta (seachas T&F)

    (3)

    aon ghníomhaíocht ghnó eile

    Comhar maidir le T&F nó gníomhaíochtaí nuálaíochta eile le comhpháirtithe comhair:

    (4)

    ón earnáil fiontraíochta

    (5)

    lasmuigh den earnáil fiontraíochta

    Gach fiontar/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Tuairisc mhionsonraithe ar na comhpháirtithe comhair de réir a suíomh le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Comhpháirtithe comhair ón earnáil fiontraíochta (pointí 1 go 6)

    (1)

    comhairleoirí, saotharlanna tráchtála, nó institiúidí príobháideacha taighde

    (2)

    soláthróirí trealaimh, ábhar, comhpháirteanna nó bogearraí

    (3)

    cliaint nó custaiméirí

    (4)

    iomaitheoirí

    (5)

    daoine eile

    Comhpháirtithe comhair ón ngrúpa dílis fiontair:

    (6)

    fiontair laistigh den ghrúpa dílis fiontair

    Comhpháirtithe comhair lasmuigh den earnáil fiontraíochta (pointí 7 go 10):

    (7)

    ollscoileanna nó institiúidí ardoideachais eile

    (8)

    institiúidí taighde de chuid an rialtais nó institiúidí poiblí taighde

    (9)

    cliaint nó custaiméirí ón earnáil phoiblí

    (10)

    eagraíochtaí neamhbhrabúsacha

    Maidir le gach comhpháirtí: lonnaithe:

    (11)

    ina dtír féin

    (12)

    i dtíortha eile de chuid an Aontais agus de chuid CSTE

    (13)

    i ngach tír eile

    Fiontair le comhpháirtithe comhair nuálaíochta/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Rochtain ar mhaoiniú le linn na tréimhse tagartha

    Cineál an chistithe:

    (1)

    Maoiniú cothromais

    (2)

    Maoiniú fiachais

    Maidir le gach cineál cistithe:

    (3)

    iarracht déanta é a fháil nár éirigh leis

    (4)

    faighte

    (5)

    faighte agus úsáidte go páirteach nó go hiomlán le haghaidh gníomhaíochtaí T&F nó le haghaidh gníomhaíochtaí nuálaíochta eile

    Gach fiontar/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Tacaíocht airgeadais phoiblí ó leibhéil éagsúla rialtais le linn na tréimhse tagartha

    Tacaíocht airgeadais phoiblí ó:

    (1)

    údaráis áitiúla nó réigiúnacha

    (2)

    rialtas náisiúnta

    (3)

    Chlár an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís 2020, Fís Eorpach)

    (4)

    thacaíocht airgeadais eile ó institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh

    I gcás gach cineál tacaíochta airgeadais poiblí:

    (5)

    faighte

    (6)

    faighte agus úsáidte go páirteach nó go hiomlán le haghaidh gníomhaíochtaí T&F nó gníomhaíochtaí nuálaíochta eile

    Gach fiontar/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Dreasachtaí cánach nó liúntais le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Creidmheasanna cánach nó liúntais a úsáid le haghaidh:

    (1)

    gníomhaíochtaí T&F nó gníomhaíochtaí nuálaíochta eile

    (2)

    gach cineál eile gníomhaíochta

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Tábhacht na dtosca a bhaineann leis an athrú aeráide le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Tosca a bhaineann leis an athrú aeráide:

    (1)

    beartais nó bearta rialtais a bhaineann leis an athrú aeráide

    (2)

    méadú ar an éileamh ó chustaiméirí ar tháirgí a chuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú nó le dul in oiriúint don athrú aeráide (e.g. táirgí ísealcharbóin)

    (3)

    méadú ar chostais nó ar phraghsanna ionchuir mar thoradh ar an athrú aeráide (e.g. táillí árachais níos airde, praghsanna níos airde ar uisce, próisis nó saoráidí a oiriúnú)

    (4)

    tionchair dálaí adhaimsire (e.g. damáiste/suaite)

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar) de réir scála Likert:

    Ardmhinicíocht

    Meánmhinicíocht

    Ísealmhinicíocht

    Ní bhaineann le hábhar

    Nuálaíochtaí le tairbhí comhshaoil le linn na tréimhse tagartha

    Tairbhí comhshaoil a fhaightear laistigh den fhiontar:

    (1)

    laghdú ar an úsáid ábhair nó an úsáid uisce in aghaidh an aonaid aschuir

    (2)

    laghdú ar an úsáid fuinnimh nó ar an lorg CO2 (i.e. laghdú ar astaíocht iomlán CO2)

    (3)

    laghdú ar thruailliú ithreach, solais, torainn, uisce nó aeir

    (4)

    ábhar ionadacha a bhfuil níos lú truailliúcháin nó níos lú guaise ag baint leo curtha in ionad sciar de na hábhair

    (5)

    foinsí in-athnuaite fuinnimh curtha in ionad sciar d’fhuinneamh iontaise

    (6)

    dramhaíl, uisce nó ábhair athchúrsáilte lena n-úsáid féin nó lena ndíol

    (7)

    cosaint a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht

    Tairbhí comhshaoil a bhaintear amach le linn don úsáideoir deiridh earra nó seirbhís a thomhailt nó a úsáid:

    (8)

    laghdú ar an úsáid fuinnimh nó ar lorg CO2

    (9)

    laghdú ar thruailliú aeir, uisce, ithreach, solais nó torainn

    (10)

    éascú athchúrsála ar tháirgí tar éis a n-úsáide

    (11)

    fadú saolré táirgí trí tháirgí a mhairfidh níos faide, a bheidh níos marthanaí agus a bheidh níos éasca a dheisiú

    (12)

    cosaint ar an mbithéagsúlacht

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar) de réir an rannchuidithe le cosaint an chomhshaoil atá

    suntasach

    neamhshuntasach

    Tábhacht na dtosca a spreagann nuálaíochtaí a bhfuil tairbhí don chomhshaol ag baint leo le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Tosca spreagtha:

    (1)

    rialacháin chomhshaoil atá ann cheana

    (2)

    cánacha comhshaoil, muirir chomhshaoil nó táillí comhshaoil atá ann cheana

    (3)

    rialacháin chomhshaoil nó cánacha comhshaoil a bhfuil coinne leo sa todhchaí

    (4)

    deontais rialtais, fóirdheontais nó dreasachtaí airgeadais eile le haghaidh nuálaíochtaí comhshaoil

    (5)

    an t-éileamh margaidh atá ann faoi láthair nó a bhfuil coinne leis ar nuálaíochtaí comhshaoil

    (6)

    feabhas a chur ar chlú an fhiontair

    (7)

    gníomhaíochtaí deonacha nó tionscnaimh dheonacha maidir le dea-chleachtas comhshaoil laistigh den earnáil

    (8)

    ardchostas an fhuinnimh, an uisce nó na n-ábhar

    (9)

    an gá atá ann na ceanglais maidir le conarthaí soláthair phoiblí a chomhlíonadh

    Fiontair le nuálaíochtaí a bhfuil tairbhí comhshaoil ag baint leo/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar) de réir scála Likert:

    Ardmhinicíocht

    Meánmhinicíocht

    Ísealmhinicíocht

    Gan tábhacht

    Innealra nuálach, trealamh nuálach nó bogearraí nuálacha a cheannach le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Innealra, trealaimh nó bogearraí a cheannach atá bunaithe

    (1)

    ar an teicneolaíocht chéanna nó ar theicneolaíocht fheabhsaithe a úsáideadh san fhiontar cheana

    (2)

    ar theicneolaíocht nua nár úsáideadh san fhiontar riamh

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    Fiontair

    Bliain:

    (éigeantach: 1; roghnach: 2)

    (1)

    sa bhliain tagartha

    (2)

    sa bhliain a bhí ann 2 bhliain roimh an mbliain tagartha

    Gach fiontar/

    DA; ICC; SG/

    An líon fiontar

    Fostaithe agus daoine féinfhostaithe san fhiontar

    Bliain:

    (éigeantach: 1; roghnach: 2)

    (1)

    sa bhliain tagartha

    (2)

    sa bhliain a bhí ann 2 bhliain roimh an mbliain tagartha

    Gach fiontar/

    DA; ICC; SG/

    An líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe

    Daoine a bhfuil céim tríú leibhéal acu agus atá fostaithe san fhiontar sa bhliain tagartha (athróg roghnach)

    (1)

    0 %

    (2)

    1 % go dtí níos lú ná 5 %

    (3)

    5 % go dtí níos lú ná 10 %

    (4)

    10 % go dtí níos lú ná 25 %

    (5)

    25 % go dtí níos lú ná 50 %

    (6)

    50 % go dtí níos lú ná 75 %

    (7)

    75 % nó níos mó

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (líon na bhfiontar)

    Láimhdeachas iomlán an fhiontair

    Bliain:

    (éigeantach: 1; roghnach: 2)

    (1)

    sa bhliain tagartha

    (2)

    sa bhliain a bhí ann 2 bhliain roimh an mbliain tagartha

    Gach fiontar/

    DA; ICC; SG/

    Míle Euro

    Láimhdeachas de réir shuíomh na gcustaiméirí sa bhliain tagartha (athróg roghnach)

    Custaiméirí atá lonnaithe

    (1)

    ina dtír féin

    (2)

    i dtíortha eile de chuid an Aontais agus de chuid CSTE

    (3)

    in aon tír eile

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar), Míle Euro

    Caiteachas iomlán an fhiontair sa bhliain tagartha (athróg roghnach)

    Caiteachas iomlán ar:

    (1)

    innealra, trealamh, foirgnimh agus sócmhainní inláimhsithe eile a fháil

    (2)

    margaíocht, forbairt branda, fógraíocht

    (3)

    a fhoireann féin a oiliúint

    (4)

    dearadh táirgí

    (5)

    forbairt bogearraí, obair ar bhunachar sonraí agus sonraí a anailísiú

    (6)

    Cearta Maoine Intleachtúla (CMInna) dá gcuid féin a chlárú, a chomhdú agus faireachán a dhéanamh orthu agus CMInna a cheannach nó a cheadúnú ó dhaoine eile

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Míle Euro

    Aois an fhiontair sa bhliain tagartha

    Fiontar a bunaíodh

    (1)

    in 2020 nó níos déanaí

    (2)

    in 2018 nó 2019

    (3)

    idir 2014 agus 2017

    (4)

    in 2013 nó níos luaithe

    Gach fiontar/

    DA; ICC/

    Minicíocht (an líon fiontar)

    An cineál grúpa fiontar sa bhliain tagartha (athróg roghnach)

    Maidir leis an bhfiontar:

    (1)

    ní cuid de ghrúpa fiontar é

    (2)

    is cuid de ghrúpa fiontar é

    Le haghaidh (2), ceannoifig atá lonnaithe:

    (3)

    ina tír féin, lena n-áirítear (4) agus (5)

    (4)

    le gach fiontar den ghrúpa sin lonnaithe sa tír

    (5)

    in aon tír eile

    Gach fiontar/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar), Ainm na tíre

    Gníomhaíochtaí le fiontar amháin nó níos mó den ghrúpa fiontar le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Insreafaí ó fhiontair eile sa ghrúpa fiontar:

    (1)

    eolas teicniúil a fháil

    (2)

    acmhainní airgeadais a fháil

    (3)

    pearsanra a fháil

    (4)

    ionfhoinsiú gníomhaíochtaí gnó

    Eis-sreafaí go fiontair eile sa ghrúpa fiontar:

    (5)

    eolas teicniúil a aistriú

    (6)

    acmhainní airgeadais a aistriú

    (7)

    pearsanra a aistriú

    (8)

    eisfhoinsiú gníomhaíochtaí gnó

    Fiontair ar cuid de ghrúpa fiontar iad/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar) de réir

    fiontair eile sa tír

    fiontair eile thar lear

    Cistiú i bhfoirm iasachtaí inghrúpa le linn na tréimhse tagartha (athróg roghnach)

    Cistiú trí iasachtaí inghrúpa:

    (1)

    iarracht déanta é a fháil nár éirigh léi

    (2)

    faighte

    (3)

    faighte agus úsáidte go páirteach nó go hiomlán le haghaidh gníomhaíochtaí T&F nó gníomhaíochtaí nuálaíochta eile

    Fiontair ar cuid de ghrúpa fiontar iad/

    DA; ICC (roghnach)/

    Minicíocht (an líon fiontar)


    (1)  Tá brí na ngiorrúchán le fáil in Iarscríbhinn III.

    (2)  De réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 (an Topaic “Nuálaíocht”), is í an “tréimhse thagartha an tréimhse 3 bliana roimh dheireadh gach ré-bhliain féilire”, i.e. an tréimhse ina bhfuil an 2 bhliain roimh an bhliain tagartha agus an bhliain tagartha féin.


    IARSCRÍBHINN III

    Miondealuithe na bhfiontar

    Miondealú an fhiontair

    Cód

    Catagóirí miondealaithe an fhiontair

    Gníomhaíocht mhionsonraithe: Gníomhaíocht eacnamaíoch (ardleibhéal sonraí), aicme méide, stádas nuálaíochta

    DA (1)

    Miondealú comhcheangailte de réir gníomhaíocht eacnamaíoch (mionsonraithe), aicme méide an líon daoine fostaithe (suim na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe), agus stádas nuálaíochta

    Miondealú ar ghníomhaíochtaí:

    Comhiomláin NACE na Rannóg agus na Ranna mar aon le Rannóga agus Ranna: B+C+D+E+46+H+J+K+71 + 72 + 73, B+C+D+E, B, C, 10 + 11 + 12, 13 + 14 + 15, 16 + 17 + 18, 19 + 20 + 21, 22 + 23, 24 + 25, 26 + 27 + 28, 29 + 30, 31 + 32 + 33, D, E, 36 + 37; 38 + 39, 46+H+J+K+71 + 72 + 73, 46, H, 49 + 50 + 51, 52 + 53, J, 58 + 59 + 60, 61 + 62 + 63, K, 71, 72, 73, 71 + 72 + 73

    Miondealú ar aicme méide de réir líon na ndaoine fostaithe (suim na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe) (i gcás B+C+D+E+46+H+J+K+71 + 72 + 73, B+C+D+E, B, C, D, E, 46+H+J+K+71 + 72 + 73, 46, H, J, K, 71 + 72 + 73 agus sna cásanna sin amháin):

    Iomlán, 10-49, 50-249, 250 duine fostaithe nó níos mó

    Stádas nuálaíochta:

    Gach fiontar sa phobal (Iomlán),

    Fiontair atá gníomhach maidir leis an nuálaíocht (2),

    Fiontair nach bhfuil gníomhach maidir leis an nuálaíochta

    Croíchoincheapa Nuálaíochta: Gníomhaíocht eacnamaíoch (leibhéal íseal sonraí), aicme méide, próifíl nuálaíochta

    ICC

    Miondealú comhcheangailte de réir gníomhaíocht eacnamaíoch (leibhéal íseal sonraí), aicme méide an líon daoine fostaithe (suim na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe), agus próifíl nuálaíochta

    Miondealú ar ghníomhaíochtaí:

    Comhiomláin NACE na Rannóg agus na Ranna: B+C+D+E+46+H+J+K+71 + 72 + 73, B+C+D+E, 46+H+J+K+71 + 72 + 73

    Miondealú de réir aicme méide de réir líon na ndaoine fostaithe (suim na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe):

    Iomlán, 10-49, 50-249, 250 duine fostaithe nó níos mó

    Miondealú ar phróifílí nuálaíochta:

    Gach fiontar sa phobal (Iomlán),

    Fiontair atá gníomhach maidir leis an nuálaíocht (Próifíl I + Próifíl II + Próifíl III + Próifíl IV + Próifíl V),

    Fiontair nach bhfuil gníomhach maidir leis an nuálaíocht (Próifíl VI + Próifíl VII),

    Fiontair a bhfuil nuálaíocht tugtha isteach acu (Próifíl I + Próifíl II + Próifíl III + Próifíl IV),

    Fiontair nach bhfuil nuálaíocht tugtha isteach acu (Próifíl V + Próifíl VI + Próifíl VII),

    Fiontair le hinniúlachtaí nuálaíochta (Próifíl I + Próifíl II + Próifíl III + Próifíl V),

    Fiontair gan aon inniúlachtaí nuálaíochta (Próifíl IV + Próifíl VI + Próifíl VII),

    Fiontair le gníomhaíochtaí T&F (Próifíl IA + Próifíl IIA + Próifíl IIIA + Próifíl IVA + Próifíl VA),

    Fiontair gan aon ghníomhaíochtaí T&F (Próifíl IB + Próifíl IIB + Próifíl IIIB + Próifíl IVB + Próifíl VB + Próifíl VI + Próifíl VII),

    Nuálaithe táirgí inmheánacha le nuálaíochtaí margaidh (Próifíl I),

    Nuálaithe táirgí inmheánacha gan aon nuálaíochtaí margaidh (Próifíl II),

    Nuálaithe próisis ghnó intí gan aon nuálaíocht táirgí (Próifíl III) (roghnach),

    Nuálaithe nach bhforbraíonn nuálaíochtaí iad féin (Próifíl IV) (roghnach),

    Neamhnuálaithe le gníomhaíocht nuálaíochta (Próifíl V) (roghnach),

    Neamhnuálaithe gan aon ghníomhaíocht nuálaíochta ach a bhfuil an inniúlacht acu dul i mbun nuálaíochta (Próifíl VI),

    Neamhnuálaithe gan aon ghníomhaíocht nuálaíochta agus gan an inniúlacht acu dul i mbun nuálaíochta (Próifíl VII),

    Grúpaí speisialta fiontar

    SG

    Miondealú comhcheangailte de réir gníomhaíochta (leibhéal íseal sonraí), aicme méide an líon daoine fostaithe (suim na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe), agus an cineál fiontair (nuálaíocht)

    Miondealú ar ghníomhaíochtaí:

    Comhiomláin NACE na Rannóg agus na Ranna: B+C+D+E+46+H+J+K+71 + 72 + 73, B+C+D+E, 46+H+J+K+71 + 72 + 73

    Miondealú de réir aicme méide de réir líon na ndaoine fostaithe (suim na bhfostaithe agus na ndaoine féinfhostaithe):

    Iomlán, 10-49, 50-249, 250 duine fostaithe nó níos mó

    An cineál fiontair (nuálaíocht):

    Gach fiontar sa phobal,

    Fiontair le ar a laghad nuálaíocht mhaith amháin,

    Fiontair le ar a laghad nuálaíocht seirbhíse amháin,

    Fiontair le ar a laghad nuálaíocht táirgí amháin (earraí nó seirbhísí) nach raibh ar fáil don mhargadh roimhe sin (“úr don mhargadh”),

    Fiontair le ar a laghad nuálaíocht táirgí amháin (earraí nó seirbhísí) atá ar fáil cheana féin ar an margadh “úr don ghnólacht”,

    Fiontair le ar a laghad nuálaíocht ar an bpróiseas ghnó amháin (neamhspleách ar chineál na nuálaíochta ar an bpróiseas gnó),

    Fiontair le nuálaíocht táirgí ach gan aon nuálaíocht ar an bpróiseas gnó,

    Fiontair le nuálaíocht ar an bpróiseas ghnó acu ach gan aon nuálaíocht táirgí,

    Fiontair le nuálaíocht táirgí agus nuálaíocht próisis ghnó araon,

    Fiontair a dhéanann T&F a chur ar conradh ach gan aon T&F á ndéanamh go hinmheánach,

    Fiontair le gníomhaíochtaí nuálaíochta (nuáil táirgí, nuálaíocht ar an bpróiseas gnó, gníomhaíochtaí nuálaíochta atá curtha i gcrích, atá ar siúl nó atá tréigthe) ach gan aon T&F inmheánach ná T&F curtha ar conradh


    (1)  Is féidir leis na Ballstáit Rannóga NACE A, F, G, I a chumhdach freisin ar bhonn deonach.

    (2)  Fiontair le nuálaíocht táirgí, nuálaíocht i bpróisis ghnó, tugtha chun críche (ach nach n-eascraíonn nuálaíocht atá curtha chun feidhme astu le linn na tréimhse tagartha), gníomhaíochtaí nuálaíochta leanúnacha nó tréigthe, T&F inmheánach nó T&F ar conradh


    Top