EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019R0834
Regulation (EU) 2019/834 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2019 amending Regulation (EU) No 648/2012 as regards the clearing obligation, the suspension of the clearing obligation, the reporting requirements, the risk-mitigation techniques for OTC derivative contracts not cleared by a central counterparty, the registration and supervision of trade repositories and the requirements for trade repositories (Text with EEA relevance.)
Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
PE/73/2019/REV/1
IO L 141, 28.5.2019, p. 42–63
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.5.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
42 |
RIALACHÁN (AE) 2019/834 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2012. Ar na ceanglais atá ann, tá conarthaí caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach; ceanglais corrlach agus ceanglais maidir le maolú rioscaí oibríochtúla do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitítear go lárnach, oibleagáidí tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach, cuidíonn ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha agus ceanglais ar stórtha trádála, leis an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht na margaí díorthach thar an gcuntar a mhéadú agus tríd an riosca creidmheasa do chontrapháirtithe agus an riosca oibríochtúil a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú. |
(2) |
Tá simpliú ar réimsí áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus cur chuige níos comhréirí maidir leis na réimsí sin, i gcomhréir le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin ina leagtar béim ar an ngá atá le costais a laghdú agus le simpliú ionas go gcomhlíonfaidh beartais an Aontais a gcuspóirí ar an gcaoi is éifeachtúla, agus é mar aidhm dó, go háirithe, ualaí riaracháin agus rialála a laghdú. Ba cheart an simpliú sin agus cur chuige níos comhréirí, áfach, a bheith gan dochar do na cuspóirí uileghabhálacha a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus rioscaí sistéamacha a mhaolú i gcomhréir leis an ráiteas a rinne ceannairí G20 ag an gCruinniú Mullaigh in Pittsburgh ar an 26 Meán Fómhair 2009. |
(3) |
Is eilimintí riachtanacha de chórais iarthrádála agus margaí comhthaobhachta éifeachtúla athléimneacha aontais margaí caipitil dhea-fheidhmiúil agus tacaíonn siad le dlús na n-iarrachtaí tacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin. |
(4) |
In 2015 agus 2016, reáchtáil an Coimisiún dhá chomhairliúchán phoiblí ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Fuair an Coimisiún ionchur freisin maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM (dá ngairtear ÚEUM i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012)) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach ( BERS), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Bhí sé le tuiscint as na comhairliúcháin sin go dtacaíonn geallsealbhóirí le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus nach gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an Rialachán. An 23 Samhain 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil ghinearálta i gcomhréir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. D'ainneoin nach raibh forálacha uile Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 infheidhme go hiomlán agus nach raibh meastóireacht chuimsitheach ar an Rialachán sin indéanta dá bharr sin, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí ina raibh gá le gníomhaíocht spriocdhírithe lena áirithiú go mbainfí amach cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar dhóigh a bheadh níos comhréirí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. |
(5) |
Ba cheart do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 na contrapháirtithe airgeadais uile a d'fhéadfadh a bheith ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais a chumhdach. Dá bhrí sin ba cheart an sainmhíniú ar chontrapháirtí airgeadais a leasú. |
(6) |
Gnóthas a bhunaíonn pleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe de ghnáth, scéimeanna trínar féidir le daoine, go díreach nó go neamhdhíreach, scaireanna de chuid an ghnóthais sinnó de chuid gnóthas eile laistigh den ghrúpa céanna a shuibscríobh, a cheannach, a fháil nó a shealbhú, ar an gcoinníoll go mbeidh an plean sin chun tairbhe fostaithe nó iarfhostaithe de chuid an ghnóthais sin nó de chuid gnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna, nó chun tairbhe comhaltaí nó iarchomhaltaí ar bhord an ghnóthais sin nó ar bhord gnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, sainaithnítear bearta a bhaineann le plean ceannaithe scaireanna d'fhostaithe mar bheart féideartha chun aontas na margaí caipitil a neartú go gcothófaí an infheistíocht miondíola. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) nó ciste malartach infheistíochta (CIM), arna bhunú chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, níor cheart an gnóthas sin a cháiliú mar chontrapháirtí airgeadais. |
(7) |
Ní dhéanann contrapháirtithe airgeadais áirithe go leor gníomhaíochtaí ar mhargaí díorthach thar an gcuntar chun go mbeidís ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais agus ní leor na gníomhaíochtaí sin chun go bhféadfaí imréiteach a dhéanamh go hinmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Na contrapháirtithe sin, dá ngairtear contrapháirtithe airgeadais beaga de ghnáth, ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh ach ba cheart iad a choinneáil faoi réir an cheanglais comhthaobhacht a mhalartú chun aon riosca sistéamach a mhaolú. Mar sin féin, sa chás go sáraíonn seasamh an chontrapháirtí airgeadais an tairseach imréitigh, a ríomhtar ar leibhéal an ghrúpa, d'aicme amháin ar a laghad de dhíorthaigh thar an gcuntar, ba cheart an oibleagáid imréitigh a bheith i bhfeidhm do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, i bhfianaise idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais agus an riosca sistéamaigh a d'fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfaí na conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach. Ba cheart go bhféadfadh an contrapháirtí airgeadais, tráth ar bith, a léiriú nach sáraíonn a shuíomhanna an tairseach imréitigh a thuilleadh maidir le haon aicme díorthach thar an gcuntar, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh a thuilleadh. |
(8) |
Ní bhíonn contrapháirtithe neamhairgeadais chomh hidirnasctha agus a bhíonn contrapháirtithe airgeadais. Is minic nach mbíonn siad mórghníomhach ach in aon aicme amháin de dhíorthaigh thar an gcuntar. Is lú an riosca sistéamach don chóras airgeadais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí sin ná mar a bhaineann le gníomhaíocht na gcontrapháirtithe airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na hoibleagáide imréitigh a chúngú do chontrapháirtithe neamhairgeadais a roghnaíonn a suíomhanna a ríomh le hais na dtairseach imréitigh gach 12 mhí. Níor cheart na contrapháirtithe neamhairgeadais sin a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh ach amháin i dtaca leis na haicmí de dhíorthaigh thar an gcuntar a sháraíonn an tairseach imréitigh. Mar sin féin, ba cheart go bhfanfadh na contrapháirtithe neamhairgeadais faoi réir an cheanglais maidir le malartú comhthaobhachta á choinneáil ag an am céanna nuair a sháraítear aon cheann de na tairseacha imréitigh. Contrapháirtithe neamhairgeadais a roghnaíonn gan a suíomh a ríomh le hais na dtairseach imréitigh, ba cheart iad a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart go bhféadfadh an contrapháirtí neamhairgeadais, tráth ar bith, a léiriú nach sáraíonn a shuíomhanna an tairseach imréitigh a thuilleadh d'aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh don aicme sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a thuilleadh. |
(9) |
Chun go dtabharfar aird ar aon fhorbairt ar na margaí airgeadais, ba cheart don ÚEUM na tairseacha imréitigh a athbhreithniú go tréimhsiúil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú tréimhsiúil sin. |
(10) |
Leis an gceanglas atá ann conarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar a imréiteach sula ngabhann éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil agus castachtaí oibríochtúla agus is beag an leas a éiríonn as. Go sonrach, i ngeall ar an gceanglas sin, bíonn costais bhreise agus ualaí breise ar na contrapháirtithe sna conarthaí siúd, agus bíonn tionchar aige ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh nach dtagann as aon fheabhsú suntasach ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhleanúnach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ná nach mbunaítear leis cothroime iomaíochta do na rannpháirtithe sa mhargadh. Dá bhrí sin ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas sin. |
(11) |
Bíonn deacrachtaí ag contrapháirtithe a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i marga díorthach thar an gcuntar rochtain a fháil ar imréiteach lárnach, bíodh sin ina gcáil mar chliant comhalta imréitigh nó trí shocruithe imréitigh indíreacha. Comhaltaí imréitigh agus cliaint comhaltaí imréitigh a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil, go díreach do chontrapháirtithe eile nó go hindíreach trí ligean dá gcliaint féin na seirbhísí sin a chur ar fáil do chontrapháirtithe eile, ba cheart ceanglas a bheith orthu sin na seirbhísí réitigh a chur ar fáil ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha agus ar théarmaí tráchtála trédhearcacha. Cé nár cheart, leis an gceanglas seo, go ndéanfaí praghsanna a rialú nó go mbeadh oibleagáid ann conradh a dhéanamh, ba cheart cead a bheith ag comhaltaí imréitigh agus ag cliaint na rioscaí, mar shampla rioscaí contrapháirtí, a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil, a rialú. |
(12) |
D'fhéadfadh sé nach sonraítear, san fhaisnéis maidir leis na hionstraimí airgeadais a chlúdaítear le húdaruithe na gcontrapháirtithe lárnacha, gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bhfuil sé d'oibleagáid ag contrapháirtí lárnach a imréiteach. Chun a áirithiú go mbeidh ÚEUM in ann a chúraimí agus a dhualgais a chur i gcrích i ndáil leis an oibleagáid imréitigh, ba cheart d'údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM, gan mhoill, faoi aon fhaisnéis a fhaigheann siad ó chontrapháirtí lárnach maidir le rún an chontrapháirtí lárnaigh sin tosú ag imréiteach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a chumhdaítear leis an údarú atá aige cheana. |
(13) |
Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna áirithe eisceachtúla. Ba cheart a bheith in ann an cur ar fionraí sin a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil na critéir, faoinar cuireadh aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh, á gcomhlíonadh a thuilleadh. D'fhéadfadh sé sin tarlú i gcás nach bhfuil aicmí áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh d'imréiteach lárnach éigeantach nó i gcás inar tháinig athrú ábhartha ar cheann de na critéir sin i dtaca le haicmí áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí freisin i gcás inar scoir contrapháirtí lárnach de sheirbhís imréitigh a chur ar fáil d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí agus nach bhféadann contrapháirtithe lárnacha eile gníomhú sách tapa chun cúram na seirbhísí imréitigh sin a ghlacadh chucu féin. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i gcás ina measfar gur gá sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint. Chun go n-áiritheofar an chobhsaíocht airgeadais agus chun míshocracht sa mhargadh a sheachaint, ba cheart do ÚEUM, agus aird á tabhairt, ag an am céanna, ar chuspóirí G20, a áirithiú, i gcás ina mbeidh sé iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid imréitigh, go gcuirfear deireadh leis sin le linn fhionraí na hoibleagáide imréitigh agus in am trátha chun go bhféadfar na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha a leasú. |
(14) |
An oibleagáid a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), atá ar contrapháirtithe díorthaigh a thrádáil atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le hionaid trádála, déantar an oibleagáid sin, i gcomhréir le nós imeachta na hoibleagáide trádála a shonraítear sa Rialachán sin, a thionscnamh nuair a dhearbhaítear go bhfuil aicme díorthach faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhéadfadh sé nach mbeadh contrapháirtithe in ann an oibleagáid trádála a chomhlíonadh dá gcuirfí an oibleagáid imréitigh ar fionraí. Mar thoradh air sin, i gcás inar iarradh go gcuirfí an oibleagáid imréitigh ar fionraí, agus go meastar go bhfuil athrú ábhartha sna critéir chun go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, ba cheart ÚEUM a bheith in ann a mholadh go gcuirfí an oibleagáid trádála ar fionraí go comhthráthach ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in ionad Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. |
(15) |
Léiríodh go bhfuil sé deacair conarthaí stairiúla a thuairisciú toisc nach raibh ceanglas ann mionsonraí áirithe a thuairisciú roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, mionsonraí a bhfuil ceanglas ann iad a thuairisciú anois. Mar thoradh air sin bíonn an ráta mainneachtana tuairiscithe ard agus bíonn na sonraí tuairiscithe de cháilíocht íseal, agus bíonn ualach mór i gceist, san am céanna, leis na conarthaí sin a thuairisciú. Dá bhrí sin tá dóchúlacht ard ann nach n-úsáidfear na sonraí stairiúla sin. Agus anuas air sin, sula mbeidh éifeacht leis an sprioc-am le haghaidh conarthaí stairiúla a thuairisciú, rachaidh roinnt de na conarthaí sin in éag agus, dá bharr sin, rachaidh na neamhchosaintí agus na rioscaí comhfhreagracha in éag chomh maith. Ar an gcúis sin, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas tuairiscithe maidir le conarthaí stairiúla a dhíbirt. |
(16) |
Idirbhearta laistigh de ghrúpa, is céatadán sách beag iad sin de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais bainteach leo agus is le haghaidh fálú inmheánach laistigh de ghrúpaí is mó a úsáidtear iad. Ní chuireann na hidirbhearta sin go mór leis an riosca sistéamach ná leis an idirnascthacht, ach cuireann an oibleagáid na hidirbhearta sin a thuairisciú go mór le costais agus le hualaí riaracháin a bhíonn ar chontrapháirtithe neamhairgeadais. Idirbhirt idir contrapháirtithe laistigh de ghrúpa ina bhfuil ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe ina chontrapháirtí neamhairgeadais, ba cheart na hidirbhirt sin a bheith díolmhaithe, dá bhrí sin, ón oibleagáid tuairiscithe, gan bheann ar áit bhunaíochta an chontrapháirtí neamhairgeadais. |
(17) |
Sa bhliain 2017, sheol an Coimisiún seiceáil oiriúnachta maidir le tuairisciú poiblí a dhéanann cuideachtaí. Is é cuspóir na seiceála sin fianaise a bhailiú maidir le comhsheasmhacht, comhleanúnachas, éifeachtacht agus éifeachtúlacht chreat tuairiscithe an Aontais. I bhfianaise an méid sin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh an bhféadfaí dúbailt neamhriachtanach ar an tuairisciú a sheachaint agus an tuairisciú a dhéantar ar chonarthaí nach conarthaí a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú nó a shimpliú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus ar na bearta arna nglacadh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) Uimh. 600/2014. San anailís sin, ba cheart breithniú go háirithe ar na mionsonraí a thuairiscítear, ar a inrochtana do na húdaráis ábhartha atá na sonraí agus ar bhearta chun slabhraí tuairiscithe a shimpliú tuilleadh i gcás conarthaí díorthach nach díorthaigh thar an gcuntar iad, gan aon fhaisnéis a chailleadh go míchuí, go háirithe i ndáil le contrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Ba cheart breithniú ar mheasúnú níos ginearálta ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart, measúnú a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun feabhas a chur ar fheidhmiú an tuairiscithe ar chonarthaí díorthacha thar an gcuntar agus chun ualach an tuairiscithe sin a laghdú nuair a bheidh go leor taithí agus sonraí ann maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin, go háirithe i dtaca le cáilíocht agus inrochtaineacht sonraí a thuairiscítear do stórtha trádála agus maidir leis an leas a bhaintear as an tuairisciú tarmligthe agus cur chun feidhme an tuairiscithe sin. |
(18) |
Chun an t-ualach tuairiscithe a bhaineann le conarthaí díorthach thar an gcuntar a laghdú do chontrapháirtithe neamhairgeadais beaga nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart, de ghnáth, don chontrapháirtí airgeadais agus dó féin amháin a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar a cheann féin agus thar ceann contrapháirtitithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh ag an gcontrapháirtí airgeadais na sonraí a theastaíonn uaidh chun a oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, ba cheart don chontrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfadh contrapháirtithe neamhairgeadais a chinneadh a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú. Sna cásanna sin, ba cheart don chontrapháirtí neamhairgeadais an contrapháirtí airgeadais a chur ar an eolas dá réir sin agus ba cheart dó a bheith freagrach agus faoi dhliteanas dlíthiúil as na sonraí sin a thuairisciú agus as cirte na sonraí sin a áirithiú. |
(19) |
Ba cheart a chinneadh freisin cé air a bhfuil an fhreagracht conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú i gcás inar GCUIanna nó CIManna ceann amháin nó an dá cheann de na contrapháirtithe. Ba cheart a shonrú dá bhrí sin gurb é an comhlacht bainistíochta de chuid GCUI atá freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an GCUI sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an GCUI sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Mar an gcéanna, ba cheart bainisteoir CIM a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an CIM sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an CIM sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. |
(20) |
D'fhonn neamhréireachtaí a sheachaint ar fud an Aontais i gcur i bhfeidhm na dteicnící maolaithe riosca, ar ann dóibh mar gheall ar chastacht na nósanna imeachta bainistíochta riosca ag a dteastaíonn malartú lánscartha tráthúil beacht iomchuí na gcomhthaobhachta contrapháirtithe lena mbaineann úsáid samhlacha inmheánacha, ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta bainistithe riosca, nó aon athrú suntasach ar na nósanna imeachta sin, a bhailíochtú sula gcuirfear i bhfeidhm iad. |
(21) |
De dheasca gur gá cóineasú rialála idirnáisiúnta a dhéanamh agus gur gá do chontrapháirtithe beaga airgeadais agus do chontrapháirtithe neamhairgeadais rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí ar riosca airgeadra a laghdú, is gá nósanna imeachta bainistithe riosca ar leith a leagan amach maidir le réamhchonarthaí i malairt eachtrach a shocraítear go fisiceach agus maidir le babhtálacha airgeadraí eachtracha a shocraítear go fisiceach. I bhfianaise a bpróifíle riosca sonraí, is iomchuí malartú éigeantach na gcorrlach athrúcháin ar réamhchonarthaí i malairt eachtrach a shocraítear go fisiceach agus ar bhabhtálacha airgeadraí eachtracha a shocraítear go fisiceach a theorannú d'idirbhearta idir na contrapháirtithe is sistéamaí chun teorainn a chur le carnadh na rioscaí sistéamacha agus chun éagsúlacht rialála idirnáisiúnta a sheachaint. Ba cheart cóineasú rialála idirnáisiúnta a áirithiú freisin maidir le nósanna imeachta bainistithe riosca in aicmí eile díorthach. |
(22) |
Áirítear seirbhísí amhail comhbhrú punainne sna seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála. Déantar an comhbhrú punainne a eisiamh ó raon feidhme na hoibleagáide trádála a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. D'fhonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás inar gá agus inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar na difríochtaí idir an dá Rialachán sin, ar an acmhainneacht maidir le dul timpeall ar an oibleagáid imréitigh agus a mhéid a dhéantar, le seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, rioscaí a laghdú nó a mhaolú, ba cheart don Choimisiún a mheas, i gcomhar le ÚEUM agus le BERS cén trádálacha a eascraíonn ó sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, más ann dóibh, ba cheart a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh nó ar cheart trádáil ar bith a dhíolmhú uaithi. |
(23) |
Chun trédhearcacht agus intuarthacht na gcorrlach tosaigh a mhéadú agus chun srian a chur le contrapháirtithe lárnacha i leith a samhlacha corrlaigh tosaigh a mhodhnú ar dhóigheanna a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil siad comh-thimthriallach, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha uirlisí a sholáthar dá gcomhaltaí imréitigh lena riachtanais corrlaigh tosaigh a ionsamhlú agus ba cheart dóibh forléargas ar na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann siad a chur leis an ionsamhlú sin. Tá sé sin comhsheasmhach leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhfoilsiú ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus ag Bord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO), agus leis an gcreat nochta arna fhoilsiú i Nollaig 2012 agus na caighdeáin nochta chainníochtúla phoiblí do chontrapháirtithe lárnacha arna bhfoilsiú in 2015, atá ábhartha maidir le tuiscint chruinn a chothú ar na rioscaí agus ar na costais a ghabhann le haon rannpháirtíocht i gcontrapháirtí lárnach a dhéanann comhaltaí imréitigh agus maidir le trédhearcacht contrapháirtithe lárnacha do rannpháirtithe a fheabhsú. |
(24) |
Níor cheart, le dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát, cosc a chur ar chontrapháirtithe lárnacha a bheith in ann, agus cinnteacht dhlíthiúil leordhóthanach ann, suíomhanna na gcliant a thraschur nó luach leachtaithe a íoc go díreach le cliaint i gcás dócmhainneachta comhalta imréitigh maidir le sócmhainní i gcuntais chomhthiomsaithe agus i gcuntais leithscartha cliaint aonair. D'fhonn imréiteach a dhreasú agus chun feabhas a chur ar an rochtain air, níor cheart, le dlíthe náisiúnta dócmhainneachta na mBallstát, cosc a chur ar chontrapháirtithe lárnacha na nósanna imeachta mainneachtana a leanúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 648/2012 maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna sealbhú in ollchuntais agus i gcuntais leithscartha cliaint aonair arna sealbhú ag an gcomhalta imréitigh agus ag an gcontrapháirtí lárnach. I gcás ina mbunaítear socruithe imréitigh indíreacha, ba cheart do chliaint indíreacha leanúint, mar sin féin, de thairbhe a bhaint as cosaint atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le leithscaradh agus iniomparthacht agus faoi na nósanna imeachta mainneachtana a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
(25) |
Ba cheart na fíneálacha a fhéadann ÚEUM a ghearradh ar stórtha trádála atá faoi mhaoirseacht dhíreach aige a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach go leor chun éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a áirithiú agus chun trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach a mhéadú. Is léir nach bhfuil méideanna na bhfíneálacha dá bhforáladh ar dtús i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 athchomhairleach go leordhóthanach i bhfianaise láimhdeachas na stórtha trádála, rud a d'fhéadfadh éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a theorannú faoin Rialachán i leith stórtha trádála. Ba cheart uasteorainn mhéideanna bunúsacha na bhfíneálacha a mhéadú dá bharr sin. |
(26) |
Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis tríú tír ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála san Aontas i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha áirithe lena ndéantar próiseáil na sonraí sin a ráthú agus ina ndéanann an tríú tír foráil maidir le hoibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorghníomhaithe agus lena dtugtar rochtain dhíreach d'údaráis an Aontais ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála sa tríú tír sin. |
(27) |
Ceadaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nós imeachta clárúcháin simplithe do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ar mian leis síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le hidirbhearta maoinithe urrús a chur ar fáil. Ba cheart nós imeachta clárúcháin simplithe den chineál sin a chur ar bun do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 agus ar mian leo síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le conarthaí díorthach a sholáthar. |
(28) |
De bharr cáilíocht agus trédhearcacht neamh-leordhóthanach na sonraí arna gcur ar fáil ag na stórtha trádála is deacair d'eintitis ar deonaíodh rochtain dóibh ar na sonraí sin iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí díorthach agus cuireann sin cosc ar rialtóirí agus ar mhaoirseoirí rioscaí cobhsaíochta airgeadais a aithint in am trátha. Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus trédhearcacht sonraí agus chun ceanglais tuairiscithe Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ailíniú le ceanglais Rialachán (AE) 2015/2365 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is gá na rialacha agus na ceanglais tuairiscithe, go háirithe, caighdeáin sonraí, formáidí, modhanna, agus socruithe maidir le tuairisciú a chomhchuibhiú a thuilleadh, mar aon le nósanna imeachta a chomhchuibhiú a thuilleadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag stórtha trádála chun sonraí tuairiscithe a bhailíochtú maidir lena n-iomláine agus a gcirte, agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a réiteach le stórtha trádála eile. Thairis sin, ba cheart do stórtha trádála, arna iarraidh sin orthu, a dheonú do chontrapháirtithe nach gá dóibh aon tuairisciú a dhéanamh, an rochtain ar na sonraí a thuairiscítear thar a gceann ar théarmaí tráchtála réasúnta. |
(29) |
I dtéarmaí na seirbhísí arna gcur ar fáil ag stórtha trádála, bunaítear timpeallacht iomaíoch faoi Rialachán Uimh. 648/2012. Ba cheart an deis a bheith ag contrapháirtithe an stór trádála ar mhaith leo tuairisciú chuige a roghnú agus malartú ó stór trádála go céile dá mba rogha leo. Chun malartú den sórt sin a éascú agus chun a áirithiú go mbeadh sonraí ar fáil go leanúnach ba cheart do stórtha trádála beartais iomchuí a bhunú chun malartú ordúil sonraí arna dtuairisciú chuig stórtha trádála eile a áirithiú i gcás ina n-iarrfadh contrapháirtí é sin faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe. |
(30) |
Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach bhfuil feidhm le bheith ag an oibleagáid imréitigh ar shocruithe do scéimeanna pinsean go dtí go gceapfadh contrapháirtithe lárnacha réiteach teicniúil oiriúnach do mhalartú comhthaobhachta neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin. De bhrí nár cruthaíodh aon réiteach inmharthana fós chun rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean in imréiteach lárnach a éascú, ba cheart síneadh ama a chur leis an idirthréimhse sa chaoi go mbeadh feidhm aige go ceann dhá bhliain eile ar a laghad. Ba cheart go leanfadh an t-imréiteach lárnach de bheith ina aidhm ar deireadh thiar de bhrí go gcuirtear, leis na forbairtí rialála agus margaidh atá ann cheana, ar chumas rannpháirtithe margaidh réitigh teicniúla oiriúnacha a chruthú laistigh den tréimse sin. Le cabhair ÚEUM, an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean maidir le réitigh inmharthana lena n-éascófaí rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach agus tuarascáil ar an dul chun cinn a ullmhú. Ba cheart don tuarascáil na réitigh agus na costais do shocruithe do scéimeanna pinsean a ghabhfadh leo a chumhdach, agus ar an gcaoi sin forbairtí rialála agus margaidh a chur san áireamh amhail athruithe ar an gcineál contrapháirtí airgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhonn foráil a dhéanamh maidir le forbairtí nach féidir a thuar tráth a nglacfar an Rialachán seo, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún síneadh ama a chur, faoi dhó, leis an idirthréimhse sin go ceann tréimhse bliana, tar éis an gá a d'fhéadfadh a bheith le cinneadh den chineál sin a mheasúnú. |
(31) |
Chuaigh an idirthréimhse a raibh socruithe do scéimeanna pinseandíolmhaithe ón oibleagáid imréitigh in éag ar an 16 Lúnasa 2018. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun an neamhleanúnachas a sheachaint, is gá síneadh ar an idirthréimhse i gcás conarthaí díorthach thar an gcuntar a chur i bhfeidhm go haisghníomhach, ar conarthaí iad a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019. |
(32) |
Chun an creat rialála a shimpliú, ba cheart aird ar leith a thabhairt don mhéid ar féidir gur gá agus gurb iomchuí an oibleagáid trádála faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoin Rialachán seo ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh. Ba cheart measúnú ginearálta a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an Rialachán seo ar leibhéal an imréitigh a dhéanann cineálacha éagsúla contrapháirtithe agus ar dháileachán an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, agus ar an inrochtaineacht ar sheirbhísí imréitigh, lena n-áirítear éifeachtúlacht na n-athruithe a rinneadh faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha d'fhonn an inrochtaineacht ar imréiteach a éascú, agus ba cheart an measúnú ginearálta sin a dhéanamh tráth a mbeidh taithí leordhóthanach ann agus sonraí leordhóthanacha ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(33) |
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú maidir le cathain a mheasfar téarmaí tráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí imréitigh a bheith cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus chun, faoi choinníollacha áirithe, am breise a cheadú do rannpháirtithe sa mhargadh chun go mbeidh siad in ann réitigh imréitigh a cheapadh do shocruithe do scéimeanna pinsean faoi choinníollacha áirithe, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na coinníollacha a shonrú faoina measfar téarmaí tráchtála maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil a bheith cothrom réasúnta neamh-idirdhealaitheach trédhearcach, agus i ndáil le síneadh a chur leis an idirthréimhse ar lena linn nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(34) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe i ndáil leis an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála a chur ar fionraí agus maidir le rochtain dhíreach ag na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha ar fhaisnéis atá i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh láithreach chun an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála atá ar aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí, ós rud é gur gá cinneadh pras a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus mórchúiseanna práinne ann a bhfuil údar cuí leo dá bhrí sin, maidir le toradh an nós imeachta fionraí. |
(35) |
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na rialacha maidir le teicnící maolaithe riosca, clárú stórtha trádála agus ceanglais tuairiscithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin rialála theicniúla arna gceapadh ag ÚBE nó ag ÚEUM a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistíochta riosca óna dteastaíonn malartú comhthaobhachta atá leithscartha go hiomchuí tráthúil cruinn; mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh le clárú stóir trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365; na nósanna imeachta chun sonraí a réiteach idir stórtha trádála, na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag an stór trádála lena fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh ag an gcontrapháirtí nó ag an eintiteas a dhéanfaidh an tuairisciú agus chun a fhíorú go bhfuil na sonraí a thuairisceofar iomlán agus ceart; na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonófar rochtain ar stórtha trádála d'eintitis áirithe. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh 1095/2010. |
(36) |
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna gceapadh ag ÚEUM i dtaca le caighdeán na sonraí le tuairisciú i ndáil le haicmí díorthach éagsúla agus i dtaca leis na bealaí agus na socruithe tuairiscithe agus formáid an iarratais ar shíneadh a chur le clárú stóir trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
(37) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go mbíonn na rialacha comhréireach, nach mbíonn ualaí riaracháin neamhriachtanacha nó costais chomhlíontachta ann dá mbarr, nach gcuirtear an chobhsaíocht airgeadais i mbaol agus go méadaítear trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach thar an gcuntar, na cuspóirí sin a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(38) |
Ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a chur siar chun na bearta cur chun feidhme riachtanacha a chur ar bun agus chun an deis a thabhairt do na rannpháirtithe uile sa mhargadh gach beart is gá a dhéanamh chun críocha comhlíontachta. |
(39) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8): “(8) ciallaíonn ‘contrapháirtí airgeadais’:
(*1) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)." (*2) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)." (*3) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus leis an ngnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)." (*4) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37)." (*5) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).”" |
(2) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 4a Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh 1. Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach do na 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3. Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:
2. Contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí airgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4). Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí airgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh sin mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin. 3. Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí airgeadais san áireamh na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí airgeadais nó aon eintiteas eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí airgeadais leis. D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás GCUI agus CIManna, déanfar na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar leibhéal an chiste. Cuideachta bainistíochta GCUI a bhfuil níos mó ná GCUI amháin á bhainistiú aici, agus na AIFManna a bhfuil níos mó ná CIM amháin á bhainistiú acu, beidh sé ar a gcumas a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach dtarlóidh an méid seo a leanas mar thoradh ar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an chiste:
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí airgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.”; |
(4) |
leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:
|
(6) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 6a An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí 1. Is ceadmhach do ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír agus roimh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Gabhfaidh leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach inti. I gcás ina measfaidh ÚEUM gur athrú ábhartha sna critéir don oibleagáid trádála a bhfuil éifeacht leo dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarraidh an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin a chur ar fionraí freisin maidir leis na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí. 2. Faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 a éileamh go gcuirfeadh ÚEUM iarraidh an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh ag gabháil leis an iarraidh sin ón údarás inniúil, na cúiseanna atá léi agus fianaise a léireoidh gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil ón údarás inniúil, ar bhonnna gcúiseanna agus na fianaise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, iarrfaidh ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí nó déanfaidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhiúltú. Cuirfidh ÚEUM an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina ndiúltóidh ÚEUM an iarraidh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, cuirfidh sé cúiseanna ar fáil i scríbhinn. 3. Ní dhéanfar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a phoibliú. 4. Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna gcur ar fáil ag ÚEUM, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó don chineál sonrach contrapháirtí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, é sin nó an cur ar fionraí arna iarraidh a dhiúltú. I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, cuirfidh sé cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall air sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna arna soláthar do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3). 5. I gcás ina n-iarrfaidh ÚEUM é i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar, leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, atá faoi réir chur ar fionraí sin na hoibleagáide imréitigh. 6. Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid trádála, déanfar iad a chur in iúl do ÚEUM, agus déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6. 7. Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear i mír 4 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach mó ná trí mhí ó dháta chur i bhfeidhm an chur ar fionraí sin. Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna. 8. I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí dá dtagraítear i mír 4 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán an chur ar fionraí. Déanfar síneadh ama leis an gcur ar fionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 6. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3). Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú. Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7. Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.”; |
(7) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(8) |
leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:
|
(9) |
in Airteagal 11, leasaítear mír 15 mar seo a leanas:
|
(10) |
in Airteagal 38, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: “6. Cuirfidh contrapháirtí lárnach uirlis ionsamhlúcháin ar fáil dá chomhaltaí imréitigh lena bhféadfaidh siad a chinneadh, ar bhonn comhiomlán, an méid corrlaigh tosaigh breise a fhéadfaidh contrapháirtí lárnach a éileamh agus idirbheart nua á imréiteach. Is ar bhonn slánrochtana amháin a thabharfar rochtain ar an uirlis sin agus ní bheidh torthaí an ionsamhlúcháin ina gceangal. 7. Cuirfidh contrapháirtí lárnach faisnéis maidir leis na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann sé ar fáil dá chomhaltaí imréitigh. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
|
(11) |
in Airteagal 39, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “11. Ní chuirfidh dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát cosc ar chontrapháirtí lárnach a bheith ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 48(5), (6) agus (7) maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna dtaifeadadh sna cuntais dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.” |
(12) |
Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:
|
(13) |
in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach d'údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le rialacha náisiúnta i gcás ina n-iarrfar taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.” |
(14) |
leasaítear Airteagal 63 mar seo a leanas:
|
(15) |
leasaítear Airteagal 64 mar seo a leanas:
|
(16) |
in Airteagal 65, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67, mír 1: “1. Sula ndéanfar aon chinneadh faoi Airteagal 73(1) agus maidir le tráthíocaíocht faoi Airteagal 66, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 73(1), má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun gar-dhamáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó chun gar-dhamáiste suntasach do shláine a chosc, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosc, lena n-áirítear cobhsaíocht nó cruinneas na sonraí a thuairiscítear do stór trádála. I gcás mar sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.”; |
(18) |
In Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Cumhdóidh méid aon táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin réasúnta go léir a thabhóidh ÚEUM i ndáil lena ghníomhaíochtaí clárúcháin agus gníomhaíochtaí maoirseachta ÚEUM agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus leis an gcineál clárúcháin agus maoirseachta a chuirfidhÚEUM i bhfeidhm.”; |
(19) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 76a Rochtain fhrithpháirteach dhíreach ar shonraí 1. I gcás inar gá é chun a ndualgais a fheidhmiú, beidh rochtain dhíreach ag údaráis tríú tíortha ina bhfuil stór trádála amháin nó níos mó ná sin bunaithe ar fhaisnéis i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas ar choinníoll go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 chuige sin. 2. Arna iarraidh sin ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2), lena gcinnfear an gcomhlíonann creat dlíthiúil thríú tír an údaráis iarrthaigh na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(20) |
in Airteagal 78, cuirtear isteach na míreanna mar seo a leanas: “9 Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:
10. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”; |
(21) |
in Airteagal 80, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “5a. I gcás ina n-iarrfar air, tabharfaidh stór trádála do chontrapháirtithe nach bhfuil sé de cheangal orthu sonraí na gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú de bhun Airteagal 9 (1a) go (1d), agus do chontrapháirtithe agus do contrapháirtithe lárnacha a rinne a n-oibleagáid tuairiscithe a tharmligean Airteagal 9(1f), rochtain ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh thar a gceann.”; |
(22) |
leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:
|
(23) |
in Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionadmhíreanna 2 go 6: “2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), Airteagal 70, Airteagail 72(3), agus 85(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, féachfaidh an Coimisiún le dul i gcomhairle le ÚEUM agus rachfar i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), Airteagal 70, Airteagail 72(3), agus 85(2) i bhfeidhm ach amháin mura rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; |
(24) |
leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:
|
(25) |
in Airteagal 86, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas: “3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.”; |
(26) |
in Airteagal 89(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “1. Go dtí an 18 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí infheistíochta a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsean, agus le heintitis a bunaíodh chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí de na socruithe sin i gcás mainneachtain socraithe do scéimeanna pinsean. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo arna ndéanamh ag socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.”; |
(27) |
déantar Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta theacht i bhfeidhm, cé is moite de na pointí seo a leanas:
(a) |
beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointí (10) agus (11) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 38(6) agus (7) agus Airteagal 39(11) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ón 18 Nollaig 2019; |
(b) |
beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointe (7)(b) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 9(1a) go 1(d) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ón 18 Bealtaine 2020; |
(c) |
beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointí (2)(b)agus (20) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 4(3a) agus 78(9) agus (10) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ón 18 Meitheamh 2021. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A.TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 385, 15.11.2017, lch. 10.
(2) IO C 434, 15.12.2017, lch. 63.
(3) An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún, (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(8) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(11) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.8.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
(1) |
i Roinn I, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
(2) |
i Roinn IV, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|