EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0630

Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

PE/2/2019/REV/1

IO L 111, 25.4.2019, p. 4–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 25/04/2019

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/630/oj

25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

4


RIALACHÁN (AE) 2019/630 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuspóir tábhachtach de chuid an Aontais is ea straitéis chuimsitheach a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar risíochtaí neamhthuillmheacha agus an tAontas ag iarraidh an córas airgeadais a dhéanamh níos athléimní. Cé gurb iad na bainc agus na Ballstáit atá freagrach go príomha as aghaidh a thabhairt ar risíochtaí neamhthuillmheacha, is léir go bhfuil gné shoiléir Aontais ag baint freisin le hardstoc reatha risíochtaí neamhthuillmheacha a laghdú, chun aon charnadh iomarcach risíochtaí neamhthuillmheacha a sheachaint amach anseo agus chun cosc a chur ar theacht chun cinn priacail shistéamacha san earnáil neamhbhaincéireachta. I bhfianaise idirnascachta na gcóras baincéireachta agus airgeadais ar fud an Aontais, áit a n-oibríonn bainc i níos mó ná dlínse agus Ballstát amháin, tá baol suntasach ann go dtiocfadh éifeachtaí iarmhartacha ó thaobh fás eacnamaíoch de agus ó thaobh cobhsaíocht airgeadais de araon chun cinn do na Ballstáit agus don Aontas i gcoitinne.

(2)

Carnaíodh risíochtaí neamhthuillmheacha san earnáil baincéireachta mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais. Leis an gcúlú eacnamaíochta ina dhiaidh sin agus an laghdú a tháinig ar phraghsanna tithíochta, cuireadh isteach go mór ar thomhaltóirí. Tá sé ríthábhachtach cosaint a thabhairt do chearta tomhaltóirí i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais amhail Treoracha 2008/48/CE (4) agus 2014/17/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nuair atáthar ag dul i ngleic le saincheist na risíochtaí neamhthuillmheacha. Spreagtar íocaíocht phras ó fhiontair agus ó údaráis phoiblí araon le Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus, leis an Treoir sin, cabhraítear cosc a chur ar an gcineál carnadh risíochtaí neamhthuillmheacha a tharla le linn bhliana na géarchéime airgeadais.

(3)

A bhuí le córas airgeadais comhtháite, cuirfear lena athléimní atá an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta in aghaidh turraingí díobhálacha trí chomhroinnt phríobháideach priacal trasteorann a éascú, agus tríd an ngá atá le comhroinnt phoiblí priacal a laghdú ag an am céanna. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích agus aontas margaí caipitil a fhorbairt tuilleadh. Maidir leis an aontas baincéireachta a neartú, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar charnadh risíochtaí neamhthuillmheacha a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, toisc go mbeidh sé sin ríthábhachtach iomaíochas san earnáil baincéireachta a áirithiú, cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus iasachtú a spreagadh, ar mhaithe le poist agus fás a chruthú laistigh den Aontas.

(4)

Sa “Phlean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip” [“Action plan to tackle non-performing loans in Europe”] uaithi an 11 Iúil 2017, d'iarr an Chomhairle ar institiúidí éagsúla bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an líon ard risíochtaí neamhthuillmheacha atá ann san Aontas agus chun cosc a chur ar charnadh na risíochtaí neamhthuillmheacha amach anseo. Leis an bplean gníomhaíochta, leagtar amach cur chuige cuimsitheach lena ndírítear ar mheascán gníomhaíochtaí comhlántacha beartais i gceithre réimse: (i) maoirseacht; (ii) athchóirithe struchtúracha a dhéanamh ar chreataí um dhócmhainneacht agus um aisghabháil fiachais; (iii) margaí tánaisteacha a fhorbairt do shócmhainní tochsail; (iv) athstruchtúrú an chórais baincéireachta a chothú. Déanfar gníomhaíochtaí sna réimsí sin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb iomchuí. D'fhógair an Coimisiún rún den chineál céanna sa “Teachtaireacht maidir leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích” [“Communication on completing the Banking Union”] uaidh an 11 Deireadh Fómhair 2017, inar iarradh go dtabharfaí pacáiste cuimsitheach isteach i leith dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha laistigh den Aontas.

(5)

Is iad Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an creat dlí lena rialaítear na rialacha stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (dá ngairtear “institiúidí” le chéile). Is é atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, inter alia, forálacha is infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí chun a gcistí dílse a chinneadh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach na rialacha stuamachta reatha maidir le cistí dílse atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlánú trí fhorálacha a chur leo lena gceanglófar asbhaint ó chistí dílse i gcás nach mbeidh risíochtaí neamhthuillmheacha cumhdaithe go leordhóthanach le soláthairtí ná le coigeartuithe eile ann. Go héifeachtach, is é a bheadh i gceist leis an gceanglas sin cúlstop stuamachta a chruthú le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a mbeadh feidhm aonfhoirmeach aige maidir le gach institiúid san Aontas, agus chumhdófaí leis freisin institiúidí atá gníomhach ar an margadh tánaisteach.

(6)

Leis an gcúlstop stuamachta, níor cheart cosc a chur ar údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. I gcás ina bhfaighidh údaráis inniúla amach ar bhonn cás ar chás gurb amhlaidh, beag beann ar chur i bhfeidhm an chúlstop stuamachta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a bhunaítear leis an Rialachán seo, nach bhfuil na risíochtaí neamhthuillmheacha de chuid institiúid ar leith cumhdaithe go leordhóthanach, ba cheart dóibh a bheith in ann leas a bhaint as na cumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE, lena n-áirítear an chumhacht ceangal a chur ar institiúidí beartas soláthair ar leith nó láimhseáil sócmhainní i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is féidir leis na húdaráis inniúla, ar bhonn cás ar chás, dul thar na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo chun cumhdach leordhóthanach a áirithiú do risíochtaí neamhthuillmheacha.

(7)

Chun críocha an cúlstop stuamachta a chur i bhfeidhm, is iomchuí sraith coinníollacha shoiléir a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun risíochtaí neamhthuillmheacha a aicmiú. Ós rud é go leagtar síos cheana le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún (9) critéir maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha tuairiscithe maoirseachta, is iomchuí go gcuirfí aicmiú na risíochtaí neamhthuillmheacha leis an gcreat reatha sin. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, déantar tagairt do risíochtaí a mhainnigh mar a shainmhínítear chun críocha ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal creidmheasa agus risíochtaí lagaithe de bhun an chreata cuntasaíochta is infheidhme. Ós rud é go bhféadfadh bearta staonta tionchar a imirt ar cé acu a aicmeofar nó nach n-aicmeofar risíocht mar risíocht neamhthuillmheach, is ag gabháil leis na critéir aicmiúcháin atá critéir shoiléire maidir le tionchar na mbeart staonta. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag bearta staonta stádas aisíocaíochta tuillmheach inbhuanaithe a thabhairt ar ais don iasachtaí agus ba cheart dóibh dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, ach d'fhéadfadh cúiseanna agus iarmhairtí difriúla a bheith i gceist leo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh nár cheart, de bharr beart staonta a dheonófar do risíocht neamhthuillmheach, scor den risíocht sin a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar dianchritéir scoir.

(8)

Dá fhad risíocht ina risíocht neamhthuillmheach, is ea is ísle dóchúlacht téarnaimh a luacha. Dá bhrí sin, ba cheart sciar na risíochta ar cheart é a bheith cumhdaithe le soláthairtí, le coigeartuithe eile nó le hasbhaintí a mhéadú le himeacht ama, de réir féilire réamhshainithe. Dá bhrí sin, ba cheart risíochtaí neamhthuillmheacha arna gceannach ag institiúid a bheith faoi réir féilire a thosaíonn ón dáta ar aicmíodh an risíocht neamhthuillmheach mar risíocht neamhthuillmheach, agus ní ón dáta ar ceannaíodh í. Chun na críche sin, ba cheart don díoltóir an ceannaitheoir a chur ar an eolas maidir leis an dáta ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

(9)

Ba cheart díscríobh i bpáirt a chur san áireamh agus na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa á ríomh. Chun nach gcomhairfear an díscríobh faoi dhó, is gá luach bunaidh na risíochta roimh an díscríobh i bpáirt a úsáid. Le díscríobh i bpáirt a áireamh ar liosta na n-ítimí ar féidir a úsáid chun ceanglais an chúlstop a chomhlíonadh, ba cheart institiúidí a spreagadh chun díscríobh a aithint ar bhealach tráthúil. I gcás risíochtaí neamhthuillmheacha arna gceannach ag institiúid ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, ba cheart don cheannaitheoir caitheamh leis an difríocht idir an praghas ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar an mbealach céanna agus a chaithfí le díscríobh i bpáirt chun críocha an chúlstop stuamachta.

(10)

Meastar go ginearálta go mbeidh an caillteanas a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe níos lú ná an caillteanas a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha neamhurraithe toisc gurb amhlaidh, leis an gcosaint chreidmheasa lena n-urraítear an risíocht neamhthuillmheach, go dtugtar don institiúid éileamh sonrach ar shócmhainn nó in aghaidh tríú páirtí, sa bhreis ar an éileamh ginearálta atá ag an institiúid in aghaidh an iasachtaí a mhainnigh. I gcás risíocht neamhthuillmheach neamhurraithe, ní bheadh aon éileamh ar fáil cé is moite den éileamh ginearálta in aghaidh an iasachtaí a mhainnigh. I bhfianaise an chaillteanais níos airde a mheastar a bheidh ann i gcás risíochtaí neamhthuillmheacha neamhurraithe, ba cheart féilire níos déine a chur i bhfeidhm ina leith.

(11)

Maidir le risíocht nach bhfuil cumhdaithe ach go páirteach le cosaint chreidmheasa incháilithe, ba cheart an chuid atá cumhdaithe le cosaint chreidmheasa incháilithe a mheas mar a bheith urraithe agus an chuid nach bhfuil cumhdaithe le cosaint chreidmheasa incháilithe a mheas mar a bheith neamhurraithe. Chun na codanna de risíochtaí neamhthuillmheacha a láimhseálfar mar bheith urraithe nó neamhurraithe a chinneadh, ba cheart na critéir incháilitheachta le haghaidh cosaint chreidmheasa agus le haghaidh morgáistí a urraítear go hiomlán a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcur chuige iomchuí faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an coigeartú luacha is infheidhme.

(12)

Ba cheart an féilire céanna a chur i bhfeidhm beag beann ar an gcúis ina bhfuil an risíocht neamhthuillmheach. Ba cheart an cúlstop stuamachta a chur i bhfeidhm de réir leibhéal risíochta. Ba cheart feidhm a bheith ag féilire trí bliana i gcás risíochtaí neamhthuillmheacha neamhurraithe. Chun go mbeidh institiúidí agus na Ballstáit in ann feabhas a chur ar éifeachtúlacht an athstruchtúraithe nó éifeachtúlacht na nósanna imeachta forfheidhmithe, agus chun a aithint go mbeidh luach iarmhair ar feadh tréimhse níos faide ama ag risíocht neamhthuillmheach a urraítear le comhthaobhacht dhochorraithe agus iasachtaí cónaitheacha a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis don iasacht a bheith aicmithe mar iasacht neamhthuillmheach, is iomchuí foráil a dhéanamh d'fhéilire naoi mbliana. Ba cheart feidhm a bheith ag féilire seacht mbliana i gcás risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe eile chun an cumhdach iomlán a charnadh.

(13)

Ba cheart a bheith in ann bearta staonta a chur san áireamh chun an fachtóir cumhdaigh ábhartha a chur i bhfeidhm. Chun a bheith níos cruinne, ba cheart leanúint den risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, ach ba cheart don cheanglas cumhdaigh a bheith cobhsaí go ceann bliain eile. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bhfachtóir a bheadh infheidhme le linn na bliana inar deonaíodh an beart staonta go ceann dhá bhliain. I gcás ina mbeidh an risíocht fós neamhthuillmheach, nuair a rachaidh an bhliain bhreise sin in éag, ba cheart an fachtóir infheidhme a chinneadh amhail is nár deonaíodh aon bheart staonta, agus an dáta ar aicmíodh an risíocht den chéad uair mar risíocht neamhthuillmheach á chur san áireamh. Ós rud é nár cheart aon arbatráiste eascairt as na bearta staonta sin a dheonú, níor cheart an bhliain bhreise sin a cheadú ach i leith an chéad bhirt staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach. Ina theannta sin, níor cheart síneadh a chur leis an bhféilire soláthair mar gheall ar an tréimhse bliana ina mbíonn an fachtóir cumhdaigh gan athrú. Mar thoradh air sin, níor cheart moill a chur ar chumhdach iomlán na risíochta neamhurraithe le haon bheart staonta a dheonaítear sa tríú bliain tar éis an risíocht neamhthuillmheach a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach le haghaidh risíochtaí neamhurraithe, nó, sa seachtú bliain tar éis an risíocht neamhthuillmheach a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach le haghaidh risíochtaí urraithe.

(14)

Chun a áirithiú go leanfar de chur chuige stuama le linn risíochtaí neamhthuillmheacha na n-institiúidí a luacháil ó thaobh cosaint chreidmheasa de, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le modheolaíocht chomhchoiteann a thabhairt isteach, go háirithe maidir le toimhdí a bhaineann le hin-aisghabhálacht agus le hin-fhorfheidhmitheacht, agus an mhodheolaíocht sin a fhorbairt, más gá, agus, b'fhéidir, ceanglais íosta maidir le hathluacháil na cosanta creidmheasa ó thaobh uainithe de a chur san áireamh.

(15)

Chun aistriú réidh a éascú chuig an gcúlstop stuamachta nua, níor cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm i leith risíochtaí arna dtionscnamh roimh an 26.4.2019.

(16)

Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a thugtar isteach leis an Rialachán seo go tráthúil, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an dáta tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 36(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(m)

méid infheidhme an chumhdaigh neamhdhóthanaigh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 47a

Risíochtaí neamhthuillmheacha

1.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar le risíocht aon cheann de na hítimí seo a leanas, ar choinníoll nach gcuirtear iad ar áireamh i leabhar trádála na hinstitiúide:

(a)

ionstraim fiachais, lena n-áirítear urrús fiachais, iasacht, airleacan, agus taisce phrapéilimh;

(b)

gealltanas iasachta a tugadh, ráthaíocht airgeadais a tugadh nó aon ghealltanas eile a tugadh, is cuma cé acu atá sé in-chúlghairthe nó neamh-inchúlghairthe, cé is moite de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a fhéadfar a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó a bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú mar thoradh ar mheathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí.

2.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon ionstraime fiachais cothrom leis an luach cuntasaíochta atá uirthi, rud a thomhaisfear gan aon choigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa, coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1), laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht nó díscríobh i bpáirt arna ndéanamh ag an institiúid ón tráth deireanach ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach a chur san áireamh.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar luach risíochta ionstraime fiachais a ceannaíodh ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon cheangaltais iasachta a thugtar, aon ráthaíochta airgeadais a thugtar nó aon cheangaltas eile a thugtar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo cothrom leis an luach ainmniúil atá air nó uirthi, rud a bheidh cothrom le risíocht uasta na hinstitiúide ar phriacal creidmheasa gan aird a thabhairt ar aon chosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe. Beidh luach ainmniúil aon cheangaltais iasachta a tugadh cothrom leis an méid neamhtharraingthe ar gheall an institiúid go dtabharfadh sí ar iasacht é agus beidh luach ainmniúil aon ráthaíochta airgeadais a tugadh cothrom leis an méid uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an eintiteas a íoc dá nglaofaí an ráthaíocht.

Ní chuirfear san áireamh leis an luach ainmniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo aon choigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa, aon choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) nó laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht.

3.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), aicmeofar na risíochtaí seo a leanas mar risíochtaí neamhthuillmheacha:

(a)

risíocht ar ina leith a mheastar go raibh mainneachtain ann i gcomhréir le hAirteagal 178;

(b)

risíocht a mheastar a bheith lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(c)

risíocht atá faoi phromhadh de bhun mhír 7, i gcás ina ndeonaítear bearta staonta breise nó ina bhfuil an risíocht thar téarma níos faide ná 30 lá;

(d)

risíocht atá i bhfoirm ceangaltas ar dóigh nach n-aisíocfaí ina hiomláine é gan comhthaobhacht a réadú dá dtarraingeofaí anuas é nó dá n-úsáidfí ar shlí eile é;

(e)

risíocht atá i bhfoirm ráthaíocht airgeadais ar dóigh go nglaofaidh an páirtí ráthaithe í, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann an risíocht ráthaithe fholuiteach na critéir maidir lena meas mar bheith neamhthuillmheach.

Chun críche phointe (a), i gcás ina bhfuil risíochtaí sa chlár comhardaithe ag institiúid ar oibleagáideoir, ar risíochtaí iad atá thar téarma níos faide ná 90 lá agus a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 % de na risíochtaí uile sa chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin, measfar gach risíocht sa chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin a bheith neamhthuillmheach.

4.   Maidir le risíochtaí nach bhfuil faoi réir aon bhirt staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann an risíocht na critéir imeachta a chuireann an institiúid i bhfeidhm chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178;

(b)

tá an oiread sin feabhais tagtha ar staid an oibleagáideora gur deimhin leis an institiúid gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil;

(c)

ní ag an oibleagáideoir aon mhéid atá thar téarma níos faide ná 90 lá.

5.   Ní scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina n-aicmeofar risíocht neamhthuillmheach mar shócmhainn neamhreatha atá á sealbhú lena díol i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

6.   Maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha atá faoi réir bearta staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá scortha ag na risíochtaí sin de bheith i staid a d'fhágfadh go n-aicmeofaí iad mar risíochtaí neamhthuillmheacha faoi mhír 3;

(b)

tá bliain amháin ar a laghad imithe thart ón dáta a deonaíodh na bearta staonta nó ón dáta a aicmíodh na risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha, cibé tráth acu is déanaí;

(c)

níl aon mhéid thar téarma ann tar éis na mbeart staonta agus is deimhin leis an institiúid, bunaithe ar an anailís ar staid airgeadais an oibleagáideora, gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i leith na risíochta.

Ní mheasfar gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t-oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

an méid a bhí thar téarma sular deonaíodh an beart staonta, i gcás ina raibh méideanna thar téarma ann;

(b)

an méid a díscríobhadh faoi na bearta staonta a deonaíodh, i gcás nach raibh aon mhéideanna thar téarma ann.

7.   I gcás ina scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach de bhun mhír 6, beidh an risíocht sin faoi phromhadh go dtí go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

chuaigh dhá bhliain ar a laghad thart ón dáta a athaicmíodh an risíocht atá faoi réir bearta staonta mar risíocht thuillmheach;

(b)

rinneadh íocaíochtaí rialta tráthúla le linn leath na tréimhse ar a laghad ina raibh an risíocht faoi phromhadh, rud a d'fhág gur íocadh méid comhiomlán suntasach príomhshuime nó úis;

(c)

níl aon cheann de na risíochtaí ar an oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 30 lá.

Airteagal 47b

Bearta staonta

1.   Is é atá i gceist le beart staonta aon lamháltas a dhéanfaidh institiúid i leith oibleagáideoir a bhfuil deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige. Féadfar caillteanas don iasachtóir a bheith i gceist le lamháltas agus bainfidh sé le ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

athrú ar théarmaí agus ar choinníollacha oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athrú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh;

(b)

athmhaoiniú iomlán nó páirteach oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athmhaoiniú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh.

2.   Measfar gur bearta staonta iad na staideanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha roimhe sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;

(b)

téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha arna dtairiscint ag an institiúid chéanna d'oibleagáideoirí a raibh próifíl priacal den chineál céanna acu ag an am sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;

(c)

bhí an risíocht faoi na téarmaí conartha tosaigh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sula ndearnadh an t-athrú ar na téarmaí conartha nó bheadh an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach dá mba rud é nach ndearnadh aon athrú ar na téarmaí conartha;

(d)

is é an toradh atá ar an mbeart gur cuireadh an oibleagáid fiachais iomlán nó cuid di ar ceal;

(e)

formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus bhí an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sular feidhmíodh na clásail sin, nó d'aicmeofaí an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach mura bhfeidhmeofaí na clásail sin;

(f)

tráth a deonaíodh an fiachas, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach nó a bheadh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach mura ndéanfaí na híocaíochtaí sin;

(g)

is é atá i gceist leis an athrú ar théarmaí an chonartha aisíocaíochtaí a dhéanamh trí sheilbh a ghlacadh ar chomhthaobhacht, i gcás inarb ionann athrú den sórt sin agus lamháltas.

3.   Tá na himthosca seo a leanas ina dtáscairí á léiriú go bhféadfadh gur glacadh bearta staonta:

(a)

bhí an conradh tosaigh thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sula ndearnadh athrú air nó bheadh sé thar téarma níos faide ná 30 lá mura ndéanfaí aon athrú air;

(b)

tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa i gcrích, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sular deonaíodh an fiachas nua;

(c)

formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus tá an risíocht thar téarma 30 lá nó bheadh an risíocht thar téarma 30 lá mura bhfeidhmeofaí na clásail sin.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfar deacrachtaí atá ag oibleagáideoir i ndáil lena ghealltanais airgeadais a shásamh a mheas ar leibhéal an oibleagáideora, agus aird á tabhairt ar na heintitis dhlíthiúla uile atá i ngrúpa an oibleagáideora agus atá i gcomhdhlúthú cuntasaíochta an ghrúpa, agus na daoine nádúrtha a rialaíonn an grúpa sin.

Airteagal 47c

Asbhaint le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

1.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), is tríd an méid a chinnfear i bpointe (b) den mhír seo a dhealú ón méid a chinnfear i bpointe (a) den mhír seo a chinnfidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme le haghaidh gach risíochta neamhthuillmhí ar leithligh a asbhainfear ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, i gcás inar mó an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) ná an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b):

(a)

suim na nithe seo a leanas:

(i)

an chuid neamhurraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 2;

(ii)

an chuid urraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 3;

(b)

suim na n-ítimí seo a leanas ar choinníoll go mbaineann siad leis an risíocht neamhthuillmheach chéanna:

(i)

coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa;

(ii)

coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105;

(iii)

laghduithe eile ar chistí dílse;

(iv)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha, dearbhluach na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha, i gcás ina gcinnfear an dearbhluach is inchurtha i leith gach risíochta neamhthuillmhí trí na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a iolrú faoin rannchuidiú a dhéanfaidh an méid caillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochta neamhthuillmhí maidir leis na méideanna iomlána caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí a mhainnigh nó nár mhainnigh, de réir mar is infheidhme;

(v)

i gcás ina gceannófar risíocht neamhthuillmheach ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí;

(vi)

méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

Is í an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach an chuid den risíocht a mheastar, chun críche ceanglais cistí dílse de bhun Theideal II de Chuid a Trí a ríomh, go bhfuil sí cumhdaithe le cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe nó urraithe go huile agus go hiomlán le morgáistí.

Comhfhreagraíonn an chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach don difríocht, más ann di, idir luach na risíochta dá dtagraítear in Airteagal 47a(1) agus an chuid urraithe den risíocht, más ann di.

2.   Chun críocha phointe (a)(i) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a)

0,35 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(b)

1 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

3.   Chun críocha phointe (a)(ii) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a)

0,25 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(b)

0,35 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(c)

0,55 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(d)

0,70 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(e)

0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(f)

0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(g)

1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(h)

0,85 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den naoú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(i)

1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den deichiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.

4.   De mhaolú ar mhír 3, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den risíocht neamhthuillmheach arna rathú nó arna hárachú ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil:

(a)

0 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir bliain amháin agus seacht mbliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach; agus

(b)

1 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.

5.   Déanfaidh ÚBE measúnú ar an raon cleachtas a chuirtear i bhfeidhm chun risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe a luacháil agus féadfaidh sé treoirlínte a fhorbairt chun modheolaíocht chomhchoiteann a shonrú, lena n-áirítear ceanglais íosta fhéideartha i leith athluacháil ó thaobh modhanna uainithe agus modhanna ad hoc de, i leith luacháil stuamachta a dhéanamh ar chineálacha incháilithe cosanta creidmheasa cistithe agus neamhchistithe, go háirithe maidir le toimhdí a bhaineann le hin-aisghabhálacht agus le hin-fhorfheidhmitheacht. Féadfar a áireamh leis na treoirlínte sin modheolaíocht chomhchoiteann chun an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

Eiseofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir bliain amháin agus dhá bhliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 2 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.

De mhaolú ar mhír 3, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir dhá bhliain agus sé bliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 3 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis an gcéad bheart staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.”;

(3)

sa chéad fhomhír d'Airteagal 111(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“1.   Beidh luach na risíochta ar ítim shócmhainne cothrom leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, na coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne a chur i bhfeidhm. Beidh luach na risíochta ar ítim shócmhainne lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I cothrom leis an gcéatadán seo a leanas dá luach ainmniúil tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a laghdú agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1):”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 127(1):

“1.   I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ar ina leith a mhainnigh an t-oibleagáideoir i gcomhréir le hAirteagal 178, nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacail atá cothrom leis na nithe seo a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid chreidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:

(a)

150 %, i gcás ina mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm;

(b)

100 %, i gcás nach mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 159:

“Airteagal 159

Láimhseáil mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh

Dealóidh na hinstitiúidí méideanna an chaillteanais ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) ó na coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, ó choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí sin, ach amháin i gcás na n-asbhaintí arna ndéanamh i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1). Láimhseálfar lascainí ar risíochtaí sa chlár comhardaithe arna gceannach agus iad ar mainneachtain i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 166(1) ar an mbealach céanna a láimhseálfar coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa. Ní úsáidfear coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ar risíochtaí ar mainneachtain chun méideanna caillteanais ionchasaigh ar risíochtaí eile a chumhdach. Ní áireofar sa ríomh sin méideanna caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí urrúsaithe agus le haghaidh coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis na risíochtaí sin.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 178(1):

“(b)

tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí. Féadfaidh údaráis inniúla 180 lá a chur in ionad na 90 lá i gcás risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe nó ag maoin dhochorraithe tráchtála de chuid FBM atá in aicme na risíochta ar mhiondíol, agus i gcás risíochtaí ar eintitis earnála poiblí. Ní bheidh feidhm ag na 180 lá chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) nó Airteagal 127.”;

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 469a

Maolú ar asbhaintí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

De mhaolú ar phointe (m) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfaidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith risíochtaí neamhthuillmheacha a asbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás inar tionscnaíodh an risíocht roimh an 26.4.2019.

I gcás ina ndéanfaidh institiúid téarmaí agus coinníollacha risíochta a tionscnaíodh roimh an 26.4.2019 a athrú ar bhealach a mhéadóidh risíocht na hinstitiúide ar an oibleagáideoir, measfar gur tionscnaíodh an risíocht ar an dáta atá feidhm ag an athrú agus scoirfear í de bheith faoi réir an mhaolaithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 79, 4.3.2019, lch. 1.

(2)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(5)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(6)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).


Top