This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32011R1232
Regulation (EU) No 1232/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 November 2011 amending Council Regulation (EC) No 428/2009 setting up a Community regime for the control of exports, transfer, brokering and transit of dual-use items
Rialachán (AE) Uimh. 1232/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras
Rialachán (AE) Uimh. 1232/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras
IO L 326, 8.12.2011, p. 26–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 08/09/2021; Arna aisghairm le 32021R0821
8.12.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/26 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1232/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Samhain 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (2), ceanglaítear ítimí dé-úsáide (lena n-áirítear bogearraí agus teicneolaíocht) a bheith faoi réir rialaithe éifeachtaigh agus iad á n-onnmhairiú ón Aontas nó nuair a dhéanann siad idirthuras tríd an Aontas, nó nuair a dhéantar iad a sheachadadh chuig tríú tír mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta arna soláthar ag bróicéir atá ina chónaí nó atá bunaithe san Aontas. |
(2) |
Is inmhianaithe cur i bhfeidhm comhionann agus comhsheasmhach rialuithe a bhaint amach ar fud an Aontais, chun iomaíocht éagórach a sheachaint i measc onnmhaireoirí Aontais, raon feidhme na nÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas agus coinníollacha a n-úsáide a chomhchuibhiú i measc onnmhaireoirí Aontais agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe slándála a áirithiú san Aontas. |
(3) |
Ina Theachtaireacht dar dáta 18 Nollaig 2006, mhol an Coimisiún Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin nua ón Aontas a chruthú d’fhonn cumas iomaíochta an tionscail a fheabhsú, agus machaire réidh a bhaint amach i gcomhair onnmhaireoirí uile an Aontais Eorpaigh le linn dóibh ítimí dé-úsáide sonracha áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe sonracha áirithe agus ag an am céanna, ardleibhéal slándála a áirithiú agus comhlíonadh iomlán oibleagáidí idirnáisiúnta a áirithiú. |
(4) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1334/2000 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2000 lena mbunaítear córas Comhphobail chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú ítimí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide (3) a aisghairm le héifeacht ón 27 Lúnasa 2009. Leanfaidh na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2000 d’fheidhm a bheith acu i gcás iarratais ar údaruithe onnmhairiúcháin a rinneadh roimh an dáta sin, áfach. |
(5) |
Chun Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin nua ón Aontas a chruthú le haghaidh ítimí dé-úsáide sonracha áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe sonracha áirithe, is gá forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú trí bhíthin Iarscríbhinní nua a chur leis. |
(6) |
Ba cheart go gcuirfí an fhéidearthacht ar fáil d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe toirmeasc a chur ar na hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 arna leasú leis an Rialachán seo. |
(7) |
Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, déantar trádbhaic arm faoi chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a ghlacadh le Cinntí ón gComhairle. De bhun Airteagal 9 de Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha, táthar chun éifeachtaí dlíthiúla comhsheasamh a ghlac an Chomhairle faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú agus na Conarthaí á gcur chun feidhme. |
(8) |
Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 leis seo mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:
|
(2) |
in Airteagal 4(2), cuirtear na focail “arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh” in ionad “arna chinneadh le comhsheasamh nó le comhghníomhaíocht”; |
(3) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(4) |
sa chéad abairt d’Airteagal 11(1), cuirtear tagairt do “Iarscríbhinn IIa” in ionad na tagartha do “Iarscríbhinn II”; |
(5) |
in Airteagal 12(1)(b), cuirtear na focail “cinneadh nó comhsheasamh” in ionad “comhsheasamh nó comhghníomhaíocht”; |
(6) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. Déanfar na fógraí uile a cheanglaítear faoin Airteagal seo trí bhíthin meán slán leictreonach lena n-áirítear an córas dá dtagraítear in Airteagal 19(4).”; |
(7) |
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
(8) |
cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 23: “3. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí, scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-úsáid, a bheidh faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (4). |
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: “Airteagal 25 1. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 24. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar aghaidh chuig na Ballstáit eile. 2. Gach trí bliana déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach um chur chun feidhme agus um measúnú tionchair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus féadfaidh sé go mbeidh tograí san áireamh sa tuarascáil i ndáil leis an Rialachán a leasú. Tabharfaidh Ballstáit an fhaisnéis uile is iomchuí don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú. 3. I ranna speisialta de chuid na tuarascála déileálfar leis na nithe seo a leanas:
4. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar tuarascáil í lena ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus díreofar léi go speisialta ar chur chun feidhme Iarscríbhinn IIb, Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU002 ón Aontas, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú, go háirithe maidir leis an tsaincheist i dtaobh lastais ar luach íseal.”; |
(10) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 25a Gan dochar do na forálacha a bhaineann le comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach riaracháin nó le prótacail i gcúrsaí custaim arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha, féadfaidh an Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún comhaontuithe a chaibidil le tríú tíortha lena bhforálfar d’aitheantas frithpháirteach maidir le rialuithe onnmhairiúcháin i ndáil le hítimí dé-úsáide arna gcumhdach leis an Rialachán seo agus go háirithe chun na ceanglais údarúcháin i leith athonnmhairí laistigh de chríoch an Aontais a dhíchur. Déanfar an chaibidlíocht seo a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú in Airteagal 207(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, de réir mar is iomchuí.”; |
(11) |
athuimhrítear Iarscríbhinn II mar Iarscríbhinn IIa agus leasaítear mar a leanas í:
|
(12) |
cuirtear isteach Iarscríbhinní IIb go IIg mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
W. SZCZUKA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2011.
(2) IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.
(3) IO L 159, 30.6.2000, lch. 1.
(4) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.”;
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN IIb
ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU 002 ÓN AONTAS
(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)
Ítimí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú chuig cinn scríbe áirithe
An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach
Cuid 1 — Ítimí
Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, déantar na hítimí dé-úsáide seo a leanas atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach:
— |
1A001, |
— |
1A003, |
— |
1A004, |
— |
1C003 b-c, |
— |
1C004, |
— |
1C005, |
— |
1C006, |
— |
1C008, |
— |
1C009, |
— |
2B008, |
— |
3A001a3, |
— |
3A001a6-12, |
— |
3A002c-f, |
— |
3C001, |
— |
3C002, |
— |
3C003, |
— |
3C004, |
— |
3C005, |
— |
3C006. |
Cuid 2 — Cinn scríbe
Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:
— |
An Airgintín, |
— |
An Chróit, |
— |
An Íoslainn, |
— |
An Afraic Theas, |
— |
An Chóiré Theas, |
— |
An Tuirc. |
Cuid 3 — Coinníollacha agus ceanglais úsáide
1. |
Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:
|
2. |
Ní mór d’onnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua i mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair agus a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU002 ón Aontas sa bhosca céanna. |
3. |
Ní mór d’aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, ina mhalairt de chás, agus i gcomhréir le ceanglas údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ar ina leith a tugadh fógra dó a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a chuirtear ag gabháil le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus i ngach cás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo. I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara mír agus sa tríú mír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid údaraithe ginearálta náisiúnta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin. |
IARSCRÍBHINN IIc
ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU 003 ÓN AONTAS
(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)
Onnmhairiú tar éis deisiúcháin/athsholáthair
An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach
Cuid 1 — Ítimí
1. |
Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide uile atá sonraithe in aon cheann de na hiontrálacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas na hítimí sin atá liostaithe i mír 2 thíos:
|
2. |
Ítimí atá eisiata:
|
Cuid 2 — Cinn scríbe
Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:
|
An Albáin |
|
An Airgintín |
|
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin |
|
An Bhrasaíl |
|
An tSile |
|
An tSín (lena n-áirítear Hong Cong agus Macao) |
|
An Chróit |
|
Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine |
|
Críocha Thar Lear na Fraince |
|
An Íoslainn |
|
An India |
|
An Chasacstáin |
|
Meicsiceo |
|
Montainéagró |
|
Maracó |
|
An Rúis |
|
An tSeirbia |
|
Singeapór |
|
An Afraic Theas |
|
An Chóiré Theas |
|
An Túinéis |
|
An Tuirc |
|
An Úcráin |
|
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha |
Cuid 3 — Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid
1. |
Ní fhéadfar an t-údarú seo a úsáid ach i gcás ina ndearnadh an t-onnmhairiú tosaigh faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas nó nuair a dheonaigh údaráis inniúla an Bhallstáit ina raibh an bun-onnmhaireoir bunaithe údarú tosaigh onnmhairiúcháin chun ítimí a onnmhairiú a ndearnadh a athallmhairiú ina dhiaidh sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh lena gcothabháil, lena ndeisiú nó lena n-athsholáthar agus sna cásanna sin amháin. Is le haghaidh onnmhairí chuig an úsáideoir deiridh bunaidh, agus lena n-aghaidh sin amháin, atá an t-údarú ginearálta sin bailí. |
2. |
Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:
|
3. |
Ar aon cheann de na hítimí a onnmhairiú dóibh de bhun an údaraithe seo, ní mór d’onnmhaireoirí:
|
4. |
Ní mór d’aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó ina mhalairt de chás, agus i gcomhréir le ceanglas de chuid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ar ina leith a tugadh fógra dó a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar an onnmhaireoir atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus i ngach cás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo. I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe ginearálta náisiúnta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin. |
5. |
Cuimsítear leis an údarú seo ítimí atá ceaptha do ‘deisiú’, ‘athsholáthar’ agus do ‘cothabháil’. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leis sin feabhsú teagmhasach a dhéanamh ar na hearraí bunaidh, mar shampla, feabhsuithe a éiríonn as páirteanna spártha nua-aimseartha a úsáid nó a éiríonn as caighdeáin tógála níos úire a chur i bhfeidhm ar mhaithe le hiontaofacht nó sábháilteacht, ar an gcoinníoll nach bhfeabhsófar leo cumas feidhmeach na n-ítimí ná nach gcuirfidh siad feidhmeanna breise leo. |
IARSCRÍBHINN IId
ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU004 ÓN AONTAS
(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)
Onnmhairiú sealadach le haghaidh taispeántais nó aonaigh
An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach
Cuid 1 — Ítimí
Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide uile atá sonraithe in aon cheann de na hiontrálacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas:
(a) |
gach ítim a liostaítear in Iarscríbhinn IIg; |
(b) |
gach ítim atá i Roinn D agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo (ní áirítear leis seo bogearraí atá riachtanach do fheidhmiú cuí an trealaimh chun críocha léirithe); |
(c) |
gach ítim atá i Roinn E a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(d) |
na hítimí seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
Cuid 2 — Cinn scríbe
Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:
An Albáin, an Airgintín, an Chróit, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhrasaíl, an tSile, an tSín (lena n-áirítear Hong Cong agus Macao), Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Críocha Thar Lear na Fraince, an Íoslainn, an India, an Chasacstáin, Meicsiceo, Montainéagro, Maracó, an Rúis, an tSeirbia, Singeapór, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Túinéis, an Tuirc, an Úcráin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Cuid 3 — Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid
1. |
Údaraítear leis an údarú seo na hítimí atá liostaithe i gCuid 1 a onnmhairiú ar an gcoinníoll gur onnmhairiú sealadach le haghaidh taispeántais nó aonaigh, arna shainmhíniú i bpointe 6, atá san onnmhairiú agus go ndéantar na hítimí, i riocht iomlán gan mhodhnú, a athallmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh laistigh de thréimhse 120 lá tar éis an onnmhairiúcháin tosaigh. |
2. |
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe de réir mar a shainítear in Airteagal 9(6) den Rialachán seo, an ceanglas ar dá réir nach mór na hítimí a athallmhairiú mar atá luaite i mír 1 a tharscaoileadh arna iarraidh sin don onnmhaireoir. Chun an ceanglas a tharscaoileadh, beidh feidhm dá réir sin ag an nós imeachta um údaruithe aonair a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 14(1) den Rialachán seo. |
3. |
Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:
|
4. |
I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair, ní mór d’onnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua agus beidh orthu a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU004 ón Aontas. |
5. |
Aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo, ní mór dó fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, mar mhalairt air sin, agus i gcomhréir le ceanglas údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gcuirfear fógra ina leith chuige a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn an fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo. I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a fhorálann d’údaruithe den sórt sin. |
6. |
Chun críocha an údaraithe seo, ciallaíonn ‘taispeántas nó aonach’ imeachtaí tráchtála a mhaireann ar feadh tréimhse ar leith mar a ndéanann roinnt taispeántóirí éagsúla cur i láthair ar a gcuid táirgí os comhair cuairteoirí trádála nó os comhair an phobail i gcoitinne. |
IARSCRÍBHINN IIe
ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU005 ÓN AONTAS
(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)
Teileachumarsáid
An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach
Cuid 1 — Ítimí
Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide seo a leanas atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:
(a) |
na hítimí a leanas a bhaineann le Catagóir 5, Cuid l:
|
(b) |
teicneolaíocht atá á rialú ag 5E001a, nuair atá gá léi chun ítimí a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú agus atá ceaptha don úsáideoir deiridh céanna. |
Cuid 2 — Cinn Scríbe
Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:
An Airgintín, an tSín (lena n-áirítear Hong Cong agus Macao), an Chróit, an India, an Rúis, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Tuirc, an Úcráin.
Cuid 3 — Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid
1. |
Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú:
|
2. |
I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair, ní mór do na honnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua agus a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU005 ón Aontas. |
3. |
Aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo, ní mór dó fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, mar mhalairt air sin, agus i gcomhréir le ceanglas de chuid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gcuirfear fógra chuige ina leith a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn an fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo. I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin. |
IARSCRÍBHINN IIf
ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU006 ÓN AONTAS
(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)
Ceimiceáin
Cuid 1 — Ítimí
Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
1C350:
|
|
1C450 a:
|
|
1C450 b:
|
Cuid 2 — Cinn Scríbe
Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:
An Airgintín, an Chróit, an Íoslainn, an Chóiré Theas, an Tuirc, an Úcráin.
Cuid 3 — Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid
1. |
Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:
|
2. |
I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair, ní mór do na honnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua agus a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU006 ón Aontas. |
3. |
Aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo, ní mór dó fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, mar mhalairt air sin, agus i gcomhréir le ceanglas de chuid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin a bheidh roghnaithe don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gcuirfear fógra chuige ina leith a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn an fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an tÚdarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo. I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin. |
IARSCRÍBHINN IIg
(Liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn IIa, Iarscríbhinn IIc agus Iarscríbhinn IId a ghabhann leis an Rialachán seo)
Ní i gcónaí a bhíonn tuairisc iomlán sna hiontrálacha ar na hítimí agus ar na nótaí gaolmhara in Iarscríbhinn I. Is in Iarscríbhinn I amháin atá tuairisc iomlán ar na hítimí sin.
Ní dhéantar aon difear do chur i bhfeidhm an Nóta Ghinearálta Bogearraí (GSN) in Iarscríbhinn I má luaitear ítim san Iarscríbhinn seo.
— |
Gach ítim atá sonraithe in Iarscríbhinn IV. |
— |
0C001 ‘úráiniam nádúrtha’ nó ‘úráiniam laghdaithe’ nó tóiriam i bhfoirm miotail, cóimhiotail, cumaisc cheimicigh nó tiúcháin agus aon ábhar eile ina bhfuil aon cheann de na nithe sin. |
— |
0C002 ‘Ábhar speisialta inscoilte’ amach uathu sin atá sonraithe in Iarscríbhinn IV. |
— |
0D001 ‘Bogearraí’ a ceapadh nó a coigeartaíodh go speisialta chun earraí atá sonraithe i gCatagóir 0 a ‘forbairt’, a ‘táirgeadh’ nó a ‘úsáid’, a mhéid a bhaineann siad le 0C001 nó leis na hearraí sin in 0C002 atá eisiata ó Iarscríbhinn IV. |
— |
0E001 ‘Teicneolaíocht’ i gcomhréir leis an Nóta Teicneolaíochta Núicléach chun earraí atá sonraithe i gCatagóir 0 a ‘forbairt’, a ‘táirgeadh’ nó a ‘úsáid’, a mhéid a bhaineann siad le 0C001 nó leis na hearraí sin in 0C002 atá eisiata ó Iarscríbhinn IV. |
— |
1A102 Comhghabhálais charbóin-carbóin phirealaithe athsáitithe a ceapadh i gcomhair feithiclí láinseála spásárthaí atá sonraithe in 9A004 nó i gcomhair roicéad sondála atá sonraithe in 9A104. |
— |
1C351 Pataiginí daonna, zónóisí agus ‘tocsainí’. |
— |
1C352 Pataiginí ainmhithe. |
— |
1C353 Eilimintí géiniteacha agus orgánaigh ghéinathraithe. |
— |
1C354 Pataiginí plandaí. |
— |
1C450a.1. amiton: O,O-Dé-eitil S-[2-(Dé-eitilaimínea)eitil] fosfórataláid (78-53-5) agus na salainn alcaileachta nó prótónáitithe chomhfhreagracha. |
— |
1C450a.2. PFIB: 1,1,3,3,3-Peinteafluara-2-(trífhluaraimeitil)-1-próipéin (382-21-8). |
— |
7E104 ‘Teicneolaíocht’ chun sonraí maidir le rialú eitilte, treoraíocht, agus tiomáint a chomhtháthú i gcóras bainistíochta eitilte chun córas rothaig roicéid a optamú. |
— |
9A009.a. Córais hibride tiomána roicéad ar mó ná 1.1MN a n-acmhainn iomlán ríge. |
— |
9A117 Meicníocht ceann réime, meicníochtaí deighilte agus idirchéimeanna is féidir a úsáid i ‘diúracáin’. |
RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN
Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú faoin 31 Nollaig 2013, go háirithe i ndáil le measúnú a dhéanamh le féachaint an bhféadfaí Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh lastas ar luach íseal.
RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LE LASTAIS AR LUACH ÍSEAL
Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d'Údaruithe Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin le haghaidh lastas ar luach íseal, ar údaruithe iad arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.