This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32011R0512
Regulation (EU) No 512/2011 of the European Parliament and of the Council of 11 May 2011 amending Council Regulation (EC) No 732/2008 applying a scheme of generalised tariff preferences for the period from 1 January 2009 to 31 December 2011
Rialachán (AE) Uimh. 512/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle lena ndéantar scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 a chur i bhfeidhm
Rialachán (AE) Uimh. 512/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle lena ndéantar scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 a chur i bhfeidhm
IO L 145, 31.5.2011, p. 28–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32012R0978
31.5.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/28 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 512/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Bealtaine 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle lena ndéantar scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 a chur i bhfeidhm
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ó 1971, tá fabhair thrádála á ndeonú ag an Aontas do thíortha i mbéal forbartha, faoi chuimsiú a Scéime Ginearálaithe Fabhar (“GSP”). Rinneadh an GSP a chur chun feidhme trí roinnt Rialachán i ndiaidh a chéile lena ndearnadh scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (“an scéim”) a chur i bhfeidhm agus ba thréimhsí feidhme trí bliana a bhí i gceist leis na Rialacháin sin de ghnáth i ngach cás. |
(2) |
Bunaíodh an scéim reatha le Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (2) agus beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2011. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go leanfaidh oibriú na scéime d’fheidhm a bheith aige tar éis an dáta sin. |
(3) |
Ba cheart go mbeadh aon fheabhsuithe a dhéanfar ar an scéim amach anseo bunaithe ar thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin nua (“an chéad Rialachán eile”) agus ba cheart go ndéanfaí aon nithe ábhartha a chur san áireamh sa rialachán sin ar nithe iad a bhaineann le héifeachtacht Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 a mhéid a bhaineann le cuspóirí na scéime a bhaint amach. Maidir leis an gcéad Rialachán eile, ba cheart go n-áireofaí ann na leasuithe is gá chun éifeachtacht leanúnach na scéime a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé sár-riachtanach go gcuirfí san áireamh sa togra ón gCoimisiún staidrimh sonraí trádála, nár tháinig chun bheith le fáil ach i mí Iúil 2010, maidir le hallmhairí a chumhdaítear leis an scéim don tréimhse lena n-áirítear an bhliain 2009, ar bliain í inar tháinig laghdú géar ar an trádáil dhomhanda, lena n-áirítear trádáil tíortha i mbéal forbartha. Tá sé chomh tábhachtach céanna a áirithiú go dtabharfar fógra leordhóthanach d’oibreoirí eacnamaíocha agus do thíortha is tairbhithe maidir leis na hathruithe atá le tabhairt isteach leis an gcéad Rialachán eile.Ar na cúiseanna sin, ní leor tréimhse feidhme Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 atá fágtha chun go mbeidh an Coimisiún in ann togra a tharraingt suas agus chun go mbeifear in ann an chéad Rialachán eile a ghlacadh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Mar sin féin, is inmhianaithe leanúnachas a áirithiú maidir le hoibriú na scéime tar éis an 31 Nollaig 2011 go dtí an tráth a nglacfar an chéad Rialachán eile agus a mbeidh feidhm aige. |
(4) |
Níor cheart go mbeadh tréimhse an fhadaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 gan teorainn. Dá dhroim sin, agus chun an t-am is gá a sholáthar le haghaidh an nós imeachta reachtaigh trína nglacfar an scéim nua, ba cheart tréimhse feidhme an Rialacháin sin a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2013. I gcás ina dtiocfaidh an chéad Rialachán eile chun bheith infheidhme roimh an dáta sin, ba cheart tréimhse an fhadaithe a ghiorrú dá réir sin. |
(5) |
Tá gá le roinnt leasuithe teicniúla ar Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 chun comhchuibheas agus leanúnachas a áirithiú i ndáil le hoibriú na scéime. |
(6) |
Maidir le tíortha i mbéal forbartha a chomhlíonann critéir cháilitheachta an tsocraithe speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialú (GSP+), ba cheart go mbeidís in ann tairbhe a bhaint as na fabhair tharaife bhreise faoin socrú sin, más rud é go gcinneann an Coimisiún, arna iarraidh sin do na tíortha sin faoin 31 Deireadh Fómhair 2011 nó faoin 30 Aibreán 2013, an socrú speisialta dreasachta a dheonú dóibh faoin 15 Nollaig 2011 nó faoin 15 Meitheamh 2013 faoi seach. Maidir le tíortha i mbéal forbartha ar deonaíodh tairbhí dóibh cheana faoin socrú speisialta dreasachta de thoradh Chinneadh 2008/938/CE ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2008 maidir le liosta na dtíortha is tairbhithe a cháilíonn le haghaidh an tsocraithe speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialú, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (3), agus de thoradh Chinneadh 2010/318/AE ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2010 maidir leis na tíortha is tairbhithe a cháilíonn le haghaidh an tsocraithe speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialú don tréimhse ón 1 Iúil 2010 go dtí an 31 Nollaig 2011, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (4), ba cheart go gcoimeádfaidís an stádas sin le linn fhadú na scéime reatha. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 leis seo mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: |
(2) |
Sa dara fomhír d’Airteagal 8(2) cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 10(3) mar a leanas:
|
(5) |
In Airteagal 32(2), cuirtear na focail “an 31 Nollaig 2013 nó go dtí dáta a leagfar síos sa chéad Rialachán eile, cibé acu is túisce” in ionad na bhfocal “an 31 Nollaig 2011”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Bealtaine 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
GYŐRI E.
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2011.
(2) IO L 211, 6.8.2008, lch. 1.
(3) IO L 334, 12.12.2008, lch. 90.
(4) IO L 142, 10.6.2010, lch. 10.