Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhchuibhiú staidrimh maidir le hollioncam náisiúnta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/516 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainmhínithe

Ceanglaítear leis an rialachán go ndéanfar ONI agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh (OTI)* a shainiú i gcomhréir le CCE 2010.

Tarchur sonraí agus faisnéise breise chuig an gCoimisiún Eorpach

Ní mór do Bhallstáit AE:

  • OIN a ríomh;
  • sonraí a sholáthar d’oifig staidrimh an Choimisiúin (Eurostat) roimh an 1 Deireadh Fómhair gach bliain a bhaineann leis an mbliain roimhe sin agus aon athruithe a rinneadh do na sonraí le haghaidh na mblianta roimhe sin, amhail:
    • figiúirí le haghaidh chomhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna,
    • iomláin le haghaidh OTI agus a comhpháirteanna (de réir na trí chur chuige);
  • tuarascáil maidir le cáilíocht na sonraí OIN a thabhairt in éineacht leis na sonraí sin ina mbeidh eolas faoin modheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a sholáthar, agus go háirithe cur síos a dhéanamh ar athruithe suntasacha ar bith ar na foinsí nó ar na modhanna a úsáideadh agus míniú a thabhairt maidir leis na leasuithe a rinneadh ar na comhiomláin OIN agus ar a gcomhpháirteanna i gcomparáid le tréimhsí roimhe sin;
  • fardal de na foinsí agus na modhanna a úsáideadh a chur ar fáil do Eurostat chun comhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna a sholáthar.

Nósanna imeachta agus seiceálacha ar ríomh OIN

Cuireadh grúpa saineolaithe ar bun, arna chur ar bun le Cinneadh ón gCoimisiún, agus ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hinchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht ríomhanna OIN;
  • scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe cur chun feidhme an rialacháin seo;
  • tuairimí bliantúla a eisiúint maidir le cáilíocht na sonraí OIN a chuireann na Ballstáit isteach chun críocha acmhainní dílse.

Maidir leis na fardail arna soláthar ag na Ballstáit, fíoróidh an Coimisiún na foinsí, a n–úsáidí agus modhanna, lena n–áirítear trí chuairteanna faisnéise a dhéanamh.

Gníomharthacur chun feidhme agus tarmligthe

Leis an Rialachán tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun:

  • gníomhartha tarmligthe ina leagfar amach liosta de na saincheisteanna nach mór dul i ngleic leo i ngach timthriall fíorúcháin chun iontaofacht, uileghabhálacht agus a mhéid is airde inchomparáideachta is féidir maidir le sonraí OIN a áirithiú, i gcomhréir le ESA 2010;
  • gníomhartha cur chun feidhme ar leith a ghlacadh chun sonraí OIN a dhéanamh níos inchomparáide, níos iontaofa agus níos uileghabhálaí, bunaithe ar an liosta saincheisteanna a bheidh leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe.

I mí Dheireadh Fómhair 2020 ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1546, lena leagtar amach struchtúr agus socruithe mionsonraithe an fhardail foinsí agus modhanna a úsáidtear chun comhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna a tháirgeadh i gcomhréir le CCE 2010.

I mí na Samhna 2021, ghlac an Coimisiún:

  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1947 lena sainítear críoch gheografach na mBallstát chun críocha Rialachán (AE) 2019/516;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1948 maidir leis an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh–inchánach agus le daoine cánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe chun críocha Rialachán (AE) 2019/516;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1949 maidir leis na prionsabail chun meastachán a dhéanamh ar sheirbhísí teaghaise chun críocha Rialachán (AE) 2019/516.

I mí na Samhna 2023, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2493 maidir le cóireáil chun críocha na gcuntas náisiúnta um CBL neamhbhailithe mar gheall ar chalaois CBL agus mar gheall ar dhócmhainneacht (an neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír).

An Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach

Tugann an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, coiste ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit agus atá faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, cúnamh agus comhairle do Eurostat.

Tuarascáil

Chuir an Coimisiún a thuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin roimh a spriocdháta an 1 Eanáir 2023.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 18 Aibreán 2019.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ollioncam náisiúnta ag phraghsanna an mhargaidh (ONI). Iomlán an ioncaim phríomha is infhaighte ag eintitis eacnamaíocha chónaitheacha: cúiteamh fostaithe, cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí lúide fóirdheontais, ioncam maoine (ioncam infhála lúide ioncam iníoctha), ollbharrachas oibriúcháin agus ollioncam measctha. Is ionann OIN agus OTI lúide an t–ioncam príomha is iníoctha ag eintitis eacnamaíocha chónaitheacha le heintitis eacnamaíocha neamhchónaitheacha móide an t-ioncam príomha is infhaighte ag eintitis eacnamaíocha chónaitheacha ón gcuid eile den domhan.
Olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh (OTI). Is féidir é sin a shainiú ar thrí bhealach:
  • 1.

    Cur chuige an táirgthe. Is ionann OTI agus suim oll–bhreisluach na n–earnálacha institiúideacha éagsúla nó na dtionscal éagsúil móide cánacha agus lúide fóirdheontais ar tháirgí (nach leithdháiltear ar na hearnálacha ná arna tionscail). Is é an ítim chomhardaithe i gcuntas táirgeachta an gheilleagair iomláin chomh maith.

  • 2.

    Cur chuige an chaiteachais. Is ionann OTI agus suim na n–úsáidí deiridh as earraí agus seirbhísí ag eintitis institiúideacha chónaitheacha (ídiú deiridh agus ollfhoirmiú caipitil) móide onnmhairí agus lúide allmhairí earraí agus seirbhísí.

  • 3.

    cur chuige an ioncaim. Is ionann OTI agus suim na n–úsáidí i gcuntas giniúna ioncaim an gheilleagair iomláin (cúiteamh fostaithe, cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí lúide fóirdheontais, ollbharrachas oibriúcháin agus ioncam measctha an gheilleagair iomláin).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n–aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lgh. 19–24).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2493 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le cóireáil chun críocha na gcuntas náisiúnta um CBL neamhbhailithe mar gheall ar chalaois CBL agus mar gheall ar dhócmhainneacht (an neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír) chun Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chur i bhfeidhm (IO L, 2023/2493, 16.11.2023).

Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (IO L 165, 11.5.2021, lgh. 1–8).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1947 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 maidir leis an sainmhíniú ar chríoch gheografach na mBallstát chun críocha Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) agus lena n–aisghairtear Cinneadh 91/450/CEE, Euratom ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 109/2005 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 398, 11.11.2021, lgh. 1–3).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1948 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 maidir leis an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh–inchánach agus le daoine cánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe chun críocha Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) agus lena n–aisghairtear Cinneadh 1999/622/CE, Euratom ón gCoimisiún agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 116/2005 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 398, 11.11.2021, lgh. 4–5).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1949 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 maidir leis na prionsabail a bhaineann le seirbhísí teaghaise a mheas chun críocha Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) agus lena n–aisghairtear Cinneadh 95/309/CEE, Euratom ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1722/2005 ón gCoimisiún (IO L 398, 11.11.2021, lgh. 6–18).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1546 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear struchtúr agus socruithe mionsonraithe an fhardail acmhainní agus modhanna a úsáidtear chun comhiomláin ollioncaim náisiúnta agus a gcomhpháirteanna a tháirgeadh i gcomhréir le Córas Cuntas Eorpach (CCE 2010) (IO L 354, 26.10.2020, lgh. 1–3).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an liosta saincheisteanna a ndíreofar orthu i ngach timthriall fíorúcháin a shainiú (IO L 428, 18.12.2020, lch. 9).

Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2019 lena mbunaítear sainghrúpa an Choimisiúin maidir le hollioncam náisiúnta (IO C 174, 21.5.2019, lgh. 5–8).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Seacht — Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha — Airteagal 338 (sean–Airteagal 285 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 192–193).

Cinneadh ón gComhairle 2014/335/AE, Euratom an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 105–111).

Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lgh. 1–727).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164–173).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.01.2024

Top