EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0837

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/837 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2459)

C/2023/2459

IO L 105, 20.4.2023, p. 55–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/837/oj

20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 105/55


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/837 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Aibreán 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2459)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (1), agus go háirithe Airteagal 4(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 (2) lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1755, chomh maith leis an íosmhéid acmhainní atá le caitheamh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Rialachán sin.

(2)

De bhun Airteagal 4a(1) de Rialachán (AE) 2021/1755, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méideanna iomlána a leithdháilte shealadaigh nó cuid de na méideanna sin, a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2021/1755, a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 4a(3) de Rialachán (AE) 2021/1755, i gcás ina roghnóidh Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid dá leithdháileadh sealadach a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir le hAirteagal 4a, déanfar na méideanna atá le caitheamh chun críocha Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, a laghdú go comhréireach.

(4)

Chuir 23 Bhallstát iarraidh réasúnaithe isteach chun méid iomlán EUR 2 089 446 003 a aistriú ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar na hiarrataí sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 a leasú dá réir sin.

(6)

Ar chúiseanna clársceidealaithe, ba cheart na méideanna sealadacha foriomlána a leithdháiltear ar gach Ballstát a thabhairt i bpraghsanna reatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803, cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Elisa FERREIRA

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 357, 8.10.2021, lch. 1.

(2)  IO L 362, 12.10.2021, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803:

“IARSCRÍBHINN

Na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha, i bpraghsanna reatha (EUR) mar thoradh ar aistrithe acmhainní chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ballstát

Méid a bhaineann leis na tosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1755

Leithdháileadh sealadach iomlán (tar éis aistrithe)

Méideanna arna n-aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Íosmhéid atá le caitheamh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha

Trádáil earraí agus seirbhísí leis an Ríocht Aontaithe

Éisc a ghabhtar i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Ríochta Aontaithe

Réigiúin teorann muirí leis an Ríocht Aontaithe

BE - an Bheilg

129 217 527

23 333 576

5 172 766

157 723 869

228 850 088

11 040 671

BG - an Bhulgáir

9 372 864

 

 

9 372 864

6 000 000

 

CZ - an tSeicia

0

 

 

0

54 918 029

 

DK - an Danmhairg

89 484 857

119 487 833

 

208 972 690

66 026 588

14 628 088

DE - an Ghearmáin

396 922 262

29 938 608

 

426 860 870

219 739 187

14 969 304

EE - an Eastóin

0

 

 

0

6 615 616

 

IE - Éire

855 060 202

96 925 106

63 216 817

1 015 202 125

150 000 000

48 462 552

EL - an Ghréig

13 031 153

 

 

13 031 153

25 600 000

 

ES - an Spáinn

211 333 066

3 113 984

 

214 447 050

58 000 000

 

FR - an Fhrainc

142 041 225

41 642 737

47 867 301

231 551 263

504 000 000

16 208 588

HR - an Chróit

0

 

 

0

7 190 532

 

IT - an Iodáil

146 769 412

 

 

146 769 412

0

 

CY - an Chipir

0

 

 

0

52 056 350

 

LV - an Laitvia

0

 

 

0

10 946 343

 

LT - an Liotuáin

7 465 868

18 705

 

7 484 573

4 700 000

 

LU - Lucsamburg

0

 

 

0

128 475 124

 

HU - an Ungáir

57 157 852

 

 

57 157 852

0

 

MT - Málta

4 322 261

 

 

4 322 261

40 000 000

 

NL - an Ísiltír

485 768 732

95 761 650

24 784 255

606 314 637

280 000 000

42 442 025

AT - an Ostair

27 711 512

 

 

27 711 512

0

 

PL - an Pholainn

172 161 964

1 471 297

 

173 633 261

0

 

PT - an Phortaingéil

0

0

 

0

81 358 359

 

RO - an Rómáin

0

 

 

0

43 162 623

 

SI - an tSlóivéin

0

 

 

0

5 257 380

 

SK - an tSlóvaic

0

 

 

0

36 307 747

 

FI - an Fhionlainn

9 000 000

 

 

9 000 000

14 242 037

 

SE - an tSualainn

67 431 973

4 001 632

 

71 433 605

66 000 000

 

Iomlán AE27

2 824 252 730

415 695 128

141 041 139

3 380 988 997

2 089 446 003

147 751 228


Top