EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0599

Cinneadh (CBES) 2023/599 ón gComhairle an 16 Márta 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun acmhainneachtaí Arm Phoblacht na Macadóine Thuaidh a neartú

ST/6778/2023/INIT

IO L 79, 17.3.2023, p. 167–170 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/599/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/167


CINNEADH (CBES) 2023/599 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Márta 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun acmhainneachtaí Arm Phoblacht na Macadóine Thuaidh a neartú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an Chomhairle an Compás Straitéiseach, agus é mar chuspóir aici soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh den Aontas, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(3)

I nDearbhú Brdo an 6 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr ceannairí an Aontais agus a chuid Bhallstát, i gcomhairle le ceannairí na mBalcán Thiar, go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar chumais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

(4)

I nDearbhú Thiorána an 6 Nollaig 2022, gheall an tAontas go leanfadh sé de bheith ag obair leis an réigiún chun a chumais agus a acmhainneachtaí cosanta a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

(5)

Sna conclúidí ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Deireadh Fómhair 2022 maidir le treoshuíomhanna straitéiseacha na Saoráide Eorpaí Síochána do 2023, coimeádadh bearta cúnaimh chun tacaíocht dhéthaobhach a thabhairt do roinnt tíortha sna Balcáin Thiar mar phríomhthosaíocht don tréimhse sin.

(6)

An 7 Nollaig 2022, iarradh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha na Macadóine Thuaidh trí threalamh bunriachtanach a sholáthar chun a gcumais oibríochtúla a neartú, go háirithe i ndáil le cumais lóistíochta, leighis, cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) agus innealtóireachta, chomh maith le cumais chosanta agus luathrabhaidh.

(7)

Nuair thabharfar an beart cúnaimh chun críche, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht ar a thionchar, agus ar bhainistiú agus úsáid an trealaimh a soláthraíodh. Cuirfidh an cleachtadh sin le próiseas ceachtanna foghlamtha a bheidh dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an bhirt chúnaimh agus ar a chomhsheasmhacht le straitéis agus beartais fhoriomlána an Aontais sa Mhacadóin Thuaidh.

(8)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Macadóine Thuaidh (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na Macadóine Thuaidh a neartú trí threalamh a ghrúpa cathlán coisithe éadroma a fheabhsú agus a uasghrádú. Trí threalamh leordhóthanach a chur ar fáil, cuirfidh an beart cúnaimh le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na Macadóine Thuaidh chun rannchuidiú le misin agus oibríochtaí míleata an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, agus comhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal Eora-Atlantach á neartú ag an am céanna.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:

(a)

cúrsaí lóistíochta;

(b)

trealamh leighis;

(c)

córais chumarsáide agus faisnéise;

(d)

acmhainneachtaí faisnéise;

(e)

trealamh CBRN;

(f)

innealtóireacht;

(g)

trealamh le haghaidh oiliúna.

4.   Ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha arna shíniú ag an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an beart cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 9 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhórsaí Armtha na Macadóine Thuaidh dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é ITF Enhancing Human Security a chuirfidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar urraim an tairbhí do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na haonaid dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide Eorpaí Síochána a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar na gníomhaíochtaí, trína ndéanfaidh an tairbhí tuarascáil bhliantúil ar úsáid na n-earraí ainmnithe a sholáthar, go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

cigireachtaí, ar tríothu a dheonóidh an tairbhí don Ardionadaí rochtain chun cuairteanna ar an láthair a thabhairt arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. POURMOKHTARI


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


Top