EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0595

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/595 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena mbunaítear an fhoirm le haghaidh an ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte de bhun Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle

C/2023/1694

IO L 79, 17.3.2023, p. 151–160 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/595/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/151


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/595 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2023

lena mbunaítear an fhoirm le haghaidh an ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte de bhun Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste a bunaíodh faoi Airteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/770, ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh a sheoladh chuig an gCoimisiún maidir le meáchan na dramhaíola, i gcileagraim, ó phacáistíocht phlaisteach, a ghintear agus a athchúrsáiltear, mar aon le ríomh mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

(2)

Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sonraí staidrimh agus méid na hacmhainne dílse a tharchur in aon ráiteas amháin.

(3)

Is iad na sonraí maidir le giniúint agus athchúrsáil dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach an bunús chun na ranníocaíochtaí náisiúnta le buiséad ginearálta an Aontais a ríomh. Dá bhrí sin, is gá inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na sonraí sin a threisiú.

(4)

Chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na sonraí idir na Ballstáit a ráthú, is iomchuí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na sonraí atá le bheith sa ráiteas atá le soláthar don Choimisiún.

(5)

Fágann Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) gur féidir sonraí maidir leis an gcur ar an margadh a thuairisciú mar dhramhaíl ó phacáistíocht a gineadh. Mar sin féin, d’fhéadfadh an modh tuairiscithe sonraí sin a fhágáil go ríomhfar méideanna dramhaíola éagsúla ar fud na mBallstát, agus, dá bhrí sin, nach mbeidh sonraí chomh hinchomparáide céanna idir na Ballstáit a bhaineann úsáid as “cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh” agus na Ballstáit a úsáideann an “cur chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl”.

(6)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le sonraí a thuairisciú ionas go ndéanfaidh na Ballstáit uile an fhaisnéis faoi dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a thuairisciú i dtéarmaí inchomparáide, chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leo le linn fhíorú na sonraí agus chun an mhodheolaíocht is infheidhme a shoiléiriú chun críoch na hacmhainne dílse plaistigh. Dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht ríofa a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (4) a mhionsonrú a thuilleadh.

(7)

Agus an cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh á úsáid chun meastachán a dhéanamh ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh, ba cheart sonraí maidir leis an gcur ar an margadh a chomhlánú le fachtóirí ceartúcháin chun an dramhaíl ar fad ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh i mBallstát a chumhdach, chun iontaofacht agus cruinneas na sonraí a thuairiscítear a áirithiú.

(8)

Ba cheart méid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh a chinneadh leis an dá chur chuige atá ar fáil chun meastachán fónta a fháil, agus é a ríomh ar bhealach inchomparáide le haghaidh na mBallstát uile.

(9)

Chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ar na sonraí a soláthraíodh, tá sé fíor-riachtanach, nuair a dhéanann na Ballstáit athbhreithniú ar ráiteas roimhe sin, go léireoidh siad cad iad na sonraí a athraíodh agus go míneoidh siad na cúiseanna atá leis na difríochtaí an tráth céanna a chuirtear na sonraí athbhreithnithe isteach.

(10)

I gcás inarb ann do dhifríochtaí leis na sonraí dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach arna dtuairisciú de bhun Threoir 94/62/CE, ba cheart do na Ballstáit na cúiseanna atá leis na difríochtaí a mhíniú freisin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an fhoirm le haghaidh an ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE;

(2)

ciallaíonn “arna bailiú ar leithligh” an méid dramhaíola a bailíodh de réir bailiú ar leithligh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) de Threoir 2008/98/CE;

(3)

ciallaíonn “arna hathchúrsáil” an méid dramhaíola a ndearnadh cóireáil athchúrsála uirthi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(17) de Threoir 2008/98/CE;

(4)

ciallaíonn “plaisteach” plaisteach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1a) de Threoir 94/62/CE;

(5)

ciallaíonn “pacáistíocht” pacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 94/62/CE;

(6)

ciallaíonn “pacáistíocht in-athúsáidte” pacáistíocht in-athúsáidte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2a) de Threoir 94/62/CE;

(7)

ciallaíonn “dramhaíl ó phacáistíocht” dramhaíl ó phacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 94/62/CE;

(8)

ciallaíonn “pointe ríofa” pointe ríofa mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2005/270/CE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis;

(9)

ciallaíonn “margadh ar líne” margadh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2(17) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(10)

ciallaíonn “dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh” méid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach, lena n-áirítear comhpháirteanna plaisteacha de phacáistíocht ilchodach agus de phacáistíocht eile, a ndéantar dramhaíl di i mBallstát i mbliain féilire, a shloinntear i gcileagraim;

(11)

ciallaíonn “dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte” méid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach, lena n-áirítear comhpháirteanna plaisteacha de phacáistíocht ilchodach agus de phacáistíocht eile, ag pointe ríofa an phlaistigh, a shloinntear i gcileagraim;

(12)

ciallaíonn “eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí” eagraíocht a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar ceann táirgeoirí táirgí;

(13)

ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge a sholáthar den chéad uair lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(14)

ciallaíonn “cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh” modh chun meastachán a dhéanamh ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear bunaithe ar shonraí maidir leis an gcur ar an margadh ó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus/nó ó fhoinsí eile; déanfar na sonraí a chomhlánú, i gcás inarb ábhartha agus is infheidhme, leis na méideanna measta don mhéid seo a leanas:

(a)

saorthairbhithe,

(b)

tairgeoirí faoi bhun na tairsí de minimis,

(c)

“táirgeoirí féinchomhlíonta”,

(d)

onnmhairí tar éis a gcur ar an margadh,

(e)

trádáil ar líne,

(f)

allmhairí príobháideacha,

(g)

onnmhairí príobháideacha,

(h)

pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh den chéad uair,

(i)

pacáistíocht in-athúsáidte a ndearnadh dramhaíl di,

(j)

aon mheastachán eile;

(15)

ciallaíonn “cur chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl” modh chun meastachán a dhéanamh ar mhéid bliantúil iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear tríd na sonraí maidir le dramhaíl ó phacáistíocht (phlaisteach) a bhailítear ar leithligh a chomhcheangal le sonraí maidir le dramhaíl chathrach mheasctha bunaithe ar anailís ar chomhdhéanamh dramhaíola nach sine ná 4 bliana, agus le haon sonraí ábhartha eile maidir le dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach thionsclaíoch agus tráchtála;

(16)

ciallaíonn “saorthairbhí” táirgeoir nó dáileoir a chuireann pacáistíocht phlaisteach nó táirgí pacáistithe ar an margadh agus nach dtuairiscíonn d’eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ná d’údarás poiblí, ná nach nglacann ar shlí eile freagracht airgeadais air féin ná freagracht airgeadais agus freagracht eagraíochtúil as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach; nó tuairiscíonn sé méid níos lú ná an méid a chuirtear iarbhír ar an margadh;

(17)

ciallaíonn “de minimis” íostairseach is féidir leis na Ballstáit a shainiú, ar faoina bun nach gceanglaítear tuairisciú d’eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí nó d’údarás poiblí;

(18)

ciallaíonn “táirgeoir féinchomhlíonta” táirgeoir a ghlacann freagracht airgeadais air féin, nó freagracht airgeadais agus freagracht eagraíochtúil as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach, agus dá bhrí sin ní cheanglaítear air tuairisciú d’eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí;

(19)

ciallaíonn “onnmhairí tar éis a gcur ar an margadh” táirgí pacáistithe agus/nó pacáistíocht a onnmhairítear isteach i mBallstát eile nó isteach i dtríú tír tar éis iad a gcur ar an margadh i mBallstát amháin;

(20)

ciallaíonn “trádáil ar líne” trádáil earraí laistigh den Aontas a dhéantar trí mheán leictreonach;

(21)

ciallaíonn “allmhairí príobháideacha” pacáistíocht ó tháirgí arna n-allmhairiú ag duine nádúrtha dá úsáid deiridh féin ó Bhallstát eile ó shiopa atá suite i bhfoirgneamh, nó ó thríú tír ó shiopa fisiceach atá suite i bhfoirgneamh nó trí mhargadh ar líne;

(22)

ciallaíonn “onnmhairí príobháideacha” pacáistíocht ó tháirgí arna n-onnmhairiú ag duine nádúrtha dá úsáid deiridh féin chuig Ballstát eile, nó chuig tríú tír ó shiopa atá suite i bhfoirgneamh;

(23)

ciallaíonn “pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh den chéad uair” an chéad uair a sholáthraítear pacáistíocht in-athúsáidte ina bhfuil táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála.

Airteagal 3

Ráiteas bliantúil

1.   Sa ráiteas bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/770, beidh sonraí staidrimh maidir le meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteacha a ghintear agus a athchúrsáiltear mar aon le ríomh mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte. Feidhmeoidh an ráiteas bliantúil mar dhoiciméid tacaíochta don Choimisiún chun rialú agus maoirseacht a dhéanamh ar an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

2.   Beidh na cineálacha cur chuige seo a leanas inghlactha chun meastachán a dhéanamh ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh:

(a)

cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh;

(b)

cur chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl.

3.   Déanfar ríomhanna atá bunaithe ar an dá chur chuige dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a choigeartú chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na dtorthaí a áirithiú.

4.   Cinnfidh na Ballstáit meastacháin ón dá chur chuige dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), agus soláthróidh siad meastachán aonair ar dhramhaíl a gineadh trí na torthaí atá ar fáil a chomhardú, d’fhonn úsáid a bhaint as na sonraí foinseacha bunúsacha uile atá ar fáil agus is bun leis na cineálacha éagsúla cur chuige maidir le giniúint dramhaíola ar bhealach éifeachtach.

5.   Déanfar aon difríocht idir na sonraí a fhaightear leis an dá chur chuige dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) a mhíniú go mion de réir na formáide a leagtar amach i dtábla 3 d’Iarscríbhinn I.

6.   I dteannta na sonraí staidrimh, beidh, más infheidhme, mínithe ar an méid seo a leanas sa ráiteas bliantúil:

(a)

athruithe modheolaíochta;

(b)

athbhreithnithe ar shonraí staidrimh a tuairiscíodh roimhe sin;

(c)

aon difríocht idir na sonraí maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach arna dtuairisciú faoin 30 Meitheamh de bhun Threoir 94/62/CE agus na sonraí staidrimh arna dtuairisciú faoin 31 Iúil an bhliain chéanna de bhun Rialachán (AE, Euratom) 2021/770, seachas difríochtaí a eascraíonn as chileagraim a chlaochlú ina dtonaí.

Cuirfear na mínithe ar fáil i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Struchtúr na sonraí

1.   Leis na sonraí staidrimh sa ráiteas bliantúil leanfar an struchtúr a leagtar amach i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I.

2.   Áireofar i dtábla 2 d’Iarscríbhinn I ríomh mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte sa ráiteas bliantúil.

3.   Soláthrófar miondealú mionsonraithe ar na sonraí staidrimh i gcomhréir le tábla 3 d’Iarscríbhinn I.

4.   Beidh na sonraí le haghaidh 2021 sa ráiteas don chéad bhliain tuairiscithe.

Airteagal 5

Tarchur an ráitis agus na n-athbhreithnithe

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit, go leictreonach chuig an gCoimisiún (Eurostat), an ráiteas bliantúil don bhliain 2 bhliain roimh an mbliain reatha (“n-2”).

2.   Déanfar an ráiteas bliantúil dá dtagraítear i mír 1 a tharchur tráth nach déanaí ná an 31 Iúil gach bliain.

3.   Cuirfear aon athbhreithniú ar na sonraí do na blianta roimhe sin in iúl don Choimisiún (Eurostat) tríd an ráiteas bliantúil a tharchur arís, mar aon le mínithe ar na hathruithe a rinneadh.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 165, 11.5.2021, lch. 15.

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(3)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(4)  Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).

(5)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).


IARSCRÍBHINN I

Ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

Tábla 1. Méid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte (cileagraim)

Bliain tagartha:

 

 

A.

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh

 

B.

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

 

C.

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

 


Tábla 2. Méid na hacmhainne dílse bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte  (1) (EUR)

Bliain tagartha:

 

 

D.

Iomlán acmhainne dílse plaistigh (C×0,8)

 

E.

Laghdú ar chnapshuim

 

F.

Iomlán acmhainne dílse plaistigh tar éis an laghdaithe (D-E)

 


Tábla 3. Cuimsitheacht na meastachán; bearta rialaithe agus fíoraithe

Bliain tagartha:

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh bunaithe ar shonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí

kg

Míniú (más infheidhme)

An cur ar an margadh bunaithe ar shonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí roimh aon choigeartú

 

 

Táirgeoirí faoi bhun na tairsí (de minimis)

 

 

Táirgeoirí féinchomhlíonta

 

 

Saorthairbhithe

 

 

Onnmhairí tar éis a gcur ar an margadh

 

 

Trádáil ar líne

 

 

Allmhairí príobháideacha

 

 

Onnmhairí príobháideacha

 

 

Pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh den chéad uair (2))

 

 

Pacáistíocht in-athúsáidte a ndearnadh dramhaíl di (3)

 

 

Coigeartuithe eile a rinneadh

 

 

 

An liosta coigeartuithe

 

 

 

 

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh bunaithe ar shonraí eile nach sonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí iad

kg

Míniú (más infheidhme)

An cur ar an margadh bunaithe ar shonraí eile nach sonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí iad - roimh aon choigeartú

 

 

Staidreamh táirgthe

 

 

Staidreamh trádála eachtraí

 

 

Suirbhéanna sonracha

 

 

Clárlann leictreonach agus cumarsáid sonraí riaracháin

 

 

Allmhairí príobháideacha

 

 

Onnmhairí príobháideacha

 

 

Coigeartuithe eile a rinneadh

 

 

 

An liosta coigeartuithe

 

 

 

 

 

 

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh

kg

 

 

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl

kg

Míniú (más infheidhme)

A bailíodh ar leithligh

 

 

Dramhaíl chathrach

 

 

Dramhaíl thionsclaíoch agus tráchtála

 

 

Coigeartuithe eile a rinneadh

 

 

 

An liosta coigeartuithe

 

 

 

 

 

 

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl

kg

 

 

 

 

An difríocht idir na sonraí maidir leis an gcur ar an margadh agus meastachán an chuir chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl

kg

 

 

 

 

An cinneadh comhardúcháin

Míniú

 

 

An méid a comhardaíodh (mar a thuairiscítear i dtábla 1): Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh

kg

 

 

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

kg

Míniú (más infheidhme)

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte sa Bhallstát

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte i mBallstát eile

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte lasmuigh den Aontas Eorpach

 

 

An liosta coigeartuithe a rinneadh

Míniú

 

 

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

kg

 

 

 

 


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe (c) agus le hAirteagal 2(2), an tríú fomhír de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle.

(2)  Le hasbhaint má áirítear pacáistíocht in-athúsáidte i méid iomlán na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh nó in aon cheartú ar an liosta seo.

(3)  Áirítear leis sin pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh den chéad uair agus pacáistíocht in-athúsáidte ó thréimhsí roimhe sin a ndearnadh dramhaíl di sa tréimhse atá i gceist.


IARSCRÍBHINN II

Mínithe ar na difríochtaí

Tábla 1. Míniú ar na difríochtaí leis na sonraí a thuairiscítear faoi Threoir 94/62/CE (tuairiscigh i gcás inarb infheidhme amháin)

Ítim

Méid na difríochta (kg) (1)

Míniú

A.

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh

 

 

B.

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

 

 

C.

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

 

 


Tábla 2. Mínithe ar athruithe modheolaíochta i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (tuairiscigh i gcás inarb infheidhme amháin)

Ítim

Míniú ar an athrú modheolaíochta (más infheidhme)

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh bunaithe ar shonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí

 

An cur ar an margadh bunaithe ar shonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí roimh aon choigeartú

 

Táirgeoirí faoi bhun na tairsí (de minimis)

 

Táirgeoirí féinchomhlíonta

 

Saorthairbhithe

 

Onnmhairí tar éis a gcur ar an margadh

 

Trádáil ar líne

 

Allmhairí príobháideacha

 

Onnmhairí príobháideacha

 

Pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh den chéad uair (2)

 

Pacáistíocht in-athúsáidte a ndearnadh dramhaíl di (3)

 

Coigeartuithe eile a rinneadh

 

 

An liosta coigeartuithe

 

 

 

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh – cur chuige bunaithe ar an gcur ar an margadh bunaithe ar shonraí eile nach sonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí iad

 

An cur ar an margadh bunaithe ar shonraí eile nach sonraí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí iad - roimh aon choigeartú

 

Staidreamh táirgthe

 

Staidreamh trádála eachtraí

 

Suirbhéanna sonracha

 

Clárlann leictreonach agus cumarsáid sonraí riaracháin

 

Allmhairí príobháideacha

 

Onnmhairí príobháideacha

 

Coigeartuithe eile a rinneadh

 

 

An liosta coigeartuithe

 

 

 

 

Dramhaíl a gineadh – cur chuige bunaithe ar anailís ar an dramhaíl

 

An liosta coigeartuithe a rinneadh

 

 

 

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a gineadh

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte sa Bhallstát

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte i mBallstát eile

 

Dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte lasmuigh den Aontas Eorpach

 

An liosta coigeartuithe a rinneadh

 

 

 

Iomlán na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach athchúrsáilte

 


(1)  Sonraí a thuairiscítear sa ráiteas seo lúide sonraí a thuairiscítear faoi Threoir 94/62/CE.

(2)  Tá an méid sin le hasbhaint má áirítear pacáistíocht in-athúsáidte i méid iomlán na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh nó in aon cheartú ar an liosta seo, agus sa chás sin amháin. Sa chás sin, ríomhfar an figiúr mar ghlanluach insreafaí agus eis-sreafaí.

(3)  Áirítear leis sin pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh den chéad uair agus pacáistíocht in-athúsáidte ó thréimhsí roimhe sin a ndearnadh dramhaíl di sa tréimhse atá i gceist.


Top