EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0592

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/592 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne

C/2023/1656

IO L 79, 17.3.2023, p. 52–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/592/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/592 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne faoi réir dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún (2) (an t-mscrúdú bunaidh).

(2)

Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A (an t-iarratasóir), ar táirgeoir onnmhairiúcháin ón Airgintín é, cód breise TARIC (3) C497, atá faoi réir ráta dleachta frithchúitimh aonair 25,0 %, chuir sé in iúl don Choimisiún an 23 Bealtaine 2022 gur athraigh sé a ainm go Viterra Argentina S.A.

(3)

Mheas an chuideachta nach ndéanann an t-athrú ar an ainm difear dá cearta tairbhiú den ráta dleachta frithchúitimh aonair a cuireadh i bhfeidhm uirthi faoin ainm a bhí aici roimhe sin, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún é a dheimhniú.

(4)

Níor chomhaontaigh Comhlachas Eorpach na dtáirgeoirí bithdhíosail leis an iarratasóir, agus d’áitigh sé go ndearnadh athrú struchtúrtha níos casta ar an gcuideachta, rud a dhéanann difear dá ceart leanúint de thairbhiú de leibhéal an bhirt a bunaíodh san imscrúdú bunaidh.

(5)

Bhailigh an Coimisiún faisnéis agus scrúdaigh sé an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil, agus mheas sé gur cláraíodh an t-athrú ar an ainm i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann le grúpaí cuideachtaí eile mar thoradh air, cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(6)

Dheimhnigh an fhianaise sa chomhad ráiteas an iarratasóra gur cheadaigh Clárlann Phoiblí Tráchtála na hAirgintíne an t-athrú ar an ainm an 3 Bealtaine 2022 agus gur cheadaigh an tÚdarás Feidearálach Ioncaim Phoiblí é an 1 Iúil 2022. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanann an t-athrú ar an ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún, go háirithe don ráta dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir leis.

(7)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba cheart an t-athrú ar an ainm theacht i bhfeidhm ón dáta a bhí an chuideachta ag feidhmiú go hoifigiúil faoin ainm nua, i.e. an 1 Iúil 2022.

(8)

Ina bharúlacha faoin nochtadh, luaigh tionscal an Aontais (Comhlachas Eorpach na dtáirgeoirí bithdhíosail) arís na hargóintí a cuireadh isteach ar dtús maidir leis an iarraidh ar athrú ainm. Líomhain sé go raibh níos mó ná athrú ainm i gceist agus go raibh athrú struchtúrach casta á dhéanamh, gur mhéadaigh an t-iarratasóir gníomhaíochtaí bithdhíosail le héadálacha éagsúla, gur athraigh sé a phríomhoifigeach feidhmiúcháin, gurb é atá ina cheannaire san earnáil talmhaíochta san Airgintín anois, agus go raibh sé, ar bhealach éigin, bainteach le táirgeoir onnmhairiúcháin eile a ndearnadh féimheach de.

(9)

Meabhraítear go bhfuil na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile san Airgintín faoi réir gealltanas i dtaca le praghsanna trí nach mór dóibh urraim a thabhairt d’íosphraghas allmhairiúcháin agus a mbithdhíosal a onnmhairiú chuig an Aontas faoi bhun tairseach méid a ndéantar athbhreithniú uirthi gach bliain le haghaidh na tíre iomláine.

(10)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar na líomhaintí thuas agus thug sé dá aire nár chuir an tionscal fianaise leordhóthanach ar fáil chun comhthacú lena maímh. Níor aimsigh an Coimisiún fianaise a léireodh tionchar ghníomhaíochtaí an iarratasóra san earnáil talmhaíochta, ná an méadú líomhnaithe ar a thoilleadh táirgeachta maidir leis na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair. An t-athrú ar an ainm amháin, ní bheidh an t-iarratasóir in ann dá bharr méid níos mó a onnmhairiú chuig an Aontas nó a dhíol faoi bhun an íosphraghais a shocraítear go tréimhsiúil ag an gCoimisiún agus, dá bhrí sin, ní féidir leis an athrú dochar a dhéanamh do na bearta atá i bhfeidhm ná an bonn a bhaint díobh. Níorbh fhéidir na maímh a rinne tionscal an Aontais a chur san áireamh, agus dá bhrí sin diúltaíodh dóibh.

(11)

I bhfianaise a bhfuil sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, ainm ar sannadh cód breise TARIC C497 dó roimhe seo.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Phalaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/244 ón gCoimisiún mar a leanas:

“Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A

25,0 %

C497”

ina ionad sin cuirtear an méid seo a leanas

“Viterra Argentina S.A.

25,0 %

C497”.

2.   Cód breise TARIC C497 a sannadh do Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A roimhe seo, beidh feidhm aige maidir le Viterra Argentina S.A. amhail ón 1 Iúil 2022. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Viterra Argentina S.A. de bhreis ar an dleacht frithchúitimh a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena bhforchuirtear dreacht frithchúitimh chinnitheach ar almhán bithdhíosáil de thionscnamh na hAirgintíne (IO L 40, 12.2.2019, lch. 1.)

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.

(4)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (códú) (IO L 176, 30.6.2016, lch 21).


Top