EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0591

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/591 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73

C/2023/1651

IO L 79, 17.3.2023, p. 49–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/591/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/591 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2023

lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 1, mír 6, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 17 Eanáir 2019, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 (“an Rialachán bunaidh”), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas (“an táirge lena mbaineann”).

(2)

Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/1036.

(3)

D’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 10,3 % agus 62,1 % ar allmhairí rothar leictreach i gcás na dtáirgeoirí a sampláladh ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla (cé is moite de na cuideachtaí atá faoi réir an ráta dleachta frithchúitimh chomhthreomhair le haghaidh gach cuideachta eile — Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72) ón gCoimisiún forchuireadh meándleacht ualaithe 24,2 %. Liostaítear na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sin nár áiríodh sa sampla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán bunaidh. Forchuireadh meándleacht ualaithe 16,2 % ar chuideachtaí comhoibríocha eile nár áiríodh sa sampla (faoi réir an ráta dleachta frithchúitimh chomhthreomhair le haghaidh gach cuideachta eile — Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72) ón gCoimisiún. Liostaítear iad sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán bunaidh. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 70,1 % a chuimsigh an tír ar fad ar rothair leictreacha ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chuir iad féin in aithne ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú frithdhumpála, ach a chomhoibrigh san imscrúdú frith-fhóirdheontais comhthreomhar (a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán bunaidh).

(4)

De bhun Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh, féadfar mír 2 den Airteagal sin a leasú tríd an táirgeoir onnmhairiúcháin nua a chur leis an iarscríbhinn iomchuí leis na cuideachtaí comhoibríocha nár airíodh sa sampla agus, dá bhrí sin, faoi réir an mheánráta dleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí, i gcás ina soláthróidh an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin i nDaon-Phoblacht na Síne fianaise leordhóthanach don Choimisiún a léireoidh an méid seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a bhfuil na bearta bunaithe, is é sin ón 1 Deireadh Fómhair 2016 go dtí an 30 Meán Fómhair 2017) (“an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh”);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir bearta frithdhumpála a fhorchuirtear leis an Rialachán bunaidh agus

(c)

gurb amhlaidh a d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

2.   IARRAIDH AR STÁDAS AN TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(5)

Chuir an chuideachta Zhejiang Jollo Technology Co., Ltd (“an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas táirgeora onnmhairiúcháin nua di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nár áiríodh sa sampla, faoi réir an ráta dleachta frithchúitimh chomhthreomhair le haghaidh gach cuideachta eile, i.e. 16,2 % (“NEPT”), ag maíomh gur chomhlíon sí na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh.

(6)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha i leith deonú NEPT a fháil, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh (“coinníollacha NEPT”), chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise a léireodh gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT. Thug an t-iarratasóir freagra ar an gceistneoir.

(7)

D’fhéach an Coimisiún leis an bhfaisnéis ar fad a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT.

3.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(8)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a bhfuil na bearta bunaithe, is é sin ón 1 Deireadh Fómhair 2016 go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 (“an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh”), shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach bhféadfadh an t-iarratasóir rothair leictreacha a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur cuireadh an chuideachta ar bun in 2021.

(9)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh, nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le haon onnmhaireoir ná táirgeoir atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur leis an Rialachán bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gurb amhlaidh nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le haon onnmhaireoir ná táirgeoir i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur leis an Rialachán bunaidh agus a d’fhéadfadh comhoibriú leis an imscrúdú bunaidh.

(10)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh, gurb amhlaidh a d’onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur onnmhairigh an t-iarratasóir rothair leictreacha lena mbaineann chuig an Aontas, is é sin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Sholáthair an t-iarratasóir doiciméid díolacháin le haghaidh idirbhearta leis an Spáinn (Meitheamh 2021) agus an Iodáil (Lúnasa 2022).

(11)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh.

(12)

Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 1, mír 6, den Rialachán bunaidh agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá bhrí sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 16,2 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla den imscrúdú bunaidh agus faoi réir an ráta dleachta frithchúitimh chomhthreomhair le haghaidh gach cuideachta eile — Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72.

4.   NOCHTADH

(13)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú do Zhejiang Jollo Technology Co., Ltd.

(14)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(15)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73, cuirtear an chuideachta seo a leanas le liosta na gcuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:

Cuideachta

Cód breise TARIC

Zhejiang Jollo Technology Co., Ltd

899A

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 16, 18.1.2019, lch. 108


Top