EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0604

Cinneadh uimh. 2/2022 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive an 15 Nollaig 2022 maidir le leanúint leis an gComhaontú [2023/604]

PUB/2023/304

IO L 79, 17.3.2023, p. 185–186 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/604/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/185


CINNEADH uimh. 2/2022 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE HIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE

an 15 Nollaig 2022

maidir le leanúint leis an gComhaontú [2023/604]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 1/2022 uaidh an 15 Nollaig 2022, ghlac an Comhchoiste a Rialacha Nós Imeachta.

(2)

Mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta), tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 31 Márta 2023.

(3)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin, lena n-áirítear fad na leanúna.

(4)

Léirigh an faireachán a rinneadh ar an gComhaontú go bhfuil an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon tar éis tairbhí a bhaint as i dtéarmaí trádála, agus go bhfuil oibreoirí iompair de bhóthar an dá pháirtí tar éis tairbhe a bhaint as an méadú ar sheirbhísí iompair de bhóthar freisin.

(5)

Chuir an Comhaontú ar chumas Phoblacht na Moldóive tús a chur lena trádáil a atreorú i dtreo an Aontais, agus, dá bhrí sin, rannchuidigh sé le geilleagar na Moldóive a chomhtháthú de réir a chéile i ngeilleagar an iarthair. In éineacht le comhaontú inchomparáide maidir le hiompar de bhóthar a síníodh leis an Úcráin, d’éascaigh sé freisin onnmhairiú earraí na hÚcráine, rud a rannchuidigh leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta.

(6)

Ba cheart féachaint ar fhadú an Chomhaontaithe mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leanúint leis an gComhaontú

Leis seo, cuirtear síneadh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive go dtí an 30 Meitheamh 2024.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Mircea PĂSCĂLUȚĂ

Kristian SCHMIDT


(1)  IO AE L 181, 7.7.2022, lch. 4.


Top