Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022B1784

Cinneadh (AE) 2022/1784 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maidir le dúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2020

IO L 258, 5.10.2022, p. 355–355 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1784/oj

5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/355


CINNEADH (AE) 2022/1784 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le dúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhondúireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0094/2022),

ag féachaint d'Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais a bhaineann le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (4), agus go háirithe Airteagal 17 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna bhunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2022),

 

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2020;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Eatramhach na Fondúireachta Oiliúna Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697

(2)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 82.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


Top