Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2227

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2227 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le hoibríochtaí uile-aimsire agus maidir le hoiliúint de réir uirlisí agus oiliúint rátála cineáil i héileacaptair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/8908

    IO L 448, 15.12.2021, p. 39–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2227/oj

    15.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 448/39


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2227 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Nollaig 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le hoibríochtaí uile-aimsire agus maidir le hoiliúint de réir uirlisí agus oiliúint rátála cineáil i héileacaptair

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) agus Airteagal 7(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais oiliúna, tástála agus seiceála le haghaidh ceadúnais píolótaí, lena n-áirítear ceanglais chun pribhléidí a fháil chun ascnaimh a eitilt i gcomhréir leis na rialacha um eitilt de réir uirlisí (IFR) anuas chuig airde trátha cinnidh is lú ná 200 troigh, agus le haghaidh oiliúint de réir uirlisí agus rátáil cineáil i héileacaptair.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh hoibríochtaí aeir, lena n-áirítear na ceanglais ar oibreoirí oiliúint agus seiceáil rialta a chur ar fáil dá bhfoireann. Tá an Rialachán sin á leasú chun na caighdeáin is déanaí maidir le hoibríochtaí uile-aimsire atá leagtha síos ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a áireamh ann. Tá na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ceaptha a bheith ina chreat cuimsitheach le haghaidh ascnaimh IFR faoi choinníollacha drochléargais, gnéithe a bhaineann le hoiliúint píolótaí san áireamh. Dá bhrí sin, na ceanglais chomhfhreagracha maidir le hascnaimh IFR nuair atá an píolóta ar bheagán léargais de dheasca na haimsire, ceanglais atá i Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ba cheart iad a scriosadh nó ba cheart tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a chur ina n-ionad más gá.

    (3)

    Ós rud é go bhfuil héileacaptair aon innill á ndeimhniú anois le haghaidh oibríochta faoi IFR freisin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis an gcáilíocht eitilte de réir uirlis héileacaptair lena ndéanamh níos ábhartha do na cineálacha nua héileacaptar agus chun tuilleadh solúbthachta a chur san úsáid. Ba cheart an cháilíocht chun eitilte de réir uirlisí i gcomhair héileacaptar agus an oiliúint ghaolmhar a cheapadh chun eitilt de réir uirlisí i héileacaptair aon innill agus il-innill araon a chumhdach, ionas nach mbeadh gá a thuilleadh le hoiliúint bhreise chun athrú ó cháilíocht eitilte de réir uirlisí i héileacaptar aon innill go cáilíocht eitilte de réir uirlisí i héileacaptar il-innill.

    (4)

    De réir na rialacha atá ann anois, forálacha níos déine Cuid-FCL le haghaidh oiliúint phíolótaí i héileacaptair ilphíolótaí, tá feidhm acu freisin le hoibríocht ilphíolótaí i héileacaptair atá deimhnithe le haghaidh oibríocht aonphíolóta. Mar thoradh ar an ualach breise sin, déantar beagnach gach oibríocht héileacaptair sna héileacaptair dheimhnithe aonphíolóta sin le linn oibríocht aonphíolótaí, ach amháin i gcás ina sainordófar oibríocht ilphíolótaí faoi cheanglais oibríochtúla. Dá bhrí sin, an buntáiste a bhí ann ó thaobh sábháilteachta de nuair a bhí comhphíolóta ann, sin buntáiste nach bhfuil ann níos mó. Chun an toradh sin a sheachaint, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais agus ar na pribhléidí maidir le hoibríocht ilphíolótaí i héileacaptair ar mhaithe le breis solúbthachta. Ba cheart ceanglais iomchuí a chur i bhfeidhm ionas gur féidir oibríocht ilphíolótaí a dhéanamh go sábháilte i héileacaptair aonphíolóta.

    (5)

    Ós rud é nár úsáideadh go dtí seo ach héileacaptair il-innill le haghaidh eitiltí héileacaptair faoi IFR, is i héileacaptair aon innill a fuarthas na cáilíochtaí eitilte de réir uirlisí. Ar an gcúis sin, agus ag féachaint don úsáid a bhainfear as héileacaptair aon innill faoi IFR san am atá romhainn, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le píolótaí a bhfuil cáilíochtaí eitilte de réir uirlisí acu i héileacaptair faoi láthair an phribhléid ghaolmhar a úsáid i héileacaptair aon innill.

    (6)

    Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’eagraíochtaí oiliúna chun a gcláir oiliúna a oiriúnú.

    (7)

    Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a leasú freisin chun crostagairtí áirithe atá as dáta nó mícheart a cheartú, mar aon le soiléiriú a thabhairt i gcás forálacha áirithe.

    (8)

    Tá dréachtrialacha cur chun feidhme ullmhaithe ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin iad le Tuairim Uimh. 02/2021 (4) i gcomhréir le pointí (b) agus (c) d’Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 4c mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    táthar fós i dteideal athbhailíochtú nó athnuachan a fháil ar a EIR, i gcomhréir le pointe FCL.825(g) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL);”;

    (b)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    a bheith i dteideal creidmheas iomlán a fháil i leith na gceanglas oiliúna i bpointe FCL.835(c)(2)(i) agus (iii) d’Iarscríbhinn I (Cuid-GFCL), agus iarratas á dhéanamh ar cháilíocht bhunúsach eitilte de réir uirlisí (BIR) i gcomhréir le pointe FCL.835 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL); agus”;

    (c)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    beifear fós i dteideal creidmheas iomlán a fháil mar a bhunaítear maidir le sealbhóirí EIR in Iarscríbhinn I (Cuid FCL).”;

    (2)

    cuirtear an tAirteagal 4d seo a leanas isteach:

    “Airteagal 4d

    Bearta idirthréimhseacha maidir le pribhléidí i dtaca le cáilíocht eitilte de réir uirlisí i gcomhair héileacaptair

    Gan dochar do phointe FCL.630.H d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:

    1.

    na cáilíochta eitilte de réir uirlisí le haghaidh héileacaptair (IR(H)) a eisítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann leis an Rialachán seo roimh an 30 Deireadh Fómhair 2022, is éard a mheasfar gur IR(H) iad le haghaidh héileacaptair aon innill agus il-innill araon, nuair a atheisítear ceadúnas píolóta héileacaptair ar chúiseanna riaracháin.

    2.

    Na hiarratasóirí a chuir tús le hoiliúint le haghaidh IR(H) i dtaca le héileacaptair aon innill nó héileacaptair il-innill roimh an 30 Deireadh Fómhair 2022, ceadófar dóibh an oiliúint sin a chríochnú, agus i gcás mar sin féadfar IR(H) a eisiúint leo le haghaidh héileacaptair aon innill agus héileacaptair il-innill araon.”;

    (3)

    cuirtear an tAirteagal 4e seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 4e

    Bearta idirthréimhseacha maidir le hoiliúint, tástáil agus seiceáil a bhaineann le hoibríochtaí i héileacaptair aon innill

    1.   Féadfaidh na Ballstáit a gcinneadh pribhléidí sonracha a eisiúint chun oiliúint, tástálacha scile agus seiceálacha inniúlachta a chur ar fáil in oibríochtaí ilphíolóta i héileacaptair aon innill d’iarratasóirí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    deimhniú teagascóra nó scrúdaitheora a bheith aige, de réir mar is infheidhme, a eisítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann leis an Rialachán seo, ina gcuimsítear na pribhléidí chun teagasc nó scrúdú a dhéanamh, de réir mar is infheidhme, sa chineál ábhartha héileacaptair;

    (b)

    an oiliúint a shonraítear i bpointe FCL.735.H de Chuid-FCL a bheith comhlíonta aige;

    (c)

    taithí a bheith aige ar oibriú ilphíolótaí i héileacaptair ar leibhéal atá inghlactha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin.

    2.   Na pribhléidí a eisítear i gcomhréir le mír 1, beidh feidhm acu go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2025. Chun na pribhléidí a athbhailíochtú, ní mór d’iarratasóirí na ceanglais taithí don teagascóir agus don scrúdaitheoir a bhaineann le hoibriú ilphíolótaí i héileacaptair a chomhlíonadh mar a leagtar amach iad i gCuid-FCL.”;

    (4)

    in Airteagal 10a, cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:

    “6.   Na heagraíochtaí oiliúna píolótaí a chuireann oiliúint ar fáil do IR(H) ní mór dóibh a gclár oiliúna a oiriúnú chun go gcomhlíonfar Iarscríbhinn I faoin 30 Deireadh Fómhair 2023.”;

    (5)

    Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 30 Deireadh Fómhair 2022. Mar sin féin, beidh feidhm ag pointe (1) d’Airteagal 1 ón dáta theacht i bhfeidhm.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

    (4)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear pointe FCL.010 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar “oibríocht ilphíolótaí:

    is éard a chiallaíonn “oibríocht ilphíolótaí” oibríocht a dteastaíonn ar a laghad beirt phíolótaí lena haghaidh agus comhoibriú ilchriúanna in úsáid acu in aerárthach ilphíolótaí nó in aerárthach aonphíolóta.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar “aerárthach ilphíolótaí”:

    ““Aerárthach ilphíolótaí”:

    i gcás eitleán, ciallaíonn sé eitleáin atá deimhnithe chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad;

    i gcás héileacaptar, aerlong agus aerárthaí ingear-chumhachtaithe, ciallaíonn sé aerárthach atá deimhnithe chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad nó aerárthach a chaithfear a oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar “aerárthach aonphíolóta”:

    ““Aerárthach aonphíolóta”:

    i gcás eitleán, ciallaíonn sé aerárthach atá deimhnithe chun oibriú le píolóta amháin;

    i gcás héileacaptar, aerlong agus aerárthaí ingear-chumhachtaithe, ciallaíonn sé aerárthach a bhfuil sé deimhnithe ina leith gur aon phíolóta amháin a dhéanfaidh é a oibriú agus nach dteastaíonn beirt phíolótaí ar a laghad chun é a oibriú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.”;

    (2)

    i bpointe FCL.060(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

    “(1)

    ina PIC nó ina chomhphíolóta ach amháin má tá ar a laghad trí éirí, trí ascnamh agus trí thuirlingt déanta aige nó aici mar phíolóta eitilte in aerárthach nó in insamhlóir eitilte den chineál/aicme chéanna le 90 lá roimhe sin. Is in oibríochtaí ilphíolótaí nó in oibríochtaí aonphíolóta a dhéanfar na trí eirí den talamh agus na trí thuirlingt, ag brath ar na pribhléidí atá ag an bpíolóta; agus”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.510.H:

    FCL.510.H ATPL(H) — Réamhriachtanais, taithí agus creidiúnú

    Ní mór d’iarratasóirí ar ATPL(H) an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    CPL(H) a bheith acu;

    (b)

    teagasc a bheith faighte acu in MCC i gcomhréir le pointe FCL.735.H;

    (c)

    íosmhéid 1 000 uair an chloig d’am eitilte a dhéanamh ina phíolóta héileacaptar:

    (1)

    350 uair an chloig in oibríochtaí ilphíolótaí i héileacaptair;

    (2)

    (i)

    250 uair an chloig mar PIC; nó

    (ii)

    100 uair an chloig mar PIC agus 150 uair an chloig mar PIC faoi mhaoirseacht; nó

    (iii)

    250 uair an chloig mar PIC faoi mhaoirseacht i héileacaptair ilphíolótaí. Sa chás sin, beidh na pribhléidí ATPL(H) teoranta d’oibríochtaí ilphíolótaí amháin, go dtí go mbeidh 100 uair an chloig déanta mar PIC;

    (3)

    200 uair an chloig d’am eitilte trastíre a mbeidh 100 uair an chloig ar a laghad díobh mar PIC nó mar PIC faoi mhaoirseacht;

    (4)

    30 uair an chloig eitilte i muinín na n-uirlisí gan os cionn 10 uair an chloig de sin ar an talamh i muinín na n-uirlisí; agus

    (5)

    100 uair an chloig d’eitilt oíche ina PIC nó ina chomhphíolóta.

    Is féidir 100 ar a mhéad den 1 000 uair an chloig a dhéanamh i FSTD, agus ní fhéadfar níos mó ná 25 uair an chloig de sin a dhéanamh i FNPT;

    (d)

    I gcás am eitilte in eitleáin, tabharfar creidiúnú suas le 50 % in aghaidh na gceanglas ama eitilte atá i bpointe (c);

    (e)

    Ní mór an taithí a cheanglaítear i bpointe (c) a chur i gcrích sula ndéanfar an tástáil scileanna le haghaidh ATPL(H);

    (f)

    Gheobhaidh iarratasóirí ar ATPL(H) creidmheas iomlán in aghaidh an cheanglais i bpointe (b) nuair a chomhlíonann siad pointe FCL.720.H(a)(2)(ii) agus, ina theannta sin, má tá oiliúint faighte acu in ATO chun an caighdeán is gá a chomhlíonadh chun an cúrsa a chríochnú go rathúil de réir phointe FCL.735.H.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.605:

    FCL.605 IR – Pribhléidí agus coinníollacha

    (a)

    Pribhléidí

    Is iad na pribhléidí atá ag sealbhóirí IR aerárthaí a eitilt faoi IFR, oibríochtaí PBN san áireamh, ina bhfuil an íosairde trátha cinnidh seo a leanas:

    (1)

    gan é faoi bhun 200 troigh (60 m) ar a laghad;

    (2)

    faoi bhun 200 troigh (60 m), ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe é sin a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn V (Cuid-SPA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    (b)

    Coinníollacha

    (1)

    Déanfaidh sealbhóirí IR a bpribhléidí a fheidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i bhFoscríbhinn 8 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

    (2)

    Chun pribhléidí a fheidhmiú ina PIC faoi IFR in oibríocht ilphíolótaí i héileacaptair, ní mór 70 uair an chloig d’am eitilte i muinín na n-uirlisí ar a laghad a bheith ag sealbhóirí IR(H), agus d’fhéadfadh 30 uair an chloig de sin a bheith i muinín na n-uirlisí ar an talamh.”;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.620 IR:

    FCL.620 IR — Tástáil scileanna

    Ní mór d’iarratasóirí ar IR pas a ghnóthú i dtástáil scileanna i gcomhréir le Foscríbhinn 7 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo chun a gcumas a léiriú maidir leis na nósanna imeachta agus na hainlithe ábhartha a dhéanamh ar leibhéal inniúlachta is iomchuí do na pribhléidí a dheonaítear.”;

    (6)

    cuirtear isteach an pointe FCL,620.A seo a leanas i ndiaidh an cheannteidil “ROINN 2 – Ceanglais shonracha maidir leis an gcatagóir eitleáin”:

    FCL.620.A IR(A) – Tástáil scileanna

    (a)

    I gcás IR(A) il-innill, is in eitleán il-innill a dhéanfar an tástáil scileanna. I gcás IR(A) aon innill, is in eitleán aon innill a dhéanfar an tástáil scileanna. Meastar gurb eitleán aon innill é eitleán sá-lárlíne il-innill chun críoch an phointe seo.

    (b)

    Na hiarratasóirí a bhfuil tástáil scileanna déanta acu le haghaidh IR(A) il-innill in eitleán aonphíolóta il-innill ar a cheanglaítear rátáil aicme, eiseofar IR(A) aon innill dóibh freisin i dtaca leis na rátálacha aicme nó na rátálacha cineáil atá acu i dtaca le IR(A) aon innill”;

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.630.H:

    FCL.630.H IR(H) – Pribhléidí IR(H) a leathnú chuig cineálacha eile héileacaptar

    Mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar amach i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún, sealbhóirí IR(H) ar mian leo a bpribhléidí IR(H) a leathnú chuig cineálacha eile héileacaptar, sa bhreis ar an gcúrsa oiliúna ábhartha maidir le rátáil chineáil, ní mór dóibh 2 uair an chloig d’oiliúint eitilte a dhéanamh ar an gcineál ábhartha, eitilt gan de thagairt ach uirlisí de réir IFR a fhéadfar a dhéanamh in FFS nó in FTD arb ionann é agus an cineál ábhartha le haghaidh oibríocht IFR.”;

    (8)

    cuirtear isteach an pointe FCL,620.As seo a leanas i ndiaidh an cheannteidil “ROINN 4 – Ceanglais shonracha maidir leis an gcatagóir aerloinge”:

    FCL.620.As IR(As) – Tástáil scileanna

    I gcás IR(As) il-innill, is in aerlong il-innill a dhéanfar an tástáil scileanna. I gcás IR(As) aon innill, is in aerlong aon innill a dhéanfar an tástáil.”;

    (9)

    i bpointe FCL.725, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    Oibríocht aonphíolóta agus ilphíolótaí

    (1)

    Píolóta a bhfuil rátáil chineáil aige i dtaca le cineál aerárthaigh cheana, agus a bhfuil sé de phribhléid aige oibríochtaí aonphíolóta nó oibríochtaí ilphíolótaí a dhéanamh, is éard a mheasfar go bhfuil na ceanglais teoiriciúla comhlíonta aige cheana féin agus é ag déanamh iarratais chun an phribhléid i dtaca le cineál eile oibríochta ar an gcineál céanna aerárthaigh a chur leis.

    (2)

    Ní mór don phíolóta sin oiliúint eitilte sa bhreis a dhéanamh i dtaca le cineálacha eile oibríochta sa chineál ábhartha i gcomhréir le Foscríbhinn 9 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar amach i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún. Ní mór an oiliúint sin a dhéanamh i gceann díobh seo a leanas:

    (i)

    ATO;

    (ii)

    eagraíocht a bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ina leith agus atá i dteideal an oiliúint sin a chur ar fáil ar bhonn formheasa nó, i gcás héileacaptair aonphíolóta, dearbhú a chur ar fáil.

    (3)

    Ach amháin i gcás héileacaptair aonphíolóta, déanfar an cineál oibríochta a iontráil sa cheadúnas.

    (4)

    I gcás héileacaptair aonphíolóta, beidh feidhm ag gach ceann díobh seo a leanas:

    (i)

    I gcás ina ndearnadh tástáil scileanna nó seiceáil inniúlachta i dtaca le rátáil chineáil ar héileacaptar aonphíolóta neamhchasta in oibríochtaí ilphíolótaí agus sna hoibríochtaí sin amháin, déanfar srian maidir le hoibríocht ilphíolótaí a fhormhuiniú ar an rátáil chineáil sa cheadúnas. Bainfear an formhuiniú sin nuair a chríochnóidh an t-iarratasóir seiceáil inniúlachta ina mbeidh na heilimintí is gá le haghaidh oibríocht aonphíolóta mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 9 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

    (ii)

    I ngach cás eile, ní dhéanfar an cineál oibríochta a iontráil sa cheadúnas. Tá an píolóta i dteideal pribhléidí na rátála cineáil a fheidhmiú:

    (A)

    in oibríocht aonphíolóta, ar choinníoll go gcomhlíonfar an méid seo a leanas maidir leis an tástáil scile nó an tseiceáil inniúlachta:

    (1)

    rinneadh í in oibríocht aonphíolóta; nó

    (2)

    rinneadh í in oibríocht ilphíolótaí agus bhí eilimintí breise d’oibríocht aonphíolóta san áireamh inti, mar atá sonraithe i bhFoscríbhinn 9 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo;

    (B)

    rinneadh í in oibríocht ilphíolótaí faoi gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (1)

    comhlíonann an píolóta pointe FCL.720.H(a)(2);

    (2)

    feidhmítear na pribhléidí i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 amháin;

    (3)

    rinneadh an tástáil scileanna nó an tseiceáil inniúlachta in oibríocht ilphíolótaí.”;

    (10)

    leasaítear pointe FCL.720.H mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

    “Mura gcinntear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar amach i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún, iarratasóir ar eisiúint na chéad rátála cineáil i gcomhair héileacaptar, ní mór dó na riachtanais taithí agus na réamhriachtanais seo a leanas a chomhlíonadh don eisiúint i dtaca leis an rátáil chineáil ábhartha:”;

    (b)

    leasaítear pointe (a) mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

    “(a)

    Héileacaptair ilphíolótaí. Iarratasóir ar rátáil chineáil i gcomhair héileacaptar de chineál ilphíolótaí, ní mór dó an méid seo a leanas a dhéanamh sula dtosóidh sé ar an gcúrsa oiliúna maidir le rátáil chineáil:”;

    (2)

    i bpointe (2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    “(ii)

    500 uair an chloig d’am eitilte ar a laghad a dhéanamh ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh.”;

    (3)

    i bpointe (2), scriostar pointe (iii);

    (c)

    i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

    “Céimí de chúrsa comhtháite ATP(H)/IR, ATP(H), CPL(H)/IR nó CPL(H) nach gcomhlíonann ceanglas phointe (a)(1), beidh sé i dteideal an cúrsa oiliúna a dhéanamh maidir le rátáil chineáil i gcomhair héileacaptar de chineál ilphíolótaí, agus eiseofar an rátáil chineáil dó ina mbeidh na pribhléidí teoranta d’fheidhmeanna a fheidhmiú ach amháin ina chomhphíolóta dó. Bainfear an teorannú nuair a chomhlíonfaidh an píolóta gach ceann de na nithe seo a leanas:”;

    (d)

    i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

    “Héileacaptair il-innill. Iarratasóir ar an gcéad eisiúint de rátáil chineáil i gcomhair héileacaptar il-innill, ní mór dó an méid seo a leanas a dhéanamh:”;

    (11)

    i bpointe FCL.905.TRI, leasaítear pointe (a)(5) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    “(ii)

    Oiliúint MCC, ar choinníoll go bhfuil 350 uair an chloig d’am eitilte déanta aige nó aici ina phíolóta/ina píolóta in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh.”

    (b)

    scriostar pointe (iii);

    (12)

    i bpointe FCL.910.TRI, leasaítear pointe (c) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

    “(2)

    Chun pribhléidí TRI(H) a leathnú chuig oibríochtaí ilphíolótaí i héileacaptair aonphíolóta den chineál céanna, ní mór don sealbhóir 350 uair an chloig ar a laghad d’am eitilte a bheith aige ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh nó 100 uair an chloig ar a laghad d’am eitilte a bheith aige ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí sa chineál sonrach le dhá bhliain anuas.”;

    (b)

    cuirtear isteach pointe (3) nua mar a leanas:

    “(3)

    Sula ndéantar na pribhléidí a leathnú amach ó héileacaptair aonphíolóta chuig héileacaptair ilphíolótaí, ní mór don sealbhóir pointe FCL.915.TRI(d)(3) a chomhlíonadh.”;

    (13)

    i bpointe FCL.915.TRI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    i gcomhair TRI(H):

    (1)

    i gcás deimhniú TRI(H) i gcomhair héileacaptair aonphíolóta aon innill, ní mór an méid seo a leanas a bheith déanta ag sealbhóir:

    (i)

    250 uair a chloig ina phíolóta ar héileacaptair; nó

    (ii)

    deimhniú FI(H) a bheith aige;

    (2)

    i gcás deimhniú TRI(H) i gcomhair héileacaptair il-innill aonphíolóta, ní mór an méid seo a leanas a bheith déanta ag sealbhóir:

    (i)

    500 uair an chloig ina phíolóta héileacaptar, 100 uair an chloig mar PIC i héileacaptair il-innill aonphíolóta san áireamh; nó

    (ii)

    deimhniú FI(H) a bheith aige agus 100 uair an chloig d’am eitilte a bheith déanta aige ina phíolóta i héileacaptair il-innill;

    (3)

    i gcás deimhniú TRI(H) i gcomhair héileacaptair ilphíolótaí, 1 000 uair an chloig d’am eitilte a bheith déanta aige ina phíolóta héileacaptair, nó 350 uair an chloig in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh nó 100 uair an chloig ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí ar an gcineál a bhfuil an deimhniú TRI(H) á lorg aige/aici ina leith;”;

    (14)

    i bpointe FCL.915.IRI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) (3):

    “(3)

    agus pribhléidí á lorg chun oiliúint a chur ar fáil i héileacaptair il-innill, ceanglais phointí FCL.910.TRI(c)(1) agus FCL.915.TRI(d)(2) a chomhlíonadh;”;

    (15)

    i bpointe FCL.905.SFI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(2):

    “(2)

    Oiliúint MCC, ar choinníoll go bhfuil 350 uair an chloig d’am eitilte déanta aige ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh.”

    (16)

    i bpointe FCL.915.SFI, leasaítear pointe (e) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

    “(2)

    i gcás héileacaptair ilphíolótaí, 1 000 uair an chloig ar a laghad de thaithí eitilte ina phíolóta héileacaptar, lena n-áirítear 350 uair an chloig ar a laghad in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

    “(4)

    i gcás héileacaptair aon innill aonphíolóta, ní mór 250 uair an chloig a bheith déanta ina phíolóta héileacaptair;”;

    (c)

    cuirtear isteach pointe (5) nua mar a leanas:

    “(5)

    i gcás héileacaptair aonphíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí, ní mór 350 uair an chloig ar a laghad a dhéanamh in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh.”;

    (17)

    i bpointe FCL.915.MCCI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    ní mór an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

    (1)

    i gcás eitleán, aerlong agus aerárthach ingear-chumhachtaithe, 1 500 uair an chloig ar a laghad de thaithí eitilte ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí, agus ní mór 350 uair an chloig díobh sin a dhéanamh sa chatagóir aerárthaigh iomchuí;

    (2)

    i gcás héileacaptar, 1 000 uair an chloig de thaithí eitilte ina phíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí, agus ní mór 350 uair an chloig ar a laghad díobh sin a dhéanamh i héileacaptair.”;

    (18)

    i bpointe FCL.1005.TRE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(2):

    “(2)

    seiceálacha inniúlachta i gcomhair athdheimhniú nó athnuachan IRanna, ar choinníoll go bhfuil IR(H) bailí ag an TRE(H);”;

    (19)

    i bpointe FCL.1010.TRE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(6):

    “(6)

    Sula ndéantar leathnú ar phribhléidí TRE(H) ó oibríochtaí aonphíolóta chuig oibríochtaí ilphíolótaí i héileacaptar den chineál céanna, ní mór ceann amháin acu seo a leanas a bheith ag an sealbhóir:

    (i)

    100 uair an chloig ar a laghad in oibríochtaí ilphíolótaí sa chineál sin; nó

    (ii)

    350 uair an chloig ar a laghad in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh.”;

    (20)

    i bpointe FCL.1010.SFE, leasaítear pointe (b) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3) agus (4):

    “(3)

    i gcás héileacaptair ilphíolótaí, 1 000 uair an chloig ar a laghad de thaithí eitilte a dhéanamh ina bpíolótaí ar héileacaptair ilphíolótaí;

    (4)

    i gcás héileacaptair aonphíolóta in oibríochtaí ilphíolótaí, ní mór 350 uair an chloig ar a laghad a dhéanamh in oibríochtaí ilphíolótaí in aon chatagóir aerárthaigh;”;

    (b)

    cuirtear isteach pointe (5) nua mar a leanas:

    “(5)

    chun deimhniú SFE a fháil den chéad uair, ní mór 50 uair an chloig ar a laghad d’oiliúint shintéiseach eitilte a dhéanamh ina TRI(H) nó mar SFI(H) ar an gcineál is infheidhme.”;

    (21)

    i Roinn I d’Fhoscríbhinn 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    “9.

    Tar éis don iarratasóir an oiliúint eitilte ghaolmhar a chríochnú, ní mór dó tástáil scileanna IR a dhéanamh ar héileacaptar il-innill nó ar héileacaptar aon innill agus tástáil scileanna IFR a dhéanamh ar héileacaptar atá deimhnithe le haghaidh oibríochtaí IFR.”;

    (22)

    Leasaítear Roinn B d’Fhoscríbhinn 6 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.

    Cuimseoidh cúrsa IR(H) 55 uair an chloig ar a laghad d’am i muinín na n-uirlisí faoi threoir, agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh ann:

    (a)

    féadfaidh suas le 20 uair an chloig de a bheith i muinín na n-uirlisí ar an talamh i FNPT I (H) nó (A). Féadfar am teagaisc 20 uair an chloig in IR(H) in eitleán arna fhormheas don chúrsa seo a chur in ionad an ama teagaisc 20 uair an chloig i FNPT I (H) nó (A); nó

    (b)

    féadfaidh suas le 40 uair an chloig d’am i muinín na n-uirlisí ar an talamh i héileacaptar FTD 2/3, FNPT II/III nó FFS a bheith mar chuid den am teagaisc sin.

    Cuimseoidh an oiliúint eitilte i muinín na n-uirlisí 10 uair ar a laghad i héileacaptar atá deimhnithe le haghaidh oibríochtaí IFR.”;

    (b)

    scriostar mír 8;

    (c)

    athuimhrítear mír 9.1 mar “8.1.”;

    (d)

    athuimhrítear mír 9.2 mar “8.2.”;

    (e)

    athuimhrítear mír 9.3 mar “8.3.”;

    (f)

    athuimhrítear mír 10 mar mhír “9” agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (b) de:

    “(b)

    nós imeachta agus ainlithe i gcomhair oibríocht IFR faoi choinníollacha gnácha, neamhghnácha agus éigeandála lena gcumhdaítear na nithe seo a a leanas ar a laghad:

    aistriú ó amharc-eitilt chuig eitilt i muinín na n-uirlisí le linn éirí den talamh,

    eitiltí isteach agus eitiltí amach caighdeánacha i muinín na n-uirlisí,

    nósanna imeachta IFR faoi bhealach,

    nósanna imeachta coinneála,

    ascnaimh uirlisí chuig íosluachana sonracha,

    nósanna imeachta i gcás ascnaimh iomraill,

    ascnaimh i muinín na n-uirlisí tuirlingte, an ciorclú san áireamh; ”;

    (23)

    I bhFoscríbhinn 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B:

    “B.   Héileacaptair

    Ní dheonófar creidmheasanna ach amháin má tá pribhléidí IR á athbhailíochtú nó á athnuachan ag sealbhóirí i gcomhair héileacaptair aonphíolóta, de réir mar is iomchuí.

    Má dhéantar tástáil scileanna nó seiceáil inniúlachta lena n-áirítear IR agus na nithe seo a leanas a bheith bailí ag na sealbhóirí:

    Tá an creidmheas bailí i leith na coda IR i seiceáil inniúlachta i gcomhair:

    Rátáil chineáil ar héileacaptar ilphíolótaí (MPH)

    Héileacaptar aonphíolóta (SPH) den chineál céanna, lena n-áirítear na pribhléidí maidir le hoibríochtaí aonphíolóta (*1)

    Rátáil chineáil ar héileacaptar aonphíolóta (SPH), in multi-pilot operations

    Pribhléidí maidir le hoibríochtaí aonphíolóta sa chineál ceanna (*1)

    (24)

    Leasaítear Foscríbhinn 9 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear Roinn A mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil roimh mhír (13):

    “CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LEIS AN TÁSTÁIL SCILEANNA/AN TSEICEÁIL INNIÚLACHTA I dTACA LE RÁTÁLACHA CINEÁIL LE hAGHAIDH AERÁRTHAÍ ILPHÍOLÓTAÍ, AERÁRTHAÍ AONPHÍOLÓTA NUAIR IS IN OIBRÍOCHTAÍ ILPHÍOLÓTAÍ A OIBRÍTEAR IAD, I gCOMHAIR MPL AGUS ATPL

    13.

    An tástáil scileanna le haghaidh aerárthach ilphíolótaí nó le haghaidh aerárthach aonphíolóta, a oibrítear in oibríochtaí ilphíolótaí, is i dtimpeallacht ilchriúanna a dhéanfar í. Féadfaidh iarratasóir eile nó píolóta cáilithe de rátáil chineáil eile feidhmiú ar an dara píolóta. Má úsáidtear aerárthach, is é an dara píolóta a bheidh ina scrúdaitheoir nó ina theagascóir.”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh atá i mír 15:

    “15.

    Déanfaidh an scrúdaitheoir seiceáil shonrach ar na gnéithe seo a leanas i gcás iarratasóirí ar an ATPL nó ar rátáil chineáil aerárthaí ilphíolótaí nó rátáil chineáil oibríochtaí ilphiolótaí in aerárthach aonphíolóta ina leathnaítear na dualgais chuig PIC, is cuma an mar PF nó mar PM a ghníomhaíonn na hiarratasóirí:”;

    (b)

    Leasaítear Roinn B mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.

    I gcás eitleáin choimpléascacha ardfheidhmíochta ilphíolótaí agus aonphíolóta, ní mór d’iarratasóirí pas a ghnóthú i ngach cuid den tástáil scileanna nó den tseiceáil inniúlachta. Má theipeann ar iarratasóirí i níos mó na cúig mhír beidh orthu an tástáil iomlán nó an tseiceáil iomlán a dhéanamh arís. Na hiarratasóirí a dteipfidh orthu i gcúig mhír nó níos lú ná sin, beidh orthu na míreanna sin a dhéanamh arís. Má theipeann ar iarratasóirí in aon mhír san aththástáil nó san athsheiceáil, na míreanna sin inar éirigh leo san iarracht roimhe seo san áireamh, beidh orthu an tseiceáil iomlán nó an tástáil iomlán a dhéanamh arís.”;

    (2)

    i mír 6, sa tábla i ndiaidh mhír (j), scriostar na focail “Barúlacha ginearálta: Ceanglais shonracha maidir le leathnú ar an rátáil chineáil i gcomhair ascnaimh i muinín na n-uirlisí anuas chuig airde trátha cinnidh níos lú ná 200 troigh (60 m) i.e. oibríochtaí CAT II/III.” roimh an gceannteideal “Roinn 6”, scriostar an Roinn 6 atá ar a lorg sin mar aon leis na focail “TABHAIR DO D’AIRE: Is i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis na hoibríochtaí aeir is infheidhme a dhéanfar oibríochtaí CAT II/III” a thagann i ndiaidh Roinn 6.

    (c)

    i Roinn C, cuirtear an ceannteideal seo a leanas agus an mhír (13) isteach i ndiaidh mhír (12):

    “HÉILEACPTAIR AONPHÍOLÓTA

    13.

    Na hiarratasóirí ar eisiúint rátála cineáil, nó ar athbhailíochtú nó ar athnuachan rátála cineáil i gcomhair héileacaptar aonphíolóta, ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    má iarrtar pribhléidí i dtaca le hoibríocht aonphíolóta, an tástáil scileanna nó an tseiceáil inniúlachta a dhéanamh in oibríocht aonphíolóta;

    (b)

    má iarrtar pribhléidí i dtaca le hoibríocht ilphíolótaí, an tástáil scileanna nó an tseiceáil inniúlachta a dhéanamh in oibríocht ilphíolótaí;

    (c)

    má iarrtar pribhléidí i dtaca le hoibríocht aonphíolóta agus oibríocht ilphíolótaí araon, an tástáil scileanna nó an tseiceáil inniúlachta a dhéanamh in oibríocht ilphíolótaí agus ina theannta sin, na hainlithe agus na nósanna imeachta seo a leanas a dhéanamh in oibríocht aonphíolóta;

    (1)

    i gcás héileacaptair aon innill: 2.1 éirí den talamh agus 2.6 agus 2.6.1 teacht anuas uathrothlach agus tuirlingt uathrothlach;

    (2)

    i gcás héileacaptair il-innill: 2.1 éirí den talamh agus 2.4 agus 2.4.1 cliseadh innill go luath roimh an TDP a bhaint amach agus go gairid ina dhiaidh;

    (3)

    i gcás pribhléidí IR, i dteannta le pointe (1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ascnamh amháin de Roinn 5, ach amháin má chomhlíontar na critéir i bhFoscríbhinn 8;

    (d)

    chun srian a bhaint den rátáil chineáil i gcomhair héileacaptar aonphíolóta neamhchasta chuig rátáil chineáil i gcomhair héileacaptar ilphíolótaí, seiceáil inniúlachta a dhéanamh ina gcuimsítear na hainlithe agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (c)(1) nó i bpointe (c)(2) de réir mar is infheidhme.”;

    (d)

    Leasaítear Roinn D mar a leanas:

    (1)

    i mír 6, scriostar pointí (a), (b) agus (c);

    (2)

    cuirtear isteach an mhír (6a) seo a leanas i ndiaidh mhír 6 mar a leanas:

    “(6a)

    Na gnéithe a bhfuil réiltín leo (*) gan de thagairt ach uirlisí a dhéanfar iad a eitilt. Mura gcomhlíontar an coinníoll sin le linn na tástála scileanna nó na seiceála inniúlachta, déanfar an rátáil chineáil a shrianú chuig VFR amháin.”;

    (3)

    sa tábla atá ar lorg mhír 8, scriostar Roinn 6 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 7:

    “ROINN 6 – Trealamh roghnach

    6

    Trealamh roghnach a úsáid

     

    P

    →”

     

     

     

    (e)

    Leasaítear Roinn E mar a leanas:

    (1)

    i mír 6, scriostar pointí (a), (b) agus (c).

    (2)

    cuirtear isteach an mhír (6a) seo a leanas i ndiaidh mhír 6:

    “(6a)

    Na gnéithe a bhfuil réiltín leo (*) gan de thagairt ach uirlisí a dhéanfar iad a eitilt. Mura gcomhlíontar an coinníoll sin le linn na tástála scileanna nó na seiceála inniúlachta, déanfar an rátáil chineáil a shrianú chuig VFR amháin.”;

    (3)

    sa tábla atá ar lorg mhír 8, scriostar Roinn 6 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 7:

    “ROINN 6 – Trealamh roghnach

    6

    Trealamh roghnach a úsáid

     

    P

    →”

     

     

     

     


    (*1)  Ar choinníoll go ndearnadh na nithe seo ar a laghad laistigh den 12 mhí roimhe sin; trí imeacht agus trí ascnamh IFR lenár feidhmíodh pribhléidí PBN, lena n-áirítear ascnamh RNP APCH amháin (a bhféadfadh a bheith ina ascnamh Point in Space (PinS) agus gur i héileacaptar de chineál SP in oibríochtaí SP a rinneadh iad.”


    Top