Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2159

    Cinneadh (AE) 2021/2159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – EGF/2021/001 ES/País Vasco metal

    IO L 436, 7.12.2021, p. 38–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2159/oj

    7.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 436/38


    CINNEADH (AE) 2021/2159 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2021

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – EGF/2021/001 ES/País Vasco metal

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

    Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséadacha agus bainistiú fónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár maidir le tabhairt isteach acmhainní dílse nua (2), agus go háirithe pointe 9 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

    (2)

    Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 (3) ón gComhairle,

    (3)

    An 25 Meitheamh 2021, chuir an Spáinn iarratas isteach ar CED a shlógadh i ndáil le hiomarcaíochtaí oibrithe san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (“NACE”) (4) Athbhreithniú 2 rannán 25 (Monarú táirgí miotail monaraithe, seachas innealra agus trealamh) in Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh (“NUTS”) (5) a bhaineann le País Vasco (ES21) na Spáinne, réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Comhlíonann an t-iarratas sin na coinníollacha le ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 214 607 a sholáthar i leith an iarratais a chur an Spáinn isteach.

    (5)

    Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 1 214 607 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 25 Samhain 2021.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 25 Samhain 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. LOGAR


    (1)  IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

    (2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

    (5)  Rialachán Tarmligthe 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 270, 24.10.2019, lch. 1)


    Top