Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1891

    Rialachán (AE) 2021/1891 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a allmhairiú isteach san Aontas agus iad a bheith ar idirthuras tríd (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/7567

    IO L 384, 29.10.2021, p. 84–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1891/oj

    29.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 384/84


    RIALACHÁN (AE) 2021/1891 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Deireadh Fómhair 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a allmhairiú isteach san Aontas agus iad a bheith ar idirthuras tríd

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (1), agus go háirithe Airteagal 41(3), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír, agus Airteagal 42(2), pointí (a), (b) agus (d) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (2), leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh na rialacha maidir le sláinte an phobail agus le haghaidh shláinte ainmhithe maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, lena n-áirítear deimhnithe sláinte samplacha agus an liosta de thríú tíortha atá údaraithe chun coinsíneachtaí seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a allmhairiú isteach san Aontas agus a chur ar idirthuras tríd.

    (2)

    Go háirithe, leagtar amach i gCaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 na ceanglais shonracha maidir le coinsíneachtaí seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá le húsáid lasmuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe saothraithe, seachas ainmhithe fionnaidh, a allmhairiú isteach san Aontas agus a chur ar idirthuras tríd. Tá de cheangal ar choinsíneachtaí den sórt sin na rialacha a leagtar amach i dTábla 2 de Roinn 1 den Chaibidil sin inter alia a chomhlíonadh.

    (3)

    Go sonrach, leagtar amach i ró 14 de Thábla 2, inter alia, an liosta de thríú tíortha atá údaraithe le coinsíneachtaí seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beathaithe a allmhairiú isteach san Aontas agus a chur ar idirthuras tríd, lena n-áirítear coinsíneachtaí fionnaidh chun táirgí díorthaithe a mhonarú, ábhair chatagóir 3, dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (n), de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009. D’iarr Ballstáit áirithe go leasófaí ró 14 de Thábla 2 chun liosta de thríú tíortha atá údaraithe le fionnadh a allmhairiú isteach san Aontas a chur san áireamh chun táirgí díorthaithe a mhonarú. Níl aon liosta ann de thríú tíortha atá údaraithe chun táirgí ainmhithe fionnaidh a allmhairiú isteach san Aontas, ach leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 (3) ón gCoimisiún liosta de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh, atá údaraithe le coinsíneachtaí d’fheoil úr ainmhithe crúbacha a thabhairt isteach san Aontas. Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas ó na Ballstáit, is iomchuí liosta a áireamh de thríú tíortha ónar féidir fionnadh a allmhairiú isteach san Aontas i ró 14 de Thábla 2, fionnadh chun táirgí díorthaithe a mhonarú. Na tríú tíortha óna n-údaraítear feoil úr na gcrúbach a thabhairt isteach san Aontas, ós tíortha iad a thugann leibhéal ard rialuithe oifigiúla agus cosanta do shláinte an phobail agus do shláinte na n-ainmhithe, is tráthúil fionnadh a allmhairiú ó na tríú tíortha chun táirgí díorthaithe sin a mhonarú.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir.

    (5)

    Mar aon leis sin, i gCaibidil 3(F) agus i gCaibidil 8 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, leagtar amach deimhnithe sláinte samplacha d’allmhairí seachtháirgí ainmhithe agus de tháirgí díorthaithe a thugtar isteach san Aontas, nó a chuirtear ar idirthuras tríd, chun bia peataí a mhonarú chomh maith le hallmhairí a úsáidtear lasmuigh den slabhra beathaithe nó mar shamplaí trádála faoi seach. I measc nithe eile, cuimsíonn na deimhnithe sláinte samplacha sin an ceanglas go gcaithfí na hainmhithe óna ndíorthaítear seachtháirgí ainmhithe a choinneáil ar aon ghabháltas amháin ar feadh 40 lá roimh a marú. Ó thaobh sláinte ainmhithe de, áirithíonn tréimhse chónaithe réamh-mharaithe 40 lá den sórt sin sábháilteacht na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad. Tír a bheith glan ar an ngalar crúb agus béil gan aon vacsaíniú a dhéanamh inti, sin é an stádas sláinte ainmhithe is fónta de réir chaighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), agus tríú tíortha a bhfuil an stádas sláinte ainmhithe sin acu, is tíortha iad atá údaraithe chun coinsíneachtaí feola úire a allmhairiú isteach san Aontas agus a iompar tríd gan tréimhse chónaithe 40 lá den sórt sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad gach ceanglas eile i leith sláinte ainmhithe. Tríú tíortha áirithe atá saor ón ngalar crúb agus béil gan aon vacsaíniú a chleachtadh, is amhlaidh a d’iarr siad ar an gCoimisiún iad a údarú chun seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte a allmhairiú isteach san Aontas gan an tréimhse chónaithe 40 lá a bheith i gceist roimh ré. Na coinníollacha sláinte ainmhithe maidir le hallmhairiú seachtháirgí ainmhithe, is coinníollacha iad ba cheart a ailíniú le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le feoil úr a thabhairt isteach san Aontas, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún.

    (6)

    Dá bhrí sin, na deimhnithe sláinte samplacha do sheachtháirgí ainmhithe chun bia peataí a mhonarú, rud atá leagtha amach i gCaibidil 3(F) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, agus do sheachtháirgí ainmhithe atá le húsáid chun críocha lasmuigh den slabhra beathaithe nó le haghaidh samplaí trádála, rud a leagtar amach i gCaibidil 8 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin, is deimhnithe iad ba cheart a leasú dá réir sin.

    (7)

    Rud eile, is éard a fhoráiltear i gCaibidil V d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 go ndéanfar táirgí díorthaithe ó ábhar Chatagóir 1 nó ó ábhar Chatagóir 2 a bhuanmharcáil le marcóir ceimiceach chun a ligean isteach sa slabhra beatha a chosc, sin agus chun rialuithe oifigiúla beatha a áirithiú. Níl aon ghá marcáil a dhéanamh le marcóir ceimiceach i gcás na saillte leáite i gCatagóir 3. Dá bhrí sin, an fhoclaíocht earráideach sa deimhniú sláinte samplach atá leagtha amach i gCaibidil 10(B) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin, is foclaíocht í is éigean a cheartú i gcás allmhairí saillte leáite nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine, allmhairí atá le húsáid lasmuigh den slabhra beathaithe, nó a bhfuil sé beartaithe iad a sheoladh chuig an Aontas nó a n-iompar tríd.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir.

    (9)

    Ar mhaithe le cur isteach ar thrádáil a sheachaint, ba cheart foráil leis an Rialachán seo d’idirthréimhse inar cheart leanúint ag glacadh leis na tráchtearraí lena mbaineann na leasuithe a rinneadh ar Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 leis an Rialachán seo maidir le hallmhairiú isteach san Aontas agus ar idirthuras tríd an Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann na tráchtearraí sin na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 roimh na leasuithe a rinneadh leis an Rialachán seo.

    (10)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Ar idirthréimhse go dtí an 31 Bealtaine 2022, i gcomhair a n-allmhairithe chuig an Aontas nó a gcur ar idirthuras tríd, leanfar ag glacadh le coinsíneachtaí seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe lena ngabhann deimhniú sláinte samplach arna chomhlánú agus arna shíniú go cuí i gcomhréir leis an múnla iomchuí den deimhniú sláinte samplach a leagtar amach i gCaibidil 3(F), i gCaibidil 8 agus i gCaibidil 10(B) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 sa leagan ab infheidhme roimh na leasuithe dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Rialachán seo, ar choinníoll go mbeidh na deimhnithe sláinte nó na dearbhuithe sláinte sin comhlíonta agus sínithe go cuí tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna i dtríú tíortha óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 11).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 mar a leanas:

    1.

    in Iarscríbhinn XIV, Caibidil II, Roinn 1, Tábla 2, sraith 14, colún “liosta tríú tíortha” cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

    “(d)

    I gcás fionnaidh chun táirgí díorthaithe a mhonarú:

    Tríú tíortha atá liostaithe i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (*1) óna n-údaraítear feoil úr ainmhithe crúbacha a thabhairt isteach san Aontas.

    (*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tíortha óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).”."

    2.

    leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas:

    (a)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 3(F):

    “CAIBIDIL 3(F)

    Deimhniú sláinte

    Maidir le seachtháirgí ainmhithe (3) chun bia peataí a mhonarú a bhfuil sé beartaithe iad a sheoladh chuig an Aontas Eorpach nó a chur ar idirthuras tríd (2)

    Image 1

    Image 2

    Image 3

    Image 4

    Image 5

    Image 6
    ”;

    (b)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Caibidil 8:

    “CAIBIDIL 8

    Deimhniú sláinte

    Maidir le seachtháirgí ainmhithe atá le húsáid chun críocha lasmuigh den slabhra beathaithe nó le haghaidh samplaí trádála (2) a bhfuil sé beartaithe iad a sheoladh chuig an Aontas Eorpach nó a chur ar idirthurais tríd (2) an Aontas

    Image 7

    Image 8

    Image 9

    Image 10

    Image 11

    Image 12
    ”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10(B):

    “CAIBIDIL 10(B)

    Deimhniú sláinte

    Maidir le saillte leáite nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine le húsáid chun críocha áirithe lasmuigh den slabhra beathaithe agus é beartaithe iad a sheoladh chuig an Aontas Eorpach nó lena n-iompar trí(2)

    Image 13

    Image 14

    Image 15

    Image 16

    Image 17
    ”.


    (*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tíortha óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).”.”


    Top