EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0845

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/845 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a mhéid a bhaineann le hiompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh

C/2021/3542

IO L 186, 27.5.2021, p. 28–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/09/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022D1668

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/845/oj

27.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/28


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/845 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Bealtaine 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a mhéid a bhaineann le hiompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin agus a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chodanna de na caighdeáin sin.

(2)

Trí litir BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92 an 12 Nollaig 1994, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuireadh Treoir 2014/34/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/9/CE.

(3)

Go háirithe, iarradh ar CEN agus Cenelec caighdeán a dhréachtú maidir le dearadh agus tástáil trealaimh atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach mar atá léirithe i gCaibidil I den chlár caighdeánaithe a comhaontaíodh idir CEN agus Cenelec agus an Coimisiún agus a cuireadh i gceangal le hiarratas BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92. Iarradh ar CEN agus Cenelec freisin na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú d’fhonn iad a ailíniú le ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta Threoir 94/9/CE.

(4)

Ar bhonn iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeán EN 15188:2007 maidir le hiompraíocht uath-adhainte carn deannaigh. De thoradh an athbhreithnithe sin, chuir CEN caighdeán EN 15188:2020 faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

Caighdeán EN 15188:2020 a dhréachtaigh CEN, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún in éineacht le CEN i dtaobh an gcomhlíonann an caighdeán sin iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92.

(6)

Comhlíonann caighdeán EN 15188:2020 na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. Is iomchuí dá réir sin an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Cuirtear caighdeán EN 15188:2020 in ionad chaighdeán EN 15188:2007. Dá bhrí sin, is gá an tagairt do chaighdeán EN 15188:2007 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do leagan athbhreithnithe chaighdeán EN 15188:2007, is gá tarraingt siar na tagartha don chaighdeán sin a chur siar.

(9)

Na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, foilsítear tagairtí do na caighdeáin sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún (4). Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, chun a áirithiú go ndéanfar iad a liostú in aon ghníomh, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin EN 15188:2020 agus EN 15188:2007 a chuimsiú sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a leasú dá réir.

(11)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhlíontacht ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12

(2)  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).

(3)  Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 100, 19.4.1994, lch. 1).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 15.7.2019, lch. 71).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“3.

EN 15188:2020

Iompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh”.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“3.

EN 15188:2007

Iompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh

27 Samhain 2022”.


Top