This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22021A0430(01)
Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part
Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
Seo téacs barántúil críochnúil an chomhaontaithe a chuirtear in ionad ab initio 22020A1231(01).
IO L 149, 30.4.2021, p. 10–2539
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2024
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj
30.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 149/10 |
TRÁDÁLA AGUS COMHAIR
idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
BROLLACH
TÁ AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
AGUS
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
1. |
AG ATHDHEARBHÚ a thiomanta atá siad do phrionsabail an daonlathais, don smacht reachta, do chearta an duine agus do chur i gcoinne iomadú arm ollscriosta agus don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, ar gnéithe riachtanacha den chomhaontú seo agus de chomhaontuithe forlíontacha iad, |
2. |
Á AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá an comhar domhanda chun dul i ngleic le saincheisteanna comhleasa, |
3. |
AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá trédhearcacht sa trádáil idirnáisiúnta agus infheistíocht chun leasa na ngeallsealbhóirí uile, |
4. |
AG FÉACHAINT le rialacha soiléire, comhthairbheacha a bhunú lena rialófar trádáil agus infheistíocht idir na Páirtithe, |
5. |
ÓS RUD É gur den bhunriachtanas forálacha a bhunú a áiritheoidh rialachas foriomlán, go háirithe rialacha forfheidhmiúcháin agus rialacha um réiteach díospóidí a urramaíonn ina iomláine neamhspleáchas dhlíchórais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, mar aon le stádas na Ríochta Aontaithe mar thír lasmuigh den Aontais Eorpach, chun léiriú agus cur i bhfeidhm ceart an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a ráthú, mar aon le comhlíonadh na gceanglas faoi na comhaontuithe sin, |
6. |
AG CUR lena gcearta agus lena n-oibleagáidí féin faoi Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, arna dhéanamh an 15 Aibreán 1994, agus faoi ionstraimí comhair iltaobhacha agus déthaobhacha eile, |
7. |
AG AITHINT DÓIBH an neamhspleáchas agus an ceart atá ag na Páirtithe rialú a dhéanamh laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha a bhaint amach, mar shampla sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, an comhshaol lena n-áirítear athrú aeráide, agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint agus a chur chun cinn, mar aon le cosaint shóisialta nó tomhaltóirí, leas ainmhithe, príobháideachas agus cosaint sonraí agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint, agus iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar a n-ardleibhéil cosanta san am céanna, |
8. |
AG CREIDIÚINT DÓIBH, ar mhaithe le timpeallacht tráchtála intuartha a chothaíonn trádáil agus infheistíocht idir na Páirtithe agus a choisceann saobhadh trádála agus buntáistí iomaíocha éagóracha, agus ar bhealach a chabhródh le forbairt inbhuanaithe ina gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, |
9. |
AG AITHINT DÓIBH an gá atá le comhpháirtíocht eacnamaíoch atá uaillmhianach, fairsing agus cothrom agus a mbeidh cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte agus chothrom agus forbairt inbhuanaithe mar bhonn léi, trí bhíthin creata láidir éifeachtach le haghaidh fóirdheontas agus iomaíochta agus gealltanas seasamh lena n-ardleibhéil chosanta féin i réimsí an tsaothair agus na gcaighdeán sóisialta, an chomhshaoil, an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide agus an chánachais, |
10. |
AG AITHINT DÓIDH gur gá margadh oscailte agus slán a áirithiú do ghnólachtaí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus dá n-earraí agus a seirbhísí, trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar ar thrádáil agus ar infheistíocht, |
11. |
AG TABHAIRT DÁ nAIRE a thábhachtaí atá sé deiseanna nua a éascú le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí tríd an trádáil dhigiteach, agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar ar shreabhadh sonraí agus ar thrádáil arna gcumasú trí mheáin leictreonacha, agus rialacha na bPáirtithe maidir le cosaint sonraí pearsanta á n-urramú ag an am céanna, |
12. |
ÓS MIAN LEO go rannchuideoidh an Comhaontú seo le leas an tomhaltóra trí bheartais lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus folláine eacnamaíoch, chomh maith le comhar a spreagadh idir na húdaráis ábhartha, |
13. |
I bhFIANAISE a thábhachtaí atá nascacht trasteorann d’aer, de bhóthar agus de mhuir, le haghaidh paisinéirí agus earraí, agus an ghá atá ann caighdeáin arda a áirithiú maidir le soláthar seirbhísí iompair idir na Páirtithe, |
14. |
AG AITHINT DÓIBH na buntáistí a bhaineann le trádáil agus infheistíocht i bhfuinneamh agus in amhábhair agus a thábhachtaí atá sé tacú le soláthairtí fuinnimh don Aontas agus don Ríocht Aontaithe a bheidh costéifeachtúil, glan agus slán a sholáthar, |
15. |
AG TABHAIRT DÁ nAIRE gur chun leasanna na bPáirtithe a bheadh sé creat a bhunú chun an comhar teicniúil a éascú agus socruithe nua trádála a fhorbairt d’idirnascairí a mbeidh torthaí láidre, éifeachtúla iontu do na hamchláir uile, |
16. |
AG TABHAIRT DÁ nAIRE gur cheart go mbeadh an comhar agus an trádáil idir na Páirtithe sna réimsí sin bunaithe ar iomaíocht chóir sna margaí fuinnimh agus ar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí, |
17. |
AG AITHINT DÓIBH na buntáistí a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe, le fuinneamh inathnuaite, go háirithe amach ón gcósta sa Mhuir Thuaidh, agus le héifeachtúlacht fuinnimh, |
18. |
ÓS MIAN LEO úsáid shíochánta na n-uiscí atá buailte lena gcósta a chur chun cinn, chomh maith le húsáid bharrmhaith chothromasach na mbeo-acmhainní muirí sna huiscí sin, lena n-áirítear bainistiú inbhuanaithe leanúnach stoc comhroinnte, |
19. |
AG TABHAIRT DÁ nAIRE gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, gur Stát cósta neamhspleách í an Ríocht Aontaithe lena ngabhann na cearta agus oibleagáidí comhfhreagracha faoin dlí idirnáisiúnta, |
20. |
AG DEARBHÚ DÓIBH gur cheart cearta ceannasacha na Stát cósta a fheidhmíonn na Páirtithe chun críche na mbeo-acmhainní atá ina n-uiscí a thaiscéaladh, a shaothrú, a chaomhnú agus a bhainistiú, gur cheart na cearta sin a fheidhmiú de bhun phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna dhéanamh in Montego Bay an 10 Nollaig 1982 agus i gcomhréir leis na prionsabail sin (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige), |
21. |
AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá comhordú na gceart slándála sóisialta atá ag daoine a ghluaiseann idir na Páirtithe chun oibre, chun fanacht nó chun cónaí, agus na gceart atá ag a mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí, |
22. |
DE BHRÍ, maidir le comhar i réimsí leasa choitinn, amhail an eolaíocht, an taighde agus an nuálaíocht, an taighde núicléach agus an spás, i bhfoirm rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna cláir chomhfhreagracha de chuid an Aontais faoi dhálaí cothroma agus iomchuí, go rachaidh sé chun tairbhe don dá Pháirtí, |
23. |
DE BHRÍ go bhféadfar slándáil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais a neartú leis an gcomhar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, |
24. |
ÓS MIAN LEO comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a chur i gcrích lena gcuirfí bunús dlí ar fáil le haghaidh comhar den sórt sin, |
25. |
Á ADMHÁIL DÓIBH go bhféadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhorlíonadh le comhaontuithe eile a bheidh mar dhlúthchuid dá gcaidreamh déthaobhach foriomlán mar a rialaítear leis an gComhaontú seo, agus go tugtar i gcrích an Chomhaontaithe maidir le nósanna imeachta slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint mar chomhaontú forlíontach den sórt sin, agus go gcumasófar leis malartú faisnéise rúnaicmithe idir na Páirtithe faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú forlíontach eile, |
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CUID A hAON
FORÁLACHA COITEANNA AGUS INSTITIÚIDEACHA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir
Bunaítear leis an gComhaontú seo an bunús le haghaidh caidreamh leathan idir na Páirtithe, laistigh de limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta arb é is príomhthréith ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar chomhar, agus neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe á n-urramú acu.
Airteagal 2
Comhaontuithe forlíontacha
1. I gcás ina gcuireann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha eile i gcrích, is é a bheidh sna comhaontuithe sin comhaontuithe lena bhforlíontar an Comhaontú seo mura bhforáiltear dá leithéid sna comhaontuithe sin. Beidh na comhaontuithe forlíontacha sin ina gcuid ríthábhachtach den chaidreamh foriomlán de réir mar a rialaítear sa Chomhaontú seo agus beidh siad ina gcuid den chreat foriomlán.
2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas freisin:
(a) |
comhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe, de pháirt eile; agus |
(b) |
comhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach do Fhunneamh Adamhach, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile. |
Airteagal 3
Meon macánta
1. Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile, de mheon macánta agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun na cúraimí a eascraíonn as an gComhaontú seo, agus aon chomhaontú forlíontach, a dhéanamh.
2. Déanfaidh siad gach beart iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú seo, agus as aon chomhaontú forlíontach, agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe seo, nó gnóthú aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, a chur i mbaol.
TEIDEAL II
PRIONSABAIL AN LÉIRITHE AGUS NA SAINMHÍNITHE
Airteagal 4
An dlí idirnáisiúnta poiblí
1. Déanfar forálacha an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontú forlíontach a léiriú de mheon macánta i gcomhréir lena ngnáthbhrí ina gcomhthéacs agus i bhfianaise chuspóir agus sprioc an chomhaontaithe i gcomhréir leis na gnáthrialacha maidir le léiriú an dlí idirnáisiúnta phoiblí, lena n-áirítear na rialacha sin a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969.
2. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bhunaíonn an Comhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach oibleagáid a bhforálacha a léiriú de réir dhlí baile ceachtar Páirtí.
3. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh léiriú ar an gComhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach arna thabhairt ag cúirteanna ceachtar Páirtí ina cheangal ar chúirteanna an Pháirtí eile.
Airteagal 5
Cearta príobháideacha
1. Gan dochar d'Airteagal SSC.67 den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus cé is moite, maidir leis an Aontas, de Chuid a Trí den Chomhaontú sin, ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach mar ní lena dtugtar cearta ná lena bhforchuirtear oibleagáidí ar dhaoine seachas iad sin arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí poiblí idirnáisiúnta, ná ní fhorléireofar iad mar ní lena gceadaítear an Comhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach a agairt go díreach i gcórais dlí baile na bPáirtithe.
2. Ní dhéanfaidh Páirtí foráil maidir le ceart caingne faoina dhlí in aghaidh an Pháirtí eile ar an bhforas gur ghníomhaigh an Páirtí eile de shárú ar an gComhaontú seo nó de shárú ar aon chomhaontú forlíontach.
Airteagal 6
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, agus mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin; |
(b) |
ciallaíonn ‘lá’ lá féilire; |
(c) |
ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach; |
(d) |
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis maidir le hábhar sonraí; |
(e) |
ciallaíonn ‘Stát’ Ballstát den Aontas nó an Ríocht Aontaithe, de réir mar a éilíonn an comhthéacs; |
(f) |
ciallaíonn ‘críoch’ Páirtí, maidir le gach Páirtí, na críocha lena mbaineann an Comhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 774; |
(g) |
ciallaíonn ‘idirthréimhse’ an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar; agus |
(h) |
ciallaíonn ‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’ an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, lena n-áirítear a Phrótacail. |
2. Aon tagairt don ‘Aontas’, do ‘Páirtí’ nó do ‘Páirtithe’ sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach, tuigfear nach n-áirítear inti an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, mura sonrófar a mhalairt nó mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.
TEIDEAL III
CREAT INSTITIÚIDEACH
Airteagal 7
An Chomhairle Comhpháirtíochta
1. Bunaítear leis seo Comhairle Comhpháirtíochta. Beidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe ar an gComhairle sin. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta teacht le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla ag brath ar na hábhair a bheidh á bplé.
2. Is Comhalta den Choimisiún Eorpach agus ionadaí ó Rialtas na Ríochta Aontaithe ar leibhéal aireachta a dhéanfaidh comhchathaoirleacht ar an gComhairle Comhpháirtíochta. Tiocfaidh sé le chéile arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe, agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad, agus socróidh sí a sceideal cruinnithe agus a clár oibre de chomhthoil.
3. Déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta maoirseacht ar bhaint amach chuspóirí an Chomhaontaithe seo agus chuspóirí aon chomhaontaithe fhorlíontaigh. Déanfaidh sí maoirsiú agus éascú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh. Féadfaidh gach Páirtí aon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus léiriú an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a tharchur chuig an gComhairle Comhpháirtíochta.
4. Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta:
(a) |
cinntí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach; |
(b) |
moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh; |
(c) |
leasuithe ar an gComhaontú seo nó ar aon chomhaontú forlíontach a ghlacadh, le cinneadh, sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach; |
(d) |
seachas i ndáil le Teideal III de Chuid a hAon go dtí deireadh an cheathrú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cinntí a ghlacadh lena leasófar an Comhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach, ar choinníoll go mbeidh gá leis na leasuithe sin chun earráidí a cheartú nó chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh nó ar lochtanna eile; |
(e) |
aon ní a phlé a bhaineann leis na réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó le haon Chomhaontú forlíontach; |
(f) |
cuid dá cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoiste Comhpháirtíochta Trádála nó chuig Coiste Speisialaithe cé is moite de na cumhachtaí agus na freagrachtaí sin dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo; |
(g) |
trí chinneadh, Coistí Speisialaithe Trádála agus Coistí Speisialaithe cé is moite de na coistí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a bhunú, aon Choistí Speisialaithe Trádála nó Coiste Speisialaithe Trádála a dhíscaoileadh, nó na cúraimí a shanntar dóibh a athrú; agus |
(h) |
moltaí a dhéanamh do na Páirtithe maidir le sonraí pearsanta a aistriú i réimsí sonracha a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó le haon chomhaontú forlíontach. |
5. Beidh obair na Comhairle Comhpháirtíochta faoi rialú ag na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 1. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an Iarscríbhinn sin a leasú.
Airteagal 8
Coistí
1. Bunaítear leis seo na Coistí seo a leanas:
(a) |
an Coiste um Chomhpháirtíocht Trádála, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theidil I go VII, faoi Chaibidil 4 de Theideal VIII, faoi Theidil IX go XII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó, faoi Cheannteideal a Sé de Chuid a Dó, agus faoi Iarscríbhinn 27; |
(b) |
an Coiste Speisialaithe Trádála maidir le hEarraí a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Chaibidil I de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó agus faoi Chaibidil 4 de Theideal VIII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(c) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Chaibidil 2 agus 5 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó, an Prótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus na forálacha maidir leis an bhforfheidhmiú a dhéanann údaráis chustaim maidir le cearta maoine intleachtúla, táillí agus muirir, luacháil chustaim agus earraí deisithe; |
(d) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Chaibidil 3 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó ; |
(e) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Bacainní Teicniúla ar Thrádáil, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Chaibidil 4 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó agus Airteagal 322; |
(f) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Sheirbhísí, Infheistíocht agus Trádáil Dhigiteach, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theidil II go IV de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó agus faoi Chaibidil 4 de Theideal VIII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(g) |
An Coiste Speisialaithe Trádála um Maoin Intleachtúil, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theideal V de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(h) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Sholáthar Poiblí, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theideal VI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(i) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Rialála, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theideal X de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(j) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta le haghaidh Iomaíocht Oscailte agus Chothrom agus Forbairt Inbhuanaithe, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó agus faoi Iarscríbhinn 27; |
(k) |
an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin maidir le CBL agus le Gnóthú Cánacha agus Dleachtanna, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear leis an bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus le calaois a chomhrac sa réimse maidir le Cáin Bhreisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú; |
(l) |
an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh,
|
(m) |
an Coiste Speisialaithe um Aeriompar, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theideal I de Cheannteideal a Dó; |
(n) |
an Coiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Theideal II de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó; |
(o) |
an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó; |
(p) |
an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Cheannteideal a Ceathair de Chuid a Dó agus an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta; |
(q) |
an Coiste Speisialaithe um Iascach, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Cheannteideal a Cúig de Chuid a Dó; |
(r) |
an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Chuid a Trí; agus |
(s) |
an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais, a thugann aghaidh ar ábhair a chumhdaítear faoi Chuid a Cúig. |
2. Maidir le saincheisteanna a bhaineann le Teidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó, Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó agus Iarscríbhinn 27, beidh sé de chumhacht ag an gCoiste um Chomhpháirtíocht Trádála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
cabhrú leis an gComhairle Comhpháirtíochta i gcomhlíonadh a cúraimí agus, go háirithe, tuairisciú don Chomhairle Comhpháirtíochta agus aon chúram a dhéanamh a chuireann an Chomhairle Comhpháirtíochta uirthi; |
(b) |
cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach a mhaoirsiú; |
(c) |
cinntí a ghlacadh nó moltaí a dhéanamh mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo in aon chomhaontú forlíontach nó i gcás ina mbeidh an Chomhairle Comhpháirtíochta tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige; |
(d) |
obair na gCoistí Speisialaithe Trádála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhaoirsiú; |
(e) |
an bealach is iomchuí a fhiosrú chun aon deacracht a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a chosc nó a réiteach, gan dochar do Theideal I de Chuid a Sé; |
(f) |
na cumhachtaí a fheidhmiú a bheidh tarmligthe chuige ag an gComhairle Comhpháirtíochta de bhun phointe (f) d’Airteagal 7(4); |
(g) |
Coistí Speisialaithe Trádála cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú, trí bhíthin cinnidh, aon Choiste Speisialaithe Trádála den sórt sin a dhíscaoileadh, nó na tascanna a shanntar dó a athrú; agus |
(h) |
meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh, nó an mhaoirseacht orthu sin a tharmligean chuig Coiste Speisialaithe Trádála. |
3. Maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta, beidh sé de chumhacht ag Coistí Speisialaithe Trádála:
(a) |
faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh agus feidhmiú cuí an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a áirithiú; |
(b) |
cabhrú leis an gCoiste Comhpháirtíochta Trádála i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, tuairisciú don Choiste Comhpháirtíochta Trádála agus aon chúram a shannfaidh an Coiste Comhpháirtíochta Trádála dóibh a chomhlíonadh; |
(c) |
an obair theicniúil ullmhúcháin is gá chun tacú le feidhmeanna na Comhairle Comhpháirtíochta agus an Choiste Comhpháirtíochta Trádála a riar, lena n-áirítear é sin a dhéanamh nuair nach mór do na comhlachtaí sin cinntí nó moltaí a ghlacadh; |
(d) |
cinntí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach; |
(e) |
saincheisteanna teicniúla a eascraíonn as cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo nó as aon chomhaontú forlíontach a phlé, gan dochar do Theideal I de Chuid a Sé; agus |
(f) |
fóram a chur ar fáil ina bhféadfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a phlé agus a dtaithí ar an gcur chun feidhme a roinnt. |
4. Maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta, beidh sé de chumhacht ag Coistí Speisialaithe Trádála:
(a) |
faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh agus feidhmiú cuí an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a áirithiú; |
(b) |
cabhrú leis an gComhairle Comhpháirtíochta i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, tuairisciú don Chomhairle Comhpháirtíochta agus aon chúram a shannfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta dóibh a dhéanamh; |
(c) |
cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n-áirítear leasuithe, i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach nó a bhfuil an Chomhairle Comhpháirtíochta tar éis a cumhachtaí a tharmligean ina leith chuig Coiste Speisialaithe i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 7(4); |
(d) |
saincheisteanna teicniúla a eascraíonn as cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo nó as aon chomhaontú forlíontach a phlé; |
(e) |
fóram a chur ar fáil ina bhféadfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a phlé agus a dtaithí ar an gcur chun feidhme a roinnt; |
(f) |
meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh; agus |
(g) |
fóram comhairliúcháin a chur ar fáil de bhun Airteagal 738(7). |
5. Beidh ionadaithe ó gach Páirtí ar na Coistí. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh an saineolas iomchuí ag na hionadaithe a chuirfidh sé féin ar na Coistí maidir leis na saincheisteanna a bheidh faoi chaibidil.
6. Beidh ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste Comhpháirtíochta Trádála ionadaí sinsearach ón Aontas agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe a bheidh freagrach as cúrsaí a bhaineann le trádáil nó daoine arna n-ainmniú acu sin. Tiocfaidh sé le chéile arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe, agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad, agus socróidh sí a sceideal cruinnithe agus a clár oibre de chomhthoil.
7. Déanfaidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe comhchathaoirleacht ar na Coistí Speisialaithe Trádála agus ar na Coistí Speisialaithe. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, nó mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, tiocfaidh siad le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad.
8. Is de chomhthoil a shocróidh siad a sceidil cruinnithe agus a gcláir cruinnithe.
9. Beidh obair na gCoistí faoi rialú ag na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 1.
10. De mhaolú ar mhír 9, féadfaidh Coiste a rialacha féin a ghlacadh agus a leasú ina dhiaidh sin agus is iad na rialacha sin a rialóidh a chuid oibre.
Airteagal 9
Grúpaí Oibre
1. Bunaítear leis seo na Coistí seo a leanas:
(a) |
an Mheitheal um Tháirgí Orgánacha, faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe Trádála ar Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil; |
(b) |
an Grúpa Oibre ar Mhótarfheithiclí agus ar Pháirteanna, faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe Trádála ar Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil; |
(c) |
an Grúpa Oibre um Tháirgí Íocshláinte, faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe Trádála ar Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil; |
(d) |
an Mheitheal um Chomhordú na Slándála Sóisialta faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um Chomhordú na Slándála Sóisialta. |
2. Tabharfaidh na Meithleacha, faoi mhaoirseacht na gCoistí, cúnamh do na Coistí i gcomhlíonadh a gcúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh siad obair na gCoistí agus déanfaidh siad aon chúram a shannfaidh na Coistí orthu.
3. Beidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe ar na Meithleacha agus déanfaidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe comhchathaoirleacht orthu.
4. Socróidh na Meithleacha a rialacha nós imeachta féin, a sceideal cruinnithe féin agus a gclár oibre féin de chomhthoil.
Airteagal 10
Cinntí agus moltaí
1. Na cinntí a ghlacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, nó, de réir mar a bheidh, Coiste, beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus ar na comhlachtaí uile arna mbunú faoin gComhaontú seo agus faoi aon chomhaontú forlíontach, lena n-áirítear an binse eadrána dá dtagraítear i dTeideal I de Chuid a Sé. Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí.
2. Déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta nó, de réir mar a bheidh, Coiste, cinntí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh de chomhthoil.
Airteagal 11
Comhar parlaiminteach
1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe Tionól Comhpháirtíochta Parlaiminteach a bhunú a bheidh comhdhéanta de Chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus de Chomhaltaí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, mar fhóram chun tuairimí a mhalartú maidir leis an gcomhpháirtíocht.
2. Ar an Tionól Comhpháirtíochta Parlaiminteach a bhunú:
(a) |
féadfaidh sé faisnéis iomchuí a iarraidh ar an gComhairle Comhpháirtíochta maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, agus soláthróidh an Chomhairle an fhaisnéis a iarradh don Tionól sin ansin; |
(b) |
cuirfear ar an eolas é maidir le cinntí agus moltaí na Comhairle Comhpháirtíochta; agus |
(c) |
cuirfidh sé moltaí faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta. |
Airteagal 12
Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta
Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, go háirithe tríd an idirghníomhaíocht leis na grúpaí comhairleacha baile agus le Fóram na Sochaí Sibhialta dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14.
Airteagal 13
Grúpaí comhairleacha baile
1. Rachaidh gach Páirtí i mbun comhairliúcháin maidir le saincheisteanna a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus le haon chomhaontú forlíontach, leis an ngrúpa comhairleach baile nuabhunaithe nó leis an ngrúpa comhairleach baile atá ann cheana, ina mbeidh ionadaíocht ar eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí, mar aon le ceardchumainn, atá gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha, forbartha inbhuanaithe, sóisialta, chearta an duine, cúrsaí comhshaoil agus eile. Féadfaidh gach Páirtí a ghrúpa comhairleach baile nó a ghrúpaí comhairleacha baile a thionól i bhfoirmíochtaí éagsúla chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha éagsúla an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh.
2. Déanfaidh gach Páirtí breithniú ar na tuairimí nó ar na moltaí a chuirfidh a ghrúpa comhairleach baile nó a ghrúpaí comhairleacha baile faoina bhráid. Beidh sé d’aidhm ag ionadaithe gach Páirtí dul i gcomhairle lena ngrúpa comhairleach baile nó lena ngrúpaí comhairleacha baile uair sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe a thionól trí mhodhanna fíorúla.
3. Chun feasacht an phobail ar na grúpaí comhairleacha baile a chur chun cinn, féachfaidh gach Páirtí le liosta na n-eagraíochtaí atá rannpháirteach ina ghrúpa comhairleach baile a fhoilsiú chomh maith leis an bpointe teagmhála don ghrúpa nó do na grúpaí sin.
4. Cuirfidh na Páirtithe idirghníomhaíocht chun cinn idir a ngrúpaí comhairleacha baile féin, lena n-áirítear trí shonraí teagmhála chomhaltaí a ngrúpaí comhairleacha baile a mhalartú nuair is féidir.
Airteagal 14
Fóram na Sochaí Sibhialta
1. Éascóidh na Páirtithe eagrú Fhóram na Sochaí Sibhialta chun idirphlé a chur sa siúl maidir le cur chun feidhme Chuid a Dó. Glacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta treoirlínte oibríochtúla maidir le riar an Fhóraim.
2. Tiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile uair sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Féadfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta teacht le chéile trí mhodhanna fíorúla.
3. Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta oscailte do rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta atá bunaithe i gcríocha na bPáirtithe, lena n-áirítear comhaltaí de na grúpaí comhairleacha baile dá dtagraítear in Airteagal 13. Déanfaidh gach Páirtí ionadaíocht chothrom a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, atá gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha, forbartha inbhuanaithe, sóisialta, chearta an duine, cúrsaí comhshaoil agus eile.
CUID A DÓ
SOCRUITHE TRÁDÁLA, IOMPAIR, IASCAIGH AGUS EILE
CEANNTEIDEAL A hAON
TRÁDÁIL
TEIDEAL I
TRÁDÁIL IN EARRAÍ
CAIBIDIL 1
CÓIR NÁISIÚNTA AGUS ROCHTAIN AR AN MARGADH LE HAGHAIDH EARRAÍ (LENA N-ÁIRÍTEAR LEIGHEASANNA TRÁDÁLA)
Airteagal 15
Cuspóir
Is é cuspóir na Caibidle seo trádáil earraí idir na Páirtithe a éascú agus trádáil léirscaoilte in earraí a choinneáil i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 16
Raon feidhme
Mura bhforáiltear a mhalairt, tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le trádáil in earraí de chuid Páirtí.
Airteagal 17
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘idirbhearta consalachta’ an nós imeachta chun sonrasc consalach nó víosa chonsalach le haghaidh sonrasc tráchtála, deimhniú tionscnaimh, lastliosta dearbhú onnmhairiúcháin loingseora nó aon doiciméid chustaim eile i ndáil leis an earra a allmhairiú, a fháil ó chonsal an Pháirtí allmhairiúcháin i gcríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin, nó i gcríoch tríú páirtí; |
(b) |
ciallaíonn ‘Comhaontú maidir le Luacháil Custaim’ an Comhaontú maidir le hAirteagal VII de GATT 1994 a chur chun feidhme; |
(c) |
ciallaíonn ‘nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin’ nós imeachta riaracháin, bíodh tagairt dó mar cheadúnú nó ná bíodh, a úsáideann Páirtí chun córais ceadúnaithe onnmhairiúcháin a oibriú, lena gceanglaítear iarratas nó doiciméadacht eile a chur isteach, seachas iad siúd a cheanglaítear go ginearálta chun críoch imréitigh custaim, chuig an gcomhlacht nó na comhlachtaí riaracháin ábhartha mar réamhchoinníoll i ndáil le honnmhairiú ón bPáirtí sin; |
(d) |
ciallaíonn ‘nós imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin’ nós imeachta riaracháin, bíodh tagairt dó mar cheadúnú nó ná bíodh, a úsáideann Páirtí chun córais ceadúnaithe allmhairiúcháin a oibriú, lena gceanglaítear iarratas nó doiciméid eile a chur isteach, seachas iad siúd a cheanglaítear go ginearálta chun críoch imréitigh custaim, chuig an gcomhlacht nó na comhlachtaí riaracháin ábhartha mar réamhchoinníoll i ndáil le hallmhairiú chuig críoch an Pháirtí allmhairiúcháin; |
(e) |
ciallaíonn ‘earraí tionscnaimh’, mura bhforáiltear a mhalairt, earra atá cáilithe faoi na rialacha tionscnaimh a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo; |
(f) |
ciallaíonn ‘ceanglas feidhmíochta’ ceanglas go ndéanfar an méid seo a leanas:
|
(g) |
ciallaíonn ‘earra athmhonaraithe’ earra arna aicmiú faoi Chaibidlí 32, 40, 84 go 90, 94 nó 95 de CC agus:
|
(h) |
ciallaíonn ‘deisiú’ aon oibríocht phróiseála a dhéantar ar earra chun lochtanna oibriúcháin nó damáiste d'ábhar a leigheas agus lena ngabhann athbhunú an earra dá fheidhm bhunaidh nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais theicniúla maidir lena úsáid. Áirítear le deisiú earra athchóiriú agus cothabháil, agus d'fhéadfadh méadú teacht ar luach an earra ó fheidhmiúlacht bunaidh an earra sin a athbhunú, ach ní áirítear leis oibríocht ná próiseas:
|
Airteagal 18
Aicmiú earraí
Tá an t-aicmiú earraí i dtrádáil idir na Páirtithe faoin gComhaontú seo leagtha amach in ainmníocht taraife gach Páirtí, i gcomhréir leis an gCóras Comhchuibhithe.
Airteagal 19
Cóir náisiúnta ar chánachas inmheánach agus rialachán
Tabharfaidh gach Páirtí Cóir náisiúnta d'earraí an Pháirtí eile i gcomhréir le hAirteagal III de GATT 1994 , lena n-áirítear na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis. Chuige sin, déantar Airteagal III de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh mutatis mutandis.
Airteagal 20
Saoirse idirthurais
Tabharfaidh gach Páirtí saoirse idirthurais ar fud a chríche féin, trí na bealaí is áisiúla ó thaobh idirthuras idirnáisiúnta de, ó thaobh trácht faoi bhealach go dtí agus ó chríoch an Pháirtí eile nó go dtí críoch aon tríú tír eile nó uaithi. Chuige sin, déantar Airteagal V de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh mutatis mutandis. Tuigeann na Páirtithe go n-áirítear in Airteagal V de GATT 1994 gluaiseacht earraí fuinnimh inter alia trí phíblínte nó trí eangacha leictreachais.
Airteagal 21
Dleachtanna custaim a thoirmeasc
Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo, toirmiscfear dleachtanna custaim ar na hearraí uile de thionscnamh an Pháirtí eile.
Airteagal 22
Dleachtanna ar onnmhairí, cánacha nó muirir eile
1. Maidir le haon dleacht, cáin nó muirear eile d'aon chineál a fhorchuirfear ar onnmhairiú earra, nó i ndáil le honnmhairiú earra, chuig an bPáirtí eile, ní fhéadfaidh Páirtí é sin a ghlacadh ná a choinneáil ar bun; ná aon cháin inmheánach nó muirear eile ar earra a onnmhaireofar chuig an bPáirtí eile a bheidh níos mó ná an cháin nó an muirear a d'fhorchuirfí ar earraí comhchosúla nuair a bheadh sé beartaithe lena dtomhaltas intíre.
2. Chun críoch an Airteagail seo, ní áireofar leis an téarma ‘muirear eile d'aon chineál’ táillí ná muirir eile a cheadaítear faoi Airteagal 23.
Airteagal 23
Táillí agus foirmiúlachtaí
1. Na táillí agus na muirir eile a fhorchuirfidh Páirtí ar allmhairiú nó a onnmhairiú earra de chuid an Pháirtí eile, nó i ndáil leis sin, déanfar a méid a theorannú do neaschostas na seirbhísí a rinneadh, agus ní bheidh sa mhéid sin cosaint indíreach ar earraí intíre ná ar chánachas ar allmhairí nó onnmhairí chun críoch fioscach. Ní thoibheoidh Páirtí táillí ná muirir eile ar allmhairiú nó ar onnmhairiú, nó i dtaca leis sin, ar bhonn ad valorem.
2. Ní fhéadfaidh gach Páirtí muirir a fhorchur ná costais a aisghabháil ach amháin i gcás ina ndéantar seirbhísí sonracha a sholáthair go háirithe, ach gan bheith teoranta do na seirbhísí seo a leanas:
(a) |
tinreamh foirne custaim, ar iarratas, lasmuigh d'uaireanta oifigiúla oscailte oifige nó ag áitreabh seachas áitreabh custaim; |
(b) |
anailísí nó tuarascálacha saineolaithe ar earraí agus táillí poist as earraí a chur ar ais chuig iarratasóir, go háirithe i ndáil le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach nó le faisnéis a chur ar fáil a bhaineann le cur i bhfeidhm na ndlíthe agus na rialachán custaim; |
(c) |
iniúchadh nó sampláil earraí chun críoch fíoraithe, nó díothú earraí, i gcás ina mbeidh costais i gceist seachas an costas a bhaineann le leas a bhaint as foireann chustaim; agus |
(d) |
bearta eisceachtúla rialaithe, más rud é go mbeidh siad riachtanach de bharr chineál na n-earraí nó de bharr riosca a d'fhéadfadh a bheith ann. |
3. Foilseoidh gach Páirtí go pras gach táille agus muirear a fhorchuirfidh sé i ndáil le hallmhairiú nó le honnmhairiú trí shuíomh gréasáin oifigiúil ar bhealach a chumasóidh do rialtais, do thrádálaithe agus do pháirtithe leasmhara eile eolas a chur orthu. Áireofar san fhaisnéis sin an chúis atá leis an táille nó leis an muirear don tseirbhís a sholáthraítear, an t-údarás atá freagrach, na táillí agus na muirir a chuirfear i bhfeidhm, agus an t-am agus an chaoi a ndéanfar an íocaíocht. Ní fhorchuirfear táillí agus muirir nua nó leasaithe go dtí go bhfoilseofar faisnéis i gcomhréir leis an mír seo agus go gcuirfear ar fáil go héasca í.
4. Ní beidh idirbhearta consalacha de dhíth ar Pháirtí, lena n-áirítear táillí agus muirir ghaolmhara, i ndáil le haon earra de chuid an Pháirtí eile a allmhairiú.
Airteagal 24
Earraí deisithe
1. Ní chuirfidh Páirtí dleacht chustaim i bhfeidhm ar earra, beag beann ar a thionscnamh, a thiocfaidh isteach arís i gcríoch chustaim an Pháirtí tar éis an t-earra sin a onnmhairiú go sealadach óna chríoch chustaim go dtí críoch chustaim an Pháirtí eile lena dheisiú.
2. Níl feidhm ag mír 1 maidir le hearra a allmhairítear faoi bhanna, isteach i gcriosanna saorthrádála, nó faoi stádas den chineál céanna, a onnmhairítear lena dheisiú ansin agus nach n-athallmhairítear faoi bhanna, isteach i gcriosanna saorthrádála, nó faoi stádas den chineál céanna.
3. Ní chuirfidh Páirtí dleacht chustaim i bhfeidhm i leith earra, beag beann ar a thionscnamh, arna allmhairiú go sealadach ó chríoch chustaim an Pháirtí eile lena dheisiú.
Airteagal 25
Earraí athmhonaraithe
1. Ní thabharfaidh Páirtí cóir is lú fabhar d'earraí athmhonaraithe an Pháirtí eile ná mar a thugann sé d'earraí coibhéiseacha a bhfuil riocht nua orthu.
2. Tá feidhm ag Airteagal 26 maidir le toirmisc nó srianta ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí athmhonaraithe. Má ghlacann nó má choinníonn Páirtí toirmisc nó srianta ar allmhairiú agus ar onnmhairiú ar earraí úsáidte ar bun, ní chuirfidh sé na bearta sin i bhfeidhm maidir le hearraí athmhonaraithe.
3. Féadfaidh Páirtí a éileamh #go ndéanfar earraí athmhonaraithe a shainaithint amhlaidh lena ndáileadh nó lena ndíol ina chríoch agus go gcomhlíonfaidh siad gach ceanglas teicniúil is infheidhme a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí coibhéiseacha a bhfuil riocht nua orthu.
Airteagal 26
Srianta ar allmhairiú agus ar onnmhairiú
1. Ní ghlacfaidh Páirtí aon toirmeasc nó srian ar allmhairiú aon earra de chuid an Pháirtí eile nó ar onnmhairiú nó ar dhíol ar mhaithe le honnmhairiú aon earra atá ceaptha do chríoch an Pháirtí eile, ná ní choinneoidh sé an méid sin ar bun, ach amháin i gcomhréir le hAirteagal XI de GATT 1994, lena n-áirítear na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha. Chuige sin, déantar Airteagal XI de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh mutatis mutandis.
2. Ní dhéanfaidh Páirtí na nithe seo a leanas a ghlacadh ná a choinneáil ar bun:
(a) |
ceanglais phraghsála maidir le honnmhairiú agus allmhairiú, seachas mar a cheadaítear i bhforfheidhmiú orduithe dleachta frithchúitimh agus frithdhumpála agus i ngnóthais; nó |
(b) |
ceadúnú allmhairiúcháin agus comhlíonadh an cheanglais feidhmíochta mar choinníoll leis. |
Airteagal 27
Monaplachtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin
Ní ainmneoidh ná ní choinneoidh Páirtí monaplacht allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin ar bun. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn monaplacht allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin ceart eisiach údaráis nó deonú eiseach údaráis a thabharfadh Páirtí d'eintiteas chun earra a allmhairiú ón bPáirtí eile nó chun earra a onnmhairiú chuige.
Airteagal 28
Nósanna imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin
1. Maidir leis na nósanna imeachta uile um cheadúnú allmhairiúcháin is infheidhme maidir le trádáil in earraí idir na Páirtithe áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh siad neodrach agus iad á gcur i bhfeidhm, agus go riarfar iad ar mhodh cóir cothrom neamh-idirdhealaitheach trédhearcach.
2. Ní déanfaidh Páirtí nósanna imeachta um ceadúnú a glacadh ná a choinneáil ar bun mar choinníoll le haghaidh allmhairiú isteach chuig a chríoch ó chríoch an Pháirtí eile, ach amháin mura bhfuil nósanna imeachta iomchuí eile ar fáil go réasúnach chun cuspóir riaracháin a bhaint amach.
3. Ní dhéanfaidh Páirtí aon nós imeachta neamh-uathoibríoch um cheadúnú allmhairiúcháin a ghlacadh ná a choinneáil ar bun, mura gá beart a bheidh i gcomhréir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme. Aon Pháirtí a ghlacfaidh nós imeachta neamh-uathoibríoch um cheadúnú allmhairiúcháin, cuirfidh sé in iúl go soiléir an beart atá á chur chun feidhme tríd an nós imeachta sin.
4. Déanfaidh gach Páirtí aon nós imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin a thabhairt isteach agus a riaradh i gcomhréir le hAirteagail 1 go 3 de Chomhaontú EDT um Cheadúnú Allmhairí (dá ngairtear ‘an Comhaontú um Cheadúnú Allmhairí’ anseo feasta). Chuige sin, déantar Airteagail 1 go 3 den Chomhaontú maidir le Ceadúnú Allmhairí a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid de mutatis mutandis.
5. Aon Pháirtí a thugann isteach nó a mhodhnaíonn aon nós imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin oifigiúil. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, nuair is indéanta sin, 21 lá ar a laghad roimh an dáta a chuirfear an nós imeachta nua nó modhnaithe um cheadúnú i bhfeidhm, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an dáta cur i bhfeidhm. Beidh san fhaisnéis a bheidh ar fáil ar líne na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 5 den Chomhaontú um Cheadúnú Allmhairí.
6. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, cuirfidh Páirtí ar fáil go pras aon fhaisnéis ábhartha maidir le haon nósanna imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin a bheartaíonn sé a ghlacadh nó a choinníonn sé ar bun, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1 go 3 den Chomhaontú um Cheadúnú Allmhairí.
7. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirtear de cheangal ar Pháirtí le haon ní san Airteagal seo ceadúnas allmhairiúcháin a dheonú, ná ní choisceann sé ar Pháirtí a oibleagáidí nó a ghealltanais a chur chun feidhme faoi Rúin de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, nó faoi chórais iltaobhacha neamhleata agus faoi shocruithe maidir le rialú allmhairí.
Airteagal 29
Nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin
1. Foilseoidh gach Páirtí aon nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin, nó aon mhodhnú ar nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin atá ann cheana ar bhealach lena bhféadfaidh rialtais, trádálaithe agus páirtithe leasmhara eile eolas a fháil orthu. Déanfar an foilsiú sin, nuair is féidir, 45 lá sula ngabhfaidh éifeacht leis an nós imeachta nó leis an modhnú, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an nós imeachta nó leis an modhnú sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a fhoilsiú ar aon láithreán gréasáin ábhartha de chuid an rialtais.
2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sna nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin:
(a) |
téacs nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin an Pháirtí, nó téacs aon mhodhnuithe a dhéanfaidh an Páirtí ar na nósanna imeachta sin; |
(b) |
na hearraí atá faoi réir gach nós imeachta um cheadúnú; |
(c) |
i gcás gach nós imeachta, tuairisc ar an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas agus ar aon chritéar nach mór d'iarratasóir a chomhlíonadh le bheith cáilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, amhail ceadúnas gníomhaíochta a bheith aige, infheistíocht a bhunú nó a choinneáil ar bun, nó oibriú trí chineál áirithe bunaíochta i gcríoch Pháirtí; |
(d) |
pointe nó pointí teagmhála óna bhféadfaidh daoine leasmhara tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ceadúnas onnmhairiúcháin a fháil; |
(e) |
an comhlacht riaracháin nó na comhlachtaí a bhfuil iarratas nó doiciméadacht ábhartha eile le cur faoina bhráid; |
(f) |
tuairisc ar aon bheart nó bearta atá á gcur chun feidhme tríd an nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin; |
(g) |
an tréimhse a mbeidh gach nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin i bhfeidhm lena linn, mura bhfanfaidh an nós imeachta i bhfeidhm go dtí go ndéanfar é a tharraingt siar nó a athbhreithniú i bhfoilseachán nua; |
(h) |
má bheartaíonn an Páirtí nós imeachta um ceadúnú a úsáid chun cuóta onnmhairiúcháin a riar, cainníocht fhoriomlán agus, más infheidhme, luach an chuóta agus dátaí oscailte agus dúnta an chuóta; agus |
(i) |
aon díolúintí nó eisceachtaí a chuirtear in ionad an cheanglais ceadúnas onnmhairiúcháin a fháil, conas na díolúintí nó na heisceachtaí sin a iarraidh nó a úsáid, agus na critéir is gá chun iad a dheonú. |
3. Laistigh de 45 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi na nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin atá aige cheana. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi aon nós imeachta nua cheadúnaithe onnmhairiúcháin agus faoi aon mhodhnú ar na nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin atá ann cheana laistigh de 60 lá ó dháta a fhoilsithe. Áireofar san fhógra tagairt do na foinsí ina bhfoilsítear an fhaisnéis a éilítear de bhun mhír 2 agus áireofar ann, i gcás inarb iomchuí, seoladh na suíomhanna gréasáin rialtais ábhartha.
4. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirtear de cheangal ar Pháirtí le haon ní san Airteagal seo ceadúnas onnmhairiúcháin a dheonú, ná ní choisceann sé ar Pháirtí a oibleagáidí nó a ghealltanais a chur chun feidhme faoi Rúin de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chomh maith le faoi chórais iltaobhacha neamhleata agus faoi shocruithe maidir le rialú onnmhairí, lena n-áirítear Comhshocraíocht Wassenaar maidir le Rialuithe Onnmhairiúcháin le haghaidh Gnáth-Arm agus le haghaidh Earraí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide, Grúpa na hAstráile, Grúpa na Soláthraithe Núicléacha agus Córas Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán, nó córais smachtbhannaí neamhspleácha a ghlacadh, a choinneáil ar bun nó a chur chun feidhme.
Airteagal 30
Luacháil custaim
Cinnfidh gach Páirtí luach custaim earraí an Pháirtí eile a allmhairítear isteach chuig a chríoch i gcomhréir le hAirteagal VII de GATT 1994 agus leis an gComhaontú maidir le Luacháil Custaim. Chuige sin, déantar Airteagal VII de GATT 1994, lena n-áirítear na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, agus Airteagal 1 go hAirteagal 17 den Chomhaontú maidir le Luacháil Custaim, lena n-áirítear na Nótaí Léiritheacha, a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo iad mutatis mutandis.
Airteagal 31
Úsáid fabhair
1. Chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo agus chun rátaí úsáide tosaíochta a ríomh, malartóidh na Páirtithe staidreamh allmhairiúcháin go bliantúil ar feadh tréimhse 10 mbliain a thosóidh bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Mura gcinnfidh an Coiste Comhpháirtíochta Trádála a mhalairt, déanfar an tréimhse sin a fhadú go huathoibríoch go ceann cúig bliana, agus ina dhiaidh sin féadfaidh an Coiste Comhpháirtíochta Trádála cinneadh í a fhadú a thuilleadh.
2. Cumhdófar leis an malartú staidrimh allmhairiúcháin sonraí a bhaineann leis an mbliain is déanaí atá ar fáil, lena n-áirítear luach agus, i gcás inarb infheidhme, méid, ar leibhéal na líne taraife i gcás allmhairí earraí an Pháirtí eile a thairbhíonn de chóir fhabhrach dleachta faoin gComhaontú seo agus i gcás iad siúd a fhaigheann cóir neamhthosaíochta.
Airteagal 32
Leigheasanna Trádála
1. Dearbhaíonn na Páirtithe a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi Airteagal VI de GATT 1994, faoin gComhaontú Frithdhumpála, faoi Chomhaontú SCM, faoi Airteagal XIX de GATT 1994, faoin gComhaontú um Choimircí, agus faoi Airteagal 5 den Chomhaontú ar Thalmhaíocht.
2. Níl feidhm ag Caibidil 2 den Teideal seo maidir le himscrúduithe agus bearta frithdhumpála, frithchúitimh agus coimirce.
3. Cuirfidh gach Páirtí bearta frithdhumpála agus frithchúitimh i bhfeidhm i gcomhréir le ceanglais an Chomhaontaithe Frithdhumpála agus Chomhaontú SCM, agus de bhun próiseas cothrom agus trédhearcach.
4. Ar choinníoll nach gcuirfidh sé moill gan ghá ar dhéanamh an imscrúdaithe, tabharfar do gach páirtí leasmhar in imscrúdú (1) frithdhumpála nó frithchúitimh deis iomlán a leasanna a chosaint.
5. Féadfaidh údarás imscrúdúcháin gach Páirtí, i gcomhréir le dlí an Pháirtí, a mheas an é méid na dleachta frithdhumpála a bheidh le forchur an corrlach iomlán dumpála nó méid is lú ná sin.
6. Déanfaidh údarás imscrúdúcháin gach Páirtí, i gcomhréir le dlí an Pháirtí, faisnéis a sholáthraítear a bhreithniú cibé acu a bheadh nó nach mbeadh sé chun leas an phobail dleacht frithdhumpála nó frithchúitimh a fhorchur.
7. Ní dhéanfaidh Páirtí, maidir leis an earra céanna, na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm ná a chothabháil an tráth céanna:
(a) |
beart de bhun Airteagal 5 den Chomhaontú ar Thalmhaíocht; agus |
(b) |
beart de bhun Airteagal XIX de GATT 1994 agus an Comhaontú um Choimircí. |
8. Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir le míreanna 1 go 6 den Airteagal seo.
Airteagal 33
Taraif-chuótaí EDT atá ann cheana a úsáid
1. Ní bheidh táirgí de thionscnamh Páirtí amháin incháilithe lena n-allmhairiú chuig an bPáirtí eile faoi na taraif-chuótaí EDT atá ann cheana, mar a shainítear i mír 2. Áireofar leis na taraif-chuótaí sin na taraif-chuótaí arna gcionroinnt idir na Páirtithe de bhun caibidlíochtaí faoi Airteagal XXVIII GATT a thionscain an tAontas Eorpach le doiciméad EDT G/SECRET/42/Add.2 agus a thionscain an Ríocht Aontaithe le doiciméad EDT G/SECRET/44 agus mar a leagtar amach i reachtaíocht inmheánach gach Páirtí faoi seach. Chun críocha an Airteagail seo, cinnfear stádas tionscnaimh na dtáirgí ar bhonn rialacha neamhfhabhracha maidir le tionscnamh is infheidhme sa Pháirtí allmhairíochta.
2. Chun críocha mhír 1, ciallaíonn ‘taraif-chuótaí EDT atá ann cheana’ na taraif-chuótaí sin ar lamháltais EDT de chuid an Aontais iad atá san áireamh i ndréachtsceideal AE28 de lamháltais agus ceangaltais faoi GATT 1994 a cuireadh faoi bhráid EDT sa doiciméad G/MA/TAR/RS/506 arna leasú leis na doiciméid G/MA/TAR/RS/506/Add.1 agus G/MA/TAR/RS/506/Add.2.
Airteagal 34
Bearta i gcás ina ndéantar sárú nó imchéimniú ar an reachtaíocht chustaim
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun sáruithe ar an reachtaíocht chustaim nó imchéimniú uirthi a chosc, a bhrath agus a chomhrac, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi Chaibidil 2 den Teideal seo agus faoin bPrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim. Déanfaidh gach Páirtí bearta iomchuí agus inchomparáide chun a leasanna airgeadais féin agus leasanna airgeadais an Pháirtí eile a chosaint maidir le tobhach dleachtanna ar earraí a thagann isteach i gcríocha custaim na Ríochta Aontaithe nó an Aontais Eorpaigh.
2. Faoi réir na féidearthachta díolúine a thabhairt do thrádálaithe comhlíontacha faoi mhír 7, féadfaidh Páirtí cóir fhabhrach ábhartha an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 más rud é:
(a) |
go mbeidh toradh déanta ag an bPáirtí sin, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, láidir agus infhíoraithe, go ndearnadh sáruithe córasacha agus mórscála ar an reachtaíocht chustaim nó go ndeachthas timpeall uirthi, agus; |
(b) |
go ndiúltaíonn an Páirtí eile go héagórach agus arís agus arís eile na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh nó go mainníonn sé ar shlí eile iad a chomhlíonadh. |
3. Tabharfaidh an Páirtí a mbeidh toradh dá dtagraítear i mír 2 déanta aige fógra don Choiste Comhpháirtíochta Trádála agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bPáirtí eile laistigh den Choiste Comhpháirtíochta Trádála d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh.
4. Má mhainníonn na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar a dtabharfar an fógra, féadfaidh an Páirtí a rinne an cinneadh cóir fhabhrach ábhartha an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach. Sa chás sin, cuirfidh an Páirtí a rinne an toradh an fhionraí shealadach in iúl don Choiste Comhpháirtíochta Trádála gan mhoill, lena n-áirítear an tréimhse ina mbeartaíonn sé go mbeidh feidhm ag an bhfionraí shealadach.
5. Ní bheidh feidhm ag an bhfionraí shealadach ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach chun gníomhú in aghaidh sáruithe nó imchéimnithe agus chun leasanna airgeadais an Pháirtí lena mbaineann a chosaint, agus i gcás ar bith nach faide ná sé mhí. Coimeádfaidh an Páirtí lena mbaineann an staid faoi athbhreithniú agus, i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil gá leis an bhfionraí shealadach a thuilleadh, cuirfidh sé deireadh léi roimh dheireadh na tréimhse a bheidh curtha in iúl don Choiste um Chomhpháirtíocht Trádála. I gcás ina mairfidh na coinníollacha as ar eascair an fhionraí ag deireadh na tréimhse a fógraíodh don Choiste um Chomhpháirtíocht Trádála, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann cinneadh a dhéanamh an fhionraí a athnuachan. Beidh aon fhionraíocht faoi réir comhairliúcháin thréimhsiúla laistigh den Choiste um Chomhpháirtíocht Trádála.
6. Foilseoidh gach Páirtí, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin, fógraí d'allmhaireoirí faoi aon chinneadh a bhaineann leis na fionraíochta sealadacha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5.
7. D'ainneoin mhír 4 den Airteagal seo, má tá allmhaireoir in ann an t-údarás custaim allmhairiúcháin a shásamh i dtaca le táirgí den sórt sin reachtaíocht chustaim an Pháirtí allmhairiúcháin a shásamh ina hiomláine mar aon ceanglais an Chomhaontaithe agus aon choinníoll iomchuí eile a bhaineann leis an bhfionraí shealadach arna bunú ag an bPáirtí allmhairiúcháin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin féin, ceadóidh an Páirtí allmhairiúcháin don allmhaireoir iarratas a dhéanamh ar chóir fhabhrach agus aon dleachtanna a aisghabháil a íocadh de bhreis ar na rátaí taraife fabhracha is infheidhme nuair a allmhairíodh na táirgí.
Airteagal 35
Earráidí riaracháin a bhainistiú
I gcás earráidí córasacha ó na húdaráis inniúla nó saincheisteanna a bhaineann le bainistiú cuí an chórais fhabhraigh i gcás onnmhairithe, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil 2 den Teideal seo nó maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach in Ábhair Chustaim, agus más rud é go mbeidh iarmhairtí i dtéarmaí dleachtanna ar allmhairí mar thoradh ar na hearráidí nó ar na saincheisteanna sin, féadfaidh an Páirtí a bhfuil na hiarmhairtí sin roimhe a iarraidh ar an gCoiste um Chomhpháirtíocht Trádála scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cinntí a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun an cás a réiteach.
Airteagal 36
Maoin chultúrtha
1. Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun tabhairt ar ais maoine cultúrtha a aistríodh go haindleathach ó chríoch Páirtí a éascú, ag féachaint do na prionsabail a chumhdaítear i gCoinbhinsiún UNESCO maidir le Modhanna chun Allmhairiú, Onnmhairiú agus Aistriú Aindleathach Úinéireachta Maoine Cultúrtha a Thoirmeasc agus a Chosc, a síníodh i bPáras an 17 Samhain 1970.
2. Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘maoin chultúrtha’ maoin atá aicmithe nó sainmhínithe mar mhaoin atá i measc seod náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta de faoi rialacha agus nósanna imeachta gach Páirtí; agus |
(b) |
ciallaíonn ‘a aistriú go haindleathach ó chríoch Páirtí’:
|
3. Rachaidh údaráis inniúla na bPáirtithe i gcomhar le chéile, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
fógra a thabhairt don Pháirtí eile i gcás ina bhfaightear maoin chultúrtha ina gcríoch agus go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gur aistríodh an mhaoin chultúrtha go haindleathach ó chríoch an Pháirtí eile; |
(b) |
aghaidh a thabhairt ar iarrataí ón bPáirtí eile ar mhaoin chultúir a aistríodh go haindleathach ó chríoch an Pháirtí sin a thabhairt ar ais; |
(c) |
chun cosc a chur le haon ghníomhaíochtaí chun filleadh maoine cultúir den sórt sin a sheachaint, trí aon bhearta eatramhacha is gá; agus |
(d) |
aon bhearta is gá a dhéanamh chun maoin chultúir a aistríodh go haindleathach as críoch an Pháirtí eile a chaomhnú go fisiciúil. |
4. Sainaithneoidh gach Páirtí pointe teagmhála a bheidh freagrach as cumarsáid a dhéanamh le pointe teagmhála an Pháirtí eile maidir le haon ábhair a éireoidh faoin Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 3.
5. Beidh údaráis chustaim na bPáirtithe atá freagrach as nósanna imeachta onnmhairithe maoine cultúrtha a bhainistiú rannpháirteach sa chomhar atá beartaithe idir na Páirtithe de réir mar is iomchuí agus is gá.
6. Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir leis an Airteagal seo.
CAIBIDIL 2
RIALACHA TIONSCNAIMH
ROINN 1
RIALACHA TIONSCNAIMH
Airteagal 37
Cuspóir
Is iad cuspóirí na Caibidle seo na forálacha a leagan síos lena gcinntear tionscnamh earraí chun cóir fhabhrach taraife a chur i bhfeidhm faoin gComhaontú seo, agus lena leagtar amach na nósanna imeachta maidir le tionscnamh lena mbaineann.
Airteagal 38
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘aicmiú’ aicmiú táirge nó ábhair faoi chaibidil, ceannteideal nó fo-cheannteideal áirithe den Chóras Comhchuibhithe; |
(b) |
ciallaíonn ‘coinsíneacht’ táirgí a chuirtear go comhuaineach ó onnmhaireoir amháin chuig coinsíní amháin nó atá cumhdaithe ag aon doiciméad iompair amháin lena gcumhdaítear seoladh na dtáirgí sin ón onnmhaireoir chuig an gcoinsíní nó, in éagmais doiciméad den sórt sin, a sheoltar le sonrasc amháin; |
(c) |
ciallaíonn ‘onnmhaireoir’ duine, atá lonnaithe i bPáirtí, a onnmhairíonn nó a tháirgeann an táirge tionscnaimh agus a dhéanann amach ráiteas maidir le tionscnamh, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i ndlíthe agus rialacháin an Pháirtí sin; |
(d) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine a allmhairíonn an táirge tionscnaimh agus a éilíonn cóir fhabhrach taraife dó; |
(e) |
ciallaíonn ‘ábhar’ aon substaint a úsáidtear chun táirge a tháirgeadh, lena n-áirítear aon chomhpháirt, comhábhar, amhábhar, nó páirt; |
(f) |
ciallaíonn ‘ábhar neamhthionscnaimh’ ábhar nach gcáilíonn mar ábhar tionscnaimh faoin gCaibidil seo, lena n-áirítear ábhar nach féidir a stádas tionscnaimh a chinneadh; |
(g) |
ciallaíonn ‘táirge’ an táirge a thagann as an táirgeadh, fiú má tá sé beartaithe é a úsáid mar ábhar chun táirge eile a tháirgeadh; |
(h) |
ciallaíonn ‘táirgeadh’ aon chineál oibrithe nó próiseála lena n-áirítear cóimeáil. |
Airteagal 39
Ceanglais ghinearálta
1. Chun críocha an chóir fhabhrach taraife a chur i bhfeidhm arna déanamh ag Páirtí maidir le hearra tionscnaimh an Pháirtí eile i gcomhréir leis an gComhaontú seo, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí gach ceanglas eile is infheidhme den Chaibidil seo, measfar gur de thionscnamh an Pháirtí eile na táirgí seo a leanas:
(a) |
táirgí a fuarthas go hiomlán sa Pháirtí sin de réir bhrí Airteagal 41; |
(b) |
táirgí a tháirgtear sa Pháirtí sin as ábhair thionscnaimh sa Pháirtí sin agus as na hábhair sin amháin; agus |
(c) |
táirgí a tháirgtear sa Pháirtí sin ina n-ionchorpraítear ábhair neamhthionscnaimh ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 3. |
2. Má tá stádas tionscnaimh faighte ag táirge, ní mheasfar gur ábhair neamhthionscnaimh iad na hábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh chun an táirge sin a tháirgeadh nuair atá an táirge sin ionchorpraithe mar ábhar i dtáirge eile.
3. Déanfar éadáil an stádais tionscnaimh a chomhlíonadh gan bhriseadh sa Ríocht Aontaithe ná san Aontas.
Airteagal 40
Carnadh Tionscnaimh
1. Táirge a thionscnófar i bPáirtí , measfar gur de thionscnamh an Pháirtí eile é má úsáidtear an táirge sin mar ábhar chun táirge eile a tháirgeadh sa Pháirtí eile sin.
2. Féadfar táirgeadh a dhéantar i bPáirtí ar ábhar neamhthionscnaimh a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil táirge de thionscnamh an Pháirtí eile.
3. Níl feidhm ag míreanna 1 ná 2 mura dtéann an táirgeadh a dhéantar sa Pháirtí eile thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 43.
4. Chun go gcomhlánóidh onnmhaireoir an ráiteas maidir le tionscnamh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(2) i dtaca le táirge dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, gheobhaidh an t-onnmhaireoir, óna sholáthraí, dearbhú soláthraí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 6 nó doiciméad coibhéiseach ina bhfuil an fhaisnéis chéanna ina bhfuil tuairisc ar na hábhair neamhthionscnaimh lena mbaineann, agus é mionsonraithe go leor chun gur féidir iad a shainaithint.
Airteagal 41
Táirgí a Fuarthas go hIomlán
1. Measfar go bhfuarthas go hiomlán i bPáirtí na nithe seo a leanas:
(a) |
táirgí mianracha a eastóscadh as ithir nó as grinneall farraige an Pháirtí sin; |
(b) |
plandaí agus táirgí glasraí a fhástar nó a bhuaintear sa Pháirtí sin; |
(c) |
ainmhithe beo a rugadh agus a tógadh sa Pháirtí sin; |
(d) |
táirgí a fuarthas ó ainmhithe beo a tógadh sa Pháirtí sin; |
(e) |
táirgí a fuarthas ó ainmhithe maraithe a rugadh agus a tógadh sa Pháirtí sin; |
(f) |
táirgí a fuarthas de thoradh fiach nó iascaireacht a rinneadh sa Pháirtí sin; |
(g) |
táirgí a fhaightear ó dhobharshaothrú sna críocha sin má bheirtear nó má thógtar orgánaigh uisceacha, lena n-áirítear iasc, moilisc, crústaigh, inveirteabraigh uisceacha eile ó stoc síl amhail uibheacha, eochraí, fiailí, méaróga, larbhaí, smólta nó éisc neamhaibí eile ag céim iarghoirte trí idirghabháil a dhéanamh sna próisis tógála nó fáis chun feabhas a chur ar an táirgeadh amhail stocáil rialta, beathú nó cosaint ó chreachadóirí; |
(h) |
táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a bhain soithí an Pháirtí sin as an bhfarraige lasmuigh d'aon fharraige theorann; |
(i) |
táirgí a dhéantar ar bord loinge monarchan de chuid Páirtí as táirgí dá dtagraítear i bhfomhír (h) agus as na táirgí sin amháin; |
(j) |
táirgí a bhaintear as grinneall na farraige nó as an bhfo-ithir lasmuigh d'aon fharraige theorann ar choinníoll go mbeidh na cearta acu an grinneall nó an fo-ithir sin a shaothrú; |
(k) |
dramhaíl agus fuíoll a tháinig as oibríochtaí táirgthe a rinneadh sa Pháirtí sin; |
(l) |
dramhaíl agus fuíoll ó tháirgí úsáidte a bailíodh sa Pháirtí sin, ar choinníoll nach bhfuil na táirgí sin oiriúnach ach amháin chun amhábhair a aisghabháil; |
(m) |
táirgí a táirgeadh sa Pháirtí sin as na táirgí a luaitear go sonrach i bhfomhíreanna (a) go (l) agus as na táirgí sin amháin. |
2. Ciallaíonn na téarmaí ‘soitheach de chuid Páirtí’ agus ‘long mhonarchan de chuid Páirtí’ i bpointí (h) agus (i) ó mhír 1 soitheach nó long mhonarchan:
(a) |
atá cláraithe i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe; |
(b) |
a sheolann faoi bhratach Ballstáit nó faoi bhratach na Ríochta Aontaithe; agus |
(c) |
a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
Airteagal 42
Lamháltais
1. Mura gcomhlíonann táirge na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 de bharr úsáid ábhair neamhthionscnaimh sa táirgeadh, measfar mar sin féin gur de thionscnamh Páirtí an táirge sin, ar choinníoll:
(a) |
nach mó meáchan iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear chun táirgí a tháirgeadh a aicmítear faoi Chaibidlí 2 agus 4 go 24 den Chóras Comhchuibhithe, cé is moite de tháirgí iascaigh faoi Chaibidil 16, nach mó a meáchan iomlán ná 15 % de mheáchan an táirge; |
(b) |
nach mó luach iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh le haghaidh gach táirge eile, cé is moite de tháirgí a aicmítear faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe, nach mó luach iomlán na n-ábhar ná 10 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó |
(c) |
i gcás táirge a aicmítear faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe, tá feidhm ag na lamháltais a leagtar amach i Nótaí 7 agus 8 d'Iarscríbhinn 2. |
2. Níl feidhm ag mír 1 má tá luach nó meáchan na n-ábhar neamhthionscnaimh arna n-úsáid chun táirge a tháirgeadh os cionn aon cheann de na céatadáin do luach uasta nó meáchan uasta na n-ábhar neamhthionscnaimh mar a shonraítear iad sna ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 3.
3. Níl feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le táirgí a fuarthas go hiomlán i bPáirtí de réir bhrí Airteagal 41. Má cheanglaítear le hIarscríbhinn 3 nach mór do na hábhair a úsáidtear chun táirge a tháirgeadh a bheith ina n-ábhair a fuarthas go hiomlán, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 43
Táirgeadh neamhleor
1. D'ainneoin phointe (c) d’Airteagal 39(1), ní mheasfar gur de thionscnamh Páirtí é táirge mura mbeidh ach ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas a rinneadh ar ábhair neamhthionscnaimh mar chuid de tháirgeadh an táirge i bPáirtí:
(a) |
oibríochtaí caomhnaithe amhail triomú, reo, coinneáil i sáile agus oibríochtaí comhchosúla eile i gcás gurb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a áirithiú go bhfanfaidh na táirgí i riocht maith le linn a n-iompair agus a stórála (2); |
(b) |
briseadh agus cóimeáil pacáistí; |
(c) |
ní, glanadh; deannach, ocsaíd, ola, péint nó cumhdaigh eile a bhaint; |
(d) |
teicstílí agus earraí teicstíle a iarnáil nó a phreasáil; |
(e) |
oibríochtaí simplí péinteála agus snasúcháin; |
(f) |
rís a scileadh agus a pháirtmheilt nó a mheilt ar fad; snasú agus gloiniú gránach agus ríse; rís a thuaradh; |
(g) |
oibríochtaí chun siúcra a dhathú nó a bhlaistiú nó chun cnapaí siúcra a fhoirmiú; siúcra i bhfoirm sholadach a mhuilleáil go páirteach nó go hiomlán; |
(h) |
torthaí, cnónna agus glasraí a scileadh, an craiceann a bhaint díobh agus na clocha a bhaint astu; |
(i) |
géarú, meilt shimplí nó gearradh simplí; |
(j) |
criathrú, scagadh, sórtáil, aicmiú, grádú, comhoiriúnú (lena n-áirítear tacair earraí a dhéanamh); |
(k) |
an táirge a chur go simplí i mbuidéil, i gcannaí, i bhfleascáin, i málaí, i gcásanna, i mboscaí, a dhaingniú ar chartaí nó ar chláir, agus gach oibríocht pacáistithe shimplí eile; |
(l) |
marcanna, lipéid, suaitheantais agus comharthaí idirdhealaithe den chineál sin a ghreamú de tháirgí nó dá bpacáistíocht nó iad a phriontáil orthu; |
(m) |
táirgí, cibé acu is de chineálacha éagsúla iad nó nach ea, a mheascadh go simplí; siúcra a mheascadh le hábhar ar bith; |
(n) |
uisce a chur leis go simplí nó caolú le huisce nó le substaint eile nach ndéanann athrú ábhartha ar shaintréithe an táirge, nó díhiodráitiú nó dínádúrú táirgí; |
(o) |
codanna d'earraí a chóimeáil go simplí chun earra iomlán a dhéanamh nó táirgí a dhíchóimeáil ina gcodanna; |
(p) |
ainmhithe a mharú. |
2. Chun críocha mhír 1, measfar gur oibríochtaí simplí iad oibríochtaí mura bhfuil gá le scileanna, innill, gaireas ná trealamh speisialta arna dtáirgeadh nó arna suiteáil go háirithe chun na hoibríochtaí sin a chur i gcrích.
Airteagal 44
Aonad Incháilitheachta
1. Chun críocha na Caibidle seo, is é bheidh san aonad incháilitheachta an táirge sonrach a meastar gurb é an bunaonad é agus an táirge á aicmiú faoin gCóras Comhchuibhithe.
2. I gcás coinsíneachta ina bhfuil líon táirgí comhionanna atá aicmithe faoin gceannteideal céanna den Chóras Comhchuibhithe, cuirfear gach táirge aonair san áireamh agus forálacha na Caibidle seo á gcur i bhfeidhm.
Airteagal 45
Pacáistíocht agus Coimeádáin le haghaidh Loingsiú
Ní chuirfear pacáistíocht agus coimeádáin le haghaidh loingsithe a úsáidtear chun táirge a chosaint le linn iompair san áireamh chun a chinneadh an táirge tionscnaimh é an táirge.
Airteagal 46
Pacáistíocht agus Coimeádáin le haghaidh Miondíola
Ní chuirfear pacáistíocht ná coimeádáin ina bhfuil an táirge pacáistithe lena miondíol san áireamh chun tionscnamh an táirge a chinneadh má tá siad aicmithe leis an táirge, ach amháin chun luach ábhar neamhthionscnaimh a ríomh más rud é go bhfuil an táirge faoi réir uasluach ábhar neamhthionscnaimh i gcomhréir le hIarscríbhinn 3.
Airteagal 47
Gabhálais, Páirteanna Breise agus Uirlisí
1. Déanfar gabhálais, páirteanna breise agus uirlisí agus ábhair teagaisc nó faisnéise eile a mheas mar aon tháirge amháin leis an bpíosa trealaimh, inneall, uirlis nó feithicil atá i gceist sna cásanna seo a leanas:
(a) |
má aicmítear agus má seachadtar iad leis an táirge, ach nach ndéantar sonrasc orthu ar leithligh ón táirge; agus |
(b) |
má tá siad de na cineálacha, de na cainníochtaí agus den luach is coitianta don táirge sin. |
2. Ní chuirfear gabhálais, páirteanna breise, uirlisí ná ábhar teagaisc nó faisnéise eile dá dtagraítear i mír 1 san áireamh chun tionscnamh táirge a chinneadh ach amháin chun uasluach na n-ábhar neamhthionscnaimh a ríomh má tá táirge faoi réir luach ábhar neamhthionscnaimh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3.
Airteagal 48
Tacair
Measfar gur de thionscnamh Páirtí iad tacair, mar a shainmhínítear iad i Riail Ghinearálta 3 um Léiriú ar an gCóras Comhchuibhithe, más comhpháirteanna tionscnaimh iad a gcomhpháirteanna uile. I gcás ina bhfuil idir chomhpháirteanna tionscnaimh agus neamhthionscnaimh i dtacar, measfar gur tacar de thionscnamh Páirtí an tacar ina iomláine, ar choinníoll nach mó luach na gcomhpháirteanna neamhthionscnaimh ná 15 % de phraghas an tacair díreach ón monarcha.
Airteagal 49
Eilimintí Neodracha
Chun a chinneadh an táirge de thionscnamh Páirtí é an táirge, ní bheidh sé riachtanach tionscnamh na nithe seo a leanas, ar féidir iad a úsáid le linn a tháirgthe, a chinneadh:
(a) |
breosla, fuinneamh, catalaigh, agus tuaslagóirí; |
(b) |
gléasra, trealamh, páirteanna breise agus ábhair a úsáidtear chun trealamh agus foirgnimh a chothabháil; |
(c) |
innill, uirlisí, díslí agus múnlaí; |
(d) |
bealaí, gréisceanna, ábhair chumaisc agus ábhair eile a úsáidtear sa táirgeadh nó chun trealamh agus foirgnimh a oibriú; |
(e) |
lámhainní, spéaclaí, coisbheart, éadaí, trealamh agus soláthairtí sábháilteachta; |
(f) |
trealamh, gairis agus soláthairtí a úsáidtear chun an táirge a thástáil nó chun iniúchadh a dhéanamh air; agus |
(g) |
ábhair eile a úsáidtear sa táirgeadh ach nach bhfuil ionchorpraithe sa táirge agus nach mbeartaítear a ionchorprú i gcomhdhéanamh deiridh an táirge. |
Airteagal 50
Deighilt chuntasaíochta
1. Déanfar ábhair idirmhalartacha tionscnaimh agus neamhthionscnaimh nó ‘táirgí idirmhalartacha’ a dheighilt go fisiceach le linn stórála ionas go ndéanfar a stádas tionscnaimh agus neamhthionscnaimh a choinneáil.
2. Chun críocha mhir 1, ciallaíonn ‘ábhair idirmhalartacha’ nó ‘táirgí idirmhalartacha’ ábhair nó táirgí ar den chineál agus den cháilíocht tráchtála céanna iad, a bhfuil na saintréithe teicniúla agus fisiceacha céanna acu, agus nach féidir ceann a idirdhealú ó cheann eile chun críche tionscnaimh.
3. D'ainneoin mhír 1, féadfar ábhair idirmhalartacha tionscnaimh agus neamhthionscnaimh a úsáid chun táirge a tháirgeadh gan iad a bheith deighilte go fisiceach ó chéile le linn stórála ar choinníoll go n-úsáidtear modh deighilte cuntasaíochta.
4. D’ainneoin mhír 1, féadfar táirgí idirmhalartacha tionscnaimh agus neamthionscnaimh a aicmítear faoi Chaibidlí 10, 15, 27, 28, 29 faoi cheannteidil 32.01 go 32.07, nó ceannteidil 39.01 go 39.14 den Chóras Comhchuibhithe a stóráil i bPáirtí sula n-onnmhairítear iad go Páirtí eile gach iad a dheighilt go fisiceach ar choinníoll go n-úsáidtear modh deighilte cuntasaíochta.
5. Cuirfear an modh deighilte cuntasaíochta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 i bhfeidhm i gcomhréir le modh bainistíochta stoic faoi phrionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta sa Pháirtí.
6. Is éard a bheidh sa mhodh deighilte cuntasaíochta aon mhodh lena n-áiritheofar nach dtugtar stádas tionscnaimh do níos mó ábhar nó táirgí ná mar a thabharfaí dá mbeadh na hábhair nó na táirgí sin deighilte go fisiceach.
7. Féadfaidh Páirtí a cheangal, faoi choinníollacha a leagtar amach ina dhlíthe nó ina rialacháin, go mbeidh úsáid modha deighilte cuntasaíochta faoi réir údarú a fháil roimh ré ó údaráis chustaim an Pháirtí. Déanfaidh údaráis chustaim an Pháirtí faireachán ar úsáid an údaraithe agus féadfaidh siad an t-údarú a tharraingt siar má bhaineann an sealbhóir úsáid mhíchuí as an modh deighilte cuntasaíochta nó má mhainníonn sé aon cheann de na coinníollacha eile a leagtar síos sa Chaibidil seo a chomhlíonadh.
Airteagal 51
Táirgí arna dTabhairt ar Ais
Má fhilleann táirge tionscnaimh de chuid Páirtí a onnmhairítear ón bPáirtí sin chuig tríú tír ar an bPáirtí sin, measfar gur táirge neamhthionscnaimh é murar féidir an méid seo a leanas maidir leis an táirge fillte a léiriú chun sástacht údarás custaim an Pháirtí sin:
(a) |
arb ionann í agus an ceann a onnmhairíodh; agus |
(b) |
nach ndeachaigh sé faoi aon oibríocht seachas an oibríocht a bhí riachtanach chun bail mhaith a choinneáil uirthi le linn dó a bheith sa tríú tír sin nó le linn a onnmhairithe. |
Airteagal 52
Neamhathrú
1. Maidir le táirge tionscnaimh atá dearbhaithe le haghaidh úsáid intíre sa Pháirtí allmhairiúcháin, ní bheidh, tar éis a onnmhairithe agus sula ndearbhaítear le haghaidh úsáid intíre é, athrú ná claochlú ar aon bhealach déanta air ná ní bheidh oibríochtaí déanta air seachas chun bail mhaith a choinneáil air nó chun marcanna, lipéid, séalaí nó aon doiciméad eile a chur leis nó a ghreamú air chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais intíre shonracha de chuid an Pháirtí allmhairiúcháin.
2. Féadfar táirge a stóráil nó a thaispeáint i dtríú tír, ar choinníoll go bhfanfaidh an táirge faoi mhaoirseacht chustaim sa tríú tír sin.
3. Féadfar coinsíneachtaí a roinnt i dtríú tír más é an t-onnmhaireoir a dhéanann an roinnt nó más faoi fhreagracht an onnmhaireora atá sé, ar choinníoll go bhfanann na coinsíneachtaí faoi mhaoirseacht chustaim sa tríú tír sin.
4. I gcás ina mbeidh amhras ann an gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 go mír 3, féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairíochta iarraidh ar an allmhaireoir fianaise a sholáthar go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh, fianaise a fhéadfar a thabhairt ar mhodh ar bith, lena n-áirítear doiciméid iompair chonarthacha amhail billí luchta nó fianaise fhíorasach nó nithiúil atá bunaithe ar mharcáil nó uimhriú pacáistí nó aon fhianaise a bhaineann leis an táirge féin.
Airteagal 53
Athbhreithniú ar dhleachtanna allmhairiúcháin a aistarraingt, nó ar dhíolúine uathu
Tráth nach luaithe ná dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh athbhreithniú ar aistarraingt dleachta agus ar scéimeanna próiseála isteach na bPáirtithe faoi seach. Chun na críche sin, arna iarraidh sin do cheann de na Pháirtithe, tráth nach déanaí ná 60 lá ón iarraidh sin, soláthróidh an Páirtí eile don Pháirtí iarrthach an fhaisnéis atá ar fáil agus staidreamh mionsonraithe a chumhdóidh an tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, nó na cúig bliana roimhe sin más giorra é an tréimhse sin, maidir le hoibriú a scéime aistarraingthe dleachta agus próiseála isteach. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta chun forálacha na Caibidle seo agus a hIarscríbhinní a leasú, d’fhonn teorannuithe nó srianta a thabhairt isteach maidir le haistarraingt dleachtanna custaim nó díolúine ó dhleachtanna custaim.
ROINN 2
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE TIONSCNAMH
Airteagal 54
Éileamh ar chóir fhabhrach taraife
1. Tabharfaidh an Páirtí allmhairiúcháin, cóir fhabhrach taraife do tháirge de thionscnamh an Pháirtí eile, tráth a allmhairithe, de réir bhrí na Caibidle seo ar bhonn éilimh ón allmhaireoir ar chóir fhabhrach taraife. Is é an t-allmhaireoir a bheidh freagrach as cruinneas an éilimh ar chóir fhabhrach taraife agus as comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Chaibidil seo.
2. Beidh éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar na nithe seo a leanas:
(a) |
ráiteas maidir le tionscnamh arna dhéanamh ag an onnmhaireoir gur táirge tionscnaimh é an táirge; nó |
(b) |
eolas an allmhaireora gur táirge tionscnaimh é an táirge. |
3. An t-allmhaireoir a bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife á dhéanamh aige bunaithe ar ráiteas tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, coinneoidh sé an ráiteas maidir le tionscnamh agus, i gcás ina n-éileoidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin é, cuirfidh sé cóip de ar fáil don údarás sin.
Airteagal 55
Tráth an éilimh ar chóir fhabhrach taraife
1. Áireofar éileamh ar chóir fhabhrach taraife agus an bonn atá leis an éileamh sin dá dtagraítear in Airteagal 54(2) sa dearbhú allmhairiúcháin custaim i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí allmhairiúcháin.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás nach ndearna an t-allmhaireoir éileamh ar chóir fhabhrach taraife tráth an allmhairithe, deonóidh an Páirtí allmhairiúcháin cóir fhabhrach taraife agus déanfaidh sé aon dleacht chustaim bhreise a íocadh a aisíoc nó a loghadh ar choinníoll:
(a) |
go ndéantar an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis dháta an allmhairithe, nó cibé tréimhse ama is faide ná sin a shonraítear i ndlíthe agus i rialacháin Páirtí; |
(b) |
go soláthróidh an t-allmhaireoir an bonn don éileamh mar a thagraítear in Airteagal 54(2); agus |
(c) |
go measfaí gur táirge tionscnaimh é an táirge agus go sásódh sé na ceanglais eile is infheidhme de réir bhrí Roinn 1 den Chaibidil seo dá n-éileodh an t-allmhaireoir é tráth an allmhairithe. |
Ní thiocfaidh aon athrú ar na hoibleagáidí eile is infheidhme maidir leis an allmhaireoir faoi Airteagal 54.
Airteagal 56
Ráiteas maidir le Tionscnamh
1. Déanfaidh onnmhaireoir táirge ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas ar bhonn faisnéise lena léireofar gur táirge tionscnaimh é an táirge, lena n-áirítear faisnéis faoi stádas tionscnaimh na n-ábhar a úsáideadh i dtáirgeadh an táirge. Is é an t-onnmhaireoir atá freagrach as cruinneas an ráitis maidir le tionscnamh agus as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil.
2. Déanfar ráiteas maidir le tionscnamh trí úsáid a bhaint as ceann de na leaganacha teanga a leagtar amach in Iarscríbhinn 7 ar shonrasc nó ar aon doiciméad eile ina bhfuil cur síos leordhóthanach ar an táirge tionscnaimh chun é a shainaithint. Beidh an t-onnmhaireoir freagrach as sonraí leordhóthanacha a chur ar fáil ionas go mbeifear in ann an táirge tionscnaimh a shainaithint. Ní cheanglóidh an Páirtí allmhairiúcháin ar an allmhaireoir aistriúchán ar an ráiteas maidir le tionscnamh a chur isteach.
3. Beidh ráiteas maidir le tionscnamh bailí ar feadh 12 mhí ón dáta a ndearnadh amach é nó ar feadh cibé tréimhse is faide ná sin a sholáthróidh an Páirtí allmhairiúcháin ar feadh uastréimhse 24 mhí.
4. Féadfaidh feidhm a bheith ag ráiteas maidir le tionscnamh maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
lastas amháin de tháirge amháin nó níos mó a allmhairítear isteach i bPáirtí; nó |
(b) |
il-lastais de tháirgí comhionanna isteach i bPáirtí laistigh den tréimhse nach faide ná 12 mhí a shonrófar sa ráiteas maidir le tionscnamh. |
5. Más rud é, arna iarraidh sin don allmhaireoir, go ndéantar táirgí neamhchóimeáilte nó díchóimeáilte de réir bhrí Riail Ghinearálta 2(a) chun an Córas Comhchuibhithe a Léiriú, ar táirgí iad a thagann faoi chuimsiú Roinn XV go Roinn XXI den Chóras Comhchuibhithe, na táirgí sin a allmhairiú i dtráthchodanna, féadfar ráiteas amháin maidir le tionscnamh na dtáirgí sin a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos ag údarás custaim an pháirtí allmhairiúcháin.
Airteagal 57
Neamhréireachtaí
Ní dhiúltóidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin éileamh ar chóir fhabhrach taraife de bharr mionearráidí nó neamhréireachtaí sa ráiteas maidir le tionscnamh, ná de bharr gur eisíodh sonrasc i dtríú tír agus ar an gcúis sin amháin.
Airteagal 58
Eolas an allmhaireora
1. Chun críocha éilimh ar chóir fhabhrach taraife arna dhéanamh faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2), beidh eolas an allmhaireora go bhfuil táirge de thionscnamh an Pháirtí onnmhairiúcháin bunaithe ar fhaisnéis a thaispeánann gur táirge tionscnaimh an táirge sin agus go gcomhlíonann sé na ceanglais dá bhforáiltear sa Chaibidil seo.
2. Sula n-éileoidh sé an chóir fhabhrach, i gcás nach féidir le hallmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil de bharr go measann an t-onnmhaireoir gur faisnéis rúnda í an t-eolas sin nó ar aon chúis eile, féadfaidh an t-onnmhaireoir ráiteas a sholáthar maidir leis an tionscnamh ionas go bhféadfaidh an t-allmhaireoir an chóir fhabhrach taraife a éileamh ar bhonn phointe (a) de mhír 2 d’Airteagal 54(2).
Airteagal 59
Ceanglais maidir le Taifid a Choinneáil
1. Ar feadh trí bliana ar a laghad tar éis dháta allmhairithe an táirge, allmhaireoir a dhéanann éileamh ar chóir fhabhrach taraife le haghaidh táirge a allmhairítear isteach sa Pháirtí allmhairiúcháin, coinneoidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
más ar ráiteas maidir le tionscnamh a bunaíodh an t-éileamh, an ráiteas maidir le tionscnamh a rinne an t-onnmhaireoir; nó |
(b) |
más ar eolas an allmhaireora a bhí an t-éileamh bunaithe, na taifid uile lena léirítear go gcomhlíonann an táirge na ceanglais chun stádas tionscnaimh a fháil. |
2. Onnmhaireoir a bhfuil ráiteas maidir le tionscnamh déanta amach aige, coinneoidh sé cóip den ráiteas maidir le tionscnamh agus de na taifid eile uile lena léirítear go gcomhlíonann an táirge na ceanglais chun stádas tionscnaimh a fháil, ar feadh ceithre bliana ar a laghad tar éis dó an ráiteas maidir le tionscnamh sin a dhéanamh.
3. Féadfar na taifid a choinneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo a choinneáil i bhformáid leictreonach.
Airteagal 60
Coinsíneachtaí beaga
1. De mhaolú ar Airteagail 54 go dtí 58, ar choinníoll go bhfuil sé dearbhaithe go gcomhlíonann an táirge ceanglais na Caibidle seo agus nach bhfuil aon amhras ar údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin maidir le fírinneacht an dearbhaithe sin, deonóidh an Páirtí allmhairiúcháin cóir fhabhrach taraife sna cásanna seo a leanas:
(a) |
táirge a sheoltar i bpacáiste beag ó dhaoine príobháideacha chuig daoine príobháideacha; |
(b) |
táirge ar cuid é de bhagáiste pearsanta taistealaí; agus |
(c) |
i gcás na Ríochta Aontaithe, mar aon le pointí (a) agus (b) den Airteagal seo, coinsíneachtaí eile ar luach íseal. |
2. Níl na táirgí seo a leanas san áireamh le cur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo:
(a) |
táirgí, ar cuid de shraith allmhairithe allmhairiú na dtáirgí sin a d’fhéadfaí a mheas le réasún go ndearnadh iad ar leithligh chun ceanglais Airteagal 54; |
(b) |
i gcás an Aontais:
|
(c) |
i gcás na Ríochta Aontaithe, táirgí ar mó a luach iomlán ná na teorainneacha a leagtar síos faoi dhlí baile na Ríochta Aontaithe. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe na teorainneacha sin in iúl don Aontas. |
3. Is é an t-allmhaireoir atá freagrach as cruinneas an dearbhaithe agus as comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Chaibidil seo. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le taifid a choinneáil a leagtar amach in Airteagal 59 maidir leis an allmhaireoir faoin Airteagal seo.
Airteagal 61
Fíorú
1. Féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin a fhíorú an táirge tionscnaimh é táirge agus an gcomhlíontar ceanglais eile na Caibidle seo, bunaithe ar mhodhanna measúnaithe riosca, a bhféadfadh roghnú randamach a bheith san áireamh leo. Féadfar na fíoruithe sin a dhéanamh trí bhíthin iarraidh ar fhaisnéis ón allmhaireoir a rinne an t-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 54, tráth a gcuirtear isteach an dearbhú allmhairiúcháin, sula scaoilfear na táirgí, nó tar éis scaoileadh na dtáirgí.
2. Ní chumhdóidh an fhaisnéis a iarrfar de bhun mhír 1 ach na heilimintí seo a leanas ar a mhéid:
(a) |
más ar ráiteas maidir le tionscnamh a bunaíodh an t-éileamh, an ráiteas maidir le tionscnamh sin; agus |
(b) |
faisnéis a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar tionscnaimh, eadhon:
|
3. Agus an fhaisnéis a iarrtar á cur ar fáil aige, féadfaidh an t-allmhaireoir aon fhaisnéis eile a mheasann sé a bheith ábhartha chun críche fíoraithe a chur isteach.
4. Má tá éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ráiteas maidir le tionscnamh, cuirfidh an t-allmhaireoir an ráiteas sin maidir le tionscnamh ar fáil ach féadfaidh sé freagra a thabhairt ar údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin nach féidir leis an allmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chur ar fáil.
5. Má tá an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar eolas an allmhaireora, tar éis dó faisnéis a iarraidh ar dtús i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin a dhéanfaidh an fíorú iarraidh ar an allmhaireoir faisnéis bhreise a chur ar fáil má mheasann an t-údarás custaim sin go bhfuil gá le faisnéis bhreise chun stádas tionscnaimh an táirge a fhíorú nó chun a chinneadh an gcomhlíontar ceanglais eile na Caibidle seo. Féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin a iarraidh ar an allmhaireoir doiciméid shonracha agus faisnéis shonrach a iarraidh, más iomchuí.
6. Má chinneann údarás custaim an Pháirtí is allmhaireoir an chóir fhabhrach taraife le haghaidh an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go dtiocfaidh torthaí an fhíoraithe sin isteach, tairgfear scaoileadh na dtáirgí don allmhaireoir faoi réir aon bheart réamhchúraim iomchuí, lena n-áirítear ráthaíochtaí. Cuirfear deireadh le haon fhionraí ar chóir fhabhrach taraife a luaithe is féidir tar éis d'údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin stádas tionscnaimh na dtáirgí lena mbaineann nó comhlíonadh cheanglais eile na Caibidle seo a fhionnadh.
Airteagal 62
Comhar Riaracháin
1. Chun a áirithiú go gcuirfear an Chaibidil seo i bhfeidhm go cuí, comhoibreoidh na Páirtithe, trí údarás custaim gach Páirtí, chun a fhíorú an táirge tionscnaimh é táirge agus an bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais eile dá bhforáiltear sa Chaibidil seo.
2. Más ar ráiteas maidir le tionscnamh a bhí an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe, de réir mar is iomchuí tar éis dó faisnéis a iarraidh ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 61(1), agus bunaithe ar an bhfreagra ón allmhaireoir, féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin a bhfuil an fíorú á dhéanamh aige faisnéis a iarraidh freisin ar údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis allmhairiú na dtáirgí, nó ón nóiméad a dhéantar an t-éileamh de bhun phointe (a) d’Airteagal 55(2) má mheasann údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin a bhfuil an fíorú a dhéanamh aige go bhfuil gá le faisnéis bhreise chun stádas tionscnaimh an táirge a fhíorú nó chun a fhíorú ar comhlíonadh na ceanglais eile dá bhforáiltear sa Chaibidil seo. Beidh na heilimintí seo a leanas san áireamh san iarraidh ar fhaisnéis:
(a) |
an ráiteas maidir le tionscnamh; |
(b) |
céannacht an údaráis custaim a d'eisigh an iarraidh; |
(c) |
ainm an onnmhaireora; |
(d) |
ábhar agus raon feidhme an fhíoraithe; agus |
(e) |
aon doiciméadacht ábhartha. |
Ina theannta sin, féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin a iarraidh ar údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin doiciméid shonracha agus faisnéis shonrach a chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí.
3. Féadfaidh údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin, i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin, doiciméadacht nó scrúdú a iarraidh trí fhianaise a iarraidh, nó trí chuairt a thabhairt ar áitreabh an onnmhaireora, chun athbhreithniú a dhéanamh ar thaifid agus chun breathnú ar na saoráidí a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge.
4. Gan dochar do mhír 5, cuirfidh údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin a gheobhaidh an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d'údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin:
(a) |
an doiciméadacht a iarradh, má tá sí ar fáil; |
(b) |
tuairim maidir le stádas tionscnaimh an táirge; |
(c) |
tuairisc ar an táirge atá faoi réir scrúdúcháin agus an t-aicmiú taraife a bhaineann le cur i bhfeidhm na Caibidle seo; |
(d) |
tuairisc agus míniú ar an bpróiseas táirgthe a bheidh leordhóthanach chun tacú le stádas tionscnaimh an táirge; |
(e) |
faisnéis faoin gcaoi a ndearnadh scrúdú ar an táirge; agus |
(f) |
doiciméadacht tacaíochta, más iomchuí. |
5. Ní chuirfidh údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4(a), (d) agus (f) ar fáil d'údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin má mheasann an t-onnmhaireoir go bhfuil an fhaisnéis sin faoi rún.
6. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi shonraí teagmhála na n-údarás custaim agus cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi aon mhodhnú ar fhaisnéis den sórt sin laistigh de 30 lá tar éis dháta an mhodhnaithe.
Airteagal 63
Cóir fhabhrach taraife a dhiúltú
1. Gan dochar do mhír 3, féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin cóir fhabhrach taraife a dhiúltú sna cásanna seo a leanas:
(a) |
laistigh de 3 mhí tar éis dháta na hiarrata ar fhaisnéis de bhun Airteagal 61(1):
|
(b) |
laistigh de 3 mhí tar éis dháta na hiarrata ar fhaisnéis bhreise de bhun Airteagal 61(5):
|
(c) |
laistigh de 10 mí (3) tar éis na hiarrata ar fhaisnéis de bhun Airteagal 62(2):
|
2. Féadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin cóir fhabhrach taraife a dhiúltú do tháirge a n-éilíonn allmhaireoir cóir fhabhrach taraife ina leith i gcás nach gcomhlíonfaidh an t-allmhaireoir ceanglais na Caibidle seo seachas na ceanglais a bhaineann le stádas tionscnaimh na dtáirgí.
3. Má bhíonn údar leordhóthanach ag údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin chun cóir fhabhrach taraife a dhiúltú faoi mhír 1 den Airteagal seo, i gcásanna ina mbeidh tuairim tugtha ag údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin de bhun fhomhír (b) d'Airteagal 62(4) lena ndeimhnítear stádas tionscnaimh na dtáirgí, tabharfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin fógra d'údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin go bhfuil sé ar intinn aige an chóir fhabhrach taraife a dhiúltú laistigh de dhá mhí tar éis dó an tuairim sin a fháil.
Má thugtar fógra den sórt sin, tionólfar comhairliúcháin ar iarraidh ó Pháirtí, laistigh de thrí mhí tar éis dháta an fhógra. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse chomhairliúcháin ar bhonn cás ar chás trí chomhaontú frithpháirteach idir údaráis chustaim na bPáirtithe. Féadfar an comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos ag an gCoiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh.
Ar dhul in éag don tréimhse comhairliúcháin, mura bhféadfaidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin a dheimhniú gur táirge tionscnaimh é, féadfaidh sé an chóir fhabhrach taraife a dhiúltú má bhíonn údar leordhóthanach aige leis sin agus tar éis dó an ceart éisteacht a fháil a thabhairt don allmhaireoir. Mar sin féin, nuair a dheimhneoidh údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin stádas tionscnaimh na dtáirgí agus nuair a thabharfaidh sé bonn cirt leis an gconclúid sin, ní dhiúltóidh údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin cóir fhabhrach taraife do tháirge ar an bhforas gur cuireadh Airteagal 62(5) i bhfeidhm agus ar an bhforas sin amháin.
4. I ngach cás, is faoi dhlí an Pháirtí allmhairiúcháin a shocrófar difríochtaí idir an t-allmhaireoir agus údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin.
Airteagal 64
Rúndacht
1. Coimeádfaidh gach Páirtí, de réir a dhlíthe agus a rialacháin, rúndacht aon fhaisnéise arna cur ar fáil ag an bPáirtí eile dó, de bhun na Caibidle seo, agus cosnóidh sé an fhaisnéis sin ar nochtadh.
2. D’ainneoin Airteagal 62(5), ní nochtfar faisnéis rúnda gnó a fuair údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin nó an Pháirtí allmhairiúcháin ón onnmhaireoir trí Airteagail 61 agus 62 a chur i bhfeidhm.
3. Áiritheoidh gach Páirtí nach ndéanfar faisnéis rúnda arna bailiú de bhun na Caibidle seo a úsáid chun críocha seachas chun cinntí agus cinntí a bhaineann le tionscnamh agus le hábhair chustaim a riaradh agus a fhorghníomhú, ach amháin le cead ón duine nó ón bPáirtí a chuir an fhaisnéis faoi rún ar fáil.
4. D’ainneoin mhír 3, féadfaidh Páirtí cead a thabhairt faisnéis arna bailiú de bhun na Caibidle seo a úsáid in aon imeachtaí riaracháin, breithiúnacha nó garbhreithiúnacha arna tionscnamh de dheasc nár comhlíonadh dlíthe a bhaineann le custaim lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme. Tabharfaidh Páirtí fógra roimh ré don duine nó don Pháirtí a sholáthair an fhaisnéis faoin úsáid sin.
Airteagal 65
Bearta agus smachtbhannaí riaracháin
Déanfaidh gach Páirtí forfheidhmiú éifeachtach na Caibidle seo a áirithiú. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil na húdaráis inniúla in ann bearta riaracháin agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí a fhorchur i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin, ar aon duine a tharraingíonn suas doiciméad, nó a chuireann faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhícheart a sholáthraíodh chun cóir fhabhrach taraife a fháil do tháirge, duine nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 59, nó nach gcuireann an fhianaise ar fáil nó a dhiúltaíonn dul faoi chuairt, mar a tagraítear dó in Airteagal 62(3).
ROINN 3
FORÁLACHA EILE
Airteagal 66
Ceuta agus Melilla
1. Chun críocha na Caibidle seo, i gcás an Aontais, níl Ceuta agus Melilla san áireamh leis an téarma ‘Páirtí’.
2. Maidir le táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, nuair a allmhairítear isteach in Ceuta agus Melilla iad, beidh siad faoi réir na córa custaim céanna faoin gComhaontú seo, ar gach slí, leis an gcóir chustaim a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí de thionscnamh chríoch chustaim an Aontais Eorpaigh de réir Phrótacal 2 d'Ionstraim Aontachais Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile don Aontas Eorpach. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe d'allmhairí táirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus de thionscnamh Ceuta agus Melilla iad, an chóir chustaim chéanna agus a thugtar do tháirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh a allmhairítear ón Aontas.
3. Tá feidhm mutatis mutandis ag na rialacha tionscnaimh agus ag na nósanna imeachta maidir le tionscnamh dá dtagraítear sa Chaibidil seo maidir le táirgí a onnmhairítear ón Ríocht Aontaithe go Ceuta agus Melilla agus maidir le táirgí a onnmhairítear ó Ceuta agus Melilla go dtí an Ríocht Aontaithe.
4. Measfar gur aon chríoch amháin iad Ceuta agus Melilla.
5. Tá feidhm ag Airteagal 40 maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú táirgí idir an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus Ceuta agus Melilla.
6. Cuirfidh na honnmhaireoirí ‘an Ríocht Aontaithe’ nó ‘Ceuta agus Melilla’ isteach i réimse 3 de théacs an ráitis maidir le tionscnamh, ag brath ar thionscnamh an táirge.
7. Is é údarás custaim Ríocht na Spáinne a bheidh freagrach as an gCaibidil seo a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme in Ceuta agus Melilla.
Airteagal 67
Forálacha Idirthréimhseacha le haghaidh táirgí faoi bhealach nó táirgí atá á stóráil
Féadfar forálacha an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chomhlíonann forálacha na Caibidle seo agus a bheidh, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, faoi bhealach ón bPáirtí onnmhairiúcháin go dtí an Páirtí allmhairiúcháin nó faoi rialú custaim sa Pháirtí allmhairiúcháin gan dleachtanna allmhairiúcháin ná cánacha a íoc, faoi réir éileamh a dhéanamh ar chóir fhabhrach taraife mar a thagraítear dó in Airteagal 54 arna chur faoi bhráid údarás custaim an Pháirtí allmhairiúcháin, laistigh de 12 mhí ón dáta sin.
Airteagal 68
Leasú ar an gCaibidil seo agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann léi
Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an Chaibidil seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú.
CAIBIDIL 3
BEARTA SLÁINTÍOCHTA AGUS FÍTEASHLÁINTÍOCHTA
Airteagal 69
Cuspóir
Is iad cuspóirí na Caibidle seo:
(a) |
beatha nó sláinte daoine, ainmhithe agus plandaí i gcríocha na bPáirtithe a chosaint agus, ag an am céanna, trádáil idir Páirtithe a éascú; |
(b) |
Comhaontú SPS a chur chun feidhme a thuilleadh; |
(c) |
a áirithiú nach dtiocfaidh as bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (‘SPS’) na bPáirtithe aon bhacainní gan údar ar an trádáil; |
(d) |
trédhearcacht agus tuiscint níos fearr a chur chun cinn maidir le cur i bhfeidhm bhearta SPS gach Páirtí; |
(e) |
feabhas a chur ar an gcomhar idir na Páirtithe sa chomhrac i gcoinne frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, chun córais inbhuanaithe bia a chur chun cinn, chun leas ainmhithe a chosaint, agus maidir le deimhniú leictreonach; |
(f) |
feabhas a chur ar chomhar sna heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun caighdeáin, treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le sláinte ainmhithe, sábháilteacht bia agus sláinte plandaí; agus |
(g) |
cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta ag gach Páirtí a chur chun cinn. |
Airteagal 70
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach beart SPS de chuid Páirtí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh go díreach nó go hindíreach do thrádáil idir na Páirtithe.
2. Leagtar síos sa Chaibidil seo freisin forálacha ar leith maidir le comhar i dtaca le leas ainmhithe, frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus córais bhia inbhuanaithe.
Airteagal 71
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
na sainmhínithe atá in Iarscríbhinn A a ghabhann le Comhaontú SPS; |
(b) |
na sainmhínithe arna nglacadh faoi choimirce Choimisiún Codex Alimentarius (‘Codex’); |
(c) |
na sainmhínithe arna nglacadh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (‘OIE’); agus |
(d) |
na sainmhínithe arna nglacadh faoi choimirce an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (‘IPPC’). |
2. Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘coinníollacha allmhairiúcháin aon bheart SPS is gá a chomhlíonadh chun táirgí a allmhairiú; agus |
(b) |
ciallaíonn ‘crios faoi chosaint’ le haghaidh lotnaid plandaí rialáilte shonraithe limistéar geografach, arna shainiú go hoifigiúil, nach bhfuil an lotnaid sin bunaithe ann d'ainneoin coinníollacha fabhracha agus a láithreachta i gcodanna eile de chríoch an Pháirtí, ar crios í nach gceadaítear an lotnaid sin a thabhairt isteach ann. |
3. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta sainmhínithe eile a ghlacadh chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh gluaiseanna agus sainmhínithe na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, amhail Codex, OIE agus IPPC.
4. Beidh forlámhas ag na sainmhínithe faoi Chomhaontú SPS i gcás ina mbeidh neamhréireacht ann idir na sainmhínithe a ghlac an Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta nó a glacadh faoi choimirce Codex, OIE, IPPC agus na sainmhínithe faoi Chomhaontú SPS. I gcás neamh-chomhsheasmhacht idir na sainmhínithe arna nglacadh ag an gCoiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta agus na sainmhínithe a leagtar amach in Codex, OIE nó IPPC, is ag na sainmhínithe a leagtar amach in Codex, OIE nó IPPC a bheidh an forlámhas.
Airteagal 72
Cearta agus oibleagáidí
Athdhearbhaíonn na Páirtithe na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu faoi Chomhaontú SPS. Áirítear leis sin an ceart chun bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Chomhaontú SPS.
Airteagal 73
Prionsabail ghinearálta
1. Cuirfidh na Páirtithe bearta SPS i bhfeidhm chun a leibhéal iomchuí cosanta a bhaint amach, ar bearta iad atá bunaithe ar mheasúnú riosca i gcomhréir leis na forálacha ábhartha, lena n-áirítear Airteagal 5 de Chomhaontú SPS.
2. Ní úsáidfidh na Páirtithe bearta SPS chun bacainní gan údar cuí a chruthú ar thrádáil.
3. Maidir leis na nósanna imeachta agus na ceaduithe sin a bhaineann le trádáil arna mbunú faoin gCaibidil seo, áiritheoidh gach Páirtí an méid seo a leanas maidir leis na nósanna imeachta sin agus leis na bearta SPS gaolmhara:
(a) |
go dtionscnófar agus go gcríochnófar iad gan moill mhíchuí; |
(b) |
nach n-áireofar leo iarrataí ar fhaisnéis nach bhfuil gá leo, go heolaíoch agus go teicniúil, nach bhfuil údar maith leo nó a bhfuil ualach míchuí ag baint leo agus a d’fhéadfadh moill a chur ar rochtain ar mhargaí a chéile; |
(c) |
nach gcuirfear i bhfeidhm iad ar mhodh a bheadh ina idirdhealú treallach nó dochosanta in aghaidh chríoch iomlán an Pháirtí eile nó in aghaidh codanna de chríoch an Pháirtí eile ina bhfuil coinníollacha SPS atá comhionann nó comhchosúil; agus |
(d) |
go mbeidh siad comhréireach leis na rioscaí a aithneofar agus nach mbeidh siad níos sriantaí ó thaobh na trádála de ná mar is gá chun leibhéal cosanta iomchuí an Pháirtí allmhairiúcháin a bhaint amach. |
4. Ní úsáidfidh na Páirtithe na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 ná aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise chun moill a chur ar rochtain ar a margaí gan bonn cirt eolaíoch ná teicniúil.
5. Áiritheoidh gach Páirtí nach mbeidh aon nós imeachta riaracháin a éilíonn sé maidir leis na coinníollacha allmhairiúcháin maidir le sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí níos sriantaí ná mar is gá chun muinín leordhóthanach a thabhairt don Pháirtí allmhairiúcháin go gcomhlíonfar na coinníollacha sin. Áiritheoidh gach Páirtí go gcoinneofar na héifeachtaí diúltacha a ghabhann le haon nós imeachta riaracháin ar thrádáil a laghad is féidir agus go leanfaidh na próisis imréitigh de bheith simplí agus gasta agus coinníollacha an Pháirtí allmhairiúcháin á gcomhlíonadh.
6. Ní chuirfidh an Páirtí allmhairiúcháin aon chóras riaracháin ná aon nós imeachta riaracháin breise ar bun a chuirfeadh isteach ar thrádáil gan chúis.
Airteagal 74
Deimhniúchán oifigiúil
1. I gcás ina n-éileoidh an Páirtí allmhairiúcháin deimhnithe oifigiúla, is mar a leanas a bheidh na deimhnithe samhla:
(a) |
socraithe i gcomhréir leis na prionsabail mar atá leagtha síos i gcaighdeáin idirnáisiúnta Codex, IPPC agus OIE; agus |
(b) |
infheidhme maidir le hallmhairí ó gach cuid de chríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin. |
2. I gcás nach mbunófaí na deimhnithe eiseamláireacha oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 ach do chuid nó do chodanna de chríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin, féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta teacht ar chomhaontú maidir le cásanna sonracha. Déanfaidh na Páirtithe cur chun feidhme deimhniúcháin leictreonaigh agus teicneolaíochtaí eile a chur chun cinn chun an trádáil a éascú.
Airteagal 75
Coinníollacha agus nósanna imeachta iompórtála
1. Gan dochar do na cearta agus do na hoibleagáidí atá ag gach Páirtí faoi Chomhaontú SPS agus faoin gCaibidil seo, beidh feidhm ag coinníollacha allmhairiúcháin an Pháirtí allmhairiúcháin ar chríoch iomlán an Pháirtí onnmhairiúcháin ar bhealach comhsheasmhach.
2. Áiritheoidh an Páirtí onnmhairiúcháin go ndéanfaidh táirgí a onnmhairítear chuig an bPáirtí eile, amhail ainmhithe agus táirgí ainmhithe, plandaí agus táirgí plandaí, nó réada gaolmhara eile, ceanglais SPS an Pháirtí allmhairiúcháin a chomhlíonadh.
3. Féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin a éileamh go mbeidh allmhairiú táirgí áirithe faoi réir údaraithe. Deonófar an t-údarú sin i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil ábhartha an Pháirtí onnmhairiúcháin iarraidh a léireoidh go hoibiachtúil, chun sástacht an Pháirtí allmhairiúcháin, go bhfuil ceanglais údarúcháin an Pháirtí allmhairiúcháin comhlíonta. Féadfaidh údarás inniúil ábhartha an Pháirtí onnmhairiúcháin iarraidh ar údarú a dhéanamh maidir le críoch iomlán an Pháirtí onnmhairiúcháin. Deonóidh an Páirtí allmhairiúcháin na hiarrataí sin ar an mbonn sin, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad ceanglais údaraithe an Pháirtí allmhairiúcháin mar a leagtar amach sa mhír seo iad.
4. Ní thabharfaidh an Páirtí allmhairiúcháin ceanglais údarúcháin isteach a bheidh sa bhreis ar na ceanglais a bheidh i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse, mura mbeidh bonn cirt leis na ceanglais sin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí breise chun riosca suntasach do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do shláinte plandaí a mhaolú.
5. Déanfaidh an Páirtí allmhairiúcháin coinníollacha maidir le hallmhairiú gach táirge a bhunú agus a chur in iúl don Pháirtí eile. Áiritheoidh an Páirtí allmhairiúcháin go gcuirfear a choinníollacha allmhairiúcháin i bhfeidhm ar mhodh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach.
6. Gan dochar do bhearta sealadacha faoi Airteagal 5(7) de Chomhaontú SPS, do tháirgí, nó do nithe gaolmhara eile, i gcás inarb ann d’ábhar imní fíteashláintíochta, beidh na coinníollacha allmhairiúcháin teoranta do bhearta chun cosaint a thabhairt i gcoinne lotnaidí rialaithe an Pháirtí allmhairiúcháin agus beidh siad infheidhme maidir le críoch iomlán an Pháirtí onnmhairiúcháin.
7. D'ainneoin mhíreanna 1 agus 3, i gcás iarrataí ar údarú allmhairiúcháin i leith táirge sonrach, i gcás nach n-iarrann an Páirtí onnmhairiúcháin go scrúdófaí ach cuid nó codanna áirithe dá chríoch (i gcás an Aontais, Ballstáit aonair), rachaidh an Páirtí allmhairiúcháin ar aghaidh go pras chun an iarraidh sin a scrúdú. I gcás ina bhfaighidh an Páirtí allmhairiúcháin iarrataí maidir leis an táirge sonrach ó níos mó ná cuid amháin den Pháirtí onnmhairiúcháin nó, i gcás ina bhfaighfear tuilleadh iarrataí maidir le táirge a údaraíodh cheana, tabharfaidh an Páirtí allmhairiúcháin chun críche an nós imeachta maidir le húdarú, agus cuirfidh sé san áireamh an córas SPS comhionann nó comhchosúil is infheidhme sna codanna éagsúla den Pháirtí onnmhairiúcháin.
8. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar gach nós imeachta rialaithe, cigireachta agus formheasa a thionscnamh agus a chur i gcrích gan moill mhíchuí. Beidh na ceanglais faisnéise teoranta don mhéid is gá le haghaidh an phróisis formheasa chun faisnéis atá ar fáil cheana sa Pháirtí allmhairiúcháin a chur san áireamh, amhail faisnéis maidir le creat reachtach agus tuarascálacha iniúchóireachta an Pháirtí onnmhairiúcháin.
9. Ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le leibhéal cosanta an Pháirtí, soláthróidh gach Páirtí idirthréimhse idir foilsiú aon athraithe ar a nósanna imeachta formheasa agus a gcur i bhfeidhm chun a cheadú don Pháirtí eile eolas a chur ar na hathruithe sin agus oiriúnú dóibh. Ní chuirfidh gach Páirtí moill mhíchuí leis an bpróiseas formheasa le haghaidh iarratais a thíolacfar sula bhfoilseofar na hathruithe.
10. maidir leis na próisis a leagtar amach i míreanna 3 go 8, déanfar na bearta seo a leanas:
(a) |
a luaithe a bheidh a mheasúnú tugtha i gcrích le toradh dearfach ag an bPáirtí allmhairiúcháin, déanfaidh sé na bearta reachtacha agus riaracháin uile is gá go pras chun go bhféadfar trádáil a dhéanamh gan moill mhíchuí; |
(b) |
déanfaidh an Páirtí onnmhairiúcháin an méid seo a leanas:
|
(c) |
bunóidh an páirtí allmhairiúcháin liosta lotnaidí rialaithe le haghaidh táirgí, nó nithe gaolmhara eile, más ann d’ábhar imní fíteashláintíochta. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis an liosta sin:
|
11. Glacfaidh an Páirtí allmhairiúcháin le coinsíneachtaí, gan ceangal a bheith ar an bPáirtí allmhairiúcháin sin comhlíonadh na gcoinsíneachtaí sin a fhíorú sula n-imeoidh siad as críoch an Pháirtí onnmhairiúcháin.
12. Féadfaidh Páirtí táillí a bhailiú i leith na gcostas arna dtabhú chun seiceálacha sonracha teorann STS a dhéanamh, ar táillí iad nár cheart a bheith níos airde ná na costais arna ngnóthú.
13. Beidh sé de cheart ag an bPáirtí allmhairiúcháin seiceálacha allmhairiúcháin a dhéanamh ar tháirgí a allmhairítear ón bPáirtí onnmhairiúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonfar a cheanglais allmhairiúcháin SPS.
14. Beidh na seiceálacha allmhairiúcháin a dhéanfar ar tháirgí arna n-allmhairiú ón bPáirtí onnmhairiúcháin bunaithe ar an riosca SPS a bhaineann leis na hallmhairí sin. Ní dhéanfar seiceálacha allmhairiúcháin ach a mhéid is gá chun beatha agus sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint, gan moill mhíchuí agus leis an éifeacht is lú is féidir ar thrádáil idir na Páirtithe.
15. Cuirfidh an Páirtí allmhairiúcháin faisnéis ar fáil faoi chion na dtáirgí ón bPáirtí onnmhairiúcháin a seiceáladh tráth an allmhairithe, arna iarraidh sin don Pháirtí onnmhairiúcháin.
16. Má nochtar i seiceálacha allmhairiúcháin nár comhlíonadh na coinníollacha ábhartha maidir le hallmhairiú, ní mór an gníomh a dhéanfaidh an Páirtí allmhairiúcháin a bheith bunaithe ar mheasúnú ar an riosca lena mbaineann agus níor cheart é a bheith níos sriantaí ó thaobh trádála de ná is gá chun an leibhéal SPS is iomchuí leis an bPáirtí a bhaint amach.
Airteagal 76
Liostaí de bhunaíochtaí formheasta
1. Nuair a bheidh bonn cirt leis , féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin liosta a choimeád de bhunaíochtaí formheasta a chomhlíonann a cheanglais allmhairiúcháin mar choinníoll chun allmhairiú táirgí ainmhithe ó na bunaíochtaí sin a cheadú.
2. Mura mbeidh bonn cirt leis chun riosca suntasach do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe a mhaolú, ní cheanglófar liostaí de bhunaíochtaí formheasta ach amháin i gcás na dtáirgí a raibh gá leo ina leith ag deireadh na hidirthréimhse.
3. Cuirfidh an Páirtí onnmhairiúcháin an Páirtí allmhairiúcháin ar an eolas faoina liosta de bhunaíochtaí a chomhlíonann coinníollacha an Pháirtí allmhairiúcháin agus a bheidh bunaithe ar ráthaíochtaí arna gcur ar fáil ag an bPáirtí onnmhairiúcháin.
4. Arna iarraidh sin don Pháirtí onnmhairiúcháin, formheasfaidh an Páirtí allmhairiúcháin bunaíochtaí atá lonnaithe i gcríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin, ar bhonn ráthaíochtaí a chuirfidh an Páirtí onnmhairiúcháin ar fáil, gan cigireacht a dhéanamh roimh ré ar bhunaíochtaí aonair.
5. Mura n-iarrfaidh an Páirtí allmhairiúcháin faisnéis bhreise ar an bPáirtí onnmhairiúcháin agus faoi réir ráthaíochtaí a bheith curtha ar fáil ag an bpáirtí onnmhairiúcháin, glacfaidh an Páirtí allmhairiúcháin na bearta reachtacha nó riaracháin is gá, i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla is infheidhme, chun go gceadófar allmhairiú ó na bunaíochtaí sin gan moill mhíchuí.
6. Cuirfidh an Páirtí allmhairiúcháin liosta na mbunaíochtaí formheasta ar fáil don phobal.
7. I gcás ina gcinnfidh an Páirtí allmhairiúcháin diúltú don iarraidh ón bPáirtí onnmhairiúcháin maidir le glacadh le bunaíocht a chur le liosta na mbunaíochtaí formheasta, cuirfidh sé an Páirtí onnmhairiúcháin ar an eolas gan mhoill agus tabharfaidh sé freagra air, lena n-áireofar faisnéis faoi na neamhchomhréireachtaí ba chúis le formheas na bunaíochta a dhiúltú.
Airteagal 77
Trédhearcacht agus malartú faisnéise
1. Saothróidh gach Páirtí trédhearcacht maidir leis na bearta SPS is infheidhme maidir le trádáil agus déanfaidh sé, chun na gcríoch sin, na bearta seo a leanas:
(a) |
aon athrú ar a bhearta SPS agus ar a nósanna imeachta formheasa, lena n-áirítear athruithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá chumas ceanglais allmhairiúcháin SPS an Pháirtí eile le haghaidh táirgí áirithe a chomhlíonadh, na hathruithe sin a chur in iúl go pras don Pháirtí eile; |
(b) |
feabhas a chur ar thuiscint fhrithpháirteach ar a bhearta SPS agus ar a gcur chun feidhme; |
(c) |
faisnéis a mhalartú leis an bPáirtí eile maidir le hábhair a bhaineann le bearta SPS a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an dul chun cinn maidir le fianaise eolaíoch nua atá ar fáil, ar faisnéis í a dhéanann difear, nó a d‘fhéadfadh difear a dhéanamh, do thrádáil idir na Páirtithe d'fhonn éifeachtaí diúltacha trádála a íoslaghdú; |
(d) |
arna iarraidh sin don Pháirtí eile, na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le táirgí sonracha a allmhairiú a chur in iúl laistigh de 20 lá oibre; |
(e) |
arna iarraidh sin do Pháirtí eile, an staid mar atá maidir leis an nós imeachta chun táirgí sonracha a údarú a chur in iúl laistigh de 20 lá oibre; |
(f) |
aon athrú suntasach ar struchtúr nó ar eagrú údaráis inniúil Páirtí a chur in iúl don Pháirtí eile; |
(g) |
arna iarraidh sin, torthaí rialaithe oifigiúil arna dhéanamh ag Páirtí agus tuarascáil a bhaineann leis na torthaí ón rialú arna dhéanamh a chur in iúl; |
(h) |
arna iarraidh sin, torthaí seiceála allmhairiúcháin dá bhforáiltear i gcás coinsíneachta diúltaithe nó coinsíneachta neamhchomhlíontacha a chur in iúl; agus |
(i) |
ar é a iarraidh, measúnacht phriacail nó tuairim eolaíoch arna tabhairt ar aird ag Páirtí is ábhartha maidir leis an gCaibidil seo a chur in iúl gan moill mhíchuí. |
2. I gcás inar chuir Páirtí an fhaisnéis i mír 1 ar fáil trí fhógra a thabhairt do Chlárlann Lárnach Fógraí EDT nó don chomhlacht ábhartha idirnáisiúnta um chaighdeáin a shocrú, i gcomhréir lena rialacha ábhartha, comhlíontar na ceanglais i mír 1, de réir mar atá feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis sin.
Airteagal 78
Oiriúnú do dhálaí réigiúnacha
1. Aithneoidh na Páirtithe coincheap na limistéar, lena n-áirítear na limistéir saor ó ghalair nó ó lotnaidí, na gcriosanna faoi chosaint agus na limistéar ina bhfuil leitheadúlacht íseal galar nó lotnaidí agus cuirfidh siad an coincheap sin i bhfeidhm sa trádáil idir na Páirtithe, i gcomhréir le Comhaontú SPS, lena n-áirítear na treoirlínte chun cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 6 de Chomhaontú SPS (Cinneadh G/SPS/48 ó Choiste EDT/SPS) agus na gcaighdeán ábhartha maidir le moltaí, agus treoirlínte OIE agus IPPC a chur chun cinn. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta sonraí breise a shainiú le haghaidh na nósanna imeachta sin, agus aon Chomhaontú SPS, caighdeáin, treoirlínte nó moltaí ábhartha OIE nó IPPC á gcur san áireamh.
2. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú freisin go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le coincheap na roinnte i ndeighleoga dá dtagraítear i gCaibidlí 4.4 agus 4.5 de Chód Sláinte Ainmhithe Talún OIE agus i gCaibidlí 4.1 go 4.2 de Chód Sláinte Ainmhithe Uisceacha OIE.
3. Nuair a bheidh na criosanna dá dtagraítear i mír 1 á mbunú nó á gcothabháil , cuirfidh na Páirtithe san áireamh tosca amhail an suíomh geografach, éiceachórais, faireachas eipidéimeolaíoch agus éifeachtacht rialuithe SPS.
4. Maidir le hainmhithe agus táirgí ainmhithe, agus coinníollacha allmhairiúcháin á mbunú nó á gcoinneáil ar bun ag an bPáirtí allmhairiúcháin arna iarraidh sin don Pháirtí onnmhairiúcháin, aithneoidh an Páirtí allmhairiúcháin na limistéir saor ó ghalair arna mbunú ag an bPáirtí onnmhairiúcháin mar bhonn don chinneadh an t-allmhairiú a cheadú nó a choinneáil ar bun, gan dochar do mhíreanna 8 agus 9.
5. Déanfaidh an Páirtí onnmhairiúcháin na codanna dá chríoch dá dtagraítear i mír 4 a shainaithint agus, má iarrtar sin, soláthróidh sé míniú iomlán agus sonraí tacaíochta bunaithe ar na caighdeáin OIE, nó ar bhealaí eile arna mbunú ag an gCoiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta ar bhonn an eolais a fuarthas trí thaithí údaráis ábhartha an Pháirtí onnmhairiúcháin.
6. Maidir le plandaí, táirgí plandaí, agus nithe eile lena mbaineann, agus coinníollacha fíteashláintíochta allmhairiúcháin á mbunú nó á gcoimeád ar bun, arna iarraidh sin don Pháirtí onnmhairiúcháin, aithneoidh an Páirtí allmhairiúcháin na limistéir saor ó lotnaidí, na láithreacha táirgthe saor ó lotnaidí, na suíomhanna táirgthe saor ó lotnaidí, na limistéir ina bhfuil leitheadúlacht íseal lotnaidí agus na criosanna faoi chosaint arna mbunú ag an bPáirtí onnmhairiúcháin mar bhonn don chinneadh an t-allmhairiú a cheadú nó a choinneáil ar bun, gan dochar do mhíreanna 8 agus 9.
7. Déanfaidh an Páirtí onnmhairiúcháin na limistéir saor ó lotnaidí, na láithreacha táirgthe saor ó lotnaidí, na suíomhanna táirgthe saor ó lotnaidí agus na limistéir ina bhfuil leitheadúlacht íseal lotnaidí nó na criosanna faoi chosaint atá aige a shainaithint. Má iarrann an Páirtí allmhairiúcháin é, soláthróidh an Páirtí onnmhairiúcháin míniú iomlán agus sonraí tacaíochta bunaithe ar na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta a forbraíodh faoin IPPC, nó ar bhealaí eile arna mbunú ag an gCoiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta, bunaithe ar an eolas a fuarthas trí thaithí na n-údarás fíteashláintíochta ábhartha de chuid an Pháirtí onnmhairiúcháin.
8. Aithneoidh na Páirtithe na limistéir saor ó ghalair agus na criosanna faoi chosaint atá i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse.
9. Beidh feidhm ag mír 8 freisin maidir le hoiriúnuithe ina dhiaidh sin ar na limistéir saor ó ghalair agus criosanna faoi chosaint (i gcás limistéar saor ó lotnaidí na Ríochta Aontaithe), ach amháin i gcás athruithe suntasacha ar staideanna maidir le galar nó le lotnaidí.
10. Féadfaidh na Páirtithe iniúchtaí agus fíoruithe a dhéanamh de bhun Airteagal 79 chun míreanna 4 go 9 den Airteagal seo a chur chun feidhme.
11. Bunóidh na Páirtithe dlúthchomhar agus é mar chuspóir acu muinín a chothú sna nósanna imeachta maidir le bunú limistéar saor ó ghalair nó ó lotnaidí, láithreacha táirgthe saor ó lotnaidí, suíomhanna táirgthe saor ó lotnaidí, limistéar ina bhfuil leitheadúlacht íseal lotnaidí nó galar agus criosanna faoi chosaint a bhunú, agus é mar aidhm acu an cur isteach ar thrádáil a íoslaghdú.
12. Is ar an bhfaisnéis a chuirfidh an Páirtí onnmhairiúcháin ar fáil i gcomhréir le Comhaontú SPS, caighdeáin OIE agus IPPC a bhunóidh an Páirtí allmhairiúcháin a chinneadh féin ar stádas sláinte ainmhithe nó plandaí de chuid an Pháirtí onnmhairiúcháin nó ar chodanna de, agus cuirfidh sé san áireamh aon chinneadh a dhéanfaidh an Páirtí onnmhairiúcháin.
13. I gcás nach nglacfaidh an Páirtí allmhairiúcháin leis an gcinneadh a dhéanfaidh an Páirtí onnmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 12 den Airteagal seo , tabharfaidh an Páirtí allmhairiúcháin údar maith oibiachtúil leis na cúiseanna leis an diúltú sin agus míneoidh sé don Pháirtí onnmhairiúcháin iad agus, arna iarraidh sin, reáchtálfaidh sé comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 80(2).
14. Áiritheoidh gach Páirtí go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 4 go 9, 12 agus 13 gan moill mhíchuí. Cuirfidh an Páirtí allmhairiúcháin dlús le haitheantas an ghalair nó an stádais lotnaide nuair a aisghabhfar an stádas tar éis ráige.
15. I gcás ina measann Páirtí go bhfuil stádas speisialta ag réigiún sonrach maidir le galar sonrach agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i gCaibidil 1.2 de Chód Sláinte Ainmhithe Talún de chuid OIE nó i gCaibidil 1.2 de Chód Sláinte Ainmhithe Uisceacha OIE, féadfaidh sé aitheantas ar an stádas sin a iarraidh. Féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin ráthaíochtaí breise a iarraidh i ndáil le hallmhairiú ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe, ar ráthaíochtaí iad is iomchuí maidir leis an stádas a comhaontaíodh.
Airteagal 79
Iniúchtaí agus fíoruithe
1. Féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin iniúchtaí agus fíoruithe a dhéanamh ar na rudaí seo a leanas:
(a) |
córas iniúchta agus deimhniúcháin údaráis an Pháirtí eile, nó cuid de; |
(b) |
torthaí na rialuithe a rinneadh faoi chóras cigireachta agus deimhniúcháin an Pháirtí onnmhairiúcháin. |
2. Déanfaidh na Páirtithe na hiniúchtaí agus na fíoruithe sin i gcomhréir leis na forálacha ó Chomhaontú SPS, agus na caighdeáin, treoirlínte agus moltaí ábhartha idirnáisiúnta ó Codex Alimentarius, OIE nó IPPC á gcur san áireamh.
3. Chun na hiniúchtaí agus na fíoruithe sin a dhéanamh, féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin iniúchtaí agus fíoruithe a dhéanamh trí bhíthin iarrataí ar fhaisnéis ón bPáirtí onnmhairiúcháin nó trí chuairteanna iniúchóireachta nó fíorúcháin ar an bPáirtí onnmhairiúcháin, a bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:
(a) |
measúnú ar chlár rialaithe iomlán na n-údarás freagrach, nó ar chuid de, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, athbhreithnithe ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta agus cigireachta rialála; |
(b) |
seiceálacha ar an láthair; agus |
(c) |
bailiú faisnéise agus sonraí chun measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna atá le fadhbanna athfhillteacha nó fadhbanna atá ag teacht chun cinn i ndáil le honnmhairiú táirgí. |
4. Roinnfidh an Páirtí allmhairiúcháin torthaí agus conclúidí na n-iniúchtaí, agus na bhfíoruithe a dhéanfar de bhun mhír 1 leis an bPáirtí onnmhairiúcháin. Féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin na torthaí sin a chur ar fáil don phobal.
5. Sula gcuirfear tús le hiniúchadh nó le fíorú, pléifidh na Páirtithe cuspóirí agus raon feidhme an iniúchta nó an fhíoraithe, na critéir nó na ceanglais a ndéanfar measúnú ar an bPáirtí onnmhairiúcháin ina leith, agus an cúrsa taistil agus na nósanna imeachta chun an t-iniúchadh nó an fíorú a dhéanamh a leagfar síos i bplean iniúchta nó fíoraithe. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, cuirfidh an Páirtí allmhairiúcháin plean iniúchta nó fíoraithe ar fáil don Pháirtí onnmhairiúcháin 30 lá ar a laghad sula dtosóidh an t-iniúchadh nó an fíorú.
6. Tabharfaidh an Páirtí allmhairiúcháin an deis don Pháirtí onnmhairiúcháin a bharúil a thabhairt ar an dréacht-tuarascáil iniúchóireachta nó fíorúcháin. Cuirfidh an Páirtí allmhairiúcháin tuarascáil chríochnaitheach ar fáil i scríbhinn don Pháirtí onnmhairiúcháin de ghnáth laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear na barúlacha sin.
7. Íocfaidh gach Páirtí a chostais féin a bhaineann le hiniúchadh nó le fíorú den sórt sin.
Airteagal 80
Fógra agus comhairliúchán
1. Tabharfaidh Páirtí fógra don Pháirtí eile gan moill mhíchuí faoin méid seo a leanas:
(a) |
athrú suntasach ar stádas lotnaidí nó galair; |
(b) |
galar nua ainmhithe a theacht chun cinn; |
(c) |
toradh a bhfuil tábhacht eipidéimeolaíoch ag baint leis maidir le galar ainmhithe; |
(d) |
saincheist shuntasach maidir le sábháilteacht bia arna haithint ag Páirtí; |
(e) |
aon bheart breise thar bhuncheanglais a mbeart SPS faoi seach a rinneadh chun galar ainmhithe a rialú nó a dhíothú nó chun sláinte an duine a chosaint, agus aon athrú ar bheartais choisctheacha, lena n-áirítear beartais vacsaínithe; |
(f) |
arna iarraidh sin, torthaí rialaithe oifigiúil arna dhéanamh ag Páirtí agus tuarascáil a bhaineann leis na torthaí ón rialú arna dhéanamh; agus |
(g) |
aon athrú suntasach ar fheidhmeanna córais nó bunachair sonraí. |
2. Má bhíonn imní mhór ar Pháirtí maidir le sábháilteacht bhia, sláinte plandaí, sláinte ainmhithe nó beart sláintíochta agus fíteashláintíochta arna bheartú nó arna chur chun feidhme ag an bPáirtí eile, féadfaidh an Páirtí sin comhairliúcháin theicniúla leis an bPáirtí eile a iarraidh. Ba cheart don Pháirtí iarrtha freagra a thabhairt ar an iarraidh gan moill mhíchuí. Féachfaidh gach Páirtí leis an bhfaisnéis is gá a sholáthar chun cur isteach ar an trádáil a sheachaint agus, de réir mar a bheidh, chun teacht ar réiteach atá inghlactha go frithpháirteach.
3. Féadfar comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh trí chomhdháil teileafóin, trí fhíschomhdháil nó trí aon mhodh eile cumarsáide arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na Páirtithe.
Airteagal 81
Bearta éigeandála
1. Má mheasann an Páirtí allmhairiúcháin go bhfuil baol tromchúiseach ann do bheatha agus do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, féadfaidh sé na bearta is gá a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré chun beatha agus sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint. I gcás coinsíneachtaí atá faoi bhealach idir na Páirtithe, déanfaidh an Páirtí allmhairiúcháin an réiteach is oiriúnaí agus is comhréirí a mheas chun cur isteach nach gá ar thrádáil a sheachaint.
2. Tabharfaidh an Páirtí a dhéanfaidh na bearta fógra don Pháirtí eile faoi bheart éigeandála SPS a luaithe is féidir tar éis dó cinneadh a dhéanamh an beart a chur chun feidhme agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an cinneadh a dhéanamh. Má iarrann Páirtí comhairliúcháin theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar bheart éigeandála sláintíochta agus fíteashláintíochta, ní mór na comhairliúcháin theicniúla a thionól laistigh de 10 lá ó fhógra a thabhairt faoin mbeart éigeandála sláintíochta agus fíteashláintíochta. Déanfaidh na Páirtithe breithniú ar aon fhaisnéis arna soláthar trí na comhairliúcháin theicniúla. Rachfar i mbun na gcomhairliúchán sin chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint. Féadfaidh na Páirtithe breithniú a dhéanamh ar roghanna chun cur chun feidhme nó athsholáthar na mbeart a éascú.
3. Déanfaidh an Páirtí allmhairiúcháin a mhachnamh go tráthúil ar fhaisnéis a chuir an Páirtí onnmhairiúcháin ar fáil nuair a dhéanfaidh sé a chinneadh i ndáil le coinsíneachtaí a bheidh á n-iompar idir na Páirtithe, tráth a nglacfar an beart éigeandála SPS, d’fhonn cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint.
4. Áiritheoidh an Páirtí allmhairiúcháin nach gcoinneofar aon bheart éigeandála a dhéanfar ar na forais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan fianaise eolaíoch, nó, i gcásanna nach leor an fhianaise eolaíoch, go nglacfar é i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Chomhaontú SPS.
Airteagal 82
Fóraim idirnáisiúnta iltaobhacha
Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile i bhfóraim idirnáisiúnta iltaobhacha maidir le caighdeáin, treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta a fhorbairt sa réimse atá faoi raon feidhme na Caibidle seo.
Airteagal 83
Cur chun feidhme agus údaráis inniúla
1. Chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme, cuirfidh gach Páirtí na nithe seo a leanas uile san áireamh:
(a) |
cinntí Choiste SPS EDT; |
(b) |
obair na gcomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeáin a shocrú; |
(c) |
aon eolas agus taithí atá aige ar thrádáil leis an bPáirtí onnmhairiúcháin; agus |
(d) |
faisnéis arna soláthar ag an bPáirtí eile. |
2. Tabharfaidh na Páirtithe tuairisc dá chéile, gan mhoill, faoi údaráis inniúla na bPáirtithe maidir leis an gCaibidil seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile faoi aon athrú suntasach ar na húdaráis inniúla sin.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh na hacmhainní is gá ag a údaráis inniúla chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme go héifeachtach.
Airteagal 84
Comhar maidir le leas ainmhithe
1. Aithníonn na Páirtithe gur neacha mothaitheacha iad ainmhithe. Aithníonn siad freisin an nasc idir leas ainmhithe agus córais inbhuanaithe táirgthe bia.
2. Gabhann na Páirtithe orthu féin comhoibriú i bhfóraim idirnáisiúnta chun forbairt na gcleachtas is fearr is féidir maidir le leas ainmhithe agus a gcur chun feidhme a chur chun cinn. Go háirithe, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun raon feidhme chaighdeáin leasa ainmhithe OIE, chomh maith lena gcur chun feidhme, a threisiú agus a leathnú, ag díriú ar ainmhithe feirmshaothraithe.
3. Déanfaidh na Páirtithe faisnéis, saineolas agus taithí i réimse leas na n-ainmhithe a mhalartú, go háirithe maidir le pórú, coinneáil, láimhseáil, iompar agus marú bia-ainmhithe.
4. Neartóidh na Páirtithe a gcomhar maidir le taighde i réimse leas na n-ainmhithe i ndáil le pórú ainmhithe agus le cóir ainmhithe ar fheirmeacha, le linn iompair agus tráth a maraithe.
Airteagal 85
Comhar maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
1. Cuirfidh na Páirtithe creat ar fáil don idirphlé agus don chomhar d'fhonn an comhrac in aghaidh fhorbairt na frithsheasmhachta frithmhiocróbaí a neartú.
2. Aithníonn na Páirtithe gur bagairt thromchúiseach ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe í frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach. Is féidir le mí-úsáid frithmhiocróbach i dtáirgeadh ainmhithe, lena n-áirítear úsáid neamhtheiripeach, cur le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a d'fhéadfadh a bheith ina riosca do bheatha an duine. Aithníonn na Páirtithe go bhfuil gá le cur chuige trasnáisiúnta agus Aon Sláinte Amháin de bharr chineál na bagartha.
3. D’fhonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, déanfaidh na Páirtithe gach iarracht comhoibriú go hidirnáisiúnta le cláir oibre réigiúnacha nó iltaobhacha chun úsáid antaibheathach neamhriachtanach i dtáirgeadh ainmhithe a laghdú agus chun obair a dhéanamh chun deireadh a chur le húsáid antaibheathach mar spreagthóirí fáis go hidirnáisiúnta chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac i gcomhréir leis an gcur chuige 'Aon Sláinte Amháin', agus i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Domhanda.
4. Comhoibreoidh na Páirtithe chun treoirlínte, caighdeáin, moltaí agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt in eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil sé d'aidhm acu úsáid stuama agus fhreagrach antaibheathach i bhfeirmeoireacht ainmhithe agus i gcleachtais tréidliachta a chur chun cinn.
5. Cumhdófar an méid seo a leanas, inter alia, leis an idirphlé dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
comhar chun obair leantach a dhéanamh ar threoirlínte, caighdeáin, moltaí agus gníomhaíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo arna bhforbairt in eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus tionscnaimh agus pleananna ábhartha náisiúnta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo arb é is aidhm dóibh úsáid stuama agus fhreagrach antaibheathach a chur chun cinn agus a bhaineann le táirgeadh ainmhithe agus cleachtais tréidliachta; |
(b) |
comhar chun moltaí OIE, EDS agus Codex a chur chun feidhme, go háirithe CAC-RCP61/2005; |
(c) |
faisnéis maidir le dea-chleachtais feirmeoireachta a mhalartú; |
(d) |
taighde, nuálaíocht agus forbairt a chur chun cinn; |
(e) |
cur chuige ildisciplíneach a chur chun cinn chun frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a chomhrac, lena n-áirítear an cur chuige Aon Sláinte Amháin ó EDS, OIE agus Codex. |
Airteagal 86
Córais bhia inbhuanaithe
Spreagfaidh gach Páirtí a sheirbhísí sábháilteachta bia, sláinte ainmhithe agus plandaí chun comhoibriú lena gcomhpháirtithe sa Pháirtí eile agus é mar aidhm acu modhanna inbhuanaithe táirgthe bia agus córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn.
Airteagal 87
An Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta cur chun feidhme agus oibriú na Caibidle seo a mhaoirsiú agus beidh na feidhmeanna seo a leanas aige:
(a) |
soiléiriú agus aghaidh a thabhairt go pras, más féidir, ar aon saincheist a d’ardaigh Páirtí a bhaineann le ceanglais, caighdeáin agus moltaí sláintíochta agus fíteashláintíochta a fhorbairt, a ghlacadh nó a chur chun feidhme faoin gCaibidil seo nó faoi Chomhaontú SPS; |
(b) |
plé a dhéanamh ar phróisis leanúnacha maidir le rialacháin nua a fhorbairt; |
(c) |
plé a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar ábhair imní a chuirfidh Páirtí in iúl maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta allmhairithe SPS a chuireann an Páirtí eile i bhfeidhm; |
(d) |
athbhreithniú rialta a dhéanamh ar bhearta SPS na bPáirtithe, lena n-áirítear ceanglais deimhniúcháin agus próisis imréitigh teorann, agus a gcur i bhfeidhm, d’fhonn trádáil idir na Páirtithe a éascú, i gcomhréir leis na prionsabail, na cuspóirí agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chomhaontú SPS. Sainaithneoidh gach Páirtí aon ghníomhaíocht iomchuí a dhéanfaidh sé, lena n-áirítear maidir le minicíocht na seiceálacha céannachta agus fisiceacha, agus torthaí an athbhreithnithe sin á gcur san áireamh agus bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn 10 den Chomhaontú seo; |
(e) |
tuairimí, faisnéis agus taithí a chomhroinnt maidir leis na gníomhaíochtaí comhair i dtaca le leas ainmhithe a chosaint agus an comhrac i gcoinne frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a dhéantar faoi Airteagail 84 agus 85; |
(f) |
ar iarraidh ó Pháirtí ag breithniú i dtaobh cad is athrú suntasach ann sa staid maidir le galar dá dtagraítear in Airteagal 78(9); |
(g) |
cinntí a a ghlacadh chun:
|
CAIBIDIL 4
BACAINNÍ TEICNIÚLA AR AN TRÁDÁIL
Airteagal 88
Cuspóir
Is é cuspóir na Caibidle seo trádáil earraí idir na Páirtithe a éascú trí bhacainní teicniúla nach bhfuil gá leo ar thrádáil a chosc, a shainaithint agus a dhíchur.
Airteagal 89
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta uile lena bhféadfar difear a dhéanamh don trádáil in earraí idir na Páirtithe a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.
2. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
sonraíochtaí ceannaigh arna n-ullmhú ag comhlachtaí rialtais le haghaidh ceanglais táirgthe nó tomhaltais de chuid na gcomhlachtaí sin; nó |
(b) |
bearta SPS a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 3 den Teideal seo. |
3. Na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCaibidil seo, tá feidhm acu sa bhreis ar an gCaibidil seo i leith táirgí a thagann faoi raon feidhme na nIarscríbhinní sin. Aon fhoráil le hIarscríbhinn leis an gCaibidil seo go bhfuil caighdeán nó comhlacht nó eagraíocht idirnáisiúnta le meas nó le haithint mar cheann atá ábhartha, ní choiscfear léi caighdeán arna fhorbairt ag aon chomhlacht nó eagraíocht eile a mheas mar chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha de bhun Airteagal 91(4) agus (5).
Airteagal 90
Ceangal leis an gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil
1. Déantar Airteagail 2 go 9 de Chomhaontú TBT agus Iarscríbhinní 1 agus 3 a ghabhann leis a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid de mutatis mutandis.
2. Beidh an bhrí chéanna leis na téarmaí dá dtagraítear sa Chaibidil seo agus atá leo sa Chomhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.
Airteagal 91
Rialacháin theicniúla
1. Déanfaidh gach Páirtí measúnuithe tionchair ar rialacháin theicniúla atá beartaithe i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta faoi seach. Féadfaidh na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear sa mhír seo agus i mír 8 foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí.
2. Déanfaidh gach Páirtí measúnú ar na roghanna malartacha rialála agus neamhrialála atá ar fáil in ionad an rialacháin theicniúil atá beartaithe a d'fhéadfadh cuspóirí dlisteanacha an Pháirtí a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 2.2 den Chomhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.
3. Úsáidfidh gach Páirtí caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha mar bhonn dá rialacháin theicniúla ach amháin i gcás inar féidir leis a léiriú go mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin ina meán neamhéifeachtach nó míchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atáthar a shaothrú a bhaint amach.
4. Na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC), an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) agus an Coimisiún Codex Alimentarius (Codex), is iad sin na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha de réir bhrí Airteagal 2, Airteagal 5 agus Iarscríbhinn 3 de Chomhaontú TBT.
5. Caighdeán arna fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, féadfar a mheas freisin gur caighdeán ábhartha idirnáisiúnta é de réir bhrí Airteagal 2, Airteagal 5 agus Iarscríbhinn 3 de Chomhaontú TBT, ar choinníoll:
(a) |
go bhfuil sé forbartha ag comhlacht caighdeánaithe a dhéanann iarracht comhthoil a bhunú:
|
(b) |
go bhfuil sé forbartha i gcomhréir leis an gCinneadh ón gCoiste EDT maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil i dtaca le Prionsabail chun Caighdeáin, Treoirlínte agus Moltaí Idirnáisiúnta a Fhorbairt i ndáil le hAirteagal 2, Airteagal 5 agus Iarscríbhinn 3 de Chomhaontú TBT (4). |
6. I gcás nach mbaineann Páirtí leas as caighdeáin idirnáisiúnta mar bhonn do rialachán teicniúil, arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, déanfaidh sé aon diall substaintiúil ón gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha a shainaithint, míneoidh sé na cúiseanna ar measadh na caighdeáin sin a bheith neamh-iomchuí nó neamhéifeachtach don chuspóir atá á saothrú, agus soláthróidh sé an fhianaise eolaíoch nó theicniúil ar a bhfuil an measúnú sin bunaithe.
7. Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú ar a rialacháin theicniúla chun a cóineasú na rialachán teicniúil sin le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a mhéadú, agus aird á tabhairt, inter alia, ar aon fhorbairt nua sna caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha nó ar aon athrú ar na himthosca is cúis le héagsúlachtaí ó aon chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha.
8. I gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta faoi seach agus gan dochar do Theideal X den Cheannteideal seo, i gcás ina mbeidh mór-rialachán teicniúil á fhorbairt a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an trádáil, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh nósanna imeachta ann a chuirfidh ar chumas daoine a dtuairimí a chur in iúl trí chomhairliúchán poiblí, ach amháin i gcás ina dtiocfaidh fadhbanna práinneacha chun cinn maidir le sábháilteacht, sláinte, comhshaol nó slándáil náisiúnta nó ina mbeidh baol ann go dtiocfaidh siad chun cinn. Ceadóidh gach Páirtí do dhaoine de chuid an Pháirtí eile páirt a ghlacadh sna chomhairliúchán sin faoi théarmaí nach mbeidh níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag na téarmaí a thabharfar dá náisiúnaigh féin, agus cuirfidh sé torthaí na bpróiseas comhairliúcháin sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 92
Caighdeáin
1. Spreagfaidh gach Páirtí na comhlachtaí um chaighdeánú atá bunaithe ina chríoch, chomh maith leis na comhlachtaí réigiúnacha um chaighdeánú a bhfuil Páirtí nó na comhlachtaí um chaighdeánú atá bunaithe ina chríoch ina gcomhaltaí díobh, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
páirt a ghlacadh, laistigh de theorainneacha a n-acmhainní, in ullmhú caighdeán idirnáisiúnta ag comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú idirnáisiúnta; |
(b) |
caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a úsáid mar bhonn do na caighdeáin a fhorbraíonn siad, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin neamhéifeachtach nó míchuí, mar shampla, de dheasca leibhéal neamhleor cosanta nó tosca bunúsacha aeráide nó geografacha nó de dheasca fadhbanna bunúsacha teicneolaíocha; |
(c) |
dúbláil nó forluí a sheachaint ar obair na gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú; |
(d) |
athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar chaighdeáin náisiúnta agus réigiúnacha nach bhfuil bunaithe ar chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, d'fhonn cóineasú na gcaighdeán sin le caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a mhéadú; |
(e) |
comhoibriú leis na comhlachtaí ábhartha caighdeánaithe de chuid an Pháirtí eile i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú, lena n-áirítear trí chomhar sna comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú nó ar an leibhéal réigiúnach; |
(f) |
comhar déthaobhach le comhlachtaí caighdeánaithe an Pháirtí eile a chothú; agus |
(g) |
faisnéis a mhalartú idir comhlachtaí um chaighdeánú. |
2. Malartóidh na Páirtithe faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
an úsáid a bhaineann siad faoi seach as caighdeáin chun tacú le rialacháin theicniúla; agus |
(b) |
a bpróisis chaighdeánaithe faoi seach, agus an méid úsáide a bhaineann siad as caighdeáin idirnáisiúnta, réigiúnacha nó fhoréigiúnacha mar bhonn dá gcaighdeáin náisiúnta. |
3. I gcás ina mbeidh caighdeáin éigeantach i ndréacht-rialachán teicniúil nó i nós imeachta um measúnú comhréireachta, trí ionchorprú nó trí thagairt, beidh feidhm ag na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 94 agus in Airteagal 2 nó Airteagal 5 de Chomhaontú TBT.
Airteagal 93
Measúnú comhréireachta
1. Beidh feidhm freisin ag Airteagal 91 a bhaineann le rialacháin theicniúla a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, mutatis mutandis.
2. I gcás ina n-éilíonn Páirtí measúnú comhréireachta mar dhearbhú dearfach go bhfuil táirge i gcomhréir le rialachán teicniúil, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú atá comhréireach leis na rioscaí lena mbaineann mar a chinntear ar bhonn measúnú riosca; |
(b) |
an úsáid a bhaintear as dearbhú comhréireachta soláthróra a mheas mar chruthúnas ar chomhlíonadh rialachán teicniúil, i.e. dearbhú comhréireachta arna eisiúint ag an monaróir maidir lena fhreagracht féin amháin agus gan measúnú tríú páirtí éigeantach, mar dhearbhú comhréireachta i measc na roghanna lena léirítear go bhfuil na rialacháin theicniúla á gcomhlíonadh; |
(c) |
i gcás ina n-iarrfaidh an Páirtí eile air é, faisnéis a chur ar fáil maidir leis na critéir a úsáidtear chun na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú le haghaidh táirgí sonracha. |
3. I gcás ina n-éilíonn Páirtí measúnú comhréireachta tríú páirtí mar dhearbhú dearfach go gcomhlíonann táirge rialachán teicniúil agus nach bhfuil an cúram sin tugtha aige d'údarás rialtais mar a shonraítear i mír 4, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
leas a bhaint as creidiúnú, de réir mar is iomchuí, mar mhodh chun inniúlacht theicniúil a léiriú chun comhlachtaí um measúnú comhréireachta a cháiliú. Gan dochar dá cheart ceanglais a bhunú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, aithníonn gach Páirtí an ról luachmhar a d’fhéadfadh a bheith ag creidiúnú a oibrítear le húdarás ón rialtas agus ar bhonn neamhthráchtála i gcáil comhlachtaí um measúnacht chomhréireachta; |
(b) |
caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a úsáid le haghaidh creidiúnaithe agus measúnú comhréireachta; |
(c) |
comhlachtaí creidiúnaithe agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá lonnaithe ar a chríoch a spreagadh chun dul isteach in aon chomhaontú nó socrú idirnáisiúnta feidhmiúil ábhartha maidir le comhchuibhiú nó glacadh le torthaí measúnaithe comhréireachta a éascú; |
(d) |
má tá dhá chomhlacht um measúnú comhréireachta nó níos mó údaraithe ag Páirtí chun nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ar nósanna imeachta iad a bhfuil gá leo chun táirge a chur ar an margadh, a áirithiú go mbeidh rogha ag oibreoirí eacnamaíocha i measc na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmneoidh údaráis Páirtí le haghaidh táirge áirithe nó tacar táirgí; |
(e) |
a áirithiú go bhfuil comhlachtaí um measúnú comhréireachta neamhspleách ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar oibreoirí eacnamaíocha i gcoitinne agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa idir comhlachtaí creidiúnaithe agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta; |
(f) |
cead a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta úsáid a bhaint as fochonraitheoirí chun tástáil nó cigireachtaí a dhéanamh maidir leis an measúnú comhréireachta, lena n-áirítear fochonraitheoirí atá lonnaithe ar chríoch an Pháirtí eile, agus féadfaidh sé a cheangal ar fhochonraitheoirí na ceanglais chéanna a chomhlíonadh nach mór don chomhlacht um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh chun an tástáil nó na cigireachtaí sin a dhéanamh é féin; agus |
(g) |
liosta de na comhlachtaí atá ainmnithe aige chun measúnú comhréireachta den sórt sin a dhéanamh agus an fhaisnéis ábhartha maidir le raon feidhme ainmniúcháin gach comhlachta den sórt sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair. |
4. Ní chuirfidh aon rud san Airteagal seo bac ar Pháirtí a cheangal go ndéanfaidh a údaráis rialtais shonraithe measúnú comhréireachta i ndáil le táirgí sonracha. Má éilíonn Páirtí go ndéanfaidh a údaráis shonracha rialtais measúnú comhréireachta, déanfaidh an Páirtí sin an méid seo a leanas:
(a) |
teorainn a chur leis na táillí a bhaineann le measúnú comhréireachta do neaschostas na seirbhísí a tugadh agus, arna iarraidh sin d'iarratasóir ar mheasúnú comhréireachta, míneoidh sé an chaoi a bhfuil aon táille a fhorchuirfidh sé le haghaidh measúnú comhréireachta den sórt sin teoranta do neaschostas na seirbhísí a rinneadh; agus |
(b) |
na táillí a bhaineann le measúnú comhréireachta a chur ar fáil go poiblí. |
5. D’ainneoin mhíreanna 2 go 4, glacfaidh gach Páirtí le dearbhú comhréireachta ó sholáthróir mar chruthúnas go bhfuil a rialacháin theicniúla á gcomhlíonadh aige sna réimsí táirgí sin ina ndéanann sé amhlaidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
6. Foilseoidh gach Páirtí liosta de na limistéir táirgí dá dtagraítear i mír 5 chun críocha faisnéise agus coinneoidh siad ar bun é in éineacht leis na tagairtí do na rialacháin theicniúla is infheidhme.
7. D'ainneoin mhír 5, féadfaidh ceachtar Páirtí ceanglais a thabhairt isteach maidir le tástáil nó deimhniú éigeantach tríú páirtí le haghaidh na limistéar táirgí dá dtagraítear i mír 5, ar choinníoll go mbeidh bonn cirt leis na ceanglais sin ar fhorais cuspóirí dlisteanacha agus go mbeidh siad comhréireach leis an gcuspóir go mbeadh muinín leordhóthanach ag an bPáirtí allmhairiúcháin go mbeadh táirgí i gcomhréir leis na rialacháin theicniúla nó leis na caighdeáin theicniúla is infheidhme, agus aird á tabhairt ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh.
8. Tabharfaidh Páirtí a bheartaíonn na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 7 a thabhairt isteach fógra don Pháirtí eile go luath sa phróiseas agus cuirfidh sé barúlacha an Pháirtí eile san áireamh agus aon nós imeachta um measúnú comhréireachta den sórt sin á cheapadh aige.
Airteagal 94
Trédhearcacht
1. Ach amháin i gcás ina dtagann fadhbanna práinneacha maidir le sábháilteacht, sláinte, cosaint an chomhshaoil nó slándáil náisiúnta chun cinn nó ina bhfuil bagairt ann go dtiocfaidh siad chun cinn, ceadóidh gach Páirtí don Pháirtí eile barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir le rialacháin theicniúla beartaithe agus nósanna imeachta beartaithe um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra ina leith laistigh de thréimhse 60 lá ar a laghad ón dáta a ndéanfar an fógra maidir le rialacháin nó nósanna imeachta den sórt sin a tharchur chuig Clárlann Lárnach Fógraí EDT. Dearcfaidh Páirtí le hintinn fhabhrach ar iarraidh réasúnach síneadh ama a chur leis an tréimhse tuairime sin.
2. Déanfaidh gach Páirtí an leagan leictreonach den téacs iomlán ar tugadh fógra ina leith a chur ar fáil mar aon leis an bhfógra. I gcás nach bhfuil an téacs ar tugadh fógra ina leith i gceann de theangacha oifigiúla na hEagraíochta Domhanda Trádála, cuirfidh an Páirtí a thugann fógra tuairisc mhionsonraithe chuimsitheach ar fáil maidir le hinneachar an bhirt i bhformáid fógartha EDT.
3. Má fhaigheann Páirtí barúlacha i scríbhinn ón bPáirtí eile maidir lena rialachán teicniúil nó lena nós imeachta um measúnú comhréireachta atá beartaithe, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
má iarrann an Páirtí eile air é, na barúlacha i scríbhinn a phlé le rannpháirtíocht a údaráis rialála inniúil, tráth inar féidir na barúlacha sin a chur san áireamh; agus |
(b) |
freagra a thabhairt i scríbhinn ar na barúlacha tráth nach déanaí ná dáta foilsithe an rialacháin theicniúil nó an nós imeachta um measúnacht chomhréireachta. |
4. Féachfaidh gach Páirtí lena fhreagraí ar na barúlacha a gheobhaidh sé tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tráth nach déanaí ná an dáta a bhfoilseofar an rialachán teicniúil nó an nós imeachta um measúnú comhréireachta a glacadh.
5. Soláthróidh gach Páirtí, arna iarraidh sin don Pháirtí eile, faisnéis maidir leis na cuspóirí atá le haon rialachán teicniúil nó nós imeachta um measúnú comhréireachta atá glactha ag an bPáirtí nó a bhfuil sé beartaithe ag an bPáirtí é a ghlacadh agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an mbunús dlí don rialachán teicniúil nó an nós imeachta um measúnú comhréireachta sin agus maidir leis an réasúnaíocht is bun leis.
6. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na rialacháin theicniúla agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá glactha aige a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain saor in aisce air.
7. Trí aguisín a ghabhann leis an bhfógra bunaidh chuig an EDT, cuirfidh gach Páirtí faisnéis ar fáil maidir le glacadh agus teacht i bhfeidhm rialachán teicniúil nó maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na téacsanna críochnaitheacha arna nglacadh.
8. Fágfaidh gach Páirtí go mbeidh eatramh réasúnach idir foilsiú rialachán teicniúil agus a dteacht i bhfeidhm chun am a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha an Pháirtí eile oiriúnú dóibh. Ciallaíonn ‘eatramh réasúnta’ tréimhse 6 mhí ar a laghad, mura rud é go mbeadh sé sin neamhéifeachtach maidir leis na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú a chomhlíonadh.
9. Dearcfaidh Páirtí le hintinn fhabhrach ar iarraidh réasúnta ón bPáirtí eile, a gheofar roimh dheireadh na tréimhse tuairime a leagtar amach i mír 1 síneadh a chur leis an tréimhse ama idir glacadh an rialacháin theicniúil agus a theacht i bhfeidhm, ach amháin i gcás ina mbeadh an mhoill neamhéifeachtach chun na cuspóirí dlisteanacha a saothraíodh a chomhlíonadh.
10. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh an pointe fiosrúcháin a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil faisnéis agus freagraí i gceann de theangacha oifigiúla EDT a thabhairt ar fhiosrúcháin réasúnacha ón bPáirtí eile nó ó dhaoine leasmhara ón bPáirtí eile maidir le rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a glacadh.
Airteagal 95
Marcáil agus lipéadú
1. D'fhéadfadh ceanglais éigeantacha marcála nó lipéadaithe agus na ceanglais sin amháin a bheith san áireamh le rialacháin theicniúla Páirtí nó d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na ceanglais sin agus ar na ceanglais sin amháin leo. I gcásanna den sórt sin, tá feidhm ag prionsabail Airteagal 2.2 den Chomhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil maidir leis na rialacháin theicniúla sin.
2. I gcás ina n-éileoidh Páirtí go ndéanfar táirgí a mharcáil nó a lipéadú go héigeantach, beidh feidhm ag gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
ní éileoidh sé ach faisnéis atá ábhartha do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí an táirge nó faisnéis lena léirítear comhréireacht an táirge leis na ceanglais theicniúla éigeantacha; |
(b) |
ní éileoidh sé go ndéanfar na lipéid ná na marcanna ar tháirgí a fhormheas, a chlárú ná a dheimhniú roimh ré, ná aon táille a eisíoc, mar réamhchoinníoll chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad a chomhlíonann na ceanglais theicniúla éigeantacha ar shlí eile, ach amháin má tá gá leis sin i bhfianaise cuspóirí dlisteanacha; |
(c) |
i gcás ina n-éileoidh an Páirtí go n-úsáidfidh oibreoirí eacnamaíocha uimhir aitheantais uathúil, eiseoidh sé an uimhir sin d'oibreoirí eacnamaíocha an Pháirtí eile gan moill mhíchuí agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach; |
(d) |
mura mbeidh an fhaisnéis a liostaítear thíos i bpointí (i), (ii) nó (iii) míthreorach, contrárthach nó mearbhlach i ndáil leis an bhfaisnéis a éilíonn an Páirtí allmhairiúcháin maidir leis na hearraí, ceadóidh an Páirtí allmhairiúcháin an méid seo a leanas:
|
(e) |
glacfaidh sé leis go dtarlóidh an lipéadú, lena n-áirítear lipéadú forlíontach nó ceartuithe ar lipéadú, i stóir chustaim nó i limistéir ainmnithe eile sa tír allmhairiúcháin mar rogha ar lipéadú sa tír thionscnaimh mura n-éileofar go ndéanfadh daoine formheasta an lipéadú sin ar chúiseanna sláinte phoiblí nó sábháilteachta; agus |
(f) |
mura rud é go measann sé go bhféadfar an bonn a bhaint de chuspóirí dlisteanacha, déanfaidh sé gach iarracht glacadh le húsáid lipéad neamhbhuan nó neamh-inscartha, nó le húsáid marcála nó lipéadaithe sna doiciméid a ghabhann leis, seachas a cheangal go mbeidh lipéid nó marcáil ceangailte go fisiciúil den táirge. |
Airteagal 96
Comhar maidir le faireachas margaidh agus maidir le sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le comhar maidir le faireachas margaidh, le comhlíontacht agus sábháilteacht táirgí neamhbhia chun trádáil a éascú agus chun tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chosaint, agus an tábhacht a bhaineann le hiontaoibh fhrithpháirteach a fhorbairt bunaithe ar fhaisnéis chomhroinnte.
2. Chun feidhmiú neamhspleách neamhchlaonta an fhaireachais margaidh a ráthú, áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
deighilt feidhmeanna faireachais margaidh ó fheidhmeanna um measúnú comhréireachta; agus |
(b) |
easpa aon leasa a dhéanfadh difear do neamhchlaontacht na n-údarás um fhaireachas rialú nó maoirseacht a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha. |
3. Comhoibreoidh na Páirtithe le chéile agus malartóidh siad faisnéis maidir le sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia, agus d'fhéadfadh an méid seo a leanas, go háirithe, a bheith san áireamh leis sin:
(a) |
gníomhaíochtaí agus bearta faireachais margaidh agus forfheidhmithe; |
(b) |
modhanna measúnaithe riosca agus tástáil táirgí; |
(c) |
aisghairmeacha táirgí comhordaithe nó gníomhaíochtaí comhchosúla eile; |
(d) |
ábhair eolaíocha, teicniúla agus rialála, chun sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia a fheabhsú; |
(e) |
saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhfuil ábharthacht shuntasach sláinte phoiblí agus sábháilteachta ag baint leo; |
(f) |
gníomhaíochtaí a bhaineann le caighdeánú; |
(g) |
malartú oifigeach. |
4. A luaithe is féidir agus, más féidir, laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a seacht ndícheall chun socrú a bhunú in Iarscríbhinn 16 maidir le malartú rialta faisnéise idir an Córas Mear-Rabhaidh um tháirgí neamhbhia (RAPEX), nó a chomharba, agus an bunachar sonraí a bhaineann le faireachas margaidh agus sábháilteacht táirgí a bhunaítear faoi na Rialacháin Ghinearálta maidir le Sábháilteacht Táirgí 2005, nó an bunachar a thiocfaidh ina dhiaidh, maidir le sábháilteacht táirgí neamhbhia agus bearta coisctheacha, sriantacha agus ceartaitheacha gaolmhara.
Leagfar amach sa socrú na módúlachtaí faoina ndéanfar an méid seo a leanas:
(a) |
cuirfidh an tAontas faisnéis roghnaithe ar fáil don Ríocht Aontaithe óna chóras rabhaidh RAPEX, nó óna chomharba, dá dtagraítear i dTreoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, nó a comharba; |
(b) |
go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe faisnéis roghnaithe a sholáthar don Aontas Eorpach óna bunachar sonraí a bhaineann le faireachas margaidh agus sábháilteacht táirgí arna bhunú faoi na Rialacháin Ghinearálta maidir le Sábháilteacht Táirgí 2005, nó ón mbunachar a thiocfaidh ina ionad; agus |
(c) |
cuirfidh na Páirtithe in iúl dá chéile aon ghníomh agus aon bheart leantach a dhéanfar mar fhreagairt ar an bhfaisnéis a mhalartófar. |
5. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta socrú a bhunú in Iarscríbhinn 17 maidir le malartú rialta faisnéise, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú go leictreonach, i dtaca le bearta a dhéanfar maidir le táirgí neamhchomhlíontacha bia, seachas na bearta sin a chumhdaítear le mír 4.
6. Is chun tomhaltóirí, sláinte, sábháilteacht nó an comhshaol a chosaint agus chun na críche sin amháin a úsáidfidh gach Páirtí an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 3, mír 4 agus mír 5.
7. Is mar fhaisnéis rúnda a láimhseálfaidh gach Páirtí an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 3, mír 4 agus mír 5.
8. Sonrófar leis na socruithe dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5 an cineál faisnéise atá le malartú, na rialacha mionsonraithe maidir leis an malartú agus cur i bhfeidhm na rialacha i dtaca le rúndacht agus chun sonraí pearsanta a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta cinntí a ghlacadh chun na socruithe a leagtar amach in Iarscríbhinní 16 agus 17 a chinneadh nó a leasú.
9. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanann údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis forfheidhmithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus bearta a dhéantar i gcomhar le hoibreoirí eacnamaíocha, ar bhonn nósanna imeachta de chuid Páirtí a chuirfidh ar chumas an Pháirtí sin faireachán a dhéanamh nó aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht táirgí agus a gcomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach ina dhlíthe agus ina rialacháin.
10. Maidir le haon bheart a dhéanfaidh a chuid údarás faireachais margaidh nó a údarás forfheidhmiúcháin chun tarraingt siar nó aisghairm óna mhargadh nó chun toirmeasc nó srian a chur ar tháirge a allmhairítear ó chríoch an Pháirtí eile a chur ar fáil ar a mhargadh, áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil sé comhréireach, ar chúiseanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, go luafaidh sé na forais chruinne ar a bhfuil an beart bunaithe agus go gcuirtear in iúl don oibreoir eacnamaíoch ábhartha é gan mhoill.
Airteagal 97
Idirphlé teicniúil
1. Má mheasann Páirtí go bhféadfadh éifeacht shuntasach a bheith ag dréacht nó ag rialachán teicniúil nó nós imeachta um measúnú comhréireachta de chuid an Pháirtí eile ar thrádáil idir na Páirtithe, féadfaidh sé pléití teicniúla ar an ábhar a iarraidh. Déanfar an iarraidh i scríbhinn chuig an bPáirtí eile agus sainaithneofar na nithe seo a leanas inti:
(a) |
an beart atá i gceist; |
(b) |
na forálacha den Chaibidil seo nó d’Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCaibidil seo lena mbaineann na hábhair imní; agus |
(c) |
na cúiseanna atá leis an iarraidh, lena n-áirítear tuairisc ar ábhair imní an Pháirtí iarrthaigh maidir leis an mbeart. |
2. Déanfaidh Páirtí a iarraidh a sheachadadh chuig pointe teagmhála an Pháirtí eile arna ainmniú de bhun Airteagal 99.
3. Ar iarraidh ó cheachtar Páirtí, tiocfaidh na Páirtithe le chéile chun na hábhair imní a ardaítear san iarraidh a phlé, go pearsanta nó trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil, laistigh de 60 lá ó dháta na hiarrata agus féachfaidh siad le teacht ar réiteach a luaithe is féidir. Má chreideann Páirtí iarrthach go bhfuil práinn leis an gcás, féadfaidh sé a iarraidh go mbeidh aon chruinniú ann laistigh de thréimhse ama níos giorra. I gcásanna den sórt sin, dearcfaidh an Páirtí is freagróir le hintinn fhabhrach ar iarraidh den sórt sin.
Airteagal 98
Comhar
1. Comhoibreoidh na Páirtithe i réimse na rialachán teicniúil, na gcaighdeán teicniúil agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, i gcás ina bhfuil sé chun a leasa choitinn, agus gan dochar do neamhspleáchas a n-orduithe cinnteoireachta agus a n-orduithe dlí féin faoi seach. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil tuairimí a mhalartú maidir leis na gníomhaíochtaí comhair a dhéantar faoin Airteagal seo nó faoi na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCaibidil seo.
2. Chun críocha mhír 1, féachfaidh na Páirtithe le gníomhaíochtaí comhair lena mbaineann leas frithpháirteach a shainaithint, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Féadfaidh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí sin leis na nithe seo a leanas go háirithe:
(a) |
malartú faisnéise, taithí agus sonraí a bhaineann le rialacháin theicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta; |
(b) |
idirghníomhaíocht agus comhar éifeachtúil a áirithiú idir a n-údaráis rialála faoi seach ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta; |
(c) |
faisnéis a mhalartú, a mhéid is féidir, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta agus faoi shocruithe idirnáisiúnta maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil a bhfuil páirtí amháin nó an dá Pháirtí iontu; agus |
(d) |
tionscnaimh um éascú trádála a bhunú nó páirt a ghlacadh iontu. |
3. Chun críocha an Airteagail seo agus na forálacha maidir le comhar faoi na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCaibidil seo, gníomhóidh an Coimisiún Eorpach thar ceann an Aontais.
Airteagal 99
Pointí Teagmhála
1. Ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo, ainmneoidh gach Páirtí pointe teagmhála chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme agus tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile faoi shonraí teagmhála an phointe teagmhála, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na hoifigigh ábhartha. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go pras faoi aon athrú ar na sonraí teagmhála sin.
2. Soláthróidh an pointe teagmhála aon fhaisnéis nó aon mhíniú a iarrfaidh pointe teagmhála an Pháirtí eile maidir le cur chun feidhme na Caibidle seo laistigh de thréimhse réasúnta ama agus, más féidir, laistigh de 60 lá ón iarraidh a fháil.
Airteagal 100
An Coiste Speisialaithe Trádála um Bacainní Teicniúla ar Thrádáil
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Bacainní Teicniúla ar Thrádáil cur chun feidhme agus oibriú na Caibidle seo agus a hIarrscríbhinní a mhaoirsiú agus tabharfaidh sé soiléiriú agus aghaidh go pras, más féidir, ar aon saincheist a ardóidh Páirtí a bhaineann le rialacháin agus caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a fhorbairt, a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm faoin gCaibidil seo nó faoin gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.
CAIBIDIL 5
CUSTAM AGUS ÉASCÚ TRÁDÁLA
Airteagal 101
Cuspóir
Is iad seo a leanas cuspóirí na Caibidle seo:
(a) |
an comhar idir na Páirtithe a threisiú i réimse an chustaim agus éascú na trádála agus ardleibhéal cóineasaithe a choinneáil ar bun i dtaca lena reachtaíocht custaim agus lena gcleachtais chustaim d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar leis an reachtaíocht ábhartha agus leis na nósanna imeachta ábhartha, agus le cumas riaracháin na gcóras riaracháin ábhartha chomh maith, na cuspóirí maidir le héascú trádála a chur chun cinn, agus rialuithe custaim éifeachtacha agus forfheidhmiú reachtaíochta custaim agus dlíthe agus rialacháin a bhaineann le trádáil á n-áirithiú ag an am céanna, go ndéanfar slándáil agus sábháilteacht na saoránach a chosaint go hiomchuí chomh maith le toirmisc agus srianta agus leasanna airgeadais na bPáirtithe a urramú; |
(b) |
an comhar riaracháin idir na Páirtithe a threisiú i réimse CBL agus an chúnaimh fhrithpháirtigh i leith éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna; |
(c) |
a áirithiú go bhfuil reachtaíocht gach Páirtí neamh-idirdhealaitheach agus go bhfuil nósanna imeachta custaim bunaithe ar úsáid modhanna nua-aimseartha agus rialuithe éifeachtacha chun an chalaois a chomhrac agus chun trádáil dhlisteanach a chur chun cinn; agus |
(d) |
a áirithiú nach gcuirfear i mbaol ar bhealach ar bith cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí, lena n-áirítear cuspóirí a bhaineann le slándáil, sábháilteacht agus an comhrac i gcoinne na calaoise. |
Airteagal 102
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo agus Iarscríbhinn 18 agus an Prótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus an Prótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
Ciallaíonn ‘Comhaontú ar Chigireacht Réamhloingsithe’ an Comhaontú maidir le Cigireacht Réamhloingsithe, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(b) |
ciallaíonn ‘Coinbhinsiúin ATA agus Iostanbúl’ an Coinbhinsiún Custaim maidir le Carnet ATA um Chead Isteach Sealadach d’Earraí arna dhéanamh sa Bhruiséil an 6 Nollaig 1961 agus Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le Cead Isteach Sealadach arna dhéanamh an 26 Meitheamh 1990; |
(c) |
Ciallaíonn ‘Comhchoinbhinsiún Idirthurais’ Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta coiteann idirthurais; |
(d) |
ciallaíonn ‘Samhail Sonraí Custaim an WCO’ leabharlann na gcomhpháirteanna sonraí agus na dteimpléad leictreonach um shonraí gnó a mhalartú agus caighdeáin idirnáisiúnta a thiomsú maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis a úsáidtear chun éascú rialála agus rialuithe a chur i bhfeidhm sa trádáil dhomhanda, arna foilsiú ó am go ham ag Foireann an Tionscadail a phléann le Samhail Sonraí an WCO; |
(e) |
ciallaíonn ‘reachtaíocht chustaim’ aon fhoráil dhlíthiúil nó rialála is infheidhme i gcríoch ceachtar Páirtí, a rialaíonn teacht/allmhairiú, imeacht/onnmhairiú agus idirthuras earraí agus iad a chur faoi aon chóras nó nós imeachta custaim eile, lena n-áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe; |
(f) |
ciallaíonn ‘faisnéis’ aon sonraí, aon doiciméad, aon íomhá, aon tuarascáil, aon chumarsáid nó aon chóip fhíordheimhnithe, i bhformáid ar bith, lena n-áirítear formáid leictreonach, bíodh siad próiseáilte nó anailísithe nó ná bíodh; |
(g) |
ciallaíonn ‘duine’ aon duine mar a shainmhínítear i bpointe (l) d'Airteagal 512 (5); |
(h) |
ciallaíonn ‘Creat SAFE’ an Creat Caighdeán SAFE chun an Trádáil Dhomhanda a Áirithiú agus a Éascú arna ghlacadh ag Seisiún na hEagraíochta Domhanda Custaim sa Bhruiséil i Meitheamh 2005 agus de réir mar a thugtar cothrom le dáta é ó am go ham; agus |
(i) |
Ciallaíonn ‘Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála um Éascú Trádála’ an Comhaontú ar Éascú Trádála atá i gceangal leis an bPrótacal lena leasaítear Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (cinneadh an 27 Samhain 2014). |
Airteagal 103
Comhar custaim
1. Comhoibreoidh údaráis ábhartha na bPáirtithe maidir le cúrsaí custaim chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 101, agus acmhainní a n-údarás faoi seach á gcur san áireamh. Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le Foirmiúlachtaí i leith Trádáil in Earraí a Shimpliú.
2. Forbróidh na Páirtithe an comhar, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:
(a) |
faisnéis a mhalartú maidir le reachtaíocht custaim, cur chun feidhme na reachtaíochta custaim, agus nósanna imeachta custaim; go háirithe sna réimsí seo a leanas:
|
(b) |
ag obair le chéile ar na gnéithe sin a bhaineann le custam i dtaca leis an slabhra soláthair trádála idirnáisiúnta a dhaingniú agus a éascú i gcomhréir le Creat SAFE; |
(c) |
cuimhneamh ar thionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt a bhaineann le nósanna imeachta um allmhairiú, um onnmhairiú agus um chustam, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, agus a bhaineann le seirbhís éifeachtach a áirithiú don phobal gnó chomh maith; |
(d) |
an comhar eatarthu i réimse an chustaim a neartú in eagraíochtaí idirnáisiúnta cosúil le EDT agus WCO, agus faisnéis a mhalartú agus/nó plé a dhéanamh d’fhonn comhsheasaimh a bhunú, nuair is féidir, sna heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus in UNCTAD, UNECE; |
(e) |
féachaint lena gceanglais sonraí le haghaidh nósanna imeachta um allmhairiú agus um onnmhairiú agus nósanna imeachta eile um chustam a chomhchuibhiú trí chomhchaighdeáin agus comheilimintí sonraí a chur chun feidhme de réir Shamhail Sonraí Custaim WCO; |
(f) |
an comhar eatarthu a neartú maidir le teicnící bainistithe riosca, lena n-áirítear dea-chleachtais a roinnt, agus i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi riosca agus torthaí rialaithe. Féadfaidh na Páirtithe breithniú a dhéanamh freisin, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, ar aitheantas frithpháirteach a thabhairt do theicnící bainistithe riosca, do chaighdeáin riosca agus do rialuithe agus do bhearta slándála custaim; féadfaidh na Páirtithe breithniú a dhéanamh freisin, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, ar chritéir agus caighdeáin chomhoiriúnacha riosca, ar bhearta rialaithe comhoiriúnacha agus ar réimsí rialaithe tosaíochta a fhorbairt; |
(g) |
aitheantas frithpháirteach a bhunú do chláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe chun trádáil a áirithiú agus a éascú; |
(h) |
comhar a chothú idir údaráis chustaim agus údaráis nó gníomhaireachtaí rialtais eile i ndáil le cláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe, ar féidir iad a bhaint amach, inter alia, trí chomhaontú ar na caighdeáin is airde, rochtain ar shochair a éascú agus dúbláil neamhriachtanach a íoslaghdú; |
(i) |
cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú ag údaráis chustaim, lena n-áirítear faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú in oibríochtaí custaim ina ndírítear go háirithe ar chearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú; |
(j) |
nósanna imeachta custaim comhoiriúnacha a choimeád, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta sin a dhéanamh, lena n-áirítear doiciméad riaracháin aonair a chur i bhfeidhm le haghaidh dearbhú custaim; agus |
(k) |
catagóirí áirithe faisnéise i ndáil le custam a mhalartú, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí agus faoi shocruithe a bheidh le comhaontú, idir údaráis chustaim na bPáirtithe trí chumarsáid struchtúrtha agus athfhillteach, chun bainistiú riosca agus éifeachtacht rialuithe custaim a fheabhsú, ag díriú ar earraí atá i mbaol ó thaobh bailiú ioncaim nó sábháilteachta agus slándála de, agus chun trádáil dhlisteanach a éascú; féadfar a áireamh ar mhalartuithe den sórt sin sonraí dearbhaithe onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin maidir le trádáil idir na Páirtithe, agus an fhéidearthacht ann, trí thionscnaimh phíolótacha, forbairt sásraí idir-inoibritheacha a fhiosrú chun dúbailt a sheachaint agus an fhaisnéis sin á cur isteach. Beidh malartuithe faoin bpointe sin gan dochar do mhalartuithe faisnéise a d’fhéadfadh tarlú idir na Páirtithe de bhun an Phrótacail maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim. |
3. Gan dochar d’fhoirmeacha eile comhair a bheartaítear sa Chomhaontú seo, tabharfaidh údaráis chustaim na bPáirtithe cúnamh riaracháin frithpháirteach dá chéile sna hábhair a chumhdaítear leis an gCaibidil seo i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim.
4. Beidh aon mhalartú faisnéise idir na Páirtithe faoin gCaibidil seo faoi réir na rúndachta agus na cosanta faisnéise a leagtar amach in Airteagal 12 den Phrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim, mutatis mutandis, chomh maith le haon cheanglas rúndachta agus phríobháideachais a leagtar amach i reachtaíocht na bPáirtithe.
Airteagal 104
Reachtaíocht agus nósanna imeachta custaim agus reachtaíocht agus nósanna imeachta eile a bhaineann le trádáil
1. Áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas maidir lena bhforálacha agus nósanna imeachta custaim féin:
(a) |
go bhfuil siad comhsheasmhach leis na hionstraimí agus na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme i réimse an chustaim agus na trádála, lena n-áirítear Comhaontú um Éascú Trádála na hEagraíochta Domhanda Trádála, eilimintí substainteacha Choinbhinsiún Athbhreithnithe Kyoto maidir le Nósanna Imeachta Custaim a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, chomh maith leis an gCreat SAFE agus Samhail Sonraí Custaim WCO; |
(b) |
go soláthraítear cosaint agus éascú na trádála dlisteanaí leo agus éabhlóid na gcleachtas trádála á cur san áireamh trí fhorghníomhú éifeachtach, lena n-áirítear i gcás sáruithe ar a dhlíthe agus a rialacháin agus imghabháil dleachta agus smuigleáil agus trína chinntiú go gcomhlíontar ceanglais reachtaíochta; |
(c) |
go bhfuil siad bunaithe ar reachtaíocht atá comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, lena seachnaítear ualaí neamhriachtanacha ar oibreoirí eacnamaíocha, lena ndéantar foráil maidir le héascú breise le haghaidh oibreoirí a bhfuil leibhéil arda comhlíonta acu, lena n-áirítear cóir fhabhrach maidir le rialuithe custaim roimh scaoileadh earraí, agus lena n-áirithítear coimircí i gcoinne calaoise agus gníomhaíochtaí atá aindleathach nó ar féidir díobháil a dhéanamh dóibh agus ardleibhéal cosanta á áirithiú ag an am céanna le haghaidh shlándáil agus shábháilteacht na saoránach chomh maith le hurraim a thabhairt do thoirmisc agus do shrianta agus do leasanna airgeadais na bPáirtithe; agus |
(d) |
go bhfuil rialacha iontu lena gcinntítear go bhfuil aon phionós a fhorchuirtear i leith sáruithe ar rialacháin chustaim nó ar cheanglais nós imeachta comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus nach gcuirfidh cur i bhfeidhm an phionóis moill mhíchuí ar scaoileadh na n-earraí. |
Ba cheart do gach Páirtí athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar a reachtaíocht agus ar a nósanna imeachta custaim. Ba cheart nósanna imeachta custaim a chur i bhfeidhm freisin ar bhealach atá intuartha, comhsheasmhach agus trédhearcach.
2. Chun feabhas a chur ar mhodhanna oibre, agus chun neamh-idirdhealú, trédhearcacht, éifeachtúlacht, sláine agus cuntasacht oibríochtaí a áirithiú, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
ceanglais agus foirmiúlachtaí a shimpliú agus a athbhreithniú aon uair is féidir d’fhonn earraí a scaoileadh agus a imréiteach go tapa; |
(b) |
oibriú i dtreo tuilleadh simplithe agus caighdeánaithe a dhéanamh ar shonraí agus ar dhoiciméadacht a éilíonn gníomhaireachtaí custaim agus gníomhaireachtaí eile; agus |
(c) |
oibriú i dtreo tuilleadh simplithe agus caighdeánaithe a dhéanamh ar shonraí agus ar dhoiciméadacht a theastaíonn ó chustam agus ó ghníomhaireachtaí eile, comhordú idir na gníomhaireachtaí teorann uile a chur chun cinn, laistigh de theorainneacha agus thar theorainneacha araon, chun próisis trasnaithe teorann a éascú agus chun feabhas a chur ar rialú, agus rialuithe comhpháirteacha teorann á gcur san áireamh nuair is indéanta agus is iomchuí. |
Airteagal 105
Scaoileadh earraí
1. Glacfaidh nó cothóidh gach Páirtí nósanna imeachta custaim:
(a) |
lena ndéanfar foráil maidir le scaoileadh pras earraí laistigh de thréimhse nach faide ná mar is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar a dhlíthe agus a rialacháin; |
(b) |
lena ndéanfar foráil maidir le réamhchur isteach agus réamhphróiseáil leictreonach doiciméadachta agus aon fhaisnéis eile is gá sula dtiocfaidh na hearraí isteach, chun gur féidir earraí a scaoileadh go pras ar theacht isteach dóibh, mura mbeidh aon riosca sainaitheanta trí anailís riosca nó mura mbeidh aon seiceálacha amasacha nó seiceálacha eile le déanamh; |
(c) |
lena ndéanfar foráil maidir le, i gcás inarb iomchuí agus má chomhlíontar na coinníollacha is gá, earraí a scaoileadh chun saorchúrsaíochta ag an gcéad phointe teachta; agus |
(d) |
lena bhféadfar earraí a scaoileadh sula gcinnfear go críochnaitheach dleachtanna custaim, cánacha, táillí agus muirir, mura ndéanfar cinneadh den sórt sin roimh theacht, nó ar theacht, nó a luaithe is féidir tar éis teachta agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais rialála eile go léir. |
2. Mar choinníoll leis an scaoileadh sin, féadfaidh gach Páirtí ráthaíocht a éileamh i leith aon mhéid nár cinneadh go fóill i bhfoirm urra, taisce nó ionstraim iomchuí eile dá bhforáiltear ina dhlíthe agus ina rialacháin. Ní bheidh an ráthaíocht sin níos mó ná an méid a theastóidh ón bPáirtí chun a áirithiú go n-íocfar na dleachtanna custaim, cánacha, táillí agus muirir a bheidh dlite sa deireadh as na hearraí a chumhdaítear leis an ráthaíocht. Déanfar an ráthaíocht a urscaoileadh nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh.
3. Áiritheoidh na Páirtithe go gcomhoibreoidh na húdaráis chustaim agus údaráis eile atá freagrach as rialuithe agus nósanna imeachta teorann maidir le hallmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras earraí le chéile agus go ndéanfaidh siad comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí chun trádáil a éascú agus chun dlús a chur le scaoileadh earraí.
Airteagal 106
Nósanna imeachta custaim simplithe
1. Rachaidh gach Páirtí i mbun oibre chun a cheanglais agus a fhoirmiúlachtaí maidir le nósanna imeachta custaim a shimpliú chun an t-am agus na costais a bhaineann leo a laghdú le haghaidh trádálaithe agus oibreoirí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.
2. Glacfaidh gach Páirtí nósanna imeachta, nó coinneoidh sé ar bun iad, lena ligfear do thrádálaithe nó d’oibreoirí a chomhlíonann na critéir a shonraítear ina dhlíthe agus ina rialacháin tairbhe a bhaint as simpliú breise ar nósanna imeachta custaim. Féadfar a áireamh na bearta sin, inter alia, na nithe seo a leanas:
(a) |
dearbhuithe custaim ina bhfuil tacar laghdaithe sonraí nó doiciméid tacaíochta; |
(b) |
dearbhuithe custaim tréimhsiúla maidir le dleachtanna custaim agus cánacha a chumhdaíonn allmhairí iolracha a chinneadh agus a íoc laistigh de thréimhse áirithe, tar éis scaoileadh na n-earraí allmhairithe sin |
(c) |
féinmheasúnú agus íocaíocht iarchurtha dleachtanna custaim agus cánacha go dtí tar éis scaoileadh na n-earraí allmhairithe sin; agus |
(d) |
úsáid ráthaíochta le méid laghdaithe nó tarscaoileadh ón oibleagáid ráthaíocht a sholáthar. |
3. I gcás ina roghnóidh Páirtí ceann de na bearta sin a ghlacadh, déanfaidh sé, i gcás ina meastar gurb iomchuí agus gurb indéanta ag an bPáirtí sin é, agus i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin, na simplithe sin a thairiscint do gach trádálaí a chomhlíonann na critéir ábhartha.
Airteagal 107
Idirthuras agus trasloingsiú
1. Chun críocha Airteagal 20, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí faoi Bhealach.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go n-éascófar agus go ndéanfar rialú éifeachtach ar oibríochtaí trasloingsithe agus ar ghluaiseachtaí idirthurais trína chríoch féin.
3. Déanfaidh gach Páirtí socruithe réigiúnacha idirthurais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme d’fhonn trádáil a éascú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí faoi Bhealach.
4. Áiritheoidh gach Páirtí comhar agus comhordú idir na húdaráis agus na gníomhaireachtaí uile lena mbaineann ina chríoch féin chun an trácht idirthurais a éascú.
5. Earraí atá ceaptha lena n-allmhairiú, laistigh dá chríoch ceadóidh gach Páirtí a n-aistriú faoi rialú custaim ó oifig custaim iontrála go dtí oifig custaim eile ina chríoch óna ndéanfaí na hearraí a scaoileadh nó a imréiteach.
Airteagal 108
Bainistiú riosca
1. Déanfaidh gach Páirtí córas bainistithe riosca maidir le rialuithe custaim a ghlacadh nó a chothabháil d’fhonn dóchúlacht agus tionchar teagmhais a chosc, teagmhas a chuirfeadh cosc ar chur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim, a chuirfeadh as do leas airgeadais na bpáirtithe agus a chuirfeadh slándáil agus sábháilteacht na bPáirtithe agus a gcónaitheoirí, sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó plandaí, an comhshaol nó a thomhaltóirí i mbaol.
2. Beidh rialuithe custaim, seachas seiceálacha amasacha, bunaithe go príomha ar anailís riosca ina mbainfear úsáid as teicnící próiseála sonraí leictreonacha.
3. Déanfaidh gach Páirtí bainistiú riosca a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach go seachnófar idirdhealú treallach nó idirdhealú gan údar, nó srianta faoi cheilt ar an trádáil idirnáisiúnta.
4. Díreoidh gach Páirtí rialuithe custaim agus rialuithe ábhartha eile teorann ar choinsíneachtaí ardriosca agus déanfaidh sé scaoileadh coinsíneachtaí lena mbaineann riosca íseal a bhrostú. Féadfaidh gach Páirtí coinsíneachtaí a roghnú freisin, ar bhonn randamach, le haghaidh rialuithe den sórt sin mar chuid dá bhainistiú riosca.
5. Déanfaidh gach Páirtí bainistiú riosca a bhunú ar mheasúnú riosca trí chritéir iomchuí roghnaíochta.
Airteagal 109
Iniúchadh iar-imréitigh
1. D’fhonn scaoileadh earraí a bhrostú, déanfaidh gach Páirtí iniúchadh iar-imréitigh a ghlacadh nó a chothabháil chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe custaim agus dlíthe gaolmhara agus rialacháin ghaolmhara eile.
2. Roghnóidh gach Páirtí duine nó coinsíneacht le haghaidh iniúchta iar-imréitigh ar mhodh rioscabhunaithe, lena bhféadfaí critéir iomchuí roghnaíochta a chur san áireamh ann. Déanfaidh gach Páirtí iniúchtaí iar-imréitigh ar bhealach trédhearcach. I gcás ina mbeidh baint ag an duine leis an bpróiseas iniúchta agus inar baineadh torthaí dochloíte amach, gan mhoill cuirfidh an Páirtí na torthaí agus a chearta agus a oibleagáidí agus na cúiseanna leis na torthaí in iúl don duine a ndearnadh iniúchadh ar a thaifead.
3. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfar an fhaisnéis a fhaightear san iniúchadh iar-imréitigh a úsáid in imeachtaí breise riaracháin nó breithiúnacha.
4. Bainfidh na Páirtithe úsáid as toradh an iniúchta iar-imréitigh chun críoch bainistithe riosca.
Airteagal 110
Oibreoirí eacnamaíocha údaraithe
1. Coimeádfaidh gach Páirtí clár comhpháirtíochta le haghaidh oibreoirí a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Iarscríbhinn 18.
2. Tabharfaidh na Páirtithe aitheantas dá gcláir faoi seach le haghaidh Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn 18.
Airteagal 111
Faisnéis a fhoilsiú agus a bheith ar fáil
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfoilseofar a reachtaíocht chustaim agus dlíthe agus rialacháin eile a bhaineann le trádáil chomh maith lena nósanna imeachta ginearálta riaracháin agus faisnéis ábhartha lena bhfuil feidhm ghinearálta agus a bhaineann le trádáil agus go mbeidh siad ar fáil go héasca ag aon duine leasmhar ar bhealach sorochtana, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, tríd an Idirlíon.
2. Foilseoidh gach Páirtí reachtaíocht nua agus nósanna imeachta ginearálta a bhaineann le saincheisteanna custaim agus éascaithe trádála go pras chomh luath agus is féidir roimh d’aon reachtaíocht agus nósanna imeachta den sórt sin a theacht i bhfeidhm, chomh maith le hathruithe agus léirithe ar reachtaíocht agus nósanna imeachta den sórt sin. Áireofar an méid seo a leanas san fhoilseachán sin:
(a) |
fógraí iomchuí de chineál riaracháin; |
(b) |
nósanna imeachta maidir le hallmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras (lena n-áirítear nósanna imeachta calafoirt, nósanna imeachta aerfoirt agus nósanna imeachta eile a bhaineann leis an bpointe iontrála) agus na foirmeacha agus doiciméid is gá; |
(c) |
rátaí feidhmeacha dleachtanna agus cánacha de chineál ar bith a fhorchuirtear ar allmhairiú nó onnmhairiú nó i ndáil le hallmhairiú nó onnmhairiú; |
(d) |
táillí agus muirir a fhorchuireann gníomhaireachtaí rialtais, nó a fhorchuirtear ar a son, ar allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras nó i ndáil le hallmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras; |
(e) |
rialacha chun táirgí a aicmiú nó a luacháil chun críoch custaim; |
(f) |
dlíthe, rialacháin agus rialuithe riaracháin ag a bhfuil feidhm ghinearálta a bhaineann le rialacha tionscnaimh; |
(g) |
srianta nó toirmisc ar allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras; |
(h) |
forálacha pionóis i gcoinne sáruithe ar fhoirmiúlachtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin nó idirthurais; |
(i) |
nósanna imeachta achomhairc; |
(j) |
comhaontuithe nó codanna díobh le haon tír nó tíortha a bhaineann le hallmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras; |
(k) |
nósanna imeachta a bhaineann le riaradh cuótaí taraife; |
(l) |
uaireanta oibriúcháin agus nósanna imeachta oibriúcháin le haghaidh oifigí custaim ag calafoirt agus ag pointí trasnaithe teorann; agus |
(m) |
pointí teagmhála le haghaidh fiosruithe faisnéise. |
3. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh tréimhse ama réasúnach ann idir foilsiú reachtaíochta, nósanna imeachta agus táillí nó muirear atá nua nó leasaithe agus a dteacht i bhfeidhm.
4. Cuirfidh gach Páirtí an méid seo a leanas ar fáil tríd an idirlíon:
(a) |
tuairisc ar a nósanna imeachta maidir le hallmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras, lena n-áirítear nósanna imeachta achomhairc, faisnéis a thabhairt faoi na céimeanna praiticiúla is gá chun allmhairiú agus onnmhairiú a dhéanamh, agus le haghaidh idirthurais; |
(b) |
na foirmeacha agus doiciméid is gá le haghaidh allmhairiú go críoch an Pháirtí sin nó onnmhairiú as nó idirthuras a dhéanamh tríd; agus |
(c) |
faisnéis teagmhála maidir le pointí fiosrúcháin. |
Áiritheoidh gach páirtí go gcoinneofar na tuairiscí, na foirmeacha, na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) cothrom le dáta.
5. Déanfaidh gach Páirtí pointe fiosrúcháin amháin nó níos mó a bhunú nó a choinneáil ar bun chun freagra a thabhairt laistigh de thréimhse ama réasúnach ar fhiosrúcháin ó rialtais, ó thrádálaithe agus ó pháirtithe leasmhara eile maidir le custam agus le hábhair eile a bhaineann le trádáil. Ní éileoidh na Páirtithe go n-íocfar táille chun fiosrúcháin a fhreagairt.
Airteagal 112
Réamhrialuithe
1. Déanfaidh gach Páirtí, trína údaráis chustaim, réamhrialuithe a eisiúint ar iarratas ó oibreoirí eacnamaíocha ina leagfar amach an chóir atá le cur ar na hearraí lena mbaineann. Déanfar rialuithe den sórt sin a eisiúint i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach faoi cheangal ama agus beidh gach faisnéis is gá iontu i gcomhréir le reachtaíocht an Pháirtí eisiúna.
2. Beidh réamhrialuithe bailí ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad ó dháta tosaigh a mbailíochta mura rud é nach bhfuil an cinneadh sa rialú i gcomhréir leis an dlí a thuilleadh nó go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais nó ar na himthosca a thacaíonn leis an rialú bunaidh.
3. Féadfaidh Páirtí diúltú réamhrialú a eisiúint má tá an cheist a ardaítear san iarratas faoi réir athbhreithnithe riaracháin nó bhreithiúnaigh, nó mura mbaineann an t-iarratas le haon úsáid a bheartaítear a bhaint as an réamhrialú nó le haon úsáid a bheartaítear a bhaint as nós imeachta custaim. Má dhiúltaíonn Páirtí réamhrialú a eisiúint, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don iarratasóir go pras, ina leagfar amach na fíorais ábhartha agus an bunús lena chinneadh.
4. Foilseoidh gach Páirtí, ar a laghad:
(a) |
na ceanglais chun iarratas a dhéanamh ar réamhrialú, lena n-áirítear an fhaisnéis atá le soláthar agus an fhormáid; |
(b) |
an tréimhse ama faoina n-eiseoidh sé réamhrialú; agus |
(c) |
an fad ama a bhfuil an réamhrialú bailí lena linn. |
5. Má dhéanann Páirtí réamhrialú a chúlghairm, a mhodhnú, a chur ó bhail nó a neamhniú, cuirfidh sé fógra i scríbhinn ar fáil don iarratasóir ina leagfar amach na fíorais iomchuí agus an bunús lena chinneadh. Ní féidir leis an bPáirtí réamhrialú le héifeacht chúlghabhálach a chúlghairm, a mhodhnú, a chur ó bhail ná a neamhniú mura raibh an rialú bunaithe ar fhaisnéis a bhí neamhiomlán, mícheart, bréagach nó míthreorach.
6. Beidh réamhrialú arna eisiúint ag Páirtí ina cheangal ar an bPáirtí sin i leith an iarratasóra a d’iarr é. Féadfaidh an Páirtí foráil a dhéanamh go mbeidh an réamhrialú ina cheangal ar an iarratasóir.
7. Déanfaidh gach Páirtí, ar iarraidh i scríbhinn ón sealbhóir, athbhreithniú ar an réamhrialú nó ar an gcinneadh réamhrialú a chúlghairm, a mhodhnú nó a chur ó bhail a chur ar fáil.
8. Déanfaidh gach Páirtí faisnéis maidir le réamhrialuithe a chur ar fáil go poiblí, agus an gá atá le faisnéis phearsanta agus faisnéis rúnda tráchtála a chosaint á chur san áireamh.
9. Eiseofar réamhrialuithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
rangú earraí de réir taraife; |
(b) |
tionscnamh earraí; agus |
(c) |
aon ní eile ar a gcomhaontóidh na Páirtithe. |
Airteagal 113
Bróicéirí custaim
Comhaontaíonn na Páirtithe nach n-éileoidh a bhforálacha agus a nósanna imeachta custaim ar leith úsáid shainordaitheach bróicéirí custaim (nó gníomhaire eile). Tabharfaidh gach Páirtí fógra maidir le húsáid bróicéirí custaim agus foilseoidh sé a bhearta maidir le húsáid bróicéirí custaim. Cuirfidh gach Páirtí rialacha trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha i bhfeidhm má dhéanann siad bróicéirí custaim a cheadúnú agus nuair a dhéanfaidh siad iad a cheadúnú.
Airteagal 114
Cigireachtaí réamhsheolta
Ní éileoidh na Páirtithe go ndéanfar cigireachtaí réamhsheolta sainordaitheacha faoi mar a shainmhínítear iad i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Cigireacht Réamhsheolta, ná aon ghníomhaíocht chigireachta eile a dhéanann cuideachtaí príobháideacha ag an gceann scríbe roimh imréiteach custaim.
Airteagal 115
Athbhreithniú agus achomharc
1. Cuirfidh gach Páirtí nósanna imeachta éifeachtacha, prasa, neamh-idirdhealaitheacha ar fáil a mbeidh rochtain éasca orthu chun an ceart achomhairc a ráthú in aghaidh gníomhaíochtaí riaracháin, rialuithe agus cinntí de chuid údaráis chustaim nó údaráis inniúla eile a dhéanann difear d’allmhairiú nó d’onnmhairiú earraí nó d’earraí faoi bhealach.
2. Folóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
achomharc riaracháin chuig údarás riaracháin níos airde ná an t-oifigeach nó an oifig a d’eisigh an cinneadh nó athbhreithniú de chuid údarás riaracháin dá leithéid; agus |
(b) |
achomharc breithiúnach nó athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh. |
3. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás nach dtabharfar an cinneadh ar achomharc nó ar athbhreithniú faoi fhomhír 2 (a) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear ina dhlíthe agus ina rialacháin nó gan moill mhíchuí, go mbeidh sé de cheart ag an achainíoch achomharc breise riaracháin nó breithiúnach a dhéanamh chuig an údarás breithiúnach i gcomhréir le reachtaíocht na bPáirtithe, nó cur isteach ar athbhreithniú riaracháin nó breithiúnach breise, nó dul ar iontaoibh leis ar bhealach ar bith eile.
4. Cinnteoidh gach Páirtí go dtabharfar na cúiseanna leis an gcinneadh riaracháin don achainíoch chun go gcuirfear ar chumas an duine sin dul ar iontaoibh nósanna imeachta achomhairc nó athbhreithniúcháin i gcás inar ghá.
Airteagal 116
An caidreamh leis an bpobal gnó
1. Déanfaidh gach Páirtí comhairliúcháin thráthúla rialta le hionadaithe trádála maidir le tograí reachtacha agus nósanna imeachta ginearálta a bhaineann le saincheisteanna custaim agus éascaithe trádála. Chun na críche sin, cuirfidh gach Páirtí comhairliúchán iomchuí ar bun idir lucht riaracháin agus an pobal gnó;
2. Áiritheoidh gach Páirtí go leanfar leis na ceanglais agus nósanna imeachta custaim agus na ceanglais agus nósanna imeachta gaolmhara dá gcuid, de fhreastal ar riachtanais an chomhphobail trádála, de na cleachtais is fearr a leanúint, agus de shrianta a sheachaint ó thaobh na trádála de a mhéid is féidir.
Airteagal 117
Cead isteach sealadach
1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn an téarma ‘cead isteach sealadach’ an nós imeachta custaim faoinar féidir earraí áirithe, lena n-áirítear modhanna iompair, a thabhairt isteach i gcríoch chustaim le faoiseamh coinníollach ó dhleachtanna agus cánacha ar allmhairí a íoc agus gan toirmisc nó srianta ar allmhairí de chineál eacnamaíoch a chur i bhfeidhm, ar an gcoinníoll go n-allmhairítear na hearraí chun críocha sonraithe agus go bhfuil siad beartaithe lena n-athonnmhairiú laistigh de thréimhse shonraithe gan aon athrú a bheith déanta orthu seachas gnáth-dhíluachadh mar gheall ar úsáid na n-earraí sin.
2. Déanfaidh gach Páirtí cead isteach sealadach a dheonú, mar a fhoráiltear ina dhlíthe agus ina rialacháin, maidir leis na hearraí seo a leanas, cead lena mbaineann faoiseamh coinníollach iomlán ó dhleachtanna agus ó chánacha ar allmhairí agus atá gan srianta nó toirmisc de chineál eacnamaíoch ar allmhairí:
(a) |
earraí atá le cur ar taispeáint nó le húsáid ag taispeántais, ag aontaí, ag cruinnithe nó ag imeachtaí comhchosúla (earraí atá ceaptha lena gcur ar taispeáint nó lena dtaispeáint ag imeacht; táirgí a bheartaítear a úsáid i ndáil le táirgí eachtrannacha a chur ar taispeáint ag imeacht; trealamh lena n-áirítear trealamh ateangaireachta, gaireas taifeadta fuaime agus íomhá agus scannáin de chineál oideachasúil, eolaíoch nó cultúrtha atá beartaithe lena úsáid ag cruinnithe, comhdhálacha nó comhdhálacha idirnáisiúnta); táirgí a fhaightear go teagmhasach i rith an imeachta ó earraí a allmhairítear go sealadach, de thoradh innealra nó gaireas ar taispeáint a thaispeáint; |
(b) |
trealamh gairmiúil (trealamh le haghaidh na meán, le haghaidh craoltóireacht fuaime nó teilifíse, atá ag teastáil ó ionadaithe ó na meáin, ó eagraíochtaí craoltóireachta nó teilifíse atá ar cuairt chuig críoch tíre eile chun críoch tuairiscithe, chun ábhar a tharchur nó a thaifeadadh le haghaidh cláir shonraithe; trealamh cineamatagrafach atá ag teastáil ó dhuine atá ar cuairt chuig críoch tíre eile chun scannáin shonraithe a dhéanamh; aon trealamh eile atá ag teastáil chun post, ceird nó gairm duine atá ar cuairt chuig críoch tíre eile chun tasc sonraithe a dhéanamh a dhéanamh, a mhéid nach n-úsáidfear é chun earraí a mhonarú ná a phacáistiú go tionsclaíoch nó (ach amháin i gcás uirlisí láimhe) chun acmhainní nádúrtha a shaothrú, chun foirgnimh a thógáil, a dheisiú ná a chothabháil nó chun cré a chartadh nó le haghaidh tionscadail ghaolmhara; gaireas coimhdeach le haghaidh an trealaimh thuasluaite, agus gabhálais lena n-aghaidh); comhpháirteanna arna n-allmhairiú chun trealamh gairmiúil a ceadaíodh isteach go sealadach a dheisiú; |
(c) |
earraí arna n-allmhairiú i ndáil le hoibríocht tráchtála ach nach oibríocht tráchtála a n-allmhairiú ann féin (pacáistí arna n-allmhairiú líonta lena n-athonnmhairiú agus iad folamh nó líonta, nó arna n-allmhairiú folamh lena n-athonnmhairiú agus iad líonta; coimeádáin, bídís líonta le hearraí nó ná bíodh, agus gabhálais agus trealamh le haghaidh coimeádáin arna gceadú isteach go sealadach, a allmhairítear le coimeádán atá le hathonnmhairiú leis féin nó le coimeádán eile, nó a allmhairítear leis féin agus atá le hathonnmhairiú le coimeádán agus comhpháirteanna lenar beartaíodh coimeádáin a dheisiú ar tugadh cead isteach sealadach dóibh; pilléid; samplaí; scannáin fógraíochta; earraí eile arna n-allmhairiú i dtaca le hoibríocht tráchtála); |
(d) |
earraí arna n-allmhairiú i ndáil le hoibríocht mhonaraíochta (maitrísí, bloic, plátaí, múnlaí, líníochtaí, pleananna, samhlacha agus earraí cosúla eile; ionstraimí tomhais, rialaithe agus seiceála agus earraí cosúla eile; uirlisí agus ionstraimí speisialta, arna n-allmhairiú lena n-úsáid le linn próiseas monaraíochta); tosca táirgeachta athsholáthair (ionstraimí, gaireas agus meaisíní arna gcur ar fáil don chustaiméir ag soláthróir nó deisitheoir, go dtí go ndéanfar earraí cosúla a sheachadadh nó a dheisiú); |
(e) |
earraí arna n-allmhairiú go heisiach chun críoch oideachais, eolaíochta nó cultúir (trealamh eolaíoch, ábhar oideolaíoch, ábhar leasa do mharaithe, agus aon earraí eile arna n-allmhairiú i dtaca le gníomhaíochtaí oideachais, eolaíochta nó cultúir); páirteanna breise le haghaidh trealamh eolaíoch agus ábhar oideolaíoch ar tugadh cead isteach sealadach dóibh; uirlisí arna saindearadh chun trealamh den sórt sin a chothabháil, a sheiceáil, a thomhais nó a dheisiú; |
(f) |
earraí pearsanta (gach earra, nua nó úsáidte, a theastóidh le réasún ó thaistealaí don úsáid phearsanta le linn an turais, agus imthosca uile an turais á gcur san áireamh, ach gan aon earraí arna n-allmhairiú chun críoch tráchtála a chur san áireamh); earraí arna n-allmhairiú chun críoch spóirt (riachtanais spóirt agus earraí eile a d’úsáidfeadh taistealaithe i gcomórtais nó taispeántais spóirt nó le haghaidh oiliúna i gcríoch ina bhfuil cead isteach sealadach acu); |
(g) |
ábhar poiblíochta turasóireachta (earraí arna n-allmhairiú chun an pobal a spreagadh le cuairt a thabhairt ar thír iasachta eile, go háirithe chun freastal ar chruinnithe cultúrtha, reiligiúnacha, turasóireachta, spóirt nó gairmiúla nó ar thaispeántais a thionólfar ann); |
(h) |
earraí arna n-allmhairiú chun críoch daonnúil (trealamh míochaine, máinliachta agus saotharlainne agus coinsíneachtaí fóirithinte, cosúil le feithiclí agus córacha eile iompair, pluideanna, pubaill, tithe réamhdhéanta nó earraí eile príomhriachtanais, arna gcur ar aghaidh mar chabhair chucu siúd a ndearna tubaiste nádúrtha agus tubaistí cosúla difear dóibh); agus |
(i) |
ainmhithe arna n-allmhairiú chun críoch sonrach (dreasáiste, traenáil, pórú, crú nó meá, cóir thréidliachta, tástáil (mar shampla, d'fhonn iad a cheannach), páirt a ghlacadh i seónna, i dtaispeántais, i gcomórtais, i gcoimhlintí nó i léiriúcháin, siamsaíocht (ainmhithe sorcais, etc.), camchuairt (lena n-áirítear peataí taistealaithe), feidhmiú feidhme (madraí nó capaill na bpóilíní; madraí brathadóireachta, madraí le haghaidh na ndall, etc.), oibríochtaí tarrthála, buailteachas nó innilt, feidhmíocht oibre nó iompair, chun críoch míochaine (nimh nathrach a sheachadadh, etc.). |
3. Maidir le cead isteach sealadach na n-earraí dá dtagraítear i mír 2 agus gan beann ar a dtionscnamh, glacfaidh gach Páirtí le carnets Cead Isteach Sealadach (ATA) agus Coinbhinsiúin Iostanbúl arna n-eisiúint sa Pháirtí eile, arna bhformhuiniú ann agus arna ráthú ag comhlachas atá ina chuid den slabhra ráthaíochta idirnáisiúnta, arna ndeimhniú ag na húdaráis inniúla agus atá bailí i gcríoch chustaim an Pháirtí allmhairiúcháin.
Airteagal 118
Ionad ilfhreastail
Féachfaidh na Páirtithe le córais a bhunú maidir le hionaid ilfhreastail, lena gcuirfear ar a gcumas do thrádálaithe doiciméadacht agus/nó ceanglais maidir le sonraí le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí trí phointe iontrála aonair a chur isteach chuig na húdaráis nó na gníomhaireachtaí rannpháirteacha.
Airteagal 119
Trácht rolladh ann-rolladh as a éascú
1. Mar aitheantas ar líon ard na n-aistear farraige agus, go háirithe, ar an líon ard tráchta rolladh ann-rolladh as idir a gcríocha custaim faoi seach, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile chun an trácht sin a éascú chomh maith le modhanna malartacha eile tráchta
2. Aithníonn na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
ceart gach Páirtí foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta custaim lena n-éascaítear an trádáil a ghlacadh maidir leis an trácht idir na Páirtithe sin laistigh dá gcreataí dlíthiúla faoi seach, agus |
(b) |
ceart na gcalafort, na n-údarás calafoirt agus na n-oibreoirí gníomhú, laistigh de dhlíchórais a bPáirtithe faoi seach, i gcomhréir lena rialacha agus lena samhlacha oibriúcháin agus gnó. |
3. Chuige sin, déanfaidh na Páirtithe na nithe seo a leanas:
(a) |
déanfaidh siad nósanna imeachta a ghlacadh nó a chothabháil lenar féidir doiciméadacht allmhairiúcháin agus faisnéis eile is gá, lena n-áirítear liostaí, a thíolacadh chun tús a chur le próiseáil sula dtiocfaidh earraí isteach d’fhonn scaoileadh earraí a bhrostú ar theacht isteach dóibh; agus |
(b) |
gealltanas a thabhairt úsáid an nós imeachta idirthurais ag oibreoirí a éascú, lena n-áirítear simplithe ar an nós imeachta idirthurais dá bhforáiltear faoin gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí Faoi Bhealach. |
4. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar a spreagadh idir a n-údaráis chustaim faoi seach maidir le bealaí déthaobhacha aistir farraige, agus faisnéis a mhalartú maidir le feidhmiú na gcalafort a láimhseálann trácht eatarthu agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme. Cuirfidh siad faisnéis ó oibreoirí ar fáil go poiblí agus chun cinn maidir leis na bearta atá i bhfeidhm acu agus faoi na próisis atá bunaithe ag calafoirt chun an trácht sin a éascú.
Airteagal 120
Comhar riaracháin maidir le CBL agus cúnamh frithpháirteach i ndáil le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú
Oibreoidh údaráis inniúla na bPáirtithe i gcomhar le chéile chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht CBL agus chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú.
Airteagal 121
An Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh
1. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh an méid seo a leanas:
(a) |
comhairliúcháin thráthrialta a chur ar bun; agus |
(b) |
i ndáil leis an athbhreithniú ar fhorálacha Iarscríbhinn 18:
|
2. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh cinntí nó moltaí a ghlacadh:
(a) |
maidir le malartú faisnéise a bhaineann le custam, maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do theicnící bainistithe riosca, caighdeáin agus rialuithe riosca, bearta slándála custaim, maidir le réamhrialuithe, maidir le cur chuige coiteann i leith luachála custaim, agus maidir le saincheisteanna eile a bhaineann le cur chun feidhme na Caibidle seo; |
(b) |
maidir leis na socruithe a bhaineann le malartú uathoibríoch faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 10 den Phrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim, agus maidir le saincheisteanna eile a bhaineann leis an bPrótacal sin a chur chun feidhme; |
(c) |
maidir le haon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme Iarscríbhinn 18; agus |
(d) |
maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh an chomhairliúcháin a bhunaítear le hAirteagal 63 agus maidir le haon ábhar teicniúil nó riaracháin a bhaineann le Caibidil 2 den Teideal sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le nótaí léiritheacha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go riarfar go haonfhoirmeach na rialacha tionscnaimh. |
Airteagal 122
Leasuithe
1. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta:
(a) |
Iarscríbhinn 18, an Prótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus an liosta earraí a leagtar amach in Airteagal 117(2); agus |
(b) |
an Prótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú. |
2. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhar Riaracháin i CBL agus gnóthú cánacha agus dleachtanna an luach a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 33 (4) den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus i ndáil le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú.
TEIDEAL II
SEIRBHÍSÍ AGUS INFHEISTÍOCHT
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 123
Cuspóir agus raon feidhme
1. Dearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad timpeallacht fhabhrach a bhunú d’fhorbairt na trádála agus na hinfheistíochta eatarthu.
2. Athdheimhníonn na Páirtithe an ceart chun rialú a dhéanamh laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach, mar shampla sláinte phoiblí; seirbhísí sóisialta; oideachas poiblí; sábháilteacht; an comhshaol lena n-áirítear an t-athrú aeráide; agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint; cosaint shóisialta nó tomhaltóirí; príobháideachas; agus cosaint sonraí nó éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint.
3. Níl feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta a dhéanann difear do dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar mhargadh fostaíochta an Pháirtí eile ná maidir le bearta a bhaineann le náisiúntacht, saoránacht, cónaí nó fostaíocht ar bhonn buan.
4. Leis an Teideal seo ní chuirfear cosc ar Pháirtí maidir le bearta a chur i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar theacht isteach daoine nádúrtha ina chríoch ná ar a bhfanacht sealadach ann, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun sláine a theorainneacha a chosaint agus chun gluaiseacht ordúil daoine nádúrtha trasna a theorainneacha a áirithiú, ar choinníoll nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach lena ndéanfar neamhniú nó lagú ar na sochair a fhabhraíonn don Pháirtí eile faoi théarmaí an Teidil seo. An fíoras go gceanglaítear víosa a bheith ag daoine nádúrtha de chuid tíortha áirithe agus nach gceanglaítear víosa a bheith ag daoine nádúrtha de chuid tíortha eile, ní fhéachfar air ann féin mar chúis le neamhniú nó lagú a dhéanamh ar shochair faoin Teideal seo.
5. Níl feidhm ag an Teideal seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
aersheirbhísí aeir nó seirbhísí gaolmhara mar thaca le haersheirbhísí (6), seachas:
|
(b) |
seirbhísí closamhairc; |
(c) |
cabatáiste muirí náisiúnta (7); agus |
(d) |
iompar uiscebhealaigh intíre. |
6. Níl feidhm ag an Teideal seo maidir le haon bheart de chuid Páirtí maidir le soláthar poiblí earra nó seirbhíse a cheannaítear chun críoch rialtais agus nach gceannaítear ar mhaithe lena n-athdhíol tráchtála nó ar mhaithe lena n-úsáid chun earra nó seirbhís a sholáthar lena ndíol in idirbheart tráchtála, beag beann ar cé acu is ‘soláthar cumhdaithe’ é an soláthar sin nó nach ea de réir bhrí Airteagal 277.
7. Seachas Airteagal 132, níl feidhm ag an Teideal seo maidir le fóirdheontais ná deontais arna soláthar ag na Páirtithe, lena n-áirítear iasachtaí, ráthaíochtaí agus árachas lena dtacaíonn an rialtas.
Airteagal 124
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí a dhéantar agus údarás rialtasach á fheidhmiú’ gníomhaíochtaí, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraítear, nach ndéantar ar bhonn tráchtála ná in iomaíocht le hoibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó (8); |
(b) |
ciallaíonn ‘seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála aerárthaigh’ na gníomhaíochtaí sin arna ndéanamh le haerárthach nó le cuid de le linn dó a bheith tarraingthe siar ó sheirbhís, agus ní áirítear leo an ní ar a dtugtar gnáthchothabháil; |
(c) |
ciallaíonn ‘seirbhísí córais áirithinte ar ríomhaire’ seirbhís a sholáthraítear le córais ríomhairithe ina bhfuil faisnéis faoi sceidil, infhaighteacht, táillí agus rialacha táillí aeriompróirí, ar córais iad trínar féidir áirithintí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint; |
(d) |
ciallaíonn ‘fiontar cumhdaithe’ fiontar i gcríoch Páirtí a bhunaíonn infheisteoir de chuid an Pháirtí eile i gcomhréir le pointe (h), de réir an dlí is infheidhme, ar ann dó cheana ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó arna bhunú ina dhiaidh sin; |
(e) |
ciallaíonn ‘trádáil trasteorann i seirbhísí’ seirbhís a sholáthraítear:
|
(f) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch’ aon ghníomhaíocht de chineál tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil nó gníomhaíochtaí aos ceirde, lena n-áirítear soláthar seirbhísí, ach amháin gníomhaíochtaí a dhéantar agus údarás rialtasach á fheidhmiú; |
(g) |
ciallaíonn ‘fiontar’ duine dlítheanach nó brainse nó oifig ionadaíoch duine dhlítheanaigh; |
(h) |
ciallaíonn ‘bunaíocht’ duine dlítheanach a bhunú nó a fháil, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht chaipitil, nó brainse nó oifig ionadaíoch a chruthú i gcríoch Páirtí, d’fhonn naisc eacnamaíocha mharthanacha a chruthú nó a chothabháil; |
(i) |
ciallaíonn ‘seirbhísí láimhseála ar an talamh’ na seirbhísí seo a leanas a chuirtear ar fáil ag aerfort ar bhonn táille nó conartha: ionadaíocht, riarachán agus maoirseacht aeriompróra; láimhseáil paisinéirí; láimhseáil bagáiste; seirbhísí rampa; lónadóireacht; láimhseáil aerlasta agus poist; breoslú aerárthaigh; seirbhísiú agus glanadh aerárthaigh; iompar ar an dromchla; oibríochtaí eitilte, riar foirne agus pleanáil eitilte; ní áirítear na seirbhísí seo a leanas le seirbhísí láimhseála ar an talamh: féinseirbhís láimhseála; slándáil; deisiú agus cothabháil aerárthaigh; nó bonneagar láraithe aerfoirt atá fíor-riachtanach a bhainistiú nó a oibriú, mar shampla saoráidí dí-oighrithe, córais dáilte breosla, córais láimhseála bagáiste agus córais iompair fhosaithe laistigh den aerfort; |
(j) |
ciallaíonn ‘infheisteoir de chuid Páirtí’ duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid Páirtí a fhéachann le fiontar a bhunú, a bhfuil fiontar á bhunú aige nó a bhunaigh fiontar i gcomhréir le pointe (h) i gcríoch an Pháirtí eile; |
(k) |
ciallaíonn ‘duine dlítheanach de chuid Páirtí’ (9):
|
(l) |
ciallaíonn ‘oibriú’ seoladh, bainistiú, cothabháil, úsáid, teachtadh, nó díol nó cineál eile diúscartha fiontair; |
(m) |
ciallaíonn 'cáilíochtaí gairmiúla’ cáilíochtaí arna bhfianú le fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil, taithí ghairmiúil, nó fianú inniúlachta eile; |
(n) |
ciallaíonn ‘díol agus margaíocht seirbhísí aeriompair’ na deiseanna atá ag an aeriompróir lena mbaineann a chuid seirbhísí aeriompair a dhíol agus a mhargú faoi shaoirse, lena n-áirítear gach gné den mhargaíocht, cosúil le taighde margaidh, fógraíocht agus dáileadh, ach ní áirítear leo praghsáil seirbhísí aeriompair ná na coinníollacha is infheidhme; |
(o) |
ciallaíonn ‘seirbhís’ aon seirbhís in aon earnáil seachas seirbhísí a sholáthraítear i bhfeidhmiú údaráis rialtais; |
(p) |
ciallaíonn ‘seirbhísí arna soláthar le linn údarás rialtais a fheidhmiú’ aon seirbhís nach soláthraítear ar bhonn tráchtála ná san iomaíocht le soláthraí seirbhíse amháin nó níos mó; |
(q) |
ciallaíonn ‘soláthróir seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhéachann le seirbhís a sholáthar nó a sholáthraíonn seirbhís; |
(r) |
ciallaíonn ‘soláthróir seirbhíse de chuid Páirtí’ duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid Páirtí a fhéachann le seirbhís a sholáthar nó a sholáthraíonn seirbhís. |
Airteagal 125
Diúltú sochar
1. Féadfaidh Páirtí sochair an Teidil seo agus Teideal IV a dhiúltú d’infheisteoir nó do sholáthróir seirbhíse de chuid an Pháirtí eile, nó d’fhiontar cumhdaithe, má ghlacann nó má chothaíonn an Páirtí diúltaithe bearta a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chothabháil, lena n-áirítear cearta an duine a chosaint, ar bearta iad:
(a) |
lena ndéantar idirbhearta leis an infheisteoir, leis an soláthróir seirbhíse nó leis an bhfiontar cumhdaithe sin a thoirmeasc, nó |
(b) |
a shárófaí nó a rachfaí timpeall orthu i gcás inar tugadh sochair an Teidil seo agus Theideal IV den Cheannteideal seo don infheisteoir, don soláthróir seirbhíse nó don fhiontar cumhdaithe sin, lena n-áirítear i gcás ina dtoirmisctear leis na bearta idirbhearta le duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis aon cheann acu nó a bhfuil aon cheann acu faoina rialú. |
2. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá mír 1 infheidhme maidir le Teideal IV den Cheannteideal seo a mhéid a bhaineann sé le seirbhísí nó infheistíocht a bhfuil tairbhí an Teidil seo diúltaithe ag Páirtí ina leith.
Airteagal 126
Athbhreithniú
1. D'fhonn feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar fhorálacha an Teidil seo a thabhairt isteach, agus i gcomhréir lena ngealltanais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, athbhreithneoidh na Páirtithe a gcreat dlíthiúil a bhaineann le trádáil i seirbhísí agus in infheistíocht, lena n-áirítear an Comhaontú seo, i gcomhréir le hAirteagal 776.
2. Déanfaidh na Páirtithe gach dícheall, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú ar na bearta neamh-chomhréireacha agus ar na forchoimeádais a leagtar amach in Iarscríbhinní 19, 20, 21 agus 22 agus na gníomhaíochtaí do chuairteoirí gnó gearrthéarmacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn 21 d’fhonn comhaontú a dhéanamh maidir le feabhsuithe féideartha ar a leas coiteann.
3. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le seirbhísí airgeadais.
CAIBIDIL 2
LÉIRSCAOILEADH INFHEISTÍOCHTA
Airteagal 127
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do bhunú fiontair chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh agus d’oibriú fiontair den sórt sin:
(a) |
ag infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile; |
(b) |
ag fiontair chumhdaithe; agus |
(c) |
chun críocha Airteagal 132, ag aon fhiontar i gcríoch an Pháirtí a ghlacann nó a chothaíonn an beart. |
Airteagal 128
Rochtain ar an margadh
Maidir le fiontar a bhunóidh infheisteoir de chuid an Pháirtí eile nó fiontar cumhdaithe, nó oibriú fiontair chumhdaithe, cibé acu ar bhonn a chríche uile nó ar bhonn foroinnt críche, ní dhéanfaidh Páirtí bearta a ghlacadh ná a chothabháil:
(a) |
lena gcuirfear teorainneacha le:
|
(b) |
lena ndéanfar cineálacha sonracha eintitis dhlíthiúil nó comhfhiontair trínar féidir le hinfheisteoir de chuid an Pháirtí eile gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh a shrianadh nó lena ndéanfar riachtanach iad. |
Airteagal 129
Cóir náisiúnta
1. Tabharfaidh gach Páirtí cóir d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile agus d’fhiontair chumhdaithe nach lú fabhar ná an chóir a dhéanann sé, i gcúinsí den chineál céanna, dá infheisteoirí féin agus dá bhfiontair, maidir lena mbunú agus lena n-oibriú ina chríoch.
2. Is éard is brí leis an gcóir a thugann Páirtí faoi mhír 1:
(a) |
maidir le leibhéal réigiúnach nó áitiúil rialtais na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn sé cóir nach lú fabhar ná an chóir is fabhraí, i gcúinsí den chineál céanna, a thugann an leibhéal sin rialtais d’infheisteoirí na Ríochta Aontaithe agus dá bhfiontair ina chríoch; agus |
(b) |
maidir le rialtas Ballstáit den Aontas Eorpach nó rialtas i mBallstát den Aontas Eorpach, ciallaíonn sé cóir nach lú fabhar ná an chóir is fabhraí a thugann an rialtas sin, i gcúinsí den chineál céanna, d’infheisteoirí an Bhallstáit sin agus dá ngnóthais ina chríoch. |
Airteagal 130
Cóir an náisiúin barrfhabhair
1. Déanfaidh gach Páirtí cóir a thabhairt d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile agus d’fhiontair chumhdaithe ar chóir í nach lú fabhar ná an chóir a dhéanann sé, i ndálaí den chineál céanna, d’infheisteoirí de chuid tríú tír agus dá bhfiontair, maidir le hoibriú ina chríoch.
2. Déanfaidh gach Páirtí cóir a thabhairt d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile agus d’fhiontair chumhdaithe ar chóir í nach lú fabhar ná an chóir a dhéanann sé, i ndálaí den chineál céanna, d’infheisteoirí de chuid tríú tír agus dá bhfiontair, maidir le hoibriú ina chríoch.
3. Ní fhorléireofar mír 1 agus mír 2 mar mhíreanna a chuireann d’oibleagáid ar Pháirtí cóir a thabhairt d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile ná d’fhiontair chumhdaithe ar cóir í a eascraíonn as:
(a) |
comhaontú idirnáisiúnta chun cánachas dúbailte a sheachaint nó comhaontú nó socrú idirnáisiúnta eile a bhaineann go hiomlán nó go formhór le cánachas; nó |
(b) |
bearta lena bhforáiltear d’aitheantas, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt do na caighdeáin nó na critéir maidir le duine nádúrtha nó fiontar a údarú, a cheadúnú, nó a dheimhniú chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh, nó na bearta stuamachta dá dtagraítear i mír 3 d’Iarscríbhinn GATS maidir le Seirbhísí Airgeadais. |
4. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní áirítear na nósanna imeachta um réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile leis an g‘cóir’ dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.
5. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, má tá forálacha substainteacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag Páirtí le tríú tír, nó mura ndéantar ach na forálacha sin a thrasuí go foirmiúil sa dlí baile a mhéid is gá chun iad a ionchorprú sa dlíchóras náisiúnta, ní mar a chéile é sin ann féin agus an ‘chóir’ dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Féadfaidh bearta de chuid Páirtí de bhun na bhforálacha sin a bheith ina gcóir den sórt sin agus, dá bhrí sin, féadfaidh sárú ar an Airteagal seo eascairt astu.
Airteagal 131
Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí
Ní cheanglóidh Páirtí ar fhiontar cumhdaithe pearsana aonair d’aon náisiúntacht ar leith a cheapadh mar fheidhmeannaigh, bainisteoirí nó comhaltaí de bhoird stiúrthóirí.
Airteagal 132
Ceanglais feidhmíochta
1. Ní dhéanfaidh Páirtí aon cheanglas a fhorchur ná a fhorfheidhmiú, ná aon ghealltanas ná gnóthas a fhorfheidhmiú, i ndáil le haon fhiontar a bhunú nó a oibriú ina chríoch:
(a) |
chun leibhéal nó céatadán ar leith earraí nó seirbhísí a onnmhairiú; |
(b) |
chun leibhéal nó céatadán ar leith d’ábhar intíre a bhaint amach; |
(c) |
chun fabhar a cheannach, a úsáid nó a thabhairt i leith earraí a tháirgtear nó seirbhísí a sholáthraítear ina chríoch nó earraí nó seirbhísí a cheannach ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó ó aon eintitis eile ina chríoch; |
(d) |
chun méid nó luach na n-allmhairí a cheangal ar bhealach ar bith le méid nó luach na n-onnmhairí nó le méid na n-insreabh malairte eachtraí atá bainteach leis an infheistíocht sin; |
(e) |
chun srian a chur ar dhíolacháin earraí nó seirbhísí ina chríoch a tháirgeann an fiontar sin nó a sholáthraíonn sé, trí na díolacháin sin a cheangal le méid nó luach a onnmhairí nó a insreabh malairte eachtraí ar bhealach ar bith; |
(f) |
chun rochtain ar theicneolaíocht, ar phróiseas táirgthe nó ar fhaisnéis dílseánaigh eile a sholáthar do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nó d’aon eintiteas eile ina chríoch nó chun iad a aistriú chucu (12); |
(g) |
chun earra a tháirgeann nó seirbhís a sholáthraíonn an fiontar a sholáthar go heisiach ó chríoch an Pháirtí sin chuig margadh réigiúnach nó domhanda ar leith; |
(h) |
chun an ceanncheathrú a shuí le haghaidh réigiún sonrach den domhan atá níos leithne ná críoch an Pháirtí nó an margadh domhanda ina chríoch; |
(i) |
chun líon nó céatadán áirithe daoine nádúrtha de chuid an Pháirtí sin a fhostú; |
(j) |
chun leibhéal nó luach áirithe taighde agus forbartha a bhaint amach ina chríoch; |
(k) |
chun srian a chur ar onnmhairiú nó ar dhíol ar mhaithe le honnmhairiú; nó |
(l) |
maidir le haon chonradh ceadúnais a bheidh ann tráth a fhorchuirfear nó a fhorfheidhmeofar an ceanglas, nó aon ghealltanas nó gnóthas a fhorfheidhmeofar, nó maidir le haon chonradh ceadúnais amach anseo arna dhéanamh faoi shaoirse idir an fiontar agus duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas eile ina chríoch, má fhorchuirfear nó má fhorfheidhmeofar an ceanglas nó má fhorfheidhmeofar an gealltanas nó an gnóthas, ar bhealach arb ionann é agus cur isteach go díreach ar an gconradh ceadúnais sin trí údarás rialtasach neamhbhreithiúnach de chuid Páirtí a fheidhmiú, chun na nithe seo a leanas a ghlacadh:
|
Níl feidhm ag an bpointe seo nuair a thugtar an conradh ceadúnais i gcrích idir an fiontar agus an Páirtí. Chun críocha phointe seo, ciallaíonn an ‘conradh ceadúnais’ dá dtagraítear san fhomhír seo aon chonradh a bhaineann le ceadúnú teicneolaíochta, próiseas táirgthe, nó faisnéis dílseánaigh eile.
2. I dtaca le fiontar a bhunú nó a oibriú ina chríoch, ní chuirfidh Páirtí comhlíonadh aon cheann de na ceanglais seo a leanas mar choinníoll le buntáiste a fháil nó leanúint de bhuntáiste a fháil:
(a) |
leibhéal nó céatadán ar leith d’ábhar intíre a bhaint amach; |
(b) |
fabhar a cheannach, a úsáid nó a thabhairt i leith earraí a tháirgtear nó ar sheirbhísí a sholáthraítear ina chríoch, nó earraí nó seirbhísí a cheannach ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó ó aon eintiteas eile ina chríoch; |
(c) |
chun méid nó luach na n-allmhairí a cheangal ar bhealach ar bith le méid nó luach na n-onnmhairí nó le méid na n-insreabh malairte eachtraí atá bainteach leis an infheistíocht sin; |
(d) |
chun srian a chur ar dhíolacháin earraí nó seirbhísí ina chríoch a tháirgeann an fiontar sin nó a sholáthraíonn sé, trí na díolacháin sin a cheangal le méid nó luach a onnmhairí nó a insreabh malairte eachtraí ar aon bhealach; nó |
(e) |
srian a chur ar onnmhairiú nó ar dhíol ar mhaithe le honnmhairiú. |
3. Ní fhorléireofar mír 2 mar mhír lena gcuirtear cosc ar Pháirtí comhlíonadh ceanglais chun táirgeadh a lonnú, seirbhís a sholáthar, oiliúint a chur ar oibrithe nó iad a fhostú, saoráidí áirithe a thógáil nó a fhairsingiú, nó taighde agus forbairt a dhéanamh ina chríoch a chur mar choinníoll chun buntáiste a fháil nó leanúint de bhuntáiste a fháil, i ndáil le haon fhiontar a bhunú nó a oibriú ina chríoch.
4. Ní bheidh feidhm ag pointí (f) ná (l) de mhír 1 den Airteagal seo sna cásanna seo a leanas:
(a) |
nuair a fhorchuirtear nó nuair a fhorfheidhmítear an ceanglas, nó nuair a chuireann cúirt, binse riaracháin nó údarás iomaíochta de bhun dhlí iomaíochta Páirtí an gealltanas nó an gnóthas i bhfeidhm chun cleachtas a leigheas a chinntear tar éis próiseas breithiúnach nó riaracháin a bheith ina shárú ar dhlí na hiomaíochta; nó |
(b) |
nuair a údaraíonn Páirtí ceart maoine intleachtúla a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 31 nó le hAirteagal 31bis de Chomhaontú TRIPS, nó nuair a ghlacann nó nuair a chothaíonn sé bearta lena ndéantar den riachtanas é go nochtar sonraí nó faisnéis dílseánaigh a thagann faoi raon feidhme mhír 3 d’Airteagal 39 de Chomhaontú TRIPS agus atá comhsheasmhach léi. |
5. Níl feidhm ag pointí (a) go (c) de mhír 1 ná ag pointí (a) ná (b) de mhír 2 maidir le ceanglais cháilíochta le haghaidh earraí nó seirbhísí i ndáil le rannpháirtíocht i gcláir chun onnmhairiú a spreagadh ná i gcláir um chúnamh eachtrach.
6. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní choisceann an tAirteagal seo ar údaráis inniúla Páirtí aon ghealltanas nó gealltanas a tugadh idir daoine seachas Páirtí nach ndearna an Páirtí sin a fhorchur nó a cheangal go díreach nó go hindíreach a fhorfheidhmiú.
7. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, níl feidhm ag pointí (a) ná (b) de mhír 2 maidir le ceanglais arna bhforchur ag Páirtí allmhairiúcháin maidir leis an ábhar nach mór a bheith le fáil in earra chun go gcáileoidh sé le haghaidh taraifí fabhracha nó cuótaí fabhracha.
8. Níl feidhm ag pointe (l) de mhír 1 i gcás ina bhforchuireann nó ina bhforfheidhmíonn binse an ceanglas, nó ina bhforfheidhmíonn binse an gealltanas nó an gnóthas mar luach saothair cothromasach faoi dhlíthe cóipchirt an Pháirtí.
9. Ní dhéanfaidh Páirtí aon bheart atá ar neamhréir lena oibleagáidí faoin gComhaontú maidir le Bearta Infheistíochta a bhaineann le Trádáil (TRIMS) a fhorchur ná a fhorfheidhmiú, fiú i gcás ina bhfuil an beart sin liostaithe ag an bPáirtí sin in Iarscríbhinn 19 nó 20.
10. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní fhorléireofar an tAirteagal seo mar ní a cheanglaíonn ar Pháirtí cead a thabhairt seirbhís ar leith a sholáthar ar bhonn trasteorann i gcás ina nglacfaidh nó ina gcothóidh an Páirtí sin srianta nó toirmisc ar an soláthar seirbhísí sin a bheidh i gcomhréir leis na forchoimeádais, na coinníollacha nó na cáilíochtaí a shonraítear maidir le hearnáil, fo-earnáil nó gníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn 19 nó 20.
11. Ní ceanglas ná gealltanas na gnóthas chun críocha mhír 1 coinníoll chun buntáiste dá dtagraítear i mír 2 a fháil nó leanúint den bhuntáiste sin a fháil.
Airteagal 133
Bearta neamh-chomhréireacha agus Eisceachtaí
1. Níl feidhm ag Airteagail 128, 129, 130, 131 agus 132 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
maidir le haon bheart neamh-chomhréireach atá ann cheana de chuid Páirtí ar leibhéal arb é:
|
(b) |
leanúint ar aghaidh le haon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó |
(c) |
modhnú ar aon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, a mhéid nach laghdóidh sé comhréireacht an bhirt, faoi mar a bhí sé díreach roimh an modhnú, le hAirteagal 128, 129, 130, 131 nó 132. |
2. Airteagail 128, 129, 130, 131 agus 132, níl feidhm acu maidir le bearta Páirtí atá comhsheasmhach leis na forchoimeádais, na coinníollacha nó na cáilíochtaí a shonraítear i ndáil leis na hearnálacha, na fo-earnálacha nó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn 20.
3. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 129 agus 130 maidir le haon bheart arb eisceacht é le hAirteagal 3 nó 4 de Chomhaontú TRIPS nó maolú orthu, mar a fhoráiltear go sonrach in Airteagal 3 go 5 den Chomhaontú sin.
4. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní dhéanfar Airteagail 129 agus 130 a fhorléiriú mar Airteagail lena gcuirtear cosc ar Pháirtí ceanglais faisnéise a fhorordú, lena n-áirítear chun críoch staidrimh, i dtaca le hinfheisteoirí de chuid an Pháirtí eile nó de chuid fiontair chumhdaithe a bhunú nó a oibriú, ar choinníoll nach bealach é chun dul timpeall ar oibleagáidí an Pháirtí sin faoi na hAirteagail sin.
CAIBIDIL 3
TRÁDÁIL TRASTEORANN I SEIRBHÍSÍ
Airteagal 134
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear don trádáil trasteorann i seirbhísí ag soláthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile.
Airteagal 135
Rochtain ar an Margadh
Ní dhéanfaidh Páirtí, ar bhonn a chríche iomláine nó ar bhonn foroinn críche, bearta a ghlacadh ná a choimeád ar bun:
(a) |
lena gcuirfear teorainneacha le:
|
(b) |
lena ndéanfar cineálacha sonracha eintitis dhlíthiúil nó comhfhiontair trínar féidir le soláthróir seirbhíse seirbhís a sholáthar a shrianadh nó lena ndéanfar riachtanach iad. |
Airteagal 136
Láithreacht áitiúil
Ní cheanglóidh Páirtí ar sholáthróir seirbhíse de chuid an Pháirtí eile fiontar a chur ar bun nó a choinneáil ar bun nó cónaí a bheith air i gcríoch Páirtí mar choinníoll le soláthar trasteorann seirbhíse.
Airteagal 137
Cóir Náisiúnta
1. Déanfaidh gach Páirtí cóir a thabhairt do sheirbhísí agus do sholáthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile nach lú fabhar ná an chóir a thugann sé, i gcúinsí den chineál céanna, do sheirbhísí agus do sholáthraithe seirbhíse dá chuid féin.
2. Féadfaidh Páirtí ceanglas mhír 1 a chomhlíonadh trí chóir atá comhionann go foirmiúil nó cóir atá éagsúil go foirmiúil leis an gcóir a thugann sé dá sheirbhísí agus dá sholáthraithe seirbhíse féin a thabhairt do sheirbhísí agus do sholáthraithe seirbhíse an Pháirtí eile
3. Cóir atá comhionann go foirmiúil nó cóir atá éagsúil go foirmiúil, measfar nach bhfuil sí chomh fabhrach más rud é go modhnaítear na coinníollacha iomaíochta léi i bhfabhar seirbhísí nó soláthraithe seirbhíse de chuid an Pháirtí i gcomparáid le seirbhísí nó soláthraithe seirbhíse an Pháirtí eile.
4. Ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a cheanglaíonn ar cheachtar Páirtí cúiteamh a thabhairt i leith míbhuntáistí dúchasacha iomaíocha a eascraíonn as gné eachtrach na seirbhísí nó na soláthróirí seirbhíse iomchuí.
Airteagal 138
Cóir an náisiúin barrfhabhair
1. Tabharfaidh gach Páirtí do sholáthraithe seirbhíse agus seirbhísí de chuid an Pháirtí eile cóir nach lú fabhar ná an chóir a thugann sé, i gcúinsí den chineál céanna, do sholáthraithe seirbhíse agus seirbhísí de chuid tríú tír.
2. Ní fhorléireofar mír 1 mar mhír a chuireann d’oibleagáid ar Pháirtí cóir a thabhairt d’infheisteoirí de chuid an Pháirtí eile ná d’fhiontair chumhdaithe ar cóir í a eascraíonn as:
(a) |
comhaontú idirnáisiúnta chun cánachas dúbailte a sheachaint nó comhaontú nó socrú idirnáisiúnta eile a bhaineann go hiomlán nó go formhór le cánachas; nó |
(b) |
bearta lena bhforáiltear d’aitheantas, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt do na caighdeáin nó na critéir maidir le duine nádúrtha nó fiontar a údarú, a cheadúnú, nó a dheimhniú chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh, nó na bearta stuamachta dá dtagraítear i mír 3 d’Iarscríbhinn GATS maidir le Seirbhísí Airgeadais. |
3. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, má tá forálacha substainteacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag Páirtí le tríú tír, nó mura ndéantar ach na forálacha sin a thrasuí go foirmiúil sa dlí baile a mhéid is gá chun iad a ionchorprú sa dlíchóras náisiúnta, ní mar a chéile é sin ann féin agus an ‘chóir’ dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh bearta de chuid Páirtí de bhun na bhforálacha sin a bheith ina gcóir den sórt sin agus, dá bhrí sin, féadfaidh sárú ar an Airteagal seo eascairt astu.
Airteagal 139
Bearta neamh-chomhréireacha
1. Níl feidhm ag Airteagail 35, 136, 137 agus 138 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
maidir le haon bheart neamh-chomhréireach atá ann cheana de chuid Páirtí ar an leibhéal arb é:
|
(b) |
leanúint ar aghaidh le haon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó é a athnuachan go pras; nó |
(c) |
modhnú ar aon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo a mhéid nach laghdóidh sé comhréireacht an bhirt, faoi mar a bhí sé díreach roimh an modhnú, le hAirteagail 135, 136, 137 agus 138. |
2. Níl feidhm ag Airteagail 135, 136, 137 agus 138 maidir le haon bheart Páirtí atá comhsheasmhach leis na forchoimeádais, na coinníollacha agus na cáilíochtaí a shonraítear i leith earnála, fo-earnála nó gníomhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn 20.
CAIBIDIL 4
DUL ISTEACH AGUS FANACHT SEALADACH DAOINE NÁDÚRTHA CHUN CRÍOCH GNÓ
Airteagal 140
Raon feidhme agus sainmhínithe
1. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear d’fheidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha trí dhul isteach agus fanacht sealadach ina chríoch a dhéanann daoine nádúrtha de chuid an Pháirtí eile, ar cuairteoirí gnó iad chun críoch bunaíochta, soláthróirí seirbhíse conarthacha, gairmithe neamhspleácha, aistrithe ionchorparáideacha agus cuairteoirí gnó gearrthéarmacha.
2. Sa mhéid nach dtugtar faoi ghealltanais sa Chaibidil seo, leanfar d’fheidhm a bheith ag na ceanglais go léir dá bhforáiltear i ndlí Páirtí maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha, lena n-áirítear dlíthe agus rialacháin a bhaineann leis an tréimhse fanachta.
3. D’ainneoin fhorálacha na Caibidle seo, leanfar d’fheidhm a bheith ag na ceanglais go léir dá bhforáiltear i ndlí Páirtí maidir le hobair agus bearta slándála sóisialta, lena n-áirítear dlíthe agus rialacháin a bhaineann le pá íosta agus comhaontuithe comhchoiteanna pá.
4. Níl feidhm ag gealltanais maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críoch gnó i gcásanna inarb é is aidhm nó is éifeacht don dul isteach agus fanacht sealadach cur isteach ar thoradh aon díospóide nó caibidlíochta saothair nó bainistíochta nó ar fhostaíocht aon duine nádúrtha a bhfuil baint aige leis an díospóid sin, nó tionchar a imirt ar shlí eile ar an toradh sin.
5. Chun críocha na Caibidle seo:
(a) |
ciallaíonn ‘cuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta’ daoine nádúrtha atá ag obair i bpost sinsearach laistigh de dhuine dlítheanach de chuid Páirtí: ar daoine iad:
|
(b) |
ciallaíonn ‘soláthróirí seirbhíse conarthacha’ daoine nádúrtha atá fostaithe ag duine dlítheanach de chuid Páirtí (seachas daoine a fostaíodh trí ghníomhaireacht le haghaidh seirbhísí chun pearsanra a lonnú agus a sholáthar), nach bhfuil bunaithe i gcríoch an Pháirtí eile agus a bhfuil conradh bona fide, nach faide ná 12 mhí é, tugtha i gcrích acu chun seirbhísí a sholáthar do thomhaltóir deiridh sa Pháirtí eile lena gceanglaítear go mbeidh a fhostaithe i láthair go sealadach:
|
(c) |
ciallaíonn ‘gairmithe neamhspleácha’ daoine nádúrtha atá ag gabháil do sheirbhís a sholáthar agus atá bunaithe mar dhaoine féinfhostaithe i gcríoch Páirtí:
|
(d) |
ciallaíonn ‘aistrithe ionchorparáideacha’ daoine nádúrtha:
|
(e) |
ciallaíonn ‘bainisteoir’ duine nádúrtha a oibríonn i bpost sinsearach, a stiúrann bainistíocht an fhiontair go príomha sa Pháirtí eile, a fhaigheann maoirseacht ghinearálta nó treoir ghinearálta go príomha ón mbord stiúrthóirí nó ó stocshealbhóirí an ghnó nó óna gcoibhéis agus a n-áirítear ar a fhreagrachtaí:
|
(f) |
ciallaíonn ‘spesialtóir’ duine nádúrtha a bhfuil eolas speisialaithe aige, atá fíor-riachtanach do réimsí gníomhaíochta, teicnící nó bainistíochta an fhiontair, a dhéanfar a mheasúnú ní hamháin agus an t-eolas a bhaineann go sonrach leis an bhfiontar á chur san áireamh ach á chur san áireamh freisin má tá ardleibhéal cáilíochta ag an duine, lena n-áirítear taithí ghairmiúil leordhóthanach ar chineál oibre nó gníomhaíochta a dteastaíonn eolas teicniúil sonrach ina leith, lena n-áirítear ballraíocht fhéideartha i ngairm chreidiúnaithe; agus |
(g) |
ciallaíonn ‘fostaí faoi oiliúint’ duine nádúrtha a bhfuil céim ollscoile aige agus a aistrítear go sealadach chun críoch forbartha gairme nó chun oiliúint a fháil i dteicnící nó modhanna gnó agus a íoctar le linn an aistrithe (18). |
6. Comhlíonfaidh an conradh seirbhíse dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 5 ceanglais dhlí an Pháirtí ina bhforghníomhaítear an conradh.
Airteagal 141
Aistrithe Ionchorparáideacha agus Cuairteoirí Gnó chun Críoch Bunaíochta
1. Faoi réir na gcoinníollacha agus na gcáilíochtaí ábhartha a shonraítear in Iarscríbhinn 21:
(a) |
ceadóidh Páirtí na nithe seo a leanas:
|
(b) |
ní dhéanfaidh Páirtí teorainneacha a choinneáil ná a ghlacadh i bhfoirm cuótaí uimhriúla nó tástálacha riachtanas eacnamaíocha ar an líon iomlán daoine nádúrtha a cheadaítear, in earnáil shonrach, dóibh dul isteach mar chuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta nó a fhéadfaidh infheisteoir a úsáid mar aistrithe ionchorparáideacha, ar bhonn foroinnt chríochach nó ar bhonn a chríche ar fad; agus |
(c) |
tabharfaidh gach Páirtí cóir nach lú fabhar d’aistrithe ionchorparáideacha agus do chuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta an Pháirtí eile, le linn dóibh fanacht go sealadach ina chríoch ná mar a thugann sé, in imthosca den chineál céanna, dá dhaoine nádúrtha féin. |
2. Is ar feadh tréimhse suas le trí bliana a bheidh an tréimhse fanachta incheadaithe i gcás bainisteoirí agus speisialtóirí, suas le bliain amháin i gcás fostaithe faoi oiliúint agus suas le 90 lá laistigh d’aon tréimhse sé mhí i gcás cuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta.
Airteagal 142
Cuairteoirí gnó gearrthéarmacha
1. Faoi réir na gcoinníollacha agus na gcáilíochtaí ábhartha a shonraítear in Iarscríbhinn 21, ceadóidh Páirtí dul isteach agus fanacht sealadach cuairteoirí gnó gearrthéarmacha de chuid an Pháirtí eile chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh a liostaítear in Iarscríbhinn 21, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
nach bhfuil na cuairteoirí gnó gearrthéarmacha ag gabháil dá n-earraí a dhíol ná do sheirbhísí a sholáthar don phobal i gcoitinne; |
(b) |
nach bhfaigheann na cuairteoirí gnó gearrthéarmacha, thar a gceann féin, luach saothair laistigh den Pháirtí ina bhfuil siad ag fanacht go sealadach; agus |
(c) |
nach bhfuil na cuairteoirí gnó gearrthéarmacha ag gabháil do sheirbhís a sholáthar faoi chuimsiú conartha arna thabhairt i gcrích idir duine dlítheanach nach bhfuil bunaithe i gcríoch an Pháirtí ina bhfuil siad ag fanacht go sealadach, agus tomhaltóir ann, ach amháin mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn 21. |
2. Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn 21, ceadóidh Páirtí dul isteach do chuairteoirí gnó gearrthéarmacha gan gá le cead oibre, tástáil riachtanas eacnamaíoch nó nósanna imeachta eile den chineál céanna um fhormheas roimh ré.
3. Má bhíonn cuairteoirí gnó gearrthéarmacha de chuid Páirtí ag gabháil do sheirbhís a sholáthar do thomhaltóir i gcríoch an Pháirtí ina bhfuil siad ag fanacht go sealadach i gcomhréir le hIarscríbhinn 21, déanfaidh an Páirtí sin cóir nach lú fabhar ná mar a thugann sé, i gcásanna mar an gcéanna, dá sholáthróirí seirbhíse féin a thabhairt dóibh maidir le soláthar na seirbhíse sin.
4. Is ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá in aon tréimhse sé mhí a bheidh an tréimhse fanachta incheadaithe.
Airteagal 143
Soláthróirí seirbhísí conarthacha agus gairmithe neamhspleácha
1. Sna hearnálacha, sna fo-earnálacha agus sna gníomhaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn 22 agus faoi réir na gcoinníollacha agus na gcáilíochtaí ábhartha a shonraítear inti:
(a) |
ceadóidh Páirtí dul isteach agus fanacht sealadach soláthróirí seirbhíse conarthacha agus gairmithe neamhspleácha ina chríoch; |
(b) |
ní dhéanfaidh Páirtí teorainneacha a ghlacadh ná a choimeád ar bun ar líon iomlán na soláthróirí seirbhíse conarthacha agus na ngairmithe neamhspleácha de chuid an Pháirtí eile a gceadaítear dul isteach agus fanacht sealadach dóibh, i bhfoirm cuótaí uimhriúla ná tástála riachtanas eacnamaíocha; agus |
(c) |
déanfaidh gach Páirtí cóir a thabhairt do sholáthróirí seirbhíse conarthacha agus do ghairmithe neamhspleácha de chuid an Pháirtí eile, maidir le soláthar a seirbhísí ina chríoch, cóir nach lú fabhar ná an chóir a dhéanann sé, i gcásanna den chineál céanna, dá sholáthraithe seirbhíse féin. |
2. Ní bhaineann rochtain a thugtar faoin Airteagal seo ach leis an tseirbhís is ábhar don chonradh agus ní thugtar léi teidlíocht chun teideal gairmiúil an Pháirtí a úsáid nuair a chuirtear an tseirbhís ar fáil.
3. Ní mó an líon daoine a chumhdaítear leis an gconradh seirbhíse ná mar is gá chun an conradh a chomhlíonadh, mar is féidir a cheangal le dlí an Pháirtí ina soláthraítear an tseirbhís.
4. Is ar feadh tréimhse charnach 12 mhí, nó ar feadh ré an chonartha, a bheidh an fad fanachta incheadaithe, cibé acu is lú.
Airteagal 144
Bearta neamh-chomhréireacha
Sa mhéid is go ndéanann an beart iomchuí difear d’fhanacht shealadach daoine nádúrtha chun críocha gnó, níl feidhm ag pointí (b) agus (c) d’Airteagal 141(1), Airteagal 142(3) agus pointí (b) agus (c) d’Airteagal 143(1) sna cásanna seo a leanas:
(a) |
maidir le haon bheart neamh-chomhréireach atá ann cheana de chuid Páirtí:
|
(b) |
leanúint ar aghaidh le haon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo nó é a athnuachan go pras; |
(c) |
maidir le modhnú ar aon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den Airteagal seo a mhéid nach laghdaítear comhréireacht an bhirt dá bharr, mar a bhí sé díreach roimh an modhnú, le pointí (b) agus (c) d’Airteagal 141(1), Airteagal 142(3) agus pointí (b) agus (c) d’Airteagal 141(1); nó |
(d) |
maidir le haon bheart de chuid Páirtí atá comhsheasmhach le coinníoll nó cáilíocht a shonraítear in Iarscríbhinn 20. |
Airteagal 145
Trédhearcacht
1. Cuirfidh gach Páirtí faisnéis ar fáil go poiblí maidir le bearta ábhartha a bhaineann le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha de chuid an Pháirtí eile, dá dtagraítear in Airteagal 140(1).
2. Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, a mhéid is féidir, an fhaisnéis seo a leanas is ábhartha maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha:
(a) |
catagóirí víosa, ceadanna nó aon chineál údaraithe den chineál céanna a bhaineann le hiontráil agus fanacht sealadach; |
(b) |
an doiciméadúchán is gá agus na coinníollacha atá le comhlíonadh; |
(c) |
an modh chun iarratas a chur isteach agus roghanna i dtaobh cá háit a gcuirfear é, amhail oifigí consalachta nó ar líne; |
(d) |
táillí iarratais agus clár ama táscach le haghaidh iarratas a phróiseáil; |
(e) |
an fad uasta fanachta faoi gach cineál údaraithe a ndéantar cur síos air i bpointe (a); |
(f) |
coinníollacha maidir le haon fhadú nó athnuachan atá ar fáil; |
(g) |
rialacha maidir le cleithiúnaithe tionlacain; |
(h) |
nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú nó achomharc a bheidh ar fáil; agus |
(i) |
dlíthe iomchuí a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a bhaineann le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha. |
3. Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féachfaidh gach Páirtí leis an bPáirtí eile a chur ar an eolas go pras faoi aon cheanglas agus nós imeachta nua a thabharfar isteach nó faoi na hathruithe ar aon cheanglas agus nós imeachta a dhéanann difear don iarratas éifeachtach ar dhul isteach, ar fhanacht shealadach sa Pháirtí agus, i gcás inarb infheidhme, ar chead chun dul i mbun oibre sa Pháirtí sin.
CAIBIDIL 5
CREAT RIALÁLA
ROINN 1
RIALÁIL BAILE
Airteagal 146
Raon Feidhme agus Sainmhínithe
1. Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta ag na Páirtithe a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta ceadúnaithe, le ceanglais agus nósanna imeachta cáilithe, le foirmiúlachtaí agus le caighdeáin theicniúla a mbíonn tionchar acu ar na nithe seo a leanas:
(a) |
trádáil trasteorann i seirbhísí; |
(b) |
bunú nó oibriú; nó |
(c) |
seirbhís a sholáthar trí dhuine nádúrtha de chuid Páirtí a bheith i láthair i gcríoch an Pháirtí eile mar a leagtar amach in Airteagal 140. |
A mhéid a bhaineann le bearta i ndáil le caighdeáin theicniúla, níl feidhm ag an Roinn seo ach amháin maidir leis na bearta sin a dhéanann difear do thrádáil seirbhísí. Chun críocha na roinne seo, ní fholaíonn an téarma ‘caighdeáin theicniúla’ caighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme le haghaidh seirbhísí airgeadais.
2. Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le ceanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, le ceanglais agus nósanna imeachta cáilithe, le foirmiúlachtaí agus le caighdeáin theicniúla de bhun birt:
(a) |
nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagail 128 nó 129 agus dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 133(1) nó le hAirteagail 135, 136 nó 137 agus dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 139(1) nó le pointí (b) agus (c) d'Airteagal 141(1), nó Airteagal 142(3) nó le pointí (b) agus (c) d'Airteagal 143(1) agus dá dtagraítear in Airteagal 144(1); nó |
(b) |
dá dtagraítear in Airteagal 133(2) nó Airteagal 139(2). |
3. Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
Ciallaíonn ‘údarú’ an cead chun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) de mhír 1 a eascraíonn as nós imeachta, ní mór do dhuine nádúrtha nó dlítheanach cloí leis d’fhonn a léiriú go gcomhlíontar ceanglais cheadúnúcháin, ceanglais cháilíochta, caighdeáin theicniúla nó foirmiúlachtaí chun an cead sin a fháil, a chothabháil nó a athnuachan; agus |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ rialtas nó údarás lárnach, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht neamhrialtasach i bhfeidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean ag rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla agus atá i dteideal cinneadh a dhéanamh maidir leis an údarú dá dtagraítear i bpointe (a). |
Airteagal 147
Iarratais a chur isteach
Seachnóidh gach Páirtí, a mhéid is indéanta, a cheangal ar iarratasóir dul i dteagmháil le níos mó ná údarás inniúil amháin i dtaca le gach iarratas ar údarú. I gcás ina bhfuil gníomhaíocht a n-iarrtar údarú ina leith laistigh de dhlínse an iliomad údarás inniúil, féadtar go dteastófar il-iarratais.
Airteagal 148
Amchláir na n-iarratas
Má tá údarú de dhíth ar Pháirtí, cinnteoidh sé go gceadóidh a údaráis inniúla, a mhéid is indéanta, go gcuirfear iarratas isteach tráth ar bith i rith na bliana. Más ann do thréimhse shonrach ama chun iarratas a dhéanamh ar údarú, cinnteoidh an Páirtí go gceadóidh na húdaráis inniúla tréimhse réasúnach ama chun iarratas a chur isteach.
Airteagal 149
Iarratais leictreonacha agus glacadh le cóipeanna
Má dhéanann Páirtí údarú a cheangal, áiritheoidh sé go ndéanfaidh a chuid údarás inniúil an méid seo a leanas:
(a) |
foráil a dhéanamh, a mhéid is féidir, maidir le hiarratais a bheith comhlánaithe trí mheán leictreonach, lena n-áirítear ó laistigh de chríoch an Pháirtí eile; agus |
(b) |
glacadh cóipeanna de dhoiciméid, atá fíordheimhnithe de réir dhlí baile an Pháirtí, in ionad doiciméad bunaidh, mura rud é go gceanglaíonn na húdaráis inniúla doiciméid bhunaidh chun sláine an phróisis údaraithe a chosaint. |
Airteagal 150
Iarratais a phróiseáil
1. Má dhéanann Páirtí údarú a cheangal, áiritheoidh sé go ndéanfaidh a chuid údarás inniúil an méid seo a leanas:
(a) |
iarratais a phróiseáil i rith na bliana. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal roimh ré, a mhéid is indéanta; |
(b) |
a mhéid is indéanta, clár ama táscach a chur ar fáil le haghaidh iarratas a phróiseáil. Beidh an tréimhse ama sin réasúnach a mhéid is indéanta; |
(c) |
arna iarraidh sin don iarratasóir, faisnéis maidir le stádas an iarratais a chur ar fáil gan moill mhíchuí; |
(d) |
a mhéid is indéanta, iomláine iarratais ar phróiseáil faoi dhlíthe agus rialacháin baile an Pháirtí a fhionnadh gan moill mhíchuí; |
(e) |
má mheasann siad go bhfuil iarratas iomlán chun críocha próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin baile an Pháirtí, (19) laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:
|
(f) |
má mheasann siad go bhfuil iarratas neamhiomlán chun críocha próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin baile an Pháirtí, a mhéid is indéanta, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:
|
(g) |
má dhiúltaítear d’iarratas, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh siad in iúl don iarratasóir na cúiseanna leis an diúltú agus an tréimhse ama le haghaidh achomharc i gcoinne an chinnidh sin agus, más infheidhme, na nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach an athuair. |
2. Áiritheoidh na Páirtithe go dtabharfaidh a n-údaráis inniúla údarú a luaithe a shuífear, i bhfianaise scrúdú iomchuí, go bhfuil na coinníollacha chun údarú a fháil á gcomhlíonadh ag an iarratasóir.
3. Áiritheoidh na Páirtithe go dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme (22).
Airteagal 151
Táillí
1. Maidir le gach gníomhaíocht eacnamaíoch seachas seirbhísí airgeadais, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh na táillí údaraithe a ghearrfaidh a údaráis inniúla réasúnach agus trédhearcach agus nach gcuirfidh siad srian iontu féin ar sholáthar na seirbhíse iomchuí ná ar shaothrú aon ghníomhaíochta eacnamaíche eile. Ag féachaint don ualach costais agus riaracháin, moltar do gach Páirtí glacadh le táillí údaraithe trí mheán leictreonach.
2. Maidir le seirbhísí airgeadais, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údaráis inniúil, maidir le táillí údaraithe a ghearrann siad, sceideal táillí nó faisnéise a chur ar fáil d’iarratasóirí i dtaobh conas a chinntear méideanna na dtáillí, agus nach n-úsáidfidh siad na táillí mar mhodh chun gealltanais nó oibleagáidí an Pháirtí a sheachaint.
3. Ní áirítear le táillí údarúcháin táillí i gcomhair úsáid acmhainní nádúrtha, íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe chun seirbhís uilíoch a sholáthar.
Airteagal 152
Measúnú cáilíochtaí
Má éilíonn Páirtí scrúdú chun measúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí iarratasóra ar údarú, áiritheoidh sé go ndéanfaidh a údaráis inniúla scrúdú den sórt sin a sceidealú ag eatraimh réasúnta minice agus soláthróidh sé tréimhse réasúnach ama chun a chumasú d’iarratasóirí a iarraidh go ndéanfar an scrúdú. A mhéid is indéanta, glacfaidh gach Páirtí le hiarrataí i bhformáid leictreonach ar scrúduithe den sórt sin a dhéanamh agus breithneoidh sé úsáid meán leictreonach i ngnéithe eile de phróisis scrúdaithe.
Airteagal 153
Foilsiú agus faisnéis ar fáil
1. Má theastaíonn údarú ó Pháirtí, foilseoidh sé go pras an fhaisnéis is gá do dhaoine atá i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 146(1) nó atá ag iarraidh na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, ar faisnéis í lena gceanglaítear ar an údarú na ceanglais, na foirmiúlachtaí na caighdeáin theicniúla agus na nósanna imeachta a chomhlíonadh maidir leis an údarú sin a fháil, a choinneáil ar bun, a leasú agus a athnuachan. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, a mhéid is ann di:
(a) |
na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le ceadúnú agus cáilíochtaí agus na foirmiúlachtaí; |
(b) |
sonraí teagmhála na n-údaráis inniúla ábhartha; |
(c) |
táillí údarúcháin; |
(d) |
caighdeáin theicniúla is infheidhme; |
(e) |
nósanna imeachta maidir le hachomharc nó athbhreithniú ar bhreitheanna a bhaineann le hiarratais; |
(f) |
nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh téarmaí agus coinníollacha ceadúnas nó cáilíochtaí; |
(g) |
deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, amhail trí éisteachtaí nó tuairimí; agus |
(h) |
cláir ama táscacha le haghaidh iarratas a phróiseáil. |
Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘foilsiú’ a chur san áireamh i bhfoilseachán oifigiúil, amhail iris oifigiúil, nó ar láithreán gréasáin oifigiúil. Déanfaidh páirtithe foilseacháin leictreonacha a chomhdhlúthú i dtairseach aonair ar líne nó áiritheoidh siad ar shlí eile go ndéanfaidh na húdaráis inniúla rochtain éasca orthu trí mhodhanna leictreonacha malartacha.
2. Ceanglóidh gach Páirtí ar gach ceann dá údaráis inniúla freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar fhaisnéis nó ar chúnamh, a mhéid is indéanta.
Airteagal 154
Caighdeáin theicniúla
Spreagfaidh gach Páirtí a údaráis inniúla, agus caighdeáin theicniúla á nglacadh aige, chun caighdeáin theicniúla a ghlacadh a fhorbrófar trí phróisis oscailte thrédhearcacha, agus spreagfaidh sé aon chomhlacht, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, atá ainmnithe chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt chun é sin a dhéanamh trí phróisis oscailte thrédhearcacha.
Airteagal 155
Coinníollacha maidir le húdarú
1. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh bearta a bhaineann le húdarú bunaithe ar chritéir a choisceann ar na húdaráis inniúla a gcumhacht measúnaithe a fheidhmiú ar bhealach treallach agus féadfar a áireamh iontu, inter alia, inniúlacht agus an cumas seirbhís nó aon ghníomhaíocht eacnamaíoch eile a sholáthar, lena n-áirítear déanamh amhlaidh i gcomhréir le ceanglais rialála Páirtí amhail ceanglais sláinte agus comhshaoil. D’fhonn amhras a sheachaint, tuigeann na Páirtithe go bhféadfaidh údarás inniúil, agus cinntí á ndéanamh aige, critéir a chothromú;
2. Is mar a leanas a bheidh na critéir dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
soiléir agus gan athbhrí; |
(b) |
oibiachtúil agus trédhearcach; |
(c) |
réamhbhunaithe; |
(d) |
curtha ar fáil go poiblí roimh ré; |
(e) |
neamhchlaonta; agus |
(f) |
inrochtana go héasca. |
3. Má ghlacann nó má choinníonn Páirtí ar bun beart a bhaineann le húdarú, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
go bpróiseálfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann iarratais agus go ndéanfaidh agus go riarfaidh sé a chuid cinntí, go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta ar bhealach atá neamhspleách ar thionchar míchuí aon duine a dhéanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil údarú ag teastáil ina leith; agus |
(b) |
nach gcuirfidh na nósanna imeachta féin cosc ar chomhlíonadh na gceanglas. |
Airteagal 156
Líon teoranta ceadúnas
I gcás ina bhfuil teorainn le líon gceadúnas atá ar fáil i leith gníomhaíocht áirithe mar gheall ar ghanntanas na n-acmhainní nádúrtha nó na hinniúlachta teicniúla atá ar fáil, cuirfidh Páirtí nós imeachta roghnúcháin i bhfeidhm maidir le hiarrthóirí ionchasacha lena soláthrófar ráthaíochtaí iomlána i dtaobh neamhchlaontachta agus trédhearcachta, lena n-áirítear, go háirithe, poiblíocht leordhóthanach faoi sheoladh, déanamh agus tabhairt i gcrích an nós imeachta. Agus na rialacha maidir leis an nós imeachta roghnúcháin á mbunú, féadfaidh Páirtí cuspóirí beartais dlisteanacha a chur san áireamh, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
ROINN 2
FORÁLACHA A BHFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU
Airteagal 157
Nósanna imeachta athbhreithniúcháin i leith cinntí riaracháin
Coinneoidh Páirtí ar bun binsí nó nósanna imeachta athbreithniúcháin, eadrána nó riaracháin a dhéanann foráil, ar iarraidh ó infheisteoir nó ó sholáthraí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile dá ndéantar difear, chun athbhreithniú pras a dhéanamh ar chinntí riaracháin agus, i gcás ina bhfuil bonn cuí leo, leigheasanna iomchuí, a dhéanann difear do bhunú nó d’oibriú, don trádáil trasteorann i seirbhísí nó do sholáthar seirbhíse trí dhuine nádúrtha Páirtí a bheith i láthair i gcríoch an Pháirtí eile. Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘cinntí riaracháin’ cinneadh nó gníomh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leis a bhaineann le duine ar leith i gcás aonair agus cumhdaítear leis an cás nach ndéantar an cinneadh nó an gníomh sin nuair a cheanglaítear amhlaidh le dlí Páirtí. Mura bhfuil na nósanna imeachta sin neamhspleách ar an údarás inniúil a bhfuil de chúram air an cinneadh riaracháin lena mbaineann a dhéanamh, áiritheoidh Páirtí go bhforálfar maidir le hathbhreithniú oibiachtúil, neamhchlaonta go hiarbhír leis na nósanna imeachta sin.
Airteagal 158
Cáilíochtaí gairmiúla
1. Ní choiscfidh aon ní san Airteagal seo ar Pháirtí a cheangal go mbeidh ag daoine nádúrtha na cáilíochtaí gairmiúla is gá a shonraítear sa chríoch ina ndéantar an ghníomhaíocht, don earnáil gníomhaíochta lena mbaineann (23).
2. Féadfaidh na comhlachtaí gairmiúla nó na húdaráis ghairmiúla, atá ábhartha don earnáil gníomhaíochta lena mbaineann ina gcríocha faoi seach, moltaí comhpháirteacha a fhorbairt agus a chur ar fáil don Chomhairle Comhpháirtíochta maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint. Beidh measúnú fianaise-bhunaithe ar na nithe seo a leanas mar thaca leis na moltaí comhpháirteacha sin:
(a) |
luach eacnamaíoch socraithe atá beartaithe maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint; agus |
(b) |
comhoiriúnacht na réimeas faoi seach, is é sin, a mhéid atá na ceanglais arna gcur i bhfeidhm ag gach Páirtí don údarú, don cheadúnú, don oibríocht agus don deimhniú ag teacht lena chéile. |
3. Tar éis di moladh comhpháirteach a fháil, déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta athbhreithniú ar a comhsheasmhacht leis an Teideal seo laistigh de thréimhse réasúnach ama. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, tar éis an athbhreithnithe sin, socrú a fhorbairt agus a ghlacadh maidir leis na coinníollacha chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint trí chinneadh mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus a measfar gur cuid dhílis den Teideal seo é (24).
4. Le socrú dá dtagraítear i mír 3, déanfar foráil maidir leis na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a baineadh amach san Aontas agus do cháilíochtaí gairmiúla a fuarthas sa Ríocht Aontaithe a bhaineann le gníomhaíocht a chumhdaítear leis an Teideal seo agus le Teideal III den Cheannteideal seo.
5. Cuirfear na Treoirlínte maidir le socruithe i ndáil le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn 24 san áireamh agus na moltaí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á bhforbairt agus déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta iad a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aici ar cheart Socrú den sórt sin a ghlacadh, dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
ROINN 3
SEIRBHÍSÍ SEACHADTA
Airteagal 159
Raon feidhme agus sainmhínithe
1. Tá feidhm ag an alt seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí seachadta de bhreis ar Chaibidlí 1, 2, 3 agus 4 den Teideal seo, agus de bhreis ar Ranna 1 agus 2 den Chaibidil seo.
2. Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhísí seachadta’ seirbhísí poist, seirbhísí cúiréarachta, seirbhísí mearsheachadta nó seirbhísí mearphoist, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas: ítimí poist a bhailiú, a shórtáil, a iompar agus a sheachadadh. |
(b) |
ciallaíonn ‘seirbhísí mearsheachadta’ ítimí poist a bhailiú, a shórtáil, a iompar agus a sheachadadh ar luas brostaithe agus ar iontaofacht agus féadfaidh eilimintí breisluacha a bheith ar áireamh iontu amhail bailiú ón bpointe tionscnaimh, seachadadh pearsanta chuig an seolaí, rianú, an fhéidearthacht an ceann scríbe agus an seolaí a athrú ar idirthuras nó dearbhú go bhfuarthas iad; |
(c) |
ciallaíonn ‘seirbhísí mearphoist’ seirbhísí mearsheachadta idirnáisiúnta arna soláthar trí Chomharchumann EMS, ar comhlachas deonach é d’oibreoirí poist ainmnithe faoin Aontas Poist Uilechoiteann (UPU); |
(d) |
ciallaíonn ‘ceadúnas’ údarú a fhéadfaidh údarás rialála de chuid Páirtí a cheangal ar sholáthraí aonair chun go dtairgfidh an soláthraí sin seirbhísí poist agus cúiréireachta; |
(e) |
ciallaíonn ‘ítim poist’ ítim suas le 31.5kg arna díriú san fhoirm dheiridh ina bhfuil sé le hiompar ag aon chineál soláthraí seirbhísí seachadta, poiblí nó príobháideach, agus féadfaidh ítimí amhail litreacha, beartáin, nuachtáin nó catalóga a bheith san áireamh ann; |
(f) |
ciallaíonn ‘monaplacht phoist’ an ceart eisiach chun seirbhísí seachadta sonraithe a sholáthar laistigh de chríoch Páirtí nó laistigh d’fhoroinn den chríoch sin de bhun dhlí an Pháirtí sin; agus |
(g) |
ciallaíonn ‘seirbhís uilíoch’ buansoláthar seirbhíse seachadta de cháilíocht shonraithe ag gach pointe i gcríoch Páirtí nó i bhforoinnt na seirbhíse sin ar phraghsanna inacmhainne do gach úsáideoir. |
Airteagal 160
Seirbhís Uilíoch
1. Tá an ceart ag gach Páirtí an cineál oibleagáide seirbhíse uilíche is mian leis a choinneáil ar bun a shainiú agus a raon feidhme agus a chur chun feidhme a chinneadh. Déanfar aon oibleagáid seirbhíse uilíche a riar ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neodrach i leith gach soláthraí a bheidh faoi réir na hoibleagáide.
2. Má éilíonn Páirtí go soláthrófar seirbhísí mearphoist isteach ar bhonn seirbhíse uilíche, ní thabharfaidh sé cóir fhabhrach do na seirbhísí sin thar sheirbhísí mearsheachadta idirnáisiúnta eile.
Airteagal 161
Maoiniú seirbhíse uilíche
Ní fhorchuirfidh páirtí táillí ná muirir eile ar sholáthar seirbhíse seachadta nach seirbhís uilíoch í chun soláthar seirbhíse uilíche a mhaoiniú. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le bearta cánachais ná táillí riaracháin is infheidhme go ginearálta.
Airteagal 162
Cosc cleachtais saofa margaidh
Áiritheoidh gach páirtí nach rachaidh soláthraithe seirbhísí seachadta atá faoi réir oibleagáid seirbhíse uilíche nó monaplachtaí poist i mbun cleachtais a shaobhann an margadh amhail:
(a) |
úsáid a bhaint as ioncam a fhaightear ó sholáthar na seirbhíse atá faoi réir oibleagáid seirbhíse uilíche nó ó mhonaplacht poist chun soláthar mearsheirbhíse nó aon seirbhíse seachadta nach bhfuil faoi réir oibleagáide seirbhíse uilíche a thras-fhóirdheonú, nó |
(b) |
difreáil gan údar idir custaiméirí maidir le taraifí nó téarmaí agus coinníollacha eile chun seirbhís atá faoi réir oibleagáide seirbhíse uilíche nó monaplachta poist a sholáthar. |
Airteagal 163
Ceadúnais
1. Má éilíonn Páirtí ceadúnas chun seirbhísí seachadta a sholáthar, déanfaidh sé an méid seo a leanas a chur ar fáil go poiblí:
(a) |
na ceanglais cheadúnúcháin go léir agus an tréimhse ama go léir is gá de ghnáth chun teacht ar chinneadh maidir le hiarratas ar cheadúnas; agus |
(b) |
téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas. |
2. Beidh na nósanna imeachta, oibleagáidí agus ceanglais ceadúnais trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla.
3. Má dhiúltaíonn an t-údarás inniúil d’iarratas ar cheadúnas, cuirfidh sé na cúiseanna leis an diúltú in iúl i scríbhinn don iarratasóir. Bunóidh gach Páirtí nós imeachta achomhairc trí chomhlacht neamhspleách a bheidh ar fáil d’iarratasóirí ar diúltaíodh a gceadúnas. Féadfaidh an comhlacht sin a bheith ina chúirt.
Airteagal 164
Neamhspleáchas an chomhlachta rialála
1. Bunóidh gach Páirtí nó coinneoidh sé ar bun comhlacht rialála a bheidh leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách ó thaobh feidhme de ó aon soláthraí seirbhísí seachadta. Páirtí a bhfuil gnóthais faoina úinéireacht nó a bhfuil gnóthais á rialú aige, áiritheoidh sé go mbeidh dealú struchtúrach éifeachtach ann idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.
2. Déanfaidh na comhlachtaí rialála a gcúraimí ar bhealach trédhearcach agus tráthúil agus beidh acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha acu chun an cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích. Beidh a gcinntí neamhchlaonta i ndáil leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh.
ROINN 4
SEIRBHÍSÍ TEILEACHUMARSÁIDE
Airteagal 165
Raon feidhme
Tá feidhm ag an alt seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí teileachumarsáide de bhreis ar Chaibidlí 1, 2, 3 agus 4 den Teideal seo, agus de bhreis ar Ranna 1 agus 2 den Chaibidil seo.
Airteagal 166
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘saoráidí gaolmhara’ seirbhísí gaolmhara, bonneagar fisiceach agus saoráidí eile nó eilimintí atá comhlachaithe le líonra teileachumarsáide nó le seirbhís teileachumarsáide a chumasaíonn soláthar seirbhísí nó a thacaíonn leo tríd an líonra nó tríd an tseirbhís sin nó a bhfuil an cumas iontu déanamh amhlaidh; |
(b) |
Ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ tomhaltóir deiridh seirbhíse teileachumarsáide poiblí, nó rannpháirtí le seirbhís teileachumarsáide poiblí, lena n-áirítear soláthróir seirbhíse seachas soláthróir seirbhísí teileachumarsáide poiblí; |
(c) |
ciallaíonn ‘saoráidí riachtanacha’ saoráidí de chuid líonra teileachumarsáide poiblí nó de chuid seirbhíse teileachumarsáide poiblí:
|
(d) |
Ciallaíonn ‘idirnascadh’ nascadh líonraí teileachumarsáide poiblí a úsáideann na soláthróirí céanna líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide nó soláthraithe éagsúla líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide chun gur féidir le húsáideoirí soláthraí amháin cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí an tsoláthróra chéanna nó soláthraí eile nó rochtain a fháil ar sheirbhísí a sholáthraíonn soláthróir eile, is cuma cé acu ag na soláthraithe lena mbaineann nó ag aon soláthróir eile a bhfuil rochtain acu ar an líonra a chuireann na seirbhísí sin ar fáil |
(e) |
Ciallaíonn ‘seirbhís fánaíochta soghluaiste idirnáisiúnta’ seirbhís shoghluaiste thráchtála a sholáthraítear de bhun comhaontú tráchtála idir soláthraithe seirbhísí teileachumarsáide poiblí a chuireann ar chumas úsáideora deiridh a ghléas láimhe soghluaiste baile nó a ghléas eile a úsáid le haghaidh guthsheirbhísí, sonraí nó seirbhísí teachtaireachtaí agus iad lasmuigh den chríoch ina bhfuil líonra teileachumarsáide poiblí baile an úsáideora deiridh lonnaithe; |
(f) |
ciallaíonn ‘seirbhís rochtana ar an idirlíon’ seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal agus a sholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, agus dá bhrí sin nascacht le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil atá in úsáid; |
(g) |
ciallaíonn ‘ciorcad léasaithe’ seirbhísí nó saoráidí teileachumarsáide, lena n-áirítear seirbhísí de chineál fíorúil, lena gcuirtear cumas i leataobh le haghaidh úsáid thiomnaithe úsáideora, nó infhaighteacht úsáideora, idir dhá phointe ainmnithe nó níos mó; |
(h) |
ciallaíonn ‘mórsholáthraí’ soláthraí líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide a bhfuil sé ar a chumas difear ábhartha a dhéanamh do théarmaí rannpháirtíochta, ag féachaint do phraghas agus do sholáthar, i margadh iomchuí do líonraí teileachumarsáide nó do sheirbhísí teileachumarsáide de thoradh rialú a bheith aige ar shaoráidí riachtanacha nó ar a staid sa mhargadh sin a úsáid; |
(i) |
ciallaíonn ‘eilimint líonra’ saoráid nó trealamh a úsáidtear chun seirbhís teileachumarsáide a sholáthar, lena n-áirítear gnéithe, feidhmeanna agus cumais arna soláthar trí bhíthin na saoráide nó an trealaimh sin; |
(j) |
ciallaíonn ‘iniomparthacht uimhreach’ cumas rannpháirtí, a iarrann amhlaidh, na huimhreacha teileafóin céanna a choimeád, ar an suíomh céanna i gcás líne fosaithe, gan lagú ar cháilíocht, ar iontaofacht ná ar áisiúlacht agus iad ag aistriú idir an chatagóir céanna soláthraithe teileachumarsáide poiblí; |
(k) |
ciallaíonn ‘líonra poiblí teileachumarsáide’ aon líonraí teileachumarsáide a úsáidtear go hiomlán nó go formhór le haghaidh soláthar seirbhísí teileachumarsáide poiblí lena dtacaítear le faisnéis a aistriú idir críochphointí líonra; |
(l) |
ciallaíonn ‘seirbhís teileachumarsáide phoiblí’ aon seirbhís teileachumarsáide a thairgtear don phobal i gcoitinne; |
(m) |
ciallaíonn ‘rannpháirtí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar páirtí é i gconradh le soláthraí seirbhísí teileachumarsáide i dtaca leis na seirbhísí sin; |
(n) |
ciallaíonn ‘teileachumarsáid’ comharthaí a tharchur agus a ghlacadh ar aon mhodh leictreamaighnéadach; |
(o) |
ciallaíonn ‘líonra teileachumarsáide’ córais tarchuir, agus i gcás inarb infheidhme, trealamh lasctha nó ródúcháin agus acmhainní eile, lena n-áirítear eilimintí neamhghníomhacha líonra, a cheadaíonn iompar comharthaí ar shreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile; |
(p) |
ciallaíonn ‘údarás rialála teileachumarsáide’ an comhlacht nó na comhlachtaí a gcuireann Páirtí de chúram air nó orthu rialú a dhéanamh ar líonraí teileachumarsáide agus seirbhísí teileachumarsáide eile a chumhdaítear leis an Roinn seo; |
(q) |
ciallaíonn ‘seirbhís teileachumarsáide’ seirbhís, a bhaineann go hiomlán nó go príomha le hiompar comharthaí ar líonraí teileachumarsáide, ar líonraí teileachumarsáide, lena n-áirítear seirbhísí a úsáidtear le haghaidh craolacháin, ach lena n-eisiatar seirbhísí a sholáthraíonn ábhar a tharchuirtear trí úsáid a bhaint as líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó seirbhísí a bhfuil smacht eagarthóireachta acu ar an ábhar sin |
(r) |
ciallaíonn ‘seirbhís uilíoch’ an tacar íosta de cháilíocht a shonraítear nach mór a chur ar fáil do gach úsáideoir, nó do thacar úsáideoirí, i gcríoch Páirtí, nó i bhforoinn den chríoch sin, beag beann ar a suíomh geografach agus ar phraghas inacmhainne; agus |
(s) |
ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann seirbhís teileachumarsáide poiblí. |
Airteagal 167
Údarás Rialála Teileachumarsáide
1. Bunóidh gach Páirtí nó coinneoidh sé ar bun comhlacht rialála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
(a) |
a bheith leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách ó thaobh feidhme de ó aon soláthraí seirbhísí seachadta, seirbhísí teileachumarsáide nó trealaimh teileachumarsáide; |
(b) |
úsáid a bhaint as nósanna imeachta agus cinntí a dhéanamh atá neamhchlaonta i ndáil le rannpháirtithe uile an mhargaidh; |
(c) |
gníomhú go neamhspleách agus nach lorgaíonn sé ná ní ghlacann sé treoracha ó aon chomhlacht eile maidir le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dó le dlí chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 169, 170, 171, 173 agus 174; |
(d) |
an chumhacht rialála a bheith aige, chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna, chun na cúraimí a luaitear i bpointe (c) den Airteagal seo a dhéanamh; |
(e) |
an chumhacht a bheith aige a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide, an fhaisnéis go léir a sholáthar dó, go pras arna iarraidh sin, (25)lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais, is gá chun a chumasú dó na cúraimí a luaitear i bpointe (c) den Airteagal seo a dhéanamh; agus |
(f) |
a chumhachtaí a ghníomhú go trédhearcach tráthúil. |
2. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na cúraimí a shannfar don údarás rialála teileachumarsáide a chur in iúl go poiblí i bhfoirm inrochtana shoiléir, go háirithe i gcás ina sannfar na tascanna sin do níos mó ná comhlacht amháin.
3. Páirtí a choinníonn úinéireacht nó ceannas ar sholáthraithe a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, áiritheoidh sé go mbeidh deighilt struchtúrach idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le ceannas.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh ceart ag soláthraí nó úsáideoir líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide a ndéantar difear dó le cinneadh ag an údarás rialála teileachumarsáide chun achomharc a dhéanamh os comhair comhlacht achomhairc atá neamhspleách ar an údarás rialála agus aon pháirtithe eile a ndéanfar difear dóibh. Go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc, beidh feidhm ag an gcinneadh mura ndeonófar bearta idirthréimhseacha i gcomhréir le dlí an Pháirtí.
Airteagal 168
Údarú chun líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide a sholáthar
1. Ceadóidh gach Páirtí soláthar líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide gan údarú foirmiúil roimh ré.
2. Cuirfidh gach Páirtí ar fáil go poiblí na critéir, nósanna imeachta agus na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme faoina gceadaítear do sholáthraithe líonraí teileachumarsáide agus seirbhísí teileachumarsáide a chur ar fáil.
3. Aon chritéir údarúcháin agus nósanna imeachta is infheidhme, beidh siad chomh simplí, oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach comhréireach agus is féidir. Aon choinníoll a fhorchuirtear ar údarú nó atá bainteach leis, beidh sé neamh-idirdhealaitheach trédhearcach comhréireach agus beidh baint aige leis na seirbhísí nó na líonraí a sholáthrófar.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfaighidh iarratasóir ar údarú i scríbhinn na cúiseanna a bhaineann le haon údarú a dhiúltú nó a chúlghairm nó le coinníollacha a bhaineann go sonrach le soláthraí a fhorchur. Sna cásanna sin, beidh an ceart chun achomhairc ag an iarratasóir os comhair comhlacht achomhairc.
5. Táillí riaracháin a fhorchuirfear ar sholáthraithe, beidh siad oibiachtúil trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus ar comhréir leis na costais riaracháin a thabhaítear go réasúnach i mbainistiú, rialú agus i bhforfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo (26).
Airteagal 169
Idirnascadh
Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh sé de cheart ag soláthraí líonraí teileachumarsáide poiblí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí agus, nuair a iarrfaidh soláthraí eile líonraí teileachumarsáide poiblí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí sin air, d’oibleagáid air caibidlíocht a dhéanamh maidir le hidirnasc chun críocha líonraí teileachumarsáide poiblí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí a sholáthar.
Airteagal 170
Rochtain agus Úsáid
1. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar d’aon fhiontar nó soláthraí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile a chumhdaítear rochtain ar líonraí teileachumarsáide poiblí nó ar sheirbhísí teileachumarsáide poiblí nó cead iad a úsáid ar théarmaí agus ar choinníollacha réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha (27). Cuirfear an oibleagáid sin i bhfeidhm, inter alia, trí mhíreanna 2 go 5.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh rochtain ag fiontair faoi chumhdach nó ag soláthraithe seirbhíse de chuid an Pháirtí eile ar aon líonra teileachumarsáide poiblí nó ar aon seirbhís teileachumarsáide poiblí a thairgtear laistigh dá theorainn nó thar theorainn an Pháirtí eile, lena n-áirítear ciorcaid phríobháideacha léasaithe, agus chun na críche sin, faoi réir mhír 5, go gceadófar do na fiontair agus do na soláthraithe sin:
(a) |
trealamh teirminéil nó trealamh eile a cheannach, a léasú nó a cheangal, a théann i gcomhéadan leis an líonra agus is gá chun a n-oibríochtaí a dhéanamh; |
(b) |
ciorcaid atá léasaithe nó ar úinéireacht phríobháideach a idirnascadh le líonraí teileachumarsáide poiblí nó le ciorcaid atá léasaithe nó ar úinéireacht ag fiontar nó soláthraí seirbhíse cumhdaithe eile; agus |
(c) |
a rogha prótacal oibríochta a úsáid ina gcuid oibríochtaí, seachas mar is gá chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí teileachumarsáide ar fáil don phobal i gcoitinne. |
3. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh fiontair chumhdaithe nó soláthraithe seirbhísí de chuid an Pháirtí eile líonraí teileachumarsáide poiblí agus seirbhísí teileachumarsáide poiblí a úsáid chun faisnéis a aistriú ina chríoch nó thar a theorainneacha, lena n-áirítear cumarsáid ionchorparáideach de chuid na bhfiontar sin, agus i gcomhair rochtain ar fhaisnéis atá i mbunachair sonraí nó a stóráiltear ar shlí eile i bhfoirm atá inléite ag meaisín i gcríoch ceachtar den dá Pháirtí.
4. D’ainneoin mhír 3, féadfaidh Páirtí cibé bearta is gá a ghlacadh chun slándáil agus rúndacht chumarsáide a áirithiú, faoi réir an cheanglais nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach a bheadh ina shrian ceilte ar an trádáil i seirbhísí nó idirdhealú treallach nó dochosanta nó neamhniú nó srian ar na tairbhí faoin Teideal seo.
5. Áiritheoidh gach Páirtí nach bhforchuirfear aon choinníoll maidir le rochtain ar líonraí nó seirbhísí iompair teileachumarsáide poiblí agus maidir le húsáid a bhaint astu seachas mar is gá chun:
(a) |
na freagrachtaí seirbhíse poiblí atá ar sholáthraithe líonraí teileachumarsáide poiblí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí a chosaint, go háirithe a gcumas i dtaobh a gcuid líonraí nó seirbhísí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne; nó |
(b) |
sláine theicniúil líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí a chosaint. |
Airteagal 171
Díospóidí teileachumarsáide a réiteach
1. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás díospóide idir soláthraithe líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide i ndáil le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as an Roinn seo, agus arna iarraidh sin ag ceachtar den dá pháirtí sa díospóid, go ndéanfaidh an t-údarás rialála teileachumarsáide cinneadh ceangailteach laistigh de thréimhse ama réasúnach chun an díospóid a réiteach.
2. Cuirfear cinneadh an údaráis rialála teileachumarsáide ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht gnó. Tabharfar ráiteas iomlán do na páirtithe lena mbaineann maidir leis na cúiseanna ar a bhfuil an cinneadh sin bunaithe agus beidh ceart achomhairc acu dá dtagraítear in Airteagal 167(4).
3. Maidir leis an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ní chuirfidh sé cosc ar cheachtar páirtí lena mbaineann caingean a thabhairt os comhair údarás breithiúnach.
Airteagal 172
Coimircí Iomaíocha ar Mhórsholáthraithe
Tabharfaidh gach Páirtí bearta iomchuí isteach nó coinneoidh sé ar bun iad chun críocha cosc a chur ar sholáthraithe líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide, arb é atá iontu, ina n-aonar nó in éindí, mórsholáthraí, cosc a chur orthu cleachtais fhrithiomaíocha a dhéanamh nó leanúint díobh. Áireofar sna cleachtais fhrithiomaíocha an méid seo a leanas:
(a) |
tras-fhóirdheonú frithiomaíoch a dhéanamh; |
(b) |
faisnéis a fhaightear ó iomaitheoirí a úsáid agus torthaí frithiomaíocha a bheith air sin; agus |
(c) |
gan faisnéis theicniúil faoi shaoráidí fíor-riachtanacha ná faisnéis atá ábhartha ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse eile, ar bhonn tráthúil, ar faisnéis í a bhfuil gá acu léi chun seirbhísí a sholáthar. |
Airteagal 173
Idirnascadh le mórsholáthraithe
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh mórsholáthraithe líonraí teileachumarsáide poiblí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí, go ndéanfaidh siad idirnascacht a chur ar fáil ag aon phointe is indéanta go teicniúil sa líonra. Soláthrófar an t-idirnasc sin:
(a) |
faoi théarmaí agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha (lena n-áirítear maidir le rátaí, caighdeáin theicniúla, sonraíochtaí, cáilíocht agus cothabháil) agus de cháilíocht nach lú fabhar ná an t-idirnasc a sholáthraítear do sheirbhísí comhchosúla an mhórsholáthraí sin féin, nó do sheirbhísí comhchosúla a fhochuideachtaí nó a chuideachtaí comhlacha eile; |
(b) |
go tráthúil, ar théarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear i dtaca le rátaí, caighdeáin teicniúla, sonraíochtaí, cáilíocht agus cothabháil) atá trédhearcach, réasúnach, ag féachaint d'indéantacht eacnamaíoch, agus díchuachta a ndóthain ionas nach gá don soláthraí íoc as comhpháirteanna nó saoráidí líonra nach bhfuil gá aige leo i leith na seirbhísí atá le soláthar; agus |
(c) |
arna iarraidh sin, ag pointí de bhreis ar na críochphointí líonra a chuirtear ar fáil do thromlach na n-úsáideoirí, faoi réir muirir lena léirítear costas tógála na saoráidí breise is gá. |
2. Cuirfear ar fáil go poiblí na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hidirnascadh.
3. Cuirfidh mórsholáthraithe ar fáil go poiblí a gcomhaontuithe idirnaisc nó a dtairiscintí idirnaisc tagartha de réir mar is iomchuí.
Airteagal 174
Rochtain ar shaoráidí riachtanacha mórsholáthraithe
Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh mórsholáthraithe ina chríoch a saoráidí riachtanacha a chur ar fáil do sholáthraithe líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide ar théarmaí agus ar choinníollacha réasúnacha, trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha chun seirbhísí teileachumarsáide poiblí a sholáthar, ach amháin nuair nach gá sin chun iomaíocht éifeachtach a bheith ann ar bhonn na bhfíricí a bhailítear agus ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanann an t-údarás rialála teileachumarsáide. D’fhéadfaí a chuimsiú le háiseanna mórsholáthraí gnéithe córais, seirbhísí ciorcaid ar léas agus saoráidí gaolmhara.
Airteagal 175
Acmhainní Tearca
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar cearta úsáide acmhainní ganna, lena n-áirítear speictream raidió, uimhreacha agus cearta slí, a leithdháileadh agus a dheonú ar bhealach oscailte, oibiachtúil, tráthúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus trí chuspóirí leasa ghinearálta a chur san áireamh. Beidh na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na hoibleagáidí a ghabhann le cearta úsáide bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha.
2. Cuirfear ar fáil go poiblí úsáid reatha na mbandaí minicíochta leithdháilte, ach ní gá sainaithint mhionsonraithe a dhéanamh ar an speictream raidió a leithdháiltear d’úsáidí sonracha rialtais.
3. Féadfaidh páirtithe dul i muinín cineálacha cur chuige margadhbhunaithe, amhail nósanna imeachta tairisceana, chun speictream a shannadh d’úsáid tráchtála.
4. Tuigeann na Páirtithe nach bhfuil bearta Páirtí a dhéanann speictream a leithdháileadh agus a shannadh agus minicíocht a bhainistiú ar neamhréir le hAirteagail 128 agus 135. Coinníonn gach Páirtí an ceart bearta bainistithe speictrim agus minicíochta a bhunú agus a chur i bhfeidhm a bhféadfadh sé go mbeadh d’éifeacht acu líon na soláthróirí seirbhísí teileachumarsáide a theorannú, ar choinníoll go ndéanfaidh sé amhlaidh ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an gComhaontú seo. Áirítear leis sin an cumas bandaí minicíochta a leithdháileadh, ag cur san áireamh riachtanais reatha agus todhchaí agus infhaighteacht speictrim.
Airteagal 176
Seirbhís uilíoch
1. Tá an ceart ag gach Páirtí an cineál oibleagáidí seirbhíse uilíche is mian leis a choinneáil ar bun a shainiú agus a raon feidhme agus a chur chun feidhme a chinneadh.
2. Déanfaidh gach Páirtí na hoibleagáidí seirbhíse uilíocha a riar ar bhealach comhréireach trédhearcach oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach a bheidh neodrach i leith iomaíochta agus nach mbeidh níos troime ná mar is gá don chineál seirbhíse uilíche a shainmhíníonn an Páirtí.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh nósanna imeachta chun soláthraithe seirbhíse uilíche oscailte do gach soláthraí líonraí teileachumarsáide poiblí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí. Déanfar sin an t-ainmniú trí bhíthin sásra éifeachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
4. Má shocraíonn Páirtí na soláthraithe seirbhíse uilíche cúiteamh a thabhairt do na soláthraithe seirbhísí uilíocha áiritheoidh sé nach rachaidh an cúiteamh sin thar an nglanchostas arbh é an oibleagáid seirbhíse uilechoitinne ba chúis leis.
Airteagal 177
Inaistritheacht uimhreach
Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le soláthróirí seirbhísí teileachumarsáide poiblí, go soláthróidh siad inaistritheacht uimhreach ar théarmaí agus coinníollacha réasúnacha.
Airteagal 178
Rochtain oscailte ar an dirlíon
1. Áiritheoidh gach Páirtí, de réir a dhlíthe agus a rialachán, go gcuirfidh soláthraithe rochtana idirlín ar chumas úsáideoirí na seirbhísí sin:
(a) |
rochtain a fháil ar fhaisnéis agus inneachar, a rogha feidhmchlár a úsáid agus a sholáthar, faoi réir bainistiú líonra atá neamh-idirdhealaitheach réasúnach trédhearcach comhréireach; agus |
(b) |
úsáid a bhaint as a rogha gaireas, ar choinníoll nach ndéanann na gléasanna sin dochar do shlándáil feistí eile, don líonra nó do na seirbhísí a sholáthraítear ar an líonra sin. |
2. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Páirtithe bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh sábháilteacht phoiblí a chosaint i ndáil le húsáideoirí ar líne.
Airteagal 179
Rúndacht Faisnéise
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le soláthraithe a fhaigheann faisnéis ó sholáthraí eile agus iad i mbun socruithe a chaibidliú de bhun Airteagail 169, 170, 173 agus 174, go mbainfidh na soláthraithe sin úsáid as an bhfaisnéis sin chun na críche ar soláthraíodh í agus urraim á tabhairt gach tráth do rúndacht na faisnéise a tharchuirtear nó a stóráiltear.
2. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le rúndacht cumarsáide agus sonraí tráchta gaolmhara a tharchuirtear trí úsáid a bhaint as líonraí teileachumarsáide poiblí nó as seirbhísí teileachumarsáide poiblí, faoi réir an cheanglais maidir le bearta a chuirtear i bhfeidhm chuige sin, nach é a bheidh sa rúndacht sin bealach chun idirdhealú treallach nó dochosanta nó srian cheilte a dhéanamh ar an trádáil i seirbhísí.
Airteagal 180
Scairshealbhú eachtrach
Maidir le líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide a sholáthar trí bhunú agus d’ainneoin Airteagal 133, ní dhéanfaidh Páirtí ceanglais chomhfhiontair a fhorchur nó teorainn chéatadánach uasta ar scairshealbhú eachtrach nó luach iomlán na hinfheistíochta eachtraí aonair nó na hinfheistíochta eachtraí comhiomláine ar chaipiteal eachtrach.
Airteagal 181
Fánaíocht idirnáisiúnta soghluaiste (28)
1. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú chun rátaí trédhearcacha réasúnacha do sheirbhísí fánaíochta soghluaiste idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealaí ar féidir leo cabhrú le fás na trádála i measc na bPáirtithe a chur chun cinn agus leas tomhaltóirí a fheabhsú.
2. Féadfaidh páirtithe bearta a dhéanamh chun trédhearcacht agus iomaíocht a fheabhsú i dtaca le rátaí idirnáisiúnta fánaíochta soghluaiste agus roghanna malartacha teicneolaíochta ar sheirbhísí fánaíochta, amhail:
(a) |
a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag úsáideoirí deiridh ar fhaisnéis maidir le rátaí miondíola; agus |
(b) |
íoslaghdú a dhéanamh ar bhacainní ar úsáid roghanna teicneolaíochta ar fhánaíocht, trínar féidir le húsáideoirí deiridh a thugann cuairt ar chríoch Páirtí ó chríoch an Pháirtí eile rochtain a fháil ar sheirbhísí teileachumarsáide trí úsáid a bhaint as a rogha feiste. |
3. Spreagfaidh gach Páirtí soláthróirí seirbhísí teileachumarsáide poiblí ina chríoch chun faisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir le rátaí miondíola le haghaidh seirbhísí fánaíochta soghluaiste idirnáisiúnta i gcás teachtaireachtaí gutha, sonraí agus téacs a thairgtear dá gcríoch-úsáideoirí agus iad ag tabhairt cuairte ar chríoch an Pháirtí eile.
4. Ní cheanglóidh aon ní san Airteagal seo ar Pháirtí rátaí nó coinníollacha a rialáil le haghaidh seirbhísí fánaíochta soghluaiste idirnáisiúnta.
ROINN 5
SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS
Airteagal 182
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí airgeadais de bhreis ar Chaibidlí 1, 2, 3 agus 4 den Teideal seo, agus de bhreis ar Ranna 1 agus 2 den Chaibidil seo.
2. Chun críocha na Ranna seo, an téarma ‘gníomhaíochtaí a dhéantar le linn údarás rialtasach a fheidhmiú’ dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 124, ciallaíonn sé an méid seo a leanas (29):
(a) |
gníomhaíochtaí a dhéanann banc ceannais nó údarás airgeadaíochta nó aon eintiteas poiblí eile d’fhonn beartais airgeadaíochta nó ráta malairte a shaothrú; |
(b) |
gníomhaíocht ar cuid de chóras reachtúil slándála sóisialaí nó pleananna scoir phoiblí; agus |
(c) |
gníomhaíochtaí eile dhéanann eintiteas poiblí ar chuntas nó i dteannta ráthaíochta acmhainní airgeadais an Pháirtí nó a eintitis phoiblí nó agus úsáid á baint astu sin. |
3. Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (f) d’Airteagal 124 den Roinn seo, má cheadaíonn Páirtí aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) nó (c) de mhír 2 den Airteagal seo a dhéanamh ar iomaíocht le heintiteas poiblí nó le soláthraí seirbhíse airgeadais, ní áirítear na gníomhaíochtaí sin le ‘gníomhaíochtaí a dhéantar le linn údarás rialtais a fheidhmiú’.
4. Ní bheidh feidhm ag pointe (a) d’Airteagal 124 le seirbhísí a chumhdaítear leis an Roinn seo.
Airteagal 183
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhís airgeadais’ aon seirbhís de chineál airgeadais a thairgeann soláthraí seirbhíse do Pháirtí agus áirítear inti na seirbhísí seo a leanas:
|
(b) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse airgeadais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid Páirtí a fhéachann le seirbhísí airgeadais a sholáthar nó a dhéanann iad a sholáthar agus ní chuimsítear ann eintiteas poiblí |
(c) |
ciallaíonn ‘seirbhís airgeadais nua’ seirbhís de chineál airgeadais lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le táirgí atá ann cheana agus táirgí nua nó an chaoi ina ndéantar táirge a sheachadadh, nach ndéantar a sholáthar ag an soláthraí seirbhíse airgeadais i gcríoch Páirtí ach a sholáthraítear i gcríoch an Pháirtí eile |
(d) |
ciallaíonn ‘eintiteas poiblí’:
|
(e) |
ciallaíonn ‘eagraíocht féinrialála’ aon chomhlacht neamhrialtasach, lena n-áirítear malartán urrús nó todhchaíochtaí nó margadh, gníomhaireacht imréitigh, eagraíocht nó comhlachas eile a dhéanann údarás rialála nó maoirseachta ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais le dlí nó le tarmligean ó rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla, i gcás inarb infheidhme. |
Airteagal 184
Eisceacht stuamachta
1. Ní choiscfidh aon ní sa Chomhaontú seo ar Pháirtí bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun ar chúiseanna stuamachta (30), amhail:
(a) |
infheisteoirí, taisceoirí, sealbhóirí polasaí nó daoine a bhfuil dualgas muiníneach ar sholáthraí seirbhísí airgeadais acu a chosaint; nó |
(b) |
sláine agus cobhsaíocht chóras airgeadais Páirtí a áirithiú. |
2. I gcás nach mbeidh na bearta sin i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, ní úsáidfear iad chun gealltanais nó oibleagáidí an Pháirtí faoin gComhaontú seo a sheachaint.
Airteagal 185
Faisnéis rúnda
Gan dochar d’fhorálacha Chuid a Trí, ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar cheangal ar Pháirtí faisnéis a nochtadh a bhaineann le gnóthaí agus cuntais tomhaltóirí aonair nó le haon fhaisnéis rúnda nó dílseánaigh atá i seilbh eintiteas poiblí.
Airteagal 186
Caighdeáin idirnáisiúnta
Déanfaidh na Páirtithe a ndícheall chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta in earnáil na seirbhísí airgeadais maidir le rialáil agus maoirseacht, maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne imghabhála cánach agus seachanta cánach, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina gcríoch. Is iad na caighdeáin sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, inter alia, na caighdeáin sin a ghlac: an G20; an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais; Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, go háirithe ‘Príomhphrionsabal maidir le Maoirseacht ar Bhaincéireacht Éifeachtach’; Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais, go háirithe a ‘Chroí-Phrionsabal Árachais’; an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, go háirithe ‘Cuspóirí agus Prionsabail an Rialacháin Urrús’; an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais; agus an Fóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch Cánach de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.
Airteagal 187
Seirbhísí Airgeadais ar nuatheachtaithe iad i gCríoch Páirtí
1. Ceadóidh gach Páirtí do sholáthraí seirbhíse airgeadais de chuid an Pháirtí eile atá bunaithe ina chríoch aon seirbhís airgeadais nua a sholáthar a cheadódh sé dá sholáthraithe seirbhíse airgeadais féin a sholáthar de réir a dhlí féin i gcásanna comhchosúla, ar choinníoll nach gá dlí nua a ghlacadh ná dlí atá ann cheana a leasú chun an tseirbhís airgeadais nua a thabhairt isteach. Ní bheidh feidhm ag an méid seo maidir le brainsí an Pháirtí eile atá bunaithe i gcríoch Pháirtí.
2. Féadfaidh Páirtí an fhoirm institiúideach agus dlí trína bhféadfar an tseirbhís a sholáthar a chinneadh agus údarú a cheangal maidir leis an tseirbhís a sholáthar. I gcás ina gceanglaítear an t-údarú sin, déanfar cinneadh laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ní fhéadfar an t-údarú a dhiúltú ach amháin ar chúiseanna stuamachta.
Airteagal 188
Eagraíochtaí féinrialaithe
I gcás ina gceanglóidh Páirtí comhaltas d’aon eagraíocht féinrialála, nó rannpháirtíocht in aon eagraíocht nó rochtain ar an eagraíocht sin, d’fhonn seirbhísí airgeadais de chuid an Pháirtí eile a sholáthar chun seirbhísí airgeadais a sholáthar ina chríoch, áiritheoidh an Páirtí go gcomhlíonfaidh an eagraíocht féinrialaitheach sin na hoibleagáidí faoi Airteagail 129, 130, 137 agus 138.
Airteagal 189
Córais Imréitigh agus Íocaíochta
Faoi théarmaí agus coinníollacha lena dtugtar Cóir Náisiúnta, tabharfaidh gach Páirtí rochtain do sholáthraithe seirbhísí airgeadais an Pháirtí eile atá bunaithe ina chríoch ar chórais íocaíochta agus imréitigh atá á n-oibriú ag eintitis phoiblí, agus ar shaoráidí oifigiúla maoinithe agus athmhaoinithe atá ar fáil i ngnáthchúrsa an ghnáthghnó. Ní thabharfar rochtain faoin Airteagal seo ar iasachtóir rogha deiridh Páirtí.
ROINN 6
SEIRBHÍSÍ MUIRIOMPAIR IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 190
Raon feidhme agus sainmhínithe
1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta de bhreis ar Chaibidlí 1, 2, 3 4 agus Roinn 1 den Chaibidil seo.
2. Chun críocha na Roinne seo agus Caibidlí 1, 2, 3 agus 4 den Teideal seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn 'seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta’ paisinéirí nó lasta a iompar ar shoithí farraige idir calafort Páirtí agus calafort de chuid an Pháirtí eile nó tríú tír, nó idir calafoirt Bhallstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear conradh díreach le soláthraithe seirbhísí iompair eile, d’fhonn oibríochtaí iompair ó dhoras go doras nó uilemhódach a chumhdach faoi dhoiciméad iompair amháin, ach ní áirítear iontu an ceart na seirbhísí iompair eile a sholáthar; |
(b) |
ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair ó dhoras go doras nó uilemhódach’ lasta idirnáisiúnta a iompar trí úsáid a bhaint as níos mó ná modh iompair amháin, lena mbaineann céim farraige idirnáisiúnta, faoi dhoiciméad iompair aonair; |
(c) |
ciallaíonn ‘lasta idirnáisiúnta’ lasta a iompraítear idir calafort Páirtí amháin agus calafort de chuid an Pháirtí eile nó tríú tír, nó idir calafoirt Bhallstáit éagsúla an Aontais; |
(d) |
ciallaíonn ‘seirbhísí tánaisteacha muirí’ seirbhísí láimhseála lasta muirí, seirbhísí imréitigh custaim, seirbhísí trádstórais agus iosta i leith coimeádán, seirbhísí gníomhaireachta muirí, seirbhísí seolta lasta mhuirí, agus seirbhísí stórála agus trádstórála; |
(e) |
ciallaíonn ‘seirbhísí láimhseála lastais mhuirí’ gníomhaíochtaí a fheidhmíonn cuideachtaí stíbheadóireachta, lena n-áirítear oibreoirí críochfoirt ach nach ndéanann gníomhaíochtaí díreacha dugóirí a áireamh má dhéantar na hoibrithe a eagrú go neamhspleách ar na cuideachtaí stíbheadóireachta nó ar na cuideachtaí oibreoireachta críochfoirt, áirítear eagrú agus maoirseacht na nithe seo a leanas leis na gníomhaíochtaí:
|
(f) |
ciallaíonn ‘seirbhísí imréitigh custaim’ gníomhaíochtaí arb é atá iontu foirmiúlachtaí custaim a dhéanamh thar ceann páirtí eile a bhaineann le hallmhairiú, onnmhairiú nó tré-iompar, beag beann ar cibé acu arb iad na seirbhísí sin príomhghníomhaíocht nó gníomhaíocht thánaisteach an tsoláthraí seirbhíse; |
(g) |
ciallaíonn ‘seirbhísí stáisiún coimeádáin agus iosta’ gníomhaíochtaí arb é atá iontu coimeádáin a stóráil, a phacáil, a dhíphacáil nó a dheisiú agus coimeádáin a chur ar fáil lena loingsiú, bíodh sin i limistéir chalafoirt go hintíre; |
(h) |
ciallaíonn ‘seirbhísí gníomhaireachta muirí’ ionadaíocht a dhéanamh, mar ghníomhaire, laistigh de limistéar geografach ar leith, ar leasanna gnó líne loingseoireachta amháin nó níos mó nó cuideachta loingseoireachta amháin nó níos mó, chun na gcríoch seo a leanas:
|
(i) |
Ciallaíonn ‘seirbhísí beatha’, gan dochar do raon feidhme na ngníomhaíochtaí, a fhéadfar a mheas gur cabatáiste iad faoin reachtaíocht náisiúnta ábhartha, lasta idirnáisiúnta a iompar roimh agus ar aghaidh ar muir, lena n-áirítear lasta idirnáisiúnta a choimeád i gcoimeádán, bulclasta a bhriseadh agus bulclasta tirim nó leachtach a bhriseadh, idir calafoirt atá suite ar chríoch Páirtí, ar choinníoll gur ‘ar bhealach’ atá an lasta idirnáisiúnta sin, atá dírithe chuig ceann scríbe, nó a thagann ó chalafort lastais, lasmuigh de chríoch an Pháirtí sin; |
(j) |
ciallaíonn ‘seirbhísí seolta lasta mhuirí’ an ghníomhaíocht arb í oibríochtaí loingseoireachta a eagrú agus faireachán a dhéanamh orthu thar ceann seoladóirí, trí iompar agus seirbhísí gaolmhara a shocrú, trí dhoiciméid a ullmhú agus trí fhaisnéis ghnó a sholáthar; |
(k) |
ciallaíonn ‘seirbhísí calafoirt’ seirbhísí a sholáthraítear laistigh de limistéar calafoirt mhuirí nó ar an mbealach isteach chuige ag comhlacht bainistíochta calafoirt, a fhochonraitheoirí, nó soláthraithe seirbhíse eile chun tacú le hiompar lasta nó paisinéirí; agus |
(l) |
ciallaíonn ‘seirbhísí stórála agus trádstórála’ seirbhísí stórála earraí reoite nó earraí cuisnithe, seirbhísí bulcstórála leachtanna nó gás, agus seirbhísí stórála nó trádstórála eile. |
Airteagal 191
Oibleagáidí
1. Gan dochar do bhearta neamh-chomhréireacha nó do bhearta eile dá dtagraítear in Airteagail 133 agus Airteagal 139, cuirfidh gach Páirtí chun feidhme prionsabal na rochtana neamhshrianta ar mhargaí agus trádáil muirí idirnáisiúnta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach tríd an méid seo a leanas:
(a) |
cóir a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse conarthacha agus do ghairmithe neamhspleácha de chuid an Pháirtí eile, maidir le soláthar a seirbhísí ina chríoch, cóir nach lú fabhar ná an chóir a dhéanann sé, i gcásanna den chineál céanna, dá longa féin, i dtaca leis an méid seo ,inter alia:
|
(b) |
na seirbhísí a leagtar amach anseo thíos a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta an Pháirtí eile, ar théarmaí agus coinníollacha atá réasúnach agus nach lú fabhar ná na cinn is infheidhme maidir lena sholáthraithe ná a shoithí féin ná maidir le soithí nó soláthraithe tríú tír (lena n-áirítear táillí agus muirir, sonraíochtaí agus cáilíocht na seirbhíse atá le soláthar): píolótaíocht, cúnamh tuála agus tarraingthe, soláthar, breoslú agus uisciú, bailiú dramhaíola agus diúscairt dramhaíola, seirbhísí captaein calafoirt, áiseanna loingseoireachta, saoráidí éigeandála deisiúcháin, ancaireacht, seirbhísí cur i mbeart agus díchur i mbeart agus seirbhísí oibríochtúla ar tír atá riachtanach d’oibríochtaí long lena n-áirítear cumarsáid, uisce agus soláthairtí leictreacha; |
(c) |
a cheadú do sholáthraithe seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta, faoi réir údarú ón údarás inniúil i gcás inarb infheidhme, coimeádáin fholmha dá gcuid féin nó atá ar léas acu, nach bhfuil á n-iompar mar lastas le haghaidh íocaíochta idir calafoirt de chuid na Ríochta Aontaithe nó idir calafoirt Bhallstáit an Aontais; agus |
(d) |
cead a thabhairt do sholáthróirí idirnáisiúnta seirbhísí muiriompair de chuid an Pháirtí eile seirbhísí friothála a sholáthar idir calafoirt na Ríochta Aontaithe nó idir calafoirt Bhallstáit de chuid an Aontais, faoi réir an údaraithe ón údarás inniúil i gcás inarb infheidhme. |
2. Agus an prionsabal dá dtagraítear i mír 1 á chur i bhfeidhm, ní dhéanfaidh Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
socruithe maidir le comhroinnt lasta a thabhairt isteach i gcomhaontuithe a bheidh ann sa todhchaí le tríú tíortha maidir le seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta, lena n-áirítear an trádáil tirim agus leachtach agus línéir, agus deireadh a chur, laistigh de thréimhse réasúnta ama, leis na socruithe sin maidir le comhroinnt lasta i gcás inarb ann dóibh i gcomhaontuithe atá an cheana; |
(b) |
beart a ghlacadh ná a choinneáil ar bun lena gceanglaítear nach n-iomprófar iomlán aon lasta idirnáisiúnta, ná cuid de, ach ar shoithí atá cláraithe sa Pháirtí sin nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú náisiúnach de chuid an Pháirtí sin; |
(c) |
díothú agus staonadh ó aon bhearta aontaobhacha nó constaicí riaracháin, teicniúla agus eile a thabhairt isteach a d’fhéadfadh a bheith ina srian faoi cheilt nó a bhféadfadh éifeachtaí idirdhealaitheacha a bheith acu ar shaorsholáthar seirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta; agus |
(d) |
ní choiscfidh siad soláthróirí seirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta de chuid an Pháirtí eile ó chonradh díreach a dhéanamh le soláthróirí eile seirbhísí iompair le haghaidh oibríochtaí iompair ó dhoras go doras nó le haghaidh oibríochtaí iompair ilmhódaigh. |
ROINN 7
SEIRBHÍSÍ DLÍ
Airteagal 192
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí dlí ainmnithe de bhreis ar Chaibidlí 1, 2, 3 agus 4 den Teideal seo agus ar Ranna 1 agus 2 den Chaibidil seo.
2. Ní dhéanfaidh aon ní san Roinn seo difear do cheart Páirtí rialáil agus maoirsiú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí dlí ainmnithe ina chríoch ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.
Airteagal 193
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhísí dlíthiúla ainmnithe’ seirbhísí dlí i ndáil leis an dlí dlínse baile agus leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, gan dlí an Aontais Eorpaigh a áireamh; |
(b) |
ciallaíonn ‘dlínse baile’ dlínse (nó cuid de dhlínse) Bhallstát an Aontais Eorpaigh nó na Ríochta Aontaithe ina bhfuair dlíodóir a dteideal gairmiúil dlínse baile nó, i gcás dlíodóir a bhfuil teideal gairmiúil dlínse baile faighte aige i níos mó ná dlínse amháin, aon cheann de na dlínsí sin; |
(c) |
ciallaíonn ‘dlí dlínse baile’ dlí dhlínse baile an dlíodóra (31); |
(d) |
ciallaíonn ‘teideal gairmiúil dlínse baile’:
|
(e) |
ciallaíonn ‘dlíodóir’:
|
(f) |
ciallaíonn ‘dlíodóir an Pháirtí eile’:
|
(g) |
ciallaíonn ‘seirbhísí dlíthiúla’ na seirbhísí seo a leanas:
|
Ní áirítear le ‘seirbhísí dlíthiúla’ ionadaíocht dhlíthiúil os comhair gníomhaireachtaí riaracháin, cúirteanna, agus binsí oifigiúla eile atá bunaithe go cuí de chuid Páirtí, seirbhísí dlíthiúla comhairleacha, dlíthiúla, doiciméadúcháin agus deimhniúcháin arna soláthar ag gairmithe dlí a bhfuil feidhmeanna poiblí curtha ar a gcúram i riaradh an cheartais amhail nótairí, ‘huissiers de justice’ nó ‘tairiscintí poiblí eile et ministériels’, agus seirbhísí arna soláthar ag báillí arna gceapadh ag gníomh oifigiúil rialtais.
Airteagal 194
Oibleagáidí
1. Ceadóidh Páirtí do dhlíodóir de chuid an Pháirtí eile seirbhísí dlí ainmnithe faoi theideal gairmiúil dlínse baile an dlíodóra sin a sholáthar ina chríoch i gcomhréir le hAirteagail 128, 129, 135, 137 agus 143.
2. I gcás ina n-éilíonn Páirtí (an ‘dlínse óstach’) clárú ina chríoch mar choinníoll ar dhlíodóir de chuid an Pháirtí eile seirbhísí dlí ainmnithe a sholáthar de bhun mhír 1, maidir leis na ceanglais agus an próiseas a bhaineann le clárú den sórt sin mar a leanas:
(a) |
ní bheidh sí chomh fabhrach leis na cinn a bhfuil feidhm acu maidir le duine nádúrtha tríú tír a bhfuil seirbhísí dlí á soláthar aige i ndáil le dlí tríú tír nó dlí poiblí idirnáisiúnta faoi theideal gairmiúil tríú tír an duine sin i gcríoch na dlínse óstaí; agus |
(b) |
ní bheidh siad comhionann nó coibhéiseach le haon cheanglas chun athcháiliú isteach i ngairm dhlíthiúil na dlínse óstaí nó chun go ligfear isteach duine i ngairm dhlíthiúil na dlínse óstaí. |
3. Tá feidhm ag mír 4 maidir le soláthar seirbhísí dlí ainmnithe de bhun mhír 1 trí bhunaíocht.
4. Ceadóidh Páirtí do dhuine dlítheanach de chuid an Pháirtí eile brainse a bhunú ina chríoch trína soláthraítear seirbhísí dlí ainmnithe (33) de bhun mhír 1, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach i gCaibidil 2 den Teideal seo agus faoi réir na gcoinníollacha sin. Beidh an méid sin gan dochar do cheanglais go mbeidh céatadán áirithe de scairshealbhóirí, d’úinéirí, de chomhpháirtithe nó de stiúrthóirí duine dhlítheanaigh cáilithe nó go gcleachtfaidh siad gairm áirithe amhail dlíodóirí nó cuntasóirí.
Airteagal 195
Bearta neamh-chomhréireacha
1. Níl feidhm ag Airteagal 194 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
aon bheart neamh-chomhréireach atá ann cheana de chuid Páirtí ar leibhéal arb é:
|
(b) |
leanúint ar aghaidh le haon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó é a athnuachan go pras; nó |
(c) |
modhnú ar aon bheart neamh-chomhréireach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, a mhéid nach laghdaítear ar chomhréireacht an bhirt dá bharr, mar a bhí sé díreach roimh an modhnú, le hAirteagal 194. |
2. Níl feidhm ag Airteagal 194 maidir le haon bheart de chuid Páirtí atá comhsheasmhach leis na forchoimeádais, leis na coinníollacha nó leis na cáilíochtaí a shonraítear i ndáil le hearnáil, le fo-earnáil nó le gníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn 20.
3. Beidh feidhm ag an Roinn seo gan dochar d’Iarscríbhinn 22.
TEIDEAL III
AN TRÁDÁIL DHIGITEACH
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 196
Cuspóir
Is é is cuspóir leis an Teideal seo an trádáil dhigiteach a éascú, aghaidh a thabhairt ar bhacainní trádála gan údar trí mheán leictreonach agus timpeallacht ar líne oscailte shlán iontaofa a áirithiú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí.
Airteagal 197
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta Páirtí a dhéanann difear do thrádáil a chumasaítear ar bhealaí leictreonacha.
2. Níl feidhm ag an Teideal seo maidir le seirbhísí closamhairc.
Airteagal 198
An ceart chun rialála
Athdheimhníonn na Páirtithe an ceart chun rialú a dhéanamh laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach, mar shampla sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, an comhshaol lena n-áirítear athrú aeráide, agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint, cosaint shóisialta nó tomhaltóirí, príobháideacht agus cosaint sonraí nó éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint.
Airteagal 199
Eisceachtaí
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirtear le haon ní sa Teideal seo cosc ar na Páirtithe bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagail 184, 412 agus 415 ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail a leagtar amach ann.
Airteagal 200
Sainmhínithe
1. Tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 124 i dtaca leis an Teideal seo.
2. Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís teileachumarsáide phoiblí le haghaidh cuspóirí cé is moite de chuspóirí gairmiúla; |
(b) |
ciallaíonn ‘cumarsáid margaíochta dhíreach’ aon chineál fógraíochta tráchtála trína ndéanann duine nádúrtha nó dlítheanach teachtaireachtaí margaíochta a chur in iúl go díreach d’úsáideoir trí bhíthin seirbhís teileachumarsáide agus chumhdaítear léi ar a laghad teachtaireachtaí téacs agus ilmheán (SMS agus MMS); |
(c) |
ciallaíonn ‘fíordheimhniú leictreonach’ próiseas leictreonach lena gcumasaítear deimhniú:
|
(d) |
Ciallaíonn ‘ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe’ seirbhís a fhágann gur féidir sonraí a tharchur idir tríú páirtithe trí mheán leictreonach agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an mbaol go gcaillfear, goidfear, go ndéanfar damáiste nó aon athrú neamhúdaraithe; |
(e) |
ciallaíonn 'ríomhshéala' sonraí i bhfoirm leictreonach, a mbaineann duine dlítheanach úsáid astu, atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach , nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú; |
(f) |
ciallaíonn 'ríomhshíniú' sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo:
|
(g) |
Ciallaíonn ‘ríomhstampa ama’ sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn sonraí eile i bhfoirm leictreonach do thréimhse áirithe lena suitear fianaise go raibh na sonraí is déanaí a luadh an tráth sin; |
(h) |
ciallaíonn ‘ríomhsheirbhís iontaobhais’ ríomhsheirbhís lena gcuimsítear:
|
(i) |
ciallaíonn ‘sonraí rialtais’ sonraí atá faoi úinéireacht nó á gcoimeád ag aon leibhéal rialtais nó ag comhlachtaí neamhrialtasacha i bhfeidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh ag aon leibhéal rialtais; |
(j) |
ciallaíonn ‘seirbhís teileachumarsáide phoiblí’ aon seirbhís teileachumarsáide a thairgtear don phobal i gcoitinne; |
(k) |
ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann seirbhís teileachumarsáide poiblí. |
CAIBIDIL 2
SREAFAÍ SONRAÍ AGUS COSAINT SONRAÍ PEARSANTA
Airteagal 201
Sreafaí sonraí trasteorann
1. Tá na Páirtithe tiomanta sreabha sonraí trasteorann a áirithiú chun trádáil sa gheilleagar digiteach a éascú. Chuige sin, ní chuirfidh Páirtí srian ar shreafaí sonraí trasteorann idir na Páirtithe:
(a) |
a cheangal go n-úsáidfear saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra i gcríoch an Pháirtí lena bpróiseáil, lena n-áirítear trí úsáid saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra a fhorchur atá deimhnithe nó ceadaithe i gcríoch Páirtí; |
(b) |
a cheangal go ndéanfar sonraí a logánú ar chríoch an Pháirtí lena stóráil nó lena bpróiseáil; |
(c) |
stóráil nó próiseáil i gcríoch an Pháirtí eile a thoirmeasc; nó |
(d) |
aistriú trasteorann sonraí a dhéanamh ag brath ar úsáid saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra i gcríoch na bPáirtithe nó ar cheanglais logánaithe i gcríoch na bPáirtithe. |
2. Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú agus measúnú ar chur chun feidhme na forála seo laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh Páirtí tráth ar bith a mholadh don Pháirtí eile an liosta srianta atá liostaithe i mír 1 a athbhreithniú. Tabharfar breithniú comhbhách d’iarraidh den sórt sin.
Airteagal 202
Sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint
1. Aithníonn gach Páirtí go bhfuil an ceart ag daoine aonair go ndéanfar sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint agus go gcuireann ardchaighdeáin maidir leis sin le muinín sa gheilleagar digiteach agus le forbairt trádála.
2. Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí trasteorann, ar choinníoll go bhforáiltear le dlí an Pháirtí d’ionstraimí lena gcumasaítear aistrithe faoi choinníollacha a mbeidh feidhm ghinearálta (34) acu chun na sonraí a aistrítear a chosaint.
3. Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi aon bheart dá dtagraítear i mír 2 a ghlacfaidh sé nó a choinníonn sé.
CAIBIDIL 3
FORÁLACHA SONRACHA
Airteagal 203
Dleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha
1. Is é a mheastar a bheidh i dtarchuir leictreonacha soláthar seirbhísí de réir bhrí Theideal II den Cheannteideal seo.
2. Ní fhorchuirfidh na Páirtithe dleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha.
Airteagal 204
Gan réamhúdarú
1. Ní cheanglóidh Páirtí réamhúdarú ar sholáthar trí mheán leictreonach trí mheán leictreonach ar an aon fhoras amháin go gcuirtear seirbhís ar fáil ar líne, nó aon cheanglas a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis a ghlacadh nó a choinneáil ar bun.
Cuirtear seirbhís ar fáil ar líne nuair a chuirtear ar fáil í go leictreonach agus gan na páirtithe a bheith i láthair ag an am céanna.
2. Ní feidhm ag mír 1 maidir le seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí craolacháin, seirbhísí cearrbhachais, seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla nó seirbhísí nótairí nó gairmeacha comhchosúla a mhéid a bhaineann siad le nasc díreach sonrach le feidhmiú údaráis phoiblí.
Airteagal 205
Conarthaí a thabhairt i gcrích go leictreonach
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfar conarthaí a thabhairt i gcrích trí mheán leictreonach agus nach ndéanfar lena dhlí bacainní ar úsáid conarthaí leictreonacha agus nach dtiocfar astu nach mbeidh éifeacht agus bailíocht dlí ar aon fhoras amháin go ndearnadh an conradh trí mheán leictreonach.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid a leanas:
(a) |
seirbhísí craolacháin; |
(b) |
seirbhísí cearrbhachais; |
(c) |
seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla; |
(d) |
seirbhísí nótairí nó gairmeacha comhchosúla a bhaineann le nasc díreach sonrach le feidhmiú údaráis phoiblí; |
(e) |
conarthaí lena gceanglaítear a bheith ar an bhfinnéiú go pearsanta; |
(f) |
conarthaí lena mbunaítear nó a aistrítear cearta i gcúrsaí réadmhaoine; |
(g) |
conarthaí lena gceanglaítear de réir dlí go mbeadh baint ag cúirteanna, údaráis phoiblí nó ag gairmeacha a fheidhmíonn údarás poiblí leo; |
(h) |
conarthaí urraíochta a dheonaítear, urrúis chomhthaobhacha a thabharfaidh daoine atá ag gníomhú chun críocha lasmuigh dá gceard, gnó nó gairm; nó |
(i) |
conarthaí a rialaítear leis an dlí teaghlaigh nó leis an dlí teaghlaigh nó leis an dlí comharbais. |
Airteagal 206
Ríomh-fhíordheimhniú agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe
1. Ní dhiúltóidh Páirtí éifeacht dhlíthiúil agus ceadmhacht ríomhdhoiciméad in imeachtaí dlíthiúla, ríomhshíniú, ríomshéala ná ríomhstampa ama ná sonraí a sheoltar agus a fhaightear agus úsáid a bhaint as ríomhsheirbhís seachadta cláraithe ar aon fhoras amháin gur i bhfoirm leictreonach atá sé.
2. Ní dhéanfaidh Páirtí bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun lena ndéanfaí:
(a) |
cosc a chur ar pháirtithe in idirbheart modhanna fíordheimhnithe leictreonacha iomchuí dá n-idirbhearta a chinneadh go frithpháirteach; nó |
(b) |
cosc a chur ar pháirtithe in idirbheart leictreonach é a bheith ar a gcumas a chruthú d’údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin go mbeadh an úsáid a bhainfí as fíordheimhniú leictreonach nó seirbhís iontaoibhe i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme. |
3. D’ainneoin mhír 2, féadfaidh Páirtí a cheangal, i dtaca le catagóir áirithe idirbheart, go ndéanfaidh údarás atá creidiúnaithe i gcomhréir lena dhlí nó a chomhlíonann caighdeáin áirithe feidhmíochta a bheidh oibiachtúil, trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus nach mbainfidh ach le saintréithe sonracha na catagóire idirbheart lena mbaineann, go ndéanfaidh an t-údarás sin an modh fíordheimhnithe nó an tseirbhís iontaoibhe a dheimhniú.
Airteagal 207
Cód foinseach a aistriú nó rochtain air
1. Ní dhéanfaidh Páirtí ceanglas maidir le haistriú cóid foinse bogearraí, ná rochtain air, atá in úinéireacht ag duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid an Pháirtí.
2. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr:
(a) |
beidh feidhm ag na heisceachtaí ginearálta, na heisceachtaí slándála agus an eisceacht stuamachta dá dtagraítear in Airteagal 199 maidir le bearta Páirtí atá glactha nó a choimeádtar ar bun i gcomhthéacs nós imeachta deimhniúcháin; agus |
(b) |
níl feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le haistriú deonach cóid foinse, nó rochtain a dheonú air, ar bhonn tráchtála ag duine nádúrtha nó dlítheanach den Pháirtí eile, i gcomhthéacs idirbhirt soláthair phoiblí nó conartha a chaibidlítear go neamhshrianta. |
3. Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil san Airteagal seo difear:
(a) |
ceanglas cúirte nó binse riaracháin, nó ceanglas ó údarás iomaíochta de bhun dlí iomaíochta Páirtí srian nó saobhadh iomaíochta a chosc nó a leigheas; |
(b) |
ceanglas arna chur ag comhlacht rialála de bhun dlíthe nó rialacháin de chuid Páirtí a bhaineann le cosaint na sábháilteachta poiblí i ndáil le húsáideoirí ar líne, faoi réir coimircí i gcoinne nochtadh neamhúdaraithe; |
(c) |
do chearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú; agus |
(d) |
ceart Páirtí bearta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal III de Chomhaontú GPA arna ionchorprú le hAirteagal 277 den Chomhaontú seo. |
Airteagal 208
Muinín tomhaltóirí ar líne
1. Agus an tábhacht a bhaineann le muinín tomhaltóirí sa trádáil dhigiteach a fheabhsú, déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena áirithiú go dtabharfar cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a bhíonn ag gabháil d’idirbhearta ríomhthráchtála, lena n-áirítear bearta, agus ní na bearta sin amháin, lena ndéanfar:
(a) |
cleachtais mhealltacha agus cleachtais chalaoiseacha a thoirmeasc; |
(b) |
a cheangal ar sholáthraithe earraí agus seirbhísí feidhmiú de mheon maith agus cloí le cleachtais chothroma tráchtála, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar phraghas a ghearradh ar thomhaltóirí i leith earraí agus seirbhísí nár iarradh; |
(c) |
a cheangal ar sholáthraithe earraí agus seirbhísí faisnéis shoiléir iomlán a chur ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear nuair a ghníomhaíonn siad trí sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha, maidir lena sonraí céannachta agus teagmhála, an t-idirbheart lena mbaineann, lena n-áirítear príomhthréithe na n-earraí agus na seirbhísí agus an praghas iomlán lena n-áirítear na muirir uile is infheidhme, agus na cearta tomhaltóirí is infheidhme (i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, áirítear leis seo a chumasú don soláthraí earraí nó seirbhísí an fhaisnéis sin a chur ar fáil); agus |
(d) |
rochtain a dheonú do thomhaltóirí ar shásamh mar gheall ar sháruithe ar a gcearta, lena n-áirítear ceart chun leigheasanna más rud é go n-íoctar as earraí agus seirbhísí nach ndéantar a sheachadadh nó a sholáthar de réir mar a aontaíodh. |
2. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé cumhachtaí forfheidhmithe leordhóthanacha a chur de chúram ar ghníomhaireachtaí cosanta tomhaltóirí nó ar comhlachtaí ábhartha eile agus aithníonn siad an tábhacht a bhaineann le comhar idir na gníomhaireachtaí d’fhonn tomhaltóirí a chosaint agus muinín tomhaltóirí ar líne a fheabhsú.
Airteagal 209
Cumarsáid maidir le margaíocht dhíreach gan iarraidh
1. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar cosaint éifeachtach ar chumarsáidí nár iarraidh maidir le margaíocht dhíreach.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear cumarsáidí margaíochta dírí chuig úsáideoirí ar daoine nádúrtha iad mura mbeidh a dtoiliú tugtha i gcomhréir le dlíthe cumarsáidí den chineál sin a fháil.
3. D’ainneoin mhír 2, maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhailigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i ndlí an Pháirtí sin, sonraí teagmhála úsáideora i gcomhthéacs earraí nó seirbhísí, ní cheadóidh Páirtí dóibh cumarsáidí nár iarraidh maidir le margaíocht dhíreach a chur chuig an úsáideoir i dtaca lena n-earraí ná a seirbhísí féin ná a samhail sin.
4. Áiritheoidh gach Páirtí gur féidir cumarsáidí díreacha a aithint go soiléir, go nochtfar leo cé thar a gceann a ndéanfar iad agus go mbeidh iontu an fhaisnéis is gá chun a chumasú do thomhaltóirí scor a iarraidh saor in aisce agus aon tráth.
5. Cuirfidh gach Páirtí rochtain ar shásamh ar fáil d’úsáideoirí i gcoinne soláthraithe cumarsáide maidir le margaíocht dhíreach nach bhfuil i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh nó arna gcoimeád de bhun mhíreanna 1 go 4.
Airteagal 210
Sonraí oscailte rialtais
1. Aithníonn na Páirtithe go gcuirtear le spreagadh na forbartha eacnamaíche agus sóisialta, an iomaíochais, na táirgiúlachta agus na nuálaíochta trí rochtain an phobail ar shonraí rialtais agus úsáid na sonraí sin a éascú.
2. A mhéid a roghnaíonn Páirtí sonraí rialtais a dhéanamh inrochtana don phobal, féachfaidh sé leis an méid seo a leanas a áirithiú, a mhéid is indéanta, maidir leis na sonraí:
(a) |
i bhformáid lenar féidir é a chuardach, a aisghabháil, a úsáid, a athúsáid agus a athdháileadh go héasca; |
(b) |
tá sé i bhformáid atá inléite ag meaisín agus atá cumasaithe ó thaobh spáis de; |
(c) |
ina bhfuil meiteashonraí tuairisciúla, atá chomh caighdeánach agus is féidir; |
(d) |
cuirtear ar fáil é trí Chomhéadain Ríomhchláraithe Feidhmchláir atá iontaofa, soláimhsithe don úsáideoir agus a bhfuil fáil saor in aisce orthu; |
(e) |
nuashonraítear go rialta é; |
(f) |
nach bhfuil sé faoi réir coinníollacha úsáide atá idirdhealaitheach nó a chuireann srian gan ghá ar athúsáid; agus |
(g) |
go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil lena hathúsáid i gcomhréir iomlán le rialacha na bPáirtithe maidir le cosaint sonraí pearsanta faoi seach. |
3. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú chun bealaí a shainaithint ina bhféadfaidh gach Páirtí rochtain ar shonraí rialtais a chuir an Páirtí ar fáil don phobal a mhéadú agus úsáid a bhaint astu, d’fhonn deiseanna gnó a fheabhsú agus a ghiniúint, thar a n-úsáid ag an earnáil phoiblí.
Airteagal 211
Comhar maidir le saincheisteanna rialála i ndáil le trádáil dhigiteach
1. Malartóidh na Páirtithe faisnéis maidir le cúrsaí rialála i gcomhthéacs na trádála digití, ina dtabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas:
(a) |
seirbhísí fíordheimhnithe agus iontaoibhe leictreonacha idir-inoibritheacha a aithint agus a éascú; |
(b) |
láimhseáil cumarsáidí maidir le margaíocht dhíreach; |
(c) |
cosaint tomhaltóirí; agus |
(d) |
aon ábhar eile atá ábhartha maidir le forbairt na trádála digití, lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le rialacha ná coimircí Páirtí chun sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint, lena n-áirítear maidir le haistrithe trasteorann sonraí pearsanta.
Airteagal 212
Tuiscint maidir le seirbhísí ríomhaireachta
1. Comhaontaíonn na Páirtithe, chun trádáil i seirbhísí agus in infheistíocht a léirscaoileadh i gcomhréir le Teideal II den Cheannteideal seo, go n-áireofar na seirbhísí seo a leanas mar ríomhsheirbhísí agus seirbhísí gaolmhara, is cuma an soláthraítear trí líonra iad, lena n-áirítear an tIdirlíon:
(a) |
an chomhairleoireacht, an t-oiriúnú, an straitéis, an anailís, an phleanáil, an tsonraíocht, an dearadh, an fhorbairt, an tsuiteáil, an cur chun feidhme, an comhtháthú, an tástáil, an dífhabhtú, an nuashonrú, an tacaíocht, an cúnamh teicniúil, bainistiú ríomhairí nó córas ríomhaireachta nó bainistiú le haghaidh ríomhairí nó córais ríomhaireachta; |
(b) |
na cláir ríomhaireachta a shainmhínítear mar na tacair treoracha is gá chun ríomhairí a chur ag obair agus cumarsáid a dhéanamh (ina measc féin), chomh maith leis an gcomhairliúchán, an straitéis, an anailís, an phleanáil, an tsonraíocht, an dearadh, an fhorbairt, an tsuiteáil, an cur chun feidhme, an comhtháthú, an tástáil, an dífhabhtú, an nuashonrú, an t-oiriúnú, an chothabháil, an tacaíocht, an cúnamh teicniúil, bainistiú ríomhchláir nó bainistiú le haghaidh ríomhchláir nó a n-úsáid |
(c) |
seirbhísí próiseála sonraí, stóráil sonraí, óstáil sonraí nó bunachar sonraí; |
(d) |
seirbhísí cothabhála agus deisithe le haghaidh innealra agus trealamh oifige, lena n-áirítear ríomhairí; agus |
(e) |
seirbhísí oiliúna le haghaidh baill foirne cliant, a bhaineann le ríomhchláir, ríomhairí nó ríomhchórais, seirbhísí nach bhfuil aicmithe áit ar bith eile. |
2. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní mheasfar gur seirbhísí ríomhaireachta ná seirbhísí gaolmhara iontu féin iad seirbhísí arna gcumasú ag ríomhaire agus ag seirbhísí gaolmhara, seachas na seirbhísí a liostaítear I mír 1.
TEIDEAL IV
GLUAISEACHTAÍ CAIPITIL, ÍOCAÍOCHTAÍ, AISTRITHE AGUS BEARTA COIMIRCE SEALADACHA
Airteagal 213
Cuspóirí
Is é is cuspóir don Teideal seo saorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí a bhaineann le léirscaoileadh idirbheart faoin gComhaontú a chumasú.
Airteagal 214
Cuntas Reatha
Ceadóidh gach Páirtí, in airgeadra is inchomhshóite gan bhac agus i gcomhréir le hAirteagail Chomhaontú an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, aon íocaíochtaí agus aistrithe i leith idirbhearta ar chuntas reatha an chomhardaithe íocaíochtaí a thagann faoi réim an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 215
Gluaiseachtaí Caipitil
1. Ceadóidh gach Páirtí, i dtaca le hidirbhearta ar chuntas caipitil agus airgeadais an chomhardaithe íocaíochtaí, saorghluaiseacht chaipitil chun infheistíochtaí agus idirbhearta eile a léirscaoileadh dá bhforáiltear i dTeideal II den Cheannteideal seo.
2. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sa Choiste Speisialaithe um Sheirbhísí, infheistíocht agus Trádáil Dhigiteach chun an ghluaiseacht chaipitil eatarthu a éascú d’fhonn trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn.
Airteagal 216
Bearta a dhéanann difear do ghluaiseachtaí caipitil nó aistrithe
1. Ní dhéanfar a fhorléiriú le hAirteagail 214 agus 215 cosc a chur ar Pháirtí a dhlíthe agus a rialacháin a chur i bhfeidhm maidir le:
(a) |
féimheacht, dócmhainneacht nó cosaint chearta na gcreidiúnaithe; |
(b) |
déileáil nó trádáil in urrúis, todhchaíochtaí, roghanna agus ionstraimí airgeadais eile a eisiúint nó iad a eisiúint; |
(c) |
tuarascáil nó taifeadadh airgeadais ar ghluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe i gcás inar gá chun cuidiú le forfheidhmiú an dlí nó le húdaráis rialála airgeadais; |
(d) |
cionta coiriúla nó pionósacha, cleachtais mheabhlacha nó chalaoiseacha; |
(e) |
comhlíontacht le horduithe nó breithiúnais i dtaca le himeachtaí breithiúnacha nó riaracháin; nó |
(f) |
slándáil shóisialta, scéimeanna scoir nó scéimeanna coigiltis éigeantacha. |
2. Ní chuirfear na dlíthe ná na rialacháin dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go treallach ná go hidirdhealaitheach, ná ní bheidh iontu thairis sin srian faoi cheilt ar ghluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí ná aistrithe.
Airteagal 217
Bearta coimirce sealadacha
1. I gcúinsí eisceachtúla inarb ann do dheacrachtaí tromchúiseacha i dtaca le haontas eacnamaíoch agus airgeadais an Aontais Eorpaigh a oibriú, nó i gcás baoil gurb ann do na deacrachtaí sin, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta coimirce a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i dtaca le gluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí.
2. Cuirfear teorainn leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhfuil géarghá leis.
Airteagal 218
Srianta i gcás deacrachtaí maidir le comhardú íocaíochtaí agus maoiniú seachtrach
1. Má bhíonn deacrachtaí tromchúiseacha maidir le comhardú íocaíochtaí nó maoiniú seachtrach ag Páirtí, nó má bhíonn an baol ann gurb ann dóibh, féadfaidh sé bearta sriantacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i dtaca le gluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe (35).
2. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
beidh siad comhsheasmhach le hAirteagail Chomhaontú an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta; |
(b) |
ní rachaidh siad thar an méid is gá chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí dá dtuairiscítear i mír 1; |
(c) |
beidh siad sealadach agus déanfar iad a chéimniú amach de réir a chéile de réir mar a fheabhsóidh an staid a shonraítear i mír 1; |
(d) |
seachnófar leo go ndéanfar damáiste neamhriachtanach do leasanna tráchtála, eacnamaíocha agus airgeadais an Pháirtí eile; agus |
(e) |
beidh siad neamh-idirdhealaitheach i gcomparáid le tríú tíortha i gcúinsí comhchosúla. |
3. I gcás trádáil in earraí, féadfaidh gach Páirtí bearta sriantacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun a staid sheachtrach airgeadais nó a chomhardú íocaíochtaí a choimirciú. Beidh na bearta sin i gcomhréir leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil agus i gcomhréir le forálacha Chomthuiscint um Chomhardú Íocaíochtaí an Chomhaontaithe Ghinearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994.
4. I gcás trádáil i seirbhísí, féadfaidh gach Páirtí bearta sriantacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun a staid sheachtrach airgeadais nó a chomhardú íocaíochtaí a choimirciú. Beidh na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal XII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Seirbhísí.
5. An Páirtí a dhéanfaidh bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, cuirfidh sé in iúl don Pháirtí eile iad go pras.
6. Má dhéanann Páirtí srianta faoin Airteagal seo a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán go pras sa Choiste Speisialaithe um Ghluaiseachtaí Caipitil mura dtéitear i mbun comhairliúchán i bhfóraim eile. Déanfaidh an Coiste measúnú an gcomhardú íocaíochtaí nó ar nadeacrachtaí seachtracha airgeadais ba chúis leis na bearta sin agus aird á tabhairt ar fhachtóirí amhail:
(a) |
cineál agus méid na ndeacrachtaí; |
(b) |
an timpeallacht sheachtrach eacnamaíoch agus trádála; agus |
(c) |
bearta ceartaitheacha malartacha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil. |
7. Tabharfar aghaidh sna comhairliúcháin faoi mhír 6 ar chomhlíonadh mhír 1 agus mhír 2 i gcás aon bheart sriantach. Glacfar leis na torthaí ábhartha uile de chineál staidrimh nó fíorasach a thíolacfaidh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), i gcás inarb infhaighte, agus cuirfear san áireamh sna conclúidí measúnú CAI ar chomhardú agus ar staid airgeadais sheachtrach an Pháirtí lena mbaineann.
TEIDEAL V
MAOIN INTLEACHTÚIL
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 219
Cuspóirí
Is iad seo a leanas cuspóirí an Teidil seo:
(a) |
táirgeadh, soláthar, agus tráchtálú táirgí agus seirbhísí nuálacha cruthaitheacha idir na Páirtithe a éascú trí shaobhadh agus bacainní ar an trádáil sin a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuidiú le geilleagar níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí; agus |
(b) |
leibhéal leordhóthanach éifeachtach cosanta agus forfheidhmithe a áirithiú i dtaobh cearta maoine intleachtúla. |
Airteagal 220
Raon feidhme
1. Leis an Teideal seo comhlánófar agus sonrófar a thuilleadh cearta agus oibleagáidí gach Páirtí faoi Chomhaontú TRIPS agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta eile i réimse na maoine intleachtúla a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.
2. Ní chuirfidh an Teideal cosc ar cheachtar den dá Pháirtí cosaint agus forfheidhmiú níos láidre ar chearta maoine intleachtúla a thabhairt isteach ná mar a cheanglaítear faoin Teideal seo, ar choinníoll nach sáraíonn an chosaint agus an forfheidhmiú sin an Teideal seo.
Airteagal 221
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Pháras’ Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint an 20 Márta 1883, arna athbhreithniú go deireanach i Stócólm an 14 Iúil 1967; |
(b) |
ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Bheirn’ Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint an 9 Meán Fómhair 1886 arna athbhreithniú i bPáras an 24 Iúil 1971 agus arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979; |
(c) |
ciallaíonn ‘Coinbhinsiún na Róimhe’ Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chosaint Taibheoirí, Léiritheoirí Fónagram agus Eagraíochtaí Craolacháin, arna dhéanamh sa Róimh an 26 Deireadh Fómhair 1961 |
(d) |
ciallaíonn ‘EDMI’ an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil; |
(e) |
ciallaíonn ‘cearta maoine intleachtúla’ gach catagóir maoine intleachtúla a chumhdaítear le hAirteagail 225 go 255 den Chomhaontú seo nó Ranna 1 go 7 de Chuid II de Chomhaontú TRIPS. Áirítear le cosaint maoine intleachtúla cosaint in aghaidh iomaíocht éagórach dá dtagraítear in Airteagal 10bis de Choinbhinsiún Pháras; |
(f) |
ciallaíonn ‘náisiúnta’, i dtaca leis an gceart maoine intleachtúla ábhartha, duine nó Páirtí a chomhlíonfadh na critéir le haghaidh incháilitheacht chun cosaint a fháil dá bhforáiltear i gComhaontú TRIPS agus i gcomhaontuithe iltaobhacha a tugadh i gcrích agus a riartar faoi choimirce EDMI, a bhfuil Páirtí ina pháirtí conarthach iontu. |
Airteagal 222
Comhaontuithe idirnáisiúnta
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas na comhaontuithe a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu a chomhlíonadh:
(a) |
Comhaontú TRIPS; |
(b) |
Coinbhinsiún na Róimhe; |
(c) |
Coinbhinsiún Bheirn; |
(d) |
Conradh EDMI um Chóipcheart, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 20 Nollag 1996; |
(e) |
Conradh EDMI um Thaibhithe agus Fónagraim arna dhéanamh sa Ghinéiv an 20 Nollaig 1996; |
(f) |
Prótacal a bhaineann le Comhaontú Mhaidrid maidir le Clárú Idirnáisiúnta Marcanna arna ghlacadh i Maidrid an Dé Máirt 27 Meitheamh 1989 arna leasú go deireanach an 12 Samhain 2007; |
(g) |
an Conradh um Dhlí Trádmhairc arna dhéanamh sa Ghinéiv an 27 Deireadh Fómhair 1994; |
(h) |
Conradh maidir le rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc, nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile arna ghlacadh i Marrakech an 27 Meitheamh 2013; |
(i) |
Acht na Ginéive de Chomhaontú na Háige i dtaca le Clárú Idirnáisiúnta Dearaí Tionscail arna ghlacadh sa Ghinéiv an 2 Iúil 1999. |
2. Déanfaidh gach Páirtí gach iarracht réasúnach na comhaontuithe idirnáisiúnta seo a leanas a dhaingniú nó aontú dóibh:
(a) |
Conradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc arna dhéanamh i mBéising an 24 Meitheamh 2012; |
(b) |
Conradh Shingeapór ar Dhlí na dTrádmharcanna arna ghlacadh i Singeapór an 27 Márta 2006. |
Airteagal 223
Ídiú
Ní dhéanann an Teideal seo difear do shaoirse na bpáirtithe lena chinneadh an bhfuil feidhm ag ídiú na gceart maoine intleachtúla, agus cé na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag an ídiú sin.
Airteagal 224
Cóir náisiúnta
1. I dtaca leis na catagóirí uile cearta maoine intleachtúla a chumhdaítear leis an Teideal seo, déanfaidh gach Páirtí cóir nach lú fabhar a thabhairt do náisiúnaigh an Pháirtí eile ná mar a thugann sé dá náisiúnaigh féin maidir le maoin intleachtúil a chosaint, faoi réir, más infheidhme, na n-eisceachtaí dá bhforáiltear cheana, faoi seach, i gCoinbhinsiún Pháras, i gCoinbhinsiún Bheirn, i gCoinbhinsiún na Róimhe agus sa Chonradh um Maoin Intleachtúil i leith Ciorcaid Chomhtháite arna dhéanamh i Washington, an 26 Bealtaine 1989. I dtaca le taibheoirí, táirgeoirí fónagram agus eagraíochtaí craoltóireachta, níl feidhm ag an oibleagáid seo ach amháin i leith na gceart dá bhforáiltear faoin gComhaontú seo.
2. Chun críocha mhír 1, cuimseofar le ‘cosaint’ nithe a dhéanann difear d’infhaighteacht, éadáil, raon feidhme, coinneáil ar bun agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla chomh maith le nithe a bhaineann le faisnéis faoi bhainistiú ceart dá dtagraítear sa Teideal seo, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar dhul timpeall ar bhearta éifeachtacha teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 234 agus bearta a bhaineann le faisnéis faoi bhainistiú ceart dá dtagraítear in Airteagal 235.
3. Féadfaidh Páirtí leas a bhaint as na heisceachtaí a cheadaítear de bhun mhír 1 i dtaca lena nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin, lena n-áirítear a cheangal ar náisiúnach den Pháirtí eile seoladh a ainmniú ina chríoch le haghaidh seirbhíse, nó gníomhaire a cheapadh ina chríoch i gcás an mhéid seo a leanas, maidir leis na heisceachtaí sin:
(a) |
gur gá iad lena áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe nó rialacháin an Pháirtí nach bhfuil ar neamhréir le forálacha an Teidil seo; nó |
(b) |
nach gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach arb é a bheadh ann srian faoi cheilt ar thrádáil. |
4. Níl feidhm ag mír 1 maidir le nósanna imeachta a chuirtear ar fáil i gcomhaontuithe iltaobhacha arna gcur i gcrích faoi choimirce EDMI maidir le cearta maoine intleachtúla a fháil nó a choinneáil.
CAIBIDIL 2
CAIGHDEÁIN MAIDIR LE CEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA
ROINN 1
CÓIPCHEART AGUS CEARTA GAOLMHARA
Airteagal 225
Údair
Tabharfaidh gach Páirtí an ceart eisiach d’údair chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
(a) |
atáirgeadh díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan ar aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó ina iomláine, ar a gcuid oibre; |
(b) |
aon chineál scaipeadh ar an bpobal tríd an leagan bunaidh dá gcuid saothar, nó cóipeanna de, a dhíol nó ar bhealach eile; |
(c) |
aon chumarsáid leis an bpobal maidir lena gcuid saothar trí shreang nó gan sreang, lena n-áirítear a gcuid saothar a chur ar fáil don phobal ar shlí a bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu ó áit agus ag am dá rogha féin; |
(d) |
fosú a dtaibhithe a ligean ar cíos ar bhonn tráchtála don phobal; féadfaidh gach Páirtí a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an bpointe seo maidir le foirgnimh agus saothair ealaíne feidhmí. |
Airteagal 226
Taibheoirí
Tabharfaidh gach Páirtí an ceart eisiach do thaibheoirí chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
(a) |
fosú a dtaibhithe; |
(b) |
atáirgeadh díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan ar aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó ina iomláine, ar fhosú a dtaibhithe; |
(c) |
fosú a dtaibhithe a scaipeadh ar an bpobal, trína ndíol nó ar shlí eile; |
(d) |
fosú a dtaibhithe a scaipeadh ar an bpobal, trí shreang nó gan sreang, lena n-áirítear a gcuid saothar a chur ar fáil don phobal ar shlí a bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu ó áit agus ag am dá rogha féin; |
(e) |
a dtaibhithe a chraoladh ar mhodh gan sreang leis an bpobal, ach amháin i gcás inar taibhiú craolta cheana an taibhiú nó ina ndéantar é ó fhosú; |
(f) |
fosú a dtaibhithe a ligean ar cíos ar bhonn tráchtála don phobal. |
Airteagal 227
Táirgeoirí fónagram
Tabharfaidh gach Páirtí an ceart eisiach do tháirgeoirí fónagram chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
(a) |
atáirgeadh díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan ar aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó ina iomláine, ar a gcuid fónagram; |
(b) |
scaipeadh a gcuid fónagram ar an bpobal, trína ndíol nó ar shlí eile, lena n-áirítear cóipeanna díobh; |
(c) |
a gcuid fónagram a scaipeadh ar an bpobal, trí shreang nó gan sreang, lena n-áirítear a gcuid saothar a chur ar fáil don phobal ar shlí a bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu ó áit agus ag am dá rogha féin; |
(d) |
a gcuid fónagram a ligean ar cíos ar bhonn tráchtála don phobal. |
Airteagal 228
Eagraíochtaí craoltóireachta
Tabharfaidh gach Páirtí an ceart eisiach d’eagraíochtaí craoltóireachta chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
(a) |
fosú a gcraoltaí, cibé acu a tharchuirfear na craoltaí sin de shreang nó ar an aer, lena n-áirítear cábla nó satailít; |
(b) |
atáirgeadh díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan ar aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó ina iomláine, ar fhosú a gcraoltaí, cibé acu a tharchuirfear na craoltaí sin de shreang nó ar an aer, lena n-áirítear cábla nó satailít; |
(c) |
fosuithe dá gcuid craoltaí a chur ar fáil don phobal, trí shreang nó gan sreang ar an aer, trí fhosuithe a gcraoltaí, cibé an traschuirtear na craoltaí trí shreang nó ar an aer lena n-áirítear ar chábla nó satailít ar shlí a bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu ó áit agus ag am dá rogha féin; |
(d) |
fosuithe, lena n-áirítear cóipeanna díobh, trína ndíol nó ar shlite eile, a scaipeadh ar an bpobal cibé acu a tharchuirfear na craoltaí sin de shreang nó ar an aer, lena n-áirítear cábla nó satailít; |
(e) |
a gcraoltaí a athchraoladh trí mheán gan sreang, chomh maith lena gcraoltaí a chur in iúl don phobal má dhéantar an chumarsáid sin in áiteanna a bhfuil rochtain ag an bpobal air ar tháille iontrála a íoc. |
Airteagal 229
Fónagraim a foilsíodh ar chúiseanna tráchtála a chraoladh agus a chur in iúl don phobal
1. Forálfaidh gach Páirtí maidir le ceart chun a áirithiú go n-íocfaidh an t-úsáideoir luach saothair cothromasach aonair le taibhithe agus táirgeoirí fónagraim, má úsáidtear fónagram a fhoilsítear chun críocha tráchtála, nó atáirgeadh den fhónagram sin, le haghaidh craoladh nó cumarsáid leis an bpobal.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go roinnfear an luach saothair cothromasach aonair idir na taibheoirí ábhartha agus na táirgeoirí fónagraim. Féadfaidh gach Páirtí reachtaíocht a achtú a dhéanfaidh, in éagmais comhaontú idir taibheoirí agus táirgeoirí fónagraim, na téarmaí a shocrú ar dá réir a chomhroinnfidh taibheoirí agus táirgeoirí fónagraim an luach saothair cothromasach aonair.
3. Féadfaidh gach Páirtí cearta níos fairsinge, i dtaca le fónagraim a foilsíodh ar chúiseanna tráchtála a chraoladh agus a chur in iúl don phobal, a dheonú do thaibheoirí agus do tháirgeoirí fónagraim.
Airteagal 230
An téarma cosanta
1. Mairfidh cearta údair saothair ar feadh a shaoil agus go ceann 70 bliain tar éis bhás an údair, gan beann ar an dáta a chuirfear an saothar ar fáil go dleathach don phobal.
2. Chun críocha mhír 1 a chur chun feidhme, féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh do rialacha sonracha maidir le ríomh an téarma cosanta de chomhdhéanamh ceoil le focail, saothair chomhúdar chomh maith le saothair chineamatagrafacha nó chlosamhairc. Féadfaidh gach Páirtí foráil maidir le rialacha sonracha ar théarma cosanta saothar gan ainm nó a bhfuil ainm cleite leo a ríomh.
3. Rachaidh cearta eagraíochtaí craoltóireachta in éag 50 bliain i ndiaidh chéadchraoladh craolacháin, bíodh an craolachán craolta le sreang nó ar an aer, lena n-áirítear le cábla nó satailít. Tiocfaidh deireadh le cearta taibheoirí ar a dtaibhithe seachas i bhfónagraim 50 bliain tar éis dháta fosaithe an taibhithe nó, má fhoilsítear nó má chuirtear in iúl don phobal le linn na tréimhse sin, 50 bliain ón uair a gcéadfhoilsítear go dleathach nó a gcuirtear in iúl go dleathach don phobal é, cibé is túisce.
4. Tiocfaidh deireadh le cearta taibheoirí ar a dtaibhithe arna bhfosú i bhfónagraim 50 bliain tar éis dháta fosaithe nó , má fhoilsítear go dleathach nó má chuirtear in iúl go dleathach don phobal le linn na tréimhse sin, 70 bliain is an gníomh sin, cibé is túisce.
5. Rachaidh cearta táirgeoirí fónagram in éag 50 bliain tar éis dóibh an fosú a dhéanamh, nó má dhéantar iad a fhoilsiú go dlíthiúil le linn na tréimhse sin, 70 bliain tar éis dóibh an foilsiú a dhéanamh.
6. Mura ndéantar foilsiú dleathach, i gcás inar cuireadh an fónagram in iúl go dleathach don phobal le linn an ama sin, 70 bliain a bheidh sa téarma cosanta ó uair a dhéantar an gníomh cur in iúl sin. Féadfaidh gach Páirtí foráil mair le bearta éifeachtacha ar bun lena áirithiú go ndéanfar an brabús a ghintear le linn 20 bliain cosanta tar éis 50 bliain a chomhroinnt go cothrom idir taibheoirí agus táirgeoirí fónagraim.
7. Áireofar na téarmaí a leagtar síos san Airteagal seo ón gcéad lá de mhí Eanáir na bliana i ndiaidh an imeachta as ar eascair siad.
8. Féadfaidh gach Páirtí foráil maidir le téarmaí cosanta is faide ná na téarmaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.
Airteagal 231
Ceart athdhíola
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil, ar mhaithe le húdar bunsaothair ealaíne grafaice nó plaistí, maidir le ceart athdhíola, arna shainiú ina cheart doshannta, nach féidir a tharscaoileadh, fiú roimh ré, maidir le ríchíos a fháil bunaithe ar an bpraghas díola a fhaightear ar aon athdhíol ar an obair sin, tar éis an chéad uair a d’aistrigh an t-údar an saothar.
2. Beidh feidhm ag an gceart dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na gníomhaíochtaí athdhíola ar fad lena bhfuil baint ag díoltóirí, ceannaithe nó idirghabhálaithe, gairmithe sa mhargadh ealaíne, cuir i gcás seomraí díolachán, dánlanna agus, go ginearálta, aon déileálaí i saothair ealaíne.
3. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag an gceart dá dtagraítear i mír 1 maidir le gníomhartha athdhíola ina bhfuair an díoltóir an saothar go díreach ón údar níos lú ná trí bliana roimh an athdhíol sin agus nuair nach mó ná íosmhéid áirithe an praghas athdhíola.
4. An nós imeachta um bhailiú an luacha agus a mhéideanna, déanfaidh gach Páirtí é sin a chinneadh le dlí.
Airteagal 232
Bainistiú ceart comhchoiteann
1. Cuirfidh na Páirtithe chun cinn comhar idir a n-eagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne chun críoch infhaighteacht saothar agus ábhair chosanta eile ina gcríocha féin a chothú agus aistriú ioncaim ó chearta idir na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne ina gcríocha féin i dtaca leis na saothair sin agus ábhar cosanta eile.
2. Cuirfidh na Páirtithe trédhearcacht eagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne chun cinn, go háirithe i dtaca le cearta ioncaim a bhailíonn siad, asbhaintí a chuireann siad i bhfeidhm maidir le cearta ioncaim a bhailíonn siad, an úsáid a bhaintear as cearta ioncaim a bhailítear, an beartas leithdháilte agus a raon.
3. Féachfaidh na Páirtithe le socruithe a éascú idir a n-eagraíochtaí comhbhainistíochta faoi seach maidir le cóir neamh-idirdhealaitheach a thabhairt do shealbhóirí cirt a mbainistíonn na heagraíochtaí sin a gcearta faoi chomhaontuithe ionadaíochta.
4. Maidir le heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne atá bunaithe ina chríoch agus a dhéanann ionadaíocht ar eagraíocht bainistíochta comhchoitinne atá bunaithe i gcríoch an Pháirtí eile trí bhíthin comhaontú ionadaíochta, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun go ndéanfar na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne sin a spreagadh chun an méid a bheidh dlite do na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne a íoc go cruinn rialta agus go dícheallach leis na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne a ndéantar ionadaíocht orthu agus go soláthróidh siad do na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne a ndéantar ionadaíocht uirthi faisnéis faoin méid ceart ioncaim a bhailítear thar a ceann agus maidir le haon asbhaintí a dhéanfar thar a ceann agus maidir le haon asbhaintí a dhéantar i leith an ioncaim cearta sin.
Airteagal 233
Eisceachtaí agus teorainneacha
Maidir le teorainneacha nó eisceachtaí ar na cearta a leagtar amach in Airteagail 225 go 229, teorannóidh gach Páirtí na teorainneacha nó na heisceachtaí sin chuig cásanna speisialta áirithe nach bhfuil ar neamhréir le gnáthshaothrú na hoibre nó an ábhair eile agus nach ndéanann dochar go míréasúnta do leasanna na gceartsealbhóirí.
Airteagal 234
Bearta teicneolaíocha a chosaint
1. Cuirfidh na Ballstáit cosaint dlí leordhóthanach ar fáil i gcoinne dul timpeall ar aon bhearta teicneolaíocha éifeachtacha a dhéanann an duine lena mbaineann agus a fhios aige, nó tá foras réasúnach ann a thabharfadh le fios go bhfuil sé nó sí ag gabháil don chuspóir sin. Féadfaidh gach Páirtí foráil maidir le córas sonrach le haghaidh bearta teicneolaíochta chun ríomhchláir a chosaint.
2. Cuirfidh gach Páirtí cosaint dlí leordhóthanach ar fáil i gcoinne feistí, táirgí nó comhpháirteanna a mhonarú, a iompórtáil, a dháileadh, a dhíol, a fhógairt iad a bheith ar díol nó ar cíos, nó seilbh a fháil chun críocha tráchtála ar ghairis, táirgí nó comhpháirteanna, nó seirbhísí a sholáthar:
(a) |
a dhéantar a chur chun cinn, a phoibliú nó a chur ar an margadh chun críocha dul timpeall; |
(b) |
atá ar bheagán tábhachta nó úsáide ó thaobh tráchtála de diomaite de dhul timpeall; nó |
(c) |
a dearadh, a táirgeadh, a cuireadh in oiriúint nó a fheidhmítear chun críocha dul timpeall a chumasú, nó a éascú, ar aon bhearta teicneolaíocha éifeachtacha. |
3. Chun críocha na Ranna seo, ciallaíonn ‘bearta teicniúla’, aon teicneolaíocht, aon ghaireas, nó aon chomhpháirt a cheaptar, arna oibriú nó arna hoibriú sa ghnáthchúrsa, chun gníomhartha a chosc nó a shrianadh i leith gníomhartha nach bhfuil údaraithe ag úinéir cirt nó cóipchirt nó aon chirt ghaolmhair, mar a chumhdaítear leis an Roinn seo. Measfar bearta teicneolaíocha a bheith ‘éifeachtach’ i gcás ina rialaíonn na sealbhóirí cirt úsáid saothair faoi chosaint nó úsáid ábhair eile trí rialú rochtana nó próiseas cosanta a chur i bhfeidhm, amhail criptiú, scrobhadh nó claochlú eile an tsaothair nó ábhair eile nó sásra um rialú cóipeanna, a bhaineann cuspóir na cosanta sin amach.
4. D’ainneoin na cosanta dlíthiúla dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh gach Páirtí bearta iomchuí a dhéanamh, de réir mar is gá, lena áirithiú nach gcuirfidh an chosaint dhlíthiúil leordhóthanach ar dhul timpeall ar bhearta teicneolaíochta dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Airteagal seo cosc ar thairbhithe eisceachtaí nó teorainneacha leas a bhaint as eisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear in 233.
Airteagal 235
Oibleagáidí maidir le faisnéis bainistithe ceart
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le cosaint dlí dhóthanach a chur ar fáil ar aon duine a dhéanann go feasach gan údarú aon cheann de na gníomhartha seo a leanas:
(a) |
faisnéis bainistithe ceart leictreonach a bhaint nó a choigeartú; |
(b) |
aon saothair nó ábhar eile a chosnaítear de bhun an Ranna seo ar baineadh faisnéis maidir le bainistíocht ceart díobh nó ar athraíodh an fhaisnéis sin gan údarás a dháileadh, nó a allmhairiú lena ndáileadh, a chraoladh, a chur in iúl nó a chur ar fáil don phobal gan údarú; |
más eol don duine sin, nó a bhfuil foras ann gurb eol dó, go bhfuil sé, tríd an méid sin a dhéanamh, go bhfuil sárú ar aon chóipcheart nó cearta gaolmhara dá bhforáiltear le dlí Pháirtí, á spreagadh, á chumasú, á éascú nó á cheilt aige.
2. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘faisnéis bainistithe ceart’ aon fhaisnéis a chuireann sealbhóirí cirt ar fáil, lena n-aithnítear an saothar nó ábhar eile dá dtagraítear san Airteagal seo, an t-údar nó aon sealbhóir cirt eile, nó faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha úsáide an tsaothair nó an ábhair, agus aon uimhreacha nó cóid a léiríonn an fhaisnéis sin.
3. Beidh feidhm ag mír 2 má bhíonn baint ag aon cheann de na míreanna faisnéise sin le cóip de shaothar, nó ábhar eile dá dtagraítear san Airteagal seo nó má thagann sé chun cinn agus an saothar nó an t-ábhar sin á chur in iúl don phobal.
ROINN 2
TRÁDMHARCANNA
Airteagal 236
Aicmiú trádmharcanna
Coinneoidh gach Páirtí ar bun córas aicmithe trádmharcanna atá comhsheasmhach le Comhaontú Nice maidir le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957, arna leasú agus a athbhreithniú.
Airteagal 237
Comharthaí a fhéadfar a bheith i dtrádmharc
Is éard a fhéadfaidh a bheith i dtrádmharc comharthaí ar bith, go háirithe focail, lena n-áirítear ainmneacha pearsanta, nó dearaí, litreacha, uimhreacha, dathanna, cruth earraí nó pacáistíochta earraí, nó fuaimeanna, ar choinníoll gur féidir leis na comharthaí sin:
(a) |
earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais amháin a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí de chuid gnóthas eile; agus |
(b) |
léiriú i gClár trádmharcanna gach Páirtí faoi seach ar dhóigh a thugann cumas do na húdaráis inniúla agus don phobal ábhar soiléir agus cruinn na cosanta a thugtar dá dhílseánach a chinneadh. |
Airteagal 238
Cearta a thugtar faoin trádmharc
1. Forálfaidh gach Páirtí go dtabharfaidh clárú trádmhairc cearta eisiacha don dílseánach ina leith. Beidh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí i gcomhthéacs gníomhaíochta tráchtála ar úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:
(a) |
aon comhartha atá comhionann leis an trádmharc cláraithe i dtaca le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith; |
(b) |
aon chomhartha más rud é, i ngeall ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis an réamh-thrádmharc agus ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis na hearraí nó seirbhísí atá cumhdaithe ag an trádmharc agus an comhartha, gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal lena n-áirítear an dóchúlacht go mbeadh comhthiomsaitheacht ann idir an comhartha agus an trádmharc cláraithe. |
2. Beidh dílseánach trádmhairc i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí ó earraí a thabhairt isteach, agus iad i mbun gníomhaíochta tráchtála, i gcríoch an Pháirtí gan a bheith scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás ina dtagann na hearraí sin, lena n-áirítear pacáistíocht, ó tíortha eile nó ón bPáirtí eile agus ina mbíonn trádmharc acu, gan údarú, atá comhionann leis an trádmharc Eorpach a cláraíodh i leith na n-earraí sin, nó nach féidir a sainghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin.
3. Rachaidh teidlíocht dílseánaigh thrádmhairc de bhun mhír 2 in éag más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an trádmharc nó nár sáraíodh, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí fianaise ar fáil nach bhfuil dílseánach an trádmhairc i dteideal cosc a chur ar na hearraí sin a cur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.
Airteagal 239
An nós imeachta clárúcháin
1. Forálfaidh gach Páirtí maidir le córas chun trádmharcanna a chlárú ina ndéanfar gach cinneadh críochnaitheach diúltach a dhéanann an riarachán trádmhairc ábhartha, lena n-áirítear diúltú páirteach clárú a dhéanamh, a dhéanann an riarachán trádmhairc, a chur in iúl i scríbhinn don pháirtí ábhartha, agus é réasúnaithe go hiomchuí agus faoi réir achomhairc.
2. Forálfaidh gach Páirtí maidir leis an deis ag tríú páirtithe cur i gcoinne iarratas ar thrádmharc nó, i gcás inarb iomchuí, i gcoinne clárúchán trádmhairc. Beidh na himeachtaí freasúracha sin ina n-imeachtaí sáraíochta.
3. Cuirfidh gach Páirtí bunachar sonraí leictreonach ar fáil go poiblí ina mbeidh iarratais ar thrádmharc agus clárúcháin trádmhairc.
4. Déanfaidh gach Páirtí a dhícheall córas a chur ar fáil le haghaidh iarratas ar phróiseáil clárú agus coinneáil trádmharcanna agus iad a phróiseáil.
Airteagal 240
Trádmharcanna mór le rá
Chun críche éifeacht a thabhairt do chosaint trádmharcanna mór le rá, dá dtagraítear in Airteagal 6bis de Choinbhinsiún Pháras agus Airteagal 16(2) agus (3) de Chomhaontú TRIPS, cuirfidh gach Páirtí i bhfeidhm an Moladh Comhpháirteach maidir le Cosaint Marcanna Mór le Rá, a ghlac Comhthionól Aontas Pháras um Maoin Thionsclaíoch a Chosaint agus Comhthionól Ginearálta EDMI ag an gCeathrú sraith is Tríocha de Chruinnithe Chomhthionóil Bhallstáit EDMI an 20 go dtí an 29 Meán Fómhair 1999.
Airteagal 241
Eisceachtaí ar na cearta a thugtar le trádmharc
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le heisceachtaí teoranta ar na cearta a thugtar le trádmharc amhail úsáid chóir téarmaí tuairisciúla lena n-áirítear tásca geografacha, agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí teoranta eile ar choinníoll go gcuirtear san áireamh leis na heisceachtaí sin leasanna dlisteanacha dhílseánach an trádmhairc agus leasanna tríú páirtithe.
2. Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar an trádmharc, cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint as an méid seo a leanas i gcúrsa trádála:
(a) |
ainm nó seoladh an tríú páirtí, más duine nádúrtha an tríú páirtí; |
(b) |
comharthaí nó tásca a bhaineann le cáilíocht, cainníocht, úsáid bheartaithe, luach, tionscnamh geografach, am táirgthe earraí nó déanamh seirbhíse, nó tréithe eile earraí nó seirbhísí; nó |
(c) |
an trádmharc le haghaidh earraí nó seirbhísí a shainaithint, nó chun tagairt a dhéanamh dóibh, mar earraí nó seirbhísí de chuid dhílseánach an trádmhairc sin, go háirithe, más rud é go bhfuil úsáid an trádmhairc sin riachtanach chun cuspóir beartaithe an earra nó na seirbhíse a shonrú, go háirithe mar ghabhálais nó páirteanna spártha, ar choinníoll go n-úsáideann an tríú páirtí iad i gcomhréir le cleachtais mhacánta i gcúrsaí tionsclaíochta nó tráchtála. |
3. Ní thabharfaidh an trádmharc teideal don dílseánach tríú páirtí a thoirmeasc, i gcúrsa na trádála, ar cheart is luaithe a úsáid nach bhfuil feidhm aige ach i limistéar áirithe amháin má tá an ceart sin aitheanta ag dlíthe an Pháirtí i dtrácht agus laistigh de theorainneacha na críche ina aithnítear é.
Airteagal 242
Forais le cúlghairm a dhéanamh
1. Déanfaidh gach Páirtí a fhoráil go ndlífear trádmharc a chúlghairm, más rud é, laistigh de thréimhse leanúnach cúig bliana, nár baineadh fíorúsáid as ag Páirtí nó lena comhthoil i gcríoch ábhartha Páirtí i ndáil leis na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil sé cláraithe ina leith agus nach ann do chúiseanna cuí ann le neamhúsáid.
2. Déanfaidh gach Páirtí a fhoráil go ndlífear trádmharc a chúlghairm, más rud é, laistigh de thréimhse leanúnach cúig bliana tar éis dháta a thabhairt i gcrích, nár baineadh fíorúsáid as ag Páirtí nó lena comhthoil i gcríoch ábhartha Páirtí i ndáil leis na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil sé cláraithe ina leith agus nach ann do chúiseanna cuí ann le neamhúsáid.
3. Mar sin féin, ní fhéadfaidh aon duine a éileamh, áfach, gur cheart cearta dílseánaigh i dtrádmharc a chúlghairm i gcás inar tosaíodh nó inar atosaíodh ar fhíorúsáid a bhaint as an trádmharc le linn na tréimhse idir an tréimhse cúig bliana a dhul in éag agus comhdú an iarratais ar chúlghairm. Déanfar neamhaird, áfach, de thosú nó atosú úsáide laistigh de thréimhse trí mhí roimh chomhdú an iarratais nó na cúlghairme a thosaigh ar a luaithe ar dhul in éag na tréimhse leanúnaí cúig bliana neamhúsáide, i gcás nach dtarlaíonn na hullmhúcháin don tosú nó don atosú ach amháin tar éis don dílseánach teacht ar an eolas go bhféadfaí an t-iarratas nó an chúlghairm a chomhdú.
4. Féadfar trádmharc a chúlghairm freisin más rud é, tar éis an dáta a cláraíodh é:
(a) |
más rud é, mar thoradh ar ghníomhartha nó neamhghníomhaíocht an dílseánaigh, gur éirigh an trádmharc ina ainm coiteann sa trádáil ar earra nó seirbhís ar cláraíodh ina leith é; |
(b) |
más rud é, mar thoradh ar an úsáid ar bhain dílseánach an trádmhairc as an trádmharc nó ar an úsáid a baineadh as lena thoiliú i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, go bhféadfadh sé go gcuirfeadh sé an pobal a chur amú, go háirithe maidir le cineál, cáilíocht nó tionscnamh geografach na n-earraí nó na seirbhísí sin. |
Airteagal 243
An ceart chun gníomhartha ullmhachta a chosc a mhéid a bhaineann le húsáid pacáistithe nó bealaí eile
I gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfaí úsáid a bhaint as an bpacáistíocht, as lipéid, as gnéithe slándála nó barántúlachta nó as uirlisí slándála nó barántúlachta nó as modhanna eile lena ngreamaítear an trádmharc maidir le hearraí nó seirbhísí agus go mbeadh an úsáid sin ina sárú ar chearta dhílseánach an trádmhairc, beidh sé de cheart ag dílseánach an trádmhairc sin na gníomhartha seo a leanas a thoirmeasc má dhéantar iad le linn trádála:
(a) |
comhartha atá comhionann leis an trádmharc, nó atá cosúil leis an trádmharc, a shocrú ar phacáistiú, ar lipéid, ar chlibeanna, ar ghnéithe slándála nó barántúlachta nó ar fheistí slándála nó barántúlachta, nó ar aon mhodh eile dá bhféadfar an marc a ghreamú; nó |
(b) |
pacáistiú, lipéid, clibeanna, gnéithe slándála nó barántúlachta nó feistí slándála nó barántúlachta, nó aon mhodhanna eile dá ngreamaítear an marc, a thairiscint nó a chur ar an margadh, nó a stocáil chun na gcríoch sin, nó chun iad a allmhairiú nó a onnmhairiú. |
Airteagal 244
Iarratais de mheon mímhacánta
Féadfar trádmharc a dhearbhú a bheith neamhbhailí más de mheon mímhacánta a rinne an t-iarratasóir an t-iarratas ar an trádmharc a chlárú. Féadfaidh gach Páirtí a fhoráil nach gclárófar an trádmharc sin.
ROINN 3
DEARADH
Airteagal 245
Cosaint dearaí cláraithe
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le cosaint dearaí nua bunaidh a cruthaíodh go neamhspleách. Is le clárú a chuirfear an chosaint sin ar fáil agus a bhronnfar cearta eisiacha ar a sealbhóirí i gcomhréir leis an Roinn seo.
Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh Páirtí a mheas gur dearadh bunaidh é dearadh a bhfuil gné shainiúil aige.
2. Beidh an ceart ag sealbhóir dearaidh chláraithe cosc a chur ar thríú páirtithe, nach bhfuil toiliú an tsealbhóra acu ar a laghad, an táirge ar a bhfuil an dearadh atá faoi chosaint agus ina n-ionchorpraítear é a dhéanamh, a thairiscint lena dhíol, a dhíol, a allmhairiú, a onnmhairiú, a stocáil nó úsáid a bhaint as earraí ar a bhfuil an dearadh agus ina n-ionchorpraítear é i gcás ina ndéantar na gníomhartha sin chun críocha tráchtála.
3. Maidir le dearadh a chuirtear i bhfeidhm ar tháirge nó a ionchorpraítear ann arb é atá ann comhpháirt de tháirge casta, ní mheasfar gur táirge nua sainiúil é:
(a) |
ach amháin má bhíonn an chomhpháirt, tar éis í a chur isteach sa táirge ilchasta, fós le feiceáil le linn gnáthúsáid an táirge ilchasta sin; agus |
(b) |
ach amháin a mhéid a chomhlíonann na gnéithe infheicthe sin den chomhpháirt iontu féin na ceanglais ó thaobh úrnuacht agus gné shainiúil de. |
4. Chun críocha phointe (a) de mhír 3, ciallaíonn 'gnáthúsáid' an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir deiridh as earra, gan cothabháil, seirbhísiú nó obair dheisiúcháin a áireamh.
Airteagal 246
Fad cosanta
Is é a bheidh san fhad cosanta a bheidh ar fáil le haghaidh dearaí cláraithe, lena n-áirítear athnuachan ar dhearaí cláraithe, téarma iomlán 25 bliana ó dháta comhdaithe an iarratais (36).
Airteagal 247
Cosaint dearaí neamhchláraithe
1. Tabharfaidh gach Páirtí do shealbhóirí dearaidh neamhchláraithe an ceart chun cosc a chur ar úsáid an dearaidh neamhchláraithe ag aon tríú páirtí nach mbeidh toiliú an tsealbhóra aige, is é sin agus sin amháin, má thagann an úsáid atá faoi chonspóid as an dearadh neamhchláraithe a chóipeáil i gcríoch na bPáirtithe faoi seach (37). Is é a bheidh san úsáid sin ar a laghad an táirge a thairiscint lena dhíol, a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú.
2. Is é an fad cosanta a bheidh ar fáil le haghaidh dearadh neamhchláraithe trí bliana ar a laghad ón dáta ar cuireadh an dearadh ar fáil don phobal i gcríoch an Pháirtí i gceist.
Airteagal 248
Eisceachtaí agus eisiaimh
1. Féadfaidh gach Páirtí eisceachtaí teoranta a chur ar fáil ó chosaint dearaí, lena n-áirítear dearaí neamhchláraithe, ar choinníoll nach bhfuil na dearaí sin ar neamhréir go míréasúnach le gnáthshaothrú dearaí agus nach ndéantar leo dochar míréasúnach do shealbhóir an dearaidh agus cearta dlisteanacha tríú páirtithe á gcur san áireamh.
2. Ní leathnófar cosaint chun dearaí a chumhdach a bheidh faoi réir a gcúinsí teicniúla agus feidhmiúla amháin. Ní bhronnfar le dearadh cearta i ndáil le gnéithe den chuma is gá a atáirgeadh go cruinn ó thaobh déanaimh agus toisí de ionas gur féidir leis an táirge a bhfuil an dearadh ionchorpraithe ann, nó a bhfuil sé le cur i bhfeidhm air, a cheangal go meicniúil le táirge eile, nó a chur isteach i dtáirge eile, nó timpeall air, nó ina choinne, ionas gur féidir le ceachtar den dá tháirge a fheidhm féin a chur de.
3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 245(1), beidh dearadh ar marthain ar dhearadh lenar féidir táirgí so-chómhalartaithe a chur le chéile nó a cheangal le chéile go hiolrach laistigh de chóras modúlach.
Airteagal 249
Gaol le cóipcheart
Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh dearaí, lena n-áirítear dearaí neamhchláraithe, incháilithe lena chosaint faoi dhlí cóipchirt an Pháirtí sin amhail ón dáta a cruthaíodh nó a socraíodh an dearadh in aon fhoirm. Cinnfidh gach Páirtí a mhéid a thabharfar cosaint den sórt sin, lena n-áirítear an leibhéal úrnuachta is gá, agus na coinníollacha i leith an chosaint a thabhairt.
ROINN 4
PAITINNÍ
Airteagal 250
Paitinní agus an tsláinte phoiblí
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann leis an Dearbhú ar Chomhaontú TRIPS agus an tSláinte Phoiblí arna ghlacadh an 14 Samhain 2001 ag Comhdháil Aireachta EDT Doha (‘Dearbhú Doha’). Agus na cearta agus na hoibleagáidí faoin Roinn seo á léiriú agus á gcur chun feidhme, áiritheoidh gach Páirtí comhsheasmhacht le Dearbhú Doha.
2. Cuirfidh gach Páirtí Airteagal 31bis de Chomhaontú TRIPS chun feidhme chomh maith leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Comhaontú TRIPS agus an Fhoscríbhinn leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Comhaontú TRIPS.
Airteagal 251
Síneadh ama ar an tréimhse cosanta a bhronntar ag paitinn ar tháirgí leighis agus ar tháirgí cosanta plandaí
1. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfaidh táirgí míochaine agus táirgí cosanta plandaí (38) a chosnaítear le paitinn ina gcríoch a bheith faoi réir nós imeachta um údarú riaracháin sula gcuirfear ar a margaí faoi seach iad. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfaidh an tréimhse a théann in éag idir comhdú an iarratais ar phaitinn agus chéad údarú an táirge a chur ar an margadh mar a shainítear chun na críche sin leis an reachtaíocht ábhartha, go bhféadfadh sin an tréimhse cosanta éifeachtaigh faoin bpaitinn a ghiorrú.
2. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le tuilleadh cosanta, i gcomhréir lena dhlíthe agus a rialacháin, le haghaidh táirge atá faoi chosaint paitinne, agus a bhí faoi réir ag nósanna imeachta údarúcháin riaracháin, dá dtagraítear i mír 1 chun cúiteamh a thabhairt don sealbhóir paitinne i ngeall ar chosaint éifeachtach paitinne a laghdú. Na téarmaí agus coinníollacha maidir leis an gcosaint bhreise sin a chur ar fáil, lean n-áirítear a fhad, déanfar sin a chinneadh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na bPáirtithe.
3. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘táirge íocshláinte’:
(a) |
aon substaint nó teaglaim substaintí ar maíodh fúithi go raibh airíonna inti lenar féidir galar a chóireáil nó a chosc sa duine daonna nó in ainmhithe; nó |
(b) |
aon substaint nó teaglaim substaintí a fhéadfar a úsáid sa duine daonna nó in ainmhithe nó a thugtar dóibh d’fhonn feidhmeanna fiseolaíochta a thabhairt ar ais, a cheartú nó a mhodhnú trí ghníomh cógaisíochta, imdhíoneolaíoch nó meitibileach, nó trí dhiagnóis leighis a dhéanamh. |
ROINN 5
COSAINT FAISNÉISE NEAMHNOCHTA
Airteagal 252
Rúin ceirde a chosaint
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le nósanna imeachta sibhialta agus leigheasanna iomchuí le haghaidh aon sealbhóir rúin ceirde chun fáil, úsáid nó nochtadh rúin ceirde a chosc, nó sásamh a fháil maidir leis an méid sin nuair a dhéantar é ar bhealach ar neamhréir le cleachtais trádála mhacánta.
2. Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘rún ceirde’ faisnéis lena gcomhlíontar na ceanglais seo uile:
|
(b) |
ciallaíonn ‘sealbhóir rúin ceirde’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn rún ceirde. |
3. Chun críocha na Ranna seo, measfar go mbeidh na hiompraíochtaí seo a leanas ar neamhréir le cleachtais tráchtála mhacánta:
(a) |
rún ceirde a fháil gan toiliú an tsealbhóra rúin ceirde, aon uair a dhéantar é le rochtain neamhúdaraithe ar aon doiciméid, earraí, ábhair, substaintí, nó comhaid leictreonacha, nó iad a leithreasú nó a chóipeáil, is é sin doiciméid, earraí, ábhair, substaintí, nó comhaid leictreonacha atá go dleathach faoi rialú an tsealbhóra rúin ceirde, ina bhfuil an rún ceirde nó ónar féidir an rún ceirde a oibriú amach; |
(b) |
rún ceirde a úsáid nó a nochtadh aon uair a dhéanann duine é gan toiliú an tsealbhóra rúin ceirde, duine a bhfaightear amach ina leith go gcomhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(c) |
fáil, úsáid nó nochtadh rúin ceirde aon uair a dhéanann duine é arbh eol dó, ag an am a rinneadh an rún ceirde a fháil, a úsáid nó nochtadh, nó go mba cheart gurbh eol dó, sna cásanna sin, go bhfuarthas an rún ceirde go díreach nó go neamhdhíreach ó dhuine eile a bhí ag úsáid nó ag nochtadh an rúin ceirde go neamhdhleathach de bhrí phointe (b). |
4. Níl aon ní sa Roinn seo a dtuigfear go gceanglaíonn sé ar ceachtar Páirtí a bhreith go bhfuil aon cheann de na hiompraíochtaí sin ina shárú ar chleachtais tráchtála mhacánta:
(a) |
fionnachtain nó cruthú neamhspleách; |
(b) |
ais-innealtóireacht táirge a cuireadh ar fáil don phobal nó a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh go dleathach ag faighteoir na faisnéise i gcás ina bhfuil faighteoir na faisnéis saor ó aon dualgas atá bailí de réir dlí chun fáil an rúin ceirde a theorannú; |
(c) |
rún ceirde a fháil, a úsáid nó a nochtadh a cheanglaítear nó a cheadaítear le dlí gach Páirtí; |
(d) |
feidhmiú an chirt atá ag oibrithe nó ionadaithe oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin Páirtí. |
5. Ní thuigfear maidir le haon ní sa Roinn seo go ndéanfaidh sé difear d'fheidhmiú na saoirse cainte agus faisnéise, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán, mar a chosnaítear i ngach Páirtí, soghluaisteacht fostaithe a shrianadh nó gur ní é a dhéanfadh difear do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus a gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a dhéanamh, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na bPáirtithe.
Airteagal 253
Cosaint sonraí a chuirtear isteach chun údarú a fháil táirge íocshláinte a chur ar an margadh
1. Déanfaidh gach Páirtí faisnéis rúnda tráchtála a chuirtear isteach chun údarú a fháil chun táirgí íocshláinte a chur ar an margadh (‘údarú margaíochta’) a chosaint ar a nochtadh do thríú páirtithe, mura ndéantar bearta chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí sin a chosaint ar úsáid tráchtála éagórach nó seachas i gcás inar gá an nochtadh ar mhaithe le leas sáraitheach an phobail.
2. Áiritheoidh gach Páirtí nach nglacfaidh, ar feadh tréimhse ama teoranta a bheidh le cinneadh lena dhlí baile agus i gcomhréir le haon choinníollacha a leagtar ina dhlí baile, an t-údarás atá freagrach as údarú margaíochta a dheonú le haon iarratas ina dhiaidh sin ar údarú margaíochta a bhíonn ag brath ar thástálacha réamhchliniciúla nó ar thrialacha cliniciúla cuireadh chuig an údarás sin san iarratas ar an gcéad údarú margaíochta, gan chomhthoiliú sainráite shealbhóir an chéad údarú margaíochta, mura a bhforáiltear dá mhalairt in aon Chomhaontuithe idirnáisiúnta ina bhfuil an na Páirtithe ina bpáirtí.
3. Áiritheoidh gach Páirtí chomh maith, nach gcuirfear ar an margadh, ar feadh tréimhse ama teoranta a bheidh le cinneadh lena dhlí baile agus i gcomhréir le haon choinníollacha a leagtar ina dhlí baile, táirge leighis arna údarú ina dhiaidh sin ag an údarás sin ar bhonn thorthaí na dtástálacha réamhchliniciúla agus na dtrialacha cliniciúla dá dtagraítear i mír 2 gan chomhthoiliú sainráite shealbhóir an chéad údarú margaíochta, mura a bhforáiltear dá mhalairt in aon Chomhaontuithe idirnáisiúnta ina bhfuil an na Páirtithe ina bpáirtí.
4. Tá an tAirteagal seo gan dochar do thréimhsí cosanta breise a fhéadfaidh gach Páirtí a chur ar fáil i ndlí an Pháirtí sin.
Airteagal 254
Cosaint sonraí a chuirtear isteach chun údarú margaíochta a bhaint amach i leith táirgí cosanta plandaí nó do tháirgí bithicíde
1. Aithneoidh gach Páirtí ceart sealadach úinéara tuarascála tástála nó staidéir a chuirtear isteach de chéad uair chun údarú margaíochta a bhaint amach a bhaineann le shubstaint ghníomhach, táirge cosanta plandaí nó do tháirge bithicíde. Le linn na tréimhse sin, ní úsáidfear an tuarascáil tástála ná an tuarascáil staidéir chun tairbhe aon duine eile a bheidh ag féachaint le húdarú margaíochta a fháil do shubstaint ghníomhach, táirge cosanta plandaí nó do tháirge bithicíde, ach amháin i gcás ina gcruthaítear comhthoiliú sainráite an chéad úinéara. Chun críocha an Airteagail seo, tagraítear dó sin mar chosaint sonraí.
2. I dtaca tástáil nó tuarascáil staidéir a chuirfear isteach ar údarú margaíochta le haghaidh substaint ghníomhach nó táirge cosanta plandaí, ba cheart go gcomhlíonfadh sé na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
a bheith riachtanach chun údarú a fháil nó chun údarú a leasú le go gceadófaí é a úsáid ar bharra eile; agus |
(b) |
a bheith deimhnithe gur tuarascálacha iad a chomhlíon prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne nó an dea-chleachtais thurgnamhaigh. |
3. Deich mbliana ar a laghad ón dáta a ndeonóidh údarás ábhartha chéad údarú i gcríoch Páirtí a bheidh sa tréimhse cosanta sonraí.
4. Áiritheoidh gach Páirtí nach ndéanfaidh na comhlachtaí atá freagrach as údarú margaíochta a dheonú an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a úsáid chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin d'aon údarú margaíochta comhleanúnach, is cuma ar cuireadh ar fáil don phobal í nó nár cuireadh.
5. Suífidh gach Páirtí rialacha chun tástáil dhúblach ar ainmhithe veirteabracha a sheachaint.
ROINN 6
CINEÁLACHA PLANDAÍ
Airteagal 255
Cearta chun plandaí a chosaint
Déanfaidh gach Páirtí cearta maidir le cineálacha plandaí a chosaint i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha Nua Plandaí (UPOV) arna athbhreithniú go deireanach sa Ghinéiv an 19 Márta 1991. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun na cearta sin a chur chun cinn agus a fhorghníomhú.
CAIBIDIL 3
CEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA A FHORGHNÍOMHÚ
ROINN 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 256
Oibleagáidí ginearálta
1. Forálfaidh gach Páirtí foráil faoina dhlí féin maidir leis na bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna is gá chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú.
Chun críocha Ranna 1, 2 agus 4 den Chaibidil seo, ní chuimseofar leis an téarma ‘cearta maoine intleachtúla’ cearta a chumhdaítear le Roinn 5 de Chaibidil 2.
2. Maidir leis na bearta agus na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
beidh siad cothrom cothromasach; |
(b) |
ní bheidh siad róchasta ná róchostasach agus ní bheidh teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar ag gabháil leo; |
(c) |
beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach; |
(d) |
agus cuirfear i bhfeidhm iad ar shlí a sheachnóidh bacainní ar thrádáil dhlisteanach agus lena soláthrófar coimircí i gcoinne a mí-úsáide. |
Airteagal 257
Daoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart, na nósanna imeachta agus na leigheasanna
Aithneoidh na Ballstáit gur daoine atá i dteideal a éileamh go gcuirfí i bhfeidhm na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 den Chaibidil seo atá sna daoine seo a leanas:
(a) |
sealbhóirí ceart maoine intleachtúla i gcomhréir le dlí an Pháirtí; |
(b) |
gach duine eile atá údaraithe chun na cearta sin a úsáid, ceadúnaithe go háirithe, a mhéid a cheadaítear é le dlí Páirtí agus i gcomhréir leis; agus |
(c) |
cónaidhmeanna agus comhlachais (39), a mhéid a cheadaítear é le dlí Páirtí agus i gcomhréir leis. |
ROINN 2
FORFHEIDHMIÚ SIBHIALTA AGUS RIARACHÁIN
Airteagal 258
Bearta chun fianaise a chaomhnú
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, fiú roimh thosach feidhme na n-imeachtaí ar fhiúntais an cháis, ar iarratas ó pháirtí a chuir i láthair fianaise atá ar fáil go réasúnach chun tacú lena mhaíomh go ndearnadh sárú ar a cheart maoine intleachtúla nó go bhfuil an ceart sin ar tí a shárú, a ordú go ndéanfar bearta sealadacha atá pras agus éifeachtach chun fianaise ábhartha a chaomhnú i leith an tsáraithe a líomhnaítear, faoi réir coimircí iomchuí agus cosaint faisnéise faoi rún.
2. Féadfar a áireamh leis na bearta sin tuairisc mhionsonraithe a dhéanamh ar na hearraí sáraitheacha, agus samplaí á dtógáil nó gan iad á dtógáil, nó iad a urghabháil go hiarbhír, agus, i gcásanna iomchuí, tuairisc mhionsonraithe a dhéanamh ar na hábhair agus na huirlisí a úsáideadh chun na hearraí sin agus na doiciméid a bhaineann leo a tháirgeadh agus/nó a dháileadh.
Airteagal 259
Fianaise
1. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a chumasú don na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a ordú, arna iarraidh sin ag páirtí a chuir fianaise i láthair atá ar fáil go réasúnach chun tacú lena maíomh agus, le linn dó bunús a thabhairt dá mhaíomh, a thug fianaise ar aird, fianaise atá faoi réir ag an bpáirtí freasúrach, déanfaidh sé a ordú go dtabharfaidh an páirtí freasúrach an fhianaise sin ar aird, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.
2. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá freisin chun a chumasú do na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a ordú, i gcás inarb iomchuí, i gcásanna ina sárófar ceart maoine intleachtúla ar scála tráchtála, faoi ná coinníollacha céanna a leagtar síos i mír 1, a ordú doiciméid bhaincéireachta, airgeadais, nó tráchtála atá faoi rialú an pháirtí fhreasúraigh a chur in iúl, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.
Airteagal 260
Ceart chun faisnéise
1. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcomhthéacs imeachtaí sibhialta a bhaineann le sárú ar cheart maoine intleachtúla agus mar fhreagairt ar iarraidh chuí-údaraithe, chomhréireach ón éilitheoir, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a ordú don duine a rinne an sárú, nó aon duine eile, faisnéis maidir le tionscnamh agus líonraí dáileacháin na n-earraí nó na seirbhísí lena ndéantar sárú ar cheart maoine intleachtúla a sholáthar.
2. Chun críocha mhír 1 , ciallaíonn ‘aon duine eile’ duine:
(a) |
a fuarthas agus na hearraí sáraitheacha ar seilbh aige ar scála tráchtála; |
(b) |
a bhfuarthas go raibh na seirbhísí sáraitheacha á n-úsáid aige ar scála tráchtála; |
(c) |
a bhfuarthas go raibh seirbhísí arna n-úsáid i ngníomhaíochtaí sáraitheacha á soláthar aige ar scála tráchtála; nó |
(d) |
ar chuir an duine dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) in iúl go raibh sé páirteach i dtáirgeadh, monarú nó dáileadh na n-earraí nó i soláthar na seirbhísí. |
3. Cuimseoidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí:
(a) |
ainmneacha agus seoltaí tháirgeoirí, mhonaróirí, dháileoirí, sholáthraithe agus shealbhóirí eile roimhe sin na n-earraí nó na seirbhísí, chomh maith leis na mórdhíoltóirí agus na miondíoltóirí atá beartaithe; |
(b) |
faisnéis ar na cainníochtaí a táirgeadh, a monaraíodh, a seachadadh, a fuarthas nó a ordaíodh, chomh maith leis an bpraghas a fuarthas ar na hearraí nó na seirbhísí i gceist. |
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 gan dochar do dhlíthe eile de chuid Páirtí:
(a) |
lena ndeonaítear don sealbhóir cirt cearta chun faisnéis níos iomláine a fháil; |
(b) |
lena rialaítear úsáid na faisnéise a cuireadh in iúl de bhun an Airteagail seo in imeachtaí sibhialta nó coiriúla; |
(c) |
lena rialaítear an fhreagracht as mí-úsáid an chirt chun faisnéise; |
(d) |
lena dtugtar an deis chun diúltú faisnéis a sholáthar lena gcuirfí iallach ar an duine dá dtagraítear i mír 1 a admháil go raibh sé féin nó garghaolta leis rannpháirteach i sárú ar cheart maoine intleachtúla; |
(e) |
lena rialaítear cosaint rúndacht foinsí faisnéise nó próiseáil sonraí pearsanta. |
Airteagal 261
Bearta sealadacha agus bearta réamhchúraim
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh a údaráis bhreithiúnacha, arna iarraidh sin don iarratasóir, urghaire idirbhreitheach, a eisiúint i gcoinne an tsáraitheora líomhnaithe lena mbeartaítear cosc a chur ar aon sárú atáthar ar tí a dhéanamh ar cheart maoine intleachtúla, nó a thoirmeasc, ar bhonn sealadach agus faoi réir, i gcás inarb iomchuí, íocaíocht pionóis athfhillteach sa chás ina ndéantar foráil maidir leis sin i ndlí an pháirtí, go leanfar ag aghaidh leis na sáruithe líomhnaithe ar an gceart sin, nó leanúint ar aghaidh amhlaidh a chur faoi réir ráthaíochtaí a thaisceadh atá beartaithe lena áirithiú go ndéanfar an sealbhóir cirt a chúiteamh. Féadfar urghaire idirbhreitheach a eisiúint freisin, faoi na coinníollacha céanna, i gcoinne idirghabhálaí a bhfuil a chuid seirbhísí á n-úsáid ag tríú páirtí chun ceart maoine intleachtúla a shárú.
2. Déanfaidh gach Páirtí a fhoráil go mbeidh sé d'údarás ag a údaráis bhreithiúnacha, arna iarraidh sin don iarratasóir, a ordú go ndéanfar na hearraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla a urghabháil nó a chur faoi choimeád ar shlí eile lena chosc go rachaidh siad isteach chuig na bealaí tráchtála nó go mbeidh siad ar gluaiseacht iontu.
3. I gcás sárú líomhnaithe arna dhéanamh ar scála tráchtála, áiritheoidh na gach Páirtí, má léiríonn an páirtí díobhálaithe gurb ann do chúinsí a fhágann gur dócha go gcuirfear i mbaol aisghabháil na ndamáistí, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha a ordú go ndéanfar urghabháil réamhchúraim ar mhaoin shochorraithe agus dhochorraithe an tsáraitheora líomhnaithe, lena n-áirítear a chuid cuntas bainc agus sócmhainní eile dá chuid a bhlocáil. Chuige sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a ordú go gcuirfear doiciméid bhainc, airgeadais nó tráchtála in iúl, nó go dtabharfar rochtain iomchuí ar an bhfaisnéis ábhartha.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh údarás ag na húdaráis bhreithiúnacha, i leith na mbeart dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, a cheangal ar an iarratasóir aon fhianaise atá ar fáil go réasúnach a sholáthar chun a dheimhniú dó féin ar leibhéal leordhóthanach cinnteachta gurb é an t-iarratasóir an sealbhóir cirt agus go bhfuil sárú á dhéanamh ar cheart an iarratasóra, nó go bhfuiltear ar tí an sárú sin a dhéanamh.
Airteagal 262
Bearta ceartaitheacha
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh a údaráis bhreithiúnacha a ordú, arna iarraidh sin don iarratasóir agus gan dochar d'aon damáistí atá dlite don sealbhóir cirt mar gheall ar an sárú, agus gan cúiteamh d'aon sórt, go ndéanfaí earraí a dhíothú nó a bhaint go cinntitheach as na bealaí tráchtála earraí ar chinn siad a bhfuil sárú á dhéanamh acu ar cheart maoine intleachtúla. Ar na coinníollacha céanna féadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha a ordú, más iomchuí, go ndíothófar ábhair agus uirlisí a úsáidtear go príomha chun na hearraí sin a chruthú nó a mhonarú.
2. Beidh an t-údarás ag údaráis bhreithiúnacha gach Páirtí ordú a thabhairt go ndéanfar na bearta sin a chur i gcrích ar speansais an duine a dhéanann an sárú, mura ndéanfar cúiseanna ar leith a agairt gan é sin a dhéanamh.
Airteagal 263
Urghairí
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha, i gcás ina ndéanfar cinneadh breithiúnach gur sáraíodh ceart maoine intleachtúla, urghaire a eisiúint i gcoinne an tsáraitheora atá ceaptha chun a thoirmeasc go leanfar ar aghaidh leis an sárú. Áiritheoidh gach Páirtí freisin go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha urghaire a eisiúint i gcoinne idirghabhálaithe a n-úsáideann tríú páirtí chun ceart maoine intleachtúla a shárú.
Airteagal 264
Bearta malartacha
Féadfaidh gach Páirtí a fhoráil, i gcásanna iomchuí agus ar iarraidh ón duine a d'fhéadfaí a chur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 262 nó Airteagal 263 go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a ordú go n-íocfar cúiteamh airgid leis an bpáirtí díobhálaithe seachas na bearta dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur i bhfeidhm más rud é gur ghníomhaigh an duine go neamhbheartaithe agus gan faillí, dá mba rud é go ndéanfadh forfheidhmiú na mbeart atá i gceist dochar doleigheasta dó agus dá ndealródh sé go mbeadh cúiteamh airgid don pháirtí díobhálaithe réasúnta sásúil.
Airteagal 265
Damáistí
1. Áiritheoidh gach Páirtí go n-ordóidh a údaráis bhreithiúnacha ar iarratas ón bpáirtí díobhálaithe, don sáraitheoir a bhí ag gabháil go feasach do ghníomhaíocht sháraitheach nó a bhí ag gabháil di agus forais réasúnacha aige a bheith feasach ina leith, damáistí a íoc leis an sealbhóir cirt ar damáistí iad is iomchuí don dochar iarbhír a d'fhulaing sé mar gheall ar an sárú.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údaráis bhreithiúnacha an méid seo a leanas agus damáistí á socrú acu:
(a) |
gach gné iomchuí a chur san áireamh, amhail na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, lena n-áirítear brabúis chaillte, a d'fhulaing an páirtí díobhálaithe, aon bhrabúis éagóracha a rinne an duine a rinne an sárú agus, i gcásanna iomchuí, gnéithe seachas tosca eacnamaíocha, amhail an dochar morálta a rinneadh don sealbhóir cirt de bharr an tsáraithe; nó |
(b) |
mar mhalairt ar phointe (a), féadfaidh siad, i gcásanna iomchuí, na damáistí a shocrú mar chnapshuim ar bhonn gnéithe amhail ar a laghad méid na ríchíosanna nó na dtáillí a bheadh dlite dá mba rud é gur iarr an duine a rinne an sárú údarú chun leas a bhaint as an gceart maoine intleachtúla a bhí i gceist. |
3. I gcás nach go feasach, ná le forais réasúnacha aige a bheith feasach, a bhí an duine a rinne an sárú ag gabháil do ghníomhaíocht sháraitheach, féadfaidh na Ballstáit a leagan síos go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha a ordú go ndéanfar na brabúis a ghnóthú nó damáistí a íoc, ar damáistí iad a fhéadfar a réamhbhunú.
Airteagal 266
Costais dlí
Áiritheoidh gach Páirtí, mar riail ghinearálta, gur ar an bpáirtí nár éirigh leis a thitfidh costais dlí réasúnacha, comhréireacha agus speansais eile a thabhóidh an páirtí ar éirigh leis, mura rud é nach mbeadh sé sin cothrom.
Airteagal 267
Cinntí breithiúnacha a fhoilsiú
Áiritheoidh na Ballstáit, in imeachtaí dlí arna dtionscnamh i leith sárú ar cheart maoine intleachtúla, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha, arna iarraidh sin don iarratasóir agus ar chostas an duine a rinne an sárú, bearta iomchuí a ordú chun an fhaisnéis a bhaineann leis an gcinneadh a scaipeadh, lena n-áirítear an cinneadh a chur ar taispeáint agus é a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach.
Airteagal 268
Toimhde i dtaobh údarthachta nó úinéireachta
Chun na bearta, nósanna imeachta agus na leigheasanna dá bhforáiltear i gCaibidil 3 a chur i bhfeidhm:
(a) |
i gcás údar saothair litríochta nó ealaíne, in éagmais cruthúnas ar a mhalairt, gur leor ainm an té sin a bheith le feiceáil ar an saothar ar an ngnáthbhealach ionas go measfar gurb é an t-údar é agus dá dhroim sin go mbeidh sé i dteideal imeachtaí sáraithe a thionscnamh; agus |
(b) |
beidh feidhm ag pointe (a) mutatis mutandis maidir le sealbhóirí ceart a bhaineann le cóipcheart i ndáil leis an ábhar dá gcuid atá faoi chosaint. |
Airteagal 269
Nósanna imeachta riaracháin
A mhéid is féidir aon leigheas sibhialta a ordú de bharr imeachtaí riaracháin ar fhiúntais cháis, beidh na himeachtaí sin i gcomhréir le prionsabail atá coibhéiseach ó thaobh substainte de leis na prionsabail a leagtar amach sa Roinn seo.
ROINN 3
NÓSANNA IMEACHTA BREITHIÚNACHA SIBHIALTA AGUS LEIGHEASANNA AR RÚIN TRÁDÁLA
Airteagal 270
Nósanna imeachta breithiúnacha sibhialta agus leigheasanna ar rúin trádála
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le haon duine atá rannpháirteach sna himeachtaí breithiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 252(1) nó a bhfuil rochtain aige ar dhoiciméid ar cuid de na himeachtaí sin iad, nach gceadófar don duine sin rún ceirde nó rún ceirde líomhnaithe a úsáid nó a nochtadh atá sainaitheanta ag na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, mar fhreagairt ar iarratas atá réasúnaithe go cuí ag páirtí leasmhar go bhfuil na doiciméid sin rúnda agus go bhfuair sé eolas orthu de bharr na rannpháirtíochta nó na rochtana sin.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go leanfaidh an oibleagáid sin dá dtagraítear i mír 1 d'fheidhm a bheith aici tar éis deireadh a bheith curtha leis na himeachtaí breithiúnacha, a fhad is iomchuí.
3. Sna himeachtaí breithiúnacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 252(1), déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh údarás ag a údaráis bhreithiúnacha an méid seo a dhéanamh ar a laghad:
(a) |
bearta ordaithe sealadacha, i gcomhréir lena dhlíthe agus a rialacháin faoi seach, lena n-ordaítear stad nó cosc a chur le húsáid nó nochtadh an rúin ceirde ar dhóigh atá ar neamhréir le cleachtais trádála mhacánta; |
(b) |
bearta ordaithe, i gcomhréir lena dhlíthe agus a rialacháin faoi seach, lena n-ordaítear stad a chur le húsáid nó nochtadh an rúin ceirde ar dhóigh atá ar neamhréir le cleachtais trádála mhacánta, nó cosc a chur leo de réir an cháis; |
(c) |
a ordú, i gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin faoi seach, don duine a fuair, a d'úsáid, nó a nocht rún ceirde ar dhóigh atá ar neamhréir le cleachtais trádála mhacánta agus a raibh a fhios aige nó go mba cheart go mbeadh a fhios aige go raibh rún ceirde á fháil, a úsáid nó aige á nochtadh ar dhóigh atá ar neamhréir le cleachtais trádála mhacánta, a ordú don duine sin damáistí is iomchuí leis an dochar iarbhír a fulaingíodh a íoc leis an sealbhóir rúin ceirde; |
(d) |
bearta sonracha a dhéanamh is gá chun rúndacht aon rúin ceirde a chaomhnú nó rún ceirde líomhnaithe a úsáidtear nó dá dtagraítear in imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 252(1). D'fhéadfaí a chuimsiú leis na bearta sin, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin gach Páirtí faoi seach, lena n-áirítear an ceart chun cosanta, an deis rochtain ar dhoiciméid áirithe a shrianadh go hiomlán nó i bpáirt; rochtain a shrianadh ar éisteachtaí agus ar a dtaifid chomhfhreagracha agus a dtras-scríobh; agus leagan neamhrúnda de chinneadh breithiúnach a chur ar fáil ina bhfuil na sleachta maidir le rúin ceirde bainte amach nó folaithe. |
(e) |
smachtbhannaí a fhorchur ar aon duine atá rannpháirteach sna himeachtaí dlíthiúla agus nach ndéanann nó a dhiúltaíonn orduithe cúirte a chomhlíonadh a bhaineann le cosaint an rúin ceirde nó an rúin ceirde líomhnaithe. |
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar iarratas ar an mbeart, nósanna imeachta nó ar na leigheasanna dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhíbhe más rud é go ndearnadh an fháil, úsáid nó nochtadh líomhnaithe rúin ceirde ar neamhréir le cleachtais trádála mhacánta, i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin:
(a) |
drochiompar, éagóir nó gníomhaíocht neamhdhleathach a nochtadh chun leas an phobail i gcoitinne a chosaint; |
(b) |
nochtadh ag fostaithe dá n-ionadaithe mar chuid d'fheidhmiú dlisteanach a bhfeidhmeanna ag na hionadaithe sin agus riachtanach chuige sin; |
(c) |
chun leas dlisteanach a aithnítear le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí sin a chosaint. |
ROINN 4
FORFHEIDHMIÚ TRASTEORANN
Airteagal 271
Bearta teorann
1. I dtaca le hearraí faoi rialú custaim, déanfaidh gach Páirtí nósanna imeachta a ghlacadh, nó a choinneáil ar bun, faoinar féidir le sealbhóir cirt iarratais a chur isteach lena n-iarrtar ar údaráis chustaim (40)scaoileadh nó coinneáil earraí a chur ar fionraí. Chun críocha na Ranna seo, ciallaíonn ‘earraí faoi amhras’ earraí a bhfuil a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad trádmharcanna, cóipchirt, agus cearta gaolmhara, táscairí geografacha, paitinní, deartha tionsclaíocha, topografaíochtaí ciorcad comhtháite agus cearta cineáil plandaí.
2. Beidh córais leictreonacha ar bun ag gach Páirtí chun na hiarratais a dheonófar nó a thaifeadfar a bhainistiú.
3. Áiritheoidh gach Páirtí nach ngearrfaidh a údaráis chustaim inniúla táille chun na costais riaracháin a eascraíonn as próiseáil iarratais nó as taifead a chumhdach.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údaráis chustaim inniúla cinneadh maidir le hiarratais a dheonú nó a thaifeadadh laistigh de thréimhse réasúnach ama.
5. Déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh feidhm ag na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 maidir le hil-lastais.
6. I dtaca leis na hearraí faoi rialú custaim, áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh a údaráis chustaim gníomhú ar a thionscnamh féin chun scaoileadh earraí faoi amhras a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.
7. Áiritheoidh gach Páirtí go mbainfidh a údaráis chustaim úsáid as anailís riosca chun earraí faoi amhras a shainaithint.
8. Féadfaidh gach Páirtí a údarú dá údaráis chustaim faisnéis a chur ar fáil do cheartshealbhóir, ar a iarraidh sin dó, faoi earraí, lena n-áirítear tuairisc agus na cainníochtaí iarbhír nó measta de, agus más eol sin, ainm agus seoladh an choinsíneora, an onnmhaireora, an allmhaireora agus an choinsíní, agus tír thionscnaimh agus bunáitíocht na n-earraí, a bhfuil a scaoileadh ar fionraí nó atá á gcoimeád.
9. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag gach Páirtí lena gceadófar earraí faoi amhras a scriosadh, gan aon ghá a bheith ann roimh ré le himeachtaí riaracháin nó breithiúnacha chun na sáruithe a chinneadh go foirmiúil, i gcás ina gcomhthoilíonn na daoine i gceist leis an scriosadh nó nach bhfuil siad ina choinne. I gcásanna nach ndéanfar earraí faoi amhras a dhíothú, áiritheoidh gach Páirtí, ach amháin in imthosca eisceachtúla, go ndiúscrófar na hearraí sin lasmuigh de na bealaí tráchtála, ar bhealach lena seachnófar aon dochar don sealbhóir cirt.
10. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag gach Páirtí lena gceadaítear trádmharc góchumtha agus earraí bradacha a sheoltar i gcoinsíneachtaí poist nó mearchúiréirí a scriosadh go pras.
11. Forálfaidh gach Páirtí, i gcás ina n-iarrann na húdaráis chustaim, go mbeidh d'oibleagáid ar shealbhóir an iarratais a deonaíodh nó a taifeadadh na costais a thabhaigh na húdaráis chustaim, nó páirtithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-údarás custaim, ó uair a choimeádtar na hearraí nó a chuirtear a scaoileadh ar fionraí, lena n-áirítear stóráil, láimhseáil agus aon chostais a bhaineann leis na hearraí a scriosadh nó dhiúscairt, na costais sin a chúiteamh.
12. Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí a cuireadh ar an margadh i dtír eile ag na sealbhóirí cirt nó lena dtoiliú. Féadfaidh Páirtí earraí de chineál neamhthráchtála i mbagáiste pearsanta daoine atá ag taisteal a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.
13. Ceadóidh gach Páirtí dá údaráis chustaim idirphlé rialta a choinneáil ar bun agus comhar a chur chun cinn leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus le húdaráis eile a bhfuil baint acu le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú.
14. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí faoi amhras. Go háirithe, a mhéid is féidir, malartóidh na Páirtithe faisnéis ábhartha maidir le trádáil in earraí faoi amhras a dhéanann difear don Pháirtí eile.
15 Gan dochar do chineálacha comhair eile beidh feidhm ag an bPrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim i dtaca le sárú ar an dlí maoin intleachtúil a bhfuil údaráis chustaim Páirtí inniúil chun iad a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 272
Comhsheasmhacht le GATT 1994 agus Comhaontú TRIPS
Agus bearta teorann á gcur chun feidhme acu i dtaca le forfheidhmiú cearta maoine intleachtúla ag custaim, má chumhdaítear sin leis an Roinn seo nó mura gcumhdaítear, áiritheoidh na Páirtithe comhsheasmhacht lena n-oibleagáidí faoi GATT 1994 agus Comhaontú TRIPS agus, go háirithe le hAirteagal V de GATT 1994, Airteagal 41 agus Roinn 4 de Chuid III de Chomhaontú TRIPS.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA EILE
Airteagal 273
Comhar
1. Comhaontóidh na Páirtithe go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile d’fhonn tacú le cur chun feidhme na ngealltanas agus na n-oibleagáidí ar tugadh fúthu sa Teideal seo.
2. Áirítear ar na réimsí comhair, i measc nithe eile, na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) |
malartú faisnéise faoin gcreat dlíthiúil maidir le cearta maoine intleachtúla agus rialacha ábhartha cosanta agus forfheidhmithe; |
(b) |
taithí a mhalartú maidir le dul chun cinn reachtach, cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú agus maidir le forfheidhmiú ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal folárnach ag custaim, póilíní agus comhlachtaí riaracháin agus breithiúnacha; |
(c) |
comhordú, le tíortha eile san áireamh, chun onnmhairiú earraí góchumtha a chosc; |
(d) |
cúnamh teicniúil, forbairt inniúlachta agus malartú agus oiliúint pearsanra; |
(e) |
cearta maoine intleachtúla a chosaint agus faisnéis i leith an mhéid sin a scaipeadh ar chiorcail ghnó agus an tsochaí shibhialta agus eile; |
(f) |
feasacht a chur chun cinn agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas; |
(g) |
feabhas a chur ar an gcomhar institiúideach, idir oifigí maoine intleachtúla na bPáirtithe go háirithe; |
(h) |
feasacht a chur chun cinn agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas i dtaca le cosaint agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla; |
(i) |
cosaint agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a chur chun cinn trí bhíthin comhar poiblí-príobháideach lena mbaineann fiontair bheaga agus meánmhéide; |
(j) |
straitéisí éifeachtacha agus cláir chumarsáide a fhoirmiú chun lucht éisteachta/féachana a shainaithint chun méadú a dhéanamh ar fheasacht tomhaltóirí agus meán ar an éifeacht a bhíonn ag sáruithe maoine intleachtúla, lena n-áirítear an riosca do shláinte agus do shábháilteacht agus an nasc leis an gcoireacht eagraithe. |
3. Coinneoidh na Páirtithe teagmháil ar bun maidir le gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme agus feidhmiú an Teidil seo, go díreach nó tríd an gCoiste Trádála Speisialaithe um Maoin Intleachtúil.
Airteagal 274
Tionscnaimh dheonacha páirtithe leasmhara
Féachfaidh gach Páirtí le tionscnaimh dheonacha páirtithe leasmhara a éascú chun sárú ar chearta maoine intleachtúla a laghdú, lena n-áirítear sárú ar líne agus i margaí eile a dhíríonn ar fhadhbanna coincréiteacha agus ar réitigh phraiticiúla atá réadúil, comhréireach agus cóir do gach duine lena mbaineann, ar na bealaí seo a leanas san áireamh:
(a) |
féachfaidh gach Páirtí le páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile go toiliúil ina chríoch chun tionscnaimh dheonacha a éascú d’fhonn teacht ar réitigh agus easaontais a réiteach i dtaca le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú agus sárú a laghdú; |
(b) |
féachfaidh na Páirtithe le faisnéis a mhalartú lena chéile maidir le hiarrachtaí tionscnaimh dheonacha páirtithe leasmhara ina gcríocha féin a éascú; agus |
(c) |
déanfaidh na Páirtithe iarracht idirphlé oscailte agus comhar a chur chun cinn i measc pháirtithe leasmhara na bPáirtithe, agus páirtithe leasmhara na bPáirtithe a spreagadh chun teacht ar réitigh i gcomhpháirt agus chun easaontais a réiteach maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú agus maidir le sárú a laghdú. |
Airteagal 275
Athbhreithniú i dtaca le tásca geografacha
Agus forálacha ábhartha aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh níos luaithe idir an Ríocht Aontaithe de pháirt agus an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach den pháirt eile á dtabhairt dá n-aire, féadfaidh na Páirtithe iarrachtaí réasúnacha a úsáid go comhpháirteach chun rialacha a chomhaontú maidir lena dtásc geografach a chosaint agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa bhaile.
TEIDEAL VI
SOLÁTHAR POIBLÍ
CAIBIDIL 1
RAON FEIDHME
Airteagal 276
Cuspóir
Tá sé de chuspóir ag an Teideal seo a ráthú do sholáthraithe an dá Pháirtí go mbeidh rochtain acu ar dheiseanna méadaithe chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair phoiblí, agus cur le trédhearcacht nósanna imeachta soláthair phoiblí.
Airteagal 277
Forálacha áirithe den Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais a ionchorprú agus soláthar cumhdaithe
1. Forálacha GPA a shonraítear i Roinn A d'Iarscríbhinn 25, lena n-áirítear Iarscríbhinní an dá Pháirtí a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, déantar leis seo iad a ionchorprú sa Teideal seo.
2. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘soláthar cumhdaithe’ soláthar a bhfuil feidhm ag Airteagal II de GPA maidir leis agus, ina theannta sin, soláthar a liostaítear i Roinn B d'Iarscríbhinn 25.
3. Maidir le soláthar cumhdaithe, cuirfidh gach Páirtí forálacha GPA a shonraítear i Roinn A d'Iarscríbhinn 25 i bhfeidhm, mutatis mutandis, maidir le soláthraithe, earraí nó seirbhísí an Pháirtí eile.
CAIBIDIL 2
RIALACHA BREISE MAIDIR LE SOLÁTHAR CUMHDAITHE
Airteagal 278
Modhanna leictreonacha a úsáid sa soláthar
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a eintitis soláthair soláthar cumhdaithe trí mheán leictreonach a mhéid is féidir.
2. Meastar go bhfuil soláthar cumhdaithe á dhéanamh trí mheán leictreonach ag eintiteas soláthair, má bhaineann an t-eintiteas úsáid as modhanna leictreonacha faisnéise agus cumarsáide chun:
(a) |
fógraí agus doiciméid tairisceana a fhoilsiú i nósanna imeachta soláthair; agus |
(b) |
iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí a chur isteach. |
3. Cé is moite de chásanna sonracha, beidh na modhanna leictreonacha faisnéise agus cumarsáide sin neamh-idirdhealaitheach, beidh siad ar fáil go ginearálta, beidh siad idir-inoibritheach leis na táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá in úsáid go ginearálta, agus ní chuirfidh siad srian ar rochtain ar an nós imeachta soláthair.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a eintitis soláthair sonraisc a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir lena reachtaíocht.
Airteagal 279
Foilseachán leictreonach
Maidir le soláthar cumhdaithe, gach fógra soláthair, lena n-áirítear fógraí faoi sholáthar beartaithe, fógraí achoimre, agus fógraí faoi dhámhachtain conartha, beidh siad inrochtana go díreach trí mheán leictreonach, saor in aisce, trí phointe aonair rochtana ar an idirlíon.
Airteagal 280
Fianaise tacaíochta
Áiritheoidh gach Páirtí nach gcuirfidh eintitis soláthair, an uair a chuirtear iarrataí isteach nó an uair a chuirtear tairiscintí isteach, de cheanglas ar sholáthraithe an fhianaise tacaíochta, nach bhfuil sé i gceann de na cásanna inar féidir soláthraí a eisiamh agus go gcomhlíonann sé na coinníollacha rannpháirtíochta, atá acu nó cuid de a chur isteach, mura gá sin chun ceartfheidhmiú an tsoláthair a áirithiú.
Airteagal 281
Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht
Gach Páirtí, i gcás ina gceanglóidh a eintitis soláthair ar sholáthraí taithí roimh ré a chruthú mar choinníoll maidir le bheith rannpháirteach i soláthar cumhdaithe, áiritheoidh sé nach gceanglóidh a eintitis soláthair go mbeadh an taithí chéanna ag an soláthraí i gcríoch an Pháirtí sin.
Airteagal 282
Córais chlárúcháin agus nósanna imeachta cáilithe
Páirtí a choinníonn córas clárúcháin soláthraithe ar bun, áiritheoidh sé go bhféadfaidh páirtithe leasmhara clárú a iarraidh tráth ar bith. Aon soláthraí leasmhar a rinne iarraidh, cuirfear ar an eolas é laistigh de thréimhse réasúnta ama faoin gcinneadh an iarraidh sin a dheonú nó a dhiúltú.
Airteagal 283
Tairiscint roghnach
Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás ina n-úsáideann eintiteas soláthair nós imeachta tairisceana roghnach, go gcuirfidh an t-eintiteas soláthair cuireadh chun tairiscint a dhéanamh chuig líon soláthraithe ar leordhóthanach é chun a áirithiú gur fíoriomaíocht a bheidh ann gan difear a dhéanamh d'éifeachtúlacht oibríochtúil an chórais soláthair.
Airteagal 284
Praghsanna thar a bheith íseal
De bhreis ar mhír 6 d'Airteagal XV de GPA, má fhaigheann eintiteas soláthair tairiscint ar phraghas atá thar a bheith níos ísle ná na praghsanna i dtairiscintí eile a cuireadh isteach, féadfaidh sé a fhíorú freisin leis an soláthraí ar cuireadh san áireamh sa phraghas deonú státchabhrach.
Airteagal 285
Ceisteanna comhshaoil, sóisialta agus saothair
Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh a eintitis soláthair dálaí comhshaoil, saothair agus sóisialta a chur san áireamh le linn an nós imeachta soláthair, ar choinníoll go mbeidh na cúinsí sin ag luí leis na rialacha a bhunaítear le Caibidlí 1 agus 2 agus go gcuirfear in iúl iad san fhógra maidir le soláthar beartaithe nó i bhfógra eile a úsáidfear mar fhógra maidir le doiciméid soláthair nó tairisceana atá beartaithe.
Airteagal 286
Nósanna imeachta athbhreithniúcháin intíre
1. I gcás ina n-ainmníonn Páirtí údarás riaracháin neamhchlaonta faoi mhír 4 d’Airteagal XVIII de GPA áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
go mbeidh comhaltaí an údaráis ainmnithe neamhspleách, neamhchlaonta, agus saor ó thionchar seachtrach le linn thréimhse a gceapacháin; |
(b) |
nach mbrisfear as a bpost comhaltaí an údaráis ainmnithe in ainneoin a dtola le linn dóibh a bheith in oifig, ach amháin i gcás ina gceanglaítear a mbriseadh faoi na forálacha lena rialaítear an t-údarás ainmnithe; agus |
(c) |
Go bhfuil ag Uachtarán nó ag ball amháin ar a laghad den údarás ainmnithe cáilíochtaí dlí agus gairmiúla atá ar aon chéim leis na cáilíochtaí is gá do bhreithimh, dlíodóirí nó saineolaithe dlí atá cáilithe faoi dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí. |
2. Glacfaidh gach Páirtí nó coinneoidh sé ar bun nósanna imeachta lean bhforáiltear do mhearbhearta eatramhacha gasta chun deis an tsoláthraí páirt a ghlacadh sa soláthar a chaomhnú. D’fheadfaí go dtiocfadh as na bearta eatramhacha sin, dá bhforáiltear i bhfomhír 7(a) d’Airteagal XVIII de GPA an próiseas soláthair a chur ar fionraí nó, i gcás ina mbíonn conradh tugtha i gcrích ag an eintiteas soláthair nó ina bhforáiltear amhlaidh ag Páirtí, feidhmiú an chonartha a chur ar fionraí. Féadfar a fhoráil leis na nósanna imeachta go bhféadfar iarmhairtí díobhálacha sáraitheacha do na leasanna lena mbaineann, lena n-áirítear leas an phobail, a chur san áireamh agus é á chinneadh ar cheart bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm. Soláthrófar cúis chóir, i scríbhinn, le gan gníomh a dhéanamh.
3. I gcás ina bhfuil dúshlán curtha isteach ag soláthraí leasmhar nó rannpháirteach chuig an údarás ainmnithe dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh gach Páirtí i bprionsabal nach ndéanfaidh eintiteas soláthair an conradh a thabhairt i gcrích go dtí go ndéanfaidh an t-údarás sin cinneadh nó moladh maidir le bearta eatramhacha, gníomh ceartaitheach nó cúiteamh arna cailliúintí nó na damáistí a fulaingíodh dá dtagraítear i míreanna 2, 5 agus 6 i gcomhréir lena rialacha rialacháin agus nósanna imeachta. Féadfaidh gach Páirtí a fhoráil gur féidir, i dtosca dosheachanta agus a bhfuil údar cuí leo, an conradh a thabhairt chun críche mar sin féin.
4. Féadfaidh gach Páirtí foráil maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
tréimhse neamhghníomhaíochta idir an cinneadh an conradh a bhronnadh agus a thabhairt i gcrích chun go mbeidh am leordhóthanacha ag soláthraithe neamhrathúla a mheas an iomchuí é nós imeachta athbhreithniúcháin a thionscnamh; nó |
(b) |
tréimhse leordhóthanach do sholáthraí leasmhar dúshlán a thabhairt, arb é a d'fhéadfadh a bheith ann foras maidir le feidhmiú conartha a chur ar fionraí. |
5. D'fhéadfadh a bheith i ngníomh ceartaitheach faoi fhomhír 7(b) d'Airteagal XVIII de GPA, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a) |
sonraíochtaí teicniúla, eacnamaíocha nó airgeadais sa chuireadh chun tairisceana, i ndoiciméid an chonartha nó in aon doiciméad a bhaineann leis an nós imeachta tairisceana agus feidhmiú nósanna imeachta soláthair nua; |
(b) |
An nós imeachta soláthair a athdhéanamh gan na coinníollacha a athrú; |
(c) |
an cinneadh an conradh a bhronnadh a chur i leataobh agus cinneadh nua a ghlacadh maidir leis an gconradh a bhronnadh; |
(d) |
deireadh a chur le conradh nó a dhearbhú go bhfuil sé neamhéifeachtach; nó |
(e) |
bearta eile a ghlacadh d’fhonn sárú ar an Chaibidlí 1 agus 2 a réiteach, suim áirithe airgid a íoc go dtí go ndéanfar an sárú sin a leigheas go héifeachtach mar shampla. |
6. I gcomhréir le fomhír 7(b) d’Airteagal XVIII de GPA, féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh a dheonú maidir le caillteanas nó damáistí a fhulaingítear. Maidir leis sin, más rud é nach cúirt é comhlacht athbhreithnithe an Pháirtí agus go gcreideann soláthraí go ndearnadh sárú ar na dlíthe agus na rialacháin baile lena gcuirtear na hoibleagáidí faoi Chaibidlí 1 agus 2 den Teideal seo a chur chun feidhme, féadfaidh an soláthraí an t-ábhar a thabhairt os comhair cúirte, lena n-áirítear d’fhonn cúiteamh a lorg, i gcomhréir le nósanna imeachta breithiúnacha an Pháirtí.
7. Déanfaidh gach Páirtí na nósanna imeachta is gá a ghlacadh nó a chothabháil trína ndéantar na cinntí nó na moltaí arna ndéanamh ag comhlachtaí athbhreithnithe a chur chun feidhme go héifeachtach, nó trína ndéantar na cinntí arna ndéanamh ag comhlachtaí um athbhreithniú breithiúnach a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
CAIBIDIL 3
CÓIR NÁISIÚNTA A THÉANN THAR SOLÁTHAR CUMHDAITHE
Airteagal 287
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn an chóir a thugann Páirtí:
(a) |
maidir leis an Ríocht Aontaithe, cóir nach lú fabhar ná an chóir is fabhraí a thugtar, i ndálaí comhionanna, do sholáthraithe na Ríochta Aontaithe; agus |
(b) |
i ndáil le Ballstát, cóir nach lú fabhar ná an chóir is fabhraí a thugtar, i gcásanna comhchosúla, laistigh den Bhallstát sin do sholáthraithe na Ríochta Aontaithe. |
2. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn soláthraí Páirtí ar duine dlítheanach é:
(a) |
i gcás an Aontais, duine dlítheanach atá comhdhéanta nó eagraithe faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí ceann amháin ar a laghad dá Bhallstáit agus atá ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó, lena nglacfaidh an tAontas, i gcomhréir lena fhógra faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh don EDT (WT/REG39/1), mar dhuine atá coibhéiseach leis an gcoincheap ‘nasc éifeachtach leanúnach’ le geilleagar Ballstáit a chumhdaítear in Airteagal 54 CFAE; i gcríoch an Aontais; agus |
(b) |
i gcás na Ríochta Aontaithe duine dlítheanach atá comhdhéanta nó eagraithe faoi dhlí na Ríochta Aontaithe agus atá ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch na Ríochta Aontaithe. |
Airteagal 288
Cóir náisiúnta soláthraithe atá bunaithe go háitiúil
1. I dtaca le haon soláthar, ní thiocfaidh as beart a dhéanfaidh Páirtí, cóir do sholáthraithe an Pháirtí eile atá bunaithe ina chríoch féin nach lú fabhar ná mar a thugann sé dá sholáthraithe féin trí dhuine dlítheanach a chomhdhéanamh, a shealbhú nó a choimeád ar bun (41).
2. Cur i bhfeidhm na hoibleagáide cóireála náisiúnta dá bhforáiltear san Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith faoi réir eisceachtaí slándála agus eisceachtaí ginearálta faoi mar a shainmhínítear in Airteagal III de GPA, fiú mura soláthar cumhdaithe atá sa soláthar i gcomhréir leis an Teideal seo.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA EILE
Airteagal 289
Modhnuithe agus ceartúcháin ar ghealltanais maidir le rochtain ar an margadh
Féadfaidh gach Páirtí a ghealltanais maidir le rochtain ar an margadh a mhodhnú nó a cheartú ina Fhoroinn féin faoi Roinn B d'Iarscríbhinn 25 i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 290 go 293.
Airteagal 290
Modhnuithe
1. Páirtí a bhfuil sé ar intinn aige foroinn faoi Roinn B d'iarscríbhinn 25 a mhodhnú, déanfaidh sé:
(a) |
fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile; agus |
(b) |
togra a chuimsiú san fhógra le haghaidh coigeartuithe cúiteacha iomchuí don Pháirtí eile ionas go gcoimeádfar ar bun leibhéal gealltanas maidir le rochtain ar an margadh atá inchomparáide leis an leibhéal a bhí ann roimh an modhnú. |
2. D'ainneoin phointe (b) de mhír 1, ní cheanglaítear ar Pháirtí coigeartuithe cúiteacha a sholáthar don Pháirtí eile má chumhdaítear eintiteas soláthair leis an modhnú ar dhíothaigh an Páirtí go héifeachtach a rialú nó an tionchar a bhíodh aige air ndáil le soláthar cumhdaithe.
Glactar leis gur díothaíodh go héifeachtach rialú nó tionchar Páirtí i leith soláthar cumhdaithe eintiteas soláthair má tá an t-eintiteas soláthair neamhchosanta ar iomaíocht ar mhargaí nach bhfuil rochtain orthu srianta.
3. Féadfaidh an Páirtí eile agóid a dhéanamh i gcoinne an mhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 má dhíospóideann sé:
(a) |
go bhfuil coigeartú cúiteach a moladh faoi phointe (b) de mhír 1 leordhóthanach ionas go gcoimeádfaí ar bun leibhéal gealltanas maidir le rochtain ar an margadh a bheadh inchomparáide leis an leibhéal atá comhaontaithe go frithpháirteach cheana; nó |
(b) |
go gcumhdaítear leis an modhnú eintiteas soláthair ar dhíothaigh an Páirtí go héifeachtach a rialú nó an tionchar a bhíodh aige air faoi mar a fhoráiltear i mír 2. |
Déanfaidh an Páirtí eile agóid i scríbhinn laistigh de 45 lá tar éis dó an fógra a fháil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó measfar gur ghlac sé leis an gcoigeartú cúiteach nó leis an modhnú, lena n-áirítear chun críocha Theideal I de chuid a Sé.
Airteagal 291
Ceartúcháin
1. Páirtí a bhfuil sé ar intinn aige Foroinn faoi Roinn B d'Iarscríbhinn 25 a cheartú, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile i scríbhinn.
Measfar gur ceartú iad na hathruithe seo a leanas ar Fhoroinn faoi Roinn B d'Iarscríbhinn 25, ar choinníoll nach ndéanfar difear leo do na gealltanais arna gcomhaontú go frithpháirteach maidir le rochtain ar an margadh dá bhforáiltear sa Teideal seo:
(a) |
athrú ar ainm eintitis soláthair; |
(b) |
cumasc dhá eintiteas soláthair nó níos mó a liostaítear laistigh den Fhoroinn sin; agus |
(c) |
eintiteas soláthair a liostaítear san Fhoroinn sin a dheighilt ina dhá eintiteas soláthair nó níos mó, agus iad sin a chur leis na heintitis soláthair a liostaítear san Fhoroinn chéanna. |
2. Féadfaidh Páirtí fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi agóid in aghaidh ceartúchán a bheartaítear laistigh de 45 lá ón bhfógra a fháil. Páirtí a mbeidh agóid á cur isteach aige, leagfaidh sé amach na cúiseanna nach measann sé gur athrú dá bhforáiltear i mír 1 atá sa cheartúchán a bheartaítear, agus tabharfaidh sé tuairisc ar éifeacht an cheartúcháin a bheartaítear ar na gealltanais arna gcomhaontú go frithpháirteach maidir le rochtain ar an margadh dá bhforáiltear sa Teideal seo. Mura gcuirfear isteach agóid den sórt sin i scríbhinn laistigh de 45 lá tar éis an fógra a fháil, measfar go bhfuil toilithe ag an bPáirtí leis an gceartúchán a bheartaítear.
Airteagal 292
Comhairliúcháin agus réiteach díospóidí
Má dhéanann Páirtí agóid i gcoinne an mhodhnaithe a bheartaítear nó i gcoinne na gcoigeartuithe cúiteacha a bheartaítear dá dtagraítear in Airteagal 290, nó i gcoinne an cheartaithe a bheartaítear dá dtagraítear in Airteagal 291, féachfaidh na Páirtithe leis an tsaincheist a réiteach trí chomhairliúcháin. Mura dtagtar ar aon chomhaontú laistigh de 60 lá ó fhaightear an agóid, an Páirtí atá ag iarraidh a Fhoroinn faoi Roinn B d'Iarscríbhinn 25 a mhodhnú nó a cheartú, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur go dtí réiteach díospóidí i gcomhréir le Teideal I de Chuid a Sé , chun a chinneadh an bhfuil údar leis an agóid.
Airteagal 293
Leasú ar Roinn B d'Iarscríbhinn 25
Mura ndéanann Páirtí agóid i gcoinne an mhodhnaithe de bhun Airteagal 290(3) nó i gcoinne ceartúchán de bhun Airteagal 291(2), nó má chomhaontaíonn na Páirtithe na modhnuithe agus na ceartúcháin trí bhíthin na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 292, nó má bhíonn socraíocht chríochnaitheach ann maidir leis an ábhar faoi Theideal I de Chuid a Sé, leasóidh an Chomhairle Chomhpháirtíochta an fhoroinn faoi Roinn B d'Iarscríbhinn 25 chun na modhnuithe, na ceartúcháin nó na coigeartuithe cúiteacha comhfhreagracha a léiriú.
Airteagal 294
Comhar
1. Aithníonn na Páirtithe na tairbhí a d'fhéadfadh eascairt as oibriú i gcomhar le chéile i gcur chun cinn idirnáisiúnta léirscaoileadh frithpháirteach na margaí soláthair phoiblí.
2. Cuirfidh na Páirtithe staitisticí bliantúla ar fáil dá chéile maidir le soláthar cumhdaithe faoi réir infhaighteacht theicniúil.
TEIDEAL VII
FIONTAIR BHEAGA AGUS MHEÁNMHÉIDE
Airteagal 295
Cuspóir
Is é is cuspóir don Teideal seo feabhas a chur ar chumas na bhfiontar beag agus meánmhéide tairbhe a bhaint as an gCeannteideal seo.
Airteagal 296
Faisnéis a roinnt
1. Déanfaidh gach Páirtí suíomh gréasáin le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhunú a mbeidh rochtain ag an bpobal air, ar a mbeidh faisnéis maidir leis an gCeannteideal seo, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) |
achoimre ar an gCeannteideal seo; |
(b) |
tuairisc ar na forálacha faoin gCeannteideal seo a mheasfaidh gach Páirtí a bheith ábhartha maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide an dá Pháirtí; agus |
(c) |
aon fhaisnéis bhreise a mheasfaidh gach Páirtí a bheadh úsáideach d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar spéis leo tairbhe a bhaint as an gCeannteideal seo. |
2. Cuirfidh gach Páirtí nasc idirlín ar an suíomh gréasáin dá bhforáiltear i mír 1 chuig an méid seo a leanas:
(a) |
téacs an Cheannteidil seo; |
(b) |
suíomh gréasáin coibhéiseach an Pháirtí eile; agus |
(c) |
suíomhanna gréasáin a údarás féin a mheasann an Páirtí a chuirfeadh faisnéis úsáideach ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu i dtrádáil agus i ngnó a dhéanamh ina chríoch. |
3. Cuirfidh gach Páirtí nasc idirlín ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 chuig suíomhanna gréasáin a údarás féin ina bhfuil faisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a) |
dlíthe agus rialacháin chustaim, nósanna imeachta maidir le hallmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras chomh maith le foirmeacha, doiciméid agus faisnéis ábhartha eile a éilítear; |
(b) |
dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta maidir le cearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear tásca geografacha; |
(c) |
dlíthe agus rialacháin theicniúla lena n-áirítear, i gcás inar gá, nósanna imeachta éigeantacha um measúnú comhréireachta agus naisc chuig liostaí de chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, i gcásanna ina bhfuil measúnú comhréireachta tríú páirtí éigeantach, dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal I; |
(d) |
dlíthe agus rialacháin maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a bhaineann le hallmhairiú agus onnmhairiú dá bhforáiltear i gCaibidil 3 de Theideal I; |
(e) |
dlíthe agus rialacháin maidir le soláthar poiblí, pointe rochtana aonair ar an idirlíon ar fhógraí soláthair phoiblí dá bhforáiltear i dTeideal VI agus forálacha ábhartha eile atá sa Teideal sin; |
(f) |
nósanna imeachta chun cuideachta a chlárú; agus |
(g) |
faisnéis eile a mheasfaidh an Páirtí a bheith ina cúnamh d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. |
4. Cuirfidh gach Páirtí nasc idirlín chuig bunachar sonraí is féidir a chuardach go leictreonach de réir cód ainmníochta taraife agus in bhfuil faisnéis seo a leanas maidir le rochtain ar a mhargadh ar an suíomh gréasáin dá bhforáiltear i mír 1:
(a) |
maidir le bearta taraife agus faisnéis a bhaineann le taraifí:
|
(b) |
maidir le bearta neamhtharaife a bhaineann le hainmníocht taraife:
|
5. Déanfaidh gach Páirtí, nó má iarrann an Páirtí eile air é, an fhaisnéis agus na naisc dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 atá á gcoinneáil aige ar a shuíomh gréasáin a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis agus na naisc sin cothrom le dáta agus cruinn.
6. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar an fhaisnéis agus na naisc dá dtagraítear i míreanna 1 go mír 4 a chur i láthair ar bhealach leordhóthanach lena n-úsáid d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Féachfaidh gach Páirtí leis an bhfaisnéis a chur ar fáil i mBéarla.
7. Ní bheidh feidhm ag aon táille maidir le rochtain ar an bhfaisnéis a sholáthraítear d'aon duine de cheachtar Páirtí de bhun mhír 1 go mír 4.
Airteagal 297
Pointí teagmhála fiontar beag agus meánmhéide
1. Ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú, ainmneoidh gach Páirtí pointe teagmhála chun na feidhmeanna a liostaítear san Airteagal seo a dhéanamh agus chun a shonraí teagmhála a chur in iúl don Pháirtí eile. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go pras faoi aon athrú ar na sonraí teagmhála sin.
2. Déanfaidh pointí teagmhála fiontar beag agus meánmhéide na bPáirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
féachaint lena áirithiú go ndéanfar riachtanais fiontar beag agus meánmhéide a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Cheannteidil seo agus go bhféadfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide an dá Pháirtí leas a bhaint as an gCeannteideal seo; |
(b) |
bealaí chun an comhar idir na Páirtithe a neartú maidir le nithe atá ábhartha d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bhreithniú d’fhonn deiseanna trádála agus infheistíochta a mhéadú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide; |
(c) |
áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 296 cothrom le dáta, cruinn agus ábhartha d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Féadfaidh ceachtar Páirtí, trí phointe teagmhála na bhfiontar beag agus meánmhéide, faisnéis bhreise a mholadh a fhéadfaidh an Páirtí eile a chur ar a shuíomhanna gréasáin atá le cothabháil i gcomhréir le hAirteagal 296; |
(d) |
scrúdú a dhéanamh ar aon ábhar atá ábhartha maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide i ndáil leis an gCeannteideal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(e) |
tuairisc a thabhairt go tréimhsiúil ar a ngníomhaíochtaí, i gcomhpháirt nó ar leithligh, don Chomhairle Comhpháirtíochta lena mbreithniú; agus |
(f) |
breithniú a dhéanamh ar aon ní eile a thiocfaidh chun cinn faoin gComhaontú seo a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir mar a chomhaontóidh na Páirtithe. |
3. Déanfaidh pointí teagmhála na bhfiontar beag agus meánmhéide a gcuid oibre trí na bealaí cumarsáide arna gcinneadh ag na Páirtithe, agus féadfaidh post leictreonach, físchomhdháil nó modhanna eile a bheith san áireamh leo. Féadfaidh siad teacht le chéile freisin, de réir mar is iomchuí.
4. Féadfaidh pointí teagmhála fiontar beag agus meánmhéide féachaint le dul i gcomhar le saineolaithe agus le heagraíochtaí seachtracha, de réir mar is iomchuí, agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu.
Airteagal 298
An bhaint le Cuid a Sé
Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir leis an Teideal seo.
TEIDEAL VIII
FUINNEAMH
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 299
Cuspóirí
Is é is cuspóir don Teideal seo trádáil agus infheistíochta idir na Páirtithe sna réimsí fuinnimh agus amhábhar a éascú, tacú le slándáil an tsoláthair agus an inbhuanaitheacht comhshaoil agus go háirithe rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide sna réimsí sin.
Airteagal 300
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh’ an Ghníomhaireacht arna bunú le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42); |
(b) |
ciallaíonn ‘údarú’ an cead, an ceadúnas, an lamháltas nó an ionstraim riaracháin nó chonarthach chomhchosúil lena dtugann údarás inniúil Páirtí cead d'eintiteas gníomhaíocht eacnamaíoch áirithe a fheidhmiú ina chríoch; |
(c) |
ciallaíonn ‘cothromú’:
|
(d) |
ciallaíonn ‘leithdháileadh’:
|
(e) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras dáileacháin leictreachais nó gáis i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma a áirithiú i dtaca le héilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais a shásamh; |
(f) |
ciallaíonn ‘idirnascaire leictreachais’ líne tharchuir:
|
(g) |
ciallaíonn ‘earraí fuinnimh’ na hearraí as a ngintear fuinneamh a liostaítear le cód comhfhreagrach an Chórais Chomhchuibhithe (CC) in Iarscríbhinn 26; |
(h) |
ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine nádúrtha, duine dlítheanach nó grúpa díobh sin; |
(i) |
ciallaíonn ‘idirnascaire’ líne tharchuir a thrasnaíonn an teorainn idir na Páirtithe, nó a théann thairsti; |
(j) |
ciallaíonn ‘giniúint’ leictreachas a tháirgeadh; |
(k) |
ciallaíonn ‘hidreacarbóin’ na hearraí a liostaítear leis an gcód CC comhfhreagrach in Iarscríbhinn 26; |
(l) |
ciallaíonn ‘pointe idirnasctha’, i ndáil le gás, pointe fisiceach nó fíorúil a nascann córais dul isteach-imeachta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe nó córas dul isteach-imeachta a cheangal le hidirnascaire, a mhéid atá na pointí sin faoi réir nósanna imeachta áirithinte ag úsáideoirí líonra; |
(m) |
ciallaíonn ‘amhábhair’ na hearraí a liostaítear leis an gcaibidil CC comhfhreagrach in Iarscríbhinn 26; |
(n) |
ciallaíonn ‘fuinneamh inathnuaite’ cineál fuinnimh, lena n-áirítear fuinneamh leictreach, arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite neamhiontaise; |
(o) |
ciallaíonn ‘táirge acmhainne caighdeánaí’, i ndáil le gás, méid áirithe acmhainne iompair thar thréimhse ar leith, ag pointe idirnaisc sonrach; |
(p) |
ciallaíonn ‘tarchur’:
|
(q) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann feidhm an tarchurtha i gcrích nó atá freagrach as an gcóras tarchurtha leictreachais nó gáis i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma a áirithiú i dtaca le héilimh réasúnta ar iompar gáis nó leictreachais a shásamh, de réir an cháis; |
(r) |
ciallaíonn ‘gréasán píblíne réamhtheachtach’ aon phíblíne nó gréasán píblínte a oibrítear nó a dhéantar mar chuid de thionscadal táirgthe ola nó gáis, nó a úsáidtear chun gás nádúrtha a iompar ó thionscadal amháin nó níos mó den sórt sin go dtí gléasra próiseála nó críochfort próiseála nó críochfort cur i dtír cósta deiridh. |
2. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn tagairtí do ‘neamh-idirdhealaitheach’ agus do ‘neamh-idirdhealú’ cóir an náisiúin bharr fabhair mar a shainítear í in Airteagail 130 agus 138 agus cóir náisiúnta mar atá sainithe in Airteagail 129 agus 137, chomh maith le cóir faoi théarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar ná mar a thugtar d'aon eintiteas eile dá shamhail i gcásanna den chineál céanna.
Airteagal 301
Ceangal le Teidil eile
1. Tá feidhm ag Caibidil 2 agus Caibidil 3 de Theideal II den Cheannteideal seo maidir le fuinneamh agus amhábhair. I gcás aon neamhréireacht a bheith idir an Teideal seo agus Teideal II den Cheannteideal seo agus Iarscríbhinní 19 go 246, beidh forlámhas ag Teideal II] den Cheannteideal seo agus ag Iarscríbhinní 19 go 24.
2. Chun críocha Airteagal 20 i gcás ina gcoimeádann Páirtí córas trádála fíorúla gáis nádúrtha nó leictreachais ina n-úsáidtear píblínte nó eangacha leictreachais nó ina gcuireann sé chun feidhme an córas sin, is é sin le rá córas nach gceanglaíonn sainaithint fhisiceach an gháis nádúrtha nó an leictreachais idirthurais ach atá bunaithe ar chóras d'ionchur agus d'aschur glanluachála, measfar go náirítear an trádáil fhíorúil sin ar na bealaí is áisiúla d'idirthuras idirnáisiúnta dá dtagraítear san Airteagal sin.
3. Agus Caibidil 3 de Theideal XI den Cheannteideal seo á cur i bhfeidhm, tá feidhm ag Iarscríbhinn 27 freisin. Tá feidhm ag Caibidil 3 de Theideal XI den Cheannteideal seo maidir le hIarscríbhinn 27. Tá feidhm ag Airteagal 375 maidir le díospóidí a thagann chun cinn idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm Iarscríbhinn 27.
Airteagal 302
Prionsabail
Caomhnaíonn gach Páirtí an ceart chun bearta a ghlacadh, a chothabháil agus a fhorfheidhmiú atá riachtanach chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a shaothrú, amhail soláthar earraí agus amhábhar fuinnimh a áirithiú, an tsochaí agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, sláinte phoiblí agus tomhaltóirí agus slándáil agus sábháilteacht a chur chun cinn, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo.
CAIBIDIL 2
LEICTREACHAS AGUS GÁS
ROINN 1
IOMAÍOCHT I MARGAÍ LEICTREACHAIS AGUS GÁIS
Airteagal 303
Iomaíocht i margaí agus neamh-idirdhealú
1. Chun na críche iomaíocht chóir a áirithiú, áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil a chreat rialála maidir le leictreachas a tháirgeadh, a ghineadh, a thraschur, a leithdháileadh nó a sholáthar neamh-idirdhealaitheacha mhéid a bhaineann le rialacha táillí agus cóir.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh custaiméirí saor chun rogha soláthraí leictreachais a dhéanamh aistriú nó aistriú chuig a rogha soláthraí leictreachais nó gáis nádúrtha laistigh dá margaí miondíola faoi seach i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme.
3. Gan dochar do cheart gach Páirtí ceanglais cháilíochta a shainiú, beidh feidhm freisin ag na forálacha sa Chaibidil seo a bhaineann le gás nádúrtha maidir le bithghás agus gás ó bhithmhais nó ó chineálacha eile gáis a mhéid is féidir an gás sin a instealladh go teicniúil agus go sábháilte isteach sa chóras gáis nádúrtha agus a iompar tríd.
4. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le trádáil trasteorann agus beidh sé gan dochar do cheart gach Páirtí rialáil a dhéanamh chun spriocanna dlisteanacha beartais phoiblí a bhaint amach bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.
Airteagal 304
Forálacha maidir le margaí mórdhíola leictreachais agus gáis
1. Áiritheoidh gach Páirtí go léireoidh praghsanna mórdhíola leictreachais agus gáis nádúrtha agus an t-éileamh iarbhír. Chun na críche sin, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na nithe seo a leanas le rialacha an mhargaidh mórdhíola sa leictreachas agus gás nádúrtha:
(a) |
praghasmhúnlú saor a spreagadh; |
(b) |
gan aon teorainneacha teicniúla, lena ndéantar an trádáil a shrianadh, a chur le praghsáil; |
(c) |
seoladh éifeachtach ar acmhainní giniúna, stórála fuinnimh, freagartha don éileamh agus úsáid éifeachtúil an chórais leictreachais a chumasú; |
(d) |
úsáid éifeachtúil an chórais gáis a chumasú; agus |
(e) |
comhtháthú an leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a chumasú agus a áirithiú oibriú agus forbairt éifeachtúil shlán an chórais leictreachais a áirithiú. |
2. Áiritheoidh gach Páirtí go n-eagrófar margaí cothromúcháin ar bhealach lena n-áiritheofar na nithe seo a leanas:
(a) |
neamh-idirdhealaitheacht idir rannpháirtithe agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar rannpháirtithe; |
(b) |
go ndéanfar seirbhísí a shainiú ar bhealach trédhearcach; |
(c) |
go ndéanfar seirbhísí a shainiú ar bhealach trédhearcach atá bunaithe ar an margadh, agus teacht isteach teicneolaíochtaí á chur san áireamh; agus |
(d) |
go dtugtar téarmaí réasúnta neamh-idirdhealaitheacha do tháirgeoirí fuinnimh inathnuaite agus táirgí agus seirbhísí á gceannach acu. |
Féadfaidh Páirtí a chinneadh gan pointe (c) a chur i bhfeidhm má bhíonn easnamh sa mhargadh le haghaidh seirbhísí cothromúcháin.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar aon sásra acmhainneachta i margaí leictreachais a shainiú go soiléir agus go mbeidh sé trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní ceanglas ar cheachtar Páirtí ceadú d'acmhainneacht atá lonnaithe i gcríoch an Pháirtí eile a bheith páirteach in aon sásra acmhainneachta ina mhargaí leictreachais.
4. Déanfaidh gach Páirtí measúnú ar na gníomhaíochtaí is gá chun comhtháthú an gháis ó fhoinsí inathnuaite a éascú.
5. Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Páirtí rialáil a dhéanamh chun spriocanna dlisteanacha áirithe beartais phoiblí a bhaint amach bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.
Airteagal 305
Drochúsáid margaidh ar mhargaí mórdhíola leictreachais agus gáis a thoirmeasc
1. Cuirfidh gach Páirtí cosc ar chúbláil margaidh agus trádáil cos istigh ar mhargaí mórdhíola leictreachais agus gáis, lena n-áirítear margaí thar an gcuntar agus malairtí gáis, margaí le haghaidh fuinneamh, toilleas, cothromú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil sna creataí ama uile, lena n-áirítear réamh-mhargaí, margaí lá amháin roimh ré agus margaí san aon lá amháin.
2. Déanfaidh gach Páirtí faireachán ar ghníomhaíocht trádála ar na margaí sin d’fhonn trádáil atá bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil margaidh a bhrath agus a chosc.
3. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 318, d’fhonn trádáil atá bunaithe ar chos isteach agus ar chúbláil margaidh a bhrath agus a chosc, agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmithe margaidh.
Airteagal 306
Rochtain tríú páirtí ar ghréasáin tarchurtha agus leithdháilte
1. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear chun feidhme córas le haghaidh rochtain tríú páirtí ar a ngréasáin tarchurtha agus dáileacháin a bheidh bunaithe ar tharaifí foilsithe agus a chuirtear i bhfeidhm go hoibiachtúil agus gan idirdhealú.
2. Gan dochar d'Airteagal 302, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh oibreoirí tarchurtha agus dáileacháin ar a gcríoch rochtain ar a gcórais tarchurtha nó dáileacháin a thabhairt do eintitis i margadh an Pháirtí sin laistigh de thréimhse réasúnach ama ó dháta na hiarrata ar rochtain.
Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar téarmaí réasúnta neamh-idirdhealaitheacha do tháirgeoirí fuinnimh inathnuaite a mhéid a bhaineann le nascacht agus úsáid an ghréasáin leictreachais.
Féadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin rochtain a dhiúltú más rud é nach bhfuil an acmhainneacht riachtanach aige. Tabharfar cúiseanna cuí-réasúnaithe le diúltú den sórt sin.
3. Áiritheoidh gach Páirtí, gan dochar do chuspóirí beartais phoiblí, go mbeidh na muirir a ghearrfaidh oibreoirí tarchurtha agus dáileacháin ar eintitis i margadh an Pháirtí sin ar rochtain ar ghréasáin nó ar a n-úsáid, agus i gcás inarb infheidhme, go mbeidh muirir ar threisithe a bhaineann leis na gréasáin, costas-léiritheach agus trédhearcach go hiomchuí. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfoilseofar téarmaí, coinníollacha, taraifí agus an fhaisnéis go léir a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an ceart chun rochtain ar chórais tarchurtha agus leithdháilte agus a n-úsáid a shaothrú go héifeachtach.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na taraifí agus na muirir dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i leith eintitis i margadh gach Páirtí.
Airteagal 307
Oibriú córais agus díchuachadh oibreoirí gréasáin tarchurtha
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
2. Cuirfidh gach Páirtí socruithe chun feidhme le haghaidh oibreoirí córais tarchurtha, ar bearta iad a bheidh éifeachtach i dtaobh deireadh a chur le haon choinbhleacht leasa a thagann chun cinn toisc rialú a bheith á fheidhmiú ag an duine céanna ar oibreoir córais tarchurtha agus ar tháirgeoir nó ar sholáthraí.
Airteagal 308
Cuspóirí beartais phoiblí maidir le rochtain tríú páirtí agus díchuachadh úinéireachta
1. I gcás inar gá chun cuspóir dlisteanach beartais phoiblí a chomhlíonadh agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla, féadfaidh Páirtí a chinneadh gan Airteagail 306 agus 307 a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
margaí nó córais atá ag teacht chun cinn nó scoite amach; |
(b) |
bonneagar nua a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 28. |
2. I gcás inar gá chun cuspóir dlisteanach beartais phoiblí a chomhlíonadh agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla, féadfaidh Páirtí a chinneadh gan Airteagail 303 agus 304a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
margaí nó córais leictreachais atá beag nó scoite amach; |
(b) |
margaí gáis nó córais gháis nádúrtha atá beag, ag teacht chun cinn nó scoite amach. |
Airteagal 309
Díolúintí atá ann cheana d'idirnaisc
Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás díolúintí a dheonaítear idirnasctha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43) agus faoin dlí lena thras-scríobhtar Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) ina ndlínsí faoi seach, a shíneann a dtéarmaí thar an idirthréimhse, go leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu i gcomhréir le dlí a ndlínsí faoi seach agus leis na téarmaí is infheidhme.
Airteagal 310
Údarás rialála neamhspleách
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar údarás nó údaráis rialála atá neamhspleách ó thaobh oibríochta de a ainmniú agus a chothabháil le haghaidh leictreachais agus gáis a mbeidh na cumhachtaí agus na dualgais seo a leanas aige:
(a) |
na taraifí, na muirir nó na coinníollacha le haghaidh rochtain ar ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 306, nó na modheolaíochtaí is bunús leo, a shocrú nó a fhormheas; |
(b) |
comhlíonadh an chórais díchuachta dá dtagraítear in Airteagail 307 agus 308; |
(c) |
cinntí ceangailteacha a eisiúint i ndáil le pointe (a) agus pointe (b) ar a laghad; |
(d) |
leigheasanna éifeachtacha a fhorchur. |
2. Agus na dualgais sin á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú acu, gníomhóidh na húdaráis rialála neamhspleácha go neamhchlaonta agus go trédhearcach.
ROINN 2
TRÁDÁIL THAR IDIRNASCAIRÍ
Airteagal 311
Úsáid éifeachtúil idirnascairí leictreachais
1. D'fhonn úsáid éifeachtúil idirnasctha leictreachais agus bacainní ar thrádáil a laghdú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú, áiritheoidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
go bhfuil leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú i gcás idirnascairí leictreachais margadhbhunaithe trédhearcach neamh-idirdhealaitheach; |
(b) |
go gcuirtear leibhéal uasta acmhainne na n-idirnascairí leictreachais ar fáil, agus na nithe seo a leanas á n-urramú:
|
(c) |
ní fhéadfar toilleadh idirnascaire leictreachais a chiorrú ach amháin i gcás éigeandálaí agus tarlaíonn aon chiorrú den sórt sin ar mhodh neamh-idirdhealaitheach; |
(d) |
foilsítear faisnéis maidir le ríomh acmhainneachta chun tacú le cuspóirí an Airteagail seo; |
(e) |
níl aon mhuirir ghréasáin ar idirbhearta aonair, ná níl aon phraghsanna cúltaca ann d'úsáid idirnascairí leictreachais; |
(f) |
déantar leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú ar fud idirnascairí leictreachais a chomhordú idir na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann san Aontas agus na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe; gurb é a bheidh i gceist leis an gcomhordú sin socruithe a fhorbairt chun torthaí láidre agus éifeachtúla a bhaint amach do na creataí ama ábhartha uile, a bheidh ar aghaidh, lá roimh ré, ionlae agus cothromaitheach; agus |
(g) |
cuidíonn socruithe maidir le leithdháileadh acmhainne agus le bainistiú ar phlódú le dálaí tacaíochta d'fhorbairt agus d'infheistíocht in idirnascadh leictreachais atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. |
2. An comhordú dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad mhír 1, ní áireofar ann go mbeidh oibreoirí córais tarchurtha na Ríochta Aontaithe rannpháirteach i nósanna imeachta an Aontais maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú ná ní thabharfar sin le tuiscint ann.
3. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear i gcrích a luaithe is féidir comhaontú ilpháirtí a bhaineann leis an gcúiteamh as na costais a bhaineann le sreabha leictreachais trasteorann a óstáil idir:
(a) |
oibreoirí córais traschurtha atá rannpháirteach sa sásra cúitimh le haghaidh oibreoirí córais traschurtha a leagtar síos le Rialachán (AE)838/2010 (45) ón gCoimisiún; agus |
(b) |
oibreoirí córais tarchurtha na Ríochta Aontaithe. |
4. Leis an gcomhaontú ilpháirtí dá dtagraítear i mír 3 féachfar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
go ndéanfar cóir ar oibreoirí córais tarchurtha na Ríochta Aontaithe ar bhonn coibhéiseach agus a ndéanfaí ar oibreoirí córais tarchurtha i dtír atá rannpháirteach sa sásra cúitimh d'oibreoirí córais tarchurtha; agus |
(b) |
nach ndéanfar cóir níos fabhraí ar oibreoirí córais tarchurtha na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis an gcóir a bheadh infheidhme maidir le hoibreoir córais tarchurtha sa sásra cúitimh d’oibreoirí córais tarchurtha. |
5. D'ainneoin phointe (e) de mhír 1, go dtí go gcuirfear an comhaontú ilpháirtí dá dtagraítear i mír 3 i gcrích, féadfar táille úsáide a ghearradh ar úsáid córais tarchurtha i ndáil le honnmhairí agus allmhairí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
Airteagal 312
Socruithe trádála leictreachais sna creata ama uile
1. Maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú ag céim an lae romhainn, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh, mar ábhar tosaíochta, na céimeanna is gá i gcomhréir le hAirteagal 317 chun a áirithiú go bhforbróidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe lena leagtar amach nósanna imeachta teicniúla i gcomhréir le hIarscríbhinn 29 laistigh d' amlíne shonrach.
2. Mura molann an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh do na Páirtithe na nósanna imeachta teicniúla sin a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 (4), déanfaidh sé cinntí agus déanfaidh sé moltaí de réir mar is gá chun acmhainn idirnascairí leictreachais a leithdháileadh i gcreat ama an mhargaidh lá roimh ré i gcomhréir le hIarscríbhinn 29.
3. Coinneoidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh na socruithe do na hamchláir go léir faoi athbhreithniú, agus le haghaidh cothromú agus creataí ama ionlae go háirithe, agus féadfaidh sé a mholadh do gach Páirtí iarraidh ar a oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta teicniúla a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 317 chun socruithe a fheabhsú do fhráma ama ar leith.
4. Coinneoidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh faoi athbhreithniú an leanann na nósanna imeachta teicniúla arna bhforbairt i gcomhréir le mír 1 de cheanglais Iarscríbhinn 29 a chomhlíonadh, agus tabharfaidh sé aghaidh go pras ar aon saincheist a shainaithneofar.
Airteagal 313
Úsáid éifeachtúil idirnascairí gáis
1. D'fhonn úsáid éifeachtúil idirnasctha leictreachais agus bacainní ar thrádáil a laghdú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú, áiritheoidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
go gcuirfear an t-uasleibhéal acmhainneachta idirnascairí gáis ar fáil agus prionsabal na neamh-idirdhealaithe á urramú agus an méid seo á chur san áireamh:
|
(b) |
go bhfuil sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú d'idirnascairí gáis margadhbhunaithe trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus go n-úsáidtear ceantanna de ghnáth chun acmhainn a leithdháileadh ag pointí idirnaisc. |
2. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) |
go bhféachfaidh oibreoirí córais tarchurtha le táirgí acmhainneachta caighdeánacha a thairiscint go comhpháirteach ina bhfuil acmhainneacht iontrála agus cur amach ag dhá cheann pointe idirnaisc; |
(b) |
go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nósanna imeachta a bhaineann le húsáid idirnasc idir oibreoirí córais tarchurtha san Aontas agus oibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe a chomhordú. |
3. An comhordú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, ní áireofar ann go mbeidh oibreoirí córais tarchurtha na Ríochta Aontaithe rannpháirteach i nósanna imeachta an Aontais maidir le húsáid idirnascairí ná ní thabharfar sin le tuiscint ann.
ROINN 3
FORBAIRT GRÉASÁIN AGUS SLÁNDÁIL AN TSOLÁTHAIR
Airteagal 314
Forbairt gréasáin
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar lena chéile chun forbairt thráthúil agus idir-inoibritheacht bonneagair fuinnimh lena nasctar a gcríocha a éascú.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar pleananna um fhorbairt gréasáin do na córais tarchurtha leictreachais agus gáis a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.
Airteagal 315
Comhar maidir le slándáil an tsoláthair
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar lena chéile maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais agus gáis.
2. Déanfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú maidir le haon rioscaí arna sainaithint de bhun Airteagal 316 go tráthúil.
3. Roinnfidh na Páirtithe na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 316. I gcás an Aontais, féadfaidh na pleananna sin a bheith ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal réigiúnach.
4. Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas i gcás ina bhfuil faisnéis iontaofa ann go bhféadfadh suaitheadh nó géarchéim eile maidir le soláthar leictreachais nó gáis tarlú agus maidir le bearta atá beartaithe nó a rinneadh.
5. Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas láithreach i gcás cur isteach iarbhír nó géarchéim eile ag féachaint do bhearta comhordaithe maolaithe agus athshlánaithe a d'fhéadfadh a bheith ann.
6. Roinnfidh na Páirtithe dea-chleachtais lena chéile i ndáil le measúnuithe gearrthéarmacha agus séasúracha leordhóthanachta.
7. Forbróidh na Páirtithe creataí iomchuí comhair maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais agus gáis nádúrtha.
Airteagal 316
Ullmhacht riosca agus pleananna éigeandála
1. Déanfaidh gach Páirtí measúnú ar rioscaí a dhéanann difear do shlándáil an tsoláthair leictreachais nó gáis nádúrtha, lena n-áirítear dóchúlacht agus tionchar na rioscaí sin, agus lena n-áirítear rioscaí trasteorann.
2. Déanfaidh gach Páirtí pleananna chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta a dhéanann difear do shlándáil an tsoláthair leictreachais nó gáis nádúrtha. Áireofar sna pleananna na bearta is gá chun an dóchúlacht go dtarlódh aon riosca a shainaithnítear faoi mhír 1 a dhíothú nó a mhaolú mar aon leis na bearta chun ullmhú do thionchar géarchéime leictreachais nó gáis nádúrtha agus chun an tionchar sin a mhaolú.
3. Maidir leis na bearta a bheidh sna pleananna dá dtagraítear i mír 2:
(a) |
saineofar go soiléir iad agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe; |
(b) |
ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Páirtithe; agus |
(c) |
ní chuirfidh siad slándáil leictreachais nó gáis nádúrtha an Pháirtí eile i mbaol. |
I gcás géarchéime, ní dhéanfaidh na Páirtithe bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a ghníomhachtú ach amháin mar rogha dheiridh.
ROINN 4:
COMHAR TEICNIÚIL
Airteagal 317
Comhar idir oibreoirí córais tarchurtha
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha socruithe éifeachtúla agus cuimsitheacha oibre a fhorbairt chun tacú leis na cúraimí pleanála agus oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí an Teidil sin, lena n-áirítear, nuair a mholann an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh sin, nósanna imeachta teicniúla mionsonraithe a ullmhú chun forálacha Airteagail 311 go 315 a chur chun feidhme go héifeachtach:
Áireofar sna socruithe oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír creata le haghaidh comhar idir Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 (‘ENTSO-E’) agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) (‘ENTSOG’) de pháirt agus idir na hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais agus gáis sa Ríocht Aontaithe den pháirt eile. Cumhdófar leis na creataí sin na feidhmeanna seo a leanas ar a laghad:
(a) |
margaí leictreachais agus gáis; |
(b) |
rochtain ar ghréasáin; |
(c) |
slándáil an tsoláthair leictreachais agus gáis; |
(d) |
fuinneamh amach ón gcósta; |
(e) |
pleanáil bonneagair; |
(f) |
úsáid éifeachtúil idirnascairí leictreachais agus gáis; agus |
(g) |
dícharbónú gáis agus cáilíocht gháis. |
Comhaontóidh an Coiste Speisialaithe um Fuinneamh maidir le treoir ar na socruithe oibre agus na creataí comhair lena scaipeadh ar oibreoirí córais tarchurtha a luaithe is féidir.
Na creata le haghaidh comhair dá dtagraítear sa dara fomhír, ní áireofar leo go mbeidh oibreoirí córais traschurtha na Ríochta Aontaithe páirteach in ENTSO-E nó in ENTSOG ná go mbronnfar ballraíocht orthu ná ní thabharfar sin le tuiscint ann.
2. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh a mholadh go n-iarrfadh gach Páirtí ar a n-oibreoirí córais tarchurtha na nósanna imeachta teicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a ullmhú.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a oibreoirí córais tarchurtha tuairimí na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh agus an t-údarás rialála neamhspleách sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 maidir leis na nósanna imeachta teicniúla i gcás easaontaithe agus ar aon chúis sula dtabharfar na nósanna imeachta teicniúla sin chun críche. Déanfaidh oibreoirí chórais tarchurtha na bPáirtithe faoi seach na tuairimí sin mar aon leis na dréachtnósanna imeachta teicniúla a chur faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh.
4. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh athbhreithniú ar na dréacht-nósanna imeachta teicniúla, agus féadfaidh sé a mholadh go gcuirfidh na Páirtithe na nósanna imeachta sin chun feidhme ina socruithe intíre féin, agus tuairimí na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh agus an údaráis rialála sa Ríocht Aontaithe arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 á gcur san áireamh go cuí. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh faireachán ar fheidhmiú éifeachtach na nósanna imeachta teicniúla sin agus féadfaidh sé a mholadh go ndéanfar iad a nuashonrú.
Airteagal 318
Comhar idir údaráis rialála
1. Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh agus údarás rialála na Ríochta Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 teagmhálacha a fhorbairt agus go rachaidh siad i mbun socruithe riaracháin chun gur fusa a bheidh sé cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh. Cumhdóidh na teagmhálacha agus na socruithe riaracháin na réimsí seo a leanas ar a laghad:
(a) |
margaí leictreachais agus gáis; |
(b) |
rochtain ar ghréasáin; |
(c) |
drochúsáid margaidh ar mhargaí mórdhíola leictreachais agus gáis a thoirmeasc; |
(d) |
slándáil an tsoláthair leictreachais agus gáis; |
(e) |
pleanáil bonneagair; |
(f) |
fuinneamh amach ón gcósta; |
(g) |
úsáid éifeachtúil idirnascairí leictreachais agus gáis; |
(h) |
comhar idir oibreoirí córais tarchurtha; agus |
(i) |
dícharbónú gáis agus cáilíocht gháis. |
Comhaontóidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh maidir le treoir ar na socruithe riaracháin le haghaidh an chomhair sin lena scaipeadh ar údaráis rialála a luaithe is féidir.
2. Ní bheidh i gceist ná ní thabharfar le tuiscint leis na socruithe riaracháin dá dtagraítear i mír 1 stádas inchomparáide le rannpháirtíocht ag an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310.
CAIBIDIL 3
FUINNEAMH SÁBHÁILTE AGUS INBHUANAITHE
Airteagal 319
Fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh
1. Déanfaidh gach Páirtí an éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.
I dtaca lena rialacha maidir le húdarú, deimhniú nó ceadúnú is infheidhme i ndáil le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite riachtanach, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh siad agus comhréireach.
2. Athdhearbhaíonn an tAontas an sprioc maidir le sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh a bheidh ag teacht ó fhoinsí inathnuaite in 2030 mar a leagtar amach í i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47).
Athdhearbhaíonn an tAontas a chuid spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh 2030 mar a leagtar amach iad i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48).
3. Athdhearbhaíonn an Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas:
(a) |
a huaillmhian i gcomhair sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030 mar a leagtar amach ina Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide; |
(b) |
a huaillmhian i gcomhair sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030 mar a leagtar amach ina Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. |
4. Coimeádfaidh na Páirtithe a chéile ar an eolas i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.
Airteagal 320
Tacaíocht d'fhuinneamh inathnuaite
1. Áiritheoidh gach Páirtí, tríd an tacaíocht a thugtar don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, go spreagfar comhtháthú an leictreachais ó fhoinsí inathnuaite sa mhargadh leictreachais.
2. Ní thabharfar tacaíocht do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna ná do bhithmhais mar fhuinneamh inathnuaite ach amháin má chomhlíonann siad critéir láidre maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, atá faoi réir a bhfíoraithe.
3. Aon sonraíochtaí teicniúla nach mór do threalamh agus córais fuinnimh inathnuaite a chomhlíonadh chun leas a fháil ó scéimeanna tacaíochta, déanfaidh gach Páirtí na sonraíochtaí sin a shainiú go soiléir. Cuirfear san áireamh sna sonraíochtaí teicniúla sin comhar arna fhorbairt faoi Airteagail 91, 92 agus 323.
Airteagal 321
Comhar maidir le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar lena chéile maidir le fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt trí dhea-chleachtais a roinnt lena chéile agus, i gcás inarb iomchuí, trí fhorbairt tionscadal sonrach a éascú.
2. Ag cur le Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, cumasóidh na Páirtithe fóram sonrach a chruthú le haghaidh plé teicniúil idir an Coimisiún Eorpach, aireachtaí agus údaráis phoiblí Bhallstáit, aireachtaí agus údaráis phoiblí na Ríochta Aontaithe, oibreoirí córas tarchurtha agus an tionscal fuinnimh amach ón gcósta agus páirtithe leasmhara ar bhonn níos forleithne, maidir le heangacha amach ón gcósta a fhorbairt agus acmhainneacht mhór fuinnimh inathnuaite réigiún na Mara Thuaidh. Áireofar leis an gcomha sin na feidhmeanna seo a leanas ar a laghad:
(a) |
tionscadail hibrideacha agus tionscadail chomhpháirteacha; |
(b) |
pleanáil spásúil mhuirí; |
(c) |
creat tacaíochta agus airgeadas; |
(d) |
dea-chleachtais maidir le pleanáil ar tír agus pleanáil eangaí amach ón gcósta faoi seach; |
(e) |
faisnéis maidir le teicneolaíochtaí nua a chomhroinnt; agus |
(f) |
dea-chleachtais a mhalartú i ndáil leis na rialacha, na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla ábhartha. |
Airteagal 322
An baol agus an tsábháilteacht amach ón gcósta
1. Comhoibreoidh na Páirtithe agus malartóidh siad faisnéis d’fhonn ardleibhéil sábháilteachta agus cosanta comhshaoil a choinneáil do gach oibríocht ola agus gáis amach ón gcósta.
2. Déanfaidh na Páirtithe bearta iomchuí chun mórthionóiscí de dheasca oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta a chosc agus chun iarmhairtí na dtionóiscí sin a theorannú.
3. Déanfaidh na Páirtithe malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i measc a gcuid údarás atá freagrach as sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil i gcás oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta. Beidh rialáil sábháilteachta agus cosanta comhshaoil le haghaidh oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta neamhspleách ar aon fheidhmeanna a bhaineann le ceadúnú oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta.
Airteagal 323
Comhar maidir le caighdeáin
I gcomhréir le hAirteagail 92 agus 98, déanfaidh na Páirtithe comhar a chur chun cinn idir na rialálaithe agus na comhlachtaí um chaighdeánú atá lonnaithe laistigh dá gcríocha faoi seach chun forbairt caighdeán idirnáisiúnta a éascú dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite, d‘fhonn rannchuidiú leis an mbeartas fuinnimh inbhuanaithe agus aeráide.
Airteagal 324
An taighde, an fhorbairt agus an nuálaíocht
Déanfaidh na Páirtithe an taighde, an fhorbairt agus an nuálaíocht i réimsí na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite a chur chun cinn.
CAIBIDIL 4
EARRAÍ FUINNIMH AGUS AMHÁBHAIR
Airteagal 325
Praghsáil onnmhairiúcháin
Ní fhorchuirfidh Páirtí praghas ar earraí fuinnimh nó amhábhair a onnmhairítear chuig an bPáirtí eile atá níos airde ná an praghas a ghearrtar ar na hearraí fuinnimh nó na hamhábhair sin nuair a bhíonn siad le cur ar an margadh intíre, trí bhíthin aon bhearta amhail ceadúnais nó ceanglais maidir le praghas íosta.
Airteagal 326
Praghsáil rialáilte
Má chinneann Páirtí praghas an tsoláthair intíre do thomhaltóirí leictreachais nó gáis nádúrtha a rialáil, ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin chun cuspóir beartais phoiblí a bhaint amach, agus trí phraghas rialáilte a bheidh sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach a fhorchur agus chuige sin amháin.
Airteagal 327
Údarú chun hidreacarbóin a thaiscéaladh agus a tháirgeadh agus chun leictreachas a ghiniúint
1. Má éilíonn Páirtí údarú chun hidreacarbóin a thaiscéaladh nó a tháirgeadh nó chun leictreachas a ghiniúint, deonóidh an Páirtí sin na húdaruithe sin ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach a tharraingeofar suas agus a fhoilseofar roimh thús na tréimhse chun iarratais a chur isteach de réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta ginearálta atá leagtha amach i Roinn 1 de Chaibidil 5 de Theideal II den Cheannteideal seo.
2. D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 301, féadfaidh gach Páirtí údaruithe a dheonú a bhaineann le taiscéalaíocht nó le táirgeadh hidreacarbón gan na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le foilsiú a leagtar amach in Airteagal 153 a chomhlíonadh ar bhonn díolúintí cuí-réasúnaithe dá bhforáiltear sa reachtaíocht is infheidhme.
3. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil a cheanglaítear ar eintitis dá ndeonaítear údarú, ní chuirfidh siad isteach ar phróiseas bainistíochta ná cinnteoireachta na n-eintiteas sin.
4. Forálfaidh gach Páirtí go bhfuil sé de cheart ag iarratasóir ar údarú achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinnidh a bhaineann leis an údarú chuig údarás atá níos airde ná an t-údarás a deisigh an cinneadh nó atá neamhspleách air nó chun a iarraidh go n-athbhreithneodh údarás níos airde nó údarás neamhspleách den sórt sin an cinneadh sin. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar na cúiseanna don iarratasóir atá leis an gcinneadh riaracháin chun gur féidir leis an iarratasóir dul ar iontaoibh na nósanna imeachta achomhairc nó athbhreithnithe más gá. Déanfar an riail is infheidhme maidir le hachomharc nó athbhreithniú a fhoilsiú.
Airteagal 328
Sábháilteacht agus sláine an trealaimh agus an bhonneagair fuinnimh
Ní dhéanfar an Teideal seo a fhorléiriú mar ní lena gcuirtear cosc ar Pháirtí bearta sealadacha a ghlacadh a bhfuil gá leo chun an tsábháilteacht a chosaint agus chun sláine an trealaimh nó an bhonneagair fuinnimh a chaomhnú, ar choinníoll nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach a bheadh ina shrian faoi cheilt maidir le trádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe.
CAIBIDIL 5
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 329
Cur chun feidhme éifeachtach agus leasuithe
1. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta Iarscríbhinn 26 agus Iarscríbhinn 28 a leasú. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta Iarscríbhinn 27 a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá chun oibriú na hIarscríbhinne sin a áirithiú le himeacht ama.
2. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh Iarscríbhinn 29 a leasú.
3. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh moltaí de réir mar is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach Caibidlí an Teidil seo a bhfuil sé freagrach astu.
Airteagal 330
Idirphlé
Bunóidh na Páirtithe idirphlé tráthrialta chun gur fusa a bheidh sé cuspóirí an Teidil seo a bhaint amach.
Airteagal 331
An Teideal seo a fhoirceannadh
1. Scoirfidh an Teideal seo d'fheidhm a bheith aige an 30 Meitheamh 2026.
2. D'ainneoin mhír 1, idir an 1 Iúil 2026 agus an 31 Nollaig 2026, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh go mbeidh feidhm ag an Teideal seo go dtí an 31 Márta 2027. Idir an 1 Aibreán 2027 agus an 31 Nollaig 2027, agus ag aon tráth in aon bhliain ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh go mbeidh feidhm ag an Teideal seo go dtí an 31 Márta an bhliain ina dhiaidh sin.
3. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d'Airteagail 509, 521 agus 779.
TEIDEAL IX
TRÉDHEARCACHT
Airteagal 332
Cuspóir
1. Agus aitheantas á thabhairt don tionchar a fhéadfaidh a bheith ag a dtimpeallachtaí rialála faoi seach ar an infheistíocht agus an trádáil idir an dá Pháirtí, féachann siad le timpeallacht rialála intuartha agus nósanna imeachta éifeachtúla a sholáthar d'oibreoirí, fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe.
2. Déanann na Páirtithe a ngealltanais i ndáil le trédhearcacht faoi Chomhaontú EDT a athdhearbhú agus cuireann siad leis na gealltanais sin sna forálacha a leagtar síos sa Teideal seo.
Airteagal 333
Sainmhíniú
Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘cinneadh riaracháin’ cinneadh nó gníomh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leis a bhaineann le duine ar leith i gcás aonair agus cumhdaítear leis an cás nach ndéantar an cinneadh nó an gníomh sin nuair a cheanglaítear amhlaidh i ndlí Páirtí.
Airteagal 334
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le Teidil I go VIII agus Teidil X go XII den Cheannteideal seo agus Ceannteideal a Sé .
Airteagal 335
Foilsiú
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar a dhlíthe, rialacháin, nósanna imeachta agus rialuithe riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhoilsiú go pras trí mheán a ainmnítear go hoifigiúil agus nuair is féidir go ndéanfar sin trí mheán leictreonach, nó go gcuirfear ar fáil iad ar dhóigh ina bhféadfadh aon duine eolas a fháil orthu.
2. A mhéid is iomchuí, cuirfidh gach Páirtí ar fáil míniú ar chuspóir nó réasúnaíocht aon bhirt dá dtagraítear i mír 1.
3. Tabharfaidh gach Páirtí tréimhse réasúnach idir foilsiú agus teacht i bhfeidhm a dhlíthe nó a rialúchán, ach amháin mura féidir sin ar fhorais phráinne.
Airteagal 336
Fiosrúcháin
1. Déanfaidh gach Páirtí sásraí comhréireacha cuí a bhunú chun freagairt do cheisteanna ó aon duine maidir le haon dlíthe nó rialacháin agus coinneoidh sé ar bun iad.
2. Cuirfidh gach Páirtí faisnéis ar fáil go pras agus freagróidh sé ceisteanna ón bPáirtí eile a bhaineann le haon dlí nó rialachán bíodh sé i bhfeidhm nó beartaithe, mura mbunófar sásra sonrach faoi fhoráil eile den Chomhaontú seo.
Airteagal 337
Bearta a riar a bhfuil feidhm ghinearálta leo
1. Déanfaidh gach Páirtí a dhlíthe, a rialacháin, a nósanna imeachta agus a rialuithe riaracháin ag a bhfuil feidhm ghinearálta a riaradh ar bhealach oibiachtúil neamhchlaonta réasúnach.
2. Nuair a thionscnaítear nósanna imeachtaí riaracháin a bhaineann le daoine, earraí nó seirbhísí de chuid an Pháirtí eile i leith dlíthe agus rialacháin a chur i bhfeidhm, déanfaidh gach Páirtí:
(a) |
féachaint le fógra réasúnach a thabhairt do dhaoine a ndéanann imeachtaí riaracháin difear dóibh, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin, fógra lena n-áirítear tuairisc ar chineál na n-imeachtaí, ráiteas maidir leis an údarás dlíthiúil faoina dtionscnaítear na himeachtaí agus tuairisc ghinearálta ar aon saincheisteanna ar cúis conspóide iad; agus |
(b) |
deis réasúnach a thabhairt do na daoine sin fíorais agus argóintí a chur i láthair mar thaca lena seasamh roimh aon chinneadh riaracháin críochnaitheach, a mhéid is féidir de réir an mhéid ama, chineál na n-imeachtaí agus an leasa phoiblí. |
Airteagal 338
Athbhreithniú agus achomharc
1. Déanfaidh gach Páirtí a bhunú agus a choinneáil ar bun binsí agus nósanna imeachta breithiúnacha, eadrána nó riaracháin chun críoch athbhreithnithe phrais agus, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, cinntí riaracháin a cheartú. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a bhinsí nósanna imeachta achomhairc nó athbhreithnithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach neamhchlaonta. Beidh na binsí sin neamhchlaonta agus neamhspleách ar an údarás a gcuirtear forfheidhmiú riaracháin de chúram air.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear ar fáil do na páirtithe sna himeachtaí dá dtagraítear i mír 1 deis réasúnach tacú lena seasamh nó é a chosaint.
3. I gcomhréir lena dhlí, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh aon chinntí a ghlacfar in imeachtaí dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar fhianaise agus aighneachtaí atá ar taifead nó, i gcás inarb infheidhme, ar an taifead a thiomsóidh an t-údarás riaracháin inniúil.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh an t-údarás a bhfuil forfheidhmiú riaracháin curtha ar a iontaoibh cinntí dá dtagraítear i mír 3 a chur i ngníomh, faoi réir achomhairc nó athbhreithnithe bhreise de réir mar a fhoráiltear ina dhlí.
Airteagal 339
Ceangal le Teidil eile
Leis na forálacha a leagtar amach sa Teideal seo, forlíontar na forálacha trédhearcachta sonracha a leagtar amach sna Teidil sin denCheannteideal seo a bhfuil feidhm ag an Teideal seo maidir leo.
TEIDEAL X
DEA-CHLEACHTAS RIALÁLA AGUS COMHAR RIALÁLA
Airteagal 340
Prionsabail ghinearálta
1. Beidh gach Páirtí in ann a sheasamh i leith dea-chleachtas rialála a chinneadh faoin gComhaontú ar bhealach a bheidh ag luí lena chreat dlíthiúil, cleachtas agus nósanna imeachta agus prionsabail bhunúsacha (49), is bunús lena chóras rialála féin.
2. Ní fhorléireofar le haon ní sa Teideal seo go gceanglófar ar Pháirtí:
(a) |
imeacht ó nósanna imeachta baile chun bearta rialála a ullmhú agus a ghlacadh; |
(b) |
gníomhartha a dhéanamh lena ndéanfaí dochar do bhearta rialála, nó iad a bhac, chun a chuspóirí beartais phoiblí a bhaint amach; nó |
(c) |
aon toradh rialála ar leith a bhaint amach. |
3. Ní dhéanfaidh aon ní sa Teideal seo difear don cheart atá ag Páirtí a leibhéil chosanta féin a shainiú nó a rialáil agus a chuspóirí beartais phoiblí á saothrú nó á gcur chun cinn aige i réimsí amhail:
(a) |
sláinte phoiblí; |
(b) |
beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, agus leas ainmhithe; |
(c) |
sábháilteacht agus sláinte ceirde; |
(d) |
dálaí oibre; |
(e) |
an comhshaol lena n-áirítear an t-athrú aeráide; |
(f) |
cosaint tomhaltóirí; |
(g) |
cosaint shóisialta agus slándáil shóisialta; |
(h) |
cosaint sonraí agus an chibearshlándáil; |
(i) |
éagsúlacht chultúrtha; |
(j) |
sláine agus cobhsaíocht an chórais airgeadais, agus cosaint infheisteoirí; |
(k) |
an chinnteacht fuinnimh; agus |
(l) |
frithsciúradh airgid. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, chun críocha phointe (c) agus phointe (d) den chéad fhomhír go háirithe, leanfaidh na samhlacha éagsúla caidrimh thionsclaíoch, lena n-áirítear ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d'fheidhm a bheith acu, lena n-áirítear dlíthe agus cleachtais a bhaineann leis an margáil choiteann agus forfheidhmiú comhaontuithe coiteanna.
4. Ní bheidh bearta rialála ina mbacainn faoi cheilt ar thrádáil.
Airteagal 341
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarás rialála’:
|
(b) |
ciallaíonn ‘bearta rialála’:
|
Airteagal 342
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta rialála a bheartaítear nó a eisítear, de réir mar is iomchuí, ag údarás rialála gach Páirtí i ndáil le haon ábhar a chumhdaítear le Teidil I go IX, Teideal XI agus Teideal XII den Cheannteideal seo agus Ceannteideal a Sé.
2. Airteagail 351 agus 352, tá feidhm acu maidir le bearta eile a bhfuil feidhm ghinearálta leo a eiseoidh nó a mholfaidh údarás rialála Páirtí i leith aon ábhar a chumhdaítear leis na Teidil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus atá ábhartha maidir le bearta comhair rialála amhail treoirlínte, doiciméid bheartais nó moltaí.
3. Níl feidhm ag an Teideal seo maidir le húdaráis rialála ná bearta, cleachtais ná cur chuige rialála de chuid na mBallstát.
4. Aon fhorálacha sonracha sna Teidil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh forlámhas acu ar fhorálacha an Teidil seo sa mhéid is gá chun na forálacha sonracha a chur chun feidhme.
Airteagal 343
Comhordú inmheánach
Cuirfidh gach Páirtí ar bun próisis nó sásraí inmheánacha comhordúcháin nó athbhreithnithe i dtaca le bearta rialála atá á n-ullmhú ag a údarás rialála. Leis na próisis nó na sásraí sin ba cheart féachaint, inter alia, le:
(a) |
dea-chleachtais rialála a chothú, lena n-áirítear na cinn a leagtar amach sa Teideal seo; |
(b) |
dúbláil neamhriachtanach agus ceanglais neamhréireacha idir bearta rialála na bPáirtithe féin a aithint agus a sheachaint; |
(c) |
a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí trádála agus infheistíochta idirnáisiúnta an Pháirtí; agus |
(d) |
breithniú ar thionchar na mbeart rialála atá á n-ullmhú a chur chun cinn, lena n-áirítear an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (50), de réir a rialacha agus a nósanna imeachta faoi seach. |
Airteagal 344
Tuairisc ar phróisis agus sásraí
Cuirfidh gach Páirtí ar fáil tuairiscí ar na próisis nó ar na sásraí a bhíonn in úsáid ag a údarás rialála chun bearta rialála a ullmhú chun meastóireacht a dhéanamh orthu agus chun iad a athbhreithniú. Déanfar tagairt sna tuairiscí sin do rialacha, treoirlínte nó nósanna imeachta ábhartha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le deiseanna don phobal tuairimí a thabhairt.
Airteagal 345
Luathfhaisnéis maidir le bearta rialála atá beartaithe
1. Cuirfidh gach Páirtí ar fáil go poiblí, i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, liosta na mórbheart (51) rialála atá beartaithe, ar dóigh lena údarás rialála go réasúnach go molfar nó go nglacfar iad laistigh d'aon bhliain amháin. Féadfaidh údarás rialála gach Páirtí a chinneadh céard iad ‘mórbhearta’ rialála chun críocha a chuid oibleagáidí faoin Teideal seo.
2. I dtaca le gach mórbheart rialála a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 1, ba cheart do gach Páirtí chomh maith an méid seo a leanas a chur ar fáil go poiblí chomh luath agus is féidir:
(a) |
tuairisc ghearr ar a raon feidhme agus a chuspóirí; agus |
(b) |
an t-am a meastar a ghlacfar é, i gcás inarb eol sin, agus aon deiseanna le haghaidh comhairliúchán poiblí san áireamh. |
Airteagal 346
Comhairliúchán poiblí
1. Agus mórbheart rialála á ullmhú aige, áiritheoidh gach Páirtí, i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta, go ndéanfaidh a údarás rialála an méid seo a leanas:
(a) |
an dréachtbheart rialála nó na doiciméid chomhairliúcháin a fhoilsiú ina dtabharfar mionsonraí leordhóthanacha maidir leis an mbeart rialála atá á ullmhú chun go bhféadfadh aon duine a mheas an ndéanfaí difear suntasach dá leasanna agus an chaoi a ndéanfaí an difear sin; |
(b) |
deiseanna réasúnacha a chur ar fáil d'aon duine, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach barúil a nochtadh; agus |
(c) |
na barúlacha a gheofar a bhreithniú. |
2. Áiritheoidh gach Páirtí go mbainfidh a údarás rialála úsáid as modhanna leictreonacha agus féachfaidh sé le seirbhísí ar líne atá ar fáil don phobal saor in aisce a choinneáil ar bun chun críocha na bearta rialála ábhartha na doiciméad den chineál dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a fhoilsiú agus barúlacha a bhaineann le comhairliúcháin phoiblí a fháil.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údarás rialála, i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta faoi seach, achoimre ar thorthaí na gcomhairliúchán poiblí dá dtagraítear san Airteagal seo a chur ar fáil go poiblí.
Airteagal 347
Measúnú tionchair
1. Athdhearbhaíonn gach Páirtí go bhfuil sé ar intinn aige a áirithiú go gcuirfidh a údarás rialála measúnuithe tionchair i gcrích, i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta, i dtaca le haon mhórbhearta rialála atá á n-ullmhú aige. Leis na rialacha agus nósanna imeachta sin féadfar foráil maidir le heisceachtaí.
2. Agus measúnú tionchair á dhéanamh aige, áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil próisis agus sásraí i bhfeidhm ag a údarás rialála chun breithniú ar na tosca seo a leanas a chur chun cinn:
(a) |
an gá atá le beart rialála, lena n-áirítear cineál agus suntas na faidhbe lena bhféachtar, leis an mbeart rialála, le haghaidh a thabhairt uirthi; |
(b) |
aon roghanna rialála nó neamhrialála is indéanta agus is iomchuí a bhainfeadh cuspóirí beartais phoiblí an Pháirtí amach, lena n-áirítear an rogha gan rialáil a dhéanamh; |
(c) |
a mhéid is féidir agus is ábhartha, tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil na roghanna sin a d'fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear tionchair ar thrádáil agus ar infheistíocht idirnáisiúnta agus, i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta, an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; agus |
(d) |
i gcás inarb iomchuí, an chaoi a mbaineann na roghanna atá á mbreithniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus na fáthanna le haon éagsúlacht san áireamh. |
3. I ndáil le measúnú tionchair a dhéanann údarás rialála ar bheart rialála, áiritheoidh gach Páirtí go n-ullmhóidh a údarás rialála tuarascáil chríochnaitheach ina mionsonrófar na tosca a ndearna sé iad a bhreithniú le linn an mheasúnaithe agus a torthaí ábhartha sin. Déanfaidh gach Páirtí, a mhéid is féidir, na tuarascálacha sin a chur ar fáil go poiblí tráth nach déanaí ná nuair a chuirfear an togra le haghaidh beart rialála dá dtagraítear in bpointe (b)(i)(A) nó (b)(ii(A) d'Airteagal 341 nó beart rialála dá dtagraítear i bpointe (b)(i)(B) nó (b)(ii)(B) den Airteagal sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 348
Meastóireachtaí siarghabhálacha
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil próisis nó sásraí i bhfeidhm ag a údarás rialála chun críoch meastóireachtaí siarghabhálaí tréimhsiúla a dhéanamh ar bhearta rialála atá i bhfeidhm i gcás inarb iomchuí.
2. Agus meastóireacht shiarghabhálach á cur i gcrích aige, féachfaidh gach Páirtí le breithniú a dhéanamh an ann do dheiseanna a chuspóirí beartais phoiblí a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí agus ualaí rialála neamhriachtanacha a laghdú, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfidh a údarás rialála ar fáil go poiblí aon phleananna atá ann cheana maidir leis na meastóireachtaí siarghabhálacha agus torthaí na meastóireachtaí sin.
Airteagal 349
Clár rialála
Áiritheoidh gach Páirtí go bhfoilseofar bearta rialála atá in éifeacht i gclár ainmnithe lena sainaithnítear bearta rialála agus atá ar fáil go poiblí ar líne saor in aisce. Ba cheart go gceadófaí leis an gclár cuardaigh ar bhearta rialála de réir luanna nó de réir focail. Déanfaidh gach Páirtí a chlár a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.
Airteagal 350
Faisnéis a mhalartú maidir le dea-chleachtais rialála
Féachfaidh na Páirtithe le faisnéis ar a ndea-chleachtais a mhalartú mar a leagtar amach sa Teideal seo, agus sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Rialála san áireamh.
Airteagal 351
Gníomhaíochtaí comhair rialála
1. Féadfaidh na Páirtithe dul i mbun gníomhaíochtaí comhair rialála ar bhonn deonach agus gan dochar do neamhspleáchas a gcinnteoireachta agus a ndlíchóras faoi seach. Féadfaidh Páirtí diúltú dul i mbun gníomhaíochtaí comhair rialála nó féadfaidh sé tarraingt siar astu. Ba cheart do Pháirtí a dhiúltaíonn dul i mbun gníomhaíochtaí comhair rialála nó tarraingt siar astu na cúiseanna lena chinneadh a mhíniú don Pháirtí eile.
2. Féadfaidh gach Páirtí gníomhaíocht um chomhar a mholadh don Pháirtí eile. Cuirfidh sé a mholadh i láthair via an pointe teagmhála a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 353. Déanfaidh an Páirtí eile athbhreithniú ar an moladh sin laistigh de thréimhse réasúnach agus fógróidh sé don Pháirtí a dhéanann an moladh an measann sé go bhfuil an ghníomhaíocht bheartaithe oiriúnach ó thaobh comhar rialála de.
3. D’fhonn gníomhaíochtaí atá oiriúnach don chomhar rialála a shainaithint, déanfaidh gach Páirtí breithniú ar na nithe seo a leanas:
(a) |
an liosta dá dtagraítear in Airteagal 345(1); agus |
(b) |
moltaí maidir le gníomhaíochtaí comhair rialála a chuireann duine nó Páirtí isteach atá cuí-réasúnaithe agus a bhfuil faisnéis iomchuí ag gabháil leo. |
4. Má chinneann na Páirtithe gabháil do ghníomhaíocht comhair rialála féachfaidh údarás rialála gach Páirtí, i gcás inarb iomchuí, leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
údarás rialála an Pháirtí a chur ar an eolas maidir le hullmhú bearta rialála atá ann cheana nó athbhreithniú beart rialála nua agus gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ghinearálta leo dá dtagraítear in Airteagal 342(2) atá ábhartha maidir leis an ngníomhaíocht comhair rialála; |
(b) |
arna iarraidh sin, eolas a chur ar fáil agus plé a dhéanamh ar bhearta rialála agus ar bhearta eile a bhfuil feidhm ghinearálta leo dá dtagraítear in Airteagal 342(2) atá ábhartha maidir leis an ngníomhaíocht rialála um chomhar; agus |
(c) |
agus bearta rialála á n-ullmhú aige nó bearta atá ann cheana agus bearta eile a bhfuil feidhm ghinearálta leo á n-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 342(2) [Raon feidhme], breithniú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar aon chur chuige rialála ag an bPáirtí eile maidir leis an ábhar céanna nó le hábhar gaolmhar. |
Airteagal 352
An Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Rialála
1. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an gCoiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Rialála:
(a) |
dea-chleachtais rialála agus comhar rialála idir na Páirtithe a fheabhsú agus a chur chun cinn; |
(b) |
barúlacha a mhalartú maidir leis na gníomhaíochtaí comhair a mholtar nó a dhéantar faoi Airteagal 351; |
(c) |
comhar agus comhordú rialála i bhfóraim idirnáisiúnta a spreagadh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, malartuithe déthaobhacha tréimhsiúla faisnéise maidir le gníomhaíochtaí ábhartha atá ar siúl cheana nó gníomhaíochtaí atá beartaithe. |
2. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Rialála iarraidh ar dhaoine leasmhara páirt a ghlacadh ina chruinnithe.
Airteagal 353
Pointí teagmhála
Laistigh de mhí tar éis don Chomhaontú sin teacht i bhfeidhm, ainmneoidh gach Páirtí pointe teagmhála chun an malartú faisnéise idir na Páirtithe a éascú.
Airteagal 354
Gan réiteach díospóide a chur i bhfeidhm
Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé i dtaca le díospóidí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Teidil seo.
TEIDEAL XI
COTHROM IOMAÍOCHTA UM AN IOMAÍOCHT CHÓIR AGUS OSCAILTE AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 355
Prionsabail agus cuspóirí
1. Aithníonn na Páirtithe go gceanglaítear le trádáil agus le hinfheistíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, faoi na téarmaí a leagtar amach sa Chomhaontú seo, coinníollacha lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte agus chóir idir na Páirtithe agus lena n-áirithítear go ndéanfar trádáil agus infheistíocht ar bhealach a chuideoidh leis an bhforbairt inbhuanaithe.
2. Aithníonn na Páirtithe gurb é a chuimsítear leis an bhforbairt inbhuanaithe forbairt eacnamaíoch, forbairt shóisialta agus cosaint an chomhshaoil, go bhfuil na trí nithe spleách ar a chéile agus go dtreisíonn siad a chéile agus athdhearbhaíonn siad a dtiomantas chun forbairt na trádála agus na hinfheistíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach lena gcuidítear le cuspóir na forbartha inbhuanaithe.
3. Athdhearbhaíonn gach Páirtí a uaillmhian neodracht aeráide a bhaint amach ar fud an gheilleagair faoi 2050.
4. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtuiscint choiteann nach féidir lena gcaidreamh eacnamaíoch dul chun tairbhe dóibh ar bhealach atá sásúil go frithpháirteach ach amháin más buan a ngealltanais maidir le cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte chóir trí shaobhadh trádála nó infheistíochta a chosc agus trí chuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe. Aithníonn na Páirtithe, áfach, nach é cuspóir an Teidil seo caighdeáin na bPáirtithe a chomhchuibhiú. Tá sé de rún daingean ag na Páirtithe a n-ardchaighdeáin faoi seach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú sna réimsí a chumhdaítear leis an Teideal seo.
Airteagal 356
An ceart chun rialáil a dhéanamh, cur chuige an réamhchúraim (52) agus faisnéis eolaíoch agus theicniúil
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an Teideal seo, na leibhéil chosanta a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin Teideal seo.
2. Admhaíonn na Páirtithe, i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim, i gás inarb ann do chúiseanna réasúnta imní go bhfuil bagairtí féideartha ann go bhféadfaí damáiste mhórchúiseach dhochúlaithe a dhéanamh don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe agus plandaí, ní bhainfear úsáid as an easpa cinnteachta eolaíche chun cosc a chur ar Pháirtí bearta iomchuí a ghlacadh chun an damáiste sin a chosc.
3. Agus bearta á n-ullmhú nó á gcur chun feidhme ag na Páirtithe arb é is aidhm dóibh an comhshaol nó dálaí saothair a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil nó d'infheistíocht a chosaint, déanfaidh gach Páirtí faisnéis eolaíoch theicniúil caighdeáin, treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta ábhartha,agus atá ar fáil a chur san áireamh.
Airteagal 357
Réiteach díospóidí
Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir leis an gCaibidil seo, cé is moite d'Airteagal 356(2). Tá feidhm ag Airteagail 408 agus 409 maidir le hAirteagal 355(3).
CAIBIDIL 2
BEARTAS IOMAÍOCHTA
Airteagal 358
Prionsabail agus sainmhínithe
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá iomaíocht shaor gan saobhadh ina gcaidreamh trádála agus infheistíochta. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfadh cleachtais ghnó fhrithiomaíocha feidhmíocht cheart na margaí a shaobhadh agus go mbainfí an bonn de na tairbhí a bhaineann le léirscaoileadh trádála.
2. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘gníomhaí eacnamaíoch’ eintiteas nó grúpa eintiteas atá ina n-eintiteas eacnamaíoch aonair, beag beann ar a stádas dlíthiúil, atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch trí earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh.
Airteagal 359
Dlí na hiomaíochta
1. Mar aitheantas do na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 358, coinneoidh gach Páirtí ar bun dlí iomaíochta a thabharfaidh aghaidh go héifeachtach ar na cleachtais ghnó fhrithiomaíocha seo a leanas:
(a) |
comhaontuithe idir gníomhaithe eacnamaíocha, cinntí a dhéanann comhlachais gníomhaithe eacnamaíocha agus cleachtais chomhbheartaithe arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh; |
(b) |
mí-úsáid ceannasachta ag gníomhaí eacnamaíoch amháin nó níos mó; agus |
(c) |
i gcás cumasc nó éadálacha na Ríochta Aontaithe, agus i gcás chomhchruinnithe an Aontais, idir gníomhaithe eacnamaíocha a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha frithiomaíocha a bheith acu. |
2. Beidh feidhm ag an dlí iomaíochta dá dtagraítear i mír 1 maidir le gach gníomhaí eacnamaíoch gan beann ar a náisiúntacht nó a stádas úinéireachta.
3. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh maidir le díolúintí óna dhlí iomaíochta agus cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí á saothrú aige, ar choinníoll go mbeidh na díolúintí sin trédhearcach agus go mbeidh siad comhréireach leis na cuspóirí sin.
Airteagal 360
Forfheidhmiú
1. Déanfaidh gach Páirtí bearta iomchuí chun a dhlí iomaíochta a chur i bhfeidhm ina chríoch.
2. Coinneoidh gach Páirtí údaráis ar bun atá neamhspleách go hoibríochtúil agus atá inniúil maidir le forfheidhmiú éifeachtach a dhlí iomaíochta féin.
3. Cuirfidh gach Páirtí a dhlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus prionsabail na cothroime nós imeachta lena n-áirítear cearta cosanta na ngníomhaithe eacnamaíocha lena mbaineann á n-urramú aige, beag beann ar a náisiúntacht nó ar a stádas úinéireachta.
Airteagal 361
Comhar
1. Chun cuspóirí na caibidle seo a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú éifeachtach a ndlí iomaíochta féin, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar agus an comhordú idir a n-údaráis iomaíochta féin maidir le forbairtí i mbeartas iomaíochta agus i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.
2. Chun críocha mhír 1, féachfaidh an Coimisiún Eorpach nó údaráis iomaíochta na mBallstát, ar thaobh amháin, agus údarás iomaíochta nó údaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe, ar an taobh eile, le hoibriú i gcomhar le chéile agus le comhordú a dhéanamh, i ndáil lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin i dtaca leis an iompar céanna nó leis na hidirbhearta céanna nó le hidirbhearta gaolta, nuair is féidir agus is iomchuí.
3. Chun an comhar agus an comhordú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a éascú, féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus údaráis iomaíochta na mBallstát, ar thaobh amháin, agus údarás iomaíochta nó údaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe, ar an taobh eile, faisnéis a mhalartú a mhéid a cheadaítear sin i ndlí gach Páirtí.
4. Chun cuspóirí an Airteagail seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Páirtithe comhaontú ar leith a dhéanamh maidir le comhar agus comhordú idir an Coimisiún Eorpach, údaráis iomaíochta na mBallstát agus údaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe, a bhféadfaidh coinníollacha a bheith ar áireamh ann maidir le faisnéis rúnda a mhalartú agus a úsáid.
Airteagal 362
Réiteach Díospóidí
Ní bheidh an Chaibidil seo faoi réir réiteach díospóidí faoi Theideal I [Réiteach díospóidí] de Chuid a Sé.
CAIBIDIL 3
RIALÚ FÓIRDHEONTAIS
Airteagal 363
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘gníomhaí eacnamaíoch’ eintiteas nó grúpa eintiteas atá ina n-eintiteas eacnamaíoch aonair, beag beann ar a stádas dlíthiúil, atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch trí earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh; |
(b) |
ciallaíonn ‘fóirdheontas’ cúnamh airgeadais:
|
2. Chun críocha phointe (b)(iii) de mhír 1:
(a) |
ní mheasfar gur fóirdheontas é beart cánach, ach amháin:
|
(b) |
d'ainneoin phointe (a), ní mheasfar fóirdheontas a bheith sonrach má tá bonn cirt leis de réir prionsabail a bhaineann go dlúth le dearadh an chórais ghinearálta; i gcás bearta cánach, is samplaí de phrionsabail bhunúsacha den sórt sin iad an gá calaois nó imghabháil cánach, inláimhsitheacht riaracháin, cánachas dúbailte a sheachaint, prionsabal na neodrachta cánach, cineál forásach na cánach ioncaim agus a cuspóir athdháilte, nó an gá atá ann urraim a thabhairt do chumas na gcáiníocóirí íoc; |
(c) |
D'ainneoin phointe (a), ní mheasfar tobhaigh shainchuspóireacha a bheith sonrach más gá iad a dhearadh de réir cuspóirí beartais phoiblí neamheacnamaíocha, amhail an gá le tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí nó táirgí áirithe ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine a theorannú , a mhéad nach bhfuil cuspóirí beartais phoiblí idirdhealaitheach (53). |
Airteagal 364
Raon feidhme agus eisceachtaí
1. Níl feidhm ag Airteagail 366, 367 agus Airteagal 374 maidir le fóirdheontais a dheonaítear chun an damáiste a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla neamheacnamaíocha eile a chúiteamh.
2. Ní chuireann aon ní sa Chaibidil seo cosc ar na Páirtithe fóirdheontais de chineál sóisialta a dheonú atá dírithe ar thomhaltóirí deiridh.
3. Fóirdheontais a dheonófar ar bhonn sealadach chun freagairt d'éigeandáil eacnamaíoch náisiúnta nó domhanda, beidh na fóirdheontais sin spriocdhírithe, comhréireach agus éifeachtach chun an éigeandáil sin a leigheas. Níl feidhm ag Airteagail 367 agus 374 maidir leis na fóirdheontais sin.
4. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fóirdheontais nuair is lú ná 325 000 Ceart Tarraingthe Speisialta an méid foriomlán a dheonaítear do ghníomhaí eacnamaíoch aonair thar thréimhse trí bliana fhioscacha. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an tairseach seo a leasú.
5. Níl feidhm an gCaibidil seo maidir le fordheontais atá faoi réir fhorálacha Chuid IV ná Iarscríbhinn 2 de Chomhaontú EDT ar Thalmhaíocht agus fóirdheontais a bhaineann leis an trádáil in éisc agus i dtáirgí éisc.
6. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fóirdheontais a bhaineann leis an earnáil chlosamhairc.
7. Níl feidhm ag Airteagal 371 maidir le fóirdheontais a mhaoinítear le hacmhainní Páirtí ar leibhéal fornáisiúnta.
8. Chun críocha fóirdheontas d'aeriompróirí, léifear aon tagairt do ‘éifeacht ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe’ sa Chaibidil seo mar ‘éifeacht ar iomaíocht idir aeriompróirí na bPáirtithe i soláthar seirbhísí aeriompair’, lena n-áirítear na seirbhísí aeriompair sin nach gcumhdaítear faoi Theideal I de Cheannteideal a Dó.
Airteagal 365
Seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta
1. Fóirdheontais a dheonaítear do ghníomhaithe eacnamaíocha a bhfuil cúraimí ar leith ar mhaithe le leas an phobail sannta dóibh, lena n-áirítear oibleagáidí seirbhíse poiblí, tá siad faoi réir Airteagal 366 sa mhéid nach gcuireann cur i bhfeidhm na bprionsabal a leagtar amach san Airteagal sin bac ar chomhlíonadh an chúraim áirithe i ndlí nó i bhfíoras a sannadh don ghníomhaí eacnamaíoch lena mbaineann. Déanfar an cúram a shannadh roimh ré ar bhealach trédhearcach.
2. Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh an méid cúitimh a dheonófar do ghníomhaí eacnamaíoch a shanntar cúram dó a bhaineann le leas an phobail teoranta don mhéid is gá chun na costais go léir nó cuid de na costais arna dtabhú i gcomhlíonadh an chúraim sin a chumhdach, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnach as an gcúram a chomhlíonadh á gcur san áireamh. Áiritheoidh na Páirtithe nach n-úsáidfear an cúiteamh a dheonófar chun gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme an chúraim shannta a thras-fhóirdheonú. Ní bheidh cúiteamh faoi bhun 15 mhilliún Ceart Tarraingthe Speisialta in aghaidh an chúraim faoi réir na n-oibleagáidí faoi Airteagal 369. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an tairseach sin a leasú.
3. Níl feidhm ag an gCaibidil seo i gcás inar lú ná 750 000 Ceart Tarraingthe Speisialta thar aon tréimhse trí bliana fioscacha an cúiteamh iomlán do ghníomhaí eacnamaíoch a chuirfidh cúraimí ar fáil ar mhaithe le leas an phobail. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an tairseach sin a leasú.
Airteagal 366
Prionsabail
1. D’fhonn a áirithiú nach ndeonófar fóirdheontais i gcás ina bhfuil nó ina bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar an iomaíocht nó trádáil idir na Páirtithe, cuirfidh gach Páirtí i bhfeidhm agus coinneoidh siad i bhfeidhm córas éifeachtach rialaithe fóirdheontais lena n-áirithítear go n-urramófar le deonú fóirdheontas na prionsabail seo a leanas:
(a) |
go saothróidh fóirdheontais cuspóir sonrach beartais phoiblí chun cliseadh aitheanta margaidh a leigheas nó chun aghaidh a thabhairt ar réasúnaíocht chothromais amhail deacrachtaí sóisialta nó ábhair imní maidir le dáileachán (‘an cuspóir’); |
(b) |
go mbeidh fóirdheontais comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun an cuspóir a bhaint amach; |
(c) |
go mbeidh fóirdheontais ceaptha chun athrú ar iompar eacnamaíoch an tairbhí a thabhairt i gcrích a chuideoidh leis an gcuspóir a bhaint amach agus nach mbainfí amach mura gcuirfí fóirdheontais ar fáil; |
(d) |
nár cheart d'fhóirdheontais na costais a bheadh maoinithe ag an tairbhí a chúiteamh de ghnáth in éagmais aon fhóirdheontais; |
(e) |
gur ionstraim beartais iomchuí iad fóirdheontais chun cuspóir beartais phoiblí a bhaint amach agus nach féidir an cuspóir sin a bhaint amach trí mhodhanna eile nach bhfuil chomh saofa céanna; |
(f) |
gur mó rannchuidiú deimhneach na bhfóirdheontas leis na cuspóirí a bhaint amach ná a dtionchair dhiúltacha, go háirithe na tionchair dhiúltacha ar thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe. |
2. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh gach Páirtí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 367 i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha, más rud é go bhfuil nó go bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith ag na fóirdheontais lena mbaineann ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe.
3. Is faoi gach Páirtí atá sé a chinneadh conas a dhéanfar a oibleagáidí faoi mhíreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme agus a chóras rialaithe fóirdheontais á leagan amach aige ina dhlí baile féin, ar choinníoll go n-áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear an oibleagáid faoi mhíreanna 1 agus 2 chun feidhme ina dhlí sa chaoi go gcinnfear dlíthiúlacht fóirdheontais aonair de réir na bprionsabal.
Airteagal 367
Fóirdheontais thoirmiscthe agus fóirdheontais faoi réir coinníollacha
1. Is iad seo a leanas na haicmí fóirdheontas dá dtagraítear in Airteagal 366(2) agus na coinníollacha atá le cur i bhfeidhm maidir leo. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na forálacha sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá d’fhonn oibriú an Airteagail seo a áirithiú le himeacht ama.
Fóirdheontais i bhfoirm ráthaíochtaí gan teorainn
2. Toirmiscfear fóirdheontais i bhfoirm ráthaíochta ar fhiacha nó dliteanais gníomhaithe eacnamaíoch gan aon teorainn maidir le méid na bhfiach agus na ndliteanas sin nó maidir le fad na ráthaíochta sin.
Tarrtháil agus athstruchtúrú
3. Toirmiscfear fóirdheontas chun gníomhaí eacnamaíoch anásta nó dócmhainneach a athstruchtúrú gan plean inchreidte athstruchtúraithe a bheith ullmhaithe ag an ngníomhaí eacnamaíoch. Beidh an plean athstruchtúraithe bunaithe ar thoimhdí réalaíocha d’fhonn a áirithiú go bhfillfear ar inmharthanacht fhadtéarmach gníomhaí eacnamaíoch anásta nó dócmhainneach laistigh de thréimhse réasúnta. Agus an plean athstruchtúraithe á ullmhú, féadfaidh an gníomhaí eacnamaíoch tacaíocht leachtachta shealadach a fháil i bhfoirm iasachtaí nó ráthaíochtaí iasachta. Cé is moite d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ranníocfaidh gníomhaí eacnamaíoch nó a úinéirí, creidiúnaithe nó infheisteoirí nua cistí nó sócmhainní suntasacha le costas an athstruchtúraithe. Chun críocha na míre seo, is gníomhaí eacnamaíoch atá i gceist le gníomhaí eacnamaíoch anásta nó dócmhainneach agus a rachadh as gnó, geall leis, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma gan an fóirdheontas a fháil
4. Seachas in imthosca eisceachtúla, níor cheart fóirdheontais le haghaidh tarrtháil agus athstruchtúrú gníomhaithe eacnamaíocha atá dócmhainneach nó gníomhaithe eacnamaíocha anásta a cheadú ach amháin má chuireann siad le cuspóir leasa phoiblí trí chruatan sóisialta a sheachaint nó trí chliseadh tromchúiseach ar an margadh a chosc, go háirithe maidir le caillteanas post nó briseadh i seirbhís thábhachtach atá deacair a mhacasamhlú. Ach amháin i gcás cúinsí neamh-intuartha nach é an tairbhí ba chúis leo, níor cheart iad a dheonú níos mó ná uair amháin in aon tréimhse cúig bliana.
5. Níl feidhm ag míreanna 3 agus 4 maidir le fóirdheontais do bhainc anásta nó do bhainc dhócmhainneacha, d'institiúidí creidmheasa agus do chuideachtaí árachais.
Bainc, institiúidí creidmheasa agus cuideachtaí árachais
6. Gan dochar d'Airteagal 184, ní fhéadfar fóirdheontais chun bainc, institiúidí creidmheasa agus cuideachtaí árachais a athstruchtúrú a thabhairt ach amháin ar bhonn plean inchreidte athstruchtúraithe lena n-athbhunaítear inmharthanacht fhadtéarmach. Mura féidir a thaispeáint go hinchreidte go bhfillfear ar inmharthanacht fhadtéarmach, beidh aon fhóirdheontas do na bainc, institiúidí creidmheasa agus do na comhlachtaí árachais teoranta don mhéid is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a leachtú go hordúil agus a scor ón margadh agus méid an fhóirdheontais agus a thionchar diúltach ar thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe á íoslaghdú.
7. Áiritheofar go n-íocfar an t-údarás deonúcháin mar is ceart as an bhfóirdheontas athstruchtúraithe agus go ndéanfaidh an tairbhí, a scairshealbhóirí, a chreidiúnaithe nó an grúpa gnó lena mbaineann an tairbhí, ranníocaíocht shuntasach leis na costais athstruchtúraithe nó leachtaithe óna n-acmhainní féin. Beidh feidhm sealadach ag fóirdheontais chun tacú le forálacha leachtachta agus ní bhainfear úsáid astu chun caillteanais a ionsú agus ní thiocfaidh siad chun bheith ina dtacaíocht chaipitil. Íocfar luach saothair cuí leis an údarás deonúcháin i leith na bhfóirdheontas a dheonaítear chun tacú le forálacha leachtachta.
Fóirdheontais onnmhairiúcháin
8. Toirmiscfear fóirdheontais atá ag brath de réir dlí nó fíorais (54), cibé acu ina n-aonar nó mar cheann amháin de roinnt coinníollacha eile, ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin a bhaineann le hearraí nó seirbhísí, ach amháin maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
árachas creidmheasa gearrthéarmach i gcomhair rioscaí neamh-inmhargaidh; nó |
(b) |
creidmheasanna onnmhairiúcháin agus ráthaíocht creidmheasa onnmhairiúcháin nó cláir árachais is incheadaithe i gcomhréir le Comhaontú SCM, léitear iad le haon choigeartú is gá don chomhthéacs. |
9. Chun críocha phointe (a) de mhír 8, ciallaíonn ‘rioscaí indíolta’ rioscaí tráchtála agus polaitiúla a bhfuil uastréimhse riosca níos lú ná dhá bhliain acu, ar cheannaitheoirí poiblí agus neamhphoiblí i dtíortha lena ngabhann riosca indíolta (55). Féadfar a thuiscint go bhfuil tír á baint go sealadach ó ghrúpa na dtíortha lena ngabhann riosca indíolta má tá easpa cumais leordhóthanaigh sa mhargadh príobháideach ann i ngeall ar an méid seo a leanas:
(a) |
crapadh suntasach ar chumas árachais creidmheasa phríobháidigh; |
(b) |
meath suntasach ar rátáil earnála ceannasacha; nó |
(c) |
meath suntasach ar fheidhmíocht na hearnála corparáidí. |
10. Beidh éifeacht le haistriú sealadach den sórt sin ar thír lena gabhann riosca indíolta, a mhéid a bhaineann sé le Páirtí, i gcomhréir le cinneadh an Pháirtí sin ar bhonn na gcritéar i mír 9, agus ní bheidh éifeacht leis ach amháin má ghlacann an Páirtí sin cinneadh den sórt sin. Measfar gurb ionann an cinneadh sin a fhoilsiú agus fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi aistriú sealadach den sórt sin a mhéid a bhaineann leis an gcéad Pháirtí.
11. Má chuireann árachóir ar tugadh fóirdheontas ina leith árachas creidmheasa onnmhairiúcháin ar fáil, cuirfear aon árachas le haghaidh rioscaí indíolta ar fáil ar bhonn tráchtála. I gcás den sórt sin, ní thairbheoidh an t-árachóir, go díreach ná go hindíreach, d'fhóirdheontais chun árachas a sholáthar i gcomhair rioscaí indíolta.
Fóirdheontais ag teacht le húsáid ábhair intíre
12. Gan dochar d' Airteagail 132 agus 133, toirmiscfear fóirdheontais atá teagmhasach, cibé acu ina n-aonar nó mar cheann amháin de roinnt coinníollacha eile, le húsáid earraí nó seirbhísí intíre os cionn earraí nó seirbhísí arna n-allmhairiú.
Tionscadail mhóra comhair trasteorann nó idirnáisiúnta
13. Féadfar fóirdheontais a dheonú i gcomhthéacs tionscadail mhóra comhair trasteorann nó idirnáisiúnta, amhail tionscadail le haghaidh iompair, fuinnimh, an chomhshaoil, taighde agus forbartha, agus tionscadail imlonnaithe den chéad uair chun teacht chun cinn agus imscaradh teicneolaíochtaí nua a dhreasú (gan monaraíocht a áireamh). Níor cheart buntáistí na dtionscadal comhair trasteorann nó idirnáisiúnta sin a bheith teoranta do na gníomhaithe eacnamaíocha nó don earnáil nó do na Stáit atá rannpháirteach, ach ní mór dóibh tairbhe agus ábharthacht níos leithne a bheith acu trí éifeachtaí iarmharta nach bhfabhraíonn go heisiach leis an Stát a dheonaíonn an fóirdheontas, an earnáil ábhartha agus an tairbhí.
Fuinneamh agus an comhshaol
14. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le córas fuinnimh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, go háirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide arís, ar bagairt í ar gcine daonna. Dá bhrí sin, gan dochar d'Airteagal 366, beidh fóirdheontais i ndáil le fuinneamh agus leis an gcomhshaol dírithe ar an tairbhí, agus an tairbhí a dhreasú iontu, córas fuinnimh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe agus margadh fuinnimh iomaíoch a sheachadadh nó leibhéal na cosanta comhshaoil a mhéadú i gcomparáid leis an leibhéal a bhainfí amach d'uireasa an fhóirdheontais. Ní scaoilfidh fóirdheontais den sórt sin an tairbhí ó dhliteanais a eascraíonn óna fhreagrachtaí mar údar faoi dhlí an Pháirtí ábhartha.
Fóirdheontais d'aeriompróirí chun bealaí a oibriú
15. Ní dheonófar fóirdheontais d’aeriompróir (56) chun bealaí a oibriú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a) |
i gcás ina bhfuil oibleagáid seirbhíse poiblí ann, i gcomhréir le hAirteagal 365; |
(b) |
i gcásanna speisialta ina soláthraíonn an cistiú sin sochair don tsochaí i gcoitinne; nó |
(c) |
mar fhóirdheontais do ghnólachtaí nuathionscanta chun bealaí nua a oscailt d'aerfoirt réigiúnacha ar an gcoinníoll go méadaíonn fóirdheontais den sórt sin soghluaisteacht saoránach agus go spreagann sé forbairt réigiúnach. |
Airteagal 368
Úsáid fóirdheontas
Áiritheoidh gach Páirtí go n-úsáidfidh gníomhaithe eacnamaíocha cabhair ach amháin chun na críche sonraí dá ndeonaítear an chabhair.
Airteagal 369
Trédhearcacht
1. I dtaca le haon fhóirdheontas a dheonaítear nó a choinnítear ar bun laistigh dá chríoch, déanfaidh gach Páirtí laistigh de shé mhí ón uair a dheonaítear an fóirdheontas an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil nó bunachar sonraí poiblí:
(a) |
bunús dlí agus cuspóir nó cuspóir beartais an fhóirdheontais; |
(b) |
ainm fhaighteoir an fhóirdheontais, nuair a bheidh sé ar fáil; |
(c) |
dáta dheonú an fhóirdheontais, fad an fhóirdheontais agus aon teorainneacha ama eile a ghabhann leis an bhfóirdheontas; agus |
(d) |
méid an fhóirdheontais nó an méid arna bhuiséadú don fhóirdheontas. |
2. Maidir le fóirdheontais i bhfoirm beart cánach, cuirfear faisnéis ar fáil go poiblí laistigh de bhliain amháin ón dáta a mbeidh an dearbhú cánach dlite. Baineann na hoibleagáidí trédhearcachta maidir le fóirdheontais i bhfoirm bearta cánach leis an bhfaisnéis chéanna a liostaítear i mír 1, seachas an fhaisnéis is gá faoi phointe (d) den mhír sin, ar féidir í a chur ar fáil mar raon.
3. I dteannta na hoibleagáide atá leagtha amach i mír 1, cuirfidh na Páirtithe faisnéis maidir le fóirdheontas ar fáil i gcomhréir le míreanna 4 nó 5.
4. I gcás an Aontais, ciallaíonn comhlíonadh mhír 3 den Airteagal seo maidir le haon fhóirdheontas a dheonaítear nó a choimeádtar laistigh dá chríoch, laistigh de shé mhí ón bhfóirdheontas a dheonú, go gcuirtear faisnéis ar fáil go poiblí, ar shuíomh gréasáin oifigiúil nó ar bhunachar sonraí poiblí, a chuireann ar chumas páirtithe leasmhara measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal 366.
5. I gcás na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn comhlíonadh mhír 3 go n-áiritheoidh an Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas:
(a) |
má chuireann páirtí leasmhar in iúl don údarás deonúcháin go bhféadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ó chúirt nó binse faoi:
|
(b) |
ansin, laistigh de 28 lá ón iarraidh a bheith déanta i scríbhinn, déanfaidh an t-údarás deonúcháin, an comhlacht neamhspleách nó an t-údarás an fhaisnéis a sholáthar don pháirtí leasmhar lena gceadaítear don pháirtí leasmhar measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 366, faoi réir aon srianta comhréireacha lena saothraítear cuspóir dlisteanach, amhail íogaireacht tráchtála, rúndacht nó pribhléid dhlíthiúil. |
Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar fáil don pháirtí leasmhar chun a chur ar a chumas cinneadh feasach a dhéanamh i dtaobh ar cheart dó éileamh a dhéanamh nó na saincheisteanna atá faoi dhíospóid a thuiscint agus a shainaithint i gceart.
6. Chun críocha an Airteagail seo, agus Airteagail 372 agus 373, ciallaíonn ‘páirtí leasmhar’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon ghníomhaí eacnamaíoch nó comhlachas de ghníomhaithe eacnamaíocha a bhféadfadh deonú fóirdheontais, go háirithe an tairbhí, gníomhaithe eacnamaíocha atá in iomaíocht leis an tairbhí nó leis na comhlachais trádála ábhartha difear a dhéanamh dá leas.
7. Tá na hoibleagáidí san Airteagal seo gan dochar d'oibleagáidí na bPáirtithe faoina ndlíthe faoi seach maidir le saoirse faisnéise nó rochtain ar dhoiciméid.
Airteagal 370
Comhairliúcháin maidir le rialú fóirdheontas
1. Má mheasann Páirtí gur dheonaigh an Páirtí eile fóirdheontas nó go bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil sé ar intinn ag an bPáirtí eile fóirdheontas a dheonú agus go bhfuil nó go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag deonú an fhóirdheontais ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe, féadfaidh sé a iarraidh ar an bPáirtí eile míniú a thabhairt ar an gcaoi ar urramaíodh na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 366 maidir leis an bhfóirdheontas sin.
2. Féadfaidh Páirtí an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 369(1) a iarraidh freisin a mhéid nár cuireadh an fhaisnéis ar fáil go poiblí cheana ar shuíomh gréasáin oifigiúil nó ar bhunachar sonraí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 369(1), nó a mhéid nár cuireadh an fhaisnéis ar fáil ar bhealach a bhfuil rochtain éasca uirthi.
3. Déanfaidh an Páirtí eile an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar i scríbhinn tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis dháta fála na hiarrata. Mura féidir aon fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil, míneoidh an Páirtí sin easpa na faisnéise sin ina fhreagra i scríbhinn.
4. Más rud é, tar éis an fhaisnéis a iarradh a fháil, go measann an Páirtí iarrthach fós go bhfuil nó go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an bhfóirdheontas a dheonaigh an Páirtí eile nó a bheartaíonn an Páirtí eile a dheonú ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe, féadfaidh an Páirtí iarrthach comhairliúcháin a iarraidh laistigh den Choiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe. Is i scríbhinn a bheidh an iarraidh sin agus beidh inti míniú ar na cúiseanna atá ag an bPáirtí iarrthach leis an gcomhairliúchán a iarraidh.
5. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe gach iarracht teacht ar réiteach sásúil frithpháirteach ar an ábhar. Reáchtálfaidh sé a chéad chruinniú laistigh de 30 lá ón iarraidh ar chomhairliúchán.
6. Is féidir síneadh ama a chur leis na comhairliúcháin i míreanna 3 agus 5 thuas trí chomhaontú idir na Páirtithe.
Airteagal 371
Údarás nó comhlacht neamhspleách agus comhar
Déanfaidh gach Páirtí údarás nó comhlacht atá neamhspleách go hoibríochtúil a bhunú nó a choinneáil ar bun, ar údarás nó comhlacht a mbeidh ról iomchuí aige ina chóras rialaithe fóirdheontais. Agus a fheidhmeanna oibríochtúla á bhfeidhmiú aige, beidh na ráthaíochtaí riachtanacha neamhspleáchais ag an údarás nó ag an gcomhlacht neamhspleách sin agus gníomhóidh sé go neamhchlaonta.
Spreagfaidh na Páirtithe a n-údaráis nó a gcomhlachtaí neamhspleácha faoi seach chun comhoibriú le chéile maidir le saincheisteanna leasa choitinn laistigh dá bhfeidhmeanna faoi seach, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagail 363 go 369 de réir mar is infheidhme, laistigh de na teorainneacha a bhunaítear lena gcreataí dlíthiúla faoi seach. Féadfaidh na Páirtithe, nó a n-údaráis nó a gcomhlachtaí neamhspleácha féin, teacht ar chomhaontú maidir le creat ar leith i ndáil le comhar idir na húdaráis neamhspleácha sin.
Airteagal 372
Cúirteanna agus binsí
1. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcomhréir lena dhlíthe agus lena nósanna imeachta ginearálta agus bunreachtúla, go bhfuil a chúirteanna nó a bhinsí inniúil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maidir le fóirdheontais a ghlacann údarás deonúcháin nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás nó comhlacht neamhspleách um chomhréireacht le dlí an Pháirtí sin lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 366; |
(b) |
athbhreithniú a dhéanamh ar aon bhreitheanna iomchuí eile de chuid an údaráis nó chomhlachta neamhspleách agus ar aon mhainneachtain gníomhú; |
(c) |
leigheasanna a fhorchur atá éifeachtach i ndáil le pointe (a) agus (b), lena n-áirítear toirmeasc, nó ceanglas gnímh ag an údarás deonúcháin, damáistí a dheonú agus nó gnóthú fóirdheontais ón tairbhí má bhíonn siad ar fáil agus a mhéid a bheidh na leigheasanna sin ar fáil faoi na dlíthe faoi seach ar an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm; |
(d) |
éilimh ó pháirtithe leasmhara i leith fóirdheontas atá faoi réir na Caibidle seo a éisteacht; i gcás ina mbeidh seasamh ag páirtí leasmhar éileamh a thionscnamh i leith fóirdheontais faoi dhlí an Pháirtí sin. |
2. Beidh de cheart ag gach Páirtí idirghabháil a dhéanamh le cead más gá na cúirte nó an bhinse lena mbaineann, de réir dhlíthe agus nósanna imeachta ginearálta an Pháirtí eile sna cásanna dá dtagraítear i mír 1.
3. Gan dochar do na hoibleagáidí na hinniúlachtaí, na leigheasanna agus na cearta idirghabhála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, ná in Airteagal 373 a chothabháil nó, i gcás inar gá, chun iad a chruthú, ní cheanglaítear le haon ní san Airteagal seo ar cheachtar Páirtí cearta caingne, leigheasanna, nósanna imeachta, ná raon feidhme ná forais athbhreithnithe chinntí a n-údarás poiblí a leathnú faoi seach a chruthú, thar na cinn atá ann cheana faoina dhlí ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
4. Ní cheanglaítear le haon ní san Airteagal seo go leathnóidh ceachtar Páirtí raon feidhme ná forais athbhreithnithe a chúirteanna agus a bhinsí ar Ghníomhartha ó Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, ar ghníomhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ná ar ghníomhartha ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh thar na gníomhartha sin atá ann cheana faoina dhlí ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo (57).
IRTEAGAL 373
Gnóthú
1. Beidh sásra éifeachtach um ghnóthú i bhfeidhm ag gach Páirtí i leith fóirdheontas i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas, gan dochar do leigheasanna eile atá i ndlí an Pháirtí sin (58).
2. Áiritheoidh gach Páirtí, ar choinníoll go mbeidh agóid déanta ag an bpáirtí leasmhar mar atá sainmhínithe in Airteagal 369 in aghaidh cinnidh fóirdheontas a dheonú os comhair cúirte nó binse laistigh den tréimhse shonraithe ama, mar atá sainmhínithe i mír 3 den Airteagal seo , go bhféadfar an gnóthú a ordú má dhéanann cúirt nó binse de chuid Páirtí cinneadh go bhfuil earráid ábhartha dlí ann, sa mhéid seo a leanas:
(a) |
nár dhéileáil an deontóir le beart arb ionann é agus fóirdheontas mar fhóirdheontas; |
(b) |
gur mhainnigh deontóir fóirdheontais na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 366 a chur i bhfeidhm, mar a chuirtear i bhfeidhm iad i ndlí an Pháirtí sin, nó gur fheidhmigh sé iad ar mhodh a thagann faoi bhun an chaighdeáin athbhreithnithe is infheidhme i ndlí an Pháirtí sin; nó |
(c) |
gur ghníomhaigh deontóir fóirdheontais, trí chinneadh a dhéanamh an fóirdheontas sin a dheonú, lasmuigh de raon feidhme a chumhachtaí nó gur bhain sé mí-úsáid as na cumhachtaí sin i ndáil leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 366, mar a chuirtear i bhfeidhm i ndlí an Pháirtí sin iad. |
3. Chun críocha an Airteagail seo, is mar a leanas a chinnfear an tréimhse ama a shonraítear:
(a) |
I gcás an Aontais, tosóidh sé an dáta a cuireadh an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 369(1), (2) agus (4) ar fáil ar an láithreán gréasáin oifigiúil nó ar an mbunachar sonraí poiblí agus ní bheidh sí níos giorra ná aon mhí amháin. |
(b) |
i gcás na Ríochta Aontaithe:
|
4. Chun críocha phointe (b) de mhír 3, maidir le scéimeanna, tosaíonn an tréimhse ama shonraithe nuair a fhoilsítear an fhaisnéis faoi phointe (b) den mhír seo, seachas nuair a dhéantar íocaíochtaí ina dhiaidh sin, sna cásanna seo a leanas:
(a) |
go ndeonaítear fóirdheontas go dian i gcomhréir le téarmaí scéime; |
(b) |
go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 369(1) agus (2) i leith na scéime curtha ar fáil go poiblí ag déantóir na scéime; agus |
(c) |
san fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoin scéim faoi phointe (b) den mhír seo, tá faisnéis faoin bhfóirdheontas a chuirfeadh ar chumas páirtí leasmhar a chinneadh an ndéanfadh an scéim difear dó, a chlúdóidh, ar a laghad, cuspóir an fhóirdheontais, na catagóirí tairbhí, na téarmaí agus na coinníollacha incháilitheachta d'fhóirdheontas agus an bonn ar a ríomhfar an fóirdheontas (lena n-áirítear aon choinníollacha ábhartha a bhaineann le cóimheasa nó méideanna fóirdheontais). |
5. Chun críocha an Airteagail seo, ní gá fóirdheontas a ghnóthú i gcás ina ndeonaítear fóirdheontas ar bhonn Ionstraim ó Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, ar bhonn gnímh ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh nó ar bhonn gnímh de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
6. Ní choisceann aon ní san Airteagal seo ar Pháirtí rogha a dhéanamh chun cásanna breise a chur ar fáil inar leigheas é an gnóthú, sa bhreis ar an leigheas sin a shonraítear san Airteagal seo, de réir a dhlí.
7. Aithníonn na Páirtithe gur uirlis thábhachtach feabhais é gnóthú in aon chóras rialaithe fóirdheontais. Ar iarraidh ó cheachtar Páirtí, déanfaidh na Páirtithe, laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, sásraí breise nó sásraí malartacha le haghaidh gnóthaithe a bhreithniú, mar aon le leasuithe comhfhreagracha ar an Airteagal seo. Laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, féadfaidh ceachtar Páirtí leasuithe a mholadh chun socruithe éagsúla a cheadú dá sásraí um ghnóthú faoi seach. Déanfaidh Páirtí togra ón bPáirtí eile a bhreithniú de mheon macánta agus comhaontú leis, ar choinníoll go measfaidh an Páirtí sin go bhfuil socruithe ann atá ar a laghad chomh héifeachtach céanna mar bhealach chun gnóthú a áirithiú agus atá sásraí an Pháirtí eile atá ann cheana. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta leasuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar an Airteagal seo ansin (59).
Airteagal 374
Bearta leighis
1. Féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn ar fhaisnéis agus ar chomhairliúcháin a sheachadadh ar an bPáirtí eile maidir le fóirdheontas a mheasann sé is cúis, nó a bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeidh tionchar diúltach suntasach aige ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe. Ba cheart don Pháirtí iarrthach gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil san iarraidh sin chun a chumasú do na Páirtithe teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá pháirtí, lena n-áirítear tuairisc ar an bhfóirdheontas agus ar ábhair imní an Pháirtí iarrthaigh maidir lena éifeacht ar thrádáil nó ar infheistíocht.
2. Tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta a seachadtar an iarraidh, seachadfaidh an Páirtí iarrtha freagra i scríbhinn lena gcuirfear an fhaisnéis iarrtha ar fáil don Pháirtí iarrthach, agus rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán, a measfar iad a bheith críochnaithe 60 lá ón dáta a sheachadfar an iarraidh sin, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Is faoi rún a bheidh na comhairliúcháin sin, agus go háirithe gach faisnéis a ainmneofar mar fhaisnéis rúnda agus seasaimh arna nglacadh ag na Páirtithe le linn chomhairliúchán, agus beidh siad gan dochar do chearta ceachtar Páirtí in aon imeachtaí eile.
3. Tráth nach luaithe ná 60 lá ó dháta seachadta na hiarrata dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Páirtí iarrthach bearta leighis iomchuí a dhéanamh go haontaobhach má tá fianaise ann go bhfuil fóirdheontas ón bPáirtí iarrtha mar chúis, nó má tá riosca tromchúiseach ann go mbeidh sé ina chúis le mórthionchar diúltach ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe.
4. Tráth nach luaithe ná 45 lá ó dháta seachadta na hiarrata dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Páirtí iarrthach fógra don Pháirtí iarrtha faoi na bearta leighis atá beartaithe aige a ghlacadh i gcomhréir le mír 3. Soláthróidh an Páirtí iarrthach an fhaisnéis go léir is ábhartha maidir leis na bearta a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh chun a chur ar chumas na bPáirtithe teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá pháirtí. Ní fhéadfaidh an Páirtí iarrthach na bearta leighis sin a dhéanamh níos luaithe ná 15 lá ón dáta a seachadtar an fógra faoi na bearta sin ar an bPáirtí iarrtha.
5. Maidir le measúnú Páirtí go bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeidh tionchar diúltach suntasach ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach amháin. An t-athrú imthosca lena dtiocfadh tionchar diúltach suntasach as fóirdheontas, ní mór é a bheith soiléir intuartha.
6. Maidir le measúnú Páirtí i dtaobh fóirdheontas a bheith ann nó tionchar diúltach suntasach a bheith aige ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe mar gheall ar an bhfóirdheontas, beidh sé bunaithe ar fhianaise iontaofa agus ní ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach amháin a bheidh sé, agus bainfidh sé le hearraí, soláthróirí seirbhíse nó gníomhaithe eacnamaíocha eile inaitheanta, lena n-áirítear, más ábhartha, i gcás scéimeanna fóirdheontais.
7. Féadfaidh an Chomhairle Chomhpháirtíochta liosta léiritheach a choinneáil de mhéid a bheadh ina tionchar diúltach suntasach ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe de réir bhrían Airteagail seo. Beidh an méid sin gan dochar do cheart na bPáirtithe bearta leighis a ghlacadh.
8. Ní rachaidh na bearta leighis, a thógfar de bhun mhír 3 thar an méid is gá agus comhréireach chun an tionchar diúltach suntasach a dhéantar a leigheas nó chun aghaidh a thabhairt ar an riosca dáiríre a bhaineann le tionchar den sórt sin. Tabharfar tosaíocht do bhearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Phrótacail seo.
9. Laistigh de chúig lá ón dáta a thiocfaidh na bearta leighis dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm agus gan dul i muinín comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 738, féadfaidh an Páirtí dá dtugtar fógra a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 739(2), binse eadrána a bhunú trí bhíthin iarraidh i scríbhinn a sheachadfar ar an bPáirtí iarrthach chun go bhféadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
an bhfuil beart leighis arna dhéanamh ag an bPáirtí iarrthach ar neamhréir le mír 3 nó 8; |
(b) |
nár ghlac an Páirtí iarrthach páirt sna comhairliúcháin tar éis don Pháirtí iarrtha an fhaisnéis iarrtha a sheachadadh agus gur aontaigh sé na comhairliúcháin sin a sheoladh; nó |
(c) |
gur tharla mainneachtain beart leighis a dhéanamh nó fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir leis na tréimhsí ama dá dtagraítear i míreanna 3 nó 4 faoi seach. |
Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh sin ar na bearta feabhais. Thairis sin, ní dhéanfaidh an binse eadrána measúnú ar iarratas na bPáirtithe ar Airteagail 366 agus 367.
10. Déanfaidh an binse eadrána a bhunófar tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 760 agus tabharfaidh sé a rialú deiridh laistigh de 30 lá tar éis a bhunaithe.
11. I gcás cinneadh i gcoinne an Pháirtí is freagróir, déanfaidh an Páirtí is freagróir, 30 lá ar a dhéanaí ón dáta a seachadadh an rialú ón mbinse eadrána, fógra a sheachadadh don Pháirtí is déantóir gearáin faoi aon bheart a bheidh déanta aige chun an rialú sin a chomhlíonadh.
12. Tar éis cinneadh i gcoinne an Pháirtí is freagróir sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a iarraidh ar an mbinse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó rialú a fháil, leibhéal fionraí na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó comhaontú forlíontach a chinneadh nach sáraíonn an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó leis an lagú atá ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na mbeart leighis, má chinneann sé go bhfuil neamhréireacht na mbeart leighis le mír 3 nó mír 8 den Airteagal seo suntasach. Molfaidh an iarraidh leibhéal fionraí oibleagáidí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal INST.34C [Oibleagáidí a fhionraí chun críocha Airteagal 761. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó faoi chomhaontú forlíontach a chur ar fionraí de réir leibhéal fionraí na n-oibleagáidí a chinnfidh an binse eadrána. Ní chuirfear an fhionraí sin i bhfeidhm níos luaithe ná 15 lá tar éis an rialaithe sin.
13. Ní dhéanfaidh Páirtí Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun cosc a chur ar an bPáirtí eile bearta a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear i gcás gurb é a bhíonn san bearta sin oibleagáidí a chur ar fionraí faoin gComhaontú seo nó faoi chomhaontú forlíontach.
14. Chun a mheasúnú an bhfuil sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach nó comhréireach chun críocha an Airteagail seo bearta leighis a fhorchur nó a choinneáil ar allmhairí den táirge céanna, déanfaidh Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
bearta frithchúitimh arna gcur i bhfeidhm nó arna gcoimeád ar bun de bhun Airteagal 32(3) a chur san áireamh; agus |
(b) |
féadfaidh sé bearta frithdhumpála arna gcur i bhfeidhm nó arna gcoimeád de bhun Airteagal 32(3) a chur san áireamh. |
15. Ní dhéanfaidh Páirtí beart leighis faoin Airteagal seo agus beart athchothromaithe faoi Airteagal 411 a chur i bhfeidhm an tráth céanna chun an tionchar ar thrádáil nó ar infheistíocht arna dhéanamh go díreach ag an bhfóirdheontas céanna a leigheas.
16. Mura gcuirfidh an Páirtí a ndearnadh bearta leighis ina choinne iarraidh de bhun mhír 9 den Airteagal seo isteach laistigh den tréimhse ama a leagtar síos sa mhír sin, féadfaidh an Páirtí sin an nós imeachta eadrána dá dtagraítear in Airteagal 739 a thionscnamh chun beart leighis a agóid ar na forais a leagtar amach i mír 9 den Airteagal seo gan dul i muinín comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 738. Déileálfaidh binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críoch Airteagal 744.
17. Chun críocha na n-imeachtaí faoi mhíreanna 9 agus 16 , agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil beart feabhais fíor-riachtanach nó comhréireach, tabharfaidh an binse eadrána aird chuí ar na prionsabail a leagtar amach i míreanna 5 agus 6, agus ar mhíreanna 13, 14 agus 15.
Airteagal 375
Réiteach Díospóidí
1. Faoi réir mhír 2 agus 3 den Airteagal seo, tá feidhm ag Teideal I Réiteach díospóidí de Chuid a Sé maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm na Caibidle seo, cé is moite d'Airteagail 371 agus 372.
2. Ní bheidh dlínse ag binse eadrána maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
fóirdheontas aonair, lena n-áirítear ar chomhlíon fóirdheontas den sórt sin na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 366(1), seachas maidir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 367(2) (Ráthaíochtaí stáit neamhtheoranta), Airteagal 367 (3), (4) agus (5) (Tarrtháil agus athstruchtúrú), Airteagal 367(8) go (11) agus Airteagal 367(12); agus |
(b) |
an ndearnadh an leigheas um ghnóthú de réir bhrí Airteagal 373 a chur i bhfeidhm i gceart in aon chás ar leith. |
3. Beidh feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir le hAirteagal 374 i gcomhréir leis an Airteagal sin agus le hAirteagal 760.
CAIBIDIL 4
FIONTAIR ATÁ FAOI ÚINÉIREACHT STÁIT, FIONTAIR AR DEONAÍODH CEARTA NÓ PRIBHLÉIDÍ SPEISIALTA DÓIBH AGUS MONAPLACHTAÍ AINMNITHE
Airteagal 376
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘socrú’ an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, a forbraíodh faoi chuimsiú ECFE nó faoi chuimsiú gnóthas comharba, bíodh sé forbartha laistigh nó lasmuigh de chreat ECFE a ghlac 12 Chomhalta bunaidh de chuid EDT ar a laghad arbh Rannpháirtithe sa Socrú iad ón 1 Eanáir 1979; |
(b) |
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí tráchtála’ gníomhaíochtaí arb é a dtoradh deiridh earra a tháirgeadh nó seirbhís a sholáthar a bheidh le díol sa mhargadh ábhartha i gcainníochtaí agus de réir praghsanna a chinnfidh fiontar ar bhonn choinníollacha an tsoláthair agus an éilimh, agus a dtugtar fúthu le treoshuíomh ar mhaithe le brabús a dhéanamh; maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann fiontar a oibríonn ar bhonn neamhbhrabúsach nó ar bhonn gnóthaithe costas ní hé atá iontu gníomhaíochtaí a dhéantar ar mhaithe le brabús a dhéanamh; |
(c) |
ciallaíonn ‘breithnithe tráchtála’ breithnithe maidir le praghas, cáilíocht, infhaighteacht, indíoltacht, iompar agus téarmaí agus coinníollacha eile ceannaigh nó díola, nó maidir le tosca eile a chuirfí san áireamh de ghnáth i gcinntí tráchtála de chuid fiontar atá faoi úinéireacht phríobháideach agus a oibríonn de réir phrionsabail an gheilleagair mhargaidh sa ghnó nó sa tionscal ábhartha; |
(d) |
ciallaíonn ‘eintiteas faoi chumhdach’:
|
(e) |
ciallaíonn ‘monaplacht tarmligthe’ eintiteas, lena n-áirítear cuibhreannas nó gníomhaireacht rialtais a ainmnítear i margadh iomchuí i gcríoch Páirtí mar sholáthraí nó ceannaitheoir aonair earra nó seirbhíse, ach ní áirítear leis sin eintiteas ar deonaíodh ceart eisiach maoine intleachtúla dó mar gheall an deontas amháin; sa chomhthéacs seo is é is ciall le tarmligean monaplacht a bhunú nó a údarú nó raon feidhme monaplachta a leathnú chun earra nó seirbhís bhreise a chumhdach; |
(f) |
ciallaíonn ‘fiontar’ fiontar mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 124; |
(g) |
ciallaíonn ‘fiontar ar deonaíodh cearta nó pribhléidí speisialta dó’ aon fhiontar, poiblí nó príobháideach, ar dheonaigh Páirtí cearta nó pribhléidí speisialta dó, sa dlí nó i bhfíoras; |
(h) |
ciallaíonn ‘seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú’ seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú mar a shainítear in GATS; |
(i) |
ciallaíonn ‘cearta nó pribhléidí speisialta’ cearta nó pribhléidí lena n-ainmneoidh Páirtí dhá ghnóthas nó níos mó nó lena dteorannaíonn sé do dhá ghnóthas nó níos mó an líon fiontar atá údaraithe chun earra nó seirbhís a sholáthar, seachas de réir critéar oibiachtúil, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, rud a dhéanann difear suntasach do chumas aon fhiontair eile an t-earra nó an tseirbhís chéanna a sholáthar sa limistéar geografach céanna nó sa mhargadh táirgí céanna faoi choinníollacha atá coibhéiseach go substaintiúil; |
(j) |
ciallaíonn ‘fiontar faoi úinéireacht Stáit’ fiontar ina bhfuil Páirtí:
|
Airteagal 377
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le heintitis faoi chumhdach, ar gach leibhéal rialtais, atá i mbun gníomhaíochtaí tráchtála. Má bhíonn eintiteas faoi chumhdach i mbun gníomhaíochtaí tráchtála agus neamhthráchtála araon, ní chumhdaítear ach na gníomhaíochtaí tráchtála leis an gCaibidil seo.
2. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
eintitis faoi chumhdach agus iad ag gníomhú mar eintitis soláthair, mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinní 1 go 3 d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le GPA agus i mír 1 d’fho-ranna faoi seach gach Páirtí i Roinn B d’Iarscríbhinn 25, lena ndéantar soláthar cumhdaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 277(2); |
(b) |
aon seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú. |
3. Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le heintiteas faoi chumhdach más lú ná 100 milliún ceart tarraingthe speisialta an t-ioncam bliantúil a fuarthas ó ghníomhaíochtaí tráchtála an fhiontair nó na monaplachta áirithe in aon cheann de na trí bliana fioscacha comhleanúnacha roimhe sin.
(4) Níl feidhm ag Airteagal 380 maidir le soláthar seirbhísí airgeadais, de bhun sainordú rialtais, arna dhéanamh ag eintiteas faoi chumhdach, más rud é:
(a) |
go dtacaíonn an soláthar seirbhísí airgeadais sin le honnmhairí nó allmhairí, ar choinníoll:
|
(b) |
go dtacaíonn na seirbhísí sin le hinfheistíocht phríobháideach lasmuigh de chríoch an Pháirtí, ar choinníoll:
|
(c) |
go dtairgtear soláthar na seirbhísí sin faoi théarmaí atá comhsheasmhach leis an Socrú seo, ar choinníoll go dtagann sé faoi raon feidhme an tSocraithe seo. |
5. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, níl feidhm ag Airteagal 380 maidir leis na hearnálacha seo a leanas: seirbhísí closamhairc; cabatáiste muirí náisiúnta (60); agus iompar d’uiscebhealaí intíre, mar a leagtar amach in Airteagal 123(5).
6. Ní bhaineann Airteagal 380 le hábhar sa mhéid go ndéanann eintiteas faoi chumhdach Páirtí earraí nó seirbhísí a cheannach nó a dhíol de bhun:
(a) |
aon bheart neamh-chomhréireach atá ann cheana a dhéanfaidh an Páirtí a choinneáil ar bun, a leanúint, a athnuachan nó a leasú i gcomhréir le hAirteagal 133(1) nó 139(1) mar a leagtar amach sna Sceidil a ghabhann le hIarscríbhinní 19 agus 20, de réir mar is infheidhme; nó |
(b) |
aon bheart neamh-chomhréireach, ar beart é a ghlacfaidh nó a choinneoidh an Páirtí ar bun, i dtaca le hearnálacha, fo-earnálacha, nó gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagail 133(2) 139(2) mar a leagtar amach sna Sceidil a ghabhann le hIarscríbhinní 19 agus 20, mar is infheidhme. |
Airteagal 378
Ceangal le Comhaontú EDT
Dearbhaíonn na Páirtithe a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi mhíreanna 1 go mír 3 d'Airteagal XVII de GATT 1994, faoin doiciméad dar teideal Tuiscint ar Léiriú Airteagal XVII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 agus faoi mhíreanna 1, 2 agus 5 d’Airteagal VIII de GATS.
Airteagal 379
Forálacha Ginearálta
1. Gan dochar do chearta agus oibleagáidí gach Páirtí faoin gCaibidil seo, ní chuireann aon ní sa Chaibidil seo cosc ar Pháirtí eintiteas faoi chumhdach a bhunú nó a choinneáil ar bun.
2. Ní cheanglóidh Páirtí ar eintiteas faoi chumhdach gníomhú ar bhealach atá ar neamhréir leis an gComhaontú seo, ná ní spreagfaidh sé eintiteas faoi chumhdach le gníomhú amhlaidh.
Airteagal 380
Cóir neamh-idirdhealaitheach agus breithnithe tráchtála
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh gach ceann dá eintitis faoi chumhdach, agus iad ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí tráchtála, an méid seo a leanas:
(a) |
go ngníomhóidh siad i gcomhréir le breithnithe tráchtála le linn dó earra nó seirbhís a cheannach nó a dhíol, seachas chun aon téarmaí sainordaithe seirbhíse poiblí, nach bhfuil ar neamhréir le pointí (b) nó (c), a chomhlíonadh; |
(b) |
agus earra nó seirbhís á ceannach aige:
|
(c) |
agus earra nó seirbhís á díol aige:
|
2. Le pointí (b) agus (c) de mhír 1, ní chuirtear bac ar eintiteas faoi chumhdach an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
earraí nó seirbhísí a cheannach nó a sholáthar de réir téarmaí nó coinníollacha éagsúla, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le praghas, ar choinníoll go mbeidh na téarmaí nó na coinníollacha éagsúla sin i gcomhréir le breithnithe tráchtála; nó |
(b) |
diúltú earraí nó seirbhísí a cheannach nó a sholáthar, ar choinníoll go ndéanfar an diúltú sin i gcomhréir le breithnithe tráchtála. |
Airteagal 381
Creat rialála
1. Urramóidh gach Páirtí na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Treoirlínte ECFE maidir le Rialachas Corparáideach Fiontar faoi Úinéireacht Stáit, agus bainfidh sé an úsáid is fearr is féidir astu.
2. Maidir le haon chomhlacht rialála atá bunaithe agus coinnithe ar bun ag an bPáirtí sin, nó aon chomhlacht eile a bhfuil feidhm rialála á feidhmiú aige, áiritheoidh gach Páirtí:
(a) |
go mbeidh sé neamhspleách ar aon cheann de na fiontair atá faoi rialú an chomhlachta sin, agus nach mbeidh sé cuntasach dó; agus |
(b) |
in imthosca comhchosúla, go ngníomhaíonn sé go neamhchlaonta i ndáil le gach fiontar a rialaítear ag an gcomhlacht sin, lena n-áirítear eintitis atá cumhdaithe;déanfar an neamhchlaontacht lena bhfeidhmíonn an comhlacht a fheidhmeanna rialála a mheasúnú de réir patrún nó cleachtas ginearálta de chuid an chomhlachta sin. |
Maidir leis na hearnálacha sin inar chomhaontaigh na Páirtithe oibleagáidí sonracha a bhaineann le comhlacht den sórt sin sa Chomhaontú seo, is ag forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo a bheidh forlámhas.
3. Cuirfidh gach Páirtí a dhlíthe agus a rialacháin i bhfeidhm maidir le heintitis atá cumhdaithe ar mhodh comhsheasmhach, neamh-idirdhealaitheach.
Airteagal 382
Malartú faisnéise
1. Aon Pháirtí a mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil dochar á dhéanamh dá leasanna faoin gCaibidil seo ag gníomhaíochtaí tráchtála eintitis faoi chumhdach de chuid an Pháirtí eile, féadfaidh sé a iarraidh i scríbhinn ar an bPáirtí eile faisnéis a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí tráchtála an eintitis sin a bhaineann le feidhmiú fhorálacha na Caibidle seo i gcomhréir le mír 2.
2. Ar choinníoll go n-áireofar san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 míniú ar conas a d'fhéadfadh gníomhaíochtaí an eintitis difear a dhéanamh do leasanna an Pháirtí iarrthach faoin gCaibidil seo, agus go gcuirfear in iúl ann na catagóirí d’fhaisnéis seo a leanas atá le cur ar fáil, cuirfidh an Páirtí iarrtha an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil:
(a) |
úinéireacht agus struchtúr vótála an eintitis, lena léirítear céatadán na scaireanna agus céatadán carnach na gceart vótála atá ag an bPáirtí iarrtha agus ag a eintitis faoi chumhdach san eintiteas; |
(b) |
tuairisc ar aon scaireanna speisialta nó ar aon chearta vótála speisialta nó cearta eile atá i seilbh an Pháirtí iarrtha, i seilbh a eintiteas faoi chumhdach, a mhéid atá na cearta sin éagsúil leis na cearta a ghabhann le scaireanna coiteanna ginearálta an eintitis; |
(c) |
tuairisc ar struchtúr eagraíochtúil an eintitis agus ar chomhdhéanamh a bhoird stiúrthóirí nó aon chomhlachta choibhéisigh; |
(d) |
tuairisc ar na ranna rialtais nó ar na comhlachtaí poiblí a rialaíonn an t-eintiteas nó a dhéanann faireachán air, tuairisc ar na ceanglais tuairiscithe a fhorchuireann na ranna nó na comhlachtaí poiblí sin air, agus cearta agus cleachtais na rann sin nó na gcomhlachtaí poiblí sin maidir le feidhmeannaigh shinsearacha agus comhaltaí dá bhord stiúrthóirí nó aon chomhlacht coibhéiseach a cheapadh, a bhriseadh as a phost nó a luach saothair a thabhairt dóibh; |
(e) |
ioncam bliantúil agus sócmhainní iomlána an eintitis thar an tréimhse trí bliana is déanaí a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith; |
(f) |
aon saoirseachtaí, díolúintí agus bearta gaolmhara as a dtairbhíonn an t-eintiteas faoi dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí iarrtha; |
(g) |
aon fhaisnéis bhreise maidir leis an eintiteas atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear tuarascálacha airgeadais bliantúla agus iniúchtaí tríú páirtí. |
3. Le míreanna 1 agus 2 ní chuirtear de cheangal ar Pháirtí faisnéis rúnda a nochtadh, a mbeadh a nochtadh ar neamhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin féin, lena gcuirfí bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó a bheadh contrártha ar shlí eile do leas an phobail nó a chuirfeadh i gcion leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar áirithe.
4. Mura bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil, déanfaidh an Páirtí iarrtha na cúiseanna nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil a chur ar fáil don Pháirtí iarrthach i scríbhinn.
CAIBIDIL 5
CÁNACHAS
Airteagal 383
Dea-rialachas
Aithníonn na Páirtithe agus geallann siad go gcuirfidh siad prionsabail an dea-rialachais chun feidhme i réimse an chánachais, go háirithe na caighdeáin dhomhanda maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise agus iomaíocht chóir cánachais. Athdhearbhaíonn na Páirtithe go dtacaíonn siad le Plean Gníomhaíochta ECFE maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) agus dearbhaíonn siad go bhfuil siad tiomanta íoschaighdeáin ECFE i gcoinne CBAB a chur chun feidhme. Cuirfidh na Páirtithe dea-rialachas i gcúrsaí cánach chun cinn, feabhsóidh siad an comhar idirnáisiúnta i réimse an chánachais agus éascóidh siad bailiú an ioncaim ó chánacha.
Airteagal 384
Caighdeáin chánachais
1. Ní dhéanfaidh Páirtí leibhéal na cosanta dá bhforáiltear ina reachtaíocht a lagú ná a laghdú ag deireadh na hidirthréimhse faoi bhun an leibhéil dá bhforáiltear sna caighdeáin agus sna rialacha a comhaontaíodh in ECFE ag deireadh na hidirthréimhse, maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
faisnéis a mhalartú, bíodh sé go n-iarrtar sin go spontáineach nó go huathoibríoch, faoi chuntais airgeadais, faoi rialuithe maidir le cáin trasteorann, faoi thuarascálacha de réir tíre idir riaracháin chánach agus faoi shocruithe pleanála cánach trasteorann a d'fhéadfadh a bheith ann; |
(b) |
rialacha maidir le teorannú úis, cuideachtaí coigríche rialaithe agus neamhréireanna hibrideacha. |
2. Ní dhéanfaidh Páirtí an leibhéal cosanta dá bhforáiltear ina reachtaíocht a lagú ná a laghdú ag deireadh na hidirthréimhse, i leith tuairisciú poiblí de réir tíre ag institiúidí creidmheasa agus ag gnólachtaí infheistíochta, seachas gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha.
Airteagal 385
Réiteach Díospóidí
Ní bheidh an Chaibidil seo faoi réir réiteach díospóidí faoi Theideal I de Chuid a Sé.
CAIBIDIL 6
CAIGHDEÁIN SAOTHAIR AGUS SHÓISIALTA
Airteagal 386
Sainmhíniú
1. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta saothair agus sóisialta’ na leibhéil chosanta a thugtar go foriomlán i ndlí agus caighdeáin Páirtí (62), i ngach ceann de na réimse seo a leanas:
(a) |
cearta bunúsacha ag an obair; |
(b) |
caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ag an obair; |
(c) |
dálaí córa oibre agus caighdeáin chóra fostaíochta; |
(d) |
cearta faisnéise agus comhairliúcháin ar leibhéal an chuideach; nó |
(e) |
gnóthais a athstruchtúrú. |
2. I gcás an Aontais, ciallaíon ‘leibhéil chosanta saothair agus sóisialta’ an leibhéal cosanta saothair agus an leibhéal sóisialta cosanta is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile agus atá i gcoiteann acu.
Airteagal 387
Neamh-chúlchéimniú ó leibhéil chosanta
1. Dearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, na leibhéil chosanta saothair agus sóisialta a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin gCaibidil seo.
2. Ní dhéanfaidh Páirtí a leibhéil chosanta saothair agus sóisialta a lagú ná a laghdú, ar bhealach a dhéanfaidh difear do thrádáil nó d’infheistíocht idir Páirtithe, ar leibhéil iad atá faoi bhun na leibhéal atá i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear trí mhainneachtain a dhlí agus a chaighdeáin a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
3. Aithníonn na Páirtithe go gcoinníonn gach Páirtí an ceart chun rogha réasúnach a fheidhmiú agus cinntí bona fide a dhéanamh maidir le hacmhainní forfheidhme saothair a leithdháileadh ar dhlí saothair eile a meastar go bhfuil tosaíochtaí níos airde aige, ar choinníoll nach bhfuil feidhmiú na sainrogha sin, agus na cinntí sin, neamh-chomhsheasmhach lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo.
4. Leanfaidh na Páirtithe dá ndícheall a leibhéil chosanta saothair agus sóisialta féin dá dtagraítear sa gCaibidil seo a mhéadú.
Airteagal 388
Forfheidhmiú
Chun críocha forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 387, beidh córas i bhfeidhm agus á choinneáil ar bun ag gach Páirtí i ndáil le forfheidhmiú éifeachtach intíre agus, go háirithe, córas éifeachtach cigireachtaí saothair i gcomhréir lena ghealltanais idirnáisiúnta a bhaineann le dálaí oibre agus le hoibrithe a chosaint; déanfaidh gach Páirtí a áirithiú go mbeidh imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha ar fáil a thugann deis d’údaráis phoiblí agus do dhaoine aonair a bhfuil sé d’acmhainn acu caingne a thionscnamh go tráthúil i gcoinne sáruithe ar dhlí an tsaothair agus ar chaighdeáin shóisialta; agus déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le réitigh iomchuí éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh eatramhach, chomh maith le smachtbhannaí comhréireacha agus athchomhairleacha. I gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú intíre Airteagal 387, urramóidh gach Páirtí ról agus uathriail na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas is infheidhme.
Airteagal 389
Réiteach Díospóidí
1. Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht trí idirphlé, trí chomhairliúchán, trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar chun aghaidh a thabhairt ar aon easaontas maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.
2. De mhaolú ar Theideal I de Chuid a Sé, i gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo, rachaidh na Páirtithe ar iontaoibh na nósanna imeachta go heisiach arna mbunú faoi Airteagail 408, 409 agus 410.
CAIBIDIL 7
AN COMHSHAOL AGUS AN AERÁID
Airteagal 390
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Caibidile seo ciallaíonn ‘leibhéil chosanta comhshaoil’ na leibhéil chosanta a sholáthraítear ar an iomlán i ndlí Páirtí arb é is aidhm dóibh an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear baol do bheatha an duine nó do shláinte an duine ó thionchair ar an gcomhshaol a chosc, lena n-áirítear i ngach ceann de na réimsí seo a leanas:
(a) |
astaíochtaí tionsclaíocha; |
(b) |
astaíochtaí aeir agus cáilíocht an aeir; |
(c) |
caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta; |
(d) |
bainistiú dramhaíola; |
(e) |
cosaint agus caomhnú an chomhshaoil uiscigh; |
(f) |
cosaint agus caomhnú an chomhshaoil mhuirí; |
(g) |
cosc, laghdú agus díothú rioscaí do shláinte an duine nó an ainmhí, nó don chomhshaol de dheasca substaintí ceimiceacha a tháirgeadh, a úsáid, a scaoileadh agus a dhiúscairt; nó |
(h) |
bainistiú a dhéanamh ar thionchair ó tháirgeadh talmhaíochta nó bia ar an gcomhshaol, go háirithe trí antaibheathaigh agus dí-éilliú a úsáid. |
2. I gcás an Aontais, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta an chomhshaoil’ an leibhéal cosanta is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile agus atá i gcoiteann acu.
3. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta na haeráide’ na leibhéil chosanta maidir le hastaíochtaí agus aistriú gás ceaptha teasa agus deireadh a chur le substaintí a ídíonn ózón. Maidir le gáis cheaptha teasa, ciallaíonn sé sin:
(a) |
le haghaidh an Aontais, an sprioc 40 % maidir leis an ngeilleagar ar fad 2030, lena n-áirítear córas an Aontais um phraghsáil carbóin; |
(b) |
le haghaidh na Ríochta Aontaithe, sciar uile-gheilleagair na Ríochta Aontaithe den sprioc sin le haghaidh 2030, lena n-áirítear córas um phraghsáil carbóin na Ríochta Aontaithe. |
Airteagal 391
Neamh-chúlchéimniú ó leibhéil chosanta
1. Dearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, na leibhéil chosanta comhshaoil agus aeráide a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin gCaibidil seo.
2. Ní dhéanfaidh Páirtí a leibhéil chosanta comhshaoil nó aeráide a lagú ná a laghdú, ar bhealach a dhéanfaidh difear do thrádáil nó d’infheistíocht idir Páirtithe, ar leibhéil iad atá faoi bhun na leibhéal atá i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear trí mhainneachtain a dhlí comhshaoil agus aeráide agus a chaighdeáin chomhshaoil agus aeráide a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
3. Aithníonn na Páirtithe go gcoinníonn gach Páirtí an ceart chun rogha réasúnach a fheidhmiú agus cinntí bona fide a dhéanamh maidir le hacmhainní forfheidhme comhshaoil a leithdháileadh ar dhlí comhshaoil eile a meastar go bhfuil tosaíochtaí níos airde aige, ar choinníoll nach bhfuil feidhmiú na sainrogha sin, agus na cinntí sin, neamh-chomhsheasmhach lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo.
4. Chun críocha na Caibidile seo, a mhéid a fhoráiltear do spriocanna i ndlí comhshaoil Páirtí sna réimsí atá liostaithe in Airteagal 390, áirítear iad ar leibhéil chosanta nó cosanta aeráide de chuid Páirtí ag deireadh na hidirthréimhse. Áirítear ar na spriocanna sin na cinn sin a bhfuil sé beartaithe iad a bhaint amach do dháta i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le substaintí a ídíonn ózón.
5. Leanfaidh na Páirtithe dá ndícheall a leibhéil chosanta comhshaoil a leibhéil chosanta aeráide dá dtagraítear sa Chaibidil seo a mhéadú faoi seach dá dtagraítear sa Roinn seo.
Airteagal 392
Praghsáil carbóin
1. Beidh córas éifeachtúil praghsála carbóin i bhfeidhm ag gach Páirtí amhail ar an 1 Eanáir 2021.
2. Cumhdófar le gach córas astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghiniúint leictreachais, ó ghiniúint teasa, ó thionscal agus ó eitlíocht.
3. Le héifeachtacht chórais phraghsála carbóin na bPáirtithe faoi seach, seasfaidh siad leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 391.
4. De mhaolú ar mhír 2, áireofar an eitlíocht laistigh de dhá bhliain ar a dhéanaí mura bhfuil sí san áireamh cheana. Cumhdófar faoi raon feidhme chóras an Aontais um phraghsáil carbóin eitiltí a imíonn ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch go dtí an Ríocht Aontaithe.
5. Coinneoidh gach Páirtí a chóras praghsála carbóin a mhéid is uirlis éifeachtach do gach Páirtí sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide é agus seasfaidh sé ar aon nós leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 391.
6. Comhoibreoidh na Páirtithe maidir le praghsáil charbóin. Tabharfaidh siad aird thromchúiseach ar a gcórais phraghsála carbóin faoi seach a nascadh ar bhealach a chaomhnóidh sláine na gcóras sin agus lena ndéanfar foráil maidir leis an bhféidearthacht a n-éifeachtacht a mhéadú.
Airteagal 393
Prionsabail eile maidir leis an gComhshaol agus leis an Aeráid
1. Ag cur san áireamh go bhfuil bithsféar comhchoiteann i ndáil le truailliú trasteorann ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe, geallann gach Páirtí na prionsabail chomhshaoil a aithnítear go hidirnáisiúnta a urramú, amhail i nDearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, arna ghlacadh i Rio de Janeiro an 14 Meitheamh 1992 (‘Dearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus Forbairt 1992’) agus i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, lena n-áirítear i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 9 Bealtaine 1992 (‘UNFCCC’) agus sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna dhéanamh i Rio de Janeiro an 5 Meitheamh 1992 (an ‘Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch’), go háirithe:
(a) |
an prionsabal gur cheart cosaint an chomhshaoil a bheith ina dhlúthchuid de dhéanamh beartas, lean n-áirítear trí bhíthin measúnuithe tionchair; |
(b) |
prionsabal na gníomhaíochta coisc chun damáiste don chomhshaol a sheachaint; |
(c) |
an cur chuige réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagal 356(2); |
(d) |
an prionsabal gur cheart tosaíocht a thabhairt do bhearta chun damáiste don chomhshaol a leigheas ag an bhfoinse; agus |
(e) |
an prionsabal gurb é nó í údar an truaillithe a íocfaidh as. |
2. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanais faoi seach maidir le nósanna imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar is dócha a bheidh ag gníomhaíocht bheartaithe ar an gcomhshaol, agus i gcás inar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha comhshaoil ag tionscadail, pleananna agus cláir shonraithe, lena n-áirítear éifeachtaí sláinte, lena n-áirítear measúnú tionchair ar an gcomhshaol nó measúnú straitéiseach chomhshaoil, de réir mar is iomchuí.
3. Is éard a bheidh sna nósanna imeachta sin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlíthe Páirtí, cinneadh raon feidhme tuarascála ar an gcomhshaol agus ullmhúchán na tuarascála sin, rannpháirtíocht agus comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh agus an tuarascáil ar an gcomhshaol agus torthaí rannpháirtíocht an phobail agus comhairliúcháin sa tionscadal lenar toilíodh, nó plean nó clár glactha a chur san áireamh.
Airteagal 394
Forfheidhmiú
1. Chun críocha an fhorfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 391, déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir lena dhlíthe, a áirithiú:
(a) |
go dtabharfaidh údaráis náisiúnta, atá inniúil an dlí ábhartha maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an aeráid a fhorfheidhmiú, aird chuí ar sháruithe líomhnaithe ar an dlí sin a thagann ar a n-aire; Beidh leigheasanna leordhóthanacha éifeachtacha ar fáil do na húdaráis sin, lena n-áirítear faoiseamh urghaire agus smachtbhannaí comhréireacha agus athchomhairleacha más iomchuí; agus |
(b) |
beidh imeachtaí náisiúnta riaracháin nó breithiúnacha ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil leas leordhóthanach acu chun caingne a thionscnamh in aghaidh sáruithe ar an dlí sin agus chun leigheasanna éifeachtacha a lorg, lena n-áirítear faoiseamh urghaire, agus nuair nach bhfuil na himeachtaí toirmeascach ó thaobh costais de agus nuair a sheoltar iad ar bhealach cóir, cothrom agus trédhearcach. |
Airteagal 395
Comhar maidir le faireachán agus forfheidhmiú
Áiritheoidh na Páirtithe go mbuailfidh an Coimisiún Eorpach agus comhlachtaí maoirseachta na Ríochta Aontaithe le chéile go rialta agus go gcomhoibreoidh siad chun faireachán agus forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh ar an dlí maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 391.
Airteagal 396
Réiteach Díospóidí
1. Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht trí idirphlé, trí chomhairliúchán, trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar chun aghaidh a thabhairt ar aon easaontas maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.
2. De mhaolú ar Theideal I de Chuid a Sé, i gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo, rachaidh na Páirtithe ar iontaoibh na nósanna imeachta go heisiach arna mbunú faoi Airteagail 408, 409 agus 410.
CAIBIDIL 8
IONSTRAIMÍ EILE LE hAGHAIDH NA TRÁDÁLA AGUS NA FORBARTHA INBHUANAITHE
Airteagal 397
Comhthéacs agus cuspóirí
1. Meabhraíonn na Páirtithe Clár 21 agus Dearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt 1992, Plean Cur Chun Feidhme an Chruinnithe Mhullaigh Dhomhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe Johannesburg 2002, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Meitheamh 2008 ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair ag a 97ú Seisiún, (‘Dearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta le haghaidh an Domhandaithe Chóir na bliana 2008’), an Doiciméad Deiridh ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe 2012 dar teideal The Future We Want [An Todhchaí atá Uainn] a formhuiníodh le Rún 66/288 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus a glacadh an 27 Iúil 2012, agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh le Rún 70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis.
2. I bhfianaise mhír 1 den Airteagal seo, is é cuspóir na Caibidle seo comhtháthú na forbartha inbhuanaithe a fheabhsú, go háirithe na gnéithe saothair agus comhshaoil di, i gcaidreamh trádála agus infheistíochta na bPáirtithe agus sa mhéid sin gealltanais na bPáirtithe faoi Chaibidil 6 agus 7.
Airteagal 398
Trédhearcacht
1. Leagann na Páirtithe béim ar a thábhachtaí atá sé trédhearcacht a áirithiú mar ghné riachtanach chun rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn agus chun faisnéis a phoibliú i gcomhthéacs na Caibidle seo. I gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin, le forálacha na Caibidle seo, de Theideal IX agus de Theideal X, déanfaidh gach Páirtí na nithe seo a leanas:
(a) |
a chinntiú go ndéanfar aon bheart a mbeidh feidhm ghinearálta leis chun cuspóirí na Caibidle seo a bhaint amach a riaradh ar mhodh trédhearcach, lena n-áirítear trí dheiseanna réasúnacha agus dóthain ama a chur ar fáil don phobal chun a dtuairimí a thabhairt, agus trí na bearta sin a fhoilsiú; |
(b) |
a chinntiú go dtabharfar rochtain don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis ábhartha faoin gcomhshaol atá i seilbh údarás poiblí nó a shealbhaíonn údaráis phoiblí, chomh maith le scaipeadh gníomhach na faisnéise sin ar an bpobal i gcoitinne a chinntiú trí mheán leictreonach; |
(c) |
spreagfaidh gach Páirtí díospóireacht phoiblí le gníomhaithe neamhstáit agus ina measc maidir le beartais a fhorbairt agus a shainiú a bhféadfadh sé a bheith ina thoradh orthu go nglacfadh a údaráis phoiblí dlí atá ábhartha don Chaibidil seo; Áirítear leis sin, i ndáil leis an gcomhshaol, rannpháirtíocht phoiblí i dtionscadail, i bpleananna agus i gcláir; agus |
(d) |
feasacht an phobail ar a dhlíthe agus a chaighdeáin is iomchuí maidir leis an gCaibidil seo a chur chun cinn, mar aon le nósanna imeachta forfheidhmithe agus comhlíonta, trí bhearta a dhéanamh chun eolas agus tuiscint an phobail a chur chun cinn; i ndáil le dlíthe agus caighdeáin saothair, áirítear leis sin oibrithe, fostóirí agus a n-ionadaithe. |
Airteagal 399
Caighdeáin agus comhaontuithe iltaobhacha saothair
1. Dearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad forbairt na trádála idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach a gcuideoidh le hobair chuibhiúil do chách, mar a cuireadh in iúl i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Ceartas Sóisialta do Dhomhandú Cothrom 2008.
2. I gcomhréir le Bunreacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus le Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus leis an méid a lean as, arna ghlacadh ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair ag an 86ú Seisiún di sa Ghinéiv an 18 Meitheamh 1998, gealann gach Páirtí na croíchaighdeáin saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta a urramú, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme go héifeachtach, mar a shainítear i gCoinbhinsiúin bhunúsacha EIS, arb iad:
(a) |
saoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach don cheart chun margála comhchoitinne; |
(b) |
gach cineál saothair éignithe nó éigeantaigh a dhíchur; |
(c) |
deireadh a chur go héifeachtach le saothar leanaí; agus |
(d) |
idirdhealú a dhíchur i leith fostaíochta agus gairm bheatha. |
3. Déanfaidh gach Páirtí iarrachtaí leanúnacha seasta chun Coinbhinsiúin bhunúsacha EIS a dhaingniú mura bhfuil sé sin déanta acu go fóill.
4. Déanfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú go rialta agus de réir mar is iomchuí maidir le cásanna agus dul chun cinn faoi seach na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe i ndáil le daingniú Choinbhinsiúin nó phrótacail EIS, arna n-aicmiú a bheith cothrom le dáta ag EIS, agus daingniú na Cairte Sóisialta Eorpaí athbhreithnithe agus ionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara eile.
5. Gealann gach Páirtí Coinbhinsiúin EIS bhunúsacha uile a chur chun feidhme, atá daingnithe ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Ballstáit faoi seach chomh maith leis na forálacha éagsúla den Chairt Shóisialta Eorpach atá glactha ag na Ballstáit agus ag an Ríocht Aontaithe faoi seach, ina gcáil mar chomhaltaí de Chomhairle na hEorpa (63).
6. Déanfaidh gach Páirtí Clár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS a chur chun cinn trína dhlíthe agus a chleachtais féin mar a leagtar amach i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Ceartas Sóisialta do Dhomhandú Cothrom 2008 (‘Clár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS’) agus i gcomhréir le Coinbhinsiúin ábhartha EIS, agus gealltanais idirnáisiúnta eile, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
dálaí cuibhiúla oibre do chách, maidir le, inter alia, pá agus tuilleamh, uaireanta oibre, saoire mháithreachais agus dálaí oibre eile; |
(b) |
sláinte agus sábháilteacht ag an obair, lena n-áirítear gortú ceirde nó breoiteacht cheirde a chosc agus cúiteamh i gcás gortú nó breoiteacht den sórt sin; agus |
(c) |
neamh-idirdhealú i leith coinníollacha oibre, lena n-áirítear i gcás oibrithe imirceacha. |
7. Déanfaidh gach Páirtí idirphlé sóisialta faoi chúrsaí saothair a chosaint agus a chur chun cinn i measc oibrithe agus fostóirí, agus i measc a n-eagraíochtaí faoi seach, agus le húdaráis rialtais ábhartha.
8. Oibreoidh na Páirtithe le chéile ar ghnéithe a bhaineann le trádáil de bheartais agus de bhearta saothair, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha, amhail EIS, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh comhar den sórt seo, inter alia, an méid seo a leanas a chumhdach:
(a) |
gnéithe a bhaineann le trádáil de chur chun feidhme Choinbhinsiúin bhunúsacha EIS, Choinbhinsiúin tosaíochta EIS agus Choinbhinsiúin EIS eile atá cothrom le dáta; |
(b) |
gnéithe de Chlár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS a bhaineann le trádáil, lena n-áirítear maidir leis na hidirnaisc idir trádáil agus fostaíocht iomlán tháirgiúil, coigeartú mhargadh an tsaothair, croíchaighdeáin saothair, obair chuibhiúil sna slabhraí soláthair domhanda, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, idirphlé sóisialta agus comhionannas inscne; |
(c) |
tionchar an dlí saothair agus na gcaighdeán saothair ar thrádáil agus ar infheistíocht; nó tionchar an dlí trádála agus infheistíochta ar an saothar; |
(d) |
idirphlé agus comhroinnt faisnéise faoi na forálacha saothair i gcomhthéacs a gcomhaontuithe trádála faoi seach, agus a gcur chun feidhme; agus |
(e) |
comhar d'aon chineál eile a mheastar a bheith iomchuí. |
9. Breithneoidh na Páirtithe aon tuairimí a sholáthróidh ionadaithe de chuid oibrithe, fostóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus réimsí comhair á sainaithint acu agus gníomhaíochtaí comhair á ndéanamh acu.
Airteagal 400
Comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le Comhthionól Comhshaoil de chuid na Náisiún Aontaithe de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus le rialachas agus comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil mar fhreagairt ón gcomhphobal idirnáisiúnta ar dhúshláin chomhshaoil dhomhanda nó réigiúnacha agus leagann siad béim ar an ngá atá ann an chomhthacaíocht fhrithpháirteach idir beartais trádála agus beartais, rialacha agus bearta comhshaoil a fheabhsú.
2. I bhfianaise mhír 1, gealann gach Páirtí na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, na prótacail agus na leasuithe atá daingnithe aige ina dhlí agus ina chleachtais a chur chun feidhme go héifeachtach.
3. Malartóidh na Páirtithe faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas go rialta gus de réir mar is iomchuí:
(a) |
a gcásanna féin maidir le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha a dhaingniú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na prótacail agus na leasuithe a bhaineann leo; |
(b) |
caibidlí leanúnacha maidir le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha nua; agus |
(c) |
na tuairimí atá ag gach Páirtí faoi seach maidir le bheith ina pháirtí i gcomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha breise. |
4. Athdhearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun cuspóirí comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ar páirtí iontu é a chur chun cinn. Meabhraíonn na Páirtithe go bhféadfadh údar cuí a bheith le bearta arna nglacadh nó arna bhforfheidhmiú chun comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha den sórt sin a chur chun feidhme faoi Airteagal 412.
5. Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an comhar eatarthu a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta i bhfóraim iltaobhacha, lena n-áirítear i bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe, Clár Comhsaoil na Náisiúin Aontaithe , Comhthionól Comhsaoil na Náisiúin Aontaithe , comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) nó EDT de réir mar is iomchuí. Féadfaidh comhar den sórt seo, inter alia, an méid seo a leanas a chumhdach:
(a) |
tionscnaimh maidir le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe, lena n-áirítear na tionscnaimh sin arb é is aidhm dóibh geilleagar ciorclach agus fás glas agus laghdú ar thruailliú a chur chun cinn; |
(b) |
tionscnaimh chun earraí agus seirbhísí comhshaoil a chur chun cinn, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní gaolmhara taraife agus neamhtharaifí; |
(c) |
tionchar an dlí comhshaoil agus na gcaighdeán comhshaoil ar thrádáil agus ar infheistíocht; nó tionchar dhlí na trádála agus na hinfheistíochta ar an gcomhshaol; |
(d) |
cur chun feidhme Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, arna dhéanamh in Chicago an 7 Nollaig 1944, agus bearta eile chun tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear i réimse na bainistíochta aerthráchta; agus |
(e) |
gnéithe eile a bhaineann le trádáil de chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, lena n-áirítear a bprótacail, a leasuithe agus a gcur chun feidhme. |
6. Féadfar a áireamh leis an gcomhar de bhun mhír 5 malartuithe teicniúla, malartú faisnéise agus dea-chleachtais, tionscadail taighde, staidéir, tuarascálacha, comhdhálacha agus ceardlanna.
7. Déanfaidh na Páirtithe tuairimí nó ionchur ón bpobal agus ó gheallsealbhóirí leasmhara a bhreithniú maidir lena ngníomhaíochtaí comhair a shainiú agus a chur chun feidhme, agus féadfaidh siad ról breise a thabhairt do na geallsealbhóirí sin sna gníomhaíochtaí sin, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 401
Trádáil agus athrú aeráide
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun an athrú aeráide agus a thionchar a chomhrac, agus aithníonn siad ról na trádála agus na hinfheistíochta chun an cuspóir sin a shaothrú, i gcomhréir le UNFCCC, le cuspóir agus spriocanna Chomhaontú Pháras a ghlac Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ag an 21d seisiún dá chuid (‘Comhaontú Pháras’), agus le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile agus le hionstraimí iltaobhacha eile i réimse an athraithe aeráide.
2. I bhfianaise mhír 1, maidir le gach Páirtí:
(a) |
geallann sé UNFCCC agus Comhaontú Pháras 2015 arb é príomhaidhm amháin an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú agus an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a shaothrú chun an méadú teochta a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, a chur chun feidhme go héifeachtach; |
(b) |
déanfaidh sé tacaíocht fhrithpháirteach a chur chun cinn i gcás beartais agus bearta trádála agus aeráide agus, ar an gcaoi sin, cur leis an aistriú i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa, i dtreo geilleagar atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus i dtreo forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de; agus |
(c) |
déanfaidh sé baint bacainní ar thrádáil agus ar infheistíocht in earraí agus i seirbhísí a éascú ar earraí agus seirbhísí iad a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, amhail fuinneamh inathnuaite, táirgí agus seirbhísí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní taraife agus neamhtharaife nó trí chreataí beartais a ghlacadh a chuideoidh leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid. |
3. Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an comhar eatarthu a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta don athrú aeráide a bhaineann le trádáil go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear in UNFCCC (Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide), in EDT, i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin, arna dhéanamh in Montréal an 26 Lúnasa 1987 (‘Prótacal Montréal’), san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus in ICAO. Féadfaidh comhar den sórt seo, inter alia, an méid seo a leanas a chumhdach:
(a) |
idirphlé beartais agus comhar maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras, amhail idirphlé agus comhar faoi bhealaí chun athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide, fuinneamh inathnuaite, teicneolaíochtaí ísealcharbóin, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar inbhuanaithe, forbairt bonneagair inbhuanaithe agus aeráidseasmhach, faireachán ar astaíochtaí, margaí idirnáisiúnta carbóin a chur chun cinn; |
(b) |
tacú le IMO bearta chun laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh uaillmhianach agus éifeachtach a ghlacadh agus a fhorbairt, ar bearta iad a bheidh le cur chun feidhme ag longa atá i mbun trádáil idirnáisiúnta; |
(c) |
tacú le ICAO bearta uaillmhianacha agus éifeachtacha a fhorbairt agus a ghlacadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; agus |
(d) |
tacú le deireadh uaillmhianach a chur le substaintí ídithe ózóin agus hidreafluaracarbóin a laghdú de réir a chéile faoi Phrótacal Montréal trí bhearta chun a dtáirgeadh, a dtomhaltas agus a dtrádáil a rialú; roghanna malartacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a thabhairt isteach; sábháilteacht agus caighdeáin ábhartha eile a thabhairt cothrom le dáta agus trí thrádáil neamhdhleathach substaintí atá rialaithe ag Prótacal Montréal a chomhrac. |
Airteagal 402
Trádáil agus bithéagsúlacht
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe agus ról na trádála chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear trí thrádáil inbhuanaithe a chur chun cinn nó trí thrádáil i speicis atá i mbaol a rialú nó a shrianadh, i gcomhréir leis na comhaontuithe iltaobhacha ábhartha comhshaoil ar páirtí iontu iad, agus leis na cinntí arna nglacadh fúthu, go háirithe an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus na prótacail a ghabhann leis, agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol, arna dhéanamh in Washington D.C. an 3 Márta 1973 (‘CITES’).
2. I bhfianaise mhír 1, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
bearta éifeachtacha a chur i ngníomh chun trádáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra a chomhrac, lena n-áirítear i leith tríú tíortha, de réir mar is iomchuí; |
(b) |
úsáid CITES a chur chun cinn mar ionstraim le haghaidh chaomhnú agus bhainistiú inbhuanaithe na bithéagsúlachta; lena n-áirítear trí speicis ainmhithe agus plandaí a áireamh sna Foscríbhinní a ghabhann le CITES i gcás ina meastar go bhfuil stádas caomhnaithe an speicis sin i mbaol de dheasca trádála idirnáisiúnta; |
(c) |
trádáil a spreagadh i dtáirgí a fhaightear ó úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha agus a chuireann le caomhnú na bithéagsúlachta; agus |
(d) |
leanúint de bhearta a dhéanamh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú nuair atá sí faoi réir brúnna atá nasctha le trádáil agus infheistíocht, go háirithe trí bhearta chun cosc a chur le leathadh speiceas coimhthíoch ionrach. |
3. Oibreoidh na Páirtithe le chéile ar ábhair a bhaineann le trádáil atá ábhartha don Airteagal seo, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha, amhail CITES agus an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh comhar den sórt seo, inter alia, an méid seo a leanas a chumhdach: trádáil san fhiadhúlra agus i dtáirgí atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha, luacháil agus measúnú ar éiceachórais agus ar sheirbhísí gaolmhara, agus rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn óna n-úsáid i gcomhréir le Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn óna nÚsáid ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna dhéanamh in Nagoya an 29 Deireadh Fómhair 2010.
Airteagal 403
Trádáil agus foraoisí
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le caomhnú agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun feidhmeanna comhshaoil agus deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a sholáthar don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht, agus aithníonn siad ról na trádála chun an cuspóir sin a shaothrú.
2. I bhfianaise mhír 1 agus ar bhealach atá i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
leanúint de bhearta a chur chun feidhme chun an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a chomhrac, lena n-áirítear maidir le tríú tíortha, de réir mar is iomchuí, agus an trádáil i dtáirgí foraoise a baineadh go dleathach a chur chun cinn; |
(b) |
caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí, agus trádáil agus tomhailt adhmaid agus táirgí adhmaid a lománaíodh de réir dhlí thír na lománaíochta agus a lománaíodh ó fhoraoisí a bhainistítear go hinbhuanaithe, a chur chun cinn; agus |
(c) |
faisnéis a mhalartú leis an bPáirtí eile faoi thionscnaimh a bhaineann le trádáil maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, rialachas foraoisí agus caomhnú cumhdaigh foraoise, agus oibriú i gcomhar chun tionchar agus tacaíocht fhrithpháirteach a mbeartas leasa choitinn faoi seach a uasmhéadú. |
3. Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir leis na gnéithe trádála a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, maidir le caomhnú chlúdach na bhforaoisí agus maidir leis an lománaíocht neamhdhleathach, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 404
Trádáil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara agus dobharshaothrú
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé acmhainní bitheolaíocha agus éiceachórais na mara a chaomhnú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chomh maith le dobharshaothrú freagrach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon leis an ról atá ag an trádáil chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
2. I bhfianaise mhír 1, maidir le gach Páirtí:
(a) |
gealann sé gníomhú go comhsheasmhach leis na comhaontuithe NA agus le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (‘FAO’), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982, an Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 4 Lúnasa 1995, Comhaontú FAO chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhantais agus Bainistíochta a Chur chun Cinn, arna dhéanamh sa Róimh an 24 Samhain 1993, Cód Iompair FAO maidir le hIascach Freagrach agus Comhaontú FAO ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (‘NNN’) a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, arna fhormheas an 22 Samhin 2009 ag 36ú Seisiún de Chomhdháil FAO, agus páirt a ghlacadh sa tionscnamh de chuid FAO maidir leis an Taifead Domhanda de Shoithí Iascaireachta, Soithí Iompair Cuisnithe agus Soithí Soláthair, de réir mar is iomchuí; |
(b) |
déanfaidh sé iascaigh inbhuanaitheacha agus dea-rialachas iascaigh a chur chun cinn trí pháirt ghníomhach a ghlacadh in obair eagraíochtaí ábhartha nó comhlachtaí ina bhfuil siad ina gcomhaltaí, breathnóirí, páirtithe neamhchonarthacha comhoibríocha, lena n-áirítear na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistíochta Iascaigh (RFMOanna) trí bhíthin i gcás inarb infheidhme, monaiteoireacht, rialú agus forfheidhmiú éifeachtúil ar rúin, moltaí nó bearta RFMOanna; cur chun feidhme a ndoiciméadacht gabhála nó córais deimhneachta, agus bearta calafoirt; |
(c) |
déanfaidh siad a n-uirlisí éifeachtacha faoi seach a ghlacadh agus a chothabháil chun iascaireacht NNN a chomhrac, lena n-áirítear bearta chun táirgí iascaireachta NNN a eisiamh ó shreabha trádála, agus comhoibreoidh siad le chéile chuige sin; agus |
(d) |
forbairt dobharshaothraithe inbhuanaithe agus fhreagraigh a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na bprionsabal atá i gCód Iompair FAO maidir le hIascach Freagrach, de réir mar is iomchuí. |
3. Oibreoidh na Páirtithe le chéile i ndáil le caomhnú agus le gnéithe a bhaineann le trádáil i mbeartais agus i mbearta iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear san EDT, in ERBInna agus i bhfóraim iltaobhacha eile, de réir mar is iomchuí, agus é mar aidhm acu cleachtais inbhuanaithe iascaireachta agus dobharshaothraithe agus trádáil i dtáirgí éisc a chur chun cinn ó oibríochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhainistítear go hinbhuanaithe.
4. Tá an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha Cheannteideal a Cúig .
Airteagal 405
Trádáil agus infheistíocht lena dtugtar tús áite don fhorbairt inbhuanaithe
1. Deimhníonn na Páirtithe a thiomanta atá siad ionchur na trádála agus na hinfheistíochta a fheabhsú chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach sna gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil di.
2. De bhun mhír 1, leanfaidh na Páirtitheden mhéid seo a leanas chun cinn:
(a) |
beartais trádála agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí Chlár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS, beartais atá comhsheasmhach le Dearbhú 2008 ó EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, lena n-áirítear an pá íosta maireachtála, cosaint shóisialta chuimsitheach, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus gnéithe eile a bhaineann le dálaí oibre; |
(b) |
trádáil agus infheistíocht in earraí agus i seirbhísí comhshaoil, amhail fuinneamh inathnuaite agus táirgí agus seirbhísí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaifí gaolmhara nó trí chreataí beartais a ghlacadh a chuideoidh leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a chur in úsáid; |
(c) |
trádáil in earraí agus seirbhísí a chuidíonn le dálaí sóisialta feabhsaithe agus cleachtais atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear earraí atá faoi réir scéimeanna deonacha dearbhaithe inbhuanaitheachta amhail scéimeanna trádála córa agus eiticiúla agus éicilipéid; agus |
(d) |
comhar i bhfóraim iltaobhacha maidir le saincheisteanna dá dtagraítear san Airteagal seo. |
3. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe trí athbhreithniú, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag gníomhartha féideartha, agus tuairimí geallsealbhóirí á gcur san áireamh.
Airteagal 406
Trádáil agus bainistiú freagrach an tslabhra soláthair
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le slabhraí soláthair a bhainistiú ar bhealach freagrach trí iompar gnó freagrach agus trí chleachtais maidir le freagracht shóisialta chorparáideach agus ról na trádála chun an cuspóir sin a bhaint amach.
2. I bhfianaise mhír 1, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a) |
freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar freagrach gnó a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chreataí beartais tacaíochta a chur ar fáil lena spreagtar gnólachtaí chun cleachtais iomchuí a ghlacadh; agus |
(b) |
tacú le hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a leanúint, a chur chun feidhme, a athleanúint agus a scaipeadh, amhail Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Dearbhú Trípháirteach Prionsabal maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta ó EIS, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. |
3. Aithníonn na Páirtithe áirgiúlacht treoirlínte idirnáisiúnta a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith i réimse na freagrachta sóisialta corparáidí agus i réimse an iompair fhreagraigh gnó agus spreagfaidh siad obair chomhpháirteach ina leith sin. Maidir le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí do shlabhraí soláthair freagracha mianraí ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó ó limistéir ardriosca agus na forlíonta a bhaineann léi, cuirfidh na Páirtithe bearta chun feidhme freisin chun glacadh na Treorach sin a chur chun cinn.
4. Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an comhar eatarthu a neartú maidir le gnéithe trádála de shaincheisteanna a chumhdaítear leis an Airteagal seo lena n-áirítear i bhfóraim idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí, inter alia trí fhaisnéis, dea-chleachtas agus tionscnaimh for-rochtana a mhalartú.
Airteagal 407
Réiteach Díospóidí
1. Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht trí idirphlé, trí chomhairliúchán, trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar chun aghaidh a thabhairt ar aon easaontas maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.
2. De mhaolú ar Theideal I de Chuid a Sé, i gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo, rachaidh na Páirtithe ar iontaoibh na nósanna imeachta go heisiach arna mbunú faoi Airteagail 408 agus 409.
CAIBIDIL 9
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA AGUS INSTITIÚIDEACHA
Airteagal 408
Comhairliúcháin
1. Féadfaidh Páirtí comhairliúcháin a iarraidh leis an bPáirtí eile maidir le haon ábhar a thagann chun cinn faoi Airteagal 355(3), agus Caibidil 6, Caibidil 7, agus Caibidil 8 trí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bPáirtí eile. Sonróidh an Páirtí is déantóir gearán ina iarraidh i scríbhinn na cúiseanna agus an bunús atá leis an iarraidh, lena n-áirítear sainaithint na mbeart atá i gceist, agus sonróidh sé na forálacha a mheasfaidh sé a bheith infheidhme. Ní mór go dtosóidh comhairliúcháin go pras tar éis do Pháirtí iarraidh ar chomhairliúcháin a chur isteach, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta ar seachadadh an iarraidh, mura gcomhaontóidh na Páirtithe ar thréimhse níos faide.
2. Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin arb é is aidhm dóibh teacht ar réiteach ar an ábhar atá sásúil don dá thaobh. Le linn comhairliúchán, soláthróidh gach Páirtí don Pháirtí eile dóthain faisnéise atá ina sheilbh chun go bhféadfar scrúdú iomlán a dhéanamh ar na hábhair arna n-ardú. Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go mbeidh pearsanra a n-údarás inniúil, a bhfuil saineolas acu ar an ábhar is ábhar do na comhairliúcháin iad, rannpháirteach.
3. In ábhair a bhaineann le hAirteagal 355(3) nó leis na comhaontuithe iltaobhacha nó na hionstraimí iltaobhacha dá dtagraítear i gCaibidlí 6, 7 nó 8, cuirfidh na Páirtithe san áireamh an fhaisnéis atá ar fáil ó EIS nó ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí ábhartha arna mbunú faoi chomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil. I gcás inarb ábhartha, iarrfaidh na Páirtithe comhairle go comhpháirteach ar na heagraíochtaí sin nó ar na comhlachtaí, nó ar aon saineolaí nó comhlacht eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí.
4. Féadfaidh gach Páirtí, nuair is iomchuí, tuairimí na ngrúpaí comhairleacha baile dá dtagraítear in Airteagal 13 nó comhairle ó shaineolaithe eile a lorg.
5. Cuirfear aon rún a dhéanfaidh na Páirtithe ar fáil don phobal.
Airteagal 409
Painéal saineolaithe
1. I gcás aon ábhar nach ndéileáiltear go sásúil leis trí chomhairliúcháin faoi Airteagal 408, féadfaidh Páirtí, 90 lá tar éis iarraidh a fháil ar chomhairliúcháin faoin Airteagal sin, a iarraidh go dtionólfar painéal saineolaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar sin, trí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig pointe teagmhála an Pháirtí eile. Déanfar an beart atá i gceist a shainaithint san iarraidh, sonrófar agus míneofar conas nach bhfuil an beart sin i gcomhréir le forálacha na Caibidle nó na Caibidlí ábhartha ar bhealach atá leordhóthanach chun an gearán a chur i láthair go soiléir.
2. Beidh an painéal saineolaithe comhdhéanta de thriúr painéalaithe.
3. Ag an gcéad chruinniú a bheidh aige tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cruthóidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe liosta de 15 dhuine aonair ar a laghad atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar painéalaithe ar an bpainéal saineolaithe. Ainmneoidh gach Páirtí cúigear ar a laghad lena gcur ar an liosta chun fónamh mar phainéalaithe. Ainmneoidh na Páirtithe freisin cúigear ar a laghad nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad agus atá toilteanach agus ábalta fónamh mar chathaoirleach ar phainéal saineolaithe. Áiritheoidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe go gcoimeádfar an liosta cothrom le dáta agus go mbeidh 15 shaineolaí ar a laghad ar an liosta i gcónaí.
4. Ní mór do na saineolaithe a mholfar mar phainéalaithe eolas speisialaithe nó saineolas a bheith acu ar an dlí saothair nó comhshaoil, ar shaincheisteanna eile a dtugtar aghaidh orthu sa Chaibidil ábhartha nó sna Caibidlí ábhartha, nó ar réiteach díospóidí a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta. Ní mór go bhfeidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus nach nglacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Ní mór nach mbeidh siad cleamhnaithe le ceachtar Páirtí agus nach nglacfaidh sé le treoracha uaidh. Ní bheidh na daoine sin ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de Rialtas Ballstáit, nó de Rialtas na Ríochta Aontaithe.
5. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de chúig lá ó dháta bunaithe an phainéil saineolaithe, is é an méid seo a leanas a bheidh sna téarmaí tagartha:
‘scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise na bhforálacha ábhartha, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh an painéal saineolaithe a bhunú, agus tuarascáil a sheachadadh, i gcomhréir leis an Airteagal seo ina dtagtar ar thorthaí maidir le comhréireacht an bhirt leis na forálacha.’
6. I leith ábhair a bhaineann le caighdeáin iltaobhacha nó comhaontuithe iltaobhacha a chumhdaítear sa Teideal seo, ba cheart don phainéal saineolaithe faisnéis a lorg ó EIS ag ó chomhlachtaí ábhartha arna mbunú faoi na comhaontuithe sin, lena n-áirítear aon treoir léiritheach, torthaí nó cinntí ábhartha atá ar fáil arna nglacadh ag EIS nó na comhlachtaí sin.
7. Féadfaidh an painéal saineolaithe aighneachtaí i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a iarraidh ar dhaoine a bhfuil faisnéis ábhartha nó eolas speisialaithe acu, agus iad a fháil uathu.
8. Cuirfidh an painéal saineolaithe an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig gach Páirtí agus leis sin ceadófar dóibh a mbarúlacha a chur isteach laistigh de 20 lá tar éis iad a fháil.
9. Eiseoidh an painéal saineolaithe tuarascáil eatramhach agus tuarascáil chríochnaitheach do na Páirtithe ina leagfar amach na torthaí fíorais, a chinntí ar an ábhar, lena n-áirítear cinntí maidir le cibé acu ar chloígh nó nár chloígh an Páirtí is freagróir lena oibleagáidí faoin gCaibidil ábhartha nó faoi na Caibidlí ábhartha agus an réasúnaíocht is bun le haon torthaí ar a dtiocfaidh sé agus aon chinntí a dhéanfaidh sé. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá na Páirtithe ar aon intinn leis, má dhéanann an Painéal moltaí ina thuarascáil, nach gá don Pháirtí is freagróir na moltaí sin a leanúint chun comhréireacht leis an gComhaontú seo a áirithiú.
10. Déanfaidh an painéal saineolaithe an tuarascáil eatramhach a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 100 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe. I gcás ina measfaidh an phainéil nach féidir sprioc-am sin a bhaint amach, tabharfaidh cathaoirleach an phainéil saineolaithe fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta a mbeidh sé beartaithe ag an bpainéal saineolaithe a thuairisc eatramhach a thabhairt. I gcás ar bith, ní dhéanfaidh an painéal saineolaithe a thuarascáil eatramhach a chur ar fáil níos déanaí ná 125 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe.
11. Féadfaidh gach Páirtí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána chun gnéithe beachta na tuarascála eatramhaí a athbhreithniú laistigh de 25 lá óna seachadadh. Féadfaidh Páirtí trácht a dhéanamh ar iarraidh an Pháirtí eile laistigh de 15 lá ón iarraidh a sheachadadh.
12. Tar éis na barúlacha sin a bhreithniú, ullmhóidh an painéal saineolaithe an tuarascáil chríochnaitheach. Mura seachadfar aon iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe ar leith den tuarascáil eatramhach laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 11, is í an tuarascáil eatramhach a bheidh i rialú an bhinse eadrána.
13. Déanfaidh an Painéal Saineolaithe an tuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 175 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe. I gcás ina measfaidh an phainéil nach féidir an teorainn ama sin a bhaint amach, tabharfaidh a chathaoirleach fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta a mbeidh sé beartaithe ag an bpainéal saineolaithe a thuairisc chríochnaitheach a thabhairt. I gcás ar bith, ní dhéanfaidh an painéal saineolaithe a thuarascáil chríochnaitheach a chur ar fáil níos déanaí ná 195 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe.
14. Áireofar sa tuarascáil chríochnaitheach plé ar aon iarraidh a fuarthas i scríbhinn ó na Páirtithe maidir leis an tuarascáil eatramhach agus tabharfar aghaidh go soiléir ar thuairimí na bPáirtithe.
15. Cuirfidh na Páirtithe an tuarascáil chríochnaitheach ón bpainéal saineolaithe ar fáil don phobal laistigh de 15 lá tar éis don phainéal saineolaithe í a chur isteach.
16. Má chinneann tuarascáil chríochnaitheach an phainéil saineolaithe nár chomhlíon Páirtí a oibleagáidí faoin gCaibidil ábhartha nó faoi na Caibidlí ábhartha, déanfaidh na Páirtithe, laistigh de 90 lá tar éis an tuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh, bearta cuí a bheidh le cur chun feidhme a phlé, agus tuarascáil an phainéil saineolaithe á cur i gcuntas. Tráth nach déanaí ná 105 lá tar éis sheachadadh na tuarascála chuig na Páirtithe, cuirfidh an Páirtí is freagróir na grúpaí comhairleacha baile arna bhunú faoi Airteagal 13 agus an Páirtí is déantóir gearáin ar an eolas faoina chinntí maidir le haon bhearta a bheidh le cur chun feidhme.
17. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe faireachán ar an obair leantach ar an tuarascáil ó phainéal na saineolaithe. Féadfaidh grúpaí comhairleacha baile na bPáirtithe a bunaíodh faoi Airteagal 13 barúlacha a chur isteach chuig an gCoiste Speisialaithe Trádála um Chothrom Iomaíochta um an Iomaíocht Chóir agus Oscailte agus um Fhorbairt Inbhuanaithe ina leith sin.
18. I gcás ina n-easaontóidh na Páirtithe gurb ann do bheart, nó don chomhsheasmhacht le forálacha ábhartha aon bhirt a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhlíontacht, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bpainéal saineolaithe bunaidh chun go ndéanfar cinneadh faoin ábhar. San iarraidh, sainaithneofar aon ábhar i dtrácht agus míneofar an dóigh nach gcomhlíonann sé na forálacha ábhartha ar bhealach atá leordhóthanach an gearán a chur i láthair go soiléir. Seachadfaidh an painéal saineolaithe a thorthaí chuig na Páirtithe laistigh de 45 lá ó dháta seachadta an iarrata.
19. Mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo, Airteagal 739(1), Airteagal 740 agus 753 go 758, chomh maith le hIarscríbhinní 48 agus 49.
Airteagal 410
Painéal saineolaithe le haghaidh réimsí neamh-chúlchéimnithe
1. Beidh feidhm ag Airteagal 409 maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus feidhmiú Chaibidlí 6 agus 7.
2. Chun críocha na ndíospóidí sin, de bhreis ar na hAirteagail a liostaítear in Airteagal 409(19), beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 749 agus 750.
3. Aithníonn na Páirtithe, i gcás ina dtograíonn an Páirtí is freagróir gan beart a dhéanamh chun bheith i gcomhréir le tuarascáil an phainéil saineolaithe agus leis an gComhaontú seo, leanfaidh aon leigheas a údaraítear faoi Airteagal 749 de bheith ar fáil ag an bPáirtí is déantóir gearáin.
Airteagal 411
Athchothromúchán
1. Aithníonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí amach anseo a chinneadh maidir le cosaint saothair agus cosaint shóisialta, chomhshaoil nó aeráide, nó maidir le rialú fóirdheontais, ar bhealach a bheidh i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear na gealltanais sin faoin gComhaontú seo. San am céanna admhaíonn na Páirtithe go bhféadfaidh éagsúlachtaí nach beag sna réimsí seo tionchar a bheith acu ar thrádáil nó infheistíochta idir na Páirtithe ar bhealach ina n-athraítear na himthosca arbh iad ba bhun leis an gComhaontú seo.
2. Má tharlaíonn tionchair ábhartha ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe mar thoradh ar éagsúlachtaí suntasacha idir na Páirtithe sna réimsí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh ceachtar Páirtí bearta iomchuí athchothromaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an gcás. Beidh na bearta sin srianta, maidir lena raon feidhme agus lena bhfad, dá bhfuil fíor-riachtanach agus comhréireacht chun an cás a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Phrótacail seo. Beidh measúnú Páirtí ar na tionchair sin bunaithe ar fhianaise iontaofa agus ní ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach amháin a bheidh sé bunaithe.
3. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas maidir le bearta athchothromaithe arna ndéanamh faoi mhír 2:
(a) |
tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra, gan mhoill, don Pháirtí eile tríd an gComhairle Comhpháirtíochta maidir leis na bearta athchothromaithe a bhfuil sé beartaithe aige iad a ghlacadh, agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile is iomchuí. Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin láithreach. Measfar comhairliúcháin a bheith curtha i gcrích laistigh de 14 lá ó dháta seachadta an fhógra, ach amháin má chuirtear i gcrích go comhpháirteach iad roimh an teorainn ama sin; |
(b) |
mura dtiocfar ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta athchothromaithe a ghlacadh tráth nach luaithe ná cúig lá ó chur i gcrích na gcomhairliúchán, ach amháin má iarrann an Páirtí dá dtugtar fógra laistigh den tréimhse chéanna cúig lá, i gcomhréir le hAirteagal INST.14(2) [Nós imeachta eadrána] (64), binse eadrána a bhunú trí bhíthin iarraidh i scríbhinn arna seachadadh chuig an bPáirtí eile chun go bhféadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an bhfuil na bearta athchothromaithe ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo; |
(c) |
seolfaidh an binse eadrána a imeacht i gcomhréir le Airteagail 760 agus tabharfaidh sé a rialú críochnaitheach laistigh de 30 ó lá a bhunaithe. Mura dtabharfaidh an binse eadrána a rialú críochnaitheach laistigh den tréimhse ama sin, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann na bearta athchothromaithe a ghlacadh tráth nach luaithe ná trí lá tar éis don tréimhse ama 30 lá sin dul in éag. Sa chás sin, féadfaidh an Páirtí eile frithbhearta a ghlacadh atá comhréireach leis na bearta athchothromaithe arna nglacadh go dtí go dtabharfaidh an binse eadrána a rialú. Tabharfar tosaíocht do na frithbhearta sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag pointe (a) maidir le frithbhearta den sórt sin, a fhéadfar a ghlacadh tráth nach luaithe ná trí lá tar éis an comhairliúchán a thabhairt chun críche; |
(d) |
má mheasann an binse eadrána go bhfuil na bearta athchothromaithe comhsheasmhach le mír 2 , féadfaidh an Páirtí lena mbaineann na bearta athchothromaithe a ghlacadh mar a cuireadh in iúl don Pháirtí eile iad; |
(e) |
má mheasann an binse eadrána nach bhfuil na bearta athchothromaithe comhsheasmach le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Páirtí lena mbaineann, laistigh de thrí lá ón tráth a dtugtar an rialú, fógra a thabhairt don Pháirtí is déantóir gearáin faoi na bearta (65) atá beartaithe aige a ghlacadh chun an rialú ón mbinse eadrána a chomhlíonadh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 748(2) agus Airteagail 749 (66) agus 750, má mheasann an Páirtí is déantóir gearáin nach bhfuil na bearta ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir leis an rialú ón mbinse eadrána. Ní bheidh aon éifeacht fionraíochta ag na nósanna imeachta faoi Airteagal 748(2) agus Airteagail 749 agus 750 ar chur i bhfeidhm na mbeart ar tugadh fógra ina leith de bhun na míre seo; |
(f) |
má glacadh bearta athchothromaithe roimh an rialú eadrána i gcomhréir le pointe (c), déanfar aon fhrithbheart a ghlactar de bhun an phointe sin a tharraingt siar láithreach, agus in aon chás tráth nach déanaí ná cúig lá, tar éis don rialú ón mbinse eadrána a bheith tugtha; |
(g) |
ní dhéanfaidh Páirtí Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun cosc a chur ar an bPáirtí eile bearta a dhéanamh de bhun mhíreanna 2 agus 3, lena n-áirítear an uair arb é a bhíonn san bearta sin oibleagáidí a chur ar fionraí faoin gComhaontú seo; |
(h) |
Mura gcuirfidh an Páirtí dá dtugtar fógra iarraidh isteach de bhun phointe (b) den mhír seo laistigh den tréimhse ama a leagtar síos ann, féadfaidh an Páirtí sin, gan dul i muinín comhairliúcháin roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 738, an nós imeachta eadrána dá dtagraítear in Airteagal 739 a thionscnamh. Déileálfaidh binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críche Airteagal 744. |
4. D’fhonn cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir na gealltanais arna ndéanamh ag na Páirtithe sa Chomhaontú seo ar bhonn níos buanfasaí, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh, tráth nach luaithe ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go ndéanfar athbhreithniú ar fheidhmiú Cheannteideal seo. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go bhféadfar Ceannteidil eile den Chomhaontú seo a chur leis an athbhreithniú.
5. Cuirfear tús le hathbhreithniú den sórt sin ar iarraidh ó Pháirtí, má mheasann an Páirtí sin go ndearna ceachtar Páirtí nó an dá Pháirtí bearta faoi mhír 2 nó faoi mhír 3 go minic, nó má cuireadh i bhfeidhm beart a bhfuil tionchar ábhartha aige ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na Páirtithe ar feadh tréimhse 12 mhí. Chun críocha na míre seo, is iad na bearta atá i gceist na bearta nár chuir binse eadrána ina choinne nó nár chinn binse eadrána nach raibh aon ghá leo de bhun phointe (d) nó (h) de mhír 3. Féadfar an t-athbhreithniú sin a thosú níos luaithe ná ceithre bliana tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm.
6. Cuirfear tús leis an athbhreithniú a iarradh de bhun mhír 4 nó mhír 5 laistigh de thrí mhí ón iarraidh agus críochnófar é laistigh de shé mhí.
7. Féadfar athbhreithniú a athdhéanamh ar bhonn mhír 4 nó mhír 5 ina dhiaidh sin i gceann tréimhsí nach lú ná ceithre bliana tar éis an chéad athbhreithnithe. Más rud é gur iarr Páirtí athbhreithniú faoi mhír 4 nó faoi mhír 5, ní fhéadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú breise faoi mhír 4 nó faoi mhír 5 ar feadh ceithre bliana ar a laghad ón am a tugadh an t-athbhreithniú roimhe sin i gcrích nó, más infheidhme, ó theacht i bhfeidhm aon chomhaontaithe leasaithigh.
8. Leis an athbhreithniú, féachfar an gcuirtear ar fáil an chothromaíocht iomchuí na gceart agus na hoibleagáidí idir na Páirtithe, go háirithe maidir le feidhmiú an Cheannteidil seo, agus féachfar an bhfuil gá, dá bharr sin, le haon mhodhnú ar an gComhaontú seo.
9. Féadfaidh an Chomhairle Chomhpháirtíochta a chinneadh nach gá aon ghníomh de thoradh an athbhreithnithe. Má mheasann Páirtí tar éis an athbhreithnithe a bheith déanta gur bhfuil gá Comhaontú seo a leasú, déanfaidh siad a seacht ndícheall an comhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích agus na leasuithe is gá a dhéanamh. Ní rachaidh an chaibidlíocht sin thar na hábhair sin a shainaithnítear san athbhreithniú.
10. Mura gcuirfear comhaontú leasaitheach dá dtagraítear i mír 9 i gcrích laistigh de bhliain ón dáta a thosaigh na Páirtithe ar chaibidlíocht, féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt chun deireadh a chur leis an gCeannteideal seo nó le haon Cheannteideal eile den Chomhaontú seo a cuireadh leis an athbhreithniú, nó féadfaidh na Páirtithe a chinneadh leanúint de chaibidlíocht. Má fhoirceannann Páirtí an Ceannteideal seo, déanfar Ceannteideal a Trí a fhoirceannadh ar an dáta céanna. Beidh feidhm leis an bhfoirceannadh trí mhí tar éis dháta an fhógra sin.
11. Má chuirtear deireadh leis an gCeannteideal seo de bhun mhír 10 den Airteagal seo, déanfar Ceannteideal a Dó a fhoirceannadh ar an dáta céanna, mura gcomhaontóidh na Páirtithe na codanna ábhartha de Theideal XI den Cheannteideal seo a chomhtháthú i gCeannteideal a Dó.
12. Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir le míreanna 4 go 9 den Airteagal seo.
Teideal XII
EISCEACHTAÍ
Airteagal 412
Eisceachtaí ginearálta
1. Aon ní dá bhfuil i gCaibidil 1 agus Caibidil de Theideal I, Caibidil 2 de Theideal II, Teideal III, Teideal VIII agus Caibidil 4 de Theideal XI, ní fhorléireofar é mar ní lena gcuirfear cosc ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar bearta iad atá comhoiriúnach le hAirteagal XX de GATT 1994. Chuige sin, déantar Airteagal XX de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh mutatis mutandis.
2. Faoi réir an cheanglais nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach go bhféadfaí áis a bhaint astu le haghaidh idirdhealú treallach ná idirdhealú dochosanta idir tíortha ina bhfuil forlámhas ag na coinníollacha céanna, ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar léirscaoileadh infheistíochta nó ar thrádáil i seirbhísí, aon ní dá bhfuil i dTeideal II, Teideal III, Teideal IV, Teideal VIII agus Caibidil 4 de Theideal XI, ní fhorléireofar é mar ní chun cosc a chur ar cheachtar Páirtí na bearta seo a leanas a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm:
(a) |
bearta is gá chun slándáil an phobail nó moráltacht an phobail a chosaint nó an t-ord poiblí a choimeád (67); |
(b) |
bearta is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint; |
(c) |
bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe nó rialacháin nach bhfuil ar neamhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le:
|
3. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, a mhéid atá na bearta sin ar neamhréir ar shlí eile le forálacha na gcaibidlí, na ranna nó na dteideal dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, tuigeann na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
go n-áirítear ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal XX de GATT 1994 agus i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo bearta comhshaoil, a bhfuil gá leo chun beatha agus sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint; |
(b) |
go bhfuil feidhm ag pointe (g) d'Airteagal XX de GATT 1994 maidir le bearta chun acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite, idir bheo agus neamhbheo, a chaomhnú; agus |
(c) |
go bhféadfaidh bearta a ghlactar chun comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a chur chun feidhme teacht faoi phointí (b) nó (g) d'Airteagal XX de GATT 1994 nó faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. |
4. Sula ndéanfaidh Páirtí aon bheart dá bhforáiltear i bpointe (i) agus i bpointe (j) d'Airteagal XX de GATT 1994, cuirfidh an Páirtí sin an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Pháirtí eile, d'fhonn réiteach is inghlactha ag na Páirtithe a lorg. Mura dtiocfar ar chomhaontú laistigh de 30 lá ón bhfaisnéis a chur ar fáil, féadfaidh an Páirtí na bearta lena mbaineann a chur i bhfeidhm. In imthosca eisceachtúla géibheannacha a éilíonn gníomh láithreach a fhágann nach féidir réamhaisnéis a fháil nó scrúdú a dhéanamh roimh ré, féadfaidh an Páirtí a bhfuil sé ar intinn aige na bearta a dhéanamh na bearta réamhchúraim is gá a chur i bhfeidhm chun déileáil leis an gcás. Cuirfidh an Páirtí sin an Páirtí eile ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Airteagal 413
Cánachas
1. Aon ní dá bhfuil i dTeidil I go VII, i gCaibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII den Cheannteideal seo nó Ceanneideal a Sé, ní dhéanfaidh sé difear do chearta agus d'oibleagáidí an Aontais ná a Bhallstát ná d’oibleagáidí na Ríochta Aontaithe, faoi aon choinbhinsiún cánach. I gcás aon neamhréireacht a bheith idir an Comhaontú seo agus aon choinbhinsiún cánach den sórt sin, is ag an gcoinbhinsiún cánach a bheidh tosaíocht a mhéid atá siad ar neamhréir le chéile. Maidir le coinbhinsiún cánach idir an tAontas nó a Bhallstáit agus an Ríocht Aontaithe, na húdaráis inniúla lena mbaineann faoin gComhaontú seo agus faoin gcoinbhinsiún cánach sin, déanfaidh siad a chinneadh go comhpháirteach an ann do neamhréireacht idir an Comhaontú seo agus an coinbhinsiún cánach. (68)
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 130 agus 138 maidir le buntáiste a thabharfaidh Páirtí de bhun coinbhinsiúin chánach.
3. Faoi réir an cheanglais nach gcuirfear bearta cánach i bhfeidhm ar bhealach go bhféadfaí áis a bhaint astu le haghaidh idirdhealú treallach ná idirdhealú dochosanta idir tíortha ina bhfuil forlámhas ag na coinníollacha céanna, nó a bheadh ina shrianadh faoi cheilt ar thrádáil agus ar infheistíocht, aon ní dá bhfuil i dTeidil I go VII, i gCaibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX, X, XII den Cheannteideal seo, an Teideal seo nó Ceannteideal a Sé, ní dhéanfar é a fhorléiriú mar ní chun cosc a chur ar Pháirtí aon bheart a ghlacadh, a choinneáil ar bun nó a fhorfheidhmiú:
(a) |
a bhfuil sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfar cánacha díreacha (69) a fhorchur agus a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach; nó |
(b) |
lena ndéantar idirdhealú idir cáiníocóirí, nach bhfuil sa staid chéanna, go háirithe maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe. |
4. Chun críocha an Airteagail seo,tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas :
(a) |
ciallaíonn ‘áit chónaithe’ áit chónaithe chun críoch cánach; |
(b) |
ciallaíonn ‘coinbhinsiún cánach’ coinbhinsiún chun cánachas dúbailte a sheachaint nó comhaontú nó socrú idirnáisiúnta eile a bhaineann go hiomlán nó den chuid is mó le cánachas; agus |
(c) |
cuimsíonn ‘cánacha díreacha’ na cánacha go léir ar ioncam nó ar chaipiteal, lena n-áirítear cánacha ar ghnóthachain ó choimhthiú maoine, cánacha ar eastáit, ar oidhreachtaí agus ar bhronntanais, cánacha ar phá nó tuarastail arna n-íoc ag gnóthais agus cánacha ar luachmhéadú caipitil. |
Airteagal 414
Tarscaoiltí EDT
Má tá oibleagáid i dTeidil I go XII den Cheannteideal seo nó de Cheannteideal a Sé den Chuid seo coibhéiseach go substaintiúil le hoibleagáid atá i gComhaontú EDT, measfar go mbeidh aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le tarscaoileadh arna ghlacadh de bhun Airteagal IX de Chomhaontú EDT i gcomhréir leis an bhforáil atá coibhéiseach go substaintiúil ón gComhaontú seo.
Airteagal 415
Eisceachtaí slándála
Aon ní dá bhfuil i dTeidil I go XII de Cheannteideal seo nó de Cheannteideal a Sé, ní dhéanfar é a fhorléiriú:
(a) |
mar ní lena gceanglaítear ar Pháirtí aon fhaisnéis a thabhairt, nó rochtain ar aon fhaisnéis a cheadú, ar faisnéis í a mheasann sé go mbeadh a nochtadh in aghaidh a leasanna bunúsacha slándála; nó |
(b) |
mar ní chun Páirtí a chosc ar ghníomh a dhéanamh a mheasann sé a bhfuil gá leis chun a leasanna bunúsacha slándála a chosaint:
|
(c) |
chun Páirtí a chosc ó aon ghníomh a dhéanamh de bhun a oibleagáidí faoi Chairt na Náisiún Aontaithe chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun. |
Airteagal 416
Faisnéis rúnda
1. Cé is moite d'Airteagal 384, aon ní dá bhfuil i dTeidil I go XII den Cheannteideal seo nó de Cheannteideal a Sé [Forálacha eile] den Chuid seo, ní dhéanfar é a fhorléiriú é mar ní lena gceanglaítear ar Pháirtí faisnéis rúnda a chur ar fáil, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh ina bhac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó contrártha le leas an phobail, nó a ndéanfadh a nochtadh dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála fiontar ar leith, idir phoiblí agus phríobháideach, ach amháin i gcás ina n-éileoidh binse eadrána an fhaisnéis rúnda sin i nós imeachta um réiteach díospóidí faoi Theideal I de Chuid a Sé, nó i gcás ina dteastaíonn an fhaisnéis rúnda sin ó phainéal saineolaithe fin imeachtaí aoi Airteagal 409 nó 410. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an binse eadrána nó an painéal saineolaithe go gcosnófar an rúndacht go hiomlán i gcomhréir le hIarscríbhinn 48.
2. Nuair a chuirfidh Páirtí faisnéis a meastar ina leith go bhfuil sí faoi rún faoina dhlíthe agus faoina rialacháin faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta nó faoi bhráid Coistí, déileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda, mura gcomhaontóidh an Páirtí a dhéanfaidh an tíolacadh a mhalairt.
CEANNTEIDEAL A DÓ
AN EITLÍOCHT
TEIDEAL I
AN T AERIOMPAR
Airteagal 417
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige; |
(b) |
ciallaíonn ‘aeriompróir de chuid an Aontais’ aeriompróir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 421(1); |
(c) |
ciallaíonn ‘aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe’ aeriompróir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 421 (1) nó Airteagal 422(2); |
(d) |
ciallaíonn ‘seirbhísí aerloingseoireachta’ seirbhísí aerthráchta, seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais, seirbhísí meitéareolaíocha le haghaidh aerloingseoireachta, agus seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta; |
(e) |
ciallaíonn ‘deimhniú aeroibreora’ doiciméad a eisítear chuig aeriompróir lena ndearbhaítear go bhfuil an cumas gairmiúil agus an eagraíocht ghairmiúil ag an aeriompróir lena mbaineann chun oibriú sábháilte aerárthaí a áirithiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí eitlíochta a shonraítear sa deimhniú; |
(f) |
ciallaíonn ‘bainistíocht aerthráchta’ comhiomlán na seirbhísí san aer agus na seirbhísí ar talamh (seirbhísí aerthráchta, bainistíocht aerspáis agus bainistíocht na sreibhe aerthráchta) a bhfuil gá leo chun gluaiseacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a áirithiú le linn chéimeanna uile na n-oibríochtaí; |
(g) |
ciallaíonn ‘aeriompar’ iompar paisinéirí, bagáiste, lasta agus post, ar leithligh nó in éineacht, in aerárthaí, iompar a chuirtear ar fáil mar sheirbhís don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú; |
(h) |
ciallaíonn ‘cinneadh saoránachta’ cinneadh go gcomhlíonann aeriompróir a bheartaíonn aersheirbhísí a oibriú faoin Teideal seo, go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 421 maidir lena húinéireacht, lena rialú éifeachtach agus lena príomháit ghnó; |
(i) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’, i gcás na Ríochta Aontaithe, údaráis na Ríochta Aontaithe atá freagrach as na feidhmeanna rialála agus riaracháin atá ar an Ríocht Aontaithe faoin Teideal seo; agus i gcás an Aontais, údaráis an Aontais agus na mBallstát atá freagrach as na feidhmeanna rialála agus riaracháin atá ar an Aontas faoin Teideal seo; |
(j) |
ciallaíonn ‘An Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta arna shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944, agus cuimsítear ann:
|
(k) |
ciallaíonn 'idirdhealú' aon chineál difreála a dhéantar gan údar oibiachtúil i ndáil le hearraí agus seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, ar earraí agus seirbhísí iad a úsáidtear chun seirbhísí aeriompair a oibriú, nó i ndáil leis an tslí a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo; |
(l) |
ciallaíonn ‘rialú éifeachtach’ caidreamh arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:
|
(m) |
ciallaíonn ‘cinneadh maidir le hoiriúnacht’ cinneadh maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin Teideal seo go bhfuil acmhainn airgeadais shásúil aici maille le taithí bhainistíochta leordhóthanach chun na haersheirbhísí sin a oibriú agus go bhfuil dea-rún aici na dlíthe, na rialacháin agus na ceanglais a bhfuil oibriú na seirbhísí faoina réir a chomhlíonadh; |
(n) |
ciallaíonn ‘costas iomlán’ costas na seirbhíse a sholáthraítear, a bhféadfadh suimeanna iomchuí maidir le costas caipitil agus dímheas sócmhainní a bheith ar áireamh ann, mar aon le costais chothabhála, oibríochta, bhainistíochta agus riaracháin; |
(o) |
ciallaíonn ‘ICAO’ Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe; |
(p) |
ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannoifig nó oifig chláraithe aeriompróra ar laistigh di a fheidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus príomhrialú oibríochtúil an aeriompróra sin, lena n-áirítear bainistiú leanúnach aeracmhainneachta; |
(q) |
ciallaíonn ‘cigireacht rampa’ scrúdú ag údarás inniúil Páirtí nó ag a ionadaithe ainmnithe, ar bord aerárthaigh de chuid an Pháirtí eile agus timpeall air, chun bailíocht na ndoiciméad atá ag an aerárthach lena mbaineann agus bailíocht baill chriú an aerthárthaigh a sheiceáil, agus chun an riocht ina bhfuil an t-aerárthach agus a threalamh de réir a ndealraimh a sheiceáil; |
(r) |
ciallaíonn ‘féinseirbhís’ oibríochtaí láimhseála ar an talamh a dhéanann aeriompróir go díreach dó féin nó d’aeriompróir eile sna cásanna seo a leanas:
|
(s) |
ciallaíonn ‘seirbhísí aeriompair sceidealta’ aersheirbhísí a sceidealaítear agus a chuirtear i gcrích de réir tráthchlár foilsithe, nó chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad, agus atá oscailte lena gcur in áirithe go díreach ag daoine den phobal; agus eitiltí coda breise arb é is cúis leo trácht róshreafa ó eitiltí sceidealta; agus eitiltí coda breise arb é is cúis leo trácht róshreafa ó eitiltí sceidealta; |
(t) |
ciallaíonn ‘stad chun críocha nach mbaineann le trácht’ tuirlingt a dhéantar chun aon chríche seachas paisinéirí, bagáiste, lasta agus/nó post a thógáil nó a chur ar talamh; |
(u) |
ciallaíonn ‘taraif’ aon táille, ráta nó muirear as paisinéirí, bagáiste nó lasta (gan post a áireamh) a iompar in aeriompar (lena n-áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) a ghearrann aeriompróirí, lena n-áirítear a ngníomhairí, agus na coinníollacha lena rialaítear infhaighteacht na táille, an ráta nó an mhuirir sin; |
(v) |
ciallaíonn ‘muirear úsáideora’ muirear a fhorchuirtear ar aeriompróirí as saoráidí nó seirbhísí slándála aerfoirt, aerloingseoireachta (lena n-áirítear traseitiltí) nó eitlíochta a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara agus saoráidí gaolmhara, nó muirir atá bainteach leis an gcomhshaol, lena n-áirítear muirir atá bainteach le torann agus muirir ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna áitiúla maidir le cáilíocht an aeir ag aerfoirt nó timpeall orthu. |
Airteagal 418
Sceideal bealaí
1. Faoi réir Airteagal 418, tabharfaidh an tAontas an ceart don Ríocht Aontaithe a cuid aeriompróirí, agus iad i mbun aeriompair, oibriú ar na bealaí seo a leanas:
Pointí i gcríoch na Ríochta Aontaithe – Pointí Idirmheánacha – Pointí i gcríoch an Aontais – Seachphointí.
2. Faoi réir Airteagal 419, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe an ceart don Aontas a chuid aeriompróirí, agus iad i mbun aeriompair, oibriú ar na bealaí seo a leanas:
Pointí i gcríoch an Aontais – Pointí Idirmheánacha – Pointí i gcríoch na Ríochta Aontaithe – Seachphointí.
Airteagal 419
Cearta tráchta
1. Tabharfaidh gach Páirtí an ceart don Pháirtí eile a chuid aeriompróirí na nithe a leanas a dhéanamh, chun críche aeriompar a chur i gcrích ar na bealaí a leagtar síos in Airteagal 418:
(a) |
eitilt trasna a chríche gan tuirlingt; |
(b) |
stadanna a dhéanamh ina chríoch chun críocha nach mbaineann le trácht. |
2. Beidh sé de cheart ag an Ríocht Aontaithe a cuid aeriompróirí stadanna a dhéanamh i gcríoch an Aontais chun seirbhísí aeriompair sceidealta agus neamhsceidealta a sholáthar idir aon phointe atá suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus aon phointe atá suite i gcríoch an Aontais (cearta tráchta an tríú saoirse agus an ceathrú saoirse).
3. Beidh sé de cheart ag an Aontas a chuid aeriompróidí stadanna a dhéanamh i gcríoch na Ríochta Aontaithe chun seirbhísí aeriompair sceidealta agus neamhsceidealta a sholáthar idir aon phointe atá suite i gcríoch an Aontais agus aon phointe atá suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe (cearta tráchta an tríú saoirse agus an ceathrú saoirse).
4. D' ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3 agus gan dochar do mhír 9 , féadfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, faoi réir rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe faoi seach, socruithe déthaobhacha a dhéanamh trína ndeonóidh siad, mar ábhar don Chomhaontú seo, na cearta seo a leanas dá chéile:
(a) |
i gcás na Ríochta Aontaithe, an ceart dá haeriompróirí stadanna a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann chun seirbhísí aeriompair uile-lasta sceidealta agus neamhsceidealta a sholáthar idir pointí atá suite i gcríoch an Bhallstáit sin agus pointí atá suite i dtríú tír mar chuid de sheirbhís lena ngabhann tionscnamh nó ceann scríbe i gcríoch na Ríochta Aontaithe (cearta tráchta an cuigiú saoirse); |
(b) |
i gcás an Bhallstáit lena mbaineann, an ceart d’aeriompróirí de chuid an Aontais stadanna a dhéanamh i gcríoch na Ríochta Aontaithe chun seirbhísí aeriompair uilelasta sceidealta agus neamhsceidealta a sholáthar idir pointí atá suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus pointí atá suite i dtríú tír, mar chuid de sheirbhís lena ngabhann tionscnamh nó ceann scríbe i gcríoch an Bhallstáit sin (cearta tráchta an cuigiú saoirse). |
5. Beidh na cearta a dheonaítear go frithpháirteach i gcomhréir le mír 4 faoi rialú ag forálacha an Teidil seo.
6. Ní theorannóidh ceachtar den dá Pháirtí go haontaobhach méid tráchta, acmhainneacht, minicíocht, rialtacht, ródúchán, túsphointe ná ceann scríbe na seirbhísí aeriompair a oibrítear i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, ná ní theorannóidh siad go haontaobhach an cineál ná na cineálacha aerárthaigh a oibríonn aeriompróirí an Pháirtí eile chun na críche sin, seachas de réir mar is gá ar chúiseanna custaim, teicniúla, oibríochta, bainistíochta aerthráchta, slándála, comhshaoil nó cosanta sláinte, uair a dhéanfar an teorannú céanna ar mhodh neamh-idirdhealaitheach, nó má fhoráiltear a mhalairt sa Teideal seo.
7. Níl aon ní dá bhfuil sa Teideal seo a mheasfar a thugann an ceart don Ríocht Aontaithe a cuid aeriompróirí paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a thabhairt ar bord i gcríoch Ballstáit a bheadh ar iompar le haghaidh cúitimh agus a bheadh le tabhairt go dtí pointe eile i gcríoch an Bhallstáit sin nó i gcríoch aon Bhallstáit eile.
8. Níl aon ní dá bhfuil sa Teideal seo a mheasfar a thugann an ceart don Aontas a chuid aeriompróirí paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a thabhairt ar bord i gcríoch na Ríochta Aontaithe a bheadh ar iompar le haghaidh cúitimh agus a bheadh le tabhairt go dtí pointe eile i gcríoch na Ríochta Aontaithe.
9. Faoi réir rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe, féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus na mBallstát seirbhísí aeriompair neamhsceidealta a údarú thar na cearta dá bhforáiltear san Airteagal seo ar choinníoll nach foirm faoi cheilt de sheirbhísí sceidealta iad, agus féadfaidh siad socruithe déthaobhacha a bhunú i dtaca leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint chun iarratais aeriompróirí a láimhseáil agus i ndáil le cinntí a ghlacadh maidir leo.
Airteagal 420
Socruithe roinnte cód agus socruithe suíochán blocáilte
1. Féadfar seirbhísí aeriompair atá i gcomhréir le hAirteagal 419 a sholáthar trí shocruithe suíochán blocáilte nó trí shocruithe roinnte cód, mar a leanas:
(a) |
féadfaidh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t-iompróir margaíochta, le haon iompróir oibriúcháin arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir oibriúcháin de chuid tríú tír a theachtann na cearta tráchta is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe atá i gceist; |
(b) |
féadfaidh aeriompróir de chuid an Aontais gníomhú mar an t-iompróir margaíochta, le haon iompróir oibriúcháin arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir oibriúcháin de chuid tríú tír a theachtann na cearta tráchta is gá faoi dhlí na Ríochta Aontaithe mar aon leis an gceart dá aeriompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe atá i gceist; |
(c) |
féadfaidh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t-iompróir oibriúcháin, le haon iompróir margaíochta arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir margaíochta de chuid tríú tír a theachtann na cearta is gá chun an socrú atá i gceist a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann; |
(d) |
féadfaidh aeriompróir de chuid an Aontais gníomhú mar an t-iompróir oibriúcháin le haon iompróir margaíochta arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir margaíochta de chuid tríú tír a theachtann na cearta is gá chun an socrú atá i gceist a dhéanamh faoi dhlí na Ríochta Aontaithe; |
(e) |
I gcomhthéacs na socruithe dá bhforáiltear faoi phointí (a) go (d), féadfaidh aeriompróir de chuid Páirtí amháin gníomhú mar an iompróir margaíochta i socrú suíochán blocáilte nó i socrú códroinnte, i seirbhísí idir aon phéire pointí a bhfuil gach ceann díobh, an túsphointe agus an ceann scríbe, suite i gcríoch an Pháirtí eile, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
2. Féadfaidh aeriompróir de chuid Páirtí amháin gníomhú mar an iompróir margaíochta i socrú suíochán blocáilte nó i socrú códroinnte, i seirbhísí idir aon phéire pointí a bhfuil ceann acu suite i gcríoch an Pháirtí eile agus an ceann eile suite i dtríú tír, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) nó (b) de mhír 1, de réir mar a bheidh, maidir leis an iompróir oibriúcháin; agus |
(b) |
an tseirbhís iompair atá i gceist, is cuid í d’iompar ag an iompróir margaíochta idir pointe i gcríoch an Pháirtí lena mbaineann sé agus an pointe sin i gcríoch an Pháirtí eile. |
3. I ndáil le gach ticéad a dhíolfar lena mbainfidh na socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfear an ceannaitheoir ar an eolas ar áirithint a dhéanamh dó cén t-aeriompróir a oibreoidh gach earnáil den tseirbhís. I gcás nach bhféadfar sin a dhéanamh nó ina ndéanfar athrú tar éis na háirithinte, cuirfear in iúl don phaisinéir cén iompróir oibríochta atá i gceist a luaithe a shuífear sin. I ngach cás, cuirfear in iúl don phaisinéir cén t-iompróir oibríochta nó cé na hiompróirí oibríochta atá i gceist ag an bpointe seiceála isteach, nó roimh dhul ar bord i gcás nach mbeidh gá le seiceáil isteach le haghaidh nasceitilte.
4. D’fhéadfadh na Páirtithe a cheangal go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ann agus ceanglais eile dá bhforáiltear leis sa Chomhaontú seo, go háirithe maidir le hiomaíocht chóir, sábháilteacht agus slándáil.
5. I gcás ar bith, ní thiocfaidh sé as dul ar iontaoibh socruithe códroinnte nó socruithe suíochán bhlocáilte go bhfeidhmeoidh aeriompróirí na bPáirtithe cearta tráchta ar bhonn an Chomhaontaithe seo seachas iad sin dá bhforáiltear in Airteagal 418.
Airteagal 421
Solúbthacht oibríochta
Na cearta a dheonaíonn na Páirtithe go frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 419 (2), (3) agus (4), áireofar leo, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos iontu, na sainchumais seo ar fad a leanas:
(a) |
eitiltí a oibriú i gceachtar den dá threo nó sa dá threo; |
(b) |
uimhreacha eitilte éagsúla a chumasc laistigh d’aon oibríocht aerárthaigh amháin; |
(c) |
freastal ar phointí sa sceideal bealaí de réir aon teaglama nó aon oird; |
(d) |
trácht a aistriú idir aerárthaí de chuid an aeriompróra chéanna ag pointe ar bith (athrú árthaigh); |
(e) |
trácht staid a iompar trí phointí ar bith cibé acu atá siad laistigh nó lasmuigh de chríoch ceachtar den dá Pháirtí; |
(f) |
trácht idirthurais a iompar trí chríoch an Pháirtí eile; |
(g) |
trácht a chumasc ar an aerárthach céanna cibé cén túsphointe as a dtagann an trácht sin; |
(h) |
freastal ar níos mó ná aon phointe amháin ar an tseirbhís chéanna (il-chríochfortú). |
Airteagal 422
Údaruithe oibríochta agus ceadanna teicniúla
1. Ar iarratas ar údarú oibríochta a fháil ó aeriompróir de chuid Páirtí chun seirbhísí aeriompair a oibriú faoin Teideal seo, iarratas a rinneadh san fhoirm agus sa mhodh a fhorordaítear, deonóidh an Páirtí eile na húdaruithe agus/nó na ceadanna teicniúla is iomchuí leis an moill is lú is féidir sa nós imeachta, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo ar fad a leanas:
(a) |
i gcás aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe:
|
(b) |
I gcás aeriompróir de chuid an Aontais:
|
(c) |
tá Airteagail 433 agus 434 á gcomhlíonadh; agus |
(d) |
comhlíonann an t-aeriompróir na coinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth maidir le hoibriú aeriompair idirnáisiúnta ag an bPáirtí atá ag breithniú an iarratais nó na n-iarratas. |
2. D’ainneoin phointe (a)(i) de mhír 1, tabharfar na húdaruithe oibríochta agus na ceadanna is iomchuí d’aeriompróirí de chuid na Ríochta Aontaithe ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) |
go ndéantar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a)(ii), (a)(iii), (c) agus (d) de mhír 1 a chomhlíonadh; |
(b) |
Ballstát amháin nó níos mó den Aontas, ballstáit eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, an Eilvéis, náisiúnaigh na stát sin, nó meascán de na stáit agus na náisiúnaigh sin – bídís ina n-aonar nó i gcomhar leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe – is acu atá úinéireacht an aeriompróra, go díreach nó trí úinéireacht tromlaigh, agus is iad a rialaíonn go héifeachtach é; |
(c) |
ar an lá ar tháinig deireadh leis an idirthréimhse, bhí ceadúnas oibríochta bailí ag an aeriompróir i gcomhréir le dlí an Aontais. |
3. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, áirítear le fianaise ar rialú éifeachtach rialála na nithe seo a leanas, ach níl an fhianaise sin teoranta do na nithe céanna:
(a) |
an t-aeriompróir lena mbaineann a bhfuil ceadúnas nó cead oibríochta bailí aige arna eisiúint ag an údarás inniúil agus a chomhlíonann critéir an Pháirtí a d’eisigh an ceadúnas oibríochta nó an cead chun aersheirbhísí idirnáisiúnta a oibriú; agus |
(b) |
go bhfuil cláir maoirseachta sábháilteachta agus slándála ag an bPáirtí sin le haghaidh an aeriompróra sin agus go gcoimeádann sé ar bun na seirbhísí céanna i gcomhréir le caighdeáin ICAO. |
4. Agus údaruithe oibríochta agus ceaduithe teicniúla á ndeonú, caithfidh na Páirtithe le haeriompróirí uile an Pháirtí eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
5. Ar fháil iarratas ar údarú oibríochta dó ó aeriompróir de chuid Páirtí, tabharfaidh an Páirtí eile aitheantas d’aon chinneadh maidir le hoiriúnacht agus/nó d’aon chinneadh maidir le saoránacht nó don dá chinneadh díobh a rinne an chéad Pháirtí i leith an aeriompróra sin amhail agus dá mba iad a údaráis inniúla féin a dhéanfadh an cinneadh sin, agus ní dhéanfaidh sé aon fhiosrú eile faoi na hábhair sin, seachas de réir mar a fhoráiltear i mír 3 d’Airteagal 423(3).
Airteagal 423
Pleananna oibríochta, cláir agus sceidil
Féadfaidh Páirtí a éileamh go dtabharfaí dó, chun críocha faisnéise amháin, fógra faoi phleananna, cláir agus sceidil oibríochta le haghaidh aersheirbhísí a oibrítear faoin Teideal seo. I gcás ina n-éileoidh Páirtí an fógra sin, laghdóidh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann lena cheanglais agus lena nósanna imeachta maidir le fógra atá ar iompar ag idirghabhálaithe aeriompair agus aeriompróirí an Pháirtí eile.
Airteagal 424
Údarú oibríochta a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú
1. Féadfaidh an tAontas beart a dhéanamh i gcoinne aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir le míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a) |
i gcás údaruithe agus ceadanna arna ndeonú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 421(1), gan aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos inti a bheith comhlíonta; |
(b) |
i gcás údaruithe agus ceadanna arna ndeonú de réir Airteagal 421(2), gan aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos ann a bheith comhlíonta; |
(c) |
theip ar an aeriompróir na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 424 a chomhlíonadh; nó |
(d) |
tá gá le beart den chineál sin a dhéanamh chun leathadh galar a chosc, a chosaint nó a rialú, nó chun an tsláinte phoiblí a chosaint ar bhealach eile. |
2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe beart a dhéanamh i gcoinne aeriompróir de chuid an Aontais, i gcomhréir le míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a) |
gan aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 422(1) a bheith comhlíonta; |
(b) |
theip ar an aeriompróir na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 426 a chomhlíonadh; nó |
(c) |
tá gá le beart den chineál sin a dhéanamh chun leathadh galar a chosc, a chosaint nó a rialú, nó chun an tsláinte phoiblí a chosaint ar bhealach eile. |
3. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag Páirtí chun a chreidiúint go bhfuil aeriompróir de chuid an Pháirtí eile in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2, de réir an cháis, agus nach mór beart a dhéanamh i ndáil leis sin, tabharfaidh an Páirtí sin fógra i scríbhinn don Pháirtí eile a luaithe is féidir faoi na cúiseanna atá leis go bhfuil sé beartaithe an t-údarú oibríochta nó an cead teicniúil a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a theorannú, agus iarrfaidh sé comhairliúcháin.
4. Cuirfear tús leis na comhairliúcháin sin a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an t-iarratas sin a fháil. Mura dtiocfar ar chomhaontú sásúil laistigh de 30 lá nó laistigh de thréimhse ama chomhaontaithe ó thúsdáta na gcomhairliúchán sin, nó mura ndéanfar an gníomh ceartaitheach a comhaontaíodh, beidh sé sin ina fhorais ag an bPáirtí a d’iarr na comhairliúcháin beart a dhéanamh chun údaruithe oibríochta nó ceadanna teicniúla an aeriompróra nó na n-aeriompróirí lena mbaineann a dhiúltú, a chúlghairm, a chur a fionraí, nó a theorannú, nó coinníollacha a chur i bhfeidhm orthu, ar mhaithe lena áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 422 agus 426. I gcás ina ndéanfar bearta chun údarú oibríochta nó cead teicniúil aeriompróra a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú, féadfaidh Páirtí dul ar iontaoibh eadrána i gcomhréir le hAirteagal 739, gan dul ar iontaoibh comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 738. Déileálfaidh binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críche Airteagal 744. Arna iarraidh sin do Pháirtí, féadfaidh an binse, tráth ar bith sula mbeidh a rialú deiridh ar fáil, féadfaidh sé a ordú go nglacfar bearta eatramhacha faoisimh, lena n-áirítear bearta a ghlac ceachtar den dá Pháirtí faoin Airteagal seo a mhodhnú nó a chur ar fhionraí.
5. D’ainneoin mhíreanna 3 agus 4, sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1, agus i bpointí (b) agus (c) de mhír 2, féadfaidh Páirtí beart a dhéanamh láithreach nó go práinneach i gcás inar gá sin de bharr éigeandála, nó i gcás inar gá sin chun tuilleadh neamhchomhlíonta a chosc. Chun críoch na míre seo, sula bhféadfaí dearcadh ar neamhchomhlíonadh mar bhreis neamhchomhlíonta, níor mhór ceist an neamhchomhlíonta sin a bheith ardaithe eatarthu féin cheana ag údaráis inniúla na bPáirtithe.
6. Tá an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha Theideal XI de Cheannteideal a hAon, Airteagal 427(4), Airteagal 434(4), (6) agus (8) agus Airteagal 435(12) agus don nós imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos i dTeideal I de Chuid a Sé nó do na bearta a eascraíonn as sin.
Airteagal 425
Úinéireacht agus rialú aeriompróirí
Aithníonn na Páirtithe na tairbhí féideartha a ghabhann leis an léirscaoileadh forchéimnitheach ar úinéireacht agus ar rialú a gcuid aeriompróirí. Comhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfaidh siad, sa Choiste Speisialaithe um Aeriompar, roghanna chun léirscaoileadh cómhalartach a dhéanamh ar úinéireacht agus ar rialú a n-aeriompróirí a scrúdú laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus ina dhiaidh sin laistigh de 12 mhí tar éis iarraidh a fháil ó cheann de na Páirtithe é sin a fháil. Mar thoradh ar an scrúdú sin, féadfaidh na Páirtithe a chinneadh an Teideal seo a leasú.
Airteagal 426
Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh
1. Rialacha agus rialacháin Páirtí maidir le haerárthaí atá i mbun aeriompar idirnáisiúnta a ligean isteach ina chríoch, a ligean i gceann oibríochta laistigh dá chríoch agus a ligean amach as a chríoch, comhlíonfaidh aeriompróirí an Pháirtí eile na rialacha agus na rialacháin sin nuair a bheidh siad ag dul isteach i gcríoch an Pháirtí sin, nuair a bheidh siad ag oibriú laistigh de, nó nuair a bheidh siad á fhágáil faoi seach.
2. Rialacha agus rialacháin Páirtí maidir le paisinéirí, criú, bagáiste, lasta, nó post ar bord aerárthaí a ligean isteach ina chríoch, a ligean i gceann oibríochta laistigh dá chríoch nó a ligean amach as a chríoch (lena n-áirítear rialacháin maidir le hiontráil, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, rialacháin maidir le post), déanfaidh na paisinéirí, an fhoireann, an bagáiste, an lasta, nó an post sin atá ar iompar ag aeriompróirí an Pháirtí eile le linn, nó déanfar thar a gceann, na rialacha agus na rialacháin sin a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag dul isteach i gcríoch an Pháirtí sin, nuair a bheidh siad ag oibriú laistigh de, nó nuair a bheidh siad á fhágáil faoi seach.
3. Ceadóidh na Páirtithe d’aeriompróirí an Pháirtí eile bearta is iomchuí a dhéanamh, laistigh dá gcríoch féin, chun a áirithiú nach n-iomprófar ach daoine a bhfuil na doiciméid riachtanacha taistil ina seilbh acu chun dul isteach i gcríoch an Pháirtí eile nó chun dul tríd an gcríoch sin ar a n-idirthuras.
Airteagal 427
Neamh-Idirdhealú
1. Gan dochar do Theideal XI de Cheannteideal a hAon, déanfaidh na Páirtithe, laistigh dá ndlínsí faoi seach, deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe a dhéanfadh dochar do dheiseanna córa comhionanna d’aeriompróirí an Pháirtí eile dul san iomaíocht i bhfeidhmiú na gceart dá bhforáiltear sa Teideal seo.
2. Féadfaidh Páirtí (‘an Páirtí tionscnaimh’) leanúint ar aghaidh i gcomhréir le míreanna 3 go 6 i gcás ina measfaidh sé go ndéanann idirdhealú a thoirmisctear le mír 1 dochar do dheiseanna córa agus comhionanna a aeriompróirí dul san iomaíocht i bhfeidhmiú na gceart dá bhforáiltear sa Teideal seo.
3. Cuirfidh an Páirtí tionscnaimh’ iarraidh i scríbhinn ar chomhairliúcháin faoi bhráid an Pháirtí eile (‘an Páirtí freagartha’). Cuirfear tús leis na comhairliúcháin laistigh de 30 lá ó dháta faighte an iarratais, mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe.
4. I gcás nach dtiocfaidh an Páirtí tionscmaimh agus an Páirtí a thug freagra ar chomhaontú maidir leis an ábhar laistigh de 60 lá ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Páirtí tionscaimh bearta a dhéanamh i gcoinne na naeriompróirí uile a bhain tairbhe as idirdhealú a thoirmisctear le mír 1, nó i gcoinne cuid de na haeriompróirí sin, lena n-áirítear gníomhaíocht chun údaruithe oibríochta nó ceadanna teicniúla na naeriompróirí lena mbaineann a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a fhorchur nó chun iad a theorannú.
5. Na bearta a dhéanfar de bhun mhír 4, beidh siad iomchuí, comhréireach agus ní rachaidh siad, i dtaca lena raon agus lena bhfad ama, thar an méid is gá go fíor, d’fhonn maolú ar an díobháil d’aeiriompróirí an Pháirtí tionscaimh agus d’fhonn ceal a chur sa bhuntáiste míchuí a bheidh gnóthaithe ag na haeiriompróirí a mbeidh na bearta dírithe orthu.
6. I gcás nach ndéantar an t-ábhar a réiteach trí chomhlairiúcháin nó i gcás ina ndearnadh bearta de bhun mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh Páirtí dul ar iontaoibh eadrána i gcomhréir le hAirteagal 739, gan dul ar iontaoibh comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 738. Déileálfaidh binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críche Airteagal 744. Arna iarraidh sin do Pháirtí, féadfaidh an binse, tráth ar bith sula mbeidh a rialú deiridh ar fáil, féadfaidh sé a ordú go nglacfar bearta eatramhacha faoisimh, lena n-áirítear bearta a ghlac ceachtar den dá Pháirtí faoin Airteagal seo a mhodhnú nó a chur ar fhionraí.
7. D’ainneoin mhír 2, ní rachaidh na Páirtithe ar aghaidh faoi mhíreanna 3 go 6 i ndáil le hiompar a thagann faoi raon feidhme Theideal XI de Cheannteideal a hAon.
Airteagal 428
Gnó a dhéanamh
1. Comhaontaíonn na Páirtithe go gcuirfí isteach ar na tairbhí atá le baint amach faoin teideal seo dá mbeadh bacainní ar aeriompróirí gnó a dhéanamh. Comhaontaíonn na Páirtithe dul i gcomhar le chéile chun deireadh a chur le bacainní a bheadh ar aeriompróirí an dá Pháirtí gnó a dhéanamh i gcás ina bhféadfadh na bacainní sin cur isteach ar oibríochtaí tráchtála, saobhadh iomaíochta a chruthú nó difear a dhéanamh do chomhionannas deiseanna dul san iomaíocht.
2. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Aeriompar faireachán ar an dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar cheisteanna i ndáil le haeriompróirí a bheith ag déanamh gnó.
Airteagal 429
Oibríochtaí tráchtála
1. Deonóidh na Páirtithe dá chéile na cearta a leagtar síos i míreanna 2 go 7. Chun críoch na gcearta sin a fheidhmiú, ní cheanglófar ar aeriompróirí an dá Pháirtí urraitheoir áitiúil a choimeád.
2. Maidir le hionadaithe aeriompróirí:
(a) |
ceadófar gan srian gan idirdhealú aeriompróirí ceann de na Páirtithe oifigí agus saoráidí a bhunú i gcríoch an Pháirtí eile de réir mar is gá chun seirbhísí a sholáthar faoin Teideal seo; |
(b) |
gan dochar do rialacháin sábháilteachta agus slándála, i gcás ina mbeidh na hoifigí agus na saoráidí sin lonnaithe in aerfort d’fhéadfaidís a bheith faoi réir teorainneacha ó thaobh infhaighteacht spáis; |
(c) |
déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir lena dhlíthe agus a rialacháin féin a bhaineann le dul isteach, le cónaí agus le fostaíocht, déanfaidh sé aeriompróirí an Pháirtí eile a údarú leis na daoine dá bhfoirne bainistíochta, díolachán, teicniúla, agus oibríochta féin, agus dá bhfoirne speisialtóireachta eile a mheasann an t-aeriompróir le réasún a bhfuil gá leo chun seirbhísí aeriompair a sholáthar faoin Teideal seo, na daoine sin a thabhairt isteach agus a chothabháil i gcríoch an pháirtí údarúcháin. I gcás inar gá údaruithe fostaíochta le haghaidh an phearsanra dá dtagraítear sa mhír seo, lena n-áirítear na daoine sin a chomhlíonann dualgais shealadacha áirithe, próiseálfaidh na Páirtithe iarratais ar na húdaruithe sin go tapa, faoi réir na ndlíthe agus na rialachán iomchuí a bheidh i bhfeidhm. |
3. Maidir le seirbhís láimhseála ar an talamh:
(a) |
ceadóidh gach Páirtí d’aeriompróirí an Pháirtí eile féinseirbhís láimhseála a dhéanamh gan srian ina chríoch, cé is moite do na srianta sin atá bunaithe ar chúinsí sábháilteachta nó slándála, nó a thagann ar shlí eile as laincisí fisiceacha nó oibríochta; |
(b) |
ní fhorchuirfidh Páirtí ar aeriompróirí an Pháirtí eile ceann amháin nó níos mó a roghnú as measc na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh atá sa mhargadh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí ina soláthraítear na seirbhísí; |
(c) |
gan dochar do phointe (a), i gcás ina ndéanfar le dlíthe agus rialacháin Páirtí saoriomaíocht idir soláthróirí seirbhísí ar an talamh a theorannú nó a shrianadh ar bhealach ar bith, áiritheoidh an Páirtí sin go mbeidh gach seirbhís láimhseála ar an talamh is gá ar fáil d’aeriompróirí an Pháirtí eile agus go soláthrófar iad faoi théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoina soláthraítear iad d’aon aeriompróir eile. |
4. Maidir le leithroinnt sliotán ag aerfoirt, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar a rialacháin, a threoirlínte agus a nósanna imeachta maidir le leithroinnt sliotán ag na haerfoirt ina chríoch, go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach, éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus tráthúil.
5. Maidir le speansais áitiúla agus aistriú cistí agus tuillimh:
(a) |
tá feidhm ag forálacha Theideal IV de Cheannteideal a hAon maidir leis na hábhair a rialaítear leis an Teideal seo, gan dochar d’Airteagal 422; |
(b) |
deonaíonn na Páirtithe dá chéile na sochair a leagtar síos i bpointí (c) go (e); |
(c) |
féadfar, de rogha an aeriompróra, díol agus ceannach seirbhísí iompair agus seirbhísí gaolmhara ag aeriompróirí na bPáirtithe a ainmniú i bpuint steirling má dhéantar an díol nó an ceannach i gcríoch na Ríochta Aontaithe, nó, má dhéantar an díol nó an ceannach i gcríoch Ballstáit, é a ainmniú in airgeadra an Bhallstáit sin; |
(d) |
ceadófar d’aeriompróirí gach Páirtí íoc as speansais áitiúla san airgeadra áitiúil, dá rogha féin; |
(e) |
ceadófar d’aeriompróirí gach Páirtí, ar éileamh, ioncam a gheofar i gcríoch an Pháirtí eile ó sheirbhísí aeriompair agus ó ghníomhaíochtaí gaolmhara atá nasctha go díreach le haeriompar, ioncam atá os cionn na suimeanna a eisíocadh go háitiúil, a chur ar ais chuig an tír is rogha leo tráth ar bith, ar bhealach ar bith. Maidir le comhshó agus tarchur, ceadófar iad go pras, gan aon srian ná cáin a chur orthu, ag ráta malairte an mhargaidh a bheidh infheidhme maidir le hidirbhearta agus tarchur reatha ar an dáta a dhéanfaidh an t-aeriompróir a iarratas bunaidh ar aschur agus ní bheidh siad faoi réir aon mhuirir cé is moite de na muirir a a ghearrann bainc de ghnáth as comhshó agus aschur den chineál sin a chur i gcrích. |
6. Maidir le hiompar idirmhódúil:
(a) |
i ndáil le hiompar paisinéirí, ní chuirfidh na Páirtithe soláthróirí iompair de mhuir agus tír faoi réir dlíthe agus rialacháin lena rialaítear an t-aeriompar ar an mbonn amháin gur faoina ainm féin a thairgeann aeriompróir an t-iompar de mhuir agus tír sin; |
(b) |
faoi réir aon choinníollacha agus cáilíochtaí a leagtar amach i dTeideal II de Cheannteideal a hAon agus a Iarscríbhinní agus i dTeideal I de Cheannteideal a Trí agus a Iarscríbhinn, ceadófar d’aeriompróirí gach Páirtí, gan srian, úsáid a bhaint, i dtaca le nascadh le haeriompar idirnáisiúnta, as iompar de mhuir agus tír go dtí aon phointe i gcríocha na bPáirtithe, nó i dtríú tíortha, nó ó na pointí agus na tíortha sin, lena n-áirítear iompar go dtí na haerfoirt uile ina bhfuil saoráidí custaim, nó ó na haerfoirt sin, agus áireofar leis an méid sin, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun lasta faoi bhanna a iompar faoi na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme. Beidh rochtain ag an lasta sin, bíodh sé á iompar de mhuir agus tír nó le haeriompar, ar shaoráidí agus próiseáil custaim na n-aerfort. Féadfaidh aeriompróirí a roghnú go ndéanfaidh siad an t-iompar de mhuir agus tír iad féin nó go gcuirfidh siad ar fáil é trí bhíthin socruithe, lena n-áirítear socruithe códroinnte, le soláthróirí eile iompair de mhuir agus tír, lena n-áirítear iompar de mhuir agus tír a oibríonn aeriompróirí eile agus soláthróirí indíreacha aeriompair lastais. Féadfar seirbhísí lasta idirmhódúla den chineál sin a thairiscint mar sheirbhís cónaithe faoi bhealach agus í ar phraghas aonair le haghaidh an aeriompair agus an iompair de mhuir agus tír i dteannta a chéile, ar choinníoll go gcuirtear na seoladóirí ar an eolas maidir le soláthróirí an iompair lena mbaineann. |
7. Maidir le léasú:
(a) |
tabharfaidh na Páirtithe an ceart dá chéile a n-aeriompróirí seirbhísí aeriompair a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 419 ar gach modh díobh seo a leanas:
|
(b) |
féadfaidh na Páirtithe a éileamh go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla socruithe léasaithe a fhormheas ar mhaithe lena fhíorú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa mhír seo agus na gceanglas infheidhme sábháilteachta agus slándála; |
(c) |
mar sin féin, i gcás ina n-éileoidh Páirtí an formheas sin, féachfaidh sé le breis luais a chur faoin bpróiseas formheasta agus féachfaidh sé leis an ualach riaracháin ar na haeriompróirí lena mbaineann a choinneáil chomh héadrom agus is féidir; |
(d) |
tá forálacha na míre seo gan dochar do dhlíthe ná do rialacháin Páirtí maidir le haeriompróirí de chuid an Pháirtí sin aerárthaí a léasú. |
Airteagal 430
Forálacha fioscacha
1. Ar theacht isteach i gcríoch Páirtí amháin d’aerárthaí atá á n-oibriú san aeriompar idirnáisiúnta ag aeriompróirí de chuid an Pháirtí eile, beidh díolúine ag na haerárthaí sin i dtaca lena gcuid gnáth-threalaimh, lena gcuid breosla, lena gcuid bealaidh/bealaí, lena soláthairtí teicniúla inchaite, lena gcuid trealaimh talún, lena gcuid páirteanna spártha (lena n-áirítear innill), lena stórtha aerárthaigh (lena n-áirítear, i measc nithe eile, bia, deochanna agus licéar, tobac agus táirgí eile a bhfuil sé i gceist iad a dhíol le paisinéirí nó a thabhairt dóibh i gcainníocht theoranta lena n-úsáid le linn na heitilte) agus i dtaca le nithe eile a bhfuil sé i gceist iad a úsáid i ndáil le hoibriú nó le seirbhísiú aerárthaí atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag an trealamh agus ag na soláthairtí sin, ar bhonn na cómhalartachta agus ar choinníoll go gcoinneofar an trealamh agus na soláthairtí sin ar bord an aerárthaigh, ó gach srian allmhairiúcháin, ó gach cáin ar mhaoin agus ó gach tobhach ar chaipiteal, ó gach dleacht chustaim, ó gach dleacht mháil agus ó tháillí iniúchta, ó cháin bhreisluacha (CBT) nó cánacha indíreacha eile cosúil léi, agus ó gach táille agus muirear eile cosúil leo sin a fhorchuireann na húdaráis náisiúnta nó áitiúla nó an tAontas.
2. Beidh díolúine ag na hearraí seo a leanas freisin, ar bhonn na cómhalartachta, ó na cánacha, ó na tobhaigh, ó na dleachtanna, ó na táillí agus ó na muirir dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
stórtha aerárthaigh a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí agus a thabharfar ar bord, faoi réir teorainneacha réasúnta, lena n-úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróir de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh páirt den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin; |
(b) |
trealamh talún agus páirteanna spártha (lena n-áirítear innill) a thabharfar isteach i gcríoch Páirtí chun seirbhísiú, cothabháil nó deisiú a dhéanamh ar aerárthach de chuid aeriompróir de chuid an Pháirtí eile a úsáidtear san aeriompar idirnáisiúnta; |
(c) |
cé is moite de bhreosla a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí lena n-úsáid in aerárthach de chuid aeriompróir de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh páirt den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin; agus |
(d) |
ábhar clóite, dá bhforáiltear i reachtaíocht chustaim na bPáirtithe, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí amháin agus a thabharfar ar bord lena úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróir de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh an t-ábhar sin le cur in úsáid ar feadh páirt den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin. |
3. An gnáth-threalamh a bhíonn ar bord agus an t-aerárthach san aer, maille leis an ábhar, na soláthairtí agus na páirteanna spártha dá dtagraítear i mír 1 a choinnítear de ghnáth ar bord aerárthaí a oibríonn aeriompróir de chuid Páirtí amháin, ní fhéadfar iad a dhíluchtú i gcríoch an Pháirtí eile ach amháin le formheas údaráis chustaim an Pháirtí sin agus féadann sé go n-éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n-údarás sin, go dtí an t-am a dhéanfar iad a onnmhairiú nó a chur de láimh ar bhealach eile i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme.
4. An faoiseamh ó dhleachtanna custam, ó dhleachtanna máil náisiúnta agus ó tháillí náisiúnta dá macasamhail dá bhforáiltear san Airteagal seo, beidh sé le fáil freisin i gcásanna ina mbeidh comhshocraíochtaí déanta le haeriompróir Páirtí amháin nó le haeriompróirí dá chuid ag aeriompróir nó aeriompróirí eile chun na hítimí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 a thabhairt ar iasacht nó a aistriú i gcríoch an Pháirtí eile, ar choinníoll go dteachtann an t-aeriompróir eile sin nó na haeriompróirí eile sin an faoiseamh céanna ón bPáirtí eile sin.
5. Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Teideal seo cosc ar cheachtar den dá Pháirtí cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar earraí a dhíolfar, le haghaidh úsáid eile seachas lena gcaitheamh ar bord, le paisinéirí le linn cuid d’aersheirbhís idir dhá phointe laistigh dá chríoch ag a gceadaítear dul ar bord nó teacht de bhord.
6. Bagáiste agus lasta ar idirthuras díreach trasna críche de chuid Páirtí, beidh díolúine acu ó chánacha, ó dhleachtanna custaim, ó tháillí agus ó mhuirir eile cosúil leo.
7. Trealamh agus soláthairtí dá dtagraítear i mír 2, féadann sé go n-éileofar iad a choinneáil faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n-údarás inniúil.
8. Ní dhéantar aon difear leis an Teideal seo d’fhorálacha na gcoinbhinsiún éagsúla atá i bhfeidhm idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit chun cánachas dúbailte ar ioncaim agus ar chaipiteal a sheachaint.
9. An faoiseamh atá ann ó dhleachtanna custaim, ó dhleachtanna máil náisiúnta agus ó tháillí náisiúnta cosúil leo, ní bhainfidh sé le muirir atá bunaithe ar chostas na seirbhísí a sholáthraítear d’aeriompróir de chuid Páirtí amháin i gcríoch an Pháirtí eile.
Airteagal 431
Muirir úsáideora
1. Na muirir úsáideora a fhéadfaidh Páirtí amháin a fhorchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile as úsáid aerloingseoireachta agus rialaithe aerthráchta, bainfidh siad le costas agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach. In aon chás, agus na muirir sin á gcur i bhfeidhm maidir le haeriompróirí an pháirtí eile, ní bheidh téarmaí na muirear níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile sna cúinsí céanna an tráth a dhéanfar measúnú ar na muirir.
2. Gan dochar d’Airteagal 429(5), maidir le muirir úsáideora seachas iad sin a luaitear i mír 1 a d’fhéadfaí a fhorchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile , áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh siad cóir agus réasúnach, nach mbeidh siad idirdhealaitheach go héagórach, agus go ndéanfar iad a chionroinnt go cothrom i measc catagóirí úsáideoirí. Maidir le muirir úsáideora a fhorchuirtear ar aeriompróirí an Pháirtí eile, féadfar a léiriú iontu an costas iomlán a bhaineann le saoráidí agus seirbhísí iomchuí aerfoirt, saoráidí agus seirbhísí iomchuí i dtaca le gnéithe comhshaoil na n-aerfort, agus saoráidí agus seirbhísí iomchuí maidir le slándáil aerloingseoireachta a sholáthar ag an aerfort nó laistigh den chóras aerfoirt, ach ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó ná an costas sin. Féadfar toradh réasúnta ar shócmhainní iar-dhímheas a áireamh sna muirir sin. Saoráidí agus seirbhísí a bhforchuirfear muirir úsáideora ina leith, cuirfear ar fáil iad ar bhonn éifeachtúil tíosach. In aon chás, agus na muirir sin á bhforchur ar aeriompróirí an pháirtí eile, ní bheidh téarmaí na muirear níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile sna cúinsí céanna an tráth a dhéanfar measúnú ar na muirir.
3. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart na prionsabail a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, áiritheoidh gach Páirtí go rachaidh na húdaráis muirir inniúla nó na comhlachtaí muirir inniúla ina chríoch, go rachaidh siad i mbun comhairliúchán leis na haeriompróirí a bhaineann úsáid as na seirbhísí agus na saoráidí lena mbaineann, agus go ndéanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla agus na haeriompróirí faisnéis a mhalartú de réir mar is gá. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfaidh na húdaráis muirir inniúla fógra réasúnach d’úsáideoirí maidir le haon togra le haghaidh athruithe i ndáil le muirir úsáideora, ar mhaithe lena chur ar chumas úsáideoirí a dtuairimí a chur in iúl sula ndéanfar aon athrú.
Airteagal 432
Taraifí
1. Tabharfaidh na Páirtithe an tsaoirse d’aeriompróirí na bPáirtithe taraifí a shocrú gan bhac ar bhonn na saoriomaíochta i gcomhréir leis an Teideal seo.
2. Na taraifí ag aeriompróirí an Pháirtí eile, ní chuirfidh na Páirtithe iad faoi réir a bhformheasta.
Airteagal 433
Staidreamh
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile faoi chuimsiú an Choiste Speisialaithe um Aeriompar chun an malartú faisnéise staitistiúla a bhaineann leis an aeriompar faoin Teideal seo a éascú.
2. Arna iarraidh sin air, cuirfidh gach Páirtí ar fáil don Pháirtí eile an staidreamh neamhrúnda nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála a bhaineann leis an aeriompar faoin Teideal seo, faoi mar a cheanglaítear le dlíthe agus rialacháin na bPáirtithe faoi seach, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, de réir mar a éileofar le réasún.
Airteagal 434
Sábháilteacht eitlíochta
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe tábhacht an dlúthchomhair i réimse na sábháilteachta eitlíochta.
2. Deimhnithe aeracmhainneachta, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais a d’eisigh Páirtí amháin nó a chinn Páirtí amháin a bheith bailí, agus atá i bhfeidhm fós, sainaithneoidh an Páirtí eile agus a údaráis inniúla go bhfuil siad bailí chun aersheirbhísí a oibriú faoin Teideal seo, ar choinníoll gur eisíodh na deimhnithe agus na ceadúnais sin, nó gur cinneadh iad a bheith bailí, de bhun, ar a laghad, na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha a bhunaítear faoin gCoinbhinsiún.
3. Féadfaidh gach Páirtí, tráth ar bith, comhairliúchán a iarraidh i dtaca leis na caighdeáin sábháilteachta atá ar bun agus atá á riaradh ag an bPáirtí eile i réimsí a bhaineann le saoráidí aerloingseoireachta, criúnna aerárthaigh, aerárthaí agus oibriú aerárthaí. Rachfar i gceann na gcomhairliúchán sin laistigh de 30 lá tar éis an t-iarratas a fháil.
4. Má chinnfidh Páirtí amháin, tar éis na gcomhairliúchán sin, nach bhfuil caighdeáin sábháilteachta ar bun agus á riaradh go héifeachtach ag an bPáirtí eile sna réimsí dá dtagraítear i mír 2, caighdeáin a bheadh comhionann ar a laghad leis na caighdeáin íosta a bheadh leagtha síos an tráth sin de bhun an Choinbhinsiúin, tabharfaidh an chéad Pháirtí fógra don Pháirtí eile maidir leis na cinntí sin agus na céimeanna a mheastar a bheith riachtanach chun na caighdeáin íosta sin a chomhlíonadh, agus déanfaidh an Páirtí eile gníomh ceartaitheach iomchuí. I gcás nach ndéanfaidh an Páirtí eile gníomh ceartaitheach laistigh de 15 lá nó laistigh de thréimhse ama eile a d’fhéadfaí a chomhaontú, beidh sin ina fhorais ag an bPáirtí iarrthóir chun na húdaruithe oibríochta nó na ceaduithe teicniúla a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur orthu, nó chun oibríochtaí na n-aeriompróirí a bhfuil a sábháilteacht faoi mhaoirseacht an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur orthu ar bhealach eile.
5. Aon aerárthach atá á oibriú ag aeriompróir nó aeriompróirí de chuid Páirtí amháin, nó atá á oibriú thar a gceann faoi shocrú léasa, féadfaidh sé a bheith faoi réir cigireacht rampa le linn dó a bheith laistigh de chríoch an Pháirtí eile, ar choinníoll nach mbeidh sé sin ina chúis le moill mhíréasúnta a chur ar oibriú an aerárthaigh.
6. Féadfar go dtiocfaidh ceann de na nithe seo a leanas as cigireacht rampa nó as aon sraith cigireachtaí rampa:
(a) |
imní mhór nach gcomhlíonann aerárthach nó oibriú aerárthaigh na caighdeáin íosta atá leagtha síos an tráth sin de bhun an Choinbhinsiúin; nó |
(b) |
imní mhór go bhfuil easpa ann maidir le caighdeáin sábháilteachta atá leagtha síos an tráth sin de bhun an Choinbhinsiúin a choimeád ar bun nó a riar go héifeachtach. |
An Páirtí a rinne an chigireacht rampa nó na cigireachtaí rampa, i gcás ina dtiocfaidh imní mhór air dá bharr de réir mar a thagraítear dó i bpointe (a) nó (b), tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh go bhfuil imní den chineál sin ann d’údaráis inniúla an Pháirtí eile atá freagrach as an maoirseacht sábháilteachta ar an aeriompróir atá ag oibriú an aerárthaigh, agus cuirfidh sé in iúl dóibh na céimeanna a mheastar a bheith riachtanach chun na caighdeáin íosta sin a chomhlíonadh. Mura ndéanfar gníomh ceartaitheach iomchuí laistigh de 15 lá nó laistigh de thréimhse ama eile de réir mar a fhéadfar a chomhaontú, beidh sin ina fhorais ag an gcéad Pháirtí chun na húdaruithe oibríochta nó na ceaduithe teicniúla a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur orthu, nó chun oibríochtaí an aeriompróra atá ag oibriú an aerárthaigh a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur orthu ar bhealach eile.
7. I gcás ina ndiúltófar rochtain chun críche cigireacht rampa a dhéanamh ar aerárthach atá á oibriú ag aeriompróir nó ag aeriompróirí de chuid Páirtí amháin i gcomhréir le mír 5, beidh an tsaoirse ag an bPáirtí eile a thuiscint as sin go bhfuil ábhair imní móra ann de réir mar a thagraítear dóibh i mír 6 agus leanúint ar aghaidh i gcomhréir leis an mír sin.
8. Forchoimeádann gach Páirtí an ceart na húdaruithe oibríochta nó na ceadanna teicniúla a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú láithreach, nó oibríochtaí aeriompróra nó aeriompróirí de chuid an Pháirtí eile a chur ar fionraí nó a theorannú ar bhealach eile láithreach i gcás ina gcinneann an chéad Pháirtí, de thoradh cigireacht rampa, sraith cigireachtaí rampa, comhairliúcháin nó eile, gur gá gníomhú láithreach ionas go mbeidh oibríocht aeriompróra sábháilte. An Páirtí a chinnfidh gníomhú amhlaidh, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi agus léireoidh sé an fáth ar ghníomhaigh sé amhlaidh.
9. Aon bheart a dhéanfaidh Páirtí amháin i gcomhréir le míreanna 4, 6 nó 8, scoirfear de a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an mbonn atá leis an mbeart sin a dhéanamh.
10. I gcás ina ndéanfaidh Páirtí bearta de bhun mhír 4, 6 nó 8, má bhíonn díospóid ann féadfaidh Páirtí dul ar iontaoibh eadrána i gcomhréir le hAirteagal 739, gan dul ar iontaoibh comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 738. Déileálfaidh binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críche Airteagal 744. Arna iarraidh sin don Pháirtí a dhéanfaidh an gearán, féadfaidh an binse, tráth ar bith sula mbeidh a rialú deiridh ar fáil, féadfaidh sé a ordú go nglacfar bearta eatramhacha faoisimh, lena n-áirítear bearta a ghlac ceachtar den dá Pháirtí faoin Airteagal seo a mhodhnú nó a chur ar fhionraí.
Airteagal 435
Slándáil eitlíochta
1. Cuirfidh na Páirtithe ar fháil iarratais dóibh ina leith gach cúnamh is gá ar fáil dá chéile chun aghaidh a thabhairt ar aon bhagairt ar shlándáil na heitlíochta sibhialta, lena n-áirítear cosc a chur le bearta urghabhála neamhdhleathaigh aerárthaí sibhialta agus le bearta neamhdhleathacha eile in aghaidh shábháilteacht na n-aerárthaí sin, nó ina aghaidh shábháilteacht a gcuid paisinéirí agus a gcuid criúnna, in aghaidh aerfort agus saoráidí aerloingseoireachta, agus ina aghaidh aon bhagartha eile ar shlándáil na heitlíochta sibhialta.
2. Gníomhóidh na Páirtithe, ina gcaidreamh frithpháirteach, i gcomhréir leis na caighdeáin slándála eitlíochta a leagann ICAO síos. Ceanglóidh siad go ngníomhóidh oibreoirí na n-aerárthaí atá ina gclárlanna agus oibreoirí aerfort atá ina gcríoch i gcomhréir leis na caighdeáin slándála eitlíochta sin ar a laghad. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile, ach an Páirtí eile é a iarraidh, maidir le haon difríocht idir na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais aige féin agus na caighdeáin slándála eitlíochta dá dtagraítear sa mhír seo. Féadfaidh gach Páirtí a iarraidh tráth ar bith go dtionólfar comhairliúcháin gan mhoill leis an bPáirtí eile chun na difríochtaí sin a phlé.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar bearta éifeachtacha laistigh dá chríoch chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar bhearta neamhdhleathacha cur isteach, ar a n-áirítear, i measc bearta eile, scagadh slándála ar phaisinéirí agus ar a gcuid bagáiste cábáin, scagadh slándála ar bhagáiste boilg, scagadh slándála agus rialú slándála ar dhaoine nach paisinéirí, ar a n-áirítear an criú, agus ar na hítimí a bheidh ar iompar leo, scagadh slándála agus rialú slándála ar lasta, ar phost, ar sholáthairtí ‘san eitilt’ agus ar sholáthairtí aerfoirt, agus rialú rochtana ar dhul isteach i limistéir thaobh an aeir agus i limistéir faoi shrianta slándála. Comhaontaíonn gach Páirtí leis go gcloífear le forálacha slándála an Pháirtí eile i ndáil le haerárthaí a ligean isteach ina chríoch, le hoibríocht aerárthaí laistigh dá chríoch nó lena n-imeacht as a chríoch.
4. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú maidir le cúrsaí slándála eitlíochta a mhéid is féidir, rud a dhéanfaidh siad sna réimsí a leanas, agus in aon réimse eile a shainaithneoidh siad – faisnéis maidir le bagairt, leochaileacht agus riosca a mhalartú faoi réir comhaontú frithpháirteach i ndáil le socruithe iomchuí le haghaidh faisnéis rúnaicmithe a aistriú, a úsáid, a stóráil agus a dhiúscairt ar bhealach slán; dea-chleachtais agus caighdeáin feidhmíochta agus bhraite maidir le trealaimh slándála a phlé agus a chomhroinnt; agus dea-chleachtais maidir le faireachán comhlíonta agus torthaí an fhaireacháin chéanna a phlé agus a chomhroinnt. Go háirithe, féachfaidh na Páirtithe le socruithe comhair idir saineolaithe teicniúla a fhorbairt agus a choimeád ar bun maidir le caighdeáin slándála eitlíochta a fhorbairt agus a aithint d’fhonn comhar den sórt sin a éascú, dúbailt riaracháin a laghdú, agus luathfhógra agus plé roimh ré a chothú maidir le tionscnaimh agus ceanglais nua slándála.
5. Cuirfidh gach Páirtí torthaí iniúchtaí a rinne ICAO agus torthaí na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an stát a iniúchadh ar fáil don Pháirtí eile arna iarraidh sin dó, faoi réir comhaontú frithpháirteach i ndáil le socruithe iomchuí le haghaidh faisnéis den chineál a aistriú, a úsáid, a stóráil agus a dhiúscairt ar bhealach slán.
6. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú maidir le cigireachtaí slándála a dhéanann siad ar chríoch ceachtar Páirtí trí shásraí a bhunú, lena n-áirítear socruithe riaracháin, chun faisnéis a mhalartú go cómhalartach maidir le torthaí iniúchtaí slándála den sórt sin. Comhaontaíonn na Páirtithe iarrataí ar pháirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, i gcigireachtaí slándála a dhéanfaidh an Páirtí eile, na hiarrataí sin a mheas go dearfach.
7. Faoi réir mhír 9, le lánmheas agus lánurraim do fhlaitheas an Pháirtí eile, féadfaidh Páirtí bearta slándála a ghlacadh maidir le hiontráil chun a chríche. I gcás inar féidir, cuirfidh an Páirtí sin san áireamh na bearta a chuir an Páirtí eile i bhfeidhm cheana agus aon tuairim a thogródh an Páirtí eile a thabhairt. Aithníonn gach Páirtí nach dteorannaítear le haon ní dá bhfuil san Airteagal seo an ceart atá ag Páirtí cead iontrála chun a chríche a dhiúltú d’aon eitilt nó eitiltí a mheasann sé a bheith ag bagairt ar shlándáil a chríche.
8. Féadfaidh Páirtí bearta éigeandála a dhéanamh chun déileáil le bagairt shonrach slándála. Tabharfar fógra don pháirtí eile láithreach faoi bhearta den chineál sin. Gan dochar don ghá gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun an tslándáil eitlíochta a chosaint, agus bearta slándála á mbreithniú aige, déanfaidh Páirtí meastóireacht ar éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haeriompar idirnáisiúnta agus, mura mbeidh sé faoi shrian dlí, go gcuirfidh sé na héifeachtaí sin san áireamh nuair a chinnfidh sé cad iad na bearta is gá agus is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní slándála.
9. Maidir le haersheirbhísí arb é a chríoch seisean a gceann scríbe, ní fhéadfaidh Páirtí a éileamh go gcuirfear bearta slándála chun feidhme i gcríoch an Pháirtí eile. I gcás ina measfaidh Páirtí go bhfuil bagairt shonrach ann a bhfuil géarghá dá réir le bearta sealadacha a chur chun feidhme sa bhreis ar na bearta atá i bhfeidhm cheana i gcríoch an Pháirtí eile, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi shonraí na bagartha sin, a mhéid is comhsheasmhach leis an ngá faisnéis slándála a chosaint, agus faoi na bearta atá beartaithe. Dearcfaidh an Páirtí eile le hintinn fhabhrach ar an togra sin, agus féadfaidh sé a chinneadh bearta breise a chur i chun feidhme de réir mar a mheasann sé is gá. Beidh na bearta sin comhréireach agus teoranta ó thaobh ama de.
10. Aon uair a dhéanfar aerárthach sibhialta a urghabháil go neamhdhleathach, nó aon uair a bheidh bagairt ann go ndéanfaí amhlaidh nó aon uair a dhéanfar bearta neamhdhleathacha eile a bheidh dírithe in aghaidh sábháilteacht aerárthaí, paisinéirí, criúnna, aerfort nó saoráidí aerloingseoireachta, tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile trí bhíthin éascú na cumarsáide agus trí bhearta iomchuí eile a mbeidh sé i gceist leo deireadh a chur go tapa agus go sábháilte leis an teagmhas nó leis an mbagairt.
11. Déanfaidh gach Páirtí, i dtaca le haerárthach a mbeifear tar éis í a urghabháil nó a mbeifear tar éis cur isteach uirthi trí bheart neamhdhleathach eile agus atá ar an talamh ina chríoch, gach beart is dóigh leis is indéanta dó chun a áirithiú go ndéanfar an t-aerárthach sin a chur faoi choinneáil ar talamh ach amháin i gcás ina mbeidh sé riachtanach go n-imeodh sí de bharr an dualgais fhorcheannasaigh atá ann beo daoine a chosaint. Más indéanta, déanfar na bearta sin ar bhonn comhairliúcháin idir na Páirtithe.
12. I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag Páirtí chun a chreidiúint nach bhfuil an tAirteagal á chomhlíonadh ag an bPáirtí eile, féadfaidh an Páirtí sin a iarraidh go dtiocfadh an Páirtí eile i mbun comhairliúchán leis láithreach. Cuirfear tús leis na comhairliúcháin sin laistigh de 30 lá ón iarraidh sin a fháil. Mura dtiocfar ar chomhaontú sásúil laistigh de 15 lá nó laistigh de thréimhse ama eile a fhéadfar a chomhaontú ón dáta a fhaightear an iarraidh sin, beidh sé sin ina fhorais ag an bPáirtí a d’iarr na comhairliúcháin chun beart a dhéanamh chun údaruithe oibríochta agus ceaduithe teicniúla aeriompróra nó aeriompróirí de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur orthu, ar mhaithe lena áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo. Féadfaidh Páirtí beart eatramhach a dhéanamh sula mbeidh an tréimhse 15 lá dá dtagraítear sa mhír seo istigh i gcás ina n-éileofar sin de bharr éigeandála, nó chun tuilleadh neamhchomhlíonta maidir leis Airteagal seo a chosc.
13. Scoirfear d’aon ghníomh a dhéanfar i gcomhréir le mír 8 nuair a mheasann an Páirtí lena mbaineann nach bhfuil gá leis an ngníomhaíocht a thuilleadh nó nuair a chuirfear bearta eile ina ionad chun an bhagairt a mhaolú. Scoirfear d’aon ghníomh a dhéanfar i gcomhréir le mír 12 a luaithe a bheidh an tAirteagal seo á chomhlíonadh ag an bPáirtí eile. I gcás beart a dhéanfar i gcomhréir le mír 8 nó 12, féadfar scor de sin mar a chomhaontóidh na Páirtithe go frithpháirteach.
14. I gcás ina ndéanfar bearta nó gníomhaíochtaí i gcomhréir le mír 7 , 8, 9 nó 12 den Airteagal seo, féadfaidh Páirtí dul ar iontaoibh fhorálacha réitigh díospóidí Theideal I de Chuid a Sé. Déileálfaidh binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críche Airteagal 744.
Airteagal 436
Bainistiú an aerthráchta
1. Na Páirtithe, a n-údaráis inniúla ar leith agus a soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta ar leith, comhoibreoidh siad le chéile ar bhealach ina gcuirfear feabhas ar fheidhmiú sábháilte agus éifeachtúil an aerthráchta sa réigiún Eorpach. Féachfaidh na Páirtithe chuige go mbeidh idir-inoibritheacht ann idir soláthróirí seirbhíse a chéile.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú ar ábhair a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta a fheidhmiú agus a mhuirearú, d’fhonn éifeachtúlacht fhoriomlán eitiltí a bharrfheabhsú, costais a laghdú, an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú, agus sábháilteacht agus inniúlacht na sreafaí aerthráchta idir na córais bainistíochta atá ag na Páirtithe cheana a fheabhsú.
3. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar a spreagadh idir a soláthróirí seirbhíse aerloingseoireachta ar mhaithe le sonraí eitilte a mhalartú agus sreafaí tráchta a chomhordú chun éifeachtúlacht eitilte a optamú, rud a dhéanfar d’fhonn feabhas a chur ar an tuarthacht, an phoncúlacht agus leanúnachas seirbhíse maidir le haerthrácht .
4. Comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú i ndáil lena gcláir nuachóirithe maidir le bainistiú aerthráchta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus imlonnaithe, agus comhaontaíonn siad tras-rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí bailíochtaithe agus taispeána a spreagadh d’fhonn idir-inoibritheacht uilíoch a áirithiú.
Airteagal 437
Dliteanas an aeriompróra
Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gcuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer, arna dhéanamh in Montréal an 28 Bealtaine 1999 (2Coinbhinsiún Montréal").
Airteagal 438
Cosaint tomhaltóirí
1. Tá sé mar chuspóir ag na Páirtithe ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus comhoibreoidh siad chuige sin.
2. Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar bearta éifeachtacha neamh-idirdhealaitheacha chun leasanna tomhaltóirí san aeriompar a chosaint. Áireofar ar na bearta sin an rochtain iomchuí ar fhaisnéis, ar chúnamh lena n-áirítear cúnamh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil míchumas luainithe orthu, aisíocaíocht agus, más infheidhme, cúiteamh i gcás nach gceadófar dóibh bordáil, i gcás cealú nó moille, agus nósanna imeachta éifeachtúla maidir le gearáin a láimhseáil.
3. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile maidir le haon ábhar a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear na bearta atá beartaithe acu ina leith sin.
Airteagal 439
An gaol le comhaontuithe eile
1. Faoi réir mhíreanna 4 agus 5 cuirfear an Comhaontú seo in ionad comhaontuithe agus socruithe a bhí ann roimhe sin idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit maidir leis an ábhar lena mbaineann an Teideal seo, a mhéid nach bhféadfadh dlí an Aontais teacht ina n-áit.
2. Ní fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe agus ceann de na Ballstáit aon cheart a dheonú dá chéile i ndáil le haeriompar isteach ina gcríoch féin, amach astu nó laistigh díobh, seachas na cearta a leagtar síos go sainráite sa Teideal seo, seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 419(4) agus (9).
3. I gcás ina ndéanfar páirtí i gcomhaontú iltaobhach de na Páirtithe, nó ina dtacóidh siad le cinneadh a ghlac ICAO nó eagraíocht idirnáisiúnta eile, ar cinneadh é lena dtugtar aghaidh ar ábhair a chumhdaítear leis an Teideal seo, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoiste Speisialaithe um Aeriompar chun a chinneadh ar cheart an Teideal seo a athbhreithniú ar mhaithe le forbairtí den sórt sin a chur san áireamh.
4. Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa Teideal seo difear do bhailíocht ná do chur i bhfeidhm na gcomhaontuithe atá ann cheana nó a dhéanfar amach anseo idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Ríocht Aontaithe maidir le críocha atá faoina bhflaitheas féin nach gcuimsítear in Airteagal 774.
5. Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa Teideal seo difear d’aon chearta atá ar fáil don Ríocht Aontaithe agus do na Ballstáit faoin gComhaontú Iltaobhach maidir le Cearta Tráchtála Aersheirbhísí Neamhsceidealta san Eoraip, a síníodh i bPáras an 30 Aibreán 1956, a mhéid a théann na cearta sin thar na cearta a leagtar síos sa Teideal seo.
Airteagal 440
Fionraí agus Foirceannadh
1. An Teideal seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, de bhun Airteagal 749, ní fhéadfar sin a chur chun feidhme tráth is luaithe ná an chéad lá de shéasúr tráchta an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) i ndiaidh an tséasúir inar tugadh fógra go bhfuiltear le cur ar fionraí.
2. Ar fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo de bhun Airteagal 779 nó ar fhoirceannadh an Teidil seo de bhun Airteagal 441 nó Airteagal 521 nó Airteagal 509, leanfaidh na forálacha lena rialaítear na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Teidil seo d’fheidhm a bheith acu tar éis an dáta scoir dá dtagraítear in Airteagal 779 nó in Airteagal 441 nó Airteagal 521 nó Airteagal 509 go dtí deireadh an tséasúir tráchta IATA a bheidh ar siúl ar an dáta sin.
3. An Páirtí a chuireann an Teideal seo ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, nó a fhoirceannann an Comhaontú nó an Teideal seo, cuirfidh sé ICAO ar an eolas faoi sin.
Airteagal 441
An Teideal seo a fhoirceannadh
Gan dochar d' Airteagal 779, Airteagal 521 agus Airteagal 509, féadfaidh gach Páirtí an Teideal seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh an Teideal seo de bheith i bhfeidhm an chéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra.
Airteagal 442
Clárú an Chomhaontaithe seo
Clárófar an Comhaontú seo agus aon leasú air, a mhéid is ábhartha, le ICAO i gcomhréir le hAirteagal 83 den Choinbhinsiún.
TEIDEAL II
SÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA
Airteagal 443
Cuspóirí
Is iad seo a leanas cuspóirí an Teidil seo:
(a) |
a fhágáil go mbeifear in ann glacadh go cómhalartach, faoi mar a fhoráiltear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Teideal seo, le cinntí a rinneadh maidir le comhlíonadh agus le deimhnithe a d’eisigh údaráis inniúla nó eagraíochtaí formheasta ceachtar den dá Pháirtí; |
(b) |
comhar a chur chun cinn trína ndíreofar ar ardleibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta agus ardleibhéal comhoiriúnachta comhshaoil; |
(c) |
gné ilnáisiúnta thionscal na heitlíochta sibhialta a éascú; |
(d) |
saorshreabhadh táirgí agus seirbhísí aerloingseoireachta sibhialta a éascú agus a chur chun cinn. |
Airteagal 444
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘eagraíocht fhormheasta’ aon duine dlítheanach atá deimhnithe ag údarás inniúil ceachtar den dá Páirtí chun pribhléidí a fheidhmiú a bhaineann le raon feidhme an Teidil seo; |
(b) |
ciallaíonn ‘deimhniú’ aon fhormheas, aon cheadúnas nó aon doiciméad eile a eisítear mar fhoirm aitheantais ar chomhlíonadh lena n-aithnítear go gcomhlíonann táirge aerloingseoireachta sibhialta, eagraíocht nó duine dlítheanach nó nádúrtha na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i ndlíthe agus i rialacháin Páirtí; |
(c) |
ciallaíonn ‘táirge aerloingseoireachta sibhialta’ aon aerárthach sibhialta, aon inneall aerárthaigh, nó aon lián aerárthaigh, nó fochóimeáil, fearas, páirt nó comhpháirt atá suiteáilte nó atá le suiteáil ar na nithe sin; |
(d) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ gníomhaireacht de chuid an Aontais nó gníomhaireacht rialtais nó eintiteas rialtais atá freagrach as sábháilteacht eitlíochta sibhialta, agus é ainmnithe ag Páirtí chun críocha an Teidil seo chun na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(e) |
ciallaíonn ‘cinneadh maidir le comhlíonadh’ cinneadh an gcomhlíontar na ceanglais infheidhme a leagtar amach i ndlíthe agus i rialacháin Páirtí, cinneadh ar toradh é ar bhearta ar nós tástála, iniúchta, cáilithe, formheasa agus faireacháin; |
(f) |
ciallaíonn ‘faireachán’ faireachas rialta ag údarás inniúil Páirtí chun a chinneadh an gcomhlíontar go leanúnach na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i ndlíthe agus i rialacháin an Pháirtí sin; |
(g) |
ciallaíonn ‘gníomhaire teicniúil’, i gcás an Aontais, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘EASA’), nó a chomharba, agus i gcás na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn sé Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe (‘CAA’), nó a chomharba; agus |
(h) |
ciallaíonn ‘An Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta arna dhéanamh in Chicago an 7 Nollaig 1944, agus cuimsítear ann:
|
Airteagal 445
Raon feidhme agus cur chun feidhme
1. Féadfaidh na Páirtithe comhoibriú sna réimsí seo a leanas:
(a) |
deimhnithe aeracmhainneachta agus faireachán ar tháirgí aerloingseoireachta sibhialta; |
(b) |
deimhnithe comhshaoil agus tástáil táirgí aerloingseoireachta sibhialta; |
(c) |
deimhnithe deartha agus táirgthe agus faireachán ar eagraíochtaí deartha agus táirgthe; |
(d) |
deimhnithe eagraíochtaí cothabhála agus faireachán ar na heagraíochtaí sin; |
(e) |
ceadúnú agus oiliúint pearsanra; |
(f) |
meastóireacht ar cháiliú insamhlóirí eitilte; |
(g) |
oibriú aerárthaí; |
(h) |
bainistíocht aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta; agus |
(i) |
réimsí eile a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta atá faoi réir Iarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
2. Leagfar síos raon feidhme an Teidil seo trí bhíthin Iarscríbhinní ina gcumhdófar gach réimse comhair a leagtar amach i mír 1.
3. Ní fhéadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta Iarscríbhinní dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh ach amháin i gcás ina mbeidh sé suite ag an dá Pháirtí go n-áirithítear le caighdeáin, rialacha, cleachtais, nósanna imeachta agus córais eitlíochta sibhialta an Pháirtí eile, go n-áirithítear leo leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach a dhóthain chun gur féidir glacadh le cinntí maidir le comhlíonadh a rinne údaráis inniúla an Pháirtí sin nó eagraíochtaí atá formheasta ag na húdaráis inniúla sin, agus le deimhnithe a d’eisigh siad.
4. I ngach Iarscríbhinn dá dtagraítear i mír 2, tabharfar tuairisc ar na téarmaí, na coinníollacha agus na modhanna atá i gceist maidir le cinntí i ndáil le comhlíonadh, deimhnithe, agus más ga, socruithe idirthréimhseacha a ghlacadh go cómhalartach.
5. Féadfaidh na gníomhairí teicniúla nósanna imeachta cur chun feidhme a fhorbairt le haghaidh gach Iarscríbhinn ar leith. Tabharfar aghaidh ar dhifríochtaí teicniúla idir caighdeáin, rialacha, cleachtais, nósanna imeachta agus córais eitlíochta sibhialta na bPáirtithe sna hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 2 agus leis na nósanna imeachta cur chun feidhme.
Airteagal 446
Oibleagáidí ginearálta
1. Cinntí maidir le comhlíonadh a dhéanfaidh údaráis inniúla nó eagraíochtaí formheasta an Pháirtí eile agus deimhnithe a eiseoidh siad, glacfaidh gach Páirtí leo sin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní dá dtagraítear in Airteagal 445(2).
2. Ní chuimseofar le haon ní dá bhfuil sa Teideal seo caighdeáin nó rialacháin theicniúla na bPáirtithe a ghlacadh go cómhalartach.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go leanfaidh a údaráis inniúla ar leith de bheith inniúil agus go gcomhlíonfaidh siad a bhfreagrachtaí faoin Teideal seo.
Airteagal 447
An t-údarás rialála a chaomhnú
Ní fhorléireofar aon ní dá bhfuil sa Teideal seo mar ní lena gcuirtear teorainn leis an údarás atá ag Páirtí an leibhéal cosanta is iomchuí leis maidir leis an tsábháilteacht agus leis an gcomhshaol a chinneadh trína bhearta reachtacha, rialála agus riaracháin.
Airteagal 448
Bearta coimirce
1. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí gach beart is iomchuí a dhéanamh ar an toirt aon uair a mheasfaidh sé maidir le táirge aerloingseoireachta sibhialta, seirbhís nó aon ghníomhaíocht a thagann faoi raon feidhme an Teidil seo go bhfuil riosca réasúnta ann i ndáil leis na nithe a leanas – go ndéanfaí dochar leis/léi don tsábháilteacht nó don chomhshaol, nach gcomhlíonfadh sé/sí na bearta reachtacha, rialála nó riaracháin is infheidhme maidir leis/léi, nó go dteipfeadh air/uirthi ar bhealach eile ceanglas a chomhlíonadh atá faoi raon feidhme na hIarscríbhinne is infheidhme a ghabhann leis an Teideal seo.
2. I gcás ina ndéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí bearta de bhun mhír 1, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn laistigh de 15 lá oibre tar éis na bearta sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis sin.
Airteagal 449
Cumarsáid
1. Déanfaidh na Páirtithe pointe teagmhála a ainmniú agus a chur in iúl dá chéile le haghaidh na cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an Teidil seo. Is i mBéarla a dhéanfar an chumarsáid sin ar fad.
2. Tabharfaidh na Páirtithe liosta dá chéile de na húdaráis inniúla, agus ina dhiaidh sin, tabharfaidh siad liosta nuashonraithe dá chéile gach uair a bheidh gá leis sin.
Airteagal 450
Trédhearcacht, comhar rialála agus cúnamh frithpháirteach
1. Áiritheoidh gach Páirtí go gcoimeádfar an Páirtí eile ar an eolas faoina dhlíthe agus a rialacháin a bhaineann leis an Teideal seo agus faoi aon athrú suntasacha ar na dlíthe agus ar na rialacháin sin.
2. A mhéid is féidir, cuirfidh na Páirtithe in iúl dá chéile na hathbhreithnithe suntasacha a bheartóidh siad maidir lena ndlíthe, a rialacháin, a gcaighdeáin agus a gceanglais ábhartha, agus maidir lena gcórais chun deimhnithe a eisiúint a mhéid a d’fhéadfadh na hathbhreithnithe sin tionchar a imirt ar an Teideal seo. A mhéid is féidir, tairgfidh siad deis dá chéile barúlacha a thabhairt maidir leis na hathbhreithnithe sin, agus tabharfaidh siad aird chuí ar na barúlacha céanna.
3. Chun saincheisteanna sábháilteachta sonracha a imscrúdú agus a réiteach, féadfaidh údaráis inniúla gach Páirtí cead a thabhairt d’údaráis inniúla an Pháirtí eile páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i ngníomhaíochtaí maoirseachta a chéile de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn is infheidhme a ghabhann leis an Teideal seo.
4. Chun faireachán agus cigireachtaí a dhéanamh, tabharfaidh údaráis inniúla gach Páirtí cúnamh, más gá, d’údaráis inniúla an Pháirtí eile d’fhonn rochtain gan bhac a sholáthar ar eintitis rialáilte atá faoi réir a fhormhaoirseachta.
5. Chun a áirithiú go leanfaidh gach Páirtí de mhuinín a bheith aige as iontaofacht phróisis an Pháirtí eile maidir le cinntí i ndáil le comhlíonadh, féadfaidh gach gníomhaire teicniúil páirt a ghlacadh mar bhreathnóir i ngníomhaíochtaí maoirseachta an pháirtí eile, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Teideal seo. Ní bheidh sé mar thoradh ar an rannpháirtíocht sin go mbeifear rannpháirteach go córasach i ngníomhaíocht mhaoirseachta de chuid an Pháirtí eile.
Airteagal 451
Faisnéis sábháilteachta a mhalartú
Gan dochar d’Airteagal 453 agus faoi réir a reachtaíochta is infheidhme, déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a) |
faisnéis atá le fáil ag a ngníomhairí teicniúla a chur ar fáil dá chéile, arna iarraidh sin agus ar mhodh tráthúil, ar faisnéis í a bhaineann le tionóiscí, le teagmhais thromchúiseacha nó le tarluithe maidir le táirgí, seirbhísí nó gníomhaíochtaí aerloingseoireachta sibhialta a chumhdaítear leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Teideal seo; agus |
(b) |
faisnéis sábháilteachta eile a mhalartú de réir mar a chomhaontóidh na gníomhairí teicniúla. |
Airteagal 452
Comhar i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin
Arna iarraidh orthu,déanfaidh na Páirtithe, trína ngníomhairí teicniúla nó trína n-údaráis inniúla, faoi réir na ndlíithe agu na rialacháin is infheidhme, comhar frithpháirteach agus cúnamh frithpháirteach in imscrúduithe nó i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin maidir le haon sárú a líomhnaítear nó a rinneadh nó atá drochamhras ann a rinneadh ar dhlíthe nó ar rialacháin a thagann faoi raon feidhme an Teidil seo. Ina theannta sin, tabharfaidh gach Páirtí fógra pras don Pháirtí eile faoi aon imscrúdú nuair a bheidh leasanna coiteanna i gceist.
Airteagal 453
Rúndacht agus cosaint sonraí agus faisnéise
1. Déanfaidh gach Páirtí rúndacht na sonraí agus na faisnéise a gheobhaidh sé ón bPáirtí eile faoin Teideal seo a chothabháil. An páirtí a gheobhaidh na sonraí agus an fhaisnéis sin, ní fhéadfaidh sé iad/í a úsáid ach chun críocha an Teidil seo.
2. Go háirithe, faoi réir a ndlíthe agus a rialachán faoi seach, ní nochtfaidh na Páirtithe do thríú páirtí, lena n-áirítear an pobal, ná ní cheadóidh siad dá n-údaráis inniúla a nochtadh do thríú páirtí, lena n-áirítear an pobal, sonraí ar bith ná aon fhaisnéis a gheobhaidh siad ón bPáirtí eile faoin Teideal seo arb é atá iontu/inti rúin trádála, maoin intleachtúil, faisnéis rúnda tráchtála nó airgeadais, sonraí dílseánaigh, nó faisnéis a bhaineann le himscrúdú atá ar siúl. Chuige sin, measfar sonraí agus faisnéis den chineál sin a bheith faoi rún.
3. Páirtí nó údarás inniúil Páirtí, ar shonraí nó faisnéis a sholáthar dó don Pháirtí eile nó d’údarás inniúil de chuid an Pháirtí eile, féadfaidh sé sonraí nó faisnéis a ainmniú a mheasann sé a bheith rúnda agus gan a bheith faoi réir a nochta. Sa chás sin, déanfaidh an Páirtí nó a údarás inniúil na sonraí nó an fhaisnéis sin a mharcáil go soiléir mar ábhar rúnda.
4. I gcás ina n-easaontóidh Páirtí leis an ainmniú a rinne an Páirtí eile nó údarás inniúil de chuid an Pháirtí sin i gcomhréir le mír 3, féadfaidh an Páirtí a easaontóidh comhairliúcháin a iarraidh leis an bPáirtí eile chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin.
5. Glacfaidh gach Páirtí na réamhchúraimí réasúnacha go léir is gá chun na sonraí agus an fhaisnéis a gheofar faoin Teideal seo a chosaint ar nochtadh neamhúdaraithe.
6. An Páirtí a gheobhaidh sonraí agus faisnéis ón bPáirtí eile faoin Teideal seo, ní bhfaighidh sé aon cheart dílseánaigh i leith na sonraí agus na faisnéise sin ar an údar go bhfuarthas iad ón bPáirtí eile.
Airteagal 454
Iarscríbhinní a ghabhann leis an Teideal seo a ghlacadh agus a leasú
An Coiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta, féadfaidh sé Iarscríbhinn 30 a leasú, Iarscríbhinní a ghlacadh nó a leasú de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 445(2), agus aon iarscríbhinn a scriosadh.
Airteagal 455
Gnóthú costas
Aon táille nó muirear a fhorchuirfidh Páirtí nó a ghníomhaire teicniúil ar dhuine dlítheanach nó nádúrtha a gcumhdaítear a chuid gníomhaíochtaí faoin Teideal seo, féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go mbeidh sé cóir, réasúnach agus i gcomhréir leis na seirbhísí a sholáthraítear, agus nach gcuirfear bac ar thrádáil dá bharr.
Airteagal 456
Comhaontuithe eile agus réamhshocruithe
1. Ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo, glacfaidh sí ionad aon chomhaontaithe nó aon tsocraithe atá ann ar bhonn déthaobhach idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit maidir le sábháilteacht eitlíochta, a mhéid a bhaineann le haon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 456.
2. Déanfaidh na gníomhairí teicniúla na bearta is gá chun socruithe a rinneadh eatarthu roimhe seo a athbhreithniú nó a fhoirceannadh, de réir mar is iomchuí.
3. Faoi réir mhíreanna 1 agus 2, ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa Teideal seo difear do chearta ná d’oibleagáidí na bPáirtithe faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta eile.
Airteagal 457
Oibleagáidí cómhalartacha maidir le glacadh a chur ar fionraí
1. Beidh sé de cheart ag Páirtí a oibleagáidí maidir le glacadh a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, faoi Airteagal 446(1), i gcás ina sáróidh an Páirtí eile go hábhartha a oibleagáidí faoin Teideal seo.
2. Sula bhfeidhmeoidh Páirtí a cheart chun a oibleagáidí maidir le glacadh a chur ar fionraí, iarrfaidh sé comhairliúcháin chun bearta ceartaitheacha a lorg ón bPáirtí eile. Le linn na gcomhairliúchán, déanfaidh na Páirtithe, i gcás inarb iomchuí, éifeachtaí na fionraí a bhreithniú.
3. Ní fheidhmeofar cearta faoin Airteagal seo ach amháin mura ndéanfaidh an Páirtí eile bearta ceartaitheacha laistigh de thréimhse ama iomchuí tar éis na gcomhairliúchán. Má fheidhmíonn Páirtí ceart faoin Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige na hoibleagáidí maidir le glacadh a chur ar fionraí agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an bhfionraí.
4. Tiocfaidh an fhionraí sin i bhfeidhm 30 lá tar éis dháta an fhógra, mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go gcuirfidh an Páirtí a thionscain an fhionraí in iúl i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil an fógra sin á tharraingt siar aige.
5. Ní dhéanfaidh fionraí den sórt sin difear do bhailíocht cinntí maidir le comhlíonadh a dhéanfar roimh an dáta a thiocfaidh an fhionraí i bhfeidhm, ná do bhailíocht na ndeimhnithe a eiseoidh údaráis inniúla nó eagraíochtaí formheasta an Pháirtí eile roimh an dáta sin. Aon fhionraí den chineál sin a bheidh tagtha i bhfeidhm, féadfar í a chealú láithreach ach na Páirtithe nótaí taidhleoireachta chuige sin a mhalartú.
Airteagal 458
An Prótacal seo a fhoirceannadh
Gan dochar d' Airteagal 779, Airteagal 521 agus Airteagal 509, féadfaidh gach Páirtí an Teideal seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh an Teideal seo de bheith i bhfeidhm an chéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra.
CEANNTEIDEAL A TRÍ
IOMPAR DE BHÓTHAR
TEIDEAL I
IOMPAR EARRAÍ DE BHÓTHAR
Airteagal 459
Cuspóir
1. Tá sé de chuspóir ag an Teideal seo a áirithiú go mbeidh nascacht leanúnach idir críocha na bPáirtithe, laistigh díobh, agus tríothu, maidir le hearraí a iompar de bhóthar, agus na rialacha is infheidhme maidir leis an iompar sin a leagan síos.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe gan bearta idirdhealaitheacha a dhéanamh agus an Teideal seo á cur i bhfeidhm acu.
3. Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa Teideal seo difear d’iompar earraí laistigh de chríoch ceann de na Páirtithe ag oibreoir tarlaithe de bhóthar atá bunaithe sa chríoch sin .
Airteagal 460
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le hearraí a iompar de bhóthar chun críche tráchtála idir críocha na bPáirtithe, laistigh díobh, agus tríothu, agus tá sí gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha síos ag Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair.
2. Maidir le haon iompar earraí de bhóthar nach bhfaighfear aon luach saothair díreach ná indíreach ina leith agus nach nginfidh aon ioncam go díreach ná go hindíreach do thiománaí na feithicle ná do dhaoine eile, agus nach mbeidh nasctha le gníomhaíocht ghairmiúil, measfar gur iompar earraí chun críche neamhthráchtála é.
Airteagal 461
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 124, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil atá cláraithe i gcríoch Páirtí, nó cónasc feithiclí cúpláilte a bhfuil an mhótarfheithicil is cuid de cláraithe i gcríoch Páirtí, nach n-úsáidtear an mhótarfheithicil ná an cónasc sin ach le haghaidh earraí a iompar; |
(b) |
ciallaíonn ‘oibreoir tarlaithe de bhóthar’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar earraí chun críche tráchtála ar feithicil is modh iompair acu; |
(c) |
ciallaíonn ‘oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí’ oibreoir tarlaithe de bhóthar is duine dlítheanach atá bunaithe i gcríoch Páirtí nó is duine nádúrtha de chuid Páirtí; |
(d) |
ciallaíonn ‘páirtí bunaíochta’ an Páirtí ina bhfuil oibreoir tarlaithe de bhóthar bunaithe; |
(e) |
ciallaíonn ‘tiománaí’ aon duine a dhéanann an fheithicil a thiomáint fiú más ar feadh tréimhse ghearr é, nó duine a iompraítear i bhfeithicil más cuid dá dhualgais é fáil a bheith air mar thiománaí más gá; |
(f) |
ciallaíonn ‘idirthuras’ gluaiseacht feithiclí trasna críche Páirtí gan earraí a luchtú ná a dhíluchtú; |
(g) |
ciallaíonn ‘bearta rialála’:
|
Airteagal 462
Iompar earraí idir críocha na bPáirtithe, tríothu, agus laistigh díobh
1. Ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2, féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
turais ualaithe le feithicil, ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí eile, agus vice versa, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh; |
(b) |
turais ualaithe le feithicil ó thúsphointe i gcríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí chéanna lena mbaineann idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile; |
(c) |
turais ualaithe le feithicil go dtí críoch an Pháirtí bunaíochta nó uaithi lena mbaineann idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile; |
(d) |
turais neamhualaithe le feithicil i gcomhar leis na turais dá dtagraítear i bpointí (a). (b) agus (c). |
2. Oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí, ní fhéadfaidh siad turas dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ach amháin:
(a) |
má bhíonn ceadúnas bailí acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 463, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 464; agus |
(b) |
más tiománaithe a bhfuil Deimhniú Inniúlachta Ghairmiúil acu i gcomhréir le hAirteagal 465(1) a dhéanann an turas. |
3. Faoi réir mhír 6 den Airteagal seo agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2, féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na Ríochta Aontaithe suas le dhá thuras ualaithe a dhéanamh ó Bhallstát amháin den Aontas go dtí Ballstát eile den Aontas, gan filleadh ar chríoch na Ríochta Aontaithe, ar choinníoll gur de réir turas ó chríoch na Ríochta Aontaithe atá ceadaithe faoi phointe (a) de mhír 1 atá na turais sin.
4. Gan dochar do mhír 5 , faoi réir mhír 6 agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 , féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na Ríochta Aontaithe turas ualaithe amháin a dhéanamh laistigh de chríoch Ballstáit ar choinníoll:
(a) |
gur de réir turas ó críoch na Ríochta Aontaithe a cheadaítear faoi phointe (a) de mhír 1 atá an oibríocht sin; agus |
(b) |
go ndéantar an oibríoch sin laistigh de sheacht lá tar éis earraí a dhíluchtú i gcríoch an Bhallstáit sin a iompraíodh ar an turas dá dtagraítear i bpointe (a). |
5. Faoi réir mhír 6 agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 , féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na Ríochta Aontaithe atá bunaithe i dTuaisceart Éireann suas le dhá thuras ualaithe laistigh de chríoch na hÉireann a dhéanamh ar choinníoll:
(a) |
go ndéantar leis na hoibríochtaí sin turas ó chríoch Thuaisceart Éireann a cheadaítear faoi phointe (a) de mhír 1; agus |
(b) |
go ndéantar na hoibríochtaí sin laistigh de sheacht lá tar éis earraí a dhíluchtú i gcríoch na hÉireann a iompraíodh ar an turas dá dtagraítear i bpointe (a). |
6. Oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na Ríochta Aontaithe, beidh siad teoranta do dhá aistear ar a mhéad laistigh de chríoch an Aontais faoi mhíreanna 3, 4 agus 5 sula bhfillfidh siad ar chríoch na Ríochta Aontaithe.
7. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 , féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid an Aontais suas le dhá thuras ualaithe a dhéanamh laistigh de chríoch na Ríochta Aontaithe.ar choinníoll:
(a) |
go ndéantar leis na hoibríochtaí sin turas ó chríoch an Aontais a cheadaítear faoi phointe (a) de mhír 1; agus |
(b) |
go ndéantar na hoibríochtaí sin laistigh de sheacht lá tar éis earraí a dhíluchtú i gcríoch na Ríochta Aontaithe a iompraíodh ar an turas dá dtagraítear i bpointe (a). |
Airteagal 463
Ceanglais ar oibreoirí
1. Oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí a dhéanfaidh turas dá dtagraítear in Airteagal 462 beidh ceadúnas bailí acu a eisíodh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
2. Ní eiseofar ceadúnais, i gcomhréir le dlí na bPáirtithe, ach chuig oibreoirí tarlaithe de bhóthar a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 lena rialaítear ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar agus saothrú na gairme céanna.
3. Coimeádfar cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas ar bord na feithicle agus tabharfar sin d’aon oifigeach cigireachta atá formheasta ag an dá Pháirtí arna iarraidh sin dó. Beidh an ceadúnas agus na cóipeanna dílse deimhnithe ar aon dul le ceann de na samhlacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-3 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31, ina leagtar síos freisin na coinníollacha lena rialaítear a n-úsáid. Beidh dhá cheann ar a laghad de na gnéithe slándála a liostaítear i bhFoscríbhinn 31-A-1-4 go Cuid A d’Iarscríbhinn 31 sa cheadúnas.
4. Comhlíonfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 lena leagtar síos ceanglais maidir le tiománaithe a phostú agus iad ag tabhairt faoi thuras dá dtagraítear in Airteagal 462(3) go (7).
Airteagal 464
Díolúintí ón gceanglas ceadúnúcháin
Na cineálacha iompair earraí seo a leanas agus turais neamhualaithe a dhéanfar i gcomhar leis an iompar sin, féadfar iad a dhéanamh gan ceadúnas bailí de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 463:
(a) |
iompar poist mar sheirbhís uilíoch; |
(b) |
iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis; |
(c) |
go dtí an 20 Bealtaine 2022, iompar earraí i mótarfheithiclí nach bhfuil a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear mais ualaithe leantóirí, thar 3,5 tonna; |
(d) |
ón 21 Bealtaine 2022, iompar earraí i mótarfheithiclí nach bhfuil a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear mais ualaithe leantóirí, thar 2,5 tonna; |
(e) |
iompar táirgí íocshláinte, fearas, trealaimh agus nithe eile a mbeidh gá leo le haghaidh cúram leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i dtaca le tubaistí nádúrtha agus cúnamh daonnúil; |
(f) |
iompar earraí i bhfeithiclí ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(g) |
iompar earraí le mótarfheithiclí nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 40 km/u. |
Airteagal 465
Ceanglais ar thiománaithe
1 Maidir le tiománaithe na bhfeithiclí a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagal 462:
(a) |
beidh Teastas um Inniúlacht Ghairmiúil arna eisiúint i gcomhréir le Roinn 1 de Chuid B d' Iarscríbhinn 31 acu; agus |
(b) |
a chomhlíonfaidh sé na rialacha maidir le ham tiomána agus oibre, tréimhsí scíthe, sosanna agus úsáid tacagraf i gcomhréir le Ranna 2 go 4 de Chuid B d' Iarscríbhinn 31. |
2. Beidh feidhm ag an gComhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d'Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar, arna dhéanamh an 1 Iúil 1970, seachas ag pointe (b) de mhír 1, maidir le hoibríochtaí iompair idirnáisiúnta de bhóthar a dhéantar i bpáirt lasmuigh de chríoch na bPáirtithe, don turas iomlán.
Airteagal 466
Ceanglais ar fheithiclí
1. Ní dhiúltóidh Páirtí úsáid feithicle ina chríoch ná ní ná ní thoirmiscfidh sé úsáid feithicle ina chríoch maidir le feithicil a dhéanann turas dá dtagraítear in Airteagal 462 má chomhlíonann an fheithicil na ceanglais a leagtar amach in Roinn 1 de Chuid C d' Iarscríbhinn 31.
2. Déanfar feithiclí a dhéanann na turais dá dtagraítear in Airteagal 462 a threalmhú le tacagraf a dhéanfar, a suiteálfar, a úsáidfear, a thástálfar agus a rialófar i gcomhréir le Roinn 2 de Chuid C d'Iarscríbhinn 31.
Airteagal 467
Rialacha maidir le trácht ar bhóithre
Tiománaithe feithiclí a dhéanfaidh earraí a iompar faoin Teideal seo, comhlíonfaidh siad, agus iad i gcríoch an Pháirtí eile, na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta atá i bhfeidhm sa chríoch sin maidir le trácht ar bhóithre a chomhlíonadh.
Airteagal 468
Forbairt dlíthe agus an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar
1. Nuair a mholann Páirtí beart rialála nua i réimse a chumhdaítear le hIarscríbhinn 31, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoin mbeart rialála atá beartaithe a luaithe is féidir; agus |
(b) |
an Páirtí eile a choimeád ar an eolas maidir le dul chun cinn an bhirt rialála. |
2. Arna iarraidh sin do cheann de na Páirtithe, déanfar malartú tuairimí laistigh den Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an iarraidh a chur isteach, i dtaobh an mbeadh feidhm ag an mbeart rialaitheach nua atá beartaithe maidir le turais dá dtagraítear in Airteagal 462, nó nach mbeadh.
3. Nuair a ghlacfaidh Páirtí beart rialála nua dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile, agus soláthróidh sé téacs an bhirt rialála nua laistigh de sheachtain amháin tar éis a fhoilsithe.
4. Tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar le chéile chun plé a dhéanamh ar aon bheart rialála nua a ghlacfar, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí laistigh de dhá mhí tar éis an iarraidh a thíolacadh, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh fógra i gcomhréir le míreanna 1 nó 3, nó a rinneadh plé i gcomhréir le mír 2.
5. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar:
(a) |
Iarscríbhinn 31 a leasú chun forbairtí rialála agus/nó teicneolaíocha a chur san áireamh, nó chun cur chun feidhme sásúil an Teidil seo a áirithiú; |
(b) |
a dheimhniú go bhfuil na leasuithe a rinneadh leis an mbeart rialála nua i gcomhréir le hIarscríbhinn 31; nó |
(c) |
cinneadh a ghlacadh maidir le haon bheart eile arb é is aidhm dó oibriú rianúil an Teidil seo a choimirciú. |
Airteagal 469
Bearta leighis
1 Má mheasann Páirtí go bhfuil beart rialála nua glactha ag an bPáirtí eile nach gcomhlíonann ceanglais Iarscríbhinn 31, go háirithe i gcásanna nach bhfuil cinneadh déanta ag an gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar faoi Airteagal 468, agus má chuireann an Páirtí eile forálacha an bhirt rialála nua i bhfeidhm mar sin féin maidir le hoibreoirí iompair de bhóthar, tiománaithe nó feithiclí an Pháirtí, féadfaidh an Páirtí, tar éis dó fógra a thabhairt don Pháirtí eile, bearta leighis iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó faoi aon Chomhaontú Forlíontach, a chur ar fionraí, ar choinníoll:
(a) |
nach sáróidh na bearta sin an leibhéal is comhionann leis an neamhniú nó an lagú arb é is cúis leis an beart rialála nua arna ghlacadh ag an bPáirtí eile nach gcomhlíonann ceanglais Iarscríbhinn 31; agus |
(b) |
go mbeidh éifeacht leis na bearta sin 7 lá ar a luaithe tar éis don Pháirtí a bheartaíonn na bearta sin a dhéanamh fógra faoin mír seo a thabhairt don Pháirtí eile. |
2. Scoirfidh na bearta leighis iomchuí d’fheidhm a bheith acu sna cásanna seo a leanas:
(a) |
nuair is deimhin leis an bPáirtí, tar éis dó bearta den sórt sin a ghlacadh, go bhfuil an Páirtí eile ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin Teideal seo; nó |
(b) |
i gcomhréir le rialú ón mbinse eadrána. |
3. Ní dhéanfaidh Páirtí an Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun bac a chur ar an bPáirtí eile oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur ar fionraí.
Airteagal 470
Cánachas
1. Feithiclí a úsáidfear chun earraí a iompar i gcomhréir leis an Teideal seo, beidh siad díolmhaithe ó na cánacha agus ó na muirir a thoibhítear ar sheilbh nó ar chúrsaíocht feithiclí i gcríoch an Pháirtí eile.
2. Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
cáin nó muirear ar ídiú breosla; |
(b) |
muirear ar bhóthar nó gréasán bóithre a úsáid; nó |
(c) |
muirear ar dhroichid áirithe, tolláin áirithe nó báid farantóireachta áirithe a úsáid. |
3. An breosla atá in umair chaighdeánacha na bhfeithiclí agus i gcoimeádáin speisialta, a ligtear isteach go sealadach agus a úsáidtear go díreach chun tiomána agus, más iomchuí, chun córais chuisniúcháin agus córais eile a oibriú, le linn iompair, mar aon le bealaí atá sna mótarfheithiclí agus a bhfuil gá leo le haghaidh a ngnáthoibrithe le linn an turais, beidh sé saor ó dhleachtanna custaim agus aon cháin agus tobhach eile, ar nós CBL agus dleachtanna máil, agus ní bheidh sé faoi réir aon srian ar allmhairí.
4. Na páirteanna breise a allmhaireofar chun feithicil a dheisiú ar chríoch Páirtí amháin a cláraíodh nó a cuireadh i gcúrsaíocht sa Pháirtí eile, is faoi chlúdach ligean isteach sealadach saor ó dhleacht a ligfear isteach iad, rud a bheidh gan toirmeasc ná srian ar allmhairiú. Na páirteanna a chuirfear páirteanna eile ina n-áit, beidh siad faoi réir dleachtanna custaim agus cánacha eile (CBL) agus déanfar iad a athonnmhairiú nó a scriosadh faoi rialú údaráis chustaim an Pháirtí eile.
Airteagal 471
Oibleagáidí i dTeidil eile
Déantar Airteagail 135 agus 137 a ionchorprú sa Teideal seo agus tá feidhm acu maidir le cóir oibreoirí tarlaithe de bhóthar a dhéanann turais i gcomhréir le hAirteagal 462.
Airteagal 472
An Teideal seo a fhoirceannadh
Gan dochar d' Airteagal 779, Airteagal 521 agus Airteagal 509, féadfaidh gach Páirtí an Teideal seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh an Teideal seo de bheith i bhfeidhm an chéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra.
TEIDEAL II
IOMPAR PAISINÉIRÍ DE BHÓTHAR
Airteagal 473
Raon feidhme
1. Tá sé de chuspóir ag an Teideal seo a áirithiú go mbeidh nascacht leanúnach idir críocha na bPáirtithe maidir le paisinéirí a iompar de bhóthar, agus na rialacha is infheidhme maidir leis an iompar sin a leagan síos. Tá feidhm aige maidir le hiompar ócáideach paisinéirí, le hiompar tráthrialta paisinéirí agus le hiompar tráthrialta speisialta paisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir críocha na bPáirtithe, tríothu agus laistigh díobh.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe gan bearta idirdhealaitheacha a dhéanamh agus an Teideal seo á cur i bhfeidhm acu.
3. Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa Teideal seo difear d’iompar paisinéirí laistigh de chríoch ceann de na Páirtithe ag oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar atá bunaithe sa chríoch sin.
Airteagal 474
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 124, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
Is éard is ‘cóistí agus busanna’ ann feithiclí atá oiriúnach, de bhua a ndéanta agus a dtrealaimh, chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus a ceapadh chun na críche sin; |
(b) |
ciallaíonn ‘seirbhísí iompair paisinéirí’ seirbhísí iompair de bhóthar le haghaidh an phobail nó le haghaidh catagóirí sonracha úsáideoirí, seirbhísí a chuirtear ar fáil ar íocaíocht ón duine a iompraítear nó ó eagraí an iompair, agus ar cóistí agus busanna is modh iompair acu; |
(c) |
ciallaíonn ‘oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó bíodh sé ag brath ar údarás a bhfuil pearsantacht den chineál sin aige, agus ar duine é a sholáthraíonn seirbhísí iompair do phaisinéirí; |
(d) |
ciallaíonn ‘oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí’ oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar atá bunaithe i gcríoch Páirtí; |
(e) |
ciallaíonn ‘seirbhísí rialta’ seirbhísí iompair paisinéirí a sholáthraítear de réir minicíocht shonraithe feadh bealaí sonraithe, lenar féidir paisinéirí a thógáil agus a scaoileadh amach ag pointí stad réamhshocraithe; |
(f) |
ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta speisialta’ seirbhísí ag cibé duine a eagraíonn iad, lena ndéantar foráil maidir le catagóirí sonraithe paisinéirí a iompar d’eisiamh paisinéirí eile, sa mhéid go n-oibrítear na seirbhísí sin faoi na coinníollacha a shonraítear le haghaidh seirbhísí tráthrialta. Cuimseofar i seirbhísí tráthrialta speisialta:
Féadfar seirbhís thráthrialta speisialta a athrú de réir riachtanais na n-úsáideoirí, ach ní dhéanfaidh sin aon difear dá rangú mar sheirbhís thráthrialta; |
(g) |
ciallaíonn ‘grúpa’ aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(h) |
ciallaíonn ‘Comhaontú Interbus’ an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar trí sheirbhísí ócáideacha cóiste agus bus, mar a leasaíodh ina dhiaidh sin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003; |
(i) |
ciallaíonn ‘idirthuras’ gluaiseacht cóistí agus busanna trasna críche Páirtí gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach; |
(j) |
ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach seirbhísí tráthrialta nó seirbhísí tráthrialta speisialta iad, agus arb é is saintréith dóibh thar aon ní eile go n-iompraíonn siad grúpaí paisinéirí a thagann le chéile ar thionscnamh an chustaiméara nó an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar. |
Airteagal 475
Iompar paisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir críocha na bPáirtithe, Tríothu agus laistigh díobh
1. Oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí, agus seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta á n-oibriú acu, féadfaidh siad turais ualaithe ó chríoch Páirtí go dtí críoch an Pháirtí eile a dhéanamh, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh, agus féadfaidh siad turais neamhualaithe a dhéanamh bhaineann leis na turais sin.
2. Oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí, agus seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta á n-oibriú acu, féadfaidh siad turais ualaithe a dhéanamh ón gcríoch ina bhfuil an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar bunaithe go dtí críoch an Pháirtí chéanna, agus idirthuras i gceist trí chríoch an Pháirtí eile, agus féadfaidh siad turais neamhualaithe a dhéanamh a bhaineann leis na turais sin.
3. oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí, ní fhéadfaidh sé seirbhísí tráthrialta ná seirbhísí tráthrialta speisialta a oibriú a mbeidh a dtúsphointe agus a gceann scríbe araon i gcríoch an Pháirtí eile.
4. An tseirbhís iompair paisinéirí de bhóthar dá dtagraítear i mír 1, i gcás inar cuid atá sa tseirbhís sin de sheirbhís chuig críoch an Pháirtí ina bhfuil an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar bunaithe, nó ó chríoch an Pháirtí sin, féadfar paisinéirí a thógáil nó a scaoileadh amach i gcríoch an Pháirtí eile en route, ar choinníoll go n-údarófar an stad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sa chríoch sin.
5. An tseirbhís iompair paisinéirí de bhóthar dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcás inar cuid atá sa tseirbhís sin de sheirbhís thráthrialta idirnáisiúnta nó de sheirbhís thráthrialta speisialta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, féadfaidh oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar atá bunaithe i bPáirtí amháin paisinéirí a thógáil agus a scaoileadh amach i gcríoch an Pháirtí eile.
6. Oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar atá bunaithe i gcríoch Páirtí amháin, féadfaidh siad, ar bhonn sealadach, seirbhísí ócáideacha a oibriú ar oileán na hÉireann a bhailíonn agus a scaoileann paisinéirí amach ar chríoch an Pháirtí eile.
7. Oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar, agus seirbhísí ócáideacha á n-oibriú acu, féadfaidh siad turas ualaithe a dhéanamh ó chríoch Páirtí amháin trí chríoch an Pháirtí eile go dtí críoch ar de chuid Páirtí neamhchonarthach i gComhaontú Interbus í, lena n-áirítear turas neamhualaithe gaolmhar.
8. Na seirbhísí iompair do phaisinéirí dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfear i gcrích iad le cóistí agus busanna atá cláraithe sa Pháirtí ina bhfuil an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar bunaithe nó ina bhfuil cónaí air. Comhlíonfaidh na cóistí agus na busanna sin na caighdeáin theicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú Interbus.
Airteagal 476
Coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 475
1. Beidh seirbhísí tráthrialta ar oscailt do na hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar ar fad de chuid Páirtí, faoi réir forchoiméadas éigeantach, nuair is iomchuí.
2. Beidh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údarú i gcomhréir le hAirteagal 477 agus le mír 6 den Airteagal seo.
3. Coigeartú ar bith a dhéanfar ar dálaí oibríochta na seirbhíse, ní dhéanfaidh sé aon difear do chineál tráthrialta na seirbhíse.
4. Eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha, a dhéanfaidh freastal ar an bpobal céanna agus a dhéanann na seirbhísí tráthrialta atá ann cheana, an neamhfhreastal ar stadanna áirithe, agus an freastal ar stadanna breise ar sheirbhísí tráthrialta atá ann cheana, rialófar an t-eagrúchán, an neamhfhreastal agus an freastal sin de réir na rialacha céanna agus is infheidhme maidir leis na seirbhísí tráthrialta atá ann cheana.
5. Beidh feidhm ag Ranna V (Forálacha sóisialta) agus VI (Forálacha custaim agus fioscacha) de Chomhaontú Interbus agus ag Iarscríbhinní 1 (Coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar) agus 2 (Caighdeáin theicniúla a bhfuil feidhm acu maidir le busanna agus cóistí) a ghabhann leis.
6. Ar feadh tréimhse sé mhí ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, ní bheidh seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údaraithe i gcás ina mbeidh siad cumhdaithe ag conradh arna thabhairt i gcrích idir an t-eagraí agus an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar.
7. Ní bheidh údarú riachtanach i gcás seirbhísí ócáideacha a chumhdaítear leis an Teideal seo i gcomhréir le hAirteagal 475. Mar sin féin, eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó seirbhísí sealadacha atá inchomparáide le seirbhísí tráthrialta atá ann cheana agus a dhéanann freastal ar an bpobal céanna, ní bheidh an t-eagrúchán sin faoi réir údarú i gcomhréir le Roinn VIII de Chomhaontú Interbus.
Airteagal 477
Údarú
1. An Páirtí a bhfuil an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar bunaithe ina chríoch, is é údarás inniúil an Pháirtí sin a eiseoidh údaruithe le haghaidh seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 475 (dá ngairtear ‘an t-údarás um údarú’).
2. I gcás ina bhfuil oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar bunaithe san Aontas, is é údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh nó cinn scríbe a bheidh ina údarás údaraithe.
3. I gcás grúpa d’oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar a bhfuil sé ar intinn acu seirbhís a oibriú dá dtagraítear in Airteagal X+2, is é an t-údarás um údarú a bheidh i gceist an t-údarás inniúil ar a ndíreofar an t-iarratas i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 478(1).
4. Is in ainm an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar a eiseofar na húdaruithe agus beidh siad neamhinaistrithe. Oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar a bhfuil údarú faighte aige, áfach, le toiliú an údaráis um údarú féadfaidh sé an tseirbhís a oibriú trí fhochonraitheoir, má bhíonn a leithéid i gcomhréir le dlí an Pháirtí. Sa chás sin déanfar ainm an fhochonraitheora sin agus a ról a chur in iúl san údarú. Oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí a bheidh san fhochonraitheoir, agus comhlíonfaidh sé forálacha uile an Teidil seo.
I gcás grúpa oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar a bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 475 eiseofar an t-údarú in ainmneacha na n-oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar ar fad sa ghrúpa, agus luafar ainmneacha na n-oibreoirí sin ar fad ann. Tabharfar an t-údarú do na hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar ar chuir na hoibreoirí eile iompair paisinéirí de bhóthar an cúram sin orthu agus arb iad a d’iarr an t-údarú, agus tabharfar cóipeanna dílse deimhnithe do na hoibreoirí eile iompair paisinéirí de bhóthar.
5. Gan dochar d’Airteagal 479(3), ní rachaidh tréimhse bhailíochta údaraithe thar chúig bliana. Féadfar é a shocrú le haghaidh téarma níos giorra arna iarraidh sin don iarratasóir nó le toiliú frithpháirteach údaráis inniúla na bPáirtithe a dtógtar paisinéirí agus a scaoiltear amach iad ar a gcríoch.
6. Sonrófar an méid a leanas leis na húdaruithe:
(a) |
an cineál seirbhíse; |
(b) |
bealach na seirbhíse, ag tabhairt le fios go háirithe an pointe imeachta agus an pointe is ceann scríbe; |
(c) |
tréimhse bhailíochta an údaraithe; agus |
(d) |
na stadanna agus an t-amchlár. |
7. Beidh na húdaruithe i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn 32.
8. Oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí a chuireann seirbhís i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 475, féadfaidh sé feithiclí breise a úsáid chun déileáil le cásanna sealadacha agus eisceachtúla. Ní fhéadfar na feithiclí breise sin a úsáid ach faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach san údarú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal.
Sa chás sin, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 483 (1) agus (2), áiritheoidh an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar go n-iomprófar san fheithicil cóip den chonradh idir an t-oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar a chuireann an tseirbhís thráthrialta nó an tseirbhís thráthrialta speisialta i gcrích, idir iad sin agus an gnóthas a sholáthraíonn na feithiclí breise, nó go n-iomprófar doiciméad coibhéiseach san fheithicil agus go dtaispeánfar d'oifigeach cigireachta údaraithe é arna iarraidh sin dó.
Airteagal 478
Iarratas ar údarú a thíolacadh
1. Oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí, cuirfidh sé iarratais ar údarú faoi bhráid an údaráis um údarú dá dtagraítear in Airteagal 477(1).
Ní chuirfear isteach ach aon iarratas amháin le haghaidh gach seirbhís. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 477(3), is é an t-oibreoir ar cuireadh na hoibreoirí eile ar a iontaoibh chun na gcríoch sin a chuirfidh isteach é. Díreofar an t-iarratas ar údarás um údarú an Pháirtí ina bhfuil an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar atá á chur isteach bunaithe.
2. Cuirfear isteach iarratais ar údarú ar bhonn na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn 33.
3. An t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar a mbeidh an t-iarratas á chur isteach aige, soláthróidh sé aon fhaisnéis bhreise a mheasann sé a bheith ábhartha nó aon fhaisnéis a iarrfaidh an t-údarás um údarú air, go háirithe na doiciméid a liostaítear in Iarscríbhinn 33.
Airteagal 479
Nós imeachta um údarú
1. Is le comhaontú údaráis inniúla na bPáirtithe arb ar a gcríoch a thógfar paisinéirí agus a scaoiltear amach iad a eiseofar údaruithe. Cuirfidh an t-údarás um údarú ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sin, agus chuig na húdaráis inniúla a dtrasnaítear a gcríoch gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach, cóip den iarratas maille le cóipeanna d'aon doiciméadacht ábhartha eile agus an measúnú a rinneadh.
Maidir leis an Aontas, is iad na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír údaráis inniúla na mBallstát a dtógtar paisinéirí nó a scaoiltear amach iad ina gcríoch agus a dtrasnaítear a gcríoch gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach.
2. Na húdaráis inniúla ar iarradh orthu teacht ar chomhaontú, cuirfidh siad a gcinneadh maidir leis an iarratas in iúl don údarás um údarú laistigh de ceithre mhí. Ríomhfar an teorainn ama sin ó dháta fhála an iarratais ar chomhaontú, dáta atá ar taispeáint san admháil go bhfuarthas an t-iarratas. Más cinneadh diúltach an cinneadh a gheofar ó na húdaráis inniúla ar iarradh comhaontú orthu, beidh ráiteas cuí ar na cúiseanna ann. Mura mbeidh freagra faighte ag an údarás um údarú laistigh de ceithre mhí, measfar comhaontú a bheith faighte ó na húdaráis inniúla a ndeachthas i gcomhairle leo agus féadfaidh an t-údarás um údarú an t-údarú a dheonú.
Na húdaráis inniúla a dtrasnaítear a gcríoch gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach, féadfaidh siad a gcuid barúlacha a chur in iúl don údarás um údarú laistigh de cheithre mhí.
3. Maidir le seirbhísí a údaraíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70) roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a dtéann an t-údarú in éag ina leith ag deireadh na hidirthréimhse , beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a) |
más rud é, faoi réir na n-athruithe is gá chun Airteagal 475 a chomhlíonadh, gurb ionann na coinníollacha oibriúcháin agus na coinníollacha oibriúcháin a socraíodh san údarú a deonaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, féadfaidh an t-údarás lena mbaineann um údarú faoin Teideal seo, ar iarratas nó ar shlí eile, údarú comhfhreagrach arna dheonú faoin Teideal seo a eisiúint don oibreoir iompair de bhóthar. I gcás ina n-eiseofar údarú den sórt sin, measfar gur tugadh comhaontú na n-údarás inniúil ar laistigh dá gcríoch a bhailítear nó a scaoiltear amach paisinéirí, de réir mar a thagraítear dó i mír 2. Na húdaráis inniúla sin agus na húdaráis inniúla a dtrasnaítear a gcríoch gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach, féadfaidh siad ag tráth ar bith barúlacha ar bith a bheidh le tabhairt acu a chur in iúl don údarás um údarú; |
(b) |
i gcás ina gcuirfear pointe (a) i bhfeidhm, ní mhairfidh tréimhse bhailíochta an údaraithe chomhfhreagraigh a deonaíodh faoin Teideal seo níos faide ná an lá deireanach den tréimhse bhailíochta a shonraítear san údarú a deonaíodh roimhe sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. |
4. Déanfaidh an t-údarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a chuirfidh an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar an t-iarratas faoina bhráid.
5. Deonófar údarú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a) |
mura bhfuil an t-iarratasóir in ann an tseirbhís is ábhar don iarratas a chur ar fáil le trealamh atá díreach ar fáil dó; |
(b) |
murar chomhlíon an t-iarratasóir an reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta maidir le hiompar de bhóthar, agus go háirithe na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le húdaruithe le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar, nó má tá sáruithe tromchúiseacha déanta ag an iarratasóir ar an reachtaíocht atá ag Páirtí maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha is infheidhme ar fheithiclí agus ar thréimhsí tiomána agus ar thréimhsí sosa tiománaithe; |
(c) |
i gcás iarratais ar athnuachan údaraithe, mura bhfuil coinníollacha an údaraithe comhlíonta aige; |
(d) |
má chinneann Páirtí ar bhonn mionanailíse go ndéanfadh an tseirbhís lena mbaineann difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó lena gcomhlíontar dlí an Pháirtí maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann. Sa chás sin, déanfaidh an Páirtí critéir a chur ar bun, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, chun a chinneadh an ndéanfadh an tseirbhís ar cuireadh iarratas isteach ina leith difear d'inmharthanacht na seirbhíse inchomparáidí thuasluaite, agus cuirfidh sé na critéir sin in iúl don Pháirtí eile dá dtagraítear i mír 1; nó |
(e) |
má chinneann Páirtí ar bhonn mionanailíse nach é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stadanna atá suite i gcríocha na bPáirtithe. |
Má tá seirbhís atá ann cheana ag déanamh difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáidí a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó lena gcomhlíontar dlí Páirtí maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann, de bharr cúiseanna eisceachtúla nach bhféadfaí coinne a bheith leo nuair a deonaíodh an t-údarú, féadfaidh Páirtí, le comhaontú an Pháirtí eile, an t-údarú chun seirbhís idirnáisiúnta cóiste agus bus a reáchtáil a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i ndiaidh fógra sé mhí a thabhairt don oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar.
Má tá na praghsanna a bheidh á dtairiscint ag oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí níos ísle ná na praghsanna a bheidh á dtairiscint ag oibreoirí eile iompair paisinéirí de bhóthar nó má tá an nasc atá i gceist á oibriú cheana ag oibreoirí eile iompair paisinéirí de bhóthar, ní údar an méid sin ann féin leis an iarratas a dhiúltú.
6. Tar éis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1 go 5 a chur i gcrích, deonóidh an t-údarás um údarú an t-údarú nó diúltóidh sé an t-iarratas go foirmiúil.
I gcinntí lena ndiúltaítear d'iarratas, luafar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Áiritheoidh na Páirtithe go dtabharfar an deis do ghnóthais iompair uiríll a dhéanamh sa chás go ndiúltófar a n-iarratas.
Cuirfidh an t-údarás um údarú a chinneadh in iúl d’údaráis inniúla an Pháirtí eile agus seolfaidh sé cóip d’aon údarú chucu.
Airteagal 480
Údarú a athnuachan agus a athrú
1. Beidh feidhm ag Airteagal 479, mutatis mutandis, maidir le hiarratas ar athnuachan nó ar athrú ar na coinníollacha faoina gcaithfear na seirbhísí atá faoi réir údaraithe a chur i gcrích.
2. I gcás ina rachaidh an t-údarú atá ann cheana in éag laistigh de shé mhí ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, is dhá mhí a bheidh sa tréimhse ama ina dtabharfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 479(2) fógra don údarás um údarú faoina gcomhaontú leis an iarratas i gcomhréir leis an Airteagal sin, nó ina gcuirfidh siad in iúl don údarás um údarú a mbarúlacha maidir leis an iarratas sin.
3. I gcás ina ndéanfar mionathrú ar na dálaí oibríochta, go háirithe coigeartú ar eatraimh, ar tháillí agus ar thráthchláir, ní bheidh ar an údarás um údarú ach faisnéis maidir leis an athrú a thabhairt d’údaráis inniúla an Pháirtí eile. Ní mheasfar gur mionathrú é na tráthchláir nó na heatraimh a athrú ar bhealach ina ndéanfar difear d'uainiú rialuithe ag na teorainneacha idir na Páirtithe nó ag teorainneacha tríú tír.
Airteagal 481
Dul i léig d'údarú
1. Gan dochar d’Airteagal 479(3), rachaidh údarú le haghaidh seirbhís dá dtagraítear in Airteagal 475 in éag i ndeireadh a thréimhse bailíochta nó trí mhí tar éis don údarás um údarú fógra a fháil ón sealbhóir go bhfuil sé beartaithe aige an tseirbhís a tharraingt siar. Áireofar ráiteas cuí ar chúiseanna i bhfógra den chineál sin.
2. Nuair nach bhfuil éileamh ann níos mó ar sheirbhís, beidh tréimhse míosa i gceist leis an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1.
3. Cuirfidh an t-údarás um údarú in iúl d’údaráis inniúla an Pháirtí eile lena mbaineann go bhfuil an t-údarú imithe i léig.
4. Tabharfaidh sealbhóir an údaraithe fógra d'úsáideoirí na seirbhíse lena mbaineann faoina tarraingt siar aon mhí amháin roimh ré trí mheán poiblíochta iomchuí.
Airteagal 482
Oibleagáidí na n-oibreoirí iompair
1. Ach amháin i gcás force majeure, an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí a mbeidh seirbhís dá dtagraítear in Airteagal X+2 á cur i gcrích aige, seolfaidh sé an tseirbhís gan mhoill agus, go dtí go rachaidh an t-údarú in éag, glacfaidh sé na bearta uile is gá lena ráthú go mbeidh seirbhís iompair ann a chomhlíonfaidh na caighdeáin a bhaineann le leanúnachas, le tráthrialtacht agus le hacmhainn agus go gcomhlíonfaidh an tseirbhís na coinníollacha a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 477(6) agus Iarscríbhinn 32.
2. Oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar de chuid Páirtí, cuirfidh sé ar taispeáint bealach na seirbhíse, na stadanna bus, an tráthchlár, na táillí agus na coinníollacha iompair ar bhealach ina n-áiritheofar go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go héasca do na húsáideoirí uile.
3. Beidh na Páirtithe in ann athruithe a dhéanamh ar na dálaí oibríochta lena rialaítear seirbhís dá dtagraítear in Airteagal 475, trí chomhaontú comhchoiteann agus i gcomhaontú le sealbhóir an údaraithe.
Airteagal 483
Doiciméid atá le coimeád ar an gcóiste nó ar an mbus
1. Gan dochar d'Airteagal 477(8), coinneofar ar an gcóiste nó ar an mbus an t-údarú nó cóip dhílis dheimhnithe den údarú chun seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 475 a chur i gcrích maille le ceadúnas oibreora an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar nó cóip dhílis dheimhnithe dá cheadúnas le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar dá bhforáiltear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó dlí an Aontais agus tabharfar na doiciméid sin d’aon oifigeach cigireachta údaraithe arna iarraidh sin dó.
2. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo ná d’Airteagal 477(8), i gcás seirbhís thráthrialta speisialta, an conradh idir an t-eagraí agus an t-oibreoir iompair paisinéirí de bhóthar nó cóip de chomh maith le doiciméad lena bhfianaítear gur catagóir shonrach atá sna paisinéirí, d'eisiamh paisinéirí eile chun críocha seirbhíse tráthrialta speisialta, feidhmeoidh na doiciméid sin mar dhoiciméid rialuithe, coinneofar san fheithicil iad agus tabharfar iad d’aon oifigeach cigireachta údaraithe arna iarraidh sin dó.
3. Na hoibreoirí iompair do phaisinéirí de bhóthar a chuireann seirbhísí ócáideacha i gcrích faoi Airteagal 475(6) agus (7), iompróidh siad foirm thurais a bheidh líonta isteach acu, agus an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn 34 á húsáid acu. Is é údarás inniúil na críche ina bhfuil an t-oibreoir cláraithe, nó comhlachtaí arna gceapadh ag an údarás inniúil, a chuirfidh leabhair na bhfoirmeacha turais ar fáil.
Airteagal 484
Rialacha maidir le trácht ar bhóithre
Tiománaithe cóistí agus busanna a dhéanfaidh paisinéirí a iompar faoin Teideal seo, nuair a bheidh siad i gcríoch an Pháirtí eile, comhlíonfaidh siad na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta atá i bhfeidhm sa chríoch sin maidir le trácht ar bhóithre.
Airteagal 485
An Cur i bhFeidhm
Scoirfidh forálacha an Teidil seo d’fheidhm a bheith acu ón dáta a thiocfaidh an Prótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta tráthrialta agus iompar idirnáisiúnta speisialta paisinéirí ar chóiste agus ar bhus, ón dáta a thiocfaidh an Prótacal sin i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe, nó sé mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm le haghaidh an Aontais, cibé acu is luaithe, seachas chun críoch na n-oibríochtaí atá faoi Airteagal 475(2),(5), (6) agus (7).
Airteagal 486
Oibleagáidí i dTeidil eile
Déantar Airteagail 135 agus 137 a ionchorprú sa Teideal seo agus déantar cuid de díobh agus tá feidhm acu maidir leis an gcóir a thugtar d’oibreoirí iompair a dhéanann turais i gcomhréir le hAirteagal 475.
Airteagal 487
An Coiste Speisialaithe
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar na hIarscríbhinní 32, 33 agus 34 a leasú chun forbairtí rialála a chur san áireamh. Féadfaidh sé bearta a ghlacadh maidir leis an Teideal seo a chur chun feidhme.
CEANNTEIDEAL A CEATHAIR
COMHORDÚ NA SLÁNDÁLA SÓISIALTA AGUS VÍOSAÍ LE HAGHAIGH CUAIRTEANNA GEARRTHÉARMACHA
TEIDEAL I
COMHORDÚ NA SLÁNDÁLA SÓISIALTA
Airteagal 488
Forléargas
Déanfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe a gcórais slándála sóisialta a chomhordú i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, chun teidlíochtaí slándála sóisialta na ndaoine a chumhdaítear iontu a chinntiú.
Airteagal 489
Cónaí dlíthiúil
1. Tá feidhm ag an bPrótacal maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta maidir le daoine a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe.
2. Ní dhéanfaidh mír 1 den Airteagal seo difear do theidlíochtaí ar shochair airgid a bhaineann le tréimhsí cónaithe dlíthiúla a rinne daoine roimhe sin a chumhdaítear le hAirteagal SSC.2 den Phrótacal maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta.
Airteagal 490
Cásanna trasteorann
1. Níl feidhm ag an bPrótacal maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta ach maidir le cásanna a thagann chun cinn idir Ballstát amháin nó níos mó den Aontas agus an Ríocht Aontaithe.
2. Ní bheidh feidhm ag an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta maidir le daoine a bhfuil a staid teoranta ar gach slí don Ríocht Aontaithe nó do na Ballstáit.
Airteagal 491
Iarratais ar inimirce
Tá feidhm ag an bPrótacal maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta gan dochar do cheart Ballstáit ná do cheart na Ríochta Aontaithe táille sláinte a ghearradh faoin reachtaíocht náisiúnta i ndáil le hiarratas ar chead dul isteach, fanacht, oibriú, nó cónaí sa Stát sin.
TEIDEAL II
VÍOSAÍ LE hAGHAIDH CUAIRTEANNA GEARRTHÉARMACHA
Airteagal 492
Víosaí le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha
1. Tugann na Páirtithe dá n-aire, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go ndéanann an dá Pháirtí foráil maidir le taisteal gan víosa i gcomhair cuairteanna gearrthéarmacha i ndáil lena náisiúnaigh i gcomhréir lena ndlí baile. Tabharfaidh gach Páirtí fógra dá chéile faoi aon rún ceanglas víosa a fhorchur le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha ó náisiúnaigh an Pháirtí eile in am trátha agus, más féidir, ar a laghad trí mhí sula dtiocfaidh ceanglas den sórt sin i bhfeidhm.
2. Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 781, i gcás ina gcinnfidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa a fhorchur ar náisiúnaigh Bhallstáit, beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le náisiúnaigh na mBallstát uile.
3. Tá an tAirteagal seo gan dochar d’aon socrú idir an Ríocht Aontaithe agus Éire maidir leis an gComhlimistéar Taistil.
CEANNTEIDEAL A CÚIG
IASCACH
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA TOSAIGH
Airteagal 493
Cearta ceannasacha na Stát cósta arna bhfeidhmiú ag na Páirtithe
Dearbhaíonn na Páirtithe gur cheart cearta ceannasacha na Stát Cósta a fheidhmíonn na Páirtithe chun na beo-acmhainní ina n-uiscí a thaiscéaladh, a shaothrú, a chaomhnú agus a bhainistiú a sheoladh de bhun phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus i gcomhréir leo, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.
Airteagal 494
Cuspóirí agus prionsabail
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile d’fhonn a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar stoic chomhroinnte ina n-uiscí inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go rannchuideoidh siad le tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach, agus cearta agus oibleagáidí na Stát neamhspleách chósta á n-urramú go hiomlán de réir mar a fheidhmíonn na Páirtithe iad.
2. Tá sé mar chomhchuspóir ag na Páirtithe stoic chomhroinnte a shaothrú ag rátaí lena n-athbhunaítear agus lena gcoimeádtar líon phobal na speiceas a shaothraítear os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.
3. Trí dhéanamh amhlaidh, beidh aird ag na Páirtithe ar na prionsabail seo a leanas:
(a) |
an cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú iascaigh; |
(b) |
inbhuanaitheacht fhadtéarmach (chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch) a chur chun cinn agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as stoic chomhroinnte gan róshaothrú a dhéanamh orthu; |
(c) |
cinntí maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil le fáil, agus tús áite chuige sin ag an gcomhairle a sholáthraíonn an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES); |
(d) |
roghnaíocht in iascaigh a áirithiú chun éisc óga agus comhbhailiúcháin sceite d’éisc a chosaint, agus chun foghabháil de thaisme a sheachaint agus a laghdú; |
(e) |
tionchair dhíobhálacha na hiascaireachta ar an éiceachóras muirí a chur san áireamh go cuí agus a íoslaghdú, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá leis an mbithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú; |
(f) |
bearta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm chun beo-acmhainn muirí a chaomhnú agus chun na hacmhainní iascaigh a bhainistiú, agus neamhspleáchas rialála na bPáirtithe á chaomhnú; |
(g) |
bailiú agus comhroinnt thráthúil sonraí iomlána agus cruinne a áirithiú, ar sonraí iad is ábhartha maidir le stoic chomhroinnte a chaomhnú agus iascaigh a bhainistiú; |
(h) |
comhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta iascaigh a áirithiú, agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac; agus |
(i) |
cur chun feidhme tráthúil aon bheart comhaontaithe i gcreataí rialála na bPáirtithe a áirithiú. |
Airteagal 495
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Cheannteidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘EEZ’ (Páirtí), i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an méid seo a leanas:
|
(b) |
ciallaíonn ‘cur chuige réamhchúraim i leith bainistíocht iascaigh’ cur chuige nach bhfuil easpa faisnéise eolaíche leormhaithe ina húdar dá réir le bearta bainistíochta a chur siar chun spriocspeicis, speicis ghaolmhara nó spleácha agus speicis nach spriocspeicis iad agus a dtimpeallacht a chaomhnú nó gan na bearta sin a dhéanamh; |
(c) |
ciallaíonn ‘stoic roinnte’ iasc d’aon chineál a fhaightear in uiscí na bPáirtithe, lena n-áirítear sliogéisc, rud lena n-áirítear moilisc agus crústaigh; |
(d) |
ciallaíonn ‘TAC’ an ghabháil iomlán is incheadaithe, arb éard atá ann an chainníocht uasta stoic (nó stoc) de chineál ar leith is féidir a ghabháil thar thréimhse ar leith; |
(e) |
ciallaíonn ‘stoic neamhchuóta’ stoic nach stoic iad a bhainistítear trí TACanna; |
(f) |
ciallaíonn ‘farraige theorann’ (Páirtí), i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige:
|
(g) |
ciallaíonn ‘uiscí’ (Páirtí):
|
(h) |
ciallaíonn ‘soitheach’ (Páirtí):
|
CAIBIDIL 2
CAOMHNÚ AGUS SAOTHRÚ INBHUANAITHE
Airteagal 496
Bainistiú iascaigh
1. Déanfaidh gach Páirtí cinneadh maidir le haon bheart is infheidhme maidir lena chuid uiscí d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 496(1) agus (2), a bhaint amach, agus ag féachaint do na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494.
2. Bunóidh Páirtí na bearta dá dtagraítear i mír 1 ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.
Ní chuirfidh Páirtí na bearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar shoithí an Pháirtí eile ina chuid uiscí mura gcuireann sé na bearta céanna i bhfeidhm ar a shoithí féin freisin.
Tá an dara fomhír gan dochar d’oibleagáidí na bPáirtithe faoin gComhaontú maidir le Bearta Stáit ar Chalafoirt, faoi Scéim Rialaithe agus Forfheidhmithe an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh, faoi Bhearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, agus faoi Mholadh 18-09 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh ar Bhearta Stáit an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach liosta na n-oibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana dá dtagraítear sa tríú fomhír a leasú.
3. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi na bearta nua dá dtagraítear i mír 1, ar bearta iad ar dócha go ndéanfaidh siad difear do shoithí an Pháirtí eile, sula gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm, sa chaoi go mbeidh a dhóthain ag an bPáirtí eile tuairimí a sholáthar nó soiléiriú a lorg.
Airteagal 497
Údaruithe, comhlíonadh agus forfheidhmiú
1. I gcás ina mbeidh rochtain ag soithí ar éisc in uiscí an Pháirtí eile de bhun Airteagal 500 agus Airteagal 502:
(a) |
cuirfidh gach Páirtí in iúl in am trátha don Pháirtí eile liosta de shoithí a n-iarann an Páirtí sin údaruithe nó ceadanna iascaigh a fháil ina leith; agus |
(b) |
déanfaidh an Páirtí eile údaruithe nó ceadúnais iascaireachta a eisiúint. |
2. Déanfaidh gach Páirtí na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a chuid soithí na rialacha is infheidhme maidir leis na soithí sin in uiscí an Pháirtí eile, lena n-áirítear coinníollacha údaraithe nó ceadúnais.
CAIBIDIL 3
SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN ROCHTAIN AR UISCÍ AGUS AR ACMHAINNÍ
Airteagal 498
Deiseanna iascaireachta
1. Faoin 31 Eanáir gach bliain, comhoibreoidh na Páirtithe chun sceideal a leagan síos le haghaidh comhairliúcháin agus é mar aidhm leis sin TACanna a chomhaontú le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 le haghaidh na bliana nó na mblianta ina dhiaidh sin. Cuirfear san áireamh sa sceideal sin comhairliúcháin bhliantúla eile idir Stáit chósta, ar comhairliúcháin iad a dhéanann difear do cheachtar de na Páirtithe nó don dá cheann.
2. Déanfaidh na Páirtithe comhairliúcháin a reáchtáil go bliantúil, faoin 10 Nollaig gach bliain, chun na TACanna don bhliain dár gcionn a chomhaontú le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35. Áireofar leis sin tuairimí maidir le tosaíochtaí a mhalartú go luath a luaithe a gheofar comhairle maidir le leibhéal na TACanna. Comhaontóidh na Páirtithe na TACanna sin:
(a) |
ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, chomh maith le tosca ábhartha eile, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha; agus |
(b) |
i gcomhréir le haon straitéisí ilbhliantúla is infheidhme maidir le caomhnú agus bainistiú arna gcomhaontú ag na Páirtithe. |
3. Scaireanna na bPáirtithe de na TACanna do na stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 35, leithdháilfear idir na Páirtithe iad i gcomhréir leis na scaireanna cuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
4. Féadfar an méid seo a leanas, inter alia, a chumhdach le comhairliúcháin bhliantúla freisin:
(a) |
codanna de scaireanna Páirtí amháin de TACanna a bheith á n-aistriú chuig a chéile acu; |
(b) |
liosta de na stoic a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh orthu; |
(c) |
cinneadh an TAC d’aon stoc nach liostaítear in Iarscríbhinn 35 nó 36 agus scair na bPáirtithe faoi seach de na stoic sin; |
(d) |
bearta maidir le bainistiú iascaigh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, teorainneacha iarrachta iascaireachta; |
(e) |
stoic a théann chun leas coiteann na bPáirtithe seachas na stoic sin a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Teideal seo. |
5. Féadfaidh na Páirtithe comhairliúcháin a reáchtáil agus é mar aidhm leo TACanna leasaithe a chomhaontú má iarrann ceachtar de na Páirtithe amhlaidh.
6. Déanfaidh cinn thoscaireachtaí na bPáirtithe taifead scríofa ina ndéantar doiciméadú ar na socruithe arna ndéanamh idir na Páirtithe de thoradh comhairliúcháin faoin Airteagal seo a chur ar fáil agus a shíniú.
7. Tabharfaidh gach Páirtí fógra leordhóthanach don Pháirtí eile sula ndéanfaidh sé TACanna a shocrú nó a leasú do na stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 37.
8. Cuirfidh na Páirtithe sásra ar bun chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil idir na Páirtithe, rud a dhéanfar uair amháin gach bliain. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach cinneadh maidir le mionsonraí an tsásra sin. Breithneoidh na Páirtithe aistrithe deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a bhfuil tearcshaothrú á dhéanamh orthu, nó a mheastar go ndéanfar tearcshaothrú orthu, ar fáil ar luach an mhargaidh tríd an sásra sin.
Airteagal 499
TACanna sealadacha
1. Mura mbeidh TAC comhaontaithe ag na Páirtithe le haghaidh stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 35 nó i dtáblaí A nó B d’Iarscríbhinn 36 faoin 10 Nollaig, rachaidh siad i mbun comhairliúcháin an athuair agus é mar aidhm leanúnach acu TAC a chomhaontú. Déanfaidh na Páirtithe teagmháil le chéile go minic d’fhonn féachaint ar na roghanna go léir atá ann chun teacht ar chomhaontú sa tréimhse is giorra is féidir.
2. Má bhíonn stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 nó i dtáblaí A agus B d’Iarscríbhinn 36 gan TAC comhaontaithe an 20 Nollaig, socróidh gach Páirtí TAC sealadach i gcomhréir leis an leibhéal a mholann ICES, a bheidh infheidhme ón 1 Eanáir.
3. De mhaolú ar mhír 2, is i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfar faoi mhír 5 a shocrófar na TACanna le haghaidh stoic speisialta.
4. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘stoic speisialta’:
(a) |
stoic arb í comhairle ICES ina dtaobh TAC nialasach a bheith ann; |
(b) |
stoic a ghabhtar in iascach measctha, má tá an stoc sin nó stoc eile san iascach céanna leochaileach; nó |
(c) |
stoic eile a mheasann na Páirtithe a dteastaíonn cóir speisialta uathu. |
5. Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach treoirlínte faoin 1 Iúil 2021 chun TACanna sealadacha a shocrú le haghaidh stoic speisialta.
6. Gach bliain nuair a gheofar comhairle ó ICES maidir leis na TACanna, pléifidh na Páirtithe, mar thosaíocht, na stoic speisialta agus cur i bhfeidhm aon treoirlínte a leagtar síos faoi mhír 5 maidir le socrú TACanna sealadacha ag gach Páirtí.
7. Socróidh gach Páirtí a scair do gach ceann de na TACanna sealadacha, agus ní sháróidh siad leis an scair sin a scair mar a leagtar amach í san Iarscríbhinn comhfhreagrach.
8. Beidh feidhm ag na TACanna sealadacha agus ag na scaireanna dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 7 go dtí go dtiocfar ar chomhaontú faoi mhír 1.
9. Cuirfidh gach Páirtí a TACanna sealadacha faoi mhír 2 agus 3 agus a scair shealadach de gach ceann de na TACanna sin faoi mhír 7 in iúl láithreach don Pháirtí eile.
Airteagal 500
Rochtain ar uiscí
1. Ar choinníoll gur comhaontaíodh TACanna tabharfaidh gach Páirtí rochtain ar iascaireacht in uiscí an Pháirtí eile sna folimistéir ábhartha ICES an bhliain sin. Is ar leibhéal a chinnfear sna comhairliúcháin bhliantúla sin agus de réir coinníollacha a chinnfear iontu a dheonófar rochtain.
2. Féadfaidh na Páirtithe, i gcomhairliúcháin bhliantúla, coinníollacha sonracha breise rochtana a chomhaontú i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) |
na deiseanna iascaireachta a comhaontaíodh; |
(b) |
aon straitéisí ilbhliantúla le haghaidh stoic nach stoic chuóta iad a fhorbraítear faoi phointe (c) d’Airteagal 508(1); agus |
(c) |
aon bhearta teicniúla agus caomhnaithe arna gcomhaontú ag na Páirtithe, gan dochar d'Airteagal 496: |
3. Seolfaidh na Páirtithe na comhairliúcháin bhliantúla, lena n-áirítear maidir le leibhéal agus coinníollacha na rochtana dá dtagraítear i mír 1, de mheon macánta agus d’fhonn cothromaíocht chomhshásúil a áirithiú idir leasanna an dá Pháirtí.
4. Go háirithe, is é an toradh ba cheart a bheith ar na comhairliúcháin bliantúla go hiondúil go ndeonóidh na Páirtithe na nithe seo a leanas:
(a) |
rochtain ar na stoic éisc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 agus i dtáblaí A, B agus F d’Iarscríbhinn 36 in EEZ a chéile (nó má thugtar rochtain faoi phointe (c), in EEZanna agus sna ranna a luaitear sa phointe sin) ar leibhéal atá ar comhréir go réasúnta le sciaranna na bPáirtithe faoi seach de na TACanna; |
(b) |
rochtain ar stoic éisc nach stoic chuóta iad in EEZ a chéile (nó má thugtar rochtain faoi phointe (c), in EEZanna agus sna ranna a luaitear sa phointe sin), ag leibhéal arb ionann é ar a laghad agus an meántonnáiste a rinne an Páirtí sin a iascach in uiscí an Pháirtí eile le linn na tréimhse 2012-2016; agus |
(c) |
rochtain ar uiscí na bPáirtithe idir sé agus dhá mhíle dhéag farraige ón mbonnlíne i ranna ICES 4c agus 7d-g i gcás soithí cáilitheacha a mhéid a bhí rochtain ag soithí iascaireachta an Aontais agus ag soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe ar na huiscí sin an 31 Nollaig 2020. |
Chun críocha phointe (c), ciallaíonn ‘soitheach cáilitheach’ soitheach Páirtí a rinne iascaireacht sa limistéar a luaitear san abairt roimhe seo sna ceithre bliana idir 2012 agus 2016, nó an soitheach a chuireadh lom díreach ina ionad.
Féadfar gealltanais iomchuí airgeadais agus aistrithe cuótaí idir na Páirtithe a áireamh sna comhairliúcháin bhliantúla dá dtagraítear i bpointe (c).
5. Le linn don TAC sealadach a bheith á chur i bhfeidhm, agus ag feitheamh ar TAC comhaontaithe, tabharfaidh na Páirtithe rochtain shealadach ar éisc sna folimistéir ábhartha ICES mar a leanas:
(a) |
i gcás na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 agus na stoc neamhchuóta, ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta ar na leibhéil dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 4; |
(b) |
i gcás na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 36 ón 1 Eanáir go dtí an 14 Feabhra ar na leibhéil dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 4; agus |
(c) |
maidir le rochtain ar iascaireacht sa limistéar sé mhuirmhíle go dtí dhá mhuirmhíle déag, rochtain i gcomhréir le pointe (c) de mhír 4 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Eanáir ar leibhéal is comhionann leis an meántonnáiste míosúil a ndearnadh iascaireacht orthu sa limistéar sin sna trí mhí roimhe sin. |
I gcás gach ceann de na stoic ábhartha i bpointí (a) agus (b), beidh an rochtain sin i gcomhréir le meánchéatadán an Pháirtí de TAC bliantúil a rinne soithí an Pháirtí sin a iascach in uiscí an Pháirtí eile sna folimistéir ábhartha ICES le linn na tréimhse céanna sna trí bliana féilire roimhe sin. Beidh feidhm ag an méid céanna, mutatis mutandis, maidir le rochtain ar stoic éisc nach stoic chuóta iad.
Faoin 15 Eanáir i ndáil leis an gcás i bpointe (c) den mhír seo, faoin 31 Eanáir i ndáil leis na stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 36, agus faoin 15 Márta i ndáil le gach stoc eile, tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile maidir leis an athrú sa leibhéal rochtana agus sna coinníollacha rochtana ar uiscí a bheidh i bhfeidhm ón 1 Feabhra i ndáil leis an gcás i bpointe (c) den mhír seo, ón 15 Feabhra i ndáil leis na stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 36, agus ón 1 Aibreán i ndáil le gach stoc eile le haghaidh na folimistéir ICES.
6. Gan dochar d’Airteagal 499(1) agus (8), tar éis na tréimhse míosa i ndáil leis an gcás i bpointe (c) de mhír 5, mí go leith i ndáil leis na stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 36 agus trí mhí i ndáil le gach stoc eile, féachfaidh na Páirtithe le tuilleadh socruithe rochtana sealadacha ag an leibhéal geografach iomchuí agus é mar aidhm leis sin cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a íoslaghdú.
7. Agus rochtain á deonú ag Páirtí faoi mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé a chur san áireamh go gcomhlíonann soithí aonair nó grúpaí soithí na rialacha is infheidhme ina gcuid uiscí le linn na bliana roimhe sin, agus bearta a rinne an Páirtí eile de bhun Airteagal 497(2) le linn na bliana roimhe sin.
8. Beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir Iarscríbhinn 38.
Airteagal 501
Bearta cúitimh i gcás rochtain a tharraingt siar nó a laghdú
1. Tar éis fógra ó Pháirtí (‘Páirtí óstach’) faoi Airteagal 500(5), féadfaidh an Páirtí eile (‘Páirtí iascaireachta’) bearta cúitimh a ghlacadh a bheidh i gcomhréir le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch an athraithe ar leibhéal agus ar choinníollacha rochtana ar uiscí. Déanfar an tionchar sin a thomhas ar bhonn fianaise iontaofa agus ní amháin ar bhonn tuairimíochta agus féidearthacht fhánach. Agus tosaíocht á tabhairt do na bearta cúitimh sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo, féadfaidh an Páirtí iascaireachta rochtain ar a chuid uiscí agus ar an gcóir fhabhrach taraife a dheonaítear do tháirgí iascaigh faoi Airteagal 21 a fhionraí go hiomlán nó go páirteach.
2. Féadfaidh sé go mbeidh éifeacht le beart cúiteach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tráth nach luaithe ná seacht lá tar éis don Pháirtí iascaireachta fógra a thabhairt don Pháirtí óstach maidir leis an bhfionraí bheartaithe faoi mhír 1 den Airteagal seo agus, ar aon chuma, tráth nach luaithe ná an 1 Feabhra i ndáil leis an gcás i bpointe (c) d’Airteagal 500(5), an 15 Feabhra i ndáil le hIarscríbhinn 36 agus an 1 Aibreán i ndáil le stoic eile. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach. Déanfaidh an fógra sin an méid seo a leanas a shainaithint:
(a) |
an dáta atá sé beartaithe ag an bPáirtí iascaireachta an fhionraí a dhéanamh; agus |
(b) |
na hoibleagáidí atá le fionraí agus leibhéal na fionraí atá beartaithe. |
3. Tar éis fógra a thabhairt faoi na bearta cúitimh i gcomhréir le mír 2, féadfaidh an Páirtí óstach a iarraidh go mbunófar binse eadrána de bhun Airteagal 738, gan dul i muinín comhairliúchán i gcomhréir le hAirteagal 738. Ní fhéadfaidh an binse eadrána athbhreithniú a dhéanamh ach amháin ar chomhréireacht na mbeart cúitimh le mír 1 den Airteagal seo. Déileálfaidh an binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críoch Airteagal 744.
4. Nuair nach mbeidh na coinníollacha maidir le bearta cúitimh dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, tarraingeofar siar na bearta sin láithreach.
5. Tar éis cinneadh i gcoinne an Pháirtí iascaireachta sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh an Páirtí óstach a iarraidh ar bhinse na headrána, laistigh de 30 lá tar éis a rialaithe, leibhéal fionraí na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chinneadh nach mó ná an leibhéal is comhionann leis an neamhniú nó leis an lagú arb é cur i bhfeidhm na mbeart cúitimh is cúis leis, má chinneann sé gur suntasach atá neamhréireacht na mbeart cúitimh le mír 1. Molfaidh an iarraidh leibhéal fionraí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus le haon phrionsabail ábhartha a leagtar amach in Airteagal 761. Féadfaidh an Páirtí óstach leibhéal fionraí na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an leibhéal fionraí arna chinneadh ag an mbinse eadrána, tráth nach luaithe ná 15 lá tar éis an rialaithe sin.
6. Ní dhéanfaidh Páirtí an Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun bac a chur ar an bPáirtí eile oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur ar fionraí.
Airteagal 502
Socruithe rochtana sonracha maidir le Báillcheantar Ghearnsaí, Báillcheantar Gheirsí agus Oileán Mhanann
1. De mhaolú ar Airteagal 500(1) agus (3) go (7), Airteagal 500 agus Iarscríbhinn 38, tabharfaidh gach Páirtí rochtain do shoithí an Pháirtí eile ar iasc ina uiscí a léiríonn méid agus cineál iarbhír na gníomhaíochta iascaireachta ar féidir a léiriú go ndearna soithí cáilitheacha de chuid an Pháirtí eile sin le linn na tréimhse dar tús an 1 Feabhra 2017 agus dar críoch an 31 Eanáir 2020 sna huiscí agus faoi na socruithe comhaontaithe a bhí i bhfeidhm an 31 Eanáir 2020.
2. Chun críocha an Airteagail seo agus, a mhéid atá feidhm ag na hAirteagail eile sa Cheannteideal seo maidir leis na socruithe le haghaidh rochtana a bhunaítear faoin Airteagal seo:
(a) |
ciallaíonn ‘soitheach cáilitheach’, maidir le gníomhaíocht iascaireachta a dhéantar in uiscí atá tadhlach le Báillcheantar Ghearnsaí, Báillcheantar Gheirsí, Oileán Mhanann nó Ballstát, aon soitheach a rinne iascaireacht san fharraige theorann atá tadhlach leis an gcríoch sin nó leis an mBallstát sin ar níos mó ná 10 lá in aon cheann de na tréimhsí 12 mhí dar críoch an 31 Eanáir nó idir an 1 Feabhra 2017 agus an 31 Eanáir 2020; |
(b) |
ciallaíonn ‘soitheach (Páirtí)’: maidir leis an Ríocht Aontaithe, soitheach iascaireachta a mbeidh bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain aige agus atá cláraithe i mBáillcheantar Ghearnsaí, Báillcheantar Gheirsí nó Oileán Mhanann, agus é ceadúnaithe ag lucht riaracháin iascaigh na Ríochta Aontaithe; |
(c) |
ciallaíonn ‘uiscí’ (Páirtí):
|
3. Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, cinnfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, laistigh de 90 lá tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, go scoirfidh an tAirteagal seo, Airteagal 502 agus aon fhorálacha eile den Cheannteideal seo a mhéid a bhaineann siad leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin chomh maith le hAirteagal 520(3) go (8), d’fheidhm a bheith acu maidir le cinneadh amháin nó níos mó de Bháillí Bláthanna, 30 lá ón gcinneadh seo.
4. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh an tAirteagal seo, Airteagal 503 agus aon fhorálacha eile den Cheannteideal seo a leasú a mhéid a bhaineann siad leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin.
Airteagal 503
Tréimhsí fógra maidir le táirgí iascaigh a allmhairiú agus a thabhairt i dtír go díreach
1. Cuirfidh an tAontas na tréimhsí fógra seo a leanas i bhfeidhm maidir le táirgí iascaigh a ghabh soithí a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain acu agus atá cláraithe i mBáillcheantar Ghearnsaí nó Bháillcheantar Gheirsí san fharraige theorann atá tadhlach leis na críocha sin nó san fharraige theorann atá tadhlach le Ballstát:
(a) |
fógra idir trí agus cúig uair an chloig roimh ré sula dtugtar táirgí iascaigh úra i dtír i gcríoch an Aontais; |
(b) |
fógra idir uair amháin agus trí uair an chloig roimh ré i gcás an deimhnithe gabhála bailíochtaithe le haghaidh ghluaiseacht dhíreach coinsíneachtaí de tháirgí iascaigh ar muir roimh an am teachta measta i gcríoch an Aontais. |
2. Chun críocha an Airteagail seo amháin, ciallaíonn ‘táirgí iascaigh’ gach speiceas éisc, moilisc agus crústaigh mhara.
Airteagal 504
Ailíniú na réimsí bainistíochta
1. Faoin 1 Iúil 2021, iarrfaidh na Páirtithe comhairle ar ICES maidir le hailíniú na limistéar bainistíochta agus na n-aonad measúnaithe a úsáideann ICES do na stoic atá marcáilte le réiltín in Iarscríbhinn 35.
2. Laistigh de shé mhí ón gcomhairle dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú go comhpháirteach ar an gcomhairle sin agus breithneoidh siad i gcomhpháirt a chéile coigeartuithe ar limistéir bhainistíochta na stoc lena mbaineann, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis na hathruithe iarmhartacha ar liosta na stoc agus na scaireanna a leagtar amach in Iarscríbhinn 35.
Airteagal 505
Scaireanna de TACanna do stoic áirithe eile
1. Tá na scaireanna de chuid na bPáirtithe faoi seach de na TACanna do stoic áirithe eile leagtha amach in Iarscríbhinn 35.
2. Cuirfidh gach Páirtí na Stáit agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann ar an eolas faoina chuid scaireanna i gcomhréir leis an socrú roinnte a leagtar amach i dtáblaí A go D d'Iarscríbhinn 36.
3. Maidir le haon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar tháblaí C agus D d'Iarscríbhinn 36, is faoi na fóraim iltaobhacha ábhartha a dhéanfar an t-athrú sin.
4. Gan dochar do chumhachtaí na Comhairle Comhpháirtíochta in Airteagal 508(3), is faoi na fóraim iltaobhach ábhartha aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na scaireanna atá i dtáblaí A agus B d'Iarscríbhinn 36 tar éis an 30 Meitheamh 2026.
5. Rachaidh an dá Pháirtí i ngleic le bainistiú na stoc sin i dtáblaí A go D d'Iarscríbhinn 36 i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 494.
CAIBIDIL 4
SOCRUITHE MAIDIR LE RIALACHAS
Airteagal 506
Bearta feabhais agus réiteach díospóidí
1. I ndáil le mainneachtain líomhnaithe ag Páirtí (‘an Páirtí is freagróir’) an Ceannteideal seo a chomhlíonadh (seachas i ndáil le mainneachtain líomhnaithe a ndéileáiltear leo faoi mhír 2), féadfaidh an Páirtí eile (‘an Páirtí is déantóir gearáin’), tar éis fógra a thabhairt don Pháirtí is freagróir:
(a) |
rochtain ar a uiscí agus ar an gcóir fhabhrach taraife a dheonaítear do tháirgí iascaigh faoi Airteagal 21 a chur ar fionraí, go hiomlán nó go i bpáirt; agus |
(b) |
má mheasann sé nach bhfuil an fhionraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ag teacht le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na mainneachtana líomhnaithe, féadfaidh sé cóir fhabhrach taraife earraí eile a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, faoi Airteagal 21; agus |
(c) |
má mheasann sé nach bhfuil an fhionraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag teacht le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na mainneachtana líomhnaithe, féadfaidh sé oibleagáidí faoi Cheannteideal a hAon den Chuid seo cé is moite de Theideal XI a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. Má chuirtear Ceannteideal a hAon den Chuid seo ar fionraí go hiomlán, cuirtear Ceannteideal a Trí den Chuid seo ar fionraí freisin. |
2. Maidir le mainneachtain líomhnaithe ag Páirtí (‘an Páirtí is freagróir’) Airteagal 502, 503 nó aon fhoráil eile den Cheannteideal seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann sé leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, is féidir leis an bPáirtí eile (‘an Páirtí is déantóir gearáin’), tar éis fógra a thabhairt don Pháirtí is freagróir, an mhéid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
rochtain ar a uiscí de réir bhrí Airteagal 502 a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt; |
(b) |
má mheasann sé nach bhfuil an fhionraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ag teacht le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na mainneachtana líomhnaithe, féadfaidh sé cóir fhabhrach taraife earraí eile a chur ar fionraí, go hiomlán nó i bpáirt, faoi Airteagal 21; |
(c) |
má mheasann sé nach bhfuil an fhionraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag teacht le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na mainneachtana líomhnaithe, féadfaidh sé cóir fhabhrach taraife earraí eile a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, faoi Airteagal 21; |
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bearta feabhais a dhéanfaidh difear do na socruithe a bunaíodh faoi Airteagal 502, Airteagal 503 ná aon fhoráil eile den Cheannteideal seo a mhéid a bhaineann sé leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, ní fhéadfar iad a ghlacadh mar thoradh ar mhainneachtain líomhnaithe ag Páirtí forálacha an Cheannteidil seo nach bhfuil bainteach leis na socruithe sin a chomhlíonadh.
3. Na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, beidh siad comhréireach le mainneachtain líomhnaithe an Pháirtí is freagróir agus le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na mainneachtana sin.
4. Féadfaidh éifeacht a bheith ag beart dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 seacht lá ar a luaithe tar éis fógra a bheith tugtha ag an bPáirtí is déantóir gearáin faoin bhfionraí atá beartaithe don Pháirtí is freagróir. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle laistigh den Choiste Speisialaithe um Iascach d’fhonn réiteach a chomhaontú ar bhonn frithpháirteach. Déanfaidh an fógra sin an méid seo a leanas a shainaithint:
(a) |
an tslí ina measann an Páirtí is ábhar gearáin gur mhainnigh an Páirtí is freagróir comhlíonadh a dhéanamh; |
(b) |
an dáta atá sé beartaithe ag an bPáirtí is déantóir gearáin an fhionraí a dhéanamh; agus |
(c) |
leibhéal na fionraí atá beartaithe. |
5. Laistigh de 14 lá ón bhfógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, ní mór don Pháirtí is déantóir gearáin agóid a dhéanamh i gcoinne mhainneachtain líomhnaithe an Pháirtí is freagróir an Ceannteideal seo a chomhlíonadh, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, trína iarraidh go mbunófaí binse eadrána faoi Airteagal 739. Féadfar dul ar iontaoibh eadrána faoin Airteagal seo gan dul ar iontaoibh comhairliúchán faoi Airteagal 738. Caithfidh binse eadrána go práinneach leis an tsaincheist chun críche Airteagal 744.
6. Scoirfidh an fhionraí d’fheidhm a bheith aici sna cásanna seo a leanas:
(a) |
gur deimhin leis an bPáirtí is déantóir gearáin go bhfuil an Páirtí is freagróir ag comhlíonadh a oibleagáidí ábhartha faoin gCeannteideal seo; nó |
(b) |
gur chinn an binse eadrána nár mhainnigh an Páirtí is freagróir a oibleagáidí ábhartha faoin gCeannteideal seo a chomhlíonadh. |
7. Tar éis cinnidh i gcoinne an Pháirtí is déantóir gearáin sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh an Páirtí is freagróir a iarraidh ar an mbinse eadrána, laistigh de 30 lá óna rialú, an leibhéal maidir le fionraí na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chinneadh nach mó ná an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó leis an lagú arb é cur i bhfeidhm na mbeart leighis is cúis leis, má chinneann sé go bhfuil neamhréireacht na mbeart leighis le mír 1 nó mír 2 den Airteagal seo suntasach. Molfaidh an iarraidh an leibhéal maidir le fionraí i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 den Airteagal seo agus aon phrionsabal ábhartha a leagtar amach in Airteagal 761. Féadfaidh an Páirtí is freagróir an leibhéal maidir le fionraí na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chur i bhfeidhm de réir an leibhéil maidir le fionraí arna chinneadh ag an mbinse eadrána, tráth nach luaithe ná 15 lá tar éis an rialaithe sin.
8. Ní dhéanfaidh Páirtí an Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun bac a chur ar an bPáirtí eile oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur ar fionraí.
Airteagal 507
Sonraí a roinnt
Roinnfidh na Páirtithe cibé faisnéis is gá chun tacú le cur chun feidhme an Cheannteidil seo, faoi réir dhlíthe gach Páirtí.
Airteagal 508
An Coiste Speisialaithe um Iascach
1. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
fóram plé agus comhoibrithe a chur ar fáil i ndáil le bainistiú iascaigh inbhuanaithe; |
(b) |
breathnú a dhéanamh ar straitéisí ilbhliantúla maidir le caomhnú agus bainistiú a fhorbairt mar bhonn chun TACanna agus bearta bainistíochta eile a shocrú; |
(c) |
straitéisí ilbhliantúla a fhorbairt chun stoic neamhchuóta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 500(2) a chaomhnú agus a bhainistiú; |
(d) |
breathnú a dhéanamh ar bhearta le haghaidh bainistiú agus caomhnú, lena n-áirítear bearta éigeandála agus bearta chun roghnaíocht na hiascaireachta a áirithiú; |
(e) |
cineálacha cur chuige a mheas maidir le sonraí a bhailiú chun críocha bainistíochta eolaíochta agus iascaigh, le sonraí den sórt sin a chomhroinnt (lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, le comhlíonadh a rialú agus lena fhorfheidhmiú), agus le comhairliúchán le comhlachtaí eolaíocha maidir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá le fáil; |
(f) |
breathnú a dhéanamh ar bhearta chun comhlíonadh na rialacha is infheidhme a áirithiú, lena n-áirítear comhchláir rialaithe, faireacháin agus faireachais agus malartú sonraí chun faireachán a dhéanamh ar ghlacadh deiseanna iascaireachta agus ar rialú agus forfheidhmiú; |
(g) |
na treoirlínte a fhorbairt chun na TACanna dá dtagraítear i mír 5 d' Airteagal 499(5) a shocrú; |
(h) |
ullmhúcháin a dhéanamh do chomhairliúcháin bhliantúla; |
(i) |
breathnú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le calafoirt a ainmniú le haghaidh cur i dtír, lena n-áirítear é a éascú do na Páirtithe fógra tráthúil a thabhairt faoi na hainmnithe sin agus faoi aon athruithe ar na hainmniúcháin sin; |
(j) |
amlínte a bhunú chun bearta a fhógairt dá dtagraítear in Airteagal 496(3), cur in iúl liostaí na soithí dá dtagraítear in Airteagal 497(1) agus an fógra dá dtagraítear in Airteagal 498(7); |
(k) |
fóram a chur ar fáil le haghaidh comhairliúcháin faoi Airteagal 501(2) agus Airteagal 506(4); |
(l) |
treoirlínte a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 500; |
(m) |
sásra a fhorbairt chun deiseanna iascaireachta a aistriú go deonach go bliantúil idir na Páirtithe, dá dtagraítear in Airteagal 498(8); agus |
(n) |
cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Airteagal 502 agus Airteagal 503 a mheas. |
2. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach bearta a ghlacadh, lena n-áirítear cinntí agus moltaí:
(a) |
ábhair arna gcomhaontú ag na Páirtithe a thaifeadadh tar éis comhairliúcháin faoi Airteagal 498; |
(b) |
i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d), (e), (f), (g), (i), (j), (l), (m) agus (n) de mhír 1 den Airteagal seo; |
(c) |
liosta na n-oibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 496(2) a leasú; |
(d) |
i ndáil le haon ghné eile den chomhar maidir le bainistíocht iascaigh inbhuanaithe faoin gCeannteideal seo; agus |
(e) |
maidir leis na módúlachtaí athbhreithniúcháin faoi Airteagal 510. |
3. Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta Iarscríbhinní 35, 36 agus 37 a leasú.
Airteagal 509
Foirceannadh
1. Gan dochar d’Airteagal 779 nó d’Airteagal 521, féadfaidh gach Páirtí an Ceannteideal seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh Ceannteideal a hAon, Ceannteideal a Dó, Ceannteideal a Trí agus an Ceannteideal seo de bheith i bhfeidhm ar an gcéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra.
2. I gcás ina bhfoirceannfar an Ceannteideal seo de bhun mhír 1 den Airteagal seo, Airteagal 779 nó Airteagal 521, na hoibleagáidí arna nglacadh ag na Páirtithe faoin gCeannteideal seo don bhliain ina scoirfidh an Ceannteideal seo de bheith i bhfeidhm, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí deireadh na bliana.
3. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ceannteideal a Dó leanúint de bheith i bhfeidhm, má chomhaontaíonn na Páirtithe na codanna ábhartha de Theideal XI de Cheannteideal a hAon a chomhtháthú.
4. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 779] ná d’Airteagal 521:
(a) |
mura gcomhaontófar a mhalairt idir na Páirtithe, Airteagal 502, Airteagal 503 agus aon fhoráil eile den Cheannteideal seo a mhéid a bhaineann sí leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí:
|
(b) |
chun críocha phointe (a)(i), féadfar fógra foirceanta a thabhairt i leith ceann amháin nó níos mó de Bháillcheantar Gheansaí, de Bháillcheantar Gheirsí nó d'Oileán Mhanann agus Airteagal 502, Airteagal 503, agus aon fhoráil eile den Cheannteideal seo a mhéid a bhaineann leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm sna críocha sin nár tugadh fógra um fhoirceannadh ina leith; agus |
(c) |
chun críocha phointe (a)(i), má scoirfidh Airteagal 520(3) go (5) de bheith i bhfeidhm i leith ceann amháin nó níos mó de Bháillcheantar Gheansaí, Báillcheantar Gheirsí nó Oileán Mhanann, Airteagal 502, Airteagal 503 agus aon fhoráil eile den Cheannteideal seo a mhéid a bhaineann leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm sna críocha sin ina leanfaidh Airteagal 520(3) go (5) de bheith i bhfeidhm. |
Airteagal 510
Clásal athbhreithnithe
1. Déanfaidh na Páirtithe, laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Cheannteidil seo ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn 38 d’fhonn a mheas an féidir socruithe, lena n-áirítear socruithe a bhaineann le rochtain ar uiscí, a chódú agus a neartú tuilleadh.
2. Féadfar an t-athbhreithniú sin a athdhéanamh ina dhiaidh sin i gceann tréimhsí de cheithre bliana tar éis an chéad athbhreithnithe.
3. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le módúlachtaí an athbhreithnithe tríd an gCoiste Speisialaithe um Iascach.
4. Leis an athbhreithniú, beifear in ann, go háirithe, meastóireacht a dhéanamh, i ndáil leis na blianta roimhe sin, ar na nithe seo a leanas:
(a) |
na forálacha maidir le rochtain ar uiscí a chéile faoi Airteagal 500; |
(b) |
scaireanna TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinní 35, 36 agus 37; |
(c) |
líon agus méid na n-aistrithe mar chuid de chomhairliúcháin bhliantúla faoi Airteagal 498(4) agus aon aistriú faoi Airteagal 498(8); |
(d) |
na luaineachtaí sna TACanna bliantúla; |
(e) |
comhlíonadh na bhforálacha faoin gCeannteideal seo ag an dá Pháirtí agus comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir leis na soithí sin ag soithí gach Páirtí nuair atá siad in uiscí an Pháirtí eile; |
(f) |
cineál agus méid an chomhair faoin gCeannteideal seo; agus |
(g) |
aon ghné eile a chinneann na Páirtithe, roimh ré, tríd an gCoiste Speisialaithe um Iascach. |
Airteagal 511
Ceangal le comhaontuithe eile
1. Faoi réir mhír 2, beidh an Teideal seo gan dochar do chomhaontuithe eile atá ann cheana idir na Páirtithe a bhaineann le hiascaireacht ag soithí a bhfuil bratach Páirtí amháin ar foluain acu laistigh de limistéar dlínse an Pháirtí eile.
2. Tiocfaidh an Ceannteideal seo in ionad aon chomhaontú nó aon socrú atá ann cheana i ndáil le hiascaireacht ag soithí iascaireachta an Aontais san fharraige theorann in aice le Báillcheantar Gheansaí, Báillcheantar Gheirsí nó Oileán Mhanann agus i ndáil le hiascaireacht ag soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe atá cláraithe i mBáillcheantar Gheansaí, Báillcheantar Gheirsí nó Oileán Mhanann san fharraige theorann atá in aice le Ballstát. Má tá cinneadh déanta ag an gComhairle Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 502, áfach, go scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir le Báillcheantar Gheansaí, Báillcheantar Gheirsí nó Oileán Mhanann, ní chuirfear rud eile in ionad na gcomhaontuithe nó na socruithe ábhartha agus ní athrófar iad i ndáil leis an gcríoch nó na críocha a bhfuil cinneadh den sórt sin glactha ina leith.
CEANNTEIDEAL A SÉ
FORÁLACHA EILE
Airteagal 512
Sainmhínithe
Mura sonraítear a mhalairt, chun críocha Chuid a Dó, an Prótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus an Prótacal maidir le comhar riaracháin agus maidir le calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarás custaim’:
|
(b) |
ciallaíonn ‘dleacht chustaim’ aon dleacht nó muirear d'aon chineál a fhorchuirtear ar allmhairiú earra nó i ndáil leis an allmhairiú sin, nach bhfuil na nithe seo a leanas san áireamh leis:
|
(c) |
ciallaíonn ‘CPC’ an tAicmiú Lárnach Táirgí Sealadach (Páipéir Staidrimh, Sraith M Uimh. 77, An Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta Idirnáisiúnta, Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, 1991); |
(d) |
ciallaíonn ‘atá ann cheana’ a bhfuil éifeacht aige ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm; |
(e) |
ciallaíonn ‘earraí de chuid Páirtí’ earra baile de réir bhrí GATT 1994, lena n-áirítear earraí tionscnaimh de chuid an Pháirtí sin; |
(f) |
ciallaíonn 'Córas Comhchuibhithe’ nó ‘CC’ an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, lena n-áirítear gach nóta dlí agus gach leasú dlí orthu arna bhforbairt ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim; |
(g) |
ciallaíonn ‘ceannteideal’ na chéad cheithre dhigit den uimhir aicmiúcháin taraife faoin gCóras Comhchuibhithe; |
(h) |
ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas dlíthiúil atá comhdhéanta mar is cuí nó atá eagraithe ar bhealach eile faoin dlí is infheidhme, bíodh sin ar mhaithe le brabús nó eile, agus bíodh sé faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht rialtais, lena n-áirítear aon chorparáid, iontaobhas, comhpháirtíocht, comhfhiontar, dílseánacht aonair nó comhlachas; |
(i) |
áirítear le ‘beart’ aon bheart de chuid Páirtí, cibé acu i bhfoirm dlí, rialacháin, rialach, nós imeachta, cinnidh, gnímh riaracháin, ceanglais nó cleachtais; (71) |
(j) |
ciallaíonn ‘bearta Páirtí’ aon bhearta arna nglacadh nó arna gcothabháil ag:
|
(k) |
ciallaíonn ‘duine nádúrtha de chuid Páirtí’ (72):
|
(l) |
ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach; |
(m) |
ciallaíonn ‘beart sláintíochta nó fíteashláintíochta’ aon bheart dá dtagraítear i mír 1 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Comhaontú SPS; |
(n) |
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch atá lasmuigh de raon feidhme críochach an Chomhaontaithe seo; |
(o) |
agusciallaíonn ‘EDT’ an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. |
Airteagal 513
Comhaontuithe EDT
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, déantar tagairt do Chomhaontuithe EDT mar a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘Comhaontú ar Thalmhaíocht’ an Comhaontú ar Thalmhaíocht, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(b) |
ciallaíonn ‘Comhaontú Frithdhumpála’ an Comhaontú maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil a Chur chun Feidhme 1994 |
(c) |
ciallaíonn ‘GATS’ an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí, atá in Iarscríbhinn 1B a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(d) |
ciallaíonn ‘GATT 1994’ an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(e) |
ciallaíonn ‘GPA’ an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais atá in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT (74); |
(f) |
ciallaíonn ‘Comhaontú maidir le Bearta Cosanta’ an Comhaontú maidir le Bearta Cosanta atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(g) |
ciallaíonn ‘Comhaontú SCM’ an Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(h) |
ciallaíonn ‘Comhaontú SPS’ an Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(i) |
ciallaíonn ‘Comhaontú BTT’ an Comhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil, atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú EDT; |
(j) |
ciallaíonn ‘Comhaontú TRIPS’ an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil, atá in Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú EDT; agus |
(k) |
ciallaíonn ‘Comhaontú EDT’ Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, arna dhéanamh in Marrakech an 15 Aibreán 1994. |
Airteagal 514
Limistéar saorthrádála a bhunú
Leis seo, bunaíonn na Páirtithe limistéar saorthrádála i gcomhréir le hAirteagal XXIV de GATT 1994 agus le hAirteagal V de GATS.
Airteagal 515
Ceangal le Comhaontú EDT
Dearbhaíonn na Páirtithe na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu i leith a chéile faoi Chomhaontú EDT agus faoi chomhaontuithe eile a bhfuil siad ina bpáirtí iontu.
Ní fhorléireofar aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglaíonn ar cheachtar Páirtí gníomhú ar bhealach atá ar neamhréir lena oibleagáidí faoi Chomhaontú EDT.
Airteagal 516
Cásdlí EDT
I léiriú agus i gcur i bhfeidhm fhorálacha na Coda seo, cuirfear san áireamh léirithe ábhartha i dtuarascálacha ó phainéil EDT agus ón gComhlacht Achomhairc arna nglacadh ag Comhlacht um Réiteach Díospóidí EDT, chomh maith le léirithe i ndámhachtainí eadrána faoin gChomhaontú um Réiteach Díospóidí.
Airteagal 517
Oibleagáidí a chomhlíonadh
Glacfaidh gach Páirtí aon bheart ginearálta nó sonrach is gá chun a n-oibleagáidí faoin gCuid seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh rialtais agus údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla, chomh maith le comhlachtaí neamhrialtasacha, an Chuid seo a chomhlíonadh agus iad ag feidhmiú na cumhachtaí arna dtarmligean chucu.
Airteagal 518
Tagairtí do dhlíthe agus do Chomhaontuithe eile
1. Mura sonraítear a mhalairt, i gcás ina ndéantar tagairt sa Chuid seo do dhlíthe agus do rialacháin de chuid Páirtí, tuigfear go mbeidh leasuithe ar na dlíthe agus na rialacháin sin san áireamh leo.
2. Mura sonraítear a mhalairt, i gcás ina ndéantar tagairt do chomhaontuithe idirnáisiúnta sa Chuid seo, nó ina ndéantar iad a ionchorprú sa Chuid seo, go hiomlán nó i bpáirt, tuigfear go mbeidh san áireamh leo leasuithe orthu nó a gcomhaontuithe comharba a thiocfaidh i bhfeidhm don dá Pháirtí ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo nó dá éis. Má thagann aon ábhar chun cinn maidir le forálacha na Coda seo a chur chun feidhme nó a chur i bhfeidhm mar thoradh ar na leasuithe sin nó ar na comhaontuithe comharba sin, féadfaidh na Páirtithe, ar iarraidh ó cheachtar Páirtí, dul i gcomhairle lena chéile d'fhonn réiteach sásúil a fháil don dá thaobh maidir leis an ábhar sin de réir mar is gá.
Airteagal 519
Cúraimí na Comhairle Comhpháirtíochta i gCuid a Dó
Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta:
(a) |
cinntí a ghlacadh chun an méid seo a leanas a leasú:
|
(b) |
cinntí a ghlacadh chun léirithe ar fhorálacha sa Chuid seo. |
Airteagal 520
Cur i bhfeidhm geografach
1. Beidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe seo a bhaineann le cóir taraife earraí, lena n-áirítear rialacha tionscnaimh agus an chóir sin a chur ar fionraí go sealadach, i ndáil leis an Aontas, maidir leis na limistéir sin de chríoch chustaim an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (75), nach gcumhdaítear le pointe (a) d’Airteagal 774(1).
2. Gan dochar d’Airteagal 774(2), (3) agus (4), beidh feidhm freisin ag cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoin gCuid seo maidir leis na limistéir lastall d’fharraige theorann gach Páirtí, lena n-áirítear grinneall na farraige agus fo-ithir na farraige sin, a bhfeidhmíonn an Páirtí sin cearta ceannasacha nó dlínse orthu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus a dhlíthe agus a rialacháin atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta (76).
3. Faoi réir na n-eisceachtaí atá i mír 4 den Airteagal seo, beidh feidhm freisin ag Caibidlí 1, 2 agus 5 de Theideal IV de Cheannteideal a hAon agus na Prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis na Caibidlí sin, i ndáil leis an Ríocht Aontaithe, maidir leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 774(2). Chun na críche sin, measfar gur cuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe na críocha dá dtagraítear in Airteagal 774(2). Beidh údaráis chustaim na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 774(2) freagrach as na Caibidlí sin agus na Prótacail agus Iarscríbhinní a ghabhann leis na Caibidlí sin a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme ina gcríocha faoi seach. Léifear tagairtí do ‘údarás custaim’ sna forálacha sin dá réir sin. Maidir le hiarrataí agus teachtaireachtaí a dhéanfar faoi na Caibidlí sin, áfach, agus na Prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis na Caibidlí sin, riarfaidh údarás custaim na Ríochta Aontaithe iad.
4. Airteagal 110, Iarscríbhinn 18 agus an Prótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú, ní bheidh feidhm aige i mBáillcheantar Gheirsí ná i mBáillcheantar Gheansaí.
5. Beidh feidhm freisin ag Caibidil 3 agus 4 de Theideal a hAon agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCaibidil sin, i ndáil leis an Ríocht Aontaithe, maidir leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 774(2). Beidh údaráis na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 774(2) freagrach as an gCaibidil sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCaibidil sin a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme ina gcríocha faoi seach agus léifear na tagairtí ábhartha dá réir sin. Maidir le hiarrataí agus teachtaireachtaí a dhéanfar faoin gCaibidil sin, áfach, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCaibidlil sin, riarfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe iad.
6. Gan dochar d’Airteagal 779] agus Airteagal 521 agus mura gcomhaontófar a mhalairt idir na Páirtithe, fanfaidh míreanna 3 go 5 den Airteagal seo i bhfeidhm go dtí an ceann is túisce díobh seo a leanas:
(a) |
dul in éag tréimhse trí bliana tar éis fógra foirceanta a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile; nó |
(b) |
an dáta a scoirfidh Airteagal 502, Airteagal 503 agus aon fhoráil eile de Cheannteideal a Cúig a mhéid a bhaineann leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin d’fheidhm a bheith acu. |
7. Chun críocha phointe (a) de mhír 6, féadfar fógra foirceanta a thabhairt maidir le ceann amháin nó níos mó de Bháillcheantar Gheansaí, de Bháillcheantar Gheirsí nó d’Oileán Mhanann agus leanfaidh míreanna 3 go 5 den Airteagal seo d’fheidhm a bheith acu maidir leis na críocha sin nár tugadh fógra foirceanta ina leith.
8. Chun críocha phointe (b) de mhír 6, más rud é nach leanfaidh Airteagal 502, Airteagal 503 agus aon fhoráil eile de Cheannteideal a Cúig, a mhéid a bhaineann leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin de bheith i bhfeidhm maidir le ceann amháin nó níos mó de Bháillcheantar Gheansaí, de Bháillcheantar Gheirsí agus d’Oileán Mhanann (ach ní leo go léir), leanfaidh míreanna 3 go 5 den Airteagal seo de bheith i bhfeidhm sna críocha sin, agus fanfaidh Airteagal 502, Airteagal 503 agus aon fhoráil eile de Cheannteideal a Cúig a mhéid a bhaineann leis na socruithe dá bhforáiltear sna hAirteagail sin de bheith i bhfeidhm ina leith sin.
Airteagal 521
Cuid a Dó a Fhoirceannadh
Gan dochar d’Airteagal 779, féadfaidh gach Páirtí an Chuid seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhíthin bealaí taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh an Chuid seo de bheith i bhfeidhm an chéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra. Ceannteideal a Ceathair agus an Prótacal maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta, ní fhoirceannfar iad de bhun an Airteagail seo.
CUID A TRÍ
FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 522
Cuspóir
1. Is é is cuspóir don Chuid seo foráil a dhéanamh maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, ar an taobh eile, i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.
2. Níl feidhm ag an gCuid seo ach maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a tharlaíonn go heisiach idir an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, agus an tAontas agus na Ballstáit, ar an taobh eile. Níl feidhm aige maidir le cásanna a thagann chun cinn idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ná níl feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí údarás a bhfuil freagrachtaí orthu an tslándáil náisiúnta a chosaint agus iad ag gníomhú sa réimse sin.
Airteagal 523
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír seachas Ballstát nó an Ríocht Aontaithe; |
(b) |
ciallaíonn ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, próiseáil sonraí géiniteacha agus sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha; |
(c) |
ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ na sonraí pearsanta uile a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch a tugadh ón duine aonair atá i gceist; |
(d) |
ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil shonrach agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha; |
(e) |
ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó aon tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú; |
(f) |
ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach; |
(g) |
ciallaíonn ‘córas comhdúcháin’ aon tacar struchtúrtha sonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an tacar sin láraithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach; |
(h) |
ciallaíonn ‘an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach’ an Coiste faoin ainm sin a bhunaítear le hAirteagal 8. |
Airteagal 524
Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint
1. Is ar urraim sheanbhunaithe na bPáirtithe agus na mBallstát don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint atá an comhar dá bhforáiltear sa Chuid seo bunaithe, lena n-áirítear mar atá leagtha amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus i gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus maidir lena thábhachtaí atá sé na cearta agus na saoirsí bunúsacha sa Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm ar bhonn intíre.
2. Ní bheidh d'éifeacht ag aon ní dá bhfuil sa Chuid seo go modhnófar an oibleagáid cearta bunúsacha agus prionsabail dlí a urramú mar a léirítear, go háirithe, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus, i gcás an Aontais agus a Bhallstát, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 525
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Is ar ghealltanas seanbhunaithe na bPáirtithe ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh sonraí pearsanta atá an comhar sa Chuid seo bunaithe.
2. Chun an ardleibhéal cosanta sin a léiriú, áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoin gCuid seo faoi réir coimircí éifeachtacha i gcórais na bPáirtithe faoi seach, lena n-áirítear:
(a) |
go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach agus go cothrom, i gcomhréir le prionsabail an íoslaghdaithe sonraí, an teorannaithe de réir cuspóra, an chruinnis agus an teorannaithe stórála; |
(b) |
ní cheadaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta ach a mhéid is gá agus faoi réir coimircí iomchuí atá curtha in oiriúint do rioscaí sonracha na próiseála; |
(c) |
go n-áiritheofar leibhéal slándála is iomchuí don riosca a bhaineann leis an bpróiseáil trí bhearta ábhartha teicniúla agus eagraíochtúla, go háirithe a mhéid a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil; |
(d) |
go dtabharfar cearta in-fhorfheidhmithe d'ábhair sonraí maidir le rochtain, ceartú agus léirscriosadh, faoi réir srianta féideartha dá bhforáiltear le dlíthe arb ionann iad agus bearta riachtanacha agus comhréireacha i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail a chosaint; |
(e) |
i gcás sárú i ndáil le sonraí a chruthaíonn riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, go dtabharfar fógra don údarás inniúil maoirseachta gan moill mhíchuí faoin sárú; i gcás inar dóchúil go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú, go dtabharfar fógra freisin do na hábhair sonraí, faoi réir srianta féideartha dá bhforáiltear le dlíthe arb ionann iad agus bearta riachtanacha agus comhréireacha i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail a chosaint; |
(f) |
nach gceadófar aistrithe ar aghaidh chuig tríú tír ach amháin faoi réir coinníollacha agus coimircí atá iomchuí don aistriú lena n-áiritheofar nach mbainfear an bonn den leibhéal cosanta; |
(g) |
go n-áiritheoidh údaráis neamhspleácha go ndéanfar maoirseacht ar chomhlíonadh coimircí cosanta sonraí agus go bhforfheidhmeofar coimircí cosanta sonraí; agus |
(h) |
go dtabharfar cearta in-fhorfheidhmithe d'ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin nó sásamh breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina ndéanfar sárú ar choimircí cosanta sonraí. |
3. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, agus an tAontas, thar ceann aon cheann dá Ballstáit freisin, ar an taobh eile, fógra don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach maidir leis na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le comhar faoin gCuid seo agus as comhlíonadh na rialacha sin a áirithiú. Oibreoidh údaráis mhaoirseachta i gcomhar le chéile chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Chuid seo.
4. Na forálacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar amach sa Chuid seo, tá feidhm acu maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.
5. Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhorálacha sonracha sa Chuid seo a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil.
Airteagal 526
Raon feidhme an chomhair i gcás nach bhfuil Ballstát rannpháirteach a thuilleadh i mbearta analógacha faoi dhlí an Aontais
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo má scoireann Ballstát de bheith rannpháirteach i bhforálacha de dhlí an Aontais a bhaineann le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla atá analógach le forálacha ábhartha na Coda seo, nó má scoireann sé de chearta a bheith aige faoi na forálacha sin.
2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Aontas i scríbhinn go bhfuil sé beartaithe aici scor d'fhorálacha ábhartha na Coda seo a oibriú i ndáil leis an mBallstát sin.
3. Beidh feidhm ag fógra a thugtar faoi mhír 2 ar an dáta a shonraítear ann, ar dáta é nach luaithe ná an dáta a scoirfidh an Ballstát de bheith rannpháirteach i bhforálacha dhlí an Aontais nó a scoirfidh sé de chearta a bheith aige faoi fhorálacha dhlí an Aontais, dá dtagraítear i mír 1.
4. Má thugann an Ríocht Aontaithe fógra faoin Airteagal seo go bhfuil sé ar intinn aici scor d'fhorálacha ábhartha na Coda seo a oibriú, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach le chéile chun a chinneadh cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar arna thionscnamh faoin gCuid seo a ndéanfaidh an scor difear dó a thabhairt i gcrích ar dhóigh iomchuí. In aon chás, maidir leis na sonraí pearsanta uile a fhaightear trí chomhar faoi fhorálacha ábhartha na Coda seo sula scoirfidh siad de bheith ag feidhmiú, áiritheoidh na Páirtithe, tar éis éifeacht a bheith leis an scor, go gcoinneofar ar bun an leibhéal cosanta faoinar aistríodh na sonraí.
5. Tabharfaidh an tAontas fógra i scríbhinn don Ríocht Aontaithe, trí bhealaí taidhleoireachta, maidir leis an dáta a bheidh an Ballstát rannpháirteach arís sna forálacha de dhlí an Aontais atá i gceist, nó maidir leis an dáta a bheidh cearta aige faoin dlí sin arís. Athbhunófar feidhmiú fhorálacha ábhartha na Coda seo ar an dáta sin nó, más déanaí ná sin é, ar an gcéad lá den mhí tar éis an lae a tugadh an fógra sin.
6. Chun feidhmiú an Airteagail seo a éascú, cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas i gcás ina scoirfidh Ballstát de bheith rannpháirteach i bhforálacha de dhlí an Aontais a bhaineann le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla atá analógach le forálacha ábhartha na Coda seo, nó má scoireann sé de chearta a bheith aige faoi na forálacha sin.
TEIDEAL II
MALARTUITHE DNA, MÉARLOIRG AGUS SONRAÍ CLÁRÚCHÁIN FEITHICLE
Airteagal 527
Cuspóir
Is é cuspóir an Teidil seo comhar agus malartú faisnéise a bhunú go cómhalartach idir an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, agus na Ballstáit, ar an taobh eile, maidir le haistriú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithicle náisiúnta áirithe.
AIRTEAGAL 528
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe dlí inniúil’ údarás póilíneachta intíre, údarás custaim intíre nó údarás eile intíre atá údaraithe leis an dlí baile cionta nó gníomhaíochtaí coiriúla a bhrath, a chosc agus a imscrúdú agus údarás a fheidhmiú agus bearta comhéigneacha a dhéanamh i gcomhthéacs gníomhaíochtaí den sórt sin; chun críocha an Teidil seo, ní údarás forfheidhmithe dlí inniúil iad gníomhaireachtaí, comhlachtaí ná aonaid eile a bhíonn ag déileáil go háirithe le saincheisteanna slándála náisiúnta; |
(b) |
ciallaíonn ‘cuardach’ agus ‘comparáid’, dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 539, na nósanna imeachta lena suitear an bhfuil meaitseáil ann idir sonraí DNA nó sonraí dachtalascópacha atá curtha in iúl ag Stát amháin agus sonraí DNA nó sonraí dachtalascópacha atá stóráilte i mbunachair ceann amháin de chuid Stáit amháin, roinnt Stát, nó na Stáit eile uile; |
(c) |
ciallaíonn ‘cuardach uathoibrithe’, dá dtagraítear in Airteagal 537, nós imeachta rochtana ar líne chun bunachair sonraí de chuid Stáit amháin, roinnt Stát, nó na Stáit eile uile a cheadú; |
(d) |
ciallaíonn ‘cuid neamhchódaitheach de DNA’ réigiúin chrómasómacha nach sloinntear go géiniteach, i.e. nach eol go soláthraíonn siad aon airíonna feidhmiúla atá ag orgánach; |
(e) |
ciallaíonn ‘próifíl DNA’ cód litreacha nó uimhreacha a léiríonn tacar saintréithe aitheantais den chuid neamhchódaitheach de shampla DNA daonna a ndearnadh anailís air, i.e. an struchtúr móilíneach faoi leith ag na láithreacha éagsúla DNA (loci); |
(f) |
ciallaíonn ‘sonraí tagartha DNA’ próifíl DNA agus uimhir thagartha; ní áireofar i sonraí tagartha DNA ach próifílí DNA a bhunófar ón gcuid neamhchódaithe de DNA agus uimhir thagartha; ní bheidh aon sonraí lenar féidir an t-ábhar sonraí a aithint go díreach i sonraí tagartha DNA; beidh sé le haithint gur sonraí tagartha nach bhfuil curtha i leith aon duine nádúrtha (próifílí DNA gan aithint) iad sonraí dá leithéid; |
(g) |
ciallaíonn ‘próifíl DNA thagartha’ próifíl DNA duine shainaitheanta; |
(h) |
ciallaíonn ‘próifíl DNA gan aithint’ an phróifíl DNA a fhaightear ó rianta a bhailítear le linn cionta coiriúla a imscrúdú agus a bhaineann le duine nach bhfuil sainaitheanta go fóill; |
(i) |
ciallaíonn ‘nóta’ marcáil Stáit ar phróifíl DNA ina bhunachar sonraí náisiúnta lena léirítear go raibh meaitseáil ann cheana féin don phróifíl DNA sin maidir le cuardach nó comparáid ag Stát eile; |
(j) |
ciallaíonn ‘sonraí dachtalascópacha’ íomhánna méarlorg, íomhánna de mhéarloirg neamhfhollasa, loirg dhearnan, loirg dhearnan neamhfhollasa agus teimpléid d'íomhánna den sórt sin (mionphointí códaithe), nuair a stóráiltear iad agus nuair a dhéileáiltear leo i mbunachar sonraí uathoibrithe; |
(k) |
ciallaíonn ‘sonraí tagartha DNA’ próifíl DNA agus uimhir thagartha; ní bheidh aon sonraí lenar féidir an t-ábhar sonraí a aithint go díreach i sonraí tagartha dachtalascópacha; ní mór sonraí tagartha dachtalascópacha nach bhfuil curtha i leith aon duine nádúrtha (sonraí dachtalascópacha gan aithint) a aithint mar shonraí den chineál sin; |
(l) |
ciallaíonn ‘sonraí clárúcháin feithicle’ an tacar sonraí mar a shonraítear i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn 39; |
(m) |
ciallaíonn ‘cás aonair’, dá dtagraítear in Airteagal 530(1), an dara habairt, Airteagal 537(1), an dara habairt agus Airteagal 537(1), comhad aonair imscrúdaithe nó ionchúisimh; má tá níos mó ná próifíl DNA amháin, nó níos mó ná píosa amháin de shonraí dachtalascópacha nó de shonraí clárúcháin feithicle sa chomhad sin, féadfar iad a tharchur le chéile mar aon iarraidh amháin; |
(n) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht saotharlainne’ aon bheart a dhéantar i saotharlann ina ndéantar rianta ar ítimí a aimsiú agus a aisghabháil, chomh maith le fianaise fhóiréinseach maidir le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha a fhorbairt, a anailísiú agus a léiriú, d'fhonn tuairimí ó shaineolaithe a chur ar fáil nó fianaise fhóiréinseach a mhalartú; |
(o) |
ciallaíonn ‘torthaí gníomhaíochtaí saotharlainne’ aon aschur anailíseach agus aon léiriú a bhfuil baint dhíreach acu leis; |
(p) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse fóiréinseach’ aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach, a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne fóiréinseacha, arna iarraidh sin ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag údaráis bhreithiúnacha inniúla; |
(q) |
ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ an t-aon chomhlacht amháin i Stát a dhéanann creidiúnú agus a bhfuil údarás aige chuige sin ón Stát. |
Airteagal 529
Comhaid anailíse DNA náisiúnta a bhunú
1. Déanfaidh na Stáit comhaid anailíse DNA náisiúnta a oscailt agus a choimeád chun cionta coiriúla a imscrúdú.
2. Chun an Teideal seo a chur chun feidhme, áiritheoidh na Stáit go mbeidh sonraí tagartha DNA ar fáil óna gcomhaid anailíse DNA náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.
3. Dearbhóidh na Stáit na comhaid anailíse DNA náisiúnta ag a bhfuil feidhm ag Airteagail 529 go 532 agus Airteagail 535, 536 agus 539 agus na coinníollacha le haghaidh cuardach uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 530(1).
Airteagal 530
Cuardach uathoibrithe ar phróifílí DNA
1. Chun cionta coiriúla a imscrúdú, ceadóidh na Stáit do phointí teagmhála náisiúnta Stát eile dá dtagraítear in Airteagal 535, rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha DNA ina gcomhaid anailíse DNA, in éineacht leis an gcumhacht cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí phróifílí DNA a chur i gcomparáid le chéile. Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh ach amháin i gcásanna aonair agus i gcomhréir le dlí baile an Stáit iarrthaigh.
2. Má léiríonn cuardach uathoibrithe go meaitseálann an phróifíl DNA a soláthraíodh leis na próifílí DNA a iontráladh i gcomhad cuardaigh an Stáit iarrtha, gheobhaidh pointe teagmhála náisiúnta an Stáit iarrthaigh, ar bhealach uathoibrithe, na sonraí tagartha DNA lenar aimsíodh meaitseáil. Mura féidir aon mheaitseáil a aimsiú, cuirfear é sin in iúl go huathoibríoch.
Airteagal 531
Comparáid uathoibrithe idir próifílí DNA
1. Chun cionta coiriúla a imscrúdú, déanfaidh na Stáit, trína bpointí teagmhála náisiúnta, próifílí DNA a bpróifílí DNA neamhaitheanta a chur i gcomparáid le gach próifíl DNA ó shonraí tagartha comhad anailíse DNA náisiúnta eile i gcomhréir le socruithe praiticiúla a nglactar go frithpháirteach leo idir na Stáit lena mbaineann. Soláthrófar próifílí DNA agus cuirfear i gcomparáid iad i bhfoirm uathoibrithe. Ní sholáthrófar próifílí DNA neamhaitheanta lena gcur i gcomparáid ach amháin má fhoráiltear dóibh faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh.
2. Má mheasann Stát, de thoradh na comparáide dá dtagraítear i mír 1, go meaitseálann aon phróifíl DNA arna soláthar ag Stát eile le haon cheann de na próifílí atá ina chomhaid anailíse DNA, déanfaidh sé na sonraí tagartha DNA ar thángthas ar mheaitseáil leo a sholáthar gan mhoill do phointe teagmhála náisiúnta an Stáit eile sin.
Airteagal 532
Ábhar ceallach a bhailiú agus próifílí DNA a sholáthar
Más rud é, in imscrúduithe leanúnacha nó in imeachtaí coiriúla, nach bhfuil aon phróifíl DNA ar fáil do dhuine nádúrtha ar leith atá i láthair ar chríoch Stáit iarrtha, cuirfidh an Stát iarrtha cúnamh dlíthiúil ar fáil trí ábhar ceallach ón duine nádúrtha sin a bhailiú agus a scrúdú agus tríd an bpróifíl DNA a fuarthas a sholáthar don Stát iarrthach, más rud é:
(a) |
go sonróidh an Stát iarrthach an cuspóir ar chuige a éilítear sin; |
(b) |
go dtaispeánfaidh an Stát iarrthach barántas nó ráiteas imscrúdaithe arna eisiúint ag an údarás inniúil, mar a cheanglaítear faoi dhlí náisiúnta an Stáit sin, lena léireofaí go gcomhlíonfaí na ceanglais maidir le hábhar ceallach a bhailiú agus a scrúdú dá mbeadh an duine nádúrtha lena mbaineann i láthair ar chríoch an Stáit iarrthaigh; agus |
(c) |
faoi dhlí an Stáit iarrtha, go gcomhlíontar na ceanglais maidir le hábhar ceallach a bhailiú agus a scrúdú agus maidir leis an bpróifíl DNA a fuarthas a sholáthar. |
Airteagal 533
Sonraí dachtalascópacha
Chun an Teideal seo a chur chun feidhme, áiritheoidh na Stáit go mbeidh na sonraí tagartha dachtalascópacha ón gcomhad ar fáil do na córais uathoibrithe náisiúnta um shainaithint méarlorg arna mbunú chun cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú.
Airteagal 534
Cuardach uathoibrithe ar shonraí dachtalascópacha
1. Chun cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú, ceadóidh na Stáit do phointí teagmhála náisiúnta Stát eile, dá dtagraítear in Airteagal 535, rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha sna córais uathoibrithe um shainaithint méarlorg atá bunaithe acu chun na críche sin, leis an gcumhacht cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí shonraí dachtalascópacha a chur i gcomparáid le chéile. Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh ach amháin i gcásanna aonair agus i gcomhréir le dlí baile an Stáit iarrthaigh.
2. Déanfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Stáit iarrthaigh dearbhú ar mheaitseáil idir sonraí dachtalascópacha agus sonraí tagartha atá i seilbh an Stáit iarrtha trí bhíthin sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha a éilítear le haghaidh meaitseáil shoiléir.
Airteagal 535
Pointí teagmhála náisiúnta
1. Chun sonraí a sholáthar dá dtagraítear in Airteagail 530, 531 agus 534, ainmneoidh na Stáit pointí teagmhála náisiúnta.
2. Maidir leis na Ballstáit, measfar gur pointí teagmhála náisiúnta chun críoch an Teidil seo iad na pointí teagmhála náisiúnta atá ainmnithe le haghaidh malartú sonraí den sórt sin.
3. Beidh cumhachtaí na bpointí teagmhála náisiúnta faoi rialú ag an dlí baile is infheidhme.
Airteagal 536
Sonraí pearsanta breise agus faisnéis eile a sholáthar
Má léirítear leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 530, 531 agus 534 meaitseáil idir próifílí DNA nó sonraí dachtalascópacha, beidh soláthar na sonraí pearsanta breise atá ar fáil agus na faisnéise eile a bhaineann leis na sonraí tagartha faoi rialú dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, lena n-áirítear na rialacha maidir le cúnamh dlíthiúil, gan dochar d'Airteagal 539(1).
Airteagal 537
Sonraí clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibríoch
1. Chun cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú agus chun déileáil le cionta eile a thagann faoi dhlínse na gcúirteanna nó na seirbhíse ionchúisimh poiblí sa Stát iarrthach, agus chun an tslándáil phoiblí a chaomhnú, ceadóidh na Stáit do phointí teagmhála náisiúnta Stát eile, dá dtagraítear i mír 2, rochtain a fháil ar na sonraí clárúcháin feithicle náisiúnta seo a leanas, agus beidh sé de chumhacht acu cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh i gcásanna ar leith:
(a) |
sonraí a bhaineann le húinéirí nó le hoibreoirí; agus |
(b) |
sonraí a bhaineann le feithiclí. |
2. Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh faoi mhír 1 ach le huimhir fonnaidh iomlán nó le huimhir chlárúcháin iomlán agus i gcomhréir le dlí baile an Stáit is cuardaitheoir.
3. Chun sonraí a sholáthar dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh na Stáit pointe teagmhála náisiúnta le haghaidh iarrataí isteach ó Stáit eile. Beidh cumhachtaí na bpointí teagmhála náisiúnta faoi rialú ag an dlí baile is infheidhme.
Airteagal 538
Creidiúnú soláthraithe seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne
1. Áiritheoidh na Stáit go bhfuil a soláthraithe seirbhíse fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe baile mar sholáthraithe a chomhlíonann EN ISO/IEC 17025.
2. Áiritheoidh gach Stát go n-aithneoidh na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú go mbeidh torthaí soláthraithe seirbhíse fóiréinseacha creidiúnaithe a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne i Stáit eile chomh hiontaofa céanna le torthaí soláthraithe seirbhíse fóiréinseacha náisiúnta a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne atá creidiúnaithe do EN ISO/IEC 17025.
3. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe cuardaigh ná comparáid uathoibrithe de réir Airteagail 530, 531 agus 534 sula mbeidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo curtha chun feidhme agus curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe.
4. Ní dhéanann míreanna 1 ná 2 difear do rialacha náisiúnta maidir le measúnú breithiúnach ar fhianaise.
5. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe téacs na bpríomhfhorálacha a glacadh chun forálacha an Airteagail seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm a chur in iúl don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
Airteagal 539
Bearta cur chun feidhme
1. Chun críocha an Teidil seo, cuirfidh na Stáit gach catagóir sonraí ar fáil le haghaidh cuardaigh agus comparáide d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Stát eile faoi choinníollacha a bheidh comhionann leis na coinníollacha faoina bhfuil siad ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla náisiúnta lena gcuardach agus lena gcur i gcomparáid le chéile. Chun críocha an Teidil seo, soláthróidh na Ballstáit sonraí pearsanta breise atá ar fáil agus faisnéis eile a bhaineann leis na sonraí tagartha dá dtagraítear in Airteagal 536 d'údaráis inniúla Stát eile faoi na coinníollacha céanna a thabharfadh siad d'údaráis náisiúnta.
2. Chun na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 537 a chur chun feidhme, leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta in Iarscríbhinn 39.
Airteagal 540
Meastóireacht ex-ante
1. Chun a fhíorú ar chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 539 agus in Iarscríbhinn 39, déanfar cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach, a mhéid is gá de réir Iarscríbhinn 39, maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus is faoi choinníollacha agus socruithe is inghlactha ag an Ríocht Aontaithe a dhéanfar sin. In aon chás, déanfar triail phíolótach a reáchtáil i ndáil le cuardach sonraí faoi Airteagal 537.
2. Ar bhonn tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta agus, más infheidhme, ar bhonn na trialach píolótaí de réir mar a thagraítear di i mír 1, cinnfidh an tAontas an dáta nó na dátaí óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a sholáthar don Ríocht Aontaithe de bhun an Teidil seo.
3. Go dtí go mbeidh toradh ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1, ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, féadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 536 go dtí an dáta nó na dátaí a chinnfidh an tAontas i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ach tráth nach faide ná naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach síneadh nach faide ná 9 mí a chur leis an tréimhse sin uair amháin.
Airteagal 541
Fionraí agus dífheidhmiú
1. I gcás ina measann an tAontas gur gá an Teideal seo a leasú, toisc go leasaítear reachtaíocht de chuid an Aontais a bhaineann leis an ábhar a rialaítear leis an Teideal seo, nó go bhfuil sé á leasú go substaintiúil, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe dá réir sin d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le leasú foirmiúil ar an gComhaontú seo i ndáil leis an Teideal seo. Tar éis fógra den sórt sin a fháil, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin.
2. Más rud é, laistigh de 9 mí tar éis an fógra sin a fháil, nach mbeidh comhaontú lena leasaítear an Teideal seo tugtha i gcrích ag na Páirtithe, féadfaidh an tAontas cinneadh a dhéanamh cur i bhfeidhm an Teidil seo nó cur i bhfeidhm aon fhorála de a chur ar fionraí ar feadh tréimhse suas go 9 mí. Roimh dheireadh na tréimhse sin, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir leis an bhfionraí a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí 9 mí. Más rud é, faoi dheireadh na tréimhse fionraí, nach mbeidh an comhaontú lena leasaítear an Teideal seo tugtha i gcrích ag na Páirtithe, scoirfidh a fhorálacha d'fheidhm a bheith acu ar an gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse fionraí dul in éag, ach amháin má chuireann an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe nach bhfuil aon leasú ar an Teideal seo á lorg aici a thuilleadh. Sa chás sin, athbhunófar forálacha an Teidil seo.
3. Má thugann an Ríocht Aontaithe fógra faoin Airteagal seo go bhfuil sé ar intinn aici scor d'fhorálacha ábhartha an Teidil seo a oibriú, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach le chéile chun a chinneadh cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar arna thionscnamh faoin Teideal seo a ndéanfaidh an scor difear dó a thabhairt i gcrích ar dhóigh iomchuí. Más rud é, faoi dheireadh na tréimhse fionraí, nach mbeidh réiteach bainte amach ag na Páirtithe maidir leis an Teideal seo, scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige ar an gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse fionraí dul in éag, mura gcuirfidh an Páirtí a thug fógra in iúl don Pháirtí eile gur mian leis an fógra a tharraingt siar.
TEIDEAL III
SONRAÍ I dTAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ A AISTRIÚ AGUS A PHRÓISEÁIL
Airteagal 542
Raon feidhme
1. Leagtar síos sa Teideal seo rialacha faoina bhféadfar sonraí i dtaifid ainmneacha paisinéirí a aistriú chuig údaráis inniúil na Ríochta Aontaithe agus faoina bhféadfaidh siad iad a phróiseáil agus a úsáid i gcás eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus leagtar amach inti na bearta cosanta i ndáil leis sin.
2. Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le haeriompróirí a oibríonn eitiltí paisinéirí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
3. Tá feidhm ag an Teideal seo freisin maidir le haeriompróirí a dhéanann sonraí a ionchorprú nó a stóráil san Aontas agus a oibríonn eitiltí paisinéirí chuig an Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe.
4. Foráiltear leis an Teideal seo freisin do chomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas maidir le sonraí PNR.
Airteagal 543
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige lena gceadaítear dó paisinéirí a iompar d'aer idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas; |
(b) |
ciallaíonn ‘taifead ainmneacha paisinéirí’ (‘PNR’) taifead de riachtanais taistil gach paisinéara ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar áirithintí a phróiseáil agus a rialú tríd an áirithint agus trí na haeriompróirí rannpháirteacha le haghaidh gach turas a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar a cheann, cibé acu atá sé i gcórais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta a úsáidtear chun paisinéirí a sheiceáil isteach in eitiltí, nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna; go sonrach, mar a úsáidtear sa Theideal seo, is éard atá i sonraí PNR na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn 40; |
(c) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil na Ríochta Aontaithe’ údarás na Ríochta Aontaithe atá freagrach as sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil faoin gComhaontú seo; má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ag an Ríocht Aontaithe, soláthróidh sí saoráid fuinneoige aonair do shonraí paisinéirí trínar féidir le haeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig pointe iontrála aonair don tarchur sonraí agus ainmneoidh sí pointe teagmhála aonair chun iarrataí a fháil agus a dhéanamh faoi Airteagal 546; |
(d) |
ciallaíonn ‘Aonaid um fhaisnéis faoi phaisinéirí’ (‘PIUnna’) na hAonaid arna mbunú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit atá freagrach as sonraí PNR a ghlacadh agus a phróiseáil; |
(e) |
ciallaíonn ‘sceimhlitheoireacht’ aon chion a liostaítear in Iarscríbhinn 45; |
(f) |
ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ aon chion is inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe. |
Airteagal 544
Na cuspóirí atá le húsáid sonraí PNR
1. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear de bhun an Teidil seo a phróiseáil chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus chun maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí PNR agus chun an méid sin amháin a dhéanamh laistigh de na téarmaí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
2. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR a phróiseáil i gcás inar gá chun leasanna ríthábhachtacha aon duine nádúrtha a chosaint, amhail sna cásanna seo a leanas:
(a) |
riosca báis nó mórdhíobhála; nó |
(b) |
riosca suntasach don tsláinte phoiblí, go háirithe mar a aithnítear faoi chaighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. |
3. Féadfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR a phróiseáil freisin ar bhonn cás ar chás i gcás ina n-éileoidh cúirt nó binse riaracháin de chuid na Ríochta Aontaithe sonraí ábhartha PNR a nochtadh in imeacht a bhaineann go díreach le cuspóir faoi mhír 1.
Airteagal 545
A áirithiú go gcuirtear sonraí PNR ar fáil
1. Áiritheoidh an tAontas nach gcuirfear cosc ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe de bhun an Teidil seo.
2. Áiritheoidh an tAontas go bhféadfaidh aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe trí ghníomhairí údaraithe a ghníomhaíonn thar ceann aeriompróra agus faoi fhreagracht aeriompróra de bhun an Teidil seo.
3. Ní cheanglóidh an Ríocht Aontaithe ar aeriompróir eilimintí de shonraí PNR a chur ar fáil nach bhfuil bailithe cheana nó nach bhfuil i seilbh an aeriompróra cheana féin chun críoch áirithinte.
4. Scriosfaidh an Ríocht Aontaithe aon sonraí arna n-aistriú ag aeriompróir chuici de bhun an Teidil seo a luaithe a gheobhaidh sí iad, mura mbeidh an eilimint sonraí sin liostaithe in Iarscríbhinn 40.
Airteagal 546
Comhar póilíneachta agus breithiúnach
1. Roinnfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe le Europol nó le Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe faoi seach, nó le PIUnna na mBallstát, gach faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ina mbeidh sonraí PNR chomh luath agus is féidir i gcásanna sonracha nuair is gá chun sceimhlitheoireacht nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
2. Ar iarraidh ó Europol nó ó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe faoi seach, nó ó PIU Ballstáit, roinnfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR, torthaí próiseála na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach ina bhfuil sonraí PNR, i gcásanna sonracha nuair is gá chun sceimhlitheoireacht nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
3. Déanfaidh PIUnna na mBallstát gach faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ina mbeidh sonraí PNR a roinnt le húdarás inniúil na Ríochta Aontaithe a luaithe is féidir i gcásanna sonracha nuair is gá chun sceimhlitheoireacht nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
4. Ar iarraidh ó údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, roinnfidh PIUnna na mBallstát sonraí PNR, torthaí próiseála na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach ina bhfuil sonraí PNR, i gcásanna sonracha nuair is gá chun sceimhlitheoireacht nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
5. Áiritheoidh na Páirtithe go roinnfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 i gcomhréir le comhaontuithe agus socruithe maidir le forfheidhmiú an dlí nó comhroinnt faisnéise idir an Ríocht Aontaithe agus Europol, Eurojust, nó an Ballstát lena mbaineann. Go háirithe, déanfar faisnéis a mhalartú le Europol faoin Airteagal seo tríd an mbealach slán cumarsáide chun faisnéis a mhalartú trí Europol.
6. Áiritheoidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus PIUnna na mBallstát nach roinnfear ach an t-íosmhéid sonraí PNR is gá faoi mhíreanna 1 go 4.
Airteagal 547
Neamh-idirdhealú
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go mbeidh feidhm ag na coimircí is infheidhme maidir le próiseáil sonraí PNR maidir le gach duine nádúrtha ar bhonn comhionann gan idirdhealú a dhéanamh nach bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis.
Airteagal 548
Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a úsáid
Toirmiscfear aon phróiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta faoin Teideal seo. A mhéid a bheidh catagóirí speisialta de shonraí pearsanta san áireamh in aon sonraí PNR a aistrítear chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, déanfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe na sonraí sin a scriosadh láithreach.
Airteagal 549
Slándáil agus sláine sonraí
1. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe bearta rialála, nós imeachta nó teicniúla chun feidhme chun sonraí PNR a chosaint ar rochtain, próiseáil nó caillteanas de thaisme, neamhdhleathach nó neamhúdaraithe.
2. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe fíorú comhlíontachta agus cosaint, slándáil, rúndacht, agus sláine na sonraí. I dtaca leis sin, déanfaidh an Ríocht Aontaithe:
(a) |
nósanna imeachta criptiúcháin, údaraithe agus doiciméadaithe a chur i bhfeidhm maidir le sonraí PNR; |
(b) |
rochtain ar shonraí PNR a theorannú go hoifigigh údaraithe; |
(c) |
sonraí PNR a choinneáil i dtimpeallacht fhisiceach shlán a chosnaítear le rialuithe rochtana; agus |
(d) |
sásra a bhunú lena n-áiritheofar go ndéanfar cuardaigh ar shonraí PNR ar bhealach a bheidh i gcomhréir le hAirteagal 544. |
3. Má dhéantar sonraí PNR duine nádúrtha a rochtain nó a nochtadh gan údarú, déanfaidh an Ríocht Aontaithe bearta chun an duine nádúrtha sin a chur ar an eolas, chun an riosca díobhála a mhaolú, agus chun gníomhaíocht feabhais a dhéanamh.
4. Cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach ar an eolas go pras faoi aon teagmhas suntasach maidir le rochtain, próiseáil nó cailleadh sonraí PNR de thaisme, go neamhdhleathach nó go neamhúdaraithe.
5. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go bhfuil aon sárú ar shlándáil sonraí, go háirithe aon sárú a mbeidh scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó cailleadh, athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe de thaisme, nó próiseáil neamhdhleathach d'aon chineál mar thoradh air, faoi réir bearta ceartaitheacha éifeachtacha athchomhairleacha a bhféadfadh smachtbhannaí a bheith san áireamh leo.
Airteagal 550
Trédhearcacht agus fógra a thabhairt do phaisinéirí
1. Cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an méid seo a leanas ar fáil ar a shuíomh gréasáin:
(a) |
liosta den reachtaíocht lena n-údaraítear bailiú sonraí PNR; |
(b) |
an cuspóir/na cuspóirí atá le bailiú sonraí PNR; |
(c) |
an bealach ina ndéanfar sonraí PNR a chosaint; |
(d) |
an modh agus an méid a fhéadfar na sonraí PNR a nochtadh; |
(e) |
faisnéis maidir leis na cearta rochtana, ceartúcháin, nodaireachta agus sásaimh; agus |
(f) |
faisnéis teagmhála le haghaidh fiosrúchán. |
2. Oibreoidh na Páirtithe le tríú páirtithe leasmhara, amhail an tionscal eitlíochta agus aerthaistil, chun trédhearcacht a chur chun cinn, tráth na háirithinte, maidir leis na cuspóirí atá le sonraí PNR a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid, agus maidir leis an gcaoi le rochtain, ceartú agus sásamh a iarraidh. Cuirfidh aeriompróirí faisnéis shoiléir fhóinteach ar fáil do phaisinéirí maidir le haistriú sonraí PNR faoin Teideal seo, lena n-áirítear an t-údarás a gheobhaidh an fhaisnéis, maidir le cuspóir an aistrithe agus an ceart rochtain agus leasú ar shonraí pearsanta an phaisinéara a aistríodh a iarraidh ar an údarás a gheobhaidh an fhaisnéis.
3. I gcás inar úsáideadh sonraí PNR arna gcoinneáil i gcomhréir le hAirteagal 552 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 553] nó inar nochtadh iad i gcomhréir le hAirteagal 555 nó le hAirteagal 556, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra do na paisinéirí lena mbaineann i scríbhinn, ar bhonn aonair agus laistigh de thréimhse ama réasúnach a luaithe nach mbeidh baol ann a thuilleadh go gcuirfear imscrúdaithe údaráis an Rialtais i gcontúirt leis an bhfógra sin a mhéid a bheidh sonraí teagmhála ábhartha na bpaisinéirí ar fáil nó a mhéid ar féidir iad a aisghabháil agus iarrachtaí réasúnacha á gcur san áireamh. Áireofar san fhógra faisnéis faoin gcaoi ar féidir leis an duine nádúrtha lena mbaineann sásamh riaracháin nó breithiúnach a lorg.
Airteagal 551
Próiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR
1. Áiritheoidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe go mbeidh aon phróiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR bunaithe ar shamhlacha agus ar chritéir réamhbhunaithe atá neamh-idirdhealaitheach, sonrach agus iontaofa chun na nithe seo a leanas a chur ar chumas:
(a) |
cairt a thabhairt do thorthaí lena ndírítear ar dhaoine nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith faoi amhras réasúnach go bhfuil siad páirteach sa sceimhlitheoireacht nó sa choireacht thromchúiseach nó go bhfuil siad rannpháirteach sa sceimhlitheoireacht nó sa choireacht thromchúiseach; nó |
(b) |
in imthosca eisceachtúla, cosaint a thabhairt do leasanna ríthábhachtacha aon duine nádúrtha mar a leagtar amach in Airteagal 544(2). |
2. Áiritheoidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe go mbeidh na bunachair sonraí lena gcuirfear sonraí PNR i gcomparáid iontaofa, cothrom le dáta agus teoranta do na bunachair sin a úsáideann an Ríocht Aontaithe i ndáil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 544.
3. Ní dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe aon chinneadh a dhéanfaidh difear suntasach do dhuine nádúrtha ar bhonn próiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR amháin.
Airteagal 552
Sonraí PNR a choinneáil
1. Ní choinneoidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana ón dáta a gheobhaidh sí na sonraí PNR.
2. Ar dhul in éag don tréimhse sé mhí tar éis na sonraí PNR dá dtagraítear i mír 1 a aistriú, déanfar na sonraí PNR uile a dhíphearsantú trí na heilimintí sonraí seo a leanas a cheilt lena bhféadfaí an paisinéir a mbaineann na sonraí PNR sin leis a shainaithint go díreach:
(a) |
ainm(neacha), lena n-áirítear ainmneacha paisinéirí eile ar an Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus líon na bpaisinéirí ar an Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus iad ag taisteal le chéile; |
(b) |
seoladh, uimhir theileafóin agus faisnéis teagmhála leictreonach an phaisinéara, na ndaoine a chuir an eitilt in áirithe don phaisinéir, na ndaoine trína bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an bpaisinéir aeir agus na ndaoine a gcuirfear ar an eolas iad i gcás éigeandála; |
(c) |
gach faisnéis íocaíochta agus bhilleála atá ar fáil sa mhéid go bhfuil aon fhaisnéis iontu lena bhféadfaí an paisinéir a mbaineann an PNR leis a shainaithint go díreach; |
(d) |
faisnéis maidir le dílseacht eitilte; |
(e) |
faisnéis fhorlíontach eile (OSI), faisnéis seirbhíse speisialta (SSI) agus faisnéis maidir le hiarraidh ar sheirbhís speisialta (SSR), sa mhéid go bhfuil aon fhaisnéis iontu lena bhféadfaí an paisinéir a mbaineann an PNR leis a shainaithint go díreach; agus |
(f) |
aon réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bailíodh. |
3. Ní fhéadfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR a nochtadh ach amháin más gá sin chun imscrúduithe a dhéanamh chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 544. Ní bheidh rochtain ar shonraí PNR nochta ach ag líon teoranta oifigeach a bheidh údaraithe go sonrach.
4. D'ainneoin mhír 1, scriosfaidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR na bpaisinéirí tar éis dóibh imeacht ón tír mura léirítear i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil. Chun an riachtanas sin a bhunú, sainaithneoidh an Ríocht Aontaithe fianaise oibiachtúil ónar féidir a thuiscint go bhfuil riosca ann do phaisinéirí áirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí.
5. Chun críoch mhír 4, ach amháin má tá faisnéis ar fáil ar dháta beacht an imeachta, ba cheart an dáta imeachta a mheas mar an lá deiridh den tréimhse fanachta dleathach uasta sa Ríocht Aontaithe don phaisinéir lena mbaineann.
6. Tá úsáid na sonraí a choinnítear faoin Airteagal seo faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 553.
7. Déanfaidh comhlacht riaracháin neamhspleách sa Ríocht Aontaithe measúnú bliantúil ar an gcur chuige a chuirtear i bhfeidhm ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an ngá atá le sonraí PNR a choinneáil de bhun mhír 4.
8. D'ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 4, féadfaidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR a choinneáil, sonraí is gá i ndáil le haon ghníomhaíocht shonrach, athbhreithniú, imscrúdú, gníomhaíocht forfheidhmithe, imeacht breithiúnach, ionchúiseamh, nó forfheidhmiú pionós, go dtí go dtabharfar chun críche iad.
9. Scriosfaidh an Ríocht Aontaithe na sonraí PNR ag deireadh na tréimhse coinneála sonraí PNR.
10. Tá feidhm ag mír 11 mar gheall ar na himthosca speisialta lena gcuirtear cosc ar an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh chun na córais phróiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad is a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir leis a athrú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4.
11. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ó mhír 4 ar bhonn sealadach le haghaidh idirthréimhse, ar tréimhse í a ndéileáiltear lena fad i mír 13, go dtí go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla chun feidhme a luaithe is féidir. Le linn na hidirthréimhse, cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe cosc ar úsáid na sonraí PNR atá le scriosadh i gcomhréir le mír 4 trí na coimircí breise seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR sin:
(a) |
ní bheidh rochtain ar shonraí PNR ach ag líon teoranta oifigeach údaraithe agus ach amháin i gcás inar gá chun a chinneadh ar cheart na sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4; |
(b) |
diúltófar don iarraidh ar shonraí PNR a úsáid i gcásanna ina ndéanfar na sonraí a scriosadh i gcomhréir le mír 4, agus ní dheonófar aon rochtain eile ar na sonraí sin i gcás ina léirítear leis an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (d) gur diúltaíodh d’iarraidh níos luaithe ar úsáid; |
(c) |
déanfar sonraí PNR a áirithiú a luaithe is féidir trí leas á bhaint as dianiarrachtaí, agus na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 á gcur san áireamh; agus |
(d) |
déanfar an méid seo a leanas a dhoiciméadú i gcomhréir le hAirteagal 554 agus cuirfear an doiciméadacht sin ar fáil don chomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo:
|
12. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas a sholáthar don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus arís bliain ina dhiaidh sin má chuirtear síneadh leis an idirthréimhse ar feadh bliain bhreise:
(a) |
tuarascáil ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, lena n-áireofar tuairim údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) i dtaobh ar cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach na coimircí dá bhforáiltear i mír 11 den Airteagal seo; agus |
(b) |
measúnú na Ríochta Aontaithe an bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 fós ann, mar aon le tuairisc ar na hiarrachtaí a rinneadh chun córais próiseála PNR na Ríochta Aontaithe a chlaochlú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. |
13. Tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithniúnach le chéile laistigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo chun an tuarascáil agus an measúnú dá bhforáiltear faoi mhír 12 a bhreithniú. I gcás ina bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 fós ann, cuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 11 ar feadh bliana. Cuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh leis an idirthréimhse ar feadh bliain bhreise, an bhliain deiridh, faoi na coinníollacha céanna agus i gcomhréir leis an nós imeachta céanna don chéad síneadh más rud é, ina theannta sin, go ndearnadh dul chun cinn suntasach, cé nach rabhthas in ann córais próiseála PNR na Ríochta Aontaithe a chlaochlú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4.
14. Má mheasann an Ríocht Aontaithe nach raibh údar le diúltú ón gComhairle Comhpháirtíochta ceachtar de na síntí sin a dheonú, féadfaidh sí an Teideal seo a chur ar fionraí trí fhógra aon mhí amháin a thabhairt.
15. Ar chothrom trí bliana an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, scoirfidh míreanna 10 go 14 d'fheidhm a bheith acu.
Airteagal 553
Coinníollacha maidir le húsáid sonraí PNR
1. Féadfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe úsáid a bhaint as sonraí PNR a choinnítear i gcomhréir le hAirteagal 552 chun críoch seachas seiceálacha slándála agus seiceálacha rialaithe teorann, lena n-áirítear aon nochtadh faoi Airteagal 555 agus Airteagal 556, ach amháin i gcás ina léireofar in imthosca nua atá bunaithe ar fhorais oibiachtúla go bhféadfadh sonraí PNR ó phaisinéir amháin nó níos mó a bheith ina rannchuidiú éifeachtach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 544 a bhaint amach.
2. Úsáid sonraí PNR ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le mír 1, beidh sí faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin sa Ríocht Aontaithe bunaithe ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na Ríochta Aontaithe a cuireadh isteach faoi chuimsiú chreat dlíthiúil náisiúnta na nósanna imeachta chun coireacht a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh, seachas sna cásanna seo a leanas:
(a) |
i gcásanna práinne a suitear go bailí; nó |
(b) |
chun iontaofacht agus airgeadra na samhlacha réamhbhunaithe agus na gcritéar ar a bhfuil uathphróiseáil sonraí PNR bunaithe a fhíorú, nó chun samhlacha agus critéir nua a shainiú don phróiseáil sin. |
Airteagal 554
Próiseáil sonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú
Déanfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an phróiseáil uile a dhéantar ar shonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú. Ní úsáidfidh sí logáil nó doiciméadacht den sórt sin ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú; |
(b) |
chun sláine cheart sonraí a áirithiú; |
(c) |
chun slándáil na próiseála sonraí a áirithiú; agus |
(d) |
chun formhaoirseacht a áirithiú. |
Airteagal 555
Nochtadh laistigh den Ríocht Aontaithe
1. Ní nochtfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR d'údaráis rialtais eile sa Ríocht Aontaithe mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
go nochtfar sonraí PNR d'údaráis rialtais a bhfuil baint dhíreach ag a gcuid feidhmeanna leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 544 |
(b) |
gur ar bhonn cás ar chás amháin a nochtfar na sonraí PNR; |
(c) |
go bhfuil gá leis an nochtadh, sna himthosca ar leith, chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 544; |
(d) |
nach nochtfar ach an t-íosmhéid sonraí PNR is gá; |
(e) |
go dtabharfaidh an t-údarás rialtais is faighteoir cosaint atá coibhéiseach leis na coimircí a thuairiscítear sa Teideal seo; agus |
(f) |
nach nochtfaidh an t-údarás rialtais is faighteoir na sonraí PNR d'eintiteas eile mura rud é go dtabharfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe a bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo á n-urramú aige údarú an nochtadh a dhéanamh. |
2. Agus faisnéis anailíseach ina bhfuil sonraí PNR a fuarthas faoin Teideal seo á n-aistriú, tá feidhm na cosaintí a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 556
Nochtadh lasmuigh den Ríocht Aontaithe
1. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe nach nochtfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR d'údaráis phoiblí i dtríú Stáit mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) |
go nochtfar sonraí PNR d'údaráis rialtais a bhfuil baint dhíreach ag a gcuid feidhmeanna leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 544; |
(b) |
gur ar bhonn cás ar chás amháin a nochtfar na sonraí PNR; |
(c) |
nach nochtfar sonraí PNR ach amháin más gá le haghaidh na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 544; |
(d) |
nach nochtfar ach an t-íosmhéid sonraí PNR is gá; agus |
(e) |
go bhfuil an tríú Stát dá nochtar na sonraí PNR tar éis comhaontú a thabhairt i gcrích leis an Aontas lena bhforáiltear do chosaint sonraí pearsanta atá inchomparáide leis an gComhaontú seo nó atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún Eorpach de bhun dhlí an Aontais, lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú Stát leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí de réir bhrí dhlí an Aontais. |
2. Mar eisceacht ar phointe (e) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR a aistriú chuig tríú tír sna cásanna seo a leanas:
(a) |
go measann ceann an údaráis sin, nó oifigeach sinsearach arna shainordú go sonrach ag an gceann, go bhfuil gá leis an nochtadh chun cosc agus imscrúdú a dhéanamh ar gharbhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó chun leasanna ríthábhachtacha aon duine nádúrtha a chosaint; agus |
(b) |
go dtugann an tríú tír sin dearbhú i scríbhinn, de bhun socraithe, comhaontaithe nó eile, go gcosnófar an fhaisnéis i gcomhréir leis na coimircí is infheidhme faoi dhlí na Ríochta Aontaithe maidir le próiseáil sonraí PNR a fhaightear ón Aontas, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Teideal seo. |
3. Déanfar aistriú i gcomhréir le mír 2 a dhoiciméadú. Déanfar an doiciméadacht sin a chur ar fáil don údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 525(3) arna iarraidh sin, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoin údarás glactha, an bonn cirt a bhí leis an aistriú agus na sonraí PNR a aistríodh.
4. Más rud é, i gcomhréir le mír 1 nó 2, go nochtfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe sonraí PNR a bailíodh faoin Teideal seo agus ar de thionscnamh Ballstáit iad, cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an nochtadh in iúl d'údaráis an Bhallstáit sin a luaithe is féidir. Eiseoidh an Ríocht Aontaithe an fógra sin i gcomhréir le comhaontuithe nó socruithe maidir le forfheidhmiú an dlí nó comhroinnt faisnéise idir an Ríocht Aontaithe agus an Ballstát sin.
5. Agus faisnéis anailíseach ina bhfuil sonraí PNR a fuarthas faoin Teideal seo á n-aistriú, tá feidhm ag na cosaintí a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 557
An modh aistrithe
Aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ar bhonn an ‘mhodha brú’, agus ar an mbonn sin amháin, modh lena n-aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR isteach i mbunachar sonraí údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta seo a leanas a bheidh le comhlíonadh ag aeriompróirí, trína ndéanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a) |
sonraí PNR a aistriú go leictreonach i gcomhréir le ceanglais theicniúla údarás inniúil na Ríochta Aontaithe nó, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh teicniúil, trí aon mheán iomchuí eile lena n-áirithítear leibhéal iomchuí slándála sonraí; |
(b) |
sonraí PNR a aistriú le formáid teachtaireachta a nglactar léi go frithpháirteach; agus |
(c) |
sonraí PNR a aistriú ar bhealach slán trí úsáid a bhaint as prótacail choiteanna de réir mar a éilíonn údarás inniúil na Ríochta Aontaithe. |
Airteagal 558
Minicíocht an aistrithe
1. Cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe de cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú:
(a) |
i dtosach báire, tráth nach luaithe ná 96 uair an chloig roimh an am imeachta sceidealta le haghaidh seirbhíse eitilte; agus |
(b) |
cúig huaire ar a mhéad de réir mar a shonróidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe. |
2. Ceadóidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe d’aeriompróirí teorainn a chur leis an aistriú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 chun na haistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír sin a thabhairt cothrom le dáta.
3. Cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe na haeriompróirí ar an eolas faoi na hamanna sonraithe le haghaidh na n-aistrithe.
4. I gcásanna sonracha ina léirítear go bhfuil gá le rochtain bhreise chun freagairt do bhagairt shonrach a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 544, féadfaidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe a cheangal ar aeriompróir sonraí PNR a chur ar fáil roimh na haistrithe sceidealta, idir na haistrithe sceidealta nó ina ndiaidh. Agus an rogha sin á feidhmiú aige, gníomhóidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe go breithiúnach agus go comhréireach agus úsáidfidh sé an modh aistrithe a bhfuil cur síos air in Airteagal 557.
Airteagal 559
Comhar
Oibreoidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus PIUnna na mBallstát i gcomhar le chéile chun comhleanúnachas a gcóras próiseála sonraí PNR a shaothrú ar dhóigh a chuirfidh tuilleadh le slándáil daoine aonair sa Ríochta Aontaithe, san Aontas agus in áiteanna eile.
Airteagal 560
Neamh-mhaolú
Ní fhorléireofar an Teideal seo mar mhaolú ar aon oibleagáid a bheidh ar an Ríocht Aontaithe agus ar na Ballstáit nó ar thríú tíortha iarraidh faoi ionstraim um chúnamh frithpháirteach a dhéanamh nó a fhreagairt.
Airteagal 561
Comhairliúchán agus athbhreithniú
1. Cuirfidh na Páirtithe in iúl dá chéile aon bheart atá le hachtú a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don Teideal seo.
2. Nuair a dhéanfaidh na Páirtithe athbhreithnithe comhpháirteacha ar an Teideal seo dá dtagraítear in Airteagal 691(1), tabharfaidh na Páirtithe aird ar leith ar an ngá atá le sonraí PNR a phróiseáil agus a choinneáil, agus ar chomhréireacht na próiseála agus na coinneála sin, le haghaidh gach ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 544. Áireofar sna hathbhreithnithe comhpháirteacha freisin scrúdú maidir leis an gcaoi ar áirithigh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe go bhfuil na samhlacha, na critéir agus na bunachair sonraí réamhbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 551 iontaofa, ábhartha agus cothrom le dáta, agus sonraí staidrimh á gcur san áireamh.
Airteagal 562
Comhar faoin Teideal seo a chur ar fionraí
1. I gcás ina measfaidh ceachtar Páirtí nach iomchuí a thuilleadh leanúint d'oibriú an Teidil seo, féadfaidh sé fógra dá réir sin a thabhairt don Pháirtí eile go bhfuil ar intinn aige cur i bhfeidhm an Teidil seo a chur ar fionraí. Tar éis fógra den sórt sin a fháil, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin.
2. Más rud é, laistigh de 6 mhí tar éis an fógra sin a fháil, nach mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag na Páirtithe, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a chinneadh cur i bhfeidhm an Teidil seo a chur ar fionraí ar feadh tréimhse suas go 6 mhí. Roimh dheireadh na tréimhse sin, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir leis an bhfionraí a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí 6 mhí. Más rud é, faoi dheireadh na tréimhse fionraí, nach mbeidh réiteach bainte amach ag na Páirtithe maidir leis an Teideal seo, scoirfidh an Teideal d'fheidhm a bheith aige ar an gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse fionraí dul in éag, mura gcuirfidh an Páirtí a thug fógra in iúl don Pháirtí eile gur mian leis an fógra a tharraingt siar. Sa chás sin, athbhunófar forálacha an Teidil seo.
3. Má thugann an Ríocht Aontaithe fógra faoin Airteagal seo go bhfuil sé ar intinn aici scor d'fhorálacha ábhartha an Teidil seo a oibriú, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach le chéile chun a chinneadh cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar arna thionscnamh faoin Teideal seo a ndéanfaidh an scor difear dó a thabhairt i gcrích ar dhóigh iomchuí. Más rud é, faoi dheireadh na tréimhse fionraí, nach mbeidh réiteach bainte amach ag na Páirtithe maidir leis an Teideal seo, scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige ar an gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse fionraí dul in éag, mura gcuirfidh an Páirtí a thug fógra in iúl don Pháirtí eile gur mian leis an fógra a tharraingt siar.
TEIDEAL IV
COMHAR MAIDIR LE FAISNÉIS OIBRÍOCHTÚIL
Airteagal 563
Comhar maidir le Faisnéis Oibríochtúil
1. Is é cuspóir an Teidil seo go n-áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus na mBallstát in ann, faoi réir choinníollacha a ndlí baile agus laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, agus a mhéid nach ndéantar foráil maidir leis sin i dTeidil eile den Chuid seo, cúnamh a thabhairt dá chéile trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun na gcríoch seo a leanas:
(a) |
cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; |
(b) |
pionóis choiriúla a fhorghníomhú; |
(c) |
coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc; agus |
(d) |
sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. |
2. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás póilíneachta, údarás custaim nó údarás eile intíre a bhfuil an inniúlacht aige faoin dlí baile chun gníomhaíochtaí a dhéanamh chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1.
3. Féadfaidh údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit faisnéis, lena n-áirítear faisnéis maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh, chomh maith le nithe, a iarraidh nó a sholáthar go spontáineach d'údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit. Féadfar faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh nó go spontáineach, faoi réir choinníollacha an dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis an údarás inniúil atá ag soláthar na faisnéise agus laistigh de raon feidhme a chumhachtaí.
4. Féadfar faisnéis a iarraidh agus a chur ar fáil a mhéid nach bhforáiltear sna coinníollacha sa dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis an údarás iarrthach nó an t-údarás inniúil atá ag soláthar na faisnéise nach mór an iarraidh nó an soláthar faisnéise a dhéanamh nó a chur ar fáil trí údaráis bhreithiúnacha.
5. I gcásanna práinneacha, tabharfaidh an t-údarás inniúil a thugann an fhaisnéis freagairt d’iarraidh, nó cuirfidh sé faisnéis ar fáil go spontáineach a luaithe is féidir.
6. Féadfaidh údarás inniúil de chuid an Stáit iarrathaigh, i gcomhréir leis an dlí baile lena mbaineann, tráth déanta na hiarrata nó tráth níos déanaí, toiliú a lorg ón Stát atá ag soláthar na faisnéise chun an fhaisnéis a úsáid chun críoch fianaiseach in imeachtaí os comhair údarás breithiúnach. Féadfaidh an Stát atá ag soláthar na faisnéise, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i dTeideal VIII agus choinníollacha an dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis, toiliú le húsáid na faisnéise chun críoch fianaiseach os comhair údarás breithiúnach sa Stát iarrthach. Mar an gcéanna, i gcás ina soláthrófar faisnéis go spontáineach, féadfaidh an Stát atá ag soláthar na faisnéise toiliú leis an bhfaisnéis a bheith á húsáid chun críoch fianaiseach in imeachtaí os comhair údarás breithiúnach sa Stát is faighteoir. I gcás nach dtugtar toiliú faoin mír seo, ní úsáidfear an fhaisnéis a fhaightear chun críoch fianaiseach in imeachtaí os comhair údaráis bhreithiúnaigh.
7. Féadfaidh an t-údarás inniúil a sholáthraíonn an fhaisnéis, faoin dlí baile lena mbaineann, coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na faisnéise arna soláthar.
8. Féadfaidh údarás inniúil aon chineál faisnéise atá ina sheilbh a sholáthar faoin Teideal seo, faoi réir choinníollacha an dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis agus laistigh de raon feidhme a chumhachtaí. Ní fhéadfaidh faisnéis ó fhoinsí eile a bheith san áireamh leis sin, ach amháin má cheadaítear an fhaisnéis sin a aistriú sa chreat faoina bhfuair an t-údarás inniúil a chuir ar fáil í.
9. Féadfar faisnéis a sholáthar faoin Teideal seo trí aon chainéal cumarsáide iomchuí, lena n-áirítear an bealach slán cumarsáide chun faisnéis a sholáthar trí Europol.
10. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d’oibriú ná do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, ar choinníoll go ngníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh sé difear ach oiread d’aon chumhachtaí eile atá ar fáil d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe nó na mBallstát faoin dlí baile nó faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme chun cúnamh a chur ar fáil trí fhaisnéis a roinnt chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1.
TEIDEAL V
COMHAR LE EUROPOL
Airteagal 564
Cuspóir
Is é cuspóir an Teidil seo caidreamh comhoibritheach a bhunú idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe agus an ghníomhaíocht sin a neartú, chomh maith lena gcomhar frithpháirteach maidir leis an gcoireacht thromchúiseach, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta a dhéanann difear do leas coiteann arna chumhdach ag beartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac, dá dtagraítear in Airteagal 566.
Airteagal 565
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘Europol’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (79) (‘Rialachán Europol’); |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Europol agus, na Ríochta Aontaithe, údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí baile atá freagrach faoin dlí baile as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac; |
Airteagal 566
Foirmeacha coireachta
1. Baineann an comhar a bhunaítear faoin Teideal seo leis na foirmeacha coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol, mar a liostaítear in Iarscríbhinn 41, lena n-áirítear cionta coiriúla gaolmhara.
2. Is cionta coiriúla gaolmhara iad cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil chun na foirmeacha coireachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, cionta coiriúla arna ndéanamh chun gníomhartha den sórt sin a éascú nó a dhéanamh, agus cionta coiriúla a dhéantar chun a áirithiú go mbeidh gníomhartha den sórt sin saor ó phionós.
3. I gcás ina n-athraítear liosta de na foirmeacha coireachta a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi dhlí an Aontais, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, ar thogra ón Aontas, Iarscríbhinn 41 a leasú dá réir ón dáta a dtiocfaidh an t-athrú ar inniúlacht Europol i bhfeidhm.
Airteagal 567
Raon feidhme an chomhair
Leis an gcomhar, sa bhreis ar shonraí pearsanta a mhalartú faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Teideal seo agus i gcomhréir le cúraimí Europol mar a leagtar amach i Rialachán Europol iad, féadfar an méid seo a leanas go háirithe a áireamh:
(a) |
malartú faisnéise amhail saineolas; |
(b) |
tuarascálacha ginearálta staide; |
(c) |
torthaí anailíse straitéisí; |
(d) |
faisnéis maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe coiriúla; |
(e) |
faisnéis maidir le modhanna chun an choireacht a chosc; |
(f) |
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oiliúna; agus |
(g) |
comhairle agus tacaíocht a sholáthar in imscrúduithe coiriúla aonair mar aon le comhar oibríochtúil. |
Airteagal 568
Pointe teagmhála náisiúnta agus oifigigh idirchaidrimh
1. Ainmneoidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála náisiúnta chun gníomhú mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
2. Déanfar an malartú faisnéise idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe idir Europol agus an pointe teagmhála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1. Ní chuireann sé sin bac, áfach, ar mhalartuithe díreacha faisnéise idir Europol agus na húdaráis inniúla, i gcás ina measann Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe araon gurb iomchuí sin.
3. Beidh an pointe teagmhála náisiúnta ina lárphointe teagmhála freisin maidir le sonraí pearsanta a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.
4. Chun comhar a bhunaítear faoin Teideal seo a éascú, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe oifigeach idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust. Féadfaidh Europol oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a thabhairt ar iasacht don Ríocht Aontaithe.
5. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go mbeidh rochtain ghasta agus, nuair is indéanta go teicniúil, dhíreach ag a hoifigigh idirchaidrimh ar bhunachair sonraí náisiúnta ábhartha de chuid na Ríochta Aontaithe atá riachtanach chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh.
6. Beidh líon na n-oifigeach idirchaidrimh, sonraí a gcúraimí, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann faoi rialú ag socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 577.
7. Féadfar cuireadh a thabhairt chuig cruinnithe oibríochtúla d'oifigigh idirchaidrimh ón Ríocht Aontaithe agus d'ionadaithe ó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe. Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh na mBallstát agus oifigigh idirchaidrimh tríú tír, údaráis inniúla ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha, baill foirne Europol agus geallsealbhóirí eile freastal ar chruinnithe arna n-eagrú ag oifigigh idirchaidrimh nó ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
Airteagal 569
Malartuithe faisnéise
1. Comhlíonfaidh malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla cuspóir agus forálacha an Teidil seo. Ní phróiseálfar sonraí pearsanta ach amháin le haghaidh cuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 2.
2. Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha dá bhfuil na sonraí pearsanta á n-aistriú. Le haghaidh aistrithe chuig Europol, sonrófar an cuspóir nó na cuspóirí dar aistríodh na sonraí pearsanta sin i gcomhréir le cuspóirí sonracha na próiseála arna leagan amach i Rialachán Europol. Mura bhfuil sé déanta ag údarás inniúil an aistrithe, déanfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir, i gcomhaontú le húdarás an aistrithe, na sonraí pearsanta a phróiseáil chun ábharthacht na sonraí sin, chomh maith leis an gcuspóir nó na cuspóirí dá ndéanfar tuilleadh próiseála orthu a chinneadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críche seachas an chríoch dár tugadh na sonraí ach amháin má údaraíonn údarás inniúil an aistrithe dó é sin a dhéanamh.
3. Tabharfaidh na húdaráis inniúla a gheobhaidh na sonraí pearsanta gealltanas ina luafar nach bpróiseálfar sonraí den sórt sin ach amháin chun na críche dar aistríodh iad chuige. Déanfar na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe nach mbeidh siad riachtanach a thuilleadh chun na críche dar aistríodh iad.
4. Cinnfidh Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe gan moill mhíchuí, agus in aon chaoi tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis iad a fháil, an bhfuil gá leis na sonraí pearsanta a soláthraíodh chun na críche dár soláthraíodh iad agus a mhéid atá siad riachtanach agus cuirfidh siad údarás a dtarchurtha ar an eolas ina leith dá réir.
Airteagal 570
Srianta ar rochtain ar shonraí pearsanta a aistríodh agus ar úsáid bhreise a bhaint astu
1. Agus sonraí pearsanta á n-aistriú aige, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe, tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear maidir lena n-aistriú ar aghaidh, lena scriosadh nó lena scriosadh tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t-údarás inniúil is faighteoir ar an eolas dá réir.
2. Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 1.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go ndearnadh faisnéis arna haistriú faoin Teideal seo a bhailiú, a stóráil agus a aistriú i gcomhréir lena chreat dlíthiúil faoi seach. Áiritheoidh gach Páirtí, a mhéid is féidir, nach bhfaighfear an fhaisnéis sin de shárú ar chearta an duine. Ná ní aistreofar an fhaisnéis sin más rud é, a mhéid is intuartha le réasún, go bhféadfaí í a úsáid chun pionós an bháis nó aon chineál cóireála atá cruálach nó mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.
Airteagal 571
Catagóirí éagsúla na n-ábhar sonraí
1. Toirmiscfear aistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh cionta choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi chionta coiriúla, nó maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois, ach amháin más gá go docht an t-aistriú sin a dhéanamh agus más comhréireach sin i gcásanna aonair chun cion coiriúla a chosc nó a chomhrac.
2. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe agus Europol go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhír 1 faoi réir coimircí breise, lena n-áirítear srianta ar rochtain, bearta slándála breise agus teorainneacha ar aistrithe ar aghaidh.
Airteagal 572
Sreabhadh sonraí pearsanta idir an Ríocht Aontaithe agus Europol a éascú
Ar mhaithe le tairbhí oibríochtúla frithpháirteacha, féachfaidh na Páirtithe le hoibriú i gcomhar le chéile amach anseo d‘fhonn a áirithiú gur féidir malartuithe sonraí idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a dhéanamh chomh tapa agus is féidir, agus chun ionchorprú aon phróisis agus forbartha teicniúla nua a bhreithniú a d’fhéadfadh cabhrú leis an gcuspóir sin, agus ag cur san áireamh ag an am céanna nach Ballstát í an Ríocht Aontaithe.
Airteagal 573
Iontaofacht an fhoinse agus cruinneas na faisnéise a mheasúnú
1. Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na faisnéise, iontaofacht fhoinse na faisnéise ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a) |
áit nach bhfuil aon amhras i gceist maidir le barántúlacht, le hiontaofacht ná le hinniúlacht na foinse, nó má fuarthas iontaofa i gcónaí an fhoinse a chuir an fhaisnéis ar fáil; |
(b) |
i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil; |
(c) |
i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí neamhiontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil; |
(d) |
i gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas. |
2. Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na faisnéise, cruinneas na faisnéise ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a) |
faisnéis nach bhfuil aon amhras i gceist maidir lena cruinneas; |
(b) |
faisnéis is eol go pearsanta don fhoinse ach nach eol go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige nó aici; |
(c) |
faisnéis nach eol go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin; |
(d) |
faisnéis nach eol go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú. |
3. I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir ar an gconclúid, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, gur gá ceartú a dhéanamh ar an measúnú ar fhaisnéis nó ar fhoinse na faisnéise nó na foinse arna soláthar ag údarás inniúil an aistrithe i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, cuirfidh sé an t-údarás inniúil sin ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh an t-údarás inniúil is faighteoir an measúnú ar an bhfaisnéis a fhaightear ná ar fhoinse na faisnéise sin gan comhaontú den sórt sin.
4. Má fhaigheann údarás inniúil faisnéis gan mheasúnú, déanfaidh sé iarracht a mhéid is féidir agus i gcás inar féidir, i gcomhaontú le húdarás inniúil an aistrithe chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na faisnéise ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh cheana féin.
5. Mura féidir measúnú iontaofa a dhéanamh, déanfar meastóireacht ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 agus i bpointe (d) de mhír 2.
Airteagal 574
Slándáil an mhalartaithe faisnéise
1. Déanfar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuirfear i bhfeidhm chun slándáil an mhalartaithe faisnéise faoin Teideal seo a áirithiú a leagan síos i socruithe riaracháin idir Europol agus údarás inniúil na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 577.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfar bealach slán cumarsáide a bhunú, a chur chun feidhme agus a oibriú chun faisnéis a mhalartú idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
3. Déanfaidh socruithe riaracháin idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 576 téarmaí agus coinníollacha úsáide an bhealaigh shláin cumarsáide a rialáil.
Airteagal 575
Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí pearsanta
1. Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith páirtí díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás inniúil eile.
2. Má dhámhtar damáistí i gcoinne Europol nó aon cheann d'údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, mar gheall ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuir an páirtí eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain ag an bpáirtí eile a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh Europol nó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe an méid a d'íoc Europol nó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe faoi mhír 1 mar chúiteamh a aisíoc, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an Teideal seo.
3. Ní chuirfidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ceangal ar a chéile íoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha faoi mhíreanna 1 agus 2.
Airteagal 576
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
Déanfar malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe, más gá faoin Teideal seo, a rialú i socruithe oibre agus riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 577 idir Europol agus údarás inniúla na Ríochta Aontaithe.
Airteagal 577
Socruithe oibre agus riaracháin
1. Chun forálacha an Teidil seo a chomhlánú agus a chur chun feidhme mar is iomchuí, beidh sonraí an chomhair idir na Páirtithe faoi réir socruithe oibre i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán Europol agus na socruithe riaracháín i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán Europol arna thabhairt i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
2. Gan dochar d'aon fhoráil sa Teideal seo agus cé go léirítear leo nach bhfuil stádas ag an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát, féadfaidh Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe forálacha lena gcomhlánaítear nó lena gcuirtear an Teideal seo chun feidhme a áireamh i socrú oibre nó i socrú riaracháin, de réir an cháis, lena gceadófar an méid seo a leanas:
(a) |
comhairliúcháin idir Europol agus ionadaí amháin nó níos mó de phointe teagmhála náisiúnta na Ríochta Aontaithe maidir le saincheisteanna beartais agus ábhair leasa choitinn chun a gcuspóirí a bhaint amach agus a ngníomhaíochtaí faoi seach a chomhordú, agus maidir le comhar a fhorbairt idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe; |
(b) |
ceann amháin nó níos mó d'ionadaithe na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir i gcruinnithe sonracha na gCeann Aonaid Náisiúnta de chuid Europol i gcomhréir le rialacha na gcruinnithe sin maidir le himeachtaí; |
(c) |
ionadaí amháin nó níos mó ón Ríocht Aontaithe a chomhlachú le tionscadail anailíse oibríochtúla, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach ag comhlachtaí rialachais iomchuí Europol; |
(d) |
sonrú chúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann; nó |
(e) |
comhar idir údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus Europol i gcás sáruithe príobháideachais nó slándála. |
3. Féadfar substaint na socruithe oibre agus riaracháin a leagan amach le chéile in aon doiciméad amháin.
Airteagal 578
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
1. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe agus Europol doiciméad ar fáil go poiblí ina leagfar amach i bhfoirm intuigthe na forálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna n-aistriú faoin Teideal seo, lena n-áirítear na modhanna atá ar fáil chun cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú agus áiritheoidh siad araon go gcuirfear cóip den doiciméad sin ar fáil dá chéile.
2. Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana féin, glacfaidh an Ríocht Aontaithe agus Europol rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Seolfaidh an Ríocht Aontaithe agus Europol cóip de na rialacha sin chuig an údarás maoirseachta eile agus chuig na húdaráis mhaoirseachta faoi seach.
Airteagal 579
Cumhachtaí Europol
Ní fhorléireofar aon ní dá bhfuil sa Teideal seo mar ní lena gcuirfear oibleagáid ar Europol oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe lasmuigh d'inniúlacht Europol mar a leagtar amach i ndlí ábhartha an Aontais.
TEIDEAL VI
COMHAR LE EUROJUST
Airteagal 580
Cuspóir
Is é cuspóir an Teidil seo comhar a bhunú idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe chun coireanna tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 582 a chomhrac.
Airteagal 581
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘Eurojust’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (80) (‘Rialachán Eurojust’); |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Eurojust, a ndéanann an Coláiste nó Comhalta Náisiúnta ionadaíocht air agus, i gcás na Ríochta Aontaithe, údarás baile ar a bhfuil freagrachtaí faoin dlí baile a bhaineann le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh; |
(c) |
ciallaíonn ‘Coláiste’ Coláiste Eurojust, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust; |
(d) |
ciallaíonn ‘Comhalta Náisiúnta’ an Comhalta Náisiúnta atá tugtha ar iasacht ó gach Ballstát den Aontas chuig Eurojust, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust; |
(e) |
ciallaíonn ‘Cúntóir’ duine a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do Chomhalta Náisiúnta agus do Leas-chomhalta an Chomhalta Náisiúnta, nó don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust agus in Airteagal 585(3) faoi seach; |
(f) |
ciallaíonn ‘Ionchúisitheoir Idirchaidrimh’ ionchúisitheoir poiblí atá tugtha ar iasacht ón Ríocht Aontaithe chuig Eurojust agus atá faoi réir dhlí baile na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann lena stádas; |
(g) |
ciallaíonn ‘Giúistís Idirchaidrimh’ giúistís arna bpostáil ag Eurojust chuig an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 586; |
(h) |
ciallaíonn ‘Comhfhreagraí Baile le haghaidh Ábhair Sceimhlitheoireachta’ ceann de na pointí teagmhála arna n-ainmniú ag údaráis na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 584, atá freagrach as comhfhreagras a bhaineann le hábhair sceimhlitheoireachta a láimhseáil. |
Airteagal 582
Foirmeacha coireachta
1. Baineann an comhar mar a bhunaítear faoin Teideal seo leis na foirmeacha coireachta tromchúiseacha a thagann faoi inniúlacht Eurojust, mar a liostaítear in Iarscríbhinn 42, lena n-áirítear cionta coiriúla gaolmhara.
2. Is cionta coiriúla gaolmhara iad na cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil chun na foirmeacha coireachta tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, cionta coiriúla arna ndéanamh chun coireanna tromchúiseacha den sórt sin a éascú nó a dhéanamh, agus cionta coiriúla a dhéantar chun a áirithiú go mbeidh coireanna tromchúiseacha den sórt sin saor ó phionós.
3. I gcás ina n-athraítear liosta de na foirmeacha coireachta tromchúiseacha a bhfuil Eurojust inniúil ina leith faoi dhlí an Aontais, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, ar thogra ón Aontas, Iarscríbhinn 42 a leasú dá réir ón dáta a dtiocfaidh an t-athrú ar inniúlacht Eurojust i bhfeidhm.
Airteagal 583
Raon feidhme an chomhair
Áiritheoidh na Páirtithe go n-oibreoidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhar le chéile sna réimsí gníomhaíochta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 54 de Rialachán Eurojust agus sa Teideal seo.
Airteagal 584
Pointe teagmhála le Eurojust
1. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála amháin ar a laghad a chur ar bun nó a cheapadh do Eurojust laistigh d'údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
2. Ainmneoidh an Ríocht Aontaithe ceann dá pointí teagmhála mar Chomhfhreagraí Baile na Ríochta Aontaithe le haghaidh Ábhair Sceimhlitheoireachta.
Airteagal 585
An tIonchúisitheoir Idirchaidrimh
1. Chun comhar a éascú mar a leagtar síos sa Teideal seo, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe Ionchúisitheoir Idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust.
2. Is í an Ríocht Aontaithe a chinnfidh an sainordú agus an tréimhse iasachta.
3. Féadfaidh suas le cúigear Cúntóirí cúnamh a thabhairt don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, i gcomhréir le leibhéal an chomhair. I gcás inar gá, féadfaidh Cúntóirí teacht in ionad an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó gníomhú thar a cheann.
4. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe Eurojust ar an eolas faoi chineál agus faoi mhéid chumhachtaí breithiúnacha an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh laistigh de chríoch na Ríochta Aontaithe chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le cuspóir an Teidil seo. Bunóidh an Ríocht Aontaithe inniúlacht a hIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh chun gníomhú i ndáil le húdaráis bhreithiúnacha eachtracha.
5. Beidh rochtain ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ar an bhfaisnéis atá sna taifid choiriúla náisiúnta nó in aon chlár eile de chuid na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an dlí baile i gcás ionchúisitheora nó duine a bhfuil inniúlacht choibhéiseach aige.
6. Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dul i dteagmháil go díreach le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
7. Beidh líon na gCúntóirí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, sonraí chúraimí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann faoi rialú ag socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 594.
8. Cinnfidh Eurojust go mbeidh doiciméid oibre an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ina ndoiciméid oibre dosháraithe.
Airteagal 586
An Giúistís Idirchaidrimh
1. Chun comhar breithiúnach leis an Ríocht Aontaithe a éascú i gcásanna ina dtugann Eurojust cúnamh, féadfaidh Eurojust Giúistís Idirchaidrimh a phostú chuig an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán Eurojust.
2. Beidh sonraí chúraimí an Ghiúistís Idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cearta agus oibleagáidí an Ghiúistís Idirchaidrimh agus na costais lena mbaineann faoi rialú ag socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 594.
Airteagal 587
Cruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha
1. Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh, Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus ionadaithe ó údaráis inniúla eile de chuid na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear an pointe teagmhála le Eurojust, páirt a ghlacadh i gcruinnithe straitéiseacha, ar chuireadh ó Uachtarán Eurojust, agus i gcruinnithe oibríochtúla le formheas na gComhaltaí Náisiúnta lena mbaineann.
2. Féadfaidh Comhaltaí Náisiúnta, a dTeachtaí agus a gCúntóirí, Stiúrthóir Riaracháin Eurojust agus foireann Eurojust freastal ar chruinnithe arna n-eagrú ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, nó ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó ag údaráis inniúla eile na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear an pointe teagmhála le Eurojust.
Airteagal 588
Sonraí neamhphearsanta a mhalartú
Féadfaidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe aon sonraí neamhphearsanta a mhalartú a mhéid atá na sonraí sin ábhartha maidir le comhar faoin Teideal seo, agus faoi réir aon srian de bhun Airteagal 593.
Airteagal 589
Sonraí pearsanta a mhalartú
1. Maidir le sonraí pearsanta a iarrfaidh agus a gheobhaidh na húdaráis inniúla faoin Teideal seo, ní dhéanfaidh siad iad a phróiseáil ach amháin i dtaca leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 580, chun na gcríoch sonrach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus faoi réir na srianta ar rochtain nó ar úsáid bhreise dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
2. Cuirfidh údarás inniúil an aistrithe in iúl go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha dá bhfuil na sonraí á n-aistriú.
3. Agus sonraí pearsanta á n-aistriú aige, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe, tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear maidir lena n-aistriú ar aghaidh, lena scriosadh nó lena scriosadh tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t-údarás inniúil is faighteoir ar an eolas dá réir.
4. Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 3.
Airteagal 590
Bealaí tarchuir
1. Malartófar faisnéis mar seo a leanas:
(a) |
idir an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh nó Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó, mura bhfuil aon Ionchúisitheoir ceaptha nó ar fáil ar bhealach eile, pointe teagmhála na Ríochta Aontaithe le Eurojust agus leis na Comhaltaí Náisiúnta lena mbaineann nó leis an gColáiste; |
(b) |
má tá Eurojust tar éis Giúistís Idirchaidrimh a phostú chuig an Ríocht Aontaithe, idir an Giúistís Idirchaidrimh agus aon údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe; sa chás sin, cuirfear an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh ar an eolas faoi aon mhalartú faisnéise den sórt sin; nó |
(c) |
go díreach idir údarás inniúil sa Ríocht Aontaithe agus na Comhaltaí Náisiúnta lena mbaineann nó an Coláiste; sa chás sin, cuirfear an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus, más infheidhme, an Giúistís Idirchaidrimh ar an eolas faoi aon mhalartú faisnéise den sórt sin. |
2. Féadfaidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a chomhaontú bealaí eile a úsáid chun faisnéis a mhalartú i gcásanna áirithe.
3. Áiritheoidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe araon go mbeidh a n-ionadaithe faoi seach údaraithe faisnéis a mhalartú ar an leibhéal iomchuí i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe agus le Rialachán Eurojust faoi seach, agus go ndéanfar scagadh leordhóthanach orthu.
Airteagal 591
Aistrithe ar aghaidh
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ná Eurojust aon fhaisnéis arna tabhairt ag an bpáirtí eile d’aon tríú tír nó d’aon eagraíocht idirnáisiúnta a chur in iúl d’aon tríú tír nó d’aon eagraíocht idirnáisiúnta gan toiliú ó cibé ceann d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe nó Eurojust a chuir an fhaisnéis ar fáil agus gan coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí pearsanta.
Airteagal 592
Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí pearsanta
1. Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith páirtí díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás inniúil eile.
2. Má dhámhtar damáistí i gcoinne aon cheann de na húdaráis inniúla mar gheall ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuir an t-údarás inniúil eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain ag an údarás eile a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil eile an méid a d'íoc an t-údarás inniúil mar chúiteamh faoi mhír 1 a aisíoc, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an Teideal seo.
3. Ní chuirfidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ceangal ar a chéile íoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha faoi mhíreanna 1 agus 2.
Airteagal 593
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
Déanfar malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe, más gá faoin Teideal seo, a rialú le socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 594 arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
Airteagal 594
Socrú oibre
Beidh na módúlachtaí comhair idir na Páirtithe, de réir mar is iomchuí chun an Teideal seo a chur chun feidhme, ina n-ábhar do shocrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagail 47(3) agus 56(3) de Rialachán Eurojust.
Airteagal 595
Cumhachtaí Eurojust
Ní fhorléireofar aon ní dá bhfuil sa Teideal seo mar ní lena gcuirfear oibleagáid ar Eurojust oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe lasmuigh d'inniúlacht Eurojust mar a leagtar amach i ndlí ábhartha an Aontais.
TEIDEAL VII
TABHAIRT SUAS
Airteagal 596
Cuspóir
Is é is cuspóir don Teideal seo a áirithiú go mbeidh an córas eiseachadta idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile, bunaithe ar shásra tugtha suas de bhun barántas gabhála i gcomhréir le téarmaí an Teidil seo.
Airteagal 597
Prionsabal na comhréireachta
Beidh comhar leis an mbarántas gabhála riachtanach agus comhréireach, agus cearta an duine iarrtha agus leasanna na n-íospartach á gcur san áireamh, agus ag féachaint do thromchúis an ghnímh, don phionós is dócha a d‘fhorchuirfí, agus don fhéidearthacht go ndéanfadh Stát bearta nach bhfuil chomh comhéigneach leis an duine iarrtha a thabhairt suas, go háirithe d’fhonn tréimhsí coinneála roimh an triail a sheachaint gan ghá.
Airteagal 598
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘barántas gabhála’ cinneadh breithiúnach arna eisiúint ag Stát d’fhonn go ndéanfadh Stát eile duine iarrtha a ghabháil agus a thabhairt suas, chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh nó pianbhreith faoi choimeád nó ordú coinneála a fhorghníomhú; |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach’ údarás arb é atá ann, faoin dlí baile, breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí. Ní mheastar ionchúisitheoir poiblí a bheith ina údarás breithiúnach ach amháin a mhéid a fhoráiltear, sa dlí baile, é a bheith amhlaidh; |
(c) |
is éard a bheidh san ‘údarás breithiúnach forghníomhaitheach’ údarás breithiúnach an Stáit fhorghníomhaithigh atá inniúil chun an barántas gabhála a fhorghníomhú de bhua dhlí baile an Stáit sin; |
(d) |
is éard a bheidh san ‘údarás breithiúnach eisiúna’ údarás breithiúnach an Stáit eisiúna atá inniúil an barántas gabhála a eisiúint de bhua dhlí náisiúnta an Stáit sin. |
Airteagal 599
Raon feidhme
1. Féadfar barántas gabhála a eisiúint i leith gníomhartha atá inphionóis faoi dhlí an Stáit eisiúna le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad nó, nuair atá an phianbhreith tugtha nó an t-ordú coinneála déanta, i leith pianbhreitheanna nó orduithe coinneála ceithre mhí ar a laghad.
2. Gan dochar do mhíreanna 3 ná 4, tá an tabhairt suas faoi réir an choinníll gur cion faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh iad na gníomhartha ar eisíodh an barántas gabhála ina leith, is cuma cé na heilimintí is comhábhar dó nó cén cur síos a dhéantar air.
3. Faoi réir Airteagal 600, pointí (b) go (h) d’Airteagal 601(1), agus Airteagail 602, 603 agus 604, ní dhiúltóidh Stát barántas gabhála a fhorghníomhú ar barántas é arna eisiúint i ndáil leis an iompar seo a leanas i gcás inarb inphionóis an t-iompar céanna le cailleadh saoirse nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad:
(a) |
iompar aon duine a rannchuidíonn le grúpa daoine ag gníomhú dóibh chun críche coitinne cion amháin nó níos mó a dhéanamh i réimse na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, arna dhéanamh i Strasbourg an 27 Eanáir 1977, nó i ndáil le gáinneáil aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, nó dúnmharú, mórdhíobháil choirp, fuadach, srianadh neamhdhleathach, gabháil giall nó éigniú, fiú i gcás nach nglacann an duine sin páirt sna cionta nó sa chion lena mbaineann; ní mór rannchuidiú den sórt sin a dhéanamh d’aon ghnó agus é ar eolas go gcuideoidh an rannpháirtíocht le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa a bhaint amach; nó |
(b) |
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 45. |
4. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nach gcuirfear i bhfeidhm, ar bhonn cómhalartachta, coinníoll na coiriúlachta dúbailte dá dtagraítear i mhír 2 ar choinníoll gurb é an méid seo a leanas atá sa chion is bunús leis an mbarántas:
(a) |
ceann de na cionta a liostaítear i mír 5, mar a shainmhínítear le dlí an Stáit eisiúna; agus |
(b) |
go bhfuil sé inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse trí bliana ar a laghad. |
5. Is iad seo a leanas na cionta dá dtagraítear i mír 4:
— |
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil; |
— |
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 45; |
— |
an ghainneáil ar dhaoine; |
— |
an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an phornagrafaíocht leanaí; |
— |
an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha; |
— |
an gháinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin; |
— |
éilliú, lena n-áirítear breabaireacht; |
— |
calaois, lena n-áirítear calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais na Ríochta Aontaithe, Ballstáit nó an Aontais; |
— |
sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht; |
— |
airgeadra a ghóchumadh; |
— |
coireacht atá bainteach le ríomhaireacht; |
— |
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt; |
— |
teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú; |
— |
dúnmharú; |
— |
an mhórdhíobháil choirp; |
— |
an trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna; |
— |
fuadach, srianadh agus tógáil giall go neamhdhleathach; |
— |
ciníochas agus seineafóibe; |
— |
robáil eagraithe nó armtha; |
— |
an gháinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne; |
— |
caimiléireacht; |
— |
cambheartaíocht agus sracaireacht; |
— |
an góchumadh agus an phíoráideacht táirgí; |
— |
an brionnú doiciméad riarachán agus an gháinneáil orthu; |
— |
cóir íocaíochta a bhrionnú; |
— |
an gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile; |
— |
an gháinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha; |
— |
an gháinneáil ar fheithiclí goidte; |
— |
an t-éigniú; |
— |
an coirloscadh; |
— |
coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta; |
— |
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, long nó spásárthaí; agus |
— |
sabaitéireacht. |
Airteagal 600
Foras le haghaidh neamhfhorghníomhú sainordaitheach an bharántais gabhála
Diúltófar an barántas gabhála a fhorghníomhú:
(a) |
má tá an cion ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe cumhdaithe le maithiúnas sa Stát forghníomhaitheach, i gcás ina raibh dlínse ag an Stát sin an cion a ionchúiseamh faoina dhlí coiriúil féin; |
(b) |
má chuirtear an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil ar an eolas go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ag Stát ar an duine iarrtha i leith na ngníomhartha céanna, ar choinníoll, más rud é gur forchuireadh pionós, go bhfuil sé forghníomhaithe, go bhfuil sé á fhorghníomhú nó nach féidir é a fhorghníomhú a thuilleadh faoi dhlí an Stáit a chuireann an phianbhreith; nó |
(c) |
mura féidir, mar gheall ar a aois, an fhreagracht choiriúil a chur ar an duine is ábhar don bharántas gabhála as na gníomhartha ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh. |
Airteagal 601
Foras eile le haghaidh neamhfhorghníomhú an bharántais gabhála
1. Féadfar forghníomhú an bharántais gabhála a dhiúltú:
(a) |
más rud é, in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 599(2), nach cion faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh é an gníomh ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe; i ndáil le cánacha nó dleachtanna, custam agus malairt, áfach, ní dhiúltófar an barántas gabhála a fhorghníomhú ar an bhforas nach bhforchuireann dlí an Stáit fhorghníomhaithigh an cineál céanna cánach nó dleachta nó nach bhfuil sa dlí sin an saghas céanna rialacha a mhéid a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus rialacháin chustaim agus malairte agus atá i ndlí an Stáit eisiúna; |
(b) |
nuair atá an duine is ábhar don bharántas gabhála á ionchúiseamh sa Stát forghníomhaitheach sa ghníomh céanna leis an ngníomh ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe; |
(c) |
nuair atá údaráis bhreithiúnacha an Stáit fhorghníomhaithigh tar éis a chinneadh gan an duine a ionchúiseamh sa chion a bhfuil an barántas gabhála bunaithe air nó deireadh a chur leis na himeachtaí, nó nuair atá breithiúnas críochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha i Stát, i leith na ngníomhartha céanna, rud a chuireann cosc le haon imeachtaí eile; |
(d) |
nuair atá an t-ionchúiseamh coiriúil nó pionósú an duine iarrtha faoi urchosc reachta de réir dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus má thagann na gníomhartha faoi dhlínse an Stáit sin faoina dhlí coiriúil féin; |
(e) |
má chuirtear in iúl don údarás breithiúnach forghníomhaithe go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha ag tríú tír i leith na ngníomhartha céanna ar choinníoll, más rud é gur cuireadh pionós air, go bhfuil an pionós forfheidhmithe aige nó á forfheidhmiú aige faoi láthair aige nó nach bhféadfar í a fhorfheidhmiú a thuilleadh faoi dhlí an Stáit a chuireann an phianbhreith; |
(f) |
más chun pianbhreith faoi choimeád nó ordú coinneála a fhorghníomhú a eisíodh an barántas gabhála agus go bhfuil an duine iarrtha ag fanacht sa Stát forghníomhaitheach nó gur náisiúnach nó cónaitheoir ann é nó í agus go ngabhann an Stát sin air féin an phianbhreith nó an t-ordú coinneála a fhorghníomhú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta; má tá gá le toiliú an duine iarrtha go n-aistreofaí an phianbhreith nó an t-ordú coinneála chuig an Stát forghníomhaitheach, ní fhéadfaidh an Stát forghníomhaitheach diúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú ach amháin tar éis don duine iarrtha toiliú an phianbhreith nó an t-ordú coinneála a aistriú; |
(g) |
más rud é go mbaineann an barántas gabhála le cionta:
|
(h) |
nuair a bheidh cúiseanna ann lena chreidiúint, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, gur eisíodh an barántas gabhála sin chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú ar fhoras a ghnéis, a chine, a reiligiúin, a bhunaidh eitnigh, a náisiúntachta, a theanga, a thuairimí polaitiúla nó a tuairimí polaitiúla nó a chlaonta gnéis, nó go bhféadfar seasamh an duine sin a dhochrú ar aon cheann de na cúiseanna sin; |
(i) |
más rud é gur eisíodh an barántas gabhála chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú, i gcás nach raibh an duine iarrtha i láthair go pearsanta ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi, mura sonraítear sa bharántas gabhála, i gcomhréir le ceanglais bhreise nós imeachta arna sainiú i ndlí baile an Stáit eisiúna:
|
2. I gcás ina n-eisítear an barántas gabhála chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú faoi na coinníollacha atá i bpointe (i) (iv) de mhír 1 agus nach bhfuil aon fhaisnéis oifigiúil faighte roimhe sin ag an duine lena mbaineann i dtaobh na n-imeachtaí coiriúla ina choinne nó ina coinne a bheith ann, féadfaidh sé nó sí, nuair a thugtar fógra dó nó di faoi ábhar an bharántais gabhála, a iarraidh go bhfaighidh sé nó sí cóip den bhreithiúnas sular tugadh suas é nó í. Láithreach tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin iarraidh, déanfaidh an t-údarás eisiúna an chóip den bhreithiúnas a sholáthar tríd an údarás forghníomhaitheach don duine a iarrtar. Ní chuirfidh an iarraidh ón duine a iarrtar moill ar an nós imeachta um thabhairt suas ná ní chuirfidh sí moill ar an gcinneadh chun an barántas gabhála a fhorghníomhú. Is chun críoch faisnéise amháin a bheidh soláthar an bhreithiúnais don duine lena mbaineann; ní ghlacfar leis mar sheirbheáil fhoirmiúil an bhreithiúnais ná ní féidir aon teorainneacha ama is infheidhme maidir le hatrialach nó achomharc a iarraidh a ghníomhrú.
3. I gcás ina dtabharfar duine suas faoi na coinníollacha atá i bpointe (i) (iv) de mhír 1 agus go mbeidh atriail nó achomharc iarrtha aige nó aici, déanfar coinneáil an duine sin atá ag feitheamh leis an atriail nó leis an achomharc sin a athbhreithniú, go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche, i gcomhréir le dlí baile an Stáit eisiúna, ar bhonn rialta nó arna iarraidh sin ón duine lena mbaineann. Áireofar go háirithe le hathbhreithniú den sórt sin go bhféadfaí an choinneáil a chur ar fionraí nó a bhriseadh. Tosóidh an atriail nó an t-achomharc laistigh d'am trátha tar éis an tabhairt suas.
Airteagal 602
Eisceacht an chiona pholaitiúil
1. Ní féidir forghníomhú a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfaidh an Stát forghníomhaitheach breathnú ar an gcion mar chion polaitiúil, mar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó mar chion a bhfuil tucaidí polaitiúla leis.
2. Mar sin féin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nach gcuirfear mír 1 i bhfeidhm ach i ndáil le:
(a) |
na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur; |
(b) |
cionta comhcheilge nó comhlachais cion amháin nó níos mó de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, más rud é go bhfreagraíonn na cionta comhcheilge nó comhlachais sin don tuairisc ar iompar dá dtagraítear in Airteagal 599(3) den Chomhaontú seo; agus |
(c) |
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 45 den Chomhaontú seo. |
3. Nuair atá barántas gabhála eisithe ag Stát a thug fógra dá dtagraítear i mír 2 nó ag Stát ar tugadh fógra den sórt sin thar a cheann, féadfaidh an Stát a bhfuil an barántas gabhála á eisiúint aige cómhalartú a chur i bhfeidhm.
Airteagal 603
Eisceacht ar bhonn náisiúntachta
1. Ní fhéadfar eiseachadadh a dhiúltú ar an bhforas gur náisiúnach de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh é an duine iarrtha.
2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, agus an tAontas, thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, ar an taobh eile, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nach dtabharfar suas a gcuid náisiúnach féin nó nach ndéanfar tabhairt suas a gcuid náisiúnach féin a údarú ach amháin faoi choinníollacha sonraithe áirithe. Beidh an fógra bunaithe ar chúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha nó cleachtas dhlíchóras baile na Ríochta Aontaithe nó an Stáit ar tugadh fógra thar a cheann. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, nó an tAontas, thar ceann aon cheann dá Ballstáit, ar an taobh eile, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach in am réasúnach tar éis fógra a fháil ón bPáirtí eile, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit, de réir mar a bheidh, diúltú a náisiúnaigh féin a thabhairt suas don Stát sin nó nach n-údarófar an tabhairt suas sin ach faoi choinníollacha sonraithe áirithe.
3. In imthosca inar dhiúltaigh Stát barántas gabhála a fhorghníomhú ar an mbonn go bhfuil, i gcás na Ríochta Aontaithe, fógra tugtha aige nó, i gcás Ballstáit, go bhfuil fógra tugtha ag an Aontas thar a cheann, dá dtagraítear i mír 2, breithneoidh an Stát sin imeachtaí a thionscnamh i gcoinne a náisiúnach féin atá i gcomhréir le hábhar an bharántais gabhála, tar éis dó tuairimí an Stáit eisiúna a chur san áireamh. In imthosca ina gcinneann údarás breithiúnach gan imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, beidh íospartach an chiona ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe in ann faisnéis a fháil maidir leis an gcinneadh i gcomhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.
4. Más rud é go dtionscnóidh údaráis inniúla Stáit imeachtaí in aghaidh a náisiúnaigh féin i gcomhréir le mír 3, áiritheoidh an Stát sin go mbeidh a údaráis inniúla féin in ann bearta iomchuí a ghlacadh chun cúnamh a thabhairt do na híospartaigh agus do na finnéithe in imthosca ina bhfuil cónaí orthu i Stát eile, go háirithe maidir leis an gcaoi a seolfar na himeachtaí.
Airteagal 604
Ráthaíochtaí atá le tabhairt ag an Stát eisiúna i gcásanna ar leith
Féadfar forghníomhú an bharántais gabhála ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a chur faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
má tá an cion ar eisíodh an barántas gabhála ar a bhonn inphionóis le pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil sa Stát eisiúna, féadfaidh an Stát forghníomhaitheach forghníomhú an bharántais sin a chur faoi réir an choinníll go dtabharfaidh an Stát eisiúna ráthaíocht a mheasann an Stát forghníomhaitheach a bheith leordhóthanach go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an bpionós nó ar an mbeart a forchuireadh, arna iarraidh sin nó tar éis 20 bliain ar a dheireanaí, nó go spreagfaidh an Stát eisiúna cur i bhfeidhm beart trócaire atá an duine i dteideal a iarraidh faoi dhlí nó faoi chleachtas an Stáit eisiúna, arb é neamhfhorghníomhú pionóis nó birt den sórt sin is aidhm dóibh; |
(b) |
nuair is náisiúnach den Stát forghníomhaitheach nó cónaitheoir sa Stát sin an duine is ábhar don bharántas gabhála chun críocha ionchúisimh, féadfaidh an tabhairt suas a bheith faoi réir an choinníll go gcuirtear an duine ar ais, tar éis éisteacht a fháil, chuig an Stát forghníomhaitheach chun an phianbhreith choimeádta nó an t-ordú coinneála a forchuireadh air sa Stát eisiúna a sheirbheáil ann; má tá gá le toiliú an duine iarrtha go n-aistreofaí an phianbhreith nó an t-ordú coinneála chuig an Stát forghníomhaitheach, beidh an ráthaíocht go dtabharfar an duine ar ais chuig an Stát forghníomhaitheach chun pianbhreith an duine a chur isteach faoi réir an choinníll go dtoileoidh an duine iarrtha, tar éis éisteacht a fháil, go dtabharfar ar ais don Stát forghníomhaithe é; |
(c) |
má tá foras substaintiúil ann lena chreidiúint go bhfuil fíor-riosca ann do chosaint chearta bunúsacha an duine iarrtha, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, de réir mar is iomchuí, ráthaíochtaí breise a éileamh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear leis an duine iarrtha tar éis é nó í a thabhairt suas sula gcinneann sé an barántas gabhála a fhorghníomhú. |
Airteagal 605
Dul i muinín an údaráis lárnaigh
1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, ar fógra é, i gcás na Ríochta Aontaithe, maidir lena húdarás lárnach, agus ar fógra é i gcás an Aontais maidir le húdarás lárnach gach stáit, agus na húdaráis sin ainmnithe, nó ar fógra é maidir le níos mó ná údarás lárnach amháin chun cabhrú leis na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, i gcás ina bhforálfar amhlaidh i gcóras dlí an Stáit lena mbaineann.
2. Agus fógra á thabhairt acu don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, faoi mhír 1, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, a chur in iúl, de thoradh eagrú chóras breithiúnach inmheánach na Stát lena mbaineann, go bhfuil an t-údarás lárnach nó na húdaráis lárnacha freagrach as barántais ghabhála a ghlacadh agus a tharchur ó thaobh riaracháin de agus as gach comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le glacadh barántas gabhála agus lena dtarchur ó thaobh riaracháin de. Beidh na sonraí sin ina gceangal ar údaráis uile an Stáit eisiúna.
Airteagal 606
Inneachar agus foirm an bharántais gabhála
1. Sa bharántas gabhála, beidh an fhaisnéis seo a leanas a leagtar amach i gcomhréir leis an bhfoirm atá in Iarscríbhinn 43:
(a) |
céannacht agus náisiúntacht an duine iarrtha; |
(b) |
ainm, seoladh, uimhreacha teileafóin agus facs agus seoladh ríomhphoist an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna; |
(c) |
fianaise ar bhreithiúnas atá infhorfheidhmithe, ar bharántas gabhála nó ar aon chinneadh breithiúnach infhorfheidhmithe eile a bhfuil an éifeacht chéanna leis, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 599; |
(d) |
cineál agus rangú dlí an chiona, go háirithe i dtaca le hAirteagal 599; |
(e) |
tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena n-áirítear an t-am, an t-ionad agus méid rannpháirteachais an duine iarrtha sa chion; |
(f) |
an pionós a forchuireadh, má tá breithiúnas críochnaitheach ann, nó scála na bpionós atá forordaithe don chion faoi dhlí an Stáit eisiúna; agus |
(g) |
más féidir é, iarmhairtí eile an chiona. |
2. Déanfar an barántas gabhála a aistriú go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit fhorghníomhaithigh. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go leathnófar an fhoráil seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad.
Airteagal 607
Barántas gabhála a tharchur
Más is eol cá bhfuil an duine iarrtha, féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna an barántas gabhála a tharchur go díreach chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach.
Airteagal 608
Nósanna imeachta mionsonraithe maidir le barántas gabhála a tharchur
1. Murab eol don údarás breithiúnach eisiúna cé hé an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil, déanfaidh sé na fiosrúcháin is gá chun an fhaisnéis sin a fháil ón Stát forghníomhaitheach.
2. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna a iarraidh ar Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (‘Interpol’) barántas gabhála a tharchur.
3. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna an barántas gabhála a dhíriú trí aon mheán sábháilte atá ábalta taifid i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a cheadaíonn don Stát forghníomhaitheach a bharántúlacht a bhunú.
4. Na deacrachtaí uile a bhaineann le tarchur nó le barántúlacht aon doiciméid atá riachtanach chun barántas gabhála a fhorghníomhú, déileálfar leo trí theagmhálacha díreacha idir na húdaráis bhreithiúnacha lena mbaineann, nó, más iomchuí, le rannpháirteachas údaráis láir na Stát.
5. Mura bhfuil an t-údarás a fhaigheann an barántas gabhála inniúil ar ghníomhú air, díreoidh sé go huathoibríoch an barántas gabhála chuig an údarás inniúil ina Stát agus cuirfidh sé an t-údarás breithiúnach eisiúna ar an eolas dá réir.
Airteagal 609
Cearta duine iarrtha
1. Nuair a ghabhtar duine iarrtha chun barántas gabhála a fhorghníomhú, déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, an duine sin a chur ar an eolas faoin mbarántas gabhála agus faoina bhfuil ann, agus faoin bhféidearthacht atá ann freisin toiliú a thabhairt tabhairt suas don údarás breithiúnach eisiúna.
2. Aon duine iarrtha a ghabhtar chun barántas gabhála a fhorghníomhú agus nach labhraíonn nó nach dtuigeann teanga na n-imeachtaí a bhaineann leis an mbarántas gabhála, beidh sé de cheart aige cúnamh a fháil ó ateangaire agus aistriúchán i scríbhinn a bheith curtha ar fáil dó ina theanga dhúchais nó in aon teanga eile a labhraíonn nó a thuigeann sé, i gcomhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.
3. Beidh an ceart ag duine iarrtha cúnamh a fháil ó dhlíodóir i gcomhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh tráth a ghabhála.
4. Cuirfear an duine iarrtha ar an eolas faoina cheart dlíodóir a cheapadh sa Stát eisiúna chun cúnamh a thabhairt don dlíodóir sa Stát forghníomhaitheach le linn imeachtaí an bharántais gabhála. Tá an mhír seo gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 621.
5. Beidh de cheart ag duine iarrtha a ghabhfar údaráis chonsalachta Stát náisiúntachta an duine sin, nó más duine gan stát an duine sin, údaráis chonsalachta an Stáit ina gcónaíonn an duine sin de ghnáth, a bheith curtha ar an eolas faoin ngabháil gan moill mhíchuí agus cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis sin, más mian leis an duine sin.
Airteagal 610
An duine a choimeád faoi choinneáil
Nuair a ghabhtar duine de bhun barántas gabhála, glacfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach cinneadh faoinar chóir don duine iarrtha fanacht faoi choinneáil, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh. Féadfar an duine a scaoileadh saor go sealadach tráth ar bith ar comhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh, ar chuntar go nglacfaidh údarás inniúil an Stáit sin na bearta uile a mheasann sé is gá chun a chinntiú nach n-éalóidh an duine.
Airteagal 611
Toiliú don tabhairt suas
1. Má chuireann an duine gafa in iúl go dtoilíonn sé nó sí do thabhairt suas, ní mór an toiliú sin a thabhairt agus, más iomchuí, tréigean sainráite dá theideal do ‘riail na speisialtachta’, dá dtagraítear in Airteagal 625(2), os comhair an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, i gcomhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.
2. Glacfaidh gach Stát na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean dá dtagraítear i mír 1 suite ar dhóigh a léiríonn gur nocht an duine lena mbaineann dá dheoin féin iad agus é lánfheasach ar a n-iarmhairtí. Chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine iarrtha dlíodóir a fháil.
3. Déanfar an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean, dá dtagraítear i mír 1, a thaifeadadh go foirmiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.
4. I bprionsabal, ní féidir toiliú a chúlghairm. Féadfaidh gach Stát a fhoráil go bhféadfar toiliú agus, más iomchuí, an tréigean dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoina dhlí náisiúnta. I gcás den chineál sin, ní chuirfear an tréimhse idir dáta an toilithe agus dáta chúlghairm an toilithe san áireamh agus na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 621 á suí. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach gur mian leo dul ar iontaoibh na féidearthachta sin, agus sonróidh siad na nósanna imeachta inar féidir toiliú a chúlghairm, agus aon leasú a dhéanfar orthu.
Airteagal 612
An duine iarrtha a éisteacht
Nuair nach dtoilíonn an duine gafa dá thabhairt suas nó dá tabhairt suas, dá dtagraítear in Airteagal 611, beidh sé nó sí i dteideal éisteacht a fháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh.
Airteagal 613
An cinneadh tabhartha suas
1. Cinnfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, laistigh de na teorainneacha ama agus i gcomhréir leis na coinníollacha a shainítear sa Teideal seo, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 597.
2. Más rud é go measann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis a chuir an Stát eisiúna in iúl chun gur féidir leis cinneadh a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas, iarrfaidh sé an fhaisnéis fhorlíontach is gá, go háirithe i ndáil le hAirteagal 597, Airteagail 600 go 602, Airteagal 604 agus Airteagal 606 a thabhairt faoi phráinn agus féadfaidh sé teorainn ama a leagan síos lena fáil, agus aird á tabhairt aige ar a riachtanaí atá sé na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 615 a urramú.
3. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna aon fhaisnéis úsáideach bhreise a chur ar aghaidh chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach tráth ar bith.
Airteagal 614
Cinneadh i gcás iarrataí iomadúla
1. Má tá barántas gabhála Eorpach nó barántas gabhála eisithe ag dhá Stát nó níos mó i leith an duine chéanna, is é an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a ghlacfaidh an cinneadh maidir le cé acu de na barántais sin a bheidh le forghníomhú agus tabharfaidh sé aird chuí ar na himthosca go léir agus go háirithe ar thromchúis choibhneasta agus ar an áit inar rinneadh na gcionta, ar dhátaí an bharántais gabhála nó an bharántais gabhála Eorpaigh faoi seach, agus cibé acu ar eisíodh iad chun críoch ionchúisimh nó chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú, agus chun oibleagáidí dlíthiúla Ballstát a fhorghníomhú a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais i ndáil le, go háirithe, na prionsabail maidir le saoirse gluaiseachta agus le neamh-idirdhealú ar fhorais náisiúntachta.
2. Féadfaidh údarás breithiúnach forghníomhaitheach Ballstáit comhairle a iarraidh ar Eurojust agus an rogha dá dtagraítear i mír 1 á déanamh aige.
3. I gcás coimhlinte idir barántas gabhála agus iarraidh ar eiseachadadh arna tíolacadh ag tríú tír, is é údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh a ghlacfaidh an bhreith faoi cé acu an ag an mbarántas gabhála nó ag an iarraidh ar eiseachadadh atá tosaíocht, agus aird chuí aige ar na himthosca uile, go háirithe na himthosca dá dtagraítear i mír 1 agus na himthosca atá luaite sa choinbhinsiún is infheidhme.
4. Tá an tAirteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Stáit faoi Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
Airteagal 615
Teorainneacha ama agus nósanna imeachta maidir leis an gcinneadh an barántas gabhála a fhorghníomhú
1. Déileálfar le barántas gabhála agus déanfar é a fhorghníomhú faoi phráinn.
2. I gcásanna ina dtoilíonn an duine iarrtha dá thabhairt suas nó dá tabhairt suas, déanfar an bhreith chríochnaitheach maidir le forghníomhú an bharántais gabhála a ghlacadh laistigh de thréimhse 10 lá tar éis an toiliú a thabhairt.
3. I gcásanna eile, glacfar an bhreith chríochnaitheach maidir le forghníomhú an bharántais gabhála laistigh de thréimhse 60 lá tar éis ghabháil an duine iarrtha.
4. Nuair nach féidir i gcásanna sonracha an barántas gabhála a fhorghníomhú laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 2 nó 3, cuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t-údarás breithiúnach eisiúna ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an moill. Sa chás sin, féadfar 30 lá breise a chur leis na teorainneacha ama.
5. Fad nach mbeidh cinneadh críochnaitheach glactha ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach maidir leis an mbarántas gabhála, áiritheoidh sé go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá i dtaca le tabhairt suas éifeachtach an duine fós á gcomhlíonadh.
6. Ní mór cúiseanna a thabhairt i dtaca le haon diúltú barántas gabhála a fhorghníomhú.
Airteagal 616
An staid fad atá an bhreith ar feitheamh
1. I gcás inar eisíodh an barántas gabhála chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh, déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach cibé acu den mhéid seo a leanas:
(a) |
aontóidh sé gur cheart éisteacht a thabhairt don duine iarrtha de réir Airteagal 617; nó |
(b) |
aontóidh sé an duine iarrtha a aistriú go sealadach. |
2. Déanfar na coinníollacha agus fad an aistrithe shealadaigh a chinneadh trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach eisiúna agus an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach.
3. I gcás aistrithe shealadaigh, ní mór don duine sin a bheith in ann filleadh ar an Stát forghníomhaitheach chun freastal ar éisteachtaí a bhaineann leis nó léi mar chuid den nós imeachta um thabhairt suas.
Airteagal 617
Duine a éisteacht fad atá an cinneadh ar feitheamh
1. Tabharfaidh údarás breithiúnach éisteacht don duine iarrtha. Chuige sin, beidh de cheart ag an duine iarrtha cúnamh a fháil ó dhlíodóir, i gcomhréir le dlí Stát an údaráis bhreithiúnaigh iarrthaigh.
2. Déanfar an duine iarrtha a éisteacht i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus faoi na coinníollacha arna gcinneadh trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach eisiúna agus an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach.
3. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil a shannadh d'údarás breithiúnach eile de chuid a Stáit páirt a ghlacadh in éisteacht an duine iarrtha d'fhonn cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo agus na gcoinníollacha atá leagtha síos a áirithiú.
Airteagal 618
Pribhléidí agus díolúintí
1. I gcás ina bhfuil pribhléid nó díolúine ag an duine iarrtha maidir le dlínse nó forghníomhú sa Stát forghníomhaitheach, ní bheidh tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 615 mura gcuirfear an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach ar an eolas faoi, agus sin á chomhaireamh ón lá a gcuirfear ar an eolas é, gur tarscaoileadh an phribhléid nó an díolúine.
2. Déanfaidh an Stát forghníomhaitheach a áirithiú go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá do thabhairt suas éifeachtach á gcomhlíonadh nuair nach bhfuil pribhléid ná díolúine den sórt sin ag an duine a thuilleadh.
3. Nuair atá an chumhacht ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú láithreach. Nuair atá an chumhacht ag údarás de chuid Stáit eile, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t-údarás breithiúnach eisiúna a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú.
Airteagal 619
Oibleagáidí idirnáisiúnta comhsháraitheacha
1. Tá an Comhaontú seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar an Stát forghníomhaitheach i gcás ina ndearnadh an duine iarrtha a eiseachadadh chuig an Stát sin ó thríú tír, agus go bhfuil cosaint ag an duine sin leis na forálacha sin a bhaineann le speisialtacht den socrú faoinar eiseachadadh é. Glacfaidh an Stát forghníomhaitheach gach beart is gá chun toiliú a iarraidh láithreach ar an tríú tír ónar eiseachadadh an duine iarrtha chun gur féidir an duine iarrtha a thabhairt suas don Stát a d'eisigh an barántas gabhála. Ní bheidh tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 615 go dtí an lá a scoirfidh riail na speisialtachta d’fheidhm a bheith aici.
2. Fad a bheidh an bhreith ón tríú tír ónar eiseachadadh an duine iarrtha ar feitheamh, déanfaidh an Stát forghníomhaitheach a áirithiú go mbeidh na coinníollacha ábhartha is gá do thabhairt suas éifeachtach fós á gcomhlíonadh.
Airteagal 620
Fógra faoin gcinneadh
Tabharfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach fógra don údarás breithiúnach eisiúna láithreach faoin gcinneadh maidir leis an ngníomh atá le déanamh i dtaca leis an mbarántas gabhála.
Airteagal 621
Teorainneacha ama maidir le tabhairt suas an duine
1. Déanfar an duine iarrtha a thabhairt suas a luaithe is féidir ar dháta arna chomhaontú idir na húdaráis lena mbaineann.
2. Déanfar an duine iarrtha a thabhairt suas tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an chinnidh chríochnaithigh maidir leis an mbarántas gabhála a fhorghníomhú.
3. Má choisceann imthosca nach bhfuil neart ag aon cheann de na Stáit orthu tabhairt suas an duine iarrtha laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2, rachaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus an t-údarás breithiúnach eisiúna i dteagmháil le chéile láithreach agus comhaontóidh siad dáta nua don tabhairt suas. Sa chás sin, déanfar an tabhairt suas laistigh de 10 lá ón dáta nua arna chomhaontú amhlaidh.
4. Féadfar, go heisceachtúil, an tabhairt suas a chur ar athló sealadach ar chúiseanna tromchúiseacha daonnúla, mar shampla, má tá forais shubstainteacha ann lena chreidiúint go gcuirfeadh sé beatha nó sláinte an duine iarrtha i mbaol go follasach. Déanfar an barántas gabhála a fhorghníomhú a luaithe a bheidh deireadh leis na forais sin. Cuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t-údarás breithiúnach eisiúna ar an eolas láithreach agus comhaontóidh siad dáta nua don tabhairt suas. Sa chás sin, déanfar an tabhairt suas laistigh de 10 lá ón dáta nua arna chomhaontú amhlaidh.
5. Ar na teorainneacha ama sin dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 a dhul in éag, má tá an duine iarrtha fós faoi choimeád, scaoilfear saor é nó í. Rachaidh na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheach agus na húdaráis bhreithiúnacha eisiúna i dteagmháil le chéile a luaithe is léir go bhfuil duine le scaoileadh faoin mír seo agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na socruithe chun an duine sin a thabhairt suas.
Airteagal 622
Tabhairt suas curtha ar athló nó coinníollach
1. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, tar éis dó a chinneadh an barántas gabhála a fhorghníomhú, tabhairt suas an duine iarrtha a chur ar athló ionas gur féidir an duine iarrtha a ionchúiseamh sa Stát forghníomhaitheach nó, má tá pianbhreith curtha cheana ar an duine iarrtha, ionas gur féidir leis an duine iarrtha pianbhreith arna cur mar gheall ar ghníomh seachas an gníomh dá dtagraítear sa bharántas gabhála a sheirbheáil ar a chríoch.
2. In ionad an tabhairt suas a chur ar athló, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an duine iarrtha a thabhairt suas go sealadach don Stát eisiúna faoi choinníollacha a chinnfear trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus an t-údarás breithiúnach eisiúna. Ní mór an comhaontú a dhéanamh i scríbhinn agus beidh na coinníollacha ina gceangal ar na húdaráis uile sa Stát eisiúna.
Airteagal 623
Idirthuras
1. Ceadóidh gach Stát idirthuras duine iarrtha atá á thabhairt suas trína chríoch, ar chuntar go mbeidh faisnéis tugtha dó maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
céannacht agus náisiúntacht an duine is ábhar don bharántas gabhála; |
(b) |
barántas gabhála a bheith ann; |
(c) |
cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona; agus |
(d) |
tuairisc ar imthosca an chiona, lena n-áirítear an t-am agus an t-ionad. |
2. Féadfaidh Stát a ndearnadh fógra ar a shon i gcomhréir le hAirteagal 603(2) á rá nach ndéanfar náisiúnaigh a thabhairt suas nó nach n-údarófar tabhairt suas seachas faoi choinníollacha sonraithe áirithe, faoi na téarmaí céanna, idirthuras a náisiúnach trína chríoch a dhiúltú, nó na coinníollacha céanna a chur air.
3. Ainmneoidh na Stáit údarás a bheidh freagrach as iarrataí ar idirthuras agus na doiciméid riachtanacha a fháil, chomh maith le haon chomhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le hiarrataí ar idirthuras.
4. Féadfar an iarraidh ar idirthuras agus an fhaisnéis atá leagtha amach i mír 1 a chur chuig an údarás arna ainmniú de bhun mhír 3 trí aon mheán atá ábalta taifeadadh i scríbhinn a sholáthar. Tabharfaidh Stát an idirthurais fógra faoin gcinneadh tríd an nós imeachta céanna.
5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás aeriompair nuair nach mbeidh stad sceidealta ann. Ar a shon sin, má tharlaíonn tuirlingt neamhsceidealta, cuirfidh an Stát eisiúna an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 ar fáil don údarás arna ainmniú de bhun mhír 3.
6. Nuair a bhaineann idirthuras le duine atá le heiseachadadh ó thríú tír chuig Stát, beidh feidhm ag an Airteagal seo mutatis mutandis. Déileálfar go háirithe le tagairtí do ‘barántas gabhála’ mar thagairtí do ‘iarraidh ar eiseachadadh’.
Airteagal 624
Tréimhse na coinneála arna seirbheáil sa Stát forghníomhaitheach a asbhaint
1. Déanfaidh an Stát eisiúna gach tréimhse coinneála a eascraíonn ó fhorghníomhú an bharántais gabhála a asbhaint ón tréimhse iomlán coinneála atá le seirbheáil sa Stát eisiúna de bharr na pianbhreithe coimeádta nó an t-ordú coinneála a bheith tugtha.
2. Chuige sin, tarchuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nó an t-údarás lárnach arna ainmniú faoi Airteagal 605 chuig an údarás breithiúnach eisiúna, tráth an tabhairt suas, gach faisnéis maidir le fad coinneála an duine iarrtha ar bhonn an bharántais gabhála.
Airteagal 625
Ionchúiseamh a d'fhéadfadh a bheith i gceist i leith cionta eile
1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go bhfuil sé toimhdithe, i gcaidreamh le Stáit eile a bhfuil feidhm ag an bhfógra céanna maidir leo, go bhfuil toiliú tugtha maidir le hionchúiseamh, pianbhreith nó coinneáil d'fhonn pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a chur i gcrích i leith ciona arna dhéanamh roimh thabhairt suas an duine, seachas an cion ar tugadh suas é nó í mar gheall air, ach amháin go ndéanann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a mhalairt a shonrú ina bhreith maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.
2. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, ní fhéadfar duine a tugadh suas a ionchúiseamh, pianbhreith a chur air nó uirthi ná a shaoirse nó a saoirse a bhaint de nó di ar aon dóigh eile i leith ciona a rinneadh sular tugadh suas é nó í, seachas an cion ar ina leith a rinneadh é nó í a thabhairt suas.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo sna cásanna seo a leanas:
(a) |
bhí deis ag an duine críoch an Stáit a ndearnadh é nó í a thabhairt suas dó a fhágáil agus nach ndearna sé nó sí amhlaidh laistigh de 45 lá ón lá ar scaoileadh saor go críochnaitheach é nó í, nó gur fhill an duine ar an gcríoch tar éis dó nó di í a fhágáil; |
(b) |
níl an cion inphionóis le pianbhreith choimeádta ná le hordú coinneála; |
(c) |
níl na himeachtaí coiriúla ina gcúis le beart a chur i bhfeidhm a shrianann an tsaoirse phearsanta; |
(d) |
d'fhéadfadh pionós nó beart nach bhfuil cailleadh saoirse i dtreis ann, lena n-áirítear pionós airgeadais nó beart ina ionad sin, a bheith de dhliteanas ar an duine, go fiú más rud é go bhféadfadh an pionós nó an beart sin a bheith ina shrian ar shaoirse phearsanta an duine; |
(e) |
thoiligh an duine go dtabharfaí suas é nó í, i gcás inarb iomchuí ag an am céanna a thréig an duine riail na speisialtachta, i gcomhréir le hAirteagal 611; |
(f) |
déanann an duine, tar éis a thabhairt suas, teideal do riail na speisialtachta a thréigean go sainráite i dtaca le cionta sonracha roimh thabhairt suas an duine sin; ní mór an tréigean a dhéanamh os comhair údaráis bhreithiúnacha inniúla an Stáit eisiúna agus ní mór é a thaifeadadh i gcomhréir le dlí baile an Stáit sin; ní mór an tréigean a tharraingt suas ar shlí a léireoidh go bhfuil sé tugtha dá dheoin féin ag an duine lena mbaineann agus go bhfuil sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí; chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine dlíodóir a fháil; chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine dlíodóir a fháil; agus |
(g) |
nuair a thugann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a thug suas an duine a thoiliú i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. |
4. Ní mór iarraidh ar thoiliú a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, agus an fhaisnéis a luaitear in Airteagal 606(1) ag gabháil léi, mar aon le haistriúchán dá dtagraítear in Airteagal 606(2). Tabharfar an toiliú nuair atá an cion a ndearnadh an iarraidh ina leith faoi réir tabhairt suas i gcomhréir le forálacha an Teidil seo. Diúltófar toiliú ar an bhforas dá dtagraítear sa Teideal seo agus seachas sin ní féidir é a dhiúltú ach amháin ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 601, nó Airteagal 602(2) [agus Airteagal 603(2). Glacfar an bhreith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarraidh a fháil. Maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 604, ní mór don Stát eisiúna na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann a thabhairt.
Airteagal 626
Tabhairt suas nó eiseachadadh ina dhiaidh sin
1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go bhfuil sé toimhdithe, i gcaidreamh le Stáit eile a bhfuil feidhm ag an bhfógra céanna maidir leo, go bhfuil toiliú tugtha maidir le duine a thabhairt suas do Stát nach an Stát forghníomhaitheach é de bhun barántas gabhála nó de bhun barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i leith ciona a rinneadh roimh thabhairt suas an duine, ach amháin go ndéanann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a mhalairt a shonrú ina chinneadh maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.
2. In aon chás, féadfar an duine a tugadh suas don Stát eisiúna de bhun barántas gabhála nó barántas gabhála Eorpach, gan toiliú an Stáit fhorghníomhaithigh, a thabhairt suas do Stát eile seachas an Stát forghníomhaitheach de bhun barántas gabhála nó barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i leith aon chion a rinneadh roimh é nó í a thabhairt suas sna cásanna seo a leanas:
(a) |
bhí deis ag an duine iarrtha críoch an Stáit a ndearnadh é nó í a thabhairt suas dó a fhágáil agus ní dhearna sé nó sí amhlaidh laistigh de 45 lá ón lá ar scaoileadh saor go críochnaitheach é nó í, nó gur fhill an duine ar an gcríoch tar éis dó nó di í a fhágáil; |
(b) |
toilíonn an duine iarrtha go dtabharfar suas é nó í do Stát seachas an Stát forghníomhaitheach de bhun barántas gabhála nó barántais gabhála Eorpaigh; ní mór an toiliú a thabhairt os comhair údaráis bhreithiúnacha inniúla an Stáit eisiúna agus ní mór é a thaifeadadh i gcomhréir le dlí baile an Stáit sin; ní mór an toiliú a tharraingt suas ar dhóigh a léireoidh go ndearna an duine lena mbaineann go deonach é agus go raibh sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí; chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine iarrtha dlíodóir a fháil; agus |
(c) |
níl an duine iarrtha faoi réir riail na speisialtachta, i gcomhréir le pointe (a), (e), (f) nó (g) d’Airteagal 625(3). |
3. Toileoidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach don tabhairt suas do Stát eile de réir na rialacha seo a leanas:
(a) |
ní mór an iarraidh ar thoiliú a chur isteach de réir Airteagal 607, mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 606(1) agus aistriúchán dá dtagraítear in Airteagal 606(2); |
(b) |
tabharfar an toiliú nuair atá an cion a ndearnadh an iarraidh ina leith ina ábhar do thabhairt suas i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo; |
(c) |
glacfar an bhreith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarraidh a fháil; agus |
(d) |
diúltófar toiliú ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 600 agus seachas sin ní féidir é a dhiúltú ach amháin ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 601, Airteagal 602(2) agus Airteagal 603(2). |
4. Maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 604 ní mór don Stát eisiúna na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann a thabhairt.
5. D'ainneoin mhír 1, ní dhéanfar duine a tugadh suas de bhun barántas gabhála a eiseachadadh chuig tríú tír gan toiliú údarás inniúil an Stáit a thug suas an duine. Ní mór an toiliú sin a thabhairt i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin atá ina gceangal ar an Stát sin agus lena dlí baile.
Airteagal 627
Maoin a thabhairt ar láimh
1. Déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, arna iarraidh sin don údarás breithiúnach eisiúna nó ar a thionscnamh féin, maoin a urghabháil agus a thabhairt ar láimh:
(a) |
a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise; nó |
(b) |
a fuair an duine iarrtha de dheasca an chiona. |
2. Tabharfar ar láimh an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 go fiú mura féidir an barántas gabhála a chur i gcrích de thairbhe bhás nó éalú an duine iarrtha.
3. Más maoin í an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 a dhlífear a urghabháil nó a choigistiú ar chríoch an Stáit fhorghníomhaithigh, féadfaidh an Stát sin, má tá an mhaoin ag teastáil i ndáil le himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh, í a choinneáil go sealadach nó í a thabhairt ar láimh don Stát eisiúna ar choinníoll go dtabharfar ar ais í.
4. Aon chearta a fhéadfaidh an Stát forghníomhaitheach nó tríú páirtithe a fháil sa mhaoin dá dtagraítear i mír 1, déanfar iad a chaomhnú. Nuair atá cearta den sórt sin ann, tabharfaidh an Stát eisiúna an mhaoin ar ais gan mhuirear don Stát forghníomhaitheach a luaithe a bheidh na himeachtaí coiriúla foirceanta.
Airteagal 628
Speansas
1. Speansas a thabhófar ar chríoch Stáit fhorghníomhaithigh de bharr barántas gabhála a fhorghníomhú, is é an Stát sin a iompróidh iad.
2. Is é an Stát eisiúna a iompróidh gach speansas eile.
Airteagal 629
Ceangal le hionstraimí dlí eile
1. Gan dochar dá gcur i bhfeidhm sa chaidreamh idir Stáit agus tríú tíortha, ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, gabhfaidh an Teideal seo ionad fhorálacha comhfhreagracha na gcoinbhinsiún seo a leanas is infheidhme i réimse an eiseachadta sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe, de pháirt amháin, agus na Ballstáit, den pháirt eile:
(a) |
an Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, arna dhéanamh i bPáras an 13 Nollaig 1957, agus na prótacail bhreise a ghabhann leis; agus |
(b) |
an Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur a mhéid a bhaineann le heiseachadadh. |
2. I gcás ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1 maidir le críocha Stát nó críocha a bhfuil Stát freagrach as a chaidreamh eachtrach nach bhfuil feidhm ag an Teideal seo maidir leis, leanfaidh na Coinbhinsiúin sin den chaidreamh atá idir na críocha sin agus na Stáit eile a rialú.
Airteagal 630
Athbhreithniú ar fhógraí
Agus an t-athbhreithniú comhpháirteach ar an Teideal seo dá dtagraítear in Airteagal 691(1) á dhéanamh acu, déanfaidh na Páirtithe a machnamh freisin ar an ngá atá ann na fógraí a rinneadh faoi Airteagal 599(4), Airteagal 602(2) agus Airteagal 603(2) a choinneáil ar bun. I gcás nach ndéanfar na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 603(2) a athnuachan, rachaidh siad in éag cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Ní fhéadfar fógraí dá dtagraítear in Airteagal 603(2) a athnuachan ná a dhéanamh as an nua ach amháin le linn na dtrí mhí roimh chothrom lae cúig bliana theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus, ina dhiaidh sin, gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 603(2) an tráth sin.
Airteagal 631
Barántais ghabhála leanúnacha i gcás dífheidhmiú
D'ainneoin Airteagal 526, Airteagal 692 agus Airteagal 693, beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo maidir le barántais ghabhála i gcás inar gabhadh an duine iarrtha roimh dhífheidhmiú an Teidil seo chun barántas gabhála a fhorghníomhú, gan beann ar an gcinneadh ón údarás forghníomhaitheach breithiúnach i dtaobh an gcoimeádfar an duine iarrtha faoi choinneáil nó an scaoilfear saor é go sealadach.
Airteagal 632
Cur i bhfeidhm maidir le barántais ghabhála Eorpacha atá ann cheana
Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le barántais ghabhála Eorpacha arna n-eisiúint i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/584/CGB (81) ón gComhairle ag Stát roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcás nár gabhadh an duine iarrtha chun é a fhorghníomhú roimh dheireadh na hidirthréimhse.
TEIDEAL VIII
CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH
AIRTEAGAL 633
Cuspóir
1. Is é cuspóir an Teidil seo forlíonadh a dhéanamh ar na forálacha seo a leanas, agus á gcur i bhfeidhm a éascú, ag na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus ag an Ríocht Aontaithe, ar an taobh eile:
(a) |
an Coinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, ‘an Coinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach’; |
(b) |
an Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Márta 1978; agus |
(c) |
an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Samhain 2001. |
2. Tá an Teideal seo gan dochar d'fhorálacha Theideal IX, a bhfuil tosaíocht aige ar an Teideal seo.
Airteagal 634
Sainmhíniú ar údarás inniúil
Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás atá inniúil chun iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a sheoladh agus/nó a fháil i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail agus mar a shainíonn Stáit ina ndearbhuithe féin a dhírítear chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa. Áirítear freisin le ‘údarás inniúil’ comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtugtar fógra i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 690; maidir leis na comhlachtaí sin de chuid an Aontais, beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo dá réir.
Airteagal 635
An fhoirm chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh
1. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh iarrataí ar ar chúnamh frithpháirteach, trí iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo a ghlacadh.
2. I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach i gcomhréir le mír 1, déanfar iarrataí le húsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach.
3. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach leasú a dhéanamh ar na foirmeacha caighdeánacha a úsáidfear le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach, de réir mar is gá.
Airteagal 636
Coinníollacha maidir le cúnamh frithpháirteach a iarraidh
1. Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Stáit iarrthaigh iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh ach amháin más deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
go bhfuil an iarraidh riachtanach agus comhréireach chun críoch na n-imeachtaí, agus cearta an duine atá faoi amhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh; agus |
(b) |
go bhféadfaí na bearta imscrúdaitheacha a léirítear san iarraidh a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás comhchosúil baile. |
2. Féadfaidh an Stát iarrtha dul i gcomhairle leis an Stát iarrthach má bhíonn údarás inniúil an Stáit iarrtha den tuairim nach bhfuil na coinníollacha i mír 1 á gcomhlíonadh. Tar éis an chomhairliúcháin, féadfaidh údarás inniúil an Stáit iarrthaigh cinneadh a dhéanamh an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a aistarraingt.
Airteagal 637
Dul i muinín cineál eile birt imscrúdaithe
1. In aon chás inar féidir, déanfaidh údarás inniúil an Stáit iarrtha a bhreithniú faoi dhul ar iontaoibh birt imscrúdaithigh seachas an beart a luaitear san iarraidh ar chúnamh frithpháirteach, más ann do na dálaí seo a leanas:
(a) |
maidir leis an mbeart imscrúdaitheach a luaitear san iarraidh, is beart é nach ann dó faoi dhlí an Stáit iarrtha; nó |
(b) |
maidir leis an mbeart imscrúdaitheach a luaitear san iarraidh, ní bheadh fáil ar an mbeart sin i gcás comhchosúil baile. |
2. Gan dochar don fhoras le haghaidh diúltú atá le fáil faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus faoina Phrótacail, agus faoi Airteagal 639, níl feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir leis na bearta imscrúdaitheacha seo a leanas, nach mór a bheith ar fáil i gcónaí faoi dhlí an Stáit iarrtha:
(a) |
faisnéis a fháil atá i mbunachair shonraí de chuid na bpóilíní nó de chuid údarás breithiúnach a bhfuil rochtain dhíreach ag údarás inniúil an Stáit iarrtha orthu i gcreat imeachtaí coiriúla; |
(b) |
finné, saineolaí, íospartach, duine atá faoi amhras nó atá cúisithe nó tríú páirtí i gcríoch an Stáit iarrtha a éisteacht; |
(c) |
aon bheart imscrúdaitheach neamh-chomhéigneach mar a shainmhínítear faoi dhlí an Stáit iarrtha; agus |
(d) |
céannacht daoine a bhfuil seilbh acu, trí shíntiús, ar uimhir ghutháin shonraithe nó ar sheoladh IP. |
3. Féadfaidh údarás inniúil an Stáit iarrtha dul ar iontaoibh birt imscrúdaithigh seachas an méid sin a luaitear san iarraidh ar chúnamh frithpháirteach i gcás ina ngnóthófar leis an mbeart imscrúdaitheach a roghnaigh údarás inniúil an Stáit iarrtha an toradh céanna trí mhodhanna nach bhfuil chomh hionrach céanna leis an mbeart imscrúdaitheach a léirítear san iarraidh.
4. Nuair a chinnfidh údarás inniúil an Stáit iarrtha leas a bhaint as an bhféidearthacht dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 3, cuirfidh sé údarás inniúil an Stáit iarrthaigh ar an eolas ar dtús agus féadfaidh an t-údarás sin cinneadh a dhéanamh an iarraidh a aistarraingt nó a fhorlíonadh.
5. Maidir leis an mbeart imscrúdaitheach a luaitear san iarraidh, más amhlaidh nach ann don bheart sin faoi dhlí an Stáit iarrtha nó más amhlaidh nach mbeadh sé ar fáil i gcás comhchosúil baile, agus más amhlaidh nach bhfuil aon bheart imscrúdaitheach eile ann lena bhfaighfí an toradh céanna a gheofaí leis an mbeart imscrúdaitheach a iarradh, cuirfidh údarás inniúil an Stáit iarrtha údarás eisiúna an Stáit iarrthaigh ar an eolas faoi nach bhfuil sé indéanta an cúnamh a iarradh a chur ar fáil.
Airteagal 638
Oibleagáid eolas a thabhairt
Cuirfidh údarás inniúil an Stáit iarrtha údarás inniúil an Stáit iarrthaigh ar an eolas láithreach, trí mheán ar bith agus gan moill mhíchuí:
(a) |
más dodhéanta an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú toisc an iarraidh a bheith neamhiomlán, nó toisc í a bheith mícheart ar dhóigh fhollasach; nó |
(b) |
más rud é, in imeacht fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh frithpháirteach, agus gan tuilleadh fiosruithe a dhéanamh, go measfaidh údarás inniúil an Stáit iarrtha go bhféadfadh sé gurbh iomchuí bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh nach raibh beartaithe i dtús báire, nó nárbh fhéidir a shonrú nuair a rinneadh an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach, chun a chur ar chumas údarás inniúil an Stáit iarrthaigh gníomhaíocht bhreise a dhéanamh sa chás sonrach. |
Airteagal 639
Ne bis in idem
De bhreis ar an bhforas le haghaidh diúltú a liostaítear sa Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus ina Phrótacail, féadfar cúnamh frithpháirteach a dhiúltú ar an bhforas gur thug , maidir leis an duine ar iarraidh an cúnamh ina leith agus atá faoi réir imscrúduithe coiriúla, ionchúiseamh nó imeachtaí eile, lena n-áirítear imeachtaí breithiúnacha, sa Stát iarrthach, gur thug Stát eile breithiúnas críochnaitheach ar an duine sin i leith na ngníomhartha céanna, ar choinníoll, má gearradh pionós, go ndearnadh an pionós sin a fhorfheidhmiú, go bhfuil sé á fhorfheidhmiú nó nach féidir é a fhorfheidhmiú a thuilleadh faoi dhlí an Stáit a thug an breithiúnas pianbhreithe.
Airteagal 640
Teorainneacha ama
1. Déanfaidh an Stát iarrtha an cinneadh maidir leis an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis í a fháil, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Stát iarrthach.
2. Déanfar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú a luaithe is féidir agus ar aon chás tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó tar éis an comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 636(2) a dhéanamh.
3. I gcás ina mbeidh sé luaite san iarraidh, de dheasca spriocdhátaí nós imeachta, thromchúis an chiona nó imthosca fíorphráinne eile, go bhfuil gá le sprioc-am níos giorra ná na sprioc-amanna a fhoráiltear i míreanna 1 agus 2, nó ina bhfuil sé luaite san iarraidh nach mór an beart cúnaimh fhrithpháirtigh a dhéanamh ar dháta faoi leith, cuirfidh an Stát iarrtha an ceanglas sin i gcuntas a oiread is féidir.
4. I gcás ina n-iarrfar cúnamh frithpháirteach chun bearta sealadacha a dhéanamh de bhun Airteagal 24 den Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, déanfaidh údarás inniúil an Stáit iarrtha an cinneadh maidir leis an mbeart sealadach a chinneadh, agus a chur in iúl, a luaithe is féidir tar éis dó an iarraidh a fháil. Sula gcuirfear i leataobh aon bheart sealadach arna ghlacadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Stáit iarrtha an deis d’údarás inniúil an Stáit iarrthaigh, nuair is féidir, a chúiseanna a chur i láthair i bhfabhar leanúint leis an mbeart.
5. I gcás sonrach, nach féidir an teorainn ama a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2, nó an teorainn ama nó an dáta sonrach dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh, nó ina gcuirfear moill ar an gcinneadh maidir le bearta sealadacha a dhéanamh i gcomhréir le mír 4, cuirfidh údarás inniúil an Stáit iarrtha údarás inniúil an Stáit iarrthaigh ar an eolas gan mhoill trí aon mhodh, agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an moill agus rachaidh sé i gcomhairle le húdarás inniúil an Stáit iarrthaigh maidir leis an uainiú iomchuí chun an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú.
6. Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama dá dtagraítear san Airteagal seo má dhéantar an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach i ndáil leis na cionta agus na sáruithe seo a leanas a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail, mar a shainmhínítear i ndlí an Stáit iarrataigh:
(a) |
tiomáint róghasta, mura ndearnadh aon díobháil nó aon bhás do dhuine eile agus mura raibh an luas breise suntasach; |
(b) |
loiceadh crios sábhála a chaitheamh; |
(c) |
loiceadh stopadh ag solas dearg nó ag comhartha stoptha éigeantach eile; |
(d) |
loiceadh clogad sábháilteachta a chaitheamh; nó |
(e) |
lána toirmiscthe a úsáid (amhail lána éigeandála a úsáid atá toirmiscthe, lána atá curtha in áirithe d'iompar poiblí, nó lána atá dúnta le haghaidh oibreacha bóthair). |
7. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach athbhreithniú leanúnach ar fheidhmiú mhír 6. Gabhfaidh sé air féin teorainneacha ama a shocrú i ndáil leis na hiarrataí a bhfuil feidhm ag mír 6 maidir leo laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus an líon iarrataí á chur san áireamh aige. Féadfaidh sé a chinneadh freisin nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag mír 6.
Airteagal 641
Iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a tharchur
1. Sa bhreis ar na bealaí cumarsáide dá bhforáiltear faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail, ina ndéantar foráil maidir le tarchur díreach faoina bhforálacha faoi seach, féadfaidh ionchúisitheoirí poiblí sa Ríocht Aontaithe iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a tharchur go díreach chuig údaráis inniúla na mBallstát freisin.
2. Sa bhreis ar na bealaí cumarsáide dá bhforáiltear faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail, féadfar aon iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, mar aon le faisnéis spontáineach, a tharchur, i gcás práinne, trí Europol nó trí Eurojust, i gcomhréir leis na forálacha i dTeidil an Chomhaontaithe seo faoi seach.
Airteagal 642
Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe
I gcás ina mbunóidh údaráis inniúla Stát Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú, rialófar an caidreamh idir na Ballstáit san Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú le dlí an Aontais, d'ainneoin an bhunúis dlí dá dtagraítear sa Chomhaontú maidir le Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú a bhunú.
TEIDEAL IX
FAISNÉIS FAOI THAIFEAD COIRIÚIL A MHALARTÚ
Airteagal 643
Cuspóir
1. Is é cuspóir an Teidil seo socrú a dhéanamh a fhágfaidh gurb indéanta faisnéis arna baint as an taifead coiriúil a mhalartú idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile.
2. Sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, déanann forálacha an Teidil seo an méid seo a leanas:
(a) |
feidhm Airteagal 13 agus Airteagal 22(2) den Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla agus a Phrótacail Bhreise an 17 Márta 1978 agus an 8 Samhain 2001 a fhorlíonadh; agus |
(b) |
an méid atá sa Teideal seo a chur in ionad Airteagal 22(1) den Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, mar a forlíonadh le hAirteagal 4 de Phrótacal Breise an 17 Márta 1978 a ghabhann leis. |
3. Ina gcaidreamh idir a chéile, tarscaoilfidh na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, ar an taobh eile, an ceart chun brath ar an amhras atá orthu maidir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla agus le hAirteagal 4 den Phrótacal Breise an 17 Márta 1978.
Airteagal 644
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘ciontú’ aon chinneadh críochnaitheach ó chúirt choiriúil i gcoinne duine nádúrtha i ndáil le cion coiriúil, sa mhéid go mbreactar síos an cinneadh sin i dtaifid choiriúla an Stáit chiontaithigh; |
(b) |
ciallaíonn ‘imeachtaí coiriúla’ an chéim roimh an triail, céim na trialach agus forghníomhú an chiontaithe; |
(c) |
ciallaíonn ‘taifead coiriúil’ an clár baile nó na cláir bhaile ina ndéantar ciontuithe a thaifeadadh i gcomhréir leis an dlí baile. |
Airteagal 645
Údaráis lárnacha
Ainmneoidh gach Stát údarás lárnach amháin nó níos mó a bheidh an inniúil ar an malartú faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil de bhun an Teidil seo agus ar na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla.
Airteagal 646
Fógraí
1. Glacfaidh gach Stát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi náisiúntacht nó náisiúntachtaí an duine chiontaithe más náisiúnach de Stát eile é nó í ag gabháil le gach ciontú a thugtar laistigh dá chríoch, nuair a chuirfear ar fáil dá thaifead coiriúil é.
2. Cuirfidh údarás lárnach gach Stáit údarás lárnach aon Stáit eile ar an eolas faoi gach ciontú coiriúil a thugtar ina chríoch maidir le náisiúnaigh de chuid an Stáit sin, chomh maith le haon athrú nó scriosadh ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis atá sa taifead coiriúil, mar atá iontráilte sa taifead coiriúil. Cuirfidh údaráis lárnach na Stát an fhaisnéis sin in iúl dá chéile uair sa mhí ar a laghad.
3. Má thagann údarás lárnach Stáit ar an eolas gur náisiúnach de chuid dhá Stát eile nó níos mó an duine ciontaithe, tarchuirfear an fhaisnéis iomchuí chuig gach ceann de na Stáit sin, fiú más náisiúnach de chuid an Stáit ar ina chríoch a ciontaíodh é nó í an duine ciontaithe.
Airteagal 647
Ciontuithe a stóráil
1. Stórálfaidh údarás lárnach gach Stáit an fhaisnéis go léir a dtugtar fógra fúithi faoi Airteagal 646.
2. Áiritheoidh údarás lárnach gach Stáit, más rud é go dtugtar fógra faoi athrú nó scriosadh ina dhiaidh sin faoi Airteagal 646(2), go ndéanfar athrú nó scriosadh atá comhionann ar an bhfaisnéis a stóráiltear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
3. Áiritheoidh údarás lárnach gach Stáit nach gcuirfear ar fáil ach faisnéis a tugadh cothrom le dáta i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo nuair a bheidh freagra á thabhairt ar iarrataí arna ndéanamh faoi Airteagal 648.
Airteagal 648
Iarrataí ar fhaisnéis
1. Nuair a iarrtar faisnéis ó thaifead coiriúil Stáit ar leibhéal baile chun críoch imeachtaí coiriúla i gcoinne duine nó chun aon chríoch seachas críocha imeachtaí coiriúla, féadfaidh údarás lárnach an Stáit sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, iarraidh a chur faoi bhráid údarás lárnach Stáit eile chun faisnéis agus sonraí gaolmhara a bhaint as an taifead coiriúil.
2. Nuair a iarrfaidh duine faisnéis faoina thaifead coiriúil féin ar údarás lárnach Stáit nach é Stát náisiúntacht an duine é, déanfaidh an t-údarás lárnach sin iarraidh a chur faoi bhráid údarás lárnach Stát náisiúntacht an duine chun faisnéis agus sonraí gaolmhara a bhaint as an taifead coiriúil chun gur féidir an fhaisnéis agus na sonraí gaolmhara sin a áireamh sa sliocht a sholáthrófar don duine lena mbaineann.
Airteagal 649
Freagraí ar iarratais
1. Tarchuirfidh údarás lárnach an Stáit iarrtha freagraí ar na hiarrataí chuig údarás lárnach an Stáit iarrtha, a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de thréimhse nach faide ná 20 lá oibre ón dáta a fuarthas an iarraidh.
2. Freagróidh údarás lárnach gach Stáit ar iarrataí a dhéantar chun críoch seachas críocha imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin.
3. D'ainneoin mhír 2, nuair a bheidh siad ag freagairt ar iarrataí arna ndéanamh chun críche earcaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí deonacha gairmiúla nó eagraithe a bhfuil teagmháil dhíreach agus rialta le leanaí ag baint leo, áireoidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe faisnéis faoi chiontuithe coiriúla a bheith ann i leith cionta a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach nó teacht i dtír gnéasach ar leanaí, pornagrafaíocht leanaí, sirtheoireacht leanaí chun críocha collaíochta, lena n-áirítear na cionta sin a spreagadh, cabhrú leo, iad a neartú nó ag féachaint leis na cionta sin a dhéanamh, chomh maith le haon dícháiliú ó ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhfuil teagmháil dhíreach agus rialta le leanaí ag baint leo a thagann as na ciontuithe coiriúla sin.
Airteagal 650
Bealach cumarsáide
Déanfar an fhaisnéis a bhaintear as an taifead coiriúil a mhalartú idir na Stáit go leictreonach i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn 44.
Airteagal 651
Coinníollacha maidir le húsáid sonraí pearsanta
1. Ní fhéadfaidh gach Stát úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a fhaightear mar fhreagra ar a iarraidh faoi Airteagal 649 ach chun na gcríoch dár iarradh iad agus chun na gcríoch sin amháin.
2. Nuair a iarradh an fhaisnéis chun aon chríoch seachas críocha imeachtaí coiriúla, ní fhéadfaidh an Stát iarrthach sonraí pearsanta arna bhfáil faoi Airteagal 649 a úsáid i gcomhréir leis an dlí baile ach amháin laistigh de na teorainneacha arna sonrú ag an Stát iarrtha san fhoirm a leagtar amach i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn 44.
3. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Stát iarrthach úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a sholáthair Stát mar fhreagra ar iarraidh faoi Airteagal 649 chun bagairt láithreach thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc.
4. Áiritheoidh gach Stát nach nochtfaidh a n-údaráis lárnacha sonraí pearsanta ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 646 d’údaráis i dtríú tíortha mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
gur ar bhonn cás ar chás amháin a nochtfar na sonraí pearsanta; |
(b) |
go nochtar na sonraí pearsanta d’údaráis a mbaineann a bhfeidhmeanna go díreach leis an gcríoch dá nochtar an fhaisnéis faoi phointe (c) den mhír seo; |
(c) |
ní nochtar na sonraí pearsanta ach amháin más gá:
|
(d) |
ní fhéadfaidh an tríú tír iarrthach na sonraí pearsanta a úsáid ach amháin chun na críche sin ar iarradh an fhaisnéis ina leith agus laistigh de na teorainneacha arna sonrú ag an Stát a thug fógra faoi na sonraí pearsanta faoi Airteagal 646; agus |
(e) |
go gcinneann an t-údarás lárnach, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú na sonraí pearsanta chuig an tríú tír, go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun na sonraí pearsanta a chosaint. |
2. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta a gheobhaidh Stát faoin Teideal seo agus a thionscnaíonn ón Stát sin.
TEIDEAL X
FRITHSCIÚRADH AIRGID AGUS MAOINIÚ FRITHSCEIMHLITHEOIREACHTA
Airteagal 652
Cuspóir
Is é cuspóir an Teidil seo tacú le gníomhaíocht an Aontais agus na Ríochta Aontaithe chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus an ghníomhaíocht sin a neartú freisin.
Airteagal 653
Bearta chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac
1. Comhaontaíonn na Páirtithe tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Aithníonn na Páirtithe gur gá oibriú i gcomhar chun cosc a chur ar úsáid a gcóras airgeadais chun fáltais ó gach gníomhaíocht choiriúil a sciúradh, lena n-áirítear gáinneáil ar dhrugaí agus éilliú, agus i ndáil le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac freisin.
2. Déanfaidh na Páirtithe faisnéis ábhartha a mhalartú, de réir mar is iomchuí laistigh dá gcreataí dlíthiúla féin.
3. Coinneoidh na Páirtithe córas cuimsitheach ar bun chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus déanfaidh siad athbhreithniú rialta ar an ngá atá leis an gcóras a fheabhsú, agus prionsabail agus cuspóirí na moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais á gcur san áireamh.
Airteagal 654
Trédhearcacht maidir le húinéireacht thairbhiúil le haghaidh eintitis chorparáideacha agus d'eintitis dhlíthiúla eile
1. Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ aon duine aonair i leith eintiteas corparáideach a dhéanann, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí, an méid seo a leanas:
I leith eintitis dhlíthiúla amhail fondúireachtaí, Anstalt agus comhpháirtíochtaí faoi dhliteanas teoranta, tá an ceart ag gach Páirtí critéir chomhchosúla a chinneadh chun an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint, nó, más mian leo, an sainmhíniú a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 655(1) a chuir i bhfeidhm, ag féachaint d'fhoirm agus struchtúr na n-eintiteas sin. I leith eintitis dhlíthiúla eile nach bhfuil luaite thuas, cuirfidh gach Páirtí na cineálacha éagsúla foirmeacha agus struchtúr de na heintitis sin san áireamh chomh maith leis na leibhéil sciúrtha airgid agus na rioscaí maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineanna le heintitis den chineál sin, d’fhonn na leibhéil trédhearcachta ábhartha le haghaidh úinéireacht thairbhiúil a chinneadh; |
(b) |
ciallaíonn ‘faisnéis bhunúsach faoi úinéireacht thairbhiúil’ ainm, mí agus bliain bhreithe, tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil, chomh maith le cineál agus méid an leasa a shealbhaítear aige nó an rialú a fheidhmíonn an t-úinéir tairbhiúil ar an eintiteas; |
(c) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:
Tá an sainmhíniú seo gan dochar do cheart gach Páirtí údaráis inniúla bhreise a shainaithint a bhfuil cead acu rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi úinéirí tairbhiúla. |
2. Áiritheoidh gach Páirtí go gcoinneoidh na heintitis dhlíthiúla ina chríoch faisnéis leordhóthanach chruinn agus cothrom le dáta faoi na húinéirí tairbhiúla. Cuirfidh gach Páirtí sásraí i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh rochtain thráthúil ag a n-údaráis inniúla féin ar fhaisnéis den chineál sin.
3. Déanfaidh gach Páirtí clár lárnach a bhunú nó a choinneáil ar bun ina bhfuil faisnéis leordhóthanach chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéirí tairbhiúla. I gcás an Aontais, bunófar na cláir lárnacha ar leibhéal na mBallstát. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le heintitis dhlíthiúla a liostaítear ar stocmhalartán faoi réir ceanglais nochta i ndáil le leibhéal trédhearcachta leordhóthanach. I gcás nach sainaithníodh aon úinéir tairbhiúil i leith eintitis, beidh faisnéis mhalartach sa chlár, amhail ráiteas chuige sin nó sonraí faoin duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bhfuil post an oifigigh bainistíochta shinsearaigh aige nó acu san eintiteas dlíthiúil.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear an fhaisnéis a choinnítear ina chlár nó cláir lárnacha ar fáil dá údaráis lárnacha gan srian agus ar bhealach tráthúil.
5. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear faisnéis bhunúsach faoi úinéirí tairbhiúla ar fáil d’aon duine den phobal. Féadfar eisceachtaí teoranta a dhéanamh maidir le hinfhaighteacht phoiblí na faisnéise faoin mír seo i gcásanna ina bhfágfadh rochtain phoiblí an t-úinéir tairbhiúil gan chosaint ar rioscaí díréireacha, amhail rioscaí calaoise, fuadaigh, dúmháil, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe, nó i gcás inar mionaoiseach é an t-úinéir tairbhiúil nó ina bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh dlí de.
6. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh smachtbhannaí éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha ann in aghaidh duine dlítheanach nó nádúrtha nach gcomhlíonann na ceanglais a fhorchuireadh orthu maidir leis na hábhair dá dtagraítear san Airteagal seo.
7. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh a n-údaráis inniúla in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a sholáthar d’údaráis inniúla an Pháirtí eile ar mhodh tráthúil éifeachtach agus saor in aisce. Chuige sin, déanfaidh na Páirtithe a machnamh ar bhealaí lena áirithiú go malartófar faisnéis go sábháilte.
Airteagal 655
Trédhearcacht maidir le húinéireacht thairbhiúil socruithe dlíthiúla
1. Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ an socraitheoir, an cosantóir (más ann dá leithéid), iontaobhaithe, an tairbhí nó aicme na dtairbhithe , aon duine a bhfuil seasamh coibhéiseach i ndáil le socrú dlíthiúil a bhfuil struchtúr nó feidhm chomhchosúil le hiontaobhas sainráite aige, agus aon duine nádúrtha eile a fheidhmíonn rialú éifeachtach deiridh ar iontaobhas nó ar shocrú dlíthiúil comhchosúil; |
(b) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:
Tá an sainmhíniú seo gan dochar do cheart gach Páirtí údaráis inniúla bhreise a shainaithint a bhfuil cead acu rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi úinéirí tairbhiúla. |
2. Áiritheoidh gach Páirtí go gcoinneoidh iontaobhaithe de chuid iontaobhas sainráite faisnéis leordhóthanach chruinn agus cothrom le dáta faoi na húinéirí tairbhiúla. Beidh feidhm ag na bearta seo freisin maidir le socruithe dlíthiúla eile a shainaithníonn gach páirtí mar shocruithe a bhfuil struchtúr nó feidhm atá comhchosúil le hiontaobhais acu.
3. Cuirfidh gach Páirtí sásraí i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh rochtain thráthúil ag a n-údaráis inniúla féin ar fhaisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite nó socruithe dlíthiúla eile a bhfuil struchtúr nó feidhm atá comhchosúil le hiontaobhais acu.
4. Más i gclár lárnach a shealbhaítear an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil i ndáil le hiontaobhais nó le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, áiritheoidh an Stát lena mbaineann go bhfuil an fhaisnéis leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta, agus go bhfuil rochtain thráthúil agus neamhshrianta ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis sin. Féachfaidh na Páirtithe le breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun rochtain ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil i ndáil le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a sholáthar do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí ar féidir leo leas dlisteanach a léiriú maidir le faisnéis den sórt sin a fheiceáil.
5. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh smachtbhannaí éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha ann in aghaidh duine dlítheanach nó nádúrtha nach gcomhlíonann na ceanglais a fhorchuireadh orthu maidir leis na hábhair dá dtagraítear sa Airteagal seo.
6. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh a n-údaráis inniúla in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar d’údaráis inniúla an Pháirtí eile ar mhodh tráthúil éifeachtach agus saor in aisce. Chuige sin, déanfaidh na Páirtithe a machnamh ar bhealaí lena áirithiú go malartófar faisnéis go sábháilte.
TEIDEAL XI
REO AGUS COIGISTIÚ
Airteagal 656
Cuspóirí agus prionsabail an chomhair
1. Is é is cuspóir don Teidil seo foráil a dhéanamh maidir le comhar idir an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, agus na Ballstáit, ar an taobh eile, a mhéid is féidir chun críoch imscrúduithe agus imeachtaí arb é is aidhm dóibh maoin a reo d’fhonn í a choigistiú ina dhiaidh sin agus chun críocha imscrúduithe agus imeachtaí arb é is aidhm dóibh maoin a choigistiú faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla. Ní chuireann sé sin bac ar chomhar eile de bhun Airteagal 656(5) agus (6). Chomh maith leis sin, déantar foráil sa Teideal seo maidir le comhar le comhlachtaí de chuid an Aontais arna n-ainmniú ag an Aontas chun críocha an Teidil seo.
2. Comhlíonfaidh gach Stát, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Teideal seo, iarrataí ó Stát eile:
(a) |
maidir le míreanna sonracha maoine a choigistiú, agus maidir le coigistiú a dhéanamh ar fháltais arb é atá iontu ceanglas suim airgid a íoc ar comhréir le luach na bhfáltas; |
(b) |
maidir le cúnamh imscrúdaitheach agus bearta sealadacha d’fhonn ceachtar den dá chineál coigistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh. |
3. Déanfar bearta cúnaimh imscrúdaithe agus bearta sealadacha arna lorg faoi phointe (b) de mhír 2 a chur i gcrích de réir mar a cheadaíonn dlí baile an Stáit iarrtha agus i gcomhréir leis an dlí sin. I gcás ina sonrófar san iarraidh a bhainfidh le ceann de na bearta sin foirmiúlachtaí nó nósanna imeachta is gá faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh, fiú más foirmiúlachtaí nó nósanna iad nach bhfuil an Stát iarrtha ina dtaithí, comhlíonfaidh an Stát sin na hiarrataí sin a mhéid nach bhfuil an ghníomhaíocht atá á lorg bunoscionn le prionsabail bhunúsacha a dhlí náisiúnta.
4. Áiritheoidh an Stát iarrtha go dtabharfar an t-aon tosaíocht amháin do na hiarrataí ó Stát eile maidir le fáltais agus ionstraimeachtaí a shainaithint, a rianú, a reo nó a urghabháil, is é sin an tosaíocht a thugtar faoi chuimsiú nósanna imeachta baile.
5. Nuair a bheidh coigistiú, cúnamh imscrúdaitheach agus bearta sealadacha á n-iarraidh ag Stát iarrthach chun críoch coigistíochta, áiritheoidh an Stát iarrthach go ndéanfar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú.
6. Tá feidhm ag forálacha an Teidil seo in ionad na gCaibidlí maidir le ‘comhar idirnáisiúnta’ de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta, a rinneadh i Vársá an 16 Bealtaine 2005 (‘Coinbhinsiún 2005’) agus an Choinbhinsiúin maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht, arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Samhain 1990 (‘Coinbhinsiún 1990’). Cuirtear Airteagal 656 den Chomhaontú seo in ionad na sainmhínithe comhfhreagracha in Airteagal 1 de Choinbhinsiún 2005 agus in Airteagal 1 de Choinbhinsiún 1990. Ní dhéanann forálacha an Teidil seo difear d’oibleagáidí na Stát faoi na forálacha eile de Choinbhinsún 2005 agus de Choinbhinsiún 1990.
Airteagal 657
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘coigistiú’ pionós nó beart arna ordú ag cúirt tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil nó cionta coiriúla, arb é is toradh orthu maoin a bhaint go buan; |
(b) |
ciallaíonn ‘reo’ nó ‘urghabháil’ aistriú, scriosadh, tiontú, diúscairt nó gluaiseacht maoine a thoirmeasc go sealadach nó coimeád maoine nó rialú maoine a ghlacadh go sealadach ar bhonn ordaithe arna eisiúint ag cúirt nó ag údarás inniúil eile; |
(c) |
ciallaíonn ‘ionstraimeachtaí’ aon mhaoin a úsáidtear, nó a bhfuil sé beartaithe í a úsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun cion coiriúil nó cionta cóiriúla a dhéanamh; |
(d) |
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach’ údarás arb é atá ann, faoin dlí baile, breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí; ní mheastar ionchúisitheoir poiblí a bheith ina údarás breithiúnach ach amháin a mhéid a fhoráiltear, sa dlí baile, é a bheith amhlaidh; |
(e) |
ciallaíonn ‘fáltais’ aon sochar eacnamaíoch a fhaightear ó chionta coiriúla nó a fhaightear go díreach nó go neamhdhíreach ó chionta coiriúla, nó méid airgid atá coibhéiseach leis an sochar eacnamaíoch sin; féadfaidh sé gurb é a bheadh iontu aon mhaoin mar a shainmhínítear san Airteagal seo; |
(f) |
ciallaíonn ‘maoin’ aon sórt maoine, bíodh sí corprach nó neamhchorprach, inchorraithe nó dochorraithe, agus doiciméid nó ionstraimí dlí lena bhfianaítear teideal ar mhaoin den sórt sin nó leas inti, a mheasann an Stát iarrthach a bheith:
|
Airteagal 658
An oibleagáid cúnamh a thabhairt
Tabharfaidh na Stáit dá chéile, arna iarraidh sin dóibh, an beart cúnaimh is leithne is féidir chun ionstraimeachtaí, fáltais agus maoin eile atá inchoigistithe a shainaithint agus a rianú. Áireofar ar an gcúnamh sin aon bheart lena soláthrófar agus lena n-áiritheofar fianaise maidir leis hionstraimeachtaí sin a bheith ann, maidir le hionad nó aistriú na n-ionstraimeachtaí sin, nó maidir lena gcineál, lena stádas dlíthiúil nó lena luach.
Airteagal 659
Iarrataí maidir le faisnéis ar chuntais bhainc agus ar thaisceadáin
1. Déanfaidh an Stát iarrtha, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo, na bearta is gá chun a chinneadh, mar fhreagra ar iarraidh arna seoladh ag Stát eile, an bhfuil ag duine nádúrtha nó dlítheanach is ábhar d’imscrúdú coiriúil, nó an bhfuil faoi rialú ag an duine nádúrtha nó dlítheanach sin, cuntas amháin nó níos mó, de chineál ar bith, in aon bhanc atá lonnaithe ina chríoch agus, má chinneann sé go bhfuil, cuirfidh sé mionsonraí na gcuntas a shainaithin sé a chur ar fáil. Beidh san áireamh sna mionsonraí sin go háirithe ainm shealbhóir an chuntais custaiméara agus an uimhir IBAN, agus, i gcás taisceadáin, ainm an léasaí nó uimhir aitheantais uathúil.
2. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 ach amháin a mhéid a bheidh an fhaisnéis i seilbh an bhainc a bhfuil an cuntas á choimeád aige.
3. De bhreis ar cheanglais Airteagal 680, déanfaidh an Stát iarrthach, san iarraidh:
(a) |
a lua cén fáth a measann sé gur dócha luach substaintiúil, chun críocha an imscrúdaithe choiriúil ar an gcion, a bheith san fhaisnéis a iarradh; |
(b) |
a chur in iúl cé na forais ar a dtoimhdíonn sé go bhfuil an cuntas i seilbh bainc sa Stát iarrtha, agus a shonrú, a mhéid is féidir, cé na bainc agus na cuntais a d’fhéadfadh a bheith i gceist; agus |
(c) |
aon fhaisnéis bhreise atá ar fáil dó a sholáthar ar faisnéis í a dhéanfadh éascaíocht d’fhorghníomhú na hiarrata. |
4. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go leathnófar an Airteagal seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad. Féadfar na fógraí sin a dhéanamh faoi réir phrionsabal na cómhalartachta.
Airteagal 660
Iarrataí maidir le faisnéis faoi idirbhearta baincéireachta
1. Ar iarraidh do Stát eile, cuirfidh an Stát iarrtha ar fáil na sonraí i dtaobh cuntais bainc shonraithe agus oibríochtaí baincéireachta a rinneadh le linn tréimhse shonraithe trí chuntas amháin nó níos mó arna sonrú san iarraidh, lena n-áirítear sonraí aon chuntas seolta nó aon chuntas fála.
2. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 ach amháin a mhéid a bheidh an fhaisnéis i seilbh an bhainc a bhfuil an cuntas á choimeád aige.
3. De bhreis ar cheanglais Airteagal 680, cuirfidh an Stát iarratach in iúl ina iarraidh cén fáth a measann sé go bhfuil an fhaisnéis a iarradh ábhartha chun críocha an imscrúdaithe choiriúil maidir leis an gcion.
4. Maidir le forghníomhú iarrata den sórt sin, feadfaidh an Stát iarrtha a chinneadh go mbeidh an forghníomhú sin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha céanna atá i bhfeidhm aige maidir le hiarrataí ar chuardach agus ar urghabháil.
5. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dóibh thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go leathnófar an Airteagal seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad. Féadfar na fógraí sin a dhéanamh faoi réir phrionsabal na cómhalartachta.
Airteagal 661
Iarrataí maidir le faireachán a dhéanamh ar idirbhearta baincéireachta
1. Áiritheoidh an Stát iarrtha go bhféadfaidh sé, ar iarraidh ó Stát eile, faireachán a dhéanamh, le linn tréimhse shonraithe, ar na hoibríochtaí baincéireachta atá á gcur i gcrích trí chuntas amháin nó níos mó a bheidh sonraithe san iarraidh agus torthaí an fhaireacháin sin a chur in iúl don Stát iarrthach.
2. De bhreis ar cheanglais Airteagal 680, cuirfidh an Stát iarrthach in iúl ina iarraidh cén fáth a measann sé go bhfuil an fhaisnéis a iarradh ábhartha chun críocha an imscrúdaithe choiriúil maidir leis an gcion.
3. Is iad údaráis inniúla an Stáit iarrtha a dhéanfaidh an cinneadh faireachán a dhéanamh i ngach cás ar leith, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.
4. Comhaontófar na sonraí praiticiúla maidir leis an bhfaireachán idir údaráis inniúla na Stát iarrthach agus na Stát iarrtha.
5. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go leathnófar an Airteagal seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad. Féadfar na fógraí sin a dhéanamh faoi réir phrionsabal na cómhalartachta.
Airteagal 662
Faisnéis spontáineach
Gan dochar dá imscrúduithe nó dá imeachtaí féin, féadfaidh Stát, gan aon iarraidh roimh ré, faisnéis faoi ionstraimeachtaí, faoi fháltais agus faoi mhaoin eile atá inchoigistithe a chur ar aghaidh chuig Stát eile, i gcás ina measann sé go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin cabhrú leis an Stát is faighteoir i dtionscnamh nó i ndéanamh imscrúduithe nó imeachtaí nó go bhféadfadh sé go dtiocfadh de bharr an nochta sin iarraidh ón Stát sin faoin Teideal seo.
Airteagal 663
An oibleagáid bearta sealadacha a dhéanamh
1. Ar iarraidh ó Stát eile, stát a thionscain imscrúdú coiriúil nó imeachtaí coiriúla, nó imscrúdú nó imeachtaí chun críoch coigistíochta, glacfaidh an Stát iarrtha na bearta sealadacha is gá, amhail reo nó urghabháil, chun aon déileáil i maoin, aistriú nó diúscairt maoine a chosc a d‘fhéadfadh a bheith, tráth is déanaí, ina hábhar d’iarraidh ar choigistiú nó a d’fhéadfadh an iarraidh a chomhlíonadh.
2. Stát a fuair iarraidh ar choigistiú de bhun Airteagal 665, déanfaidh sé na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh, má iarrtar sin air, maidir le haon mhaoin is ábhar don iarraidh nó a d’fhéadfadh an iarraidh a chomhlíonadh.
3. I gcás ina bhfaighfear iarraidh faoin Airteagal seo, déanfaidh an Stát iarrtha gach beart is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh gan mhoill agus leis an luas agus leis an tosaíocht a thabharfaí do chás baile comhchosúil agus seolfaidh sé deimhniú chuig an Stát iarrthach gan mhoill agus ar mhodh lena gcuirtear taifead i scríbhinn ar fáil.
4. I gcás ina sonróidh an Stát iarrthach gur gá reo a dhéanamh láithreach ós rud é go bhfuil forais dhlisteanacha ann lena chreidiúint go ndéanfar an mhaoin atá i gceist a aistriú nó a scriosadh láithreach, déanfaidh an Stát iarrtha gach beart is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh laistigh de 96 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil agus seolfaidh sé deimhniú chuig an Stát iarrthach ar mhodh lena gcuirtear taifead i scríbhinn ar fáil agus gan mhoill.
5. I gcás nach mbeidh an Stát iarrtha in ann na teorainneacha ama faoi mhír 4 a chomhlíonadh, cuirfidh an Stát iarrtha an Stát iarrthach ar an eolas láithreach, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an Stát iarrthach maidir leis na chéad chéimeanna eile is iomchuí.
6. In aon chás ina rachaidh na teorainneacha ama faoi mhír 4 in éag, ní chuirfidh sé sin ar ceal na ceanglais a chuirtear ar an Stát iarrtha leis an Airteagal seo.
Airteagal 664
Bearta sealadacha a fhorghníomhú
1. Tar éis dó na bearta sealadacha arna n-iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 663(1) a fhorghníomhú, déanfaidh an Stát iarrthach a sholáthar don Stát iarrtha, go spontáineach agus a luaithe is féidir, gach faisnéis arbh fhéidir a theacht di go gceisteofaí nó go modhnófaí méid na mbeart sin. Soláthróidh an Stát iarrthach freisin gan mhoill an fhaisnéis chomhlántach uile a theastóidh ón Stát iarrtha agus a bhfuil gá léi le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sealadach agus le haghaidh bearta leantacha maidir leis na bearta sealadacha.
2. Sula gcuirfear i leataobh aon bheart sealadach arna ghlacadh de bhun Airteagal 663, tabharfaidh an Stát iarrtha deis don Stát iarrthach, nuair is féidir, na cúiseanna atá aige a lua i bhfabhar leanúint leis an mbeart.
Airteagal 665
An oibleagáid coigistiú a dhéanamh
1. Stát a fuair iarraidh maidir le coigistiú a dhéanamh ar mhaoin atá ina chríoch, déanfaidh sé:
(a) |
ordú coigistíochta arna dhéanamh ag cúirt de chuid an Stáit iarrthaigh i ndáil leis an maoin sin a fhorghníomhú; nó |
(b) |
an iarraidh a chur faoi bhráid a údarás inniúil chun ordú coigistíochta a fháil agus, má dheonaítear ordú, an t-ordú a fhorfheidhmiú. |
2. Chun críocha phointe (b) de mhír 1, beidh inniúlacht ag na Stáit, aon uair is gá, imeachtaí coigistíochta a thionscnamh faoina ndlí baile féin.
3. Tá feidhm ag mír 1 freisin maidir le coigistiú arb éard atá ann ceanglas maidir le suim airgid a íoc atá comhfhreagrach le luach na bhfáltas, má tá maoin ar féidir an coigistiú a fhorghníomhú ina leith lonnaithe sa Stát iarrtha. I gcásanna den sórt sin, agus coigistiú á fhorfheidhmiú ag an Stát iarrtha de bhun mhír 1, déanfaidh sé, mura bhfaighfear íocaíocht, an t-éileamh a réadú le haon mhaoin a bheidh ar fáil chun na críche sin.
4. Má bhaineann iarraidh ar choigistiú le mír shonrach mhaoine, féadfaidh an Stát iarrthach agus an Stát iarrtha a chomhaontú go bhféadfaidh an Stát iarrtha an coigistiú a fhorfheidhmiú i bhfoirm ceanglais go n-íocfar suim airgid atá comhfhreagrach le luach na maoine.
5. Comhoibreoidh Stát a mhéid is féidir faoina dhlí baile le Stát a iarrfaidh air bearta a fhorghníomhú ar coibhéiseach iad le coigistiú maoine, i gcas nár eisíodh an iarraidh faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla, a mhéid a ordóidh údarás breithiúnach de chuid an Stáit iarrthaigh na bearta sin i ndáil le cion coiriúil, ar choinníoll gur suíodh gur fáltais is ea an mhaoin nó gurb é atá inti:
(a) |
maoin eile í a gnóthaíodh trí chlaochlú nó trí thiontú na bhfáltas; |
(b) |
maoin a fuarthas ó fhoinsí dlisteanacha, más rud é go ndearnadh fáltais a chumasc, go hiomlán nó go páirteach, leis an maoin sin, suas go dtí luach measúnaithe na bhfáltas a cumascadh; nó |
(c) |
ioncam nó sochar eile a díorthaíodh ó na fáltais, ó mhaoin a ndearnadh fáltais ó choireacht a chlaochlú nó a chomhshó inti nó ó mhaoin lenar tiomsaíodh fáltais ó choireacht, suas go dtí luach measúnaithe na bhfáltas cumaiscthe, ar an modh céanna agus a mhéid céanna le fáltais. |
6. Áirítear ar na bearta dá dtagraítear i mír 5 bearta lena gceadaítear maoin agus sócmhainní a urghabháil, a choinneáil agus a fhorghéilleadh trí bhíthin iarratais chuig cúirteanna sibhialta.
7. Déanfaidh an Stát iarrtha an cinneadh maidir le forghníomhú an ordaithe coigistíochta gan mhoill agus, gan dochar do mhír 8, tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Seolfaidh an Stát iarrtha deimhniú chuig an Stát iarrthach ar mhodh lena gcuirtear taifead i scríbhinn ar fáil agus déanfaidh sé amhlaidh gan mhoill. Murab ann d'fhoras chun an t-ordú a chur siar faoi Airteagal 672, déanfaidh an Stát iarrtha na bearta nithiúla is gá chun an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú gan mhoill agus déanfaidh sé amhlaidh le luas agus le tosaíocht a bheidh inchurtha, ar a laghad, leis an luas agus leis an tosaíocht lena ndéanfaí forghníomhú ar chás baile de chineál comhchosúil.
8. I gcás nach mbeidh an Stát iarrtha in ann an teorainn ama faoi mhír 7 a chomhlíonadh, cuirfidh an Stát iarrtha an Stát iarrthach ar an eolas láithreach, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an Stát iarrthach maidir leis na chéad chéimeanna eile is iomchuí.
9. In aon chás ina rachaidh na teorainneacha ama faoi mhír 7 in éag, ní chuirfidh sé sin ar ceal na ceanglais a chuirtear ar an Stát iarrtha leis an Airteagal seo.
Airteagal 666
Coigistiú a fhorghníomhú
1. Is le dlí baile an Stáit iarrtha a rialófar na nósanna imeachta maidir le coigistiú faoi Airteagal 665 a fháil agus maidir le forghníomhú an choigistithe sin.
2. Beidh an Stát iarrtha faoi cheangal ag na cinntí maidir leis na fíorais a mhéid a bheidh siad luaite i gciontú nó i gcinneadh breithiúnach arna eisiúint ag cúirt de chuid an Stáit iarrthaigh nó a mhéid a bheidh an ciontú nó an cinneadh breithiúnach sin bunaithe go hintuigthe orthu.
3. Más éard atá sa choigistiú an ceanglas suim airgid a íoc, déanfaidh údarás inniúil an Stáit iarrtha an tsuim sin a chomhshó in airgeadra an Stáit sin de réir an ráta malairte a bheidh i bhfeidhm tráth a dhéanfar an cinneadh an coigistiú a fhorghníomhú.
Airteagal 667
Maoin choigistithe
1. Faoi réir mhíreanna 2 agus 3, déanfaidh an Stát iarrtha maoin arna coigistiú de bhun Airteagail 665 agus 666 a dhiúscairt i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus lena nósanna imeachta riaracháin náisiúnta.
2. Aon uair a ghníomhóidh Stát iarrtha ar iarraidh ó Stát eile de bhun Airteagal 665, déanfaidh an Stát iarrtha a mheas agus tabharfaidh sé tosaíocht i ndáil leis sin, a mhéid a cheadaítear faoina dhlí náisiúnta agus má iarrtar amhlaidh, an bhféadfaí an mhaoin choigistithe a thabhairt ar ais don Stát iarrthach ionas gur féidir leis cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh na coire nó an mhaoin sin a thabhairt ar ais dá húinéirí dlisteanacha.
3. I gcás ina ngníomhóidh Stát iarrtha ar iarraidh arna déanamh ag Stát eile i gcomhréir le hAirteagal 665, agus tar éis dó ceart íospartaigh chun aisíoctha nó chun cúitimh maoine a chur san áireamh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Stát iarrtha an t-airgead a fuarthas mar thoradh ar fhorghníomhú ordaithe coigistíochta a dhiúscairt mar a leanas:
(a) |
más cothrom le EUR 10 000, nó más lú ná EUR 10 000 an méid, fabhróidh an méid chuig an Stát iarrtha; nó |
(b) |
más mó ná EUR 10 000 an méid, aistreoidh an Stát iarrtha 50 % den mhéid a gnóthaíodh chuig an Stát iarrthach. |
4. D’ainneoin mhír 3, féadfaidh an Stát iarrthach agus an Stát iarrtha, ar bhonn cás ar chás, breithniú speisialta a dhéanamh i dtaca le comhaontuithe nó comhshocruithe eile den sórt sin a thabhairt i gcrích maidir le maoin a dhiúscairt de réir mar is iomchuí leo.
Airteagal 668
An ceart chun forghníomhú a dhéanamh, agus uasmhéid an choigistithe
1. Ní dhéanann iarraidh ar choigistiú arna déanamh faoi Airteagal 665 difear don cheart atá ag an Stát iarrthach an t-ordú coigistíochta a fhorfheidhmiú é féin.
2. Ní léireofar aon ní sa Teideal seo mar ní a cheadódh luach iomlán an choigistithe a bheith níos mó ná méid na suime airgid arna shonrú san ordú coigistíochta. Má fheictear do Stát go bhféadfadh sé sin tarlú, rachaidh na Stáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile chun éifeacht den sórt sin a sheachaint.
Airteagal 669
Príosúnú i gcás mainneachtana
Mar thoradh ar iarraidh faoi Airteagal 665, ní fhorchuirfidh an Stát iarrtha príosúnú i cás mainneachtana ná ní fhorchuirfidh sé aon bheart eile a chuirfeadh srian ar shaoirse duine, gan toiliú an Stáit iarrthaigh.
Airteagal 670
Foras le haghaidh diúltú
1. Féadfar comhar faoin Teideal seo a dhiúltú más rud é:
(a) |
go measann an Stát iarrtha go mbeadh forghníomhú na hiarrata bunoscionn leis an bprionsabal ne bis in idem; nó |
(b) |
nach cion faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha é an cion lena mbaineann an iarraidh agus gur laistigh dá dhlínse a rinneadh an cion; mar sin féin, níl feidhm ag an bhforas diúltaithe sin maidir le comhar faoi Airteagail 658 go 662 ach amháin a mhéid a bheidh gníomhaíocht chomhéigneach ag baint leis an gcúnamh a iarrtar. |
2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nach gcuirfear i bhfeidhm, ar bhonn cómhalartachta, coinníoll na coiriúlachta dúbailte dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo ar choinníoll gurb é atá sa chion is siocair leis an iarraidh:
(a) |
ceann de na cionta a liostaítear in Airteagal 599(5), mar a shainmhínítear le dlí an Stáit iarrthaigh; agus |
(b) |
cion atá inphionóis sa Stát iarrthach le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad. |
3. Comhar faoi Airteagail 658 go 662, a mhéid a bheidh gníomhaíocht chomhéigneach ag baint leis an gcúnamh atá á lorg, agus faoi Airteagail 663 agus 664, féadfar cúnamh den sórt sin a dhiúltú freisin más rud é gur bearta iad na bearta atá á lorg nach bhféadfaí a dhéanamh, faoi dhlí baile an Stáit iarrtha, chun críoch imscrúduithe i gcás dá shamhail sa dlínse baile.
4. I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí baile an Stáit iarrtha, féadfar comhar faoi Airteagail 658 go 662, a mhéid a bheidh gníomhaíocht chomhéigneach ag baint leis an cúnamh a bheidh á lorg, agus comhar faoi Airteagail 663 agus 664, a dhiúltú freisin más rud é nár cheadmhach, faoi dhlí baile an Stáit iarrthaigh, na bearta a iarradh ná aon bheart lena ngabhfadh éifeacht chomhchosúil, nó, a mhéid a bhaineann le húdaráis inniúla an Stáit iarrthaigh, más rud é nach bhfuil údarú déanta ar an iarraidh sin ag údarás breithiúnach ag gníomhú dó i ndáil le cionta coiriúla.
5. Féadfar comhar faoi Airteagail 665 go 669 a dhiúltú freisin sna cásanna seo a leanas:
(a) |
más rud é nach bhfuil aon fhoráil déanta, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, maidir le coigistiú i gcás an chineáil ciona lena mbaineann an iarraidh; |
(b) |
más rud é, gan dochar don oibleagáid de bhun Airteagal 665(3), go mbeadh sé bunoscionn le prionsabail dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha a bhaineann le teorainneacha an choigistithe i leith an ghaoil idir cion agus:
|
(c) |
más rud é nach bhféadfar, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, an coigistiú a fhorchur ná a fhorghníomhú a thuilleadh mar gheall ar an méid ama atá imithe; |
(d) |
gan dochar d’Airteagal 665(5) agus (6), más rud é nach mbaineann an iarraidh le ciontú roimhe sin, ná le cinneadh de chineál breithiúnach ná le ráiteas i gcinneadh den sórt sin go ndearnadh cion nó roinnt cionta, arbh é ba bhonn leis an gcoigistiú a ordú nó a lorg; |
(e) |
más rud é nach bhfuil coigistiú infhorfheidhme sa Stát iarrthach, sin nó go bhfuil sé fós faoi réir gnáth-mhodhanna achomhairc; nó |
(f) |
más rud é go mbaineann an iarraidh le hordú coigistíochta arb ann dó de thoradh cinneadh a rinneadh agus gan an duine a ndearnadh an t-ordú ina aghaidh i láthair (cinneadh in absentia) agus, más rud é, i dtuairim an Stáit iarrtha, nár chomhlíon na himeachtaí a riar an Stát iarrthach, as ar tháinig an cinneadh sin, na cearta íosta chun cosanta a aithnítear a bheith ag gach duine a dhéantar a chúiseamh i gcoir. |
6. Chun críocha phointe (f) de mhír 5, ní mheasfar go ndearnadh cinneadh in absentia más rud é:
(a) |
gur daingníodh nó gur fógraíodh an cinneadh tar éis freasúra ón duine lena mbaineann; nó |
(b) |
go ndearnadh an cinneadh ar achomharc, ar choinníoll gurb é an duine lena mbaineann a rinne an t-achomharc sin. |
7. Agus breithniú á dhéanamh ag an Stát iarrtha, chun críocha phointe (f) de mhír 5, féachaint ar comhlíonadh an ceart íosta chun cosanta, cuirfidh an Stát sin san áireamh an fíoras go ndearna an duine lena mbaineann iarracht an ceartas a imghabháil, nó an fíoras gur chinn an duine sin, nuair a bhí an deis aige leigheas a iarraidh i leith an chinnidh a rinneadh in absentia, gan an leigheas sin a iarraidh. Beidh feidhm ag an céanna i gcás inar chinn an duine lena mbaineann, ar fháil toghairme dó, a rinneadh a sheirbheáil air go cuí, ag iarraidh air bheith i láthair, gan dul i láthair ná a iarraidh go gcuirfí an éisteacht ar atráth.
8. Ní dhéanfaidh na Stáit rúndacht bhainc a agairt mar fhoras chun diúltú d’aon chomhar faoin Teideal seo. I gcás ina n-éilítear é faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, féadfaidh an Stát sin a cheangal go mbeidh údarú ó údarás breithiúnach ag gníomhú dó i ndáil le cionta coiriúla, ag iarraidh ar chomhar a scaoilfí rúndacht na mbanc mar chuid de.
9. Ní dhéanfaidh an Stát iarrtha an méid seo a leanas a agairt:
(a) |
gur duine dlítheanach an duine atá faoi imscrúdú nó atá faoi réir ordú coigistíochta ag údaráis an Stáit iarrthaigh, agus gur constaic é sin a bhacfadh aon chomhar faoin Teideal seo; |
(b) |
go bhfuair an duine nádúrtha ar eisíodh ordú coigistíochta fáltas ina aghaidh, go bhfuair sé bás nó gur díscaoileadh san idirthréimhse an duine dlítheanach ar eisíodh ordú coigistíochta fáltas ina aghaidh, agus gur constaic ceachtar díobh sin a bhacfadh cúnamh a thabhairt i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 665(1); nó |
(c) |
i dtaca leis an duine atá á imscrúdú nó atá faoi réir ordú coigistíochta ag údaráis an Stáit iarrthaigh, go ndearnadh an duine a lua san iarraidh mar an duine a rinne an cion coiriúil bunaidh agus, freisin, mar an duine a rinne cion i ndáil le sciúradh airgid, agus gur constaic é sin a bhacfadh aon chomhar faoin Teideal seo. |
Airteagal 671
Comhairliúchán agus faisnéis
I gcás ina bhfuil foras suntasach ann chun a chreidiúint go dtiocfadh fíor-riosca maidir le cearta bunúsacha a chosaint as forghníomhú ordaithe reo nó coigistíochta, rachaidh an Stát iarrtha i gcomhairle leis an Stát iarrthach sula gcinnfidh sé an t-ordú reo nó coigistíochta a fhorghníomhú, agus féadfaidh sé a éileamh go gcuirfear ar fáil aon fhaisnéis is gá.
Airteagal 672
Cur ar atráth
Féadfaidh an Stát iarrtha gníomhaíocht i ndáil le hiarraidh a chur ar atráth más rud é go ndéanfadh gníomhaíocht den sórt sin dochar d’imscrúduithe nó d’imeachtaí a chuid údarás.
Airteagal 673
Iarraidh a dheonú go páirteach nó go coinníollach
Sula ndiúltóidh sé nó sula gcuirfidh sé ar atráth an comhar faoin Teideal seo, déanfaidh an Stát faighte iarrata a mheas, más iomchuí tar éis dul i gcomhairle leis an Stát iarrthach, arbh fhéidir an iarraidh a dheonú go páirteach nó faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé is gá.
Airteagal 674
Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid
1. Déanfaidh na Stáit an beart is leithne cúnaimh fhrithpháirtigh a thabhairt dá chéile i ndáil le doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a ndéanann bearta sealadacha agus coigistiú difear dóibh.
2. Ní bheartaítear le haon ní san Airteagal seo cur isteach ar na nithe seo a leanas:
(a) |
an fhéidearthacht doiciméid bhreithiúnacha a sheoladh, trí bhealaí poist, go díreach chuig daoine thar lear; agus |
(b) |
an fhéidearthacht d’oifigigh bhreithiúnacha, d’oifigigh nó d’údaráis inniúla eile de chuid an Stáit tionscnaimh doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach trí údaráis chonsalachta an Stáit sin nó trí na húdaráis bhreithiúnacha, lena n-áirítear oifigigh bhreithiúnacha agus oifigigh, nó trí údaráis inniúla eile de chuid Stát an chinn scríbe. |
3. Nuair a bheidh doiciméid bhreithiúnacha á seirbheáil ar dhaoine thar lear a ndéantar difear dóibh le bearta sealadacha nó orduithe coigistíochta arna n-eisiúint sa Stát is seoltóir, cuirfidh an Stát sin in iúl cad iad na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil, faoina dhlí náisiúnta, ag na daoine sin.
Airteagal 675
Cinntí eachtracha a aithint
1. Agus é ag déileáil le hiarraidh ar chomhar faoi Airteagail 663 go 669, aithneoidh an Stát iarrtha aon chinneadh breithiúnach arna eisiúint ag údarás breithiúnach arna ghlacadh sa Stát iarrthach maidir leis na cearta a éilíonn tríú páirtithe.
2. Féadfar aitheantas a dhiúltú sna cásanna seo a leanas:
(a) |
más rud é nach raibh deis leordhóthanach ag tríú páirtithe a gcearta a dhearbhú; |
(b) |
más rud é go bhfuil an cinneadh ar neamhréir le cinneadh atá glactha cheana sa Stát iarrtha maidir leis an ábhar céanna; |
(c) |
más rud é go bhfuil an cinneadh ar neamhréir le ordre public an Stáit iarrtha; nó |
(d) |
más rud é gur glacadh an cinneadh d’ainneoin é a bheith contrártha le forálacha maidir le dlínse eisiach dá bhforáiltear i ndlí baile an Stáit iarrtha. |
Airteagal 676
Údaráis
1. Ainmneoidh gach Stát údarás lárnach a bheidh freagrach as iarrataí a dhéantar faoin Teideal seo a sheoladh agus a fhreagairt, as na hiarrataí sin a fhorghníomhú nó as iad a tharchur chuig na húdaráis is inniúil lena bhforghníomhú.
2. Féadfaidh an tAontas comhlacht Aontais a ainmniú a fhéadfaidh, sa bhreis ar údaráis inniúla na mBallstát, iarrataí a dhéanamh agus, más iomchuí, iarrataí a fhorghníomhú faoin Teideal seo. Caithfear, chun críocha an Teidil seo, le haon iarraidh den sórt sin mar iarraidh ó Bhallstát. Féadfaidh an tAontas an comhlacht sin de chuid an Aontais a ainmniú freisin mar an t-údarás lárnach a bheidh freagrach as iarrataí arna ndéanamh faoin Teideal seo ag an gcomhlacht sin, nó chuig an gcomhlacht sin, a sheoladh agus a fhreagairt.
Airteagal 677
Cumarsáid dhíreach
1. Déanfaidh na húdaráis lárnacha cumarsáid dhíreach le chéile.
2. I gcásanna práinneacha, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrthaigh iarrataí nó cumarsáidí faoin Teideal seo a sheoladh go díreach chuig údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrtha. I gcásanna den sórt sin, seolfar cóip chuig údarás lárnach an Stáit iarrtha ag an am céanna, agus déanfar an seoladh sin trí údarás lárnach an Stáit iarrthaigh.
3. I gcás ina ndéanfar iarraidh de bhun mhír 2 agus nach mbeidh an inniúlacht ag an údarás chun déileáil leis an iarraidh, déanfaidh sé an iarraidh a tharchur chuig an údarás inniúil náisiúnta agus cuirfidh sé in iúl go díreach don Stát iarrthach go bhfuil sin déanta aige.
4. Féadfaidh údaráis inniúla an Stáit iarrthaigh iarrataí nó cumarsáid faoi Airteagail 658 go 662, nach mbaineann gníomhaíocht chomhéigneach leo, a tharchur go díreach chuig údaráis inniúla an Stáit iarrtha.
5. Féadfaidh údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrthaigh dréacht-iarrataí nó cumarsáidí faoin Teideal seo a sheoladh go díreach chuig údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrtha sula ndéanfar iarraidh fhoirmiúil, chun a chinntiú go mbeifear in ann déileáil go héifeachtúil leis an iarraidh fhoirmiúil sin nuair a gheofar í agus chun a chinntiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach inti agus na doiciméad taca chun ceanglais dhlí an Stáit iarrtha a chomhlíonadh.
Airteagal 678
Foirm na hiarrata agus na teangacha
1. Is i scríbhinn a dhéanfar gach iarraidh faoin Teideal seo. Féadfar iad a tharchur go leictreonach, nó trí aon mhodh teileachumarsáide eile, ar choinníoll go mbeidh an Stát iarrthach ullamh chun taifead scríofa ar an gcumarsáid sin agus an doiciméad bunaidh a thabhairt ar aird tráth ar bith, má iarrtar sin air.
2. Iarrataí faoi mhír 1, déanfar iad i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit iarrtha nó in aon teanga eile a mbeidh fógra tugtha ina leith ag an Stát iarrtha nó fógra tugtha ina leith thar ceann an Stáit iarrthas i gcomhréir le mír 3.
3. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, féadfaidh siad araon fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach faoin teanga nó na teangacha, de bhreis ar theanga oifigiúil nó ar theangacha oifigiúla an Stáit sin, a fhéadfar a úsáid chun iarraidh a dhéanamh faoin Teideal seo.
4. Iarrataí faoi Airteagal 663 maidir le bearta sealadacha, déanfar iad trí úsáid a bhaint as an bhfoirm fhorordaithe in 46.
5. Iarrataí faoi Airteagal 665 maidir le coigistiú, déanfar iad trí úsáid a bhaint as an bhfoirm fhorordaithe in Iarscríbhinn 46.
6. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach leasú a dhéanamh ar na foirmeacha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, de réir mar is gá.
7. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, féadfaidh siad araon fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach gur gá doiciméid tacaíochta a aistriú go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit iarrtha nó go haon teanga eile a léirítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin. I gcás iarrataí de bhun Airteagal 663(4), féadfar an t-aistriúchán sin ar dhoiciméid tacaíochta a sholáthar don Stát iarrtha laistigh de 48 uair tar éis an iarraidh a tharchur, gan dochar do na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 663(4).
Airteagal 679
Fíorú
Beidh díolúine, ó na foirmiúlachtaí fíorúcháin, ag doiciméid a tharchuirfear mar chuid de chur i bhfeidhm an Teidil seo.
Airteagal 680
Inneachar na hiarrata
1. Sonrófar an méid seo a leanas in aon iarraidh ar chomhar faoin Teideal seo:
(a) |
an t-údarás atá ag déanamh na hiarrata agus an t-údarás atá ag riar na n-imscrúduithe nó na n-imeachtaí; |
(b) |
cuspóir na hiarrata agus an chúis atá léi; |
(c) |
na hábhair, lena n-áirítear na fíorais ábhartha (amhail dáta, áit agus imthosca an chiona) lena mbaineann na himscrúduithe nó na himeachtaí, ach amháin i gcás iarraidh ar fhógra; |
(d) |
a mhéid a bhaineann an comhar le gníomhaíocht chomhéigneach:
|
(e) |
i gcás inar gá agus a mhéid is féidir:
|
(f) |
aon nós imeachta ar leith is mian leis an Stát iarrthach a leanfaí. |
2. Aon iarraidh maidir le bearta sealadacha faoi Airteagal 663 i ndáil le hurghabháil maoine lena bhféadfar ordú coigistíochta, arb é atá ann an ceanglas suim airgid a íoc, a réadú, sonrófar inti freisin uasmhéid a bhfuil aisghabháil á lorg ina leith sa mhaoin sin.
3. I dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, beidh an méid seo a leanas in aon iarraidh faoi Airteagal 665:
(a) |
i gcás phointe (a) d’Airteagal 665(1):
|
(b) |
i gcás phointe (b) d’Airteagal 665(1) , ráiteas maidir leis na fíorais a mheasann an Stát iarrthach a bheidh leordhóthanach chun a chumasú don Stát iarrtha an t-ordú a lorg faoina dhlí náisiúnta; |
(c) |
i gcás ina raibh an deis ag tríú páirtithe cearta a éileamh, doiciméid lena léirítear gurb amhlaidh a bhí. |
Airteagal 681
Iarrataí lochtacha
1. Mura gcomhlíonfaidh iarraidh forálacha an Teidil seo nó mura leor an fhaisnéis a sholáthrófar chun a chumasú don Stát iarrtha déileáil leis an iarraidh, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an Stát iarrthach an iarraidh a leasú nó faisnéis bhreise a chur inti chun í a chomhlánú.
2. Féadfaidh an Stát iarrtha teorainn ama a leagan síos i dtaca le leasuithe nó faisnéis den sórt sin a fháil.
3. Fad a bheidh an Stát iarrtha ag feitheamh leis na leasuithe nó leis an fhaisnéis a d’iarr sé faoi Airteagal 665, féadfaidh an Stát sin aon cheann de na bearta a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagail 658 go 664.
Airteagal 682
Iolracht iarrataí
1. I gcás ina bhfaighidh an Stát iarrtha níos mó ná aon iarraidh amháin faoi Airteagal 663 nó Airteagal 665 i leith aon duine áirithe amháin nó i leith maoine áirithe amháin, ní chuirfidh an iolracht iarrataí sin cosc ar an Stát sin déileáil leis na hiarrataí a bhaineann le bearta sealadacha a dhéanamh.
2. I gcás iolracht iarrataí faoi Airteagal 665, déanfaidh an Stát iarrtha a bhreithniú an rachaidh sé i gcomhairle leis na Stáit iarrthacha.
Airteagal 683
An oibleagáid cúiseanna a thabhairt
Tabharfaidh an Stát iarrtha cúiseanna le haon chinneadh chun aon chomhar faoin Teideal seo a dhiúltú, a chur ar atráth nó a dhéanamh coinníollach.
Airteagal 684
Faisnéis
1. Cuirfidh an Stát iarrtha an Stát iarrthach ar an eolas go pras faoi na nithe seo a leanas:
(a) |
an ghníomhaíocht a tionscnaíodh ar bhonn na hiarrata faoin Teideal seo; |
(b) |
toradh críochnaitheach na gníomhaíochta a rinneadh ar bhonn iarrata faoin Teideal seo; |
(c) |
cinneadh maidir le haon chomhar faoin Teideal seo a dhiúltú, a chur ar atráth nó a dhéanamh coinníollach, go hiomlán nó go páirteach; |
(d) |
aon imthosca a fhágann nach féidir an ghníomhaíocht a iarrtar a dhéanamh nó a ar dóigh dóibh moill shuntasach a chur uirthi; agus |
(e) |
i gcás ina ndearnadh bearta sealadacha de bhun iarrata faoi Airteagal 658 go Airteagal 663, na forálacha sin dá dhlí náisiúnta a mbeadh sé mar thoradh orthu go gcuirfí an beart sealadach i leataobh go huathoibríoch. |
2. Cuirfidh an Stát iarrthach an Stát iarrtha ar an eolas go pras faoi na nithe seo a leanas:
(a) |
aon athbhreithniú, cinneadh nó aon fhíoras eile a fhágann go scoireann an t-ordú coigistíochta de bheith infhorfheidhme go hiomlán nó go páirteach; agus |
(b) |
aon fhorbairt, bíodh sin fíorasach nó dlíthiúil, a fhágann nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le haon ghníomh faoin Teideal seo. |
3. I gcás ina n-iarrfaidh Stát, ar bhonn an aon ordaithe coigistíochta amháin, coigistiú i níos mó ná Stát amháin, cuirfidh sé na Stáit go léir a ndéanann forfheidhmiú an ordaithe difear dóibh ar an eolas faoin iarraidh.
Airteagal 685
Srian ar úsáid
1. Féadfaidh an Stát iarrtha a chinneadh go mbeidh coinníoll ag gabháil le forghníomhú na hiarrata, is é sin go ndéanfar an forghníomhú ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh údaráis an Stáit iarrthaigh an fhaisnéis nó an fhianaise a gheofar a úsáid ná a tharchur, gan toiliú a fháil ón Stát iarrtha roimh ré, i gcomhair imscrúduithe nó imeachtaí seachas iad siúd a sonraíodh san iarraidh.
2. Gan toiliú a fháil roimh ré ón Stát iarrtha, ní dhéanfaidh údaráis an Stáit iarrthaigh faisnéis nó fianaise a sholáthróidh an Stát iarrtha faoin Teideal seo a úsáid ná a tharchur in aon imscrúduithe nó in aon imeachtaí cé is moite díobh siúd a sonraíodh san iarraidh.
3. Sonraí pearsanta a tharchuirfear faoin Teideal seo, féadfaidh an Stát chuig a dtarchuirfear iad na sonraí sin a úsáid mar a leanas:
(a) |
chun críoch imeachtaí lena mbaineann an Teideal seo; |
(b) |
le haghaidh imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin eile a bhaineann go díreach leis na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) |
chun bagairt láithreach thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc; nó |
(d) |
chun aon chríche eile, ach toiliú an Stáit tharchurthaigh a fháil roimh ré, ach amháin má bhíonn toiliú an duine is ábhar do na sonraí faighte ag an Stát lena mbaineann. |
4. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le sonraí pearsanta nár tarchuireadh ach a fuarthas ar shlí eile faoin Teideal seo.
5. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta a gheobhaidh Stát faoin Teideal seo agus ar sonraí de thionscnamh an Stáit sin iad.
Airteagal 686
Rúndacht
1. Féadfaidh an Stát iarrthach a cheangal go gcoinneoidh an Stát iarrtha fíorais agus substaint na hiarrata faoi rún, ach amháin a mhéid is gá chun an iarraidh a fhorghníomhú. Mura féidir leis an Stát iarrtha ceanglas na rúndachta a chomhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl go pras don Stát iarrthach.
2. Mura bhfuil sé bunoscionn le bunphrionsabail dá dhlí náisiúnta, agus má iarrtar air é, coimeádfaidh an Stát iarrthach faoi rún aon fhianaise agus faisnéis a sholáthróidh an Stát iarrtha, ach amháin a mhéid is gá é a nochtadh le haghaidh na n-imscrúduithe nó na n-imeachtaí a tuairiscíodh san iarraidh.
3. Faoi réir fhorálacha a dhlí náisiúnta, aon Stát a fuair faisnéis spontáineach faoi Airteagal 662, comhlíonfaidh sé aon cheanglas rúndachta de réir aon éilimh ón Stát a sholáthair an fhaisnéis. Mura féidir leis an Stát is faighteoir ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé é sin in iúl go pras don Stát tarchurthach.
Airteagal 687
Costais
Is é an Stát iarrtha a sheasfaidh na gnáthchostais a bhainfidh le comhlíonadh iarrata. I gcás inar gá costais de chineál substaintiúil nó urghnách a sheasamh chun iarraidh a chomhlíonadh, rachaidh an Stát iarrthach agus an Stát iarrtha i gcomhairle chun teacht ar chomhaontú faoi na coinníollacha a bheidh le forghníomhú na hiarrata agus conas a sheasfar na costais.
Airteagal 688
Damáistí
1. I gcás ina dtionscnóidh duine caingean dlí maidir le dliteanas i leith damáistí ar damáistí iad de thoradh gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht i ndáil le comhar faoin Teideal seo, breithneoidh na Stáit lena mbaineann an rachaidh siad i gcomhairle lena chéile, nuair is iomchuí sin, chun a chinneadh conas aon suim damáistí atá dlite a chionroinnt.
2. Stát a bheidh ina ábhar dlíthíochta maidir le damáistí, féachfaidh sé leis an Stát eile a chur ar an eolas faoin dlíthíocht sin más rud é go bhféadfadh leas a bheith ag an Stát eile sin sa chás.
Airteagal 689
Leigheasanna dlí
1. Áiritheoidh gach Stát go mbeidh leigheasanna éifeachtacha dlí, chun a gcearta a chaomhnú, ag daoine a ndéanfar difear dóibh le bearta faoi Airteagail 663 go 666.
2. Maidir leis na cúiseanna substainteacha a bheidh le bearta arna n-iarraidh faoi Airteagail 663 go 666, ní dhéanfar agóid maidir leis an cúiseanna sin os comhair cúirte sa Stát iarrtha.
TEIDEAL XII
FORÁLACHA EILE
Airteagal 690
Fógraí a thabhairt
1. Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe aon cheann de na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 602(2), Airteagal 603(2), agus Airteagal 611(4) agus, a mhéid is féidir sin a dhéanamh, cuirfidh siad in iúl an bhfuil aon fhógra den sórt sin le tabhairt.
A mhéid nach mbeidh fógra nó léiriú den sórt sin tugtha i ndáil le Stát, an tráth dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar fógraí a thabhairt i ndáil leis an Stát sin a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 2 mhí tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm.
Le linn na hidirthréimhse sin, aon Stát nár tugadh aon fhógra ina leith dá bhforáiltear in Airteagal 602(2), Airteagal 603(2), nó Airteagal 611(4), agus nach raibh ina ábhar do léiriú nach bhfuil aon fhógra den sórt sin le tabhairt, féadfaidh sé leas a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin amhail is go ndearnadh an fógra sin i leith an Stáit sin. I gcás Airteagal 603(2), ní fhéadfaidh Stát leas a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin ach amháin sa mhéid go bhfuil sé sin ag luí leis na critéir chun fógra a thabhairt.
2. Na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 599(4), Airteagal 605(1), Airteagal 606(2), Airteagal 625(1), Airteagal 626(1), Airteagal 659(4), Airteagal 660(5), Airteagal 661(5), Airteagal 670(2), agus Airteagal 678(3) agus (7), féadfar iad a thabhairt tráth ar bith.
3. Na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 605(1), Airteagal 606(2) agus Airteagal 678(3) agus (7), féadfar iad a mhodhnú tráth ar bith.
4. Na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 602(2), Airteagal 603(2), Airteagal 605(1), Airteagal 611(4), Airteagal 659(4), Airteagal 660(5), agus Airteagal 661(5), féadfar iad a aistarraingt aon tráth.
5. Foilseoidh an tAontas faisnéis maidir le fógraí na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 605(1) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
6. Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas faoi chéannacht na n-údarás seo a leanas:
(a) |
an t-údarás ar a bhfuil freagracht i leith fáil agus próiseáil shonraí PNR faoi Theideal III; |
(b) |
an t-údarás a meastar gurb é an t-údarás forfheidhmithe dlí inniúil é chun críocha Theideal V agus tuairisc ghearr ar a chuid inniúlachtaí; |
(c) |
an pointe teagmhála náisiúnta arna ainmniú faoi Airteagal 568(1); |
(d) |
an t-údarás a meastar gurb é an t-údarás inniúil é chun críocha Theideal VI agus tuairisc ghearr ar a chuid inniúlachtaí; |
(e) |
an pointe teagmhála arna ainmniú faoi Airteagal 584(1); |
(f) |
Comhfhreagraí Baile na Ríochta Aontaithe le haghaidh Ábhair Sceimhlitheoireachta arna ainmniú faoi Airteagal 584(2); |
(g) |
an t-údarás atá inniúil de bhua dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe , chun barántas gabhála a fhorghníomhú, mar a thagraítear dó sin i bpointe (c) d’Airteagal 598, agus an t-údarás atá inniúil, de bhua dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe, chun barántas gabhála a eisiúint, mar a thagraítear dó sin i bpointe (d) d’Airteagal 598; |
(h) |
an t-údarás arna ainmniú ag an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 623(3); |
(i) |
an t-údarás lárnach arna ainmniú ag an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 645; |
(j) |
an t-údarás lárnach arna ainmniú ag an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 676(1). |
Foilseoidh an tAontas faisnéis faoi na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
7. Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe, thar a cheann féin nó thar ceann a Bhallstát, de réir mar a bheidh, maidir le céannacht na n-údarás seo a leanas:
(a) |
na hAonaid um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí arna mbunú nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun críocha fháil agus phróiseáil sonraí PNR faoi Theideal III; |
(b) |
an t-údarás atá inniúil, de bhua dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe, chun barántas gabhála a fhorghníomhú, mar a thagraítear dó sin i bpointe (c) d’Airteagal 598, agus an t-údarás atá inniúil, de bhua dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe, chun barántas gabhála a eisiúint, mar a thagraítear dó sin i bpointe (d) d’Airteagal 598; |
(c) |
an t-údarás arna ainmniú do gach Ballstát faoi Airteagal 623(3); |
(d) |
an comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 634; |
(e) |
an t-údarás lárnach arna ainmniú ag gach Ballstát faoi Airteagal 645; |
(f) |
an t-údarás lárnach arna ainmniú ag gach Ballstát faoi Airteagal 676(1); |
(g) |
aon chomhlacht Aontais arna ainmniú faoin gcéad abairt d’Airteagal 676(2) agus tásc ar cé acu atá nó nach bhfuil sé ainmnithe freisin mar údarás lárnach faoin abairt dheiridh den mhír sin. |
8. Féadfar na fógraí a thabharfar faoi mhír 6 nó faoi mhír 7 a mhodhnú tráth ar bith. Tabharfar fógra maidir leis na modhnuithe sin don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
9. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas fógra a thabhairt do níos mó ná údarás amháin maidir le pointí (a), (b), (d), (e), (g), (h), (i) agus (j) de mhír 6 agus maidir le mír 7 faoi seach agus féadfaidh siad na fógraí sin a theorannú chun críoch ar leith.
10. I gcás ina dtabharfaidh an tAontas na fógraí dá dtagraítear san Airteagal seo, sonróidh sé cé na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an bhfógra ina leith nó sonróidh sé gur thar a cheann féin atá an fógra á thabhairt aige.
Airteagal 691
Athbhreithniú agus meastóireacht
1. Déanfar an Chuid seo a athbhreithniú go comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 776 nó arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe i gcás ina gcomhaontaítear é sin go comhpháirteach.
2. Déanfaidh na Páirtithe a chinneadh roimh ré cén chaoi a ndéanfar an t-athbhreithniú agus cuirfidh siad araon comhdhéanamh a gcuid foirne athbhreithniúcháin féin in iúl dá chéile. Ar na daoine a bheidh ar na foirne athbhreithniúcháin beidh daoine a bhfuil saineolas iomchuí acu i ndáil leis na saincheisteanna a bheidh faoi athbhreithniú. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile in athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha na n-athbhreithnithe sin, déanfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas socruithe chun rochtain iomchuí a thabhairt ar dhoiciméadacht, ar chórais agus ar phearsanra ábhartha.
3. Gan dochar do mhír 2, tabharfar aghaidh san athbhreithniú go háirithe ar chur chun feidhme praiticiúil na Coda seo, ar a léiriú agus ar a forbairt.
Airteagal 692
Foirceannadh
1. Gan dochar d’Airteagal 779, féadfaidh gach Páirtí an Chuid seo a fhoirceannadh aon tráth trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhíthin bealaí taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh an Chuid seo de bheith i bhfeidhm an chéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra.
2. Ar a shon sin, má fhoirceanntar an Chuid seo as siocair an Ríocht Aontaithe nó Ballstát a bheith tar éis an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nó Prótacail 1, 6 nó 13 a ghabhann leis a shéanadh, scoirfidh an Chuid seo d’fheidhm a bheith aige ón dáta a thiocfaidh an séanadh sin in éifeacht nó, má dhéantar an fógra faoina fhoirceannadh tar éis an dáta sin, ar an gcúigiú lá déag tar éis an fógra sin a thabhairt.
3. Má thugann ceachtar de na Páirtithe fógra maidir le foirceannadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach le chéile chun a chinneadh cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar i gcrích, ar dhóigh iomchuí, aon chomhar arna thionscnamh faoin gCuid seo. Cibé a tharlóidh, maidir leis na sonraí pearsanta go léir a gheofar trí chomhar faoin gCuid seo sula scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige, áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar an leibhéal cosanta faoinar aistríodh na sonraí pearsanta sin a chaomhnú tar éis don fhoirceannadh teacht i bhfeidhm.
Airteagal 693
Fionraí
1. I gcás easnaimh thromchúiseacha shistéamacha laistigh de Pháirtí amháin a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint nó maidir le prionsabal an smachta reachta, féadfaidh an Páirtí eile an Chuid seo nó Teidil atá inti a chur ar fionraí, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhíthin bealaí taidhleoireachta. Sonrófar san fhógra sin na heasnaimh thromchúiseacha shistéamacha ar a bhfuil an fhionraí bunaithe.
2. I gcás easnaimh thromchúiseacha shistéamacha laistigh de Pháirtí amháin a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear cás inar tháinig de bharr na n-easnamh sin gur scoir cinneadh leordhóthanachta ábhartha d’fheidhm a bheith aige, féadfaidh an Páirtí eile an Chuid seo nó Teidil atá inti a chur ar fionraí, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhíthin bealaí taidhleoireachta. Sonrófar san fhógra sin na heasnaimh thromchúiseacha shistéamacha ar a bhfuil an fhionraí bunaithe.
3. Chun críocha mhír 2, ciallaíonn ‘cinneadh leordhóthanachta ábhartha’:
(a) |
maidir leis an Ríocht Aontaithe, cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (82) nó le reachtaíocht chomhchosúil i gcomharbas air, lena bhfianaítear go bhfuil an leibhéal leordhóthanach cosanta ann; |
(b) |
maidir leis an Aontas, cinneadh arna ghlacadh ag an Ríocht Aontaithe lena bhfianaítear go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ann chun críoch aistrithe a thagann faoi raon feidhme Chuid 3 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (83) nó reachtaíochta comhchosúla i gcomharbas air. |
4. I ndáil le fionraí Theideal III nó Theideal X, áirítear le tagairtí do ‘chinneadh leordhóthanachta ábhartha’ an méid seo a leanas freisin:
(a) |
maidir leis an Ríocht Aontaithe, cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (84) (‘An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) nó le reachtaíocht chomhchosúil i gcomharbas air lena bhfianaítear go bhfuil an leibhéal leordhóthanach cosanta ann; |
(b) |
maidir leis an Aontas, cinneadh arna ghlacadh ag an Ríocht Aontaithe lena bhfianaítear go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ann chun críoch aistrithe a thagann faoi raon feidhme Chuid 2 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó reachtaíochta comhchosúla i gcomharba air. |
5. Scoirfidh na Teidil lena mbaineann an fhionraí, go sealadach, d’fheidhm a bheith acu an chéad lá den tríú mí tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, mura rud é, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh dhul in éag don tréimhse sin, arna fadú, de réir mar a bheidh, i gcomhréir le pointe (d) de mhír 7, go dtabharfaidh an Páirtí a thug fógra i scríbhinn don Pháirtí eile, trí bhíthin bealaí taidhleoireachta, fógra i scríbhinn maidir le hé an chéad fhógra a aistarraingt nó maidir le laghdú ar raon feidhme na fionraí. Sa chás deireanach sin, is iad na Teidil dá dtagraítear sa dara fógra, agus iad sin amháin, a scoirfidh, go sealadach, d’fheidhm a bheith acu.
6. Má tugann Páirtí amháin fógra maidir le fionraí Teidil amháin nó roinnt Teideal den Chuid seo de bhun mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh an Páirtí eile na Teidil eile uile a chur ar fionraí, trí fhógra – fógra 3 mhí – i scríbhinn trí bhíthin bealaí taidhleoireachta.
7. Aon uair a fhógrófar fionraí de bhun mhír 1 nó mhír 2, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta láithreach. Féachfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun ligean don Pháirtí a thug fógra maidir leis an bhfionraí teacht i bhfeidhm na fionraí a chur ar atráth, a raon feidhme a laghdú nó í a aistarraingt. Chuige sin, ar mholadh ón gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta:
(a) |
teacht ar chomhaontú maidir le léirithe comhpháirteacha ar fhorálacha na Coda seo; |
(b) |
aon ghníomh ab iomchuí a mholadh do na Páirtithe; |
(c) |
oiriúnuithe iomchuí ar an gCuid seo a ghlacadh a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna is bun leis an bhfionraí, le huastréimhse bhailíochta 12 mhí; agus |
(d) |
síneadh nach faide ná trí mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5. |
8. Má thugann an Ríocht Aontaithe fógra maidir le fionraí faoin Airteagal seo, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach le chéile chun a chinneadh cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar arna thionscnamh faoin gCuid seo, agus a ndéanfaidh an fógra sin difear dó, a thabhairt i gcrích ar dhóigh iomchuí. Cibé a tharlóidh, maidir leis na sonraí pearsanta go léir a gheofar trí chomhar faoin gCuid seo sula scoirfidh na Teidil lena mbaineann an fhionraí, ar bhonn sealadach, d’fheidhm a bheith acu, áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar an leibhéal cosanta faoinar aistríodh na sonraí pearsanta sin a chaomhnú tar éis don fhionraí teacht i bhfeidhm.
9. Déanfar na Teidil a cuireadh ar fionraí a thabhairt ar ais ar an gcéad lá den mhí tar éis an lae a mbeidh fógra tugtha ag an bPáirtí faoin bhfionraí de bhun mhír 1 nó mhír 2 i scríbhinn don Pháirtí eile, trí bhíthin bealaí taidhleoireachta, á rá go bhfuil sé beartaithe aige na Teidil atá ar fionraí a athbhunú. An Páirtí a mbeidh fógra tugtha aige faoin bhfionraí de bhun mhír 1 nó mhír 2, déanfaidh sé an méid sin díreach tar éis deireadh a bheith leis na heasnaimh thromchúiseacha agus shistéimeacha ar thaobh an Pháirtí eile ar a raibh an fhionraí bunaithe.
10. Ar fhógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn na Teidil a cuireadh ar fionraí a thabhairt ar ais i gcomhréir le mír 9, déanfar na Teidil eile a cuireadh ar fionraí de bhun mhír 6 a thabhairt ar ais ag an am céanna a dtabharfar ar ais na Teidil a cuireadh ar fionraí de bhun mhír 1 nó mhír 2.
Airteagal 694
Speansas
Seasfaidh na Páirtithe agus na Ballstáit, lena n-áirítear institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na bPáirtithe nó na mBallstát, a gcuid speansais féin a eascróidh le linn an Chuid seo a chur chun feidhme, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo.
TEIDEAL XIII
RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
Airteagal 695
Cuspóir
Is é cuspóir don Teideal seo sásra tapa éifeachtach éifeachtúil a bhunú chun aon díospóid idir na Páirtithe maidir leis an gCuid seo a sheachaint agus a réiteach, lena n-áirítear díospóidí a bhaineann leis an gCuid seo nuair a chuirtear i bhfeidhm í i gcásanna a rialaítear faoi fhorálacha eile den Chomhaontú seo, d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach, i gcás inár féidir sin.
Airteagal 696
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann leis an gCuid seo (‘na forálacha a chumhdaítear’).
2. Sna forálacha a chumhdaítear, áireofar forálacha uile na Coda seo, cé is moite d'Airteagal 526 agus 541, 552(14), 562, Airteagal 692, 693; agus Airteagal 700.
Airteagal 697
Eisiachas
Gabhann na Páirtithe orthu féin, i dtaca le haon díospóid eatarthu maidir leis an gCuid seo, nach gcuirfidh siad an díospóid sin faoi bhráid aon sásra socraithe díospóidí eile seachas an sásra dá bhforáiltear sa Teideal seo.
Airteagal 698
Comhairliúcháin
1. Má mheasann Páirtí (‘an Páirtí is déantóir gearáin’) go bhfuil oibleagáid faoin gCuid seo sáraithe ag an bPáirtí eile (‘an Páirtí is freagróir’), féachfaidh na Páirtithe leis an ábhar a réiteach trí dhul i mbun comhairliúchán de mheon macánta, d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.
2. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin comhairliúcháin a lorg trí iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí is freagróir. Sonróidh an Páirtí is déantóir gearáin ina iarraidh i scríbhinn na cúiseanna atá leis an iarraidh, lena n-áirítear sainaithint na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha a mheasann an Páirtí is déantóir gearáin is cúis leis an sárú oibleagáide ag an bPáirtí is freagróir, agus sonróidh sé na forálacha cumhdaithe a mheasann sé is infheidhme.
3. Tabharfaidh an Páirtí is freagróir freagra ar an iarraidh go pras, agus tráth nach déanaí ná coicís tar éis dháta a seachadta. Tionólfar comhairliúcháin laistigh de 3 mhí ó dháta seachadta an iarrata go pearsanta nó trí aon mhodh cumarsáide eile arna gcomhaontú ag na Páirtithe.
4. Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha chun críche laistigh de 3 mhí ó dháta seachadta an iarrata, mura gcomhaontóidh na Páirtithe leanúint ar aghaidh leis na comhairliúcháin.
5. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a iarraidh go ndéanfar na comhairliúcháin faoi chuimsiú an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nó faoi chuimsiú na Comhairle Comhpháirtíochta. Tionólfar an chéad chruinniú laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 den airteagal seo. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe nó an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh tráth ar bith an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Comhpháirtíochta. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, freisin, an t-ábhar a ghlacadh ar láimh. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe nó, de réir mar a bheidh, an Chomhairle Comhpháirtíochta, an díospóid a réiteach le cinneadh. Measfar cinneadh den sórt sin a bheith ina réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach de réir bhrí Airteagal 699.
6. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin an iarraidh ar chomhairliúcháin a aistarraingt go haontaobhach tráth ar bith. I gcás den sórt sin, cuirfear deireadh láithreach leis na comhairliúcháin.
7. Is faoi rún a bheidh na comhairliúcháin, agus go háirithe gach faisnéis a bheidh ainmnithe mar fhaisnéis rúnda agus na seasaimh a ghlacfaidh na Páirtithe le linn comhairliúchán.
Airteagal 699
Réiteach a chomhaontú ar bhonn frithpháirteach
1. Féadfaidh na Páirtithe, tráth ar bith, teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach i ndáil le haon díospóid dá dtagraítear in Airteagal 696.
2. Féadfar an réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach a ghlacadh trí bhíthin cinneadh ón gCoiste Speisialaithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nó ón gComhairle Comhpháirtíochta. I gcás inarb é a bheidh sa réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach comhaontú maidir le léirithe comhpháirteacha ar fhorálacha na Coda seo ag na Páirtithe, déanfar an réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach a ghlacadh trí chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta.
3. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun an réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach a chur chun feidhme laistigh den tréimhse arna chomhaontú.
4. Tráth nach déanaí ná an dáta a rachaidh an tréimhse arna chomhaontú in éag, cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn faoi aon bhearta a glacadh chun an réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach a chur chun feidhme.
Airteagal 700
Fionraí
1. I gcás nach dtiocfar ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach de réir bhrí Airteagal 698 trí chomhairliúcháin faoi Airteagal 699, agus ar choinníoll nár aistarraing an Páirtí is déantóir gearáin a iarraidh ar chomhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 698(6), agus i gcás ina measann sé go bhfuil an Páirtí is freagróir i mbun sárú tromchúiseach ar a chuid oibleagáidí faoi na forálacha cumhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 698(2), féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin na Teidil sin de chuid na Coda seo lena mbaineann an sárú tromchúiseach a fhionraí, trí fhógra i scríbhinn trí bhíthin bealaí taidhleoireachta. Sonrófar san fhógra sin an sárú tromchúiseach ar oibleagáidí a rinne an Páirtí a thug freagra ar a bhfuil an fhionraí bunaithe.
2. Scoirfidh na Teidil lena mbaineann an fhionraí, go sealadach, d’fheidhm a bheith acu ar an gcéad lá den tríú mí tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 nó ar aon dáta eile arna chomhaontú go frithpháirteach ag na Páirtithe, mura rud é, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh dhul in éag na tréimhse sin, go dtabharfaidh an Páirtí is déantóir gearáin fógra i scríbhinn don Pháirtí is freagróir, trí bhíthin bealaí taidhleoireachta, faoin gcéad fhógra nó faoi laghdú ar raon feidhme na fionraí a tharraingt siar. Sa chás deireanach sin, is iad na Teidil dá dtagraítear sa dara fógra, agus iad sin amháin, a scoirfidh, go sealadach, d’fheidhm a bheith acu.
3. Má chuireann an Páirtí is déantóir gearáin in iúl go bhfuil Teideal amháin nó roinnt Teideal den Chuid seo curtha ar fionraí de bhun mhír 1, féadfaidh an Páirtí is freagróir na Codanna eile go léir a chur ar fionraí, trí fhógra i scríbhinn trí bhíthin bealaí taidhleoireachta, le fógra trí mhí.
4. Má thugann an Ríocht Aontaithe fógra faoin Airteagal seo go bhfuil sé ar intinn aici scor d'fhorálacha ábhartha an Teidil seo a oibriú, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach le chéile chun a chinneadh cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar arna thionscnamh faoin Teideal seo a ndéanfaidh an scor difear dó a thabhairt i gcrích ar dhóigh iomchuí. Cibé a tharlóidh, maidir leis na sonraí pearsanta go léir a gheofar trí chomhar faoin gCuid seo sula scoirfidh na Teidil lena mbaineann an fhionraí, ar bhonn sealadach, d’fheidhm a bheith acu, áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar an leibhéal cosanta faoinar aistríodh na sonraí pearsanta sin a chaomhnú tar éis don fhionraí teacht i bhfeidhm.
5. Déanfar na Teidil a cuireadh ar fionraí a thabhairt ar ais ar an gcéad lá den mhí tar éis an lae a mbeidh fógra tugtha ag an bPáirtí faoin bhfionraí i scríbhinn don Pháirtí eile, trí bhíthin bealaí taidhleoireachta, á rá go bhfuil sé beartaithe aige na Teidil atá ar fionraí a athbhunú. Déanfaidh an Páirtí is déantóir gearáin amhlaidh láithreach má mheasann sé nach ann a thuilleadh don sárú tromchúiseach ar na hoibleagáidí ar a raibh an fhionraí bunaithe.
6. Ar fhógra a fháil ón bPáirtí is déantóir gearáin á rá go bhfuil sé beartaithe aige na Caibidlí ar fionraí a athbhunú de réir mhír 5, déanfar na Caibidlí atá fágtha ar fionraí ag an bPáirtí is freagróir de bhun mhír 3 a athbhunú ag an am céanna leis na Caibidlí a chuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin ar fionraí de bhun mhír 1.
Airteagal 701
Tréimhsí ama
1. Déanfar na tréimhsí ama go léir a leagtar síos sa Teideal seo a chomhaireamh i laethanta féilire ón lá tar éis an ghnímh dá dtagraíonn siad.
2. Féadfar aon tréimhse ama dá dtagraítear sa Teideal seo a mhodhnú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe.
CUID A CEATHAIR
COMHAR TÉAMACH
TEIDEAL I
SLÁNDÁIL SLÁINTE
Airteagal 702
Comhar maidir le slándáil sláinte
1. Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn ‘bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte’ guais don bheatha nó guais atá tromchúiseach ar bhealach eile do shláinte, ar guais í de thionscnamh bitheolaíoch, ceimiceach, comhshaoil nó anaithnid, agus a leathann thar theorainneacha na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, nó lena ngabhann riosca suntasach go leathfaidh sí amhlaidh.
2. Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi bhagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte a dhéanann difear don Pháirtí eile agus déanfaidh siad iarracht déanamh amhlaidh go tráthúil.
3. I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach trasteorann ann don tsláinte, tar éis iarraidh i scríbhinn a fháil ón Ríocht Aontaithe, féadfaidh an tAontas rochtain ad hoc a thabhairt don Ríocht Aontaithe ar a Chóras Réamhrabhaidh agus Freagartha (‘EWRS’) i ndáil leis an mbagairt ar leith go gcuirfí ar chumas na bPáirtithe agus údaráis inniúla na mBallstát faisnéis ábhartha a mhalartú, measúnú a dhéanamh ar rioscaí don tsláinte phoiblí, agus comhordú a dhéanamh ar na bearta a d’fhéadfaí a cheangal chun sláinte phoiblí a chosaint. Déanfaidh an tAontas a dhícheall freagairt a thabhairt ar an iarraidh i scríbhinn ón Ríocht Aontaithe go tráthúil.
Ina theannta sin, féadfaidh an tAontas cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbagairt áirithe sin, i gcoiste arna bhunú laistigh den Aontas agus arna chomhdhéanamh d’ionadaithe ó na Ballstáit chun tacú le malartú faisnéise agus comhordú a bhaineann le bagairtí don tsláinte.
Déanfar an dá shocrú ar bhonn sealadach, agus i gcás ar bith ar feadh tréimhse nach faide ná fad na bagartha tromchúisí trasteorann ábhartha don tsláinte.
4. Chun críoch an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i mír 2 agus aon iarrataí a dhéanfar de bhun mhír 3, ainmneoidh gach Páirtí pointe fócasach agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh don Pháirtí eile. Ina theannta sin, déanfaidh na pointí fócais an méid seo a leanas:
(a) |
féachfaidh siad le tuiscint a éascú idir na Páirtithe maidir le bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte nó nach ea; |
(b) |
réitigh, arna gcomhaontú go frithpháirteach, a lorg ar aon saincheisteanna teicniúla a eascróidh as an Teideal seo a chur chun feidhme. |
5. Urramóidh an Ríocht Aontaithe na coinníollacha uile is infheidhme maidir le húsáid EWRS chomh maith le rialacha nós imeachta an choiste dá dtagraítear i mír 3, ar feadh an ama rochtana lena mbaineann. Más rud é, tar éis malartuithe soiléirithe idir na Páirtithe:
(a) |
measann an tAontas nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha nó na rialacha nós imeachta thuasluaite, féadfaidh an tAontas deireadh a chur le rochtain na Ríochta Aontaithe ar EWRS nó lena rannpháirtíocht sa choiste sin, de réir mar a bheidh, i ndáil leis an mbagairt sin; |
(b) |
measann an Ríocht Aontaithe nach féidir léi glacadh leis na coinníollacha nó leis na rialacha nós imeachta, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a rannpháirtíocht in EWRS nó a rannpháirtíocht sa choiste sin, de réir mar a bheidh, i ndáil leis an mbagairt sin a tharraingt siar. |
6. Beidh sé d’aidhm ag na Páirtithe bheith ag obair i gcomhar le chéile i bhfóraim idirnáisiúnta chun bagairtí ar an tslándáil sláinte, a bhfuil fianaise ina dtaobh, nó bagairtí atá ag teacht chun cinn, a chosc agus a bhrath agus chun iad féin a ullmhú do na bagairtí sin agus dul i ngleic leo ar bhealach comhsheasmhach.
7. Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus comhlacht ábhartha na Ríochta Aontaithe atá freagrach as faireachas, faisnéis eipidéime agus comhairle eolaíoch maidir le galair thógálacha, féadfaidh siad oibriú i gcomhar ar ábhair theicniúla agus eolaíocha a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann do leas coiteann do na Páirtithe agus féadfaidh siad, chuige sin, meabhrán comhthuisceana a thabhairt i gcrích.
TEIDEAL II
CIBEARSHLÁNDÁIL
Airteagal 703
Idirphlé maidir le cibircheisteanna
Bunóidh na Páirtithe idirphlé rialta d’fhonn faisnéis a mhalartú faoi fhorbairtí ábhartha beartais, lena n-áirítear forbairtí maidir leis an tslándáil idirnáisiúnta, slándáil na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, rialachas idirlín, cibearshlándáil, cibearchosaint agus cibearchoireacht.
Airteagal 704
Comhar maidir le cibircheisteanna
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar i réimse na saincheisteanna cibearghnóthaí trí dhea-chleachtais a roinnt agus trí ghníomhaíochtaí praiticiúla comhair atá dírithe ar chibearspás oscailte, saor, cobhsaí agus slán a chur chun cinn bunaithe ar chur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta atá ann cheana, agus noirm ábhartha eile maidir le hiompar freagrach stáit agus bearta réigiúnacha chun an mhuinín sa réimse cibearghnóthaí a fhorbairt.
2. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú i gcomhlachtaí agus i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta, agus féachfaidh siad leis an gcibear-athléimneacht dhomhanda a neartú agus feabhas a chur ar chumas tríú tíortha an chibearchoireacht a chomhrac go héifeachtach.
Airteagal 705
Comhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire – an tAontas Eorpach
Faoi réir formheas a fháil roimh ré ó Bhord Stiúrtha na Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire – comhoibreoidh an tAontas Eorpach (CERT-EU), CERT-EU agus foireann náisiúnta freagartha éigeandála ríomhaire na Ríochta Aontaithe ar bhonn deonach, tráthúil agus cómhalartach chun faisnéis a mhalartú maidir le huirlisí agus modhanna, amhail teicnící, oirbheartaíocht, nósanna imeachta agus dea-chleachtais, agus maidir le bagairtí agus leochaileachtaí ginearálta.
Airteagal 706
Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha de chuid an Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Threoir (AE) 2016/1148
1. D'fhonn comhar maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn, agus neamhspleáchas phróiseas cinnteoireachta an Aontais á áirithiú ag an am céanna, féadfaidh údarás náisiúnta ábhartha na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh, arna iarraidh sin do Chathaoirleach an Ghrúpa Comhair arna bhunú i gcomhairle leis an gCoimisiún, sna gníomhaíochtaí seo a leanas de chuid an Ghrúpa Comhair:
(a) |
na cleachtais is fearr a fheidhmiú i dtaca le hacmhainneacht a fhorbairt chun slándáil córas gréasán agus faisnéise a áirithiú; |
(b) |
faisnéis a mhalartú maidir le cleachtaí a bhaineann le slándáil córas gréasán agus faisnéise; |
(c) |
faisnéis, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le rioscaí agus teagmhais; |
(d) |
faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le múscailt feasachta, cláir oideachais agus oiliúint; agus |
(e) |
faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le taighde agus forbairt a bhaineann le slándáil córas gréasán agus faisnéise. |
2. Is ar bhonn deonach a dhéanfar aon mhalartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtas idir an Grúpa Comhair agus údarás náisiúnta ábhartha na Ríochta Aontaithe, agus is ar bhonn cómhalartach a dhéanfar é, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 707
Comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)
1. D’fhonn comhar maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn, agus neamhspleáchas phróiseas cinnteoireachta an Aontais á áirithiú ag an am céanna, féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo a leanas arna ndéanamh ag ENISA, arna iarraidh sin do Bhord Bainistíochta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), agus is féidir leis an Ríocht Aontaithe sin a iarraidh freisin:
(a) |
fothú acmhainní; |
(b) |
eolas agus faisnéis; agus |
(c) |
ardú feasachta agus an t-oideachas. |
2. Déanfar na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i ngníomhaíochtaí ENISA dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais leordhóthanach a dhéanamh, déanfar iad a leagan amach i socruithe oibre arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún.
3. Is ar bhonn deonach a dhéanfar malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtas idir ENISA agus an Ríocht Aontaithe deonach agus is ar bhonn cómhalartach a dhéanfar é, i gcás inarb iomchuí.
CUID A CÚIG
RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AN AONTAIS, BAINISTÍOCHT FHÓNTA AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 708
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir, i ngníomhaíochtaí agus i seirbhísí an Aontais faoi, ina bhfuil na Páirtithe tar éis comhaontú go mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach.
2. Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir chomhtháthaithe faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó i gcláir chomhchosúla eile a bhfuil an cuspóir céanna acu, ar rannpháirtíocht í atá ar bhonn gníomhartha institiúide amháin nó níos mó den Aontas is infheidhme maidir leis na cláir sin.
Sonrófar na coinníollacha is infheidhme le haghaidh rannpháirtíochta sna cláir dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhunghníomh is infheidhme agus sa chomhaontú maoiniúcháin arna thabhairt i gcrích faoi. Comhaontóidh na Páirtithe forálacha lena ngabhfaidh éifeacht chomhchosúil le Caibidil 2 maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna cláir sin.
Airteagal 709
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
Ciallaíonn ‘bunghníomh’:
|
(b) |
ciallaíonn ‘comhaontú cistiúcháin’ comhaontuithe a bhaineann le cláir agus gníomhaíochtaí faoi Phrótacal I maidir le Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt lena gcuirtear chun feidhme cistí de chuid an Aontais amhail comhaontuithe deontais, comhaontuithe ranníocaíochta, comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, comhaontuithe maoiniúcháin agus comhaontuithe ráthaíochta; |
(c) |
ciallaíonn ‘rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár agus ghníomhaíocht an Aontais’ rialacha arna leagan síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (85) (‘an Rialachán Airgeadais’) a bhfuil feidhm acu maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus sa chlár oibre nó sna glaonna nó sna nósanna imeachta dámhachtana eile de chuid an Aontais; |
(d) |
Ciallaíonn ‘an tAontas’ an tAontas nó an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó iad araon, de réir mar a éilíonn an comhthéacs; |
(e) |
ciallaíonn ‘nós imeachta dámhachtana de chuid an Aontais’ nós imeachta maidir le cistiú ón Aontas Eorpach a dhámhachtain ar nós imeachta é a sheolfaidh an tAontas Eorpach nó daoine nó eintitis a bhfuil sé de chúram orthu cistí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme; |
(f) |
ciallaíonn ‘eintiteas de chuid na Ríochta Aontaithe’ aon chineál eintitis, cibé acu duine nádúrtha, duine dlítheanach nó eintiteas eile, a fhéadfaidh a bheith rannpháirteach i gclár nó gníomhaíocht Aontais i gcomhréir leis an mbunghníomh agus a bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe nó atá bunaithe ansin. |
CAIBIDIL 1
RANNPHÁIRTÍOCHT NA RÍOCHTA AONTAITHE I gCLÁIR AGUS I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AONTAIS
ROINN 1
COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AGUS I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AONTAIS
Airteagal 710
An rannpháirtíocht a bhunú
1. Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gcláir, gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, nó i gcásanna eisceachtúla, sa chuid sin de chláir nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais atá oscailte dá rannpháirtíocht, agus a liostófar i bPrótacal maidir le Cláir agus gníomhaíochtaí ina mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach (‘Prótacal I’).
2. Comhaontófar Prótacal I idir na Páirtithe. Glacfar Prótacal I agus féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais é a leasú.
3. Maidir le Prótacal I:
(a) |
déanfar cláir, gníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcásanna eisceachtúla, an chuid sin de chláir nó gníomhaíochtaí an Aontais a shainaithint ina mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach; |
(b) |
leagfar síos ann fad na rannpháirtíochta, lena dtagrófar don tréimhse ama ar lena linn a bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas Eorpach nó a bhféadfar cur chun feidhme cistí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur de chúram orthu; |
(c) |
leagfar síos ann coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear módúlachtaí sonracha maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha airgeadais arna sainaithint faoi Airteagal 714, módúlachtaí sonracha an tsásra ceartúcháin arna sainaithint faoi Airteagal 716, agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i struchtúir arna gcruthú chun críocha cláir an Aontais a chur chun feidhme. Comhlíonfaidh na coinníollacha sin an Comhaontú seo agus bunghníomhartha agus gníomhartha de chuid institiúid amháin nó níos mó den Aontas lena mbunaítear na struchtúir dhlíthiúla sin; |
(d) |
i gcás inarb infheidhme, leagfar síos ann méid ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le clár Aontais a chuirtear chun feidhme trí ionstraim airgeadais nó ráthaíocht bhuiséadach agus, i gcás inarb iomchuí, módúlachtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 717. |
Airteagal 711
Comhlíonadh rialacha clár
1. Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sna cláir agus sna gníomhaíochtaí Aontais, nó i gcodanna díobh, a liostaítear i bPrótacal I faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear sa Chomhaontú seo, sna bunghníomhartha agus i rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais.
2. Áireofar sna téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 an méid a leanas:
(a) |
incháilitheacht eintitis na Ríochta Aontaithe agus aon choinníoll incháilitheachta eile a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, go háirithe le tionscnamh, le háit ghníomhaíochta nó le náisiúntacht; |
(b) |
na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais a thíolacadh, a mheasúnú agus a roghnú agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ag eintitis incháilithe na Ríochta Aontaithe. |
3. Beidh na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) mhír 2 coibhéiseach leo sin is infheidhme maidir le heintitis sna Ballstáit incháilithe, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo amhail dá bhforáiltear sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh ceachtar páirtí aird an Choiste Speisialaithe maidir le Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais a tharraingt ar aird an gá atá le plé maidir le heisiaimh a bhfuil údar cuí leo.
Airteagal 712
Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht
1. Beidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár Aontais, nó i ngníomhaíocht, nó i gcuid de dá dtagraítear in Airteagal 780 faoi choinníoll:
(a) |
gach iarracht a dhéanamh, faoi chuimsiú a dhlíthe náisiúnta, iontráil agus cónaí daoine a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh, lena n-áirítear mic léinn, taighdeoirí, oiliúnaithe nó saorálaithe a éascú ; |
(b) |
a áirithiú, a mhéid atá sé faoi rialú údaráis na Ríochta Aontaithe, gurb ionann na coinníollacha do na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) maidir le rochtain ar sheirbhísí sa Ríocht Aontaithe a bhaineann go díreach le cur chun feidhme na gclár nó na ngníomhaíochtaí agus na coinníollacha do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear maidir le táillí; |
(c) |
a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht lena mbaineann faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú nó rochtain ar an bhfaisnéis sin, beidh na comhaontuithe iomchuí i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 777. |
2. Maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár nó i ngníomhaíocht de chuid an Aontais, nó i gcodanna de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 708, déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit an méid seo a leanas:
(a) |
Gach iarracht a dhéanamh, faoi chuimsiú reachtaíocht an Aontais nó na mBallstát, teacht isteach agus cónaí náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá rannpháirteach i gcur chun feidhme na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh, lena n-áirítear mic léinn, taighdeoirí, oiliúnaithe nó saorálaithe, a éascú; |
(b) |
A áirithiú, a mhéid atá sé faoi rialú an Aontais agus údaráis na mBallstát, gurb ionann na coinníollacha do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (a) maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí san Aontas a bhaineann go díreach le cur chun feidhme na gclár nó na ngníomhaíochtaí agus na coinníollacha do shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear maidir le táillí ar bith. |
3. Féadfar coinníollacha sonracha breise a leagan síos i bPrótacal I lena dtagraítear don Airteagal seo a bhfuil gá leo do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár nó i ngníomhaíocht de chuid an Aontais, nó i gcodanna de.
4. Tá an tAirteagal seo gan dochar d’Airteagal 711.
5. Tá an tAirteagal seo agus Airteagal 718, gan dochar freisin d’aon socrú arna dhéanamh idir an Ríocht Aontaithe agus Éire maidir leis an gComhlimistéar Taistil.
Airteagal 713
Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i rialachas clár
1. Beidh cead ag ionadaithe nó saineolaithe na Ríochta Aontaithe, nó ag saineolaithe arna n-ainmniú ag an Ríocht Aontaithe, páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí ach amháin i gcás a bhaineann le pointí a fhorchoimeádtar do na Ballstáit amháin nó i ndáil le clár nó gníomhaíocht nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann nó inti, sna coistí, sna cruinnithe grúpaí saineolaithe nó sna cruinnithe comhchosúla sin a nglacann ionadaithe nó saineolaithe de chuid na mBallstát, nó saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, páirt iontu, agus a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme agus bainistiú na gclár, na ngníomhaíochtaí, nó na gcodanna díobh sin, ina mbíonn an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 708 nó ar cinn iad arna mbunú ag an gCoimisiún Eorpach i leith chur chun feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na cláir sin, na gníomhaíochtaí sin nó le codanna díobh. Ionadaithe nó saineolaithe na Ríochta Aontaithe, nó na saineolaithe arna n-ainmniú ag an Ríocht Aontaithe, ní bheidh siad i láthair tráth na vótála. Cuirfear toradh na vótála in iúl don Ríocht Aontaithe.
2. I gcás nach ar bhonn náisiúntachta a cheapfar saineolaithe nó meastóirí, ní bheidh náisiúntacht ina cúis le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe a eisiamh.
3. Faoi réir choinníollacha mhír 1, i gcás rannpháirtíocht ionadaithe na Ríochta Aontaithe sna cruinnithe dá dtagraítear i mír 1, nó i gcruinnithe eile a bhaineann le cur chun feidhme clár agus gníomhaíochtaí, beidh siad faoi réir ag na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear go háirithe cearta labhartha, faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus aisíocaíocht costas taistil agus cothaithe.
4. Féadfar sainiú a dhéanamh i bPrótacal I ar mhódúlachtaí breise maidir le rannpháirtíocht saineolaithe, chomh maith le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i mboird rialaithe agus i struchtúir a bhunófar chun críocha cláir agus gníomhaíochtaí Aontais a chur chun feidhme, mar a shainítear sa Phrótacal sin.
ROINN 2
RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AGUS I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ NA AONTAIS A MHAOINIÚ
Airteagal 714
Coinníollacha airgeadais
1. Rannpháirtíocht de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid eintitis na Ríochta Aontaithe i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, beidh sí faoi réir ranníocaíocht airgeadais ón Ríocht Aontaithe leis an gcistiú comhfhreagrach faoi bhuiséad an Aontais.
2. Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:
(a) |
táille rannpháirtíochta; agus |
(b) |
ranníocaíocht oibríochtúil. |
3. Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm íocaíocht bhliantúil a dhéanfar i dtráthchuid amháin nó níos mó.
4. Gan dochar d' Airteagal 733, is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta agus ní bheidh sí faoi réir coigeartuithe siarghabhálacha ach amháin maidir le fionraí faoi phointe (b) d’Airteagal 718(7) agus foirceannadh faoi phointe (c) d’Airteagal 720(6). Ó 2028 ar aghaidh, féadfaidh an Coiste Speisialaithe leibhéal na táille rannpháirtíochta a choigeartú maidir le Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais.
5. Cumhdófar leis an ranníocaíocht oibríochtúil caiteachas oibríochtúil agus caiteachas tacaíochta agus beidh sí sa bhreis, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus leithreasuithe íocaíochta araon, ar na méideanna arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh arna ghlacadh go cinntitheach le haghaidh clár nó gníomhaíochtaí nó, d’eisceacht, codanna díobh arna méadú, i gcás inarb iomchuí, le hioncam sannta seachtrach nach n-eascraíonn as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile, mar a shainítear i bPrótacal I.
6. Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar scála ranníocaíochtaí arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) na Ríochta Aontaithe agus Olltáirgeacht Intíre an Aontais ar phraghas margaidh. Is iad na OTInna ag praghsanna an mhargaidh a bheidh le cur i bhfeidhm an 1 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an íocaíocht bhliantúil mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT), a luaithe a bheidh feidhm ag an socrú dá dtagraítear in Airteagal 730 agus de réir rialacha an tsocraithe sin. Sula mbeidh feidhm ag an socrú sin, is é OTI na Ríochta Aontaithe an tír arna bhunú ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).
7. Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar chur i bhfeidhm an scála ranníocaíochtaí i leith na leithreasuithe tosaigh faoi chomhair gealltanais a ndéanann sé forlíonadh orthu mar a thuairiscítear i mír 5 arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh arna ghlacadh go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme i ndáil le maoiniú a dhéanamh ar chláir nó gníomhaíochtaí nó, d’eisceacht, codanna díobh, a bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu.
8. Féadfar ranníocaíocht oibríochtúil cláir, gníomhaíocht nó cuid de ranníocaíocht oibríochtúil do bhliain N, a choigeartú suas nó síos go cúlghabhálach i mbliain amháin nó níos mó ina dhiaidh sin ar bhonn na ngealltanas buiséadach arna ndéanamh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanais na bliana sin, a gcur chun feidhme trí ghealltanais dhlíthiúla agus a saoradh.
Déanfar an chéad choigeartú sa bhliain N+ 1 nuair a choigeartófar an ranníocaíocht tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh tríd an scála ranníocaíochta don bhliain N a chur i bhfeidhm ar shuim:
(a) |
méid na ngealltanas buiséadach a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanais a údaraíodh i mbliain N faoi bhuiséad glactha an Aontais Eorpaigh agus maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanais a chomhfhreagraíonn do ghealltanais a chuirtear ar fáil arís; agus |
(b) |
aon leithreasaí faoi ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile mar a shainmhínítear i bPrótacal I agus a bhí ar fáil ag deireadh bhliain N. |
Gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh na gealltanais bhuiséadacha go léir a mhaoinítear faoi leithreasaí faoi chomhair gealltanais a thionscnaítear ó bhliain N íoctha nó saortha agus ar a dhéanaí trí bliana tar éis dheireadh an chláir nó tar éis dheireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil a chomhfhreagraíonn do bhliain N, cibé acu is luaithe, ríomhfaidh an tAontas coigeartú ar ranníocaíocht bhliain N trí ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe a laghdú faoin méid a fuarthas trí eochair na ranníocaíochta de bhliain N a chur i bhfeidhm maidir leis na gealltanais a rinneadh gach bliain maidir le gealltanais de bhliain N a mhaoinítear faoi bhuiséad an Aontais nó ó ghealltanais a rinneadh arís.
I gcás ina gcuirtear leithreasuithe ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile mar a shainítear i bPrótacal I ar ceal, déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe a laghdú leis an méid a fuarthas tríd an scála ranníocaíochta de bhliain N a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a cuireadh ar ceal.
I mbliain N+ 2 nó i mblianta ina dhiaidh sin, tar éis na coigeartuithe dá dtagraítear sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír a dhéanamh, déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe do bhliain N a laghdú freisin le méid arna fháil trí ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe do bhliain N agus cóimheas:
(a) |
gealltanais dhlíthiúla bhliain N, arna gcistiú faoi aon leithreasaí faoi chomhair gealltanais atá ar fáil i mbliain N, agus a eascraíonn as nósanna imeachta dámhachtana iomaíocha,
|
(b) |
méid iomlán na ngealltanas dlíthiúil arna gcistiú faoi aon leithreasaí faoi chomhair gealltanais de bhliain N. |
Ríomhfar méid sin na ngealltanas dlíthiúil trí na gealltanais bhuiséadacha go léir a rinneadh i mbliain N a ghlacadh agus trí na gealltanais a rinneadh maidir leis na gealltanais sin i mbliain N+ 1 a asbhaint.
9. Arna iarraidh sin, soláthróidh an tAontas Eorpach don Ríocht Aontaithe faisnéis i ndáil lena rannpháirtíocht airgeadais mar atá san áireamh san fhaisnéis bhuiséadach, chuntasaíochta, feidhmíochta agus mheastóireachta arna soláthar d’údaráis bhuiséadacha agus d’údaráis um urscaoileadh an Aontais Eorpaigh maidir le cláir a bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu. Soláthrófar an fhaisnéis sin ag féachaint go cuí do rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe agus beidh sí gan dochar don fhaisnéis a bheidh an Ríocht Aontaithe i dteideal a fháil faoi Chaibidil 2.
10. Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí uile na Ríochta Aontaithe nó na híocaíochtaí uile ón Aontas Eorpach agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.
11. Faoi réir mhír 5 agus an dara fomhír de mhír 8 den Airteagal seo, leagtar amach in Iarscríbhinn 47 na forálacha mionsonraithe maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais Iarscríbhinn 47 a leasú.
Airteagal 715
Eisiamh cuasach ón nós imeachta iomaíoch um dhámhachtain deontas
1. I gcás ina measfaidh an Ríocht Aontaithe gurb ionann coinníollacha áirithe a leagtar síos i nós imeachta iomaíoch um dhámhachtain deontas agus samhail-eisiamh eintitis na Ríochta Aontaithe, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais roimh an spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach sa nós imeachta lena mbaineann agus tabharfaidh sí údar cuí.
2. Laistigh de thrí mhí ón spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach sa nós imeachta um dhámhachtain lena mbaineann, scrúdóidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais an fógra dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go bhfuil ráta rannpháirtíochta eintitis na Ríochta Aontaithe sa nós imeachta um dhámhachtain lena mbaineann ar a laghad 25 % níos ísle i gcomparáid leis an méid seo a leanas:
(a) |
meánráta rannpháirtíochta eintitis na Ríochta Aontaithe i nósanna imeachta dámhachtana iomaíocha comhchosúla nach bhfuil coinníoll den sórt sin iontu agus a seoladh laistigh de na trí bliana roimh an bhfógra; nó, |
(b) |
in éagmais nósanna imeachta iomaíocha dámhachtana comhchosúla, meánráta rannpháirtíochta eintitis na Ríochta Aontaithe sna nósanna imeachta um dhámhachtain iomaíoch ar fad a seoladh faoin gclár, nó faoin gclár roimhe sin, de réir mar is ábhartha, sna 3 bliana roimh an bhfógra. |
3. Cinnfidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 2 , an ndearnadh samhail-eisiamh eintiteas na Ríochta Aontaithe ón nós imeachta um dhámhachtain lena mbaineann i bhfianaise an réasúnaithe a thug an Ríocht Aontaithe de bhun mhír 1 agus an ráta rannpháirtíochta iarbhír sa nós imeachta um dhámhachtain lena mbaineann.
4. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, is éard a bheidh sa ráta rannpháirtíochta an cóimheas idir líon na n-iarratas arna gcur isteach ag eintitis na Ríochta Aontaithe agus líon iomlán na n-iarratas arna gcur isteach faoin nós imeachta dámhachtana céanna.
Airteagal 716
Cláir a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo
1. Beidh feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leis na cláir sin de chuid an Aontais, gníomhaíochtaí nó codanna díobh dá bhforáiltear i bPrótacal I maidir le sásra ceartúcháin uathoibríoch a chur i bhfeidhm. Féadfar cur i bhfeidhm an tsásra uathoibríoch ceartúcháin sin a theorannú do chodanna den chlár nó den ghníomhaíocht a shonraítear i bPrótacal I, a chuirtear chun feidhme trí dheontais a n-eagraítear glaonna iomaíocha ina. Féadfar rialacha mionsonraithe a bhunú i bPrótacal I maidir le sainaithint na gcodanna sin den chlár nó den ghníomhaíocht a mbeidh nó nach mbeidh feidhm ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo.
2. Is éard a bheidh i méid an cheartúcháin uathoibríoch le haghaidh cláir nó gníomhaíochta nó codanna díobh, an difríocht idir méideanna tosaigh na ngealltanas dlíthiúil arna ndéanamh iarbhír leis an Ríocht Aontaithe nó le heintitis na Ríochta Aontaithe arna maoiniú le leithreasuithe faoi chomhair gealltanais na bliana féilire atá i dtrácht agus an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach arna híoc ag an Ríocht Aontaithe arna coigeartú de bhun Airteagal 714(8) cé is moite de chaiteachas tacaíochta, lena gcumhdaítear an tréimhse chéanna más rud é gur suimeanna dearfacha na suimeanna sin.
3. Aon mhéid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar mó é, do gach ceann de dhá bhliain as a chéile, ná 8 % de ranníocaíocht chomhfhreagrach na Ríochta Aontaithe leis an gclár arna choigeartú de bhun Airteagal 714(8), beidh sé dlite don Ríocht Aontaithe mar ranníocaíocht bhreise faoin sásra ceartúcháin uathoibríoch do gach ceann den dá bhliain sin.
4. Féadfar rialacha mionsonraithe maidir le bunú méideanna ábhartha na ngealltanas dlíthiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear i gcás cuibhreannas, a leagan síos i bPrótacal I.
Airteagal 717
Maoiniú i ndáil le cláir a chuirtear chun feidhme trí ionstraimí airgeadais
1. I gcás ina mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gclár de chuid an Aontais, i ngníomhaíocht nó i gcuid de chlár nó gníomhaíocht a chuirtear chun feidhme trí ionstraim airgeadais nó trí ráthaíocht bhuiséadach, is i bhfoirm airgead tirim a dhéanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le cláir a chuirtear chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar cinn iad a chuirtear chun feidhme faoi Theideal X den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. An méid a ranníocfar in airgead tirim, méadóidh sé ráthaíocht bhuiséadach an Aontais nó clúdach airgeadais na hionstraime airgeadais.
2. I gcás ina mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gclár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar clár é atá á chur chun feidhme ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, más gá do Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta caillteanais a chumhdach ar cinn iad nach bhfuil cumhdaithe ag an ráthaíocht a sholáthraítear i mbuiséad an Aontais, íocfaidh an Ríocht Aontaithe le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta céatadán de na caillteanais sin arb ionann é agus an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre na Ríochta Aontaithe ag praghsanna an mhargaidh agus suim Olltáirgeachta Intíre na mBallstát, na Ríochta Aontaithe agus aon tríú tír eile atá rannpháirteach sa chlár sin, ag praghsanna an mhargaidh. Is ar an 1 Eanáir den bhliain ina bhfuil an íocaíocht dlite de réir mar a sholáthróidh EUROSTAT, a luaithe a bheidh feidhm ag an socrú dá dtagraítear in Airteagal 730, a bheidh an Olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh a bheidh le cur i bhfeidhm ag praghsanna an mhargaidh agus i gcomhréir le rialacha an tsocraithe sin. Sula mbeidh feidhm ag an socrú sin, is é OTI na Ríochta Aontaithe an méid arna bhunú ar bhonn na sonraí arna cur ar fáil ag ECFE.
3. I gcás inarb iomchuí, déanfar módúlachtaí chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a shonrú a thuilleadh i bPrótacal I, go háirithe módúlachtaí lena n-áiritheofar go bhfaighidh an Ríocht Aontaithe a sciar de ranníocaíochtaí nár úsáideadh i leith ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais.
ROINN 3
RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AN AONTAIS A CHUR AR FIONRAÍ AGUS A FHOIRCEANNADH
Airteagal 718
Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár Aontais a chur ar fionraí ag an Aontas
1. Féadfaidh an tAontas cur i bhfeidhm Phrótacal I a fhionraí go haontaobhach, maidir le clár amháin nó níos mó de chuid an Aontais, nó go heisceachtúil, codanna de, i gcomhréir leis an Airteagal, mura n-íocann an Ríocht Aontaithe a ranníocaíocht i gcomhréir le Roinn 2 den Chaibidil seo nó má thugann an Ríocht Aontaithe athruithe suntasacha isteach ar cheann de na coinníollacha seo a leanas a bhí ann nuair a bhí an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gclár, nuair a comhaontaíodh gníomhaíocht nó cuid di go heisceachtúil agus gur áiríodh í i bPrótacal I, agus má tá tionchar suntasach ag na hathruithe sin ar a gcur chun feidhme:
(a) |
athraítear na coinníollacha iontrála agus cónaithe sa Ríocht Aontaithe do na daoine a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh, lena n-áirítear mic léinn, taighdeoirí, oiliúnaithe nó saorálaithe. Beidh feidhm aige sin go háirithe má dhéanann an Ríocht Aontaithe athrú ar a dlíthe baile maidir leis na coinníollacha iontrála agus cónaithe sa Ríocht Aontaithe do na daoine sin, a dhéanann idirdhealú idir Ballstáit. |
(b) |
tá athrú ar na muirir airgeadais, lena n-áirítear táillí, a bhfuil feidhm acu maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh nach mór dóibh a dhéanamh chun an clár a chur chun feidhme; |
(c) |
athraítear na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 712(3). |
2. Tabharfaidh an tAontas fógra don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais á rá go bhfuil sé ar intinn aige rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chlár nó sa ghníomhaíocht lena mbaineann a chur ar fionraí. Déanfaidh an tAontas raon feidhme na fionraí a shainaithint agus soláthróidh sé údar cuí. Mura rud é go dtarraingeoidh an tAontas siar an fógra uaidh, tiocfaidh an fhionraí i bhfeidhm 45 lá tar éis an dáta a dtabharfaidh an tAontas fógra. Is é an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí a bheidh ina dháta tagartha an fhionraí chun críocha an Airteagail seo.
Roimh fhógra a thabhairt agus fionraí a dhéanamh, agus le linn na tréimhse fionraí, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais bearta iomchuí a phlé chun an fhionraí a sheachaint nó a chur ar ceal. I gcás ina dtagann an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais ar chomhaontú chun an fhionraí a sheachaint laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh éifeacht leis an bhfionraí.
I gcás ar bith, tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais le chéile laistigh de thréimhse 45 lá chun an t-ábhar a phlé.
3. Amhail ó dháta tagartha an fhionraí, ní dhéileálfar leis an Ríocht Aontaithe mar thír atá rannpháirteach i gclár nó i ngníomhaíocht an Aontais lena mbaineann an fhionraí, nó i gcuid de, agus, go háirithe, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná eintitis na Ríochta Aontaithe incháilithe a thuilleadh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711 agus i bPrótacal I, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais nach mbeidh tugtha chun críche fós ar an dáta sin. Measfar go mbeidh nós imeachta dámhachtana tugtha chun críche nuair a bheidh gealltanais dhlíthiúla tugtha mar thoradh ar an nós imeachta sin.
4. Ní dhéanfaidh an fhionraí difear do ghealltanais dhlíthiúla a rinneadh roimh an dáta tagarthadon fhionraí. Leanfaidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gealltanais dhlíthiúla sin.
5. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas Eorpach a luaithe a mheasfaidh sí go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta á gcomhlíonadh arís, agus soláthróidh sí aon fhianaise ábhartha ina leith sin don Aontas.
Laistigh de 30 lá ón bhfógra sin, déanfaidh an tAontas measúnú ar an ábhar agus féadfaidh sé, chun na críche sin, a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe fianaise bhreise a chur i láthair. An tréimhse ama a bheidh ag teastáil chun an fhianaise bhreise sin a sholáthar, ní chuirfear san áireamh í sa tréimhse fhoriomlán i gcomhair measúnaithe.
I gcás inar chinn an tAontas go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta á gcomhlíonadh arís, tabharfaidh sé fógra don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais gan aon mhoill mhíchuí go bhfuil deireadh curtha leis an bhfionraí. Gabhfaidh éifeacht le deireadh na fionraí an lá tar éis dháta an fhógra.
I gcás inar chinn an tAontas nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta á gcomhlíonadh fós, fanfaidh an fhionraí i bhfeidhm.
6. Déileálfar leis an Ríocht Aontaithe arís mar thír atá rannpháirteach sa chlár nó gníomhaíocht Aontais lena mbaineann, agus go háirithe beidh an Ríocht Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe incháilithe arís faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711 agus i bPrótacal I, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais faoin gclár nó gníomhaíocht Aontais sin a seoladh tar éis an dáta a ngabhfaidh éifeacht le deireadh na fionraí, nó a sheolfar roimh an dáta sin, agus nach bhfuil an spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach ina leith imithe in éag.
7. I gcás ina gcuirtear rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár, i ngníomhaíocht, nó cuid de ar fionraí, déanfar ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe atá dlite le linn thréimhse na fionraí a bhunú mar seo a leanas:
(a) |
déanfaidh an tAontas an ranníocaíocht oibríochtúil a athríomh tríd an nós imeachta a ndéantar cur síos air i bpointe (a)(iii) den chúigiú fomhír d’Airteagal 714(8) a úsáid; |
(b) |
déanfar an táille rannpháirtíochta a choigeartú i gcomhréir le coigeartú na ranníocaíochta oibríochtúla. |
Airteagal 719
Foirceannadh á dhéanamh ag an Aontas ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe
1. Más rud é, faoi bhliain amháin tar éis an dáta tagartha dá dtagraítear in Airteagal 718(2) nach bhfuil an fionraí faoi Airteagal 718 curtha i leataobh ag an Aontas, déanfaidh an tAontas ceann de na nithe seo a leanas:
(a) |
athmheasúnú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhféadfaidh sé a thairiscint don Ríocht Aontaithe leanúint de bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais, i ngníomhaíochtaí nó i gcodanna díobh lena mbaineann agus déanfaidh sé na coinníollacha sin a mholadh don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais laistigh de 45 lá ó dhul in éag na tréimhse fionraí bliana d’fhonn Prótacal I a mhodhnú. In éagmais comhaontú maidir leis na bearta sin ón gCoiste Speisialaithe laistigh de thréimhse bhreise 45 lá, beidh éifeacht le foirceannadh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo; nó |
(b) |
cur i bhfeidhm Phrótacal I a fhoirceannadh go haontaobhach, maidir le cláir an Aontais, gníomhaíochtaí nó codanna díobh lena mbaineann, i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus tionchar an athraithe dá dtagraítear in Airteagal 718 ar chur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta nó, go heisceachtúil, codanna de, nó méid na ranníocaíochta neamhíoctha á chur san áireamh. |
2. Tabharfaidh an tAontas fógra don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais á rá go bhfuil sé ar intinn aige foirceannadh a dhéanamh ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár amháin nó i ngníomhaíocht amháin nó níos mó de chuid an Aontais de bhun phointe (b) de mhír 1. Déanfaidh an tAontas raon feidhme an fhoirceannta a shainaithint agus soláthróidh sé údar cuí. Mura rud é go dtarraingeoidh an tAontas siar an fógra, beidh éifeacht ag an bhfoirceannadh 45 lá tar éis an dáta a dtabharfaidh an tAontas fógra. Is é an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh a bheidh ina dháta tagartha an fhoirceanta chun críocha an Airteagail seo.
3. Amhail ó dháta tagartha an fhoirceanta, ní dhéileálfar leis an Ríocht Aontaithe mar thír atá rannpháirteach i gclár nó gníomhaíocht an Aontais lena mbaineann an foirceannadh agus, go háirithe, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná eintitis na Ríochta Aontaithe incháilithe a thuilleadh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711 agus i bPrótacal I, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais nach mbeidh tugtha chun críche fós ar an dáta sin. Measfar go mbeidh nós imeachta dámhachtana tugtha chun críche nuair a bheidh gealltanais dhlíthiúla tugtha mar thoradh ar an nós imeachta sin.
4. Ní dhéanfaidh an foirceannadh difear do ghealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh roimh dháta tagartha an fhionraí dá dtagraítear in Airteagal 718(2) Leanfaidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gealltanais dhlíthiúla sin.
5. I gcás ina bhfoirceanntar cur i bhfeidhm Phrótacal I, nó cuid de, i ndáil leis na cláir nó na gníomhaíochtaí nó, go heisceachtúil, le codanna díobh lena mbaineann:
(a) |
an ranníocaíocht oibríochtúil a chumhdaíonn caiteachas tacaíochta a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla a rinneadh cheana, leanfaidh sí de bheith dlite go dtí go mbeidh na gealltanais dhlíthiúla sin tugtha chun críche nó go dtí deireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil faoinar maoiníodh an gealltanas dlíthiúil; |
(b) |
ní dhéanfar aon ranníocaíocht seachas an ranníocaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) sna blianta ina dhiaidh sin. |
Airteagal 720
Foirceannadh rannpháirtíochta i gclár nó i ngníomhaíocht i gcás modhnú substaintiúil ar chláir de chuid an Aontais
1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a rannpháirtíocht i gclár nó i ngníomhaíocht de chuid an Aontais, nó i gcuid díobh, dá dtagraítear i bPrótacal I a fhoirceannadh go haontaobhach i gcás:
(a) |
ina leasaítear bunghníomh an chláir Aontais sin nó na gníomhaíochta Aontais sin a mhéid a dhéantar modhnú substaintiúil ar na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó daoine nó eintiteas de chuid na Ríochta Aontaithe sa chlár Aontais sin, go háirithe, mar thoradh ar athrú ar chuspóirí an chláir nó na gníomhaíochta agus ar na bearta comhfhreagracha; nó |
(b) |
ina ndéantar méid iomlán na leithreasaí faoi chomhair gealltanais dá dtagraítear in Airteagal 714 a mhéadú níos mó ná 15 % i gcomparáid le himchlúdach airgeadais tosaigh an chláir nó na gníomhaíochta sin nó cuid de ina bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach, agus tá uasteorainn chomhfhreagrach an chreata airgeadais ilbhliantúil méadaithe nó tá méadú tagtha ar mhéid an ioncaim sheachtraigh dá dtagraítear in Airteagal 714(5) don tréimhse iomlán rannpháirtíochta; nó |
(c) |
ina n-eisiaitear an Ríocht Aontaithe nó eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe ó rannpháirtíocht i gcuid de chlár nó gníomhaíocht ar fhorais a bhfuil údar cuí leo, agus ina mbaineann an t-eisiamh sin le leithreasuithe faoi chomhair gealltanais ar mó iad ná 10 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais i mbuiséad an Aontais arna ghlacadh go cinntitheach i leith bliain N don chlár nó gníomhaíocht sin. |
2. Chuige sin, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais 60 lá ar a dhéanaí tar éis fhoilsiú an leasaithe nó an bhuiséid bhliantúil a glacadh nó leasú air in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go bhfuil sé ar intinn aici Prótacal I a fhoirceannadh maidir le clár nó gníomhaíocht an Aontais lena mbaineann. Míneoidh an Ríocht Aontaithe na cúiseanna a mheasann an Ríocht Aontaithe go bhfuil an leasú ina athrú substaintiúil ar na coinníollacha rannpháirtíochta. Tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais le chéile laistigh de 45 lá tar éis an fógra a fháil chun an t-ábhar a phlé.
3. Mura rud é go dtarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar a fógra, gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 45 lá tar éis dháta an fhógra ón Ríocht Aontaithe. Is é an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh a bheidh ina dháta tagartha chun críocha an Airteagail seo.
4. Amhail ón dáta tagartha, ní dhéileálfar leis an Ríocht Aontaithe mar thír atá rannpháirteach i gclár nó gníomhaíocht an Aontais lena mbaineann an foirceannadh agus, go háirithe, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná eintitis na Ríochta Aontaithe incháilithe a thuilleadh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711 agus i bPrótacal I, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais nach mbeidh tugtha chun críche fós ar an dáta sin. Measfar go mbeidh nós imeachta dámhachtana tugtha chun críche nuair a bheidh gealltanais dhlíthiúla tugtha mar thoradh ar an nós imeachta sin.
5. Ní dhéanfaidh an foirceannadh difear do ghealltanais dhlíthiúla a rinneadh roimh an dáta tagartha. Leanfaidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir le gealltanais dhlíthiúla mar sin.
6. I gcás foirceannadh faoin Airteagal seo i ndáil leis na cláir nó na gníomhaíochtaí lena mbaineann:
(a) |
an ranníocaíocht oibríochtúil a chumhdaíonn caiteachas tacaíochta a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla a rinneadh cheana, leanfaidh sí de bheith dlite go dtí go mbeidh na gealltanais dhlíthiúla sin tugtha chun críche nó go dtí deireadh an chreata airgeadais illbhliantúil faoinar maoiníodh an gealltanas dlíthiúil; |
(b) |
déanfaidh an tAontas ranníocaíocht oibríochtúil na bliana ina dtarlaíonn foirceannadh a athríomh trí úsáid a bhaint as an nós imeachta a bhfuil tuairisc air i bpointe (a)(iii) den chúigiú fomhír d’Airteagal 714(8). Ní dhéanfar aon ranníocaíocht seachas an ranníocaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo sna blianta ina dhiaidh sin; |
(c) |
déanfar an táille rannpháirtíochta a choigeartú i gcomhréir le coigeartú na ranníocaíochta oibríochtúla. |
ROINN 4
ATHBHREITHNIÚ AR FHEIDHMÍOCHT AGUS MÉADUITHE AIRGEADAIS
Airteagal 721
Athbhreithniú ar fheidhmíocht
1. Beidh feidhm ag nós imeachta um athbhreithniú ar fheidhmíocht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo i ndáil le codanna de chlár nó de ghníomhaíocht Aontais a bhfuil feidhm ag an sásra ceartúcháin dá dtagraítear in Airteagal 716 maidir leo.
2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a iarraidh ar an gCoiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais tús a chur leis an nós imeachta um athbhreithniú feidhmíochta i gcás ina mbeidh an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 716(2) diúltach, agus i gcás ina bhfuil an méid sin níos airde ná 12 % de ranníocaíochtaí comhfhreagracha na Ríochta Aontaithe leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht arna choigeartú de bhun Airteagal 714(8).
3. Laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais anailís ar na sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht agus glacfaidh sé tuarascáil ina molfar bearta iomchuí chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le feidhmíocht.
Na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear i bhfeidhm iad ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an tuarascáil a ghlacadh. Tar éis chur i bhfeidhm na mbeart, bainfear leas as sonraí feidhmíochta thar an tréimhse atá i dtrácht chun an difríocht a ríomh idir méideanna tosaigh atá dlite faoina ngealltanas dlíthiúil a rinneadh go hiarbhír leis an Ríocht Aontaithe nó le heintitis de chuid na Ríochta Aontaithe le linn na bliana féilire sin agus an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach a d’íoc an Ríocht Aontaithe i leith na bliana céanna.
Má tá an difríocht dá dtagraítear sa dara fomhír diúltach agus más mó í ná 16 % den ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach, féadfaidh an Ríocht Aontaithe:
(a) |
fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aige a rannpháirtíocht i gclár an Aontais nó i gcuid de chlár lena mbaineann a fhoirceannadh trí fhógra 45 lá roimh lá an fhoirceanta atá beartaithe a thabhairt, agus féadfaidh sé a rannpháirtíocht a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 720(3) go (6); nó |
(b) |
a iarraidh ar an gCoiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais bearta breise a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar thearcfheidhmíocht, lena n-áirítear trí oiriúnuithe a dhéanamh ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chlár Aontais lena mbaineann agus trí ranníocaíochtaí airgeadais na Ríochta Aontaithe amach anseo i ndáil leis an gclár sin a choigeartú. |
Airteagal 722
Athbhreithniú ar mhéaduithe airgeadais
1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais a chuirfidh sí i gcoinne mhéid a ranníocaíochta le clár nó gníomhaíocht de chuid an Aontais má mhéadaítear méid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais dá dtagraítear in Airteagal 714 faoi 5 % i gcomparáid leis an imchlúdach airgeadais tosaigh don chlár nó don ghníomhaíocht sin de chuid an Aontais agus má méadaíodh an uasteorainn chomhfhreagrach nó má méadaíodh méid an ioncaim sheachtraigh dá dtagraítear in Airteagal 714(5) don tréimhse iomlán rannpháirtíochta.
2. Déanfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe an bhuiséid bhliantúil a glacadh nó ó dháta leasaithe air in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an fógra gan dochar don oibleagáid a bheidh ar an Ríocht Aontaithe a ranníocaíocht a íoc agus do chur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 714(8).
3. Ullmhóidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais tuarascáil agus molfaidh sé bearta iomchuí agus déanfaidh sé cinneadh maidir lena nglacadh laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfar a áireamh ar na bearta sin rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe a theorannú do chineálacha áirithe gníomhaíochtaí nó nósanna imeachta dámhachtana, nó, i gcás inarb iomchuí, modhnú ar Phrótacal I. Déileálfar leis an teorannú ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar eisiamh chun críocha an tsásra coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 714(8).
4. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 720(1), féadfaidh an Ríocht Aontaithe a rannpháirtíocht i gclár nó i ngníomhaíocht de chuid an Aontais dá dtagraítear i bPrótacal I a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 720(2) go (6).
CAIBIDIL 2
BAINISTÍOCHT FHÓNTA AIRGEADAIS
Airteagal 723
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cláir, gníomhaíochtaí agus seirbhísí an Aontais faoi chláir an Aontais dá dtagraítear i bPrótacal I agus i bPrótacal II maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí arna mbunú faoi chláir agus gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu .
ROINN 1
LEASANNA AIRGEADAIS A CHOSAINT AGUS AISGHABHÁIL
Airteagal 724
Seoladh gníomhaíochta chun críocha bainistíochta fónta airgeadais
Chun críocha chur i bhfeidhm na Caibidle seo, comhoibreoidh údaráis na Ríochta Aontaithe agus an Aontais dá dtagraítear sa Chaibidil seo go dlúth i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach.
Agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu i gcríoch na Ríochta Aontaithe, gníomhóidh gníomhairí agus comhlachtaí imscrúdaitheacha an Aontais ar shlí atá comhsheasmhach le dlí na Ríochta Aontaithe.
Airteagal 725
Athbhreithnithe agus iniúchtaí
1. Beidh an ceart ag an Aontas athbhreithniú agus iniúchtaí a dhéanamh mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe nó conarthaí cistiúcháin ábhartha agus i gcomhréir leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais, idir theicniúil, eolaíoch, airgeadais, nó cineálacha eile athbhreithnithe agus iniúchtaí ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe nó ar áitreabh aon eintitis dhlíthiúil atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistiú an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Féadfaidh gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais.
2. Beidh rochtain iomchuí ag gníomhairí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, chomh maith le daoine eile arna sainordú ag an gCoimisiún Eorpach, ar láithreáin, oibreacha agus doiciméid (i leaganacha leictreonacha agus i leaganacha páipéir araon nó i gceann acu) agus ar an bhfaisnéis uile a cheanglaítear chun na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh, dá dtagraítear i mír 1. Áireofar le rochtain mar sin an ceart cóipeanna fisiceacha nó leictreonacha d’aon doiciméad nó d’ábhar aon mheán sonraí atá i seilbh daoine nádúrtha nó dlítheanacha iniúchta, nó sleachta as, a fháil, nó ag an tríú páirtí a ndéantar iniúchóireacht air.
3. Ní chuirfidh an Ríocht Aontaithe cosc ná aon bhac ar cheart na ngníomhairí agus na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 2 dul isteach sa Ríocht Aontaithe ná rochtain a fháil ar áitreabh na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht orthu, i bhfeidhmiú a ndualgas dá dtagraítear san Airteagal seo.
4. D'ainneoin fhionraí nó fhoirceannadh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár nó i ngníomhaíocht, fionraí cuid d’fhorálacha na Coda seo nó iad go léir agus/nó Phrótacal I nó fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh freisin tar éis dháta a ngabhfaidh an fhionraí nó an foirceannadh ábhartha éifeacht, ar na téarmaí a leagtar síos sna gníomhartha is infheidhme de chuid ceann amháin nó níos mó d’institiúidí den Aontas agus mar a fhoráiltear sna comhaontuithe cistiúcháin ábhartha agus/nó i gconarthaí ábhartha i ndáil le haon ghealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme buiséad an Aontais ar gealltanas é a rinne an tAontas roimh an dáta a ngabhfaidh an fhionraí nó an foirceannadh ábhartha éifeacht.
Airteagal 726
Neamhrialtachtaí, calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac
1. Údarófar don Choimisiún Eorpach agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh i gcríoch na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí. Gníomhóidh an Coimisiún Eorpach agus OLAF i gcomhréir le gníomhartha an Aontais lena rialaítear na seiceálacha, na cigireachtaí agus na himscrúduithe sin.
2. Cuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe an Coimisiún Eorpach nó OLAF ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama faoi aon fhíoras nó amhras atá tugtha faoi deara acu i ndáil le neamhrialtacht, calaois nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.
3. Féadfar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe nó aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a fhaigheann cistiú ón Aontas faoi chomhaontú cistiúcháin nó faoi chonradh, agus ar áitreabh aon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistiú den chineál sin ón Aontas, ar tríú páirtí é a bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe nó atá bunaithe ansin. Is é an Coimisiún Eorpach nó OLAF a dhéanfaidh na seiceálacha agus na cigireachtaí sin a ullmhú agus a chur i gcrích i ndlúthchomhar le húdarás inniúil na Ríochta Aontaithe arna ainmniú ag rialtas na Ríochta Aontaithe. Tabharfar fógra don údarás ainmnithe laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar seiceálacha agus cigireachtaí ar chuspóir, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin, chun go mbeidh sé in ann cúnamh a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh sna seiceálacha ar an láthair agus sna cigireachtaí.
4. Beidh rochtain ag gníomhairí an Choimisiúin agus OLAF ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht ar fad (i leaganacha leictreonacha, i leaganacha páipéir araon nó i gceann acu), maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 3, atá riachtanach chun na seiceálacha ar an láthair agus na cigireachtaí a dhéanamh mar is cuí. Go háirithe, féadfaidh gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus OLAF na doiciméid ábhartha a chóipeáil.
5. Cinnfidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, ar bhonn cás ar chás, ar go comhpháirteach a dhéanfar seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, lena n-áirítear an cás ina mbeidh an dá pháirtí inniúil chun imscrúduithe a dhéanamh.
6. I gcás ina gcuireann duine, eintiteas nó tríú páirtí eile, atá faoi réir seiceáil ar an láthair nó cigireachta, i gcoinne seiceáil ar an láthair nó cigireachta, tabharfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le rialacha agus rialacháin náisiúnta, cúnamh don Choimisiún Eorpach nó do OLAF, ionas gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh maidir le seiceáil ar an láthair nó cigireacht a dhéanamh. Áireofar leis an gcúnamh sin na bearta réamhchúraim iomchuí a ghlacadh faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear bearta chun fianaise a chosaint.
7. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ar an eolas faoi thoradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin. Tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF, go háirithe, a luaithe is féidir d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe maidir le haon fhíoras nó aon amhras a bhaineann le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara acu le linn na seiceála ar an láthair nó na cigireachta.
8. Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na Ríochta Aontaithe, féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta riaracháin agus pionóis a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá rannpháirteach i gcur chun feidhme cláir nó gníomhaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.
9. Chun críocha chur chun feidhme cuí an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe faisnéis a mhalartú go rialta agus, arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sa Chomhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairle lena chéile, ach amháin má thoirmisctear sin faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh nó faoi dlí na Ríochta Aontaithe.
10. Chun comhar agus an malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú, ainmneoidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála.
11. Comhlíonfaidh an malartú faisnéise idir an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe na ceanglais rúndachta is infheidhme. Na sonraí pearsanta a áireofar sa mhalartú faisnéise, déanfar iad a chosaint i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
12. Gan dochar d’infheidhmeacht Airteagal 634, i gcás ina bhfaigheann aon náisiúnach den Ríocht Aontaithe, nó daoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, nó eintitis dhlíthiúla atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, cistiú ón Aontas faoi chláir agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a liostaítear i bPrótacal I, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear i ndáil le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an chistithe sin ón Aontas, rachaidh údaráis na Ríochta Aontaithe i gcomhar le húdaráis an Aontais nó le húdaráis na mBallstát atá freagrach as imscrúdú, ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt i ndáil le déantóirí agus cionpháirtithe cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le cistiú mar sin, i gcomhar le reachtaíocht is infheidhme agus ionstraim idirnáisiúnta, ionas go gcomhlíonfaidh siad a gcuid dualgas.
Airteagal 727
Leasuithe ar Airteagail 708, 723, 725 agus 726
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais Airteagail 725 agus 726 a leasú, go háirithe chun athruithe ar ghníomhartha de chuid institiúid amháin nó níos mó de chuid an Aontais a chur san áireamh.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais Airteagal 708 agus Airteagal 729 a leasú chun cur i bhfeidhm na Caibidle seo a leathnú chuig cláir, gníomhaíochtaí agus seirbhísí eile de chuid an Aontais.
Airteagal 728
Gnóthú agus forfheidhmiú
1. Cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha seachas Stáit i ndáil le haon éilimh a eascraíonn as cláir, gníomhaíochtaí, bearta nó tionscadail de chuid an Aontais, beidh siad in-fhorfheidhmithe sa Ríocht Aontaithe. Beidh an t-ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás náisiúnta arna ainmniú chuige sin ag an Ríocht Aontaithe. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe a údarás náisiúnta ainmnithe in iúl don Choimisiún agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 729, beidh an Coimisiún Eorpach i dteideal fógra maidir le cinntí in-fhorfheidhmithe den sórt sin a thabhairt go díreach do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus d’eintitis dhlíthiúla atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Déanfar na cinntí sin a fhorfheidhmiú i gcomhréir le dlí na Ríochta Aontaithe.
2. I gcás breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar i gcur i bhfeidhm clásal eadrána atá i gconradh nó i gcomhaontú i ndáil le cláir, gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, nó codanna díobh, beidh siad in-fhorfheidhmithe sa Ríocht Aontaithe ar an gcaoi chéanna is atá cinntí ón gCoimisiún Eorpach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 agus forfheidhmiú na gcinntí sin a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag Cúirteanna na Ríochta Aontaithe, áfach, ar ghearáin go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.
ROINN 2
RIALACHA EILE CHUN NA CLÁIR A CHUR CHUN FEIDHME
Airteagal 729
Cumarsáid agus malartú faisnéise
Beidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó i rialú na gclár nó na ngníomhaíochtaí sin, i dteideal cumarsáid a dhéanamh go díreach, lena n-áirítear trí chórais leictreonacha malartaithe, le haon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe nó le haon eintiteas dlíthiúil atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistiú an Aontais agus a bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na tríú páirtithe sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha uile a chur faoi bhráid institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ar faisnéis agus doiciméadacht iad a cheanglaítear orthu a chur isteach ar bhonn reachtaíocht an Aontais Eorpaigh is infheidhme maidir le clár nó gníomhaíocht an Aontais nó ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe cistiúcháin arna dtabhairt i gcrích chun an clár sin nó an ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme.
Airteagal 730
Comhar staidrimh
Féadfaidh EUROSTAT agus Údarás Staidrimh na Ríochta Aontaithe socrú a bhunú lena gcumasófar comhar maidir le hábhair ábhartha staidrimh agus lena n-áirítear go soláthraíonn EUROSTAT, le comhaontú Údarás Staidrimh na Ríochta Aontaithe, sonraí staidrimh maidir leis an Ríocht Aontaithe chun críocha na Coda seo, lena n-áirítear, go háirithe, sonraí maidir le OTI na Ríochta Aontaithe.
CAIBIDIL 3
ROCHTAIN NA RÍOCHTA AONTAITHE AR SHEIRBHÍSÍ FAOI CHLÁIR AN AONTAIS
Airteagal 731
Rialacha maidir le rochtain ar sheirbhísí
1. I gcás nach mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gclár nó gníomhaíocht de chuid an Aontais i gcomhréir le Caibidil 1, mar sin féin féadfaidh sí rochtain a bheith aici ar sheirbhísí arna soláthar faoi chláir agus gníomhaíochtaí an Aontais faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear sa Chomhaontú seo, sna bunghníomhartha agus in aon rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais.
2. I bPrótacal II, i gcás inarb iomchuí:
(a) |
déanfar na seirbhísí faoi chláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a shainaithint, ar seirbhísí iad a mbeidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe orthu; |
(b) |
leagfar síos coinníollacha sonracha maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe. Comhlíonfaidh na coinníollacha sin na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo agus sna bunghníomhartha; |
(c) |
i gcás inarb infheidhme, leagfar síos ranníocaíocht airgeadais nó ranníocaíocht chomhchineáil na Ríochta Aontaithe i leith seirbhís a sholáthraítear faoi chláir agus gníomhaíochtaí an Aontais. |
3. Glacfar Prótacal II agus féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais é a leasú.
4. Beidh rochtain ag úinéirí agus oibreoirí spásárthaí poiblí agus príobháideacha na Ríochta Aontaithe agus na n-oibreoirí a oibríonn sa Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí arna soláthar faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh Uimh. 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (86) i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den chinneadh seo go dtí go n-áireofar forálacha maidir le rochtain den chineál céanna i bPrótacal II nó go dtí an 31 Nollaig 2021.
CAIBIDIL 4
ATHBHREITHNITHE
Airteagal 732
Clásal athbhreithnithe
Ceithre bliana tar éis do Phrótacal I agus Prótacal II teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais athbhreithniú ar a chur chun feidhme ar bhonn na sonraí maidir le rannpháirtíocht eintitis na Ríochta Aontaithe i ngníomhaíochtaí indíreacha agus díreacha faoin gclár, codanna den chlár, gníomhaíochtaí agus seirbhísí a chumhdaítear faoi Phrótacal I agus Prótacal II.
Tar éis do cheachtar Páirtí iarraidh a dhéanamh, pléifidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais athruithe nó athruithe beartaithe a dhéanfaidh difear do théarmaí rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe in aon cheann de na cláir nó i gcodanna de na cláir agus in aon cheann de na gníomhaíochtaí agus seirbhísí a liostaítear i bPrótacal I agus Prótacal II, agus, más gá, féadfaidh sé bearta iomchuí a mholadh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo.
CAIBIDIL 5
TÁILLE RANNPHÁIRTÍOCHTA SNA BLIANTA 2021 GO 2026
Airteagal 733
Táille rannpháirtíochta sna blianta 2021 go 2026
Beidh an luach seo a leanas sna blianta 2021 go 2026 ar an táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 714(4):
— |
in 2021: 0.5 %; |
— |
in 2022: 1 %; |
— |
in 2023: 1.5 %; |
— |
in 2024: 2 %; |
— |
in 2025: 2.5 %; |
— |
in 2026: 3%. |
CUID A SÉ
RÉITEACH DÍOSPÓIDE AGUS FORÁLACHA COTHROMÁNACHA
TEIDEAL I
RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 734
Cuspóir
Is é cuspóir an Teidil seo sásra éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú chun aon díospóidí idir na Páirtithe maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a sheachaint agus a réiteach d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach, i gcás inár féidir.
Airteagal 735
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Teideal seo , faoi réir mhíreanna 2, 3, 4 agus 5, maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus feidhmiú fhorálacha an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh (‘forálacha cumhdaithe’).
2. Áireofar leis na forálacha cumhdaithe forálacha uile an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontú forlíontach cé is moite de na forálacha seo a leanas:
(a) |
Airteagal 32(1) go (6) agus Airteagal 36; |
(b) |
Iarscríbhinn 12; |
(c) |
Teideal VII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(d) |
Teideal X de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó; |
(e) |
Airteagal 355(1), (2) agus (4), Airteagal 356(1) agus (3), Caibidil 2 de Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó, Airteagail 371 agus 372, Caibidil 5 de Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó, agus Airteagal 411(4) go (9); |
(f) |
Cuid a Trí, lena n-áirítear nuair a bheidh feidhm aici maidir le cásanna a rialaítear le forálacha eile den Chomhaontú seo; |
(g) |
Cuid a Ceathair; |
(h) |
Teideal II de Chuid a Sé; |
(i) |
Airteagal 782; agus |
(j) |
an Comhaontú maidir le nósanna imeachta slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint; |
3. Féadfaidh Páirtí an Chomhairle Comhpháirtíochta a urghabháil d’fhonn díospóid a réiteach i ndáil le hoibleagáidí a eascraíonn as na forálacha dá dtagraítear i mír 2.
4. Tá feidhm ag Airteagal 736 maidir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
5. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm ag an Teideal seo i ndáil le díospóidí a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm fhorálacha an Phrótacail maidir le comhordú na slándála sóisialta nó a iarscríbhinní i gcásanna aonair .
Airteagal 736
Eisiachas
Gabhann na Páirtithe orthu féin nach gcuirfidh siad faoi bhráid shásra socraíochta aon díospóid eatarthu maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach, seachas na díospóidí sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.
Airteagal 737
Rogha fóraim i gcás oibleagáide atá coibhéiseach go substaintiúil faoi chomhaontú idirnáisiúnta eile
1. Má tharlaíonn díospóid maidir le beart a líomhnaítear gurb ionann é agus sárú ar oibleagáid faoin gComhaontú seo agus faoi oibleagáid atá coibhéiseach go substaintiúil le comhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe ann, lena n-áirítear Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála, is é an Páirtí atá ag lorg sásaimh a roghnóidh an fóram chun an díospóid a réiteach.
2. A luaithe a bheidh an fóram roghnaithe ag Páirtí agus nósanna imeachta um réiteach díospóide tionscanta aige faoin Teideal seo nó faoi chomhaontú idirnáisiúnta eile, ní thionscnóidh an Páirtí sin na nósanna imeachta sin faoin gcomhaontú idirnáisiúnta eile maidir leis an mbeart áirithe dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás nach ndéanfaidh an fóram a roghnaíodh sa chéad dul síos aon chinneadh, ar chúiseanna nós imeachta nó dlínse.
3. Chun críocha an Airteagail seo:
(a) |
measfar nósanna imeachta um réiteach díospóide faoin Teideal seo a bheith tionscanta le hiarraidh ó Pháirtí go mbunófaí binse eadrána faoi Airteagal 739; |
(b) |
measfar nósanna imeachta um réiteach díospóide faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála a bheith tionscanta le hiarraidh ó Pháirtí chun painéal a bhunú faoi Airteagal 6 den Chomhthuiscint maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta a Rialaíonn Réiteach Díospóidí na hEagraíochta Domhanda Trádála; agus |
(c) |
measfar nósanna imeachta um réiteach díospóide faoi aon chomhaontú eile a bheith tionscanta de réir fhorálacha iomchuí an chomhaontaithe sin. |
4. Gan dochar do mhír 2, ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo bac ar Pháirtí oibleagáidí a chur ar fionraí, oibleagáidí atá údaraithe ag Comhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála nó atá údaraithe faoi na nósanna imeachta um réiteach díospóide atá ag comhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtithe ann. Ní dhéanfar Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile idir na Páirtithe a agairt chun bac a chur ar Pháirtí oibleagáidí faoin Teideal seo a chur ar fionraí.
CAIBIDIL 2
NÓS IMEACHTA
Airteagal 738
Comhairliúcháin
1. Má mheasann Páirtí (‘an Páirtí is déantóir gearáin’) go bhfuil oibleagáid faoin gComhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach sáraithe ag an bPáirtí eile (‘an Páirtí is freagróir’), féachfaidh na Páirtithe leis an gceist a réiteach trí dhul i mbun chomhairliúchán de mheon macánta, d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.
2. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin comhairliúcháin a lorg trí iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí is freagróir. Sonróidh an Páirtí is déantóir gearáin ina iarraidh i scríbhinn na cúiseanna atá leis an iarraidh, lena n-áirítear sainaithint na mbeart atá i gceist agus bunús dlí na hiarrata, agus sonróidh sé na forálacha cumhdaithe a mheasfaidh sé a bheith infheidhme.
3. Freagróidh an Páirtí is freagróir ar an iarraidh go pras, ach tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a seachadta. Tionólfar comhairliúcháin laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an iarrata go pearsanta nó trí aon mhodh cumarsáide eile arna gcomhaontú ag na Páirtithe. Déanfar comhairliúcháin i gcríoch an Pháirtí is freagróir mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha chun críche laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an iarrata, mura gcomhaontóidh na Páirtithe leanúint ar aghaidh leis na comhairliúcháin.
5. Déanfar comhairliúcháin maidir le ceisteanna práinne, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hearraí meatacha nó le hearraí nó seirbhísí séasúracha, laistigh de 20 lá ón dáta ar seachadadh an iarraidh. Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha chun críche laistigh de na 20 lá sin mura gcomhaontóidh na Páirtithe go leanfaidh siad ar aghaidh leis na comhairliúcháin.
6. Soláthróidh gach Páirtí faisnéis fhíorasach leordhóthanach chun gur féidir scrúdú iomlán a dhéanamh ar an mbeart atá i gceist lena n-áirítear an bealach a d’fhéadfadh an beart sin difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach. Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go mbeidh pearsanra a n-údarás inniúil, a bhfuil saineolas acu ar an ábhar is ábhar do na comhairliúcháin iad, rannpháirteach.
7. Maidir le haon díospóid a bhaineann le réimse seachas Teidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon nó Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó, arna iarraidh sin don Pháirtí is déantóir gearáin, tionólfar na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo faoi chuimsiú Coiste Speisialaithe nó na Comhairle Comhpháirtíochta. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe nó an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh tráth ar bith an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Comhpháirtíochta. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, freisin, an t-ábhar a ghlacadh ar láimh. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe nó, de réir mar a bheidh, an Chomhairle Comhpháirtíochta, an díospóid a réiteach le cinneadh. Beidh feidhm leis na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 3. Beidh ionad na gcruinnithe faoi rialú ag rialacha nós imeachta an Choiste Speisialaithe nó, de réir mar a bheidh, na Comhairle Comhpháirtíochta.
8. Is faoi rún a bheidh comhairliúcháin, agus go háirithe gach faisnéis a ainmneofar mar fhaisnéis rúnda agus seasaimh arna nglacadh ag na Páirtithe le linn chomhairliúchán, agus beidh siad gan dochar do chearta ceachtar Páirtí in aon imeachtaí eile.
Airteagal 739
Nós imeachta eadrána
1. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a iarraidh go mbunófar binse eadrána más rud é:
(a) |
nach bhfreagraíonn an Páirtí is freagróir don iarraidh ar chomhairliúcháin laistigh de 10 lá ó dháta a seachadta; |
(b) |
Ní dhéanfar comhairliúcháin laistigh de na tréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 738(3), (4) nó (5); |
(c) |
comhaontaíonn na Páirtithe gan comhairliúcháin a bheith acu; nó |
(d) |
tugadh na comhairliúcháin chun críche gan teacht ar chomhaontú frithpháirteach. |
2. Is trí bhíthin iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí is freagróir a dhéanfar an iarraidh chun binse eadrána a bhunú. Ina iarraidh, déanfaidh an Páirtí is déantóir gearáin an beart atá i gceist a shainaithint go sainráite agus míneoidh sé an dóigh gurb ionann an beart sin agus sárú ar na forálacha cumhdaithe ar bhealach atá leordhóthanach chun bunús dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir.
Airteagal 740
Binse eadrána a bhunú
1. Triúr eadránaithe a bheidh ar bhinse eadrána.
2. Tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta seachadta an iarrata chun binse eadrána a bhunú, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le comhdhéanamh an bhinse eadrána.
3. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, ceapfaidh gach Páirtí eadránaí ó fholiosta an Pháirtí sin, foliosta a bhunófar de bhun Airteagal 752 tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis don tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo dul in éag. Mura ndéanfaidh Páirtí eadránaí óna fholiosta a cheapadh laistigh den tréimhse ama sin, déanfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ar an bPáirtí is déantóir gearáin eadránaí a roghnú trí chrannchur, tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh na tréimhse ama sin, eadránaí atá ar fholiosta an Pháirtí nár cheap eadránaí. Féadfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón bPáirtí is déantóir gearán roghnú an eadránaí sin a tharmligean trí chrannchur.
4. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón bPáirtí is déantóir gearáin cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú trí chrannchur, tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis don tréimhse ama sin dul in éag, roghnú a bheidh déanta ó fholiosta na gcathaoirleach arna bunú de bhun Airteagal 752. Féadfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón Páirtí is déantóir gearáin an roghnú sin trí chrannchur de chathaoirleach an bhinse eadrána a tharmligean.
5. Mura mbeidh aon cheann de na liostaí dá bhforáiltear in Airteagal 752 bunaithe nó mura mbeidh dóthain ainmneacha orthu tráth a ndéantar iarraidh de bhun mhír 3 nó 4 den Airteagal seo, déanfar na headránaithe a tharraingt trí chrannchur as ainmneacha na ndaoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil i gcomhréir le hIarscríbhinn 48.
6. Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta a ndéanfaidh an duine deireanach den triúr eadránaí fógra a thabhairt do na Páirtithe go nglacfaidh sé nó sí lena cheapachán nó lena ceapachán de réir Iarscríbhinn 48.
Airteagal 741
Ceanglais le haghaidh eadránaithe
1. Beidh an méid seo a leanas ina cheanglas ar na headránaithe go léir:
(a) |
go mbeidh saineolas léirithe acu sa dlí agus i dtrádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear saineolas maidir le hábhair shonracha a chumhdaítear faoi Teidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó nó Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó, nó saineolas sa dlí agus in aon ábhar eile a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach agus, i gcás cathaoirligh, go mbeidh taithí aige nó aici i nósanna imeachta um réiteach díospóide; |
(b) |
ní bheidh siad cleamhnaithe le ceachtar Páirtí ná nach nglacfaidh siad le treoracha uathu; |
(c) |
go bhfeidhmeoidh said ina gcáil phearsanta, agus nach nglacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid; agus |
(d) |
go gcomhlíonfaidh siad Iarscríbhinn 49. |
2. Beidh na headránaithe go léir ina ndaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin nó ar dlí-eolaithe iad a n-aithnítear a n-inniúlachta.
3. I bhfianaise ábhar díospóide ar leith, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go maolófar ar na ceanglais a liostaítear i bpointe (a) d’fhomhír 1.
Airteagal 742
Feidhmeanna an bhinse eadrána
Maidir leis an mbinse eadrána:
(a) |
déanfaidh sé measúnú oibiachtúil ar an ábhar os a chomhair, lena n-áirítear measúnú oibiachtúil ar fhíorais an cháis agus ar infheidhmeacht na bhforálacha cumhdaithe agus ar chomhréireacht na mbeart i gceist leis na forálacha cumhdaithe; |
(b) |
leagfaidh sé amach ina chuid cinntí agus rialuithe, cinntí fíorais, infheidhmeacht na bhforálacha cumhdaithe agus an réasúnaíocht is bonn le haon chinneadh agus aon chonclúid; agus |
(c) |
ba cheart dó dul i gcomhairle go rialta leis na Páirtithe agus deiseanna leordhóthanacha a chur ar fáil chun réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach a fhorbairt. |
Airteagal 743
Téarmaí tagartha
1. Mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána, is iad seo a leanas téarmaí tagartha an bhinse eadrána:
‘scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise na bhforálacha cumhdaithe ábhartha sa Chomhaontú seo nó i gcomhaontú forlíontach, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh go mbunófaí binse eadrána, cinntí a dhéanamh maidir le comhréireacht an bhirt atá i gceist leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 734 agus rialú a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 745’.
2. Má thagann na Páirtithe ar chomhaontú maidir le téarmaí eile tagartha seachas na téarmaí tagartha dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad na téarmaí tagartha comhaontaithe in iúl don bhinse eadrána laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 744
Imeachtaí práinneacha
1. Má iarrann Páirtí amhlaidh, cinnfidh an binse eadrána, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a bhunaithe, cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an cás le cúrsaí práinne.
2. I gcásanna práinne, is é a bheidh sna tréimhsí ama is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 745 leath an ama a fhorordaítear ann.
Airteagal 745
Rialú an bhinse eadrána
1. Cuirfidh an binse eadrána tuarascáil eatramhach ar fáil do na Páirtithe laistigh de 100 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh an binse eadrána nach féidir an sprioc-am sin a bhaint amach, tabharfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta a mbeidh sé beartaithe ag an mbinse eadrána a thuarascáil eatramhach a chur ar fáil. I gcás ar bith, ní dhéanfaidh an binse eadrána a thuarascáil eatramhach a chur ar fáil níos déanaí ná 130 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána.
2. Féadfaidh gach Páirtí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána chun gnéithe beachta na tuarascála eatramhaí a athbhreithniú laistigh de 14 lá óna seachadadh. Féadfaidh Páirtí trácht a dhéanamh ar iarraidh an Pháirtí eile laistigh de 6 lá ón iarraidh a sheachadadh.
3. Mura seachadfar aon iarraidh i scríbhinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe beachta den tuarascáil eatramhach laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2, is í an tuarascáil eatramhach a bheidh i rialú an bhinse eadrána.
4. Déanfaidh an binse eadrána a rialú a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 130 lá ó dháta bunaithe an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh an binse eadrána nach féidir an sprioc-am a bhaint amach, tabharfaidh a chathaoirleach fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta a mbeidh sé beartaithe ag an mbinse eadrána a rialú críochnaitheach a thabhairt. I gcás ar bith, ní thabharfaidh an binse eadrána a rialú níos déanaí ná 160 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána.
5. Áireofar sa rialú plé ar aon iarraidh a fuarthas i scríbhinn ó na Páirtithe maidir leis an tuarascáil eatramhach agus tabharfar aghaidh go soiléir ar thuairimí na bPáirtithe.
6. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, nuair a dhéanfar tagairt do ‘rialú’ nó ‘rialuithe’ in Airteagal 742, 743 agus 753 and Article 754(1), (3), (4) agus (6), tuigfear go bhfuiltear ag déanamh tagairt freisin do thuarascáil eatramhach an bhinse eadrána.
CAIBIDIL 3
COMHLÍONTACHT
Airteagal 746
Bearta comhlíontachta
1. Más rud é i rialú an bhinse eadrána dá dtagraítear in Airteagal 745(4) go gcinnfidh sé go bhfuil sárú déanta ag an bPáirtí is freagróir ar oibleagáid faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú forlíontach, déanfaidh an Páirtí sin na bearta is gá chun cinntí agus conclúidí i rialú an bhinse eadrána a chomhlíonadh láithreach d’fhonn é féin a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe.
2. Déanfaidh an Páirtí is freagróir, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis sheachadta an rialaithe, fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is déantóir gearáin faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartóidh sé a dhéanamh lena gcomhlíonadh.
Airteagal 747
Tréimhse Réasúnta Ama
1. Mura féidir comhlíonadh láithreach a dhéanamh, déanfaidh an Páirtí is freagróir, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis sheachadta an rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 745(4) fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is déantóir gearáin maidir le fad na tréimhse réasúnta ama a bheidh ag teastáil uaidh chun comhlíonadh a dhéanamh ar Airteagal 745(4). Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le fad na tréimhse ama réasúnach chun comhlíonadh a dhéanamh.
2. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le fad na tréimhse réasúnach ama, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin, ar a luaithe 20 lá tar éis sheachadta an fhógra i mír 1, iarraidh i scríbhinn ar an mbinse eadrána bunaidh fad na tréimhse réasúnta ama a chinneadh. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 20 lá ó dháta seachadta an iarrata.
3. Seachadfaidh an Páirtí is freagróir fógra i scríbhinn chuig an bPáirtí is déantóir gearáin maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige i ndáil leis an rialú dá dtagraítear in Airteagal 745(4) a chomhlíonadh mí amháin ar a laghad sula rachaidh an tréimhse réasúnta ama in éag.
4. Féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú chun síneadh a chur leis an tréimhse réasúnta ama.
Airteagal 748
Athbhreithniú ar Chomhlíontacht
1. Déanfaidh an Páirtí is freagróir, tráth nach déanaí ná an dáta a rachaidh an tréimhse réasúnta ama in éag, fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is déantóir gearáin faoi aon bheart atá déanta aige chun an rialú dá dtagraítear in Airteagal 745(4) a chomhlíonadh.
2. I gcás ina n-easaontóidh na Páirtithe gur ann do bheart maidir le comhlíonadh, nó go bhfuil aon bheart maidir le comhlíonadh atá ann comhsheasmhach leis na forálacha cumhdaithe, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána bunaidh chun go ndéanfar cinneadh faoin ábhar. San iarraidh, sainaithneofar aon ábhar i dtrácht agus míneofar an dóigh gurb ionann an beart sin agus sárú ar na forálacha cumhdaithe ar bhealach atá leordhóthanach chun bunús dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 45 lá ó dháta seachadta an iarrata.
Airteagal 749
Leigheasanna Sealadacha
1. Soláthróidh an Páirtí is freagróir, ar iarraidh ón bPáirtí is déantóir gearáin agus tar éis dul i gcomhairle leis, tairiscint ar chúiteamh sealadach sna cásanna seo a leanas:
(a) |
go seachadfaidh an Páirtí a ndearnadh an gearán ina choinne fógra chuig an bPáirtí is déantóir gearáin nach féidir an rialú dá dtagraítear in Airteagal 745(4) a chomhlíonadh; nó |
(b) |
i gcás nach ndéanfaidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina choinne fógra a sheachadadh i ndáil le haon bheart maidir le comhlíonadh a rinneadh laistigh den sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 746 nó roimh an dáta a rachaidh an tréimhse réasúnta ama in éag; nó |
(c) |
go gcinnfidh an binse eadrána nach ann d'aon bheart maidir le comhlíonadh nó an beart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh, tá sé ar neamhréir leis na forálacha cumhdaithe. |
2. In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) mhír 1, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin fógra i scríbhinn a sheachadadh chuig an bPáirtí is freagróir chun a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí faoi na forálacha cumhdaithe a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:
(a) |
go gcinnfidh an Páirtí is déantóir gearáin gan iarraidh a dhéanamh faoi mhír 1; nó |
(b) |
nach dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis an gcúiteamh sealadach laistigh de 20 lá tar éis don tréimhse réasúnta ama dul in éag nó tar éis sheachadta chinneadh an bhinse eadrána faoi Airteagal 748 i gcás ina dhéanfar iarraidh faoi mhír 1 den Airteagal seo. |
Sonrófar san fhógra an leibhéal atá beartaithe maidir le hoibleagáidí a chur ar fionraí.
3. Beidh fionraíocht oibleagáidí faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
ní fhéadfar oibleagáidí faoi Cheannteideal a Ceathair de Chuid a Dó, an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta nó a iarscríbhinní nó Cuid a Cúig a fhionraí faoin Airteagal seo; |
(b) |
de mhaolú ar phointe (a), ní fhéadfar oibleagáidí faoi Chuid a Cúig a fhionraí ach amháin i gcás ina mbaineann an rialú dá dtagraítear in Airteagal 745(4) le léiriú agus cur chun feidhme Chuid a Cúig; |
(c) |
ní fhéadfar oibleagáidí lasmuigh de Chuid a Cúig a fhionraí i gcás ina mbaineann an rialú dá dtagraítear in Airteagal 745(4) le léiriú agus cur chun feidhme Chuid a Cúig; agus |
(d) |
ní fhéadfar oibleagáidí faoi Theideal II de Cheanntheideal a hAon de Chuid a Dó i leith seirbhísí airgeadais a fhionraí faoin Airteagal seo, mura rud é go mbaineann an rialú dá dtagraítear in Airteagal 745(4) le léiriú agus cur i bhfeidhm oibleagáidí faoi Theideal II de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó. |
4. I gcás ina leanfaidh Páirtí de gan rialú ó phainéal eadrána, arna bhunú faoi chomhaontú níos luaithe a tugadh i gcrích idir na Páirtithe, a chomhlíonadh, féadfaidh an Páirtí eile oibleagáidí a chur ar fionraí faoi na forálacha atá cumhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 735. Cé is moite den riail i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, gach riail a bhaineann le leigheasanna sealadacha i gcás neamhchomhlíonadh agus le hathbhreithniú ar aon bhearta den sórt sin, rialófar iad leis an gcomhaontú a rinneadh roimhe sin.
5. Ní rachaidh fionraí na n-oibleagáidí thar an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó an lagú arb é an sárú is cúis leis.
6. Má fhaigheann an binse eadrána an sárú i gCeannteideal a hAon nó i gCeannteideal a Trí de Chuid a Dó, féadfar an fhionraí a chur i bhfeidhm i dTeideal eile den Cheannteideal céanna leis an gCeannteideal ina bhfuair an binse an sárú, go háirithe má bhíonn an páirtí is déantóir gearáin den tuairim go bhfuil an fhionraí sin éifeachtach chun comhlíonadh a spreagadh.
7. Má fhaigheann an binse eadrána an sárú i gCeannteideal a Dó de Chuid a Dó:
(a) |
ba cheart don pháirtí is déantóir gearáin iarracht a dhéanamh ar dtús oibleagáidí sa Teideal céanna leis an Teideal ina bhfuair an binse eadrána an sárú a chur ar fionraí; |
(b) |
má mheasann an páirtí is déantóir gearáin nach bhfuil sé indéanta nó éifeachtach oibleagáidí i ndáil leis an Teideal céanna leis an Teideal ina bhfuair an binse an sárú a chur ar fionraí, féadfaidh sé féachaint le hoibleagáidí sa Teideal eile a chur ar fionraí faoin gCeannteideal céanna. |
8. Má fhaigheann an binse eadrána an sárú i gCeannteideal a hAon, i gCeannteideal a Dó, i gCeannteideal a Trí nó i gCeannteideal a Cúig de Chuid a Dó, agus má mheasann an páirtí is déantóir gearáin nach bhfuil sé indéanta nó éifeachtach oibleagáidí faoi chuimsiú an Cheannteidil chéanna leis an gCeannteideal ina bhfuair an binse eadrána an sárú a chur ar fionraí, agus go bhfuil na himthosca tromchúiseach go leor, féadfaidh sé iarracht a dhéanamh oibleagáidí faoi fhorálacha cumhdaithe eile a chur ar fionraí.
9. I gcás phointe (b) de mhír 7 agus mhír 8, luafaidh an Páirtí is déantóir gearáin na cúiseanna lena chinneadh.
10. Féadfaidh an Páirtí a dhéanfaidh gearán na hoibleagáidí a chur ar fionraí 10 lá tar éis dháta seachadta an fhógra dá dtagraítear i mír 2, mura ndearna an Páirtí is freagróir iarraidh faoi mhír 11.
11. Má mheasann an Páirtí is freagróir gur mó an leibhéal ar tugadh fógra faoi maidir le fionraí na n-oibleagáidí ná an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó an lagú arb é an sárú is cúis leis nó nár leanadh na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 7, mír 8 nó mír 9, féadfaidh sé iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána bunaidh sula rachaidh an tréimhse 10 lá a leagtar amach i mír 10 in éag chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar. Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh maidir leis an leibhéal a chuirfear oibleagáidí ar fionraí a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 30 lá ó dháta na hiarrata. Ní chuirfear oibleagáidí ar fionraí go dtí go mbeidh a chinneadh seachadta ag an mbinse eadrána. Beidh fionraí na n-oibleagáidí i gcomhréir leis an gcinneadh sin.
12. Ní scrúdóidh an binse eadrána, ag gníomhú dó de bhun mhír 11, cineál na n-oibleagáidí atá le cur ar fionraí ach cinnfidh sé an dtéann leibhéal fionraí den sórt sin thar an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó an lagú arb é an sárú is cúis leis. Mar sin féin, má áirítear leis an ábhar a tharchuirtear chun eadrána éileamh nach bhfuiltear tar éis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 7, mír 8 nó mír 9 a leanúint, scrúdóidh an binse eadrána an t-éileamh sin. I gcás ina gcinnfidh an binse eadrána nár leanadh na prionsabail agus na nósanna imeachta sin, cuirfidh an páirtí is déantóir gearáin iad i bhfeidhm go comhsheasmhach le pointe (b) de mhír 7, mír 8 agus mír 9. Glacfaidh na páirtithe le cinneadh an bhinse eadrána mar chinneadh críochnaitheach agus ní lorgóidh siad nós imeachta eile eadrána. Ní chuirfidh an mhír seo moill, in imthosca ar bith, ar an dáta a mbeidh an Páirtí is déantóir gearáin i dteideal oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur ar fionraí.
13. Beidh fionraí na n-oibleagáidí nó an cúiteamh dá dtagraítear san Airteagal seo sealadach agus ní chuirfear i bhfeidhm iad tar éis do na nithe seo a leanas tarlú:
(a) |
go dtiocfaidh na Páirtithe ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach de bhun Airteagal 756; |
(b) |
gur chomhaontaigh na Páirtithe go ndéanfaidh an beart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh an Páirtí is freagróir a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe; nó |
(c) |
gur tharraing siad siar nó gur leasófar aon bheart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh a mheas an binse eadrána a bheith ar neamhréir leis na forálacha cumhdaithe chun go mbeidh an Páirtí a ndearnadh an gearán ina choinne i gcomhréir leis na forálacha sin. |
Airteagal 750
Athbhreithniú ar aon bheart a dhéanfar chun comhlíonadh a dhéanamh tar éis leigheasanna sealadacha a ghlacadh
1. Seachadfaidh an Páirtí is freagróir fógra chuig an bPáirtí is déantóir gearáin faoi aon bheart a rinne sé chun comhlíonadh a dhéanamh tar éis oibleagáidí a bheith curtha ar fhionraí nó tar éis cúiteamh sealadach a chur i bhfeidhm, de réir mar a bheidh. Cé is moite de chásanna faoi mhír 2, cuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin deireadh le fionraí na n-oibleagáidí laistigh de 30 lá ón tráth a sheachadfar an fógra. I gcásanna ina mbeidh cúiteamh curtha i bhfeidhm, agus cé is moite de chásanna faoi mhír 2, féadfaidh an Páirtí is freagróir deireadh a chur le cur i bhfeidhm an chúitimh sin laistigh de 30 lá ón tráth a dhéanfaidh sé fógra a sheachadadh le cur in iúl go ndearna sé comhlíonadh.
2. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú i dtaobh cé acu an dtabharfaidh nó nach dtabharfaidh an beart ar tugadh fógra dó an Páirtí is freagróir i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an fhógra, seachadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin iarraidh i scríbhinn chuig an mbinse eadrána bunaidh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 46 lá ó dháta seachadta an iarrata. Má chinneann an binse eadrána go bhfuil an beart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe, cuirfear deireadh le fionraí na n-oibleagáidí nó leis an gcúiteamh, de réir mar a bheidh. I gcás inarb ábhartha, coigeartófar leibhéal fionraí na n-oibleagáidí nó an chúitimh i bhfianaise chinneadh an bhinse eadrána.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA COITEANNA
Airteagal 751
Faisnéis a fháil
1. Ar iarraidh ó Pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Freagróidh na Páirtithe go pras agus go hiomlán aon iarraidh ón mbinse eadrána ar an bhfaisnéis sin.
2. Ar iarraidh ó Pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na Páirtithe, i gcás inarb infheidhme.
3. Breithneoidh an binse eadrána aighneachtaí amicus curiae ó dhaoine nádúrtha de Pháirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i bPáirtí i gcomhréir le hIarscríbhinn 48.
4. Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na Páirtithe agus féadfaidh na Páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.
Airteagal 752
Liosta eadránaithe
1. Déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, tráth nach déanaí ná 180 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, liosta daoine aonair a bhunú a bhfuil saineolas acu in earnálacha sonracha a thagann faoi réim an Chomhaontaithe seo nó na gcomhaontuithe forlíontacha a ghabhann leis, daoine a bheidh toilteanach agus ábalta a bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána. Beidh 15 dhuine ar a laghad ar an liosta sin agus beidh 3 fholiosta ann:
(a) |
foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Aontas; |
(b) |
foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe; agus |
(c) |
foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí a fhónfaidh mar chathaoirleach don bhinse eadrána. |
Áireofar ar a laghad cúig dhuine aonair ar gach foliosta. Áiritheoidh an Chomhairle Comhpháirtíochta go mbeidh an méid seo daoine ar a laghad ar an liosta i gcónaí.
2. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta liostaí breise a bhunú de dhaoine aonair a bhfuil saineolas acu in earnálacha sonracha a thagann faoi réim an Chomhaontaithe seo nó na comhaontuithe forlíontacha a ghabhann leis. Faoi réir chomhaontú na bPáirtithe, féadfaidh na liostaí breise sin a úsáid chun an binse eadrána a chur le chéile de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 740(3) agus (5). Beidh liostaí breise comhdhéanta de dhá fholiosta:
(a) |
foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Aontas; agus |
(b) |
foliosta amháin de dhaoine aonair arna bhunú ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe. |
3. Ar an liosta sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit nó de rialtas na Ríochta Aontaithe.
Airteagal 753
Ionadú ar eadránaithe
Le linn nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoin Teideal seo, más rud é nach mbeidh eadránaí in ann a bheith rannpháirteach, go dtarraingeoidh sé siar nó gur gá duine eile a chur ina ionad toisc nach gcomhlíonann an t-eadránaí sin ceanglais an Chóid Iompair, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 740. Cuirfear síneadh leis an tréimhse ama chun an rialú nó an cinneadh a sheachadadh, pé síneadh ama is gá chun an t-eadránaí nua a cheapadh.
Airteagal 754
Cinntí agus rialuithe an bhinse eadrána
1. Coinneofar plé an bhinse eadrána faoi rún. Déanfaidh an binse eadrána gach iarracht rialuithe a dhréachtú agus cinntí a dhéanamh de chomhthoil. Mura féidir sin a dhéanamh, déanfaidh an binse eadrána an t-ábhar a chinneadh trí vótáil tromlaigh. Ní nochtfar in aon chás tuairimí ar leithligh ó eadránaithe.
2. Beidh cinntí agus rialuithe ón mbinse eadrána ina cheangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní chruthóidh siad aon chearta ná oibleagáidí i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha.
3. Ní féidir le cinntí ná rialuithe ón mbinse eadrána cur le cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoin gComhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach, ná na cearta ná na hoibleagáidí sin a laghdú.
4. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh aon dlínse ag an mbinse eadrána chun dlíthiúlacht birt a líomhnófar a bheith ina shárú ar an gComhaontú seo nó ina shárú ar aon chomhaontú forlíontach a chinneadh faoi dhlí náisiúnta Páirtí. Aon chinneadh a dhéanfaidh an binse eadrána agus rialú á thabhairt maidir le díospóid idir na Páirtithe, beidh an cinneadh sin ina cheangal ar chúirteanna nó binsí intíre ceachtar Páirtí maidir leis an mbrí a thabharfar do dhlí náisiúnta an Pháirtí sin.
5. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh dlínse ar bith ag cúirteanna gach Páirtí díospóidí idir na Páirtithe faoin gComhaontú seo a réiteach.
6. Cuirfidh gach Páirtí rialuithe agus cinntí ón mbinse eadrána ar fáil go poiblí, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.
7. An fhaisnéis a chuirfidh Páirtithe chuig an mbinse eadrána, déileálfar léi i gcomhréir leis na rialacha rúndachta a leagtar síos in Iarscríbhinn 48.
Airteagal 755
Na himeachtaí eadrána a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh
Arna iarraidh sin ag an dá Pháirtí, cuirfidh an binse eadrána a chuid oibre ar fionraí tráth ar bith ar feadh tréimhse arna comhaontú ag na Páirtithe, tréimhse nach mó ná 12 mhí i ndiaidh a chéile. Fillfidh an binse eadrána ar a chuid oibre roimh dheireadh na tréimhse fionraí ar iarraidh i scríbhinn ón dá Pháirtí, nó ag deireadh na tréimhse fionraí ar iarraidh i scríbhinn ó cheachtar Páirtí. Déanfaidh an Páirtí is iarratasóir fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí eile dá réir sin. Mura n-iarrfaidh Páirtí go n-atosófar obair an bhinse eadrána ar dhul in éag na tréimhse fionraíochta, rachaidh údarás an bhinse eadrána i léig agus déanfar an nós imeachta um réiteach díospóide a fhoirceannadh. I gcás ina gcuirfear obair an bhinse eadrána ar fionraí, cuirfear síneadh ama leis na tréimhsí ama ábhartha, síneadh ama a bheidh cothrom leis an tréimhse ama a cuireadh obair an bhinse eadrána ar fionraí.
Airteagal 756
Réiteach a chomhaontú ar bhonn frithpháirteach
1. Féadfaidh na Páirtithe, tráth ar bith, teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach i ndáil le haon díospóid dá dtagraítear in Airteagal 735.
2. Má thagtar ar réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach le linn imeachtaí painéil, cuirfidh na Páirtithe an réiteach comhaontaithe in iúl go comhpháirteach do chathaoirleach an bhinse eadrána. Ar an bhfógra sin a fháil, cuirfear deireadh leis na himeachtaí eadrána.
3. Féadfar an réiteach a ghlacadh trí chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta. Cuirfear réitigh a chomhaontófar go frithpháirteach ar fáil go poiblí. Ní bheidh aon fhaisnéis sa leagan a nochtfar don phobal a bheidh ainmnithe ag ceachtar Páirtí mar fhaisnéis rúnda.
4. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun an réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a comhaontaíodh.
5. Tráth nach déanaí ná an dáta a rachaidh an tréimhse chomhaontaithe in éag, cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn faoi aon bhearta a glacadh chun an réiteach comhaontaithe go frithpháirteach a chur chun feidhme.
Airteagal 757
Tréimhsí ama
1. Déanfar na tréimhsí ama go léir a leagtar síos sa Teideal seo a chomhaireamh i laethanta ón lá tar éis an ghnímh dá dtagraíonn siad.
2. Féadfar aon tréimhse ama dá dtagraítear sa Teideal seo a mhodhnú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe.
3. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, a mholadh do na Páirtithe modhnú a dhéanamh ar aon tréimhse ama dá dtagraítear sa Teideal seo agus na cúiseanna atá leis an moladh a lua.
Airteagal 758
Costais
1. Seasfaidh gach Páirtí a speansas féin a dhíorthóidh ó rannpháirtíocht i nós imeachta an bhinse eadrána.
2. Comhroinnfidh na Páirtithe i gcomhpháirt agus go cothrom na speansais a dhíorthóidh ó chúrsaí eagraíochtúla, lena n-áirítear luach saothair agus speansais chomhaltaí an bhinse eadrána. Beidh luach saothair na n-eadránaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn 48.
Airteagal 759
Iarscríbhinní
1. Déanfar na nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí a leagtar amach sa Teideal seo a rialú leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 48 agus déanfar na nósanna imeachta sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 49.
2. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta Iarscríbhinní 48 agus 49 a leasú.
CAIBIDIL 5
SOCRUITHE SONRACHA DO BHEARTA AONTAOBHACHA
Airteagal 760
Nósanna imeachta speisialta maidir le bearta feabhais agus athchothromú
1. Chun críocha Airteagal 374 agus Airteagal 411(2) agus (3) , tá feidhm ag an Teideal seo fairis na modhnuithe atá leagtha amach san Airteagal seo.
2. De mhaolú ar Airteagal 740 agus Iarscríbhinn 48, mura gcomhaontóidh na Páirtithe ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána laistigh de dhá lá, roghnóidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón bPáirtí is déantóir gearáin, tráth nach déanaí ná lá amháin tar éis don tréimhse ama dhá lá a bheith caite, eadránaí trí chrannchur as foliosta gach Páirtí agus cathaoirleach an bhinse eadrána trí chrannchur as foliosta cathaoirleach arna bhunú de bhun Airteagal 752. Féadfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón bPáirtí is déantóir gearán roghnú an eadránaí sin nó an chathaoirligh sin a tharmligean trí chrannchur. Dearbhóidh gach duine don dá pháirtí go bhfuil sé ar fáil laistigh de na dhá lá dá éis sin ón dáta a cuireadh in iúl dó gur ceapadh é. Tionólfar an cruinniú eagraíochtúil dá dtagraítear i Riail 10 d’Iarscríbhinn 48 laistigh de dhá lá ón mbinse eadrána a bhunú.
3. De mhaolú ar Riail 11 d’Iarscríbhinn 48 seachadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a aighneacht i scríbhinn tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a bhunófar an binse eadrána. Cuirfidh an Páirtí is freagróir a aighneacht i scríbhinn isteach 7 lá ar a dhéanaí tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is déantóir gearáin. Déanfaidh an binse eadrána aon tréimhsí ábhartha eile den nós imeachta um réiteach díospóide a choigeartú de réir mar is gá chun seachadadh tráthúil na tuarascála a áirithiú.
4. Níl feidhm ag Airteagal 745 agus léifear tagairtí don rialú sa Teideal seo mar thagairtí don rialú dá dtagraítear in Airteagal 374(10) nó pointe (c) d’Airteagal 411(3).
5. De mhaolú ar Airteagal 748(2), seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an iarrata.
Airteagal 761
Oibleagáidí chun críocha Airteagal 374 (12), Airteagal 501(5) agus Airteagal 506(7) a chur ar fionraí
1. Ní rachaidh leibhéal fionraí na n-oibleagáidí thar an leibhéal atá coibhéiseach le neamhniú nó lagú na sochar faoin gComhaontú seo nó faoi chomhaontú forlíontach arb é is cúis go díreach leis na bearta feabhais nó bearta cúitimh ón dáta a dtiocfaidh na bearta feabhais nó na bearta cúitimh i bhfeidhm go dtí an dáta a ndéanfar an rialú eadrána a sheachadadh.
2. Beidh leibhéal fionraí na n-oibleagáidí a iarrann an Páirtí is déantóir gearáin agus an cinneadh maidir le leibhéal fionraí na n-oibleagáidí ag an mbinse eadrána bunaithe ar fhíricí a léiríonn go n-eascraíonn an neamhniú nó an lagú go díreach ó chur i bhfeidhm an bhirt feabhais nó an bhirt cúiteamh agus go ndéanann sé difear d’earraí sonracha, do sholáthraithe seirbhíse, d’infheisteoirí nó do ghníomhaithe eacnamaíocha eile agus ní hamháin ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach.
3. Leibhéal na sochar neamhnithe nó lagaithe arna iarraidh ag an bPáirtí is déantóir gearáin nó arna chinneadh ag an mbinse eadrána:
(a) |
ní áireofar leis damáistí pionósacha, ús ná caillteanais hipitéiseacha brabús nó deiseanna gnó; |
(b) |
déanfar iad a laghdú d’aon aisíocaíochtaí dleachtanna roimh ré, slánaíocht damáistí nó foirmeacha eile cúitimh a bheidh faighte cheana féin ag na hoibreoirí lena mbaineann nó ag an bPáirtí lena mbaineann; agus |
(c) |
ní áireofar ann an ranníocaíocht le neamhniú nó lagú an Pháirtí lena mbaineann nó aon duine nó eintitis a lorgaítear leigheasanna i ndáil leis de bhun na fionraí oibleagáidí atá beartaithe. |
Airteagal 762
Coinníollacha maidir le bearta athchothromaithe, leighis, cúiteacha agus cosanta
Más rud é go ndéanann Páirtí beart faoi Airteagal 374, Airteagal 411, Airteagal 469, Airteagal 501, Airteagal 506 nó Airteagal 773, cuirfear an beart sin i bhfeidhm i ndáil le forálacha a chumhdaítear de réir bhrí Airteagal 735 amháin agus comhlíonfaidh sé, mutatis mutandis, leis coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 749(3).
TEIDEAL II
BONN COMHAIR
Airteagal 763
An daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine
1. Prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine, ar bonn iad lena mbeartais intíre agus idirnáisiúnta, leanfaidh na Comhpháirtithe de bheith ag seasamh leis na luachanna coiteanna sin. Chuige sin, athdhearbhaíonn na Páirtithe go n-urramaíonn siad Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus na conarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine ar páirtithe iontu iad.
2. Cuirfidh na Páirtithe na luachanna agus na prionsabail choiteanna sin chun cinn i bhfóraim idirnáisiúnta. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile, agus le tríú tíortha agus sna tríú tíortha sin, agus na prionsabail agus na luachanna sin á gcur chun cinn acu.
Airteagal 764
An comhrac i gcoinne an athraithe aeráide
1. Measann na Páirtithe gur bagairt eiseach ann don chine daonna é an t-athrú aeráide agus athdhearbhaíonn siad a dtiomantas an fhreagairt dhomhanda don bhagairt sin a neartú. Leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide arb é an duine is cúis leis mar a shaothraítear é i bpróiseas Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’), agus go háirithe i gComhaontú Pháras a ghlac Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ag an 21ú seisiún dá chuid (‘Comhaontú Pháras’), spreagtar beartais intíre agus sheachtracha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe. Dá réir sin, déanfaidh gach Páirtí Comhaontú Pháras agus an próiseas arna leagan síos ag UNFCCC a urramú agus staonfaidh siad ó aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha a dhéanfadh cuspóirí agus críocha Chomhaontaithe Pháras a shárú go hábhartha.
2. Tacóidh na Páirtithe leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide i bhfóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí dhul i gcaidreamh le tíortha agus réigiúin eile chun a leibhéal uaillmhéine a mhéadú maidir le astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú.
Airteagal 765
Cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta
1. Is é breith na gComhpháirtithe gurb é atá in iomadú na n-arm ollscriosta (‘AOS’), agus na bealaí lena seachadadh, ar ghníomhaithe stáit agus gníomhaithe neamhstáit araon, ceann de na bagairtí is tromchúisí ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. Comhaontaíonn na Páirtithe, dá bhrí sin, oibriú i gcomhar agus cuidiú le cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta agus na mbealaí lena seachadadh trí na hoibleagáidí atá ann cheana a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme go náisiúnta faoi chonarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta um dhí-armáil agus neamhiomarcú agus oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta eile.
2. Anuas air sin, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar chun cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta agus modhanna a seachadta tríd an méid seo a leanas:
(a) |
beart a dhéanamh chun gach ionstraim idirnáisiúnta ábhartha eile a shíniú, a dhaingniú, nó a aontú, de réir mar is iomchuí agus a chur chun feidhme; agus |
(b) |
trí chóras náisiúnta éifeachtach rialaithe onnmhairí a bhunú, lena rialófaí onnmhairiú agus aistriú earraí atá bainteach le hairm ollscriosta lena n-áirítear rialú ar úsáid deiridh AOS i leith teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ina bhfuil smachtbhannaí éifeachtacha i leith sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin. |
3. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú.
Airteagal 766
Mionairm agus airm éadroma agus gnáth-airm eile
1. Aithníonn na Páirtithe an bhagairt thromchúiseach don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a bhaineann le monarú, aistriú agus scaipeadh aindleathach mionarm agus arm éadrom (‘SALW’), lena n-áirítear a n-armlón, agus an iomarca díobh a charnadh, crodh-bhainistiú a dhéanamh orthu, stoc-chairn díobh a dhaingniú go míchuí agus iad a leathadh gan rialú.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe a n-oibleagáidí a urramú agus a chur chun feidhme go hiomlán chun déileáil leis an trádáil aindleathach in mionairm agus in airm éadroma (‘SALW’), lena n-áirítear a n-armlón, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana agus faoi rún ó Chomhairle Slándála NA, chomh maith lena ngealltanais faoi chreat ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme sa réimse sin, amhail Clár Gnímh na NA chun trádáil neamhcheadaithe in airm bheaga agus in airm éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú go hiomlán.
3. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le córais bhaile rialaithe chun gnáth-airm a aistriú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le rialuithe den chineál sin a chur i bhfeidhm ar bhealach freagrach, mar rannchuidiú don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach, agus chun fulaingt an chine dhaonna a laghdú, agus chun seachrán gnáth-arm a chosc.
4. Geallann na Páirtithe i ndáil leis sin go gcuirfidh siad an Conradh Trádála Arm chun feidhme go hiomlán agus go gcomhoibreoidh siad le chéile faoi chreat an Chonartha sin, lena n-áirítear maidir le huiliú agus cur chun feidhme iomlán an Chonartha a chur chun cinn i mballstáit NA uile.
5. Geallann na Páirtithe mar sin comhoibriú lena chéile ina n-iarrachtaí rialú na trádála idirnáisiúnta i ngnáth-airm a rialáil nó a fheabhsú agus chun trádáil aindleathach in airm a chosc, a chomhrac agus a dhíothú.
6. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú.
Airteagal 767
Na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe nár cheart na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta ina iomláine a bheith gan phionós agus nach mór a áirithiú go ndéanfar iad a ionchúiseamh go héifeachtach trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta a fheabhsú, tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta san áireamh. Comhaontaíonn na Páirtithe tacú go hiomlán le huilíocht agus sláine Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le hionstraimí gaolta eile.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú.
Airteagal 768
An fhrithsceimhlitheoireacht
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar ar na leibhéil dhéthaobhacha, iltaobhacha agus idirnáisiúnta chun gníomhartha sceimhlitheoireachta de gach cineál agus gach foirm a chomhrac agus a chosc i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, i gcás inarb infheidhme lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.
2. Cuirfidh na Páirtithe feabhas ar an gcomhar i dtaca leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, lena n-áirítear an t-antoisceachas foréigneach agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, d’fhonn a leasanna slándála coiteanna a chur chun cinn, agus Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe agus rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur san áireamh, gan dochar d’fhorfheidhmiú an dlí agus don chomhar breithiúnach i dtaca le hábhair chóiriúlachta agus malartuithe faisnéise.
3. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú. Leis an gcomhphlé seo, inter alia, féachtar leis an méid seo a leanas a chur chun cinn agus a éascú:
(a) |
measúnuithe ar an mbagairt sceimhlitheoireachta a chomhroinnt; |
(b) |
dea-chleachtais agus saineolas maidir le frithsceimhlitheoireacht a mhalartú; |
(c) |
comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise; agus |
(d) |
malartuithe ar chomhar faoi chuimsiú eagraíochtaí iltaobhacha. |
Airteagal 769
Cosaint sonraí pearsanta
1. Dearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú. Féachfaidh siad le hoibriú le chéile chun ardchaighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn.
2. Aithníonn na Páirtithe go bhfuil an ceart ag daoine aonair go ndéanfar sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint agus go gcuireann ardchaighdeáin maidir leis sin le muinín sa gheilleagar digiteach agus le forbairt trádála, agus s príomhchumasóirí iad don chomhar éifeachtach i bhforfheidhmiú an dlí. Chuige sin, gabhfaidh na Páirtithe orthu féin go n-urramóidh siad, faoi chuimsiú a ndlíthe agus a rialachán, na gealltanais a rinne siad sa Chomhaontú seo i ndáil leis an gceart sin.
3. Comhoibreoidh na Páirtithe ar an leibhéal déthaobhach agus ar an leibhéal iltaobhach, agus a ndlíthe agus a rialacháin faoi seach á n-urramú acu. Féadtar a chuimsiú leis an gcomhar sin idirphlé, malartuithe saineolais agus comhar maidir le forfheidhmiú, de réir mar is iomchuí, i dtaca le sonraí pearsanta a chosaint.
4. I gcás ina ndéantar foráil sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach maidir le haistriú sonraí pearsanta, déanfar an t-aistriú sin i gcomhréir le rialacha Pháirtí an aistritheora maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhorálacha sonracha sa Chomhaontú seo a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, go háirithe Airteagal 202 agus Airteagal 525, agus Teideal I de Chuid a Sé. I gcás inar gá, déanfaidh gach Páirtí a ndícheall, agus a rialacha maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta á n-urramú aige, chun na coimircí is gá le haghaidh aistriú sonraí pearsanta a bhunú, agus aon mholtaí ón gComhairle Comhpháirtíochta faoi phointe (h) d’Airteagal 7(4) á gcur san áireamh.
Airteagal 770
Comhar domhanda maidir le saincheisteanna i ndáil le leas coiteann eacnamaíoch, comhshaoil, agus sóisialta
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar domhanda d’fhonn dul i ngleic le saincheisteanna maidir le comhleas eacnamaíoch, comhshaoil, agus sóisialta. Más chun a leasa fhrithpháirtigh é, cuirfidh siad réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn.
2. Agus a neamhspleáchas cinnteoireachta á chaomhnú acu, agus gan dochar d’fhorálacha eile an Chomhaontaithe seo ná d’aon chomhaontú forlíontach, féachfaidh na Páirtithe le hoibriú i gcomhar maidir le saincheisteanna domhanda reatha agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn, amhail an tsíocháin agus an tslándáil, an t-athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe, truailliú trasteorann, cosaint an chomhshaoil, digitiú, sláinte phoiblí agus cosaint tomhaltóirí, cánachas, cobhsaíocht airgeadais agus saorthrádáil agus infheistíocht chóir. Chuige sin, féachfaidh siad le hidirphlé leanúnach éifeachtach a choimeád ar bun agus a seasamh in eagraíochtaí agus fóraim iltaobhacha a mbíonn siad páirteach iontu a chomhordú, amhail na Náisiúin Aontaithe, Ghrúpa na Seacht dTír (G-7) agus Grúpa na bhFiche Tír (G-20), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Airteagal 771
Eilimintí riachtanacha
I dtaca le hAirteagal 763(1), Airteagal 764(1) agus Airteagal 765(1), is é atá iontu eilimintí riachtanacha den chomhpháirtíocht a bhunaítear leis an gComhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach.
TEIDEAL III
OIBLEAGÁIDÍ AGUS BEARTA COIMIRCE A CHOMHLÍONADH
Airteagal 772
Comhlíonadh oibleagáidí a ndéanfar tuairisc orthu mar eilimintí riachtanacha
1. Má mheasann ceachtar Páirtí go bhfuil an Páirtí eile tar éis mainneachtain thromchúiseach shubstaintiúil aon cheann de na hoibleagáidí a chomhlíonadh a ndéantar cur síos orthu mar eilimintí riachtanacha in Airteagal 771, féadfaidh sé a chinneadh oibriú an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach go hiomlán nó go páirteach a fhoirceannadh nó a fhionraí.
2. Sula ndéanfaidh sé amhlaidh, iarrfaidh an Páirtí a dhéanann agairt ar fheidhmiú an Airteagail seo go dtiocfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta le chéile láithreach d’fhonn réiteach tráthúil agus comhaontaithe go frithpháirteach a lorg. Mura dtiocfar ar réiteach is féidir a chomhaontú go frithpháirteach laistigh de 30 lá ó dháta na hiarrata chuig an gComhairle Comhpháirtíochta, féadfaidh an Páirtí na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh.
3. Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 thuas agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, agus beidh siad comhréireach. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo agus na gcomhaontuithe forlíontaigh a ghabhann leis.
4. Measann na Páirtithe, d’fhonn go mbeadh mainneachtain thromchúiseach shubstaintiúil ann aon cheann de na hoibleagáidí a bhfuil tuairisc orthu mar eilimintí riachtanacha in Airteagal 771 a chomhlíonadh, gur de chineál eisceachtúil a bheadh a thromchúisí agus a nádúr a chuirfeadh an tsíocháin agus an tslándáil i mbaol nó a mbeadh iarmhairtí idirnáisiúnta aige . Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, glacfar i gcónaí le gníomh nó neamhghníomh a bhriseann cuspóir agus cuspóir Chomhaontú Pháras mar mhainneachtain thromchúiseach agus shubstaintiúil chun críocha an Airteagail seo.
Airteagal 773
Bearta coimirce
1. Má tá deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil ann de chineál earnála nó réigiúnach, lena n-áirítear deacrachtaí i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta agus na pobail a bhíonn ag brath orthu, agus ar dócha go leanfar díobh, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce iomchuí a dhéanamh go haontaobhach. Beidh na bearta coimirce sin srianta, maidir lena raon feidhme agus lena bhfad, dá bhfuil fíor-riachtanach chun an cás a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Phrótacail seo.
2. Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra, gan mhoill, don Pháirtí eile tríd an gComhairle Comhpháirtíochta agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile is iomchuí. Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin sa Chomhairle Chomhpháirtíochta láithreach, d'fhonn teacht ar chomhréiteach is inghlactha ag an dá Pháirtí.
3. Ní fhéadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce a dhéanamh go dtí go mbeidh mí amháin istigh ó dháta an fhógra faoi mhír 2, ach amháin má thugtar i gcrích an nós imeachta comhairliúcháin de bhun mhír 2 sula rachaidh teorainn ama a shonraítear in éag. I gcás ina n-eisiatar réamhscrúdú de bharr imthosca eisceachtúla a éilíonn gníomh láithreach, féadfaidh an Páirtí lena mbaineann na bearta coimirce nó athchothromaithe is gá a chur i bhfeidhm láithreach chun an cás a leigheas.
Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra, gan mhoill, don Chomhairle Comhpháirtíochta maidir leis na bearta atá déanta agus cuirfidh sé gach faisnéis ábhartha ar fáil.
4. Má dhéanann beart coimirce atá déanta ag an bPáirtí lena mbaineann míchothromaíocht a chruthú idir na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach, féadfaidh an Páirtí eile cibé bearta athchothromúcháin comhréireacha a dhéanamh a bhfuil fíorghá leo chun an éagothroime a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Phrótacail seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 go mír 4 maidir le bearta athchothromaithe den sórt sin.
5. Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe , gan dul i muinín comhairliúcháin roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 738, an nós imeachta eadrána dá dtagraítear in Airteagal 739 a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne beart atá déanta ag an bPáirtí eile agus míreanna 1 go 5 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm.
6. Féadfar na bearta cosanta dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta athchothromúcháin dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh freisin i ndáil le comhaontú forlíontach, mura bhforáiltear a mhalairt iontu.
CUID A SEACHT
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 774
Raon feidhme críochach
1. Tá feidhm ag an gComhaontú seo sna háiteanna seo a leanas:
(a) |
na críocha ina bhfuil feidhm ag CAE agus ag CFAE agus ag an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin; agus |
(b) |
críoch na Ríochta Aontaithe. |
2. Baineann an Comhaontú seo freisin le Báilcheantar Gheansaí, le Báilcheantar Gheirsí agus le hOileán Mhanann a mhéid atá leagtha amach i gCeannteideal a Cúig de Cheannteideal a Sé de Chuid a Dó agus in Airteagal 520.
3. Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le Giobráltar ná ní bheidh aon éifeachtaí aige sa chríoch sin.
4. Níl feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Ríocht Aontaithe: Anguilla; Beirmiúda; Críoch na Breataine san Antartach; Críoch Aigéan Indiach na Breataine; Ógh-Oileáin na Breataine; Oileáin Caymen; Oileáin Fháclainne; Montserrat; Oileáin Pitcairn, Henderson, Ducie agus Oeno; San Héilín, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha; An tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas; Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos.
Airteagal 775
Ceangal le comhaontuithe eile
Tá feidhm ag an gComhaontú seo agus ag aon chomhaontú forlíontach gan dochar d’aon chomhaontú déthaobhach a rinneadh níos luaithe idir an Ríocht Aontaithe de pháirt amháin agus an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach den pháirt eile. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a n-oibleagáidí aon Chomhaontú den sórt sin a chur chun feidhme.
Airteagal 776
Athbhreithniú
Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus na gcomhaontuithe forlíontaigh agus ar aon ábhair a bhaineann leis sin 5 bliana tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.
Airteagal 777
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná in aon chomhaontú forlíontach mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.
Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a chuirfidh na Páirtithe ar fáil nó a mhalartófar eatarthu faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú Forlíontach a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú maidir nósanna imeachta slándála um fhaisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint agus le haon socrú cur chun feidhme arna thabhairt i gcrích faoi.
Comhaontóidh na Páirtithe ar threoracha a láimhseáil chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartófar eatarthu.
Airteagal 778
Codanna dílse den Chomhaontú seo
1. Beidh Prótacail, Iarscríbhinní, Foscríbhinní agus na fonótaí an Chomhaontaithe seo ina gcuid dhílis den Chomhaontú seo.
2. Beidh gach ceann de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear a fhoscríbhinní, ina gcuid dhílis den Roinn, den Chaibidil, den Teideal, den Cheannteideal nó den Phrótacal a thagraíonn don Iarscríbhinn sin nó dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr:
(a) |
Is cuid dhílis de Theideal III de Chuid a hAon í Iarscríbhinn 1; |
(b) |
Is cuid dhílis de Chaibidil 2 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó iad Iarscríbhinní 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9; |
(c) |
Is cuid dhílis de Chaibidil 3 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó í Iarscríbhinn 10; |
(d) |
Is cuid dhílis de Chaibidil 4 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Pháirt a Dó iad Iarscríbhinní 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17; |
(e) |
Is cuid dhílis de Chaibidil 5 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó í Iarscríbhinn 18; |
(f) |
Is cuid dhílis de Theideal II de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó iad Iarscríbhinní 19, 20, 21, 22, 23 agus 24; |
(g) |
Is cuid dhílis de Theideal VI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó í Iarscríbhinn 25; |
(h) |
Is cuid dhílis de Theideal VIII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó iad Iarscríbhinní 26, 27, 28 agus 29; |
(i) |
Is cuid dhílis de Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó í Iarscríbhinn 27; |
(j) |
Is cuid dhílis de Theideal a Dó de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó í Iarscríbhinn 30 agus aon Iarscríbhinn arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 454; |
(k) |
Is cuid dhílis de Theideal I de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó í Iarscríbhinn 31; |
(l) |
Is cuid dhílis de Theideal II de Cheannteideal a Trí de Chuid a dó iad Iarscríbhinní 32, 33 agus 34; |
(m) |
Is cuid dhílis de Cheannteideal a Cúig de Chuid a Dó iad Iarscríbhinní 35, 36, 37 agus 38; |
(n) |
Is cuid dhílis de Theideal II de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 39; |
(o) |
Is cuid dhílis de Theideal III de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 40; |
(p) |
Is cuid dhílis de Theideal V de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 41; |
(q) |
Is cuid dhílis de Theideal VI de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 42; |
(r) |
Is cuid dhílis de Theideal VII de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 43; |
(s) |
Is cuid dhílis de Theideal IX de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 44; |
(t) |
Is cuid dhílis de Theideal III, Teideal VII agus Teideal XI de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 45; |
(u) |
Is cuid dhílis de Theideal XI de Chuid a Trí í Iarscríbhinn 46; |
(v) |
Is cuid dhílis de Roinn 2 de Chaibidil 1 de Chuid a Cúig í Iarscríbhinn 47; |
(w) |
Is cuid dhílis de Theideal I de Chuid a Sé iad Iarscríbhinn 48 agus 49; |
(x) |
is cuid dhílis den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú í an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bprótacal maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú; |
(y) |
Is cuid dhílis den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta iad Iarscríbhinní SSC-1, SSC-2, SSC-3, SSC-4, SSC-5, SSC-6, SSC-7 agus SSC-8 agus na Foscríbhinní a ghabhann leo. |
Airteagal 779
Foirceannadh
Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Scoirfidh an Comhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach a de bheith i bhfeidhm an chéad lá den dara mí déag tar éis dháta an fhógra.
Airteagal 780
Téacsanna barántúla
Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris. Faoin 30 Aibreán 2021, beidh gach leagan teanga den Chomhaontú faoi réir phróiseas an athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch chríochnaithigh. D’ainneoin na habairte roimhe seo, tabharfar próiseas an athbhreithnithe dhlíthiúil deiridh don leagan Béarla den Chomhaontú chun críche faoin lá dá dtagraítear in Airteagal 783(1) ar a dhéanaí má tá an lá sin níos luaithe ná an 30 Aibreán 2021.
Na leaganacha teanga atá mar thoradh ar phróiseas an athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch deiridh thuas, cuirfear iad in ionad leaganacha sínithe an Chomhaontaithe ab initio agus déanfar iad a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú idir na Páirtithe.
Airteagal 781
Aontachas leis an Aontas amach anseo
1. Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe faoi aon iarraidh ar aontachas tríú tír leis an Aontas.
2. Le linn na caibidlíochta idir an tAontas agus tríú tír maidir le haontachas na tíre sin leis an Aontas (87), déanfaidh an tAontas a dhícheall an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe agus, a mhéid is féidir, soláthróidh sé aon fhaisnéis maidir le haon ní a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach; agus |
(b) |
aon ábhar imní arna chur in iúl ag an Ríocht Aontaithe a chur san áireamh. |
3. Scrúdóidh an Chomhairle Comhpháirtíochta aon éifeachtaí a bheadh ag aontachas tríú tír leis an Aontas maidir leis an gComhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach luath go leor roimh dháta an aontachais sin.
4. A mhéid is gá, roimh theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir le haontachas tríú tír leis an Aontas, déanfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas an méid seo a leanas:
(a) |
an Comhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach a leasú, |
(b) |
aon choigeartú nó socrú idirthréimhseach riachtanach eile maidir leis an gComhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach, a chur i bhfeidhm le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta; nó |
(c) |
a chinneadh laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta maidir leis na nithe seo a leanas:
|
5. In éagmais cinnidh faoi phointe (c)(i) nó (ii) de mhír 4 den Airteagal seo trí theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir le haontachas an tríú tír ábhartha leis an Aontas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 492 maidir le náisiúnaigh an tríú tír sin.
6. I gcás ina mbunóidh an Chomhairle Comhpháirtíochta socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) de mhír 4, sonróidh sí fad na socruithe sin. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta ré na socruithe idirthréimhseacha sin a fhadú.
7. Sula rachaidh na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) de mhír 4 den Airteagal seo in éag, cinnfidh an Chomhairle Chomhpháirtíochta an gcuirfidh sí Airteagal 492 i bhfeidhm ar náisiúnaigh an tríú tír sin ó dheireadh na socruithe idirthréimhseacha. In éagmais cinnidh den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 492 maidir le náisiúnaigh an tríú tír sin ó dheireadh na socruithe idirthréimhseacha.
8. Tá pointe (c) de mhír 4, agus mír 5 go mír 7 gan dochar do shainchumais an Aontais faoina reachtaíocht intíre.
9. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, gan dochar do phointe (c) de mhír 4 agus do mhíreanna 5 go 7, beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le Ballstát nua den Aontas ó dháta aontachais an Bhallstáit nua sin leis an Aontas.
Airteagal 782
Foráil eatramhach maidir le sonraí pearsanta a tharchur chuig an Ríocht Aontaithe
1. Ar feadh na tréimhse sonraithe, ní mheasfar tarchur sonraí pearsanta ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe a bheith mar aistriú chuig tríú tír faoi dhlí an Aontais, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag reachtaíocht na Ríochta Aontaithe maidir le cosaint sonraí an 31 Nollaig 2020 arna sábháil agus arna hionchorprú i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Um Tharraingt Siar) 2018 agus arna modhnú leis na Rialacháin um Chosaint Sonraí, Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (Leasú etc.) (Scoir AE) 2019 (88) (‘an córas cosanta sonraí is infheidhme’), agus nach bhfeidhmíonn an Ríocht Aontaithe na cumhachtaí ainmnithe gan Comhaontú leis an Aontas sa Chomhairle Comhpháirtíochta.
2. Faoi réir mhíreanna 3 go 11, beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le haistrithe sonraí pearsanta ón Íoslainn, ó Phrionsacht Lichtinstéin agus ó Ríocht na hIorua chuig an Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse sonraithe arna déanamh faoi dhlí an Aontais arna cur i bhfeidhm sna stáit sin leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a rinneadh in Porto an 2 Bealtaine 1992, fad a bheidh feidhm ag mír 1 maidir le haistrithe sonraí pearsanta ón Aontas go dtí an Ríocht Aontaithe, ar choinníoll go dtabharfaidh an stát sin fógra i scríbhinn don dá Pháirtí gur ghlac siad go sainráite leis an bhforáil seo a chur i bhfeidhm.
3. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘cumhachtaí ainmnithe’ na cumhachtaí seo a leanas:
(a) |
rialacháin a dhéanamh de bhun ailt 17A, 17C agus 74A den Acht um Chosaint Sonraí na Ríochta Aontaithe 2018; |
(b) |
doiciméad nua a eisiúint ina sonraítear clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí de bhun alt 119A den Acht um Chosaint Sonraí na Ríochta Aontaithe 2018; |
(c) |
dréachtchód iompair nua a fhormheas de bhun Airteagal 40(5) de Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS na Ríochta Aontaithe’), cé is moite de chód iompair nach féidir brath air chun coimircí iomchuí a sholáthar d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír faoi Airteagal 46(2)(e) de RGCS na Ríochta Aontaithe; |
(d) |
sásraí deimhniúcháin nua a fhormheas de bhun Airteagal 42(5) de RGCS na Ríochta Aontaithe, seachas sásraí deimhniúcháin nach féidir brath orthu chun coimircí iomchuí a sholáthar d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír faoi Airteagal 46(2)(f) de RGCS na Ríochta Aontaithe; |
(e) |
rialacha ceangailteacha corparáideacha nua a fhormheas de bhun Airteagal 47 de RGCS na Ríochta Aontaithe; |
(f) |
clásail chonarthacha nua dá dtagraítear in Airteagal 46(3)(a) de RGCS na Ríochta Aontaithe a údarú; nó |
(g) |
socruithe nua riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3)(b) de RGCS na Ríochta Aontaithe a údarú. |
4. Tosaíonn an ‘tréimhse shonraithe’ ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus, faoi réir mhír 5, críochnaíonn sé ar cheann de na dátaí seo a leanas, cibé acu is túisce:
(a) |
ar an dáta a ghlacfaidh an Coimisiún Eorpach cinntí leordhóthanachta i ndáil leis an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 36(3) de Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, nó |
(b) |
ar an dáta ceithre mhí tar éis an dáta a thosnaíonn an tréimhse sonraithe, ar tréimhse dhá mhí eile í mura rud é go gcuirfidh ceann de na Páirtithe ina choinne. |
5. Faoi réir mhíreanna 6 agus 7, má leasaíonn an Ríocht Aontaithe an córas cosanta sonraí is infheidhme nó má fheidhmíonn sí na cumhachtaí ainmnithe gan comhaontú an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta le linn na tréimhse sonraithe, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse shonraithe ar an dáta a bhfeidhmeofar na cumhachtaí nó a thiocfaidh an leasú i bhfeidhm.
6. Ní áirítear sna tagairtí d’fheidhmiú na gcumhachtaí ainmnithe i míreanna 1 agus 5 feidhmiú na gcumhachtaí sin a bhfuil an éifeacht teoranta d’ailíniú le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí.
7. Aon ní a bheadh ina leasú, murach sin, ar an gcóras cosanta sonraí is infheidhme:
(a) |
arna dhéanamh le comhaontú an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta; nó |
(b) |
tá sé teoranta d’ailíniú le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí; |
ní dhéileálfar leo mar leasú ar an gcóras cosanta sonraí is infheidhme chun críocha mhír 5 agus ina ionad sin ba cheart caitheamh leis mar chuid den chóras cosanta sonraí is infheidhme chun críocha mhír 1.
8. Chun críocha mhíreanna 1, 5 agus 7, ciallaíonn ‘comhaontú an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta’:
(a) |
cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta mar a thuairiscítear i mír 11; nó |
(b) |
comhaontú measta mar a thuairiscítear i mír 10. |
9. I gcás ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas go bhfuil sé beartaithe aici na cumhachtaí ainmnithe a fheidhmiú nó go mbeartaíonn sí an córas cosanta sonraí is infheidhme a leasú, féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh, laistigh de chúig lá oibre, go mbeidh cruinniú ag an gComhairle Comhpháirtíochta a chaithfear a thionól laistigh de dhá sheachtain ón iarraidh sin a fháil.
10. Mura n-iarrtar cruinniú den sórt sin, meastar go bhfuil comhaontú tugtha ag an Aontas le linn na tréimhse arna sonrú maidir le feidhmiú nó leasú den sórt sin.
11. Má iarrtar cruinniú den sórt sin, déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an cleachtadh nó an leasú beartaithe a bhreithniú ag an gcruinniú sin agus féadfaidh sí cinneadh a ghlacadh á rá go n-aontaíonn sé leis an bhfeidhmiú nó leis an leasú le linn na tréimhse sonraithe.
12. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas, a mhéid is féidir le réasún, nuair a dhéanann sí, le linn na tréimhse sonraithe, ionstraim nua ar féidir brath uirthi chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír faoi Airteagal 46(2)(a) de RGCS na Ríochta Aontaithe nó faoi alt 75(1)(a) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 de chuid na Ríochta Aontaithe le linn na tréimhse sonraithe. Tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt faoin mír seo, féadfaidh an tAontas a iarraidh ar chruinniú den Chomhairle Comhpháirtíochta an ionstraim ábhartha a phlé.
13. Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé i dtaca le díospóidí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Airteagail seo.
Airteagal 783
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal comhlíonta acu.
2. Comhaontaíonn na Páirtithe an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha acu dá chéile roimh an dáta sin go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta faoi seach is gá le haghaidh cur i bhfeidhm sealadach curtha i gcrích. Scoirfidh an cur i bhfeidhm sealadach ar cheann amháin de na dátaí seo a leanas, cibé acu is luaithe:
(a) |
an 28 Feabhra 2021 nó dáta eile arna chinneadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta; nó |
(b) |
an lá dá dtagraítear i mír 1. |
3. Amhail ón dáta a chuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach, tuigfidh na Páirtithe tagairtí sa Chomhaontú seo do ‘dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ nó do ‘theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ mar thagairtí don dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach.
Съставено в Брюксел и Лондон на тридесети декември две хиляди и двадесета година.
Hecho en Bruselas y Londres, el treinta de diciembre de dos mil veinte.
V Bruselu a v Londýně dne třicátého prosince dva tisíce dvacet.
Udfærdiget i Bruxelles og London, den tredivte december to tusind og tyve.
Geschehen zu Brüssel und London am dreißigsten Dezember zweitausendzwanzigt.
Kahe tuhande kahekümnenda aasta detsembrikuu kolmekümnendal päeval Brüsselis ja Londonis.
Έγινε στις Βρυξέλλες και στο Λονδίνο, στις τριάντα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι.
Done at Brussels and London on the thirtieth day of December in the year two thousand and twenty.
Fait à Bruxelles et à Londres, le trente décembre deux mille vingt.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an tríochadú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle fiche.
Sastavljeno u Bruxellesu i Londonu tridesetog prosinca godine dvije tisuće dvadesete.
Fatto a Bruxelles e Londra, addì trenta dicembre duemilaventi.
Briselē un Londonā, divi tūkstoši divdesmitā gada trīsdesmitajā decembrī.
Priimta du tūkstančiai dvidešimtų metų gruodžio trisdešimtą dieną Briuselyje ir Londone.
Kelt Brüsszelben és Londonban, a kétezer-huszadik év december havának harmincadik napján.
Magħmul fi Brussell u Londra, fit-tletin jum ta’ Diċembru fis-sena elfejn u għoxrin.
Gedaan te Brussel en Londen, dertig december tweeduizend twintig.
Sporządzono w Brukseli i Londynie dnia trzydziestego grudnia roku dwa tysiące dwudziestego.
Feito em Bruxelas e em Londres, em trinta de dezembro de dois mil e vinte.
Întocmit la Bruxelles și la Londra la treizeci decembrie două mii douăzeci.
V Bruseli a Londýne tridsiateho decembra dvetisícdvadsať.
V Bruslju in Londonu, tridesetega decembra dva tisoč dvajset.
Tehty Brysselissä ja Lontoossa kolmantenakymmenentenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentä.
Som skedde i Bryssel och i London den trettionde december år tjugohundratjugo.
(1) Chun críche an Airteagail seo, déanfar páirtithe leasmhara a shainiú de réir Airteagal 6(11) den Chomhaontú Frithdhumpála agus Airteagal 12.9 de Chomhaontú SCM.
(2) Meastar gur neamhleor iad oibríochtaí caomhnaithe amhail fuarú, reo nó aerú de réir bhrí fhomhír (a), ach meastar gur leor iad oibríochtaí amhail picilt, triomú nó deatú, ar oibríochtaí iad atá beartaithe chun saintréithe speisialta nó saintréithe éagsúla a thabhairt do tháirge.
(3) 12 mhí a bheidh sa tréimhse i gcás iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 62(2) a chuirfear chuig údarás custaim an Pháirtí onnmhairiúcháin le linn na chéad 3 mhí de chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
(4) G/TBT/9, 13 Samhain 2000, Iarscríbhinn 4.
(5) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, go háirithe chun críocha an Phrótacail seo, tuigtear go n-áirítear ar choincheap an ‘duine’ aon chomhlachas daoine nach bhfuil stádas dlíthiúil duine dhlítheanaigh aige ach a n-aithnítear faoin dlí is infheidhme an inniúlacht a bheith aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh.
(6) Áirítear le haersheirbhísí nó seirbhísí gaolmhara mar thaca le haersheirbhísí, i measc nithe eile, na seirbhísí seo a leanas: an t-aeriompar seirbhísí a chuirtear ar fáil trí úsáid a bhaint as aerárthach nach é is príomhchuspóir dó earraí nó paisinéirí a iompar, mar shampla oiliúint eitilte maidir le haerchomhrac dóiteáin, fámaireacht, spraeáil, suirbhéireacht, mapáil, grianghrafadóireacht, léim pharaisiúit, tarraingt faoileoirí, ardú le héileacaptar chun lománaíocht agus tógáil a dhéanamh, agus seirbhísí aerbheirthe eile talmhaíochta, tionsclaíocha agus cigireachta; aerárthaí a fháil ar cíos le criú; agus seirbhísí oibriúcháin aerfoirt.
(7) Cabatáiste muirí náisiúnta: agus i gcás an Aontais, gan dochar do raon feidhme na ngníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a mheas mar chabatáiste faoin reachtaíocht náisiúnta ábhartha, paisinéirí nó earraí a iompar idir calafort nó pointe atá suite i mBallstát den Aontas Eorpach agus calafort nó pointe eile atá suite sa Bhallstát céanna den Aontas Eorpach, lena n-áirítear ar a scairbh ilchríochach, dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna dhéanamh, agus trácht a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa chalafort nó sa phointe céanna atá suite i mBallstát den Aontas Eorpach; i gcás na Ríochta Aontaithe, iompar paisinéirí nó earraí idir calafort nó pointe atá suite sa Ríocht Aontaithe agus calafort nó pointe eile atá suite sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear ar a scairbh ilchríochach, dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, , agus trácht a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa chalafort nó sa phointe céanna atá suite sa Ríocht Aontaithe.
(8) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áirítear leis an téarma ‘gníomhaíochtaí a dhéantar i bhfeidhmiú údarás rialtais’ nuair a úsáidtear é i ndáil le bearta Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí, cumhdaítear ‘seirbhísí a sholáthraítear i bhfeidhmiú údarás rialtais’ mar atá sainmhínithe i bpointe (p) d’Airteagal 124.
(9) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní mheastar gur daoine dlítheanacha de chuid Páirtí iad na cuideachtaí loingseoireachta dá dtagraítear sa phointe seo ach amháin i leith a ngníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí muiriompair a sholáthar.
(10) Ní chumhdaítear le pointí (a) (i) go (iii) d’Airteagal 128 bearta a dhéantar chun táirgeadh táirge talmhaíochta nó iascaigh a theorannú.
(11) Le pointe (a)(iii) d’Airteagal 128 ní chumhdaítear bearta de chuid Páirtí lena gcuirtear teorainn le hionchuir i leith soláthar seirbhísí.
(12) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá pointe (f) d’Airteagal 132(1) gan dochar d’fhorálacha Airteagal 207.
(13) Le pointe (a) (iii) d’Airteagal 135 ní chumhdaítear bearta de chuid Páirtí lena gcuirtear teorainn le hionchuir i leith soláthar seirbhísí.
(14) I gcás nach sa Pháirtí ina soláthraítear an tseirbhís a fuarthas an chéim nó an cháilíocht, féadfaidh an Páirtí sin a mheas an bhfuil sí coibhéiseach leis an gcéim ollscoile atá ag teastáil ina chríoch.
(15) I gcás nach sa Pháirtí ina soláthraítear an tseirbhís a fuarthas an chéim nó an cháilíocht, féadfaidh an Páirtí sin a mheas an bhfuil sí coibhéiseach leis an gcéim ollscoile atá ag teastáil ina chríoch.
(16) D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar bhainisteoirí agus ar speisialtóirí a léiriú go bhfuil na cáilíochtaí gairmiúla agus an taithí is gá acu sa duine dlítheanach a n-aistrítear chuige iad.
(17) Cé nach ndéanann bainisteoirí cúraimí a bhaineann go díreach le soláthar iarbhír na seirbhísí a chomhlíonadh, ní chuireann sé sin cosc orthu, agus iad i mbun a gcuid dualgas mar a thuairiscítear thuas, na cúraimí sin a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na seirbhísí a chur ar fáil.
(18) Féadfar a cheangal ar an bhfiontar is faighteoir clár oiliúna a chur isteach lena gcumhdófar fad an fhanachta le formheas roimh ré, lena léireofar gur le haghaidh oiliúna cuspóir an fhanachta. I gcás AT, CZ, DE, FR, ES, HU agus LT, ní mór an oiliúint a bheith nasctha leis an gcéim ollscoile a fuarthas.
(19) Agus srianta ó thaobh acmhainní de á gcothromú leis an ualach a d’fhéadfadh a bheith ar ghnólachtaí, i gcásanna ina bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfear an fhaisnéis uile isteach i bhformáid shonraithe lena meas go bhfuil sí ‘críochnaithe chun críoch próiseála’.
(20) Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a chomhlíonadh a leagtar amach i bpointe (ii) trína chur in iúl roimh ré i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear trí bheart foilsithe, mura bhfaightear freagairt laistigh de thréimhse ama sonraithe ó dháta chur isteach an iarratais gur tásc é sin go bhfuil glactha leis an iarratas. Ba cheart a thuiscint leis an tagairt do ‘i scríbhinn’ go gcuimsítear inti formáid leictreonach chomh maith.
(21) Ní cheanglaítear leis an ‘deis’ sin ar údarás inniúil síneadh a chur leis na spriocdhátaí.
(22) Ní bheidh údaráis inniúla freagrach as moill de dheasca cúiseanna nach dtagann faoina n-inniúlacht.
(23) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní fhorléireofar an tAirteagal seo mar ní a choiscfidh comhaontú amháin nó níos mó a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích idir na Páirtithe maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla ar choinníollacha agus ceanglais nach ionann iad agus na comhaontuithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.
(24) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní dhéanfar cáilíochtaí a aithint go huathoibríoch mar thoradh ar na socruithe sin ach, ar mhaithe le leas frithpháirteach an dá Pháirtí, leagfar síos na coinníollacha le haghaidh na n-údarás inniúil a dheonaíonn an t-aitheantas.
(25) Aon fhaisnéis a iarrtar, déileálfar leis i gcomhréir le ceanglais na rúndachta.
(26) Ní áirítear le táillí riaracháin íocaíochtaí le haghaidh ceart chun acmhainní ganna a úsáid agus ranníocaíochtaí sainordaitheach chun seirbhís uilíoch a sholáthar.
(27) Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘neamh-idirdhealaitheach’ cóir an náisiúin barrfhabhair agus Cóir Náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagail 129, 136, 130 agus 137, é sin agus faoi théarmaí agus coinníollach nach lú fabhar ná iad sin a bhronntar ar aon úsáideoirí eile a úsáideann líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí comhchosúla i gcásanna comhchosúla.
(28) Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le seirbhísí fánaíochta laistigh den Aontas Eorpach, ar seirbhísí soghluaiste tráchtála iad a chuirtear ar fáil de bhun comhaontú tráchtála idir soláthraithe seirbhísí teileachumarsáide poiblí lena gcumasaítear d’úsáideoir deiridh a ghléas láimhe soghluaiste baile nó a ghléas eile a úsáid le haghaidh guthsheirbhísí, sonraí nó seirbhísí teachtaireachtaí i mBallstát den Aontas Eorpach seachas an Ballstát ina bhfuil líonra teileachumarsáide poiblí baile an úsáideora deiridh lonnaithe.
(29) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, baineann an modhnú seo le ‘seirbhísí a sholáthraítear i bhfeidhmiú údarás rialtais’ i bpointe (o) d’Airteagal 124 mar tá feidhm aige maidir le ‘gníomhaíochtaí a dhéantar i bhfeidhmiú údarás rialtais’ i bpointe (f) d’Airteagal 124.
(30) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní choiscfidh sé sin ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar chúiseanna stuamachta maidir le brainsí a bhunaítear ina chríoch ag daoine dlítheanacha sa Pháirtí eile.
(31) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, chun críocha an Teidil seo, is cuid de dhlí dlínse baile na ndlíodóirí dá dtagraítear i bpointe (e) (i) den Airteagal seo é dlí an Aontais Eorpaigh.
(32) Ciallaíonn ‘seirbhísí eadrána dlíthiúla, seirbhísí idir-réitigh dlíthiúla agus seirbhísí idirghabhála dlíthiúla’ doiciméid a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid eadránaí, comhréiteoir nó idirghabhálaí in aon díospóid lena mbaineann cur i bhfeidhm agus léiriú dlí agus ullmhú le haghaidh na ndoiciméad sin agus láithriú os a gcomhair. Ní áirítear eadráin, idir-réiteach agus seirbhísí idirghabhála i ndíospóidí nach bhfuil cur i bhfeidhm ná léiriú dlí i gceist leo, a thagann faoi sheirbhísí a ghabhann le comhairliúchán bainistíochta. Ní áirítear leis ach oiread gníomhú mar eadránaí, mar chomhréiteoir ná mar idirghabhálaí. Mar fhochatagóir, tagraíonn seirbhísí eadrána dlíthiúla idirnáisiúnta, seirbhísí idir-réitigh dlíthiúla idirnáisiúnta nó seirbhísí idirghabhála dlíthiúla idirnáisiúnta do na seirbhísí céanna nuair a bhaineann an díospóid le páirtithe ó dhá thír nó níos mó.
(33) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘seirbhísí dlí ainmnithe’, le haghaidh seirbhísí a sholáthraítear san Aontas, seirbhísí i ndáil le dlí na Ríochta Aontaithe nó aon chuid di agus dlí poiblí idirnáisiúnta (gan dlí an Aontais a áireamh), agus le haghaidh seirbhísí a sholáthraítear sa Ríocht Aontaithe, seirbhísí dlí i ndáil le dlí na mBallstát (dlí an Aontais san áireamh) agus dlí poiblí idirnáisiúnta (gan dlí an Aontais a áireamh).
(34) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tagraíonn ‘coinníollacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo’ do choinníollacha a ceapadh i dtéarmaí oibiachtúla a bhfuil feidhm acu go cothrománach maidir le líon neamhaitheanta d’oibreoirí eacnamaíocha agus, ar an gcaoi sin, cumhdaíonn siad raon cásanna agus cásanna.
(35) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, d’fhéadfadh deacrachtaí tromchúiseacha a bhaineann le beartais airgeadaíochta nó le beartais ráta malairte, nó an baol ann gurb ann dóibh, i measc fachtóirí eile, a bheith ina gcúis le deacrachtaí tromchúiseacha maidir le comhardú íocaíochtaí nó maoiniú seachtrach, nó an baol ann gurb ann dóibh.
(36) Féadfaidh gach Páirtí dáta ábhartha comhdaithe an iarratais a chinneadh i gcomhréir lena reachtaíocht féin.
(37) Níl feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcosaint ar a dtugtar ceart deartha sa Ríocht Aontaithe.
(38) Chun críocha an Teidil seo: déanfar an téarma ‘táirge cosanta plandaí’ a shainmhíniú le haghaidh gach Páirtí trína reachtaíocht faoi seach.
(39) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr a mhéid a cheadaítear le dlí Páirtí, cuimsítear leis an téarma ‘cónaidhmeanna agus comhlachais’ comhlachtaí bainistithe ceart comhchoiteann agus comhlachtaí gairmiúla cosanta, ar a laghad, a n-aithnítear go rialta go bhfuil an ceart acu ionadaíocht a dhéanamh ar shealbhóirí ceart maoine intleachtúla.
(40) I gcás an Aontais, ciallaíonn an t-údarás inniúil an t-údarás custaim.
(41) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá cur i bhfeidhm na hoibleagáide maidir le cóir náisiúnta dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi réir na n-eisceachtaí dá dtagraítear i nóta 3 de na Nótaí a ghabhann le Fo-ranna B1 agus B2 d’IARSCRÍBHINN PPROC-1 [Soláthar Poiblí].
(42) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh IO AE L 158, 14.6.2019, lch. 22.
(43) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO AE L 158, 14.6.2019, lch. 54) nó a réamhtheachtaithe:IO AE L 176, 15.7.2003, lch. 1 agus IO AE L 211, 14.8.2009, lch. 15).
(44) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (IO AE L 211, 14.8.2009, lch. 94) nó a réamhtheachtaí:IO AE L 176, 15.7.2003, lch. 57).
(45) Rialachán (AE) Uimh. 838/2010 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2010 maidir le treoirlínte a leagan síos a bhaineann leis an sásra cúitimh d'oibreoirí córais idirtharchurtha agus cur chuige rialála coiteann maidir le muirearú tarchurtha (IO AE L 250, 24.9.2010, lch. 5).
(46) Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO AE L 211, 14.8.2009, lch. 36).
(47) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le cur chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite (IO AE L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(48) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO AE L 315, 14.11.2012 lch. 1).
(49) I gcás an Aontais, áirítear prionsabal an réamhchúraim i bprionsabail den sórt sin.
(50) I gcás na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ gnólachtaí beaga agus micrea-mhéide.
(51) I gcás na Ríochta Aontaithe, tuigtear gurb é a bheidh i mórbhearta rialála bearta rialála suntasacha i gcomhréir le sainmhíniú na mbeart sin i rialacha agus nósanna imeachta na Ríochta Aontaithe.
(52) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo i gcríoch an Aontais, tagraíonn an cur chuige réamhchúraim do phrionsabal an réamhchúraim.
(53) Chun na críche sin, ciallaíonn idirdhealú nach gcaitear chomh fabhrach céanna le gníomhaí eacnamaíoch i gcomparáid le gníomhaithe eile amhail cásanna agus nach bhfuil údar maith le cóir dhifreálach de réir critéir oibiachtúla
(54) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, comhlíontar an caighdeán sin nuair a léiríonn na fíorais go bhfuil deonú fóirdheontais, gan a bheith ag brath go dlíthiúil ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ceangailte le tuilleamh onnmhairithe nó onnmhairiúcháin iarbhír nó réamh-mheasta. Ós rud é go ndeonaítear fóirdheontas do ghníomhaithe eacnamaíocha a onnmhairíonn ar an gcúis sin amháin, ní mheasfar gur fóirdheontas onnmhairiúcháin é de réir bhrí na forála seo.
(55) Is iad an Ríocht Aontaithe, Ballstáit an Aontais, an Astráil, Ceanada, an Íoslainn, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis agus Stáit Aontaithe Mheiriceá na tíortha lena ngabhann riosca indíolta.
(56) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá sé sin gan dochar d'Airteagal 364(1) agus (2).
(57) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní áirítear le dlí na Ríochta Aontaithe chun críocha an Airteagail seo aon dlí [i] a bhfuil éifeacht leis de bhua alt 2(1) d'Acht na gComhphobal Eorpach 1972, arna chosaint le halt 1A d'Acht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018, nó [ii] arna rith nó arna dhéanamh faoi, nó chun críche a shonraítear I, roinn 2(2) d'Acht na gComhphobal Eorpach 1972.
(58) I gcás na Ríochta Aontaithe, ceanglaítear leis an Airteagal seo leigheas nua um ghnóthú a bheadh ar fáil ag deireadh athbhreithniú breithiúnach rathúil, i gcomhréir le caighdeán an athbhreithnithe faoin dlí náisiúnta, ar cuireadh tús leis laistigh den tréimhse ama shonraithe; ní fhorleathnófar an t-athbhreithniú sin ar bhealach ar bith eile, i gcomhréir le hAirteagal 372(3). Ní bheadh aon tairbhí in ann ionchas dlisteanach a ardú chun cur i gcoinne gnóthaithe den sórt sin.
(59) Tugann na Páirtithe dá n-aire go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe córas nua rialaithe fóirdheontais chun feidhme tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
(60) Cumhdaíonn an cabatáiste náisiúnta muirí iompar: i gcás an Aontais, gan dochar do raon feidhme na ngníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a mheas mar chabatáiste faoin reachtaíocht náisiúnta ábhartha, iompar paisinéirí nó earraí idir calafort nó pointe atá suite i mBallstát den Aontas Eorpach agus calafort nó pointe eile atá suite sa Bhallstát céanna den Aontas Eorpach, lena n-áirítear ar a scairbh ilchríochach, dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,, agus trácht a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa chalafort nó sa phointe céanna atá suite i mBallstát den Aontas; i gcás na Ríochta Aontaithe paisinéirí nó earraí a iompar idir calafort nó pointe atá suite sa Ríocht Aontaithe agus calafort nó pointe eile atá suite sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear ar a scairbh ilchríochach, dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, agus trácht a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa chalafort nó sa phointe céanna atá suite sa Ríocht Aontaithe.
(61) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le ceannach nó díol scaireanna, stoic nó cineálacha eile cothromais ag eintiteas cumhdaithe mar mhodh lena rannpháirtíocht chothromais i bhfiontar eile.
(62) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, níl feidhm ag an gCaibidil seo ná ag Airteagal 411 maidir le dlí agus caighdeáin na bPáirtithe a bhaineann le slándáil shóisialta agus pinsin.
(63) Coinníonn gach Páirtí a cheart chun a thosaíochtaí, a bheartais agus an leithdháileadh acmhainní a chinneadh i gcur chun feidhme éifeachtach Choinbhinsiúin EIS agus fhorálacha ábhartha Chairt Shóisialta na hEorpa ar bhealach atá i gcomhréir lena ghealltanais idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad siúd faoin Teideal seo. Ghlac Comhairle na hEorpa, a bunaíodh in 1949, Cairt Shóisialta na hEorpa in 1961, a ndearnadh athbhreithniú uirthi in 1996. Tá Cairt Shóisialta na hEorpa daingnithe ag gach Ballstát ina leagan bunaidh nó ina leagan athbhreithnithe. I gcás na Ríochta Aontaithe, is do leagan bunaidh 1961 a thagraíonn an tagairt do Chairt Shóisialta na hEorpa i mír 5.
(64) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, sa chás seo ní rachaidh an Páirtí i muinín comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 738.
(65) D’fhéadfadh aistarraingt nó coigeartú na mbeart athchothromaithe a bheith san áireamh sna bearta sin, de réir mar is iomchuí
(66) Ní bheidh fionraí oibleagáidí faoi Airteagal 749 ar fáil ach amháin más rud é gur cuireadh bearta athchothromaithe i bhfeidhm go hiarbhír.
(67) Ní fhéadfar na heisceachtaí slándála poiblí agus oird phoiblí a agairt ach amháin i gcás ina mbeidh bagairt dháiríre, atá tromchúiseach a dhóthain, ar cheann de leasanna bunúsacha na sochaí.
(68) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, beidh an cinneadh sin gan dochar do Theideal I de Chuid a Sé.
(69) Maidir le bearta a bhfuil sé d'aidhm acu a áirithiú go ndéanfar cánacha díreacha a fhorchur agus a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach, áirítear leis na bearta sin bearta arna ndéanamh ag Páirtí faoina chóras cánachais:
(i) |
a bhfuil feidhm acu maidir le soláthraithe seirbhíse neamhchónaitheacha mar aitheantas go ndéantar oibleagáid chánach neamhchónaitheoirí a chinneadh i ndáil le hítimí inchánacha atá foinsithe nó lonnaithe i gcríoch an Pháirtí; nó |
(ii) |
a bhfuil feidhm acu maidir le neamhchónaitheoirí chun a áirithiú go ndéantar cánacha a fhorchur agus a bhailiú i gcríoch an Pháirtí; nó |
(iii) |
a bhfuil feidhm acu maidir le neamhchónaitheoirí nó cónaitheoirí chun cosc a chur ar sheachaint nó ar imghabháil cánach, lena n-áirítear bearta comhlíontachta; nó |
(iv) |
a bhfuil feidhm acu maidir le tomhaltóirí seirbhísí a sholáthraítear i gcríoch an Pháirtí eile nó i gcríoch tríú tír chun a áirithiú go ndéantar cánacha a fhorchur ar thomhaltóirí den sórt sin as bunaidh i gcríoch an Pháirtí; nó |
(v) |
lena ndéantar idirdhealú idir soláthraithe seirbhíse atá faoi réir cánach ar ítimí inchánacha domhanda agus soláthraithe seirbhíse eile, mar aitheantas ar an difríocht eatarthu maidir le cineál an bhoinn cánach; nó |
(vi) |
lena ndéantar ioncam, brabús, gnóthachan, caillteanas, asbhaint nó creidmheas de chuid cónaitheoirí nó brainsí, nó idir daoine nó brainsí gaolmhara den duine céanna, a chinneadh, a leithdháileadh nó a chionroinnt chun bonn cánach an Pháirtí a chosaint. |
(70) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnla) (IO AE L 300, 14.11.2009, lch 88).
(71) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áirítear mainneachtana gníomhú leis an téarma ‘beart’.
(72) Ní áirítear leis sin daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa chríoch dá dtagraítear in Airteagal 773(3).
(73) Áirítear freisin sa sainmhíniú ar dhuine nádúrtha daoine atá ina gcónaí go buan i bPoblacht na Laitvia nach saoránaigh iad de Phoblacht na Laitvia nó d’aon stát eile ach atá i dteideal, faoi dhlí Phoblacht na Laitvia, pas neamhshaoránach a fháil.
(74) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tuigfear gurb é ‘GPA’ an GPA mar a leasaíodh é leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 30 Márta 2012.
(75) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(76) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, don Aontas, tuigfear gurb iad limistéir faoi seach Bhallstáit an Aontais na limistéir lasmuigh d’fharraige theorann gach Páirtí.
(77) Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).
(78) Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).
(79) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO AE L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(80) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin, (IO CE L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(81) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO AE L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(82) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó ionchúiseamh a dhéanamh ina leith nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(83) 2018 caibidil 12.
(84) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(85) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(86) Cinneadh Uimh. 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear Creat Tacaíochta d’Fhaireacháin agus Rianú Spáis (IO AE L 158, 27.5.2014, lch. 227).
(87) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, beidh feidhm ag mír 2 go mír 9 maidir leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus tríú tír ar aontachas leis an Aontas a tharlóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, d’ainneoin go ndearnadh iarraidh ar aontachas roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
(88) Arna leasú leis na Rialacháin um Chosaint Sonraí, Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (Leasuithe etc.) (Imeacht an Aontais Eorpaigh) 2020.
IARSCRÍBHINN 1
RIALACHA NÓS IMEACHTA NA COMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS NA gCOISTÍ
Riail 1
An Cathaoirleach
1. Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fógra dá chéile maidir le hainm, suíomh agus sonraí teagmhála a gcomhchathaoirligh ainmnithe féin. Measfar go mbeidh an t-údarú ag comhchathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais nó na Ríochta Aontaithe faoi seach, go dtí an dáta a mbeidh fógra tugtha don Pháirtí eile maidir le comhchathaoirleach nua.
2. Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí na gcomhchathaoirleach dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta seo.
3. Féadfar ainmní a chur in ionad comhchathaoirligh le haghaidh cruinniú ar leith. Tabharfaidh an comhchathaoirleach, nó a ainmní, fógra maidir leis an ainmniú sin don chomhchathaoirleach eile agus do Rúnaíocht na Comhairle Comhpháirtíochta a luaithe is féidir. Tuigfear le haon tagairt sna Rialacha Nós Imeachta seo do na comhchathaoirligh go n-áirítear inti ainmní.
Riail 2
An Rúnaíocht
Oifigeach ón Aontas agus oifigeach ó Rialtas na Ríochta Aontaithe a bheidh i Rúnaíocht na Comhairle Comhpháirtíochta (‘an Rúnaíocht’). Feidhmeoidh an Rúnaíocht na cúraimí arna dtabhairt di leis na Rialacha Nós Imeachta seo.
Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhalta de Rúnaíocht na Comhairle Comhpháirtíochta thar ceann an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi seach. Measfar go leanfaidh an t-oifigeach sin de bheith ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Aontais nó na Ríochta Aontaithe go dtí an dáta a mbeidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe maidir le chomhalta nua.
Riail 3
Cruinnithe
1. Reáchtálfaidh an Rúnaíocht gach cruinniú den Comhairle Comhpháirtíochta ar dháta agus in am a chinnfidh na comhchathaoirligh. I gcás ina mbeidh iarraidh ar chruinniú tarchurtha ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe tríd an Rúnaíocht, déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta iarracht teacht le chéile laistigh de 30 lá tar éis na hiarrata sin, nó níos luaithe i gcásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.
2. Reáchtálfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a cruinnithe ar bhonn idirmhalartach sa Bhruiséil agus i Londain, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.
3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go reáchtálfar cruinniú de chuid na Comhairle Comhpháirtíochta trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.
Riail 4
Rannpháirtíocht i gcruinnithe
1. Tréimhse ama réasúnta roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, tríd an Rúnaíocht, comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí féin in iúl dá chéile agus sonróidh siad ainm agus feidhm gach comhalta den toscaireacht.
2. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, cuireadh a tabhairt do shaineolaithe (i.e. saineolaithe nach oifigigh rialtais iad) freastal ar chruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair shonracha agus chun bheith i láthair nuair a phléifear na hábhair shonracha sin amháin.
Riail 5
Doiciméid
Déanfaidh an Rúnaíocht doiciméid i scríbhinn ar a mbeidh pléití na Comhairle Comhpháirtíochta bunaithe a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe.
Riail 6
Comhfhreagras
1. Seolfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a gcomhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhairle Comhpháirtíochta tríd an Rúnaíocht. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide a dhéantar i scríbhinn, ríomhphost san áireamh.
2. Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhairle Comhpháirtíochta a thabhairt do na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.
3. Déanfar gach comhfhreagras ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe chucu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.
Riail 7
An clár oibre do na cruinnithe
1. Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Déanfar é a tharchur, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dháta an chruinnithe.
2. Áireofar ítimí a d’iarr an tAontas nó ann Ríocht Aontaithe ar an gclár oibre sealadach. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 15 lá roimh thús an chruinnithe.
3. Cinnfidh na comhchathaoirligh, tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta an chruinnithe, an clár oibre sealadach le haghaidh cruinnithe.
4. Glacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe, is de chomhthoil go bhféadfar ítim seachas na cinn atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre.
5. Féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, na tréimhsí ama a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a laghdú nó a mhéadú chun na riachtanais a bhaineann le cás ar leith a chur san áireamh.
Riail 8
Miontuairiscí
1. Maidir leis an oifigeach atá ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Pháirtí atá ina óstach ar an gcruinniú, dréachtóidh sé dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú laistigh de 15 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Seolfar na dréacht-mhiontuairiscí chuig an gcomhalta den Rúnaíocht ón bPáirtí eile ar mhaithe le barúlacha a fháil. Féadfaidh Rúnaíocht an Pháirtí sin barúlacha a chur isteach laistigh de 7 lá ón dáta a bhfaighfear na dréachtmhiontuairiscí.
2. Déanfar achoimre sna miontuairiscí, go hiondúil, ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:
(a) |
na doiciméid arna gcur faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta; |
(b) |
aon ráiteas ar iarr duine de na comhchathaoirligh é a chur leis na miontuairiscí; |
(c) |
na cinntí a rinneadh, na moltaí a rinneadh, na ráitis a comhaontaíodh agus na conclúidí a glacadh i leith ítimí sonracha. |
3. Áireofar sna miontuairiscí, mar iarscríbhinn, liosta na rannpháirtithe ina leagfar amach, maidir le gach ceann de na toscaireachtaí, ainmneacha agus feidhmeanna na ndaoine uile a d’fhreastail ar an gcruinniú.
4. Déanfaidh an Rúnaíocht na dréacht-mhiontuairiscí a choigeartú ar bhonn na mbarúlacha a fuarthas agus déanfaidh na comhchathaoirligh na dréacht-mhiontuairiscí, arna n-athbhreithniú, a fhormheas laistigh de 28 lá ó dháta an chruinnithe, nó faoi aon dáta arna shocrú ag na comhchathaoirligh. A luaithe a fhormheasfar iad, le síniú comhaltaí na Rúnaíochta déanfar dhá leagan de na miontuairiscí a fhíordheimhniú. Gheobhaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon ceann amháin de na leaganacha barántúla sin. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas sin.
Riail 9
Cinntí agus Moltaí
1. Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinntí nó moltaí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Déanfaidh comhchathaoirleach téacs dréachtchinnidh nó dréachtmholta a thíolacadh i scríbhinn don chomhchathaoirleach eile i dteanga oibre na Comhairle Comhpháirtíochta. Beidh mí amháin, nó tréimhse níos faide a shonróidh an Páirtí atá á chur chun cinn, ag an bPáirtí eile lena chur in iúl go n-aontaíonn sé leis an dréachtchinneadh nó an dréachtmholadh. Mura gcuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leis, pléifear an cinneadh nó an moladh atáthar a chur chun cinn agus féadfar é a ghlacadh ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Comhpháirtíochta. Measfar na dréachtchinntí nó dréachtmholtaí a bheith glactha a luaithe a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leo agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Comhpháirtíochta de Riail 8.
2. I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinntí nó moltaí, cuirfear an focal ‘Cinneadh’ nó an focal ‘Moladh’, faoi seach, i dteideal na ngníomhartha sin. Taifeadfaidh an Rúnaíocht aon chinneadh nó aon mholadh faoi shraithuimhir agus le tagairt don dáta a glacadh é.
3. Sonrófar i gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta an dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm.
4. Maidir le cinntí agus moltaí a ghlacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, leagfar síos iad i ndúblach sna teangacha barántúla agus síneoidh na comhchathaoirligh iad agus déanfaidh an Rúnaíocht iad a sheoladh chuig an Aontas agus chuig an Ríocht Aontaithe díreach i ndiaidh a sínithe. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas maidir le síniú.
Riail 10
Trédhearcacht
1. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtiocfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta le chéile go poiblí.
2. Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le foilsiú chinntí agus mholtaí na Comhairle Comhpháirtíochta ina iris oifigiúil faoi seach nó ar líne.
3. I gcás ina ndéanfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe faisnéis a chur faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta, ar faisnéis rúnda nó cosanta í ar nochtadh faoi dhlíthe agus rialacháin an Aontais nó na Ríocht Aontaithe, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an páirtí eile leis an bhfaisnéis sin.
4. Cuirfear cláir oibre shealadacha na gcruinnithe ar fáil go poiblí roimh gach cruinniú de chuid na Comhairle Comhpháirtíochta. Cuirfear miontuairiscí na gcruinnithe ar fáil go poiblí tar éis a bhformheasta i gcomhréir le Riail 8.
5. Déanfar na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme an dá Pháirtí.
Riail 11
Teangacha
1. Is iad teangacha oifigiúla an Aontais agus na Ríochta Aontaithe teangacha oifigiúla na Comhairle Comhpháirtíochta.
2. Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ag an gComhairle Comhpháirtíochta. Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, bunóidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a phléití ar dhoiciméid arna n-ullmhú i mBéarla.
3. Glacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinntí a bhaineann leis an gComhaontú seo a leasú nó a léiriú i dteangacha théacsanna barántúla an Chomhaontaithe seo. Glacfar gach cinneadh eile ón gComhairle Comhpháirtíochta, lena n-áirítear na cinn trína leasaítear na rialacha nós imeachta reatha, sa teanga oibre dá dtagraítear i mír 2.
Riail 12
Speansas
1. Íocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi seach as aon chaiteachas a thabhóidh siad de dhroim rannpháirtíocht i gcruinnithe an na Comhairle Comhpháirtíochta.
2. Is é an Páirtí a mbeidh an cruinniú á óstáil aige a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad.
3. Is é an Páirtí a iarrann ateangaireacht go teanga oibre na Comhairle Comhpháirtíochta agus uaithi le linn cruinnithe a íocfaidh as costas na hateangaireachta sin.
4. Beidh gach Páirtí freagrach as cinntí agus doiciméid eile a aistriú go dtí a theanga oifigiúil féin nó a theangacha oifigiúla féin, má cheanglaítear amhlaidh de bhun an Riail 11, agus íocfaidh sé as caiteachas a bhaineann leis an aistriúchán sin.
Riail 13
Coistí
1. Gan dochar do mhír 2 den Riail seo, beidh feidhm ag Rialacha 1 go 12 mutatis mutandis i leith na gcoistí.
2. Cuirfidh na Coistí an Chomhairle Comhpháirtíochta ar an eolas faoi sceidil agus cláir a gcruinnithe luath go leor roimh na cruinnithe sin, agus cuirfidh siad tuairisc faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta ar thorthaí agus ar chonclúidí gach ceann de na cruinnithe sin.
IARSCRÍBHINN 2
RÉAMHFHORÁLACHA MAIDIR LE RIALACHA TIONSCNAIMH TÁIRGESHONRACHA
NÓTA 1
Prionsabail ghinearálta
1. |
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na rialacha ginearálta maidir leis na ceanglais is infheidhme in Iarscríbhinn 3 dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 39(1) den Chomhaontú seo. |
2. |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinn 3, is iad na ceanglais le haghaidh táirge a bheith de thionscnamh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 39(1) den Chomhaontú seo, athrú ar aicmiú taraifí, próiseas táirgthe, luach nó meáchan uasta ábhar neamhthionscnaimh, nó aon cheanglas eile a shonraítear san Iarscríbhinn seo agus in Iarscríbhinn 3. |
3. |
Ciallaíonn tagairt do mheáchan i riail tionscnaimh táirgeshonracha an glanmheáchan, arb é meáchan ábhair nó táirge é, gan meáchan aon phacáistithe a áireamh. |
4. |
Tá an Iarscríbhinn seo agus Iarscríbhinn 3 bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe, arna leasú an 1 Eanáir 2017. |
NÓTA 2
Struchtúr liosta na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha
1. |
Léitear nótaí ar ranna nó ar Chaibidlí, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le rialacha tionscnaimh táirgeshonracha don roinn, Caibidil, ceannteideal nó fo-cheannteideal ábhartha. |
2. |
Tá feidhm ag gach riail tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach i gColún 2 d’Iarscríbhinn 3 maidir leis an táirge comhfhreagrach a léirítear i gColún 1 d’Iarscríbhinn 3. |
3. |
Má tá táirge faoi réir rialacha tionscnaimh táirgeshonracha malartacha, beidh an táirge de thionscnamh Páirtí má shásaíonn sé ceann de na roghanna malartacha. |
4. |
Má tá táirge faoi réir riail tionscnaimh táirgeshonracha lena n-áirítear ceanglais iolracha, beidh an táirge de thionscnamh Páirtí ach amháin má shásaíonn sé na ceanglais go léir. |
5. |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinn 3, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
6. |
Chun críocha na rialacha tionscnaimh atá sonrach ó thaobh an táirge de, beidh feidhm ag na giorrúcháin seo a leanas:
Ciallaíonn ‘CC'’táirgeadh ó aon ábhar neamhthionscnaimh de chuid aon Chaibidle, cé is moite den Chaibidil faoina bhfuil an táirge; ciallaíonn sin nach mór aon ábhar neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid as i dtáirgeadh an táirge a aicmiú faoi Chaibidil (leibhéal 2-dhigit an Chórais Chomhchuibhithe) nach í an Chaibidil í a bhfuil an táirge fúithi (i.e. athrú Caibidle); Ciallaíonn ‘CTH’ táirgeadh ó aon ábhar neamhthionscnaimh de chuid aon cheannteidil, cé is moite den cheannteideal faoina bhfuil an táirge; ciallaíonn sin nach mór aon ábhar neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid as i dtáirgeadh an táirge a aicmiú faoi cheannteideal (leibhéal 4-dhigit an Chórais Chomhchuibhithe) nach é an ceannteideal é a bhfuil an táirge faoi (i.e. athrú ceannteidil); Ciallaíonn ‘CTSH'’táirgeadh ó aon ábhar neamhthionscnaimh de chuid aon fho-cheannteidil, cé is moite den fho-cheannteideal faoina bhfuil an táirge; ciallaíonn sin nach mór aon ábhar neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid as i dtáirgeadh an táirge a aicmiú faoi fho-cheannteideal (leibhéal 6-dhigit an Chórais Chomhchuibhithe) nach é an fo-cheannteideal é a bhfuil an táirge faoi (i.e. athrú fo-cheannteidil). |
NÓTA 3
Cur i bhfeidhm na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha
1. |
Beidh feidhm ag Airteagal 39 den Chomhaontú seo maidir le táirgí a bhfuil stádas tionscnaimh faighte acu a mbaintear úsáid astu i dtáirgeadh táirgí eile is cuma ar baineadh an stádas sin amach laistigh den mhonarcha chéanna i bPáirtí ina mbaintear úsáid as na táirgí sin nó nár baineadh amach é. |
2. |
Mura n-áirítear i riail tionscnaimh táirgeshonrach ábhair neamhthionscnaimh áirithe nó má fhoráiltear leis nach sáróidh luach nó meáchan ábhair neamhthionscnaimh shonraithe tairseach shonrach, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha sin maidir le hábhair neamhthionscnaimh a aicmítear in aon áit eile sa Chóras Comhchuibhithe.
Sampla 1: nuair a éilítear leis an riail maidir le hollscartairí (HS fo-cheannteideal 8429.11): ‘CTH seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 84.31, níl úsáid a bhaint as ábhar neamhthionscnaimh a aicmítear in áit eile seachas 84.29 agus 84.31 – amhail scriúnna (HS ceannteideal 73.18), sreanga inslithe agus seoltóirí leictreacha (ceannteideal 85.44) agus leictreonaic éagsúil (Caibidil 85) – teoranta. Sampla 2: Nuair atá an riail maidir le ceannteideal 35.05 (eisliní agus stáirsí modhnaithe eile; gliúnna atá bunaithe ar stáirsí etc) ‘CTH seachas ó hábhair atá faoi cheannteideal neamhthionscnaimh 11.08’ ansin níl úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh atá aicmithe in áit eile seachas 1108 (stáirsí, ionúilin), amhail ábhair faoi Chaibidil 10 (arbhair), teoranta. |
3. |
Má fhoráiltear i riail tionscnaimh táirgeshonracha go dtáirgfear táirge ó ábhar ar leith, ní chuirfidh sé sin cosc ar úsáid a bhaint as ábhair eile nach bhfuil in ann an riail sin a shásamh de bharr a gcineáil gné dhílis. |
NÓTA 4
Uasluach ábhar neamhthionscnaimh a ríomh
Chun críocha na rialacha nós imeachta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘luach custaim’ an luach arna chinneadh i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le hAirteagal VII GATT 1994 a Chur Chun Feidhme; |
(b) |
ciallaíonn ‘EXW’ nó ‘praghas díreach ón monarcha’:
|
(c) |
Ciallaíonn ‘MaxNOM’ luach uasta na n-ábhar neamhthionscnaimh arna sloinneadh mar chéatadán agus déanfar é a ríomh de réir na foirmle seo a leanas: |
(d) |
Ciallaíonn ‘VNM’ luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid astu i dtáirgeadh an táirge arb é a luach custaim é tráth an allmhairithe lena n-áirítear lasta, árachas más iomchuí, pacáistiú agus gach costas eile a thabhaítear le linn na hábhair a iompar go dtí an calafort allmhairithe sa Pháirtí ina bhfuil táirgeoir an táirge suite; I gcás nach eol luach na n-ábhar neamhthionscnaimh agus nach féidir é a fhionnadh, úsáidfear céad phraghas infhionnta na n-ábhar neamhthionscnaimh san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe; Féadfar luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid astu i dtáirgeadh an táirge a ríomh ar bhonn na foirmle ualaithe meánluacha nó modh luachála fardail eile faoi phrionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo sa Pháirtí. |
NÓTA 5
Sainmhínithe ar phróisis dá dtagraítear i Roinn V go Roinn VII d’Iarscríbhinn 3
Chun críocha na rialacha nós imeachta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
Ciallaíonn ‘bithphróiseas’:
|
(b) |
ciallaíonn ‘athrú ar mhéid na gcáithníní’ modhnú ar mhéid cáithníní táirge d’aon ghnó agus é rialaithe, seachas trí bhrúscadh nó trí bhrú amháin, as a n-eascraíonn táirge ar a bhfuil méid na gcáithníní sainithe, dáileadh méide cáithníní sainithe nó achar dromchla sainithe, atá ábhartha maidir le críocha an táirge a thiocfaidh as agus ag a bhfuil saintréithe fisiceacha nó ceimiceacha nach ionann iad agus na hábhair ionchuir; |
(c) |
ciallaíonn ‘imoibriú ceimiceach’ próiseas (lena n-áirítear próiseáil bhithcheimiceach) as a dtagann móilín ag a bhfuil struchtúr nua de thoradh naisc ionmhóilíneacha a bhriseadh agus naisc nua ionmhóilíneacha a fhoirmiú, nó leagan amach spásúil na n-adamh i móilín a athrú, leis an méid seo a leanas mar eisceacht, nach meastar a bheith ina n-imoibrithe ceimiceacha chun críche an tsainmhínithe seo:
|
(d) |
ciallaíonn ‘driogadh’:
|
(e) |
ciallaíonn ‘scaradh isiméirí’ isiméirí a leithlisiú nó a scaradh ó mheascán isiméirí; |
(f) |
ciallaíonn ‘meascadh agus cumasc’ meascadh nó cumasc (lena n-áirítear scaipeadh) ábhar d’aon ghnó agus go comhréireach, seachas caolaitheoirí a chur leis, chun a bheith i gcomhréir le sonraíochtaí réamhchinntithe amháin as a dtagann táirgeadh táirge a bhfuil tréithe fisiceacha nó ceimiceacha aige atá ábhartha maidir le críocha nó úsáidí an táirge agus nach ionann iad agus na hábhair ionchuir; |
(g) |
ciallaíonn ‘táirgeadh ábhar caighdeánach’(lena n-áirítear tuaslagáin chaighdeánacha) táirgeadh ullmhóide atá oiriúnach d’úsáidí anailíseacha, calabrúcháin nó tagartha a bhfuil leibhéil bheachta íonachta nó cionmhaireachtaí aici arna ndeimhniú ag an táirgeoir; agus |
(h) |
ciallaíonn ‘íonú’ próiseas arb é is toradh air deireadh a chur le 80 % ar a laghad d’ábhar na n-eisíontas atá ann cheana nó deireadh a chur le heisíontais a bhfuil sé mar thoradh air é oiriúnach a bheith oiriúnach do cheann amháin nó níos mó de na feidhmeanna seo a leanas:
|
NÓTA 6
Sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear i Roinn XI d’Iarscríbhinn 3
Chun críocha na rialacha nós imeachta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘snáithíní stáplacha de dhéantús an duine’ barrach filiméadach sintéiseach nó saorga, snáithíní stáplacha nó dramhaíl, faoi cheannteidil 55.01 go 55.07; |
(b) |
ciallaíonn ‘snáithíní nádúrtha'’snáithíní seachas snáithíní sintéiseacha nó saorga, a bhfuil a n-úsáid teoranta do na céimeanna sula ndéantar an sníomh, lena n-áirítear dramhaíl, agus, mura sonraítear a mhalairt, áirítear leis snáithíní cardáilte, cíortha nó próiseáilte ar shlí eile, ach nach bhfuil sníofa; áirítear le ‘snáithíní nádúrtha'’ rón faoi cheannteideal 05.11, síoda faoi cheannteidil 50.02 agus 50.03, snáithíní olla agus fionnadh ainmhíoch mín nó garbh faoi cheannteidil 51.01 go 51.05, snáithíní cadáis faoi cheannteidil 52.01 go 52.03, agus snáithíní plandúla eile faoi cheannteidil 53.01 go 53.05; |
(c) |
ciallaíonn ‘clódóireacht’ teicníc lena ndéantar feidhm a mheastar go hoibiachtúil amhail dath, dearadh, feidhmíocht theicniúil, a thabhairt do shubstráit teicstíle ar dhóigh bhuan, ag úsáid teicnící scagphriontála, rollóra, digiteacha nó aistrithe; agus |
(d) |
ciallaíonn ‘clódóireacht (mar oibríocht neamhspleách)’ teicníc lena ndéantar feidhm a mheastar go hoibiachtúil amhail dath, dearadh, feidhmíocht theicniúil, a thabhairt do shubstráit teicstíle ar dhóigh bhuan, ag úsáid teicnící scagphriontála, rollóra, digiteacha nó aistrithe in éineacht le dhá oibríocht ullmhúcháin nó bhailchríche ar a laghad (amhail sciúradh, tuaradh, meirsiriú, socrú teasa, ardú, cleandráil, próiseáil friotaíochta craptha, bailchríochnú buan, coirteadh tirim, tuile, deisiú agus díshnaidhmiú, bearradh, barrloscadh, próiseas aerthriomaitheora, próiseas díshnámhaithe, muilleoireacht, gaile agus friotaíochta craptha, agus coirteadh), ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar neamhthionscnaimh uile, agus a mbaintear úsáid astu lena linn, ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
NÓTA 7
Lamháltais is infheidhme maidir le táirgí a bhfuil dhá ábhar teicstíle bhunúsacha nó níos mó iontu
1. |
Chun críocha an Nóta seo, is iad seo a leanas ábhair teicstíle bhunúsacha:
|
2. |
I gcás ina ndéantar tagairt don Nóta seo in Iarscríbhinn 3, ní bheidh feidhm, mar lamháltas, ag na ceanglais a leagtar amach i gColún 2 maidir le hábhair theicstíle bhunúsacha neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid astu i dtáirgeadh táirge, ar choinníoll:
Mar shampla: Le haghaidh fabraic olla atá faoi cheannteideal 51.12 ina bhfuil snáth olla atá faoi cheannteideal 51.07, snáth sintéiseach as snáithíní stáplacha atá faoi cheannteideal 55.09 agus ábhair seachas ábhair bhunúsacha teicstíle, snáth olla neamhthionscnaimh nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn 3, nó snáth sintéiseach neamhthionscnaimh nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn 3, nó teaglaim den dá rud, féadfar é a úsáid, ar choinníoll nach mó ná a meáchan iomlán ná 10 % de mheáchan na n-ábhar bunúsach teicstíle uile. |
3. |
D’ainneoin pointe (b) de mhír 2, is é 20 % an lamháltas uasta le haghaidh táirgí ina bhfuil ‘snáth atá déanta as polúireatán atá deighilte le deighleoga solúbtha poiléitir, bídís galúnaithe nó ná bídís’. Mar sin féin, ní bheidh céatadán na n-ábhar teicstíle bunúsach neamhthionscnaimh eile níos mó ná 10 %. |
4. |
D’ainneoin pointe (b) de mhír 2, is é 30 % an lamháltas uasta le haghaidh táirgí ina bhfuil ‘stiall ina bhfuil lár de scragall alúmanaim nó lár de scannán plaisteach gan beann ar é a bheith brataithe le púdar alúmanaim nó gan é a bheith brataithe, gan é níos mó ná 5 mm ar leithead, atá cisealaithe trí bhíthin greamacháin thrédhearcaigh nó daite idir dhá shraith de scannán plaisteach’. Mar sin féin, ní bheidh céatadán na n-ábhar teicstíle bunúsach neamhthionscnaimh eile níos mó ná 10 %. |
NÓTA 8
Lamháltais eile is infheidhme maidir le táirgí teicstíle áirithe
1. |
I gcás ina ndéantar tagairt don Nóta sin in Iarscríbhinn 3, féadfar ábhair theicstíle neamhthionscnaimh (seachas líneálacha agus idirlíneálacha) nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gColún 2 le haghaidh táirge teicstíle déanta suas a úsáid, ar choinníoll go n-aicmítear iad faoi cheannteideal nach ceannteideal an táirge é agus nach mó a luach ná 8 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
2. |
Féadfar ábhair neamhthionscnaimh nach bhfuil aicmithe i gCaibidlí 50 go 63 a úsáid gan srian i dtáirgeadh táirgí teicstíle a aicmítear faoi Chaibidlí 50 go 63, bíodh teicstílí iontu nó ná bíodh.
Mar shampla: Má fhoráiltear le ceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn 3, go n— úsáidfear snáth, le haghaidh ítime teicstíle áirithe (amhail bríste), ní chuireann sé sin cosc ar ítimí miotail neamhthionscnaimh (ar nós cnaipí) a úsáid toisc nach n-aicmítear ítimí miotail faoi Chaibidlí 50 go 63. Níl cosc, ar an gcúis chéanna, ar fháiscíní sleamhnáin a úsáid, cé go mbíonn teicstílí i bhfáiscíní sleamhnáin de ghnáth. |
3. |
I gcás ina leagtar amach in Iarscríbhinn 3 ceanglas ina bhfuil uasluach na n-ábhar neamhthionscnaimh, cuirfear luach na n-ábhar neamhthionscnaimh nach bhfuil aicmithe faoi Chaibidlí 50 go 63 san áireamh agus luach na n-ábhar neamhthionscnaimh á ríomh. |
NÓTA 9
Táirgí talmhaíochta
Táirgí talmhaíochta atá aicmithe faoi Roinn II den Chóras Comhchuibhithe agus faoi cheannteideal 24.01, táirgí a fhástar nó a bhuaintear i gcríoch Páirtí, is mar tháirgí de thionscnamh chríoch an Pháirtí sin a chaithfear leo, fiú má fhástar iad ó shíolta, bleibeanna, fréamhstoc, gearrthóga, cliatháin, beanguithe, péacáin, bachlóga nó codanna beo eile de phlandaí, a allmhairíodh ó thríú tír.
IARSCRÍBHINN 3
RIALACHA TIONSCNAIMH TÁIRGESHONRACHA
Colún 1 Córas Comhchuibhithe um Aicmiú (2017) lena n-áirítear tuairisc shonrach |
Colún 2 Rialacha tionscnaimh táirgeshonracha |
||||||||||
ROINN I |
AINMHITHE BEO; TÁIRGÍ Ó AINMHITHE |
||||||||||
Caibidil 1 |
Ainmhithe beo |
||||||||||
01.01-01.06 |
Tá na hainmhithe go léir atá faoi Chaibidil 1 faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 2 |
Feoil agus scairteach feola inite |
||||||||||
02.01-02.10 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidlí 2, 1 agus 2, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 3 |
Éisc agus crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh uisceacha eile |
||||||||||
03.01-03.08 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 3, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 4 |
Toradh déiríochta; uibheacha éan; mil nádúrtha; táirgí inite de thionscnamh ainmhíoch, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; táirgí inite de thionscnamh ainmhíoch, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile |
||||||||||
04.01-04.10 |
Táirgeadh:
|
||||||||||
Caibidil 5 |
Táirgí inite de thionscnamh ainmhíoch, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; |
||||||||||
05.01-05.11 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
ROINN II |
TÁIRGÍ PLANDÚLA |
||||||||||
Caibidil 6 |
Crainn bheo agus plandaí eile; bleibeanna, fréamhacha agus a leithéidí; bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach |
||||||||||
06.01-06.04 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 6, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 7 |
Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite |
||||||||||
07.01-07.14 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 7, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 8 |
Torthaí agus cnónna inite; craiceann torthaí citris nó mealbhacán |
||||||||||
08.01-08.14 |
Táirgeadh ina bhfuil:
|
||||||||||
Caibidil 9 |
Caife, tae, maité agus spíosraí |
||||||||||
09.01-09.10 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
Caibidil 10 |
Gránaigh |
||||||||||
10.01-10.08 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 10, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 11 |
Táirgí an tionscail muilleoireachta; braich; stáirsí; ionúilin; glútan cruithneachta |
||||||||||
11.01-11.09 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidlí 8, 10 agus 11, faoi cheannteidil 07.01, 07.14, 23.02 agus 23.03, agus faoi fho-cheannteideal 0710.10, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 12 |
Síolta ola agus torthaí olúla; grán, síolta agus torthaí ilghnéitheacha; plandaí tionsclaíocha nó íocshláinte; cochán agus farae |
||||||||||
12.01-12.14 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 13 |
Leaic; gumaí, roisíní agus súnna agus úisc glasraí eile |
||||||||||
13.01-13.02 |
Táirgeadh as ábhair neamhthionscnaimh faoi aon cheannteideal nach mó meáchan iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 17.01 agus 17.02 ná 20 % de mheáchan an táirge ann. |
||||||||||
Caibidil 14 |
Ábhair thrilsithe glasraí; táirgí glasraí nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile |
||||||||||
14.01-14.04 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
ROINN III |
SAILLTE AGUS OLAÍ AINMHÍOCHA NÓ PLANDÚLA AGUS A dTÁIRGÍ SCOILTE; SAILLTE INITE ULLMHAITHE; CÉARACHA AINMHÍOCHA NÓ PLANDÚLA |
||||||||||
Caibidil 15 |
Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla |
||||||||||
15.01-15.04 |
CTH |
||||||||||
15.05-15.06 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
15.07-15.08 |
CTSH |
||||||||||
15.09-15.10 |
Monarú ina bhfuil na hábhair glasraí uile a úsáidtear ann faighte go hiomlán |
||||||||||
15.11-15.15 |
CTSH |
||||||||||
15.16-15.17 |
CTH |
||||||||||
15.18-15.19 |
CTSH |
||||||||||
15.20 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
15.21-15.22 |
CTSH |
||||||||||
ROINN IV |
BIA-ÁBHAIR ULLMHAITHE; DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR; TOBAC AGUS IONADAIGH TOBAC MHONARAITHE |
||||||||||
Caibidil 16 |
Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile |
||||||||||
1601.00-1604.18 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidlí 1, 2, 3 agus 16, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán (1). |
||||||||||
1604.19 |
CC |
||||||||||
1604.20 |
|
||||||||||
|
CC |
||||||||||
|
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidlí 3 agus 16, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán (2). |
||||||||||
1604.31-1605.69 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidlí 2, 3 agus 16, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán |
||||||||||
Caibidil 17 |
Siúcraí agus milseoga siúcra; |
||||||||||
17.01 |
CTH |
||||||||||
17.02 |
CTH, ar choinníoll nach mó meáchan iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 11.01 go 11.08, 17.01 agus 17.03, a mbaintear úsáid astu ann, ná 20 % de mheáchan an táirge. |
||||||||||
17.03 |
CTH |
||||||||||
17.04 |
|
||||||||||
|
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
|
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
Caibidil 18 |
Cócó agus ullmhóidí cócó |
||||||||||
18.01-18.05 |
CTH |
||||||||||
1806.10 |
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
1806.20-1806.90 |
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
Caibidil 19 |
Ullmhóidí gránach, plúir, stáirse nó bainne; táirgí taosráin |
||||||||||
19.01-19.05 |
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
Caibidil 20 |
Ullmhóidí glasraí, torthaí, cnónna nó codanna eile de phlandaí |
||||||||||
20.01 |
CTH |
||||||||||
20.02-20.03 |
Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 7, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán. |
||||||||||
20.04-20.09 |
CTH, ar choinníoll nach mó meáchan na n-ábhar faoi cheannteidil 17.01 agus 17.02 a úsáideadh lena linn ná 40 % de mheáchan an táirge deiridh. |
||||||||||
Caibidil 21 |
Ullmhóidí inite ilghnéitheacha |
||||||||||
21.01-21.02 |
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
2103.10 2103.20 2103.90 |
mar sin féin, féadfar úsáid a bhaint as plúr mustaird nó min mhustaird nó mustard ullmhaithe neamhthionscnaimh. |
||||||||||
2103.30 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
21.04-21.06 |
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
Caibidil 22 |
Deochanna, biotáillí agus fínéagar |
||||||||||
22.01-22.06 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 22.07 go 22.08, ar choinníoll:
|
||||||||||
22.07 |
CTH seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 22.08, ar choinníoll go bhfaighfear ina n-iomláine na hábhair go léir atá faoi Chaibidil 10, fo-cheannteidil 0806.10, 2009.61 agus 2009.69 a úsáidtear. |
||||||||||
22.08-22.09 |
CTH seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 22.07 agus 22.08, ar choinníoll go bhfuil na hábhair uile faoi fho-cheannteidil 0806.10, 2009.61 agus 2009.69, agus a mbaintear úsáid astu ann, faighte go hiomlán. |
||||||||||
Caibidil 23 |
Iarmhair agus dramhaíl ó na tionscail bhia; farae ullmhaithe d’ainmhithe |
||||||||||
23.01 |
CTH |
||||||||||
2302.10-2303.10 |
CTH, nach mó meáchan na n-ábhar faoi Chaibidil 10 a úsáideadh lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh. |
||||||||||
2303.20-2308.00 |
CTH |
||||||||||
23.09 |
CTH, ar choinníoll:
|
||||||||||
Caibidil 24 |
Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe |
||||||||||
24.01 |
Táirgeadh ina bhfuil na hábhair uile faoi cheannteideal 24.01 faighte go hiomlán. |
||||||||||
2402.10 |
Táirgeadh ó ábhair neamhthionscnaimh faoi aon cheannteideal, ar choinníoll nach mó meáchan iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 24.01 a úsáideadh lena linn ná 30 % de mheáchan na n-ábhar faoi Chaibidil 24 a úsáideadh. |
||||||||||
2402.20 |
Táirgeadh as ábhair neamhthionscnaimh faoi aon cheannteideal, nach é ceannteideal an táirge é, agus nach tobac lena chaitheamh faoi fho-cheannteideal 2403.19 é, ina bhfuil ar a laghad 10 % de mheáchan na n-ábhar uile faoi cheannteideal 24.01, agus a mbaintear úsáid astu ann, faighte go hiomlán. |
||||||||||
2402.90 |
Táirgeadh ó ábhair neamhthionscnaimh faoi aon cheannteideal, ar choinníoll nach mó meáchan iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 24.01 a úsáideadh lena linn ná 30 % de mheáchan na n-ábhar faoi Chaibidil 24 a úsáideadh. |
||||||||||
24.03 |
CTH, ina bhfuil ar a laghad 10 % de mheáchan na n-ábhar uile faoi cheannteideal 24.01, agus a mbaintear úsáid astu ann, faighte go hiomlán. |
||||||||||
ROINN V |
TÁIRGÍ MIANRACHA Nóta faoin Roinn: Chun sainmhínithe ar rialacha cothrománacha próiseála a fháil laistigh den Roinn seo, féach Nóta 5 d’Iarscríbhinn 2 |
||||||||||
Caibidil 25 |
Salann; sulfar; ithreacha agus clocha; ábhair phlástrála, aol agus stroighin |
||||||||||
25.01-25.30 |
CTH; nó MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 26 |
Mianta, slaig agus luaith |
||||||||||
26.01-26.21 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 27 |
Breoslaí mianracha, olaí mianracha agus táirgí de thoradh a ndriogtha; substaintí biotúmanacha; céaracha mianracha |
||||||||||
27.01-27.09 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
27.10 |
CTH, seachas ó bhithdhíosal neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteideal 3824.99 nó 3826.00; nó déantar driogadh nó imoibriú ceimiceach, ar choinníoll go bhfuil bithdhíosal (lena n-áirítear ola glasraí hidreachóireáilte) faoi cheannteideal 27.10 agus faoi fho-cheannteidil 3824.99 agus 3826.00, agus a mbaintear úsáid as ann, faighte trí eistearúchán, trí thras-eistearúchán nó trí hidreachóireáil. |
||||||||||
27.11-27.15 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
ROINN VI |
TÁIRGÍ Ó NA TIONSCAIL CHEIMICEACHA NÓ Ó NA TIONSCAIL GHAOLMHARA Nóta faoin Roinn: Chun sainmhínithe ar rialacha cothrománacha próiseála a fháil laistigh den Roinn seo, féach Nóta 5 d’Iarscríbhinn 2 |
||||||||||
Caibidil 28 |
Ceimiceáin neamhorgánacha; comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha de mhiotail lómhara, de mhiotail tearc-chré, de dhúile radaighníomhacha nó d’iseatóip |
||||||||||
28.01-28.53 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 29 |
Ceimiceáin orgánacha |
||||||||||
2901.10-2905.42 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
2905.43-2905.44 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 17.02 agus faoi fho-cheannteideal 3824.60. |
||||||||||
2905.45 |
CTSH, mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon fho-cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
2905.49-2942 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 30 |
Táirgí cógaisíochta |
||||||||||
30.01-30.06 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 31 |
Leasacháin |
||||||||||
31.01-31.04 |
CTH, mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha nó MaxNOM 40 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
31.05 |
|
||||||||||
|
CTH, ach mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó MaxNOM 40 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
-Eile |
CTH, ach mar sin féin, féadfar úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal leis an táirge, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha, agus nach mó luach na n-ábhar neamhthionscnaimh uile, a mbaintear úsáid astu ann, ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha ann; nó MaxNOM 40 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 32 |
Eastóscáin súdaireachta nó ruaimneoireachta; tainniní agus a ndíorthaigh; ruaimeanna, líocha agus ábhair dhathúcháin eile; péinteanna agus vearnaisí; puití agus maisteoga eile; dúigh |
||||||||||
32.01-32.15 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 33 |
Blátholaí agus roisíneoidí; ullmhóidí cumhradóireachta, cosmaideacha nó maisíochta |
||||||||||
33.01 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
3302.10 |
CTH, mar sin féin, féadfar úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteideal 3302.10, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
3302.90 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
33.03 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
33.04 -33.07 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 34 |
Gallúnach, oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha, ullmhóidí níocháin, ullmhóidí bealaithe, céaracha saorga, céaracha sainullmhaithe, ullmhóidí snasúcháin nó sciúracháin, coinnle agus earraí dá samhail, taos múnlóireachta, 'déadchéaracha' agus ullmhóidí déidliachta de bhunús plástair |
||||||||||
34.01-34.07 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 35 |
Substaintí albaimineoideacha; stáirsí modhnaithe; gliúnna; einsímí |
||||||||||
35.01-35.04 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi Chaibidil 4. |
||||||||||
35.05 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 11.08. |
||||||||||
35.06-35.07 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 36 |
Pléascáin; táirgí piriteicniúla; lasáin; cóimhiotail phireafóracha; ullmhóidí indóite áirithe |
||||||||||
36.01-36.06 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 37 |
Earraí fótagrafacha nó cineamatagrafacha |
||||||||||
37.01-37.07 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 38 |
Táirgí ceimiceacha ilghnéitheacha |
||||||||||
38.01-38.08 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
3809.10 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 11.08 agus 35.05. |
||||||||||
3809.91-3822.00 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
38.23 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
3824.10-3824.50 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
3824.60 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteidil 2905.43 agus 2905.44. |
||||||||||
3824.71-3825.90 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
38.26 |
Táirgeadh ina bhfaightear bithdhíosal trí thras-eistearúchán, trí eistearúchán nó trí hidreachóireáil. |
||||||||||
ROINN VII |
PLAISTIGH AGUS EARRAÍ DÍOBH; RUBAR AGUS EARRAÍ DÍOBH Nótaí faoin Roinn: Chun sainmhínithe ar rialacha cothrománacha próiseála a fháil laistigh den Roinn seo, féach Nóta 5 d’Iarscríbhinn 2 |
||||||||||
Caibidil 39 |
Plaistigh agus earraí díobh |
||||||||||
39.01-39.15 |
CTSH; Déantar imoibriú ceimiceach, íonú, meascadh agus cumasc, táirgeadh ábhar caighdeánach, athrú ar mhéid na gcáithníní, scaradh isiméirí, nó bithphróiseáil; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
39.16-39.19 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
39.20 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
39.21-39.22 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
3923.10-3923.50 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
3923.90-3925.90 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
39.26 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 40 |
Rubar agus earraí díobh |
||||||||||
40.01-40.11 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
4012.11-4012.19 |
CTSH; nó Atráchtadh bonn caite |
||||||||||
4012.20-4017.00 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN VIII |
SEITHÍ AGUS CRAICNE AMHA, LEATHAR, FIONNADHSHEITHÍ AGUS NITHE ASTU; DIALLATRA AGUS ÚMACHA; EARRAÍ TAISTIL, MÁLAÍ LÁIMHE AGUS COIMEÁDÁIN DÁ SAMHAIL; NITHE DÉANTA AS INNE AINMHITHE (SEACHAS INNE SEIRICEÁIN) |
||||||||||
Caibidil 41 |
Seithí agus craicne amha (seachas craicne fionnaidh) agus leathar; |
||||||||||
41.01-4104.19 |
CTH |
||||||||||
4104.41-4104.49 |
CTSH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh atá faoi cheannteidil 4104.41 go 4104.49. |
||||||||||
4105.10 |
CTH |
||||||||||
4105.30 |
CTSH |
||||||||||
4106.21 |
CTH |
||||||||||
4106.22 |
CTSH |
||||||||||
4106.31 |
CTH |
||||||||||
4106.32-4106.40 |
CTSH |
||||||||||
4106.91 |
CTH |
||||||||||
4106.92 |
CTSH |
||||||||||
41.07-41.13 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteidil 4104.41, 4104.49, 4105.30, 4106.22, 4106.32 agus 4106.92. Féadfar úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteidil 4104.41, 4104.49, 4105.30, 4106.22, 4106.32 nó 4106.92, áfach, ar choinníoll go ndéantar oibríocht athshúdaireachta orthu. |
||||||||||
4114.10 |
CTH |
||||||||||
4114.20 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteidil 4104.41, 4104.49, 4105.30, 4106.22, 4106.32, 4106.92 agus 4107; Féadfar úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteidil 4104.41, 4104.49, 4105.30, 4106.22, 4106.32, 4106.92 agus 41.07, áfach, ar choinníoll go ndéantar oibríocht athshúdaireachta orthu. |
||||||||||
41.15 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 42 |
Earraí leathair; diallatra agus úmacha; earraí taistil, málaí láimhe agus coimeádáin dá samhail; nithe déanta as inne ainmhithe (seachas inne seiriceáin) |
||||||||||
42.01-42.06 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 43 |
Craicne fionnaidh agus fionnadh saorga; earraí atá monaraithe astu |
||||||||||
4301.10-4302.20 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
4302.30 |
CTSH |
||||||||||
43.03-43.04 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN IX |
ADHMAD AGUS EARRAÍ ADHMAID; FIOGHUAL; CORC AGUS EARRAÍ COIRC; DÉANTÁIN (EARRAÍ MONARAITHE) DE CHOCHÁN, D’EASPARTÓ NÓ D’ÁBHAIR DUALAITHE EILE; CIS-EARRAÍ AGUS EARRAÍ CAOLADÓIREACHTA |
||||||||||
Caibidil 44 |
Adhmad agus earraí adhmaid; fioghual |
||||||||||
44.01-44.21 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 45 |
Corc agus earraí coirc |
||||||||||
45.01-45.04 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 46 |
Déantáin de chochán, d’easpartó nó d’ábhair dualaithe eile; cis-earraí agus earraí caoladóireachta |
||||||||||
46.01-46.02 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN X |
LAÍON ADHMAID NÓ ÁBHAIR SHNÁITHÍNEACHA CHEALLALÓSACHA EILE; PÁIPÉAR ATHSHLÁNAITHE NÓ CAIRTCHLÁR ATHSHLÁNAITHE (ATÁ DÉANTA AS DRAMHAÍL AGUS FUÍOLL); PÁIPÉAR AGUS CAIRTCHLÁR AGUS NITHE DÉANTA ASTU |
||||||||||
Caibidil 47 |
Laíon adhmaid nó ábhair shnáithíneacha cheallalósacha eile; páipéar athshlánaithe nó cairtchlár athshlánaithe (dramhaíl agus fuíoll) |
||||||||||
47.01-47.07 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 48 |
Páipéar agus cairtchlár; nithe atá déanta as laíon páipéir, as páipéar nó as cairtchlár |
||||||||||
48.01-48.23 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 49 |
Leabhair chlóite, nuachtáin, pictiúir agus táirgí eile de chuid na tionsclaíochta; clódóireachta; lámhscríbhinní, clóscríbhinní agus pleananna |
||||||||||
49.01-49.11 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XI |
TEICSTÍLÍ AGUS NITHE TEICSTÍLE Nóta roinne: Chun sainmhínithe ar théarmaí a mbaintear úsáid astu maidir le lamháltais is infheidhme maidir le táirgí áirithe atá déanta as ábhair theicstíle, féach Nótaí 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn 2 |
||||||||||
Caibidil 50 |
Síoda |
||||||||||
50.01-50.02 |
CTH |
||||||||||
50.03 |
|
||||||||||
|
Dramhshíoda a chardáil nó a chíoradh |
||||||||||
|
CTH |
||||||||||
50.04-50.05 |
Sníomh snáithíní nádúrtha Easbhrú snátha filiméid leanúnaigh de dhéantús an duine maille le sníomh Easbhrú snátha filiméid leanúnaigh de dhéantús an duine maille le casadh nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil |
||||||||||
50.06 |
|
||||||||||
|
Sníomh snáithíní nádúrtha Easbhrú snátha filiméid leanúnaigh de dhéantús an duine maille le sníomh Easbhrú snátha filiméid leanúnaigh de dhéantús an duine maille le casadh nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil |
||||||||||
|
CTH |
||||||||||
50.07 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Casadh nó aon oibríocht mheicniúil maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 51 |
Olann, fionnadh ainmhíoch mín nó garbh; snáth róin agus fabraic fhite |
||||||||||
51.01-51.05 |
CTH |
||||||||||
51.06-51.10 |
Sníomh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
51.11-51.13 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 52 |
Cadás |
||||||||||
52.01-52.03 |
CTH |
||||||||||
52.04-52.07 |
Sníomh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
52.08-52.12 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Casadh nó aon oibríocht mheicniúil maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó bratú nó lannú; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 53 |
Snáithíní teicstíle plandúla eile; snáth páipéir agus fabraicí fite de shnáth páipéir |
||||||||||
53.01-53.05 |
CTH |
||||||||||
53.06-53.08 |
Sníomh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
53.09-53.11 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó bratú nó lannú; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 54 |
Filiméid de dhéantús an duine; stiallacha agus a leithéidí, d’ábhair theicstíle de dhéantús an duine |
||||||||||
54.01-54.06 |
Sníomh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
54.07-54.08 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó bratú nó lannú; Casadh nó aon oibríocht mheicniúil maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 55 |
Snáithíní stáplacha de dhéantús an duine |
||||||||||
55.01-55.07 |
Easbhrú snáithíní filiméid de dhéantús an duine. |
||||||||||
55.08-55.11 |
Sníomh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
55.12-55.16 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Casadh nó aon oibríocht mheicniúil maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó bratú nó lannú; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 56 |
Flocas, feilt agus ábhair neamhfhite; snáth speisialta; sreangán, téadra, rópaí agus cáblaí agus earraí díobh |
||||||||||
56.01 |
Sníomh nó nascadh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh nó nascadh; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; nó Bratú, flocasú, lannú nó miotalú maille le dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche ar a laghad (amhail cleandráil, próiseáil craptha friotaíochta, socrú teasa, bailchríochnú buan) ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar uile a úsáideadh lena linn ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
56.02 |
|
||||||||||
|
Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le déanamh fabraice,
|
||||||||||
|
Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le déanamh fabraice, nó Fabraic neamhfhite amháin i gcás feilt de dhéantús snáithíní nádúrtha |
||||||||||
5603.11-5603.14 |
Táirgeadh as
|
||||||||||
560391-5603.94 |
Táirgeadh as
|
||||||||||
5604.10 |
Monarú as snáithe nó corda rubair, nach bhfuil clúdaithe le teicstíl. |
||||||||||
5604.90 |
Sníomh snáithíní nádúrtha; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
56.05 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; nó Casadh maille le haon oibríocht mheicniúil. |
||||||||||
56.06 |
Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh; Casadh maille le galúnú; Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine; nó Flocas a chur ar ábhar maille le ruaimniú. |
||||||||||
56.07-56.09 |
Sníomh snáithíní nádúrtha nó Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le sníomh |
||||||||||
Caibidil 57 |
Cairpéid agus clúdaigh urláir theicstíle eile Nóta caibidle: Féadfar úsáid a bhaint as fabraic neamhthionscnaimh shiúite mar thaca le haghaidh táirgí den Chaibidil seo. |
||||||||||
57.01-57.05 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Monarú as snáth coighre nó snáth sisil, nó snáth siúite nó snáth vioscósach arna shníomh ar fháinne clasaiceach; Caitíniú maille le ruaimniú nó le clódóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; nó Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le teicnící neamhfhite lena n-áirítear puinseáil le snáthaid. |
||||||||||
Caibidil 58 |
Fabraicí fite speisialta; fabraicí teicstíle stothacha; lása; taipéisí; ciumhsóga; earraí bróidnéireachta |
||||||||||
58.01-58.04 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó le flocasú nó le bratú nó le lannú nó le miotalú; Caitíniú maille le ruaimniú nó le clódóireacht; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
58.05 |
CTH |
||||||||||
58.06-58.09 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó le flocasú nó le bratú nó le lannú nó le miotalú; Caitíniú maille le ruaimniú nó le clódóireacht; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
58.10 |
Bróidnéireacht nach bhfuil luach ábhar neamhthionscnaimh faoi aon cheannteideal, seachas ceannteideal an táirge, a úsáideadh lena linn níos mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
58.11 |
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht nó le caitíniú; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó le flocasú nó le bratú nó le lannú nó le miotalú; Caitíniú maille le ruaimniú nó le clódóireacht; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
Caibidil 59 |
Fabraicí teicstíle atá tuilte, brataithe, clúdaithe nó lannaithe; earraí teicstíle de chineál atá oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch |
||||||||||
59.01 |
Fíodóireacht maille le ruaimniú nó le flocasú nó le bratú nó le lannú nó le miotalú; nó Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil. |
||||||||||
59.02 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht. |
||||||||||
|
Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le fíodóireacht. |
||||||||||
59.03 |
Fíodóireacht, cniotáil nó cróiseáil maille le tuile nó le bratú nó le clúdach nó le lannú nó le miotalú; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
59.04 |
Féiliriú maille le ruaimniú, bratú, lannú nó miotalú. Is féidir fabraic shiúite neamhthionscnaimh a úsáid mar thaca; nó Fíodóireacht maille le ruaimniú nó le flocasú nó le bratú nó le lannú nó le miotalú Is féidir fabraic shiúite neamhthionscnaimh a úsáid mar thaca. |
||||||||||
59.05 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht, cniotáil nó foirmiú fabraice neamhfhite maille le tuile nó le bratú nó le clúdach nó le lannú nó le miotalú. |
||||||||||
|
Sníomh snáithíní nádúrtha nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Fíodóireacht, cniotáil nó foirmiú fabraice neamhfhite maille le ruaimniú nó le clódóireacht nó le lannú; Fíodóireacht maille le clódóireacht; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
59.06 |
|
||||||||||
|
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le cniotáil nó cróiseáil; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le cniotáil nó le cróiseáil; Cniotáil nó cróiseáil maille le rubarú; nó Rubarú maille le dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche eile ar a laghad (amhail cleandráil, próiseáil friotaíochta craptha, socrú teasa, bailchríochnú buan) ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar neamhthionscnaimh uile a úsáideadh lena linn ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le fíodóireacht. |
||||||||||
|
Fíodóireacht, cniotáil nó próiseas neamhfhite maille le ruaimniú nó le bratú nó le rubarú; Ruaimniú snátha maille le fíodóireacht, cniotáil nó próiseas neamhfhite; nó Rubarú maille le dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche eile ar a laghad (amhail cleandráil, próiseáil friotaíochta craptha, socrú teasa, bailchríochnú buan) ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar neamhthionscnaimh uile a úsáideadh lena linn ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
59.07 |
Fíodóireacht nó cniotáil nó foirmiú fabraice neamhfhite maille le ruaimniú nó le clódóireacht nó le bratú nó le tuile nó le clúdach; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; nó Clódóireacht (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
59.08 |
|
||||||||||
|
Táirgeadh as fabraic fheadánach chniotáilte nó cróiseáilte chochaill gáis. |
||||||||||
|
CTH |
||||||||||
59.09-59.11 |
Sníomh snáithíní nádúrtha nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine maille le fíodóireacht; Fíodóireacht maille le ruaimniú nó bratú nó lannú; nó Bratú, flocasú, lannú nó miotalú maille le dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche ar a laghad (amhail cleandráil, próiseáil craptha friotaíochta, socrú teasa, bailchríochnú buan) ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar neamhthionscnaimh uile a úsáideadh lena linn ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
Caibidil 60 |
Fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte |
||||||||||
60.01-60.06 |
Sníomh snáithíní nádúrtha nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le cniotáil nó cróiseáil; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le cniotáil nó le cróiseáil; Cniotáil/cróiseáil maille le ruaimniú nó le flocasú nó le bratú nó le lannú nó le clódóireacht; Flocasú maille le ruaimniú nó le priontáil; Ruaimniú snátha maille le cniotáil nó le cróiseáil; Casadh nó uigeachtú maille le cniotáil/cróiseáil ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhchasta nó neamhuigeach neamhthionscnaimh a úsáideadh lena linn ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
Caibidil 61 |
Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, iad cniotáilte nó cróiseáilte |
||||||||||
61.01-61.17 |
|
||||||||||
|
Cniotáil nó cróiseáil maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
|
Sníomh snáithíní nádúrtha agus/nó snáithíní stáplacha de dhéantús an duine maille le cniotáil nó cróiseáil; Easbhrú snátha filiméid de dhéantús an duine maille le cniotáil nó le cróiseáil; nó Cniotáil agus cur le chéile in aon oibríocht amháin. |
||||||||||
Caibidil 62 |
Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, gan chniotáil ná chróiseáil |
||||||||||
62.01 |
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.02 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.03 |
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.04 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.05 |
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.06 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.07-62.08 |
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.09 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.10 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Bratú nó lannú maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice, ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh neamhbhrataithe nó neamhlannaithe, agus a mbaintear úsáid astu ann, ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.11 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.12 |
|
||||||||||
|
Cniotáil maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.13-62.14 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.15 |
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.16 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Bratú nó lannú maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice, ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh neamhbhrataithe nó neamhlannaithe, agus a mbaintear úsáid astu ann, ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
62.17 |
|
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; Monarú as fabraic gan bhróidniú ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú a úsáideadh lena linn ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó Cur le chéile lena n-áirítear an fhabraic a ghearradh tar éis chéim na clódóireachta (a dhéantar mar oibríocht neamhspleách). |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Bratú nó lannú maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice, ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh neamhbhrataithe nó neamhlannaithe, agus a mbaintear úsáid astu ann, ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
CTH, ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar neamhthionscnaimh uile, agus a mbaintear úsáid astu ann, ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
Caibidil 63 |
Earraí teicstíle cóirithe eile; tacair; éadaí caite agus earraí teicstíle caite; ceirteacha |
||||||||||
63.01-63.04 |
|
||||||||||
|
Foirmiú fabraice neamhfhite maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
|
Fíodóireacht nó cniotáil/cróiseáil maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice; nó Táirgeadh as fabraic gan bhróidniú (seachas fabraic chniotáilte nó chróiseáilte), ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhthionscnaimh gan bhróidniú, agus a mbaintear úsáid aisti lena linn, ná 40 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
Cniotáil nó cróiseáil maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
63.05 |
Easbhrú snáithíní de dhéantús an duine nó sníomh snáithíní nádúrtha nó snáithíní de dhéantús an duine, maille le fíodóireacht agus le cniotáil agus le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
63.06 |
|
||||||||||
|
Foirmiú fabraice neamhfhite maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
|
Fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. |
||||||||||
63.07 |
MaxNOM 40 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
63.08 |
omhlíonfaidh gach ítim sa tacar an riail a mbeadh feidhm aici maidir léi mura n-áireofaí sa tacar í, ar choinníoll gur féidir earraí neamhthionscnaimh a ionchorprú, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 15 % de phraghas an tacair díreach ón monarcha. |
||||||||||
63.09-63.10 |
CTH |
||||||||||
ROINN XII |
SCÁTHANNA FEARTHAINNE AGUS SCÁTHANNA GRÉINE, BATAÍ SIÚIL, BATAÍ SUÍOCHÁIN, FUIPEANNA, FUIPEANNA MARCAÍOCHTA AGUS CODANNA DÍOBH SIN; CLEITÍ ULLMHAITHE AGUS EARRAÍ A DHÉANTAR LEO SIN; BLÁTHANNA SAORGA; EARRAÍ Ó GHRUAIG DHAONNA |
||||||||||
Caibidil 64 |
Coisbhearta, loirgneáin agus a leithéidí; comhpháirteanna de na hearraí sin |
||||||||||
64.01-64.05 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal, seachas as cóimeálacha d’uachtair atá greamaithe de bhoinn istigh nó de chomhpháirteanna eile de bhoinn atá faoi cheannteideal 64.06. |
||||||||||
64.06 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 65 |
Ceannbhearta agus páirteanna díobh |
||||||||||
65.01-65.07 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 66 |
Scáthanna fearthainne, scáthanna gréine, bataí siúil, bataí suíocháin, fuipeanna, fuipeanna marcaíochta agus páirteanna díobh |
||||||||||
66.01-66.03 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 67 |
Cleití agus clúmh ullmhaithe agus earraí déanta de chleití nó de chlúmh; bláthanna saorga; earraí ó ghruaig dhaonna |
||||||||||
67.01-67.04 |
CTH |
||||||||||
ROINN XIII |
EARRAÍ CLOICHE, PLÁSTAIR, STROIGHNE, AISPEISTE, MÍOCA NÓ ÁBHAIR CHOMHCHOSÚLA; TÁIRGÍ CEIRMEACHA; GLOINE AGUS EARRAÍ GLOINE |
||||||||||
Caibidil 68 |
Earraí cloiche, plástair, stroighne, aispeiste, míoca nó ábhar comhchosúil |
||||||||||
68.01-68.15 |
CTH; nó MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 69 |
Táirgí ceirmeacha |
||||||||||
69.01-69.14 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 70 |
Gloine agus earraí gloine |
||||||||||
70.01-70.09 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
70.10 |
CTH |
||||||||||
70.11 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
70.13 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 70.10. |
||||||||||
70.14-70.20 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XIV |
PÉARLAÍ NÁDÚRTHA NÓ SAOTHRAITHE, CLOCHA LÓMHARA NÓ LEATHLÓMHARA, MIOTAIL LÓMHARA, MIOTAIL CUMHDAITHE LE MIOTAIL LÓMHARA, AGUS EARRAÍ DÍOBH; SEODRA BRÉIGE; BOINN AIRGID |
||||||||||
Caibidil 71 |
Péarlaí nádúrtha nó saothraithe, clocha lómhara nó leathlómhara, miotail lómhara, miotail cumhdaithe le miotail lómhara, agus earraí díobh; seodra bréige; mona |
||||||||||
71.01-71.05 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
71.06 |
|
||||||||||
|
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 71.06, 71.08 agus 71.10; Deighilt leictrealaíoch, theirmeach nó cheimiceach miotal lómhar neamhthionscnaimh faoi cheannteidil Uimh. 71.06, 71.08 nó 71.10; nó miotail lómhara neamhthionscnaimh a chomhleá nó a chóimhiotalú faoi cheannteidil 71.06, 71.08 nó 71.10 lena chéile nó le táirmhiotail nó le híonú. |
||||||||||
|
Táirgeadh as miotail lómhara neamhshaoirsithe neamhthionscnaimh. |
||||||||||
71.07 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
71.08 |
|
||||||||||
|
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 71.06, 71.08 agus 71.10; Deighilt leictrealaíoch, theirmeach nó cheimiceach miotal lómhar neamhthionscnaimh faoi cheannteidil Uimh. 71.06, 71.08 nó 71.10; nó miotail lómhara neamhthionscnaimh a chomhleá nó a chóimhiotalú faoi cheannteidil 71.06, 71.08 nó 71.10 lena chéile nó le táirmhiotail nó le híonú. |
||||||||||
|
Táirgeadh as miotail lómhara neamhshaoirsithe neamhthionscnaimh. |
||||||||||
71.09 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
71.10 |
|
||||||||||
|
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 71.06, 71.08 agus 71.10; Deighilt leictrealaíoch, theirmeach nó cheimiceach miotal lómhar neamhthionscnaimh faoi cheannteidil Uimh. 71.06, 71.08 nó 71.10; nó miotail lómhara neamhthionscnaimh a chomhleá nó a chóimhiotalú faoi cheannteidil 71.06, 71.08 nó 71.10 lena chéile nó le táirmhiotail nó le híonú. |
||||||||||
|
Táirgeadh as miotail lómhara neamhshaoirsithe neamhthionscnaimh. |
||||||||||
71.11 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
71.12-71.18 |
CTH |
||||||||||
ROINN XV |
TÁIRMHIOTAIL AGUS EARRAÍ TÁIRMHIOTAIL |
||||||||||
Caibidil 72 |
Iarann agus Cruach |
||||||||||
72.01-72.06 |
CTH |
||||||||||
72.07 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 72.06. |
||||||||||
72.08-72.17 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 72.08 go 72.17. |
||||||||||
72.18 |
CTH |
||||||||||
72.19-72.23 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 72.19 go 72.23. |
||||||||||
72.24 |
CTH |
||||||||||
72.25-72.29 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 72.25 go 72.29. |
||||||||||
Caibidil 73 |
Earraí iarainn nó cruach |
||||||||||
7301.10 |
CC, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh atá faoi cheannteidil 72.08 go 72.17. |
||||||||||
7301.20 |
CTH |
||||||||||
73.02 |
CC, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh atá faoi cheannteidil 72.08 go 72.17. |
||||||||||
73.03 |
CTH |
||||||||||
73.04-73.06 |
CC, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh atá faoi cheannteidil 72.13 go 72.17, 72.21 go 72.23 agus 72.25 go 72.29. |
||||||||||
73.07 |
|
||||||||||
|
CTH, seachas ó chrotáin gaibhnithe neamhthionscnaimh; mar sin féin, féadfar crotáin ghaibhnithe neamhthionscnaimh a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
|
CTH |
||||||||||
73.08 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteidil 7301.20. |
||||||||||
7309.00-7315.19 |
CTH |
||||||||||
7315.20 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
7315.81-7326.90 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 74 |
Copar agus earraí déanta as chopar |
||||||||||
74.01-74.02 |
CTH |
||||||||||
74.03 |
Monarú as ábhair [neamhthionscnaimh] atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
74.04-74.07 |
CTH |
||||||||||
74.08 |
CTH agus MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
74.09-74.19 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 75 |
Nicil agus earraí déanta as nicil |
||||||||||
75.01 |
CTH |
||||||||||
75.02 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal |
||||||||||
75.03-75.08 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 76 |
Alúmanam agus earraí déanta as alúmanam |
||||||||||
76.01 |
CTH agus MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). nó Cóireáil theirmeach nó leictrealaíoch ó alúmanam nó dramhaíl neamh-chóimhiotalach agus fuíoll alúmanaim. |
||||||||||
76.02 |
CTH |
||||||||||
76.03-76.16 |
CTH agus MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha) (3). |
||||||||||
Caibidil 78 |
Luaidhe agus earraí déanta as luaidhe |
||||||||||
7801.10 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
7801.91-7806.00 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 79 |
Sinc agus earraí déanta as sinc |
||||||||||
79.01-79.07 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 80 |
Stán agus earraí déanta as stán |
||||||||||
80.01-80.07 |
CTH |
||||||||||
Caibidil 81 |
Táirmhiotail eile; ceirméid; earraí díobh |
||||||||||
81.01-81.13 |
Monarú as ábhair neamhthionscnaimh atá faoi aon cheannteideal. |
||||||||||
Caibidil 82 |
Uirlisí, acraí, sceanra, spúnóga agus foirc, iad déanta as táirmhiotal; codanna díobh, iad déanta as táirmhiotal |
||||||||||
8201.10-8205.70 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8205.90 |
CTH, mar sin féin, féadfar úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh faoi fho-cheannteideal 82.05, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 15 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha. |
||||||||||
82.06 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 82.02 go 82.05; mar sin féin, féadfar uirlisí neamhthionscnaimh faoi cheannteidil 82.02 go 82.05 a ionchorprú isteach sa tacar, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 15 % de phraghas an tacair díreach ón monarcha. |
||||||||||
82.07-82.15 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 83 |
Earraí ilghnéitheacha as táirmhiotal |
||||||||||
83.01-83.11 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XVI |
INNEALRA AGUS FEARAS MEICNIÚIL; TREALAMH LEICTREACH; PAIRTEANNA DÍOBH SIN; TAIFEADÁIN AGUS ATÁIRGEOIRÍ FUAIME, TAIFEADÁIN ATÁIRGEOIRÍ ÍOMHÁ AGUS FUAIME TEILIFÍSE, AGUS PÁIRTEANNA AGUS GABHÁLAIS DEN SÓRT SIN EARRAÍ |
||||||||||
Caibidil 84 |
Imoibreoirí núicléacha, coirí, innealra agus fearais mheicniúla; páirteanna díobh |
||||||||||
84.01-84.06 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.07-84.08 |
MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.09-84.12 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8413.11-8415.10 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8415.20 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8415.81-8415.90 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.16-84.20 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.21 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.22-84.24 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.25-84.30 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 84.31; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.31-84.43 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.44-84.47 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 84.48; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.48-84.55 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.56-84.65 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 84.66; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.66-84.68 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.70-84.72 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 84.73; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.73-84.78 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8479.10-8479.40 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8479.50 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8479.60-8479.82 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8479.89 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8479.90 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.80 |
CTH; Nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.81 |
CTSH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
84.82-84.87 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 85 |
Innealra agus trealamh leictreach agus páirteanna díobh; taifeadáin agus atáirgeoirí fuaime, taifeadáin agus atáirgeoirí íomhánna agus fuaime teilifíse, agus páirteanna d’earraí den sórt sin agus gabhálais díobh |
||||||||||
85.01-85.02 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 85.03; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.03-85.06 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.07 |
|
||||||||||
|
CTH seachas ábhair chatóid ghníomhacha neamhthionscnaimh; Nó MaxNOM 30 % (Praghas díreach ón monarcha) (4). |
||||||||||
|
CTH seachas ábhair chatóid ghníomhacha neamhthionscnaimh; Nó MaxNOM 35 % (Praghas díreach ón monarcha) (5) |
||||||||||
|
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.08-85.18 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.19-85.21 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 85.22; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.22-85.23 |
CTH; Nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.25-85.27 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 85.29; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.28-85.34 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.35-85.37 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 85.38; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8538.10-8541.90 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8542.31-8542.39 |
CTH; Go rachfar i mbun scaipeadh ar ábhair neamhthionscnaimh; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
8542.90-8543.90 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
85.44-85.48 |
MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XVII |
FEITHICLÍ, AERÁRTHAÍ, SOITHÍ AGUS TREALAMH IOMPAIR GAOLMHAR |
||||||||||
Caibidil 86 |
Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc agus páirteanna díobh; daingneáin riain iarnróid nó trambhealaigh agus feistis agus páirteanna díobh; trealamh comharthaíochta tráchta meicniúil de gach cineál (lena n-áirítear leictrimheicniúil) |
||||||||||
86.01-86.09 |
CTH, seachas ó ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 86.07; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 87 |
Feithiclí seachas rothstoc iarnróid nó trambhealaigh, agus páirteanna agus gabhálais díobh |
||||||||||
87.01 |
MaxNOM 45 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
87.02-87.04 |
|
||||||||||
|
Ní mór go mbeidh MaxNOM 45 % (Praghas díreach ón monarcha) agus pacáistí ceallraí atá faoi cheannteideal 85.07 de chineál a úsáidtear mar phríomhfhoinse cumhachta leictrí chun an fheithicil a thiomáint de thionscnamh (6). |
||||||||||
|
MaxNOM 45 % (Praghas díreach ón monarcha) (7). |
||||||||||
87.05-87.07 |
MaxNOM 45 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
87.08-87.11 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
87.12 |
MaxNOM 45 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
87.13-87.16 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 88 |
Aerárthaí, spásárthaí, agus páirteanna díobh |
||||||||||
88.01-88.05 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 89 |
Longa, báid agus déanmhais snámha |
||||||||||
89.01-89.08 |
CC; nó MaxNOM 40 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XVIII |
IONSTRAIMÍ AGUS GAIRIS OPTÚLA, FHÓTAGRAFACHA, CHINEAMATAGRAFACHA, TOMHAIS, SEICEÁLA, BHEACHT-TOMHAIS, LEIGHIS NÓ MHÁINLIACHTA; CLOIG AGUS UAIREADÓIRÍ; GLÉASANNA CEOIL; PÁIRTEANNA AGUS GABHÁLAIS DÍOBH SIN |
||||||||||
Caibidil 90 |
Ionstraimí agus gairis optúla, fhótagrafacha, chineamatagrafacha, tomhais, seiceála, bheacht-tomhais, leighis nó mháinliachta; páirteanna agus gabhálais díobh sin |
||||||||||
9001.10-9001.40 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
9001.50 |
TH; An lionsa leathchríochnaithe a dhromchlú chun lionsaí ceartaithe optúla a dhéanamh díobh, ar lionsaí iad atá beartaithe le feistiú ar phéire spéaclaí; Bratú na lionsa trí chóireálacha iomchuí chun an radharc a fheabhsú agus chun cosaint an té a chaitheann a áirithiú; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
9001.90-9033.00 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 91 |
Cloig agus uaireadóirí agus páirteanna díobh |
||||||||||
91.01-91.14 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 92 |
Gléasanna ceoil; páirteanna agus gabhálais d’earraí den sórt sin |
||||||||||
92.01-92.09 |
MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XIX |
AIRM AGUS ARMLÓN; PÁIRTEANNA AGUS GABHÁLAIS DÍOBH SIN |
||||||||||
Caibidil 93 |
Airm agus armlón; páirteanna agus gabhálais díobh sin |
||||||||||
93.01-93.07 |
MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XX |
EARRAÍ MONARAITHE ILGHNÉITHEACHA |
||||||||||
Caibidil 94 |
Troscán; Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta dá samhail; lampaí agus feistis soilse, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; foirgnimh réamhdhéanta |
||||||||||
94.01-94.06 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 95 |
Bréagáin, cluichí agus gairis spóirt; páirteanna agus gabhálais díobh sin |
||||||||||
95.03-95.08 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
Caibidil 96 |
Earraí monaraithe ilghnéitheacha |
||||||||||
96.01-96.04 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
96.05 |
Comhlíonfaidh gach ítim sa tacar an riail a mbeadh feidhm aici maidir léi mura n-áireofaí sa tacar í, ar choinníoll gur féidir earraí neamhthionscnaimh a ionchorprú, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 15 % de phraghas an tacair díreach ón monarcha . |
||||||||||
96.06-9608.40 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
9608.50 |
Comhlíonfaidh gach ítim sa tacar an riail a mbeadh feidhm aici maidir léi mura n-áireofaí sa tacar í, ar choinníoll gur féidir earraí neamhthionscnaimh a ionchorprú, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 15 % de de phraghas an tacair díreach ón monarcha. |
||||||||||
9608.60-96.20 |
CTH; nó MaxNOM 50 % (Praghas díreach ón monarcha). |
||||||||||
ROINN XXI |
SAOTHAIR EALAÍNE, EARRAÍ BAILITHEORÍ AGUS SEANDACHTAÍ |
||||||||||
Caibidil 97 |
Saothair ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí |
||||||||||
97.01-97.06 |
CTH |
(1) Féadfar tuinníní, an tuinnín aigéanach agus an tuinnín beag (Sarda spp.) atá ullmhaithe nó leasaithe, ina n-iomláine nó i bpíosaí (seachas i bhfoirm mionaithe) atá aicmithe faoi fho-cheannteideal 1604.14 a mheas mar ábhair thionscnaimh faoi rialacha tionscnaimh táirgeshonracha malartacha laistigh de chuótaí bliantúla mar a shonraítear in Iarscríbhinn 4.
(2) Féadfar tuinníní, tuinnín aigéanach agus iasc eile den ghéineas Euthynnus atá ullmhaithe nó leasaithe (seachas ina n-iomláine nó i bpíosaí) atá aicmithe faoi fho-cheannteideal 1604.20 a mheas mar ábhair tionscnaimh faoi rialacha tionscnaimh táirgeshonracha malartacha laistigh de chuótaí bliantúla mar a shonraítear in Iarscríbhinn 4.
(3) Féadfar táirgí alúmanaim áirithe a mheas mar nithe a thionscnaítear faoi rialacha tionscnaimh malartacha atá sonrach ó thaobh an táirge le cuótaí bliantúla mar a shainmhítear in Iarscríbhinn 4.
(4) Don tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026, beidh feidhm ag rialacha malartacha tionscnaimh táirgeshonracha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn ORIG-2B [Rialacha Idirthréimhseacha táirgeshonracha do Thaisceoirí Leictreacha agus d'Fheithiclí Leictreacha].
(5) Don tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026, beidh feidhm ag rialacha malartacha tionscnaimh atá sonrach ó thaobh an táirge de, mar a shonraítear in Iarscríbhinn 5.
(6) Don tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026, beidh feidhm ag rialacha malartacha tionscnaimh táirgeshonracha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn 5.
(7) I gcás feithiclí hibrideacha ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh agus mótar leictreach araon mar mhótair le haghaidh tiomána, seachas na feithiclí sin ar féidir iad a luchtú trína gcur le foinse sheachtrach cumhachta leictrí, beidh feidhm ag rialacha tionscnaimh malartacha táirgeshonracha don tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026, mar a shonraítear in Iarscríbhinn 5.
IARSCRÍBHINN 4
CUÓTAÍ TIONSCNAIMH AGUS ROGHANNA MALARTACHA AR NA RIALACHA TIONSCNAIMH TÁIRGESHONRACHA IN IARSCRÍBHINN 3
Forálacha coiteanna
1. |
I gcás na dtáirgí atá liostaithe sna táblaí thíos, is malairtí ar na rialacha comhfhreagracha tionscnaimh iad na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3,, laistigh de theorainneacha an chuóta bhliantúil is infheidhme. |
2. |
I ráiteas maidir le tionscnamh a dhéanfar de bhun na hIarscríbhinne seo beidh an ráiteas seo a leanas: ‘Cuótaí tionscnaimh – Táirge de thionscnamh i gcomhréir le hIarscríbhinn 4’. |
3. |
San Aontas, déanfaidh an Coimisiún Eorpach bainistiú ar aon chainníocht dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, agus déanfaidh sé gach beart riaracháin a mheasann sé a bheith inmholta dá mbainistíocht éifeachtúil i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais. |
4. |
Sa Ríocht Aontaithe, déanfaidh a húdarás custaim bainistiú ar aon chainníocht dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, agus déanfaidh sé gach gníomhaíocht riaracháin a mheasann sé a bheith inmholta dá mbainistiú éifeachtúil i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme sa Ríocht Aontaithe. |
5. |
Bainisteoidh an Páirtí allmhairiúcháin na cuótaí tionscnaimh ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce agus ríomhfaidh sé cainníocht na dtáirgí arna n-iontráil faoi na cuótaí tionscnaimh sin ar bhonn allmhairí an Pháirtí sin. |
ROINN 1
Leithdháileadh cuótaí bliantúil do thuinníní cannaithe
Aicmiú córas comhchuibhithe (2017) |
Tuairisc ar an táirge |
Riail mhalartach atá sonrach ó thaobh an táirge de |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe (glanmheáchan) |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas (glanmheáchan) |
1604.14 |
Tuinníní ullmhaithe nó leasaithe, boiníotó aigéineach agus boiníotó (Sarda spp.), iomlán nó i bpíosaí (seachas i bhfoirm mhionaithe) |
CC |
3 000 tona |
3 000 tona |
1604.20 |
Éisc eile ullmhaithe nó leasaithe |
|||
|
Ó thuinnín, boiníotó aigéanach nó ó iasc eile den ghéineas Euthynnus (seachas iomlán nó i bpíosaí) |
CC |
4 000 tona |
4 000 tona |
Ó éisc eile |
- |
- |
- |
ROINN 2
Leithdháileadh cuótaí bliantúil do tháirgí alúmanaim (1)
Tábla 1
Cuótaí is infheidhme ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023
Aicmiú córas comhchuibhithe (2017) |
Tuairisc ar an táirge |
Riail mhalartach atá sonrach ó thaobh an táirge de |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe (glanmheáchan) |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas (glanmheáchan) |
76.03, 76.04, 76.06, 76.08-76.16 |
Táirgí alúmanaim agus earraí alúmanaim (gan sreang alúmanaim agus scragall alúmanaim a áireamh) |
CTH |
95 000 tona |
95 000 tona |
76.05 |
Sreang alúmanaim |
CTH seachas ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 76.04 |
||
76.07 |
Scragall alúmanaim |
CTH seachas ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 76.06 |
Tábla 2
Cuótaí is infheidhme ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026
Aicmiú córas comhchuibhithe (2017) |
Tuairisc ar an táirge |
Riail mhalartach atá sonrach ó thaobh an táirge de |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe (glanmheáchan) |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas (glanmheáchan) |
76.03, 76.04, 76.06, 76.08-76.16 |
Táirgí alúmanaim agus earraí alúmanaim (gan sreang alúmanaim agus scragall alúmanaim a áireamh) |
CTH |
72 000 tona |
72 000 tona |
76.05 |
Sreang alúmanaim |
CTH seachas ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 76.04 |
||
76.07 |
Scragall alúmanaim |
CTH seachas ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 76.06 |
Tábla 3
Cuótaí is infheidhme ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh
Aicmiú córas comhchuibhithe (2017) |
Tuairisc ar an táirge |
Riail mhalartach atá sonrach ó thaobh an táirge de |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe (glanmheáchan) |
Cuóta bliantúil d’onnmhairí ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas (glanmheáchan) |
76.04 |
Barraí, slata agus próifílí alúmanaim |
CTH |
57 500 tona |
57 500 tona |
76.06 |
Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, ar tiús níos mó ná 0,2 mm |
CTH |
||
76.07 |
Scragall alúmanaim |
CTH seachas ábhair neamhthionscnaimh faoi cheannteideal 76.06 |
Athbhreithniú ar chuótaí do tháirgí alúmanaim i dTábla 3 i Roinn 2
1. |
Tráth nach luaithe ná 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus tráth nach luaithe ná 5 bliana ó chur i gcrích aon athbhreithnithe dá dtagraítear sa mhír seo, déanfaidh an Coiste Comhpháirtíochta Trádála, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí agus cúnamh á fháil aige ón gCoiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh, athbhreithniú ar na cuótaí alúmanaim atá i dTábla 3 i Roinn 2. |
2. |
Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi dhálaí an mhargaidh sna Páirtithe agus ar fhaisnéis faoina n-allmhairí agus faoina n-onnmhairí de tháirgí ábhartha. |
3. |
Ar bhonn an toraidh ar athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhír 1, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh a ghlacadh chun cainníocht na gcuótaí le haghaidh alúmanaim atá i dTábla 3 i Roinn 2 a mhéadú nó a choimeád ar bun, raon feidhme a athrú, nó cionroinnt nó athrú a dhéanamh ar aon chionroinnt idir táirgí. |
(1) Is iad na cainníochtaí a liostaítear i ngach tábla i Roinn 2 na cuótaíchainníochtaí iomlána atá ar fáil (i gcás onnmhairí ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe, agus i gcás onnmhairí ón Ríocht Aontaithe chuig an Aontas, faoi seach) i gcás na dtáirgí ar fad atá liostaithe sa tábla sin.
IARSCRÍBHINN 5
RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA TÁIRGESHONRACHA LE hAGHAIDH TAISC-CHEALLRAÍ LEICTREACHA AGUS FEITHICLÍ LEICTRITHE
ROINN 1
Rialacha eatramhacha táirgeshonracha is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2023
1. |
1.Maidir leis na táirgí a liostaítear i gcolún 1 thíos, beidh feidhm ag an riail tháirgeshonrach agus atá liostaithe i gcolún 2 ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2023.
|
ROINN 2
Rialacha eatramhacha táirgeshonracha is infheidhme ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026
1. |
Maidir leis na táirgí atá liostaithe i gcolún 1 thíos, beidh feidhm ag an riail tháirgeshonrach atá liostaithe i gcolún 2 ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.
|
ROINN 3
Athbhreithniú ar na rialacha táirgeshonracha atá faoi cheannteideal 85.07
1. |
Tráth nach luaithe ná 4 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfaidh an Coiste Comhpháirtíochta Trádála, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí agus cúnamh á fháil aige ón gCoiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus um Rialacha Tionscnaimh, athbhreithniú ar na rialacha táirgeshonracha i gcás cheannteideal 85.07 is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2027, atá in Iarscríbhinn 3. |
2. |
Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil faoi na margaí laistigh de na Páirtithe, amhail infhaighteacht ábhar tionscnaimh atá leordhóthanach agus oiriúnach, an chothromaíocht idir soláthar agus éileamh agus faisnéis ábhartha eile. |
3. |
Ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe arna dhéanamh de bhun mhír 1, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na rialacha táirgeshonracha i gcás cheannteideal 85.07 is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2027, atá in Iarscríbhinn 3. |
IARSCRÍBHINN 6
DEARBHÚ SOLÁTHRÓRA
1.
Beidh an t-inneachar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ag dearbhú soláthróra.
2.
Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 3, is é an soláthróir a dhéanfaidh dearbhú soláthróra i gcás gach coinsíneachta táirgí san fhoirm dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 6-A agus atá i gceangal leis an sonrasc, nó le haon doiciméad eile ina dtugtar tuairisc ar na táirgí lena mbaineann agus atá mionsonraithe go leor chun gur féidir iad a shainaithint.
3.
I gcás ina soláthraíonn soláthróir táirgí do chustaiméir áirithe go rialta, ar táirgí iad a bhfuil coinne leo gur seasmhach an táirgeadh a dhéanfar ina leith i bPáirtí ar feadh tréimhse ama, féadfaidh an soláthróir sin dearbhú soláthróra aonair a sholáthar chun coinsíneachtaí na dtáirgí sin ina dhiaidh sin a chumhdach (an ‘dearbhú soláthróra fadtéarmach’). Is gnách gur bailí dearbhú soláthróra fadtéarmach ar feadh tréimhse suas go dhá bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Údaráis chustaim an Pháirtí ina ndéanfar an dearbhú féadfaidh siad na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthróir suas an dearbhú soláthróra fadtéarmach san fhoirm dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 6-B agus beidh tuairisc ann ar na táirgí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfidh an soláthróir an custaiméir ar an eolas láithreach má scoireann an dearbhú soláthróra fadtéarmach d’fheidhm a bheith aige maidir leis na táirgí a sholáthraítear.
4.
Beidh an soláthróir a tharraingíonn suas an dearbhú réidh tráth ar bith, arna iarraidh sin d’údaráis chustaim an Pháirtí ina dtarraingítear suas an dearbhú, na doiciméid iomchuí uile a thíolacadh lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart.
Foscríbhinn 6-A
DEARBHÚ SOLÁTHRÓRA
Ní mór an dearbhú soláthróra, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar.
DEARBHÚ SOLÁTHRÓRA
Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthróir na n-earraí a chumhdaítear sa doiciméad atá i gceangal, an méid seo a leanas a dhearbhú:
1. |
Úsáideadh na hábhair seo a leanas nach de thionscnamh [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] in [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] chun na táirgí sin a tháirgeadh:
|
2. |
Na hábhair eile go léir a úsáidtear in [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] chun na táirgí sin a tháirgeadh is de thionscnamh [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] iad Geallaim go gcuirfidh mé aon doiciméad tacaíochta eile atá ag teastáil ar fáil. … (Áit agus Dáta) … (Ainm agus post an té a bhfuil a shíniú leis seo thíos, ainm agus seoladh na cuideachta) … (Síniú)(6) |
Foscríbhinn 6-B
DEARBHÚ SOLÁTHRÓRA FADTÉARMACH
Ní mór an dearbhú soláthróra fadtéarmach, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar.
DEARBHÚ SOLÁTHRÓRA FADTÉARMACH
Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthróir na n-earraí a chumhdaítear sa doiciméad atá i gceangal agus a sholáthraítear go rialta chuig (4) …, an méid seo a leanas a dhearbhú:
1. |
Úsáideadh na hábhair seo a leanas nach de thionscnamh [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] in [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] chun na táirgí sin a tháirgeadh:
|
2. |
Na hábhair eile go léir a úsáidtear in [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] chun na táirgí sin a tháirgeadh is de thionscnamh Páirtí [sonraigh ainm an Pháirtí ábhartha] iad; Tá an dearbhú seo bailí le haghaidh gach coinsíneachta de na hearraí sin a sheolfar ina dhiaidh seo ó … go dtí … (5) Geallaim go gcuirfidh mé … ar an eolas (4) láithreach má scoireann an dearbhú seo de bheith bailí. … (Áit agus Dáta) … … (Ainm agus post an té a bhfuil a shíniú leis seo thíos, ainm agus seoladh na cuideachta) … (Síniú) (6) Fonótaí
|
IARSCRÍBHINN 7
TÉACS AN RÁITIS MAIDIR LE TIONSCNAMH
Déanfar an ráiteas maidir le tionscnamh dá dtagraítear in Airteagal 56 den Chomhaontú seo trí úsáid a bhaint as an téacs a leagtar amach thíos i gceann de na teangacha seo a leanas agus i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí onnmhairiúcháin. Má dhéantar an ráiteas maidir le tionscnamh a scríobh de láimh, is le dúch agus le carachtair phriontáilte a dhéanfar sin. Ní mór an ráiteas maidir le tionscnamh a leagan amach i gcomhréir leis na fonótaí faoi seach. Ní gá na fonótaí a athsholáthar.
An leagan Bulgáirise
An leagan Cróitise
An leagan Seicise
An leagan Danmhairgise
An leagan Ollainnise
An leagan Béarla
An leagan Eastóinise
An leagan Fionlainnise
An leagan Fraincise
An leagan Gearmáinise
An leagan Gréigise
An leagan Ungáirise
An leagan Iodáilise
An leagan Laitvise
An leagan Liotuáinise
An leagan Máltaise
An leagan Polainnise
An leagan Portaingéilise
An leagan Rómáinise
An leagan Slóvaicise
An leagan Slóivéinise
An leagan Spáinnise
An leagan Sualainnise
(Tréimhse: ó … go … (1))
Onnmhaireoir na dtáirgí a chumhdaítear sa doiciméad seo (Uimhir Thagartha an Onnmhaireora ... (2)) dearbhaítear leis seo, mura sonraítear a mhalairt go soiléir, gur táirgí de thionscnamh ... (3) tionscnamh fabhrach.
…(4)
(Áit agus dáta)
…
(Ainm an onnmhaireora)
(1) |
Má chuirtear an ráiteas tionscnaimh i gcrích le haghaidh il-lastais de tháirgí tionscnaimh comhionanna de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 56(4) den Chomhaontú seo, sonraigh an tréimhse a mbeidh feidhm ag an ráiteas tionscnaimh ina leith. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí. Ní mór allmhairithe uile an táirge tarlú laistigh den tréimhse sonraithe. Mura bhfuil tréimhse infheidhme, féadfar an réimse a fhágáil bán. |
(2) |
Cuir isteach an uimhir thagartha lena n-aithnítear an t-onnmhaireoir. I gcás onnmhaireora de chuid an Aontais, is é sin an uimhir a shannfar i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Aontais. I gcás onnmhaireoir de chuid na Ríochta Aontaithe, is é sin an uimhir a shannfar i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme laistigh den Ríocht Aontaithe. I gcás nár sannadh uimhir don onnmhaireoir, is féidir an réimse seo a fhágáil folamh. |
(3) |
Sonraigh tionscnamh an táirge: an Ríocht Aontaithe nó an tAontas. |
(4) |
Féadfar áit agus dáta a fhágáil ar lár má tá an fhaisnéis sin sa doiciméad féin. |
IARSCRÍBHINN 8
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE PRIONSACHT ANDÓRA
1.
Glacfaidh an Ríocht Aontaithe le táirgí de thionscnamh Phrionsacht Andóra a thagann faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe mar tháirgí de thionscnamh an Aontais de réir bhrí an Chomhaontaithe seo.
2.
Más rud é de bhua an aontais chustaim arna bhunú le Cinneadh 90/680/CEE ón gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Prionsacht Andóra, go gcuireann Prionsacht Andóra an chóir tharaife fhabhrach chéanna i bhfeidhm maidir le táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuireann an tAontas Eorpach i bhfeidhm le táirgí den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1.
3.
Tá feidhm mutatis mutandis ag Cuid a Dó, Ceannteideal a hAon , Teideal I, Caibidil 2 den Chomhaontú seo chun an stádas tionscnaimh a shainiú do tháirgí dá dtagraítear i mír 1 den Dearbhú Comhpháirteach seo.
IARSCRÍBHINN 9
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE POBLACHT SAN MAIRÍNE
1.
Glacfaidh an Ríocht Aontaithe le táirgí de thionscnamh Phoblacht San Mairíne mar tháirgí de thionscnamh an Aontais de réir bhrí an Chomhaontaithe seo.
2.
Más rud é de bhua an Chomhaontaithe maidir le Comhar agus Aontas Custaim idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht San Mairíne, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 16 Nollaig 1991, go gcuirfidh Poblacht San Mairíne an chóir tharaife fhabhrach chéanna i bhfeidhm le táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuireann an tAontas Eorpach i bhfeidhm le táirgí den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1.
3.
Tá feidhm mutatis mutandis ag Cuid a Dó, Ceannteideal a hAon, Teideal I, Caibidil 2 den Chomhaontú seo chun an stádas tionscnaimh a shainiú do tháirgí dá dtagraítear i mír 1 den Dearbhú Comhpháirteach seo.
IARSCRÍBHINN 10
NA CRITÉIR DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE (d) d’AIRTEAGAL 87
Is iad seo a leanas na critéir dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 87:
(a) |
an fhaisnéis a chuirfidh an páirtí onnmhairiúcháin ar fáil chun údarú allmhairiúcháin isteach sa pháirtí allmhairiúcháin a fháil maidir le tráchtearra ar leith i gcomhréir le hAirteagal 75 den Chomhaontú seo; |
(b) |
toradh na n-iniúchtaí agus na bhfíoraithe arna ndéanamh ag an bpáirtí allmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 79 den Chomhaontú seo; |
(c) |
minicíocht agus déine an neamhchomhlíonta a bhraithfidh an páirtí allmhairiúcháin maidir le táirgí ón bpáirtí onnmhairiúcháin; |
(d) |
stair na n-oibreoirí onnmhairiúcháin maidir le ceanglais an pháirtí allmhairiúcháin a chomhlíonadh; agus |
(e) |
measúnuithe eolaíocha atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir leis an riosca a bhaineann leis na táirgí. |
IARSCRÍBHINN 11
MÓTARFHEITHICLÍ AGUS TREALAMH AGUS PÁIRTEANNA DÍOBH
Airteagal 1
Sainmhínithe
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘WP.2’' An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ('UNECE'); |
(b) |
ciallaíonn ‘Comhaontú 1958’ an Comhaontú maidir le Glacadh Rialachán na Náisiún Aontaithe Comhchuibhithe i dtaobh Feithiclí Rothaithe, Trealamh agus Páirteanna is féidir a Fhilleadh agus/nó a Úsáid ar Fheithiclí Rothaithe agus leis na Coinníollacha le haghaidh Aitheantas Cómhalartach Ceaduithe a Deonaíodh ar Bhonn na Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe, a rinneadh sa Ghinéiv an 20 Márta 1958, arna riaradh ag WP.29, agus gach leasú agus athbhreithniú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin; |
(c) |
ciallaíonn ‘Comhaontú 1998’ an Comhaontú maidir le Rialacháin Theicniúla Dhomhanda a leagan síos i gcomhair Feithiclí Rothacha, Trealaimh agus Páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar Fheithiclí Rothacha, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 25 Meitheamh 1998, agus atá á riaradh ag WP.29, agus gach leasú agus athbhreithniú air dá éis sin; |
(d) |
ciallaíonn ‘Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’ Rialacháin arna nglacadh i gcomhréir le Comhaontú 1958; |
(e) |
ciallaíonn ‘GTR’ Rialachán Teicniúil Domhanda arna bhunú agus arna chur ar an gClárlann Dhomhanda i gcomhréir le Comhaontú 1998; |
(f) |
ciallaíonn ‘HS 2017’ eagrán 2017 den Chóras Comhchuibhithe Ainmníochta arna eisiúint ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim; |
(g) |
ciallaíonn ‘cineálcheadú’ an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha; |
(h) |
ciallaíonn ‘deimhniú ar chineálcheadú’ an doiciméad trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go hoifigiúil go bhfuil cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh cineálcheadaithe. |
2. Beidh an bhrí chéanna leis na téarmaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo agus atá leo i gComhaontú 1958 nó in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.
Airteagal 2
Raon feidhme an táirge
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir leis an trádáil idir na Páirtithe i ngach catagóir mótarfheithiclí, trealaimh agus páirteanna díobh, mar a shainítear i Mír 1 de Rún Comhdhlúite UNECE maidir le Tógáil Feithiclí (R.E.3) (1), a thagann, inter alia, faoi Chaibidlí 40, 84, 85, 87 agus 94 de CC 2017 (dá ngairtear ‘táirgí arna gcumhdach’ anseo feasta).
Airteagal 3
Cuspóirí
Maidir leis na táirgí atá cumhdaithe, is iad seo a leanas cuspóirí na hIarscríbhinne seo:
(a) |
deireadh a chur le haon bhacainní teicniúla nach bhfuil gá leo ar thrádáil dhéthaobhach agus iad a chosc; |
(b) |
comhoiriúnacht agus cóineasú rialachán a bhunaítear ar chaighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn; |
(c) |
aitheantas formheasa a chur chun cinn, formheas atá bunaithe ar scéimeanna formheasa arna gcur i bhfeidhm faoi na comhaontuithe arna riaradh ag WP.29; |
(d) |
dálaí iomaíocha margaidh arna mbunú ar phrionsabail na hoscailteachta, an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta a athneartú; |
(e) |
ardleibhéil chosanta do shláinte an duine, don tsábháilteacht agus don chomhshaol a chur chun cinn; agus |
(f) |
comhar maidir le saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh a choinneáil ar bun chun forbairt leanúnach chomhthairbheach sa trádáil a chothú. |
Airteagal 4
Caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta
Aithníonn na Páirtithe gurb é WP.29 an comhlacht ábhartha idirnáisiúnta um chaighdeánú agus gur caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta iad Rialacháin na Náisiún Aontaithe agus GTRanna faoi Chomhaontú 1958 agus faoi Chomhaontú 1998 maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo.
Airteagal 5
Cóineasú rialála bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha
1. Staonfaidh na Páirtithe ó aon rialachán teicniúil náisiúnta, marcáil náisiúnta nó nós imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá éagsúil ó Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe nó ó GTRanna i réimsí a chumhdaítear leis na Rialacháin sin nó le GTRanna, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil na Rialacháin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe nó na GTRanna tugtha i gcrích ach amháin má tá cúiseanna réasúnaithe ann go bhfuil Rialachán sonrach de chuid na Náisiún Aontaithe nó GTR neamhéifeachtach nó míchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú a chomhlíonadh, mar shampla, i réimsí na sábháilteachta ar bhóithre nó chosaint an chomhshaoil nó shláinte an duine.
2. Aon Pháirtí a thugann isteach nós imeachta éagsúil teicniúil náisiúnta, marcáil náisiúnta nó nós imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh sé na codanna den rialachán teicniúil náisiúnta, den mharcáil nó den nós imeachta um measúnú comhréireachta atá éagsúil go substaintiúil ó na Rialacháin ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe nó ó na GTRanna a shainaithint agus tabharfaidh sé údar maith leis an éagsúlacht.
3. Déanfaidh gach Páirtí breithniú córasach ar Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe a ghlacfar tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm, agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi aon athrú maidir le cur chun feidhme na Rialachán sin de chuid na Náisiún Aontaithe ina chóras dlí náisiúnta féin de réir an phrótacail a bunaíodh faoi Chomhaontú 1958 agus i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.
4. A mhéid a bheidh rialacháin theicniúla náisiúnta, marcálacha náisiúnta nó nósanna imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta á dtabhairt isteach nó á gcothabháil ag Páirtí atá éagsúil ó Rialacháin na Náisiún Aontaithe nó ó GTRanna mar a cheadaítear le mír 1, athbhreithneoidh an Páirtí sin na rialacháin theicniúla náisiúnta, na marcálacha náisiúnta sin nó na nósanna imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta go tráthrialta, agus b'fhearr nach faide iad ná cúig bliana, d’fhonn a gcóineasú le Rialacháin ábhartha na Náisiún Aontaithe nó le GTRanna a mhéadú. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ag gach Páirtí ar a gcuid rialachán teicniúil náisiúnta, marcálacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta, breithneoidh sé an bhfuil údar leis an éagsúlacht fós. Tabharfar fógra don Pháirtí eile faoi thoradh na n-athbhreithnithe sin, lena n-áirítear aon fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil a úsáidfear, arna iarraidh sin dó.
5. Staonfaidh gach Páirtí ó rialacháin theicniúla náisiúnta, marcálacha náisiúnta nó nósanna imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta a thabhairt isteach nó a chothabháil a bhfuil sé d’éifeacht acu an t-ualach a thoirmeasc, a shrianadh nó a mhéadú i ndáil le hallmhairiú agus le cur i seirbhís ar a margadh náisiúnta táirgí a cineálcheadaíodh faoi Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe do na réimsí a chumhdaítear leis na Rialacháin sin de chuid na Náisiún Aontaithe mura bhforáiltear go sainráite sna Rialacháin sin de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le rialacháin theicniúla náisiúnta, marcálacha náisiúnta nó nósanna imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta.
Airteagal 6
Cineálcheadú agus faireachas margaidh
1 Glacfaidh gach Páirtí ar a mhargadh táirgí atá cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú de chuid na Náisiún Aontaithe mar tháirgí atá i gcomhréir lena rialacháin theicniúla náisiúnta, lena mharcálacha náisiúnta agus lena nósanna imeachta náisiúnta um measúnú comhréireachta, gan tuilleadh tástála ná marcála ar bith a bheith ag teastáil chun comhlíonadh aon cheanglais atá cumhdaithe ag an deimhniú ábhartha ar chineálcheadú de chuid na Náisiún Aontaithe a fhíorú nó a fhianú. I gcás formheas feithicle, measfar Cineálcheadú Feithicle Idirnáisiúnta Uilíoch de chuid na Náisiún Aontaithe (U-IWVTA) a bheith bailí maidir leis na ceanglais a chumhdaítear le U-IWVTA. I dtaca le deimhnithe ar chineálcheadú na Náisiún Aontaithe arna n-eisiúint ag Páirtí, ní fhéadfar a mheas go bhfuil siad bailí ach amháin má tá an Páirtí sin tar éis aontú do na Rialacháin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe.
2 Ní cheanglófar ar gach Páirtí glacadh ach le deimhnithe bailí ar chineálcheadú de chuid na Náisiún Aontaithe arna n-eisiúint de bhun an leagain is déanaí de na Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe a bhfuil sé tar éis aontú dóibh.
3. Chun críoch mhír 1, measfar gur cruthúnas leordhóthanach an méid seo a leanas go bhfuil cineálcheadú bailí de chuid na Náisiún Aontaithe ann:
(a) |
i gcás feithiclí iomlána, Dearbhú Comhréireachta bailí de chuid na Náisiún Aontaithe lena ndeimhnítear go gcomhlíontar U-IWVTA; |
(b) |
maidir le trealamh agus páirteanna, marc bailí cineálcheadaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a bheith greamaithe den táirge; nó |
(c) |
maidir le trealamh agus páirteanna nach féidir marc cineálcheadaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a ghreamú dóibh, deimhniú bailí ar chineálcheadú de chuid na Náisiún Aontaithe. |
4. Chun faireachas margaidh a dhéanamh, féadfaidh údaráis inniúla Páirtí a fhíorú go bhfuil na táirgí atá cumhdaithe i gcomhréir , de réir mar is iomchuí, leis na nithe seo a leanas
(a) |
rialacháin theicniúla náisiúnta uile an Pháirtí sin; nó |
(b) |
na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a bhfianaítear gur comhlíonadh iad, i gcomhréir leis an Airteagal seo, le Dearbhú Comhréireachta de chuid na Náisiún Aontaithe lena ndeimhnítear gur comhlíonadh U-IWVTA i gcás feithiclí iomlána, nó le marc bailí ar chineálcheadú de chuid na Náisiún Aontaithe atá greamaithe den táirge nó deimhniú bailí ar chineálcheadú de chuid na Náisiún Aontaithe i gcás trealaimh agus páirteanna. |
Déanfar na fíoruithe sin trí shampláil randamach sa mhargadh agus i gcomhréir leis na rialacháin theicniúla dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den mhír seo, de réir mar a bheidh.
5. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú i réimse an fhaireachais margaidh chun tacú le neamh-chomhréireachtaí feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh a shainaithint agus le haghaidh a thabhairt orthu.
6. Féadfaidh Páirtí aon bhearta iomchuí a dhéanamh maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh lena mbaineann riosca tromchúiseach do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó maidir le gnéithe eile de chosaint leasanna an phobail, nó nach gcomhlíonann na ceanglais is infheidhme ar shlí eile. Féadfar a áireamh ar na bearta sin toirmeasc nó srian a chur ar na feithiclí, ar na córais, ar na comhpháirteanna nó ar na haonaid theicniúla ar leithligh lena mbaineann a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís, nó iad a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm. Déanfaidh Páirtí a ghlacann nó a choinníonn bearta den sórt sin an Páirtí eile a chur ar an eolas go pras i dtaobh na mbeart sin agus, arna iarraidh sin don Pháirtí eile, tabharfaidh sé a chúiseanna leis na bearta sin a ghlacadh.
Airteagal 7
Táirgí a bhfuil teicneolaíochtaí nua nó gnéithe nua acu
1. Ní dhiúltóidh nó srianfaidh ceachtar Páirtí rochtain ar a mhargadh ar tháirge a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo agus a d’fhormheas an Páirtí onnmhairiúcháin ar an bhforas go bhfuil teicneolaíocht nua nó gné nua ionchorpraithe sa táirge nach bhfuil á rialáil go fóill ag an bPáirtí allmhairiúcháin, mura féidir leis a léiriú go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go gcruthaíonn an teicneolaíocht nua nó an ghné nua riosca do shláinte, do shábháilteacht nó don chomhshaol.
2. Má chinneann Páirtí rochtain ar a mhargadh a dhiúltú nó má chinneann sé táirge de chuid an Pháirtí eile a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo a tharraingt siar óna mhargadh ar an bhforas go n-ionchorpraítear leis teicneolaíocht nua nó gné nua lena gcruthaítear riosca do shláinte an duine, don tsábháilteacht nó don chomhshaol, tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin go pras don Pháirtí eile agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. Áireofar san fhógra gach faisnéis eolaíoch nó theicniúil ábhartha a cuireadh san áireamh sa chinneadh.
Airteagal 8
Comhar
1. ChunD’an trádáil i mótarfheithiclí, a bpáirteanna agus a dtrealamh a éascú a thuilleadh, agus chun d’fadhbanna rochtana ar an margadh a chosc, le linn dóibh sláinte an duine, sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a áirithiú, féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú agus le malartú faisnéise de réir mar is cuí.
2. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh go háirithe ar réimsí comhair faoin Airteagal seo:
(a) |
rialacháin theicniúla nó caighdeáin ghaolmhara a fhorbairt agus a bhunú; |
(b) |
taighde, faisnéis agus torthaí a bhaineann le forbairt rialachán nua sábháilteachta feithicle nó caighdeán gaolmhar, ard-astaíochtaí a laghdú, agus teicneolaíochtaí feithiclí atá ag teacht chun cinn, a mhalartú, a mhéid is féidir; |
(c) |
malartú faisnéise a bheidh ar fáil maidir le lochtanna a bhaineann le sábháilteacht nó a bhaineann le hastaíochtaí a aithint agus maidir le neamhchomhlíonadh rialachán teicniúil; agus |
(d) |
comhchuibhiú idirnáisiúnta níos mó ar cheanglais theicniúla a chur chun cinn trí fhóraim iltaobhacha, amhail Comhaontú 1958 agus Comhaontú 1998, lena n-áirítear trí chomhar maidir le tionscnaimh a phleanáil a thacaíonn leis an gcomhchuibhiú sin. |
Airteagal 9
An Mheitheal um Mótarfheithiclí agus Páirteanna
1. Tabharfaidh Meitheal um Mótarfheithiclí agus Páirteanna cúnamh don Choiste Speisialaithe Trádála um Bacainní Teicniúla ar an Trádáil chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo agus feidhmiú cuí na hIarscríbhinne seo a áirithiú.
2. Is iad seo a leanas feidhmeanna na Meithle um Mótarfheithiclí agus Páirteanna:
(a) |
aon ní a eascraíonn faoin Iarscríbhinn seo a phlé, arna iarraidh sin do Pháirtí; |
(b) |
comhar agus malartú faisnéise a éascú i gcomhréir le hAirteagal 8; |
(c) |
idirphlé teicniúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 97 den Chomhaontú seo ar ábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo; agus |
(d) |
liosta pointí teagmhála a choinneáil atá freagrach as ábhair a eascraíonn faoin Iarscríbhinn seo. |
(1) ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6 an 11 Iúil 2017.
IARSCRÍBHINN 12
TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarás’ údarás de chuid Páirtí mar atá liostaithe i bhFoscríbhinn A; |
(b) |
ciallaíonn ‘Dea-Chleachtas Monaraíochta’ nó ‘GMP’ an chuid sin de dhearbhú cáilíochta lena n-áirithítear go ndéantar táirgí a tháirgeadh agus a rialú go comhsheasmhach i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta is iomchuí don úsáid atá beartaithe dóibh agus de réir mar a cheanglaítear leis an údarú margaíochta nó leis na sonraíochtaí táirge is infheidhme, mar a liostaítear i bhFoscríbhinn 12-B; |
(c) |
ciallaíonn ‘cigireacht’ meastóireacht ar shaoráid mhonaraíochta chun a chinneadh an bhfuil an tsaoráid mhonaraíochta sin ag oibriú de réir Dea-Chleachtais Mhonaraíochta agus/nó de réir gealltanas arna ndéanamh mar chuid den cheadú táirge a chur ar an margadh, a dhéantar de réir dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin an Pháirtí iomchuí, agus folaíonn sé iniúchadh réamh-mhargaithe agus iar-mhargaithe; |
(d) |
ciallaíonn ‘doiciméad oifigiúil GMP’ doiciméad arna eisiúint ag údarás de chuid Páirtí tar éis cigireacht a dhéanamh ar shaoráid mhonaraíochta, lena n-áirítear, mar shampla, tuarascálacha cigireachta, deimhnithe lena bhfianaítear go bhfuil saoráid mhonaraíochta comhlíontach le dea-chleachtas monaraíochta, nó ráiteas maidir le neamhchomhlíonadh GMP. |
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo maidir le táirgí íocshláinte mar atá liostaithe i bhFoscríbhinn 12-C.
Airteagal 3
Cuspóirí
Maidir leis na táirgí a chumhdaítear, is iad cuspóirí na hIarscríbhinne seo:
(a) |
infhaighteacht cógas i gcríoch gach Páirtí a éascú; |
(b) |
na coinníollacha a leagan amach chun cigireachtaí a aithint agus chun doiciméid oifigiúla GMPa mhalartú agus a ghlacadh idir na Páirtithe; |
(c) |
an tsláinte phoiblí a chur chun cinn trí shábháilteacht othar agus sláinte agus leas ainmhithe a chosaint, chomh maith le ardleibhéil chosanta don tomhaltóir agus don chomhshaol a chosaint, i gcás inarb iomchuí, trí chur chuige rialála a chur chun cinn i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iomchuí. |
Airteagal 4
Caighdeáin idirnáisiúnta
Leis na caighdeáin ábhartha do na táirgí a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo, áiritheofar ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí ar aon dul leis na caighdeáin, na cleachtais agus na treoirlínte a d’fhorbair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), an Chomhairle Idirnáisiúnta um Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil um Chógaisíocht lena nÚsáid ag an Duine (ICH), agus an Comhar Idirnáisiúnta maidir le Comhchuibhiú Ceanglas Teicniúil do Chlárú Táirgí Íocshláinte Tréidliachta (VICH).
Airteagal 5
Cigireachtaí a aithint agus glacadh le doiciméid oifigiúla GMP
1. Aithneoidh Páirtí cigireachtaí arna ndéanamh ag an bPáirtí eile agus glacfaidh sé le doiciméid oifigiúla GMParna n-eisiúint ag an bPáirtí eile de réir na ndlíthe, na rialachán agus na dtreoirlínte teicniúla atá liostaithe i bhFoscríbhinn 12-B.
2. Féadfaidh údarás de chuid Páirtí, in imthosca sonracha, a roghnú gan glacadh le doiciméad oifigiúil GMP arna eisiúint ag údarás de chuid an Pháirtí eile le haghaidh saoráidí monaraíochta atá suite i gcríoch an údaráis eisiúna. I measc na n-imthosca sin tá léiriú ar neamhréireachtaí ábhair nó easnaimh i dtuarascáil chigireachta, lochtanna cáilíochta a sainaithníodh i bhfaireachas iarmhargaidh nó fianaise shonrach eile ar údar imní tromchúiseach é maidir le cáilíocht táirgí nó sábháilteacht othar. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás ina roghnaíonn údarás de chuid Páirtí gan glacadh le doiciméad oifigiúil GMP arna eisiúint ag údarás de chuid an Pháirtí eile, go gcuirfidh an t-údarás sin in iúl d’údarás ábhartha an Pháirtí eile na cúiseanna nár glacadh leis an doiciméad agus go bhféadfaidh sé soiléiriú a iarraidh ar údarás an Pháirtí eile. Áiritheoidh an Páirtí ábhartha go bhféachfaidh a údarás leis an iarraidh ar shoiléiriú a fhreagairt go tráthúil.
3. Féadfaidh Páirtí glacadh le doiciméid oifigiúla GMP arna n-eisiúint ag údarás de chuid an Pháirtí eile le haghaidh saoráidí monaraíochta atá suite lasmuigh de chríoch an údaráis eisiúna.
4. Féadfaidh gach Páirtí na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh faoina nglacfaidh sé le doiciméid oifigiúla GMP arna n-eisiúint faoi mhír 3.
Airteagal 6
Malartú doiciméad oifigiúil GMP
1. Áiritheoidh gach Páirtí, má iarrann údarás de chuid Páirtí doiciméad oifigiúil GMP ar údarás an Pháirtí eile, go ndéanfaidh údarás an Pháirtí eile iarracht an doiciméad a tharchur laistigh de 30 lá féilire ó dháta na hiarrata.
2. Déileálfaidh gach Páirtí leis an bhfaisnéis i ndoiciméad a gheofar de bhun mhír 1 mar fhaisnéis rúnda.
Airteagal 7
Coimircí
1. Tá an ceart ag gach Páirtí a iniúchadh féin a dhéanamh ar shaoráidí monaraíochta a bheidh deimhnithe ag an bPáirtí eile a bheith comhlíontach.
2. Déanfaidh gach Páirtí a chinntiú, sula seolfaidh sé iniúchadh faoi mhír 1, go dtabharfaidh údarás an Pháirtí a bheartaíonn an t-iniúchadh a sheoladh fógra i scríbhinn d’údarás iomchuí an Pháirtí eile agus luafaidh sé na cúiseanna atá lena iniúchadh féin a sheoladh. Déanfaidh údarás an Pháirtí a bheartaíonn an t-iniúchadh a sheoladh iarracht fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás an Pháirtí eile 30 lá ar a laghad roimh iniúchadh beartaithe, ach féadfaidh sé fógra níos giorra a sholáthar i staideanna práinneacha. Féadfaidh údarás an Pháirtí eile dul isteach san iniúchadh.
Airteagal 8
Athruithe ar na dlíthe agus ar na rialacháin is infheidhme
1. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile 60 lá ar a laghad sula nglacfaidh sé aon bheart nua nó aon athrú a bhaineann le Dea-Chleachtas Monaraíochta maidir le haon cheann de na dlíthe, rialacháin agus treoirlínte teicniúla ábhartha atá liostaithe i bhFoscríbhinn 12-B.
2. Déanfaidh na Páirtithe an fhaisnéis uile is gá a mhalartú, lena n-áirítear athruithe ar a ndlíthe, ar a rialacháin, ar a dtreoirlínte teicniúla nó ar a nósanna imeachta cigireachta faoi seach a bhaineann le Dea-Chleachtas Monaraíochta ionas gur féidir le gach Páirtí breithniú a dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha chun cigireachtaí a aithint agus chun glacadh le doiciméid oifigiúla GMP de bhun Airteagal 5(1).
3. Más rud é, mar thoradh ar aon cheann de na bearta nua nó de na hathruithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go measann Páirtí nach féidir leis cigireachtaí a aithint a thuilleadh nó doiciméid oifigiúla GMP arna n-eisiúint ag an bPáirtí eile a ghlacadh, cuirfidh sé in iúl don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige Airteagal 9 a chur i bhfeidhm agus rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin laistigh den Mheitheal um Tháirgí Íocshláinte.
4. Déanfar aon fhógra faoin Airteagal seo trí na pointí teagmhála ainmnithe sa Mheitheal um Tháirgí Íocshláinte.
Airteagal 9
Fionraí
1. Gan dochar d’Airteagal 5(2), tá sé de cheart ag gach Páirtí aitheantas cigireachtaí agus glacadh le doiciméid oifigiúla GMP de chuid an Pháirtí eile a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach de bhun Airteagal 5(1) do na táirgí uile nó do chuid de na táirgí a liostaítear i bhFoscríbhinn 12-C. Feidhmeofar an ceart sin ar bhealach oibiachtúil, réasúnaithe. Tabharfaidh an Páirtí a fheidhmíonn an ceart sin fógra don Pháirtí eile agus soláthróidh sé réasúnú i scríbhinn. Leanfaidh Páirtí ar aghaidh ag glacadh le doiciméid oifigiúla GMP de chuid an Pháirtí eile a eisíodh roimh fhionraí den sórt sin, mura gcinnfidh an Páirtí a mhalairt ar bhonn cúinsí sláinte nó sábháilteachta.
2. Más rud é, tar éis comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3), go gcuireann Páirtí, mar sin féin, aitheantas cigireachtaí agus glacadh le doiciméid oifigiúla GMP ar fionraí de bhun Airteagal 5(1), féadfaidh sé déanamh amhlaidh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo tráth nach luaithe ná 60 lá tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin. Le linn na tréimhse 60 lá sin, leanfaidh an dá Pháirtí d’iniúchtaí a aithint agus glacfaidh siad le doiciméid oifigiúla GMP arna n-eisiúint ag údarás de chuid an Pháirtí eile.
3. I gcás ina ndéanfar aithint cigireachtaí agus glacadh le doiciméid oifigiúla GMP de bhun Airteagal 5(1) a chur ar fionraí, ar iarraidh ó Pháirtí, pléifidh na Páirtithe an t-ábhar laistigh den Mheitheal um Tháirgí Íocshláinte agus déanfaidh siad gach iarracht breithniú a dhéanamh ar bhearta féideartha lena bhféadfaí aitheantas a thabhairt d’iniúchtaí agus chun glacadh le doiciméid oifigiúla GMP a thabhairt ar ais.
Airteagal 10
Comhar rialála
1. Féachfaidh na Páirtithe le dul i gcomhairle lena chéile, de réir mar a cheadaítear lena ndlí faoi seach, maidir le tograí chun athruithe suntasacha a thabhairt isteach ar rialacháin theicniúla nó ar nósanna imeachta iniúchta, lena n-áirítear iad sin a dhéanann difear don chaoi a n-aithnítear doiciméid ón bPáirtí eile i gcomhréir le hAirteagal 5 agus, i gcás inarb iomchuí, deis a thabhairt trácht a dhéanamh ar thograí den sórt sin, gan dochar d’Airteagal 8.
2. Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú d’fhonn glacadh agus cur chun feidhme treoirlínte eolaíocha nó teicniúla arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a neartú, a fhorbairt agus a chur chun cinn, lena n-áirítear, nuair is féidir, trí thionscnaimh chomhpháirteacha, tograí comhpháirteacha agus cur chuige comhpháirteach a thíolacadh sna heagraíochtaí agus sna comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4.
Airteagal 11
Leasuithe ar fhoscríbhinní
Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta Foscríbhinn 12-A a leasú chun liosta na n-údarás a thabhairt comthrom le dáta, Foscríbhinn 12-B a leasú chun liosta na ndlíthe, na rialachán agus na dtreoirlínte teicniúla is infheidhme a thabhairt comthrom le dáta agus Foscríbhinn 12-C a leasú chun liosta na dtáirgí atá cumhdaithe a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 12
An Mheitheal um Tháirgí Íocshláinte
1. Tabharfaidh an Mheitheal um Tháirgí Íocshláinte cúnamh don Choiste Speisialaithe Trádála um Bacainní Teicniúla ar an Trádáil chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo agus feidhmiú cuí na hIarscríbhinne seo a áirithiú.
2. Is iad seo a leanas feidhmeanna na Meithle um Tháirgí Íocshláinte sin:
(a) |
aon ní a eascraíonn faoin Iarscríbhinn seo a phlé ar iarraidh ó Pháirtí; |
(b) |
comharagus malartuithe faisnéise a éascú chun críocha Airteagail 8 agus 10; |
(c) |
feidhmeoidh sé mar fhóram le haghaidh comhairliúchán agus plé chun críocha Airteagal 8(3) agus Airteagal 9(3); |
(d) |
idirphlé teicniúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 97 den Chomhaontú seo ar ábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo; agus |
(e) |
liosta pointí teagmhála a choinneáil atá freagrach as ábhair a eascraíonn faoin Iarscríbhinn seo. |
Airteagal 13
Gan réiteach díospóide a chur i bhfeidhm
Níl feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú seo maidir le díospóidí a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo.
Foscríbhinn 12-A
ÚDARÁIS NA bPÁIRTITHE
(1) |
An tAontas Eorpach:
|
(2) |
An Ríocht Aontaithe
An Ghníomhaireacht Rialála Táirgí Leighis agus Cúraim Sláinte An Stiúrthóireacht um Chógais Tréidliachta |
Foscríbhinn 12-B
LIOSTA DE NA DLÍTHE, DE NA RIALACHÁIN AGUS DE NA TREOIRLÍNTE TEICNIÚLA IS INFHEIDHME MAIDIR LE DEA-CHLEACHTAS MONARAÍOCHTA
(1) |
Maidir leis an Aontas Eorpach:
|
(2) |
Maidir leis an Ríocht Aontaithe:
Na Rialacháin um Chógais Dhaonna 2012 (SI 2012/1916) Na Rialacháin um Leigheasra lena nÚsáid ag an Duine (Trialacha Cliniciúla) 2004 (SI 2004/1031) Na Rialacháin um Leigheasra Tréidliachta 2013 (SI 2013/2033) Rialacháin maidir le dea-chleachtas monaraíochta arna ndéanamh faoi rialachán B17, agus treoirlínte maidir le dea-chleachtas monaraíochta a foilsíodh de bhun rialachán C17, de na Rialacháin um Chógais Dhaonna 2012 Na prionsabail agus na treoirlínte maidir le dea-chleachtas monaraíochta is infheidhme chun críocha Sceideal 2 a ghabhann leis na Rialacháin um Leigheasra Tréidliachta 2013 |
Foscríbhinn 12-C
TÁIRGÍ ATÁ CUMHDAITHE
Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta:
— |
Táirgí íocshláinte arna margú lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáide tréidliachta, lena n-áirítear táirgí bitheolaíocha agus imdhíoneolaíocha a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta, |
— |
táirgí íocshláinte ardteiripe, |
— |
Comhábhair ghníomhacha chógaisíochta lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáide tréidliachta, |
— |
táirgí leighis imscrúdaitheacha. |
(1) Chun críoch na hIarscríbhinne seo, agus gan dochar do dheighilt inmheánach na hinniúlachta sa Ghearmáin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo, tuigfear go gcumhdaítear le ZLG na húdaráis inniúla Länder a eisíonn doiciméid GMP agus a dhéanann cigireachtaí cógaisíochta.
(2) Chun críoch na hIarscríbhinne seo, agus gan dochar do roinnt inmheánach na hinniúlachta sa Spáinn maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo, tuigfear go gcumhdaítear le Agencia Española de Medicamentos y Productos Sanitarios na húdaráis inniúla réigiúnacha go léir a eisíonn doiciméid oifigiúla GMP agus a dhéanann cigireachtaí cógaisíochta.
(3) IO AE L 311, 28.11.2001, lch. 67.
(4) IO AE L 311, 28.11.2001, lch. 1.
(5) IO AE L 121, 1.5.2001, lch. 34.
(6) IO AE L 158, 27.5.2014, lch. 1.
(7) IO AE L 136, 30.4.2004, lch. 1.
(8) IO AE L 324, 10.12.2007, lch. 121.
(9) IO AE L 262, 14.10.2003, lch. 22.
(10) IO AE L 228, 17.8.1991, lch. 70.
(11) IO AE L 238, 16.9.2017, lch. 44.
IARSCRÍBHINN 13
CEIMICEÁIN
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’
|
(b) |
ciallaíonn ‘CCD NA’ Córas Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú. |
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le trádáil, rialáil, allmhairiú agus onnmhairiú ceimiceán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil lena gclárú, lena meastóireacht, lena n-údarú, lena srian, lena bhformheas, lena n-aicmiú, lena lipéadú agus lena bpacáistiú.
Airteagal 3
Cuspóirí
1. Is iad seo a leanas cuspóirí na hIarscríbhinne seo:
(a) |
trádáil ceimiceán agus táirgí gaolmhara idir na Páirtithe a éascú; |
(b) |
ardleibhéil chosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú; agus |
(c) |
foráil a dhéanamh maidir le comhar idir údaráis fhreagracha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe. |
2. Aithníonn na Páirtithe nach gcuireann na gealltanais a tugadh faoin Iarscríbhinn seo cosc ar cheachtar Páirtí a thosaíochtaí féin a leagan síos maidir le rialáil ceimiceán, lena n-áirítear a leibhéil chosanta féin a bhunú i ndáil leis an gcomhshaol, agus i ndáil le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe.
Airteagal 4
Eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha
Aithníonn na Páirtithe go bhfuil eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe ECFE agus an Fochoiste Saineolaithe maidir leis an gCóras Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (SCEGHS) de chuid Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe (ECOSOC), ábhartha chun treoirlínte eolaíocha agus teicniúla a fhorbairt i ndáil le ceimiceáin.
Airteagal 5
Rannpháirtíocht in eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha agus forbairtí rialála
1. Rannchuideoidh na Páirtithe go gníomhach le forbairt na dtreoirlínte eolaíocha nó teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 4 i ndáil le measúnú guaiseacha agus rioscaí ceimiceán agus leis na formáidí chun torthaí na measúnachtaí sin a dhoiciméadú.
2. Déanfaidh gach Páirtí aon treoirlínte arna n-eisiúint ag na heagraíochtaí agus na comhlachtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur chun feidhme mura rud é go mbeadh na treoirlínte sin neamhéifeachtach nó míchuí chun cuspóirí dlisteanacha an Pháirtí sin a bhaint amach.
Airteagal 6
Aicmiú agus lipéadú ceimiceán
1. Déanfaidh gach Páirtí GHS na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ar bhealach chomh cuimsitheach agus a mheasann sé a bheith indéanta laistigh dá chóras faoi seach, lena n-áirítear ceimiceáin nach bhfuil laistigh de raon feidhme na hIarscríbhinne seo, ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna sonracha ann córas éagsúil lipéadaithe a chur i bhfeidhm do tháirgí ceimiceacha áirithe ina staid chríochnaithe agus iad ceaptha don úsáideoir deiridh. Déanfaidh gach Páirtí a chur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil bunaithe ar na hathbhreithnithe a eisítear go rialta ar GHS na Náisiún Aontaithe.
2. I gcás ina mbeartóidh údarás freagrach de chuid Páirtí substaintí aonair a aicmiú de réir a rialacha agus a nósanna imeachta faoi seach, tabharfaidh sé an deis d’údarás freagrach an Pháirtí eile a thuairimí a chur in iúl de réir na rialacha agus na nósanna imeachta sin faoi seach laistigh de na hamlínte is infheidhme.
3. Cuirfidh gach Páirtí faisnéis ar fáil go poiblí faoina nósanna imeachta a bhaineann le haicmiú substaintí i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta faoi seach. Déanfaidh gach Páirtí iarracht freagra a thabhairt ar thráchtanna a gheofar ón bPáirtí eile de bhun mhír 2.
4. Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo d’oibleagáid ar cheachtar Páirtí aon toradh ar leith a bhaint amach maidir le CCD na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ina chríoch ná maidir le haicmiú substainte áirithe, ná a nósanna imeachta agus a phróisis chinnteoireachta faoi seach a chur ar aghaidh, a chur ar fionraí nó a mhoilliú.
Airteagal 7
Comhar
1. Aithníonn na Páirtithe gur féidir le comhar deonach maidir le rialáil ceimiceán trádáil a éascú ar bhealaí a théann chun tairbhe tomhaltóirí, gnólachtaí agus an chomhshaoil agus a chuidíonn le cosaint shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a fheabhsú.
2. Tá na Páirtithe tiomanta d’éascú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise neamhrúnda idir a n-údaráis fhreagracha, lena n-áirítear trí chomhar maidir le formáidí leictreonacha agus uirlisí leictreonacha a úsáidtear chun sonraí a stóráil.
3. Comhoibreoidh na Páirtithe, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn glacadh agus cur chun feidhme treoirlínte eolaíocha nó teicniúla arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a neartú, a fhorbairt agus a chur chun cinn, lena n-áirítear, más féidir, trí thionscnaimh chomhpháirteacha, tograí comhpháirteacha agus cur chuige comhpháirteach a thíolacadh sna heagraíochtaí agus sna comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 4.
4. Comhoibreoidh na Páirtithe, má mheasann an dá Pháirtí go bhfuil sé tairbhiúil, maidir le scaipeadh sonraí a bhaineann le sábháilteacht ceimiceán, agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca agus sothuigtheacht ag spriocghrúpaí éagsúla ar an bhfaisnéis sin. Arna iarraidh ó cheachtar Páirtí, soláthróidh an Páirtí eile don Pháirtí iarrthach faisnéis neamhrúnda maidir le sábháilteacht ceimiceán.
5. Má iarrann Páirtí amhlaidh agus má aontaíonn an Páirtí eile déanamh amhlaidh, rachaidh na Páirtithe i gcomhairliúcháin maidir le faisnéis agus sonraí eolaíocha i gcomhthéacs saincheisteanna nua agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus a bhaineann leis na guaiseacha nó na priacail a bhaineann le ceimiceáin do shláinte an duine nó don chomhshaol, d’fhonn líon coiteann eolais a chruthú agus, más féidir agus a mhéid is féidir, comhthuiscint ar an eolaíocht a bhaineann leis na saincheisteanna sin a chur chun cinn.
Airteagal 8
Malartú faisnéise
Comhoibreoidh na Páirtithe agus malartóidh siad faisnéis maidir le haon saincheist atá ábhartha do chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo laistigh den Choiste Speisialaithe Trádála ar Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil.
IARSCRÍBHINN 14
TÁIRGÍ ORGÁNACHA
Airteagal 1
Cuspóir agus raon feidhme
1. Is é cuspóir na hIarscríbhinne seo na forálacha agus na nósanna imeachta a leagan amach chun trádáil i dtáirgí orgánacha a chothú i gcomhréir le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na cómhalartachta, trí aitheantas a thabhairt do na Páirtithe i dtaobh coibhéis a ndlíthe faoi seach.
2. Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir leis na táirgí orgánacha atá liostaithe i bhFoscríbhinní 14-A agus 14-B a chomhlíonann na dlíthe agus na rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinní 14-C nó 14-D. Beidh de chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta Foscríbhinní 14-A, 14-B, 14-C agus 14-D a leasú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ gníomhaireacht oifigiúil a bhfuil dlínse aici ar na dlíthe agus na rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D agus atá freagrach as an Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme; |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás rialaithe’ údarás ar thug an t-údarás inniúil a inniúlacht dó, go hiomlán nó i bpáirt, i leith cigireachtaí agus deimhnithe i réimse an táirgthe orgánaigh i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D; |
(c) |
ciallaíonn ‘comhlacht rialaithe’ eintiteas atá aitheanta ag an údarás inniúil chun cigireachtaí agus deimhniúcháin a dhéanamh i réimse an táirgthe orgánaigh i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D; agus |
(d) |
ciallaíonn ‘coibhéis’ an cumas atá i ndlíthe, rialacháin agus ceanglais éagsúla, mar aon le córais chigireachta agus deimhniúcháin, chun na cuspóirí céanna a bhaint amach. |
Airteagal 3
Coibhéis a aithint
1. Maidir le táirgí atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-A, aithneoidh an tAontas dlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C mar dhlíthe agus rialacháin atá coibhéiseach le dlíthe agus rialacháin an Aontais atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-D.
2. Maidir le táirgí a liostaítear i bhFoscríbhinn 14-B, aithneoidh an Ríocht Aontaithe go bhfuil dlíthe agus rialacháin an Aontais atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-D coibhéiseach le dlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C.
3. I bhfianaise dháta chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, déanfaidh gach Páirtí an t-aitheantas coibhéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a athmheasúnú faoin 31 Nollaig 2023. Más rud é, mar thoradh ar an athmheasúnú sin, nach ndeimhneoidh Páirtí coibhéis, cuirfear aitheantas coibhéise ar fionraí.
4. Gan dochar do mhír 3, i gcás ina ndéantar na dlíthe agus na rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D a mhodhnú, a chúlghairm nó a ionadú, measfar na rialacha nua a bheith coibhéiseach le rialacha an Pháirtí eile mura ndéanfaidh Páirtí agóid i gcoinne an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 5 agus 6.
5. Más rud é, tar éis dó tuilleadh faisnéise a fháil ón bPáirtí eile a d’iarr sé, go measann Páirtí nach gcomhlíonann dlíthe, rialacháin nó nósanna imeachta nó cleachtais riaracháin an Pháirtí eile na ceanglais coibhéise a thuilleadh, eiseoidh an Páirtí sin iarraidh réasúnaithe chuig an bPáirtí eile chun na dlíthe, rialacháin, nó nósanna imeachta nó an cleachtas riaracháin abhartha a leasú, agus cuirfidh sé tréimhse leordhóthanach ar fáil don Pháirtí eile, tréimhse nach lú ná 3 mhí, chun coibhéis a áirithiú.
6. Má mheasann an Páirtí lena mbaineann, tar éis don tréimhse i mír 5 dul in éag, nach bhfuil na ceanglais maidir le coibhéis á gcomhlíonadh, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh aitheantas coibhéise na ndlíthe agus na rialachán ábhartha a liostaítear i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D a chur ar fionraí go haontaobhach, maidir leis na táirgí orgánacha ábhartha atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-A nó 14-B.
7. Féadfar cinneadh a dhéanamh freisin aitheantas coibhéise na ndlíthe agus na rialachán a liostaítear in Iarscríbhinn 14-C nó 14-D a fhionraí go haontaobhach, maidir leis na táirgí orgánacha ábhartha atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-A nó 14-B , tar éis do thréimhse fógra trí mhí dul in éag, i gcás nár chuir Páirtí an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 6 ar fáil nó i gcás nach n-aontaíonn sé le hathbhreithniú piaraí faoi Airteagal 7.
8. I gcás ina bhfionrófar aitheantas coibhéise de réir an Airteagail seo, pléifidh na Páirtithe, ar iarraidh ó Pháirtí, an t-ábhar laistigh den Mheitheal um Tháirgí Orgánacha agus déanfaidh siad gach iarracht breithniú a dhéanamh ar bhearta féideartha lena bhféadfaí aitheantas ar choibhéis a thabhairt ar ais.
9. Maidir le táirgí nach bhfuil liostaithe i bhFoscríbhinn 14-A nó 14-B, pléifidh an Mheitheal um Tháirgí Orgánacha coibhéis ar iarraidh ó Pháirtí.
Airteagal 4
Allmhairiú agus cur ar an margadh
1. Glacfaidh an tAontas le hallmhairiú na dtáirgí atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-A isteach ina chríoch, agus le cur na dtáirgí sin ar an margadh mar tháirgí orgánacha, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin dlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C agus go bhfuil deimhniú cigireachta ag gabháil leo arna eisiúint ag comhlacht rialaithe atá aitheanta ag an Ríocht Aontaithe agus atá curtha in iúl don Aontas dá dtagraítear i mír 3.
2. Glacfaidh an Ríocht Aontaithe le hallmhairiú isteach ina críoch na dtáirgí atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-B, agus le cur na dtáirgí sin ar an margadh mar tháirgí orgánacha, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin dlíthe agus rialacháin an Aontais atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-D agus go bhfuil deimhniú cigireachta ag gabháil leo arna eisiúint ag comhlacht rialaithe atá aitheanta ag an Aontas agus a chuirtear in iúl don Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i mír 3.
3. Aithníonn gach Páirtí na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe a chuir an Páirtí eile in iúl go bhfuil siad freagrach as na rialuithe ábhartha a dhéanamh maidir le táirgí orgánacha atá cumhdaithe ag aitheantas coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 3 agus as an deimhniú iniúchta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a eisiúint d’fhonn iad a allmhairiú isteach i gcríoch an Pháirtí eile agus iad a chur ar an margadh i gcríoch an Pháirtí eile.
4. Sannfaidh an Páirtí allmhairiúcháin, i gcomhar leis an bPáirtí eile, códuimhreacha do gach údarás rialaithe agus comhlacht rialaithe ábhartha a chuirfidh an Páirtí eile in iúl.
Airteagal 5
Lipéadú
1. Maidir le táirgí a allmhairítear isteach i gcríoch Páirtí i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar amach i ndlíthe agus i rialacháin an Pháirtí allmhairiúcháin a liostaítear i bhFoscríbhinní 14-C agus 14-D. Féadfaidh lógó orgánach an Aontais, aon lógó orgánach de chuid na Ríochta Aontaithe nó an dá lógó a bheith ar na táirgí sin, mar a leagtar amach sna dlíthe agus sna rialacháin ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin ceanglais lipéadaithe an lógó nó an dá lógó faoi seach.
2. Gabhann na Páirtithe orthu féin aon mhí-úsáid a bhaint as na téarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach i ndáil le táirgí orgánacha atá cumhdaithe ag aitheantas coibhéise faoin Iarscríbhinn seo a sheachaint.
3. Gabhann na Páirtithe orthu féin cosaint a thabhairt do lógó orgánach an Aontais agus d’aon lógó orgánach de chuid na Ríochta Aontaithe a leagtar amach sna dlíthe agus sna rialacháin ábhartha i gcoinne aon mhí-úsáide nó aon aithrise. Áiritheoidh na Páirtithe nach n-úsáidfear lógó orgánach an Aontais agus lógó orgánach na Ríochta Aontaithe ach amháin chun lipéadú, fógraíocht nó doiciméid tráchtála a dhéanamh ar tháirgí orgánacha a chomhlíonann na dlíthe agus na rialacháin a liostaítear i bhFoscríbhinní 14-C agus 14-D.
Airteagal 6
Malartú Faisnéise
1. Déanfaidh na Páirtithe an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo. Go háirithe, faoin 31 Márta den dara bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus faoin 31 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Páirtí chuig an bPáirtí eile:
(a) |
tuarascáil ina bhfuil faisnéis maidir le cineálacha agus cainníochtaí na dtáirgí orgánacha a onnmhairíodh faoin Iarscríbhinn seo, lena gcumhdaítear an tréimhse ó Eanáir go Nollaig na bliana roimhe sin; |
(b) |
tuarascáil maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta a rinne a údaráis inniúla, na torthaí a fuarthas agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh i ndáil leis an tréimhse ó Eanáir go Nollaig na bliana roimhe sin; agus |
(c) |
mionsonraí faoi mhírialtachtaí breathnaithe agus faoi sháruithe ar na dlíthe agus rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D, de réir mar is ábhartha. |
2. Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas gan mhoill faoin méid seo a leanas:
(a) |
aon nuashonrú ar an liosta dá húdaráis inniúla, dá húdaráis rialaithe agus dá chomhlachtaí rialaithe, lena n-áirítear na sonraí teagmhála iomchuí (go háirithe an seoladh agus an seoladh idirlín); |
(b) |
aon athrú nó aisghairm atá beartaithe aige a dhéanamh maidir le dlíthe nó rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D, aon togra le haghaidh dlíthe nó rialacháin nua nó aon athruithe ábhartha atá beartaithe ar nósanna imeachta agus cleachtais riaracháin a bhaineann le táirgí orgánacha a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo; agus |
(c) |
aon athrú nó aisghairm arna nglacadh aige maidir le dlíthe nó rialacháin atá liostaithe i bhFoscríbhinn 14-C nó 14-D, aon reachtaíocht nua nó aon athruithe ábhartha ar nósanna imeachta agus cleachtais riaracháin a bhaineann le táirgí orgánacha atá cumhdaithe ag an Iarscríbhinn seo. |
Airteagal 7
Athbhreithnithe piaraí
1. Tar éis réamhfhógra de shé mhí ar a laghad a thabhairt, ceadóidh gach Páirtí d’oifigigh nó do shaineolaithe arna n-ainmniú ag an bPáirtí eile piar-athbhreithnithe a dhéanamh ina chríoch chun a fhíorú go bhfuil na rialuithe is gá chun an Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme á ndéanamh ag na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe ábhartha.
2. Comhoibreoidh gach Páirtí leis an bPáirtí eile agus cuideoidh sé leis an bPáirtí eile, a mhéid a cheadaítear faoin dlí is infheidhme, chun na hathbhreithnithe piaraí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, lena bhféadfar cuairteanna chuig oifigí de chuid údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe ábhartha, saoráidí próiseála agus oibreoirí deimhnithe a áireamh.
Airteagal 8
An Mheitheal um Tháirgí Orgánacha
1. Tabharfaidh an Mheitheal um Tháirgí Orgánacha cúnamh don Choiste Speisialaithe Trádála ar Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo agus feidhmiú cuí na hIarscríbhinne seo a áirithiú.
2. Is iad seo a leanas feidhmeanna na Meithle um Tháirgí Orgánacha:
(a) |
aon ní a éireoidh faoin Iarscríbhinn seo a phlé ar iarraidh ó Pháirtí, lena n-áirítear aon ghá a d’fhéadfadh a bheith le leasuithe ar an Iarscríbhinn seo nó ar aon cheann dá Fhoscríbhinní; |
(b) |
comhar a éascú maidir le dlíthe, rialacháin, caighdeáin agus nósanna imeachta a bhaineann leis na táirgí orgánacha a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear plé maidir le haon saincheist theicniúil nó rialála a bhaineann le rialacha agus córais rialaithe; agus |
(c) |
idirphlé teicniúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 97 den Chomhaontú seo ar ábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo. |
Foscríbhinn 14-A
TÁIRGÍ ORGÁNACHA ÓN RÍOCHT AONTAITHE A n-AITHNÍONN AN tAONTAS COIBHÉIS INA LEITH
Tuairisc |
Nótaí |
Táirgí plandaí neamhphróiseáilte |
|
Ainmhithe beo nó táirgí ainmhithe neamhphróiseáilte |
LMil san áireamh |
Táirgí dobharshaothraithe agus feamainn |
|
Táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia |
|
Táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia |
|
Síolta agus ábhar iomadaithe |
|
Beidh na táirgí orgánacha atá liostaithe san Fhoscríbhinn seo ina dtáirgí talmhaíochta nó dobharshaothraithe neamhphróiseáilte arna dtáirgeadh sa Ríocht Aontaithe nó ina dtáirgí talmhaíochta próiseáilte lena n-úsáid mar bhia nó mar bheatha arna bpróiseáil sa Ríocht Aontaithe ina bhfuil comhábhair a fásadh sa Ríocht Aontaithe nó a allmhairíodh isteach sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe.
Foscríbhinn 14-B
TÁIRGÍ ORGÁNACHA ÓN AONTAS A n-AITHNÍONN AN RÍOCHT AONTAITHE COIBHÉIS INA LEITH
Tuairisc |
Nótaí |
Táirgí plandaí neamhphróiseáilte |
|
Ainmhithe beo nó táirgí ainmhithe neamhphróiseáilte |
LMil san áireamh |
Táirgí dobharshaothraithe agus feamainn |
|
Táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia |
|
Táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia |
|
Síolta agus ábhar iomadaithe |
|
Beidh na táirgí orgánacha atá liostaithe san Fhoscríbhinn seo ina dtáirgí talmhaíochta nó dobharshaothraithe neamhphróiseáilte arna dtáirgeadh san Aontas nó ina dtáirgí talmhaíochta próiseáilte lena n-úsáid mar bhia nó mar bheatha a próiseáladh san Aontas ina bhfuil comhábhair a fásadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Aontais.
Foscríbhinn 14-C
DLÍTHE AGUS RIALACHÁIN MAIDIR LE TÁIRGÍ ORGÁNACHA IS INFHEIDHME SA RÍOCHT AONTAITHE (1)
Na dlíthe agus na rialacháin seo a leanas is infheidhme sa Ríocht Aontaithe:
1. |
Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a coinníodh |
2. |
Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a coinníodh |
3. |
Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 a coinníodh |
4. |
Na Rialacháin um Tháirgí Orgánacha, 2009 (SI 2009/842) |
Foscríbhinn 14-D
DLÍTHE AGUS RIALACHÁIN MAIDIR LE TÁIRGÍ ORGÁNACHA IS INFHEIDHME SAN AONTAS
Na dlíthe agus na rialacháin seo a leanas is infheidhme san Aontas:
1. |
Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (2) |
2. |
Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (3) |
3. |
Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (4) |
(1) Aon tagairtí sa liosta seo do dhlí coinnithe an Aontais, meastar gur tagairtí iad do reachtaíocht den sórt sin, arna leasú ag an Ríocht Aontaithe le feidhm a bheith aici maidir leis an Ríocht Aontaithe.
(2) IO AE L 189, 20.7.2007, lch. 1.
IARSCRÍBHINN 15
TRÁDÁIL I bhFÍON
Airteagal 1
Raon Feidhme agus Sainmhínithe
1. Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le fíon atá faoi cheannteideal 22.04 den Chóras Comhchuibhithe.
2. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘fíon a tháirgtear i’ fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh a athraíodh ina fhíon nó a cuireadh le fíon i gcríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin.
Airteagal 2
Sainmhínithe ar tháirgí, cleachtais agus próisis fhíoneolaíocha
1. Measfar gur caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta chun críocha na hIarscríbhinne seo cleachtais eolaíochta le haghaidh fíona arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona ('OIV').
2. Údaróidh gach Páirtí allmhairiú agus díol fíona a tháirgtear sa Pháirtí eile lena thomhailt, má táirgeadh an fíon sin de réir:
(a) |
sainmhínithe ar tháirgí atá údaraithe i ngach Páirtí faoi na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 15-A; |
(b) |
na cleachtais fhíoneolaíocha atá bunaithe i ngach Páirtí faoi na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 15-A agus atá de réir chaighdeáin ábhartha OIV; agus |
(c) |
cleachtais agus srianta fíoneolaíochta arna mbunú i ngach Páirtí nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha OIV atá liostaithe i bhFoscríbhinn 15-B. |
3. Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta na Foscríbhinní dá dtagraítear i mír 2 a leasú.
Airteagal 3
Ceanglais deimhniúcháin maidir le hallmhairiú ar chríocha na bPáirtithe faoi seach
1. Maidir le fíon a tháirgtear i bPáirtí agus a chuirtear ar an margadh sa Pháirtí eile, ní bheidh sna doiciméid agus sa deimhniú a éileoidh ceachtar Páirtí ach deimhniú, mar atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 15-C, arna fhíordheimhniú i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí onnmhairiúcháin.
2. Féadfaidh deimhniú a cheanglaítear faoi mhír 1 a bheith i bhfoirm doiciméid leictreonaigh. Tabharfaidh gach Páirtí rochtain ar an doiciméad leictreonach nó ar na sonraí is gá dá bhunaíocht, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla an Pháirtí eile ina bhfuil na hearraí le scaoileadh i saorchúrsaíocht. Mura bhfuil rochtain ar na córais leictreonacha ábhartha ar fáil, féadfar na sonraí is gá a iarraidh i bhfoirm doiciméid pháipéir freisin.
3. Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhpháirtíochta Foscríbhinn 15-C a leasú.
4. Is iad na modhanna anailíse a aithníonn an OIV mar mhodhanna tagartha agus a fhoilsíonn an OIV na modhanna tagartha chun comhdhéanamh anailíseach an fhíona a chinneadh i gcomhthéacs oibríochtaí rialaithe.
Airteagal 4
Eolas faoi bhia agus cóid luchtóige
1. Mura sonraítear a mhalairt san Airteagal seo, déanfar lipéadú ar fhíon a allmhairítear agus a mhargaítear faoin gComhaontú seo i gcomhlíonadh na ndlíthe agus na rialachán a bhfuil feidhm acu i gcríoch an Pháirtí allmhairiúcháin.
2. Ní cheanglóidh Páirtí go mbeidh aon cheann de na dátaí seo a leanas, nó a gcomhionann, ar an gcoimeádán, ar an lipéad nó ar an bpacáistiú fíona:
(a) |
dáta an phacáistithe; |
(b) |
dáta an bhuidéalaithe; |
(c) |
an dáta táirgthe nó monaraíochta; |
(d) |
an dáta éaga, an dáta faoinar cheart é a úsáid, an dáta faoinar cheart é a úsáid nó a thomhailt, agus an dáta éagtha; |
(e) |
an dáta íosmharthanachta, an dáta is fearr agus is fearr roimh an dáta; nó |
(f) |
an dáta díola roimh an dáta. |
De mhaolú ar phointe (e) den chéad fhomhír, féadfaidh Páirtí a cheangal go dtaispeánfaí dáta íosmharthanachta ar tháirgí a bhféadfadh dáta íosmharthanachta níos giorra a bheith acu mar gheall ar chomhábhair meatacha a chur leo ná mar a bheadh ag súil leis ag an tomhaltóir de ghnáth.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear cód in iúl ar lipéad na dtáirgí pacáistithe a fhágann gur féidir an luchtóg lena mbaineann an táirge a aithint, de réir reachtaíocht an Pháirtí a onnmhairíonn an táirge pacáistithe. Beidh an cód luchtóige sofheicthe, soléite agus doscriosta. Ní cheadóidh Páirtí margú táirgí pacáistithe nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sa mhír seo.
4. Ceadóidh gach Páirtí faisnéis shainordaitheach, lena n-áirítear aistriúcháin nó léiriú ar líon na ndeochanna caighdeánacha nó na n-aonad alcóil, a bheith ar taispeáint ar lipéad forlíontach a bheidh greamaithe de choimeádán fíona. Féadfar lipéid fhorlíontacha a ghreamú de choimeádán fíona tar éis é a allmhairiú ach sula gcuirfear an táirge ar an margadh i gcríoch an Pháirtí, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach ar taispeáint go hiomlán agus go cruinn.
5. Ní éileoidh an Páirtí allmhairiúcháin go mbeidh ailléirginí ar taispeáint ar lipéad ailléirginí a úsáideadh chun fíon a tháirgeadh ach nach bhfuil sa táirge deiridh.
Airteagal 5
Forálacha idirthréimhseacha
Maidir le fíon a ndearnadh, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, é a tháirgeadh, a thuairisciú agus a lipéadú i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin Páirtí ach ar mhodh nach gcomhlíonann an Iarscríbhinn seo, féadfar leanúint dá lipéadú agus dá chur ar an margadh mar a leanas:
(a) |
ag mórdhíoltóirí nó táirgeoirí, ar feadh tréimhse dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo; agus |
(b) |
ag miondíoltóirí, go dtí go mbeidh na stoic ídithe. |
Airteagal 6
Malartú faisnéise
Comhoibreoidh na Páirtithe agus malartóidh siad faisnéis maidir le haon saincheist atá ábhartha do chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo laistigh den Choiste Speisialaithe Trádála ar Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil.
Airteagal 7:
Athbhreithniú
Tráth nach déanaí ná trí bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, breithneoidh na Páirtithe céimeanna breise chun trádáil i bhfíon idir na Páirtithe a éascú.
Foscríbhinn 15-A
DLÍTHE AGUS RIALACHÁIN NA bPÁIRTITHE
Dlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe (1)
Dlíthe agus rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas:
a) |
sainmhínithe ar tháirgí:
|
b) |
cleachtais fhíoneolaíocha agus srianta:
|
Dlíthe agus rialacháin an Aontais:
Dlíthe agus rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas:
a) |
sainmhínithe ar tháirgí:
|
b) |
cleachtais fhíoneolaíocha agus srianta:
|
Foscríbhinn 15-B
CLEACHTAIS FHÍONEOLAÍOCHA BHREISE AGUS SRIANTA BREISE AR GHLAC NA PÁIRTITHE LEO GO COMHPHÁIRTEACH
(1) |
Féadfar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe agus siúcrós a úsáid chun saibhriú agus milsiú a dhéanamh faoi na coinníollacha sonracha agus teoranta a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi réir úsáid na dtáirgí sin i bhfoirm athdhéanta i bhfíonta a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a eisiamh. |
(2) |
Ní cheadaítear uisce a chur le fíonsaothrú, ach amháin nuair is gá sin mar gheall ar riachtanas teicniúil sonrach. |
(3) |
Féadfar moirt úr a úsáid faoi na coinníollacha sonracha agus teoranta a leagtar amach i mír 11.2 de Thábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún agus i mír 11.2 de Thábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún. |
Foscríbhinn 15-C
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH FÉINDEIMHNIÚCHÁN D’FHÍON ARNA ALLMHAIRIÚ ÓN [AONTAS EORPACH/AN RÍOCHT AONTAITHE] ISTEACH SA [RÍOCHT AONTAITHE/AN tAONTAS EORPACH] (1)
|
|
||||
|
|
||||
|
|||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|||||
‘Tá an táirge a thuairiscítear thuas ceaptha lena chaitheamh go díreach ag an duine agus comhlíonann sé na sainmhínithe agus na cleachtais fhíoneolaíocha atá údaraithe faoi Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile. Tá sé táirgthe ag táirgeoir a bhfuil an t-údarás inniúil seo a leanas faoi réir a chigireachta agus a mhaoirseachta (7): Coinsíneoir a dheimhníonn an t-eolas thuas (8) Aithint an choinsíneora (9) Áit, dáta agus síniú an iompróra |
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(1 ) d’Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile. |
(2) |
Sonraigh uimhir inrianaitheachta na coinsíneachta, i.e. sraithuimhir lena sainaithnítear an choinsíneacht i dtaifid an onnmhaireora. |
(3) |
Sonraigh ainm iomlán, seoladh agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó sa Ríocht Aontaithe óna n-onnmhairítear an choinsíneacht agus atá freagrach as fíorú na faisnéise dá dtagraítear sa deimhniú seo. |
(4) |
Sonraigh an t-iompar a úsáidtear lena sheachadadh chuig an bpointe teacht isteach san Aontas Eorpach nó sa Ríocht Aontaithe; sonraigh an modh iompair (long, eitleán, etc.), tabhair ainm an mhodha iompair (ainm na loinge, uimhir na heitilte, etc.) |
(5) |
Sonraigh an fhaisnéis seo a leanas:
|
(6) |
Ciallaíonn coimeádán coimeádán le haghaidh fíona is lú ná 60 lítear. Féadfaidh líon na gcoimeádán a bheith mar líon na mbuidéal. |
(7) |
Cuir in iúl ainm iomlán, seoladh agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil ábhartha i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó sa Ríocht Aontaithe. |
(8) |
Cuir in iúl ainm iomlán, seoladh agus sonraí teagmhála an choinsíneora. |
(9) |
Sonraigh:
|
(1) Aon tagairtí sa liosta seo do dhlí coinnithe an Aontais, meastar gur tagairtí iad do reachtaíocht den sórt sin, arna leasú ag an Ríocht Aontaithe le feidhm a bheith aici maidir leis an Ríocht Aontaithe.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO AE L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO AE L 9, 11.1.2019, lch. 2).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún(IO AE L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir neart alcóil a mhéadú, cleachtais agus srianta fíoneolaíocha údaraithe is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an t-íoschéatadán alcóil le haghaidh fotháirgí agus a ndiúscairt, agus foilsiú comhad OIV (IO AE L 149, 7.6.2019, lch. 1).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an scéim um údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, an clár fíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra ina leith, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na seiceálacha agus pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN 16
SOCRÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 96(4) MAIDIR LE FAISNÉIS A MHALARTÚ GO RIALTA MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ NEAMHBHIA AGUS MAIDIR LE BEARTA COISCTHEACHA, SRIANTACHA AGUS CEARTAITHEACHA LENA mBAINEANN
[Bunófar leis an Iarscríbhinn seo socrú maidir le malartú rialta faisnéise idir Córas Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia (RAPEX), nó an córas a thiocfaidh ina ionad, agus bunachar sonraí na Ríochta Aontaithe a bhaineann le faireachas margaidh agus sábháilteacht táirgí arna bhunú faoi na Rialacháin Ghinearálta um Shábháilteacht Táirgí 2005, nó an bunachar a thiocfaidh ina ionad.
I gcomhréir le hAirteagal 96(8) den Chomhaontú seo, sonrófar leis an socrú an cineál faisnéise atá le malartú, na rialacha mionsonraithe maidir leis an malartú agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le sonraí pearsanta a chosaint.]
IARSCRÍBHINN 17
SOCRÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 96(5) LE hAGHAIDH FAISNÉIS A MHALARTÚ GO RIALTA MAIDIR LE BEARTA A DHÉANTAR I LEITH TÁIRGÍ NEAMHCHOMHLÍONTACHA NEAMH-BHIA, SEACHAS NA BEARTA SIN A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 96(4)
[Leis an Iarscríbhinn seo, bunófar socrú maidir le malartú rialta faisnéise, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú trí mheán leictreonach, maidir le bearta a dhéanfar maidir le táirgí bia neamhchomhlíontacha, seachas na bearta sin a chumhdaítear le hAirteagal 96(4) den Chomhaontú seo.
I gcomhréir le hAirteagal 96(8) den Chomhaontú seo, sonrófar leis an socrú an cineál faisnéise atá le malartú, na rialacha mionsonraithe maidir leis an malartú agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le sonraí pearsanta a chosaint.]
IARSCRÍBHINN 18
OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA ÚDARAITHE
Airteagal 1
Critéir le haghaidh Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe agus cóir ina leith.
1. Is de réir dlíthe, rialachán nó nósanna imeachta na bPáirtithe a bhunófar na critéir shonraithe le haghaidh cáiliú mar Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe (‘OEÚ’) dá dtagraítear in Airteagal 110 den Chomhaontú seo. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna critéir shonraithe, a fhoilseofar:
(a) |
easpa sárú tromchúiseach nó sáruithe a ndearnadh an athuair ar reachtaíocht chustaim agus ar rialacha cánachais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheidh ann maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch an iarratasóra; |
(b) |
ardleibhéal rialaithe ar a oibríochtaí nó a hoibríochtaí agus ar shreabhadh na n-earraí á léiriú ag an iarratasóir, trí bhíthin córas chun bainistiú a dhéanamh ar thaifid tráchtála agus ar thaifid iompair, más iomchuí, a cheadaíonn rialuithe iomchuí custaim; |
(c) |
sócmhainneacht airgeadais, a mheasfar a bheith cruthaithe i gcás ina mbeidh seasamh maith airgeadais ag an iarratasóir, lena gcuirfear ar a chumas nó ar a cumas a ghealltanais nó a gealltanais a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe an chineáil gníomhaíochta ghnó lena mbaineann; agus |
(d) |
caighdeáin iomchuí slándála agus sábháilteachta a mheasfar a bheith comhlíonta i gcás ina léireoidh an t-iarratasóir go bhfuil na bearta iomchuí á gcothabháil aige chun slándáil agus sábháilteacht an tslabhra soláthair idirnáisiúnta á áirithiú, lena n-áirítear i réimsí a bhaineann le sláine fisiciúla agus rialuithe rochtana, le próiseas lóistíochtúil agus láimhseáil na gcineálacha sonracha earraí, le pearsanra agus lena chomhpháirtithe gnó nó a comhpháirtithe gnó a shainaithint. |
2. Na critéir shonraithe le haghaidh cáiliú mar Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe, ní cheapfar ná ní chuirfear i bhfeidhm iad chun idirdhealú treallach nó dochosanta a chruthú idir oibreoirí i gcás ina bhfuil na dálaí céanna i réim. Fágfaidh na critéir sin go mbeidh fhiontair bheaga agus mheánmhéide cáilithe mar OEÚnna.
3. Sa chlár comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 110 den Chomhaontú seo beidh an chóir seo a leanas san áireamh:
(a) |
stádas Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe arna údarú ag an bPáirtí eile a chur san áireamh go fabhrach ina mheasúnú riosca chun iniúchtaí nó rialuithe a laghdú agus i mbearta eile a bhaineann le slándáil agus le sábháilteacht; |
(b) |
tosaíocht a thabhairt d’iniúchadh coinsíneachtaí a chumhdaítear le dearbhuithe imeachta nó iontrála achomair arna dtaisceadh ag Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe, i gcás ina gcinnfidh an t-údarás custaim leanúint ar aghaidh le hiniúchadh; |
(c) |
an stádas OEÚ arna dheonú ag an bPáirtí eile a chur san áireamh d’fhonn déileáil leis an ÚE mar chomhpháirtí slán sábháilte agus measúnú á dhéanamh aige ar cheanglais a bhaineann le comhpháirtithe gnó d’iarratasóirí faoina Chlár féin; agus |
(d) |
iarracht a dhéanamh comhshásra leanúnachais gnó a bhunú chun freagairt do bhriseadh i sreafaí trádála i ngeall ar mhéaduithe ar leibhéil rabhaidh slándála, iaimh teorann agus/nó tubaistí nádúrtha, éigeandálaí guaiseacha nó mórtheagmhais eile ina bhféadfadh údaráis chustaim na bPáirtithe lastais tosaíochta a bhaineann le OEÚnna a éascú agus a bhrostú a mhéid is féidir. |
Airteagal 2
Aitheantas frithpháirteach agus freagracht as cur chun feidhme
1. Aithnítear go bhfuil stádas OEÚ faoi chláir chomhpháirtíochta trádála an Aontais agus na Ríochta Aontaithe comhoiriúnach, agus caithfear le sealbhóirí an stádais OEÚ arna dheonú faoi gach clár ar bhealach atá i gcomhréir le hAirteagal 4.
2. Is iad seo a leanas na cláir chomhpháirtíochta trádála lena mbaineann:
a) |
Oibritheoir Eacnamaíoch Údaraithe an Aontais Eorpaigh (slándáil agus sábháilteacht) (pointe (b) d’Airteagal 38(2) CCA); |
b) |
clár Oibritheora Eacnamaíoch Údaraithe na Ríochta Aontaithe (sábháilteacht agus slándáil) (pointe (b) d’Airteagal 38(2) CCA, arna choinneáil i ndlí baile na Ríochta Aontaithe.) |
3. Is iad na húdaráis chustaim, mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 512 den Chomhaontú seo (‘údaráis chustaim’), atá freagrach as cur chun feidhme na bhforálacha san Iarscríbhinn seo.
Airteagal 3
Inchomparáideacht
1. Comhoibreoidh na Páirtithe chun comhoiriúnacht na gcaighdeán a chuirtear i bhfeidhm ar gach ceann dá gcláir chomhpháirtíochta trádála a choimeád i leith na nithe seo a leanas:
(a) |
an próiseas iarratais ar stádas Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe a dheonú d’oibreoirí; |
(b) |
measúnú a dhéanamh ar iarratais ar stádas OEÚ; |
(c) |
stádas OEÚ a dheonú; agus |
(d) |
bainistiú, faireachán, fionraí agus athmheasúnú, agus cúlghairm stádais OEÚ. |
Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfaidh a n-údaráis chustaim faireachán ar chomhlíontacht Oibreoirí Eacnamaíoch Údaraithe maidir leis na gcoinníollacha ábhartha agus na gcritéar ábhartha.
2. Cuirfidh na Páirtithe clár oibre comhpháirteach i gcrích ina leagfar amach líon íosta de chomhbhailíochtuithe ar shealbhóirí an stádais OEÚ arna dheonú faoi gach clár comhpháirtíochta trádála nach mór a thabhairt i gcrích faoi dheireadh 2021, ar a dhéanaí.
3. Áiritheoidh na Páirtithe go bhfeidhmeoidh a gcláir chomhpháirtíochta trádála laistigh de na caighdeáin ábhartha de Chreat SAFE.
Airteagal 4
Déileáil le sealbhóirí stádais
1. Cuirfidh gach Páirtí cóir atá inchomparáide leis an gcóir a thugtar do OEÚnna faoi chlár comhpháirtíochta trádála an Pháirtí eile ar fáil. Áireofar go háirithe ar an láimhseáil sin an láimhseáil atá leagtha amach in d’Airteagal 1(3).
2. Féadfaidh gach Páirtí an chóir dá dtagraítear d’in Airteagal 1(3) a chur ar fionraí chuig OEÚ faoi chlár comhpháirtíochta trádála an Pháirtí eile faoin gComhaontú seo má scoireann an OEÚ sin de na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh. Cuirfear an fionraí sin in iúl go pras don údarás custaim eile mar aon le haon aon fhaisnéis bhreise a chur ar fáil maidir le húdar na fionraí, de réir mar is iomchuí.
3. Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas go pras i gcásanna ina sainaithníonn sé aon neamhrialtacht a rinne OEÚatá údaraithe ag an údarás custaim eile chun cinneadh feasach a dhéanamh maidir le cúlghairm nó fionraí féideartha bhallraíocht an oibreora lena mbaineann.
Airteagal 5
Malartú faisnéise agus cumarsáid
1 Déanfaidh na Páirtithe iarracht cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le chéile i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Roinnfidh siad faisnéis agus cothóidh siad cumarsáid maidir lena gcláir chomhpháirtíochta trádála go háirithe ar na bealaí seo a leanas:
(a) |
nuashonruithe a sholáthar ar oibriú agus ar fhorbairt a gclár comhpháirtíochta trádála go tráthúil; |
(b) |
páirt a ghlacadh i malartuithe faisnéise maidir le slándáil an tslabhra soláthair, malartuithe atá chun tairbhe an dá taobh; |
(c) |
na pointí teagmhála dá gcláir chomhpháirtíochta trádála faoi seach a ainmniú agus sonraí teagmhála na bpointí teagmhála sin a sholáthar don Pháirtí eile; |
(d) |
cumarsáid idirghníomhaireachta éifeachtach a éascú idir Ard-Stiúrthóireacht Cánach agus Aontas Custaim an Choimisiúin Eorpaigh agus Ioncaim agus Custaim a Soilse chun feabhas a chur ar chleachtais bhainistíochta riosca faoina gcláir chomhpháirtíochta trádála faoi seach i ndáil le slándáil an tslabhra soláthair ó thaobh OEÚnna. |
2. Déanfar faisnéis agus sonraí gaolmhara a mhalartú go córasach trí mheán leictreonach.
3 Áireofar ar na sonraí a mhalartófar maidir le hOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe:
(a) |
ainm; |
(b) |
seoladh; |
(c) |
stádas comhaltais; |
(d) |
dáta bailíochtaithe nó údaraithe; |
(e) |
fionraí agus cúlghairm; |
(f) |
an uimhir údaraithe uathúil nó an uimhir aitheantais uathúil (i bhfoirm a chinnfidh na húdaráis chustaim go frithpháirteach); agus |
(g) |
mionsonraí eile a fhéadfar a chinneadh go frithpháirteach idir na húdaráis chustaim, faoi réir, i gcás inarb infheidhme, aon choimircí is gá. |
Cuirfear tús leis an malartú sonraí le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
4. Déanfaidh na Páirtithe a seacht ndícheall socrú a bhunú, laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, chun na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a mhalartú go hiomlán uathoibrithe, agus in aon chás déanfaidh siad socrú den sórt sin a chur chun feidhme tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 6
Sonraí a láimhseáil
Aon mhalartú faisnéise idir na Páirtithe faoin Iarscríbhinn seo beidh sé mutatis mutandis faoi réirrúndacht agus chosaint na faisnéise a leagtar amach in Airteagal 12 den Phrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim.
Airteagal 7
Dul i gcomhairle agus athbhreithniú
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus Rialacha Tionscnaimh athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo. Áireofar an méid seo a leanas san athbhreithniú sin:
(a) |
comhbhailíochtuithe ar OEÚnna arna ndeonú ag gach Páirtí chun láidreachtaí agus laigí i gcur chun feidhme na hIarscríbhinne seo a aithint; |
(b) |
malartuithe tuairimí maidir le sonraí atá le comhroinnt agus maidir leis an gcaoi a gcaithfear le hoibreoirí. |
Airteagal 8
Fionraí agus scor
1. Féadfaidh Páirtí an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 a shaothrú i gcás ina dtarlóidh ceachtar de na himthosca seo a leanas:
a) |
Roimh theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo nó laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, má rinne an Páirtí eile athruithe ábhartha ar na forálacha dlíthiúla dá dtagraítear d’in Airteagal 2(2) a measúnaíodh chund’ a shuíomh go bhfuil na cláir comhoiriúnach, ionas nach ann a thuilleadh don chomhoiriúnacht a cheanglaítear le haghaidh aitheantais faoi d’Airteagal 2(1). |
b) |
Níl feidhm ag na forálacha faoi d’Airteagal 5(2). |
2. I gcás ina dtiocfaidh ceachtar de na himthosca a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 chun cinn, féadfaidh Páirtí an t-aitheantas dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) d’a chur ar fionraí 60 lá tar éis dó a rún a chur in iúl don Pháirtí eile.
3. I gcás ina dtabharfaidh páirtí fógra go bhfuil sé ar intinn aige an t-aitheantas dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) d’i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Páirtí eile comhairliúcháin a iarraidh sa Choiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus Rialacha Tionscnaimh. Eagrófar na comhairliúcháin sin laistigh de 60 lá tar éis na hiarrata.
4. Féadfaidh Páirtí an nós imeachta a leagtar amach i mír 5 a shaothrú i gcás ina dtarlóidh ceachtar de na himthosca seo a leanas:
a) |
Déanann an Páirtí eile a chlár OEÚ a athrú nó an clár sin a chur chun feidhme ar dhóigh go mbeidh deireadh leis an gcomhoiriúnacht is gá chun aitheantas a fháil faoi Airteagal 2(1);d’ |
b) |
Ní dheimhníonn na bailíochtúcháin chomhpháirteacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) d’comhoiriúnacht chláir OEÚ na bPáirtithe faoi seach. |
5. I gás ina n-éireoidh ceachtar de na himthosca atá leagtha amach i pointí (a) agus (b) de mhír 4 chun cinn, féadfaidh Páirtí comhairliúcháin a iarraidh leis an bPáirtí eile faoi chuimsiú an Choiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Custaim agus Rialacha Tionscnaimh. Eagrófar na comhairliúcháin sin laistigh de 60 lá tar éis na hiarrata. Má mheasann Páirtí fós, 90 lá tar éis an iarraidh a fháil, nach ann a thuilleadh don chomhoiriúnacht a éilítear le haghaidh aitheantais faoi Airteagal 2(1)d’, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Pháirtí eile go bhfuil rún aige aitheantas dá chlár a chur ar fionraí. Beidh éifeacht ag an bhfionraí 30 lá tar éis an fógra a fháil.
IARSCRÍBHINN 19
BEARTA ATÁ ANN CHEANA
Príomhnótaí
1. |
Leagtar amach Sceidil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais, faoi Airteagail 133, 139 agus 195 den Chomhaontú seo, na forchoimeádais a rinne an Ríocht Aontaithe agus an tAontas maidir le bearta atá ann cheana nach gcomhlíonann na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an méid seo a leanas:
|
2. |
Tá forchoimeádais Páirtí gan dochar do chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi GATS. |
3. |
I ngach forchoimeádas leagtar amach na heilimintí seo a leanas:
|
4. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, má ghlacann Páirtí beart nua ar leibhéal rialtais atá éagsúil leis an leibhéal ar a ndearnadh an forchoimeádas ar dtús, agus má chuirtear an beart nua seo in ionad na gné neamh-chomhréireacha den bheart bunaidh a luadh in eilimint na ‘beart’, go bunúsach, laistigh den chríoch a bhfuil feidhm aige maidir léi, measfar gurb éard atá sa bheart nua ‘modhnú’ ar an mbeart bunaidh de réir bhrí phointe (c) d’Airteagal 133(1), phointe (c) d’Airteagal 139(1), phointe (c) d’Airteagal 144 agus phointe (c) d'Airteagal 195 (1) den Chomhaontú seo. |
5. |
Agus forchoimeádas á léiriú, déanfar gach eilimint den fhorchoimeádas a bhreithniú. Déanfar forchoimeádas a léiriú i bhfianaise oibleagáidí ábhartha na gCaibidlí nó na Rann a nglactar an forchoimeádas ina gcoinne. Beidh forlámhas ag eilimint na ‘beart’ ar gach eilimint eile. |
6. |
Chun críocha Sceidil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais:
|
7. |
Forchoimeádas maidir le ceanglas go mbeadh gá le láithreacht áitiúil ar chríoch an Aontais nó na Ríochta Aontaithe, glactar an forchoimeádas sin i gcoinne Airteagal 136 den Chomhaontú seo, agus ní i gcoinne Airteagal 135 ná 137 den Chomhaontú seo, chun críocha Sceidil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ní ghlactar le ceanglas den sórt sin mar fhorchoimeádas i gcoinne Airteagal 129 den Chomhaontú seo. |
8. |
Maidir le forchoimeádas a ghlactar ar leibhéal an Aontais, beidh feidhm aige maidir le beart de chuid an Aontais, maidir le beart de chuid Ballstáit ar an leibhéal lárnach nó maidir le beart rialtais laistigh de Bhallstát, mura rud é go n-eisiatar leis an bhforchoimeádas Ballstát. Maidir le forchoimeádas arna ghlacadh ag Ballstát, beidh feidhm aige maidir le beart rialtais ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil laistigh den Bhallstát sin. Chun críocha fhorchoimeádais na Beilge, clúdaíonn an leibhéal lárnach an rialtas cónaidhme agus rialtais na réigiún agus na gcomhphobal mar go bhfuil cumhachtaí reachtúla inniúla ag gach ceann acu. Chun críocha fhorchoimeádais an Aontais agus a Bhallstáit, ciallaíonn leibhéal réigiúnach rialtais san Fhionlainn Oileáin Åland. Tá feidhm ag forchoimeádas arna ghlacadh ar leibhéal na Ríochta Aontaithe maidir le beart de chuid an rialtais láir, rialtais réigiúnaigh nó rialtais áitiúil. |
9. |
Ní áirítear ar liosta na bhforchoimeádas thíos bearta maidir le ceanglais agus nósanna imeachta cáilithe, caighdeáin theicniúla agus ceanglais cheadúnúcháin agus nósanna imeachta i gcás nach ionann iad agus teorannú de réir bhrí Airteagal 128, 129, 135, 136, 137 nó 194 den Chomhaontú seo. Leis na bearta sin, féadtar a chur san áireamh, go háirithe, an gá atá le ceadúnas a fháil, le hoibleagáidí seirbhíse uilíocha a chomhlíonadh, le cáilíochtaí aitheanta in earnálacha rialáilte a bheith gnóthaithe, le pas i scrúduithe sonracha a ghnóthú, lena n-áirítear scrúduithe teanga, le ceanglas ballraíochta i ngairm áirithe a chomhlíonadh, ar nós ballraíocht in eagraíocht ghairmiúil, le gníomhaire áitiúil a bheith ar fáil le haghaidh seirbhíse, nó le seoladh áitiúil a choinneáil, nó aon cheanglas neamh-idirdhealaitheach eile nach bhféadfar gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh i gcriosanna nó limistéir chosanta. Cé nach liostaítear iad leanann na bearta sin d’fheidhm a bheith acu. |
10. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, don Aontas Eorpach, ní bheidh ceanglas i gceist leis an oibleagáid cóir náisiúnta a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha Ríocht Aontaithe an chóir a thugtar i mBallstát, de bua an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, de bhua aon bheart arna ghlacadh de bhun an Chonartha sin, lena n-áirítear cur chun feidhme na mbeart sin sna Ballstáit, a leathnú chuig:
|
11. |
Maidir le cóir a dheonaítear do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe ag infheisteoirí Páirtí i gcomhréir le dlí an Pháirtí eile (lena n-áirítear, i gcás an Aontais Eorpaigh, dlí Ballstáit) agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu laistigh den Pháirtí eile sin, tá an chóir sin gan dochar d’aon choinníoll nó oibleagáid atá i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo, a d’fhéadfadh a bheith forchurtha ar an duine dlítheanach sin nuair a bhí sé bunaithe sa Pháirtí eile sin, agus a leanfaidh de bheith infheidhme. |
12. |
Níl feidhm ag na Sceidil ach maidir le críocha na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 520(2) agus le hAirteagal 774 den Chomhaontú seo agus níl siad ábhartha ach amháin i gcomhthéacs an chaidrimh trádála idir an tAontas agus a Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe. Ní dhéanann siad difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais. |
13. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní hionann bearta neamh-idirdhealaitheacha agus teorannú maidir le rochtain ar an margadh de réir bhrí Airteagail 128, 135 nó 194 den Chomhaontú seo d’aon bheart:
|
14. |
Maidir le seirbhísí airgeadais: Murab ionann agus fochuideachtaí eachtracha, maidir le brainsí a bhunaítear i mBallstát ag institiúid airgeadais nach institiúid Eorpach í, níl na brainsí sin, ach i gcás eisceachtaí teoranta áirithe, faoi réir rialacháin stuamachta atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais a chuireann ar chumas na bhfochuideachtaí sin tairbhe a bhaint as saoráidí feabhsaithe chun bunaíochtaí nua a chur ar bun agus seirbhísí trasteorann a sholáthar ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, faigheann na brainsí sin údarú oibriú i gcríoch Ballstáit faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha maidir le hinstitiúidí airgeadais baile an Bhallstáit sin, agus féadtar go mbeidh roinnt ceanglais stuamachta le comhlíonadh acu, amhail, i gcás baincéireachta agus urrús, caipitliú ar leithligh agus ceanglais eile maidir le sócmhainneacht nó ceanglais maidir le tuairisciú agus cuntais a fhoilsiú nó, i gcás árachais, ceanglais shonracha maidir le ráthaíocht agus taisce, caipitliú ar leithligh, agus logánú sa Bhallstát lena mbaineann na sócmhainní arb iad na cúlchistí teicniúla agus an tríú cuid ar a laghad den corrlach sócmhainneachta. |
Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas sa liosta forchoimeádas thíos:
UK |
An Ríocht Aontaithe |
AE |
An tAontas Eorpach, lena n-áirítear a Bhallstáit uile |
AT |
an Ostair |
BE |
an Bheilg |
BG |
an Bhulgáir |
CY |
an Chipir |
CZ |
an tSeicia |
DE |
an Ghearmáin |
DK |
an Danmhairg |
EE |
an Eastóin |
EL |
an Ghréig |
ES |
an Spáinn |
FI |
an Fhionlainn |
FR |
an Fhrainc |
HR |
an Chróit |
HU |
an Ungáir |
IE |
Éire |
IT |
an Iodáil |
LT |
an Liotuáin |
LU |
Lucsamburg |
LV |
an Laitvia |
MT |
Málta |
NL |
An Ísiltír |
PL |
an Pholainn |
PT |
an Phortaingéil |
RO |
an Rómáin |
SE |
an tSualainn |
SI |
an tSlóivéin |
SK |
Poblacht na Slóvaice |
Sceideal an Aontais
|
Forchoimeádas Uimh. 1 - Gach earnáil |
|
Forchoimeádas Uimh. 2 - Seirbhísí gairmiúla (ach amháin gairmeacha a bhaineann leis an tsláinte) |
|
Forchoimeádas Uimh. 3 - Seirbhísí gairmiúla (a bhaineann leis an tsláinte agus le miondíol cógas) |
|
Forchoimeádas Uimh. 4 - Seirbhísí taighde agus forbartha |
|
Forchoimeádas Uimh. 5 - Seirbhísí eastáit réadaigh |
|
Forchoimeádas Uimh. 6 - Seirbhísí gnó |
|
Forchoimeádas Uimh. 7 - Seirbhísí cumarsáide |
|
Forchoimeádas Uimh. 8 - Seirbhísí Tógála |
|
Forchoimeádas Uimh. 9 - Seirbhísí dáileacháin |
|
Forchoimeádas Uimh. 10 - Seirbhísí oideachais |
|
Forchoimeádas Uimh. 11 - Seirbhísí comhshaoil |
|
Forchoimeádas Uimh. 12 - Seirbhísí airgeadais |
|
Forchoimeádas Uimh. 13 - Seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta |
|
Forchoimeádas Uimh. 14 - Seirbhísí turasóireachta agus seirbhísí a bhaineann le taisteal |
|
Forchoimeádas Uimh. 15 - Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt |
|
Forchoimeádas Uimh. 16 - Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar |
|
Forchoimeádas Uimh. 17 - Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh |
|
Forchoimeádas Uimh. 18 - An talmhaíocht, an iascaireacht agus an mhonaraíocht |
Forchoimeádas Uimh. 1 - Gach earnáil
Earnáil: |
Gach earnáil |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Ceanglais feidhmíochta Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Oibleagáidí maidir le seirbhísí dlí |
Caibidil / Roinn: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí agus creat Rialála do sheirbhísí dlí |
Leibhéal rialtais: |
AE/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Cineál bunaíochta
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Creat rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
An tAontas: Maidir le cóir a dheonaítear de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh do dhaoine dlítheanacha arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu laistigh den Aontas, lena n-áirítear na cinn sin atá bunaithe san Aontas ag infheisteoirí den Ríocht Aontaithe, ní thugtar an chóir sin do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe lasmuigh den Aontas, ná do bhrainsí nó oifigí ionadaíocha na ndaoine dlítheanacha sin, lena n-áirítear brainsí nó oifigí ionadaíocha de chuid daoine dlítheanacha den Ríocht Aontaithe. |
Féadfar cóir is lú fabhar a dheonú do dhaoine dlítheanacha arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nach bhfuil acu san Aontas ach a n-oifig chláraithe, mura féidir a thaispeáint go bhfuil nasc éifeachtach leanúnach acu leis an ngeilleagar i gceann amháin de na Ballstáit.
Bearta:
|
An tAontas Eorpach: Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
Níl feidhm ag an bhforchoimeádas seo ach amháin maidir le seirbhísí sláinte, sóisialta nó oideachais: |
An tAontas (tá feidhm aige freisin maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): Féadfaidh aon Bhallstát, agus é ag díol nó ag diúscairt a chuid leasanna cothromais nó na sócmhainní a bhaineann le fiontar stáit atá ann cheana nó le heintiteas de chuid an rialtais atá ann cheana agus a sholáthraíonn seirbhísí sláinte, sóisialta nó oideachais (CPC 93, 92), féadfaidh sé cosc a chur ar úinéireacht na leasanna nó na sócmhainní sin nó teorainneacha a chur léi, agus/nó srian a chur le cumas úinéirí na leasanna agus na sócmhainní sin aon fhiontar iarmhartach a rialú, i dtaca le hinfheisteoirí de chuid na Ríochta Aontaithe nó a gcuid bhfiontar. Maidir le díolachán nó diúscairt eile den sórt sin, féadfaidh aon Bhallstát aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le náisiúntacht na mbainisteoirí sinsearacha nó náisiúntacht bhaill na mbord stiúrthóirí, chomh maith le haon bheart a chuirfeadh teorainn le líon na soláthróirí.
Chun críocha an fhorchoimeádais seo:
(i) |
measfar gur beart reatha é aon bheart arna choimeád nó a ghlacadh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a choisceann úinéireacht ar leasanna cothromais nó ar shócmhainní nó a fhorchuireann teorainneacha ar an úinéireacht sin ag am an díolacháin nó an diúscartha eile, nó a fhorchuireann ceanglais náisiúntachta nó a fhorchuireann teorainneacha ar líon na soláthraithe a thuairiscítear i bhforchoimeádas seo; agus |
(ii) |
ciallaíonn ‘fiontar stáit’ fiontar faoi úinéireacht nó arna rialú trí leasanna úinéireachta de chuid aon Bhallstáit agus áirítear leis fiontar arna bhunú tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, díreach chun críoch leasanna cothromais i bhfiontar stáit nó in eintiteas rialtais atá ann faoi láthair nó sócmhainní an fhiontair nó an eintitis sin a dhíol nó a dhiúscairt. |
Bearta:
|
AE: Mar a leagtar amach san eilimint tuairiscthe mar a luaitear thuas. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir Náisiúnta agus Creat rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí
In AT: Chun brainse a oibriú, ní mór do chorparáidí lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (neamh-LEE) duine amháin ar a laghad a cheapadh atá freagrach as ionadaíocht an bhrainse sin agus a bhfuil cónaí air san Ostair.
Ní mór go mbeadh sainchónaí san Ostair ar fheidhmeannaigh (stiúrthóirí bainistíochta, daoine nádúrtha) atá freagrach as cloí le hAcht Trádála na hOstaire (Gewerbeordnung).
In BG: Daoine dlítheanacha eachtracha, ach amháin sa chás inar bunaíodh faoi reachtaíocht Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad, féadfaidh siad gnó a stiúradh agus gníomhaíochtaí a shaothrú má tá siad bunaithe i bPoblacht na Bulgáire i bhfoirm cuideachta atá cláraithe sa Chlár Tráchtála. Tá bunú brainsí faoi réir údaraithe.
Ní mór go mbeadh oifigí ionadaíochta d’fhiontair eachtracha cláraithe le Comhlachas Gnó agus Tionscail na Bulgáire agus ní fhéadfaidh siad gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch ach níl sé i dteideal acu ach fógraíócht a dhéanamh maidir lena n-úinéir agus gníomhú mar ionadaithe nó ghníomhairí.
In EE: Murar í an Eastóin áit chónaithe de ar a laghad leath de chomhaltaí an bhoird bainistíochta i gcuideachta theoranta phríobháideach nó i gcuideachta theoranta phoiblí nó i mbrainse dá gcuid, í sin nó Ballstát LEE eile nó Cónaidhm na hEilvéise, déanfaidh an chuideachta theoranta phríobháideach, an chuideachta theoranta phoiblí nó an chuideachta eachtrach duine teagmhála a cheapadh ar féidir a sheoladh Eastónach a úsáid le haghaidh sheachadadh dhoiciméid nós imeachta an ghnóthais agus na ndearbhuithe intinne a dhírítear ar an ngnóthas (i.e. brainse cuideachta eachtraí).
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta; Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh agus Creat rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
In FI: Ní mór go mbeidh cónaitheacht in LEE ag duine amháin ar a laghad de na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht ghinearálta nó de na comhpháirtithe ginearálta i gcomhpháirtíocht theoranta nó, más duine dlítheanach é an comhpháirtí, go mbeadh sainchónaí air (ní cheadaítear brainsí) in LEE. Féadfaidh an t-údarás clárúcháin díolúintí a dheonú. |
Chun gabháil do cheird mar fhiontraí príobháideach, tá cónaitheacht in LEE ina cheanglas.
Má tá sé ar intinn ag eagraíocht eachtrach as tír lasmuigh de LEE gabháil do ghnó nó cheird trí bhrainse a bhunú san Fhionlainn, tá cead trádála ina cheanglas.
Tá cónaitheacht in LEE ina cheanglas ar duine amháin de ghnáthbhaill agus duine amháin de bhaill ionaid an bhord stiúrthóirí ar a laghad agus ar an stiúrthóir bainistíochta. Féadfaidh an t-údarás clárúcháin díolúintí cuideachta a dheonú.
In SE: Déanfaidh cuideachta eachtrach, nach bhfuil eintiteas dlítheanach bunaithe aici sa tSualainn nó atá ag déanamh a gnó trí ghníomhaire tráchtála, déanfaidh sí a cuid oibríochtaí tráchtála trí bhrainse, atá cláraithe sa tSualainn, ag a bhfuil bainistíocht neamhspleách agus cuntais ar leithligh. Ní mór cónaí a bheith ar stiúrthóir bainistíochta agus leas-stiúrthóir bainistíochta an bhrainse, má cheaptar iad, in LEE. Ní mór do dhuine nádúrtha nach bhfuil cónaí air in LEE, a dhéanann oibríochtaí tráchtála sa tSualainn, ionadaí cónaitheach a cheapadh agus a chlárú a bheidh freagrach as na hoibríochtaí sa tSualainn. Coinneofar cuntais ar leithligh le haghaidh na n-oibríochtaí sa tSualainn. I gcásanna aonair féadfaidh an t-údarás inniúil díolúintí a dheonú ó na ceanglais maidir le brainse agus cónaitheacht. Tionscadail tógála a mhaireann níos lú ná bliain arna ndéanamh ag cuideachta atá lonnaithe lasmuigh de LEE nó ag duine nádúrtha a bhfuil cónaí air lasmuigh de LEE díolmhaítear iad ó na ceanglais maidir le brainse a bhunú nó ionadaí cónaitheach a cheapadh.
I gcás cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta agus comhlachais eacnamaíocha chomhoibritheacha, ní mór cónaí in LEE a bheith ar 50 faoin gcéad ar a laghad den bhord stiúrthóirí, 50 faoin gcéad ar a laghad de bhaill an bhoird ionaid, an stiúrthóir bainistíochta, an leas-stiúrthóir bainistíochta agus ar a laghad duine amháin de na daoine atá údaraithe chun síniú thar ceann na cuideachta, más ann dóibh. Féadfaidh an t-údarás inniúil díolúintí ón gceanglas sin a dheonú. Mura bhfuil cónaí ar ionadaí ar bith de chuid na cuideachta nó an chumainn sa tSualainn, ní mór don bhord duine a bhfuil cónaí air sa tSualainn a cheapadh agus a chlárú, duine a bhfuil a sheirbheáil thar ceann na cuideachta nó an chumainn údaraithe.
Tá coinníollacha comhfhreagracha i gceist chun gach cineál eile eintitis dhlíthiúil a bhunú.
In SK: Duine nádúrtha eachtrach a mbeidh a ainm le clárú sa chlár iomchuí (Clár tráchtála, fiontraíochta nó clár gairmiúil eile) agus a údarófar chun gníomhú thar ceann fiontraí, tá ceangal ar an duine sin cead cónaithe sa tSlóvaic a chur isteach.
Bearta:
|
AT: Aktiengesetz, BGBL. Nr. 98/1965, § 254 (2); GmbH-Gesetz, RGBL. Nr. 58/1906, § 107 (2); agus Gewerbeordnung, BGBL. Nr. 194/1994, § 39 (2a). |
|
BG: An Dlí Tráchtála, Airteagal 17a; agus Dlí chun Infheistíochtaí a Spreagadh, Airteagal 24. |
|
EE: Äriseadustik (Cód Tráchtála) § 631 (1, 2 agus 4). |
|
FI: Laki elinkeinon harjoittamisen oikeudesta (An tAcht ar an gCeart chun Gabháil do Cheird) (122/1919), s. 1;
|
|
SE: Lag om utländska filialer m.m (An tAcht um Oifigí Brainse Eachtracha) (1992:160);
|
|
SK: Acht 513/1991 maidir le Cód Tráchtála (Airteagal 21); Acht 455/1991 maidir le Ceadúnú Trádála; agus Acht uimh. 404/2011 maidir le Cónaí Eachtrannach (Airteagail 22 agus 32). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta agus Creat rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
In BG: Féadfaidh fiontair bhunaithe náisiúnaigh tríú tír a fhostú le haghaidh poist nach bhfuil aon cheanglas maidir le náisiúntacht ina leith. Maidir le líon iomlán na náisiúnach tríú tír atá fostaithe ar conradh fostaíochta i bhfiontar bunaithe thar thréimhse de na 12 mhí roimhe sin, ní rachaidh an líon sin thar 20 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás fiontar beag agus meánmhéide) de mheánlíon na náisiúnach Bulgárach, náisiúnaigh na mBallstát eile, náisiúnaigh na stát is páirtí i gComhaontú LEE nó Chónaidhm na hEilvéise. Ina theannta sin, ní mór don fhostóir a thaispeáint nach bhfuil aon oibrí Bulgárach, de chuid an Aontais, de chuid LEE nó Eilvéiseach oiriúnach don phost trí thástáil a dhéanamh ar an margadh saothair roimh náisiúnacha tríú tír a fhostú. |
I dtaca le hoibrithe ardcháilithe, séasúracha agus postaithe, agus i dtaca le fostaithe a aistrítear go hionchorparáideach, ní ann d’aon teorainn leis an líon náisiúnach tríú tír a oibríonn i gcomhair aon fhiontar amháin. Ní cheanglaítear maidir le haon tástáil margaidh i gcás náisiúnaigh tríú tír a fhostú sna catagóirí sin.
Bearta:
|
BG: Acht um Imirce an Lucht Saothair agus um Shoghluaisteacht an Lucht Saothair. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – rochtain ar an margadh, cóir náisiúnta:
|
In PL: Ní fhéadfaidh raon feidhme oibríochtaí de chuid oifige ionadaíche a chuimsiú ach fógraíocht na máthairchuideachta eachtraí. Le haghaidh gach earnála cé is moite de sheirbhísí dlí, arna mbunú ag infheisteoirí neamh-AE agus a bhfiontair,ní fhéadfaidh siad bunú a dhéanamh ach amháin i bhfoirm comhpháirtíochta teoranta, comhpháirtíocht theoranta comhstoic, cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus cuideachta comhstoic, agus, san am céanna, tá rochtain ag infheisteoirí agus fiontair intíre freisin ar na cineálacha cuideachtaí comhpháirtíochta neamhthráchtála (comhpháirtíocht ghinearálta agus comhpháirtíocht dliteanais theoranta). |
Bearta:
|
PL: Acht an 6 Márta 2018 maidir le rialacha i dtaca le gníomhaíocht eacnamaíoch fiontraithe eachtracha agus daoine eachtracha eile i gcríoch Phoblacht na Polainne. |
(b) Réadmhaoin a éadáil
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta:
|
In AT (tá feidhm aige maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): Tá údarú ag na húdaráis réigiúnacha inniúla ina cheanglas um éadáil, ceannach agus cíos nó léasú réadmhaoine ag daoine nádúrtha agus fiontair neamh-AE (Länder). Ní dheonófar údarú ach má mheastar go bhfuil an éadáil chun leas an phobail (leas eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha go háirithe). |
|
In CY: Ceadaítear do Chipirigh nó daoine de bhunús na Cipire, chomh maith le náisiúnaigh de Bhallstát, réadmhaoin a éadáil sa Chipir gan srianta. Ní fhéadfaidh aon eachtrannach, seachas mortis causa, aon réadmhaoin a fháil gan chead a fháil ó Chomhairle na nAirí. Le haghaidh eachtrannach, áit a sáraíonn éadáil réadmhaoine dochorraithe an méid is gá chun áitribh a thógáil do theach nó dhíon gairmiúil, nó má sháraíonn sé ar bhealach eile méid dhá donum (2,676 m cearnach), ní mór go mbeadh aon chead arna dheonú ag Comhairle na nAirí faoi réir na dtéarmaí, na dteorainneacha, na gcoinníollacha agus na gcritéar atá socraithe ag Rialacháin arna ndéanamh ag Comhairle na nAirí agus arna bhfaomhadh ag Teach na nIonadaithe. Is é atá in eachtrannach aon duine nach saoránach é de Phoblacht na Cipire, lena n-áirítear cuideachta faoi smacht eachtrach. Ní chuimsítear leis an téarma sin eachtrannaigh de bhunús na Cipire nó céilí neamh-Chipireacha shaoránaigh Phoblacht na Cipire. |
|
In CZ: Baineann rialacha sonracha leis an talamh talmhaíochta atá faoi úinéireacht an stáit. Ní fhéadfaidh ach amháin náisiúnaigh Sheiceacha, náisiúnaigh de Bhallstáit eile, nó de na stáit is páirtí i gComhaontú LEE nó náisiúnaigh de Chónaidhm na hEilvéise talamh talmhaíochta stáit a fháil. Ní fhéadfaidh daoine dlítheanacha talamh talmhaíochta stáit a fháil ón stát ach amháin más fiontraithe talmhaíochta sa Phoblacht Sheiceach iad nó daoine a bhfuil stádas comhionann acu i mBallstát eile den Aontas Eorpach, nó i stáit is páirtí i gComhaontú LEE nó i gCónaidhm na hEilvéise. |
|
In DK: Maidir le daoine nádúrtha nach bhfuil cónaí orthu sa Danmhairg agus nach raibh cónaí orthu roimhe sa Danmhairg ar feadh tréimhse cúig bliana san iomlán, ní mór do na daoine sin i gcomhréir le hAcht um Éadáil na Danmhairge cead a fháil ón Aireacht Dlí agus Cirt chun teideal réadmhaoine a fháil sa Danmhairg. Tá feidhm ag an méid seo freisin maidir le daoine dlítheanacha nach bhfuil cláraithe sa Danmhairg. I dtaca le daoine nádúrtha, ceadófar réadmhaoin a fháil má tá an t-iarratasóir chun an réadmhaoin a úsáid mar a phríomháit chónaithe. |
I dtaca le daoine nádúrtha nach bhfuil cláraithe sa Danmhairg, ceadófar maoin réadach a fháil i gcoitinne, i gcás inar réamhriachtanas le haghaidh ghníomhaíochtaí gnó an cheannaitheora atá san éadáil. Tá ceanglas maidir le cead a fháil freisin má shocraíonn an t-iarratasóir an réadmhaoin a úsáid mar theaghais thánaisteach. Ní thabharfar an céad sin ach amháin i gcás ina meastar, tar éis measúnú foriomlán nithiúil a dhéanamh, go bhfuil naisc láidre ar leith ag an iarratasóir leis an Danmhairg.
Ní dheonaítear cead faoin Acht Éadála ach chun réadmhaoin ar leithligh a fháil. Rialaítear éadáil talún talmhaíochta ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha leis an Acht Danmhargach ar Réadmhaoin Talmhaíochta, ina bhforchuirtear srianta ar gach duine, bíodh sé ina Dhanmhargach nó ina eachtrannach, agus maoin talmhaíochta á fáil. Dá réir sin, ní mór d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ar mian leis réadmhaoin talmhaíochta a fháil, na ceanglais san Acht seo a chomhlíonadh. Go ginearálta, ciallaíonn sin go bhfuil feidhm ag ceanglas cónaithe teoranta ar an ngabháltas talmhaíochta. An ceanglas cónaithe, ní ceanglas pearsanta é. Ní mór eintitis dhlítheanacha a bheith de na cineálacha a liostaítear in §20 agus §21 den acht agus ní mór iad a bheith cláraithe san Aontas (nó in LEE).
In EE: Tá an ceart ag duine dlítheanach de chuid Bhallstát ECFE réadmhaoin a fháil ina bhfuil an méid seo a leanas:
(i) |
níos lú ná deich heicteár talún talmhaíochta, foraoise nó de thalamh talmhaíochta agus foraoise san iomlán gan bhacainní. |
(ii) |
deich heicteár nó níos mó talún talmhaíochta má bhí an duine dlítheanach ag gabháil, ar feadh trí bliana díreach roimh an mbliain a ndearnadh idirbheart chun an réadmhaoin a fháil, de tháirgeadh na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cé is moite de tháirgí iascaigh agus de chadás (dá ngairfear táirge talmhaíochta anseo feasta). |
(iii) |
deich heicteár nó níos mó talún foraoise má bhí an duine dlítheanach ag gabháil, ar feadh trí bliana díreach roimh an mbliain a ndearnadh idirbheart chun an réadmhaoin a fháil, de bhainistiú foraoise de réir bhrí an Achta Foraoise (dá ngairtear bainistiú foraoise anseo feasta) nó de tháirgí talmhaíochta a tháirgeadh. |
(iv) |
deich heicteár nó níos lú talún talmhaíocht agus níos lú ná deich heicteár talún foraoise, ach deich heicteár nó níos mó talún talmhaíochta agus foraoise san iomlán má bhí an duine dlítheanach ag gabháil, ar feadh trí bliana díreach roimh an mbliain a ndearnadh idirbheart chun an réadmhaoin a fháil, de tháirgí talmhaíochta a tháirgeadh nó de bhainistiú foraoise. |
Mura gcomhlíonann duine dlítheanach na ceanglais dá bhforáiltear in (ii)–(iv), ní fhéadfaidh an duine dlítheanach réadmhaoin a fháil ina bhfuil deich heicteár nó níos mó talún talmhaíochta, talún foraoise nó talún talmhaíochta agus foraoise san iomlán ach amháin le húdarú ó chomhairle rialtais áitiúil na háite ina bhfuil an réadmhaoin le fáil.
Maidir le náisiúnaigh neamh-LEE, tá srianta ar réadmhaoin a fháil i limistéir gheografacha áirithe.
In EL: Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a náisiúntacht nó a mbunáit lasmuigh de na Ballstáit nó de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tá cosc ar éadáil réadmhaoine nó ar thionóntacht sna réigiúin cois teorann. Féadfar an cosc sin a fhuascailt le cinneadh lánroghnach a dhéanfaidh coiste iomchuí an Riaracháin Dhíláraithe (nó an tAire Cosanta Náisiúnta i gcás inar leis an gCiste um Maoin Phoiblí Phríobháideach a Shaorshaothrú an mhaoin atá le saothrú).
In HR: Ní cheadaítear do chuideachtaí eachtracha réadmhaoin a fháil chun seirbhísí a fháil ach má tá siad bunaithe agus corpraithe sa Chróit mar dhaoine dlítheanacha. Tá faomhadh ón Aireacht Dlí agus Cirt ina cheanglas um éadáil na réadmhaoine is gá chun seirbhísí a sholáthar ag brainsí. Ní fhéadfaidh eachtrannaigh talamh talmhaíochta a fháil.
In MT: Ní fhéadfaidh daoine nach náisiúnaigh de Bhallstát iad réadmhaoin a fháil chun críoch tráchtála. Ní mór do chuideachtaí ag a bhfuil 25 faoin gcéad (nó níos mó) de scairsheilbh neamh-AE údarú a fháil ón Údarás inniúil (an tAire atá freagrach as Airgeadas) chun réadmhaoin dhochorraithe a cheannach chun críocha tráchtála nó gnó. Socróidh an t-údarás inniúil an é atá san éadáil atá beartaithe glantairbhe do gheilleagar Mhálta.
In PL: Tá cead ina cheanglas um éadáil réadmhaoine, idir éadáil díreach agus indíreach ag eachtrannaigh. Eisítear cead trí chinneadh riaracháin ag aire atá inniúil i ngnóthaí inmheánacha, le cead an Aire Cosanta Náisiúnta, agus i gcás réadmhaoin talmhaíochta, le cead an Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe freisin.
Bearta:
|
AT: Burgenländisches Grundverkehrsgesetz, LGBL. Uimh. 25/2007;
|
|
CY: An Dlí ar Fháil Maoine Dochorraithe (Eachtrannaigh) (Caibidil 109), arna leasú. |
|
CZ: Acht Uimh. 503/2012, Coll. ar an Oifig Talún Stáit arna leasú. |
|
DK: Acht Danmhargach ar Fháil Réadmhaoine (Acht Comhdhlúite Uimh. 265 an 21 Márta 2014 ar Réadmhaoin a Fháil); An tOrdú Feidhmiúcháin um Thógáil (Ordú Feidhmiúcháin Uimh. 764 an 18 Meán Fómhair 1995); agus an tAcht um Ghabháltais Talmhaíochta (Acht Comhdhlúite Uimh. 27 an 4 Eanáir 2017). |
|
EE: Kinnisasja omandamise kitsendamise seadus (An tAcht um Shrianta ar Éadáil Sócmhainní Dochorraithe) Caibidil 2 § 4, Caibidil 3§ 10, 2017. |
|
EL: Dlí 1892/1990, mar atá sé inniu, i gcomhar, a mhéid a bhaineann leis an iarratas, leis an gcinneadh ón aire F.110/3/330340/S.120/7-4-14 ón Aire Cosanta Náisiúnta agus ón Aire Cosanta Saoránach. |
|
HR: An tAcht um Úinéireacht agus Cearta Dílseánaigh eile (OG 91/96, 68/98, 137/99, 22/00, 73/00, 129/00, 114/01, 79/06, 141/06, 146/08, 38/09, 143/12, 152/14), Airteagail 354 go 358.b; Acht um Thalamh Talmhaíochta (OG 20/18, 115/18, 98/19), Airteagal 2; Acht um Nós Imeachta Riaracháin Ginearálta. |
|
MT: An tAcht um Maoin Inchorraithe (Leabhair Neamhchónaitheoirí) (Cap. 246); agus Prótacal Uimh. 6 de Chonradh Aontachais AE maidir le háiteanna cónaithe tánaisteacha a fháil i Málta. |
|
PL: Dlí an 24 Márta 1920 ar Éadáil réadmhaoine ag Eachtrannaigh (Iris Dlíthe 2016, mír 1061 arna leasú). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In HU: Tá ceannach réadmhaoine ag neamhchónaitheoirí faoi réir údarú a fháil ón údarás riaracháin iomchuí atá freagrach as ionad geografach na réadmhaoine. |
Bearta:
|
HU: Foraithne Rialtais Uimh. 251/2014 (X. 2.) ar Éadáil an mhéid seo ag Náisiúnaigh Eachtracha Eastát réadach seachas Talamh a Úsáideadh chun Críocha Talmhaíochta nó Foraoiseachta; agus Acht LXXVIII 1993 (Mír 1/A). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In LV: Ceadaítear éadáil talún uirbí ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe trí dhaoine dlítheanacha atá cláraithe sa Laitvia nó i mBallstáit eile:
|
I gcás ina gceadaíonn an Ríocht Aontaithe do náisiúnaigh agus d’fhiontair de chuid na Laitvia réadmhaoin uirbeach a cheannach ina gcuid críoch, ceadóidh an Laitvia do náisiúnaigh agus d’fhiontair na Ríocht Aontaithe réadmhaoin uirbeach a cheannach sa Laitvia faoi na coinníollacha céanna agus a bhaineann le náisiúnaigh na Laitvia.
Bearta:
|
LV: Dlí ar athchóiriú talún i gcathracha Phoblacht na Laitvia, Ranna 20 agus 21. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In DE: Féadfaidh feidhm a bheith ag coinníollacha áirithe cómhalartachta maidir le héadáil réadmhaoine. |
|
In ES: I gcás infheistíocht eachtrach i ngníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le hinfheistíochtaí réadmhaoine, tá údarú riaracháin ó Chomhairle Airí na Spáinne ina cheanglas ar mhisin taidhleoireachta ó stáit nach Ballstáit iad, mura bhfuil comhaontú cómhalartach um léirscaoileadh i bhfeidhm. |
|
In RO: Féadfaidh náisiúnaigh eachtracha, daoine gan stát agus daoine dlítheanacha (seachas náisiúnaigh agus daoine dlítheanacha de Bhallstát LEE) cearta réadmhaoine a fháil chun tailte a shealbhú, faoi na coinníollacha arna rialáil ag conarthaí idirnáisiúnta, bunaithe ar chómhalartacht. Ní fhéadfaidh náisiúnaigh eachtracha, daoine gan stát ná daoine dlítheanacha eachtracha an ceart réadmhaoine chun tailte a shealbhú, faoi choinníollacha atá níos fabhraí ná na cinn is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha an Aontais Eorpaigh. |
Bearta:
|
DE: Einführungsgesetz zum Bürgerlichen Gesetzbuche (EGBGB; An Dlí Réamhráiteach a ghabhann leis an gCód Sibhialta). |
|
ES: Foraithne Ríoga 664/1999 an 23 Aibreán 1999 a bhaineann le hinfheistíocht eachtrach. |
|
RO: Dlí 17/2014 maidir le bearta áirithe lena rialaítear díol talún talmhaíochta atá lonnaithe lasmuigh den bhaile agus lena leasaítear; Dlí Uimh. 268/2001 maidir le príobháidiú cuideachtaí ar leo talamh faoi úinéireacht phoiblí agus faoi bhainistíocht phríobáideach an stáit le haghaidh talmhaíochta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Fearann an Stáit, agus leasuithe ina dhiaidh sin. |
Forchoimeádas Uimh. 2 – Seirbhísí gairmiúla (ach amháin gairmeacha a bhaineann leis an tsláinte)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí dlí; gníomhaire paitinne, gníomhaire maoine tionscail, aturnae maoine intleachtúla; seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta; seirbhísí iniúchóireachta, seirbhísí comhairleacha cánachais; seirbhísí ailtireachta agus seirbhísí pleanála uirbí; seirbhísí innealtóireachta agus seirbhísí innealtóireachta comhtháite |
Aicmiú tionscail: |
CPC 861, 862, 863, 8671, 8672, 8673, 8674, cuid de 879 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil Oibleagáidí maidir le Seirbhísí dlí |
Caibidil / Roinn: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí agus Creat rialála do sheirbhísí dlí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí dlí (cuid de CPC 861) (1)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh – agus Creat rialála do Sheirbhísí dlí – Oibleagáidí
In AE: Tá feidhm ag ceanglais shonracha maidir le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach i ngach Ballstát.
(i) |
Seirbhísí dlí ainmnithe arna soláthar faoin teideal gairmiúil baile (cuid de CPC 861 – seirbhísí comhairleacha dlíthiúla, eadrána, idir-réitigh agus idirghabhála maidir le dlínse bhaile agus dlí idirnáisiúnta arna rialú le Roinn 7 de Chaibidil 5 de Theideal II de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, i gcomhréir leis na Príomhnótaí, go háirithe mír 9, d’fhéadfadh a bheith sna ceanglais maidir le clárú le Barra ceanglas maidir le roinnt oiliúna a bheith déanta faoi mhaoirseacht dlíodóra cheadúnaithe, nó oifig nó seoladh poist a bheith suite laistigh de dhlínse Barra shonraigh chun bheith incháilithe chun cur isteach ar bhallraíocht sa Bharra sin. Féadfaidh roinnt Ballstát ceanglas a fhorchur ar na daoine nádúrtha sin a bhfuil poist áirithe acu laistigh de ghnólacht/cuideachta/fiontar dlí nó ar scairshealbhóirí, maidir leis an gceart a bheith acu dlí an dlínse óstaigh a chleachtadh.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Rochtain ar an margadh agus Creat rialála do Sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
In AT: Teastaíonn náisiúntacht LEE nó na hEilvéise chomh maith le cónaitheacht (láithreacht tráchtála) chun seirbhísí dlí a chleachtadh i ndáil le dlí baile (an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát), lena n-áirítear ionadaíocht os comhair cúirteanna. Is do dhlíodóirí a bhfuil náisiúntacht LEE nó Eilvéiseach acu agus dóibh sin amháin a cheadaítear seirbhísí a sholáthar trí láithreacht tráchtála. Ní cheadaítear cleachtas seirbhísí dlí i ndáil leis an dlí idirnáisiúnta poiblí agus le dlí na tíre baile ach ar bhonn trasteorann. |
Ceadaítear suas le 25 faoin gcéad de rannpháirtíocht cothromais agus scaireanna i dtoradh oibriúcháin aon dlíghnólachta ag dlíodóirí eachtracha (nach mór dóibh a bheith láncháilithe ina ndlíchóras baile); ní mór do dhlíodóirí LEE nó dlíodóirí na hEilvéise atá cáilithe go hiomlán an chuid eile a bheith acu agus ní fhéadfaidh ach dlíodóirí de chuid na hEilvéise atá cáilithe go hiomlán tionchar cinntitheach a imirt i gcinnteoireacht an ghnólachta dlí.
In BE: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair) Féadfaidh dlíodóirí eachtracha cleachtadh mar chomhairleoirí dlí. Dlíodóirí ar baill iad de Bharraí eachtrannacha (neamh-AE) agus ar mian leo a bhunú sa Bheilg ach nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh clárú ar Tableau dlíodóirí láncháilithe, ar liosta AE nó ar Liosta na nDlíodóirí faoi Oiliúint, féadfaidh siad clárú a iarraidh ar ‘B-Liosta’ mar a thugtar air. Is ag Barra na Bruiséile amháin atá an ‘B-List’. Ceadaítear do dhlíodóir ar an liosta B seirbhísí dlí ainmnithe a sholáthar.
In BG: (Maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair): Le haghaidh seirbhísí idirghabhála dlí, tá buanchónaitheacht ina ceanglas. Ní fhéadfaidh idirghabhálaí a bheith ina dhuine ach amháin duine a iontráladh i gClár Aonfhoirmeach na nIdirghabhálaithe leis an Aire Dlí agus Cirt.
Sa Bhulgáir, an chóir náisiúnta iomlán i leith bunú agus oibriú cuideachtaí, chomh maith le soláthar seirbhísí, is féidir sin a leathnú ar chaoi nach mbainfidh sí ach le cuideachtaí, atá bunaithe sna tíortha a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha curtha i gcrích leo nó a gcuirfear i gcrích iontu iad.
In CY: Teastaíonn náisiúntacht LEE nó na hEilvéise chomh maith le cónaí (láithreacht tráchtála). Ní fhéadfaidh ach abhcóidí atá cláraithe leis an mBarra a bheith ina gcomhpháirtithe nó ina gcomhaltaí den Bhord Stiúrthóirí i gcuideachta dlí sa Chipir.
In CZ: Chun cónaí dlíodóirí coigríche (láithreacht tráchtála) ag teastáil.
In DE: I gcomhair dlíodóirí eachtracha (a bhfuil cáilíochtaí acu nach cáilíochtaí LEE nó Eilvéiseacha iad), d’fhéadfadh srianta a bheith ar scaireanna a shealbhú i gcuideachta dlíodóirí a chuireann seirbhísí dlí i ndlí an dlínse óstaigh ar fáil.
In DK: Gan dochar d’fhorchoimeádas an AE thuas, ní féidir scaireanna i ngnólacht dlí a bheith faoi úinéireacht ach ag abhcóidí a chleachtann an dlí go gníomhach sa ghnólacht, ina mháthairchuideachta nó ina fhochuideachta, fostaithe eile sa ghnólacht, nó gnólacht dlí eile atá cláraithe sa Danmhairg. Maidir le fostaithe eile sa chuideachta, ní fhéadann siad ach úinéireacht a bheith acu ar níos lú ná 10 faoin gcéad de na scaireanna ná na cearta vótála agus chun gur scairshealbhóirí iad ní mór dóibh pas a fháil i scrúdú ar na rialacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le cleachtadh dlí.
Ní féidir ach abhcóidí a chleachtann dlí go gníomhach sa chuideachta, sa mháthairchuideachta nó i bhfochuideachta, scairshealbhóirí eile agus ionadaithe fostaithe a bheith ina gcomhaltaí den bhord. Caithfidh tromlach bhaill an bhoird a bheith ina n-abhcóidí a chleachtann dlí go gníomhach sa chuideachta, sa mháthairchuideachta nó ina fochuideachta. Ní fhéadann ach abhcóidí a chleachtann dlí go gníomhach sa chuideachta, sa mháthairchuideachta nó i bhfochuideachta, nó scairshealbhóirí eile a fuair pas sa scrúdú a luaitear thuas a bheith ina stiúrthóirí den chuideachta dlí.
In ES: Tá seoladh gairmiúil ag teastáil chun seirbhísí dlí ainmnithe a sholáthar.
In FR: tá cónaitheacht nó bunaíocht in LEE ina ceanglas chun cleachtadh ar bhonn buan. Gan dochar d’fhorchoimeádas an AE thuas: I dtaca le gach dlíodóir, ní mór do ghnólacht ceann amháin de na foirmeacha dlíthiúla seo a leanas a ghlacadh atá údaraithe faoi dhlí na Fraince ar bhonn neamh-idirdhealaitheach: SCP (société civile professionnelle), SEL (société d’exercice libéral), SEP (société en participation), SARL (société à responsabilité limitée), SAS (société par actions simplifiée), SA (société anonyme), SPE (société pluriprofessionnelle d’exercice) agus ‘association’, faoi choinníollacha áirithe. Féadfaidh scairshealbhóirí, stiúrthóirí agus comhpháirtithe a bheith faoi réir srianta sonracha a bhaineann lena ngníomhaíocht ghairmiúil.
In HR: Ní féidir ach le dlíodóir a bhfuil teideal dlíodóir na Cróite aige gnólacht dlí a bhunú (is féidir le gnólachtaí na Ríochta Aontaithe brainsí a bhunú, nach bhféadfadh dlíodóirí na Cróite a fhostú).
In HU: Tá gá le conradh comhair a cuireadh i gcrích le haturnae na hUngáire (ügyvéd) nó le gnólacht dlí (ügyvédi iroda). Ní féidir le comhairleoir dlí eachtrach a bheith ina chomhalta de ghnólacht dlí Ungárach. Níl dlíodóir eachtrach údaraithe chun doiciméid a ullmhú atá le cur faoi bhráid eadránaí, comhréiteora nó idirghabhálaí in aon díospóid, nó chun gníomhú mar ionadaí dlíthiúil an chliaint os comhair eadránaí, comhréiteora nó idirghabhálaí.
In PT (Maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair freisin): Féadfaidh eachtrannaigh a bhfuil dioplóma acu a bhronn aon Dámh Dlí sa Phortaingéil, clárú le Barra na Portaingéile (Ordem dos Advogados), faoi na téarmaí céanna le náisiúnaigh na Portaingéile, má thugann a dtír sin cóir chómhalartach do náisiúnaigh na Portaingéile.
Féadfaidh eachtrannaigh eile a bhfuil Céim sa Dlí acu atá aitheanta ag Dámh Dlí sa Phortaingéil clárú mar chomhaltaí de Chumann an Bharra ar choinníoll go dtéann siad faoin oiliúint a cheanglaítear agus a fhaigheann pas sa scrúdú measúnaithe agus iontrála deiridh.
Ceadaíonn dlí-eolaithe comhairliúchán dlí, ar choinníoll go bhfuil a n-áit chónaithe ghairmiúil acu (‘domiciliação’) in PT, go n-éiríonn leo i scrúdú iontrála agus go bhfuil siad cláraithe sa Bharra.
In RO: Ní fhéadfaidh dlíodóirí eachtrach teacht ar chonclúidí béil ná scríofa os comhair na gcúirteanna ná comhlachtaí breithiúnacha, ach amháin le haghaidh eadrána idirnáisiúnta.
In SE: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair) Gan dochar d’fhorchoimeádas an Aontais thuas: Ní fhéadfaidh ball de Chomhlachas Barra na Sualainne bheith fostaithe ag aon duine seachas ball den bharra nó cuideachta a dhéanann gnó thar ceann bhall barra. Mar sin féin, féadfaidh ball den Bharra a bheith fostaithe ag cuideachta eachtrach a dhéanann gnó abhcóide ar choinníoll go bhfuil sainchónaí ar an gcuideachta atá i gceist i dtír laistigh den Aontas, in LEE, nó i gCónaidhm na hEilvéise. Faoi réir díolúine ó Bhord Chomhlachas Bharra na Sualainne féadfar ball de Chomhlachas Bharra na Sualainne a bheith fostaithe freisin ag gnólacht dlí nach bhfuil san Aontas Eorpach.
Ní fhéadfaidh baill bharra a dhéanann a gcuid gnó i bhfoirm cuideachta nó comhpháirtíochta aon chuspóir eile a bheith acu agus ní fhéadfaidh siad aon ghnó eile a dhéanamh seachas cleachtas abhcóide. Tá comhoibriú le gnóthais abhcóide eile ceadaithe, ach tá cead ó Bhord Chomhlachas Bharra na Sualainne ina cheanglas chun oibriú i gcomhair le gnóthais eachtracha. Ní fhéadfaidh ach ball den Bharra cleachtadh mar abhcóide go díreach nó go hindíreach, nó trí mheán cuideachta, bheith ina úinéir scaireanna sa chuideachta nó bheith ina chomhpháirtí. Ní fhéadfaidh ach ball a bheith ina bhall nó ina bhall ionaid den bhord nó ina leas-stiúrthóir bainistíochta, nó ina shínitheoir údaraithe nó rúnaí de chuid na cuideachta nó na comhpháirtíochta.
In SI: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair) Is féidir le dlíodóir eachtrach a bhfuil an ceart aige dlí baile-dlínse a chleachtadh i dtír choigríche seirbhísí dlí nó dlí a chleachtadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 34a den Acht Aturnaetha, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll de chómhalartacht iarbhír. Gan dochar d’fhorchoimeádas an AE maidir le ceanglais i ndáil le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach, tá láithreacht tráchtála le haghaidh aturnaetha ceaptha ag Cumann Bharra na Slóivéine teoranta do dhílseánacht aonair, gnólacht dlí le dliteanas teoranta (comhpháirtíocht) nó do ghnólacht dlí le dliteanas neamhtheoranta amháin (comhpháirtíocht). Ní mór go mbeadh gníomhaíochtaí gnólacht dlí srianta go cleachtadh an dlí. Ní fhéadfaidh ach aturnaetha bheith ina gcomhpháirtithe i ngnólacht dlí.
In SK: I gcomhair dlíodóirí neamh-AE tá cómhalartacht iarbhír ina cheanglas.
(ii) |
Seirbhísí dlí eile (dlí na dlínse óstacha lena n-áirítear comhairle dlí, eadráin, seirbhísí idir-réitigh agus idirghabhála agus seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla). |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, i gcomhréir leis na Príomhnótaí, go háirithe mír 9, d’fhéadfadh a bheith sna ceanglais maidir le clárú le Barra ceanglas maidir le céim sa dlí a bheith bainte amach sa dlínse óstach nó a coibhéis, nó roinnt oiliúna a bheith déanta faoi mhaoirseacht dlíodóra cheadúnaithe, nó oifig nó seoladh poist a bheith suite laistigh de dhlínse Barra shonraigh chun bheith incháilithe chun cur isteach ar bhallraíocht sa Bharra sin.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In AE: Ní fhéadfaidh ach amháin cleachtóirí dlí atá cáilithe i gceann de Bhallstáit LEE agus a bhfuil a n-áit ghnó laistigh de LEE acu ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha os comhair Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), a mhéid atá sé de cheart acu, laistigh den Bhallstát sin, gníomhú mar ionadaithe i gcúrsaí trádmhairc nó in ábhair a bhaineann le maoin thionsclaíoch, agus ar ionadaithe gairmiúla iad a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta arna choinneáil ag EUIPO chun na críche sin. (Cuid de CPC 861) |
|
In AT: Teastaíonn náisiúntacht LEE nó na hEilvéise chomh maith le cónaitheacht (láithreacht tráchtála) chun seirbhísí dlí a chleachtadh i ndáil le dlí baile (an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát), lena n-áirítear ionadaíocht os comhair cúirteanna. Is do dhlíodóirí a bhfuil náisiúntacht LEE nó Eilvéiseach acu agus dóibh sin amháin a cheadaítear seirbhísí a sholáthar trí láithreacht tráchtála. Ní cheadaítear cleachtas seirbhísí dlí i ndáil leis an dlí idirnáisiúnta poiblí agus le dlí na tíre baile ach ar bhonn trasteorann. |
Ceadaítear suas le 25 faoin gcéad de rannpháirtíocht cothromais agus scaireanna i dtoradh oibriúcháin aon dlíghnólachta ag dlíodóirí eachtracha (nach mór dóibh a bheith láncháilithe ina ndlíchóras baile); ní mór do dhlíodóirí LEE nó dlíodóirí na hEilvéise atá cáilithe go hiomlán an chuid eile a bheith acu agus ní fhéadfaidh ach dlíodóirí de chuid na hEilvéise atá cáilithe go hiomlán tionchar cinntitheach a imirt i gcinnteoireacht an ghnólachta dlí.
In BE: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair freisin)Tá cónaitheacht ina ceanglas chun go ligfí isteach go hiomlán sa Bharra í, lena n-áirítear le haghaidh ionadaíochta os comhair cúirteanna. Sé bliana ar a laghad atá sa cheanglas cónaithe d’aturnae eachtrach chun glacadh iomlán sa Bharra a fháil, is é sin sé bliana ón dáta ar a ndéantar iarratas ar chlárú, ach gan ach trí bliana ann faoi réir coinníollacha áirithe. Ceanglas go mbeadh seilbh ar dheimhniú arna eisiúint ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge faoina gceadaíonn an dlí náisiúnta nó an coinbhinsiún idirnáisiúnta poiblí cómhalartacht (coinníoll cómhalartachta).
Féadfaidh dlíodóirí coigríche cleachtadh mar shainchomhairleoirí dlí. Dlíodóirí ar baill iad de Bharraí eachtrannacha (neamh-AE) agus ar mian leo a bhunú sa Bheilg ach nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh clárú ar Tableau dlíodóirí láncháilithe, ar liosta AE nó ar Liosta na nDlíodóirí faoi Oiliúint, féadfaidh siad clárú a iarraidh ar ‘B-Liosta’ mar a thugtar air. Is ag Barra na Bruiséile amháin atá an ‘B-List’. Tá cead ag dlíodóir ar an liosta B comhairle a thabhairt. Tá ionadaíocht os comhair an ‘Cour de Cassation’ faoi réir ainmniúchán ar liosta sonrach.
In BG: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair) atá forchoimeádta do náisiúnaigh de Bhallstát, nó de chuid Stáit eile is páirtí i gComhaontú LEE, nó de Chónaidhm na hEilvéise, ar deonaíodh údarú dóibh gairm an dlíodóra a chleachtadh de réir reachtaíocht de chuid aon cheann de na tíortha réamhluaite. Féadfaidh náisiúnach eachtrach (seachas an méid atá luaite thuas) ar údaraíodh dó nó di gairm an dlíodóra a chleachtadh i gcomhréir le reachtaíocht a thíre féin, achomharc a dhéanamh os comhair comhlachtaí breithiúnacha Phoblacht na Bulgáire mar chomhlacht cosanta nó mansonraíocht náisiúnaigh dá thír féin, ag gníomhú dó nó di ar chás sonrach, in éineacht le haturnae faoi dhlí na Bulgáire, i gcás ina bhfuil sé beartaithe é sin a dhéanamh i gcomhaontú idir an Bhulgáir agus an stát eachtrach faoi seach, nó an Cathaoirleach ar bhonn frithpháirteach, ag déanamh réamhiarraidh ar an gComhairle. Ainmneoidh an tAire Dlí agus Cirt tíortha a bhfuil frithpháirteacht ann ina leith, arna iarraidh sin do Chathaoirleach Chomhairle an Bharra Uachtarach. Chun seirbhísí idirghabhála dlíthiúla a sholáthar, ní mór cead cónaithe fadtéarmach nó buan a bheith ag náisiúnach eachtrach i bPoblacht na Bulgáire agus é a bheith curtha isteach i gClár Aonfhoirmeach na nIdirghabhálaithe leis an Aire Dlí agus Cirt
In CY: Teastaíonn náisiúntacht LEE nó na hEilvéise chomh maith le cónaí (láithreacht tráchtála). Ní fhéadfaidh ach abhcóidí atá cláraithe leis an mBarra a bheith ina gcomhpháirtithe nó ina gcomhaltaí den Bhord Stiúrthóirí i gcuideachta dlí sa Chipir.
In CZ: I gcás dlíodóirí eachtrannacha is gá cead isteach go hiomlán i gComhlachas Barra na Seice agus áit chónaithe (láithreacht tráchtála).
In DE: Ní féidir ach dlíodóirí a bhfuil cáilíocht LEE nó na hEilvéise acu a ligean isteach sa Bharra agus dá bhrí sin tá siad i dteideal seirbhísí dlí a sholáthar. Tá gá le láithreacht tráchtála chun glacadh go hiomlán leis an mBarra. Féadfaidh an comhlachas barra inniúil díolúintí a dheonú. I gcomhair dlíodóirí eachtracha (a bhfuil cáilíochtaí acu nach cáilíochtaí LEE nó Eilvéiseacha iad), d’fhéadfadh srianta a bheith ar scaireanna a shealbhú i gcuideachta dlíodóirí a chuireann seirbhísí dlí sa dlí baile ar fáil.
In DK: Tá seirbhísí dlí arna soláthar faoin teideal ‘advokat’ (abhcóide) nó aon teideal comhchosúil, mar aon le hionadaíocht os comhair na gcúirteanna, forchoimeádta d’abhcóidí a bhfuil ceadúnas Danmhargach acu chun cleachtadh a dhéanamh. Féadfaidh abhcóidí an Aontais, LEE agus na hEilvéise cleachtadh faoi theideal a dtíre tionscnaimh.
Gan dochar d’fhorchoimeádas AE maidir le ceanglais i ndáil le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach, ní féidir scaireanna dlíghnólachta a bheith faoi úinéireacht ach ag abhcóidí a chleachtann an dlí go gníomhach sa ghnólacht, a mháthairchuideachta nó a fhochuideachta, fostaithe eile sa ghnólacht, nó gnólacht dlí eile atá cláraithe sa Danmhairg. Maidir le fostaithe eile sa chuideachta, ní fhéadann siad ach úinéireacht a bheith acu ar níos lú ná 10 faoin gcéad de na scaireanna ná na cearta vótála agus chun gur scairshealbhóirí iad ní mór dóibh pas a fháil i scrúdú ar na rialacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le cleachtadh dlí.
Ní féidir ach abhcóidí a chleachtann dlí go gníomhach sa chuideachta, sa mháthairchuideachta nó i bhfochuideachta, scairshealbhóirí eile agus ionadaithe fostaithe a bheith ina gcomhaltaí den bhord. Caithfidh tromlach bhaill an bhoird a bheith ina n-abhcóidí a chleachtann dlí go gníomhach sa chuideachta, sa mháthairchuideachta nó ina fochuideachta. Ní fhéadann ach abhcóidí a chleachtann dlí go gníomhach sa chuideachta, sa mháthairchuideachta nó i bhfochuideachta, nó scairshealbhóirí eile a fuair pas sa scrúdú a luaitear thuas a bheith ina stiúrthóirí den chuideachta dlí.
In EE: Teastaíonn cónaitheacht (láithreacht tráchtála).
In EL: Náisiúntacht LEE nó na hEilvéise agus cónaitheacht (láithreacht tráchtála) de dhíth
In ES: Ní mór náisiúntacht LEE nó na hEilvéise a bheith agat. Féadfaidh na húdaráis inniúla tarscaoiltí náisiúntachta a dheonú.
In FI: Tá cónaitheacht in LEE nó i san Eilvéis ina ceanglas le haghaidh úsáid an teidil ‘abhcóide’ (san Fhionlainnis ‘asianajaja" agus sa tSualainnis ‘advokat’). Féadfaidh comhaltaí nach comhaltaí den Bhar iad seirbhísí dlí a sholáthar freisin.
In FR: Gan dochar d’fhorchoimeádas AE maidir le ceanglais i ndáil le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach, teastaíonn cónaitheacht nó bunaíocht sa LEE chun go ligfí isteach go hiomlán sa Bharra é, rud atá riachtanach do chleachtadh na seirbhísí dlí. I ngnólacht dlí, féadfaidh scairshealbhaíocht agus cearta vótála a bheith faoi réir srianta cainníochtúla a bhaineann le gníomhaíocht ghairmiúil na gcomhpháirtithe. Tá an ionadaíocht roimh ‘an Cour de Cassation’ agus ‘Conseil d’Etat’ faoi réir cuótaí agus forchoimeádta do náisiúnaigh na Fraince agus an AE iad.
I dtaca le gach dlíodóir, ní mór do ghnólacht ceann amháin de na foirmeacha dlíthiúla seo a leanas a ghlacadh atá údaraithe faoi dhlí na Fraince ar bhonn neamh-idirdhealaitheach: SCP (société civile professionnelle), SEL (société d’exercice libéral), SEP (société en participation), SARL (société à responsabilité limitée), SAS (société par actions simplifiée), SA (société anonyme), SPE (société pluriprofessionnelle d’exercice) agus ‘association’, faoi choinníollacha áirithe. Tá cónaitheacht nó bunaíocht in LEE ina ceanglas chun cleachtadh a dhéanamh ar bhonn buan
In HR: Ní mór náisiúntacht an Aontais Eorpaigh a bheith agat.
In HU: Náisiúntacht LEE nó na hEilvéise agus cónaitheacht (láithreacht tráchtála) de dhíth.
In LT: (Maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair) teastaíonn náisiúntacht LEE nó Eilvéiseach agus cónaí (láithreacht tráchtála).
Ní féidir le haturnaetha as tíortha eachtrannacha cleachtadh a dhéanamh mar abhcóidí sa chúirt ach amháin i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear forálacha sonracha maidir le hionadaíocht os comhair na gcúirteanna. Ní mór cead isteach iomlán chuig an mBarra a fháil.
In LU (Maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair freisin): Teastaíonn náisiúntacht agus cónaí (láithreacht tráchtála) in LEE nó san Eilvéis. Féadfaidh Comhairle an Oird, ar bhonn cómhalartachta aontú an ceanglas náisiúntachta a tharscaoileadh do náisiúnach eachtrach.
In LV (Maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair): Is gá náisiúntacht LEE nó na hEilvéise. Ní féidir le haturnaetha as tíortha eachtrannacha cleachtadh a dhéanamh mar abhcóidí sa chúirt ach amháin i gcomhréir le comhaontuithe déthaobhacha ar chúnamh dlí frithpháirteach.
Le haghaidh abhcóidí as Ballstáit an Aontais nó abhcóidí eachtracha, tá ceanglais speisialta i gceist. Mar shampla, níl rannpháirtíocht in imeachtaí cúirte i gcásanna coiriúla ceadaithe ach i dteannta le abhcóide as Collegium Laitviach na n-Abhcóidí faoi bhrí Mionna.
In MT: Teastaíonn náisiúntacht LEE nó na hEilvéise chomh maith le cónaí (láithreacht tráchtála).
In NL: Ní fhéadfaidh ach dlíodóirí atá cláraithe i gclárlann na hÍsiltíre an teideal ‘advocaat’ a úsáid. In áit an téarma iomlán ‘abhcóide’ a úsáid, tá sé ina oibleagáid ar dhlíodóirí eachtracha (neamhchláraithe) eagraíocht ghairmiúil a ndlínse baile a lua chun críocha a gcuid gníomhaíochtaí san Ísiltír.
Sa PT (maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair freisin): is gá cónaí ann (láithreacht tráchtála). Maidir le hionadaíocht os comhair cúirteanna, tá glaoch iomlán chun an Bharra ina cheanglas. Féadfaidh eachtrannaigh a bhfuil dioplóma acu a bhronn aon Dámh Dlí sa Phortaingéil, clárú le Barra na Portaingéile (Ordem dos Advogados), faoi na téarmaí céanna le náisiúnaigh na Portaingéile, má thugann a dtír sin cóir chómhalartach do náisiúnaigh na Portaingéile.
Féadfaidh eachtrannaigh eile a bhfuil Céim sa Dlí acu atá aitheanta ag Dámh Dlí sa Phortaingéil clárú mar chomhaltaí de Chumann an Bharra ar choinníoll go dtéann siad faoin oiliúint a cheanglaítear agus a fhaigheann pas sa scrúdú measúnaithe agus iontrála deiridh. Comhlachtaí dlí ar le dlíodóirí a glaodh chun Barra na Portaingéile na scaireanna uile iontu, agus na comhlachtaí sin amháin, is féidir cleachtadh sa Phortaingéil.
In RO: Ní fhéadfaidh dlíodóirí eachtrach teacht ar chonclúidí béil ná scríofa os comhair na gcúirteanna ná comhlachtaí breithiúnacha, ach amháin le haghaidh eadrána idirnáisiúnta.
In SE: (maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair) Tá cónaí in LEE nó i gCónaidhm na hEilvéise ina cheanglas le haghaidh cead isteach sa Bharra agus úsáid an teidil ‘advokat’. Féadfaidh Comhlachas Barra na Sualainne díolúintí a dheonú. Ní gá ligean isteach chun an Bharra chun dlí na Sualainne a chleachtadh.
Gan dochar d’fhorchoimeádas AE maidir le ceanglais i ndáil le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach, ní fhéadfaidh aon duine seachas comhalta Barra nó cuideachta a bhfuil gnó comhalta Bharra á sheoladh aige comhalta de Chomhlachas Barra na Sualainne a fhostú. Féadfaidh ball den bharra a bheith fostaithe ag cuideachta eachtrach a dhéanann gnó abhcóide, áfach, ar choinníoll go bhfuil sainchónaí ar an gcuideachta atá i gceist i dtír laistigh de LEE nó i gCónaidhm na hEilvéise. Faoi réir díolúine ó Bhord Chomhlachas Bharra na Sualainne féadfar ball de Chomhlachas Bharra na Sualainne a bheith fostaithe freisin ag gnólacht dlí nach bhfuil san Aontas Eorpach.
Ní fhéadfaidh baill bharra a dhéanann a gcuid gnó i bhfoirm cuideachta nó comhpháirtíochta aon chuspóir eile a bheith acu agus ní fhéadfaidh siad aon ghnó eile a dhéanamh seachas cleachtas abhcóide. Tá comhoibriú le gnóthais abhcóide eile ceadaithe, ach tá cead ó Bhord Chomhlachas Bharra na Sualainne ina cheanglas chun oibriú i gcomhair le gnóthais eachtracha. Ní fhéadfaidh ach ball den Bharra cleachtadh mar abhcóide go díreach nó go hindíreach, nó trí mheán cuideachta, bheith ina úinéir scaireanna sa chuideachta nó bheith ina chomhpháirtí. Ní fhéadfaidh ach ball a bheith ina bhall nó ina bhall ionaid den bhord nó ina leas-stiúrthóir bainistíochta, nó ina shínitheoir údaraithe nó rúnaí de chuid na cuideachta nó na comhpháirtíochta.
In SI: (maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair) I dtaca le hionadaíocht a dhéanamh ar chliaint os comhair na cúirte i gcoinne íocaíochta, tá sin faoi choinníoll láithreacht tráchtála i bPoblacht na Slóivéine. Féadfaidh dlíodóir eachtrach a bhfuil sé de cheart aige nó aici an dlí maidir le dlínse baile a chleachtadh seirbhísí dlí nó dlí a chleachtadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 34ú den Acht Aturnaetha, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll de chómhalartacht iarbhír.
Gan dochar d’fhorchoimeádas an AE maidir le ceanglais i ndáil le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach, tá láithreacht tráchtála le haghaidh aturnaetha ceaptha ag Cumann Bharra na Slóivéine teoranta do dhílseánacht aonair, gnólacht dlí le dliteanas teoranta (comhpháirtíocht) nó do ghnólacht dlí le dliteanas neamhtheoranta amháin (comhpháirtíocht). Ní mór go mbeadh gníomhaíochtaí gnólacht dlí srianta go cleachtadh an dlí. Ní fhéadfaidh ach aturnaetha bheith ina gcomhpháirtithe i ngnólacht dlí.
In SK: (maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair) Teastaíonn náisiúntacht LEE chomh maith le cónaitheacht (láithreacht tráchtála) chun seirbhísí dlí a chleachtadh i leith dhlí an dlínse óstaí, lena n-áirítear ionadaíocht os comhair cúirteanna. I gcomhair dlíodóirí neamh-AE tá cómhalartacht iarbhír ina cheanglas.
Bearta:
|
AE: Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); Airteagal 78 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (3). |
|
AT: Rechtsanwaltsordnung (Acht na nDlíodóirí) - RAO, RGBl. Uimh. 96/1868, Airteagail 1 agus 21c. |
|
BE: Cód Breithiúnach na Beilge (Airteagail 428-508); Foraithne Ríoga an 24 Lúnasa 1970. |
|
BG: Dlí Aturnae; Dlí maidir le hIdirghabháil; agus Dlí do na Nótairí agus do Ghníomhaíocht na nAinmhithe. |
|
CY: Dlí Abhcóidí (Caibidil 2) arna leasú. |
|
CZ: Acht Uimh. 85/1996 Coll., an tAcht ar an nGairm Dlí. |
|
DE: § 59e, § 59f, § 206 Bundesrechtsanwaltsordnung (BRAO; an tAcht Cónaidhme um Dhlíodóirí); Gesetz über die Tätigkeit europäischer Rechtsanwälte in Deutschland (EuRAG); agus § 10 Rechtsdienstleistungsgesetz (RDG). |
|
DK: Retsplejeloven (An tAcht um Riaradh Ceartais) Caibidlí 12 and 13 (Acht Comhdhlúite Uimh. 1284 an 14 Samhain 2018). |
|
EE: Advokatuuriseadus (An tAcht um Chomhlachas Barra); kriminaalmenetluse seadustik (Cód an Nós Imeachta Shibhialta); halduskohtumenetluse seadustik (Cód Nós Imeachta na Cúirte Riaracháin); kriminaalmenetluse seadustik (Cód an Nós Imeachta Choiriúi); agus väärteomenetluse seadustik (Cód an Nóis Imeachta Oilghnímh). |
|
EL: An Cód Nua Dlíodóirí n. 4194/2013. |
|
ES: Estatuto General de la Abogacía Española, aprobado por Real Decreto 658/2001, Airteagal 13.1a. |
|
FI: Laki asianajajista (Acht na nAbhcóidí) (496/1958), as. 1 agus 3; agus Oikeudenkäymiskaari (4/1734) (Cód an Nós Imeachta Bhreithiúnaigh). |
|
FR: Loi 71-1130 du 31 décembre 1971, Loi 90-1259 du 31 décembre 1990, décret 91-1197 du 27 novembre 1991, agus Ordonnance du 10 septembre 1817 modifiée. |
|
HR: An tAcht um Ghairm an Dlí (OG 9/94, 117/08, 75/09, 18/11). |
|
HU: Acht LXXVIII de 2017 maidir le gníomhaíochtaí gairmiúla Aturnaetha ag an Dlí. |
|
LT: Dlí ar Bharra Phoblacht na Liotuáine an 18 Márta 2004 Uimh. IX-2066 arna leasú go deireanach an 12 Nollaig 2017 le dlí Uimh. XIII-571. |
|
LU: Loi du 16 décembre 2011 modifiant la loi du 10 août 1991 sur la profession d’avocat. |
|
LV: Dlí um Nós Imeachta Coiriúil, s. 79 agus Dlí Abhcóideachta Phoblacht na Laitvia, s. 4. |
|
MT: An Cód Eagrúcháin agus Nós Imeachta Shibhialta (Cap. 12). |
|
NL: Advocatenwet (Acht ar Abhcóidí). |
|
PT: Dlí 145/2015, 9 leagtha., alterada p/ Lei 23/2020, 6 jul. (art.o 194 substituído p/ art.o 201.o; e art.o 203.o substituído p/ art.o 213.o).
|
|
RO: Dlí Aturnae;
|
|
SE: Rättegångsbalken (Cód an Nós Imeachta Bhreithiúnaigh sa tSualainnis) (1942:740); agus Cód Iompair Bharra na Sualainne a glacadh 29 Lúnasa 2008. |
|
SI: Zakon o odvetništvu (Neuradno prečiščeno besedilo-ZOdv-NPB8 Državnega Zbora RS z dne 7 junij 2019 (Acht na nAturnaetha) téacs comhdhlúite neamhoifigiúil arna ullmhú ag Parlaimint na Slóivéine an 7 Meitheamh 2019). |
|
SK: Acht 586/2003 ar Abhcóideacht, Airteagail 2 agus 12. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In PL: Ní fhéadfaidh dlíodóirí eachtracha iad féin a bhunú ach i bhfoirm comhpháirtíochta cláraithe, comhpháirtíochta teoranta, nó comhpháirtíocht theoranta comhstoic. |
Bearta:
|
PL: Acht an 5 Iúil 2002 ar sholáthar cúnaimh dhlíthiúil i bPoblacht na Polainne ag dlíodóirí eachtracha, Airteagal 19. |
Maidir leis an Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh
|
In IE, IT: Teastaíonn cónaitheacht (láithreacht tráchtála) chun seirbhísí dlí a chleachtadh i ndáil le dlí na n-óstach, lena n-áirítear ionadaíocht os comhair na gcúirteanna. |
Bearta:
|
IE: Na hAchtanna Aturnaetha 1954-2011. |
|
IT: Foraithne Ríoga 1578/1933, Airteagal 17 dlí ar ghairm an dlí. |
(b) Gníomhairí paitinne, gníomhairí maoine tionsclaíche, aturnaetha maoine intleachtúla (cuid de CPC 879, 861, 8613)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In BG, agus CY: Tá náisiúntacht LEE nó Eilvéiseach ina ceanglas chun seirbhísí gníomhaireachta paitinne a chleachtadh. In CY, tá cónaitheacht ina ceanglas. |
|
In DE: Ní fheadfar ach dlíodóirí paitinne a bhfuil cáilíochtaí Gearmánacha acu a ghlacadh sa Bharra agus dá bhrí sin a bheith i dteideal faoin dlí baile seirbhísí gníomhaire paitinne a sholáthar sa Ghearmáin. Féadfaidh dlíodóirí eachtracha seirbhísí sa dlí eachtrach a sholáthar nuair a chruthaíonn siad go bhfuil saineolas acu, ní mór clárú chun seirbhísí sa dlí a chur ar fáil sa Ghearmáin. Ní fhéadann dlíodóirí paitinne eachtracha (a bhfuil cáilíochtaí LEE nó Eilvéiseach acu) gnólacht a bhunú in éineacht le dlíodóirí paitinne na tíre baile. |
Is i bhfoirm Patentanwalts-GmbH nó Patentanwalts-AG agus san fhoirm sin amháin a fhéadfaidh dlíodóirí paitinne eachtracha a láithreacht tráchtála a bheith acu trí scair mhionlaigh a fháil.
In EE: Tá náisiúntacht Eastónach nó an Aontais Eorpaigh chomh maith le cónaitheacht bhuan ina cheanglas chun seirbhísí gníomhaireachta paitinne a chleachtadh.
In ES agus PT: Tá náisiúntacht LEE nó Eilvéiseach ina ceanglas chun seirbhísí gníomhaireachta maoine tionsclaíche a chleachtadh.
In FR: Le bheith cláraithe ar liosta seirbhísí gníomhaire maoine tionsclaíche, tá bunaíocht nó cónaitheacht in LEE ina gceanglas. Tá náisiúntacht LEE ina cheanglas ar dhaoine nádúrtha. Chun ionadaíocht a dhéanamh ar chliant os comhair na hoifige náisiúnta maoine intleachtúla, tá bunaíocht in LEE ina ceanglas. Soláthar trí SCP amháin (société civile professionnelle), SEL (société d’exercice libéral) nó aon fhoirm dhlíthiúil eile, faoi choinníollacha áirithe. Gan beann ar an bhfoirm dhlíthiúil, ní mór leath na scaireanna agus na gceart vótála a bheith faoi úinéireacht gairmeacha LEE. Féadfar go mbeidh gnólachtaí dlí i dteideal seirbhísí gníomhaire maoine tionscail a sholáthar (féach forchoimeádas le haghaidh seirbhísí dlí).
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In FI agus HU: Tá cónaitheacht bhuan in LEE ina cheanglas chun seirbhísí gníomhaireachta paitinne a chleachtadh. |
|
In SI: Tá cónaitheacht sa tSlóivéin ina ceanglas le haghaidh sealbhóir ceart cláraithe/iarratasóir ar chearta cláraithe (paitinní, trádmharcanna, cosaint dearaidh). De mhalairt air sin, tá gníomhairí paitinne nó gníomhaire trádmhairc agus deartha ina cheanglas sa tSlóivéin chun príomhchríoch seirbhísí próisis, fógra, etc. |
Bearta:
|
BG: Airteagal 4 den Ordanás le haghaidh Ionadaithe maidir le Maoin Intleachtúil. |
|
CY: Dlí Abhcóidí (Caibidil 2), arna leasú. |
|
DE: Patentanwaltsordnung (PAO). |
|
EE: Patendivoliniku seadus (An tAcht um Ghníomhairí Paitinne) § 2, § 14. |
|
ES: Ley 11/1986, de 20 de marzo, de Patentes de Invención y Modelos de utilidad, Airteagail 155-157. |
|
FI: Tavaramerkkilaki (An tAcht um Thrádmharcanna) (7/1964);
|
|
FR: Code de la propriété intellectuelle. |
|
HU: Acht XXXII 1995 ar Aturnaetha Paitinne. |
|
PT: Dlí-foraithne 15/95, arna leasú le Dlí 17/2010, le Portaria 1200/2010, Airteagal 5, agus le Portaria 239/2013 agus le Dlí 9/2009. |
|
SI: Zakon o industrijski lastnini (an tAcht um Mhaoin Intleachtúil), Uradni list RS, št. 51/06 – uradno prečiščeno besedilo in 100/13 agus 23/20 (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, Uimh. 51/06 – téacs comhdhlúite oifigiúil 100/13 agus 23/20). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In IE: I dtaca le bunaíocht, ní mór duine amháin ar a laghad de stiúrthóirí, bainisteoirí nó fostaithe gnólachta a bheith cláraithe mar aturnae paitinne nó maoine intleachtúla in Éirinn. I dtaca le bonn trasteorann, tá náisiúntacht LEE agus láithreacht tráchtála, príomháit gnó i mBallstát LEE agus cáilíocht faoi dhlí Ballstáit LEE ina gceanglas. |
Bearta:
|
IE: Roinn 85 agus 86 d’Acht na dTrádmharcanna 1996, arna leasú; Riail 51, Riail 51A agus Riail 51B de Rialacha na dTrádmharcanna 1996, arna leasú; Alt 106 agus 107 d’Acht na bPaitinní 1992, arna leasú; agus Clár Rialacha Gníomhairí Paitinne I.R. 580 de 2015. |
(c) Seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta (CPC 8621 seachas seirbhísí iniúchóireachta, 86213, 86219, 86220)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In AT: Maidir le leasanna caipitil agus cearta vótála cuntasóirí eachtracha, atá cáilithe de réir dhlí a dtíre baile, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó ná 25 faoin gcéad. Ní mór go mbeadh oifig nó suíochán gairmiúil ag an soláthraí seirbhíse in LEE (CPC 862). |
|
In FR: Tá bunaíocht nó cónaitheacht ina ceanglas. Soláthar trí haon fhoirm cuideachta seachas SNC (Société en nom collectif), agus SCS (Société en commandite simple). Tá feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le SEL (sociétés d’exercice libéral), AGC (Association de gestion et comptabilité) agus SPE (Société pluri-professionnelle d’exercice). (CPC 86213, 86219, 86220). |
|
In IT: Tá cónaí nó sainchónaí gnó ina cheanglas le haghaidh clárú ar an gclár gairmiúil, rud atá riachtanach chun seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta a sholáthar (CPC 86213, 86219, 86220). |
|
In PT: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair): Tá cónaí nó sainchónaí gnó ina cheanglas le haghaidh clárú ar sa chlár gairmiúil ag Cumann na gCuntasóirí Deimhnithe (Ordem dos Contabilistas Certificados), atá riachtanach chun seirbhísí cuntasaíochta a sholáthar, ar choinníoll go gcaitear go cómhalartach le náisiúnaigh na Portaingéile. |
Bearta:
|
AT: Wirtschaftstreuhandberufsgesetz (An tAcht um an nGairm Cuntasóirí agus Iniúchóirí, BGBl. I Nr. 58/1999), § 12, § 65, § 67, § 68 (1) 4; agus Bilanzbuchhaltungsgesetz (BibuG), BGBL. I Nr. 191/2013, §§ 7, 11, 28. |
|
FR: Ordonnance 45-2138 du 19 septembre 1945. |
|
IT: Foraithne Reachtach 139/2005 agus Dlí 248/2006. |
|
PT: Dlí Foraithne Uimh. 452/99, arna athrú le Dlí Uimh. 139/2015, an 7 Mean Fómhair. |
Maidir le trádáil Trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil
|
In SI: Tá bunaíocht san Aontas Eorpach ina cheanglas chun seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta a chur ar fáil (CPC 86213, 86219, 86220). |
Bearta:
|
SI: Acht ar sheirbhísí sa mhargadh inmheánach, Irisleabhar Oifigiúil RS Uimh. 21/10. |
(d) Seirbhísí iniúchóireachta (CPC 86211, 86212 seachas seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In AE: Tá formheas ag údaráis inniúla de chuid Ballstáit a fhéadfaidh aitheantas a thabhairt do choibhéis cáilíochtaí iniúchóra ar náisiúnach é den Ríocht Aontaithe nó aon tríú tír eile faoi réir cómhalartachta (CPC 8621) ina cheanglas chun seirbhísí iniúchóireachta reachtacha a sholáthar. |
Bearta:
|
AE: Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4); agus Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In BG: Is féidir go mbeidh feidhm ag ceanglais maidir le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach. |
Bearta:
|
BG: An tAcht um Iniúchóireacht Airgeadais Neamhspleách. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir Náisiúnta, agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In AT: Maidir le leasanna caipitil agus cearta vótála cuntasóirí eachtracha, atá cáilithe de réir dhlí a dtíre baile, i bhfiontar Ostarach ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó ná 25 faoin gcéad. Ní mór go mbeadh oifig nó suíochán gairmiúil ag an soláthraí seirbhíse in LEE. |
Bearta:
|
AT: Wirtschaftstreuhandberufsgesetz (An tAcht um an nGairm Cuntasóirí agus Iniúchóirí, BGBl. I Nr. 58/1999), § 12, § 65, § 67, § 68 (1) 4. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DK: Tá formheas na Danmhairge ina cheangal ar iniúchóir i leith seirbhísí iniúchóireachta reachtúla a chur ar fáil. Tá cónaitheacht i mBallstát LEE ina ceanglas chun formheas a fháil. Ní bheidh níos mó ná 10 faoin gcéad de na cearta vótála ina gcearta vótála i ngnólachtaí iniúchóireachta formheasta iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta nach bhfuil formheasta i gcomhréir leis an rialachán lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2006/43/CE bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh ar iniúchóireacht reachtach. |
|
In FR: (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair) Le haghaidh iniúchóireachtaí reachtúla:is gá bunaíocht nó cónaí. Féadfaidh náisiúnaigh Bhriotanacha seirbhísí iniúchóireachta reachtúla a chur ar fáil sa Fhrainc, faoi réir cómhalartachta. Soláthar trí aon fhoirm chuideachta ach amháin na foirmeacha sin ina meastar gur trádálaithe (‘commerçants’) iad comhpháirtithe amhail SNC (Société en nom collectif) agus SCS (Société en commandite simple). |
|
In PL: Tá bunaíocht san Aontas Eorpach ina cheangal chun seirbhísí iniúchóireachta a sholáthar. |
Tá feidhm ag ceanglais maidir le foirm dhlíthiúil.
Bearta:
|
DK: Revisorloven (Acht na Danmhairge ar Iniúchóirí agus Gnólachtaí Iniúchóirí), Acht Uimh. 1287 an 20/11/2018. |
|
FR: Code de commerce |
|
PL: Acht an 11 Bealtaine 2017 ar iniúchóirí reachtacha, gnólachtaí iniúchóireachta agus formhaoirseacht phoiblí- Iris Dlí 2017, mír 1089. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí– Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In CY: Tá údarú ina cheanglas, faoi réir tástáil riachtanas eacnamaíoch. Príomhchritéir: an staid fostaíochta san fho-earnáil. Tá comhlachais ghairmiúla (comhpháirtíochtaí) idir daoine nádúrtha ceadaithe. |
|
In SK: Ní fhéadtar ach fiontar ina bhfuil 60 faoin gcéad ar a laghad de leasanna caipitil nó cearta vótála forchoimeádta do náisiúnaigh Shlóvacacha nó do náisiúnaigh Bhallstáit a údarú chun iniúchtaí reachtacha a dhéanamh i bPoblacht na Slóvaice. |
Bearta:
|
CY: Dlí iniúchóirí 2017 (Dlí 53(I)/2017). |
|
SK: Acht Uimh. 423/2015, ar iniúchóireacht reachtach. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí - Cóir náisiúnta, láithreacht áitiúil:
|
In DE: Ní fhéadfaidh cuideachtaí iniúchóireachta (‘Wirtschaftsprüfungsgesellschaften’) a ghlacadh ach amháin foirmeacha dlíthiúla is incheadaithe laistigh den Aontas nó de LEE. Féadfar comhpháirtíochtaí ginearálta agus comhpháirtíochtaí tráchtála teoranta a aithint mar ‘Wirtschaftsprüfungsgesellschaften’ má tá siad liostaithe mar chomhpháirtíochtaí trádála sa chlár tráchtála ar bhonn a gcuid gníomhaíochtaí muiníneacha, Airteagal 27 WPO. Mar sin féin, féadfaidh iniúchóirí tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 134 WPO an t-iniúchadh reachtúil a dhéanamh ar chuntais bhliantúla fhioscacha nó ráitis chomhdhlúite airgeadais a sholáthar i gcás cuideachta ag a bhfuil a ceanncheathrú lasmuigh den Aontas Eorpach, agus a dtáirgtear a cuid urrús inaistrithe lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte. |
Bearta:
|
DE: Handelsgesetzbuch (HGB; Cód an Dlí Tráchtála); Gesetz über eine Berufsordnung der Wirtschaftsprüfer (Wirtschaftsprüferordnung – WPO; An tAcht um Chuntasóir Poiblí). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In ES: ní mór d‘iniúchóirí reachtúla a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát. Níl feidhm ag an bhforchoimeádas sin maidir le hiniúchóireacht ar chuideachtaí neamh-AE atá liostaithe i margadh arna rialáil ag an Spáinn. |
Bearta:
|
ES: Ley 22/2015, de 20 de julio, de Auditoría de Cuentas (Dlí nua um an Iniúchóireacht: Dlí 22/2015 ar Athchóiriú na seirbhísí iniúchóireachta). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In EE: Tá feidhm ag ceanglais maidir le foirm dhlíthiúil. Beidh tromlach na vótaí a ionadaítear le scaireanna i ngnólacht iniúchóireachta in úinéireacht iniúchóirí faoi bhrí mionna atá faoi mhaoirseacht údarás inniúil Bhallstát LEE, a bhfuil cáilíocht faighte acu i mBallstát LEE, nó beidh sé in úinéireacht gnólachtaí iniúchóireachta. Beidh a gcáilíochtaí bainte amach i mBallstát LEE ag trí cheathrú ar a laghad de na daoine a dhéanann ionadaíocht ar ghnólacht iniúchóireachta ar bhonn dlí. |
Bearta:
|
EE: An tAcht um Ghníomhaíochtaí Iniúchóirí (Audiitortegevuse) § 76-77 |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, cóir náisiún barrfhabhair agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In SI: Tá láithreacht tráchtála ina cheanglas. Féadfaidh eintiteas iniúchóireachta a bheith ina scairshealbhóir nó comhpháirtíochtaí a fhoirmiú i ngnólacht iniúchóireachta Slóivéanach ar choinníoll, faoi dhlí na tíre ina bhfuil an t-eintiteas iniúchóireachta tríú tíre ionchorpraithe, go bhféadfaidh cuideachtaí iniúchóireachta Slóivéanacha bheith ina scairshealbhóirí nó comhpháirtíochtaí a fhoirmiú i ngnólacht iniúchóireachta sa tír sin (ceanglas cómhalartachta). |
Bearta:
|
SI: An tAcht Iniúchta (ZRev-2), Iris Oifigiúil RS Uimh. 65/2008 (arna leasú go deireanach Uimh. 84/18); agus Acht na gCuideachtaí (ZGD-1), Iris Oifigiúil RS Uimh. 42/2006 (arna leasú go deireanach Uimh. 22/19 – ZPosS). |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In BE: Bíonn bunaíocht sa Bheilg ina ceanglas i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht agus ina gcoimeádtar achtanna, doiciméid agus comhfhreagras a bhaineann léi, agus bíonn sé ina cheanglas riarthóir amháin ar a laghad nó bainisteoir na bunaíochta a bheith ina iniúchóir faofa. |
|
In FI: Tá cónaí in LEE ina cheanglas le haghaidh duine amháin ar a laghad d’iniúchóirí de chuid cuideachta Fionlannaí faoi Dhliteanas Teoranta agus de chuid cuideachtaí a bhfuil sé mar oibleagáid orthu iniúchadh a dhéanamh. Ní mór go mbeadh iniúchóir ina iniúchóir ag a bhfuil ceadúnas áitiúil nó ina ghnólacht iniúchóireachta ag a bhfuil ceadúnas dlíthiúil. |
|
In HR: Ní fhéadfaidh ach daoine dlítheanacha atá bunaithe sa Chróit, nó daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Chróit seirbhísí iniúchóireachta a sholáthar. |
|
In IT: Tá cónaitheacht ina cheanglas ar dhaoine nádúrtha chun seirbhísí iniúchóireachta a sholáthar. |
|
In LT: Tá bunaíocht in LEE ina ceanglas chun seirbhísí iniúchóireachta a sholáthar. |
|
In SE: Ní fhéadfaidh ach iniúchóirí atá faofa sa tSualainn agus gnólachtaí iniúchóireachta atá cláraithe sa tSualainn seirbhísí iniúchóireachta reachtacha a fheidhmiú. Tá cónaitheacht in LEE ina ceanglas. Ní fhéadfaidh ach iniúchóirí atá faofa nó údaraithe sa tSualainn na teidil ‘iniúchóir faofa’ agus ‘iniúchóir údaraithe’ a úsáid. Maidir le hiniúchóirí comhlachas eacnamaíocha comhoibritheacha agus fiontar áirithe eile nach bhfuil ina gcuntasóirí deimhnithe ná faofa, ní mór go mbeadh cónaí orthu in LEE ach amháin má cheadaíonn an Rialtas, nó údarás Rialtais arna cheapadh ag an Rialtas, a mhalairt i gcás áirithe. |
Bearta:
|
BE: Dlí an 7ú Nollaig 2016 lena n-eagraítear gairm na n-iniúchóirí agus maoirseacht phoiblí ar ghairm na n-iniúchóirí (An tAcht um Iniúchóireacht Phoiblí). |
|
FI: Tilintarkastuslaki (Acht Iniúchóireachta) (459/2007), Dlíthe earnálacha lena gceanglaítear go n-úsáidfear iniúchóirí arna gceadúnú go háitiúil agus iad sin amháin. |
|
HR: Acht Iniúchóireachta (OG 146/05, 139/08, 144/12), Airteagal 3. |
|
IT: Foraithne Reachtach 58/1998, Airteagail 155, 158 agus 161; Foraithne ó Uachtarán na Poblachta 99/1998; agus Foraithne Reachtach 39/2010, Airteagal 2. |
|
LT: Dlí ar Iniúchadh an 15 Meitheamh 1999 Uimh. VIII -1227 (leagan nua an 3 Iúil 2008 Uimh. X1676). |
|
SE: Revisorslagen (Acht na n-Iniúchóirí) (2001:883);
|
(e) Seirbhísí comhairleacha cánachais (CPC 863, gan seirbhísí comhairleacha dlíthiúla ná seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla a áireamh maidir le cúrsaí cánach, a bhfuil seirbhísí dlí le fáil ina leith)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In AT: Maidir le leasanna caipitil agus cearta vótála comhairleoirí cánachais eachtracha, atá cáilithe de réir dhlí a dtíre baile, i bhfiontar Ostarach ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó ná 25 faoin gcéad. Ní mór go mbeadh oifig nó suíochán gairmiúil ag an soláthraí seirbhíse in LEE. |
Bearta:
|
AT: Wirtschaftstreuhandberufsgesetz (An tAcht um an nGairm Cuntasóirí agus Iniúchóirí, BGBl. I Nr. 58/1999), § 12, § 65, § 67, § 68 (1) 4. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In FR: Tá bunaíocht nó cónaitheacht ina ceanglas. Soláthar trí haon fhoirm cuideachta seachas SNC (Société en nom collectif), agus SCS (Société en commandite simple). Tá feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le SEL (sociétés d’exercice libéral), AGC (Association de gestion et comptabilité) agus SPE (Société pluri-professionnelle d’exercice). |
Bearta:
|
FR: Ordonnance 45-2138 du 19 septembre 1945. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In BG: Tá náisiúntacht Ballstáit ina ceanglas le haghaidh comhairleoirí cánachais. |
Bearta:
|
BG: An tAcht Cuntasaíochta; |
An tAcht um Iniúchadh Airgeadais Neamhspleách; an tAcht um Cánacha Ioncaim ar Dhaoine Nádúrtha; agus an tAcht um Cháin Ioncaim Chorparáidigh.
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In HU: Tá cónaitheacht in LEE ina ceanglas le haghaidh sholáthar na seirbhísí seo a leanas. |
|
In IT: Tá cónaitheacht ina ceanglas. |
Bearta:
|
HU: Acht 150 de 2017 ar cháin; Foraithne Rialtais 2018/263 ar chlárú agus oiliúint ghníomhaíochtaí comhairleacha cánach. |
|
IT: Foraithne Reachtach 139/2005 agus Dlí 248/2006. |
(f) Seirbhísí ailtireachta, pleanála uirbí innealtóireachta agus innealtóireachta comhtháite (CPC 8671, 8672, 8673, 8674)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In FR: Ní fhéadfaidh ailtire bunú san Fhrainc ach chun seirbhísí ailtireachta a sholáthar agus ceann de na foirmeacha dlíthiúla á seo a leanas á úsáid (ar bhonn neamh-idirdhealaitheach): SA et SARL (sociétés anonymes, à responsabilité limitée), EURL (Entreprise unipersonnelle à responsabilité limitée), SCA (en commandite par actions), SCOP (Société coopérative et participative), SELARL (société d’exercice libéral à responsabilité limitée), SELAFA (société d’exercice libéral à forme anonyme), SELAS (société d’exercice libéral par actions simplifiée) nó SAS (Société par actions simplifiée), nó mar phearsa aonair nó mar chomhpháirtí i ngnólacht ailtireachta (CPC 8671). |
Bearta:
|
FR: Loi 90-1258 relative à l’exercice sous forme de société des professions libérales; Décret 95-129 du 2 février 1995 relatif à l’exercice en commun de la profession d’architecte sous forme de société en participation; Décret 92-619 du 6 juillet 1992 relatif à l’exercice en commun de la profession d’architecte sous forme de société d’exercice libéral à responsabilité limitée SELARL, société d’exercice libéral à forme anonyme SELAFA, société d’exercice libéral en commandite par actions SELCA; agus Loi 77-2 du 3 janvier 1977. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí– Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Tá cónaitheacht i mBallstát LEE nó i gCónaidhm na hEilvéise i na ceanglas le haghaidh seirbhísí ailtireachta, pleanála uirbí agus innealtóireachta a chuireann daoine nádúrtha ar fáil. |
Bearta:
|
BG: An tAcht um Fhorbairt Spásúil;
|
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In HR: Ní mór go mbailíochtódh duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú sa Chróit dearadh nó tionscadal a chruthaigh ailtire,innealtóir nó pleanálaí uirbeach eachtrach maidir le comhlíonadh dhlí na Cróite (CPC 8671, 8672, 8673, 8674). |
Bearta:
|
HR: An tAcht ar Phleanáil Fhisiceach agus Gníomhaíochtaí Tógála (OG 118/18, 110/19) Acht um Phleanáil Fhisiceach (OG 153/13, 39/19). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In CY: Tá feidhm ag an gcoinníoll náisiúntachta agus cónaitheachta maidir le seirbhísí ailtireachta pleanála uirbí agus innealtóireachta a chur ar fáil (CPC 8671, 8672, 8673, 8674). |
Bearta:
|
CY: Dlí 41/1962 arna leasú; Dlí 224/1990 arna leasú; agus Dlí 29(I) 2001 arna leasú. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Tá cónaitheacht in LEE ina ceanglas. |
|
In HU: Tá cónaitheacht in LEE ina ceanglas le haghaidh sholáthar na seirbhísí seo a leanas, sa mhéid is go bhfuil siad á soláthar ag duine nádúrtha atá i láthair i gcríoch na hUngáire: seirbhísí ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta (a bhaineann le hoiliúnaithe céime amháin), seirbhísí innealtóireachta comhtháite agus seirbhísí ailtireachta tírdhreacha (CPC 8671, 8672, 8673, 8674). |
|
In IT: tá cónaí nó sainchónaí gairmiúil/seoladh gnó san Iodáil ina cheanglas chun seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta a fheidhmiú (CPC 8671, 8672, 8673, 8674). |
|
In SK: Tá cónaitheacht in LEE ina ceanglas um chlárú ar an gclár gairmiúil, atá riachtanach chun seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta a fheidhmiú (CPC 8671, 8672, 8673, 8674). |
Bearta:
|
CZ: Acht Uimh. 360/1992, Coll. ar ghairm ailtirí údaraithe agus innealtóirí agus teicneoirí údaraithe a chleachtadh atá ag obair i réimse na tógála. |
|
HU: Acht LVIII 1996 ar Chumainn Ghairmiúla Ailtirí agus Innealtóirí. |
|
IT: Foraithne Ríoga 2537/1925 Rialachán maidir le gairm an ailtire agus an innealtóra; Dlí 1395/1923; agus Foraithne Uachtarán na Poblachta (D.P.R.) 328/2001. |
|
SK: Acht 138/1992 ar Ailtirí agus Innealtóirí, Airteagail. 3, 15, 15a, 17a agus 18a. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE: cuimsítear le soláthar seirbhísí ailtireachta rialú ar chur i gcrích na n-oibreacha (CPC 8671, 8674). Ceanglaítear ar ailtirí eachtracha atá údaraithe ina dtíortha óstacha agus ar mian leo a ngairm a chleachtadh ar bhonn ócáideach sa Bheilg údarú a fháil roimh ré ó Chomhairle an Oird sa limistéar geografach ina bhfuil sé ar intinn acu a ngníomhaíocht a chleachtadh. |
Bearta:
|
BE: Dlí an 20 Feabhra, 1939 maidir le teideal ghairm an ailtire a chosaint; agus Dlí an 26 Meitheamh 1963, lena gcruthaítear Rialacháin Ord na n-Ailtirí an 16 Nollaig, 1983, ar eitic arna mbunú ag an gComhairle náisiúnta in Ord na n-Ailtirí (Arna fhaomhadh le hAirteagal 1ú de A.R. an 18 Aibreán, 1985, M.B., an 8 Bealtaine, 1985). |
Forchoimeádas Uimh. 3 – Seirbhísí gairmiúla (a bhaineann leis an tsláinte agus le miondíol cógas)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí liachta (lena n-áirítear síceolaithe) agus seirbhísí fiaclóireachta; cnáimhseacha, altraí, fisiteiripeoirí agus pearsanra paraimhíochaine; seirbhísí tréidliachta; miondíol earraí cógaisíochta, míochaine agus ortaipéideacha agus seirbhísí eile a sholáthraíonn cógaiseoirí |
Aicmiú tionscail: |
CPC 9312, 93191, 932, 63211 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil/Roinn: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí leighis, déidliachta, cnáimhseacha, altraí, fisiteiripeoirí agus paraimhíochaine (CPC 852, 9312, 93191)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In IT: Tá ceanglas maidir le cónaí san Aontas Eorpach ar sheirbhísí a chuireann síceolaithe ar fáil, féadtar cead a thabhairt do ghairmithe eachtracha cleachtadh ar bhonn cómhalartachta (cuid de CPC 9312). |
Bearta:
|
IT: Dlí 56/1989 ar ghairm an tsíceolaí. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, Láithreacht Áitiúil :
|
In CY: Tá feidhm ag coinníollacha náisiúntachta agus cónaithe na Cipire maidir le soláthar leighis (síceolaithe san áireamh), seirbhísí déidliachta, cnáimhseacha, altraí, fisiteiripeoirí agus foirne paraimhíochaine. |
Bearta:
|
CY: Clárú Dlí Dochtúirí (Caibidil 250) arna leasú;
|
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí -rochtain ar an Margadh, láithreacht áitiúil:
|
In DE (tá feidhm ag an méid seo maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais freisin): Féadfar srianta geografacha a fhorchur ar chlárú gairmiúil, a bhaineann le náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh araon. |
Ní mór do dhochtúirí (lena n-áirítear síceolaithe, síciteiripeoirí, agus fiaclóirí) clárú le comhlachais réigiúnacha na ndochtúirí nó na bhfiaclóirí árachais sláinte reachtúil (kassenärztliche nó kassenzahnärztliche Vereinigungen), más mian leo othair a chóireáil atá árachaithe ag na cistí reachtúla breoiteachta. D’fhéadfadh go mbeadh an clárú sin faoi réir srianta cainníochtúla ag brath ar scaipeadh réigiúnach dochtúirí. Níl feidhm ag an tsriain sin le haghaidh fiaclóirí. Níl clárú riachtanach ach amháin le haghaidh dochtúirí atá rannpháirteach sa scéim sláinte poiblí. D’fhéadfadh go mbeadh srianta neamh-idirdhealaitheachta ar an bhfoirm dhlíthiúil bunaíochta atá ina ceanglas chun na seirbhísí sin a sholáthar (§ 95 SGB V).
I dtaca le seirbhísí cnáimhseach, is ag daoine nádúrtha, agus acu sin amháin, atá rochtain. I dtaca le seirbhísí leighis agus déidliachta, féadfaidh daoine nádúrtha, ionaid chúraim leighis cheadúnaithe agus comhlachtaí sainordaithe rochtain a fháil. D’fhéadfadh go mbeadh ceanglais maidir le bunaíocht i bhfeidhm.
I dtaca leis an teilileigheas féadfar líon na soláthraithe seirbhíse TFC (teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide) a theorannú chun idirinoibritheacht, comhoiriúnacht agus caighdeáin sábháilteachta riachtanacha a ráthú. Cuirtear é sin i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach (CPC 9312, 93191).
Bearta:
|
Bundesärzteordnung (BÄO; an Rialachán Leighis Feidearálach); |
|
Gesetz über die Ausübung der Zahnheilkunde (ZHG); |
|
Gesetz über den Beruf der Psychotherapeutin und des Psychotherapeuten (PsychThG; an tAcht maidir le Seirbhísí Síciteiripe a Sholáthar); |
|
Gesetz über die berufsmäßige Ausübung der Heilkunde ohne Bestallung (Heilpraktikergesetz); |
|
Gesetz über das Studium und den Beruf von Hebammen(HebG); |
|
Gesetz über die Pflegeberufe (PflBG); |
|
Sozialgesetzbuch Fünftes Buch (SGB V; Cód Sóisialta, Leabhar a Cúig) – Árachas Sláinte Reachtúil. |
Leibhéal réigiúnach:
|
Heilberufekammergesetz des Landes Baden-Württemberg ; |
|
Gesetz über die Berufsausübung, die Berufsvertretungen und die Berufsgerichtsbarkeit der |
|
Ärzte, Zahnärzte, Tierärzte, Apotheker sowie der Psychologischen Psychotherapeuten und der |
|
Kinder- und Jugendlichenpsychotherapeuten (Heilberufe-Kammergesetz - HKaG) in Bayern; |
|
Berliner Heilberufekammergesetz (BlnHKG); |
|
Heilberufsgesetz Brandenburg (HeilBerG); |
|
Bremisches Gesetz über die Berufsvertretung, die Berufsausübung, die Weiterbildung und die Berufsgerichtsbarkeit der Ärzte, Zahnärzte, Psychotherapeuten, Tierärzte und Apotheker (Heilberufsgesetz - HeilBerG); |
|
Heilberufsgesetz Mecklenburg-Vorpommern (Heilberufsgesetz M-V – HeilBerG); |
|
Heilberufsgesetz (HeilBG NRW); |
|
Heilberufsgesetz (HeilBG Rheinland-Pfalz); |
|
Gesetz über die öffentliche Berufsvertretung, die Berufspflichten, die Weiterbildung und die Berufsgerichtsbarkeit der Ärzte/ Ärztinnen, Zahnärzte/ Zahnärztinnen, psychologischen Psychotherapeuten/ Psychotherapeutinnen und Kinder- und Jugendlichenpsychotherapeuten/psychotherapeutinnen, Tierärzte/Tierärztinnen und Apotheker/Apothekerinnen im Saarland (Saarländisches Heilberufekammergesetz - SHKG); |
|
Gesetz über Berufsausübung, Berufsvertretungen und Berufsgerichtsbarkeit der Ärzte, Zahnärzte, Tierärzte, Apotheker sowie der Psychologischen Psychotherapeuten und der Kinder und Jugendlichenpsychotherapeuten im Freistaat (Sächsisches Heilberufekammergesetz – SächsHKaG) and Thüringer Heilberufegesetz. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – rochtain ar an Margadh, Láithreacht áitiúil :
|
In FR: Cé go mbíonn cineálacha eile foirme dlíthiúla ar fáil d’infheisteoirí de chuid an Aontais, ní bhíonn rochtain ag infheisteoirí eachtracha ach ar na foirmeacha dlíthiúla ‘société d'exercice liberal’ (SEL) agus ‘société civile professionnelle’ (SCP). Le haghaidh seirbhísí leighis, fiaclóireachta agus ban chabhrach, tá náisiúntacht na Fraince ina ceanglas. Mar sin féin, féadfaidh eachtrannaigh rochtain a fháil laistigh de chuótaí a bhunaítear go bliantúil. Le haghaidh seirbhísí leighis, déidliachta agus cnáimhseach agus seirbhísí ag altraí, soláthar trí SEL à forme anonyme, à responsabilité limitée par actions simplifiée ou en commandite par actions SCP, société coopérative (le haghaidh cleachtóirí ginearálta agus speisialaithe neamhspleácha amháin) nósociété interprofessionnelle de soins ambulatoires (SISA) le haghaidh ionaid sláinte il-discliplíneacha (MSP) agus lena n-aghaidh sin amháin. |
Bearta:
|
FR: Loi 90-1258 relative à l’exercice sous forme de société des professions libérales, Loi n°2011-940 du 10 août 2011 modifiant certaines dipositions de la loi n°2009-879 dite HPST, Loi n°47-1775 portant statut de la coopération; agus Code de la santé publique. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In AT: Comhar dochtúirí chun críoch cúram sláinte poiblí le haghaidh othar siúil, ní féidir cleachtais ghrúpa mar a thugtar orthu a reáchtáil ach amháin faoi fhoirm dhlíthiúil Offene Gesellschaft/OG nó Gesellschaft mit beschränkter Haftung/GmbH. Ní fhéadfaidh ach dochtúirí gníomhú mar chomhlaigh de chleachtas grúpa den chineál sin. Ní mór dóibh a bheith i dteideal cleachtadh leighis neamhspleách a dhéanamh, a bheith cláraithe le Cumann Liachta na hOstaire agus dul i mbun ghairm an leighis sa chleachtas. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile gníomhú mar chomhlaigh den chleachtas grúpa nó leas a bhaint as a ioncam nó a bhrabús (cuid de CPC 9312). |
Bearta:
|
AT: Acht Míochaine, BGBl. I Nr. 169/1998, §§ 52a - 52c; Acht Feidearálach lena rialaítear Gairmeacha Sláinte Comhghuaillithe Ardleibhéil, BGBl. Nr. 460/1992; agus an tAcht Feidearálach lena rialaítear Suathairí Leighis íochtair agus uachtarach, BGBl. Nr. 169/2002. |
(b) Seirbhísí tréidliachta (CPC 932)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In AT: Ní fhéadfaidh ach náisiúnaigh Bhallstát de chuid LEE seirbhísí tréidliachta a sholáthar. Déantar an ceanglas náisiúntachta a tharscaoileadh le haghaidh náisiúnaigh tíre nach Ballstát LEE í i gcás ina bhfuil comhaontú ag an Aontas leis an tír sin nach Ballstát LEE í, lena bhforáiltear maidir le cóir náisiúnta i dtaobh infheistíochta agus trádáil trasteorann i seirbhísí tréidliachta. |
|
In ES: Tá ballraíocht i gcomhlachas gairmiúil ina ceanglas chun an ghairm a chleachtadh mar aon le náisiúntacht an Aontais, ceanglas a fhéadfar a tharscaoileadh trí chomhaontú gairmiúil déthaobhach. Is do dhaoine nádúrtha, agus dóibh sin amháin, is ceadmhach seirbhísí tréidliachta a sholáthar. |
|
In FR: Tá náisiúntacht LEE ina cheanglas maidir le seirbhísí tréidliachta a sholáthar ach féadfar an ceanglas maidir le náisiúntachta a tharscaoileadh faoi réir na cómhalartachta. Tá foirmeacha dlíthiúla a bhíonn ar fáil do chuideachta a sholáthraíonn seirbhísí tréidliachta teoranta do SCP (Société civile professionnelle); agus SEL (Société d’exercice liberal). |
Féadfar a údarú, faoi choinníollacha áirithe, foirmeacha dlíthiúla cuideachta eile dá bhforáiltear le dlí baile na Fraince nó le dlí Bhallstát LEE eile agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó ann.
Bearta:
|
AT: Tierärztegesetz (Gníomh Tréidliachta), BGBl. Uimh. 16/1975, §3 (2) (3). |
|
ES: Real Decreto 126/2013, de 22 de febrero, por el que se aprueban los Estatutos Generales de la Organización Colegial Veterinaria Española; Airteagail 62 agus 64. |
|
FR: Code rural et de la pêche maritime. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In CY: Tá feidhm ag coinníollacha náisiúntachta agus cónaitheachta maidir le seirbhísí tréidliachta a sholáthar. |
|
In EL: Chun seirbhísí tréidliachta a sholáthar, tá cónaitheacht LEE nó Eilvéiseach ina ceanglas. |
|
In HR: Ní fhéadfaidh ach daoine dlíthiúla agus nádúrtha arna mbunú i mBallstát chun críocha gníomhaíochtaí tréidliachta a dhéanamh seirbhísí tréidliachta trasteorann a sholáthar i bPoblacht na Cróite. Is iad náisiúnaigh an Aontais agus iad sin amháin a fhéadann cleachtas tréidliachta a bhunú i bPoblacht na Cróite. |
|
In HU: Chun seirbhísí tréidliachta a sholáthar, tá ballraíocht ar Chumann Tréidliachta na hUngáire ina ceanglas. Tá údarú um bunú faoi réir tástála ar riachtanais eacnamaíocha. Na príomhchritéir: dálaí mhargadh an tsaothair san earnáil. |
Bearta:
|
CY: Dlí 169/1990 arna leasú. |
|
EL: Foraithne Uachtaráin 38/2010, Cinneadh Aire 165261/IA/2010 (Iris Rialtais 2157/B). |
|
HR: An tAcht Tréidliachta (OG 83/13, 148/13, 115/18, Airteagail 3 (67), Airteagal 105 agus 121). |
|
HU: Acht CXXVII 2012 ar Chumann Tréidliachta na hUngáire agus ar na coinníollacha maidir le conas seirbhísí Tréidliachta a sholáthar. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Chun seirbhísí tréidliachta a sholáthar, tá láithreacht fhisiceach sa chríoch ina ceanglas. |
|
In IT agus PT: Chun seirbhísí tréidliachta a sholáthar, tá cónaitheacht ina ceanglas. |
|
In PL: Tá ceanglas maidir le láithreacht fhisiceach sa chríoch chun seirbhísí tréidliachta a sholáthar chun dul i mbun ghairm an tréidlia ar chríoch na Polainne, ní mór do náisiúnaigh nach den Aontas Eorpach iad pas a fháil i scrúdú sa Pholainnis a eagraítear ag Cumainn Tréidliachta na Polainne. |
|
In SI: Ní fhéadfaidh ach daoine dlíthiúla agus nádúrtha arna mbunú i mBallstát chun críocha gníomhaíochtaí tréidliachta a dhéanamh seirbhísí tréidliachta trasteorann a sholáthar do Phoblacht na Slóivéine. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In SK: Tá cónaitheacht ina ceanglas ar chlárú ar an gclár gairmiúil, atá riachtanach chun an ghairm a chleachtadh. Is do dhaoine nádúrtha, agus dóibh sin amháin, is ceadmhach seirbhísí tréidliachta a sholáthar. |
Bearta:
|
CZ: Act No. 166/1999 Coll. (Gníomh Tréidliachta), §58-63, 39; agus Act No. 381/1991 Coll. (ar Chomhlachas na dTréidlianna i bPoblacht na Seice), mír 4. |
|
IT: Foraithne Reachtach C.P.S. 233/1946, Airteagail 7-9; agus Foraithne Uachtarán na Poblachta (DPR) 221/1950, mír 7. |
|
PL: Dlí an21 Nollaig 1990 ar Ghairm an Tréidlia agus Comhlachais na dTréidlianna. |
|
PT: Dlí Foraithne 368/91 (Reacht an Chumainn Ghairmiúil Tréidliachta) alterado p/ Lei 125/2015, 3 set. |
|
SI: Pravilnik o priznavanju poklicnih kvalifikacij veterinarjev (Rialacha maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla tréidlianna), Uradni list RS, št. (Iris Oifigiúil Uimh.) 71/2008, 7/2011, 59/2014 in 21/2016, an tAcht um sheirbhísí sa mhargadh inmheánach, Iris Oifigiúil RS Uimh. 21/2010. |
|
SK: Acht 442/2004 maidir le Dochtúirí Príobháideacha Tréidliachta agus ar Chumann na dTréidlianna, Airteagal 2. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In DE (tá feidhm ag an méid seo maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais freisin): Is do dhaoine nádúrtha, agus dóibh sin amháin, is ceadmhach seirbhísí tréidliachta a sholáthar. Ní fhéadfar teilileigheas a sholáthar ach i gcomhthéacs cóireála príomhúla áit a raibh tréidlia i láthair go fisiceach roimhe sin. |
|
In DK agus NL: Is do dhaoine nádúrtha, agus dóibh sin amháin, is ceadmhach seirbhísí tréidliachta a sholáthar. |
|
In IE: Is do dhaoine nádúrtha nó do chomhpháirtíochtaí, agus dóibh sin amháin, is ceadmhach seirbhísí tréidliachta a sholáthar. |
|
In LV: Is do dhaoine nádúrtha, agus dóibh sin amháin, is ceadmhach seirbhísí tréidliachta a sholáthar. |
Bearta:
|
DE: Bundes-Tierärzteordnung (BTÄO; Cód Feidearálach don Ghairm Tréidliachta). Leibhéal réigiúnach:
|
|
DK: Lovbekendtgørelse nr. 40 af lov om dyrlæger af 15. januar 2020 (Acht comhdhlúite Uimh. 40 an 15 Eanáir, 2020, ar mháinlianna tréidliachta). |
|
IE: An tAcht um Chleachtadh Tréidliachta 2005. |
|
LV: An Dlí um Leigheas Tréidliachta. |
|
NL: Wet op de uitoefening van de diergeneeskunde 1990 (WUD). |
(c) Miondíol earraí cógaisíochta, earraí míochaine agus ortaipéideacha agus seirbhísí eile a sholáthraíonn cógaiseoirí (CPC 63211)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In AT: Ní fhéadfar earraí cógaisíochta agus earraí liachta sonracha a dhíol leis an bpobal ach trí mheán cógaslainne. Tá náisiúntacht Bhallstát LEE nó Chónaidhm na hEilvéise ina cheanglas chun cógaslann a oibriú. Tá náisiúntacht Bhallstát LEE nó Chónaidhm na hEilvéiseina cheanglas maidir le sealbhóirí léasa agus daoine atá i gceannas ar chógaslann a bhainistiú. |
Bearta:
|
AT: Apothekengesetz (An Dlí Cógaisíochta), RGBl. Uimh. 5/1907 mar atá arna leasú, §§ 3, 4, 12; Arzneimittelgesetz (An tAcht um Chógas), BGBl. Uimh. 185/1983 arna leasú, §§ 57, 59, 59a; and Medizinproduktegesetz (Dlí maidir le Táirgí Leighis), BGBl. Uimh. 657/1996 arna leasú, § 99. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In DE: Is do dhaoine nádúrtha (cógaiseoirí), agus dóibh sin amháin is ceadmhach cógaslann a oibriú. Ní fhéadfaidh náisiúnaigh tíortha eile nó daoine nár bhain amach pas i scrúdú cógaisíochta na Gearmáine ach ceadúnas a fháil chun dul i gceannas cógaslainne a bhí ann le linn na dtrí bliana roimhe sin. Tá líon iomlán na gcógaslann in aghaidh an duine srianta d’aon chógaslann amháin agus do suas le trí chógaslann brainse. |
|
In FR: Tá náisiúntacht LEE nó de Chónaidhm na hEilvéise ina ceanglas chun cógaslann a oibriú. |
Féadfar cead a thabhairt do chógaiseoirí eachtracha chun bunú laistigh de chuótaí arna mbunú go bliantúil. Ní mór oscailt na cógaisíochta a údarú agus láithreacht tráchtála a údarú, lena n-áirítear táirgí míochaine a dhíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, ní mór í a bheith i gceann de na foirmeacha dlíthiúla a cheadaítear faoin dlí náisiúnta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach: société d’exercice libéral (SEL) anonyme, par actions simplifiée, à responsabilité limitée unipersonnelle nó pluripersonnelle, en commandite par actions, société en noms collectifs (SNC) nó société à responsabilité limitée (SARL) unipersonnelle nó pluripersonnelle amháin.
Bearta:
|
DE: Gesetz über das Apothekenwesen (ApoG; Acht Cógaisíochta na Gearmáine); Gesetz über den Verkehr mit Arzneimitteln (AMG); Gesetz über Medizinprodukte (MPG); Verordnung zur Regelung der Abgabe von Medizinprodukten (MPAV) |
|
FR: Code de la santé publique; agus Loi 90-1258 du 31 décembre 1990 relative à l’exercice sous forme de société des professions libérales agus Loi 2015-990 du 6 août 2015. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta:
|
In EL: Tá náisiúntacht an Aontais Eorpaigh ina ceanglas chun cógaslann a oibriú. |
|
In HU: Tá náisiúntacht LEE ina ceanglas chun cógaslann a oibriú. |
|
In LV: Chun cleachtas neamhspleách a thosú i gcógaslann, ní mór do chógaiseoir nó cúntóir cógaiseora eachtrach, ar cuireadh oideachas air i stát nach Ballstát nó Ballstát LEE é, a bheith ag obair ar feadh bliana amháin ar a laghad faoi mhaoirseacht cógaiseora i gcógaslann i mBallstát LEE. |
Bearta:
|
EL: Dlí 5607/1932 arna leasú le Dlíthe 1963/1991 agus 3918/2011. |
|
HU: Acht XCVIII 2006 ar na Forálacha Ginearálta a bhaineann le Soláthar Táirgí Íocshláinte agus Cúnamh Leighis ar bhealach atá Iontaofa agus Indéanta go hEacnamaíoch agus ar Scaipeadh Táirgí Leighis. |
|
LV: An Dlí Cógaisíochta, s. 38. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In BG: Ní mór go mbeadh bainisteoirí cógaslainne ina gcógaiseoirí cáilithe agus ní fhéadfaidh siad ach chógaslann amháin a bhainistiú ina bhfuil siad féin ag obair. Tá cuóta (nach mó ná 4) ann maidir le líon na gcógaslanna a d'fhéadfadh a bheith faoi úinéireacht aon duine amháin i bPoblacht na Bulgáire. |
|
In DK: Níl cead ach ag daoine nádúrtha, ar deonaíodh ceadúnas cógaiseora dóibh ag Údarás Sláinte agus Leighis na Danmhairge, seirbhísí miondíola earraí cógaisíochta agus earraí leighis sonracha a sholáthar don phobal. |
|
In ES, HR, HU, agus PT: Tá údarú chun bunú faoi réir tástála ar riachtanais eacnamaíocha. Príomhchritéir: dálaí daonra agus dlúis sa cheantar. |
|
In IE: Tá toirmeasc ar phostdíol earraí cógaisíochta, seachas earraí nach bhfuil oideas ag teastáil ina leith. |
|
In MT: Eisiúint cheadúnais Cógaslainne faoi shrianta sonracha. Ní mór nach mbeadh níos mó ná aon cheadúnas amháin ag duine ar bith ina ainm féin i mbaile nó sráidbhaile ar bith (Rialachán 5(1) de na Rialacháin ar Cheadúnas Cógaslainne (LN279/07)) ach amháin sa chás áit nach bhfuil aon iarratais eile le haghaidh an bhaile nó an tsráidbhaile sin (Rialachán 5(2) de na Rialacháin ar Cheadúnas Cógaslainne (LN279/07)). |
|
In PT: I gcuideachtaí tráchtála áit a bhfuil an caipiteal léirithe ag scaireanna, ní mór go mbeadh siad siúd ainmniúil. Ní fhéadfaidh aon duine, úinéireacht, oibriú nó bainistíocht níos mó ná ceithre chógaslann a shealbhú ná a chleachtadh go díreach nó go hindíreach, san am céanna. |
|
In SI: Is é atá i líonra na gcógaslann sa tSlóivéin institiúidí poiblí cógaslainne, faoi úinéireacht bardas, agus cógaiseoirí príobháideacha faoi lamháltas nach mór don úinéir tromlaigh a bheith ina chógaiseoir gairmiúil. Tá toirmeasc ar phostdíol earraí cógaisíochta lena bhfuil oideas ag teastáil. Maidir le postdíol leigheasra nach bhfuil aro ideas, ní mór cead speisialta ón Stát a fháil. |
Bearta:
|
BG: An Dlí ar Tháirgí Leighis sa Leigheas Daonna, airteagail 222, 224, 228. |
|
DK: Apotekerloven (Acht Cógaisíochta na Danmhairge) LBK Uimh. 801 den 12/06/2018. |
|
ES: Ley 16/1997, de 25 de abril, de regulación de servicios de las oficinas de farmacia (Dlí 16/1997, an 25 Aibreán, lena rialaítear seirbhísí cógaslainne), Airteagail 2, 3.1; agus Real Decreto Legislativo 1/2015, de 24 de julio por el que se aprueba el Texto refundido de la Ley de garantías y uso racional de los medicamentos y productos sanitarios (Ley 29/2006). |
|
HR: An tAcht um Chúram Sláinte (OG 100/18, 125/19). |
|
HU: Acht XCVIII 2006 ar na Forálacha Ginearálta a bhaineann le Soláthar Táirgí Leighis agus Cúnamh Leighis ar bhealach atá Iontaofa agus Indéanta go hEacnamaíoch agus ar Scaipeadh Táirgí Leighis. |
|
IE: Na hAchtanna um Bhoird Leigheasra na hÉireann 1995 agus 2006 (Uimh. 29 de 1995 agus Uimh. 3 de 2006); na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte (Soláthar a Ordú agus a Rialú) 2003, arna leasú (I.R. 540 de 2003); na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte (Cur ar an Margadh a Rialú) 2007, arna leasú (I.R. 540 de 2007); An tAcht Cógaisíochta 2007 (Uimh. 20 de 2007); Na Rialacháin um Tháirgí Cógaisíochta Miondíola 2008, arna leasú, (I.R. Uimh. 488 de 2008) |
|
MT: Rialacháin um Cheadúnas Cógaisíochta (LN279/07) arna n-eisiúint faoin Acht Leigheasra (Cap. 458). |
|
PT: Foraithne-Dlí 307/2007, Airteagail 9, 14 agus 15 Alterado p/ Lei 26/2011, 16 jun., alterada:
|
SI: An tAcht um Sheirbhísí Cógaisíochta (Iris Oifigiúil an RS Uimh. 85/2016, 77/2017, 73/2019); agus an tAcht um Tháirgí Íocshláinte (Iris Oifigiúil an RS, Uimh. 17/2014, 66/2019).
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In IT: Ní féidir ach daoine nádúrtha atá cláraithe sa chlár an ghairm a chleachtadh, chomh maith le daoine dlíthiúla i bhfoirm comhpháirtíochtaí, nach mór gach comhpháirtí sa chuideachta a bheith ina chógaiseoir cláraithe. Chun clárú ar chlár gairmiúil na gcógaiseoirí tá náisiúntacht Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ina ceanglas nó cónaitheacht agus cleachtadh na gairme san Iodáil. Féadfaidh náisiúnaigh eachtracha ag a bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha clárú más saoránaigh iad de chuid tíre lena bhfuil comhaontú speisialta ag an Iodáil, a údaraíonn an ghairm a chleachtadh, faoi choinníoll na cómhalartachta (D.Lgsl. CPS 233/1946 Airteagail 7-9 agus D.P.R. 221/1950, míreanna 3 agus 7). Déantar cógaslanna nua nó foilmhe a údarú tar éis comórtais phoiblí. Ní féidir ach náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh atá cláraithe ar Chlár na gcógaiseoirí ("albo") páirt a ghlacadh i gcomórtas poiblí. |
Tá údarú chun bunú faoi réir tástála ar riachtanais eacnamaíocha. Príomhchritéir: dálaí daonra agus dlúis sa cheantar.
Bearta:
|
IT: Dlí 362/1991, Airteagail 1, 4, 7 agus 9; Foraithne Reachtach CPS 233/1946, Airteagail 7-9; agus Foraithne Uachtarán na Poblachta (D.P.R. 221/1950, míreanna 3 agus 7). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In CY: Tá feidhm ag an gceanglas náisiúntachta maidir le soláthar díolachán miondíolacháin earraí cógaisíochta, leighis agus ortaipéideacha agus seirbhísí eile arna soláthar ag cógaiseoirí (CPC 63211). |
Bearta:
|
CY: An Dlí um Chógaisíocht agus Nimheanna (Caibidil 254) arna leasú. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In BG: Ní fhéadfar earraí cógaisíochta agus earraí liachta sonracha a dhíol leis an bpobal ach trí mheán cógaslainne. Tá toirmeasc ar phostdíol earraí cógaisíochta, seachas earraí nach bhfuil oideas ag teastáil ina leith. |
|
In EE: Ní fhéadfar earraí cógaisíochta agus earraí liachta sonracha a dhíol leis an bpobal ach trí mheán cógaslainne. Tá cosc ar phostdíol táirgí leighis chomh maith le táirgí leighis arna n-ordú tríd an Idirlíon a sheachadadh sa phost nó trí sheirbhís mhearsheachadta. Tá údarú chun bunú faoi réir tástála ar riachtanais eacnamaíocha. Príomhchritéir: dálaí dlúis sa cheantar. |
|
In EL: Níl cead ach ag daoine nádúrtha, ar cógaiseoirí ceadúnaithe agus cuideachtaí arna mbunú ag cógaiseoirí ceadúnaithe iad, seirbhísí miondíola earraí cógaisíochta agus earraí leighis sonracha a sholáthar don phobal. |
|
In ES: Níl cead ach ag daoine nádúrtha ar cógaiseoirí ceadúnaithe iad seirbhísí miondíola earraí cógaisíochta agus earraí leighis sonracha a sholáthar don phobal. Ní fhéadann gach cógaiseoir níos mó ná aon cheadúnas amháin a fháil. |
|
In LU: Níl cead ach ag daoine nádúrtha seirbhísí miondíola earraí cógaisíochta agus earraí leighis sonracha a sholáthar don phobal. |
|
In NL: Tá postordú earraí cógaisíochta faoi réir ceanglas. |
Bearta:
|
BG: An Dlí ar Tháirgí Leighis sa Leigheas Daonna, airteagail 219, 222, 228, 234(5). |
|
EE: Ravimiseadus (An tAcht um Tháirgí Leighis), RT I 2005, 2, 4; § 29 (2) agus § 41 (3); agus Tervishoiuteenuse korraldamise seadus (An tAcht um Eagrú Seirbhísí Sláinte, RT I 2001, 50, 284). |
|
EL: Dlí 5607/1932 arna leasú le Dlíthe 1963/1991 agus 3918/2011. |
|
ES: Ley 16/1997, de 25 de abril, de regulación de servicios de las oficinas de farmacia (Dlí 16/1997, an 25 Aibreán, seirbhísí cógaslainne a rialáil), Airteagail 2, 3.1; agus Real Decreto Legislativo 1/2015, de 24 de julio por el que se aprueba el Texto refundido de la Ley de garantías y uso racional de los medicamentos y productos sanitarios (Ley 29/2006). |
|
LU: Loi du 4 juillet 1973 concernant le régime de la pharmacie (annex a043); Règlement grand-ducal du 27 mai 1997 relatif à l'octroi des allowances de pharmacie (annex a041); agus Règlement grand-ducal du 11 février 2002 modifiant le règlement grand-ducal du 27 mai 1997 relatif à l'octroi des concessions de pharmacie (iarscríbhinn a017). |
|
NL: Geneesmiddelenwet, airteagal 67. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Seirbhísí Trasteorann – Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Tá buanchónaitheacht ina cheanglas ar chógaiseoirí. |
Bearta:
|
BG: An Dlí ar Tháirgí Leighis sa Leigheas Daonna, airteagail 146, 161, 195, 222, 228. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DE, SK: Tá cónaí ina cheanglas chun ceadúnas a fháil mar chógaiseoir nó cógaslann a oscailt chun cógaiseoirí agus earraí leighis áirithe a mhiondíol leis an bpobal. |
Bearta:
|
DE: Gesetz über das Apothekenwesen (ApoG; Acht Cógaisíochta na Gearmáine); Gesetz über den Verkehr mit Arzneimitteln (AMG); Gesetz über Medizinprodukte (MPG); Verordnung zur Regelung der Abgabe von Medizinprodukten (MPAV). |
|
SK: Acht 362/2011 maidir le cógaisíocht agus feistí leighis, Airteagal 6; agus Acht 578/2004 ar sholáthraithe cúram sláinte, fhostaithe leighis, eagraíocht ghairmiúil sa chúram sláinte. |
Forchoimeádas Uimh. 4 - Seirbhísí taighde agus forbartha
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí taighde agus forbartha |
Aicmiú tionscail: |
CPC 851, 853 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
An tAontas: Maidir le seirbhísí taighde agus forbartha (T&F) a bhaineann leas as maoiniú arna sholáthar ag an Aontas ar leibhéal an Aontais, ní fheadfar cearta nó údaruithe eisiacha a dheonú ach do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus do dhaoine dlítheanacha an Aontais a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomhionad gnó acu san Aontas (CPC 851, 853).
Maidir le seirbhísí T&F atá maoinithe go poiblí a bhaineann leas as maoiniú arna chur ar fáil ag Ballstát, ní fhéadfar cearta ná údaruithe eisiacha a dheonú ach do náisiúnaigh an Bhallstáit den Aontas Eorpach atá i gceist agus do dhaoine dlítheanacha de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a bhfuil a gceanncheathrú sa Bhallstát sin (CPC 851, 853).
Tá an forchoimeádas seo gan dochar do Chuid a Cúig den Chomhaontú seo agus d'eisiamh soláthair ag Páirtí nó ag fochuideachtaí, in Airteagal 123(6) agus (7) den Chomhaontú seo.
Bearta:
|
AE: Gach clár réime taighde nó nuálaíochta de chuid an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear Rialacha maidir le Rannpháirtíocht Fís 2020 agus rialacháin a bhaineann le Comhthionscnaimh Teicneolaíochta (JTIanna), le hAirteagal 185 Cinntí, agus leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), chomh maith le cláir thaighde náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. |
Forchoimeádas Uimh. 5 – Seirbhísí eastáit réadaigh
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí eastáit réadaigh |
Aicmiú tionscail: |
CPC 821, 822 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta agus Trádáil Trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In CY: Le haghaidh soláthar sheirbhísí eastáit réadaigh, tá feidhm ag coinníoll náisiúntachta agus cónaitheachta. |
Bearta:
|
CY: Dlí do Ghníomhairí Réadmhaoine 71(1)/2010 arna léasú. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Tá cónaí do dhaoine nádúrtha agus bunú do dhaoine dlítheanacha i bPoblacht na Seice ina cheangal chun an ceadúnas is gá a fháil chun seirbhísí eastáit réadaigh a sholáthar. |
|
In HR: Tá láithreacht tráchtála sa LEE ina cheangal chun seirbhísí réadmhaoine a sholáthar. |
|
In PT: Tá cónaí sa LEE riachtanach i gcás daoine nádúrtha. Tá ionchorprú sa LEE riachtanach i gcás daoine dlítheanacha. |
Bearta:
|
CZ: An tAcht ar Cheadúnas Trádála. |
|
HR: An tAcht ar Bhróicéireacht Réadmhaoine (OG 107/07 agus 144/12), Airteagal 2. |
|
PT: Dlí-Foraithne 211/2004 (Airteagail 3 agus 25), mar atá leasaithe agus athfhoilsithe ag Dlí-Foraithne 69/2011. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DK: Le haghaidh soláthair seirbhísí réadmhaoine ó dhuine nádúrtha atá i láthair i gcríoch na Danmhairge, is gníomhaire eastáit réadaigh amháin ar daoine nádúrtha iad a ligeadh isteach i gclár ghníomhaire eastáit réadaigh Údarás Gnó na Danmhairge a fhéadfaidh úsáid a bhaint as an teideal ‘gníomhaire eastáit réadaigh’. Ceanglaítear leis an acht go mbeadh an t-iarratasóir ina chónaitheoir Danmhargach nó ina chónaitheoir de chuid an Aontais, LEE nó Chónaidhm na hEilvéise. |
Níl feidhm ag an Acht um eastát réadach a dhíol ach amháin nuair atá seirbhísí eastáit réadaigh á soláthar do thomhaltóirí. Níl feidhm ag an Acht um eastát réadach a dhíol maidir le léasú eastáit réadaigh (CPC 822).
Bearta:
|
DK: Lov om formidling af fast ejendom m.v. lov. nr. 526 af 28.05.2014 (An tAcht um eastát réadach a dhíol). |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir náisiúin barrfhabhair:
|
In SI: A mhéid a cheadaíonn an Ríocht Aontaithe do náisiúnaigh agus d’fhiontair na Slóivéine seirbhísí gníomhaire eastáit réadaigh a sholáthar, tabharfaidh an tSlóivéin cead do náisiúnaigh agus d’fhiontair na Ríochta Aontaithe seirbhísí gníomhaire eastáit réadaigh a sholáthar faoi na coinníollacha céanna, chomh maith leis na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh: teidlíocht chun gníomhú mar ghníomhaire eastáit réadaigh sa tír thionscnaimh, an doiciméad ábhartha maidir le saoirse ó phionós i nósanna imeachta coiriúla a chur isteach, agus é a inscríobh ag an Aireacht inniúil (Slóivíneach) i gclárlann gníomhairí eastáit réadaigh. |
Bearta:
|
SI: Acht na nGníomhaireachtaí Réadmhaoine. |
Forchoimeádas Uimh. 6 – Seirbhísí gnó
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gnó – seirbhísí fruilithe nó léasaithe gan oibreoirí; seirbhísí a bhaineann le comhairliúchán bainistíochta; tástáil agus anailís theicniúil; seirbhísí comhairliúcháin eolaíochta agus teicniúla; seirbhísí gaolmhara a bhaineann le talmhaíocht; seirbhísí slándála; seirbhísí socrúcháin; seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta agus seirbhísí eile gnó |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 37, cuid de CPC 612, cuid de 621, cuid de 625, 831, cuid de 85990, 86602, 8675, 8676, 87201, 87202, 87203, 87204, 87205, 87206, 87209, 87901, 87902, 87909, 88, cuid de 893 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí cíosa nó léasaithe gan oibreoirí (CPC 83103, CPC 831)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In SE: Chun bratach na Sualainne a chur ar foluain, ní mór cruthúnas ar thionchar oibriúcháin ceannasach na Sualainne i gcás leasanna úinéireachta eachtraí i longa. Ciallaíonn tionchar oibriúcháin ceannasach na Sualainne go bhfuil oibriú na loinge lonnaithe sa tSualainn agus go bhfuil níos mó ná leath de scaireanna na loinge freisin faoi úinéireacht na Sualainne nó faoi úinéireacht dhaoine i dtír eile de chuid LEE. Féadfar díolúine ón riail seo a dheonú do longa eachtracha eile faoi choinníollacha áirithe i gcás ina ligfear ar cíos nó ar léas iad do dhaoine dlítheanacha Sualannacha trí chonarthaí cairtfhostaithe loma (CPC 83103). |
Bearta:
|
SE: Sjölagen (Dlí Muirí) (1994:1009), Caibidil 1, § 1. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In SE: Soláthróirí seirbhísí gluaisteán agus feithiclí eisbhóthair áirithe a fháil ar cíos nó ar léas (terrängmotorfordon) gan tiománaí, a fhaightear ar cíos nó ar léas ar feadh tréimhse níos lú ná bliain amháin, tá sé d’oibleagáid orthu duine a cheapadh le bheith freagrach, i measc nithe eile, as a chinntiú go ndéantar an gnó i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme agus go gcomhlíontar na rialacha sábháilteachta tráchta ar bhóithre. Ní mór don duine atá freagrach a bheith ina chónaí in LEE (CPC 831). |
Bearta:
|
SE: Lag (1998: 424) om biluthyrning (Acht ar ghluaisteán a fháil ar chíos agus a léasú). |
(b) Seirbhísí fruilithe nó léasaithe agus seirbhísí gnó eile a bhaineann le heitlíocht
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair:
|
An tAontas: Le haghaidh aerárthach a fháil ar cíos nó a léasú gan criú (léas tirim), tá aerárthaí atá in úsáid ag aeriompróir de chuid an Aontais faoi réir na gceanglas is infheidhme maidir le clárú aerárthaí. Beidh comhaontú léasa thirim a bhfuil iompróir de chuid an Aontais mar pháirtí ann faoi réir ceanglais i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir le sábháilteacht eitlíochta, amhail formheas roimh ré agus coinníollacha eile is infheidhme maidir le húsáid a bhaint as aerárthaí cláraithe tríú tíortha. Chun bheith cláraithe, féadfar go mbeadh sé ina cheangal go mbeadh aerárthach faoi úinéireacht daoine nádúrtha a chomhlíonann critéir náisiúntachta sonracha nó ag fiontair a chomhlíonann critéir shonracha maidir le húinéireacht caipitil agus rialú (CPC 83104). |
Maidir le seirbhísí córas áirithinte ar ríomhairí (CAR), i gcás nach dtugann soláthraithe seirbhísí CAR atá ag oibriú lasmuigh den Aontas cóir d’aeriompróirí an Aontais atá coibhéiseach (i.e. neamh-idirdhealaitheach) leis an gcóir a thugann soláthraithe seirbhíse CAR de chuid an Aontais d’aeriompróirí tríú tír san Aontas, nó i gcás nach dtugann aeriompróirí nach aeriompróirí de chuid an Aontais iad cóir do sholáthraithe seirbhísí CAR an Aontais atá coibhéiseach leis an gcóir a thugann aeriompróirí san Aontas do sholáthraithe seirbhíse CAR tríú tír, féadfar bearta a ghlacadh le go dtabharfadh na soláthraithe seirbhísí CAR atá ag oibriú san Aontas cóir dhifreáilte choibhéiseach do na haeriompróirí nach aeriompróirí de chuid an Aontais iad, nó le go dtabharfadh aeriompróirí de chuid an Aontais cóir dhifreáilte choibhéiseach do na soláthraithe seirbhísí CAR nach soláthraithe seirbhíse CAR de chuid an Aontais iad faoi seach.
Bearta:
|
AE: Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); agus Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta
|
In BE: Aerárthaí príobháideacha (sibhialta) ar le daoine nádúrtha nach náisiúnaigh de Bhallstát ná de LEE iad, ní fhéadfar iad a chlárú ach amháin má tá cónaí nó sainchónaí orthu sa Bheilg ar feadh bliana amháin ar a laghad gan bhriseadh. Aerárthaí príobháideacha (sibhialta) ar le heintitis dhlíthiúla eachtracha iad nár bunaíodh i gcomhréir le dlí Bhallstát LEE, ní fhéadfar iad a chlárú ach amháin má tá láithreán oibríochtaí, gníomhaireacht nó oifig acu sa Bheilg ar feadh bliana amháin ar a laghad gan bhriseadh (CPC 83104). |
Nósanna imeachta údaraithe maidir le haerchomhrac dóiteáin, oiliúint eitilte, spraeáil, suirbhéireacht, mapáil, grianghrafadóireacht, agus seirbhísí aerbheirthe eile talmhaíochta, tionsclaíocha agus cigireachta.
Bearta:
|
BE: Arrêté Royal du 15 mars 1954 réglementant la navigation aérienne. |
(c) Seirbhísí a bhaineann le comhairleacht bhainistíochta — seirbhísí comhréitigh agus eadrána (CPC 86602)
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, láithreacht áitiúil:
|
In BG: Le haghaidh seirbhísí idirghabhála, tá buanchónaí nó cónaí fadtéarmach i bPoblacht na Bulgáire ina cheangal ar shaoránaigh tíortha nach Ballstát LEE ná Cónaidhm na hEilvéise iad. |
|
In HU: Tá fógra, le haghaidh glactha ar an gclár, le tabhairt chuig an aire atá i gceannas ar an gcóras dlíthiúil chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí idirghabhála (amhail eadráin). |
Bearta:
|
BG: An tAcht um Idirghabháil, Airteagal 8. |
|
HU: Acht LV de 2002 ar Idirghabháil. |
(d) Seirbhísí tástála agus anailíse teicniúla (CPC 8676)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí– Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In CY: Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceangal le haghaidh soláthair seirbhísí ag ceimiceoirí agus bitheolaithe. |
|
In FR: Tá gairmeacha na bitheolaí forchoimeádta do dhaoine nádúrtha, náisiúntacht LEE ina cheangal. |
Bearta:
|
CY: An Dlí ar Chlárú Ceimiceoirí ó 1988 (Dlí 157/1988), arna leasú. |
|
FR: Code de la santé publique. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta agus Trádáil Trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Tá bunú sa Bhulgáir de réir Acht Tráchtála na Bulgáire agus clárú sa Chlár Tráchtála chun seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse a sholáthar. |
Le haghaidh cigireacht thréimhsiúil ar chruthúnas ar riocht teicniúil feithiclí iompair bóthair, ba cheart don duine a bheith cláraithe i gcomhréir le hAcht Tráchtála na Bulgáire nó leis an Acht um Dhaoine Dlítheanacha Neamhbhrabúis, nó iad a bheith cláraithe i mBallstát LEE eile.
Ní fhéadfaidh ach Aireacht Comhshaoil agus Uisce na Bulgáire, nó a chuid gníomhaireachtaí i gcomhar le hAcadamh Eolaíochtaí na Bulgáire, tástáil agus anailís a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus íonacht aeir agus uisce.
Bearta:
|
BG: An tAcht um Cheanglais Teicniúla i dtreo Táirgí; An tAcht Tomhais; An tAcht um Aer Comhthimpeallach Glan; agus An tAcht Uisce, Ordanás N-32 um chigireacht thréimhsiúil ar chruthúnas ar riocht teicniúil fheithiclí iompair bóthair. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Láithreacht áitiúil:
|
In IT: Le haghaidh bitheolaithe, anailíseoirí ceimiceacha, agranamaithe agus ‘periti agrari’, tá cónaí agus clárú sa chlár gairmiúil ina cheangal. Is féidir le náisiúnaigh tríú tíre clárú faoi choinníoll na cómhalartachta. |
Bearta:
|
IT: Bitheolaithe, anailíseoirí ceimiceacha: Dlí 396/1967 maidir le gairm na mbitheolaithe; agus Foraithne Ríoga 842/1928 maidir le gairm na n-anailíseoirí ceimiceacha. |
(e) Seirbhísí gaolmhara comhairliúcháin eolaíochta agus teicniúla (CPC 8675)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Láithreacht áitiúil:
|
In IT: Tá cónaitheacht nó sainchónaí gairmiúil san Iodáil ina gceanglas chun clárú i gclár na ngeolaithe, rud atá riachtanach chun gairmeacha an tsuirbhéara nó an gheolaithe a chleachtadh d'fhonn seirbhísí a sholáthar a bhaineann le taiscéalaíocht agus oibriú mianach, etc. Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceanglas; mar sin féin, féadfaidh eachtrannaigh clárú ar choinníoll cómhalartachta. |
Bearta:
|
IT: Geolaithe: Dlí 112/1963, Airteagail 2 agus 5; D.P.R. 1403/1965, Airteagal 1. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Tá náisiúntacht agus cónaí i mBallstát LEE nó i gCónaidhm na hEilvéise ina gceanglas do dhaoine nádúrtha chun feidhmeanna a bhaineann le geodasaíocht, cartagrafaíocht agus suirbhéireacht ar chadastair a fhorghníomhú. Tá clárú trádála faoi reachtaíocht Bhallstát LEE nó reachtaíocht Chónaidhm na hEilvéise ina cheanglas d'eintitis dhlítheanacha. |
Bearta:
|
BG: An tAcht um Chlár Cadastar agus Réadmhaoine; agus an tAcht um Gheodasaíocht agus Chartagrafaíocht. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In CY: Tá feidhm ag ceanglas náisiúntachta maidir le seirbhísí ábhartha a sholáthar. |
Bearta:
|
CY: Dlí 224/1990 arna leasú. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh:
|
In FR: Le haghaidh suirbhéireachta, rochtain trí SEL (anonyme, à responsabilité limitée ou en commandite par actions), SCP (Société civile professionnelle), SA agus SARL (sociétés anonymes, à responsabilité limitée) amháin. Le haghaidh seirbhísí taiscéalaíochta agus sirtheoireachta tá gnóthas ina cheangal. Féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh i gcás taighdeoirí eolaíochta, trí chinneadh ón Aire taighde eolaíochta, i gcomhaontú leis an Aire Gnóthaí Eachtracha. |
Bearta:
|
FR: Loi 46-942 du 7 mai 1946 and décret n°71-360 du 6 mai 1971. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir Náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In HR: Ní fhéadfar seirbhísí bunúsacha um chomhairleoireacht gheolaíoch, gheodaiteach agus mianadóireachta chomh maith le seirbhísí comhairleoireachta gaolmhara a bhaineann le cosaint an chomhshaoil i gcríoch na Cróite a dhéanamh ach trí mheán daoine dlítheanacha intíre nó i gcomhpháirt leo. |
Bearta:
|
HR: Rialú maidir leis na ceanglais chun formheasanna a eisiúint do dhaoine dlítheanacha chun gníomhaíochtaí gairmiúla i ndáil le cosaint an chomhshaoil a dhéanamh (OG Uimh.57/10), Airteagail 32-35. |
(f) Seirbhísí a bhaineann leis an talmhaíocht (cuid de CPC 88)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir Náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Cóir ar an náisiúin barrfhabhair, Láithreacht áitiúil:
|
In IT: Le haghaidh bitheolaithe, anailíseoirí ceimiceacha, agranamaithe agus ‘periti agrari’, tá cónaí agus clárú sa chlár gairmiúil ina cheangal. Is féidir le náisiúnaigh tríú tíre clárú faoi choinníoll na cómhalartachta. |
Bearta:
|
IT: Bitheolaithe, anailíseoirí ceimiceacha: Dlí 396/1967 maidir le gairm na mbitheolaithe; agus Foraithne Ríoga 842/1928 maidir le gairm na n-anailíseoirí ceimiceacha. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúin barrfhabhair:
|
In PT: Tá na gairmeacha bitheolaí, anailíseoir ceimiceach agus agranamaí forchoimeádta do dhaoine nádúrtha. Tá córas cómhalartachta i bhfeidhm le haghaidh náisiúnaigh tríú tír i gcás innealtóirí agus innealtóirí teicniúla (agus níl ceanglas saoránachta i bhfeidhm). Níl ceanglas saoránachta ná ceanglas cómhalartachta ann do bhitheolaithe. |
Bearta:
|
PT: Dlí Foraithne 119/92 alterado p/Lei 123/2015, 2 set. (Ordem Engenheiros); Dlí Foraithne 47/2011 alterado p/Lei 157/2015, 17 set. (Ordem dos Engenheiros Técnicos); agus Dlí Foraithne 183/98 alterado p/Lei 159/2015, 18 set. (Ordem dos Biólogos). |
(g) Seirbhísí slándála (CPC 87302, 87303, 87304, 87305, 87309)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In IT: Tá náisiúntacht Bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh agus cónaí ina ceangal chun an t-údarú a fháil atá riachtanach chun seirbhísí gharda slándála a sholáthar chomh maith le hiompar nithe luachmhara. |
|
In PT: Níl soláthar seirbhísí slándála ag soláthraí eachtrach ar bhonn trasteorann ceadaithe. |
Tá ceanglas náisiúntachta i gceist do phearsanra speisialaithe.
Bearta:
|
IT: An dlí maidir leis an tslándáil phoiblí (TULPS) 773/1931, Airteagail 133-141; Foraithne Ríoga 635/1940, Airteagal 257. |
|
PT: Dlí 34/2013 alterada p/ Lei 46/2019, 16 maio; agus Ordanás 273/2013 alterada p/ Portaria 106/2015, 13 abril. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DK: Tá ceanglas cónaithe ann le haghaidh daoine aonair a dhéanann iarratas ar údarú chun seirbhísí slándála a sholáthar. |
Tá cónaí ina cheangal ar bhainisteoirí agus ar thromlach na gcomhaltaí ar bhord an eintitis dhlítheanaigh a chuireann isteach ar údarú chun seirbhísí slándála a sheoladh. Níl cónaí ina cheangal, áfach, ar lucht bainistíochta ná ar bhoird stiúrthóirí a mhéid a leanann sé as comhaontuithe nó orduithe idirnáisiúnta arna n-eisiúint ag an Aire Dlí agus Cirt.
Bearta:
|
DK: Lovbekendtgørelse 2016-01-11 nr. 112 om vagtvirksomhed. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In EE: Tá cónaí ina cheangal do ghardaí slándála. |
Bearta:
|
EE: Turvaseadus (An tAcht um Shlándáil) § 21, § 22. |
(h) Seirbhísí Socrúcháin (CPC 87201, 87202, 87203, 87204, 87205, 87206, 87209)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta (feidhm aige ar leibhéal réigiúnach rialtais):
|
In BE: I Réigiúin uile na Beilge, ní mór do chuideachta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh de LEE a léiriú go soláthraíonn sé seirbhísí socrúcháin ina thír thionscnaimh. I Réigiún na Vallúine, ceanglaítear ar chineál sonrach eintitis dhlítheanaigh (régulièrement constituée sous la forme d'une personne morale ayant une forme commerciale, soit au sens du droit belge, soit en vertu du droit d'un Etat membre ou régie par celui-ci, quelle que soit sa forme juridique) seirbhísí socrúcháin a sholáthar. Ní mór do chuideachta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh de LEE a léiriú go gcomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach san Fhoraithne (mar shampla maidir leis an gcineál eintitis dhlítheanach). I bPobal labhartha na Gearmáinise, ní mór do chuideachta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den EEA na critéir iontrála arna mbunú le Foraithne thuasluaite (CPC 87202) a chomhlíonadh. |
Bearta:
|
BE: Réigiún Fhlóndras: Airteagal 8, § 3, Besluit van de Vlaamse Regering van 10 december 2010 tot uitvoering van het decreet betreffende de private arbeidsbemiddeling. |
Réigiún na Vallúine: Décret du 3 avril 2009 relatif à l'enregistrement ou à l'agrément des agences de placement (Decree of 3 April 2009 on registration of placement agencies), Article 7; and Arrêté du Gouvernement wallon du 10 décembre 2009 portant exécution du décret du 3 avril 2009 relatif à l'enregistrement ou à l'agrément des agences de placement (Cinneadh ó Rialtas na Vallúine an 10 Nollaig 2009 lena gcuirtear Foraithne an 3 Aibreán 2009 ar chlárú ghníomhaireachtaí socrúcháin chun feidhme), Airteagal 4.
Pobal labhartha na Gearmáinise: Dekret über die Zulassung der Leiharbeitsvermittler und die Überwachung der privaten Arbeitsvermittler / Décret du 11 mai 2009 relatif à l'agrément des agences de travail intérimaire et à la surveillance des agences de placement privées, Airteagal 6.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta: Láithreacht áitiúil:
|
In DE: Tá náisiúntacht Bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh nó láithreacht tráchtála san Aontas Eorpach ina ceangal chun ceadúnas a fháil chun feidhmiú mar ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí (de bhun Roinn 3 mír 3 go mír 5 den Acht seo maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (Arbeitnehmerüberlassungsgesetz). Féadfaidh an Aireacht Chónaidhme Saothair agus Gnóthaí Sóisialta rialachán a eisiúint maidir le pearsanra nach pearsanra de LEE iad a lonnú agus a earcú le haghaidh gairmeacha sonraithe e.g. gairmeacha a bhaineann le sláinte agus cúram. Diúltófar an ceadúnas nó síneadh an cheadúnais má tá sé beartaithe go ndéanfaidh bunaíochtaí, codanna de bhunaíochtaí nó bunaíochtaí coimhdeacha nach bhfuil lonnaithe i LEE an fhostaíocht shealadach a fhorghníomhú de bhun Roinn 3 mír 2 den Acht maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (Arbeitnehmerüberlassungsgesetz). |
Bearta:
DE: Gesetz zur Regelung der Arbeitnehmerüberlassung (AÜG);
Sozialgesetzbuch Drittes Buch (SGB III; Cód Sóisialta, Leabhar a Trí) - Cur Chun Cinn na Fostaíochta;
Verordnung über die Beschäftigung von Ausländerinnen und Ausländern (BeschV; Ordanás maidir le Fostaíocht Eachtrannach).
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In ES: Ceanglaítear ar ghníomhaireachtaí socrúcháin ráiteas faoi mhionn a chur isteach a dheimhníonn gur comhlíonadh na ceanglais atá luaite sa reachtaíocht reatha (CPC 87201, 87202) roimh thús na gníomhaíochta. |
Bearta:
|
ES: Real Decreto-ley 8/2014, de 4 de julio, de aprobación de medidas urgentes para el crecimiento, la competitividad y la eficiencia (tramitado como Ley 18/2014, de 15 de octubre). |
(i) Seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta (CPC 87905)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In BG: Ceanglaítear ar dhaoine nádúrtha eachtracha cead cónaithe fadtéarmach nó buan a bheith acu i bPoblacht na Bulgáire chun gníomhaíochtaí oifigiúla aistriúcháin a dhéanamh. |
Bearta:
|
BG: Rialachán um dhlisteanú, dheimhniú agus aistriú doiciméad. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In HU: Ní fhéadfar aistriúcháin oifigiúla, deimhnithe oifigiúla ar aistriúcháin, agus cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid oifigiúla i dteangacha eachtracha a sholáthar ach ag Oifig Aistriúcháin agus Deimhniúcháin na hUngáire (OFFI). |
|
In PL: Ní fhéadfaidh ach daoine nádúrtha a bheith ina n-aistritheoirí faoi bhrí mionna. |
Bearta:
|
HU: Foraithne Chomhairle na nAirí Uimh. 24/1986 ar Aistriúchán agus ateangaireacht oifigiúil. |
|
PL: Acht an 25 Samhain 2004 ar ghairm an aistritheora nó an ateangaire faoi bhrí mionna (Iris Dlíthe ó 2019 mír 1326). |
I dtaca leis an Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh:
|
In FI: Tá cónaitheacht in LEE ina ceangal d'aistritheoirí deimhnithe. |
Bearta:
|
FI: Laki auktorisoiduista kääntäjistä (Acht ar Aistritheoirí Údaraithe) (1231/2007), s. 2(1)). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In CY: Is gá clárú i gClárlann na n-aistritheoirí chun seirbhísí oifigiúla aistriúcháin agus deimhniúcháin a sholáthar. Tá feidhm ag an gceanglas náisiúntachta. |
|
In HR: Tá náisiúntacht de chuid an LEE ina cheangal d'aistritheoirí deimhnithe. |
Bearta:
|
CY: Bunú, Clárú agus Rialáil na Seirbhísí Aistritheoirí Deimhnithe i nDlí Phoblacht na Cipire. |
|
HR: Ordanás ar ateangairí cúirte buana (OG 88/2008), Airteagal 2. |
(j) Seirbhísí gnó eile (cuid de CPC 612, cuid de 621, cuid de 625, 87901, 87902, 88493, quid de 893, cuid de 85990, 87909, ISIC 37)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In SE: Ní mór siopaí gill a bhunú mar chuideachta faoi dhliteanas teoranta nó mar bhrainse (cuid de CPC 87909). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Níl cead ag cuideachta pacáistithe údaraithe ach seirbhísí a sholáthar a bhaineann le pacáistiú a thógáil ar ais agus a aisghabháil agus ní mór go mbeadh sí ina duine dlítheanach arna bhunú mar chuideachta comhstoic (CPC 88493, ISIC 37). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In NL: Chun seirbhísí sainmharcála a sholáthar, tá gá le láithreacht tráchtála san Ísiltír. Faoi láthair deonaítear tagarmharcáil míreanna miotail lómhair go heisiach do dhá mhonaplacht phoiblí Dhúitseach (cuid de CPC 893). |
Bearta:
|
CZ: Acht 477/2001 Coll. (An tAcht Pacáistithe) mír 16. |
|
SE: Acht na siopaí gill (1995:1000). |
|
NL: Waarborgwet 1986. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In PT: Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceangal chun seirbhísí gníomhaireachta bailithe agus seirbhísí tuairiscithe creidmheasa a sholáthar (CPC 87901, 87902). |
Bearta:
|
PT: Dlí 49/2004. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir Náisiúnta agus Trádáil Trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Tá seirbhísí ceant faoi réir ceadúnais. Chun ceadúnas a fháil (chun ceantanna poiblí deonacha a sholáthar), ní mór do chuideachta a bheith ionchorpraithe i bPoblacht na Seice agus tá duine nádúrtha de dhíth chun cead cónaithe a fháil, agus ní mór don chuideachta nó don duine nádúrtha a bheith cláraithe i gClár Tráchtála Phoblacht na Seice (cuid de CPC 612, cuid de 621, cuid de 625, cuid de 85990). |
Bearta:
|
CZ: Acht uimh.455/1991 Coll.; |
An tAcht um Cheadúnas Trádála; agus Acht uimh. 26/2000 Coll., maidir le ceantanna poiblí. I ndáil leis an Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In SE: Ní mór go ndeimhneofaí beirt an plean eacnamaíoch do chumann foirgníochta. Ní mór go mbeadh na daoine sin faofa go poiblí ag údaráis sa LEE (CPC 87909). |
Bearta:
|
SE: Dlí na gcumann foirgníochta comhoibritheach (1991:614). |
Forchoimeádas Uimh. 7 – Seirbhísí cumarsáide
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí cumarsáide - seirbhísí poist agus cúiréara |
Aicmiú tionscail: |
Cuid de CPC 71235, cuid de CPC 73210, cuid de 751 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
An tAontas: Féadfar eagrú suíomh do bhoscaí litreacha ar an mórbhealach poiblí, eisiúint stampaí poist agus soláthar na seirbhíse poist cláraithe a úsáidtear le linn nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin a shrianadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Féadfar córais cheadúnaithe a bhunú do na seirbhísí dá bhfuil oibleagáid seirbhíse uilechoitinne i bhfeidhm. Féadfar na ceadúnais sin a bheith faoi réir oibleagáidí seirbhíse uilechoitinne áirithe nó ranníocaíocht airgeadais le ciste cúitimh. |
Bearta:
|
AE: Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) |
Forchoimeádas Uimh. 8 – Seirbhísí Tógála
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí foirgníochta agus seirbhísí a bhaineann le hinnealtóireacht |
Aicmiú tionscail: |
CPC 51 |
Cineál forchoimeádais: |
Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
AE/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
In CY: Ceanglas náisiúntachta.
Beart:
|
Clárú agus Rialú Conraitheoirí Dlí Oibreacha Foirgníochta agus Teicniúla 2001 (29 (I) / 2001), Airteagail 15 agus 52. |
Forchoimeádas Uimh. 9 - Seirbhísí dáileacháin
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí dáileacháin – ginearálta, dáileadh tobac |
Aicmiú tionscail: |
CPC 3546, cuid de 621, 6222, 631, cuid de 632 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí dáileacháin (CPC 3546, 631, 632 seachas 63211, 63297, 62276, cuid de 621)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In PT: Tá scéim shonrach um údarú ann le haghaidh bunaíochtaí miondíola agus ionaid siopadóireachta áirithe a bhunú. Baineann sé sin le hionaid siopadóireachta ina bhfuil olllimistéar ar léas arb ionann é agus 8,000 m2 nó níos mó, agus le bunaíochtaí miondíola a bhfuil limistéar díolacháin acu arb ionann é agus 2,000 m2 nó níos mó, nuair atá siad lonnaithe lasmuigh d'ionaid siopadóireachta. Príomhchritéir: Rannchuidiú le hiliomad tairiscintí tráchtála; measúnú ar sheirbhísí do thomhaltóirí; cáilíocht na fostaíochta agus freagracht shóisialta chorparáideach; comhtháthú sa timpeallacht uirbeach; rannchuidiú le héicea-éifeachtúlacht (CPC 631, 632 seachas 63211, 63297). |
Bearta:
|
PT: Dlí-Foraithne Uimh. 10/2015, 16 Eanáir. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In CY: Tá ceanglas náisiúntachta ann do sheirbhísí dáileacháin arna soláthar ag ionadaithe cógaisíochta (CPC 62117). |
Bearta:
|
CY: Dlí 74(I) 2020 arna leasú. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí - Láithreacht áitiúil:
|
In LT: Tá dáileadh piriteicnice faoi réir ceadúnaithe. Ní fhéadfaidh ach daoine dlítheanacha de chuid an Aontais ceadúnas a fháil (CPC 3546). |
Bearta:
|
LT: Dlí ar Mhaoirseacht ar Dháileadh Sibhialta Piriteicnice (23 Márta 2004. Uimh. IX-2074). |
(b) (Dáileadh tobac (cuid de CPC 6222, 62228, cuid de 6310, 63108)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In ES: Tá monaplacht stáit ann ar mhórdhíol tobac. Tá bunaíocht faoi réir ceanglas maidir le náisiúntacht Bhallstáit. Ní fhéadfaidh ach daoine nádúrtha oibriú mar thobacadóir. Ní fhéadann gach tobacadóir níos mó ná aon cheadúnas amháin a fháil (CPC 63108). |
|
In FR: Monaplacht stáit ar mhórdhíol agus mhiondíol tobac. Ceanglas náisiúntachta maidir le tobacadóirí (buraliste) (cuid de CPC 6222, cuid de 6310). |
Bearta:
|
ES: Dlí 14/2013 an 27 Meán Fómhair 2014. |
|
FR: Code général des impôts. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
In AT: Ní fhéadfaidh ach daoine nádúrtha iarratas a dhéanamh ar údarú chun oibriú mar thobacadóir.
Tugtar tosaíocht do náisiúnaigh Bhallstát de chuid an LEE (CPC 63108).
Bearta:
|
AT: An tAcht um Mhonaplacht Tobac 1996, § 5 agus § 27. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In IT: Tá gá le ceadúnas chun tobac a dháileadh agus a dhíol. Deonaítear an ceadúnas trí nósanna imeachta poiblí. Tá deonú ceadúnas faoi réir tástála ar riachtanais eacnamaíocha. Príomhchritéir: an daonra agus dlús geografach na bpointí díola atá ann cheana (cuid de CPC 6222, cuid de 6310). |
Bearta:
|
IT: Foraithne Reachtach 184/2003;
|
Forchoimeádas Uimh. 10 - Seirbhísí oideachais
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí oideachais (arna maoiniú go príobháideach) |
Aicmiú tionscail: |
CPC 921, 922, 923, 924 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In CY: Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceangal d'úinéirí agus do scairshealbhóirí tromlaigh i scoil arna maoiniú go príobháideach. Féadfaidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe údarú a fháil ón Aire (Oideachais) i gcomhréir leis an bhfoirm agus leis na gcoinníollacha sonraithe. |
Bearta:
|
CY: Dlí na Scoileanna Príobháideacha 2019 (N. 147(I)/2019) |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Ní fhéadfaidh ach fiontair Bhulgáracha údaraithe seirbhísí bunoideachais agus meánoideachais arna maoiniú go príobháideach (tá láithreacht tráchtála ina cheangal). Ní fhéadfar naíscoileanna agus scoileanna Bulgáracha ina bhfuil rannpháirtíocht a bhunú nó a bhunathrú ach ar iarratas comhlachas, nó corparáidí, nó fiontar de chuid eintiteas nádúrtha nó dlíthiúil Bulgárach agus eachtrach, atá cláraithe g cuí sa Bhulgáir, ag cinneadh an Chomhairle Airí faoi rún ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta. Féadfar naíscoileanna agus scoileanna eachtracha a bhunú nó a bhunathrú ar iarratas eintiteas dlítheanach eachtrach i gcomhréir le comhaontuithe agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus de réir na bhforálacha thuas. Ní fhéadann institiúidí ardoideachais eachtracha fochuideachtaí a bhunú ar chríoch na Bulgáire. Féadfaidh institiúidí ardoideachais eachtracha dámha, ranna, institiúidí agus coláistí sa Bhulgáir a oscailt ach amháin laistigh de struchtúr ardscoileanna Bulgáracha agus i gcomhar leo (CPC 921, 922). |
Bearta:
BG: An tAcht um Oideachas Réamhscoile agus Scoile; agus
Dlí maidir le hArdoideachas, mír 4 de na forálacha breise.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta
|
In SI: Ní féidir ach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha Slóivéanacha bunscoileanna arna maoiniú go príobháideach a bhunú. Ní mór don soláthraí seirbhíse oifig chláraithe nó oifig brainse a bhunú (CPC 921). |
Bearta:
|
SI: An tAcht um Eagrú agus Maoiniú Oideachais (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 12/1996) agus na hathbhreithnithe air, Airteagal 40. |
Maidir le seirbhísí trasteorann – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ agus SK: Tá bunaíocht i mBallstát ina ceangal chun iarratas a dhéanamh ar chead stáit chun oibriú mar institiúid ardoideachais arna maoiniú go príobháideach. Ní bhaineann an forchoimeádas seo le seirbhísí oideachais theicniúil iar-dara leibhéal agus gairme (CPC 92310). |
Bearta:
|
CZ: Acht Uimh. 111/1998, Coll. (An tAcht um Ardoideachas), § 39; agus Acht Uimh. 561/2004 Coll. ar Oideachas Réamhscoile, Bunúsach, Dara leibhéal, Tríú leibhéal, Gairmiúil agus Eile (an tAcht Oideachais). |
|
SK: Dlí Uimh. 131/2002 ar Ollscoileanna. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí: Rochtain ar an margadh:
|
In ES agus IT: Tá údarú ina cheangal chun ollscoil arna maoiniú go príobháideach a oscailt a eisíonn dioplómaí nó céimeanna aitheanta. Tá tástáil riachtanas eacnamaíoch i bhfeidhm. Príomhchritéir:: an daonra agus dlús na mbunaíochtaí atá ann cheana. |
|
In ES: Tá comhairle na Parlaiminte a fháil i gceist leis an nós imeachta. |
|
In IT: Tá sé seo bunaithe ar chlár trí bliana agus ní fhéadfar ach daoine dlítheanacha Iodálacha a údarú chun dioplómaí atá aitheanta ag an stát a eisiúint (CPC 923). |
Bearta:
|
ES: Ley Orgánica 6/2001, de 21 de Diciembre, de Universidades (Dlí 6 / 2001 an 21 Nollaig, maidir le hOllscoileanna), Airteagal 4. |
|
IT: Foraithne Ríoga 1592/1933 (Dlí maidir le meánoideachas); Dlí 243/1991 (Ranníocaíocht phoiblí ócáideach le haghaidh ollscoileanna príobháideacha); Rún 20/2003 ó CNVSU (Comitato nazionale per la valutazione del sistema universitario); agus Foraithne Uachtarán na Poblachta (DPR) 25/1998. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In EL: Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceanglas ar úinéirí agus ar thromlach na gcomhaltaí den bhord stiúrthóirí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna arna maoiniú go príobháideach, agus ar mhúinteoirí in oideachas bunscoile agus meánscoile arna maoiniú go príobháideach (CPC 921, 922). Ní sholáthróidh ach institiúidí ar daoine dlítheanacha iad atá féinrialaithe go hiomlán sa dlí poiblí oideachas ag leibhéal ollscoile. Mar sin féin, le Dlí 3696/2008 ceadaítear do chónaitheoirí an Aontais (daoine nádúrtha nó dlítheanacha) institiúidí príobháideacha um oideachas tríú leibhéal a bhunú, institiúidí a bhronnann deimhnithe nach n-aithnítear iad a bheith coibhéiseach le céimeanna ollscoile (CPC 923). |
Bearta:
|
EL: Dlíthe 682/1977, 284/1968, 2545/1940, Foraithne ó Uachtarán 211/1994 arna leasú le Foraithne ó Uachtarán 394/1997, Bunreacht Hellas, Airteagal 16, mír 5 agus Dlí 3549/2007. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In AT: Tá údarú ón údarás inniúil ag teastáil, AQ na hOstaire (an Ghníomhaireacht um Dhearbhú Cáilíochta agus um Chreidiúnú na hOstaire), chun seirbhísí oideachais i réimse na n-eolaíochtaí feidhmeacha a sholáthar ar leibhéal ollscoile arna maoiniú go príobháideach. Maidir le hinfheisteoir atá ag iarraidh seirbhísí den sórt sin a sholáthar, ní mór go mbeadh soláthar na gclár sin mar phríomhghnó aige, agus ní mór dó measúnú riachtanas agus suirbhé margaidh a chur isteach chun go nglacfaí leis an gclár staidéir atá beartaithe. Nímór don Aireacht inniúil an formheas a dhiúltú mura gcomhlíonann an cinneadh ón údarás creidiúnúcháin leasanna oideachais náisiúnta. Tá údarú ón údarás inniúil ag teastáil don iarratasóir ar ollscoil phríobháideach (AQ na hOstaire -an Ghníomhaireacht um Dhearbhú Cáilíochta agus um Chreidiúnú na hOstaire). Féadfaidh an Aireacht inniúil diúltú don fhaomhadh mura gcloíonn cinneadh an údaráis chreidiúnaithe le leasanna oideachais náisiúnta (CPC 923). |
Bearta:
|
AT: An tAcht um Ollscoil Eolaíochtaí Feidhmeacha, BGBl. I Uimh. 340/1993 arna leasú, § 2, 8; An tAcht um Institiúid Ardoideachais Príobháidí, BGBl. I Nr. 74/2011, § 2; agus Gníomh ar Dhearbhú Cáilíochta in Ardoideachas, BGBl. Uimh. 74/2011 arna leasú, § 25 (3). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FR: Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceangal chun a bheith ag múineadh in institiúid oideachais arna maoiniú go príobháideach (CPC 921, 922, 923). Mar sin féin, féadfaidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe údarú a fháil ó na húdaráis inniúla ábhartha chun a bheith ag múineadh in institiúidí um oideachas bunscoile, meánscoile agus ardleibhéil. Féadfaidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe údarú a fháil freisin ó na húdaráis inniúla ábhartha chun institiúidí um oideachas bunscoile, meánscoile nó ardleibhéal a bhunú agus a oibriú nó a bhainistiú. Deonaítear údarú den sórt sin ar bhonn roghnach. |
Bearta:
|
FR: Code de l'éducation. |
Maidir le hInfheistíocht – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In MT: Ní mór do sholáthraithe seirbhíse atá ag iarraidh seirbhísí ardoideachais nó oideachais aosaigh arna maoiniú go príobháideach a sholáthar ceadúnas a fháil ón Aireacht Oideachais agus Fostaíochta. Féadfaidh an cinneadh faoi cibé acu ceadúnas a eisiúint bheith roghnach (CPC 923, 924). |
Bearta:
|
MT: Fógra Dlí 296 de 2012. |
Forchoimeádas Uimh. 11 - Seirbhísí comhshaoil
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí comhshaoil – próiseáil agus athchúrsáil ceallraí agus taisc-cheallraí úsáidte, seancharranna agus dramhaíola ó threalamh leictreach agus leictreonach; cosaint an aeir chomhthimpeallaigh agus seirbhísí glantacháin aeráide gás sceite |
Aicmiú tionscail: |
Cuid de CPC 9402 , 9404 |
Cineál forchoimeádais: |
Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
In SE: Níl ach eintitis arna mbunú sa tSualainn nó ag a bhfuil a bpríomhshuíochán sa tSualainn incháilithe do chreidiúnú chun seirbhísí rialaithe ar ghás sceithphíopa a chur ar fáil (CPC 9404).
In SK: Le haghaidh próiseáil agus athchúrsáil a dhéanamh ar cheallraí agus taisc-cheallraí caite, dramholaí, seanghluaisteáin agus dramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach, tá corprú i LEE ina cheangal (ceangal cónaitheachta) (cuid de CPC 9402).
Bearta:
|
SE: Acht na bhFeithiclí (2002:574). |
|
SK: Acht 79/2015 ar Dhramhaíl. |
Forchoimeádas Uimh. 12 – Seirbhísí airgeadais
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí airgeadais – árachas agus baincéireacht |
Aicmiú tionscail: |
Ní bhaineann le hábhar |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí árachais agus seirbhísí a bhaineann le hárachas
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí– Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In IT: Rochtain ar ghairm na hachtúireachta trí dhaoine nádúrtha amháin. Tá comhlachais ghairmiúla (gan corprú) i measc daoine nádúrtha ceadaithe. Tá náisiúntacht an Aontais Eorpaigh ina ceangal chun gairm na hachtúireachta a chleachtadh, ach amháin i gcás gairmithe eachtracha a bhféadfaí cead cleachtaidh a thabhairt dóibh bunaithe ar chómhalartacht. |
Bearta:
|
IT: Airteagal 29 de chód an árachais phríobháidigh (Foraithne reachtach uimh. 209 an 7 Meán Fómhair 2005); agus Dlí 194/1942, Airteagal 4, Dlí 4/1999 ar an gclár. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Is mar chuideachta chomhstoic atá ceadúnaithe i gcomhréir leis an gCód Árachais Shóisialta agus atá cláraithe faoin Acht um Thráchtáil nó faoi reachtaíocht Ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh (gan bhrainsí) a chuirfear árachas pinsin ar fáil. |
|
In BG, ES, PL agus PT: Níl brainsiú díreach ceadaithe le haghaidh idirghabháil árachais, rud atá forchoimeádta do chuideachtaí a bunaíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit (tá corprú áitiúil ina cheangal). Maidir le PL, an ceanglas cónaí ar idirghabhálaithe árachais |
Bearta:
|
BG: Cód Árachais, airteagail 12, 56-63, 65, 66 agus 80 mír 4, Cód Árachais Shóisialta, Airteagail 120 a-162, Airteagail 209–253, Airteagail 260–310. |
|
ES: Reglamento de Ordenación, Supervisión y Solvencia de Entidades Aseguradoras y Reaseguradoras (RD 1060/2015, de 20 de noviembre de 2015), airteagal 36. |
|
PL: An tAcht um ghníomhaíocht árachais agus athárachais an 11 Meán Fómhair, 2015 (Iris Dlíthe 2020, mír 895 agus 1180); an tAcht maidir le dáileadh árachais Nollaig 15, 2017 (Iris Dlíthe 2019, mír 1881); Acht maidir le heagrú agus oibriú cistí pinsean de Lúnasa 28, 1997 (Iris Dlíthe 2020, mír 105); Acht an 6 Márta 2018 maidir le rialacha i dtaca le gníomhaíocht eacnamaíoch fiontraithe eachtracha agus daoine eachtracha eile i gcríoch Phoblacht na Polainne. |
|
PT: Airteagal 7 de Dhlí Foraithne 94-B/98 arna chúlghairtear le Foraithne Dhlí 2/2009, an 5 Eanáir; agus Caibidil I, Roinn VI de Dhlí Foraithne 94-B/98, airteagail 34, uimh. 6, 7, agus airteagal 7 de Dhlí Foraithne 144/2006, arna chúlghairm le Dlí 7/2019, an 16 Eanáir. Airteagal 8 den chóras dlí lena rialaítear gnó dáilte árachais agus athárachais, arna fhormheas le Dlí 7/2019, an 16 Eanáir. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta:
|
In AT: Ní mór go gcuimseodh bainisteoirí oifige brainse ar a laghad beirt nádúrtha ar a bhfuil cónaí san Ostair. |
|
In BG: Ceanglas cónaitheachta ar chomhaltaí chomhlacht bainistíochta agus maoirseachta de ghnóthais (ath)árachais agus do gach duine atá údaraithe chun bainistíocht nó ionadaíocht a dhéanamh ar an ngnóthas (ath)árachais. |
Ní mór do Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, Cathaoirleach an Bhord Stiúrthóirí, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Gníomhaire Bainistíochta chuideachtaí árachais pinsin seoladh buan nó cead cónaithe marthanach a bheith acu sa Bhulgáir.
Bearta:
|
AT: An tAcht um Maoirseacht Árachais 2016, Airteagal 14 mír 1 uimh. 3, Iris Dlí Chónaidhme I Uimh. 34/2015 (Versicherungsaufsichtsgesetz 2016, § 14 Abs. 1 Z 3, BGBl. I Uimh. 34/2015) |
|
BG: Cód Árachais, airteagail 12, 56-63, 65, 66 agus 80 mír 4, Cód Árachais Shóisialta, Airteagail 120 a-162, Airteagail 209–253, Airteagail 260–310 |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Sula mbunaítear brainse nó gníomhaireacht chun árachas a sholáthar, ní mór go mbeadh árachóir eachtrach údaraithe chun oibriú ina thír thionscnaimh sna haicmí árachais céanna leis na haicmí árachais ar mian leis a sholáthar i BG. |
Maidir le hioncam chistí forlíontacha na bpinsean deonach, chomh maith le hioncam cosúil leis atá ceangailte go díreach le hárachas pinsin deonach arna chur ar fáil ag daoine atá cláraithe faoi reachtaíocht Bhallstáit den Aontas agus a fhéadfaidh, i gcomhréir leis an reachtaíocht lena mbaineann, oibríochtaí árachais pinsin dheonaigh a dhéanamh, ní bheidh an t-ioncam sin incháinithe de réir an nós imeachta a bunaíodh leis an Acht um Cháin Ioncaim Chorparáideach.
In ES: Sula mbunaítear brainse nó gníomhaireacht sa Spáinn chun aicmí áirithe árachais a sholáthar, ní mór go mbeadh árachóir eachtrach údaraithe chun oibriú sna haicmí céanna árachais ina dtír tionscnaimh ar feadh cúig bliana ar a laghad.
In PT: D'fhonn brainse nó gníomhaireacht a bhunú, ní mór do ghnóthais árachais eachtracha a bheith údaraithe chun gnó árachais nó athárachais a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha ar feadh 5 bliana ar a laghad.
Bearta:
|
BG: Cód Árachais, airteagail 12, 56-63, 65, 66 agus 80 mír 4, Cód Árachais Shóisialta, Airteagail 120 a-162, Airteagail 209–253, Airteagail 260–310. |
|
ES: Reglamento de Ordenación, Supervisión y Solvencia de Entidades Aseguradoras y Reaseguradoras (RD 1060/2015, de 20 de noviembre de 2015), airteagal 36. |
|
PT: Airteagal 7 de Dhlí-Foraithne 94-B/98 agus caibidil I, Roinn VI de Dhlí-Foraithne 94-B/98, airteagail 34, uimh. 6, 7, agus airteagal 7 de Dhlí Foraithne 144/2006; Airteagal 215 den chóras dlí lena rialaítear dul i mbun agus saothrú ghnó an árachais agus an athárachais, arna fhormheas le Dlí 147/2005, an 9 Meán Fómhair. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In AT: Chun ceadúnas a fháil le hoifig brainse a oscailt, ní mór go mbeadh foirm dhlíthiúil ag árachóirí eachtracha a chomhfhreagraíonn do nó atá inchomparáide le cuideachta comhstoic nó comhlachas árachais fhrithpháirtigh ina dtír dhúchais. |
|
In EL: Féadfaidh gnóthais árachais agus athárachais a bhfuil a gceannoifigí i dtríú tíortha oibriú sa Ghréig trí fhochuideachta nó brainse a bhunú, i gcás nach bhfuil aon fhoirm dhlíthiúil shonrach ag brainse sa chás seo, toisc go bhfuil láithreacht bhuan i gcríoch Ballstáit (ie. an Ghréig) ag gnóthas a bhfuil ceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach, a fhaigheann údarú sa Bhallstát sin (an Ghréig) agus a shaothraíonn gnó árachais. |
Bearta:
|
AT: An tAcht um Maoirseacht Árachais 2016, Airteagal 14 mír 1 uimh. 1, Iris Dlí Chónaidhme I Uimh. 34/2015 (Versicherungsaufsichtsgesetz 2016, § 14 Abs.1 Z 1, BGBl. I Uimh. 34/2015). |
|
EL: Airteagal 130 de Dhlí 4364/ 2016 (Iris Gov. 13/ A/ 05.02.2016). |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, láithreacht áitiúil:
|
In AT: Tá cosc ar ghníomhaíocht fógraíochta agus idirghabháil thar ceann fochuideachta nach bhfuil bunaithe san Aontas ná thar ceann brainse nach bhfuil bunaithe san Ostair (seachas le haghaidh athárachais agus aisghéillte). |
|
In DK: Cé is moite de chuideachtaí árachais atá ceadúnaithe faoi dhlí na Danmhairge nó faoi údaráis inniúla na Danmhairge, ní fhéadfaidh aon daoine ná aon cuideachta (cuideachtaí árachais san áireamh), chun críocha gnó, páirt a ghlacadh chun árachas díreach a shocrú do dhaoine atá ina gcónaí sa Danmhairg, ar mhaithe le longa Danmhargacha nó réadmhaoin sa Danmhairg. |
|
In SE: Níl soláthar árachais dhírigh ó árachóir eachtrach ceadaithe ach trí idirghabháil sholáthraí seirbhíse árachais atá údaraithe sa tSualainn, ar choinníoll go mbaineann an t-árachóir eachtrach agus an chuideachta árachais Shualannach leis an ngrúpa céanna cuideachtaí nó go bhfuil comhaontú comhair i bhfeidhm eatarthu. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DE, HU agus LT: Tá bunú agus údarú brainse ag teastáil chun seirbhísí árachais dhírigh a sholáthar ag cuideachtaí árachais nach bhfuil corpraithe san Aontas Eorpach. |
|
In SE: Tá bunú láithreacht tráchtála ag teastáil chun seirbhísí idirghabhála árachais a bheith á soláthar ag gnóthais nach bhfuil corpraithe san LEE (ceanglas láithreachta áitiúla). |
|
In SK: Ní fhéadfaidh ach cuideachtaí árachais atá bunaithe san Aontas nó oifig brainse de chuid cuideachtaí árachais nach bhfuil bunaithe san Aontas agus atá údaraithe i bPoblacht na Slóvaice árachas aeriompair agus muirí, lena gcumhdaítear an t-aerárthach/an soitheach agus an fhreagracht, a fhrithghealladh. |
Bearta
|
AT: An tAcht um Maoirseacht Árachais 2016, Airteagal 13 míreanna 1 agus. 2, Iris Dlí Chónaidhme I Uimh. 34/2015 (Versicherungsaufsichtsgesetz 2016, § 13 Abs. 1 und 2, BGBl. I Uimh. 34/2015) |
|
DE: Versicherungsaufsichtsgesetz (VAG) for all insurance services; in connection with Luftverkehrs-Zulassungs-Ordnung (LuftVZO) le haghaidh árachais dliteanais éigeantaigh amháin |
|
DK: Lov om finansiel virksomhed jf. lovbekendtgørelse 182 af 18. februar 2015. |
|
HU: Acht LX de 2003. |
|
LT: Dlí ar Árachas, an 18 Meán Fómhair, 2003 m. Nr. IX-1737 an leasú deireanach 13 Meitheamh 2019 Nr. XIII-2232. |
|
SE: Lag om försäkringsförmedling (Insurance Distribution Mediation Act) (Caibidil 3, alt 3, 2018:12192005:405); agus Árachóirí Eachtracha Gnó sa tSualainn Acht (Caibidil 4, alt 1 agus 10, 1998:293). |
|
SK: An tAcht 39/2015 um árachas. |
(b) Seirbhísí baincéireachta agus seirbhísí airgeadais eile
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, agus Trádáil Trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Tá institiúidí airgeadais neamhbhainc faoi réir córais chlárúcháin le Banc Náisiúnta na Bulgáire chun gníomhaíochtaí iasachtaithe a shaothrú le cistí nach dtiomsaítear trí thaiscí nó trí chistí inaisíoctha eile a ghlacadh, sealúchais a fháil in institiúid chreidmheasa nó in institiúid airgeadais eile, léasú airgeadais, idirbhearta a ráthú, éileamh ar iasachtaí agus cineálacha eile maoinithe a fháil (fachtóireacht, forfáidiú, etc.). Beidh príomhghnó na hinstitiúide airgeadais ar chríoch na Bulgáire. |
|
In BG: Féadfaidh bainc nach bainc de chuid LEE iad gníomhaíocht baincéireachta sa Bhulgáir a shaothrú tar éis dóibh ceadúnas a fháil ó BNB chun dul i mbun gníomhaíochtaí gnó agus iad a shaothrú i bPoblacht na Bulgáire trí bhrainse. |
|
In IT: Chun bheith údaraithe chun an córas um shocrú urrús a oibriú nó na seirbhísí lárnacha um thaiscí urrúis a sholáthar le bunaíocht san Iodáil, ceanglaítear ar chuideachta a bheith corpraithe san Iodáil (gan bhrainsí). |
I gcás scéimeanna comhinfheistíochta seachas gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (‘UCITS’) arna gcomhchuibhiú faoi reachtaíocht an Aontais, tá sé ina cheangal go mbeadh an t-iontaobhaí nó an taisceánach bunaithe san Iodáil nó i mBallstát eile den Aontas agus brainse a bheith acu san Iodáil.
Tá sé ina cheangal freisin go mbeadh fiontair bhainistíochta le haghaidh cistí infheistíochta nach bhfuil comhchuibhithe faoi reachtaíocht an Aontais corpraithe san Iodáil (gan bhrainsí).
Ní fhéadfaidh ach bainc, fiontair árachais, fiontair infheistíochta agus gnóthais a dhéanann bainistíocht ar UCITS arna gcomhchuibhiú faoi reachtaíocht an Aontais agus a bhfuil a gceannoifig dhlíthiúil san Aontas, chomh maith le UCITS corpraithe san Iodáil, bainistíocht a dhéanamh ar acmhainn ciste pinsin.
Agus díol ó dhoras go doras á sholáthar acu, ní mór d'idirghabhálaithe úsáid a bhaint as díoltóirí airgeadais údaraithe a bhfuil cónaí orthu ar chríoch Ballstáit den Aontas.
Ní féidir le hoifigí ionadaíochta idirghabhálaithe nach idirghabhálaithe den Aontas Eorpach iad gníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar sheirbhísí infheistíochta a sholáthar, lena n-áirítear trádáil dá gcuntas féin agus do chuntas na gcustaiméirí, socrú agus frithghealladh ionstraimí airgeadais (brainse ina cheangal).
In PT: I gcás bainistíochta cistí pinsin, ní fhéadfar í a sholáthar ach amháin trí chuideachtaí speisialaithe atá corpraithe sa Phortaingéil don chuspóir sin agus trí chuideachtaí árachais atá bunaithe sa Phortaingéil agus údaraithe chun dul i mbun gnó árachais saoil, nó trí eintitis atá údaraithe chun bainistíocht cistí pinsin a sholáthar i mBallstáit eile. Níl brainsí díreacha ó thíortha nach Ballstáit an Aontais Eorpaigh iad ceadaithe.
Bearta:
|
BG: Dlí ar Institiúidí Creidmheasa, airteagal 2, mír 5, airteagal 3a agus airteagal 17 An Cód Árachais Shóisialaigh, Airteagail 121, 121b, 121f; agus Dlí Airgeadra, airteagal 3. |
|
IT: Foraithne Reachtach 58/1998, airteagail 1,19, 28, 30-33, 38, 69 agus 80; Comhrialachán Bhanc na hIodáile agus Consob 22.2.1998, airteagail 3 agus 41; Rialachán Bhanc na hIodáile 25.1.2005; Teideal V Chaibidil VII Roinn II Rialachán Consob 16190 de 29.10.2007, Airteagail 17-21, 78-81, 91-111; agus faoi réir:
|
|
PT: Dlí-Foraithne 12/2006, arna leasú le Dlí-Foraithne 180/2007 Dlí-Foraithne 357-A/2007, Rialachán 7/2007-R, arna leasú le Rialachán 2/2008-R, Rialachán 19/2008-R, Rialachán 8/2009. Airteagal 3 den chóras dlí lena rialaítear bunú agus feidhmiú cistí pinsean agus a n-eintitis bhainistíochta arna bhformheas le Dlí 27/2020, an 23 Iúil. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta:
|
In HU: Ní fhéadfaidh brainsí de chuideachtaí neamh-LEE um bainistíocht cistí infheistíochta gabháil do bhainistíocht chistí infheistíochta Eorpacha agus ní fhéadfaidh siad seirbhísí bainistíochta sócmhainne a sholáthar do chistí pinsin príobháideacha. |
Bearta:
|
HU: Acht CCXXXVII de 2013 ar Institiúidí Creidmheasa agus Fhiontair Airgeadais; agus Acht CXX de 2001 maidir leis an Margadh Caipitil. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir Náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh:
|
In BG: Déanfaidh ar a laghad beirt an banc a bhainistiú agus a ionadú go comhpháirteach. Beidh na daoine a dhéanann bainistiú agus ionadaíocht ar an mbanc i láthair go pearsanta ag a sheoladh bainistíochta. Ní fhéadfaidh daoine dlítheanacha a bheith ina gcomhaltaí tofa ar an mbord bainistíochta ná ar bhord stiúrthóirí bainc. |
|
In SE: Beidh bunaitheoir bainc taisce ina dhuine nádúrtha. |
Bearta:
|
BG: Dlí ar Institiúidí Creidmheasa, airteagal 10; Cód Árachais Shóisialta, Airteagal 121e; agus Dlí Airgeadra, airteagal 3. |
|
SE: Sparbankslagen (Acht na mBanc Taisce) (1987:619), Caibidil 2, § 1. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta:
|
In HU: Ní mór go mbeadh beirt chomhalta ar a laghad ar bhord stiúrthóirí institiúide creidmheasa atá aitheanta mar chónaitheach i gcomhréir le rialacháin ar mhalairt eachtrach agus ar a raibh buanchónaí san Ungáir roimhe sin ar feadh bliana amháin ar a laghad. |
Bearta:
|
HU: Acht CCXXXVII de 2013 maidir le hInstitiúidí Creidmheasa agus Fiontair Airgeadais; agus Acht CXX de 2001 maidir leis an Margadh Caipitil. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In RO: Is daoine dlítheanacha arna mbunú mar chuideachtaí comhstoic iad oibreoirí margaidh i gcomhréir le forálacha an Dlí Cuideachta. Is féidir le hoibreoir córais arna chur ar bun faoi na coinníollacha a bhfuil cur síos déanta orthu thuas nó gnólacht infheistíochta atá údaraithe ag ASF (Autoritatea de Supraveghere Financiară – Údarás Maoirseachta Airgeadais) córais trádála mhalartacha (Saoráid trádála iltaobhach (MTF) de bhun Treoir MiFID II) a bhainistiú. |
|
In SI: Féadfar scéim pinsin a sholáthar trí chiste frithpháirteach pinsin (nach eintiteas dlítheanach é agus mar sin a dhéantar a bhainistiú ag cuideachta árachais, banc nó cuideachta pinsin), cuideachta pinsin nó cuideachta árachais. Ina theannta sin, is féidir le soláthraithe scéime pinsin scéim pinsin a sholáthar a bhunaítear i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. |
Bearta:
|
RO: Dlí uimh. 126 an 11 Meitheamh 2018 maidir le hionstraimí airgeadais agus Rialachán uimh. 1/2017 le haghaidh leasú agus fhorlíonadh Rialachán uimh. 2/2006 maidir le margaí rialáilte agus córais trádála mhalartacha, arna bhformheas ag Ordú NSC uimh. 15/2006 - ASF – Autoritatea de Supraveghere Financiară – Údarás Maoirseachta Airgeadais. |
|
SI: An tAcht um Árachas Pinsean agus Míchumais (Iris Oifigiúil uimh. 102/2015 (arna leasú go deireanach le Uimh. 28/19). |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In HU: Is trí bhrainse san Ungáir amháin a fhéadfaidh cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid LEE iad seirbhísí airgeadais a sholáthar nó gabháil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí airgeadais. |
Bearta:
|
HU: Acht CCXXXVII de 2013 maidir le hInstitiúidí Creidmheasa agus Fiontair Airgeadais; agus Acht CXX de 2001 maidir leis an Margadh Caipitil. |
Forchoimeádas Uimh. 13 - Seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta |
Aicmiú tionscail: |
CPC 931, 933 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In DE: (tá feidhm ag an méid seo maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais freisin): Eagraítear agus rialáiltear seirbhísí tarrthála agus "seirbhísí otharchairr cáilithe" ag an Länder. Déanann an chuid is mó d'inniúlachtaí ionadaithe Länder a tharmligean i réimse na seirbhísí tarrthála do na bardais. Ceadaítear do bhardais tosaíocht a thabhairt d'oibreoirí neamhbhrabúis. Tá feidhm chomhionann aige sin maidir le soláthraithe seirbhíse eachtracha chomh maith le soláthraithe seirbhíse intíre (CPC 931, 933). Tá seirbhísí otharchairr faoi réir pleanála, ceada agus creidiúnaithe. I dtaca leis an teilileigheas, féadtar líon na soláthraithe seirbhíse TFC (teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide) a theorannú chun idirinoibritheacht, comhoiriúnacht agus caighdeáin sábháilteachta riachtanacha a ráthú. Cuirtear é sin i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. |
|
In HR: D'fhéadfadh go mbeadh bunú roinnt saoráidí cúraim shóisialta arna maoiniú go príobháideach faoi réir teorainneacha bunaithe ar riachtanais i limistéir gheografacha áirithe (CPC 9311, 93192, 93193, 933). |
|
In SI: coimeádtar monaplacht stáit do na seirbhísí seo a leanas: Soláthar fola, ullmhúcháin fola, baint agus caomhnú orgán daonna um aistriú, seirbhísí soch-mhíochaine, sláinteachais, eipidéimeolaíocha agus seirbhísí éiceolaíochta-sláinte, seirbhísí pata-anatamaíocha, agus giniúint le cúnamh bithleighis (CPC 931). |
Bearta:
|
DE: Bundesärzteordnung (BÄO; an Rialachán Leighis Feidearálach):
|
Personenbeförderungsgesetz (PBefG; an tAcht um Iompar Poiblí).
Leibhéal réigiúnach:
|
Gesetz über den Rettungsdienst (Rettungsdienstgesetz - RDG) in Baden-Württemberg; |
|
Bayerisches Rettungsdienstgesetz (BayRDG); |
|
Gesetz über den Rettungsdienst für das Land Berlin (Rettungsdienstgesetz); |
|
Gesetz über den Rettungsdienst im Land Brandenburg (BbgRettG); |
|
Bremisches Hilfeleistungsgesetz (BremHilfeG); |
|
Hamburgisches Rettungsdienstgesetz (HmbRDG); |
|
Gesetz über den Rettungsdienst für das Land Mecklenburg-Vorpommern (RDGM-V); |
|
Niedersächsisches Rettungsdienstgesetz (NRettDG); |
|
Gesetz über den Rettungsdienst sowie die Notfallrettung und den Krankentransport durch |
|
Unternehmer (RettG NRW); |
|
Landesgesetz über den Rettungsdienst sowie den Notfall- und Krankentransport (RettDG); |
|
Saarländisches Rettungsdienstgesetz (SRettG); |
|
Sächsisches Gesetz über den Brandschutz, Rettungsdienst und Katastrophenschutz (SächsBRKG); |
|
Rettungsdienstgesetz des Landes Sachsen-Anhalt (RettDG LSA); |
|
Schleswig-Holsteinisches Rettungsdienstgesetz (SHRDG); |
|
Thüringer Rettungsdienstgesetz (ThüRettG). |
Landespflegegesetze:
|
Gesetz zur Umsetzung der Pflegeversicherung in Baden-Württemberg (Landespflegegesetz - |
|
LPflG); |
|
Gesetz zur Ausführung der Sozialgesetze (AGSG); |
|
Gesetz zur Planung und Finanzierung von Pflegeeinrichtungen (Landespflegeeinrichtungsgesetz- |
|
LPflegEG); |
|
Gesetz über die pflegerische Versorgung im Land Brandenburg (Landespflegegesetz - LPflegeG); |
|
Gesetz zur Ausführung des Pflege-Versicherungsgesetzes im Lande Bremen und zur Änderung des Bremischen Ausführungsgesetzes zum Bundessozialhilfegesetz (BremAGPflegeVG); |
|
Hamburgisches Landespflegegesetz (HmbLPG); |
|
Hessisches Ausführungsgesetz zum Pflege-Versicherungsgesetz; |
|
Landespflegegesetz (LPflegeG M-V); |
|
Gesetz zur Planung und Förderung von Pflegeeinrichtungen nach dem Elften Buch |
|
Sozialgesetzbuch (Niedersächsisches Pflegegesetz - NPflegeG); |
|
Gesetz zur Weiterentwicklung des Landespflegerechts und Sicherung einer unterstützenden Infrastruktur für ältere Menschen, pflegebedürftige Menschen und deren Angehörige (Alten- und Pflegegesetz Nordrhein-Westfalen – APG NRW); |
|
Landesgesetz zur Sicherstellung und Weiterentwicklung der pflegerischen Angebotsstruktur |
|
(LPflegeASG) (Rheinland-Pfalz); |
|
Gesetz Nr. 1694 zur Planung und Förderung von Angeboten für hilfe-, betreuungs- oder pflegebedürftige Menschen im Saarland (Saarländisches Pflegegesetz); |
|
Sächsisches Pflegegesetz (SächsPflegeG); |
|
Schleswig-Holstein: Ausführungsgesetz zum Pflege-Versicherungsgesetz (Landespflegegesetz - LPflegeG); |
|
Thüringer Gesetz zur Ausführung des Pflege-Versicherungsgesetzes (ThürAGPflegeVG). |
|
Landeskrankenhausgesetz Baden-Württemberg; |
|
Bayerisches Krankenhausgesetz (BayKrG); |
|
Berliner Gesetz zur Neuregelung des Krankenhausrechts; |
|
Krankenhausentwicklungsgesetz Brandenburg (BbgKHEG); |
|
Bremisches Krankenhausgesetz (BrmKrHG); |
|
Hamburgisches Krankenhausgesetz (HmbKHG); |
|
Hessisches Krankenhausgesetz 2011 (HKHG 2011); |
|
Krankenhausgesetz für das Land Mecklenburg-Vorpommern (LKHG M-V); |
|
Niedersächsisches Krankenhausgesetz (NKHG); |
|
Krankenhausgestaltungsgesetz des Landes Nordrhein-Westfalen (KHGG NRW); |
|
Landeskrankenhausgesetz Rheinland-Pfalz (LKG Rh-Pf); |
|
Saarländisches Krankenhausgesetz (SKHG); |
|
Gesetz zur Neuordnung des Krankenhauswesens (Sächsisches Krankenhausgesetz - SächsKHG); |
|
Krankenhausgesetz Sachsen-Anhalt (KHG LSA); |
|
Gesetz zur Ausführung des Krankenhausfinanzierungsgesetzes (AG-KHG) in Schleswig-Holstein; |
|
Thüringisches Krankenhausgesetz (Thür KHG). |
HR: An tAcht um Chúram Sláinte (OG 150/08, 71/10, 139/10, 22/11, 84/11, 12/12, 70/12, 144/12).
SI: Dlí na Seirbhísí Sláinte, Iris Oifigiúil an RS, Uimh. 23/2005, Airteagail 1, 3 agus 62-64; Cóir agus Nósanna Imeachta Torthúlachta an Achta um Réiteach Bithmhíochaine, Iris Oifigiúil an RS, Uimh. 70/00, Airteagail 15 agus 16; agus An tAcht um Sholáthar Fola (ZPKrv-1), Iris Oifigiúil an RS, uimh. 104/06, Airteagail 5 agus 8.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FR: Le haghaidh seirbhísí ospidéil agus otharchairr, saoráidí sláinte cónaithe (seachas seirbhísí ospidéil) agus seirbhísí sóisialta, tá údarú riachtanach chun feidhmeanna bainistíochta a chleachtadh. Tógtar san áireamh sa phróiseas údaraithe fáil bainisteoirí áitiúla. Is féidir le cuideachtaí a bheith i bhfoirmeacha dlí ar bith, seachas iad siúd atá forchoimeádta do ghairmeacha liobrálacha. |
Bearta:
|
FR: Loi 90-1258 relative à l'exercice sous forme de société des professions libérales, Loi n°2011-940 du 10 août 2011 modifiant certaines dipositions de la loi n°2009-879 dite HPST, Loi n°47-1775 portant statut de la coopération; agus Code de la santé publique. |
Forchoimeádas Uimh. 14 - Seirbhísí a bhaineann le turasóireacht agus taisteal
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí turasóireachta agus taistil – óstáin, bialanna agus lónadóireacht; seirbhísí gníomhaireachtaí taistil agus tionscnóirí turas (bainisteoirí turas san áireamh); seirbhísí treoraithe turasóireachta |
Aicmiú tionscail: |
CPC 641, 642, 643, 7471, 7472 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, Bainistíocht Shinsearach agus Boird Stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta:
|
In BG: Is ceanglas é corprú (gan bhrainsí). Féadfaidh duine atá bunaithe in LEE seirbhísí turais nó gníomhaireachta taistil a sholáthar más rud é, tar éis a bhunaithe i gcríoch na Bulgáire, go gcuireann an duine sin cóip de dhoiciméad ar fáil ina ndeimhnítear a cheart chun an ghníomhaíocht sin a chleachtadh mar aon le deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint ag institiúid chreidmheasa nó árachóir ina bhfuil sonraí gurb ann d'árachas a chumhdaíonn dliteanas an duine sin as dochar a d'fhéadfadh tarlú de dheasca neamhchomhlíonadh inmhilleáin dualgas gairmiúil. Ní fhéadfaidh an líon bainisteoirí eachtracha an líon bainisteoirí ar náisiúnaigh Bhulgáracha iad a shárú, i gcásanna ina sáraíonn sciar an phobail (sciar stáit nó bardasach) i gcaipiteal cothromais cuideachta Bulgáraí 50 faoin gcéad. Ceanglas náisiúntachta LEE do threoraithe turasóireachta (CPC 641, 642, 643, 7471, 7472). |
Bearta:
|
BG: An Dlí um Thurasóireacht, Airteagail 61, 113 agus 146. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, láithreacht áitiúil:
|
In CY: Deonófar ceadúnas chun cuideachta nó gníomhaireacht turasóireachta agus taistil a bhunú agus a oibriú, chomh maith le hathnuachan ceadúnais oibríochta de chuid cuideachta nó gníomhaireachta atá ann cheana, ach amháin do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadfaidh aon chuideachta neamhchónaitheach ach amháin iad siúd atá bunaithe i mBallstát eile den Aontas, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi Airteagal 3 den Dlí thuasluaite a sholáthar i bPoblacht na Cipire, ar bhonn eagraithe nó buan, ach amháin má tá cuideachta chónaitheach ina hionadaí orthu. Tá náisiúntacht Bhallstáit (CPC 7471, 7472) ina ceangal chun seirbhísí treoraithe turais agus gníomhaireachtaí taistil agus seirbhísí oibreoirí turas a sholáthar. |
Bearta:
|
CY: An Dlí ar Oifigí Turasóireachta agus Taistil agus ar Threoraithe Turais 1995 (Dlí 41(I)/1995) arna leasú). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair:
|
In EL: Ní mór do náisiúnaigh tríú tíortha dioplóma a fháil ó Scoileanna Treoraithe Turasóireachta Aireacht Turasóireachta na Gréige, chun a bheith i dteideal an ceart a bheith acu an ghairm a chleachtadh. Mar eisceacht, féadfaidh an ceart chun an ghairm a chleachtadh a thabhairt go sealadach (suas le bliain amháin) do náisiúnaigh tríú tíortha faoi choinníollacha áirithe atá sainithe go sainráite, de mhaolú ar na forálacha thuasluaite, i gcás nach bhfuil treoraí turasóireachta ar fáil do theanga ar leith. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In ES (le haghaidh ES tá feidhm aige freisin maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): Tá náisiúntacht Bhallstáit ina ceangal chun seirbhísí treoraithe turais a sholáthar (CPC 7472). |
|
In HR: Tá náisiúntacht LEE nó na hEilvéise ina ceangal i gcomhair seirbhísí fáilteachais agus lónadóireachta i dteaghlaigh agus in áiteanna cónaithe tuaithe (CPC 641, 642, 643, 7471, 7472). |
Bearta:
|
EL: Foraithne ó Uachtarán 38/2010, Cinneadh Aireachta 165261/IA/2010 (Iris Gov. 2157/B), Airteagal 50 den dlí 4403/2016, Airteagal 47 den dlí 4582/2018 (Iris Gov. 208/A). |
|
ES: Andalucía: Decreto 8/2015, de 20 de enero, Regulador de guías de turismo de Andalucía;
Principado de Asturias: Decreto 59/2007, de 24 de mayo, por el que se aprueba el Reglamento regulador de la profesión de Guía de Turismo en el Principado de Asturias; agus Región de Murcia: Decreto n.o 37/2011, de 8 de abril, por el que se modifican diversos decretos en materia de turismo para su adaptación a la ley 11/1997, de 12 de diciembre, de turismo de la Región de Murcia tras su modificación por la ley 12/2009, de 11 de diciembre, por la que se modifican diversas leyes para su adaptación a la directiva 2006/123/CE, del Parlamento Europeo y del Consejo de 12 de diciembre de 2006, relativa a los servicios en el mercado interior. |
|
HR: An tAcht um Thionscal Fáilteachais agus Lónadóireachta (OG 85/15, 121/16, 99/18, 25/19, 98/19, 32/20 and 42/20 ); agus an tAcht um Sholáthar Seirbhísí Turasóireachta (OG Uimh. 130/17, 25/19, 98/19 and 42/20). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta:
|
In HU: Tá soláthar seirbhísí gníomhairí taistil agus tionscnóirí turais, agus seirbhísí treoraithe turais ar bhonn trasteorann faoi réir ceadúnais arna eisiúint ag Oifig Ceadúnaithe Trádála na hUngáire. Tá ceadúnais forchoimeádta do náisiúnaigh LEE agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a suíomhanna in LEE (CPC 7471, 7472). |
|
In BE (tá feidhm aige freisin maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): is gá do threoraithe turais ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ceadúnas sonrach a fháil ón réigiún chun gníomhú mar threoraí turais gairmiúil. Is féidir le treoraithe turais as Ballstáit eile a bheith ag obair go neamhshrianta gan an gceadúnas sin a bheith ina cheanglas orthu. Deonaítear an ceadúnas do threoraithe turais a léiríonn inniúlacht agus eolas sásúil (CPC 7472). |
Bearta:
|
HU: Acht CLXIV de 2005 ar Thrádáil, Foraithne Rialtais Uimh. 213/1996 (XII.23.) ar Ghníomhaíochtaí Eagraíochtaí agus Ghníomhaireachtaí Taistil. |
|
IT: Dlí 135/2001 Airteagail 7.5 agus 6; agus Dlí 40/2007 (DL 7/2007). |
Forchoimeádas Uimh. 15 - Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí áineasa, cultúrtha agus spóirt |
Aicmiú tionscail: |
CPC 962, cuid de 96419 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Seirbhísí eile spóirt (CPC 96419)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In AT (tá feidhm aige maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): Tá oibriú scoileanna sciála agus seirbhísí treoraí sléibhe rialaithe ag dlíthe an ‘Bundesländer’. D’fhéadfadh go mbeadh náisiúntacht Bhallstáit de LEE ina ceangal chun na seirbhísí sin a sholáthar. D’fhéadfadh go mbeadh ceangal ar fhiontair stiúrthóir bainistíochta a cheapadh ar náisiúnach é de chuid Ballstát de LEE. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In CY: Ceanglas náisiúntachta maidir le scoil rince a bhunú agus riachtanas náisiúntachta do theagascóirí fisiceacha. |
Bearta:
|
AT: Kärntner Schischulgesetz, LGBL. Uimh. 53/97;
|
|
CY: Dlí 65(I)/1997 arna leasú; agus Dlí 17(I)/1995 arna leasú. |
Forchoimeádas Uimh. 16 - Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí iompair – iascaireacht agus iompar ar uisce – aon ghníomhaíocht tráchtála eile a dhéantar ó long; iompar ar uisce agus seirbhísí cúnta d'iompar ar uisce; iompar d'iarnród agus seirbhísí cúnta d'iompar d'iarnród; iompar de bhóthar agus seirbhísí cúnta d'iompar de bhóthar; seirbhísí cúnta do sheirbhísí aeriompair |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502; CPC 5133, 5223, 711, 712, 721, 741, 742, 743, 744, 745, 748, 749, 7461, 7469, 83103, 86751, 86754, 8730, 882 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) An t-iompar muirí agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar muirí. Aon ghníomhaíocht tráchtála a dhéantar ó long (ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502; CPC 5133, 5223, 721, Cuid de 742, 745, 74540, 74520, 74590, 882)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In AE: I gcás seirbhísí calafoirt, féadfaidh comhlacht bainistíochta calafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú i gcás seirbhísí calafoirt ar leith. |
Bearta:
|
AE: Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí; Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: An t-iompar agus aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le hinnealtóireacht hiodrálach agus oibreacha teicniúla faoi uisce, le sirtheoireacht agus eastóscadh acmhainní mianra agus acmhainní neamhorgánacha eile, le píolótacht, le buncaráil, nó le dramhaíl, meascáin d'uisce agus ola, agus ábhair eile den chineál sin a fháil, ní fhéadfaidh aon soitheach an t-iompar ná na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh in uiscí intíre agus i bhfarraige theorann na Bulgáire cé is moite do shoithí a bhfuil bratach na Bulgáire ar foluain acu nó soithí a bhfuil bratach de chuid Ballstáit eile ar foluain acu. |
D'fhéadfadh go mbeadh teorainn le líon na soláthraithe seirbhíse sna poirt ag brath ar acmhainn oibiachtúil an phoirt, rud a chinneann coimisiún saineolaithe arna bhunú ag an Aire Iompair, Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide.
Ceanglas náisiúntachta do sheirbhísí tacaíochta. Is gá do mháistir agus do phríomhinnealtóir an tsoithigh a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát LEE nó de Chónaidhm na hEilvéise. (ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502, CPC 5133, 5223, 721, 74520, 74540, 74590, 882).
Bearta:
|
BG: Cód Loingseoireachta Ceannaíochta; Dlí maidir le hUisce Farraige, Uiscebhealaí Intíre agus Calafoirt Phoblacht na Bulgáire; Reacht maidir leis an gcoinníoll agus leis an ord chun iompróirí Bulgáracha a roghnú chun paisinéirí agus lastaí a iompar faoi chonarthaí idirnáisiúnta; agus Reacht 3 chun soithí gan foireann a sheirbhísiú. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In BG: Maidir le seirbhísí tacaíochta le haghaidh iompar poiblí a chuirtear ar fáil i bpoirt de chuid na Bulgáire a bhfuil tábhacht náisiúnta leo, is trí chonradh lamháltais a dheonaítear an ceart chun gníomhaíochtaí tacaíochta a dhéanamh. I bpoirt a bhfuil tábhacht réigiúnach leo, is trí chonradh le húinéir an phoirt a dheonaítear an ceart sin (CPC 74520, 74540, 74590). |
Bearta:
|
BG: Cód Loingseoireachta Ceannaíochta; Dlí maidir le hUisce Farraige, Uiscebhealaí Intíre agus Calafoirt Phoblacht na Bulgáire. |
Maidir le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DK: Ní fhéadfaidh soláthraithe píolótaíochta seirbhís píolótaíochta a dhéanamh sa Danmhairg ach amháin má tá sainchónaí orthu in LEE agus má tá siad cláraithe agus formheasta ag Údaráis na Danmhairge i gcomhréir le hAcht na Danmhairge um Píolótú (CPC 74520). |
Bearta:
|
DK: Acht na Danmhairge um Píolótú, §18. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair:
|
In DE (tá feidhm ag an méid seo maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais freisin): Soitheach nach de chuid náisiúnaigh de Bhallstát é, ní fhéadfar é a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí nach seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta iompair iad in uiscebhealaí feidearálacha na Gearmáine go dtí go dtabharfar údarú sonrach dó. Ní fhéadfar tarscaoileadh a dheonú do shoithí nach soithí de chuid an Aontais Eorpaigh iad ach i gcás nach mbeidh aon soitheach de chuid an Aontais Eorpaigh ar fáil nó ina mbeidh siad ar fáil faoi choinníollacha thar a bheith neamhfhabhrach, nó ar bhonn na cómhalartachta. Féadfar tarscaoileadh a dheonú do shoithí a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain acu ar bhonn cómhalartach (§ 2 mír 3 KüSchVO). Rialáiltear gach gníomhaíocht a thagann faoi raon feidhme dhlí na bpíolótaí, agus tá an creidiúnú srianta do náisiúnaigh de LEE nó de Chónaidhm na hEilvéise. Tá soláthar agus oibriú saoráidí le haghaidh píolótaíochta teoranta d'údaráis phoiblí nó do chuideachtaí a ainmníonn na húdaráis sin. |
I gcás soithí farraige a ligean ar cíos nó a léasú maille le hoibreoirí nó gan iad, agus i gcás soithí nach soithí farraige iad a ligean ar cíos nó a léasú gan oibreoirí, féadfar srian a chur le tabhairt i gcrích conarthaí le haghaidh iompar lasta ag longa a bhfuil bratach eachtrannach ar foluain acu nó srian a chur le cairtfhostú na soithí sin, ag brath ar longa a bhfuil bratach na Gearmáine nó bratach de chuid Ballstáit eile ar foluain acu a bheith ar fáil.
Féadfar srian a chur le hidirbhearta idir cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí maidir le:
(i) |
soithí iompair uiscebhealaí intíre, nach bhfuil cláraithe sa limistéar eacnamaíoch, a ligean ar cíos; |
(ii) |
iompar lasta le soithí iompair ar uiscebhealaí intíre den sórt sin; nó |
(iii) |
seirbhísí tarraingthe ag na soithí iompair uiscebhealaí intíre sin, |
laistigh den limistéar eacnamaíoch (iompar uisce, seirbhísí tacaíochta le haghaidh iompar uisce, longa a ligean ar cíos, seirbhísí léasaithe long gan oibreoirí (CPC 721, 745, 83103, 86751, 86754, 8730)).
Bearta:
|
DE: Gesetz über das Flaggenrecht der Seeschiffe und die Flaggenführung der Binnenschiffe (Flaggenrechtsgesetz; An tAcht um Chosaint Brataí);
|
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: seirbhísí tacaíochta le haghaidh muiriompair a chuirtear ar fáil in uiscí mara na Fionlainne, forchoimeádtar iad d'fhlíteanna a oibríonn faoin mbratach náisiúnta, faoi bhratach an Aontais nó faoi bhratach na hIorua (CPC 745). |
Bearta:
|
FI: Merilaki (an tAcht Muirí) (674/1994); agus Laki elinkeinon harjoittamisen oikeudesta (An tAcht um an gCeart chun Gabháil do Cheird) (122/1919), s. 4. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In EL: Monaplacht phoiblí maidir le seirbhísí láimhseála lasta a bheith forchurtha i limistéir phoirt (CPC 741). |
|
In IT: Cuirtear tástáil ar riachtanais eacnamaíocha i bhfeidhm maidir le seirbhísí láimhseála lasta ar muir. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí atá ann cheana, dlús daonra, raon geografach agus cruthú fostaíochta nua agus an tionchar atá acu (CPC 741). |
Bearta:
|
EL: Cód an Dlí Mhuirí Phoiblí (Foraithne Reachtach 187/1973). |
|
IT: Cód Loingis; Dlí 84/1994; agus Foraithne Aire 585/1995 |
(b) An t-iompar d'iarnród agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar d'iarnród (CPC 711, 743)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Ní fhéadfaidh ach náisiúnaigh de Bhallstát seirbhísí iompair d'iarnród nó seirbhísí tacaíochta a ghabhann le hiompar d'iarnród a sholáthar sa Bhulgáir. Déanann an tAire Iompair ceadúnas chun paisinéirí nó lasta a iompar d'iarnród a eisiúint chuig oibreoirí iarnróid atá cláraithe mar thrádálaithe (CPC 711, 743). |
Bearta:
|
BG: An Dlí um an Iompar Iarnróid, Airteagail. 37 agus 48. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In LT: Na cearta eisiacha um sholáthar seirbhísí iompair, deonaítear iad do ghnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht an stáit, nó a bhfuil 100% dá stoc faoi úinéireacht an stáit (CPC 711). |
Bearta:
|
LT: Cód Iompair Iarnróid Phoblacht na Liotuáine an 22 Aibreán 2004 Uimh. IX-2152 arna leasú faoin 8 Meitheamh 2006 Uimh. X-653. |
(c) Iompar de bhóthar agus seirbhísí cúnta a ghabhann le hiompar de bhóthar (CPC 712, 7121, 7122, 71222, 7123)
I gcás seirbhísí iompair de bhóthar nach gcumhdaítear le Ceannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú seo.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In AT (maidir le Cóir an náisiúin barrfhabhair): I gcás iompair paisinéirí agus lasta, ní fhéadfar cearta eisiacha ná údaruithe a dheonú ach amháin do náisiúnaigh Pháirtithe Conarthacha LEE agus do dhaoine dlítheanacha den Aontas a bhfuil a gceanncheathrú san Ostair. Deonaítear ceadúnais ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, faoi choinníoll na cómhalartachta (CPC 712). |
Bearta:
|
AT: Güterbeförderungsgesetz (Acht um Iompar Earraí), BGBl. Uimh. 593/1995; § 5;
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta, Cóir na náisiún barrfhabhair:
|
In EL: Maidir le hoibreoirí seirbhísí um iompar lasta de bhóthar. Chun gabháil do ghairm an oibreora iompair lasta de bhóthar tá gá le ceadúnas Heilléanach. Deonaítear ceadúnais ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, faoi choinníoll na cómhalartachta (CPC 7123). |
Bearta:
|
EL: Ceadúnú oibreoirí iompair lasta de bhóthar: Dlí 3887/2010 na Gréige (Iris Rialtais A'174), arna leasú le hAirteagal 5 de dhlí 4038/2012 (Iris Oifigiúil Rialtais A' 14). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In IE: Tástáil riachtanas eacnamaíoch maidir le seirbhísí bus idirchathrach. líon na mbunaíochtaí atá ann cheana, dlús daonra, raon geografach, an tionchar acu ar dhálaí tráchta agus cruthú fostaíochta nua (CPC 7121, CPC 7122). |
|
In MT: Tacsaithe - tá feidhm ag srianta uimhriúla ar líon na gceadúnas. |
Karozzini (cóistí capaill): Tá feidhm ag srianta uimhriúla ar líon na gceadúnas (CPC 712).
In PT: Tástáil ar riachtanais eacnamaíocha maidir le seirbhísí limisín. líon na mbunaíochtaí atá ann cheana, dlús daonra, raon geografach, an tionchar acu ar dhálaí tráchta agus cruthú fostaíochta nua (CPC 71222).
Bearta:
|
IE: An tAcht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009. |
|
MT: Rialacháin maidir le Seirbhísí Tacsaí (SL499.59). |
|
PT: Dlí Foraithne 41/80, an 21 Lúnasa. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Is gá corprú i bPoblacht na Seice (gan bhrainsí). |
Bearta:
|
CZ: Acht Uimh. 111/1994. Coll. um an Iompar de Bhóthar. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In SE: Chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar tá gá le ceadúnas Sualannach. Áirítear leis na critéir chun ceadúnas tacsaí a fháil go mbeadh duine nádúrtha ceaptha ag an gcuideachta chun gníomhú mar bhainisteoir iompair (ceanglas cónaitheachta de facto – féach ar fhorchoimeádas na Sualainne faoi na cineálacha bunaíochta). |
Bearta:
|
SE: Yrkestrafiklag (2012:210) (An tAcht um thrácht gairmiúil);
|
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In SK: Lamháltas seirbhíse tacsaí agus cead chun seoladh tacsaí a oibriú, is féidir iad a dheonú do dhuine a bhfuil cónaí air nó a bhfuil áit bhunaíochta aige ar chríoch Phoblacht na Slóvaice nó i mBallstát LEE eile. |
Bearta:
|
Acht Uimh. 56/2012 Coll. um an Iompar de |
(d) Seirbhísí cúnta do sheirbhísí aeriompair
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In AE: Maidir le seirbhísí láimhseála ar an talamh, d’fhéadfaí go mbeadh an ceangal ann go gcaithfí a bheith bunaithe laistigh de chríoch an Aontais. Leibhéal oscailteachta na seirbhísí láimhseála ar an talamh, braitheann sé ar mhéid an aerfoirt. Féadfar teorainn a chur le líon na soláthraithe i ngach aerfort. Le haghaidh ‘aerfort mór’, ní fhéadfaidh an teorainn sin a bheith níos lú ná dhá sholáthraí. |
Bearta:
|
An tAontas Eorpach: Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 (11). |
|
In BE (tá feidhm aige freisin maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): Le haghaidh sheirbhísí láimhseála ar an talamh tá cómhalartacht ina ceangal. |
Bearta:
|
BE: Arrêté Royal du 6 novembre 2010 réglementant l’accès au marché de l’assistance en escale à l’aéroport de Bruxelles-National (Airteagal 18); Besluit van de Vlaamse Regering betreffende de togang tot de grondafhandelingsmarkt op de Vlaamse regionale luchthavens (Airteagal 14); agus Arrêté du Gouvernement wallon réglementant l’accès au marché de l’assistance en escale aux aéroports relevant de la Région wallonne (Airteagal 14). |
(e) Seirbhísí tacaíochta do gach modh iompair (cuid de CPC 748)
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas (tá feidhm aige freisin maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais): Ní fhéadfaidh aon duine seirbhísí imréitigh custaim a sholáthar seachas daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó is daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas. |
Bearta:
|
AE: Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) |
Forchoimeádas Uimh. 17 – Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh
Earnáil – fo-earnáil: |
Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh - an mhianadóireacht agus an cairéalú; leictreachas, gás, gal agus uisce te a tháirgeadh, a tharchur agus a dháileadh ar a gcuntas féin; iompar píblíne breoslaí; stóráil agus trádstóras breoslaí arna n-iompar trí phíblínte; agus seirbhísí a ghabhann le dáileadh fuinnimh |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 10, 11, 12, 13, 14, 40, CPC 5115, 63297, 713, cuid de 742, 8675, 883, 887 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
AE/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) An mhianadóireacht agus an cairéalú (ISIC Rev. 3.1 10, 11, 12, 13, 14, CPC 5115, 7131, 8675, 883)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In NL: San Ísiltír, taiscéalaíocht agus saothrú hidreacarbón, is nithe iad a dhéanann cuideachta phríobháideach i gcomhpháirt leis an gcuideachta phoiblí (theoranta) arna ainmniú ag an Aire Gnóthaí Eacnamaíocha i gcónaí. Sonraítear in Airteagail 81 agus 82 den Acht Mianadóireachta gur gá gach scair sa chuideachta shainithe sin a bheith faoi sheilbh dhíreach nó indíreach Stát na hÍsiltíre (ISIC Rev. 3.1 10, 3.1 11, 3.1 12, 3.1 13, 3.1 14). |
|
In BE: Tá taiscéalaíocht acmhainní mianra agus acmhainní neamhbheo eile in uiscí críche agus ar an scairbh ilchríochach agus saothrú na n-acmhainní sin faoi réir lamháltais. Is gá don lamhaltóir seoladh le haghaidh seirbhíse a bheith aige sa Bheilg (ISIC Rev. 3.1:14). |
|
In IT (tá feidhm aige freisin maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais a mhéid a bhaineann le taiscéalaíocht): Tá rialacha sonracha maidir le taiscéalaíocht agus mianadóireacht i bhfeidhm maidir le mianaigh ar leis an Stát iad. Sula ndéantar aon ghníomhaíocht taiscéalaíochta, tá gá le cead um thaiscéalaíocht (‘permesso di ricerca’, Airteagal 4 Foraithne Ríoga 1447/1927). Tá fad ag gabháil leis an gcead sin, sainítear leis go beacht teorainneacha na talún a bhfuil taiscéalaíocht á déanamh uirthi agus féadfar níos mó ná cead taiscéalaíochta amháin a dheonú don limistéar céanna do dhaoine nó cuideachtaí difriúla (níl sé riachtanach go mbeadh an cineál sin ceadúnais eisiach). Chun mianraí a shaothrú, tá gá le húdarú (‘lamháltas’, Airteagal 14) ón údarás réigiúnach (ISIC Rev. 3.1 10, 3.1 11, 3.1 12, 3.1 13, 3.1 14, CPC 8675, 883). |
Bearta
|
BE: Arrêté Royal du 1er septembre 2004 relatif aux conditions, à la délimitation géographique et à la procédure d’octroi des concessions d’exploration et d’exploitation des ressources minérales et autres ressources non vivantes de la mer territoriale et du plateau continental. |
|
IT: Seirbhísí taiscéalaíochta: Foraithne Ríoga 1447/1927; agus Foraithne Reachtach 112/1998, Airteagal 34. |
|
NL: Mijnbouwwet (An tAcht Mianadóireachta). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In BG: An tsirtheoireacht agus an taiscéalaíocht maidir le hacmhainní nádúrtha faoin talamh ar chríoch Phoblacht na Bulgáire, sa tseilf ilchríochach agus sa limistéar eacnamaíoch eisiach sa Mhuir Dhubh, tá na gníomhaíochtaí sin faoi réir ceada, agus is gníomhaíochtaí iad an t-eastóscadh agus an saothrú atá faoi réir lamháltais a dheonaítear faoin Acht um Acmhainní Nádúrtha faoin Talamh. |
Cuideachtaí atá cláraithe i ndlínsí fabhracha um chóireáil chánach (is é sin criosanna amach ón gcósta) nó atá gaolmhar, go díreach nó go hindíreach, leis na cuideachtaí sin, tá cosc orthu pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta oscailte maidir le ceadanna nó lamháltais um shirtheoireacht, thaiscéalaíocht nó eastóscadh acmhainní nádúrtha a dheonú, lena n-áirítear mianta úráiniam agus tóiriam, agus tá cosc orthu chomh maith cead nó lamháltas a deonaíodh cheana a oibriú, ó tharla go bhfuil bac ar a n-oibriú ag cuideachtaí den chineál sin, lena n-áirítear bac ar an bhféidearthacht fionnachtain gheolaíoch nó tráchtála fosaithe de thoradh taiscéalaíochta a chlárú.
Dúnadh mianadóireacht méine úráiniam le Foraithne Chomhairle na n-Airí Uimh. 163 an 20.08.1992.
Maidir le mianadóireacht agus taiscéalaíocht méine tóiriam, tá feidhm ag córas ginearálta na gceadanna agus na lamháltas. Cinntí chun mianadóireacht méine tóiriam nó taiscéalaíocht chun teacht uirthi a cheadú, déantar iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach de réir an cháis.
De réir Chinneadh Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bulgáire an 18 Eanáir 2012 (ch. an 14 Meitheamh 2012) tá cosc ar aon úsáid teicneolaíochta um scoilteadh hiodrálach, is é sin, fraiceáil ar mhaithe le sirtheoireacht ola agus gáis, lena dtaiscéalaíocht, nó lena n-eastóscadh.
Tá cosc ar thaiscéalaíocht agus eastóscadh gáis scealla (ISIC Rev. 3.1 10, 3.1 11, 3.112, 3.1 13,3.1 14).
Bearta:
|
BG: An tAcht um Acmhainní Nádúrtha faoin Talamh; Acht na Lamháltas; An Dlí um Príobháidiú agus Rialú Iarphríobháidithe; An tAcht um Úsáid Shábháilte Fuinnimh Núicléach; Cinneadh ó Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bulgáire an 18 Eanáir 2012; Caidreamh Eacnamaíoch agus Airgeadais le Cuideachtaí a Cláraíodh in Dlínsí Cóireála Cánach Tosaíochta, leis na Daoine a Rialaítear ann agus lena n-Acht um Úinéirí Tairbhiúla; agus san Acht um Acmhainní Fodhromtha. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In CY: Sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus saothrú hidreacarbón, is gníomhaíochtaí iad a bhféadfaidh Comhairle na nAirí cead a ndéanaimh a dhiúltú d’aon eintiteas atá faoi smacht éifeachtach na Ríochta Aontaithe nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe. Tar éis údarú a dheonú, ní fhéadfaidh aon eintiteas teacht faoi rialú díreach nó indíreach na Ríochta Aontaithe ná faoi rialú díreach nó indíreach náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, gan formheas Chomhairle na nAirí a fháil roimh ré. Féadfaidh Comhairle na nAirí diúltú údarú a dheonú d’eintiteas atá faoi smacht éifeachtach na Ríochta Aontaithe nó náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe mura ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe údarú d’eintitis de chuid na Poblachta nó d’eintitis de chuid na mBallstát maidir le rochtain ar agus forfheidhmiú na ngníomhaireachtaí a bhaineann le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus saothrú hidreacarbón, údarú atá inchomparáide leis an údarú a dheonaíonn na Ballstáit d’eintitis ón Ríocht Aontaithe (ISIC Rev 3.1 1110). |
Bearta:
|
CY: Dlí 2007 um Hidreacarbóin (Sirtheoireacht, Taiscéalaíocht agus Saothrú), (Dlí 4(I)/2007) arna leasú. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh Cóir náisiúnta agus Seirbhísí Trasteorann – Láithreacht áitiúil:
|
In SK: Maidir leis an mianadóireacht, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mianadóireacht agus gníomhaíocht gheolaíoch, is gá corprú in LEE (gan bhrainsí). Gníomhaíochtaí mianadóireachta agus cuardaigh a chumhdaítear le hAcht 44/1988 Phoblacht na Slóvaice um acmhainní nádúrtha a chosaint agus a shaothrú, rialaítear iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear trí bhearta beartais phoiblí lena bhféachtar le caomhnú agus cosaint acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil a áirithiú, ar nós teicneolaíochtaí áirithe mianadóireachta a údarú nó a thoirmeasc. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áirítear ar na bearta sin toirmeasc a chur ar láisteadh ciainíde a úsáid chun mianraí a chóireáil nó a scagadh, agus an ceanglas údarú sonrach a fháil ionas gur féidir tabhairt faoin bhfraiceáil ar mhaithe le sirtheoireacht, taiscéalaíocht nó eastóscadh ola agus gáis, chomh maith le formheas a fháil roimh ré trí bhíthin reifreann áitiúil i gcás acmhainní mianracha núicléacha/raidighníomhacha. Ní chuireann sé sin gnéithe neamh-chomhréireacha an bhirt atá ann cheana a bhfuil forchoimeádas á dhéanamh ina leith. (ISIC Rev. 3.1 10, 3.1 11, 3.1 12, 3.1 13, 3.1 14, CPC 5115, 7131, 8675 agus 883). |
Bearta
|
SK: Acht 51/1988 um an Mianadóireacht, Pléascáin agus Riarachán Mianadóireachta Stáit; agus Acht 569/2007 um Ghníomhaíocht Geolaíochta, Acht 44/1988 um chosaint agus saothrú acmhainní nádúrtha. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In FI: Acmhainní mianra a thaiscéaladh agus a shaothrú, tá sé faoi réir ceanglas ceadúnaithe dheonaíonn an Rialtas maidir le mianadóireacht ábhair núicléach. Tá cead fuascailte ón Rialtas don limistéar mianadóireachta ina cheangal. Féadfar cead a dheonú do dhuine nádúrtha a bhfuil cónaí air in LEE nó do dhuine dlíthiúil atá bunaithe in LEE. Féadfar go mbeidh feidhm ag tástáil riachtanas eacnamaíoch (ISIC Rev. 3.1 120, CPC 5115, 883, 8675). |
|
In IE: Ceanglaítear ar chuideachtaí taiscéalaíochta agus mianadóireachta atá ag oibriú in Éirinn láithreacht a bheith acu ansin. I gcás taiscéalaíochta mianraí, tá ceangal ann go bhfostódh cuideachtaí (Éireannacha agus eachtrannacha) ceann de na seirbhísí a leanas in Éirinn agus obair á déanamh - seirbhísí gníomhaire chónaithigh, nó seirbhísí bainisteora chónaithigh taiscéalaíochta. I gcás na mianadóireachta, tá sé ina cheanglas go mbeadh Léas nó Ceadúnas Mianadóireachta Stáit i seilbh cuideachta atá corpraithe in Éirinn. Níl aon srian ann maidir le húinéireacht cuideachta den sórt sin (ISIC Rev. 3.1 10, 3.1 13, 3.1 14, CPC 883). |
Bearta
|
FI: Kaivoslaki (an tAcht Mianadóireachta) (621/2011); agus Ydinenergialaki (An tAcht um Fhuinneamh Núicléach) (990/1987). |
|
IE: Na hAchtanna um Fhorbairt Mianraí 1940 – 2017; agus Achtanna Pleanála agus Rialacháin Chomhshaoil. |
Maidir le hInfheistíocht amháin – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In SI: Tá taiscéalaíocht agus saothrú acmhainní mianraí, lena n-áirítear seirbhísí mianadóireachta rialáilte, faoi réir bunaíocht in LEE, i gCónaidhm na hEilvéise nó i gcomhalta de chuid ECFE nó faoi réir saoránacht dá gcuid (ISIC Rev. 3.1 10, ISIC Rev. 3.1 11, ISIC Rev. 3.1 12, ISIC Rev. 3.1 13, ISIC Rev. 3.1 14, CPC 883, CPC 8675). |
Bearta
|
SI: Acht Mianadóireachta 2014. |
(b) Leictreachas, gás, gal agus uisce te a tháirgeadh, a tharchur agus a dháileadh ar a gcuntas féin; iompar píblíne breoslaí; stóráil agus trádstóras breoslaí arna n-iompar trí phíblínte; Seirbhísí teagmhasacha do dháileadh fuinnimh (ISIC Rev. 3.1 40, 3.1 401, CPC 63297, 713, cuid de 742, 74220, 887)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In DK: An t-úinéir nó an t-úsáideoir a bhfuil sé ar intinn aige bonneagar gáis nó píblíne a bhunú ar mhaithe le peitriliam agus táirgí peitriliam a iompar, idir amh agus scagtha, agus le gás nádúrtha a iompar, ní mór dó cead a fháil ón údarás áitiúil sula gcuirfidh sé tús le hobair. Féadfar go mbeidh teorainn leis an líon ceadanna den sórt sin a eiseofar (CPC 7131). |
|
In MT: Tá monaplacht ag Enemalta plc le haghaidh leictreachas a sholáthar (ISIC Rev. 3.1 401; CPC 887). |
|
In NL: úinéireacht an líonra leictreachais agus an líonra píblíne gáis, deonaítear é go heisiach do rialtas na hÍsiltíre (córais tarchurtha) agus d’údaráis phoiblí eile (córais dáileacháin) (ISIC Rev. 3.1 040, CPC 71310). |
Bearta:
|
DK: Lov om naturgasforsyning, LBK 1127 05/09/2018, lov om varmeforsyning, LBK 64 21/01/2019, lov om Energinet, LBK 997 27/06/2018. Bekendtgørelse nr. 1257 af 27. november 2019 om indretning, etablering og drift af olietanke, rørsystemer og pipelines (Ordú uimh. 1257 an 27 Samhain 2019, maidir le humair ola, córais phíobánra agus píblinte a shocrú, a bhunú agus a oibriú). |
|
MT: Cap. Acht Enemalta. 272 agus an tAcht um EneMalta (Sócmhainní, Cearta, Dliteanais agus Oibleagáidí a Aistriú) 536. |
|
NL: Elektriciteitswet 1998; Gaswet. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, láithreacht áitiúil:
|
In AT: Maidir le gás a iompar, ní dheonaítear údarú ach do náisiúnaigh de Bhallstát de LEE a bhfuil sainchónaí orthu in LEE. An suíomh atá ag fiontair agus comhpháirtíochtaí, is gá dó a bheith in LEE. Ní mór d’oibreoir an líonra Stiúrthóir Bainistíochta agus Stiúrthóir Teicniúil a cheapadh - beidh an stiúrthóir teicniúil freagrach as rialú teicniúil oibriú an líonra, agus is gá don bheirt stiúrthóirí a bheith ina náisiúnaigh de bhallstát LEE. |
Féadfaidh an t-údarás inniúil na ceanglais náisiúntachta agus sainchónaithe a léirscaoileadh i gcás ina measfar go bhfuil oibriú an líonra chun leas an phobail.
Maidir le hearraí eile seachas gás agus uisce a iompar, tá feidhm ag an méid seo a leanas:
(i) |
maidir le daoine nádúrtha, ní dheonaítear údarú ach do náisiúnaigh LEE nach mór dóibh suíochán a bheith acu san Ostair; |
(ii) |
is gá gur san Ostair a bheadh a suíomh ag fiontair agus comhpháirtíochtaí. Cuirtear Tástáil Riachtanas Eacnamaíoch nó tástáil leasa i bhfeidhm. Maidir le píblínte trasteorann, is gá nár bhaol a bheadh iontu do leasanna slándála na hOstaire ná dá stádas mar thír neodrach. Ní mór d’fhiontair agus do chomhpháirtíochtaí stiúrthóir bainistíochta a cheapadh nach mór dó a bheith ina náisiúnach de Bhallstát LEE. Féadfaidh an t-údarás inniúil na ceanglais náisiúntachta agus na ceanglais maidir le suíomh a léirscaoileadh má mheastar go bhfuil oibriú na píblíne chun leas an gheilleagair náisiúnta (CPC 713). |
Bearta:
|
AT: Rohrleitungsgesetz (Dlí ar Iompar Píblíne), BGBl. Uimh. 411/1975, § 5(1) agus (2), §§ 5 (1) agus (3), 15, 16; agus Gaswirtschaftsgesetz 2011(An tAcht Gáis), BGBl. I Uimh. 107/2011, Airteagail 43 agus 44, Airteagail 90 agus 93. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainisteoireacht shinsearach agus boird stiúrthóra agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – (tá feidhm aige le leibhéal réigiúnach rialtais amháin) Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In AT: Maidir le leictreachas a tharchur agus a dháileadh, ní dheonaítear údarú ach do náisiúnaigh de Bhallstát de LEE a bhfuil sainchónaí orthu in LEE. Má cheapann an t-oibreoir stiúrthóir bainistíochta nó sealbhóir léasa, léirscaoiltear an ceanglas sainchónaithe. |
Is gá gur in LEE a bheadh a suíomh ag daoine dlítheanacha (fiontair) agus comhpháirtíochtaí. Ní mór dóibh stiúrthóir bainistíochta nó sealbhóir léasa a cheapadh, agus is gá don bheirt sin a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát de LEE agus sainchónaí a bheith orthu in LEE.
Féadfaidh an t-údarás inniúil na ceanglais sainchónaithe agus náisiúntachta a léirscaoileadh i gcás ina measfar go bhfuil oibriú an líonra chun leas an phobail (ISIC Rev. 3.1 40, CPC 887).
Bearta:
|
AT: Burgenländisches Elektrizitätswesengesetz 2006, LGBl. Uimh. 59/2006 arna leasú; Niederösterreichisches Elektrizitätswesengesetz, LGBl. Uimh. 7800/2005 arna leasú; Landesgesetz, mit dem das Oberösterreichische Elektrizitätswirtschafts- und - organisationsgesetz 2006 erlassen wird (Oö. ElWOG 2006), LGBl. Uimh. 1/2006 arna leasú; Salzburger Landeselektrizitätsgesetz 1999 (LEG), LGBl. Uimh. 75/1999 arna leasú; Gesetz vom 16. Samhain 2011 über die Regelung des Elektrizitätswesens in Tirol (Tiroler Elektrizitätsgesetz 2012 – TEG 2012), LGBl. Uimh. 134/2011; Gesetz über die Erzeugung, Übertragung und Verteilung von elektrischer Energie (Vorarlberger Elektrizitätswirtschaftsgesetz), LGBl. Uimh. 59/2003 arna leasú; Gesetz über die Neuregelung der Elektrizitätswirtschaft (Wiener Elektrizitätswirtschaftsgesetz 2005 – WelWG 2005), LGBl. Uimh. 46/2005; Steiermärkisches Elektrizitätswirtschafts- und Organisationsgesetz (ELWOG), LGBl. Uimh. 70/2005; agus Kärntner Elektrizitätswirtschafts-und Organisationsgesetz(ELWOG), LGBl. Uimh. 24/2006 |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In CZ: Is gá údarú a fháil chun tabhairt faoi ghiniúint, tarchur, dáileadh, trádáil agus gníomhaíochtaí eile de chuid oibreoirí margaidh leictreachais, faoi ghiniúint, tarchur, dáileadh, stóráil agus trádáil gháis, agus faoi ghiniúint agus dáileadh teasa. Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin do dhuine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe aige nó do dhuine dlítheanach atá bunaithe san Aontas. Tá cearta eisiacha ann maidir le ceadúnais tarchurtha leictreachais agus gáis agus le ceadúnais oibrithe margaidh (ISIC Rev. 3.1 40, CPC 7131, 63297, 742, 887). |
|
In LT: Ceadúnais le haghaidh tarchur, dáileadh, soláthar poiblí agus eagrú trádála leictreachais, ní fhéadfar iad a eisiúint ach chuig daoine dlítheanacha atá bunaithe i bPoblacht na Liotuáine, nó chuig brainsí atá bunaithe i Poblacht na Liotuáine de chuid na nithe seo a leanas - daoine dlítheanacha eachtrannacha de chuid Ballstáit eile, agus eagraíochtaí eile de chuid Ballstáit eile. Na ceadanna chun leictreachas a ghiniúint, acmhainní giniúna leictreachais a fhorbairt agus líne dhíreach a thógáil, féadfar iad a eisiúint chuig daoine a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Liotuáine, chuig daoine dlítheanacha atá bunaithe i bPoblacht na Liotuáine, nó chuig brainsí atá bunaithe i Poblacht na Liotuáine de chuid na nithe seo a leanas - daoine dlítheanacha eachtrannacha de chuid Ballstáit eile, agus eagraíochtaí eile de chuid Ballstáit eile. Ní bhaineann an forchoimeádas sin le seirbhísí sainchomhairleoireachta i ndáil le tarchur agus dáileadh leictreachais ar bhonn táille nó conartha (ISIC Rev. 3.1 401, CPC 887). |
I gcás breoslaí, tá gá le bunaíocht. Ceadúnais le haghaidh tarchuir agus dáilte, breoslaí a stóráil agus gás nádúrtha a leachtú, ní fhéadfar iad a eisiúint ach chuig daoine dlítheanacha atá bunaithe i bPoblacht na Liotuáine, nó chuig brainsí atá bunaithe i Poblacht na Liotuáine de chuid na nithe seo a leanas - daoine dlítheanacha de chuid Ballstáit eile, agus eagraíochtaí eile (fhochuideachtaí) de chuid Ballstáit eile.
Ní bhaineann an forchoimeádas sin le seirbhísí sainchomhairleoireachta i ndáil le tarchur agus dáileadh breoslaí ar bhonn táille nó conartha (CPC 713, CPC 887).
In PL: tá na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi réir ceadúnaithe faoin Acht um an Dlí Fuinnimh:
(i) |
breoslaí nó fuinneamh a ghiniúint, ach amháin maidir leis na nithe seo a leanas: breoslaí soladacha nó gásacha a ghiniúint; leictreachas a ghiniúint ag úsáid foinsí leictreachais nach mó ná 50 MW seachas foinsí fuinnimh inathnuaite; comhghiniúint leictreachais agus teasa ag baint úsáide as foinsí na hacmhainne iomláine nach mó ná 5 MW seachas foinsí fuinnimh inathnuaite; teas a ghiniúint ag úsáid foinsí na hacmhainne iomláine nach mó ná 5 MW; |
(ii) |
stóráil breoslaí gásacha i suiteálacha stórála, leachtú gáis nádúrtha agus athghású gáis nádúrtha leachtaithe i suiteálacha GNL, mar aon le stóráil breoslaí leachtacha, ach amháin sna cásanna seo a leanas: stóráil áitiúil gáis leachta i suiteálacha ina bhfuil toilleadh is lú ná 1 MJ/s agus breoslaí leachtacha a stóráil i dtrádáil mhiondíola; |
(iii) |
breoslaí nó fuinneamh a tharchur nó a dháileadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas: dáileadh breoslaí gásacha in eangacha ar lú a gcumas ná 1 MJ/s agus tarchur nó dáileadh teasa mura mó ná 5 MW an acmhainn iomlán a ordóidh na custaiméirí; |
(iv) |
trádáil i mbreoslaí nó i bhfuinneamh, ach amháin i gcás: trádáil i mbreoslaí soladacha; an trádáil sa leictreachas ina n-úsáidtear suiteálacha voltais faoi bhun 1 kV atá faoi úinéireacht an chustaiméara; an trádáil i mbreoslaí gásacha i gcás nach mó ná EUR 100 000 an luach láimhdeachais bliantúil, an trádáil i ngás leachtach i gcás nach mó ná EUR 10 000 an luach láimhdeachais bliantúil; agus an trádáil i mbreoslaí gásacha agus leictreachas a dhéantar ar mhalartuithe tráchtearraí trí thithe bróicéireachta a sheolann an ghníomhaíocht bhróicéireachta ar thráchtearraí malartaithe ar bhonn Acht an 26 Deireadh Fómhair 2000 maidir le malartuithe tráchtearraí, chomh maith leis an trádáil i dteas i gcás nach mó ná 5 MW an toilleadh a ordaíonn na custaiméirí. Níl feidhm ag na teorainneacha ar láimhdeachas maidir le seirbhísí trádála mórdhíola i mbreoslaí gásacha nó i ngás leachtach ná le seirbhísí miondíola gáis bhuidéalaithe. |
Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil ceadúnas a dheonú ach d’iarratasóir a bhfuil a phríomháit ghnó nó a phríomháit chónaithe cláraithe aige ar chríoch Bhallstát LEE nó Chónaidhm na hEilvéise (ISIC Rev. 3.1 040, CPC 63297, 74220, CPC 887).
Bearta:
|
CZ: Acht Uimh. 458/2000 Coll um dhálaí gnó agus riarachán poiblí in earnálacha an fhuinnimh (An tAcht Fuinnimh). |
|
LT: An Dlí maidir le Gás Nádúrtha Phoblacht na Liotuáine an 10 Deireadh Fómhair 2000 Uimh. VIII-1973; agus Dlí maidir le leictreachas Phoblacht na Liotuáine an 20 Iúil 2000 Uimh. VIII-1881. |
|
PL: An tAcht um Dhlí Fuinnimh an 10 Aibreán 1997, Airteagail 32 agus 33. |
Maidir le trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In SI: Táirgeadh, trádáil agus soláthar do chustaiméirí deiridh an leictreachais agus an gháis nádúrtha, nó iad a tharchur agus a dháileadh, is faoi réir bunaíocht san Aontas atá na gníomhaíochtaí sin (ISIC Rev. 3.1 4010, 4020, CPC 7131, CPC 887). |
Bearta:
|
SI: Energetski zakon (An tAcht Fuinnimh) 2014, Iris Oifigiúil RS, Uimh. 17/2014; agus an tAcht Mianadóireachta 2014. |
Forchoimeádas Uimh. 18 – An talmhaíocht, an iascaireacht agus an mhonaraíocht
Earnáil – fo-earnáil: |
Talmhaíocht, fiach, foraoiseacht, feirmeoireacht ainmhithe agus réinfhianna, iascaireacht agus dobharshaothrú; foilsiú, priontáil agus atáirgeadh meán taifeadta |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 011, 012, 013, 014, 015, 1531, 050, 0 501, 0 502, 221, 222, 323, 324, CPC 881, 882, 88442 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Ceanglais feidhmíochta Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta; Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
An tAontas/Ballstát (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) An talmhaíocht, an fiach agus an fhoraoiseacht (ISIC Rev. 3.1 011, 012, 013, 014, 015, 1531, CPC 881)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta:
|
In IE: Maidir le gníomhaíochtaí muilleoireachta plúir, tá bunaíocht cónaitheoirí eachtrannacha faoi réir údaraithe (ISIC Rev. 3.1 1531). |
Bearta:
|
IE: An tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: Náisiúnaigh de Bhallstát de LEE a bhfuil cónaí orthu sa limistéar tréadaíochta réinfhianna, ní fhéadfaidh ach siadsan a bheith ina n-úinéirí réinfhianna agus feirmeoireacht réinfhianna a chleachtadh. Féadfar cearta eisiacha a dheonú. |
|
In FR: Is gá údarú a fháil roimh ré chun bheith mar bhall de chomharchumann talmhaíochta nó gníomhú mar stiúrthóir air (ISIC Rev. 3.1 011, 012, 013, 014, 015). |
|
In SE: Ní fhéadfaidh ach daoine den phobal Sámach bheith ina n-úinéirí réinfhianna agus feirmeoireacht réinfhianna a chleachtadh. |
Bearta:
|
FI: Poronhoitolaki (An tAcht um Fheirmeoireacht Réinfhianna) (848/1990), Caibidil 1, Roinn 4, Prótacal 3 a ghabhann le Conradh Aontachais na Fionlainne. |
|
FR: Code rural et de la pêche maritime. |
|
SE: An tAcht um Fheirmeoireacht Réinfhianna (1971:437), roinn 1. |
(b) Iascaireacht agus dobharshaothrú (ISIC Rev. 3.1 050, 0 501, 0 502, CPC 882)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Seirbhísí trasteorann: Rochtain ar an margadh:
|
In FR: Soitheach de chuid na Fraince a bhfuil bratach na Fraince ar foluain aige, ní fhéadfar údarú iascaireachta a eisiúint chuige ná a cheadú dó iascaireacht a dhéanamh ar bhonn cuótaí náisiúnta ach nuair a bhunaítear fíornasc eacnamaíoch ar chríoch na Fraince agus nuair is ó ghnóthas buan atá lonnaithe ar chríoch na Fraince a threoraítear agus a rialaítear an soitheach (ISIC Rev. 3.1 050, CPC 882). |
Bearta:
|
FR: Code rural et de la pêche maritime. |
(c) Monarú - foilsiú, priontáil agus atáirgeadh meán taifeadta (ISIC Rev. 3.1 221, 222, 323, 324, CPC 88442)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Seirbhísí trasteorann: Rochtain ar an margadh, Cóir Náisiúnta, Láithreachta náisiúnta:
|
In LV: Níl sé de cheart ach ag daoine dlítheanacha atá corpraithe sa Laitvia agus daoine nádúrtha de chuid na Laitvia meáin ollchumarsáide a bhunú agus a fhoilsiú. Ní cheadaítear brainsí (CPC 88442). |
Bearta:
|
LV: An Dlí um an bPreas agus Meáin Ollchumarsáide eile, Roinn 8. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In DE (tá feidhm ag an méid seo maidir leis an leibhéal réigiúnach rialtais freisin): Is gá ‘eagarthóir freagrach’ (ainm agus seoladh iomlán duine nádúrtha) a shonrú i ngach nuachtán, iris nó tréimhseachán a scaiptear nó a phriontáiltear go poiblí. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheangal ar an eagarthóir freagrach é a bheith ina bhuanchónaitheoir de chuid na Gearmáine, an Aontais, nó Bhallstát LEE. Féadfaidh Aire Gnóthaí Baile na Cónaidhme (ISIC Rev. 3.1 223, 224) eisceachtaí a cheadú. |
Bearta:
|
DE:
|
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In IT: A mhéid a cheadóidh an Ríocht Aontaithe d’infheisteoirí de chuid na hIodáile níos mó ná 49 faoin gcéad den chaipiteal agus de na cearta vótála i gcuideachta foilsitheoireachta de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith ina seilbh acu, ceadóidh an Iodáil d’infheisteoirí de chuid na Ríochta Aontaithe níos mó ná 49 faoin gcéad den chaipiteal agus de na cearta vótála i gcuideachta foilsitheoireachta de chuid na hIodáile a bheith ina seilbh acu faoi na coinníollacha céanna (ISIC Rev. 3.1 221, 222). |
Bearta:
|
IT: Dlí 416/1981, Airteagal 1 (agus leasuithe ina dhiaidh sin). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In PL: Is gá do phríomheagarthóirí nuachtán agus irisí a bheith ina náisiúnaigh de chuid na Polainne (ISIC Rev. 3.1 221, 222). |
Bearta:
|
PL: Acht an 26 Eanáir 1984 um Dhlí an Phreasa, an Iris Dlíthe, Uimh. 5, mír 24, le leasuithe ina dhiaidh sin. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta: Láithreacht áitiúil:
|
In SE: Daoine nádúrtha atá ina n-úinéirí ar thréimhseacháin a phriontáiltear agus a fhoilsítear sa tSualainn, is gá go mbeadh cónaí orthu sa tSualainn nó go mbeidís ina náisiúnaigh de Bhallstát de LEE. Úinéirí ar thréimhseacháin den chineál sin ar daoine dlítheanacha iad, is gá dóibh a bheith bunaithe in LEE. Tréimhseacháin a phriontáiltear agus a fhoilsítear sa tSualainn agus taifid theicniúla, is gá dóibh eagarthóir freagrach a bheith acu, agus is gá don duine sin sainchónaí a bheith air sa tSualainn (ISIC Rev. 3.1 22, CPC 88442). |
Bearta:
|
SE: An tAcht um Shaoirse an Phreasa (1949:105); An Dlí Bunúsach um Shaoirse Cainte (1991:1469); agus An tAcht um reachtanna le haghaidh an Achta um Shaoirse an Phreasa agus an Dlí Bhunúsaigh um Shaoirse Cainte (1991:1559). |
Sceideal na Ríochta Aontaithe
|
Forchoimeádas Uimh. 1 – Gach earnáil |
|
Forchoimeádas Uimh. 2 – Seirbhísí gairmiúla (gach gairm seachas gairmeacha a bhaineann leis an tsláinte) |
|
Forchoimeádas Uimh. 3 – Seirbhísí gairmiúla (seirbhísí tréidliachta) |
|
Forchoimeádas Uimh. 4 – Seirbhísí taighde agus forbartha |
|
Forchoimeádas Uimh. 5 – Seirbhísí gnó |
|
Forchoimeádas Uimh. 6 – Seirbhísí cumarsáide |
|
Forchoimeádas Uimh. 7 – Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar |
|
Forchoimeádas Uimh. 8 – Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh |
Forchoimeádas Uimh. 1 – Gach earnáil
Earnáil: |
Gach earnáil |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Ceanglais feidhmíochta
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe gealltanas nó gnóthas, arna dtabhairt i gcomhréir leis na forálacha lena rialaítear gnóthais iarthairisceana i gCód na Cathrach maidir le Táthcheangail agus Cumaisc, nó de bhun Gníomhas Gnó i ndáil le táthcheangail nó cumaisc, a fhorfheidhmiú, i gcás nach bhforchuirtear nó nach n-éilítear an gealltanas nó an gnóthas mar choinníoll a ghabhann le formheas an táthcheangail nó an chumaisc.
Bearta:
|
Cód na Cathrach maidir le Táthcheangail agus Cumaisc |
|
Acht na gCuideachtaí 2006 |
|
An tAcht um an Dlí Maoine (Forálacha Ilghnéitheacha) 1989 maidir le Gníomhais Ghnó a fhorfheidhmiú i ndáil le táthcheangail nó cumaisc |
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí |
Níl feidhm ag an bhforchoimeádas seo ach amháin maidir le seirbhísí sláinte, sóisialta nó oideachais:
|
Féadfaidh an Riocht Aontaithe, agus í ag díol nó ag diúscairt a cuid leasanna cothromais nó na sócmhainní a bhaineann le fiontar stáit atá ann cheana nó le heintiteas de chuid an rialtais atá ann cheana agus a sholáthraíonn seirbhísí sláinte, sóisialta nó oideachais (CPC 93, 92), féadfaidh sí cosc a chur ar úinéireacht na leasanna nó na sócmhainní sin nó teorainneacha a chur léi, agus srian a chur le cumas úinéirí na leasanna agus na sócmhainní sin aon fhiontar iarmhartach a rialú, i dtaca le hinfheisteoirí de chuid an Aontais nó a gcuid bhfiontar. Maidir le díolachán nó diúscairt eile den sórt sin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le náisiúntacht bainisteoirí sinsearacha nó bhaill an bhoird stiúrthóirí, chomh maith le haon bheart a chuirfeadh teorainn le líon na soláthróirí. |
Chun críocha an fhorchoimeádais seo:
(i) |
measfar gur beart reatha é aon bheart arna choimeád nó a ghlacadh tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a choisceann úinéireacht ar leasanna cothromais nó ar shócmhainní nó a fhorchuireann teorainneacha ar an úinéireacht sin ag am an díolacháin nó an diúscartha eile, nó a fhorchuireann ceanglais náisiúntachta nó a fhorchuireann teorainneacha ar líon na soláthróirí mar a thuairiscítear san fhorchoimeádas seo; agus |
(ii) |
ciallaíonn ‘fiontar stáit’ fiontar faoi úinéireacht nó arna rialú trí leasanna úinéireachta na Ríochta Aontaithe agus áirítear leis fiontar arna bhunú tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo díreach chun críocha leasanna cothromais i bhfiontar stáit nó eintiteas rialtais reatha nó sócmhainní an fhiontair nó an eintitis sin a dhíol nó a dhiúscairt. |
Bearta:
|
Mar a leagtar amach san eilimint dar teideal ‘Tuairisc’ thuas. |
Forchoimeádas Uimh. 2 – Seirbhísí gairmiúla (gach gairm seachas gairmeacha a bhaineann leis an tsláinte)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí dlí; seirbhísí iniúchóireachta |
Aicmiú tionscail: |
Cuid de CPC 861, CPC 862 |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí dlí (cuid de CPC 861)
Chun seirbhísí áirithe dlí a sholáthar, d’fhéadfadh sé gur ghá údarú nó ceadúnas a fháil ó údarás inniúil, nó ceanglais chlárúcháin a chomhlíonadh. A mhéid atá na ceanglais chun údarú nó ceadúnas a fháil, nó clárú, neamh-idirdhealaitheach agus go gcomhlíonann siad na gealltanais a fhorchuirtear le hAirteagal 194 den Chomhaontú seo, ní liostaítear iad. Féadfar a áireamh orthu sin, mar shampla, ceanglas go mbeadh cáilíochtaí sonraithe faighte acu, go mbeadh tréimhse oiliúna aitheanta críochnaithe acu, nó go mbeadh gá le hoifig nó seoladh poist laistigh de dhlínse an údaráis inniúil ar bhallraíocht a fháil.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
D’fhéadfadh sé go n-éileodh an comhlacht ábhartha gairmiúil nó rialála cónaitheacht (láithreacht tráchtála) chun roinnt seirbhísí dlí baile de chuid na Ríochta Aontaithe a sholáthar. Beidh feidhm ag ceanglais maidir le foirm dhlíthiúil neamh-idirdhealaitheach. |
|
Féadfaidh an comhlacht ábhartha gairmiúil nó rialála cónaitheacht a éileamh chun seirbhísí dlí baile áirithe de chuid na Ríochta Aontaithe maidir le hinimirce a sholáthar. |
Bearta:
|
Le haghaidh Shasana agus na Breataine Bige, Acht na n-Aturnaetha 1974, an tAcht um Riar an Cheartais 1985 agus Acht na Seirbhísí Dlí 2007. Le haghaidh na hAlban, Acht na n-Aturnaetha (Albain) 1980 agus Acht na Seirbhísí Dlí (Albain) 2010. Le haghaidh Thuaisceart Éireann, Ordú na n-Aturnaetha (Tuaisceart Éireann) 1976. I gcás gach dlínse, an tAcht Inimirce agus Tearmainn, 1999. Ina theannta sin, féadfaidh na bearta is infheidhme i ngach dlínse aon cheanglais a chuimsiú a shocraíonn comhlachtaí gairmiúla agus rialála. |
(b) Seirbhísí iniúchóireachta (CPC 86211, 86212 seachas seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
Féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe coibhéis cáilíochtaí iniúchóra a aithint atá ina náisiúnach de chuid an Aontais nó tríú tíre ar bith chun iad a fhaomhadh le gníomhú mar iniúchóir reachtúil sa Ríocht Aontaithe faoi réir cómhalartachta (CPC 8621). |
Bearta:
|
Acht na gCuideachtaí 2006 |
Forchoimeádas Uimh. 3 – Seirbhísí gairmiúla (seirbhísí tréidliachta)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí tréidliachta; |
Aicmiú tionscail: |
CPC 932 |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Tá láithreacht fhisiceach ina ceangal chun tréidliacht a dhéanamh. Forchoimeádtar cleachtadh na tréidliachta do thréidlianna cáilithe atá cláraithe le Coláiste Ríoga na Máinlianna Tréidliachta (RCVS).
Bearta:
|
Acht na dTréidlianna 1966 |
Forchoimeádas Uimh. 4 – Seirbhísí taighde agus forbartha
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí taighde agus forbartha (T&F) |
Aicmiú tionscail: |
CPC 851, 853 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
I gcás seirbhísí taighde agus forbartha (T&F) a mhaoinítear go poiblí agus a bhaineann leas as maoiniú arna chur ar fáil ag an Ríocht Aontaithe, ní fhéadfar cearta ná údaruithe eisiacha a dheonú ach do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe agus do dhaoine dlítheanacha de chuid na Ríochta Aontaithe a bhfuil a n-oifig chláraithe, a lárionad riaracháin nó a bpríomháit ghnó sa Ríocht Aontaithe (CPC 851, 853).
Tá an forchoimeádas seo gan dochar do Chuid a Cúig den Chomhaontú seo agus d’eisiamh soláthair ag Páirtí nó ag fochuideachtaí nó deontais in Airteagal 123(6) agus (7) den Chomhaontú seo.
Bearta:
Gach clár taighde nó nuálaíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
Forchoimeádas Uimh. 5 – Seirbhísí gnó
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gnó – seirbhísí cíosa nó léasaithe gan oibreoirí agus seirbhísí gnó eile |
Aicmiú tionscail: |
Cuid de CPC 831 |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Le haghaidh aerárthach a fháil ar cíos nó a léasú gan chriú (léas tirim), tá aerárthaí atá in úsáid ag aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas is infheidhme maidir le clárú aerárthaí. Beidh comhaontú léasa thirim ar páirtí é iompróir de chuid na Ríochta Aontaithe ann faoi réir ceanglais i ndlí náisiúnta maidir le maidir le sábháilteacht eitlíochta, amhail formheas roimh ré agus coinníollacha eile is infheidhme maidir le húsáid a bhaint as aerárthaí cláraithe tríú tíortha. Chun bheith cláraithe, féadfar go mbeadh sé ina cheangal go mbeadh aerárthach faoi úinéireacht daoine nádúrtha a chomhlíonann critéir náisiúntachta sonracha nó ag fiontair a chomhlíonann critéir shonracha maidir le húinéireacht caipitil agus rialú (CPC 83104).
Maidir le seirbhísí chóras áirithinte ríomhaire (CAR), i gcás nach dtugann soláthróirí seirbhísí CAR atá ag oibriú lasmuigh den Ríocht Aontaithe cóir d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe atá coibhéiseach (i.e. neamh-idirdhealaitheach) leis an gcóir a thugtar sa Ríocht Aontaithe, nó i gcás nach dtugann aeriompróirí nach den Ríocht Aontaithe iad cóir do sholáthróirí seirbhísí CAR na Ríochta Aontaithe atá coibhéiseach leis an gcóir a thugtar sa Ríocht Aontaithe, féadfar bearta a ghlacadh le go dtabharfadh na soláthróirí seirbhísí CAR atá ag oibriú sa Ríocht Aontaithe cóir dhifreáilte choibhéiseach do na haeriompróirí nach den Ríocht Aontaithe iad nó do na soláthróirí seirbhísí CAR nach den Ríocht Aontaithe iad faoi seach.
Bearta:
Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus arna leasú leis na Rialacháin um Oibriú Aersheirbhísí (Leasú etc.) (Imeacht ón Aontas) (I.R. 2018/1392).
Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle, mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Tarraing siar) 2018 agus arna leasú leis na Rialacháin um Chórais Áirithinte Ríomhairí (Leasú) (AE) (Imeacht ón Aontas) 2018 (I.R. 2018/1080).
Forchoimeádas Uimh. 6 – Seirbhísí cumarsáide
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí cumarsáide - seirbhísí poist agus cúiréara |
Aicmiú tionscail: |
Cuid de CPC 71235, cuid de CPC 73210, cuid de 751 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
Féadfar eagrú suíomh do bhoscaí litreacha ar an mórbhealach poiblí, eisiúint stampaí poist agus soláthar na seirbhíse poist cláraithe a úsáidtear le linn nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin a shrianadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Ar mhaithe le breis cinnteachta, féadfaidh oibreoir poist a bheith faoi réir oibleagáidí seirbhíse uilechoitinne áirithe nó ranníocaíocht airgeadais le ciste cúitimh.
Bearta:
|
An tAcht Seibhísí Poist 2000 agus tAcht Seirbhísí Poist, 2011 |
Forchoimeádas Uimh. 7 – Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí iompair – seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar ar uisce, seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar d'iarnród, seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar de bhóthar, seirbhísí cúnta do sheirbhísí aeriompair |
Aicmiú tionscail: |
CPC 711, 712, 721, 741, 742, 743, 744, 745, 746, 748, 749 |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí cúnta a ghabhann le seirbhísí aeriompair (CPC 746)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil Trasteorann i Seirbhísí– Rochtain ar an margadh:
|
Leibhéal oscailteachta na seirbhísí láimhseála ar an talamh, braitheann sé ar mhéid an aerfoirt. Féadfar teorainn a chur le líon na soláthraithe i ngach aerfort. Le haghaidh ‘aerfort mór’, ní fhéadfaidh an teorainn sin a bheith níos lú ná dhá sholáthróir. |
Bearta:
|
Rialacháin na nAerfort (Láimhseáil ar an talamh) 1997 (I.R. 1997/2389) |
(b) Seirbhísí tacaíochta do gach cóir iompair
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil Trasteorann i Seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Ní fhéadfaidh ach daoine atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe seirbhísí custaim, lena n-áirítear seirbhísí imréitigh custaim agus seirbhísí a bhaineann le húsáid saoráidí stórála sealadaí nó trádstórais chustaim, a sholáthar. Chun amhras a sheachaint, áirítear leis sin cónaitheoirí na Ríochta Aontaithe, daoine a bhfuil buanáit ghnó acu sa Ríocht Aontaithe nó oifig chláraithe sa Ríocht Aontaithe. |
Bearta:
|
Cánachas (An tAcht Trádála Trasteorann) 2018; an tAcht um Bhainistiú Custam agus Máil 1979; na Rialacháin Chustaim (Easpórtáil) (Imeacht ón Aontas) 2019; na Rialacháin Chustaim (Dleacht ar Iompórtálacha) (Imeacht ón Aontas) 2018; na Rialacháin Chustaim (Nós Imeachta Speisialta agus Próiseáil Amach) (Imeacht ón Aontas) 2018; na Rialacháin maidir le Custaim agus Mál (Forálacha agus Leasuithe Ilghnéitheacha) (Imeacht ón Aontas) 2019/1215. |
(9) Seirbhísí cúnta le haghaidh iompar ar an uisce
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an Margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh:
|
I gcás seirbhísí calafoirt, féadfaidh comhlacht bainistíochta calafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthróirí seirbhísí calafoirt a theorannú i gcás seirbhísí calafoirt ar leith. |
Bearta:
|
Rialachán (AE) 2017/352 an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort, Airteagal 6 mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le Gníomh an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus arna leasú leis na Rialacháin um Sheirbhísí Píolótaíochta agus Calafoirt (Leasú) (Imeacht ón Aontas) 2020 (I.R. 2020/671) |
Na Rialacháin um Sheirbhísí Calafoirt 2019
Forchoimeádas Uimh. 8 – Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh
Earnáil – fo-earnáil: |
Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh - an mhianadóireacht agus an cairéalú |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 11, 8675, 883 |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Leibhéal rialtais: |
Lárnach agus Réigiúnach (mura sonraítear a mhalairt) |
|
Tuairisc: |
Tá ceadúnas ina cheangal chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus táirgthe ar Scairbh Ilchríochach an RA (UKCS), agus chun seirbhísí a sholáthar dá dteastaíonn rochtain dhíreach ar acmhainní nádúrtha nó a saothrú.
Baineann an forchoimeádas sin le ceadúnais táirgthe arna n-eisiúint i dtaobh Scairbh Ilchríochach an RA. Chun bheith ina Ceadúnaí, ní mór go mbeadh áit ghnó sa RA ag an gcuideachta. Ciallaíonn sé sin:
(i) |
láithreacht foirne sa RA; |
(ii) |
clárú cuideachta de chuid na Ríochta Aontaithe ag Teach na gCuideachtaí; nó |
(iii) |
clárú bhrainse RA de chuideachta eachtrach ag Teach na gCuideachtaí. |
Tá an ceanglas sin ann d’aon chuideachta a dhéanann iarratas ar cheadúnas nua agus d’aon chuideachta atá ag iarraidh dul le ceadúnas reatha trí shannadh. Baineann sé gach ceadúnas agus le gach fiontar, cibé acu go bhfuil oibreoir i gceist nó nach bhfuil. Chun bheith ina páirtí do cheadúnas a chlúdaíonn réimse táirgthe, ní mór do chuideachta: (a) a bheith cláraithe ag Teach na gCuideachtaí mar chuideachta de chuid na Ríochta Aontaithe; nó (b) gabháil dá gnó trí háit sheasta gnó sa RA mar atá sainmhínithe in alt 148 den Acht Airgeadais 2003 (ar gnách go mbíonn láithreacht foirne ina cheangal dó) (ISIC Rev. 3.1 11, CPC 883, 8675).
Bearta:
|
An tAcht Peitriliam 1998 |
(1) Chun críocha an fhorchoimeádais seo:
(a) |
ciallaíonn ‘dlí an dlínse óstaigh’ dlí an Bhallstáit shonraigh agus dlí an Aontais; ciallaíonn ‘dlí dlínse baile’ dlí na Ríochta Aontaithe; |
(b) |
ciallaíonn ‘dlí idirnáisiúnta’ an dlí poiblí idirnáisiúnta cé is moite de dhlí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear dlí arna bhunú le conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, chomh maith le dlí idirnáisiúnta an ghnáis; |
(c) |
áirítear i ‘seirbhísí comhairleacha dlí’ comhairle a sholáthar do chliaint agus dul i gcomhairle leo maidir le hábhair, lena n-áirítear idirbhearta, caidrimh agus díospóidí, lena mbaineann cur i bhfeidhm nó léiriú an dlí; rannpháirtíocht le cliaint nó thar ceann cliant in idirbheartaíocht agus déileálacha eile le tríú páirtithe maidir leis na hábhair sin; agus doiciméid a ullmhú a rialaítear go hiomlán nó go páirteach leis an dlí, agus doiciméid d'aon chineál a fhíorú chun críocha an dlí agus i gcomhréir le ceanglais an dlí; |
(d) |
áirítear i ‘seirbhísí ionadaíochta dlí’ doiciméid a ullmhú a bheartaítear a chur faoi bhráid gníomhaireachtaí riaracháin, na gcúirteanna nó binsí oifigiúla eile atá comhdhéanta mar is cuí; agus láithriú os comhair gníomhaireachtaí riaracháin, na gcúirteanna nó binsí oifigiúla eile atá comhdhéanta mar is cuí; |
(e) |
ciallaíonn ‘seirbhísí eadrána dlíthiúla, seirbhísí idir-réitigh dlíthiúla agus idirghabhála dlíthiúla’ doiciméid a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid eadránaithe, comhréiteora nó idirghabhálaithe, nó ullmhúchán lena n-aghaidh agus láithriú os a gcomhair, in aon díospóid lena mbaineann cur i bhfeidhm agus léiriú an dlí. Ní áirítear leis eadráin, seirbhísí idir-réitigh agus idirghabhála i ndíospóidí nach bhfuil cur i bhfeidhm ná léiriú an dlí i gceist leo, agus a thagann faoi sheirbhísí a ghabhann le comhairliúchán bainistíochta. Ní áirítear leis ach oiread gníomhú mar eadránaí, mar chomhréiteoir ná mar idirghabhálaí. Mar fhochatagóir, tagraíonn seirbhísí eadrána dlíthiúla idirnáisiúnta, seirbhísí idir-réitigh dlíthiúla idirnáisiúnta nó seirbhísí idirghabhála dlíthiúla idirnáisiúnta do na seirbhísí céanna nuair a bhaineann an díospóid le páirtithe ó dhá thír nó níos mó. |
(2) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lth 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lth 1.).
(4) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(5) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO AE L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (IO AE L 35, 4.2.2009, lch. 47).
(8) Treoir 97/67/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014. lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat maidir le seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais na gcalafort (IO AE L 57, 3.3.2017, lch. 1).
(11) Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhsithe ar talamh ag aerfoirt Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO AE L 269, 10.10.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN 20
BEARTA A BHEIDH ANN AMACH ANSEO
Príomhnótaí
1. |
Leagtar amach i Sceidil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais, faoi Airteagail 133, 139 agus 195 den Chomhaontú seo, na forchoimeádais a ghlac an Ríocht Aontaithe agus an tAontas maidir le bearta atá ann cheana nach gcomhlíonann na hoibleagáidí a fhorchuirtear le:
|
2. |
Tá forchoimeádais Páirtí gan dochar do chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi GATS. |
3. |
I ngach forchoimeádas leagtar amach na heilimintí seo a leanas:
|
4. |
Agus forchoimeádas á léiriú, déanfar gach eilimint de fhorchoimeádas a bhreithniú. Beidh forlámhas ag eilimint na ‘tuairisce’ ar gach eilimint eile. |
5. |
Chun críocha Sceidil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh:
|
6. |
Chun críocha Sceidil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais, glactar forchoimeádas maidir le ceanglas láithreacht áitiúil a bheith gcríoch an Aontais nó na Ríochta Aontaithe i gcoinne Airteagal 136 den Chomhaontú seo, agus ní i gcoinne Airteagal 135 nó 137 den Chomhaontú seo. Thairis sin, ní ghlactar le ceanglas den sórt sin mar fhorchoimeádas i gcoinne Airteagal 129 den Chomhaontú seo. |
7. |
Maidir le forchoimeádas a ghlactar ar leibhéal an Aontais, beidh feidhm aige maidir le beart de chuid an Aontais, maidir le beart de chuid Ballstáit ar an leibhéal lárnach nó maidir le beart rialtais laistigh de Bhallstát, mura rud é go n-eisiatar Ballstát leis an bhforchoimeádas. Maidir le forchoimeádas a dhéanann Ballstát, beidh feidhm aige maidir le beart rialtais ar an leibhéal lárnach réigiúnach nó áitiúil laistigh den Bhallstát sin. Chun críocha fhorchoimeádais na Beilge, clúdaíonn an leibhéal náisiúnta an rialtas cónaidhme agus rialtais na réigiún agus na gcomhphobal mar go bhfuil cumhachtaí reachtúla inniúla ag gach ceann acu. Chun críocha fhorchoimeádais an Aontais agus a chuid Ballstát, ciallaíonn leibhéal réigiúnach rialtais san Fhionlainn Oileáin Åland. Tá feidhm ag forchoimeádas arna ghlacadh ar leibhéal na Ríochta Aontaithe maidir le beart de chuid an rialtais láir, rialtais réigiúnaigh nó rialtais áitiúil. |
8. |
Ní áirítear ar liosta na bhforchoimeádas thíos bearta a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta cáilithe, caighdeáin theicniúla agus ceanglais cheadúnúcháin agus nósanna imeachta i gcás nach rochtain ar an margadh ná teorannú ar chóir náisiúnta iad de réir bhrí Airteagal 128, 129, 135, 136, 137 nó 194 den Chomhaontú seo. Leis na bearta sin, féadfar a chur san áireamh, go háirithe, an gá ceadúnas a fháil, oibleagáidí seirbhíse uilíocha a chomhlíonadh, cáilíochtaí aitheanta in earnálacha rialáilte a bheith gnóthaithe, pas i scrúduithe sonracha a ghnóthú, lena n-áirítear scrúduithe teanga, ceanglas ballraíochta i ngairm áirithe a chomhlíonadh, amhail ballraíocht in eagraíocht ghairmiúil, gníomhaire áitiúil a bheith ar fáil le haghaidh seirbhíse, nó seoladh áitiúil a choinneáil, nó aon cheanglais neamh-idirdhealaitheacha eile nach bhféadfar gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh i gcriosanna nó limistéir chosanta. Cé nach liostaítear iad leanann na bearta sin d’fheidhm a bheith acu. |
9. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chumhdaítear leis an oibleagáid cóir náisiúnta a dheonú, a mhéid a bhaineann leis an Aontas, an ceanglas an chóir chéanna a dheonaítear i mBallstát, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a leathnú chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid na Ríochta Aontaithe, ná an ceanglas aon bheart a ghlactar de bhun an Chonartha sin, lena n-áirítear a gcur chun feidhme sna Ballstáit, a leathnú chuig:
|
10. |
Maidir le cóir a dheonaítear do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe ag infheisteoirí Páirtí i gcomhréir le dlí an Pháirtí eile (lena n-áirítear, i gcás an Aontais, dlí Ballstáit) agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu laistigh den Pháirtí eile sin, tá an chóir sin gan dochar d’aon choinníoll nó oibleagáid, i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo, a d’fhéadfadh a bheith forchurtha ar an duine dlítheanach sin nuair a bhí sé bunaithe sa Pháirtí eile sin, agus a leanfaidh de bheith infheidhme. |
11. |
Níl feidhm ag na Sceidil ach amháin maidir le críocha na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 520(2) agus le hAirteagal 774 den Chomhaontú seo agus níl siad ábhartha ach amháin i gcomhthéacs an chaidrimh trádála idir an tAontas agus a Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe. Ní dhéanann siad difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais. |
12. |
Ar mhaithe le tuilleadh cinnteachta, ní teorannú maidir le rochtain ar an margadh de réir bhrí Airteagal 128, 135 nó 194 den Chomhaontú seo d’aon bheart:
|
13. |
Maidir le seirbhísí airgeadais: Murab ionann agus fochuideachtaí eachtracha, maidir le brainsí a bhunaítear i mBallstát ag institiúid airgeadais nach institiúid Eorpach í, níl na brainsí sin, ach i gcás eisceachtaí teoranta áirithe, faoi réir rialacháin stuamachta atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a chuireann ar chumas na bhfochuideachtaí sin tairbhe a bhaint as saoráidí feabhsaithe chun bunaíochtaí nua a chur ar bun agus seirbhísí trasteorann a sholáthar ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, faigheann na brainsí sin údarú oibriú i gcríoch Ballstáit faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha maidir le hinstitiúidí airgeadais intíre an Bhallstáit sin, agus féadtar go mbeidh roinnt ceanglas stuamachta le comhlíonadh acu, amhail, i gcás baincéireachta agus urrús, caipitliú ar leithligh agus ceanglais eile maidir le sócmhainneacht nó ceanglais maidir le tuairisciú agus cuntais a fhoilsiú nó, i gcás árachais, ceanglais shonracha maidir le ráthaíocht agus taisce, caipitliú ar leithligh, agus logánú sa Bhallstát lena mbaineann na sócmhainní arb iad na cúlchistí teicniúla agus an tríú cuid ar a laghad den chorrlach sócmhainneachta. |
Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas sa liosta forchoimeádas thíos:
UK |
An Ríocht Aontaithe |
AE |
An tAontas Eorpach, lena n-áirítear a Bhallstáit uile |
AT |
an Ostair |
BE |
an Bheilg |
BG |
an Bhulgáir |
CY |
an Chipir |
CZ |
an tSeicia |
DE |
an Ghearmáin |
DK |
an Danmhairg |
EE |
an Eastóin |
EL |
an Ghréig |
ES |
an Spáinn |
FI |
an Fhionlainn |
FR |
an Fhrainc |
HR |
an Chróit |
HU |
an Ungáir |
IE |
Éire |
IT |
an Iodáil |
LT |
an Liotuáin |
LU |
Lucsamburg |
LV |
an Laitvia |
MT |
Málta |
NL |
an Ísiltír |
PL |
an Pholainn |
PT |
an Phortaingéil |
RO |
an Rómáin |
SE |
an tSualainn |
SI |
an tSlóivéin |
SK |
Poblacht na Slóvaice |
Sceideal an Aontais
|
Forchoimeádas Uimh. 1 - Gach earnáil |
|
Forchoimeádas Uimh. 2 - Seirbhísí gairmiúla – seachas seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte |
|
Forchoimeádas Uimh. 3 - Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte agus le miondíol cógaisíochta |
|
Forchoimeádas Uimh. 4 - Seirbhísí Gnó – Seirbhísí taighde agus forbartha |
|
Forchoimeádas Uimh. 5 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí réadmhaoine |
|
Forchoimeádas Uimh. 6 - Seirbhísí gnó - Seirbhísí cíosa nó léasaithe |
|
Forchoimeádas Uimh. 7 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin agus Seirbhísí tuairiscithe creidmheasa |
|
Forchoimeádas Uimh. 8 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí socrúcháin |
|
Forchoimeádas Uimh. 9 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí slándála agus imscrúdaithe |
|
Forchoimeádas Uimh. 10 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí gnó eile |
|
Forchoimeádas Uimh. 11 - An Teileachumarsáid |
|
Forchoimeádas Uimh. 12 - An Fhoirgníocht |
|
Forchoimeádas Uimh. 13 - Seirbhísí dáileacháin |
|
Forchoimeádas Uimh. 14 - Seirbhísí oideachais |
|
Forchoimeádas Uimh. 15 - Seirbhísí comhshaoil |
|
Forchoimeádas Uimh. 16 – Seirbhísí airgeadais |
|
Forchoimeádas Uimh. 17 - Seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta |
|
Forchoimeádas Uimh. 18 - Seirbhísí a bhaineann le turasóireacht agus taisteal |
|
Forchoimeádas Uimh. 19 - Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt |
|
Forchoimeádas Uimh. 20 - Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar |
|
Forchoimeádas Uimh. 21 - An talmhaíocht, an iascaireacht agus uisce |
|
Forchoimeádas Uimh. 22 - Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh |
|
Forchoimeádas Uimh. 23 - Seirbhísí eile nach n-áirítear in aon áit eile |
Forchoimeádas Uimh. 1 - Gach earnáil
Earnáil: |
Gach earnáil |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil Oibleagáidí maidir le seirbhísí dlí |
Caibidil / Roinn: |
Léirscaoileadh infheistíochta, Trádáil trasteorann i seirbhísí agus Creat Rialála do sheirbhísí dlí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Bunú
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
An tAontas: Seirbhísí a mheastar a bheith ina bhfóntais phoiblí ar an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal áitiúil, féadfaidh siad a bheith faoi réir monaplachtaí poiblí nó faoi réir cearta eisiacha a dheonaítear d’oibreoirí príobháideacha. |
Tá fóntais phoiblí ann in earnálacha ar nós seirbhísí gaolmhara comhairliúcháin eolaíocha agus teicniúla, seirbhísí taighde agus forbartha maidir leis na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí, seirbhísí tástála agus anailíse teicniúla, seirbhísí comhshaoil, seirbhísí sláinte, seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a gabhann le gach modh iompair. Is minic a dheonaítear cearta eisiacha i leith na seirbhísí sin d’oibreoirí príobháideacha, mar shampla oibreoirí a bhfuil lamháltais acu ó údaráis phoiblí, faoi réir oibleagáidí sonracha maidir le seirbhísí. Sceidealú mionsonraithe uileghabhálach earnáilsonrach, níl sé sin praiticiúil de bhrí gur minic a bhíonn fóntais phoiblí ann ar an leibhéal fo-lárnach freisin. Níl feidhm ag an bhforchoimeádas sin maidir leis an teileachumarsáid ná le seirbhísí ríomhaireachta agus seirbhísí gaolmhara.
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta; Trádáil trasteorann i seirbhísí — Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Creat rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
In FI: Srianta ar an gceart daoine nádúrtha nach bhfuil saoránacht réigiúnach acu in Åland, agus daoine dlítheanacha, réadmhaoin a fháil in Oileáin Åland agus seilbh a choinneáil uirthi gan cead a fháil ó údaráis inniúla Oileáin Åland. Srianta ar an gceart bunaíochta agus an ceart gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh ag daoine nádúrtha, nach bhfuil saoránacht réigiúnach acu in Åland, agus ag aon fhiontar, gan cead a fháil agus seilbh a fháil ó údaráis inniúla Oileáin Åland. |
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Ahvenanmaan maanhankintalaki (An tAcht um thalamh a éadáil in Åland) (3/1975), s. 2; agus Ahvenanmaan itsehallintolaki (An tAcht um Neamhspleáchas Åland) (1144/1991), s. 11. |
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí; Creat Rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
In FR: De bhun airteagail L151-1 agus 151-1 et seq. den chód airgeadaíochta agus airgeadais, infheistíochtaí choigríche sa Fhrainc in earnálacha a liostaítear in Airteagail R.151-3 den chód airgeadaíochta agus airgeadais, tá siad faoi réir formheas a fháil roimh ré ón Aire Geilleagair. |
Bearta atá ann cheana:
|
FR: Mar a leagtar amach san eilimint tuairisce mar a luaitear thuas. |
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta – Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In FR: Rannpháirtíocht eachtrannach i gcuideachtaí nuaphríobháidithe a theorannú ionas gurb éard bheidh ann méid athraitheach den chothromas a chuirtear ar fáil don phobal, méid a chinnfidh rialtas na Fraince de réir an cháis. I gcás gníomhaíochtaí áirithe tráchtála, tionscail nó ceardaíochta, tá gá le húdarú sonrach maidir le bunaíocht mura bhfuil cead buanchónaithe ag an stiúrthóir bainistíochta. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Creat rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
In HU: Ba cheart go mbeadh láithreacht tráchtála ann i bhfoirm cuideachta faoi dhliteanas teoranta, cuideachta comhstoic nó oifig ionadaíochta. Níl iontráil thosaigh mar bhrainse ceadaithe ach le haghaidh seirbhísí airgeadais. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a bhaineann le réadmhaoin Stáit nó réadmhaoin phoiblí a shaothrú nó a úsáid, tá siad faoi réir lamháltais a dheonaítear faoi fhorálacha Acht na Lamháltas. |
I gcorparáidí tráchtála ina bhfuil sciar is mó ná 50% den chaipiteal ag an Stát nó ag bardas, aon idirbheart chun sócmhainní seasta de chuid na corparáide a dhiúscairt ar mhaithe le haon chonradh a thabhairt i gcrích maidir le leas rannpháirteachais, léas, comhghníomhaíocht nó creidmheas a éadáil, sin agus infháltais a urrúsú, chomh maith le haon oibleagáid a thabhú a eascraíonn as billí malairte, tá na hidirbhearta, an t-urrúsú agus an tabhú céanna faoi réir a n-údaraithe nó a gceadaithe ag an nGníomhaireacht um Phríobháidiú nó ag comhlachtaí eile stáit nó bardasacha, cibé acu is údarás inniúil. Ní bhaineann an forchoimeádas sin leis an mianadóireacht ná leis an gcairéalú, atá faoi réir forchoimeádas ar leithligh i sceideal an Aontais Eorpaigh in Iarscríbhinn 19 a ghabhann leis an gComhaontú seo.
IT: Féadfaidh an Rialtas cumhachtaí speisialta áirithe a fheidhmiú i bhfiontair a oibríonn i réimsí na cosanta agus na slándála náisiúnta, agus i ngníomhaíochtaí áirithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo i réimsí an fhuinnimh, an iompair agus na cumarsáide. Tá feidhm aige sin maidir le gach duine dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí a meastar go bhfuil tábhacht straitéiseach leo i réimsí na cosanta agus na slándála náisiúnta, ní hamháin maidir le cuideachtaí príobháidithe.
I gcás ina bhfuil an baol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach do leasanna bunúsacha na cosanta agus na slándála náisiúnta, tá na cumhachtaí seo a leanas ag an Rialtas:
(a) |
coinníollacha sonracha a fhorchur i gceannach scaireanna; |
(b) |
rúin a bhaineann le hoibríochtaí speisialta ar nós aistrithe, cumasc, deighilte agus athruithe gníomhaíochta, a nglacadh sin a chrosadh; nó |
(c) |
diúltú a thabhairt maidir le scaireanna a éadáil, i gcas ina bhfuil an ceannaitheoir ag féachaint le leibhéal rannpháirtíochta a bheith aige sa chaipiteal ar dócha go ndéanfadh sé dochar do leasanna na cosanta agus na slándála náisiúnta. |
Aon rún, gníomh nó idirbheart (ar nós aistrithe, cumasc, deighilte, athrú gníomhaíochta nó foirceannta) a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha i réimsí an fhuinnimh, an iompair agus na cumarsáide, tabharfaidh an chuideachta lena mbaineann fógra faoi d’oifig an Phríomh-Aire. Go háirithe, tabharfar fógra faoi éadálacha ag aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach lasmuigh den Aontas Eorpach lena dtugtar smacht ar an gcuideachta don duine sin.
Féadfaidh an Príomh-Aire na cumhachtaí speisialta seo a leanas a fheidhmiú:
(a) |
maidir le slándáil agus oibriú líonraí agus soláthairtí, aon rún, gníomh nó idirbheart ar bagairt eisceachtúil é maidir le díobháil thromchúiseach do leas an phobail, iad a chrosadh; |
(b) |
coinníollacha sonracha a fhorchur chun leas an phobail a ráthú; nó |
(c) |
éadáil a dhiúltú i gcásanna eisceachtúla ina bhfuil leasanna bunúsacha an Stáit i mbaol. |
Leagtar síos sa dlí na critéir chun an fhíorbhagairt nó an bhagairt eisceachtúil a mheas, agus na nósanna imeachta chun na cumhachtaí speisialta a fheidhmiú.
Bearta atá ann cheana:
|
IT: Dlí 56/2012 um chumhachtaí speisialta i gcuideachtaí a oibríonn sna réimsí a leanas – an chosaint agus an tslándáil náisiúnta, an fuinneamh, an t-iompar agus an chumarsáid; agus Foraithne an Phríomh-Aire DPCM 253 an 30.11.2012 lena sainmhínítear na gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo i réimse na cosanta agus na slándála náisiúnta. |
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In LT: Fiontair, earnálacha agus saoráidí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo maidir leis na tslándáil náisiúnta. |
Bearta atá ann cheana:
|
LT: An Dlí um Nithe a Chosaint a mBaineann Tábhacht leo maidir le Slándáil Náisiúnta Phoblacht na Liotuáine a Áirithiú an 10 Deireadh Fómhair 2002 Uimh. IX-1132 (arna leasú go deireanach an 12 Eanáir 2018 Uimh. XIII-992). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In SE: Ceanglais idirdhealaitheacha le haghaidh bunaitheoirí, bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí nuair a dhéantar foirmeacha nua comhlachais dhlíthiúil a ionchorprú i ndlí na Sualainne. |
(b) Réadmhaoin a fháil
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In HU: Maoin atá faoi úinéireacht stáit a éadáil. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In HU: Éadáil talún arúla ag daoine dlítheanacha eachtrannacha agus daoine nádúrtha neamhchónaitheacha. |
Bearta atá ann cheana:
|
HU: Acht CXXII 2013 um chúrsaíocht talún talmhaíochta agus foraoiseachta (Caibidil II (Mír 6-36) agus Caibidil IV (Mír 38-59)); agus Acht CCXII 2013 um bearta idirthréimhseacha agus forálacha áirithe a bhaineann le hAcht CXXII 2013 um chúrsaíocht talún talmhaíochta agus foraoiseachta (Caibidil IV (Mír 8-20)). |
|
In LV: Éadáil talún tuaithe ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe nó de thríú tír. |
Bearta atá ann cheana:
|
LV: An dlí um phríobháidiú talún i limistéir tuaithe, ss. 28, 29, 30. |
|
In SK: Cuideachtaí eachtrannacha ná daoine nádúrtha eachtrannacha, ní fhéadfaidh siad talamh talmhaíochta ná talamh foraoise a éadáil lasmuigh de theorainneacha ceantair uirbigh bardais, agus tá roinnt tailte eile ann nach bhféadfaidh siad a éadáil (e.g. acmhainní nádúrtha, lochanna, aibhneacha, bóithre poiblí etc.). |
Bearta atá ann cheana:
|
SK: Acht Uimh. 44/1988 um chosaint agus saothrú acmhainní nádúrtha;
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Daoine nádúrtha eachtrannacha agus daoine dlítheanacha eachtrannacha, ní fhéadfaidh siad talamh a éadáil. Daoine dlítheanacha de chuid na Bulgáire a bhfuil rannpháirtíocht eachtrannach acu, ní fhéadfaidh siad talamh talmhaíochta a éadáil. Daoine dlítheanacha eachtrannacha agus daoine nádúrtha eachtrannacha a bhfuil buanchónaí orthu thar lear, féadfaidh siad foirgnimh agus cearta réadmhaoine a éadáil (ceart úsáide, ceart tógála, ceart ollstruchtúr a thógáil agus daoirsí). Daoine nádúrtha eachtrannacha a bhfuil buanchónaí orthu thar lear, agus daoine dlítheanacha eachtrannacha ina n-áirithítear tromlach i nglacadh cinntí de bharr rannpháirtíocht eachtrannach nó ina gcuirtear bac ar chinntí a ghlacadh dá barr, féadfaidh siad cearta réadmhaoine a éadáil i limistéir gheografacha shonracha arna n-ainmniú ag Comhairle na nAirí, faoi réir cead a fháil. |
|
BG: Bunreacht Phoblacht na Bulgáire, airteagal 22; An Dlí um Úinéireacht agus Úsáid Talún Talmhaíochta, airteagal 3; agus an Dlí um Fhoraoisí, airteagal 10. |
|
In EE: Daoine nádúrtha eachtrannacha nó daoine dlítheanacha eachtrannacha nach as an LEE iad ná nach comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta iad, ní fhéadfaidh siad sócmhainn dhochorraithe a éadáil a bhfuil talamh talmhaíochta agus/nó foraoise inti ach le húdarú an rialtóra contae agus na comhairle cathrach, agus ní mór dóibh a chruthú, faoi mar a fhorordaítear le dlí, go n-úsáidfear an tsócmhainn dhochorraithe go héifeachtúil, go hinbhuanaithe agus d’aon ghnó de réir an chuspóra atá beartaithe lena haghaidh. |
Bearta atá ann cheana:
|
EE: Kinnisasja omandamise kitsendamise seadus (An tAcht um Shrianta ar Éadáil Sócmhainní Dochorraithe) Caibidlí 2 agus 3. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta:
|
In LT: Aon bheart atá comhsheasmhach leis na gealltanais a thug an tAontas Eorpach agus atá infheidhme sa Liotuáin in GATS maidir le talamh a éadáil. An nós imeachta maidir le dáileacht talún a éadáil, na téarmaí agus na coinníollacha, chomh maith le srianta, leagfar síos iad leis an Dlí Bunreachtúil, leis an Dlí um Thalamh agus leis an Dlí um Éadáil Talún Talmhaíochta. |
Mar sin féin, rialtais áitiúla (bardais) agus eintitis náisiúnta eile de chuid comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, rialtais agus eintitis a ghabhann do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Liotuáin agus a shonraítear leis an dlí bunreachtúil i gcomhréir le critéir an Aontais Eorpaigh agus le lánpháirtiú eile a bhfuil an Liotuáin imithe ina bhun, tá cead acu dáileachtaí talún nach talamh thalmhaíochta iad a éadáil faoina n-úinéireacht féin, dáileachtaí a bhfuil gá acu leo chun na foirgnimh agus na saoráidí is gá le haghaidh a ngníomhaíochtaí díreacha a thógáil agus a oibriú.
Bearta atá ann cheana:
|
LT: Bunreacht Phoblacht na Liotuáine; Dlí Bunreachta Phoblacht na Liotuáine maidir le Cur Chun Feidhme Mhír 3 d’Airteagal 47 de Bhunreacht Phoblacht na Liotuáine an 20 Meitheamh 1996, Uimh. I-1392 arna leasú go deireanach an 20 Márta 2003, Uimh. IX-1381; An dlí um thalamh, an 27 Eanáir 2004, Uimh. IX-1983; agus An dlí um éadáil talún talmhaíochta an 24 Aibreán 2014, Uimh. XII-854. |
(c) Aitheantas
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In AE: Treoracha an Aontais maidir le haitheantas frithpháirteach dioplómaí agus cáilíochtaí gairmiúla eile, níl feidhm acu ach maidir le saoránaigh an Aontais. Leis an gceart chun seirbhís ghairmiúil rialáilte a chleachtadh i mBallstát amháin, ní dheonaítear an ceart chun cleachtadh i mBallstát eile. |
(d) Cóir an náisiúin barrfhabhair
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Creat Rialála do sheirbhísí dlí – Oibleagáidí:
|
An tAontas: Cóir dhifreálach a thabhairt do thríú tír de bhun aon chonradh infheistíochta idirnáisiúnta nó aon chomhaontaithe trádála eile atá i bhfeidhm nó a síníodh roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. |
An tAontas: Cóir dhifreálach a thabhairt do thríú tír de bhun aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo:
(i) |
lena gcruthaítear margadh inmheánach i seirbhísí agus infheistíocht; |
(ii) |
lena ndeonaítear an ceart bunaíochta; nó |
(iii) |
lena gceanglaítear comhfhogasú reachtaíochta in earnáil eacnamaíoch amháin nó níos mó. |
Margadh inmheánach i seirbhísí agus infheistíocht, ciallaíonn sé limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht seirbhísí, caipitil agus daoine.
Ciallaíonn an ceart bunaíochta oibleagáid deireadh a chur go substaintiúil trí theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe le gach bacainn maidir le bunaíocht i measc pháirtithe an chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh. Cuimseofar sa cheart bunaíochta an ceart ag náisiúnaigh de pháirtithe an chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh fiontair a chur ar bun agus a oibriú faoi na coinníollacha céanna a chuirtear ar fáil do náisiúnaigh faoi dhlí an pháirtí ina mbunaítear amhlaidh.
Ciallaíonn comhfhogasú reachtaíochta:
(i) |
reachtaíocht páirtí amháin nó níos mó sa chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach a ailíniú le reachtaíocht an pháirtí nó na bpáirtithe eile sa chomhaontú sin; nó |
(ii) |
reachtaíocht choiteann a ionchorprú i ndlí na bpáirtithe sa chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach. |
Ní dhéanfar an t-ailíniú ná an t-ionchorprú sin, ná ní mheasfar go ndearnadh sé, go dtí an tráth a achtófar é i ndlí an pháirtí nó na bpáirtithe sa chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach.
Bearta atá ann cheana:
|
An tAontas Eorpach: Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; Comhaontuithe Cobhsaithe; Comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise; agus Comhaontuithe Saorthrádála Doimhne agus Cuimsitheacha. |
An tAontas: Cóir dhifreálach a thabhairt do náisiúnaigh nó d’fhiontair maidir leis an gceart bunaíochta trí bhíthin comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo idir na Ballstáit seo a leanas: BE, DE, DK, EL, ES, FR, IE, IT, LU, NL, PT agus aon cheann de na tíortha nó na prionsachtaí seo a leanas: Andóra, Monacó, San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine.
In DK, FI, SE: Bearta a dhéanfaidh an Danmhairg, an tSualainn agus an Fhionlainn lena ndíreofar ar chomhar Nordach a chur chun cinn, ar nós:
(a) |
tacaíocht airgeadais le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha (T&F) (an Ciste Tionscail Nordach); |
(b) |
staidéir indéantachta a chistiú do thionscadail idirnáisiúnta (an Ciste Nordach d’Onnmhairí Tionscadail); agus |
(c) |
cúnamh airgeadais le haghaidh cuideachtaí a úsáideann teicneolaíocht chomhshaoil (an Chorparáid Airgeadais Nordach le haghaidh an Chomhshaoil). Is é cuspóir na Corparáide Airgeadais Nordaí le haghaidh an Chomhshaoil (NEFCO) infheistíochtaí a chur chun cinn a rachaidh chun leasa an chomhshaoil Nordaigh, lena leagfar béim ar Oirthear na hEorpa. |
Tá an forchoimeádas seo gan dochar d’eisiamh an tsoláthair ag Páirtí nó d’fhóirdheontais in Airteagal 123(6) agus (7) den Chomhaontú seo.
In PL: Coinníollacha fabhracha chun seirbhísí a bhunú nó a sholáthar ar bhonn trasteorann, seirbhísí ina bhféadfar srianta áirithe a chumhdaítear sa liosta d’fhorchoimeádais is infheidhme sa Pholainn a dhíbirt nó a leasú, féadfar síneadh a chur leo trí chonarthaí tráchtála agus loingseoireachta.
In PT: Ceanglais náisiúntachta a tharscaoileadh le haghaidh cleachtadh gníomhaíochtaí agus gairmeacha áirithe maidir le daoine nádúrtha a sholáthraíonn seirbhísí le haghaidh tíortha inarb í an Phortaingéilis an teanga oifigiúil (Angóla, an Bhrasaíl, Cabo Verde, Guine Bissau, an Ghuine Mheánchiorclach, Mósaimbíc, São Tomé agus Principe, agus Tíomór Thoir).
(e) Airm, muinisean agus ábhar cogaidh
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Láithreacht áitiúil:
|
In AE: Airm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a dháileadh, nó trádáil iontu. Tá ábhar cogaidh teoranta d’aon táirge ar lena úsáid go míleata amháin, i ndáil le gníomhaíochtaí cogaidh nó cosanta a dhéanamh, a bheartaítear agus a dhéantar é. |
Forchoimeádas Uimh. 2 - Seirbhísí gairmiúla - seachas seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte
Earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí dlí: seirbhísí nótairí agus báillí; seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta; seirbhísí iniúchóireachta, seirbhísí comhairleacha cánachais; seirbhísí ailtireachta agus seirbhísí pleanála uirbí; seirbhísí innealtóireachta agus seirbhísí innealtóireachta comhtháite |
Aicmiú Tionscail: |
Cuid de CPC 861, cuid de 87902, 862, 863, 8671, 8672, 8673, 8674, cuid de 879 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Seirbhísí dlí
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
An tAontas, cé is moite de SE: Soláthar seirbhísí comhairleacha dlí, seirbhísí údaraithe dlí, seirbhísí doiciméadachta agus seirbhísí deimhnithe arna soláthar ag gairmithe dlí a gcuirtear feidhmeanna poiblí de chúram orthu, ar nós nótairí, ‘huissiers de justice’ nó ‘officiers publics et ministériels’ eile, agus i ndáil le seirbhísí a chuireann báillí ar fáil a cheaptar trí bhíthin acht oifigiúil rialtais (cuid de CPC 861, cuid de 87902). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
In BG: Cóir náisiúnta iomlán i leith bunú agus oibriú cuideachtaí, agus i leith soláthar seirbhísí chomh maith, ní féidir sin a leathnú ach chuig cuideachtaí atá bunaithe sna tíortha lenar tugadh socruithe fabhracha i gcrích nó lena dtabharfar socruithe fabhracha i gcrích, agus chuig saoránaigh de na tíortha sin (cuid de CPC 861).
In LT: Ní féidir le haturnaetha ó thíortha eachtrannacha a bheith rannpháirteach mar abhcóidí sa chúirt ach amháin i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta (cuid de CPC 861), lena n-áirítear forálacha sonracha maidir le hionadaíocht os comhair cúirteanna.
(b) Seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta (CPC 8621 seachas seirbhísí iniúchóireachta, 86213, 86219, 86220)
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In HU: Gníomhaíochtaí trasteorann le haghaidh cuntasaíochta agus leabharchoimeádta. |
Bearta atá ann cheana:
|
HU: Acht C de 2000; agus Acht LXXV de 2007. |
(c) Seirbhísí iniúchóireachta (CPC – 86211, 86212 seachas seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta)
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí - Cóir náisiúnta:
|
In BG: Iniúchóirí cláraithe is comhaltaí den Institiúid Cuntasóirí Poiblí Deimhnithe, cuirfidh siad iniúchóireacht airgeadais neamhspleách chun feidhme. Faoi réir cómhalartachta, cláróidh an Institiúid Cuntasóirí Poiblí Deimhnithe eintiteas iniúchóireachta as an Ríocht Aontaithe nó as tríú tír tar éis don Ríocht Aontaithe nó don tríú tír cruthúnas a thaispeáint ina léirítear:
|
Bearta atá ann cheana:
|
BG: An tAcht um Iniúchóireacht Airgeadais Neamhspleách. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In CZ: Ní údaraítear le hiniúchtaí a dhéanamh i bPoblacht na Seice ach duine dlítheanach ina bhforchoimeádtar 60 faoin gcéad ar a laghad de na leasanna caipitil nó de na cearta vótála do náisiúnaigh de Phoblacht na Seice nó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. |
Bearta atá ann cheana:
|
CZ: Dlí an 14 Aibreán 2009 uimh. 93/2009 Coll., maidir le hIniúchóirí. |
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In HU: Soláthar trasteorann seirbhísí iniúchóireachta. |
Bearta atá ann cheana:
|
HU: Acht C de 2000; agus Acht LXXV de 2007. |
In PT: Soláthar trasteorann seirbhísí iniúchóireachta.
(d) Seirbhísí ailtireachta agus pleanála uirbí (CPC 8674)
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In HR: Soláthar trasteorann pleanála uirbí. |
Forchoimeádas Uimh. 3 - Seirbhísí gairmiúla – seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte agus le miondíol cógaisíochta
Earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, miondíolacháin earraí cógaisíochta, leighis agus ortaipéideacha agus seirbhísí eile arna soláthar ag cógaiseoirí |
Aicmiú tionscail: |
CPC 63211, 85201, 9312, 9319, 93121 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Seirbhísí leighis agus fiaclóireachta; seirbhísí arna soláthar ag mná cabhracha, altraí, fisiteiripeoirí, síceolaithe agus foireann pharaimhíochaine (CPC 63211, 85201, 9312, 9319, CPC 932)
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh agus Cóir náisiúnta:
|
In FI: Soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, bíodh sí á maoiniú go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear seirbhísí leighis agus fiaclóireachta, seirbhísí a sholáthraíonn mná cabhrach, fisiteiripeoirí agus foireann pharaimhíochaine chomh maith le seirbhísí a sholáthraíonn síceolaithe, seachas seirbhísí a sholáthraíonn altraí (CPC 9312, 93191). |
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Laki yksityisestä terveydenhuollosta (An tAcht um Chúram Sláinte Príobháideach) (152/1990) |
In BG: Soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, bíodh sí á maoiniú go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear seirbhísí leighis agus fiaclóireachta, seirbhísí a sholáthraíonn altraí, mná cabhrach, fisiteiripeoirí agus foireann pharaimhíochaine chomh maith le seirbhísí a sholáthraíonn síceolaithe (CPC 9312, cuid de 9319).
Bearta atá ann cheana:
|
BG: Acht um Eagraíocht Ghairmiúil Altraí Leighis, Ban Cabhrach agus Cumann na Speisialtóirí Leighis Gaolmhara |
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh agus Cóir náisiúnta:
|
In CZ, MT: Soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, bíodh sí á maoiniú go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe amhail dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí agus síceolaithe, chomh maith le seirbhísí gaolmhara eile (CPC 9312, cuid de 9319). |
Bearta atá ann cheana:
|
CZ: Acht Uimh. 296/2008 Coll., um Cháilíocht agus Sábháilteacht Fíochán agus Ceall Daonna a Chosaint atá Ceaptha le hÚsáid sa Duine (‘Acht um Fíocháin agus Cealla Daonna’); Acht Uimh. 378/2007 Coll., maidir le hEarraí Cógaisíochta agus maidir le Leasuithe ar Roinnt Achtanna Gaolmhara (Acht maidir le hEarraí Cógaisíochta); Acht Uimh. 268/2014 Coll. maidir le feistí leighis agus lena leasaítear Acht Uimh. 634/2004 Coll. maidir le táillí riaracháin, arna leasú ina dhiaidh sin; Acht Uimh. 285/2002 Coll., maidir le Deonú, Tógáil agus Trasphlandú Fíochán agus Orgán agus maidir le Leasú ar Achtanna Áirithe (an tAcht um Thrasphlandú). Acht Uimh. 372/2011 Coll. maidir le seirbhísí sláinte agus maidir leis na coinníollacha a bhaineann lena soláthar Acht Uimh. 373/2011 Coll., maidir le seirbhísí sláinte sonracha). |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas, cé is moite de NL agus SE: Tá ceanglas cónaithe ann le haghaidh soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, bíodh sí á maoiniú go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe amhail dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí agus síceolaithe, chomh maith le seirbhísí gaolmhara eile. Ní fhéadfaidh ach daoine ag a bhfuil láithreacht fhisiceach i gcríoch an Aontais Eorpaigh na seirbhísí sin a sholáthar (CPC 9312, cuid de 93191). |
In BE: Soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, bíodh sí á maoiniú go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear seirbhísí leighis agus fiaclóireachta, seirbhísí a sholáthraíonn altraí, mná cabhrach, fisiteiripeoirí agus foireann pharaimhíochaine chomh maith le seirbhísí a sholáthraíonn síceolaithe. (cuid de CPC 85201, 9312, cuid de 93191).
In PT: (Chomh maith leis sin, maidir le cóir an náisiún barrfhabhair) I ndáil le gairmeacha fisiteiripeoirí, pearsanra paraimhíochaine agus póidiatraithe, is féidir a cheadú do ghairmithe eachtracha cleachtadh ar bhonn cómhalartacht.
(b) Seirbhísí tréidliachta (CPC 932)
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In BG: Féadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach bunaíocht leighis tréidliachta a bhunú. |
Is do náisiúnaigh den LEE agus do bhuanchónaitheoirí amháin a cheadaítear cleachtadh na tréidliachta (ní mór láithreacht fhisiciúil a bheith ag cónaitheoirí buana).
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE, LV: Soláthar trasteorann seirbhísí tréidliachta. |
(c) Miondíolacháin earraí cógaisíochta, leighis agus ortaipéideacha, seirbhísí eile arna soláthar ag cógaiseoirí (CPC 63211)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas, cé is moite de EL, IE, LU, LT agus NL: Chun srian a chur le líon na soláthróirí atá i dteideal seirbhís áirithe a sholáthar i gcrios nó i limistéar áitiúil ar leith ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Dá bhrí sin féadfar tástáil riachtanais eacnamaíoch a chur i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar fhachtóirí mar líon na mbunaíochtaí atá ann faoi láthair agus an tionchar orthu, bonneagar iompair, dlús daonra nó raon geografach. |
|
An tAontas, cé is moite de BE, BG, EE, ES, IE agus IT: Ní féidir postdíol a dhéanamh ach ó Bhallstáit den LEE, rud a fhágann go bhfuil sé de cheangal bunaíocht a bheith ann in aon cheann de na tíortha sin le haghaidh miondíol cógaisíochta agus earraí sonracha leighis leis an bpobal i gcoitinne san Aontas. |
In CZ: Ní féidir díolacháin mhiondíola a dhéanamh ach ó Bhallstáit.
In BE: Is ó chógaslann atá bunaithe sa Bheilg amháin is féidir earraí sonracha cógaisíochta agus earraí sonracha leighis a dhíol.
In BG, EE, ES, IT agus LT: Miondíol trasteorann cógaisíochta.
In IE agus LT: Miondíol trasteorann cógaisíochta lena bhfuil oideas ag teastáil.
In PL: Ní mór idirghabhálaithe i dtrádáil táirgí íocshláinte a chlárú agus áit chónaithe nó oifig chláraithe a bheith acu ar chríoch Phoblacht na Polainne.
I dtaca le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: Miondíol earraí cógaisíochta agus miondíol earraí leighis agus ortaipéideacha |
I dtaca le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh agus Cóir náisiúnta:
|
In SE: Miondíolacháin earraí cógaisíochta agus soláthar earraí cógaisíochta don phobal i gcoitinne. |
Bearta atá ann cheana:
|
AT: Arzneimittelgesetz (An tAcht um Chógas), BGBl. Uimh. 185/1983 arna leasú, §§ 57, 59, 59a; agus Medizinproduktegesetz (Dlí maidir le Táirgí Leighis), BGBl. Uimh. 657/1996 arna leasú, § 99. |
|
BE: Arrêté royal du 21 janvier 2009 portant instructions pour les pharmaciens; agus Arrêté royal du 10 novembre 1967 relatif à l’exercice des professions des soins de santé. |
|
CZ : Acht Uimh. 372/2011 Coll., maidir le hearraí cógaisíochta, mar a leasaíodh é; agus Acht Uimh. 372/2011 Coll., maidir le Seirbhísí Sláinte, mar a leasaíodh é. |
|
FI: Lääkelaki (An tAcht Leighis) (395/1987). |
|
PL: An Dlí Cógaisíochta, Airteagal 73a (Iris Dlíthe 2020, mír 944, 1493). |
|
SE: Dlí maidir le trádáil in earraí cógaisíochta (2009:336) Rialachán maidir le trádáil in earraí cógaisíochta (2009:659); agus Tá rialacháin bhreise glactha ag Gníomhaireacht na Sualainne um Tháirgí Leighis, agus is féidir na sonraí fúthu a fháil ag (LVFS 2009:9) |
Forchoimeádas Uimh. 4 - Seirbhísí Gnó – Seirbhísí taighde agus forbartha
Earnáil: |
Seirbhísí taighde agus forbartha |
Aicmiú tionscail: |
CPC 851, 852, 853 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
In RO: Soláthar trasteorann seirbhísí taighde agus forbartha. |
Bearta atá ann cheana:
|
RO: Ordanás Rialtais uimh. 6 / 2011; Ordú ón Aire Oideachais agus Taighde Uimh. 3548 / 2006; agus Cinneadh Rialtais Uimh. 134 / 2011. |
Forchoimeádas Uimh. 5 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí réadmhaoine
Earnáil: |
Seirbhísí réadmhaoine |
Aicmiú tionscail: |
CPC 821, 822 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
In CZ agus HU: Soláthar trasteorann seirbhísí réadmhaoine. |
Forchoimeádas Uimh. 6 - Seirbhísí gnó - Seirbhísí cíosa nó léasaithe
Earnáil: |
Seirbhísí cíosa nó léasaithe gan oibreoirí |
Aicmiú tionscail: |
CPC 832 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Trádáil Trasteorann i Seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
In BE agus FR: Soláthar trasteorann seirbhísí léasaithe nó cíosa gan oibreoir i ndáil le hearraí pearsanta agus tí. |
Forchoimeádas Uimh. 7 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin agus seirbhísí tuairiscithe creidmheasa
Earnáil: |
Seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin, seirbhísí tuairiscithe creidmheasa |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87901, 87902 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
An tAontas, cé is moite de ES, LV agus SE, maidir le soláthar seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin agus seirbhísí tuairiscithe creidmheasa. |
Forchoimeádas Uimh. 8 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí socrúcháin
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí Gnó – seirbhísí socrúcháin |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87201, 87202, 87203, 87204, 87205, 87206, 87209 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
|
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Rochtain ar an margadh:
|
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
Bearta atá ann cheana:
|
AT: §§97 agus 135 d’Acht Trádála na hOstaire (Gewerbeordnung), Iris Oifigiúil Dlí na Cónaidhme Uimh. 194/1994 arna leasú; agus An tAcht um Fhostaíocht Shealadach (Arbeitskräfteüberlassungsgesetz/AÜG), Iris Oifigiúil Dlí na Cónaidhme Uimh. 196/1988 arna leasú. |
|
BG: An tAcht um Fhostaíocht a Spreagadh, Airteagail 26, 27, 27a agus 28. |
|
CY: An Dlí um Ghníomhaireacht Phríobháideach Fostaíochta Uimh. 126(I)/2012 arna leasú. |
|
CZ: Acht um Fhostaíocht (435/2004). |
|
DE: Gesetz zur Regelung der Arbeitnehmerüberlassung (AÜG); Sozialgesetzbuch Drittes Buch (SGB III; Cód Sóisialta, Leabhar a Trí) - Cur Chun Cinn na Fostaíochta; Verordnung über die Beschäftigung von Ausländerinnen und Ausländern (BeschV; Ordanás ar Fhostaíocht Eachtrannach). |
|
DK: §§ 8a – 8f i bhforaithne dlí uimh. 73 an 17 Eanáir 2014 agus atá sonraithe i bhforaithne uimh. 228 an 7 Márta 2013 (fostaíocht maraithe); an tAcht um Cheadanna Fostaíochta, 2006. S1(2) agus (3). |
|
EL: Dlí 4052/2012 (Iris Oifigiúil an Rialtais 41 Α) arna leasú le roinnt dá fhoráil leis an dlí Uimh.4093/2012 (Iris Oifigiúil an Rialtais 222 Α). |
|
ES: Real Decreto-ley 8/2014, de 4 de julio, de aprobación de medidas urgentes para el crecimiento, la competitividad y la eficiencia (tramitado como Ley 18/2014, de 15 de octubre). |
|
FI: Laki julkisesta työvoima- ja yrityspalvelusta (An tAcht um Sheirbhís Phoiblí Fostaíochta agus Fiontair) (916/2012). |
|
HR: Acht um Mhargadh an tSaothair (OG 118/18, 32/20)
|
|
IE: Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006. S1(2) agus (3). |
|
IT: Foraithne Reachtach 276/2003, airteagail 4, 5. |
|
LT: Cód Saothair Phoblacht na Liotuáine, arna fhormheas le Dlí Uimh. XII-2603 an 14 Meán Fómhair 2016 ó Phoblacht na Liotuáine, An Dlí maidir le Stádas Dlíthiúil Eachtrannach i bPoblacht na Liotuáine an 29 Aibreán 2004 Uimh. IX-2206 arna leasú go deireanach an 03-12-2019 Uimh. XIII-2582. |
|
LU: Loi du 18 janvier 2012 portant création de l’Agence pour le développement de l’emploi (Dlí an 18 Eanáir 2012 maidir le gníomhaireacht a chruthú d’fhorbairt fostaíochta – ADEM). |
|
MT: An tAcht Seirbhísí Fostaíochta agus Oiliúna, (Cap 343) (Airteagail 23 go 25); agus Rialacháin maidir le Gníomhaireachtaí Fostaíochta (S.L. 343.24). |
|
PL: Airteagal 18 d’Ionstraim an 20 Aibreán 2004 maidir le hinstitiúidí fostaíochta agus margaidh saothair a chur chun cinn (Dz.U. de 2015, Mír 149, arna leasú). |
|
PT: Foraithne Uimh. 260/2009 an 25 Meán Fómhair, arna leasú le Dlí Uimh. 5/2014 an 12 Feabhra (rochtain agus soláthar seirbhísí ag gníomhaireachtaí socrúcháin). |
|
RO: Dlí Uimh. 156/2000 maidir le cosaint saoránach Rómánach atá ag obair thar lear, athfhoilsithe, agus Cinneadh Rialtais Uimh. 384/2001 maidir leis na noirm mhodheolaíochta a fhormheas chun Dlí Uimh. 156/2000 a chur i bhfeidhm, le leasuithe ina dhiaidh sin; Ordanás Uimh. 277/2002 ón Rialtas, arna mhodhnú le hOrdanás Uimh. 790/2004 ón Rialtas agus le hOrdanás Uimh. 1122/2010 ón Rialtas; agus Dlí uimh. 53/2003 - Cód Saothair, arna athfhoilsiú, le leasuithe agus forlíonadh ina dhiaidh sin agus Cinneadh an Rialtais Uimh. 1256/2011 maidir leis na coinníollacha oibriúcháin agus an nós imeachta um údarú do ghníomhaireacht oibre shealadach. |
|
SI: Acht rialaithe mhargadh an tsaothair (Iris Oifigiúil RS, Uimh. 80/2010, 21/2013, 63/2013, 55/2017); agus an tAcht um Fhostaíocht, Féinfhostaíocht agus Obair Eachtrannach – ZZSDT (Iris Oifigiúil RS, Uimh. 47/2015), ZZSDT-UPB2 (Iris Oifigiúil RS, Uimh. 1/2018). |
|
SK: Acht Uimh. 5/2004 maidir le Seirbhísí Fostaíochta; agus Acht Uimh. 455/1991 maidir le Ceadúnú Trádála. |
Forchoimeádas Uimh. 9 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí slándála agus imscrúdaithe
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gnó – seirbhísí slándála agus imscrúdaithe |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87302, 87303, 87304, 87305, 87309 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Seirbhísí slándála (CPC 87302, 87303, 87304, 87305, 87309)
I dtaca le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG, CY, CZ, EE, ES, LT, LV, MT, PL, RO, SI agus SK: Soláthar seirbhísí slándála. |
|
In DK, HR agus HU: Soláthar na bhfo-earnálacha seo a leanas: seirbhísí garda (87305) in HR agus HU, seirbhísí comhairliúcháin slándála (87302) in HR, seirbhísí garda aerfoirt (cuid de 87305) in DK agus seirbhísí carr armúrtha (87304) in HU. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In BE: Tá ceanglas maidir le náisiúntacht i mBallstát ar bhoird stiúrthóirí fiontar, daoine dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí garda agus slándála (87305), chomh maith le comhairliúchán agus oiliúint a bhaineann le seirbhísí slándála (87302). Bainistíocht shinsearach na gcuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí comhairliúcháin garda agus slándála, ní mór iad a bheith ina náisiúnaigh chónaitheacha i mBallstát. |
|
In FI: Ní fhéadfar ceadúnais maidir le soláthar seirbhísí slándála a dheonú ach amháin do dhaoine nádúrtha ar a bhfuil cónaí in LEE nó daoine dlítheanacha atá bunaithe in LEE. |
|
In ES: Soláthar trasteorann seirbhísí slándála. Tá ceanglais náisiúntachta ann do phearsanra slándála príobháideach. |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE, FI, FR agus PT: Ní cheadaítear do sholáthróir eachtrach seirbhísí slándála a sholáthar ar bhonn trasteorann. Tá ceanglais náisiúntachta ann do shainphearsanra in PT agus do stiúrthóirí agus stiúrthóirí bainistíochta in FR. |
Bearta atá ann cheana:
|
BE: Loi réglementant la sécurité privée et particulière, 2 Octobre 2017. |
|
BG: An tAcht um Ghnó Slándála Príobháidí. |
|
CZ: An tAcht ar Cheadúnas Trádála. |
|
DK: Rialachán maidir leis an tslándáil eitlíochta. |
|
FI: Laki yksityisistä turvallisuuspalveluista (An tAcht um Sheirbhísí Príobháideacha Slándála) 282/2002 |
|
LT: Dlí ar Mhaoirseacht ar Dháileadh Piriteicnice 8 Iúil 2004. Uimh. IX-2327. |
|
LV: Dlí ar Ghníomhaíochtaí Garda Slándála (Ranna 6, 7, 14). |
|
PL: Acht an 24 Márta 1920 ar Éadáil réadmhaoine ag Eachtrannaigh (Iris Dlíthe 2016, mír 1432 arna leasú). |
|
PT: Dlí 34/2013 alterada p/ Lei 46/2019, 16 maio; agus Ordanás 273/2013 alterada p/ Portaria 106/2015, 13 abril. |
|
SI: Zakon o zasebnem varovanju (An dlí maidir le slándáil phríobháideach). |
(b) Seirbhísí imscrúdaithe (CPC 87301)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas, cé is moite de AT agus SE: Soláthar seirbhísí imscrúdaithe. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In LT agus PT: Sa Phortaingéil, monaplacht atá forchoimeádta don Stát is ea iad na seirbhísí imscrúdaithe. |
Forchoimeádas Uimh. 10 - Seirbhísí Gnó - Seirbhísí gnó eile
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gnó – seirbhísí gnó eile (seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, seirbhísí dúblála, seirbhísí atá teagmhasach le dáileadh fuinnimh agus seirbhísí atá teagmhasach le monarú) |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87905, 87904, 884, 887 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta (CPC 87905)
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
In HR: Soláthar trasteorann aistriúcháin agus ateangaireachta ar dhoiciméid oifigiúla.
(b) Seirbhísí dúbailte (CPC 87904)
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In HU: Soláthar trasteorann seirbhísí dúbailte. |
(c) Seirbhísí atá teagmhasach le dáileadh fuinnimh agus seirbhísí atá teagmhasach le monarú (Cuid de CPC 884, 887 seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In HU: Seirbhísí atá teagmhasach le dáileadh fuinnimh, agus soláthar trasteorann seirbhísí atá teagmhasach le monarú, ach amháin seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin a bhaineann leis na hearnálacha sin. |
(d) Cothabháil agus deisiú soithí, trealamh iompair iarnróid agus aerárthaí agus páirteanna díobh (cuid de CPC 86764, CPC 86769, CPC 8868)
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In AE, cé is moite de AT agus SE: Soláthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe trealaimh iompair d’iarnród. |
|
In AE, cé is moite de CZ, NL, SE agus SK: Soláthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe soithí iompair ar uiscebhealaí intíre. |
|
In AE, cé is moite de BE, BG, EE, ES, IE agus IT: Soláthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe soithí muirí. |
|
In AE, cé is moite de EL, IE, LU, LT agus NL: Soláthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe aerárthaí agus páirteanna díobh (cuid de CPC 86764, CPC 86769, CPC 8868). |
|
In AE: Soláthar trasteorann seirbhísí suirbhéanna reachtúla agus deimhniúchán long. |
Bearta atá ann cheana:
|
An tAontas Eorpach: Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
(e) Seirbhísí gnó eile a bhaineann le heitlíocht
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
An tAontas: lena dtugtar cóir dhifreálach do Cheanada nó do thríú tír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a bhaineann le hiascaigh.
|
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In DE, FR: aerchomhrac dóiteáin, oiliúint eitilte, spraeáil, suirbhéireacht, mapáil, grianghrafadóireacht, agus seirbhísí aerbheirthe eile talmhaíochta, tionsclaíocha agus cigireachta; |
|
In FI, SE: Aerchomhrac dóiteáin |
Forchoimeádas Uimh. 11 - An Teileachumarsáid
Earnáil: |
Seirbhísí tarchurtha craolacháin satailíte |
Aicmiú tionscail: |
|
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
In BE: Seirbhísí tarchurtha craolacháin satailíte. |
Forchoimeádas Uimh. 12 - An Fhoirgníocht
Earnáil: |
Seirbhísí foirgníochta |
Aicmiú tionscail: |
CPC 51 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
In LT: Ní thugtar an ceart chun cáipéisí dearaidh a ullmhú i gcomhair oibreacha foirgníochta a bhfuil tábhacht eisceachtúil leo ach d’fhiontar dearaidh atá cláraithe sa Liotuáin, nó fiontar dearaidh eachtrach atá faofa ag institiúid arna húdarú ag an Rialtas do na gníomhaíochtaí sin. Féadfar institiúid arna húdarú ag Rialtas na Liotuáine an ceart chun gníomhaíochtaí teicniúla a dhéanamh i bpríomhréimsí na foirgníochta a dheonú do dhuine nach Liotuánach é. |
Forchoimeádas Uimh. 13 - Seirbhísí dáileacháin
Earnáil: |
Seirbhísí dáileacháin |
Aicmiú tionscail: |
CPC 62117, 62251, cuid de 62112 agus cuid de 631 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Cógaisíocht a dháileadh
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Dáileadh trasteorann mórdhíola cógaisíochta (CPC 62251). |
I dtaca le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: Dáileadh táirgí cógaisíochta (CPC 62117, 62251, 8929). |
Bearta atá ann cheana:
|
BG: Dlí maidir le Táirgí Leighis sa Leigheas Daonna; Dlí maidir le Feistí Leighis. |
|
FI: Lääkelaki (An tAcht Leighis) (395/1987). |
(b) Dáileadh deochanna alcólacha
|
In FI: Dáileadh deochanna alcólacha (cuid de CPC 62112, 62226, 63107, 8929). |
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Alkoholilaki (An tAcht um Alcóil) (1102/2017) |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In SE: Monaplacht a fhorchur ar dhíolacháin mhiondíola deochanna meisciúla, fíona agus beorach (ach amháin beoir neamh-mheisciúil). Tá monaplacht rialtais ag Systembolaget AB ar dhíolacháin mhiondíola deochanna meisciúla, fíona agus beorach (ach amháin beoir neamh-mheisciúil). Is deochanna ina bhfuil an t-ábhar alcóil os cionn 2.25 faoin gcéad den toirt iad deochanna alcólacha. Ábhar alcóil de níos mó ná 3.5 faoin gcéad den toirt, sin an teorainn do bheoir (cuid de CPC 631). |
Bearta atá ann cheana:
|
SE: An tAcht Alcóil (2010:1622) |
(c) Dáileadh eile (cuid de CPC 621, CPC 62228, CPC 62251, CPC 62271, cuid de CPC 62272, CPC 62276, CPC 63108, cuid de CPC 6329)
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Dáileachán mórdhíola táirgí ceimiceacha, miotal agus cloch lómhar, substaintí leighis agus táirgí agus míreanna le haghaidh úsáid leighis; tobac agus táirgí tobac agus deochanna alcólacha. |
Forchoimeádann an Bhulgáir an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le seirbhísí a sholáthraíonn bróicéirí tráchtearraí.
Bearta atá ann cheana:
|
In BG: Dlí maidir le Táirgí Leighis sa Leigheas Daonna;
|
Forchoimeádas Uimh. 14 - Seirbhísí oideachais
Earnáil: |
Seirbhísí oideachais |
Aicmiú tionscail: |
CPC 92 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
An tAontas: Seirbhísí oideachais a fhaigheann cistiú poiblí nó tacaíocht Stáit i bhfoirm ar bith. I gcás ina gceadaítear seirbhísí oideachais a sholáthar arna maoiniú go príobháideach ag soláthróir eachtrach, is féidir go mbeidh rannpháirtíocht oibreoirí príobháideacha sa chóras oideachais faoi réir lamháltais arna leithdháileadh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
An tAontas, cé is moite de CZ, NL, SE agus SK: Maidir le soláthar seirbhísí oideachais eile a mhaoinítear go príobháideach, rud a chiallaíonn seirbhísí seachas iad sin a aicmítear mar sheirbhísí bunoideachais, meánoideachais, ardoideachais agus oideachais aosach (CPC 929).
In CY, FI, MT agus RO: Soláthar seirbhísí bunoideachais, meánoideachais, agus oideachais aosach a fhaigheann maoiniú príobháideach (CPC 921, 922, 924).
In AT, BG, CZ, FI, HU, LT, LV, RO, SK: Soláthar seirbhísí ardoideachais a fhaigheann maoiniú príobháideach (CPC 923).
In CZ agus HU: Ní mór náisiúnaigh de chuid na tíre sin a bheith i bhformhór na gcomhaltaí de bhord stiúrthóirí bunaíochta a sholáthraíonn seirbhísí oideachais arna maoiniú go príobháideach (CPC 921, 922, 923 do SK seachas 92310, 924).
In SI: Ní féidir ach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha Slóivéanacha bunscoileanna arna maoiniú go príobháideach a bhunú. Ní mór don soláthróir seirbhíse oifig chláraithe nó oifig brainse a bhunú. Ní mór formhór na mball de bhord stiúrthóirí bunaíochta a sholáthraíonn seirbhísí meánoideachais nó ardoideachais atá á maoiniú go príobháideach a bheith ina náisiúnaigh de chuid na Slóivéine (CPC 922, 923).
In SE: Soláthróirí seirbhísí oideachais atá formheasta ag údaráis phoiblí chun oideachas a chur ar fáil. Baineann an forchoimeádas seo le soláthróirí seirbhísí oideachais atá á maoiniú go príobháideach agus a bhfuil leagan éigin de thacaíocht Stáit acu, inter alia soláthróirí seirbhísí oideachais faoi mhaoirseacht an Stáit nó oideachas a thugann teidlíocht chun tacaíocht staidéir a fháil (CPC 92).
In SK: Tá ceanglas ar sholáthróirí gach seirbhíse oideachais atá á maoiniú go príobháideacha a bheith ina gcónaí in LEE cé is moite de sheirbhísí teicniúla agus gairmoideachais iar-bhunscoile. Féadfaidh scrúdú riachtanas eacnamaíoch a bheith i gceist agus d’fhéadfadh údaráis áitiúla líon na scoileanna atá á mbunú a theorannú (CPC 921, 922, 923 seachas 92310, 924).
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
In BG, IT agus SI: Srian a chur le soláthar trasteorann seirbhísí bunoideachais arna gcistiú go príobháideach (CPC 921).
In BG, IT agus SI: Srian a chur le soláthar trasteorann seirbhísí meánoideachais arna gcistiú go príobháideach (CPC 922).
In AT: Srian a chur le soláthar trasteorann seirbhísí oideachais aosaigh atá á maoiniú go príobháideach trí chraoltóireacht raidió nó teilifíse (CPC 924).
Bearta atá ann cheana:
|
BG: An tAcht um Oideachas Poiblí, Airteagal 12; An Dlí maidir leis an Ardoideachas, mír 4 de na forálacha breise; agus an tAcht Gairmoideachais agus Gairmoiliúna, airteagal 22. |
|
FI: Perusopetuslaki (an tAcht um Bunoideachais) (628/1998)
|
|
IT: Foraithne Ríoga 1592/1933 (Dlí maidir le meánoideachas); Dlí 243/1991 (Ranníocaíocht phoiblí ócáideach le haghaidh ollscoileanna príobháideacha); Rún 20/2003 ó CNVSU (Comitato nazionale per la valutazione del sistema universitario); agus Foraithne Uachtarán na Poblachta (DPR) 25/1998. |
|
SK: Acht 245/2008 um oideachas;
|
Forchoimeádas Uimh. 15 - Seirbhísí comhshaoil
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí comhshaoil – bainistiú dramhaíola agus ithreach |
Aicmiú tionscail: |
CPC 9401 , 9402 , 9403 , 94060 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh |
Caibidil: |
Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
|
In DE: Soláthar seirbhísí bainistithe dramhaíola seachas seirbhísí comhairleacha, agus i ndáil le seirbhísí a bhaineann le cosaint ithreach agus le bainistiú ithreacha éillithe, seachas seirbhísí comhairleacha. |
Forchoimeádas Uimh. 16 - Seirbhísí airgeadais
Earnáil: |
Seirbhísí airgeadais a tháirgeadh |
Aicmiú tionscail: |
Ní bhaineann le hábhar |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Gach Seirbhís Airgeadais
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh
An tAontas: an ceart chun ceangal a chur ar sholáthróir seirbhísí airgeadais, cé is moite de bhrainse, foirm dhlíthiúil shonrach a ghlacadh agus é ag bunú i mBallstát, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil
An tAontas: an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le soláthar trasteorann seirbhísí uile airgeadais seachas:
|
In AE (cé is moite de BE, CY, EE, LT, LV, MT, PL, RO, SI):
|
|
In BE:
|
|
In CY:
|
|
In EE:
|
|
In LT:
|
|
In LV:
|
|
In MT:
|
|
In PL:
|
|
RO:
|
|
In SI:
|
(b) Árachas agus seirbhísí a bhaineann leis an árachas
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Ní féidir le cuideachtaí árachais eachtracha árachas iompair a fhrithghealladh go díreach, ar árachas é lena gcumhdaítear earraí, árachas feithiclí dá réir agus árachas dliteanais maidir le rioscaí atá suite sa Bhulgáir. |
|
In DE: Má tá brainse bunaithe sa Ghearmáin ag cuideachta árachais eachtrach, ní fhéadfaidh sé conarthaí árachais a thabhairt chun críche sa Ghearmáin maidir le hiompar idirnáisiúnta ach amháin tríd an mbrainse atá bunaithe sa Ghearmáin. |
Bearta atá ann cheana:
|
DE: Luftverkehrsgesetz (LuftVG); agus Luftverkehrszulassungsordnung (LuftVZO). |
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In ES: Tá sé de cheangal cónaí a bheith ann, nó mar rogha mhalartach, dhá bhliain de thaithí i dtaca leis an ngairm achtúireach. |
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In FI: Tá soláthar seirbhísí bhróicéara árachais faoi réir buanáit ghnó san Aontas Eorpach. |
Ní fhéadfaidh ach árachóirí ag a bhfuil ceannoifig san Aontas Eorpach nó ag a bhfuil brainse san Fhionlainn seirbhísí árachais dhírigh, lena n-áirítear comhárachas, a thairiscint.
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Laki ulkomaisista vakuutusyhtiöistä (An tAcht maidir le Cuideachtaí Árachais Eachtracha) (398/1995); Vakuutusyhtiölaki (An tAcht um Chuideachtaí Árachais) (521/2008); Laki vakuutusedustuksesta (An tAcht um Dháileadh Árachais) (234/2018); |
In FR: Ní fhéadfaidh ach comhlachtaí árachais atá bunaithe san Aontas Eorpach árachas rioscaí a bhaineann le hiompar de thalamh a fhrithghealladh.
Bearta atá ann cheana:
|
FR: Code des assurances. |
In HU: Ní fhéadfaidh ach daoine dlítheanacha de chuid an Aontais agus brainsí atá cláraithe san Ungáir seirbhísí árachais dhírigh a sholáthar.
Bearta atá ann cheana:
|
HU: Acht LX de 2003. |
In IT: Árachas iompair earraí, árachas feithiclí agus dá réir sin agus dliteanas maidir le rioscaí atá suite san Iodáil, ní féidir ach le cuideachtaí árachais atá bunaithe san Aontas Eorpach iad a fhrithghealladh, cé is moite d’iompar idirnáisiúnta a bhaineann le hallmhairí isteach san Iodáil.
Soláthar trasteorann seirbhísí achtúireacha.
Bearta atá ann cheana:
|
IT: Airteagal 29 de chód an árachais phríobháidigh (Foraithne Reachtach uimh. 209 an 7 Meán Fómhair 2005), Dlí 194/1942 maidir leis an ngairm achtúireach. |
In PT: Ní féidir ach le fiontair agus daoine dlítheanacha de chuid an Aontais Eorpaigh árachas aeriompair agus muiriompair a fhrithghealladh, lena gcumhdaítear earraí, aerárthaí, cabhail agus dliteanas. Ní féidir ach le daoine nó cuideachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach gníomhú mar idirghabhálaithe do ghnó árachais den sórt sin sa Phortaingéil.
Beart atá ann cheana:
|
PT: Airteagal 3 de Dhlí 147/2015, Airteagal 8 de Dhlí 7/2019. |
I dtaca le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta
|
In SK: Féadfaidh náisiúnaigh eachtracha cuideachta árachais a bhunú i bhfoirm chuideachta comhstoic nó féadfaidh siad gnó árachais a stiúradh trí bhrainse a bhfuil oifig cláraithe aige i bPoblacht na Slóvaice. Sa dá chás, tá an t-údarú faoi réir measúnaithe faoi údarás maoirseachta. |
Bearta atá ann cheana:
|
SK: An tAcht 39/2015 um Árachas. |
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh
|
In FI: Leathchuid ar a laghad de chomhaltaí den bhord stiúrthóirí agus den bhord maoirseachta, an stiúrthóir bainistíochta atá ag cuideachta árachais a sholáthraíonn árachas pinsin reachtúil, beidh a n-áit chónaithe acu in LEE, murab é go bhfuil díolúine deonaithe dóibh ag na húdaráis inniúla. Ní féidir le hárachóirí eachtracha ceadúnas a fháil san Fhionlainn mar bhrainse chun a bheith ag gabháil d‘árachas pinsin reachtúil. Beidh buanáit chónaithe ag iniúchóir amháin ar a laghad in LEE. |
Maidir le cuideachtaí árachais eile, tá sé de cheangal ar chomhalta amháin den bhord stiúrthóirí agus den bhord maoirseachta agus don stiúrthóir bainistíochta ar a laghad a bheith ina gcónaí in LEE. Beidh buanáit chónaithe ag iniúchóir amháin ar a laghad in LEE. Ní mór don ghníomhaire ginearálta atá ag cuideachta árachais de chuid na Ríochta Aontaithe a áit chónaithe a bheith aige san Fhionlainn, mura bhfuil ceannoifig na cuideachta san Aontas Eorpach.
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Laki ulkomaisista vakuutusyhtiöistä (An tAcht maidir le Cuideachtaí Árachais Eachtracha) (398/1995); Vakuutusyhtiölaki (An tAcht um Chuideachtaí Árachais) (521/2008);
|
(c) Seirbhísí baincéireachta agus seirbhísí airgeadais eile
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí - Láithreacht áitiúil:
|
AE: Ní fhéadfaidh ach daoine dlítheanacha ag a bhfuil a n-oifig chláraithe san Aontas gníomhú mar thaisclanna le haghaidh sócmhainní cistí infheistíochta. Ceanglaítear ar bhunaíocht cuideachta bainistíochta speisialaithe, ag a bhfuil a ceannoifig agus a hoifig chláraithe sa Bhallstát céanna, bainistíocht comhchistí a dhéanamh, lena n-áirítear iontaobhais aonad, agus i gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, cuideachtaí infheistíochta. |
Bearta atá ann cheana:
|
AE: Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
In EE: Chun glacadh le héarlaisí, tá sé de cheangal údarú a fháil ó Údarás Maoirseachta Airgeadais na hEastóine agus clárú faoi dhlí na hEastóine mar chuideachta comhstoic, fochuideachta nó brainse.
Bearta atá ann cheana:
|
EE: Krediidiasutuste seadus (Acht na n-Institiúidí Creidmheasa) § 206 agus §21. |
In SK: Maidir le seirbhísí infheistíochta i bPoblacht na Slóvaice, féadfaidh cuideachtaí bainistíochta iad a sholáthar, is é sin cuideachtaí a bhfuil foirm dhlíthiúil de chuideachta comhstoic acu agus ag a bhfuil caipiteal cothromais i gcomhréir leis an dlí (gan bhrainsí).
Bearta atá ann cheana:
|
SK: Acht 566/2001 maidir le hUrrúis agus Seirbhísí Infheistíochta; agus Acht 483/2001 maidir le Bainc. |
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta – Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí
In FI: Duine amháin ar a laghad de na bunaitheoirí, de chomhaltaí den bhord stiúrthóirí, de chomhaltaí den bhord maoirseachta, an stiúrthóir bainistíochta seirbhísí baincéireachta agus an duine atá i dteideal ainm na hinstitiúide creidmheasa a shíniú, beidh a mbuanáit chónaithe acu in LEE. Beidh buanáit chónaithe ag iniúchóir amháin ar a laghad in LEE.
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Laki liikepankeista ja muista osakeyhtiömuotoisista luottolaitoksista (An tAcht um Bhainc Tráchtála agus Institiúidí Creidmheasa Eile i bhfoirm Cuideachta Teoranta) (1501/2001); Säästöpankkilaki (1502/2001) (An tAcht um Bhanc Taisce); Laki osuuspankeista ja muista osuuskuntamuotoisista luottolaitoksista (1504/2001) (An tAcht um Chomharbhainc agus Institiúidí Creidmheasa Eile i bhFoirm Comharbhainc); Laki hypoteekkiyhdistyksistä (936/1978) (An tAcht um Chumainn Morgáiste); Maksulaitoslaki (297/2010) (An tAcht um Institiúidí Íocaíochta); Laki ulkomaisen maksulaitoksen toiminnasta Suomessa (298/2010) (An tAcht um Oibriú Institiúide Íocaíochta Eachtraí san Fhionlainn); agus Laki luottolaitostoiminnasta (An tAcht um Institiúidí Creidmheasa) (121/2007). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In IT: Seirbhísí ‘consulenti finanziari’ (comhairleoir airgeadais). Agus an ghníomhaíocht díolta ó dhoras go doras á soláthar acu, ní mór d’idirghabhálaithe úsáid a bhaint as díoltóirí airgeadais údaraithe a bhfuil cónaí orthu laistigh de chríoch Ballstáit. |
Bearta atá ann cheana:
|
IT: Airteagail 91-111 de Rialachán Consob maidir le hIdirghabhálaithe (uimh. 16190 ón 29 Deireadh Fómhair 2007) |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
|
In LT: Ní fhéadfaidh ach bainc a bhfuil a n-oifig chláraithe nó a mbrainse sa Liotuáin acu agus atá údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar i mBallstáit den Aontas Eorpach nó i mBallstáit LEE gníomhú mar thaisclanna le haghaidh sócmhainní cistí pinsin. Ní mór Liotuáinis a bheith ag ceannaire amháin ar a laghad de riarachán bainc agus buanchónaí a bheith air sin sa Liotuáin. |
Bearta atá ann cheana:
|
LT: Dlí maidir le Bainc i bPoblacht na Liotuáine an 30 Márta 2004 Uimh. IX-2085, arna leasú le Dlí Uimh. XIII-729 an 16 Samhain 2017;
|
Maidir leis an trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In FI: Le haghaidh seirbhísí íocaíochta, is féidir go mbeidh sé de cheangal cónaí nó sainchónaí a bheith ann san Fhionlainn. |
Forchoimeádas Uimh. 17 - Seirbhísí sláinte agus sóisialta
Earnáil: |
Seirbhísí sláinte agus sóisialta |
Aicmiú tionscail: |
(CPC 93, 931, 9403 , 9312, cuid de 93191, 9311, cuid de 93192 agus 93199) |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Seirbhísí sláinte – seirbhísí ospidéil, otharchairr agus sláinte cónaithe (CPC 93, 931, seachas 9312, cuid de 93191, 9311, 93192, 93193, 93199)
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta- Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
An tAontas: Chun gach seirbhís sláinte a fhaigheann maoiniú poiblí nó tacaíocht Stáit i bhfoirm ar bith a sholáthar.
An tAontas: Do gach seirbhís sláinte a fhaigheann maoiniú príobháideach, seachas seirbhísí ospidéil, otharchairr, agus saoráidí sláinte cónaithe a fhaigheann maoiniú príobháideach cé is moite de sheirbhísí ospidéil. An rannpháirtíocht oibreoirí sa líonra sláinte atá á mhaoiniú go príobháideach, d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir lamháltais ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfar tástáil riachtanas eacnamaíoch a bheith i bhfeidhm. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí atá ann faoi láthair agus an tionchar atá orthu, bonneagar iompair, dlús daonra, raon geografach, agus cruthú fostaíochta nua.
Ní bhaineann an forchoimeádas seo le soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear na seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe ar nós dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí, agus síceolaithe, atá cumhdaithe ag forchoimeádais eile (CPC 931 seachas 9312, cuid de 93191).
In AT, PL agus SI: Soláthar seirbhísí otharchairr a fhaigheann maoiniú príobháideach (CPC 93192).
In BE: seirbhísí otharchairr agus saoráidí sláinte cónaithe a fhaigheann maoiniú príobháideach, seachas seirbhísí ospidéil, a bhunú (CPC 93192, 93193).
In BG, CY, CZ, FI, MT agus SK: Soláthar seirbhísí ospidéil, otharchairr, agus seirbhísí sláinte cónaithe a fhaigheann maoiniú poiblí, cé is moite de sheirbhísí ospidéil (CPC 9311, 93192, 93193).
In FI: Seirbhísí eile sláinte daonna a sholáthar (CPC 93199).
Bearta atá ann cheana:
|
CZ: Acht Uimh. 372/2011 Sb. maidir le Seirbhísí Cúram Sláinte agus maidir leis na Coinníollacha a bhaineann lena Soláthar. |
|
FI: Laki yksityisestä terveydenhuollosta (An tAcht um Chúram Sláinte Príobháideach) (152/1990) |
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta:
|
In DE: Forchoimeádann an Ghearmáin an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le soláthar Chóras Slándála Sóisialta na Gearmáine, i gcás ina bhféadfaidh cuideachtaí nó eintitis seirbhísí a sholáthar a bhfuil gnéithe iomaíocha ag baint leo nach seirbhísí iad dá bhrí sin atá ‘Á ndéanamh go heisiach chun údarás rialtais a fheidhmiú’. Forchoimeádann an Ghearmáin an ceart chun cóir níos fearr a thabhairt i gcomhthéacs chomhaontú déthaobhach trádála maidir le soláthar seirbhísí sláinte agus sóisialta (CPC 93). |
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In DE: Úinéireacht ospidéal atá á reáchtáil ag Fórsaí na Gearmáine. |
Náisiúnú a dhéanamh ar ospidéil ríthábhachtacha eile a mhaoinítear go príobháideach (CPC 93110).
In FR: Soláthar seirbhísí anailíse agus tástála saotharlainne a mhaoinítear go príobháideach.
Maidir le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FR: Soláthar seirbhísí anailíse agus tástála saotharlainne a mhaoinítear go príobháideach (cuid de CPC 9311). |
Bearta atá ann cheana:
|
FR: Code de la Santé Publique |
(b) Seirbhísí sláinte agus sóisialta, lena n-áirítear árachas pinsin
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas, cé is moite de HU: Soláthar trasteorann seirbhísí sláinte, seirbhísí sóisialta agus gníomhaíochtaí nó seirbhísí atá mar chuid de phlean scoir poiblí nó de chóras reachtúil slándála sóisialta. Ní bhaineann an forchoimeádas seo le soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear na seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe ar nós dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí, agus síceolaithe, atá cumhdaithe ag forchoimeádais eile (CPC 931 seachas 9312, cuid de 93191). |
In HU: Soláthar trasteorann gach seirbhís ospidéil, otharchairr, agus seirbhís sláinte cónaithe cé is moite de sheirbhísí ospidéil, a fhaigheann maoiniú poiblí (CPC 9311, 93192, 93193).
(c) Seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear árachas pinsin
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta:
|
An tAontas: Soláthar na seirbhísí sóisialta uile a fhaigheann maoiniú poiblí nó tacaíocht Stáit i bhfoirm ar bith agus gníomhaíochtaí nó seirbhísí ar cuid iad de phlean scoir poiblí nó de chóras reachtúil slándála sóisialaí. D’fhéadfadh rannpháirtíocht oibreoirí sa líonra sóisialta atá á maoiniú go príobháideach a bheith faoi réir lamháltais ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfar tástáil riachtanas eacnamaíoch a bheith i bhfeidhm. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí atá ann faoi láthair agus an tionchar atá orthu, bonneagar iompair, dlús daonra, raon geografach, agus cruthú fostaíochta nua. |
In BE, CY, DE, DK, EL, ES, FR, IE, IT agus PT: Seirbhísí sóisialta atá á maoiniú go príobháideach a sholáthar cé is moite de sheirbhísí a bhaineann le tithe téarnaimh agus aíochta agus árais seanóirí.
In CZ, FI, HU, MT, PL, RO, SK, agus SI: Seirbhísí sóisialta a mhaoinítear go príobháideach a sholáthar.
In DE: Forchoimeádann an Ghearmáin an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le Córas Slándála Sóisialta na Gearmáine, i gcás ina soláthraíonn cuideachtaí nó eintitis seirbhísí a bhfuil gnéithe iomaíocha ag baint leo agus, dá bhrí sin, go mb’fhéidir nach dtiocfaidh siad faoin sainmhíniú ‘Seirbhísí atá á ndéanamh go heisiach chun údarás rialtais a fheidhmiú’.
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Laki yksityisistä sosiaalipalveluista (An tAcht um Sheirbhísí Sóisialta Príobháideacha) (922/2011). |
|
IE: An tAcht um Shláinte 2004 (S. 39); agus An tAcht um Shláinte 1970 (arna leasú –S.61A). |
|
IT: Dlí 833/1978 Institiúid an chórais shláinte phoiblí; Foraithne Reachtach 502/1992 Eagrú agus smacht réimse na sláinte; agus an Dlí 328/2000 maidir le hAthchóiriú na seirbhísí sóisialta. |
Forchoimeádas Uimh. 18 - Seirbhísí a bhaineann le turasóireacht agus taisteal
Earnáil: |
Seirbhísí treoraithe do thurasóirí, seirbhísí sláinte agus sóisialta |
Aicmiú tionscail: |
CPC 7472 |
Cineál forchoimeádais: |
Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In FR: Náisiúntacht Ballstáit a bheith ina ceangal le haghaidh soláthar seirbhísí treoraithe do thurasóirí. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
In LT: A mhéid a cheadóidh an Ríocht Aontaithe do náisiúnaigh den Liotuáin seirbhísí treoraithe a sholáthar do thurasóirí, ceadóidh an Liotuáin do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe seirbhísí treoraithe a sholáthar do thurasóirí faoi na coinníollacha céanna. |
Forchoimeádas Uimh. 19 - Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt
Earnáil: |
Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt |
Aicmiú tionscail: |
CPC 962, 963, 9619 , 964 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus seirbhísí cultúrtha eile (CPC963)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas, cé is moite de AT agus, ar mhaithe le léirscaoileadh infheistíochta, in LT: Seirbhísí leabharlainne, cartlainne, músaeim, agus seirbhísí cultúrtha eile a sholáthar. |
In AT agus LT: D’fhéadfadh ceadúnas nó lamháltas a bheith de dhíth chun é a bhunú.
(b) Seirbhísí siamsaíochta, amharclannaíocht, bannaí beo agus seirbhísí sorcais (CPC 9619, 964 seachas 96492)
I ndáil le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
An tAontas, cé is moite de AT agus SE: Soláthar trasteorann seirbhísí siamsaíochta, lena n-áirítear seirbhísí amharclannaíochta, bannaí beo, sorcais agus dioscó. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In CY, CZ, FI, MT, PL, RO, SI agus SK: I dtaca le soláthar seirbhísí siamsaíochta, lena n-áirítear seirbhísí amharclannaíochta, bannaí beo, sorcais agus dioscó. |
|
In BG: Soláthar na seirbhísí siamsaíochta seo a leanas: seirbhísí sorcais, páirce siamsaíochta agus tarraingtí eile cosúil leo, seirbhísí bálseomra, dioscó agus teagascóra rince agus seirbhísí siamsaíochta eile. |
|
In EE: Soláthar seirbhísí siamsaíochta eile ach amháin i gcás seirbhísí pictiúrlainne. |
|
In LT agus LV: Seirbhísí siamsaíochta uile a sholáthar ach amháin i gcás seirbhísí oibriúcháin pictiúrlainne. |
|
In CY, CZ, LV, PL, RO agus SK: Soláthar trasteorann seirbhísí spóirt agus seirbhísí eile áineasa. |
(c) Gníomhaireachtaí nuachta agus preasa (CPC 962)
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FR: An rannpháirtíocht eachtrach i gcuideachtaí atá ann faoi láthair a fhoilsíonn foilseacháin i bhFraincis, ní rachaidh sí thar 20 faoin gcéad de chaipiteal ná de chearta vótála na cuideachta. Is faoi réir coinníollacha arna leagan amach sa rialáil bhaile atá bunú ghníomhaireachtaí preasa de chuid na Ríochta Aontaithe. Gníomhaireachtaí preasa a bhunaíonn infheisteoirí eachtracha, tá siad faoi réir cómhalartachta. |
Bearta atá ann cheana:
|
FR: Ordonnance n° 45-2646 du 2 novembre 1945 portant règlementation provisoire des agences de presse; agus Loi n° 86-897 du 1 août 1986 portant réforme du régime juridique de la presse. |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In HU: Seirbhísí nuachta agus gníomhaireachtaí preasa a sholáthar. |
(d) Seirbhísí cearrbhachais agus gealltóireachta (CPC 96492)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: Soláthar gníomhaíochtaí cearrbhachais, a bhaineann le geall a chur a bhfuil luach airgid air i gcluichí seans, lena n-áirítear i gcrannchuir áirithe, scríobchártaí, seirbhísí cearrbhachais arna dtairiscint i gcasaíní, in árais siamsaíochta cearrbhachais nó in áitribh cheadúnaithe, seirbhísí biongó agus cearrbhachais arna n-oibriú ag carthanais nó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus lena leas. |
Forchoimeádas Uimh. 20 - Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar
Earnáil: |
Seirbhísí iompair |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Iompar muirí – aon ghníomhaíocht tráchtála eile a dhéantar ó long
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
An tAontas: Náisiúntacht an chriú ar shoitheach farraige nó ar shoitheach nach soitheach farraige é. |
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir Náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
An tAontas Eorpach, ach amháin LV agus MT: Ní féidir ach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid an Aontais soitheach a chlárú agus cabhlach a oibriú faoi bhratach náisiúnta stát na bunaíochta (tá feidhm ag an méid sin maidir le gach gníomhaíocht mhuirí tráchtála a dtugtar fúithi ó long mhuirghabhála, lena n-áirítear iascaireacht, dobharshaothrú, agus seirbhísí teagmhasach leis an iascaireacht; iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus lasta (CPC 721); agus seirbhísí cúntacha d'iompar muirí). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In MT: Tá cearta eisiacha ann don nasc muirí le mórthír na hEorpa tríd an Iodáil le Málta (CPC 7213, 7214, cuid de 742, 745, cuid de 749). |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In SK: Ní mór d'infheisteoirí eachtracha a bpríomhoifig a bheith acu i bPoblacht na Slóvaice chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas a fhágfaidh go mbeidh siad in ann seirbhís a sholáthar (CPC 722). |
(b) Seirbhísí cúntacha d'iompar muirí
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: Soláthar seirbhísí píolótaíochta agus calaithe. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, gan beann ar na critéir a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm maidir le clárú long i mBallstát den Aontas Eorpach, forchoimeádann an tAontas Eorpach an ceart ceangal a chur nach bhféadfaidh ach long atá cláraithe ar chláir náisiúnta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh seirbhísí píolótaíochta agus seirbhísí calaithe a sholáthar (CPC 7452). |
|
An tAontas Eorpach, ach amháin LT agus LV: Ní fhéadfaidh ach soithí a bhfuil bratach Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ar foluain acu seirbhísí brúite agus tarraingthe a sholáthar (CPC 7214). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In LT: Is daoine dlítheanacha na Liotuáine nó daoine dlítheanacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le craobhacha sa Liotuáin a bhfuil Deimhniú acu arna eisiúint ag Riarachán Sábháilteachta Muirí na Liotuáine agus na daoine sin amháin a fhéadfaidh seirbhísí píolótaíochta agus calaithe, brú agus tarraingthe a sholáthar (CPC 7214, 7452). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In BE: Ní fhéadfaidh ach oibrithe creidiúnaithe, atá incháilithe chun oibriú i limistéir chalafoirt arna sainiú le foraithne ríoga seirbhísí láimhseála lasta a oibriú (CPC 741). |
Bearta atá ann cheana:
|
BE: Loi du 8 juin 1972 organisant le travail portuaire;
|
(c) Seirbhísí cúntacha d'iompar d'uiscebhealaí intíre
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, Láithreacht áitiúil, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
An tAontas: Seirbhísí cúntacha d'iompar ar uiscebhealaí intíre. |
(d) Iompar d'iarnród agus seirbhísí cúntacha d'iompar d'iarnród
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In AE: Iompar paisinéirí iarnróid (CPC 7111). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht Áitiúil:
|
In AE: Iompar lasta iarnróid (CPC 7112). |
|
In LT: Tá seirbhísí cothabhála agus deisithe trealaimh iompair iarnróid faoi réir monaplacht stáit (CPC 86764, 86769, cuid de 8868). |
|
In SE (maidir le Rochtain ar an margadh agus é sin amháin): Tá seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin do threalamh iompair d'iarnróid faoi réir tástáil riachtanas eacnamaíoch nuair a bheartaíonn infheisteoir a chuid saoráidí bonneagair críochfoirt féin a bhunú. Príomhchritéir: srianta spáis agus acmhainne (CPC 86764, 86769, cuid de 8868). |
Bearta atá ann cheana:
|
An tAontas Eorpach: Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) |
|
SE: An tAcht um Pleanáil agus Tógáil (2010:900). |
(e) Iompar de bhóthar (iompar paisinéirí, iompar lasta, seirbhísí iompair trucailí idirnáisiúnta) agus seirbhísí cúntacha d'iompar de bhóthar
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: I gcás seirbhísí iompair de bhóthar a chumhdaítear le Ceannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú seo. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
An tAontas: I gcás seirbhísí iompair de bhóthar a chumhdaítear le Ceannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú seo: Teorainn a chur le soláthar cabatáiste laistigh de Bhallstát an Aontais Eorpaigh ag infheisteoirí eachtracha atá bunaithe i mBallstát eile Aontais Eorpaigh (CPC 712). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: I gcás seirbhísí iompair de bhóthar nach gcumhdaítear le Ceannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú seo: |
(i) |
ceangal a chur maidir le bunú soláthar trasteorann seirbhísí iompair de bhóthar agus an soláthar sin a theorannú (CPC 712). |
(ii) |
teorainn a chur le soláthar cabatáiste laistigh de Bhallstát ag infheisteoirí eachtracha atá bunaithe i mBallstát eile (CPC 712). |
(iii) |
féadfaidh tástáil riachtanas eacnamaíoch a bheith i bhfeidhm maidir le seirbhísí tacsaí san Aontas lena leagtar síos teorainn ar líon na soláthróirí seirbhíse. Príomhchritéir: éileamh áitiúil dá bhforáiltear sna dlíthe is infheidhme (CPC 71221). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In BE: Is féidir líon uasta ceadúnas a shocrú de réir dlí (CPC 71221). |
|
In IT: Cuirtear tástáil riachtanas eacnamaíoch i bhfeidhm ar sheirbhísí limisín. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí reatha agus an tionchar orthu, dlús daonra, scaipeadh geografach, tionchar ar choinníollacha tráchta agus fostaíocht nua a chruthú. |
Cuirtear tástáil riachtanas eacnamaíoch i bhfeidhm ar sheirbhísí bus idirchathrach. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí reatha agus an tionchar orthu, dlús daonra, scaipeadh geografach, tionchar ar choinníollacha tráchta agus fostaíocht nua a chruthú.
Cuirtear tástáil riachtanas eacnamaíoch i bhfeidhm ar sholáthar seirbhísí iompair lasta. Príomhchritéir: éileamh áitiúil (CPC 712).
In BG, DE: Maidir le hiompar paisinéirí agus lasta, ní fhéadfar cearta eisiacha ná údaruithe eisiacha a dheonú ach do dhaoine nádúrtha an Aontais agus do dhaoine dlítheanacha an Aontais a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas. (CPC 712).
In MT: Le haghaidh seirbhíse bus poiblí: Tá an líonra iomlán faoi réir lamháltais lena n-áirítear comhaontú maidir le hOibleagáid Seirbhíse Poiblí chun freastal ar earnálacha sóisialta áirithe (amhail mic léinn agus daoine scothaosta) (CPC 712).
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta,
In FI: Tá údarú riachtanach chun seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar, ní chumhdaítear leis an údarú sin feithiclí atá cláraithe thar lear (CPC 712).
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FR: Soláthar seirbhísí bus idirchathrach (CPC 712). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In ES: Maidir le hiompar paisinéirí, tá feidhm ag tástáil riachtanas eacnamaíoch maidir le seirbhísí arna soláthar faoi CPC 7122. Príomhchritéir: éileamh áitiúil. Tá feidhm ag tástáil riachtanas eacnamaíoch maidir le seirbhísí bus idirchathrach. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí reatha agus an tionchar orthu, dlús daonra, scaipeadh geografach, tionchar ar choinníollacha tráchta agus fostaíocht nua a chruthú. |
|
In SE: Tá seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin do threalamh iompair de bhóthair faoi réir tástáil riachtanas eacnamaíoch nuair a bheartaíonn infheisteoir a chuid fóntas bonneagair críochfoirt féin a bhunú. Príomhchritéir: srianta spáis agus acmhainne (CPC 6112, 6122, 86764, 86769, cuid de 8867). |
|
In SK: Le haghaidh iompar lasta, cuirtear tástáil riachtanas eacnamaíoch i bhfeidhm. Príomhchritéir: éileamh áitiúil (CPC 712). |
Maidir le Trádáiltrasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In BG: Ceangal a chur maidir le bunú seirbhísí tacaíochta d'iompar de bhóthar (CPC 744). |
Bearta atá ann cheana:
|
AE: Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
FI: Laki kaupallisista tavarankuljetuksista tiellä (An tAcht um Iompar Tráchtála de Bhóthar) 693/2006; Laki liikenteen palveluista (An tAcht um Sheirbhísí Iompair) 320/2017; Ajoneuvolaki (an tAcht um Feithiclí) 1090/2002. |
|
IT: Foraithne reachtach 285/1992 (Cód Bóthair agus leasuithe dá éis sin) airteagal 85; Foraithne Reachtach 395/2000 airteagal 8 (iompar paisinéirí de bhóthar); Dlí 21/1992 (Creat-dlí maidir le hiompar poiblí neamhsceidealaithe paisinéirí de bhóthar); Dlí 218/2003 airteagal 1 (iompar paisinéirí trí bhusanna ar cíos le tiománaí); agus Dlí 151/1981 (creatdlí maidir le hiompar poiblí áitiúil). |
|
SE: An tAcht um Pleanáil agus Tógáil (2010:900). |
(f) Spásiompar agus spásárthaí a léasú
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: Soláthar seirbhísí spásiompair agus seirbhísí spásárthaí a sholáthar nó a chur ar fháil ar cíos (CPC 733, cuid de 734). |
(g) Díolúintí an náisiúin barrfhabhair
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
— |
Iompar (cabatáiste) seachas iompar muirí In FI: Cóir dhifreálach a thabhairt do thír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo lena ndíolmhaítear árthaí atá cláraithe faoi bhratach eachtrach tíre sonraithe eile nó feithiclí atá cláraithe i dtír eachtrach ón toirmeasc ginearálta ar iompar cabatáiste a sholáthar (lena n-áirítear iompar traschórais de bhóthar is d'iarnród) san Fhionlainn ar bhonn na cómhalartachta (cuid de CPC 711, cuid de 712, cuid de 722). |
— |
Seirbhísí tacaíochta d'iompar muirí In BG: A mhéid a cheadaíonn an Ríocht Aontaithe do sholáthróirí seirbhíse as an mBulgáir seirbhísí láimhseála lasta agus seirbhísí stórála agus trádstórais a sholáthar i gcuanta farraige agus aibhneacha, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le coimeádáin agus earraí i gcoimeádáin, ceadóidh an Bhulgáir do sholáthróirí seirbhíse as an Ríocht Aontaithe seirbhísí láimhseála lasta agus seirbhísí stórála agus trádstórais a sholáthar i gcuanta farraige agus aibhneacha, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le coimeádáin agus earraí i gcoimeádáin faoi na coinníollacha céanna (cuid de CPC 741, cuid de 742). |
— |
Árthaí a ligean ar cíos nó a léasú In DE: Féadfaidh cairtfhostú árthaí eachtracha ag tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu sa Ghearmáin a bheith faoi réir coinníoll cómhalartachta (CPC 7213, 7223, 83103). |
— |
Iompar de bhóthar agus d'iarnróid An tAontas: Chun cóir dhifreálach a thabhairt do thír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo a bhaineann le tarlú idirnáisiúnta de bhóthar (lena n-áirítear iompar traschórais - de bhóthar nó d'iarnród) agus le hiompar paisinéirí, arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas nó na Ballstáit agus tríú tír (CPC 7111, 7112, 7121, 7122, 7123). Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an gcóir sin:
|
— |
Iompar de bhóthar In BG: Bearta a dhéantar faoi chomhaontuithe atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, lena bhforchoimeádtar nó lena gcuirtear srian le soláthar na gcineálacha sin seirbhísí iompair agus lena sonraítear téarmaí agus coinníollacha an tsoláthair sin, lena n-áirítear ceadanna iompair nó cánacha bóthair fabhracha, i gcríoch na Bulgáire nó thar theorainneacha na Bulgáire (CPC 7121, 7122, 7123). In CZ: Bearta a dhéantar faoi chomhaontuithe atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, lena bhforchoimeádtar nó lena gcuirtear teorainn le soláthar seirbhísí iompair agus lena sonraítear coinníollacha oibriúcháin, lena n-áirítear ceadanna iompair nó cánacha bóthair fabhracha le haghaidh seirbhísí iompair, isteach i bPoblacht na Seice, trasna Phoblacht na Seice agus amach uaithi do na páirtithe conarthacha lena mbaineann (CPC 7121, 7122, 7123). In ES: Féadfar údarú chun láithreacht tráchtála a bhunú sa Spáinn a dhiúltú do sholáthróirí seirbhíse, i gcás nach dtugann a dtír thionscnaimh rochtain éifeachtach ar an margadh do soláthróirí seirbhíse na Spáinne (CPC 7123). |
Bearta atá ann cheana:
|
Ley 16/1987, de 30 de julio, de Ordenación de los Transportes Terrestres. |
In HR: Bearta arna gcur i bhfeidhm faoi chomhaontuithe atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le hiompar de bhóthar idirnáisiúnta agus lena bhforchoimeádtar nó lena gcuirtear teorainn le soláthar seirbhísí iompair agus lena sonraítear coinníollacha oibriúcháin, lena n-áirítear ceadanna iompair nó cánacha bóthair fabhracha le haghaidh seirbhísí iompair isteach sa Chróit, trasna na Cróite agus amach uaithi do na páirtithe lena mbaineann (CPC 7121, 7122, 7123).
In LT: Bearta a dhéantar faoi chomhaontuithe déthaobhacha agus lena leagtar síos na forálacha maidir le seirbhísí iompair agus lena sonraítear coinníollacha oibriúcháin, lena n-áirítear ceadanna aistrithe déthaobhacha agus ceadanna iompair eile le haghaidh seirbhísí iompair i gcríoch na Liotuáine, isteach inti, tríthi agus amach aisti do na páirtithe conarthacha lena mbaineann agus cánacha agus tobhaigh bhóthair (CPC 7121, 7122, 7123).
In SK: Bearta a dhéantar faoi chomhaontuithe atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, lena bhforchoimeádtar nó lena gcuirtear teorainn le soláthar seirbhísí iompair agus lena sonraítear coinníollacha oibriúcháin, lena n-áirítear ceadanna iompair nó cánacha bóthair fabhracha le haghaidh seirbhísí iompair, isteach i bPoblacht na Seice, trasna Phoblacht na Seice agus amach uaithi do na páirtithe conarthacha lena mbaineann (CPC 7121, 7122, 7123).
— |
Iompar d'iarnród In BG, CZ agus SK: I dtaca le chomhaontuithe atá ann faoi láthair nó a bheidh amach anseo, agus lena rialaítear cearta tráchta agus coinníollacha oibriúcháin, agus soláthar seirbhísí iompair i gcríoch na Bulgáire, Phoblacht na Seice agus na Slóvaice agus idir na tíortha lena mbaineann. (CPC 7111 agus 7112). |
— |
Aeriompar – Seirbhísí cúntacha d'aeriompar An tAontas: Cóir dhifreálach a thabhairt do thríú tír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a bhaineann le seirbhísí láimhseála ar an talamh. |
— |
Iompar de bhóthar agus d'iarnróid In EE: nuair a thugtar cóir dhifreálach do thír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a bhaineann le hiompair idirnáisiúnta de bhóthar (lena n-áirítear iompar traschórais de bhóthar is d'iarnróid), lena bhforchoimeádtar nó lena gcuirtear teorainn le soláthar seirbhísí iompair isteach san Eastóin, trasna na hEastóine agus amach aisti do na Páirtithe conarthacha d'fheithiclí atá cláraithe i ngach Páirtí conarthach, agus lena bhforáiltear do dhíolúine cánach le haghaidh na bhfeithiclí sin (cuid de CPC 711, cuid de 712, cuid de 721). |
— |
Gach seirbhís iompair paisinéara agus lasta seachas iompar muirí agus aeriompar In PL: A mhéid a cheadóidh an Ríocht Aontaithe seirbhísí iompair a sholáthar isteach i gcríoch na Ríochta Aontaithe, agus trasna na críche sin, ag soláthróirí iompair paisinéirí agus lasta na Polainne, ceadóidh an Pholainn, faoi na coinníollacha céanna, seirbhísí iompair do sholáthróirí iompair paisinéirí agus lasta na Ríochta Aontaithe isteach i gcríoch na Polainne agus trasna na críche sin. |
Forchoimeádas Uimh. 21 - An talmhaíocht, an iascaireacht agus uisce
Earnáil: |
Talmhaíocht, sealgaireacht, foraoiseacht; iascaireacht, dobharshaothrú, seirbhísí atá teagmhasach leis an iascaireacht; bailiú, íonú agus dáileadh uisce; bailiú, íonú agus dáileadh uisce |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 011, ISIC Rev. 3.1 012, ISIC Rev. 3.1 013, ISIC Rev. 3.1 014, ISIC Rev. 3.1 015, CPC 8811, 8812, 8813 cé is moite de sheirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin; ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502, CPC 882 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Talmhaíocht, sealgaireacht agus foraoiseacht
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In HR: Gníomhaíochtaí talmhaíochta agus sealgaireachta. |
|
In HU: Gníomhaíochtaí talmhaíochta (ISIC Rev. 3.1 011, 3.1 012, 3.1 013, 3.1 014, 3.1 015, CPC 8811, 8812, 8813 seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin). |
Bearta atá ann cheana:
|
HR: An tAcht um Thalamh Talmhaíochta (OG 20/18, 115/18, 98/19) |
(b) Iascaireacht, dobharshaothrú agus seirbhísí teagmhasach leis an iascaireacht (ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502, CPC 882)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir Náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas:
|
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In FR: Ní fhéadfaidh náisiúnaigh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh i réadmhaoin mhuirí na Fraince le haghaidh feirmeoireacht éisc, sliogéisc nó algaí. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: Aon tógáil d'acmhainní atá beo san fharraige ó in aibhneacha, ar tógáil í a dhéanfaidh árthaí sna huiscí mara inmheánacha, agus i bhfarraige chríochach na Bulgáire, is iad árthaí faoi bhratach na Bulgáire a dhéanfaidh í. Ní fhéadfaidh long eachtrach gabháil don iascaireacht tráchtála sa limistéar eacnamaíoch eisiach ach amháin ar bhonn comhaontaithe idir an Bhulgáir agus an stát brataí. Le linn dóibh a bheith ag dul tríd an limistéar eacnamaíoch eisiach, ní fhéadfaidh longa iascaireachta eachtracha a bhfearas iascaireachta a choinneáil ar bun i mód oibriúcháin. |
(c) Bailiú, íonú agus dáileadh uisce
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: Le haghaidh gníomhaíochtaí, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le bailiú, íonú agus dáileadh uisce d'úsáideoirí tí, úsáideoirí tionscail, úsáideoirí tráchtála nó eile, lena n-áirítear soláthar uisce óil, agus bainistiú uisce. |
Forchoimeádas Uimh. 22 - Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh
Earnáil: |
Táirgeadh fuinnimh agus seirbhísí gaolmhara |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 10, 1110, 12, 120, 1200, 13, 14, 232, 233, 2330, 40, 401, 4010, 402, 4020, cuid de 4030, CPC 613, 62271, 63297, 7131, 71310, 742, 7422, cuid de 88, 887. |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Seirbhísí fuinnimh – ginearálta (ISIC Rev. 3.1 10, 1110, 13, 14, 232, 40, 401, 402, cuid de 403, 41; CPC 613, 62271, 63297, 7131, 742, 7422, 887 (seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin))
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: I gcás ina gceadóidh Ballstát úinéireacht eachtrach ar chóras tarchurtha gáis nó leictreachais, nó córas iompair trí phíblíne le haghaidh ola agus gáis, maidir le fiontair na Ríochta Aontaithe arna rialú ag daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha tríú tír ina bhfuil breis agus cúig faoin gcéad d’allmhairí ola nó gáis nádúrtha nó leictreachais an Aontais, chun slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais ina iomláine nó slándáil soláthar Ballstáit aonair a ráthú. Ní bhaineann an forchoimeádas seo le seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin arna soláthar mar sheirbhísí teagmhasach le dáileadh fuinnimh. |
Ní bhaineann an forchoimeádas seo le HR, HU agus LT (i dtaca le LT, CPC 7131 amháin) maidir le hiompar breoslaí trí phíblíne, ná ní bhaineanna sé le LV maidir le seirbhísí teagmhasach le dáileadh fuinnimh, ná le SI maidir le seirbhísí teagmhasach le dáileadh gáis (ISIC Rev. 3.1 401, 402, CPC 7131, 887 seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin).
In CY: Maidir le monarú táirgí peitriliam scagtha a mhéid atá an t-infheisteoir faoi rialú duine nádúrtha nó duine dlítheanach tríú tír ina bhfuil breis agus cúig faoin gcéad d’allmhairí ola nó gáis nádúrtha an Aontais, chomh maith le monarú gáis, dáileadh breoslaí gásacha trí phríomhlínte as a stuaim féin, táirgeadh, tarchur agus dáileadh leictreachais, iompar breoslaí trí phíblínte, seirbhísí teagmhasach le dáileadh leictreachais agus gáis nádúrtha seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin, seirbhísí mórdhíolacháin leictreachais, seirbhísí miondíolacháin breosla mótair, leictreachas agus gás neamhbhuidéalaithe. Tá feidhm ag coinníollacha náisiúntachta agus cónaithe maidir le seirbhísí a bhaineann le leictreachas. (ISIC Rev. 3.1 232, 4 010, 4020, CPC 613, 62271, 63297, 7131, agus 887 seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin).
In FI: Gréasáin agus córais tarchurtha agus dáilte fuinnimh agus gaile agus uisce te.
In FI: Na srianta cainníochtúla i bhfoirm monaplachtaí nó ceart eisiach le haghaidh allmhairiú gáis nádúrtha agus le haghaidh táirgeadh agus dáileadh gaile agus uisce the. Faoi láthair, tá monaplachtaí nádúrtha agus cearta eisiacha ann (ISIC Rev. 3.1 40, CPC 7131, 887 seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin).
In FR: Na córais tharchurtha leictreachais agus gáis agus iompar na bpíblíne ola agus gáis (CPC 7131).
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In BE: Na seirbhísí dáilte fuinnimh, agus seirbhísí teagmhasach le dáileadh fuinnimh (CPC 887 seachas seirbhísí comhairliúcháin). |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In BE: I gcás seirbhísí traschur fuinnimh, maidir leis na cineálacha eintiteas dlíthiúil agus maidir le láimhseáil oibreoirí poiblí nó príobháideacha a bhfuil cearta eisiacha tugtha ag BE dóibh. Tá bunaíocht laistigh den Aontas riachtanach (ISIC Rev. 3.1 4010, CPC 71310). |
|
In BG: I gcás seirbhísí teagmhasach le dáileadh fuinnimh (cuid de CPC 88). |
|
In PT: I gcás táirgeadh, tarchur agus dáileadh leictreachais, monarú gáis, iompar breoslaí trí phíblíne, seirbhísí mórdhíolacháin leictreachais, seirbhísí miondíolacháin leictreachais agus gáis neamhbhuidéalaithe, agus seirbhísí teagmhasach le dáileadh leictreachais agus gás nádúrtha. Ní shanntar lamháltais d’earnálacha an leictreachais agus an gháis ach do chuideachtaí teoranta a bhfuil a gceanncheathrú agus a mbainistíocht éifeachtach in PT (ISIC Rev. 3.1 232, 4 010, 4020, CPC 7131, 7422, 887 seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin). |
|
In SK: Tá údarú riachtanach le haghaidh táirgeadh, tarchur agus dáileadh leictreachais, monarú gáis agus dáileadh breoslaí gásacha, táirgeadh agus dáileadh gaile agus uisce the, iompar breoslaí trí phíblíne, mórdhíol agus miondíol leictreachais, gaile agus uisce the agus seirbhísí teagmhasach le dáileadh fuinnimh, lena n-áirítear seirbhísí teagmhasach le héifeachtacht fuinnimh, caomhnú fuinnimh agus iniúchadh fuinnimh. Cuirtear tástáil riachtanas eacnamaíoch i bhfeidhm agus ní fhéadfar diúltú don iarratas ach amháin má tá an margadh plúchta. I gcás na ngníomhaíochtaí sin go léir, ní fhéadfar údarú a dheonú ach do dhuine nádúrtha ar a bhfuil buanchónaí san LEE nó do dhuine dlítheanach den LEE. |
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE: Cé is moite de mhianadóireacht ar mhianta miotail agus mianadóireacht agus cairéalú eile, féadfar toirmeasc a chur ar fhiontair arna rialú ag daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha tríú tír ina bhfuil breis agus 5 faoin gcéad d’allmhairí ola, gáis nádúrtha nó leictreachais an Aontais Eorpaigh ó smacht a fháil ar an ngníomhaíocht. Tá corprú riachtanach (gan bhrainsiú) (ISIC Rev. 3.1 10, 1110, 13, 14, 232, cuid de 4 010, cuid de 4020, cuid de 4030). |
Bearta atá ann cheana:
|
An tAontas Eorpach: Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9); agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
BG: An tAcht um Fhuinneamh. |
|
CY: Na Dlíthe maidir le Rialáil an Mhargaidh Leictreachais 2003 Dlí 122(I)/2003 mar a leasaíodh é;
|
|
FI: Maakaasumarkkinalaki (An tAcht um an Margadh Gáis Nádúrtha) (508/2000); agus Sähkömarkkinalaki (Acht um an Margadh Leictreachais) (386/1995). Maakaasumarkkinalaki (An tAcht um an Margadh Gáis Nádúrtha) (587/2017) |
|
FR: Code de l’énergie. |
|
PT: Foraithne-Dlí 230/2012 agus Dlí Foraithne 231/2012, an 26 Deireadh Fómhair – Gás Nádúrtha; Dlí Foraithne 215-A/2012, agus Dlí Foraithne 215-B/2012, 8 Deireadh Fómhair — Leictreachas; agus Dlí Foraithne 31/2006, 15 Feabhra – Amhola/Táirgí Peitriliam. |
|
SK: Acht 51/1988 um an Mianadóireacht, Pléascáin agus Riarachán Mianadóireachta Stáit;
|
(b) Leictreachas (ISIC Rev. 3.1 40, 401; CPC 62271, 887 (seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin))
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: Allmhairiú leictreachais. Maidir le trádáil trasteorann, mórdhíol agus miondíol leictreachais. |
|
In FR: Ní fhéadfaidh ach cuideachtaí ina bhfuil 100 faoin gcéad den chaipiteal i seilbh Stát na Fraince, i seilbh eagraíochta eile san earnáil phoiblí nó i seilbh Electricité de France (EDF), a bheith ina n-úinéirí agus ina n-oibreoirí córais tarchurtha leictreachais nó córais dáilte leictreachais. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BG: I gcás leictreachas a tháirgeadh agus teas a tháirgeadh. |
|
In PT: Déanfar na gníomhaíochtaí tarchurtha agus dáilte leictreachais trí lamháltais eisiacha na seirbhíse poiblí. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE: Le haghaidh údarú aonair chun leictreachas de thoilleadh 25 MW nó níos mó a tháirgeadh, tá bunaíocht san Aontas riachtanach, nó i Stát eile ag a bhfuil córas i bhfeidhm atá comhchosúil leis an gcóras a fhorfheidhmítear le Treoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus mar a bhfuil nasc éifeachtach agus leanúnach ag an gcuideachta leis an ngeilleagar. |
Tá táirgeadh leictreachais laistigh de chríoch eischósta BE faoi réir oibleagáide lamháltais agus oibleagáide comhfhiontair le duine dlítheanach den Aontas, nó le duine dlítheanach de thír ina bhfuil córas i bhfeidhm atá comhchosúil le Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), go háirithe maidir le coinníollacha a bhaineann leis an údarú agus leis an roghnú.
Ina theannta sin, ní mór don duine dlítheanach riarachán lárnach nó ceannoifig a bheith aige i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtír a chomhlíonann na critéir thuas, áit a bhfuil nasc éifeachtach agus leanúnach aige leis an ngeilleagar.
Tá údarú riachtanach chun línte cumhachta leictreachais a thógáil a nascann táirgeadh amach ón gcósta le líonra tarchurtha Elia agus ní mór don chuideachta na coinníollacha atá sonraithe cheana a chomhlíonadh, ach amháin le haghaidh an cheanglais maidir le comhfhiontair.
Maidir le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir náisiúnta:
|
In BE: Tá údarú riachtanach le go mbeidh idirghabhálaí in ann leictreachas a sholáthar ag a bhfuil custaiméirí atá bunaithe in BE agus atá ceangailte den chóras eangaí náisiúnta nó de líne dhíreach a bhfuil a voltas ainmniúil níos airde ná 70,000 volta. Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach den LEE. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
In FR: I gcás leictreachas a tháirgeadh. |
Bearta atá ann cheana:
|
BE: Arrêté Royal du 11 octobre 2000 fixant les critères et la procédure d’octroi des autorisations individuelles préalables à la construction de lignes directes; Arrêté Royal du 20 décembre 2000 relatif aux conditions et à la procédure d’octroi des concessions domaniales pour la construction et l’exploitation d’installations de production d’électricité à partir de l’eau, des courants ou des vents, dans les espaces marins sur lesquels la Belgique peut exercer sa juridiction conformément au droit international de la mer; agus Arrêté Royal du 12 mars 2002 relatif aux modalités de pose de câbles d’énergie électrique qui pénètrent dans la mer territoriale ou dans le territoire national ou qui sont installés ou utilisés dans le cadre de l’exploration du plateau continental, de l’exploitation des ressources minérales et autres ressources non vivantes ou de l’exploitation d’îles artificielles, d’installations ou d’ouvrages relevant de la juridiction belge. Arrêté royal relatif aux autorisations de fourniture d’électricité par des intermédiaires et aux règles de conduite applicables à ceux-ci. Arrêté royal du 12 juin 2001 relatif aux conditions générales de fourniture de gaz naturel et aux conditions d’octroi des autorisations de fourniture de gaz naturel. |
|
FI: Maakaasumarkkinalaki (An tAcht um an Margadh Gáis Nádúrtha) (508/2000); agus Sähkömarkkinalak (Acht um an Margadh Leictreachais) 588/2013; Maakaasumarkkinalaki (An tAcht um an Margadh Gáis Nádúrtha) (587/2017) |
|
FR: Code de l’énergie. |
|
PT: Dlí Foraithne 215-A/2012; agus Dlí Foraithne 215-B/2012, 8 Deireadh Fómhair – Leictreachas. |
(c) Breoslaí, táirgí gáis, amhola nó peitriliam (ISIC Rev. 3.1 232, 40, 402; CPC 613, 62271, 63297, 7131, 71310, 742, 7422, cuid de 88, 887 (seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin))
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: Chun rialú nó úinéireacht críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) ag daoine nádúrtha eachtracha nó ag daoine dlítheanacha eachtracha a chosc ar chúiseanna slándála fuinnimh (lena n-áirítear na codanna sin den chríochfort GNL a úsáidtear chun GNL a stóráil nó a athghású). |
|
In FR: Ní fhéadfaidh ach cuideachtaí ina bhfuil 100 faoin gcéad den chaipiteal i seilbh Stát na Fraince, i seilbh eagraíochta eile san earnáil phoiblí nó i seilbh ENGIE a bheith ina n-úinéirí agus ina n-oibreoirí córais tarchurtha nó dáileacháin gáis ar chúiseanna a bhaineann le slándáil náisiúnta fuinnimh. |
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE: I gcás seirbhísí bulcstórála gáis, maidir leis na cineálacha eintiteas dlíthiúil agus maidir leis an gcaoi a gcaitear le hoibreoirí poiblí nó príobháideacha a bhfuil cearta eisiacha tugtha ag an mBeilg dóibh. Tá bunaíocht laistigh den Aontas riachtanach le haghaidh seirbhísí bulcstórála gáis (cuid de CPC 742). |
|
In BG: I gcás iompair ar phíblíne, stórála agus trádstórála peitriliam agus gáis nádúrtha, lena n-áirítear tarchur idirthurais (CPC 71310, cuid de CPC 742). |
|
In PT: I gcás soláthar trasteorann seirbhísí stórála agus trádstórála breoslaí arna n-iompar trí phíblínte (gás nádúrtha). Freisin, maidir le lamháltais a bhaineann le tarchur agus dáileadh gáis nádúrtha agus lena stóráil faoi thalamh agus le críochfort ina ndéantar GNL a glacadh, a stóráil agus a athghású, bronnfar na lamháltais sin trí chonarthaí lamháltais, tar éis glaonna poiblí ar thairiscintí (CPC 7131, CPC 7422). |
Maidir le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In BE: Tá iompar gáis nádúrtha agus breoslaí eile trí phíblíne faoi réir ceanglas údarúcháin. Ní fhéadfar údarú a dheonú ach do dhuine nádúrtha nó dlíthiúil atá bunaithe i mBallstát (i gcomhréir le hAirteagal 3 de AR an 14 Bealtaine 2002). |
I gcás ina n-iarrann cuideachta an t-údarú:
(a) |
ní mór don chuideachta a bheith bunaithe i gcomhréir le dlí na Beilge, nó le dlí Ballstáit eile, nó dlí tríú tír, a thug gealltanais chun creat rialála a choinneáil ar bun atá comhchosúil leis na ceanglais chomhchoiteanna a shonraítear i dTreoir 98/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13); agus |
(b) |
ní mór suíomh riaracháin, príomhbhunaíocht nó ceannoifig na cuideachta a bheith i mBallstát, nó i dtríú tír, a thug gealltanais creat rialála a choinneáil ar bun atá comhchosúil leis na ceanglais chomhchoiteanna a shonraítear i dTreoir 98/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar choinníoll go bhfuil gníomhaíocht na bunaíochta nó na ceannoifige sin ina nasc éifeachtach agus leanúnach le geilleagar na tíre lena mbaineann (CPC 7131). |
In BE: De ghnáth, an soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí atá bunaithe sa Bheilg (is custaiméirí iad cuideachtaí dáileacháin agus tomhaltóirí freisin, a sroicheann a dtomhaltas foriomlán gáis ag eascairt ó gach ionad soláthair leibhéal íosta d’aon mhilliún méadar ciúbach in aghaidh na bliana), tá an soláthar gáis sin faoi réir údarú aonair arna chur ar fáil ag an aire, ach amháin i gcás gur cuideachta dáileacháin é an soláthróir a úsáideann a líonra dáileacháin féin. Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha an Aontais Eorpaigh.
In CY: I gcás soláthar trasteorann seirbhísí stórála agus trádstórála breoslaí arna n-iompar trí phíblínte, agus miondíol ola breosla agus gáis bhuidéalaithe seachas trí phostdíol (CPC 613, CPC 62271, CPC 63297, CPC 7131, CPC 742).
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In HU: Tá bunaíocht riachtanach le haghaidh soláthar seirbhísí iompair trí phíblíne. Féadfar seirbhísí a sholáthar trí Chonradh Lamháltais arna dheonú ag an stát nó ag an údarás áitiúil. Tá soláthar na seirbhíse sin á rialú ag Dlí Lamháltais na hUngáire (CPC 7131). |
Maidir le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In LT: I gcás iompair ar phíblíne breoslaí agus seirbhísí cúntacha d’iompar píblíne earraí seachas breosla. |
Bearta atá ann cheana:
|
BE: Arrêté Royal du 14 mai 2002 relatif à l’autorisation de transport de produits gazeux et autres par canalisations; agus Loi du 12 avril 1965 relative au transport de produits gazeux et autres par canalizations (airteagal 8.2). |
|
BG: An tAcht um Fhuinneamh. |
|
CY: An Dlí maidir le Rialáil an Mhargaidh Leictreachais 2003, Dlí 122(l)/2003 mar a leasaíodh é;
|
|
FI: Maakaasumarkkinalaki (An tAcht um an Margadh Gáis Nádúrtha) (508/2000); agus Maakaasumarkkinalaki (An tAcht um an Margadh Gáis Nádúrtha) (587/2017). |
|
FR: Code de l’énergie. |
|
HU: Acht XVI 1991 maidir le Lamháltais. |
|
LT: An Dlí maidir le Gás Nádúrtha Phoblacht na Liotuáine an 10 Deireadh Fómhair 2000 Uimh. VIII-1973. |
|
PT: Foraithne-Dlí 230/2012 agus Dlí Foraithne 231/2012, an 26 Deireadh Fómhair – Gás Nádúrtha; Dlí foraithne 215-A/2012, agus Dlí Foraithne 215-B/2012, 8 Deireadh Fómhair — Leictreachas; agus Dlí Foraithne 31/2006, 15 Feabhra – Amhola/Táirgí Peitriliam. |
(d) Núicléach (ISIC Rev. 3.1 12, 3.1 23, 120, 1200, 233, 2330, 40, cuid de 4 010, CPC 887))
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In DE: I gcás ábhar núicléach a tháirgeadh, a phróiseáil nó a iompar agus fuinneamh núicléach-bhunaithe a ghiniúint nó a dháileadh. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Cóir náisiúnta:
|
In AT agus FI: i gcás ábhar núicléach a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh nó a iompar agus fuinneamh núicléach-bhunaithe a ghiniúint nó a dháileadh. |
|
In BE: I gcás ábhar núicléach a tháirgeadh, a phróiseáil nó a iompar agus fuinneamh núicléach-bhunaithe a ghiniúint nó a dháileadh. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta:
|
In HU agus SE: I gcás breosla núicléach a phróiseáil agus leictreachas núicléach-bhunaithe a ghiniúint. |
Maidir le léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
|
In BG: Chun ábhair ineamhnaithe agus in-chomhleáite nó na hábhair as a ndíorthaítear iad a phróiseáil, chomh maith leis an trádáil iontu, maidir le cothabháil agus deisiú trealaimh agus córais i saoráidí le haghaidh táirgeadh fuinnimh núicléach, i dtaca le hiompar na n-ábhar sin agus ábhar bruscair agus dramhaíola óna bpróiseáil, i dtaca le húsáid radaíochta ianúcháin, agus gach seirbhís eile a bhaineann le húsáid fuinnimh núicléach le haghaidh cuspóirí síochánta (lena n-áirítear seirbhísí innealtóireachta agus comhairliúcháin agus seirbhísí a bhaineann le bogearraí, etc.). |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FR: Ní mór do na gníomhaíochtaí sin oibleagáidí Chomhaontú Euratom a urramú. |
Bearta atá ann cheana:
|
AT: Bundesverfassungsgesetz für ein atomfreies Österreich (an tAcht Bunreachtúil le haghaidh Ostair Neamhnúicléach), BGBl. I Uimh. 149/1999. |
|
BG: An tAcht um Úsáid Shábháilte Fuinnimh Núicléach. |
|
FI: Ydinenergialaki (An tAcht um Fhuinneamh Núicléach) (990/1987). |
|
HU: Acht CXVI 1996 maidir le Fuinneamh Núicléach; agus Foraithne an Rialtais Uimh. 72/2000 maidir le Fuinneamh Núicléach. |
|
SE: Cód Comhshaoil na Sualainne (1998:808); agus an Dlí maidir le Gníomhaíochtaí Teicneolaíochta Núicléiche (1984:3). |
Forchoimeádas Uimh. 23 - Seirbhísí eile nach n-áirítear in aon áit eile
Earnáil: |
Seirbhísí eile nach bhfuil san áireamh in áiteanna eile |
Aicmiú tionscail: |
CPC 9703 , cuid de CPC 612, cuid de CPC 621, cuid de CPC 625, cuid de 85990 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an tAontas an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Seirbhísí sochraide, créamtha agus adhlacóireachta (CPC 9703)
Maidir le léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta:
|
In FI: Ní fhéadfaidh ach an stát, bardasachtaí, paróistí, pobail chreidimh nó fondúireachtaí nó cumainn neamhbhrabúis seirbhísí créamtha agus oibriú/cothabháil reiligí a dhéanamh. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
In DE: Ní fhéadfaidh ach daoine dlítheanacha atá bunaithe faoin dlí poiblí reilig a oibriú. Reiligí a chruthú agus a oibriú agus seirbhísí a bhaineann le sochraidí. |
|
In PT: Tá láithreacht tráchtála riachtanach chun seirbhísí sochraide agus adhlacóireachta a sholáthar. Tá náisiúntacht LEE riachtanach ag an té a bheidh ina bhainisteoir teicniúil d’eintitis a sholáthróidh seirbhísí sochraide agus adhlacóireachta. |
|
In SE: Monaplacht Eaglais na Sualainne nó údaráis áitiúil ar sheirbhísí créamtha agus sochraide. |
|
In CY, SI: Seirbhísí sochraide, créamtha agus adhlacóireachta. |
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Hautaustoimilaki (An tAcht um Sheirbhís Adhlactha) (457/2003). |
|
PT: Dlí Foraithne 10/2015 an 16 Eanáir arna leasú le Dlí 15/2018 an 27 Márta. |
|
SE: Begravningslag (1990:1144) (Acht Adhlactha); Begravningsförordningen (1990:1147) (Ordanás Adhlactha). |
(b) Seirbhísí eile-a bhaineann le cúrsaí gnó
Maidir leis an trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh:
|
In FI: Ceanglas a bheith ann maidir le bunaíocht san Fhionlainn nó in áit eile in LEE chun seirbhísí ríomhshainaitheantais a sholáthar. |
Bearta atá ann cheana:
|
FI: Laki vahvasta sähköisestä tunnistamisesta ja sähköisistä allekirjoituksista 617/2009 (An tAcht um Ríomhshainaitheantas Láidir agus um Sheirbhísí Leictreonacha Iontaoibhe 617/2009). |
(c) Seirbhísí nua
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
An tAontas: Chun seirbhísí nua a sholáthar seachas na seirbhísí sin a aicmítear in Aicmiú Lárnach Sealadach Táirgí na Náisiún Aontaithe (CPC), 1991. |
Sceideal na Ríochta Aontaithe
|
Forchoimeádas Uimh. 1 - Gach earnáil |
|
Forchoimeádas Uimh. 2 - Seirbhísí gairmiúla (gach gairm seachas gairmeacha a bhaineann leis an tsláinte) |
|
Forchoimeádas Uimh. 3 - Seirbhísí gairmiúla (a bhaineann leis an tsláinte agus le miondíol cógaisíochta) |
|
Forchoimeádas Uimh. 4 - Seirbhísí gnó (seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin agus seirbhísí tuairiscithe creidmheasa) |
|
Forchoimeádas Uimh. 5 - Seirbhísí gnó (seirbhísí socrúcháin) |
|
Forchoimeádas Uimh. 6 - Seirbhísí gnó (seirbhísí imscrúdaithe) |
|
Forchoimeádas Uimh. 7 - Seirbhísí gnó (seirbhísí gnó eile) |
|
Forchoimeádas Uimh. 8 - Seirbhísí oideachais |
|
Forchoimeádas Uimh. 9 - Seirbhísí airgeadais |
|
Forchoimeádas Uimh. 10 – Seirbhísí sláinte agus sóisialta |
|
Forchoimeádas Uimh. 11 – Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt |
|
Forchoimeádas Uimh. 12 – Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar |
|
Forchoimeádas Uimh. 13 – An iascaireacht agus uisce |
|
Forchoimeádas Uimh. 14 – Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh |
|
Forchoimeádas Uimh. 15 – Seirbhísí eile nach n-áirítear in aon áit eile |
Forchoimeádas Uimh. 1 – Gach earnáil
Earnáil: |
Gach earnáil |
Cineál Forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil Oibleagáidí maidir le Seirbhísí Dlí |
Caibidil/Roinn: |
Léirscaoileadh infheistíochta, Trádáil trasteorann i seirbhísí agus Creataí rialála do sheirbhísí dlí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Láithreacht tráchtála
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
Seirbhísí a mheastar a bheith ina bhfóntais phoiblí ar an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal áitiúil, féadfaidh siad a bheith faoi réir monaplachtaí poiblí nó faoi réir cearta eisiacha a dheonaítear d’oibreoirí príobháideacha. |
Tá fóntais phoiblí ann in earnálacha ar nós seirbhísí gaolmhara comhairliúcháin eolaíocha agus teicniúla, seirbhísí taighde agus forbartha maidir leis na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí, seirbhísí tástála agus anailíse teicniúla, seirbhísí comhshaoil, seirbhísí sláinte, seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a gabhann le gach modh iompair. Is minic a dheonaítear cearta eisiacha i leith na seirbhísí sin d’oibreoirí príobháideacha, mar shampla oibreoirí a bhfuil lamháltais acu ó údaráis phoiblí, faoi réir oibleagáidí sonracha maidir le seirbhísí. Sceidealú mionsonraithe uileghabhálach earnáilsonrach, níl sé sin praiticiúil de bhrí gur minic a bhíonn fóntais phoiblí ann ar an leibhéal fo-lárnach freisin. Níl feidhm ag an bhforchoimeádas sin maidir leis an teileachumarsáid ná le seirbhísí ríomhaireachta agus seirbhísí gaolmhara.
(b) Cóir an náisiúin barrfhabhair
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil Trasteorann i Seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Creat Rialála do Sheirbhísí Dlí – Oibleagáidí:
|
Cóir dhifreálach a thabhairt de bhun aon chonradh infheistíochta idirnáisiúnta nó aon chomhaontaithe trádála eile atá i bhfeidhm nó a síníodh roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. |
|
Cóir dhifreálach a thabhairt do thír de bhun aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo:
|
Margadh inmheánach maidir le seirbhísí agus bunaíocht, ciallaíonn sé limistéar gan teorainneacha inmheánacha lena ndéantar saorghluaiseacht seirbhísí, caipitil agus daoine a áirithiú.
Trí theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, ciallaíonn an ceart bunaíochta go bhfuil oibleagáid ann deireadh a chur go substaintiúil le gach bacainn ar bhunaíocht i measc na bpáirtithe sa chomhaontú réigiúnach maidir le lánpháirtíocht eacnamaíoch. Cuimseoidh an ceart bunaíochta ceart atá ag náisiúnaigh de chuid na bpáirtithe sa chomhaontú réigiúnach maidir le lánpháirtíocht eacnamaíoch chun fiontair a bhunú agus a oibriú faoi na coinníollacha céanna atá ar náisiúnaigh faoi dhlí na tíre ina ndéantar an bhunaíocht sin.
Ciallaíonn comhfhogasú reachtaíochta:
(i) |
reachtaíocht páirtí amháin nó níos mó sa chomhaontú réigiúnach maidir le lánpháirtíocht eacnamaíoch a ailíniú le reachtaíocht an pháirtí nó na bpáirtithe eile sa chomhaontú sin; nó |
(ii) |
reachtaíocht choiteann a ionchorprú i ndlí na bpáirtithe sa chomhaontú réigiúnach maidir le lánpháirtíocht eacnamaíoch. |
Ní dhéanfar ailíniú nó ionchorprú den sórt sin, agus ní mheasfar gur tharla sé, go dtí go ndéanfar é a achtú i ndlí an pháirtí nó na bpáirtithe sa chomhaontú réigiúnach maidir le lánpháirtíocht eacnamaíoch.
Cóir dhifreálach a thabhairt do náisiúnaigh nó d’fhiontair maidir leis an gceart bunaíochta trí bhíthin comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus aon cheann de na tíortha nó na prionsachtaí seo a leanas: Andóra, Monacó, San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine.
(c) Airm, armlóin agus ábhar cogaidh
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil Trasteorann i Seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir Náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
Airm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a dháileadh, nó trádáil iontu. Tá ábhar cogaidh teoranta d’aon táirge ar lena úsáid go míleata amháin, i ndáil le gníomhaíochtaí cogaidh nó cosanta a dhéanamh, a bheartaítear agus a dhéantar é. |
Forchoimeádas Uimh. 2 – Seirbhísí gairmiúla (gach gairm seachas gairmeacha a bhaineann leis an tsláinte)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla - seirbhísí dlí; seirbhísí iniúchóireachta |
Aicmiú tionscail: |
Cuid de CPC 861, cuid de CPC 87902, cuid de 862 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Láithreacht áitiúil Oibleagáidí maidir le Seirbhísí Dlí |
Caibidil/Roinn: |
Léirscaoileadh infheistíochta, Trádáil trasteorann i seirbhísí agus Creataí Rialála do sheirbhísí dlí |
Tuairisc:
(a) Seirbhísí dlí
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Cóir Náisiúnta, Trádáil Trasteorann i Seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta agus Creataí rialála – do sheirbhísí dlí - Oibleagáidí:
|
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil le soláthar seirbhísí comhairleacha dlí, seirbhísí údaraithe dlí, seirbhísí doiciméadachta dlí agus seirbhísí deimhnithe dlí ó ghairmithe dlí a gcuirtear feidhmeanna poiblí de chúram orthu, ar nós nótairí, agus i ndáil le seirbhísí a chuireann báillí ar fáil (cuid de CPC 861, cuid de 87902). |
(b) Seirbhísí iniúchóireachta (CPC 86211, 86212 seachas seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta)
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le seirbhísí iniúchóireachta a sholáthar ar bhonn trasteorann. |
Bearta atá ann cheana:
|
Acht na gCuideachtaí 2006 |
Forchoimeádas Uimh. 3 – Seirbhísí gairmiúla (a bhaineann leis an tsláinte agus le miondíol cógaisíochta)
Earnáil: |
Seirbhísí gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, miondíolacháin earraí cógaisíochta, leighis agus ortaipéideacha agus seirbhísí eile arna soláthar ag cógaiseoirí |
Aicmiú tionscail: |
CPC 63211, 85201, 9312, 9319, 93121 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Seirbhísí leighis agus fiaclóireachta; seirbhísí arna soláthar ag mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, síceolaithe agus foireann pharaimhíochaine (CPC 63211, 85201, 9312, 9319)
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
Tá bunaíocht maidir le dochtúirí faoin tSeirbhís Náisiúnta Sláinte faoi réir pleanáil daonchumhachta míochaine (CPC 93121, 93122). |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
Tá ceanglas cónaithe ann le haghaidh soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear na seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe ar nós dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí, agus síceolaithe. Ní fhéadfaidh ach daoine ag a bhfuil láithreacht fhisiceach i gcríoch na Ríochta Aontaithe na seirbhísí sin a sholáthar (CPC 9312, cuid de 93191).
Soláthar trasteorann seirbhísí leighis, fiaclóireachta agus ban cabhrach a sholáthraíonn altraí, fisiteiripeoirí, síceolaithe agus pearsanra paraimhíochaine (cuid de CPC 85201, 9312, cuid de 93191).
I gcás soláthróirí seirbhíse nach bhfuil i láthair go fisiceach i gcríoch na Ríochta Aontaithe (cuid de CPC 85201, 9312, cuid de 93191).
(b) Miondíolacháin earraí cógaisíochta, leighis agus ortaipéideacha, seirbhísí eile arna soláthar ag cógaiseoirí (CPC 63211)
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil:
|
Is ón Ríocht Aontaithe amháin is féidir postdíol a dhéanamh, rud a fhágann go bhfuil sé de cheangal bunaíocht a bheith ann sa Ríocht Aontaithe le haghaidh miondíol cógaisíochta agus earraí sonracha leighis leis an bpobal i gcoitinne sa Ríocht Aontaithe. |
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Miondíol trasteorann earraí cógaisíochta, leighis agus ortaipéideacha, agus seirbhísí eile arna soláthar ag cógaiseoirí. |
Forchoimeádas Uimh. 4 – Seirbhísí gnó (seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin agus seirbhísí tuairiscithe creidmheasa)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gnó - seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin, seirbhísí tuairiscithe creidmheasa |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87901, 87902 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Trádáil Trasteorann i Seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le seirbhísí gníomhaireachta bailiúcháin agus seirbhísí tuairiscithe creidmheasa a sholáthar.
Forchoimeádas Uimh. 5 - Seirbhísí gnó (seirbhísí socrúcháin)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí Gnó – seirbhísí socrúcháin |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87202, 87204, 87205, 87206, 87209 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Soláthar seirbhísí socrúcháin maidir le baill foirne tí, oibrithe eile tráchtála nó tionscail, pearsanra altranais agus pearsanra eile (CPC 87204, 87205, 87206, 87209).
Ceangal a chur maidir le bunaíocht agus toirmeasc a chur ar sholáthar trasteorann na seirbhísí socrúcháin maidir le baill foirne tacaíochta oifige agus oibrithe eile.
Forchoimeádas Uimh. 6 - Seirbhísí gnó (seirbhísí imscrúdaithe)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí Gnó – seirbhísí imscrúdaithe |
Aicmiú tionscail: |
CPC 87301 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le seirbhísí imscrúdaithe a sholáthar (CPC 87301).
Forchoimeádas Uimh. 7 - Seirbhísí gnó (seirbhísí gnó eile)
Earnáil – fo-earnáil: |
Seirbhísí gnó – seirbhísí gnó eile |
Aicmiú tionscail: |
CPC 86764, 86769, 8868, cuid de 8790 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Cothabháil agus deisiú soithí, trealamh iompair iarnróid agus aerárthaí agus páirteanna díobh (cuid de CPC 86764, CPC 86769, CPC 8868)
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Ceanglas a bheith ann maidir le bunaíocht nó láithreacht fhisiciúil ina críoch agus toirmeasc a chur ar sholáthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe trealaimh iompair iarnróid ó lasmuigh dá críoch. |
|
Ceanglas a bheith ann maidir le bunaíocht nó láithreacht fhisiciúil ina críoch agus toirmeasc a chur ar sholáthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe soithí iompair ar uiscebhealaí inmheánacha ó lasmuigh dá críoch. |
|
Ceanglas a bheith ann maidir le bunaíocht nó láithreacht fhisiciúil ina críoch agus toirmeasc a chur ar sholáthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe soithí muirí ó lasmuigh dá críoch. |
|
Ceanglas a bheith ann maidir le bunaíocht nó láithreacht fhisiciúil ina críoch agus toirmeasc a chur ar sholáthar trasteorann seirbhísí cothabhála agus deisithe aerárthaí agus páirteanna díobh ó lasmuigh dá críoch (cuid de CPC 86764, CPC 86769, CPC 8868). |
Ní fhéadfaidh ach eagraíochtaí aitheanta a bhfuil údarú acu ón Ríocht Aontaithe suirbhéanna reachtúla agus deimhniú long a dhéanamh thar ceann na Ríochta Aontaithe. D’fhéadfadh bunaíocht a bheith ina ceangal freisin.
Bearta atá ann cheana:
|
Rialachán (CE) 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018, agus arna leasú le Rialacháin Loingis Trádála (Eagraíochtaí Aitheanta) (Leasú) (Imeacht ón Aontas) 2019. |
(b) Seirbhísí gnó eile a bhaineann le heitlíocht
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta - Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i Seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
Lena dtugtar cóir dhifreálach do thríú tír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a bhaineann leis na seirbhísí seo a leanas:
|
Forchoimeádas Uimh. 8 – Seirbhísí oideachais
Earnáil: |
Seirbhísí oideachais |
Aicmiú tionscail: |
CPC 92 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Gach seirbhís oideachais a fhaigheann maoiniú poiblí nó tacaíocht Stáit i bhfoirm ar bith, agus nach meastar, dá bhrí sin, a bheith maoinithe go príobháideach. I gcás ina gceadaítear seirbhísí oideachais a sholáthar arna maoiniú go príobháideach ag soláthróir eachtrach, is féidir go mbeidh rannpháirtíocht oibreoirí príobháideacha sa chóras oideachais faoi réir deonú lamháltais arna leithdháileadh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
Soláthar seirbhísí oideachais eile a mhaoinítear go príobháideach, rud a chiallaíonn seirbhísí seachas iad sin a aicmítear mar sheirbhísí bunoideachais, meánoideachais, ardoideachais agus oideachais aosach (CPC 929).
Forchoimeádas Uimh. 9 – Seirbhísí airgeadais
Earnáil: |
Seirbhísí airgeadais a tháirgeadh |
Aicmiú tionscail: |
|
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Seirbhísí airgeadais uile
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh:
|
A cheangal ar sholáthróir seirbhísí airgeadais, cé is moite de bhrainse, foirm dhlíthiúil shonrach a ghlacadh agus iad á mbunú i mBallstát den Aontas Eorpach, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil Trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
Cóir dhifreálach a thabhairt d’infheisteoir nó do sholáthróir seirbhísí airgeadais de chuid tríú tír de bhun aon chonartha infheistíochta idirnáisiúnta déthaobhach nó iltaobhach nó de bhun comhaontú trádála eile.
(b) Árachas agus seirbhísí a bhaineann leis an árachas
I dtaca le Trádáil Trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
Le haghaidh seirbhísí árachais agus seirbhísí a bhaineann le hárachas a sholáthar ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(c) Seirbhísí baincéireachta agus seirbhísí airgeadais eile
Maidir le Léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil Trasteorann i Seirbhísí – Láithreacht áitiúil:
Ní fhéadfaidh ach comhlachtaí ag a bhfuil a n-oifig chláraithe san Aontas Eorpach gníomhú mar thaisclanna le haghaidh sócmhainní cistí infheistíochta. Ceanglaítear ar bhunaíocht cuideachta bainistíochta speisialaithe, ag a bhfuil a ceannoifig agus a hoifig chláraithe sa Ríocht Aontaithe, bainistíocht comhchistí a dhéanamh, lena n-áirítear iontaobhais aonad, agus i gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, cuideachtaí infheistíochta.
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, láithreacht áitiúil:
|
Le haghaidh seirbhísí baincéireachta agus seirbhísí airgeadais eile a sholáthar, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
Forchoimeádas Uimh. 10 – Seirbhísí sláinte agus sóisialta
Earnáil: |
Seirbhísí sláinte agus sóisialta |
Aicmiú tionscail: |
CPC 931 seachas 9312, cuid de 93191 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Seirbhísí sláinte – seirbhísí ospidéil, otharchairr agus sláinte cónaithe (CPC 931 seachas 9312, cuid de 93191)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta– Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
Chun gach seirbhís sláinte a fhaigheann maoiniú poiblí nó tacaíocht Stáit i bhfoirm ar bith, agus nach meastar, dá bhrí sin, a bheith maoinithe go príobháideach, a sholáthar.
Gach seirbhís sláinte a fhaigheann maoiniú príobháideach cé is moite de sheirbhísí ospidéil. An rannpháirtíocht oibreoirí sa líonra sláinte atá á mhaoiniú go príobháideach, d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir lamháltais ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfar tástáil riachtanas eacnamaíoch a bheith i bhfeidhm. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí atá ann faoi láthair agus an tionchar atá orthu, bonneagar iompair, dlús daonra, raon geografach, agus cruthú fostaíochta nua.
Ní bhaineann an forchoimeádas seo le soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear na seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe ar nós dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí, agus síceolaithe, atá cumhdaithe ag forchoimeádais eile (CPC 931 seachas 9312, cuid de 93191).
(b) Seirbhísí sláinte agus sóisialta, lena n-áirítear árachas pinsin
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
Ceanglas a bheith ann maidir le bunaíocht nó láithreacht fhisiciúil ar a críoch ag soláthróirí agus srian a chur ar sholáthar trasteorann seirbhísí sláinte ó lasmuigh dá críoch, soláthar trasteorann seirbhísí sóisialta ó lasmuigh dá críoch, chomh maith le gníomhaíochtaí nó seirbhísí ar cuid iad de phlean scoir poiblí nó de chóras reachtúil slándála sóisialta. Ní bhaineann an forchoimeádas seo le soláthar gach seirbhíse gairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear na seirbhísí a sholáthraíonn gairmithe ar nós dochtúirí leighis, fiaclóirí, mná cabhrach, altraí, fisiteiripeoirí, paraimhíochaineoirí, agus síceolaithe, atá cumhdaithe ag forchoimeádais eile (CPC 931 seachas 9312, cuid de 93191).
(c) Seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear árachas pinsin
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta:
Soláthar na seirbhísí sóisialta uile a fhaigheann maoiniú poiblí nó tacaíocht Stáit i bhfoirm ar bith, agus dá bhrí sin nach meastar iad a bheith á maoiniú go príobháideach, agus gníomhaíochtaí nó seirbhísí ar cuid iad de phlean scoir poiblí nó de chóras reachtúil slándála sóisialaí. D’fhéadfadh rannpháirtíocht oibreoirí sa líonra sóisialta atá á maoiniú go príobháideach a bheith faoi réir lamháltais ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfar tástáil riachtanas eacnamaíoch a bheith i bhfeidhm. Príomhchritéir: líon na mbunaíochtaí atá ann faoi láthair agus an tionchar atá orthu, bonneagar iompair, dlús daonra, raon geografach, agus cruthú fostaíochta nua.
Seirbhísí sóisialta atá á maoiniú go príobháideach a sholáthar cé is moite de sheirbhísí a bhaineann le tithe téarnaimh agus aíochta agus árais seanóirí.
Forchoimeádas Uimh. 11 – Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt
Earnáil: |
Seirbhísí caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt |
Aicmiú tionscail: |
CPC 963, 9619 , 964 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus seirbhísí cultúrtha eile (CPC 963)
Seirbhísí leabharlainne, cartlainne, músaeim, agus seirbhísí cultúrtha eile a sholáthar.
(b) Seirbhísí siamsaíochta, amharclannaíocht, bannaí beo agus seirbhísí sorcais (CPC 9619, 964 seachas 96492)
Soláthar trasteorann seirbhísí siamsaíochta, lena n-áirítear seirbhísí amharclannaíochta, bannaí beo, sorcais agus dioscó.
(c) Seirbhísí cearrbhachais agus gealltóireachta (CPC 96492)
Forchoimeádann an tAontas Eorpach, cé is moite de MT, an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le soláthar gníomhaíochtaí cearrbhachais, a bhaineann le geall a chur a bhfuil luach airgid air i gcluichí seans, lena n-áirítear i gcrannchuir áirithe, scríobchártaí, seirbhísí cearrbhachais arna dtairiscint i gcasaíní, in árais siamsaíochta cearrbhachais nó in áitribh cheadúnaithe, seirbhísí biongó agus cearrbhachais arna n-oibriú ag carthanais nó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus lena leas.
Forchoimeádas Uimh. 12 – Seirbhísí iompair agus seirbhísí cúnta a ghabhann leis an iompar
Earnáil: |
Seirbhísí iompair |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Iompar muirí – aon ghníomhaíocht tráchtála eile a dhéantar ó long
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Náisiúntacht an chriú ar shoitheach farraige nó ar shoitheach nach soitheach farraige é. |
Maidir le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir Náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
Chun soitheach a chlárú agus cabhlach a oibriú faoi bhratach na Ríochta Aontaithe (gach gníomhaíocht mhuirí tráchtála a dtugtar fúithi ó long mhuirghabhála, lena n-áirítear iascaireacht, dobharshaothrú, agus seirbhísí teagmhasach leis an iascaireacht; iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus lasta (CPC 721); agus seirbhísí cúntacha d’iompar muirí). Níl feidhm ag an bhforchoimeádas seo maidir le daoine dlítheanacha atá ionchorpraithe sa Ríocht Aontaithe agus a bhfuil nasc éifeachtach leanúnach acu lena geilleagar.
(b) Seirbhísí cúntacha d’iompar muirí
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
Soláthar seirbhísí píolótaíochta agus calaithe. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, gan beann ar na critéir a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm maidir le clárú long sa Ríocht Aontaithe, forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart ceangal a chur nach bhféadfaidh ach long atá cláraithe ar chláir náisiúnta na Ríochta Aontaithe seirbhísí píolótaíochta agus seirbhísí calaithe a sholáthar (CPC 7452).
Ní fhéadfaidh ach soithí a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain acu seirbhísí brú agus tarraingthe a sholáthar (CPC 7214).
(c) Seirbhísí cúntacha d’iompar d’uiscebhealaí intíre
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair, Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an Margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir Náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
|
Seirbhísí cúntacha d’iompar ar uiscebhealaí intíre. |
(d) Iompar d’iarnród agus seirbhísí cúntacha d’iompar d’iarnród
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Iompar paisinéirí iarnróid (CPC 7111). |
I dtaca le Léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil:
|
Iompar lasta iarnróid (CPC 7112). |
(e) Iompar de bhóthar (iompar paisinéirí, iompar lasta, seirbhísí iompair trucailí idirnáisiúnta) agus seirbhísí cúntacha d’iompar de bhóthar
I dtaca le Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil:
|
I gcás seirbhísí iompair de bhóthar a chumhdaítear le Ceannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo. |
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
I gcás seirbhísí iompair de bhóthar nach gcumhdaítear le Ceannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú seo:
|
Bearta atá ann cheana:
|
Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle, mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Tarraing siar) 2018 agus arna leasú le Rialacháin um Cheadúnú Oibreoirí agus um Tharlú Idirnáisiúnta de Bhóthar (Leasú etc.) (Imeacht ón Aontas) 2019; |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018, agus arna leasú le Rialacháin um Cheadúnú Oibreoirí agus um Tharlú Idirnáisiúnta de Bhóthar (Leasú etc.) (Imeacht ón Aontas) 2019; agus |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar a coinníodh é i ndlí na Ríochta Aontaithe le hAcht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus arna leasú leis na Rialacháin um Chomhrialacha maidir le Rochtain ar an Margadh Idirnáisiúnta do Sheirbhísí Cóiste agus Bus (Leasú etc.) (Imeacht ón Aontas) 2019. |
(f) Spásiompar agus spásárthaí a léasú
I ndáil le Léirscaoileadh Infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Ceanglais Feidhmíochta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
|
Seirbhísí iompair tríd an spás agus spásárthaí a léasú (CPC 733, cuid de 734). |
(g) Díolúintí an náisiúin barrfhabhair
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Cóir an náisiúin barrfhabhair, agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Cóir an náisiúin barrfhabhair:
(i) |
Iompar de bhóthar agus d’iarnróid Cóir dhifreálach a thabhairt do thír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le tarlú idirnáisiúnta de bhóthar (lena n-áirítear iompar comhcheangailte – iompar de bhóthar nó d’iarnród) agus iompar paisinéirí, arna dtabhairt i gcrích idir an Ríocht Aontaithe agus tríú tír (CPC 7111, 7112, 7121, 7122, 7123). Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an gcóir sin:
|
(ii) |
Aeriompar – Seirbhísí cúntacha d’aeriompar Cóir dhifreálach a thabhairt do thríú tír de bhun comhaontuithe déthaobhacha atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a bhaineann le seirbhísí láimhseála ar an talamh. |
Forchoimeádas Uimh. 13 – An iascaireacht agus uisce
Earnáil: |
Iascaireacht, dobharshaothrú, seirbhísí atá teagmhasach leis an iascaireacht; bailiú, íonú agus dáileadh uisce |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502, CPC 882, ISIC Rev. 3.1 41 |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Cóir an náisiúin barrfhabhair Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) Iascaireacht, dobharshaothrú agus seirbhísí atá teagmhasach leis an iascaireacht (ISIC Rev. 3.1 0501, 0 502, CPC 882)
I ndáil le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí, Ceanglais feidhmíochta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta, Láithreacht áitiúil, Cóir an náisiúin barrfhabhair:
1. |
Go háirithe laistigh de chreat chomhbheartas iascaigh na Ríochta Aontaithe, agus comhaontuithe iascaireachta le tríú tír, rochtain ar acmhainní bitheolaíocha agus meánna atá suite in uiscí muirí a thagann faoi cheannasacht nó laistigh de dhlínse na Ríochta Aontaithe agus a n-úsáid, nó teidlíochtaí iascaireachta faoi cheadúnas iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear:
|
2. |
Teidlíocht soithigh iascaireachta bratach na Ríochta Aontaithe a bheith ar foluain aige sna cásanna seo a leanas amháin:
|
3. |
Ní fhéadfar ceadúnas iascaireachta tráchtála lena ndeonaítear an ceart iascaireachta in uiscí teorann de chuid na Ríochta Aontaithe a dheonú ach d’árthaí faoi bhratach na Ríochta Aontaithe. |
4. |
Saoráidí dobharshaothraithe mara nó intíre a bhunú. |
5. |
Níl feidhm ag pointe (a), (b), (c) (ach amháin maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair) agus (d) de mhír 1, pointe (a)(i), pointe (b) agus (c) de mhír 2 agus mír 3 ach amháin maidir le bearta is infheidhme maidir le soithí nó le fiontair beag beann ar náisiúntacht a n-úinéirí tairbhiúla. |
(b) Bailiú, íonú agus dáileadh uisce
I dtaca le Léirscaoileadh infheistíochta – Rochtain ar an margadh, Cóir náisiúnta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí – Rochtain ar an margadh, Láithreacht áitiúil, Cóir náisiúnta:
Le haghaidh gníomhaíochtaí, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le bailiú, íonú agus dáileadh uisce d’úsáideoirí tí, úsáideoirí tionscail, úsáideoirí tráchtála nó eile, lena n-áirítear soláthar uisce óil, agus bainistiú uisce.
Forchoimeádas Uimh. 14 – Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh
Earnáil: |
Táirgeadh fuinnimh agus seirbhísí gaolmhara |
Aicmiú tionscail: |
ISIC Rev 3.1 401, 402, CPC 7131, CPC 887 (seachas seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin) |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, i gcás ina gceadóidh an Ríocht Aontaithe úinéireacht eachtrach ar chóras tarchurtha gáis nó leictreachais, nó ar chóras iompair do phíblíne ola agus gáis, i ndáil le fiontair an Aontais atá á rialú ag daoine nádúrtha nó ag fiontair de chuid tríú tír arb ionann iad agus níos mó ná 5 faoin gcéad d’allmhairí ola, gáis nádúrtha nó leictreachais na Ríochta Aontaithe, chun slándáil sholáthar fuinnimh na Ríochta Aontaithe a ráthú. Ní bhaineann an forchoimeádas seo le seirbhísí comhairleacha agus comhairliúcháin arna soláthar mar sheirbhísí teagmhasach le dáileadh fuinnimh.
Forchoimeádas Uimh. 15 – Seirbhísí eile nach n-áirítear in aon áit eile
Earnáil: |
Seirbhísí eile nach bhfuil san áireamh in áiteanna eile |
Cineál forchoimeádais: |
Rochtain ar an margadh Cóir náisiúnta Bainistíocht shinsearach agus bord stiúrthóirí Ceanglais feidhmíochta Láithreacht áitiúil |
Caibidil: |
Léirscaoileadh Infheistíochta agus Trádáil trasteorann i seirbhísí |
Tuairisc:
Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe an ceart chun aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i ndáil le soláthar seirbhísí nua seachas na seirbhísí sin atá aicmithe in Aicmiú Sealadach Lárnach Táirgí na Náisiún Aontaithe (CPC), 1991.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131 28.5.2009, lch. 11).
(2) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(3) Treoir 2011/61/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1)
(4) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO AE L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnla) (IO AE L 300, 14.11.2009, lch 88).
(8) Maidir leis an Ostair, leis an gcuid den díolúine i leith chóir an náisiúin barrfhabhair i dtaca le cearta tráchta, cumhdaítear na tíortha go léir lena bhfuil comhaontuithe déthaobhacha faoi láthair maidir le hiompar de bhóthar nó socruithe eile i dtaca le hiompar de bhóthar nó na comhaontuithe nó na socruithe a bhféadfar breithniú a dhéanamh orthu amach anseo.
(9) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(10) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(11) Treoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas (IO AE L 27, 30.1.1997, lch. 20).
(12) Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 96/92/CE (IO AE L 176, 15.7.2003, lch. 37).
(13) Treoir 98/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (IO L 204, 21.7.1998, lth 1).
IARSCRÍBHINN 21
CUAIRTEOIRÍ GNÓ CHUN CRÍOCHA BUNAÍOCHTA, AISTRITHE IDIRCHORPARÁIDEACHA AGUS CUAIRTEOIRÍ GNÓ GEARRTHÉARMACHA.
1.
Féadfar beart a liostaítear san Iarscríbhinn seo a choinneáil, leanúint ar aghaidh leis, é a athnuachan go pras, nó a leasú, ar choinníoll nach laghdaítear comhréireacht an bhirt le hAirteagail 141 agus 142 den Chomhaontú seo, mar a bhí sé díreach roimh an leasú.
2.
Ní bhaineann Airteagail 141 agus 142 den Chomhaontú seo le haon bheart neamh-chomhréireach atá liostaithe san Iarscríbhinn seo, a mhéid is nach bhfuil siad i gcomhréir.
3.
Níl feidhm ag na sceidil i míreanna 6, 7 agus 8 ach maidir le críocha na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 520(2) agus Airteagal 774 den Chomhaontú seo agus níl siad ábhartha ach amháin i gcomhthéacs an chaidrimh trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe. Ní dhéanann siad difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.
4.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, don Aontas, ní bheidh ceanglas i gceist leis an oibleagáid cóir náisiúnta a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na Ríochta Aontaithe an chóir a thugtar i mBallstát, i gcur i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó i gcur i bhfeidhm aon bheart arna ghlacadh de bhun an Chonartha sin, lena n-áirítear cur chun feidhme na mbeart sin sna Ballstáit, a leathnú chuig:
(i) |
daoine nádúrtha nó cónaitheoirí de chuid Ballstáit eile nó |
(ii) |
daoine dlítheanacha atá comhdhéanta nó a eagraítear faoi dhlí Ballstáit eile nó dlí an Aontais agus ar san Aontas atá a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó. |
5.
Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas sna míreanna thíos:
AT |
an Ostair |
BE |
an Bheilg |
BE |
an Bhulgáir |
CY |
an Chipir |
CZ |
an tSeicia |
DE |
an Ghearmáin |
DK |
an Danmhairg |
EE |
an Eastóin |
EL |
an Ghréig |
ES |
an Spáinn |
EU |
an tAontas Eorpach, lena Bhallstáit uile san áireamh |
FI |
an Fhionlainn |
FR |
an Fhrainc |
HR |
an Chróit |
HU |
an Ungáir |
IE |
Éire |
IT |
an Iodáil |
LT |
an Liotuáin |
LU |
Lucsamburg |
LV |
an Laitvia |
MT |
Málta |
NL |
an Ísiltír |
PL |
an Pholainn |
PT |
an Phortaingéil |
RO |
an Rómáin |
SE |
an tSualainn |
SI |
an tSlóivéin |
SK |
Poblacht na Slóvaice |
6.
Is iad seo a leanas bearta neamh-chomhréireacha an Aontais Eorpaigh:
|
Cuairteoirí gnó chun críocha bunaíochta
|
|
Aistrithe ionchorparáideacha
|
|
Cuairteoirí gnó gearrthéarmacha
|
7.
Is iad seo a leanas bearta neamh-chomhréireacha na Ríochta Aontaithe:
|
Cuairteoirí gnó chun críocha bunaíochta
|
|
Aistrithe ionchorparáideacha
|
|
Cuairteoirí gnó gearrthéarmacha
|
8.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí a cheadaítear do chuairteoirí gnó gearrthéarmacha a dhéanamh:
(a) |
cruinnithe agus comhairliúcháin: daoine nádúrtha a fhreastalaíonn ar chruinnithe nó ar chomhdhálacha, nó a bhíonn i mbun comhairliúcháin le comhpháirtithe gnó; |
(b) |
taighde agus dearadh: taighdeoirí teicniúla, eolaíocha agus staidrimh a bhfuil taighde neamhspleách ar bun acu nó taighde do dhuine dlítheanach den Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach; |
(c) |
taighde margaíochta: taighdeoirí margaidh agus anailísithe a bhfuil taighde nó anailís ar bun acu do dhuine dlítheanach den Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach; |
(d) |
seimineáir oiliúna: pearsanra fiontair a théann isteach sa chríoch a bhfuil an cuairteoir gnó gearrthéarmach ar cuairt uirthi chun oiliúint a fháil i dteicnící agus i gcleachtais oibre a úsáidtear i gcuideachtaí nó in eagraíochtaí sa chríoch a bhfuil an cuairteoir gnó gearrthéarmach ar cuairt uirthi, ar choinníoll go bhfuil an oiliúint a fhaightear teoranta do bhreathnú, do thaithíocht agus do theagasc sa seomra ranga amháin; |
(e) |
aontaí agus taispeántais trádála: pearsanra atá ag freastal ar aonach trádála chun a gcuideachta nó a dtáirgí nó a seirbhísí a chur chun cinn; |
(f) |
díolacháin: ionadaithe ó sholáthróir seirbhísí nó earraí ag glacadh orduithe nó ag caibidliú díolachán seirbhísí nó earraí nó ag déanamh comhaontuithe chun seirbhísí nó earraí a dhíol don soláthróir sin, ach gan earraí a sheachadadh nó seirbhísí a sholáthar iad féin. Ní thabharfaidh cuairteoirí gnó gearrthéarmacha faoi dhíolacháin dhíreacha a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne; |
(g) |
ceannach: ceannaitheoirí ag ceannach earraí nó seirbhísí d’fhiontar, nó pearsanra bainistíochta agus maoirseachta, ag gabháil d’idirbheart tráchtála a dhéantar i gcríoch an Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach; |
(h) |
seirbhís iar-dhíolacháin nó iar-léasa: suiteálaithe, pearsanra deisiúcháin agus cothabhála, agus maoirseoirí, a bhfuil saineolas acu atá ríthábhachtach d’oibleagáid chonarthach an díoltóra, a sholáthraíonn seirbhísí nó a chuireann oiliúint ar oibrithe chun seirbhísí a sholáthar, de bhun barántais nó conradh seirbhíse eile atá teagmhasach le trealamh nó innealra tráchtála nó tionsclaíoch a dhíol nó a léasú, lena n-áirítear bogearraí ríomhaireachta, a ceannaíodh nó a léasaíodh ó dhuine dlítheanach den Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach, le linn an barántas nó an conradh seirbhíse a bheith i bhfeidhm; |
(i) |
idirbhearta tráchtála: pearsanra bainistíochta agus maoirseachta agus pearsanra seirbhísí airgeadais (lena n-áirítear árachóirí, baincéirí agus bróicéirí infheistíochta) atá i mbun idirbheart tráchtála do dhuine dlítheanach den Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach; |
(j) |
pearsanra turasóireachta: gníomhairí turas agus taistil, treoraithe turas nó tionscnóirí turas a fhreastalaíonn ar choinbhinsiúin nó a bhíonn rannpháirteach iontu nó a ghabhann le turas atá tosaithe i gcríoch an Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach; agus |
(k) |
aistriúchán agus ateangaireacht: aistritheoirí nó ateangairí a sholáthraíonn seirbhísí mar fhostaithe de dhuine dlítheanach den Pháirtí ar duine nádúrtha dá chuid é an cuairteoir gnó gearrthéarmach; |
IARSCRÍBHINN 22
SOLÁTHRÓIRÍ SEIRBHÍSÍ CONARTHACHA AGUS GAIRMITHE NEAMHSPLEÁCHA
1.
Ceadóidh gach Páirtí soláthar seirbhísí ar a chríoch ag soláthróirí seirbhísí conarthacha nó ag gairmithe neamhspleácha an Pháirtí eile trí dhaoine nádúrtha a bheith i láthair, i gcomhréir le hAirteagal 143 den Chomhaontú seo, do na hearnálacha atá liostaithe san Iarscríbhinn seo agus faoi réir na dteorainneacha ábhartha.
2.
Tá an liosta thíos comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas:
(a) |
an chéad cholún ina sonraítear an earnáil nó an fho-earnáil dá bhfuil an chatagóir de sholáthróirí seirbhísí conarthacha agus de ghairmithe neamhspleácha léirscaoilte; agus |
(b) |
an dara colún lena ndéantar tuairisc ar na teorainneacha is infheidhme. |
3.
I dteannta leis an liosta forchoimeádais san Iarscríbhinn seo, féadfaidh gach Páirtí beart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun a bhaineann le riachtanais cháilíochtaí, nósanna imeachta cáilíochtaí, caighdeáin theicniúla, ceanglais cheadúnúcháin nó nósanna imeachta ceadúnúcháin nach teorannú é an beart sin de réir bhrí Airteagal 143 den Chomhaontú seo. Áirítear ar na bearta ceanglais maidir le ceadúnas a fháil, aitheantas cáilíochtaí in earnálacha rialáilte a fháil nó pas a fháil i scrúduithe sonracha, i scrúduithe teanga mar shampla, fiú mura liostaítear iad san Iarscríbhinn seo agus beidh feidhm ag na bearta sin in aon chás maidir le soláthróirí seirbhísí conarthacha nó gairmithe neamhspleácha na bPáirtithe.
4.
Ní ghabhann na Páirtithe de láimh aon ghealltanas do sholáthróirí seirbhísí conarthacha ná do ghairmithe neamhspleácha i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil liostaithe.
5.
Maidir le hearnálacha agus fo-earnálacha aonair shainaithint: Ciallaíonn CPC an tAicmiú Lárnach Táirgí mar a leagtar amach in Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Páipéir Staidrimh, Sraith M, Uimh. 77, CPC sealadach, 1991.
6.
Sna hearnálacha ina gcuirtear tástálacha ar riachtanais eacnamaíocha i bhfeidhm, is ar na príomhchritéir seo a leanas a dhéanfar an measúnú:
(a) |
i gcás na Ríochta Aontaithe, staid ábhartha an mhargaidh sa Ríocht Aontaithe; agus |
(b) |
i gcás an Aontais, staid ábhartha an mhargaidh i mBallstát nó sa réigiún ina bhfuil an tseirbhís le soláthar, lena n-áirítear maidir le líon na soláthróirí seirbhísí atá ag soláthar seirbhíse nuair a dhéantar an measúnú agus maidir leis an tionchar a bheidh ar na soláthróirí sin. |
7.
Níl feidhm ag na sceidil i míreanna 10 go 13 ach maidir le críocha na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 520(2) agus Airteagal 774 den Chomhaontú seo agus níl siad ábhartha ach amháin i gcomhthéacs an chaidrimh trádála idir an tAontas agus a Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe. Ní dhéanann siad difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.
8.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, don Aontas, ní bheidh ceanglas i gceist leis an oibleagáid cóir náisiúnta a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na Ríochta Aontaithe an chóir a thugtar i mBallstát, i gcur i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó i gcur i bhfeidhm aon bheart arna ghlacadh de bhun an Chonartha sin, lena n-áirítear cur chun feidhme na mbeart sin sna Ballstáit, a leathnú chuig:
(i) |
daoine nádúrtha nó cónaitheoirí de chuid Ballstáit eile; nó |
(ii) |
daoine dlítheanacha atá comhdhéanta nó a eagraítear faoi dhlí Ballstáit eile nó an Aontais agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas. |
9.
Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas sna liostaí thíos:
AT |
an Ostair |
BE |
an Bheilg |
BG |
an Bhulgáir |
CY |
an Chipir |
CZ |
an tSeicia |
DE |
an Ghearmáin |
DK |
an Danmhairg |
EE |
an Eastóin |
EL |
an Ghréig |
ES |
an Spáinn |
EU |
an tAontas Eorpach, lena Bhallstáit uile san áireamh |
FI |
an Fhionlainn |
FR |
an Fhrainc |
HR |
an Chróit |
HU |
an Ungáir |
IE |
Éire |
IT |
an Iodáil |
LT |
an Liotuáin |
LU |
Lucsamburg |
LV |
an Laitvia |
MT |
Málta |
NL |
an Ísiltír |
PL |
an Pholainn |
PT |
an Phortaingéil |
RO |
an Rómáin |
SE |
an tSualainn |
SI |
an tSlóivéin |
SK |
Poblacht na Slóvaice |
CSS |
Soláthróirí Seirbhísí Conarthacha |
IP |
Gairmithe Neamhspleácha |
Soláthróirí Seirbhísí Conarthacha
10. |
Faoi réir liosta na bhforchoimeádas i míreanna 12 agus 13, tugann na Páirtithe gealltanais i gcomhréir le hAirteagal 143 den Chomhaontú seo maidir le catagóir modh 4 de Sholáthróirí Seirbhísí Conartha sna hearnálacha nó sna fo-earnálacha seo a leanas:
|
Gairmithe Neamhspleácha
11. |
Faoi réir liosta na bhforchoimeádas i míreanna 12 agus 13, tugann na Páirtithe gealltanais i gcomhréir le hAirteagal 143 den Chomhaontú seo maidir le catagóir modh 4 de Ghairmithe Neamhspleácha sna hearnálacha nó sna fo-earnálacha seo a leanas:
|
12. |
Is iad seo a leanas forchoimeádais an Aontais:
|
13. |
Is iad seo a leanas forchoimeádais na Ríochta Aontaithe:
|
(1) Ní áirítear seirbhísí comhairleacha dlí ná seirbhísí ionadaíochta dlí i ndáil le cúrsaí cánach, a thagann faoi sheirbhísí comhairleacha dlí maidir le dlí idirnáisiúnta poiblí agus an dlí dlínse baile.
(2) Cuid de CPC 85201, a thagann faoi sheirbhísí leighis agus fiaclóireachta.
(3) I gcás gach Ballstáit, ach amháin DK, ní mór formheas na heagraíochta taighde agus an chomhaontaithe óstála na coinníollacha a leagtar síos de bhun Threoir 2005/71/CE ón AE an 12 Deireadh Fómhair 2005 a chomhlíonadh.
(4) I gcás gach Ballstáit, ach amháin DK, ní mór formheas na heagraíochta taighde agus an chomhaontaithe óstála na coinníollacha a leagtar síos de bhun Threoir 2005/71/CE ón AE an 12 Deireadh Fómhair 2005 a chomhlíonadh.
(5) Tagann seirbhísí cothabhála agus deisithe innealra agus trealamh oifige lena n-áirítear ríomhairí (CPC 845) faoi sheirbhísí ríomhaireachta.
(6) Seirbhísí soláthróirí a bhfuil sé d’fheidhm acu grúpa turais de 10 nduine nádúrtha ar a laghad a thionlacan, gan gníomhú ina dtreoraithe in áiteanna sonracha.
(7) Ní áirítear seirbhísí comhairleacha dlí ná seirbhísí ionadaíochta dlí i ndáil le cúrsaí cánach, a thagann faoi sheirbhísí comhairleacha dlí maidir le dlí idirnáisiúnta poiblí agus an dlí dlínse baile.
(8) Cuid de CPC 85201, a thagann faoi sheirbhísí leighis agus fiaclóireachta.
(9) Tagann seirbhísí cothabhála agus deisithe innealra agus trealamh oifige lena n-áirítear ríomhairí (CPC 845) faoi sheirbhísí ríomhaireachta.
(10) Seirbhísí soláthróirí a bhfuil sé d’fheidhm acu grúpa turais de 10 nduine nádúrtha ar a laghad a thionlacan, gan gníomhú ina dtreoraithe in áiteanna sonracha.
IARSCRÍBHINN 23
GLUAISEACHT DAOINE NÁDÚRTHA
Airteagal 1
Gealltanais nós imeachta a bhaineann le dul isteach agus fanacht sealadach
Féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú go mbeidh an phróiseáil a dhéantar ar iarratais ar dhul isteach agus fanacht sealadach de bhun a ngealltanas faoi seach sa Chomhaontú ag teacht le dea-chleachtas riaracháin:
(a) |
Áiritheoidh gach Páirtí nach ndéanfar dochar míchuí nó nach gcuirfear moill mhíchuí ar thrádáil i seirbhísí faoin gComhaontú seo de bharr táillí a ghearrfaidh údaráis inniúla ar iarratais ar dhul isteach agus fanacht sealadach a phróiseáil; |
(b) |
faoi réir rogha údaráis inniúla gach Páirtí, ba chóir na doiciméid a theastóidh ó iarratasóir le haghaidh iarratais ar chead dul isteach agus fanacht sealadach do chuairteoirí gearrthéarma chun críocha gnó a bheith ar comhréir leis an gcuspóir dá mbailítear iad; |
(c) |
déanfaidh údaráis inniúla gach Páirtí iarratais iomlána ar chead dul isteach agus fanacht sealadach a phróiseáil chomh tapa agus is féidir; |
(d) |
déanfaidh údaráis inniúla gach Páirtí iarracht faisnéis a sholáthar, gan moill mhíchuí, mar fhreagairt ar aon iarraidh réasúnach ó iarratasóir maidir le stádas iarratais; |
(e) |
i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla Páirtí faisnéis bhreise ar iarratasóir chun an t-iarratas a phróiseáil, déanfaidh siad iarracht fógra a thabhairt don iarratasóir gan moill mhíchuí; |
(f) |
tabharfaidh údaráis inniúla gach Páirtí fógra don iarratasóir go pras maidir le toradh an iarratais tar éis cinneadh a dhéanamh; |
(g) |
i gcás ina gceadófar iarratas, cuirfidh údaráis inniúla gach Páirtí an t-iarratasóir ar an eolas faoin tréimhse fanachta agus téarmaí agus coinníollacha ábhartha eile; |
(h) |
i gcás ina ndiúltófar iarratas, cuirfidh údaráis inniúla Páirtí, arna iarraidh sin orthu nó ar a dtionscnamh féin, faisnéis ar fáil don iarratasóir maidir le haon nósanna imeachta athbhreithnithe agus achomhairc atá ar fáil; agus |
(i) |
déanfaidh gach Páirtí iarracht glacadh le hiarratais agus iad a phróiseáil i bhformáid leictreonach. |
Airteagal 2
Gealltanais bhreise nós imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le haistrithe ionchorparáideacha agus a bpáirtí, a leanaí agus a mbaill teaghlaigh (1)
1. Glacfaidh údaráis inniúla gach Páirtí cinneadh maidir le hiarratas le haghaidh dul isteach nó fanacht sealadach aistrí corparáideach nó a athnuachan agus cuirfidh siad fógra i scríbhinn faoin gcinneadh chuig an iarratasóir, i gcomhréir leis na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt faoin dlí náisiúnta, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an dáta ar cuireadh an t-iarratas iomlán isteach.
2. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis nó na doiciméid a sholáthrófar mar thaca leis an iarratas easnamhach nó neamhiomlán, déanfaidh na húdaráis inniúla iarracht fógra a thabhairt don iarratasóir faoin bhfaisnéis bhreise atá ag teastáil agus socróidh siad sprioc-am réasúnta chun í a sholáthar. Cuirfear an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis bhreise nó na doiciméid bhreise atá ag teastáil faighte ag na húdaráis.
3. Leathnóidh an tAontas go baill teaghlaigh daoine nádúrtha na Ríochta Aontaithe, ar aistrithe ionchorparáideacha iad chuig an Aontas, an ceart dul isteach agus fanacht sealadach a dheonaítear do bhaill teaghlaigh an aistrí ionchorparáidigh faoi Airteagal 19 de Threoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
4. Ceadóidh an Ríocht Aontaithe dul isteach agus fanacht sealadach pháirtithe agus leanaí cleithiúnacha na n-aistrithe ionchorparáideacha, mar a cheadaítear faoi Rialacha na Ríochta Aontaithe maidir leis an Imirce.
5. Ceadóidh an Ríocht Aontaithe do pháirtithe agus leanaí cleithiúnacha na n-aistrithe ionchorparáideacha dá dtagraítear i mír 4 obair a dhéanamh le linn fhad a víosa, i gcáil fostaí nó i gcáil fhéinfhostaithe, agus ní cheanglófar orthu cead oibre a fháil.
(1) Níl feidhm ag míreanna 1, 2 ná 3 maidir le Ballstáit nach bhfuil faoi réir chur i bhfeidhm Threoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis na coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír faoi chuimsiú aistrithe ionchorparáidigh (IO AE L 157, 27.5.2014, lch 1) (‘Treoir TFC’).
(2) Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí na náisiúnach tríú tír mar chuid den aistriú ionchorparáide (IO AE L 157, 27.5.2014).
IARSCRÍBHINN 24
TREOIRLÍNTE MAIDIR LEIS NA SOCRUITHE I gCOMHAIR CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA A AITHINT
ROINN A
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Réamhrá
1. |
San Iarscríbhinn seo tá treoirlínte do shocruithe maidir leis na coinníollacha chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint (‘socruithe’), mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 158 den Chomhaontú seo. |
2. |
De bhun Aiteagal 158 den Chomhaontú seo, cuirfear na treoirlínte sin san áireamh agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt ag comhlachtaí gairmiúla nó ag údaráis ghairmiúla na bPáirtithe (‘moltaí comhpháirteacha’). |
3. |
Tá na treoirlínte neamh-cheangailteach, neamh-uileghabhálach agus ní mhodhnófar siad cearta ná oibleagáidí na bPáirtithe faoin gComhaontú seo ná ní dhéanfaidh siad difear dóibh. Leagtar amach leo gnáthábhar na socruithe agus tugtar leo táscairí ginearálta maidir le luach eacnamaíoch socraithe agus comhoiriúnacht na gcóras maidir le cáilíochta gairmiúla, faoi seach. |
4. |
D’fhéadfadh sé nach mbeidh gach gné de na treoirlínte sin ábhartha i ngach cás agus beidh saoirse ag comhlachtaí gairmiúla agus ag údaráis aon ghné eile a mheasfaidh siad a bheith tráthúil maidir le socruithe na gairme agus na ngníomhaíochtaí gairmiúla lena mbaineann a chur san áireamh ina moltaí comhpháirteacha, comhsheasmhach leis an gComhaontú seo. |
5. |
Ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar cheart socruithe a fhorbairt agus a ghlacadh. Tá siad gan dochar dá athbhreithniú ar chomhsheasmhacht na moltaí comhpháirteacha le Teideal II de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus dá lánrogha chun na gnéithe a mheasfaidh sé a bheith ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear na gnéithe sin atá i moltaí comhpháirteacha. |
ROINN B
FOIRM AGUS INNEACHAR SOCRAITHE
6. |
Leagtar amach sa Roinn seo gnáthinneachar socraithe, roinnt de nach bhfuil laistigh de shainchúram na gcomhlachtaí gairmiúla ná na n-údarás atá i mbun moltaí comhpháirteacha a ullmhú. Mar sin féin, is faisnéis úsáideach atá sna gnéithe sin a bheidh le cur san áireamh in ullmhú moltaí comhpháirteacha, ionas go n-oirfidh siad níos fearr do raon feidhme féideartha socraithe. |
7. |
Níor cheart do mholtaí comhpháirteacha aghaidh a thabhairt ar na hábhair a dtugtar aghaidh orthu go sonrach sa Chomhaontú seo agus a bhfuil feidhm acu maidir le socruithe (amhail raon feidhme geografach socraithe, a idirghníomhaíocht le bearta neamh-chomhréireacha sceidealaithe, córas an réitigh díospóide, sásraí achomhairc, sásraí faireacháin agus athbhreithnithe an tsocraithe). |
8. |
Féadfar sásraí éagsúla a shonrú i socrú chun cáilíochtaí gairmiúla laistigh de Pháirtí a aithint. Féadfar é a theorannú freisin, ach ní gá, chun raon feidhme an tsocraithe, na forálacha nós imeachta, éifeachtaí aitheantais agus na gceanglas breise, agus na socruithe riaracháin a shocrú. |
9. |
Ba cheart don socrú a ghlacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a bheith ina léiriú ar an méid discréide a bheartaítear a chaomhnú do na húdaráis inniúla agus cinneadh á dhéanamh acu faoi aitheantas. |
Raon feidhme Socraithe
10. |
Ba cheart don socrú an méid seo a leanas a leagan amach:
|
Coinníollacha maidir le haitheantas
11. |
Féadfaidh an socrú na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú:
|
Forálacha nós imeachta
12. |
Féadfaidh an socrú na nithe seo a leanas a leagan amach:
|
Na héifeachtaí a bhaineann le haitheantais agus ceanglais bhreise
13. |
Féadfaidh an socrú forálacha a leagan amach maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le haitheantais (más ábhartha, maidir le modhanna éagsúla soláthair freisin). |
14. |
Féadfaidh an socrú tuairisc a dhéanamh ar aon cheanglas breise le haghaidh cleachtadh éifeachtach na gairme rialáilte sa Pháirtí óstach. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na ceanglais sin:
|
Riaradh an tsocraithe
15. |
Ba cheart don socrú na téarmaí a leagan amach faoina bhféadfaí é a athbhreithniú nó a tharmligean, agus éifeachtaí aon athbhreithnithe nó tarmligin. Féadfar aird a thabhairt ar fhorálacha a chur san áireamh maidir le héifeachtaí aon aitheantais ar tugadh cheana. |
ROINN C
LUACH EACNAMAÍOCH AN SOCRAITHE ATÁ BEARTAITHE
16. |
De bhun Airteagal 158(2) den Chomhaontú seo , tacófar le moltaí comhpháirteacha trí mheasúnú fianaise-bhunaithe ar luach eacnamaíoch socraithe atá beartaithe. D’fhéadfadh meastóireacht na dtairbhí eacnamaíocha a bheith i gceist leis seo, tairbhí a mbeifear ag súil leo teacht ón socrú do gheilleagar an dá Páirtí. Féadfaidh measúnú den sórt sin cabhrú leis an gComhairle Comhpháirtíochta nuair a bheidh socrú á fhorbairt agus á ghlacadh. |
17. |
Is gnéithe úsáideacha a bheadh i ngnéithe amhail a oscailte atá an margadh cheana, riachtanais earnáil na tionsclaíochta, treochtaí agus forbairtí an mhargaidh, ionchais agus riachtanais an cliaint agus deiseanna gnó. |
18. |
Ní gá don mheastóireacht a bheith ina anailís eacnamaíoch iomlán mionsonraithe, ach ba cheart dó míniú a thabhairt ar spéis na gairme i socrú a ghlacadh agus ar na tairbhí ionchasacha do na Páirtithe a bheidh mar thoradh air a ghlactha. |
ROINN D
COMHOIRIÚNACHT NA GCÓRAS MAIDIR LE CÁILÍOCHTA GAIRMIÚLA FAOI SEACH
19. |
De bhun Airteagal 158(2) den Chomhaontú seo, tacófar le moltaí comhpháirteacha le measúnú fianaise-bhunaithe ar chomhoiriúnacht na gcóras cáilíochtaí gairmiúla faoi seach. Féadfaidh an measúnú sin cabhrú leis an gComhairle Comhpháirtíochta nuair a bheidh socrú á fhorbairt agus á ghlacadh. |
20. |
Tá sé d’aidhm ag an bpróiseas seo a leanas comhlachtaí gairmiúla agus údaráis ghairmiúla a threorú nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht na gcáilíochtaí gairmiúla agus na ngníomhaíochtaí faoi seach d'fhonn cáilíochtaí gairmiúla a aithint a shimpliú agus a éascú. |
Céim a hAon: Measúnú ar raon feidhme an chleachtais agus ar na cáilíochtaí gairmiúla is gá chun an ghairm rialáilte a chleachtadh i ngach Páirtí.
21. |
Ba cheart an measúnú ar raon feidhme an chleachtais agus ar na cáilíochtaí gairmiúla is gá chun gairm rialáilte a chleachtadh i ngach Páirtí a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis ábhartha uile. |
22. |
Ní mór na heilimintí seo a leanas a aithint:
|
Céim a Dó: Meastóireacht ar an éagsúlacht idir raon feidhme chleachtais na gairme rialáilte i ngach Páirtí nó na cáilíochtaí gairmiúla is gá chun í a chleachtadh.
23. |
Maidir leis an meastóireacht ar an éagsúlacht i raon feidhme chleachtais na gairme rialáilte i ngach Páirtí nó sna cáilíochtaí gairmiúla is gá chun í a chleachtadh, ba cheart dó, go sonrach, éagsúlacht shuntasach a shainaithint. |
24. |
Féadfaidh éagsúlacht shuntasach i raon feidhme an chleachtais a bheith ann má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
25. |
Féadfaidh éagsúlacht shuntasach a bheith ann sna cáilíochtaí gairmiúla is gá chun gairm rialáilte a chleachtadh má tá éagsúlachtaí i gceanglais na bPáirtithe maidir le leibhéal, le fad nó le hábhar na hoiliúna is gá le haghaidh na gníomhaíochtaí a shaothrú, gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an ngairm rialáilte. |
Céim a Trí: Sásraí aitheantais
26. |
Féadfaidh sásraí éagsúla a bheith ann le haghaidh cáilíochtaí gairmiúla a aithint, ag brath ar na himthosca. Féadfaidh sásraí éagsúla a bheith ann i bPáirtí. |
27. |
Mura bhfuil aon éagsúlacht shuntasach i raon feidhme an chleachtais agus sna cáilíochtaí gairmiúla is gá chun gairm rialáilte a chleachtadh, féadfaidh socrú próiseas aitheantais níos cuíchóirithe a sholáthar ná a bheadh ann i gcás ina mbeadh éagsúlacht shuntasach ann. |
28. |
Má tá éagsúlacht shuntasach ann, féadfaidh an socrú bearta cúiteacha a sholáthar atá leordhóthanach chun éagsúlacht den sórt sin a leigheas. |
29. |
I gcás ina mbainfear úsáid as bearta cúiteacha chun éagsúlacht shuntasach a laghdú, ní mór na bearta sin a bheith comhréireach leis an éagsúlacht a dteastaíonn uathu aghaidh ar thabhairt uirthi. D’fhéadfaí aon taithí ghairmiúil phraiticiúil nó aon oiliúint a bailíochtaíodh go foirmiúil a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar mhéid na mbearta cúiteach atá ag teastáil. |
30. |
Bíodh an éagsúlacht shuntasach nó nach mbíodh, féadfar a chur san áireamh sa socrú an méid discréide a bheartaítear a chaomhnú do na húdaráis inniúla agus iad ag déanamh cinnidh maidir le hiarrataí ar aitheantais. |
31. |
Féadfaidh cineálach éagsúla bhearta cúiteacha a bheith ann, lena n-áirítear:
|
32. |
Féadfar a thuar leis an socrú go dtabharfaí rogha d’iarratasóirí idir bearta cúiteacha éagsúla i gcás ina bhféadfadh sé sin an t-ualach riaracháin ar iarratasóirí a laghdú agus i gcás ina mbeidh bearta cúiteacha den chineál sin coibhéiseach. |
IARSCRÍBHINN 25
SOLÁTHAR POIBL
ROINN A
FORALACHA ABHARTHA GPA
Airteagail I go III, Airteagal IV.1.a, Airteagal IV.2 go hAirteagal IV.7, Airteagail VI go XV, Airteagal XVI.1 go hAirteagal XVI.3, Airteagail XVII agus XVIII.
ROINN B
GEALLTANAIS MAIDIR LE ROCHTAIN AR AN MARGADH
Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘CPC’ an tAicmiú Lárnach Táirgí Sealadach (Páipéir Staidrimh, Sraith M Uimh. 77, An Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta Idirnáisiúnta, Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, 1991).
FOROINN B1
An tAontas Eorpach
I gcomhréir le hAirteagal 277(2) agus (3) den Chomhaontú seo, tá feidhm ag Teideal VI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo, sa bhreis ar an soláthar a chumhdaítear le hiarscríbhinní an Aontais Eorpaigh a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, maidir leis an soláthar a chumhdaítear leis an bhForoinn seo.
Na Nótaí atá in Iarscríbhinní 1 go 7 de chuid an Aontais Eorpaigh a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, tá feidhm freisin ag na Nótaí sin maidir leis an soláthar atá cumhdaithe ag an bhForoinn seo, mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoroinn seo.
Soláthar atá cumhdaithe ag an bhForoinn seo
1. Eintitis soláthair bhreise
Soláthar earraí agus seirbhísí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 go hIarscríbhinn 6 de chuid an Aontais Eorpaigh a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, agus i mír 2 den Fhoroinn seo, ó na heintitis soláthair seo a leanas de chuid na mBallstát:
(a) |
na heintitis chonarthacha uile a gcumhdaítear a soláthar le Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ('Treoir an Aontais maidir le fóntais') ar údaráis chonarthacha iad (e.g. na heintitis sin a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA) nó gnóthais phoiblí (2) agus ar ceann dá ngníomhaíochtaí é:
|
(b) |
eintitis soláthair faoi úinéireacht phríobháideach ag a bhfuil mar cheann dá gcuid gníomhaíochtaí aon cheann díobh sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, i bpointe 1 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, nó aon teaglaim díobh agus a oibríonn ar bhonn cearta speisialta nó eisiacha arna ndeonú ag údarás inniúil Bhallstáit; maidir le soláthar atá cothrom leis na tairseacha seo a leanas nó os a gcionn:
|
2. Seirbhísí breise
Soláthar na seirbhísí seo a leanas, i dteannta na seirbhísí a liostaítear faoi Iarscríbhinn 5 de chuid an Aontais Eorpaigh a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, maidir le heintitis a chumhdaítear faoi Iarscríbhinní 1 go 3 de chuid an Aontais Eorpaigh a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA nó faoi mhír 1 den Fhoroinn seo:
— |
Seirbhísí óstán agus bialann (CPC 641); |
— |
Seirbhísí freastalaithe bia (CPC 642); |
— |
Seirbhísí freastalaithe dí (CPC 643); |
— |
Seirbhísí a bhaineann le teileachumarsáid (CPC 754); |
— |
Seirbhísí eastáit réadaigh ar bhonn táille nó conartha (CPC 8220); |
— |
Seirbhísí gnó eile (CPC 87901, 87903, 87905-87907); |
— |
Seirbhísí oideachais (CPC 92). |
Nótaí:
1. |
Seirbhísí óstán agus bialann (CPC 641), seirbhísí freastalaithe bia (CPC 642), seirbhísí freastalaithe dí (CPC 643) agus seirbhísí oideachais (CPC 92) áirítear conarthaí faoin gcóras córa náisiúnta do sholáthróirí, lena n-áirítear soláthróirí seirbhíse an Aontais Eorpaigh, ar choinníoll gurb ionann a luach agus EUR 750 000 nó os a chionn nuair a dhámhann eintitis soláthair iad atá cumhdaithe faoi Iarscríbhinn 1 agus faoi Iarscríbhinn 2 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA agus gurb ionann a luach agus EUR 1 000 000 nó gur mó a luach ná EUR 1 000 000 nuair a dhámhann eintitis soláthair iad atá cumhdaithe faoi Iarscríbhinn 3 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA nó trí eintitis soláthair a chumhdaítear le mír 1 den Fhoroinn seo. |
2. |
I dtaca le soláthar gáis nó teasa chuig gréasáin a chuireann seirbhís ar fáil don phobal, ag eintiteas soláthair seachas údarás conarthach, ní mheasfar gur gníomhaíocht de réir bhrí na Foroinne seo é an soláthar sin sna cásanna seo:
|
3. |
Ní chumhdaítear soláthar na seirbhísí seo a leanas i dTeideal VI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo ná san Iarscríbhinn seo:
|
FOROINN B2
An Ríocht Aontaithe
I gcomhréir le hAirteagal 277(2) agus (3) den Chomhaontú seo, tá feidhm ag Teideal VI, de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo, de bhreis ar an soláthar atá cumhdaithe ag Airteagal II de GPA, maidir leis an soláthar a chumhdaítear leis an bhForoinn seo.
Na Nótaí atá in Iarscríbhinní 1 go 7 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, tá feidhm freisin ag na Nótaí sin maidir leis an soláthar atá cumhdaithe ag an bhForoinn seo, mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoroinn seo.
Soláthar atá cumhdaithe ag an bhForoinn seo
1. Eintitis soláthair bhreise
Soláthar earraí agus seirbhísí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 go hIarscríbhinn 6 de chuid Fhoscríbhinn I na Ríochta Aontaithe a ghabhann le GPA, agus i mír 2 den Fhoroinn seo, ó na heintitis soláthair seo a leanas de chuid na Ríochta Aontaithe:
(a) |
na heintitis chonarthacha uile a gcumhdaítear a soláthar le Rialachán maidir le Conarthaí Fóntas 2016 agus le Rialacháin (Albain) maidir le Conarthaí Fóntas 2016 agus ar údaráis chonarthacha iad (e.g. na heintitis sin a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA) nó gnóthais phoiblí (féach Nóta:1) agus ar ceann dá ngníomhaíochtaí é:
|
(b) |
eintitis soláthair faoi úinéireacht phríobháideach ag a bhfuil mar cheann dá gcuid gníomhaíochtaí aon cheann díobh sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, i bpointe 1 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, nó aon teaglaim díobh agus a oibríonn ar bhonn cearta speisialta nó eisiacha arna ndeonú ag údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe; Maidir le soláthar atá cothrom leis na tairseacha seo a leanas nó os a gcionn:
|
Nótaí a ghabhann le mír 1:
1. |
De réir na Rialachán maidir le Conarthaí Fóntas 2016, ciallaíonn ‘gnóthas poiblí’ aon ghnóthas a bhféadfaidh údaráis chonarthacha tionchar ceannasach a fheidhmiú air go díreach nó go hindíreach de bhua na nithe seo a leanas:
|
2. |
De réir na Rialachán maidir le Conarthaí Fóntas (Albain), 2016, ciallaíonn ‘gnóthas poiblí’ duine ar féidir le húdarás conarthach amháin nó níos mó tionchar ceannasach a fheidhmiú air, go díreach nó go hindíreach, de bhua ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
3. |
De réir na Rialachán maidir le Conarthaí Fóntas 2016 agus na Rialachán maidir le Conarthaí (Albain) Fóntas 2016 araon, glactar leis go bhfuil tionchar ceannasach ag na húdaráis chonarthacha má tá aon cheann de na cásanna seo a leanas i gceist i ndáil leis na húdaráis chonarthacha sin, go díreach nó go hindíreach:
|
2. Seirbhísí breise
Soláthar na seirbhísí seo a leanas, i dteannta na seirbhísí a liostaítear faoi Iarscríbhinn 5 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA, maidir le heintitis a chumhdaítear faoi Iarscríbhinní 1 go 3 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA nó faoi mhír 1 den Fhoroinn seo:
— |
Seirbhísí óstán agus bialann (CPC 641); |
— |
Seirbhísí freastalaithe bia (CPC 642); |
— |
Seirbhísí freastalaithe dí (CPC 643); |
— |
Seirbhísí a bhaineann le teileachumarsáid (CPC 754); |
— |
Seirbhísí eastáit réadaigh ar bhonn táille nó conartha (CPC 8220); |
— |
Seirbhísí gnó eile (CPC 87901, 87903, 87905-87907); |
— |
Seirbhísí oideachais (CPC 92). |
Nótaí:
1. |
Seirbhísí óstán agus bialann (CPC 641), seirbhísí freastalaithe bia (CPC 642), seirbhísí freastalaithe dí (CPC 643) agus seirbhísí oideachais (CPC 92) áirítear conarthaí faoin gcóras córa náisiúnta do sholáthróirí, lena n-áirítear soláthróirí seirbhíse an Aontais Eorpaigh, ar choinníoll gurb ionann a luach agus GBP 663 540 nó os a chionn nuair a dhámhann eintitis soláthair iad atá cumhdaithe faoi Iarscríbhinn 1 agus faoi Iarscríbhinn 2 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA agus gurb ionann a luach agus GBP 884 720 nó gur mó a luach ná GBP 884 720 nuair a dhámhann eintitis soláthair iad atá cumhdaithe faoi Iarscríbhinn 3 de chuid na Ríochta Aontaithe a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann le GPA nó trí eintitis soláthair a chumhdaítear le mír 1 den Roinn seo. |
2. |
I dtaca le soláthar gáis nó teasa chuig gréasáin a chuireann seirbhís ar fáil don phobal, ag eintiteas soláthair seachas údarás conarthach, ní mheasfar gur gníomhaíocht de réir bhrí na Roinne seo é an soláthar sin sna cásanna seo:
|
3. |
Ní chumhdaítear soláthar na seirbhísí seo a leanas i dTeideal VI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú seo ná san Iarscríbhinn seo:
|
(1) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(2) De réir Threoir an Aontais maidir le Fóntais, is ionann gnóthas poiblí agus aon ghnóthas a bhféadfadh na húdaráis chonarthacha tionchar ceannasach a imirt air go díreach nó go hindíreach de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é. Toimhdeofar go bhfuil tionchar ceannasach ag na húdaráis chonarthacha i gcás ina mbíonn an méid seo a leanas i gceist, go díreach nó go hindíreach, i ndáil le gnóthas:
(i) |
go bhfuil tromlach chaipiteal suibscríofa an ghnóthais ina seilbh, |
(ii) |
go rialaíonn siad tromlach na vótaí a ghabhann le scaireanna arna n-eisiúint ag an ngnóthas, nó |
(iii) |
gur féidir leo níos mó ná leath de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais a cheapadh. |
IARSCRÍBHINN 26
LIOSTAÍ D’EARRAÍ FUINNIMH, HIDREACARBÓIN AGUS AMHÁBHAIR
LIOSTA D’EARRAÍ FUINNIMH DE RÉIR CÓD CC
— |
Gás nádúrtha, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe, gás peitriliam leachtaithe (GPL), (Cód CC 27.11) |
— |
Fuinneamh leictreach (Cód CC 27.16) |
— |
Amhola agus táirgí ola (Cód CC 27.09-27.10, 27.13-27.15) |
— |
Breoslaí soladacha (Cód CC 27.01, cód CC 27.02, cód CC 27.04) |
— |
Adhmad breosla agus fioghual adhmaid (cód CC 44.01 agus cód CC 44.02 earraí a úsáidtear le haghaidh fuinnimh) |
— |
Bithghás (cód CC 38.25) |
LIOSTA HIDREACARBÓN DE RÉIR CÓD CC
— |
Amhola (Cód CC 27.09) |
— |
Gás nádúrtha (Cód CC 27.11) |
LIOSTA AMHÁBHAR DE RÉIR CAIBIDIL HS
Caibidil |
Ceannteideal |
25 |
Salann; sulfar; ithreacha agus clocha; ábhair phlástrála, aol agus stroighin |
26 |
Mianta, slaig agus luaith seachas mianta úráiniam nó tóiriam nó tiúcháin díobh (Cód CC 26.12) |
27 |
Breoslaí mianracha, olaí mianracha agus táirgí de thoradh a ndriogtha; substaintí biotúmanacha; céaracha mianracha |
28 |
Ceimiceáin neamhorgánacha; comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha de mhiotail lómhara, de mhiotail tearc-chré; as dúile radaighníomhacha nó as iseatóip, seachas dúile ceimiceacha radaighníomhacha agus iseatóip radaighníomhacha (lena n-áirítear na dúile ceimiceacha agus na hiseatóip atá inscoilte nó torthúil) agus a gcomhdhúile; meascáin agus iarmhair a bhfuil na táirgí sin iontu (Cód CC 28.44); agus iseatóip seachas iad sin atá faoi cheannteideal Uimh. 28.44; comhdhúile neamhorgánacha nó orgánacha d’iseatóip den sórt sin, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís (Cód CC 28.45) |
29 |
Ceimiceáin orgánacha |
31 |
Leasacháin |
71 |
Péarlaí nádúrtha nó saothraithe, clocha lómhara nó scothlómhara, miotail lómhara, miotail cumhdaithe le miotal lómhar, agus earraí déanta astu, seachas péarlaí, nádúrtha nó saothraithe, bídís saoirsithe nó neamhshaoirsithe nó grádaithe nó ná bídís ach nach bhfuil curtha ar shreang, suite ná buailte; péarlaí, nádúrtha nó saothraithe, curtha ar shreang go sealadach ar mhaithe le hiompar (Cód CC 7101 ) |
72 |
Iarann agus cruach |
74 |
Copar agus earraí déanta as chopar |
75 |
Nicil agus earraí déanta as nicil |
76 |
Alúmanam agus earraí déanta as alúmanam |
78 |
Luaidhe agus earraí déanta as luaidhe |
79 |
Sinc agus earraí déanta as sinc |
80 |
Stán agus earraí déanta as stán |
81 |
Táirmhiotail eile; ceirméid; earraí déanta díobh sin |
IARSCRÍBHINN 27
FÓIRDHEONTAIS FUINNIMH AGUS COMHSHAOIL
Mar chuid de na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 367(14) den Chomhaontú seo:
(1) |
Ní dhéanfaidh fóirdheontais le haghaidh leordhóthanacht giniúna leictreachais, fuinneamh inathnuaite agus chomhghiniúint an bonn a bhaint de chomhlíonadh a oibleagáidí ag Páirtí faoi Airteagal 304 den Chomhaontú seo, ní dhéanfaidh sé difear, nach gá, d’úsáid éifeachtúil idirnascairí dá bhforáiltear faoi Airteagal 311 den Chomhaontú seo agus, gan dochar d’Airteagal 304(3) den Chomhaontú seo, déanfar iad a chinneadh trí bhíthin próisis iomaíoch atá trédhearcach neamh-idirdhealaitheach éifeachtach; agus
|
(2) |
D’ainneoin phointe 1, ar choinníoll go gcuirfear bearta iomchuí i bhfeidhm chun róchúiteamh a chosc, féadfar nósanna imeachta neamhiomaíocha a úsáid chun fóirdheontais a dheonú d’fhuinneamh inathnuaite agus don chomhghiniúint más rud é nach leor an soláthar a d’fhéadfadh a bheith ann chun próiseas iomaíoch a áirithiú, ní dócha go mbeidh éifeacht ábhartha ag an acmhainn incháilithe ar thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe, nó go ndeonófar fóirdheontais i gcomhair tionscadal taispeántais. |
(3) |
Má thugtar isteach díolúintí páirteacha ó chánacha agus tobhaigh a bhaineann le fuinneamh (1) i bhfabhar úsáideoirí dianfhuinnimh, ní bheidh na díolúintí sin níos mó ná méid iomlán na cánach nó an tobhaigh. |
(4) |
Má dheonaítear cúiteamh d’úsáideoirí atá dian ar leictreachas i gcás méadú ar chostas leictreachais mar thoradh ar ionstraimí beartais aeráide, déanfar é a shrianadh d'earnálacha a bhfuil baol suntasach sceitheadh carbóin ag roinnt leo i ngeall ar an méadú costais. |
(5) |
Le fóirdheontais chun astaíochtaí a dhícharbónú a bhaineann le gníomhaíochtaí tionsclaíocha dílse déanfar laghdú foriomlán ar astaíochtaí carbóin a bhaint amach. Leis na fóirdheontais, laghdófar na hastaíochtaí a eascraíonn go díreach as an ngníomhaíocht thionsclaíoch. Le fóirdheontais chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú maidir le gníomhaíochtaí tionsclaíocha dílse, cuirfear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh tríd an tomhaltas fuinnimh a laghdú, go díreach nó in aghaidh an aonaid táirgthe. |
(1) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní áirítear muirir ghréasáin ná taraifí sna tobhaigh.
IARSCRÍBHINN 28
NEAMHFHEIDHM LE ROCHTAIN TRÍÚ PÁIRTÍ AGUS DÍCHUACHADH ÚINÉIREACHTA TRÍÚ PÁIRTÍ MAIDIR LE BONNEAGAR
Féadfaidh Páirtí a chinneadh gan Airteagail 306 agus 307 den Chomhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonneagar nua nó ar leathnú suntasach ar bhonneagar atá ann cheana sna cásanna seo a leanas:
(a) |
an priacal a ghabhann leis an infheistíocht sa bhonneagar, gur priacal de chineál é nach ndéanfaí an infheistíocht mura ndeonófaí díolúine; |
(b) |
go gcuirtear le hiomaíocht nó le cinnteacht soláthair de bharr na hinfheistíochta; |
(c) |
gur le duine nádúrtha nó dlítheanach an bonneagar atá ar leithligh, ó thaobh a fhoirme dlíthiúla de ar a laghad, ó na hoibreoirí córais ar ina gcórais atá sé le tógáil; |
(d) |
sula ndeonóidh sé an díolúine, gur chinn an Páirtí na rialacha agus na sásraí chun acmhainneacht a bhainistiú agus a leithroinnt. |
IARSCRÍBHINN 29
ACMHAINN IDIRNASCAIRE LEICTREACHAIS A LEITHDHÁILEADH AG CREAT AMA AN MHARGAIDH LÁ ROIMH RÉ
CUID 1
1. |
Beidh an nós imeachta nua chun acmhainn a leithdháileadh ar idirnascairí leictreachais ag creat ama an mhargaidh lá roimh ré bunaithe ar an gcoincheap ‘cúpláil toirte scaoilte ilréigiúin’.
Is é a bheidh mar chuspóir foriomlán ag an nós imeachta nua buntáistí na trádála a uasmhéadú. Mar chéad chéim i bhforbairt an nós imeachta nua, áiritheoidh na Páirtithe go n-ullmhóidh na hoibreoirí córais tarchurtha tograí imlíneacha agus measúnú costais is tairbhe. |
2. |
Is éard a bheidh i gceist le cúpláil toirte scaoilte ilréigiúin feidhm chúplála margaidh a fhorbairt chun na glansuímh fuinnimh (leithdháileadh simplí) a chinneadh idir:
|
3. |
Déanfar glansuímh fuinnimh thar idirnascairí a ríomh trí phróiseas leithdháilte intuigthe trí algartam sonrach a chur i bhfeidhm ar na nithe seo a leanas:
Beidh an próiseas sin comhoiriúnach do shaintréithe idirnascairí leictreachais srutha dhírigh, lena n-áirítear caillteanais agus ceanglais rampála. |
4. |
Leis an bhfeidhm chúplála margaidh:
|
5. |
Foilseofar na glansuímh fuinnimh ríofa tar éis a mbailíochtaithe agus a bhfíoraithe. Mura féidir leis an bhfeidhm chúplála margaidh oibriú nó toradh a tháirgeadh, leithdháilfear acmhainn idirnascaire leictreachais trí phróiseas cúltaca, agus tabharfar fógra do rannpháirtithe sa mhargadh go mbeidh feidhm ag an bpróiseas cúltaca. |
6. |
Déanfar na costais a bhaineann leis na nósanna imeachta teicniúla a fhorbairt agus a chur chun feidhme a roinnt go cothrom idir oibreoirí córais tarchurtha ábhartha nó eintitis eile na Ríochta Aontaithe ar thaobh amháin agus oibreoirí córais tarchurtha ábhartha nó eintitis eile de chuid an Aontais ar an taobh eile, mura gcinnfidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh a mhalairt. |
CUID 2
Is ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a bheidh an amlíne le haghaidh chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo, mar a leanas:
(a) |
laistigh de 3 mhí – measúnú costais is tairbhe agus achoimre ar thograí le haghaidh nósanna imeachta teicniúla; |
(b) |
laistigh de 10 mí – moladh le haghaidh nósanna imeachta teicniúla; |
(c) |
laistigh de 15 mhí – teacht i bhfeidhm nósanna imeachta teicniúla. |
(1) Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne agus le bainistiú ar phlódú (IO AE L 197, 25.7.2015, lch. 24).
IARSCRÍBHINN 30
DEIMHNIÚCHÁN AERACMHAINNEACHTA AGUS COMHSHAOIL
ROINN A
FORALACHA GINEARALTA
Airteagal 1
Cuspóir agus raon feidhme
1. Is é cuspóir na hIarscríbhinne seo comhar a chur chun feidhme sna réimsí seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 445(2) den Chomhaontú seo, ina dtugtar tuairisc ar na téarmaí, na coinníollacha agus na modhanna lena nglactar go cómhalartach le fionnachtana maidir le comhlíonadh agus le deimhnithe:
(a) |
deimhnithe aeracmhainneachta táirgí aerloingseoireachta sibhialta agus faireachán ar na táirgí sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 445(1) den Chomhaontú seo; |
(b) |
deimhnithe comhshaoil agus tástáil táirgí aerloingseoireachta sibhialta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 445(1) den Chomhaontú seo; agus |
(c) |
deimhnithe deartha agus táirgthe agus faireachán ar eagraíochtaí deartha agus táirgthe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 445(1) den Chomhaontú seo. |
2. D’ainneoin mhír 1, déantar táirgí aerloingseoireachta sibhialta athláimhe, seachas aerárthaí athláimhe, a eisiamh ó raon feidhme na hIarscríbhinne seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘glacadh’ deimhnithe, ceaduithe, athruithe, deisiúcháin, doiciméid agus sonraí Páirtí amháin á n-aithint ag an bPáirtí eile gan gníomhaíochtaí bailíochtaithe agus gan deimhniú comhfhreagrach á eisiúint ag an bPáirtí eile sin; |
(b) |
ciallaíonn ‘deimhniú údaraithe um scaoileadh iarchothabhála’ deimhniú arna eisiúint ag eagraíocht cheadaithe nó ag údarás inniúil de chuid an Pháirtí onnmhairiúcháin mar fhoirm aitheantais go bhfuil táirge aerloingseoireachta sibhialta nua, seachas aerárthach, i gcomhréir le dearadh atá ceadaithe ag an bPáirtí onnmhairiúcháin agus go bhfuil sé i riocht a oibrithe go sábháilte; |
(c) |
ciallaíonn ‘'catagóir táirgí aerloingseoireachta sibhialta’ tacar táirgí a bhfuil saintréithe comhchoiteanna acu, mar atá siad grúpáilte sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, ar bhonn EASA agus na Ríochta Aontaithe maidir le Sonraíochtaí Deimhniúcháin CAA; |
(d) |
ciallaíonn ‘údarás deimhniúcháin’ gníomhaire teicniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin a eisíonn deimhniú dearaidh le haghaidh táirge aerloingseoireachta sibhialta ina cháil mar údarás a chomhlíonann freagrachtaí Stáit an Dheartha a leagtar amach in Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta. I gcás ina bhfuil deimhniú deartha eisithe ag eagraíocht cheadaithe an Pháirtí onnmhairiúcháin, measfar gníomhaire teicniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin a bheith ina údarás deimhniúcháin; |
(e) |
ciallaíonn ‘deimhniú dearaidh’ foirm aitheantais ag gníomhaire teicniúil nó ag eagraíocht cheadaithe Pháirtí go gcomhlíonann dearadh táirge nó athrú ar dhearadh táirge aerloingseoireachta sibhialta na ceanglais maidir le haeracmhainneacht, de réir mar is infheidhme, agus na ceanglais maidir le caomhnú an chomhshaoil, go háirithe maidir le saintréithe comhshaoil a leagtar amach i ndlíthe, i rialacháin agus i bhforálacha riaracháin an Pháirtí sin; |
(f) |
ciallaíonn ‘ceanglais oibríochta a bhaineann le dearadh’ na ceanglais oibríochta, lena n-áirítear na ceanglais chomhshaoil, a dhéanfaidh difear do ghnéithe deartha an táirge aerloingseoireachta shibhialta nó do shonraí maidir leis an dearadh a bhaineann leis na hoibríochtaí, nó do chothabháil an táirge sin, na ceanglais a fhágann go bhfuil sé incháilithe le haghaidh oibríochta de chineál áirithe; |
(g) |
ciallaíonn ‘onnmhairiú’ an próiseas trína scaoiltear táirge aerloingseoireachta sibhialta ó chóras rialála le haghaidh sábháilteachta eitlíochta sibhialta Páirtí amháin go dtí córas an Pháirtí eile; |
(h) |
ciallaíonn ‘deimhniú aeracmhainneachta onnmhairiúcháin’ deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin nó, i gcás aerárthaí athláimhe, ag údarás inniúil Stát na Clárlainne óna n-onnmhairítear an táirge mar fhoirm aitheantais go gcomhlíonann aerárthach na ceanglais maidir le haeracmhainneachta agus maidir le cosanta comhshaoil is infheidhme ar thug an Páirtí allmhairiúcháín fógra fúthu; |
(i) |
ciallaíonn ‘Páirtí onnmhairiúcháin’ an Páirtí a ndéantar táirge aerloingseoireachta sibhialta a scaoileadh óna chóras rialála le haghaidh sábháilteachta eitlíochta sibhialta; |
(j) |
ciallaíonn ‘allmhairiú’ an próiseas trína ndéantar táirge aerloingseoireachta sibhialta atá onnmhairithe ó chóras rialála Páirtí le haghaidh sábháilteachta eitlíochta sibhialta, a thabhairt isteach i gcóras an Pháirtí eile; |
(k) |
ciallaíonn ‘Páirtí allmhairiúcháin’ an Páirtí a ndéantar táirge aerloingseoireachta sibhialta a thabhairt isteach ina chóras rialála le haghaidh sábháilteachta eitlíochta sibhialta; |
(l) |
ciallaíonn ‘mórathrú’ gach athrú ar dhearadh cineáil seachas ‘mionathrú’; |
(m) |
ciallaíonn ‘mionathrú’ athrú ar dhearadh cineáil nach bhfuil éifeacht shuntasach aige ar mhais, ar chothromaíocht, ar neart struchtúrach, ar iontaofacht, ar shaintréithe oibríochta, ar shaintréithe comhshaoil, nó ar shaintréithe eile a dhéanann difear d'aeracmhainneacht an táirge aerloingseoireachta shibhialta; |
(n) |
ciallaíonn ‘sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil’ an tacar sonraí is gá chun tacú leis na gnéithe oibríochtúla a bhaineann go sonrach le cineálacha áirithe aerárthaí agus chun na gnéithe oibríochtúla sin a cheadú, ar gnéithe iad a rialáiltear faoin gcóras rialála maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta an Aontais nó an Aontais Eorpaigh. Ní mór é a bheith deartha ag iarratasóir nó sealbhóir an deimhnithe cineáil don aerárthach agus ní mór é a bheith ina chuid den deimhniú cineáil. Faoin gcóras rialála maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta de chuid an Aontais nó na Ríochta Aontaithe, áireofar an t-iarratas ar cheadú ar shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla, de réir mar is infheidhme maidir leis an gcineál aerárthaigh, san iarratas tosaigh ar dheimhniú cineáil nó ar dheimhniú srianta ar chineál, nó déanfar an t-iarratas ar cheadú ar shonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a fhorlíonadh ina dhiaidh sin. |
(o) |
ciallaíonn ‘ceadú táirgthe’ deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil Páirtí chuig monaróir a tháirgeann táirgí aerloingseoireachta sibhialta, mar fhoirm aitheantais go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i ndlíthe, i rialacháin agus i bhforálacha riaracháin an Pháirtí sin chun na táirgí aerloingseoireachta sibhialta áirithe a tháirgeadh; |
(p) |
ciallaíonn ‘nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla’ na nósanna imeachta cur chun feidhme le haghaidh na hIarscríbhinne seo arna bhforbairt ag gníomhairí teicniúla na bPáirtithe i gcomhréir le hAirteagal 445(5) den Chomhaontú seo; |
(q) |
ciallaíonn ‘údarás bailíochtaithe’ gníomhaire teicniúil an Pháirtí allmhairiúcháin a ghlacann le deimhniú dearaidh arna eisiúint ag an údarás deimhniúcháin nó a bhailíochtaíonn é, mar a shonraítear san Iarscríbhinn seo é. |
ROINN B
BORD FORMHAOIRSEACHTA UM DHEIMHNIUCHAN
Airteagal 3
Bunú agus comhdhéanamh
1. Bunaítear leis seo an Bord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán, atá freagrach don Choiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta, faoi chomhchathaoirleacht ghníomhairí teicniúla na bPáirtithe, ar comhlacht comhordúcháin teicniúil é a bheidh freagrach as an Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme go héifeachtach. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó ghníomhaire teicniúil gach Páirtí agus féadfaidh sé cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe breise chun comhlíonadh a shainordaithe a éascú.
2. Tiocfaidh an Bord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán le chéile go tráthrialta ar iarratas ó cheachtar de na gníomhairí teicniúla, agus déanfaidh sé cinntí agus moltaí trí chomhthoil. Forbróidh sé agus glacadh sé a chuid rialacha nós imeachta.
Airteagal 4
Sainordú
Aireofar le sainordú an Bhoird Formhaoirseachta um Dheimhniúchán na nithe seo a leanas go háirithe:
(a) |
na nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhorbairt, a ghlacadh agus a athbhreithniú; |
(b) |
faisnéis a roinnt maidir le mórcheisteanna sábháilteachta agus, i gcás inarb iomchuí, pleananna gníomhaíochta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt orthu; |
(c) |
saincheisteanna teicniúla a réiteach a thiocfaidh faoi fhreagrachtaí na n-údarás inniúil agus a dhéanfaidh difear do chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo; |
(d) |
i gcás inarb iomchuí, modhanna éifeachtacha a fhorbairt le haghaidh comhair, tacaíochta teicniúla agus malartaithe faisnéise maidir le ceanglais sábháilteachta agus ceanglais chosanta comhshaoil, córais deimhniúcháin, agus córais bainistithe cáilíochta agus caighdeánaithe; |
(e) |
athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar na módúlachtaí maidir le deimhnithe deartha a bhailíochtú nó a ghlacadh a leagtar amach in Airteagail 10 agus 13; |
(f) |
leasuithe ar an Iarscríbhinn seo a mholadh don Choiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta; |
(g) |
i gcomhréir le hAirteagal 29, arna nósanna imeachta a shainiú chun muinín leanúnach gach Páirtí in iontaofacht phróisis an Pháirtí eile le haghaidh fionnachtana maidir le comhlíonadh a áirithiú; |
(h) |
anailís agus gníomhaíocht a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (g); agus |
(i) |
saincheisteanna neamhréitithe a thuairisciú don Choiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta agus cur chun feidhme na gcinntí a rinne an Coiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta maidir leis an Iarscríbhinn seo. |
ROINN C
CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 5
Údaráis inniúla le haghaidh deimhniúchán dearaidh, deimhniúchán táirgeachta agus Deimhnithe onnmhairiúcháin
1. Is iad seo a leanas na húdaráis inniúla le haghaidh deimhniúchán dearaidh:
(a) |
i gcás an Aontais: Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh; agus |
(b) |
i gcás na Ríochta Aontaithe: Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe |
2. Is iad seo a leanas na húdaráis inniúla le haghaidh deimhniúchán táirgeachta agus deimhnithe onnmhairiúcháin:
(a) |
i gcás an Aontais: Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. A mhéid a bhaineann le deimhniú onnmhairiúcháin i leith aerárthaí athláimhe, is é údarás inniúil Stát an Chláraithe don aerárthach as a ndéantar an t-aerárthach a onnmhairiú é; agus |
(b) |
i gcás na Ríochta Aontaithe: Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe. |
Airteagal 6
Nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla
1. Déanfaidh gníomhairí teicniúla na bPáirtithe nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla a fhorbairt tríd an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán chun nósanna imeachta sonracha a chur ar fáil chun cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo a éascú, trí na nósanna imeachta do ghníomhaíochtaí cumarsáide idir údaráis inniúla na bPáirtithe a shainmhíniú.
2. Leis na nósanna imeachta cur chun feidhme, tabharfar aghaidh ar na difríochtaí idir na Páirtithe maidir le caighdeáin eitlíochta sibhialta, rialacha, cleachtais, nósanna imeachta agus córais maidir le cur chun feidhme na Iarscríbhinn seo, mar a fhoráiltear in Airteagal 445(5) den Chomhaontú seo.
Airteagal 7
Malartú agus cosaint sonraí agus faisnéise rúnda agus dílseánaigh
1. Is faoi réir Airteagal 453 den Chomhaontú seo a bheidh sonraí agus faisnéis a mhalartófar i gcur chun feidhme na hIarscríbhinne seo.
2. Beidh teorainn le cineál agus ábhar na sonraí agus na faisnéise a mhalartófar le linn an phróisis bailíochtaithe don mhéid a mbeidh fíorghá leis chun críocha comhlíonadh a léiriú le ceanglais theicniúla is infheidhme, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
3. Aon easaontú maidir le malartú sonraí agus faisnéise idir na húdaráis inniúla, déileálfar leis mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla. Coinneoidh gach Páirtí an ceart chun an t-easaontas a tharchur chuig an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán lena réiteach.
ROINN D
DEIMHNIÚCHÁN DEARAIDH
Airteagal 8
Prionsabail ghinearálta
1. Tugtar aghaidh sa Roinn seo ar gach deimhniú dearaidh agus ar gach athrú orthu, más infheidhme, laistigh de raon feidhme na hIarscríbhinne seo, go háirithe:
(a) |
deimhnithe cineáil, lena n-áirítear deimhnithe cineáil teoranta; |
(b) |
deimhnithe cineáil forlíontacha; |
(c) |
ceaduithe dearthaí deisiúcháin; agus |
(d) |
údaruithe de réir ord teicniúil caighdeánach. |
2. Déanfaidh an t-údarás bailíochtaithe bailíochtú, ag féachaint do leibhéal na rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 12, nó glacfaidh sé le deimhniú dearaidh nó le hathrú a bhí eisithe nó ceadaithe ag an údarás deimhniúcháin, nó a bheidh á eisiúint nó á cheadú aige, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, lena n-áirítear a chuid módúlachtaí maidir le glacadh agus bailíochtú deimhnithe.
3. Chun an Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme, áiritheoidh gach Páirtí, ina chóras rialála maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta, go mbeidh rialú leordhóthanach ar chumas aon eagraíochta deartha a cuid freagrachtaí a ghlacadh uirthi féin trí chóras deimhniúcháin d’eagraíochtaí deartha.
Airteagal 9
Próiseas bailíochtaithe
1. Déanfar iarratas ar dheimhniú dearaidh le haghaidh táirge aerloingseoireachta sibhialta a bhailíochtú chuig an údarás bailíochtaithe tríd an údarás deimhniúcháin de réir mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
2. Áiritheoidh an t-údarás deimhniúcháin go bhfaighidh an t-údarás bailíochtaithe na sonraí agus an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun an deimhniú dearaidh a bhailíochtú, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
3. Ar iarratas ar bhailíochtú an deimhnithe dearaidh a fháil, cinnfidh an t-údarás bailíochtaithe an bonn deimhniúcháin don bhailíochtú i gcomhréir le hAirteagal 11, chomh maith le leibhéal rannpháirtíochta an údaráis bailíochtaithe sa phróiseas bailíochtaithe i gcomhréir le hAirteagal 12.
4. Déanfaidh an t-údarás bailíochtaithe, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, a bhailíochtú a bhunú, a mhéid is féidir, ar na meastóireachtaí teicniúla, na tástálacha, na hiniúchtaí agus na fionnachtana maidir le comhlíonadh a rinne an t-údarás deimhniúcháin.
5. Eiseoidh an t-údarás bailíochtaithe, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis ábhartha arna soláthar ag an údarás deimhniúcháin, a dheimhniú dearaidh don táirge aerloingseoireachta sibhialta bailíochtaithe (‘deimhniú dearaidh bailíochtaithe’) sna cásanna seo a leanas:
(a) |
go ndeimhneofar gur eisigh an t-údarás deimhniúcháin a dheimhniú dearaidh féin don táirge aerloingseoireachta sibhialta; |
(b) |
go mbeidh luaite ag an údarás deimhniúcháin go gcomhlíonann an táirge aerloingseoireachta sibhialta an bonn do dheimhniúchán dá dtagraítear in Airteagal 11; |
(c) |
go réitíodh gach saincheist a ardaíodh le linn an phróisis bhailíochtaithe a rinne an t-údarás bailíochtaithe; agus |
(d) |
go mbeidh ceanglais bhreise riaracháin, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, comhlíonta ag an iarratasóir. |
6. D’fhonn deimhniú dearaidh bailíochtaithe a fháil agus a chothabháil, áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil ina sheilbh ag an iarratasóir gach faisnéis faoin dearadh atá ábhartha, na líníochtaí agus na tuarascálacha tástála ábhartha uile, lena n-áirítear taifid iniúchtaí don táirge aerloingseoireachta sibhialta deimhnithe, chun an fhaisnéis is gá a sholáthar chun aeracmhainneacht leanúnach agus comhlíonadh leanúnach cheanglais infheidhme an táirge aerloingseoireachta shibhialta maidir le caomhnú an chomhshaoil a áirithiú, agus go gcuirfidh sé ar fáil don údarás deimhniúcháin iad.
Airteagal 10
Módúlachtaí maidir le bailíochtú deimhnithe dearaidh
1. Gníomhaire teicniúil na Ríocht Aontaithe, mar údarás bailíochtaithe, déanfaidh sé na deimhnithe cineáil a eiseoidh gníomhaire teicniúil an Aontais, mar údarás deimhniúcháin, a bhailíochtú. Beidh na sonraí seo a leanas faoi réir a ghlactha:
(a) |
lámhleabhar suiteála innill (do dheimhniú cineáil an innill); |
(b) |
lámhleabhar um dheisiúcháin struchtúrach; |
(c) |
treoir maidir le haeracmhainneacht leanúnach na gcóras idirnaisc sreangaithe leictrigh; agus |
(d) |
lámhleabhar cothromaíochta meáchain. |
Trí bhíthin nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, féadfaidh mionsonraí nós imeachta a bhunú maidir leis na sonraí ábhartha a ghlacadh. Níor cheart aon mhionsonraí nós imeachta den sórt sin difear a dhéanamh don cheanglas maidir le glacadh a bhunaíodh sa chéad fhomhír.
2. Gníomhaire teicniúil na Ríocht Aontaithe, mar údarás bailíochtaithe, déanfaidh sé na deimhnithe cineáil forlíontacha sonracha agus na ceaduithe le haghaidh mórathruithe sonracha a eiseoidh gníomhaire teicniúil an Aontais, mar údarás deimhniúcháin, a bhailíochtú. Bainfear úsáid as próiseas bailíochtaithe cuíchóirithe, mar phrionsabal, próiseas atá teoranta do thaithí theicniúil gan rannpháirtíocht an údaráis bailíochtaithe ar thús na cadhnaíochta gníomhaíochtaí comhlíonta ag an iarratasóir, mura gcinnfidh na gníomhairí teicniúla ar bhonn cás ar chás.
3. Gníomhaire teicniúil an Aontais Eorpaigh, mar údarás bailíochtaithe, déanfaidh sé na deimhnithe cineáil a eiseoidh gníomhaire teicniúil an Aontais, mar údarás deimhniúcháin, a bhailíochtú.
4. Gníomhaire teicniúil an Aontais, mar údarás bailíochtaithe, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a bhailíochtú: deimhnithe cineáil forlíontacha, ceaduithe le haghaidh mórathruithe, mórdheisiúcháin agus údaruithe orduithe caighdeánacha teicniúla arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe, mar údarás deimhniúcháin nó ag eagraíocht cheadaithe faoi dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe. Feadfar úsáid a bhaint as próiseas bailíochtaithe cuíchóirithe atá teoranta do thaithí theicniúil gan rannpháirtíocht an údaráis bailíochtaithe ar thús na cadhnaíochta gníomhaíochtaí comhlíonta ag an iarratasóir, nuair a chinnfidh na gníomhairí teicniúla, ar bhonn cás ar chás.
Airteagal 11
An bonn deimhniúcháin don bhailíochtú
1. Chun deimhniú dearaidh maidir le táirge aerloingseoireachta shibhialta a bhailíochtú, déanfaidh an t-údarás bailíochtaithe tagairt do na ceanglais seo a leanas a leagtar amach i ndlíthe, i rialacháin agus i bhforálacha riaracháin a Pháirtí féin agus an bonn deimhniúcháin á chinneadh aige:
(a) |
na ceanglais aeracmhainneachta a bhaineann le táirge aerloingseoireachta sibhialta comhchosúil a bhí i bhfeidhm ar an dáta éifeachtach cur i bhfeidhm arna leagan síos ag an údarás deimhniúcháin, agus arna gcomhlánú, nuair is infheidhme, le coinníollacha teicniúla breise mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla; agus |
(b) |
na ceanglais maidir le caomhnú an chomhshaoil le haghaidh an táirge aerloingseoireachta sibhialta a bhí i bhfeidhm ar dháta a rinneadh iarratais ar an mbailíochtú chuig an údarás bailíochtaithe. |
2. Sonróidh an t-údarás bailíochtaithe, nuair is infheidhme, aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a) |
díolúine maidir leis na ceanglais is infheidhme; |
(b) |
diall ó na ceanglais is infheidhme; nó |
(c) |
tosca cúitimh lena gcuirtear leibhéal coibhéiseach sábháilteachta ar fáil nuair nach gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme. |
3. De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, sonróidh an t-údarás bailíochtaithe aon choinníoll speisialta a bheidh le cur i bhfeidhm mura bhfuil ceanglais sábháilteachta leordhóthanacha nó iomchuí maidir leis an táirge aerloingseoireachta sibhialta sna cóid aeracmhainneachta, sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin a bhaineann leo, toisc:
(a) |
go bhfuil gnéithe deartha núíosacha nó neamhghnácha ag an táirge aerloingseoireachta sibhialta i ndáil leis na cleachtais deartha ar bhunaítear na cóid aeracmhainneachta, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is infheidhme; |
(b) |
go mbeartaítear úsáid neamhghnách don táirge aerloingseoireachta sibhialta; nó |
(c) |
go léiríodh, ó thaithí a fuarthas ó tháirgí aerloingseoireachta sibhialta comhchosúla eile i seirbhís nó ó tháirgí aerloingseoireachta sibhialta a bhfuil gnéithe deartha comhchosúla acu, go bhféadfadh dálaí neamhshábháilte teacht chun cinn. |
4. Nuair a bheidh díolúintí, dialltaí, tosca cúitimh nó dálaí speisialta á sonrú ag an údarás bailíochtaithe, tabharfaidh sé aird chuí ar na díolúintí, dialltaí, fachtóirí cúitimh agus dálaí speisialta a chuirfidh an t-údarás deimhniúcháin i bhfeidhm agus ní chuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach níos déine chun na táirgí aerloingseoireachta sibhialta a bhailíochtú ná mar a dhéanfar i gcás a tháirgí comhchosúla féin. Tabharfaidh an t-údarás bailíochtaithe fógra don údarás deimhniúcháin faoi aon díolúintí, dialltaí, tosca cúitimh nó dálaí speisialta den sórt sin.
Airteagal 12
Leibhéal rannpháirtíochta an údaráis bailíochtaithe
1. Is iad na nithe seo a leanas is mó a chinnfear leibhéal rannpháirtíochta údaráis bailíochtaithe an Pháirtí le linn an phróisis bhailíochtaithe Airteagal 9 agus mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla:
(a) |
taithí agus taifid údarás inniúil an Pháirtí eile agus é ina údarás deimhniúcháin; |
(b) |
an taithí a fuarthas cheana féin ag an údarás bailíochtaithe sin le linn cleachtaí bailíochtaithe roimhe sin le húdarás inniúil an Pháirtí eile; |
(c) |
cineál an deartha atá le bailíochtú; |
(d) |
feidhmíocht agus taithí an iarratasóra leis an údarás bailíochtaithe; agus |
(e) |
an toradh ar mheasúnuithe ar cheanglais cháilíochta dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 29. |
2. Feidhmeoidh an t-údarás bailíochtaithe nósanna imeachta agus grinnscrúdú speisialta, go háirithe maidir le próisis agus modhanna an údaráis deimhniúcháin, le linn an chéad bhailíochtaithe aon deimhnithe, i gcás nár eisigh an t-údarás deimhniúcháin deimhniú roimhe sin sa chatagóir de tháirgí aerloingseoireachta sibhialta lena mbaineann tar éis an 30 Meán Fómhair 2004. Na nósanna imeachta agus na critéir atá chun cur i bhfeidhm, déanfar iad a mhionsonrú sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
3. Déanfaidh an Bord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán tomhas rialta, faireachán agus athbhreithniú ar chur chun feidhme éifeachtach na bprionsabal a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 agus bainfear úsáid as méadrachtaí mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
Airteagal 13
Glacadh
1. Le haghaidh deimhniú dearaidh atá faoi réir a ghlactha, glacfaidh an t-údarás bailíochtaithe leis an deimhniú dearaidh arna eisiúint ag an údarás deimhniúcháin gan aon ghníomhaíochtaí bailíochtaithe. Sa chás sin, aithneoidh an t-údarás bailíochtaithe go bhfuil an deimhniú dearaidh coibhéiseach le deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le dlíthe, le rialacháin agus le forálacha riaracháin a Pháirtí féin agus ní eiseoidh an t-údarás bailíochtaithe a dheimhniú comhfhreagrach.
2. Gníomhaire teicniúil na Ríochta Aontaithe, mar údarás bailíochtaithe, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a bhailíochtú: deimhnithe cineáil forlíontacha neamhshuntasacha, ceaduithe le haghaidh mórathruithe neamhshuntasacha, mórdheisiúcháin agus údaruithe orduithe caighdeánacha teicniúla arna n-eisiúint ag an Aontas, mar údarás deimhniúcháin nó ag eagraíocht cheadaithe faoi dhlíthe agus rialacháin an Aontais.
3. Na mionathruithe agus na miondeisiúcháin arna gceadú ag gníomhaire teicniúil an Aontais Eorpaigh mar údarás deimhniúcháin, nó ag eagraíocht cheadaithe faoi dhlíthe agus rialacháin an Aontais, glacfaidh gníomhaire teicniúil na Ríocht Aontaithe iad mar t-údarás bailíochtaithe.
4. Na mionathruithe agus na miondeisiúcháin arna gceadú ag gníomhaire teicniúil na Ríochta Aontaithe mar údarás deimhniúcháin, nó ag eagraíocht cheadaithe faoi dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe, glacfaidh gníomhaire teicniúil an Aontais iad mar t-údarás bailíochtaithe.
Airteagal 14
Forálacha cur chun feidhme maidir le hAirteagail 10 agus 13
1. Is é an t-údarás deimhniúcháin a dhéanfaidh na haicmí mionathruithe nó athruithe móra i gcomhréir leis na sainmhínithe a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus a léirítear i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta infheidhme an údaráis deimhniúcháin.
2. Chun deimhniúchán cineáil fhorlíontaigh nó mórathrú a aicmiú mar sonrach nó neamhshonrach, breithneoidh an t-údarás deimhniúcháin an t-athrú i gcomhthéacs gach athrú deartha ábhartha a tharla roimhe agus gach athbhreithniú ábhartha a rinneadh ar na sonraíochtaí deimhniúcháin is infheidhme arna ionchorprú sa deimhniúchán cineáil le haghaidh an táirge aerloingseoireachta sibhialta. Aon athrú a chomhlíonann ceachtar den dá critéar, measfar go huathoibríoch go bhfuil siad suntasach:
(a) |
níor coinníodh an fhoirmíocht ghinearálta ná ní níor coinníodh prionsabail na tógála; nó |
(b) |
Ní bailí iad níos mó na toimhdí a úsáidtear le haghaidh deimhniú an táirge. |
Airteagal 15
Deimhnithe dearaidh atá ann cheana
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a) |
deimhnithe cineáil, deimhnithe cineáil forlíontacha, ceaduithe le haghaidh athruithe agus deisiúcháin chomh maith le húdaruithe orduithe caighdeánacha teicniúla agus athruithe leo arna n-eisiúint ag gníomhaire teicniúil an Aontais d’iarratasóirí na Ríochta Aontaithe, nó ag eagraíocht deartha atá suite sa Ríocht Aontaithe, ar bhonn dhlí an Aontais agus bailí an 31 Nollaig 2020, measfar iad a bheith eisithe ag gníomhaire teicniúil na Ríochta Aontaithe mar údarás deimhnithe nó ag eagraíocht cheadaithe faoi dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe agus measfar iad a bheith glactha ag gníomhaire teicniúil an Aontais mar údarás bailíochtaithe i gcomhréir le hAirteagal 13(1); |
(b) |
deimhnithe cineáil, deimhnithe cineáil forlíontacha, ceaduithe le haghaidh athruithe agus deisiúcháin chomh maith le húdaruithe orduithe caighdeánacha teicniúla agus athruithe leo arna n-eisiúint ag gníomhaire teicniúil an Aontais d’iarratasóirí an Aontais, nó ag eagraíocht deartha atá suite san Aontas, ar bhonn dhlí an Aontais agus bailí an 31 Nollaig 2020, measfar iad a bheith eisithe ag gníomhaire teicniúil na Ríochta Aontaithe mar údarás deimhnithei gcomhréir le hAirteagal 13(1). |
Airteagal 16
Aistriú deimhnithe dearaidh
I gcás ina n-aistreofar deimhniú dearaidh chuig eintiteas eile, tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin atá freagrach as an deimhniú dearaidh fógra maidir leis an aistriú go pras don údarás bailíochtaithe agus cuirfidh sé an nós imeachta a bhaineann le haistriú deimhnithe dearaidh i bhfeidhm mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
Airteagal 17
Ceanglais oibríochtúla maidir le dearadh
1. Áiritheoidh na gníomhairí teicniúla, i gcás inar gá, go malartófar sonraí agus faisnéis a bhaineann le ceanglais oibríochtúla maidir le dearadh le linn an phróisis bhailíochtaithe.
2. Faoi réir cinnidh arna nglacadh ag gníomhairí teicniúla maidir le ceanglais áirithe oibríochtúla a bhaineann le dearadh, féadfaidh an t-údarás bailíochtaithe glacadh le ráiteas comhlíonta an údaráis deimhnithe tríd an bpróiseas bailíochtaithe,
Airteagal 18
Doiciméid oibríochtúla agus sonraí a bhaineann le cineál
1. Roinnt sraitheanna atá sonrach don chineál de dhoiciméid oibríochtúla agus de shonraí oibríochtúla, lena n-áirítear sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil i gcóras an Aontais agus na sonraí coibhéiseacha i gcóras na Ríochta Aontaithe, arna soláthar ag sealbhóir an deimhnithe cineáil, déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin iad cheadú nó a ghlacadh agus, i gcás inar gá, malartófar iad le linn an phróisis bhailíochtaithe.
2. Féadfaidh an t-údarás bailíochtaithe glacadh leis na doiciméid oibríochtúla agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1, nó féadfaidh sé iad a bhailíochtú, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
Airteagal 19
Bailíochtú comhthráthach
Nuair a chinnfidh an t-iarratasóir agus na gníomhairí teicniúla, féadfar próiseas deimhnithe agus bailíochtaithe comhthráthach a úsáid, nuair is iomchuí agus de réir mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
Airteagal 20
Aeracmhainneacht leanúnach
1. Gníomhóidh na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí neamhshábháilte i dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta a bhfuil siad ina n-údarás deimhniúcháin dóibh.
2. Arna iarraidh sin air, cabhróidh údarás inniúil Páirtí, i ndáil le táirgí aerloingseoireachta sibhialta a dheartar nó a mhonaraítear faoina chóras rialála, le húdarás inniúil an Pháirtí eile cinneadh a dhéanamh faoi aon ghníomh a mheastar a bheith riachtanach d’aeracmhainneacht leanúnach na dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta.
3. Nuair a bheidh imscrúdú arna dhéanamh ag gníomhaire teicniúil Páirtí, arb é an t-údarás deimhniúcháin don táirge aerloingseoireachta sibhialta é, imscrúdú a bheidh ina thoradh ar dheacrachtaí inseirbhíse nó ar cheisteanna sábháilteachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do tháirge aerloingseoireachta sibhialta laistigh de raon feidhme na hIarscríbhinne seo, tacóidh gníomhaire teicniúil an Pháirtí eile, arna iarraidh sin air, leis an imscrúdú sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar arna tuairisciú ag eintitis ábhartha maidir le teipeanna, mífheidhmeanna, lochtanna nó tarluithe eile a dhéanfaidh difear don táirge aerloingseoireachta sibhialta sin.
4. Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar shealbhóirí an deimhnithe dearaidh don údarás deimhniúcháin agus don sásra malartaithe faisnéise arna bhunú faoin Iarscríbhinn seo, measfar go gcomhlíonfaidh siad an oibleagáid atá ar gach sealbhóir deimhnithe dearaidh teipeanna, mífheidhmeanna, lochtanna nó tarluithe eile a dhéanfaidh difear don táirge aerloingseoireachta sibhialta sin a thuairisciú don údarás bailíochtaithe.
5. Déanfar gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí neamhshábháilte agus chun faisnéis sábháilteachta a mhalartú dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a mhionsonrú sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
6. Coinneoidh gníomhaire teicniúil de Pháirtí amháin gníomhaire teicniúil an Pháirtí eile ar an eolas faoin bhfaisnéis shainordaitheach uile atá aige maidir le haeracmhainneacht leanúnach i ndáil le táirgí aerloingseoireachta sibhialta a dheartar nó a mhonaraítear faoina chóras formhaoirseachta, agus a thiocfaidh faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo.
7. Aon athrú ar stádas aeracmhainneachta dheimhnithe arna eisiúint ag gníomhaire teicniúil Páirtí amháin, cuirfear in iúl é go tráthúil do ghníomhaire teicniúil an Pháirtí eile.
ROINN E
DEIMHNIUCHAN TAIRGEACHTA
Airteagal 21
Aitheantas na gcóras um dheimhniú táirgeachta agus um fhormhaoirseacht ar tháirgeadh
1. Aithneoidh Páirtí allmhairiúcháin an córas um dheimhniú táirgeachta agus um fhormhaoirseachta ar tháirgeadh an Pháirtí onnmhairiúcháin, ós rud é go meastar an córas a bheith coibhéiseach go leor le córas an Pháirtí allmhairiúcháin laistigh de raon feidhme na hIarscríbhinne seo, faoi réir fhorálacha an Airteagail seo.
2. Tá an t-aitheantas a thugann an tAontas do chóras um dheimhniú táirgeachta agus um fhormhaoirseacht ar tháirgeadh na Ríochta Aontaithe teoranta d’aitheantas a thabhairt do chatagóirí táirgí aerloingseoireachta sibhialta a bhí faoi réir an chórais sin cheana féin an 31 Nollaig 2020, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
3. I gcás ina gcuirtear catagóir nua táirgí aerloingseoireachta sibhialta le deimhniúchán táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin agus le córas na formhaoirseachta táirgí, cuirfidh údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin fógra chuig gníomhaire teicniúil an Pháirtí allmhairiúcháin. Sula ndéanfar aitheantas an deimhnithe táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta a leathnú go dtí catagóir nua táirgí aerloingseoireachta sibhialta, féadfaidh gníomhaire teicniúil an Pháirtí allmhairiúcháin a chinneadh measúnú a dhéanamh chun a dheimhniú go bhfuil an deimhniú táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin le haghaidh an catagóir seo táirgí aerloingseoireachta sibhialta coibhéiseach a dhóthain le deimhniúchán táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta an Pháirtí allmhairiúcháin. Déanfar an measúnú sin mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla agus féadfaidh sé go n-áireofar leis measúnú sealbhóir an cheadaithe táirgthe faoi fhormhaoirseacht údaráis inniúla an Pháirtí onnmhairiúcháin. Sonrófar sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla an próiseas maidir le haitheantas an deimhnithe táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin a bheith á leathnú go dtí catagóir nua táirgí aerloingseoireachta sibhialta ag an bPáirtí allmhairiúcháin.
4. Beidh aitheantas an deimhnithe táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin ag an bPáirtí a allmhairiúcháin, is aitheantas é a bheidh faoi réir leibhéal na sábháilteachta arna chur ar fáil ag deimhnithe táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin agus beidh sé coibhéiseach go leor lena gcuirtear ar fáil le córas an Pháirtí allmhairiúcháin. Déanfar measúnú leanúnach ar coibhéiseacht an deimhniúchán táirgeachta agus córas na formhaoirseachta táirgeachta trí na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 29.
5. Tá feidhm ag Míreanna 1 go 3 freisin maidir le táirge aerloingseoireachta sibhialta a tháirgeadh a bhfuil an Stát Deartha freagrachtaí ina leith á bhfeidhmiú ag tír seachas Páirtí onnmhairiúcháin an táirge aerloingseoireachta shibhialta, ar choinníoll go mbeidh na nósanna imeachta is gá bunaithe agus curtha chun feidhme ag údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin le húdarás ábhartha Stát an Deartha chun an comhéadan idir sealbhóir an deimhnithe deartha agus sealbhóir ceadaithe táirgeachta an táirge aerloingseoireachta shibhialta sin a rialú.
Airteagal 22
Síneadh a chur leis an bhformheas táirgthe
1. An ceadú táirgeachta arna eisiúint ag údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin chuig monaróir atá suite go príomha i gcríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin, agus é aitheanta faoi Airteagal 21(1), féadfaidh an ceadú táirgeachta sin a leathnú chun láithreáin mhonaraíochta agus saoráidí an mhonaróra atá suite i gcríoch an Pháirtí eile nó i gcríoch tríú tír a chur san áireamh, gan beann ar stádas dlíthiúil na láithreán agus na saoráidí monaraíochta sin, agus gan beann ar chineál an táirge aerloingseoireachta shibhialta a mhonaraítear sna láithreáin agus sna saoráidí sin. Sa chás sin, is é údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin a bheidh freagrach i gcónaí as formhaoirseacht a dhéanamh ar na láithreáin mhonaraíochta agus na saoráidí monaraíochta sin agus ní eiseoidh údarás inniúil an Pháirtí allmhairiúcháin a cheadú táirgeachta féin chuig na láithreáin mhonaraíochta agus na saoráidí monaraíochta sin le haghaidh an táirge aerloingseoireachta sibhialta céanna.
2. Le haghaidh monaróir atá suite go príomha i gcríoch an Pháirtí onnmhairiúcháin, má tá na saoráidí agus láithreáin mhonaraíochta suite laistigh den Pháirtí eile, comhoibreoidh údaráis inniúla an dá Pháirtí faoi chuimsiú Airteagal 32, d’fhonn an Páirtí allmhairiúcháin a bheith rannpháirteach in gníomhaíochtaí formhaoirseachta an Pháirtí onnmhairiúcháin maidir leis na saoráidí sin.
Airteagal 23
Comhéadan idir sealbhóir an cheadaithe táirgthe agus sealbhóir an deimhnithe dearaidh
1. I gcásanna ina mbeidh sealbhóir an cheadaithe táirgeachta le haghaidh táirge aerloingseoireachta sibhialta á rialáil ag údarás inniúil Páirtí, agus go mbeidh sealbhóir an deimhnithe deartha le haghaidh an táirge aerloingseoireachta sibhialta céanna á rialáil ag údarás inniúil an Pháirtí eile, bunóidh údaráis inniúla na bPáirtithe nósanna imeachta chun freagrachtaí gach Páirtí chun an comhéadan a rialú idir sealbhóir ceadaithe na táirgeachta agus sealbhóir an deimhnithe dearaidh a shainmhíniú.
2. Chun críche táirgí aerloingseoireachta sibhialta a onnmhairiú faoi chuimsiú na hIarscríbhinne seo, i gcás nach iad sealbhóir an deimhnithe dearaidh agus sealbhóir an cheadaithe táirgeachta an t-eintiteas dlíthiúil céanna, áiritheoidh údaráis inniúla na bPáirtithe go mbunóidh sealbhóir an deimhnithe dearaidh socruithe cuí le sealbhóir an cheadaithe táirgeachta chun comhordú sásúil idir dearadh agus táirgeadh agus tacaíocht chuí d’aeracmhainneacht leanúnach an táirge aerloingseoireachta shibhialta a áirithiú.
ROINN F
DEIMHNITHE ONNMHAIRIUCHAIN
Airteagal 24
Foirmeacha
Is iad foirmeacha an Pháirtí onnmhairiúcháin:
(a) |
nuair is é an Ríocht Aontaithe an Páirtí onnmhairiúcháin, Foirm 52 CAA le haghaidh aerárthaí nua, deimhniú onnmhairiúcháin aeracmhainneachta le haghaidh aerárthaí úsáidte, agus Foirm 1 CAA i gcás táirgí nua eile; agus |
(b) |
nuair is é an tAontas an Páirtí onnmhairiúcháin, Foirm 52 EASA maidir le haerárthaí nua, deimhniú onnmhairiúcháin aeracmhainneachta le haghaidh aerárthaí úsáidte, agus Foirm 1 EASA i gcás táirgí nua eile. |
Airteagal 25
Deimhniú onnmhairiúcháin a eisiúint
1. Agus deimhniú onnmhairiúcháin á eisiúint ag údarás inniúil nó sealbhóir cheadaithe táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin, áiritheoidh siad an méid seo a leanas maidir leis an táirge aerloingseoireachta sibhialta sin:
(a) |
go bhfuil an táirge ag teacht leis an dearadh a nglacfaidh an Páirtí allmhairiúcháin go huathoibríoch leis, an dearadh a bhailíochtóidh nó a dheimhneoidh sé i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo agus mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla; |
(b) |
go mbeidh sé i riocht a oibrithe go sábháilte; |
(c) |
go gcomhlíonann sé na ceanglais bhreise ar fad atá fógartha ag an bPáirtí allmhairiúcháin; agus |
(d) |
i dtaca le haerárthaí sibhialta, le hinnill aerárthaigh agus le liáin aerárthaí, go dtiocfaidh sé leis an bhfaisnéis éigeantach is infheidhme maidir le haeracmhainneacht leanúnach, lena n-áirítear treoracha aeracmhainneachta an Pháirtí allmhairiúcháin, mar a thabharfaidh an Páirtí sin fógra ina leith. |
2. Nuair a eiseoidh údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin deimhniú onnmhairiúcháin aeracmhainneachta d’aerárthach athláimhe atá cláraithe sa Pháirtí onnmhairiúcháin, sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1, áiritheoidh údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin go ndearnadh cothabháil chuí ar an aerárthach sin trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta ceadaithe agus modhanna ceadaithe de chuid an Pháirtí onnmhairiúcháin le linn a shaolré seirbhíse, mar a léirítear le logleabhair agus taifid chothabhála.
Airteagal 26
Glacadh le deimhniú onnmhairiúcháin le haghaidh táirge nua aerloingseoireachta sibhialta
Glacfaidh údarás inniúil an Pháirtí allmhairiúcháin le deimhniú onnmhairiúcháin arna eisiúint ag an údarás inniúil nó ag sealbhóir cheadaithe táirgeachta an Pháirtí onnmhairiúcháin i leith táirge aerloingseoireachta sibhialta, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus de réir mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
Airteagal 27
Glacadh le deimhniú onnmhairiúcháin maidir le haeracmhainneachta le haghaidh aerárthach athláimhe
1. Ní ghlacfaidh údarás inniúil an Pháirtí allmhairiúcháin le deimhniú onnmhairiúcháin le haghaidh aeracmhainneachta arna eisiúint ag údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin le haghaidh aerárthach athláimhe i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus leis na nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla ach amháin más ann do shealbhóir deimhnithe cineáil nó deimhnithe cineáil srianta le haghaidh na haerárthaí athláimhe d’fhonn tacú le haeracmhainneacht leanúnach an chineáil sin aerárthaigh.
2. I gcás deimhniú onnmhairiúcháin aeracmhainneachta le haghaidh aerárthach athláimhe a mhonaraíodh faoi fhormhaoirseacht táirgthe an Pháirtí onnmhairiúcháin atá le glacadh i gcomhréir le mír 1, cabhróidh údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin, arna iarraidh sin dó, le húdarás inniúil an Pháirtí allmhairiúcháin sonraí agus faisnéis a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
cumraíocht an aerárthaigh tráth a sheolta ón monaróir; agus |
(b) |
athruithe agus deisiúcháin ina dhiaidh sin a cuireadh i bhfeidhm ar an aerárthach a cheadaigh sé. |
3. Féadfaidh an Páirtí allmhairiúcháin taifid iniúchta agus chothabhála a iarraidh mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
4. Más rud é, agus measúnú á dhéanamh ar stádas aeracmhainneachta aerárthaigh athláimhe a mheasfar lena honnmhairiú, nach bhfuil údarás inniúil an Pháirtí onnmhairiúcháin in ann na ceanglais go léir a shonraítear in Airteagal 25(2) agus i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Pháirtí allmhairiúcháin; |
(b) |
comhordóidh sé le húdarás inniúil an Pháirtí allmhairiúcháin, mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, chun na heisceachtaí nó na ceanglais is infheidhme a ghlacadh nó a dhiúltú; agus |
(c) |
coinneoidh sé taifead d’aon eisceachtaí ar glacadh leo nuair a dhéanfar an t-onnmhairiú. |
ROINN G
CÁILÍOCHTAÍ NA N-ÚDARÁS INNIÚIL
Airteagal 28
Ceanglais cháilíochta chun glacadh le fionnachtana maidir le comhlíonadh agus deimhnithe
1. Coinneoidh gach Páirtí córas deimhniúcháin agus formhaoirseachta ar bun atá struchtúrtha agus éifeachtach chun an Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear:
(a) |
creat dlíthiúil agus rialála, lena n-áirithítear go háirithe cumhachtaí rialála ar eintitis arna rialú faoi chóras rialála an Pháirtí maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta; |
(b) |
struchtúr eagrúcháin, lena n-áirítear tuairisc shoiléir ar fhreagrachtaí; |
(c) |
acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear foireann cháilithe a bhfuil eolas, taithí agus oiliúint leordhóthanach acu; |
(d) |
próisis leordhóthanacha arna ndoiciméadú i mbeartais agus i nósanna imeachta; |
(e) |
doiciméadacht agus taifid; agus |
(f) |
clár iniúchta bunaithe lena áiritheofar leibhéal aonfhoirmeach cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil agus rialála i measc chomhpháirteanna éagsúla an chórais fhormhaoirseachta. |
Airteagal 29
Cáilíochtaí leanúnacha na n-údarás inniúil
1. D’fhonn muinín fhrithpháirteach a choinneáil ar bun i gcórais rialála a chéile maidir le cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo ionas go n-áiritheofar leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach go leor, déanfaidh gníomhaire teicniúil gach Páirtí measúnú rialta ar chomhlíonadh údaráis inniúla an Pháirtí eile leis na ceanglais cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 28. Déanfar módúlachtaí mheasúnuithe frithpháirteacha leanúnacha den sórt sin a mhionsonrú sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
2. Oibreoidh údarás inniúil Páirtí i gcomhar le húdarás inniúil an Pháirtí eile aon uair is gá measúnuithe den sórt sin a dhéanamh agus áiritheoidh sé go soláthróidh eintitis rialáilte atá faoi réir a fhormhaoirseachta rochtain ar ghníomhairí teicniúla na bPáirtithe.
3. I gcás ina gcreideann gníomhaire teicniúil de cheachtar Páirtí nach bhfuil inniúlacht theicniúil údaráis inniúil an Pháirtí eile leordhóthanach a thuilleadh, nó gur cheart an glacadh le fionnachtana maidir le comhlíonadh nó le deimhnithe arna n-eisiúint ag an údarás inniúil sin a chur ar fionraí toisc nach n-áirithíonn córais an Pháirtí eile maidir le cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach go leor chun an glacadh sin a cheadú, rachaidh gníomhairí teicniúla na bPáirtithe i gcomhairle chun gníomhaíochtaí feabhais a shainaithint.
4. Mura ndéanfar muinín fhrithpháirteach a athbhunú trí mhodhanna a bheidh inghlactha go frithpháirteach, féadfaidh gníomhaire teicniúil gach Páirtí an t-ábhar dá dtagraítear i mír 3 a tharchur chuig an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán.
5. Mura réiteoidh an Bord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán an t-ábhar, féadfaidh gach Páirtí an t-ábhar dá dtagraítear i mír 3 a tharchur chuig an gCoiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta.
ROINN H
TEACHTAIREACHTAÍ, COMHAIRLIÚCHÁIN AGUS TACAÍOCHT
Airteagal 30
Cumarsáid
Faoi réir na n-eisceachtaí arna gcinneadh ag gníomhairí teicniúla na bPáirtithe de réir an cháis, gach cumarsáid idir údaráis inniúla na bPáirtithe, lena n-áirítear doiciméadacht mar a shonraítear sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla, déanfar i mBéarla í.
Airteagal 31
Comhairliúcháin theicniúla
1. Is trí chomhairliúcháin a thabharfaidh gníomhairí teicniúla na bPáirtithe aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo.
2. Mura dtiocfar ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach trí na comhairliúcháin arna ndéanamh de bhun mír 1, féadfaidh gníomhaire teicniúil gach Páirtí saincheist dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán.
3. Mura réiteoidh an Bord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán saincheist, féadfaidh gach Páirtí saincheist dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig an gCoiste Speisialaithe um Shábháilteacht Eitlíochta.
Airteagal 32
Tacaíocht do ghníomhaíochtaí maidir le deimhniúchán agus formhaoirseacht ar aeracmhainneacht leanúnach
Arna iarraidh sin, tar éis toiliú frithpháirteach a fháil, agus de réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil, féadfaidh údarás inniúil Páirtí tacaíocht theicniúil, sonraí agus faisnéis a sholáthar d’údarás inniúil an Pháirtí eile i ngníomhaíochtaí maidir le deimhniúchán agus formhaoirseacht ar aeracmhainneacht leanúnach i ndáil le deimhniúchán dearaidh, deimhniúchán táirgeachta agus deimhniúchán cosanta comhshaoil. Déanfar an tacaíocht atá le soláthar agus an próiseas maidir leis an tacaíocht sin a sholáthar a mhionsonrú sna nósanna imeachta cur chun feidhme teicniúla.
IARSCRÍBHINN 31
IOMPAR EARRAÍ DE BHÓTHAR
CUID A
CEANGLAIS AR OIBREOIRÍ TARLAITHE DE BHÓTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 463 DEN CHOMHAONTÚ SEO
ROINN 1
LIGEAN ISTEACH I nGAIRM AN OIBREORA TARLAITHE DE BHÓTHAR AGUS CLEACHTADH NA GAIRME SIN
Airteagal 1
Raon feidhme
Rialaítear leis an Roinn seo ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar agus saothrú na gairme sin agus beidh feidhm aici maidir le gach oibreoir tarlaithe de bhóthar de Pháirtí atá ag gabháil d’iompar earraí laistigh de raon feidhme Airteagal 462 den Chomhaontú seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Ranna seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarú gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a shaothrú’ cinneadh riaracháin lena n-údaraítear do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a shaothrú; |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i bPáirtí a fhíoraíonn, chun cleachtadh ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a údarú, an gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo, agus a dtugtar de chumhacht dó údarú gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a shaothrú a dheonú, a fhionraí nó a tharraingt siar; agus |
(c) |
ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ar ann is iondúil a bhíonn duine ag cur faoi, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá gach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil an duine sin ag cur faoi. |
Airteagal 3
Ceanglais maidir le gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar
Beidh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bheidh ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar:
(a) |
bunú éifeachtach agus cobhsaí i bPáirtí a bheith acu mar a leagtar síos in Airteagal 5 den Roinn seo; |
(b) |
dea-cháil a bheith orthu mar a leagtar síos in Airteagal 6 den Roinn seo; |
(c) |
seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Roinn seo; agus |
(d) |
an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu mar a leagtar síos in Airteagal 8 den Roinn seo. |
Airteagal 4
Bainisteoir iompair
1. Ainmneoidh oibreoir tarlaithe de bhóthar duine nádúrtha amháin ar a laghad, le bheith ina bhainisteoir iompair, ar duine é a bhainisteoidh a ghníomhaíochtaí iompair go héifeachtach agus go leanúnach a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b) agus (d) de Airteagal 3 agus ar duine é:
(a) |
a mbeidh nasc dílis aige leis an oibreoir tarlaithe de bhóthar, amhail a bheith ina fhostaí aige, ina stiúrthóir air, ina úinéir air nó ina scairshealbhóir ann, nó a bheith á riar, nó is eisean an duine sin; agus |
(b) |
a bheidh ina chónaitheoir den Pháirtí sa chríoch ina bhfuil an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar bunaithe. |
2. Mura gcomhlíonfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil, féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt dó gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar gan bainisteoir iompair a bheidh ainmnithe i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll:
(a) |
go ndéanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach duine nádúrtha a ainmniú a bheidh a bhfuil cónaí orthu i bPáirtí bunaíochta an oibreora tarlaithe de bhóthar, ar duine é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b) agus (d) d’Airteagal 3 agus atá i dteideal faoi chonradh cúraimí bainisteora iompair a fheidhmiú thar ceann an ghnóthais; |
(b) |
go ndéanfaidh an conradh a nascfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a bheidh le déanamh ar bhonn éifeachtach, leanúnach ag an duine sin a shonrú, agus go léireoidh sé freagrachtaí an duine sin mar bhainisteoir iompair. Is iad na cúraimí a bheidh le sonrú go háirithe cúraimí a bhaineann le cothabháil feithiclí a bhainistiú, conarthaí agus doiciméid iompair a fhíorú, cuntasaíocht bhunúsach, ualaí nó seirbhísí a shannadh do thiománaithe agus d’fheithiclí, agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht a fhíorú; |
(c) |
go bhféadfaidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a), ina cháil mar bhainisteoir iompair, gníomhaíochtaí iompair suas le ceithre oibreoir tarlaithe de bhóthar éagsúla, ar a mhéid, a bhainistiú, agus flít iomlán nach mó ná 50 feithicil eatarthu acu; |
(d) |
go bhfeidhmeoidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a shonraítear ar mhaithe leis an duine nádúrtha agus dlítheanach amháin agus go bhfeidhmeoidh sé freagrachtaí an duine sin go neamhspleách ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a gcuirfeadh sé oibríochtaí iompair i gcrích dó. |
3. Féadfaidh Páirtí a chinneadh nach bhféadfar bainisteoir iompair a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a ainmniú i gcomhréir le mír 2, freisin, nó nach n-ainmneofar é ach i leith líon teoranta daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó i leith flít feithiclí is lú ná iad sin dá dtagraítear i pointe (c) de mhír 2.
4. Tabharfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach fógra don údarás inniúil faoin mbainisteoir iompair nó faoi na bainisteoirí iompair a ainmneofar.
Airteagal 5
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta
Chun an ceanglas maidir le bunú éifeachtach cobhsaí sa Pháirtí bunaíochta a chomhlíonadh, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach:
(a) |
beidh áitreabh aige, ag a mbeidh rochtain aige ar chóipeanna bunaidh a phríomhdhoiciméad gnó, bídís i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile, go háirithe a chonarthaí iompair, a dhoiciméid a bhaineann leis na feithiclí a bheidh ar fáil don duine nádúrtha nó dlítheanach, a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a chonarthaí fostaíochta, a dhoiciméid slándála sóisialta, doiciméid a bhfuil sonraí iontu maidir le seoladh agus postú tiománaithe, a dhoiciméid ina bhfuil sonraí maidir le turais, am tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air d'fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa roinn seo a fhíorú; |
(b) |
beidh sé cláraithe ar chlár na gcuideachtaí tráchtála sa Pháirtí sin nó ar chlár atá comhchosúil leis nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta; |
(c) |
beidh sé faoi réir cáin ar ioncaim agus, nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta, beidh uimhir aitheantais CBL aige; |
(d) |
a luaithe a dheonófar údarú dó, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin ar fáil dó a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht agus a bheidh údaraithe lena n-úsáid i gcomhréir le reachtaíocht an Pháirtí sin, is cuma cé acu atá de na feithiclí sin faoi lánúinéireacht nó, mar shampla, faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin; |
(e) |
déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála ar mhodh éifeachtach, leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí iomchuí, dá dtagraítear i bpointe (a), ag áitreabh atá suite laistigh den Pháirtí sin, agus déanfaidh sé bainistiú éifeachtach leanúnach ar a oibríochtaí iompair leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (f) leis an trealamh riaracháin iomchuí, sa Pháirtí sin; |
(f) |
beidh líon feithiclí ar fáil dó, ar bhonn leanúnach, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (d) agus tiománaithe a bhíonn bunaithe de ghnáth ag ionad oibríochtúil sa Pháirtí sin, i gcomhréir le líon na n-oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas. |
Airteagal 6
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil
1. Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cinnfidh Páirtithe na coinníollacha a chaithfidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus bainisteoirí iompair a chomhlíonadh chun an ceanglas maidir le dea-cháil a chomhlíonadh.
Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin comhlíonta ag duine nádúrtha nó dlítheanach, cuirfidh na Páirtithe iompraíocht an duine nádúrtha nó dlítheanaigh, a mbainisteoirí iompair, stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Páirtí a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, do phionóis nó do sháruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh féin, a bhainisteoirí iompair, stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Páirtí a chinneadh.
Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna coinníollacha dá dtagraítear sa mhír seo:
(a) |
ní bheidh aon chúis láidir ann amhras a bheith ann maidir le dea-cháil an bhainisteora iompair nó le dea-cháil an oibreora tarlaithe, amhail ciontuithe nó pionóis mar gheall ar shárú tromchúiseach ar na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas:
|
(b) |
ní dhearnadh an bainisteoir iompair ná an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach ná níor thabhaigh siad pionós maidir le sárú tromchúiseach ar rialacha Teidil I de Ceannteideal 3 de Chuid 2 den Chomhaontú seo nó rialacha náisiúnta a bhaineann, go háirithe, leis na nithe seo a leanas:
|
2. Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, i gcás inar ciontaíodh an bainisteoir iompair nó an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás inar tabhaíodh an bainisteoir iompair nó an an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar pionós mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-1, i bPáirtí amháin nó sa dá Pháirtí, tabharfaidh údarás inniúil de chuid an Pháirtí bunaíochta faoi nós imeachta riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích ar bhealach atá iomchuí agus tráthúil, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann.
Le linn an nós imeachta riaracháin, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh líon na sáruithe tromchúiseacha ar rialacha dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, mar aon le líon na sáruithe is tromchúisí mar a leagtar amach i bhFhoscríbhinn 31-A-1-1, a ndearnadh an bainisteoir iompair nó an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar iompair a chiontú i gcion nó ar gearradh pionóis orthu ina leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.
I gcás ina gcinnfeadh an t-údarás inniúil go mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, cinnfidh sé go leanfaidh dea-cháil de bheith ar an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann. Má mheasann an t-údarás inniúil nach mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis.
3. Tarraingeoidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar suas liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha, chomh maith leis na sáruithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-1, a bhféadfaí dea-cháil a chailliúint dá mbarr.
4. Ní chomhlíonfar an ceanglas maidir le dea-cháil go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin nó aon bheart comhéifeachta eile, de bhun fhorálacha ábhartha dhlí náisiúnta na bPáirtithe.
Airteagal 7
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le seasamh airgeadais
1. Chun an ceanglas a leagtar síos in maidir le seasamh airgeadais a chomhlíonadh, beidh duine, nádúrtha nó dlítheanach in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh ar bhonn buan i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Taispeánfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe mar is iomchuí, go bhfuil aige gach bliain caipiteal agus cúlchistí caipitil:
(a) |
arb é EUR 9 000 / GBP 8 000 ar a laghad a móriomlán nuair nach n-úsáidtear ach aon fheithicil amháin, EUR 5 000 / GBP 4 500 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 3.5 tonna agus EUR 900 / GBP 800 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 2.5 tonna ach nach mó ná 3.5 tonna í; |
(b) |
taispeánfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónasc feithiclí ar mó ná 2.5 tonna a mais ualaithe incheadaithe ach nach mó ná 3.5 tonna í, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí caipitil aige a bhfuil a móriomlán cothrom le EUR 1 800 / GBP 1 600 ar a laghad nuair nach n-úsáidtear ach aon fheithicil amháin agus EUR 900 / GBP 800 gach bliain do gach feithicil bhreise a úsáidfear. |
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a éileamh go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe arna chinneadh ag an údarás inniúil, amhail ráthaíocht bhainc nó árachas, lena n-áirítear árachas dliteanais ghairmiúil ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúid airgeadais eile amháin nó níos mó ná institiúid airgeadais eile amháin, lena n-áirítear cuideachtaí árachais nó doiciméad eile atá ceangailteach, lena gcuirtear ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ar fáil don ghnóthas maidir leis na méideanna a shonraítear i bpointe (a) de mhír 1.
3. De mhaolú ar mhír 1, in éagmais cuntais bhliantúla dheimhnithe do bhliain cláraithe an ghnóthais, aontóidh an t-údarás inniúil go bhfuil gnóthas lena sheasamh airgeadais a léiriú trí mheán deimhnithe amhail ráthaíocht bhainc, doiciméad arna eisiúint ag institiúid airgeadais lena mbunaítear rochtain ar chreidmheas in ainm an ghnóthais, nó doiciméad eile atá ceangailteach arna chinneadh ag an údarás inniúil lena gcruthaítear go bhfuil na méideanna a shonraítear i bpointe (a) de mhír 1 ar fáil ag an ngnóthas.
4. Maidir leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, agus maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i mír 2, agus a chaithfear a fhíorú, is cuntais iad nó is ráthaíocht í de chuid an eintitis eacnamaíoch a bunaíodh sa Pháirtí inar iarradh údarú agus ní cuntais ná ráthaíocht iad de chuid aon eintiteas eile a bunaíodh sa Pháirtí eile.
Airteagal 8
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil
1. Chun an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh, beidh eolas ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann a fhreagróidh don leibhéal dá bhforáiltear i gCuid I d’Fhoscríbhinn 31-A-1-2 sna hábhair a liostaítear inti. Is trí scrúdú scríofa éigeantach a thaispeánfar an t-eolas sin agus féadfar an scrúdú scríofa a fhorlíonadh le scrúdú béil, má chinneann Páirtí amhlaidh. Eagrófar na scrúduithe sin i gcomhréir le Cuid II d’Fhoscríbhinn 31-A-1-2. Chuige sin, féadfaidh Páirtí a chinneadh tréimhse oiliúna a fhorchur roimh an scrúdú.
2. Déanfaidh na daoine lena mbaineann an scrúdú sa Pháirtí ina bhfuil gnáthchónaí orthu.
3. Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí atá údaraithe go cuí chuige sin ag Páirtí i gcomhréir le critéir a shainmhíneoidh sé féin, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na scrúduithe scríofa agus na scrúduithe béil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eagrú agus a dheimhniú. Fíoróidh na Páirtithe go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha faoina n-eagraíonn na húdaráis nó na comhlachtaí sin na scrúduithe i gcomhréir le Foscríbhinn 31-A-1-2.
4. Féadfaidh Páirtí díolúine a thabhairt do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí áirithe ardoideachais nó cáilíochtaí oideachais theicniúil acu, a eisíodh sa Pháirtí sin, agus a ceapadh go sonrach chun na críche sin agus a chuimsíonn eolas i leith na n-ábhar uile a liostaítear i bhFoscríbhinn 31-A-1-2 as an scrúdú sna hábhair a chumhdaítear leis na cáilíochtaí sin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine sin ach maidir leis na Ranna sin de Chuid I d’Fhoscríbhinn 31-A-1-2a gcuimsíonn an cháilíocht na hábhair uile a liostaítear faoi cheannteideal gach Roinne ina leith.
Féadfaidh Páirtí díolúine a thabhairt i leith codanna sonraithe de na scrúduithe do dhaoine a bhfuil deimhnithe inniúlachta gairmiúla acu atá bailí d’oibríochtaí iompair náisiúnta sa Pháirtí sin.
Airteagal 9
Díolúine ó scrúdú
Chun ceadúnas a dheonú d’oibreoir tarlaithe de bhóthar nach n-úsáideann ach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe, féadfaidh Páirtí a chinneadh daoine a chuireann fianaise ar fáil gur bhainistigh siad duine nádúrtha nó dlítheanach den chineál céanna, go comhleanúnach, don tréimhse deich mbliana roimh an 20 Lúnasa 2020, a dhíolmhú ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)
Airteagal 10
An nós imeachta maidir le húdaruithe a fhionraí agus a tharraingt siar
1. Má chinneann an t-údarás inniúil go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra faoi sin don duine nádúrtha nó dlítheanach. Má chinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceanglais sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, féadfaidh sé ceann de na teorannacha ama seo a leanas a shocrú don duine nádúrtha nó dlítheanach chun an staid a chur ina ceart:
(a) |
teorainn ama nach faide ná 6 mhí a bhféadfar síneadh 3 mhí a chur léi i gcás bhás nó éagumas fisiceach an bhainisteora iompair, chun duine a earcú in ionad an bhainisteora iompair i gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir iompair an coinníoll maidir le dea-cháil nó le hinniúlacht ghairmiúil a thuilleadh; |
(b) |
teorainn ama nach faide ná 6 mhí a gcaithfidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a staid a chur ina ceart trína léiriú go bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí ag an duine nádúrtha nó dlítheanach sin; nó |
(c) |
teorainn ama nach faide ná 6 mhí i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais, chun a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan. |
2. Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a údarú a áirithiú gur éirigh lena bhainisteoirí iompair sna scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) sula ndéanfar aon bheart athshlánúcháin.
3. Má chinneann an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach a thuilleadh ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3, fionróidh sé nó tarraingeoidh sé siar an t-údarú chun gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 11
Dearbhú faoi mhí-oiriúnacht an bhainisteora iompair
1. I gcás ina gcaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, dearbhóidh an t-údarás inniúil go bhfuil an bainisteoir iompair de bhóthar mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí oibreora tarlaithe de bhóthar a bhainistiú.
Ní athshlánóidh an t-údarás inniúil an bainisteoir iompair tráth is luaithe ná bliain amháin ón dáta a gcailltear an dea-cháil agus sula dtaispeánfaidh an bainisteoir iompair gur lean an oiliúint iomchuí ar feadh tréimhse 3 mhí ar a laghad nó sula ndéanfaidh sé scrúdú ar na hábhair a liostaítear i gCuid I d'Fhoscríbhinn 31-A-1-2.
2. Nuair a chaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, féadfar iarratas ar athshlánúchán a dhéanamh tar éis bliain ar a laghad ón dáta a chailltear dea-cháil.
Airteagal 12
Scrúdú agus clárú a dhéanamh ar iarratais
1. Déanfaidh na húdarás inniúla i ngach Páirtí na sonraí a bhaineann leis na gnóthais a údaróidh sé agus dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a thaifeadadh sna cláir leictreonacha náisiúnta.
2. Agus dea-cháil gnóthais á meas acu, fíoróidh na húdaráis inniúla, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Páirtithe, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú de bhun Airteagal 11.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán go tráthrialta lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh an ghnóthais lena mbaineann, lena ndíreofar ar na gnóthais sin a aicmítear mar ghnóthais a bhfuil riosca breise ag baint leo.
Airteagal 13
Cláir leictreonacha náisiúnta
1. Coimeádfaidh na húdaráis inniúla clár leictreonach náisiúnta de na gnóthais iompair de bhóthar atá údaraithe gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar.
2. Cinnfidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar na sonraí atá i gcláir náisiúnta um ghnóthais iompair de bhóthar agus na coinníollacha maidir le rochtain ar na sonraí sin.
Airteagal 14
Comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú i ngach Páirtí a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla sa Pháirtí eile i dtaca le cur i bhfeidhm na Roinne seo.
2. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach agus aon fhaisnéis ábhartha eile dá chéile gan mhoill chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Roinne seo a éascú.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí seiceálacha aonair a chur i gcrích d’fhonn a fhíorú an gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar aon uair a iarrfaidh údarás inniúil sa Pháirtí air déanamh amhlaidh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil sa Pháirtí eile ar an eolas faoi thorthaí na seiceálacha sin agus faoi thorthaí na mbeart a rinneadh má chinntear nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngnóthas.
4. Déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí faisnéis a mhalartú faoi chiontuithe agus pionóis maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2).
5. Bunóidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar rialacha mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.
Foscríbhinn 31-A-1-1
NA SÁRUITHE IS TROMCHÚISÍ CHUN CRÍOCH AIRTEAGAL 6(2) DE ROINN 1 DE CHUID A d'IARSCRÍBHINN 31
1. |
Dul thar na huasteorainneacha ama mar seo a leanas:
|
2. |
Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh taifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú a bheith san fheithicil agus/nó úsáid a bhaint as, nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú. |
3. |
Tiomáint gan deimhniú bailí ródacmhainneachta agus/nó ag tiomáint, inter alia, le córas coscánaithe, nó nascáil stiúrtha, rothaí/bonn, crochadh nó fonnadh atá an-easnamhach agus a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh. |
4. |
Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar nó iompar earraí den sórt sin i ngabhdán a bhfuil toirmeasc air nó nach bhfuil formheasta nó iad a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa treo gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh. |
5. |
Earraí a iompar gan ceadúnas tiomána bailí nó iompar ag gnóthas nach sealbhóir ceadúnais bhailí oibreora é dá dtagraítear in Airteagal 463 den Chomhaontú seo. |
6. |
Úsáid a bhaint ag tiománaí as cárta falsaithe tiománaí, nó as cárta nárbh eisean a shealbhóir, nó a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe. |
7. |
Earraí a iompar lena sáraítear an t–uasmhais ualaithe atá incheadaithe de bhreis is 20 % nó níos mó ná 20 % i gcás feithiclí ar mó ná 12 thonna é a n-uasmheáchan ualaithe atá incheadaithe, agus de bhreis is 25 % nó níos mó ná 25 % i gcás feithiclí nach mó ná 12 thonna a n-uasmheáchan ualaithe incheadaithe. |
Foscríbhinn 31-A-1-2
CUID I
LIOSTA ÁBHAR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8 DE ROINN 1 DE CHUID A d'FHOSCRÍBHINN 31
Ní mór ar a laghad na hábhair a liostaítear thíos a bheith cumhdaithe san eolas atá le cur san áireamh chun go dtabharfadh na Páirtithe aitheantas oifigiúil d’inniúlacht ghairmiúil. I ndáil leis na hábhair sin, caithfidh an leibhéal eolais agus an cumas praiticiúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar ghnóthas iompair a bheith ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe de bhóthar.
Ní mór an leibhéal íosta eolais, faoi mar a shonraítear thíos é, a bheith freagartha ar a laghad a fuarthas le linn oideachais éigeantaigh a bhaintear amach le linn oideachais éigeantaigh a fhorlíontar le hoiliúint ghairmiúil agus le hoiliúint theicniúil bhreise, nó le hoiliúint theicniúil mheánscoile nó le hoiliúint theicniúil eile.
A. An dlí sibhialta
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a) |
cur amach a bheith aige ar na príomhchineálacha conarthaí a úsáidtear san iompar de bhóthar agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu; |
(b) |
a bheith in ann conradh iompair a bheidh bailí ó thaobh an dlí de a chaibidil, go háirithe ó thaobh coinníollacha iompair de; |
(c) |
a bheith in ann éileamh ó phríomhaí an iarrthóra a mheas maidir le cúiteamh as caillteanas earraí nó as damáiste d’earraí le linn a n-iompair nó as seachadadh déanach, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin do dhliteanas conarthach an iarrthóra; agus |
(d) |
cur amach a bheith aige ar na rialacha agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, a rinneadh sa Ghinéiv an 19 Bealtaine, 1956. |
B. An dlí tráchtála
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a) |
cur amach a bheith aige ar na coinníollacha agus ar na foirmiúlachtaí a leagtar síos maidir le cleachtadh na gairme, ar na hoibleagáidí ginearálta atá ar thrádálaithe (clárú, cuntais a choimeád, etc.) agus ar iarmhairtí na féimheachta; agus |
(b) |
eolas iomchuí a bheith aige ar na cineálacha éagsúla cuideachtaí tráchtála agus ar na rialacha lena rialaítear a mbunú agus a n-oibriú. |
C. An dlí sóisialta
Ní mór don iarrthóir a bheith ar an eolas i dtaobh na nithe seo a leanas go háirithe:
(a) |
ról agus feidhm na n-institiúidí sóisialta éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil an iompair de bhóthar (ceardchumainn, comhairlí oibreacha, maoir cheardchumann, cigirí saothair, etc.); |
(b) |
na hoibleagáidí a bhíonn ar fhostóirí maidir le slándáil shóisialta; |
(c) |
na rialacha lena rialaítear conarthaí oibre do na catagóirí éagsúla oibrithe a fhostaíonn gnóthais iompair de bhóthar (foirm na gconarthaí, oibleagáidí na bpáirtithe, coinníollacha oibre agus uaireanta oibre, saoire le pá, luach saothair, sárú conartha, etc.); |
(d) |
na rialacha is infheidhme maidir le hamanna tiomána, le tréimhsí sosa agus le hamanna oibre agus na bearta praiticiúla chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm; agus |
(e) |
na rialacha is infheidhme maidir le buncháilíochtaí agus le hoiliúint leanúnach na dtiománaithe a leagtar síos i roinn 1 de Chuid B den Iarscríbhinn seo. |
D. An dlí fioscach
Ní mór don iarrthóir a bheith ar an eolas i dtaobh na rialacha lena rialaítear na nithe seo a leanas go háirithe:
(a) |
an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair; |
(b) |
an cháin ar mhótarfheithiclí; |
(c) |
na cánacha ar fheithiclí áirithe tarlaithe de bhóthar mar aon leis na dolaí agus na muirir le haghaidh lucht úsáidte bonneagair; agus |
(d) |
an cháin ioncaim. |
E. Bainistiú gnó agus airgeadais
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a) |
cur amach a bheith aige ar na dlíthe agus ar na cleachtais a bhaineann le húsáid seiceanna, billí malairte, nótaí gealltanais, cártaí creidmheasa agus bealaí nó modhanna eile íocaíochta; |
(b) |
cur amach a bheith aige ar na foirmeacha éagsúla creidmheasa (creidmheas bainc, creidmheas doiciméadach, taiscí ráthaíochta, morgáistí, léasú, tógáil ar cíos, fachtóireacht, etc.) agus ar na muirir agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu; |
(c) |
fios a bheith aige cad is clár comhardaithe ann, conas a leagtar amach é agus conas é a léiriú; |
(d) |
a bheith in ann cuntas sochair agus dochair a léamh agus a léiriú; |
(e) |
a bheith in ann brabúsacht agus staid airgeadais an ghnóthais a mheas, go háirithe ar bhonn cóimheas airgeadais; |
(f) |
a bheith in ann buiséad a ullmhú; |
(g) |
cur amach a bheith aige ar ghnéithe costais an ghnóthais (costais sheasta, costais athraitheacha, caipiteal oibre, dímheas, etc.), agus a bheith in ann na costais a ríomh in aghaidh na feithicle, in aghaidh an chiliméadair nó in aghaidh an tonna; |
(h) |
a bheith in ann cairt eagraíochta a tharraingt suas d'fhoireann an ghnóthais ina hiomláine agus pleananna oibre etc. a eagrú.; |
(i) |
cur amach a bheith aige ar phrionsabail na margaíochta, na poiblíochta agus an chaidrimh phoiblí lena n-áirítear seirbhísí iompair, tionscnamh díolacháin agus comhaid chustaiméirí a ullmhú, etc.; |
(j) |
cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla árachais a bhaineann le hiompar de bhóthar (árachas dliteanais, árachas um ghortú tionóisceach/árachas saoil, árachas neamhshaoil agus árachas bagáiste) mar aon leis na ráthaíochtaí agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu; |
(k) |
cur amach a bheith aige ar an gcaoi a mbaintear feidhm as tarchur leictreonach sonraí i réimse an iompair de bhóthar; |
(l) |
a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar a chur i bhfeidhm agus an bhrí agus na himpleachtaí atá ag Incoterms a bheith ar eolas aige; agus |
(m) |
cur amach a bheith aige ar na catagóirí éagsúla cúntóirí iompair, a ról, a bhfeidhmeanna agus, i gcás inarb iomchuí, a stádas. |
F. Rochtain ar an margadh
Ní mór don iarrthóir a bheith ar an eolas i dtaobh na nithe seo a leanas go háirithe:
(a) |
na rialacháin ghairme lena rialaítear iompar de bhóthar, nó cíos agus fochonraitheoireacht feithiclí tionsclaíocha, agus go háirithe na rialacha lena rialaítear eagrú oifigiúil na gairme, ligean isteach sa ghairm, údaruithe le haghaidh oibríochtaí iompair de bhóthar, cigireachtaí agus pionóis; |
(b) |
na rialacha a bhaineann le gnóthas iompair de bhóthar a chur ar bun; |
(c) |
na doiciméid éagsúla is gá chun seirbhísí iompair de bhóthar a oibriú, agus na nósanna imeachta seiceála a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid fhormheasta a bhaineann le gach oibríocht iompair, go háirithe na doiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil, leis an tiománaí, leis na hearraí nó leis an mbagáiste, a choimeád san fheithicil agus in áitreabh an ghnóthais; |
(d) |
na rialacha a bhaineann le heagrú an mhargaidh i seirbhísí iompair earraí, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le láimhseáil lasta agus le lóistíocht; agus |
(e) |
na foirmiúlachtaí ag teorainneacha, ról agus raon feidhme dhoiciméid T agus carnets TIR agus maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a eascraíonn as a n-úsáid. |
G. Caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla oibriúcháin
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a) |
cur amach a bheith aige ar na rialacha a bhaineann le meáchain agus le toisí feithiclí sna Páirtithe agus ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ualaí neamhghnácha ar eisceacht iad ó na rialacha sin; |
(b) |
a bheith in ann feithiclí agus a gcomhpháirteanna (fonnadh, inneall, córas tarchurtha, córas coscánaithe, etc.) a roghnú i gcomhréir le riachtanais an ghnóthais; |
(c) |
cur amach a bheith aige ar na nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú, le clárú agus le hiniúchadh teicniúil na bhfeithiclí sin; |
(d) |
tuiscint a bheith aige ar na bearta a chaithfear a dhéanamh d’fhonn torann a laghdú agus truailliú aeir trí astaíochtaí sceite mótarfheithiclí a chomhrac; |
(e) |
a bheith in ann pleananna tréimhsiúla cothabhála a tharraingt suas d’fheithiclí agus dá dtrealamh; |
(f) |
cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla gaireas maidir le láimhseáil agus lódáil lasta (cúlchláir, coimeádáin, pailléid, etc.) agus a bheith in ann nósanna imeachta a thabhairt isteach agus treoracha a eisiúint maidir le hearraí a luchtú agus a dhíluchtú (dáileadh lasta, cruachadh, stuáil, blocáil, daingniú, etc.); |
(g) |
cur amach a bheith aige ar theicníochtaí éagsúla an ‘mhuiniompair’ agus an iompair chomhcheangailte rolladh ann-rolladh as; |
(h) |
a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha agus le hiompar dramhaíola; |
(i) |
a bheith in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí meatacha a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a eascraíonn as an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha agus maidir leis an Trealamh Speisialta atá le húsáid i ndáil leis an Iompar sin (ATP); agus |
(j) |
a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar ainmhithe beo a chomhlíonadh. |
H. Sábháilteacht ar bhóithre
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a) |
fios a bheith aige cad iad na cáilíochtaí a cheanglaítear a bheith ag tiománaithe (ceadúnas tiomána, deimhnithe dochtúra, deimhnithe infheidhmeachta, etc.); |
(b) |
a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tiománaithe na rialacha tráchta, na toirmisc agus na srianta atá i bhfeidhm sna Páirtithe (luasteorainneacha, tosaíochtaí, srianta feithimh agus páirceála, úsáid soilse, comharthaí bóthair, etc.); |
(c) |
a bheith in ann treoracha do thiománaithe a tharraingt suas chun comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta ag tiománaithe a sheiceáil i dtaca le staid na bhfeithiclí, a dtrealaimh agus a lasta, agus i dtaca leis na bearta coisctheacha a bheidh le glacadh; |
(d) |
a bheith in ann na coinníollacha a leagan síos a bheidh le leanúint i gcás timpiste agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun atarlú timpistí nó cionta tromchúiseacha tráchta a sheachaint; agus |
(e) |
a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun earraí a dhaingniú i gceart agus a bheith ar an eolas maidir leis na teicníochtaí comhfhreagracha. |
CUID II
EAGRÚ AN SCRÚDAITHE
1. |
Eagróidh na Páirtithe scrúdú scríofa éigeantach a fhéadfaidh siad a fhorlíonadh le scrúdú roghnach béil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal eolais is gá ag na hiarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe sna hábhair a liostaítear i gCuid I agus go háirithe a gcumas na hionstraimí agus na teicníochtaí a ghabhann leis na hábhair sin a úsáid agus na dualgais fheidhmiúcháin agus chomhordaitheacha a chomhfhreagraíonn dóibh a chomhlíonadh.
|
2. |
I gcás ina n-eagróidh na Páirtithe scrúdú béil freisin, ní mór dóibh, i leith gach ceann de na trí thástáil, foráil a dhéanamh maidir le hualú marcanna, ar 25 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 40 % ar a mhéid.
I gcás nach n-eagróidh na Páirtithe ach scrúdú scríofa, ní mór dóibh, maidir le gach ceann de na tástálacha, foráil a dhéanamh maidir le hualú marcanna, ar 40 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 60 % ar a mhéid. |
3. |
Maidir leis na tástálacha go léir, ní mór d’iarratasóirí 60 % ar a laghad a ghnóthú mar mheán de líon iomlán na marcanna a bheidh le bronnadh, ach gan níos lú ná 50 % de líon iomlán na marcanna a d’fhéadfaí a bhaint amach a ghnóthú in aon tástáil faoi leith. Féadfaidh Páirtí an marc sin a ísliú ó 50 % go dtí 40 % in aon tástáil amháin. |
Iarscríbhinn 31-A-1-3
CUID A
SAMHAIL DECHEADÚNAS DON AONTAS
AN COMHPHOBAL EORPACH
(a)
(Dath Pantoin bánghorm, formáid DIN A4; páipéar ceallalóis, 100 g/m2 nó níos mó)
(An chéad leathanach den cheadúnas)
(An téacs i dteanga oifigiúil (nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla) an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
Suaitheantas an Bhallstáit(1) atá ag eisiúint an cheadúnais |
|
Ainm an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe |
CEADÚNAS Uimh…
nó
CÓIP DHÍLIS DHEIMHNITHE Uimh.
le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht
Leis an gceadúnas seo tugtar teideal do(2) …
…
…
gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thuras a dhéantar ar fruiliú nó ar luaíocht laistigh de chríoch an Chomhphobail, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 (OJ EU L 300, 14.11.2009, lch. 72) maidir le comhrialacha le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar agus i gcomhréir le forálacha ginearálta an cheadúnais seo.
Nótaí ar leith: … |
|
… |
|
Tá an ceadúnas seo bailí ó … |
go dtí … |
Arna eisiúint i/in … |
an … |
… (3) |
______________
(1) |
Is iad seo a leanas comharthaí aitheantais na mBallstát: (B) an Bheilg, (BG) an Bhulgáir, (CZ) Poblacht na Seice, (DK) an Danmhairg, (D) an Ghearmáin, (EST) an Eastóin, (IRL) Éire, (GR) an Ghréig, (E) an Spáinn, (F) an Fhrainc, (I) an Iodáil, (CY) an Chipir, (LV) an Laitvia, (LT) an Liotuáin, (L) Lucsamburg, (H) an Ungáir, (M) Málta, (NL) an Ísiltír, (A) an Ostair, (PL) an Pholainn, (P) an Phortaingéil, (RO) an Rómáin, (SLO) an tSlóivéin, (SK) an tSlóvaic, (FIN) an Fhionlainn, (S) an tSualainn. |
(2) |
Ainm nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an tarlaitheor. |
(3) |
Síniú agus stampa an údaráis eisiúna inniúil nó an chomhlachta. |
(b)
(An dara leathanach den cheadúnas)
(An téacs i dteanga oifigiúil (nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla) an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Eisítear an ceadúnas seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
Tugann sé an ceart don sealbhóir gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thurais a dhéantar laistigh de chríoch an Chomhphobail, agus i gcás inarb iomchuí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos anseo:
— |
i gcás ina bhfuil an pointe tosaigh agus an pointe is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát éagsúla, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó nó trí thríú tír amháin nó níos mó, |
— |
ó Bhallstát chuig tríú tír ná vice versa le hidirthuras nó gan idirthuras trí cheann nó níos mó de Bhallstáit nó de thríú tíortha, |
— |
idir tríú tíortha le hidirthuras trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó, agus turais neamhualaithe i ndáil le hiompar dá leithéid. |
I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, beidh feidhm ag an gceadúnas seo i leith na coda sin den turas a dhéanfar ar chríoch an Chomhphobail. Ní bheidh bailíocht leis i mBallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe ach amháin nuair atá an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír atá i gceist curtha i gcrích de réir Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
Is é ceadúnas pearsanta an tsealbhóra é agus níl sé inaistrithe.
Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát a eisiúna é a tharraingt siar go háirithe sna cásanna seo a leanas:
— |
murar chomhlíon an sealbhóir na coinníollacha uile le haghaidh úsáid an cheadúnais, |
— |
má thug an sealbhóir faisnéis mhícheart i dtaca leis na sonraí a theastaíonn le haghaidh eisiúint an cheadúnais nó chun síneadh a chur leis. |
Ní mór don ghnóthas tarlaithe bunchóip an cheadúnais a choimeád.
Ní mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choimeád san fheithicil(1). I gcás cónasc feithiclí cúpláilte ní mór go mbeidh sé ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdaíonn sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura bhfuil an leantóir nó an leathleantóir cláraithe ná údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe nó údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.
Ní mór an ceadúnas a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta a bheidh údaraithe chuige sin.
Laistigh de chríoch gach Ballstát ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.
__________________
(1) |
Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil arna clárú sa Bhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiachle haghaidh iompair earraí. |
CUID B
Samhail de cheadúnas don Ríocht Aontaithe
Ceadúnas de chuid na Ríochta Aontaithe don Chomhphocal
(a)
(Dath Pantoin bánghorm, formáid DIN A4; páipéar ceallalóis, 100 g/m 2 nó níos mó)
(An chéad leathanach den cheadúnas)
(Téacs i mBéarla nó i mBreatnais)
RA |
|
AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL DE CHUID AN RA (1) |
CEADÚNAS Uimh:
Nó
CÓIP DHÍLIS DHEIMHNITHE Uimh.
le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht
Leis an gceadúnas seo tugtar teideal do(2) …
…
…
chun gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thuras a dhéantar ar fruiliú nó ar luaíocht laistigh de chríoch an Chomhphobail, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009(3).
Nótaí ar leith: … |
|
… |
|
Tá an ceadúnas seo bailí ó … |
go dtí … |
Arna eisiúint i/in … |
an … |
|
|
___________________________
(1) |
Údarás inniúil an réigiúin ábhartha a bhfuil deimhniú eisithe ina leith. |
(2) |
Ainm nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an tarlaitheor. |
(3) |
Rialachán (CE) Uimh 1072/2009 mar a coimeádadh i ndlí na Ríochta Aontaithe le Roinn 3 d’Acht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus mar a leasaíodh le rialacháin a rinneadh faoi Roinn 8 den Acht sin. |
(b)
(An dara leathanach den cheadúnas)
(Téacs i mBéarla nó i mBreatnais)
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Éisítear an ceadúnas seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009(1).
Tugann sé an ceart don sealbhóir gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thurais A DHÉANTAR laistigh de chríoch an Chomhphobail a cheadófar le haon Comhaontú Idirnáisiúnta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach nó Ballstát.
I gcás iompair ón Ríocht Aontaithe go dtí tríú tír nó a mhalairt, beidh an ceadúnas seo bailí don chuid sin den turas a dhéantar laistigh de chríoch Bhallstáit ar bith.
Is ceadúnas pearsanta an tsealbhóra é agus níl sé inaistrithe.
Féadfar é a bheith tarraingthe siar ag coimisinéir nó ag Roinn Bhonneagair (Tuaisceart Éirinn), mar shampla, sna cásanna seo a leanas maidir leis an sealbhóir:
— |
murar chomhlíonn an sealbhóir leis na coinníollacha a bhaineann le húsáid an cheadúnais, |
— |
má thug an sealbhóir faisnéis mhícheart maidir leis na sonraí a theastaíonn le haghaidh eisiúint an cheadúnais nó chun síneadh a chur leis. |
Ní mór don ghnóthas tarlaithe bunchóip an cheadúnais a choimeád.
Ní mór mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choimeád san fheithicil(2). I gcás cónasc feithiclí cúpláilte ní mór go mbeidh sé ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdaíonn sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura bhfuil an leantóir nó an leathleantóir cláraithe ná údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe nó údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.
Ní mór an cheadúnas a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta a bheidh údaraithe chuige sin.
Laistigh de críoch na Ríochta Aontaithe nó de gach Ballstát, ní mór don sealbhóir na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe i dtaca le hiompar agus le trácht.
_________________
(1) |
Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 mar a coimeádadh i ndlí na Ríochta Aontaithe le Roinn 3 d’Acht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus mar a leasaíodh le rialacháin a rinneadh faoi Roinn 8 den Acht sin. |
(2) |
Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil arna clárú sa Ríocht Aontaithe nó i mBallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe sa Ríocht Aontaithe nó i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiach chun earraí a iompar. |
Foscríbhinn 31-A-1-4
GNÉITHE SLÁNDÁLA AN CHEADÚNAIS
Ní mór ar a laghad dhá ghné de na gnéithe slándála seo a leanas a bheith ag an gceadúnas:
— |
holagram; |
— |
snáithíní speisialta sa pháipéar a thagann chun sofheictheachta faoi sholas ultravialait; |
— |
líne mhicreaphrionta amháin ar a laghad (nach mbeidh a chló sofheicthe ach le gloine formhéadúcháin agus nach bhféadfar a atáirgeadh le meaisíní fótachóipeála); |
— |
carachtair, siombailí nó patrúin atá tadhlach; |
— |
uimhriú dúbailte: sraithuimhir an cheadúnais, cóip dheimhnithe den cheadúnas sin nó den fhianú tiomána mar aon leis an uimhir eisiúna i ngach cás, |
— |
cúlra deartha slándála a bhfuil patrúin mhíne guilloche air agus priontáil bogha ceatha. |
ROINN 2
POSTÚ TIOMÁNAITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Roinn seo ceanglais le haghaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá bunaithe i gceann de na Páirtithe a phostálann tiománaithe, faoi chuimsiú iompar earraí, chuig críoch an Pháirtí eile i gcomhréir le hAirteagal 3 den Roinn seo.
Ní choiscfidh aon ní sa Roinn seo ar Pháirtí bearta a chur i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar theacht isteach daoine nádúrtha ina chríoch, nó fanacht daoine nádúrtha go sealadach ina chríoch, lena n-áirítear na bearta is gá chun sláine a dteorainneacha a chosaint agus chun gluaiseacht ordúil daoine nádúrtha a áirithiú, ar choinníoll nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach lena ndéanfar neamhniú nó lagú ar na sochair a fhabhraíonn d'aon Pháirtí faoi théarmaí na Roinne seo. An t-aon fhíoras amháin go gceanglaítear víosa a bheith ag daoine nádúrtha de thíortha áirithe agus nach gceanglaítear víosa a bheith ag daoine nádúrtha de thíortha eile, ní fhéachfar air sin mar chúis le neamhniú nó lagú a dhéanamh ar shochair faoin Roinn seo.
Ní dhéanfaidh aon ní sa Roinn seo difear do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le tiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar a phostú chuig oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais ar chríoch an Aontais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘tiománaí postaithe’ tiománaí a dhéanann a chuid oibre i gcríoch Páirtí seachas an Páirtí ina n-oibríonn an t-oibreoir de ghnáth, ar feadh tréimhse theoranta.
Airteagal 3
Prionsabail
1. Tá feidhm ag forálacha na Roinne seo a mhéid a dhéanfaidh an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar tiománaithe a phostú ar chríoch an Pháirtí eile thar a cheann agus faoina threorú, faoi chonradh arna thabhairt i gcrích idir an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar a dhéanann an postú agus an páirtí dá bhfuil na seirbhísí iompair beartaithe, agus na tiománaithe sin a oibríonn i gcríoch an Pháirtí sin, ar choinníoll go mbeidh caidreamh fostaíochta ann idir an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar a dhéanann an postú agus an tiománaí le linn thréimhse an phostaithe.
2. Measfar, chun críocha mhír 1, gurb é tús postaithe nuair a rachaidh an tiománaí isteach i gcríoch an Pháirtí eile chun earraí a luchtú agus/nó a dhíluchtú agus gurb é deireadh postaithe nuair a fhágfaidh an tiománaí críoch an Pháirtí sin.
I gcás postú san Aontas Eorpach, measfar, chun críoch mhír 1, gurb é tús an phostaithe nuair a rachaidh an tiománaí isteach i gcríoch Ballstáit chun earraí a luchtú agus/nó a dhíluchtú sa Bhallstát sin agus measfar gurb é deireadh an phostaithe nuair a fhágfaidh an tiománaí críoch an Bhallstáit sin.
3. D'ainneoin míreanna 1 agus 2, ní mheasfar tiománaí a bheith ar postú nuair a bheidh oibríochtaí iompair á ndéanamh, bunaithe ar chonradh iompair, mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 462(1) den Chomhaontú seo.
4. Ní mheasfar go mbeidh tiománaí ar postú sa Ríocht Aontaithe i gcás ina mbeidh an tiománaí ar idirthuras trí chríoch na Ríochta Aontaithe gan earraí a luchtú ná a dhíluchtú. Don Aontas, ní mheasfar go mbeidh tiománaí ar postú i mBallstát nuair a bheidh an tiománaí ar idirthuras trí chríoch an Bhallstáit sin gan earraí a luchtú ná a dhíluchtú.
Airteagal 4
Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta
1. Áiritheoidh gach Páirtí, is cuma cén dlí a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, go ráthóidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar, ar bhonn na córa comhionainne, do thiománaithe a chuirfear ar postú ar a gcríoch na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a chuimsíonn na nithe seo a leanas, sa Pháirtí nó, i gcás an Aontais, sa Bhallstát ina bhfuil an obair á déanamh, a leagfar síos:
— |
le dlí, le rialachán nó le foráil riaracháin; agus/nó |
— |
le comhaontuithe comhchoiteanna nó le dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 4:
|
2. Chun críocha na Roinne seo, is é dlí náisiúnta agus/nó cleachtas náisiúnta an Pháirtí, nó i gcás an Aontais, dlí náisiúnta agus/nó cleachtas náisiúnta an Bhallstáit, a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch, a chinnfidh coincheap an luacha saothair agus ciallaíonn sé sin na comhghnéithe uile den luach saothar atá éigeantach faoin dlí náisiúnta, faoi rialachán nó foráil riaracháin náisiúnta, nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh sa Bhallstát sin iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 4.
3. Liúntais a bhaineann go sonrach leis an bpostú, measfar gur cuid den luach saothair iad, ach amháin i gcás ina n-íoctar iad mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú, amhail caiteachas ar thaisteal, béilí agus lóistín. Aisíocfaidh an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar an tiománaí atá ar postú as an gcaiteachas sin i gcomhréir leis an dlí agus/nó leis an gcleachtas is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta.
I gcás nach gcinnfear leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta an mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú nó an mar chuid de luach saothair a dhéantar gnéithe den liúntas a bhaineann go sonrach leis an bpostú a íoc agus, sa chás sin, mura gcinnfear leo cé na gnéithe atá i gceist, measfar gur mar aisíocaíocht ar chaiteachas a dhéantar an liúntas ar fad a íoc.
4. Chun críoch na Roinne seo, ciallaíonn ‘comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch’ comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána nach mór do na gnóthais ar fad a urramú sa limistéar geografach agus sa ghairm nó sa tionscal lena mbaineann.
In éagmais, nó i dteannta, córas chun a dhearbhú go bhfuil comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána infheidhme go huilíoch de réir bhrí na chéad choda den fhomhír seo, féadfaidh gach Páirtí, nó gach Ballstát i gcás an Aontais, má chinneann siad amhlaidh, an méid seo a leanas a bheith mar bhonn acu:
— |
comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach agus sa ghairm nó sa tionscal lena mbaineann; agus/nó |
— |
comhaontuithe comhchoiteanna arna dtabhairt i gcrích ag na heagraíochtaí fostóirí agus saothair is ionadaíche ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirtear i bhfeidhm ar fud na críche náisiúnta. |
Measfar go mbeidh cóir chomhionann ann, de réir bhrí mhír 1, i gcásanna ina bhfuil gnóthais náisiúnta atá sa staid chéanna:
(i) |
faoi réir na n-oibleagáidí céanna leis na gnóthais a chuireann oibreoirí i gceann poist, san áit i gceist nó san earnáil lena mbaineann, i dtaca leis na hábhair a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1; agus |
(ii) |
faoi cheangal oibleagáidí den sórt sin a chomhlíonadh agus na héifeachtaí céanna i bhfeidhm iontu. |
Airteagal 5
Rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis
1. Déanfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais Eorpaigh, gach Ballstát, an fhaisnéis maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a fhoilsiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, gan moill mhíchuí agus ar bhealach trédhearcach, ar shuíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta aonair, lena n-áirítear na comhghnéithe den luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta uile i gcomhréir le hAirteagal 4(1).
Áiritheoidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta cruinn agus cothrom le dáta.
2. Déanfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, na bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a luaitear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce i gcoitinne ar bhealach atá soiléir, trédhearcach, cuimsitheach agus inrochtana go cianda agus trí mheán leictreonach, i bhformáidí agus i gcomhréir le caighdeáin inrochtaineachta gréasáin lena n-áirithítear rochtain le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus chun a áirithiú go mbeidh comhlachtaí náisiúnta inniúla in ann a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach.
3. I gcás ina dtarlaíonn sé, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le traidisiúin náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, lena n-áirítear urraim do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4 leagtha síos i gcomhaontuithe comhchoiteanna i gcomhréir le hAirteagal 4(1), áiritheoidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát go gcuirfear na téarmaí agus na coinníollacha sin ar fáil ar bhealach inrochtana agus trédhearcach do sholáthraithe seirbhíse ón bPáirtí eile agus d’oibrithe ar postú, agus lorgóidh siad rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta chuige sin. San fhaisnéis ábhartha, ba cheart a chumhdach go háirithe na híosrátaí pá difriúla agus na heilimintí atá ina gcuid díobh, an modh a úsáideadh chun an luach saothair atá dlite a ríomh agus, i gcás inarb ábhartha, na critéir incháilitheachta lena n-aicmiú sna catagóirí difriúla pá.
4. I gcás nach soiléiríonn an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá le cur i bhfeidhm, i gcontrárthacht le mír 1, cuirfear an cúinse sin san áireamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, agus pionóis á gcinneadh i gcás sáruithe ar an Roinn seo, a mhéid is gá chun comhréireacht na bpionós sin a áirithiú.
5. Cuirfidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát in iúl na comhlachtaí agus na húdaráis a bhféadfaidh tiománaithe agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar faisnéis ghinearálta a fháil uathu faoin dlí náisiúnta agus faoin gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir leo i dtaca lena gcearta agus a n-oibleagáidí laistigh dá gcríoch.
Airteagal 6
Ceanglais riaracháin, rialú agus forfheidhmiú
1. Ní fhéadfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát ach na ceanglais riaracháin agus na bearta rialaithe seo a leanas a fhorchur maidir le tiománaithe a phostú:
(a) |
oibleagáid ar an oibreoir atá bunaithe sa Pháirtí eile dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla náisiúnta an Pháirtí nó, i gcás an Aontais Eorpaigh, údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina gcuirtear an tiománaí ar postú ag tús an phostaithe ar a dhéanaí, agus foirm chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise Mhargadh Inmheánach an Aontais (1) (‘IMI’) á húsáid ón 2 Feabhra 2022; beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le postú:
|
(b) |
oibleagáid ar an oibreoir a áirithiú go mbeidh ar láimh ag an tiománaí, i bhfoirm pháipéir nó i bhfoirm leictreonach, agus go gcoimeádfaidh an tiománaí agus go gcuirfidh sé nó sí ar fáil, arna iarraidh sin cois bóthair, an méid seo a leanas:
|
(c) |
oibleagáid ar an oibreoir cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (b) (ii) agus (iii) den mhír seo a sheoladh, ón 2 Feabhra 2022, tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le córas IMI, tar éis thréimhse an phostaithe, arna iarraidh sin go díreach ag údaráis inniúla an Pháirtí nó, i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú mar aon le doiciméadacht a bhaineann le luach saothair an tiománaí i ndáil le tréimhse an phostaithe, an conradh fostaíochta nó doiciméad coibhéiseach laistigh, bileoga ama a bhaineann le hobair an tiománaí agus cruthúnas ar íocaíochtaí. |
Seolfaidh an t-oibreoir an doiciméadacht, ón 2 Feabhra 2022, tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le córas IMI, tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na hiarrata. Mura ndéanann an t-oibreoir an doiciméadacht a iarradh a chur isteach laistigh den tréimhse ama sin, féadfaidh údaráis inniúla an Pháirtí nó, i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit inar ndearnadh an postú, cúnamh a iarraidh, ón 2 Feabhra 2022 trí IMI, ó údaráis inniúla an Pháirtí bunaíochta nó, i gcás an Aontais, ón mBallstát bunaíochta. Nuair a dhéantar iarraidh den sórt sin ar chúnamh frithpháirteach, beidh rochtain ag údaráis inniúla an Pháirtí bunaíochta nó, i gcás an Aontais, ag Ballstát bunaíochta an oibreora, ar an dearbhú maidir le postú agus ar fhaisnéis ábhartha eile arna cur isteach ag an oibreoir, ón 2 Feabhra 2022 tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le córas IMI.
Áiritheoidh údaráis inniúla an Pháirtí bhunaíochta nó, i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta, go gcuirfidh siad an doiciméadacht iarrtha ar fáil d’údaráis inniúla an Pháirtí nó, i gcás an Aontais, d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú, ón 2 Feabhra 2022 trí chóras IMI, laistigh de 25 lá oibre ón lá a ndéantar an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach.
Áiritheoidh gach Páirtí nach n-úsáidfear an fhaisnéis a mhalartóidh na húdaráis náisiúnta inniúla nó a tharchuirfear chucu ach amháin maidir leis an ábhar nó na hábhair ar iarradh í ina leith.
Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.
Ní chuirfidh iarraidh ar fhaisnéis bac ar na húdaráis inniúla bearta a dhéanamh chun sáruithe líomhnaithe ar an Roinn seo a imscrúdú agus a chosc.
3. Chun a fháil amach an measfar nó nach measfar tiománaí a bheith ar postú de bhun Airteagal 1, ní fhéadfaidh gach Páirtí a fhorchur mar bheart rialaithe ach oibleagáid ar an tiománaí fianaise ar na hoibríochtaí iompair ábhartha a choimeád agus a chur ar fáil, i bhfoirm pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, i gcás ina n-iarrtar sin ag an tseiceáil cois bóthair, amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR), agus taifid tacagraif dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) den dara mír den Airteagal seo.
4. Chun críoch rialaithe, coimeádfaidh an t-oibreoir na dearbhuithe maidir le postú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 cothrom le dáta, ón 2 Feabhra 2022 sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.
5. Déanfar an fhaisnéis ó na dearbhuithe maidir le postú a shábháil, ón 2 Feabhra 2022, i stór IMI ar feadh tréimhse 24 mhí chun críche seiceálacha.
6. Beidh an Páirtí nó, i gcás an Aontais Eorpaigh, an Ballstát a ndéantar an tiománaí a phostú ar a chríoch agus an Páirtí nó, i gcás an Aontais Eorpaigh, an Ballstát óna ndéantar an tiománaí a phostú, freagrach as faireachán, rialú agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Roinn seo agus déanfaidh sé bearta cuí i gcás nach gcomhlíonfar an Roinn seo.
7. Áiritheoidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, na Ballstáit nach mbeidh cigireachtaí agus rialuithe ar chomhlíonadh faoin Airteagal seo idirdhealaitheach agus/nó díréireach, agus forálacha ábhartha na Roinne seo á gcur san áireamh san am céanna.
8. Chun na hoibleagáidí faoin Roinn seo a fhorfheidhmiú, áiritheoidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, na Ballstáit go mbeidh sásraí éifeachtacha ann do thiománaithe ar postú chun gearáin a thaisceadh in aghaidh a bhfostaithe go díreach, chomh maith leis an gceart chun imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a thosú, sa Pháirtí a raibh na tiománaithe ar postú ar a gcríoch chomh maith, i gcás go measann na tiománaithe sin gur fhulaing siad caillteanas nó damáiste de thoradh nár cuireadh na rialacha is infheidhme i bhfeidhm, fiú amháin tar éis don chaidreamh ina líomhnaítear nár cuireadh na rialacha i bhfeidhm teacht chun deiridh.
9. Beidh feidhm ag mír 8 gan dochar do dhlínse chúirteanna gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, do dhlínse chúirteanna na mBallstát, mar a leagtar síos, go háirithe, in ionstraimí ábhartha dhlí an Aontais agus/nó in ionstraimí ábhartha coinbhinsiún idirnáisiúnta.
10. Déanfaidh gach Páirtí, nó i gcás an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Roinne seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad agus go ndéanfar iad a chomhlíonadh. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh gach Páirtí fógra maidir leis na forálacha sin don Pháirtí eile faoin 30 Meitheamh 2021. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
Airteagal 7
Córas IMI a úsáid
1. Amhail ón 2 Feabhra 2022, malartófar agus próiseálfar faisnéis, lena náirítear sonraí pearsanta, dá dtagraítear in Airteagal 6 i gcóras IMI, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
cuireann na Páirtithe coimircí ar fáil nach n-úsáidtear sonraí arna bpróiseáil i gcóras IMI ach amháin chun na críche ar chuige a malartaíodh iad i dtús báire; |
(b) |
ní fhéadfar aon aistriú sonraí pearsanta chuig an Ríocht Aontaithe a dhéanamh faoin Airteagal seo ach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) Uimh.1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); agus |
(c) |
ní fhéadfar aon aistriú sonraí pearsanta chuig an Ríocht Aontaithe a dhéanamh faoin Airteagal seo ach i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí faoi aistrithe idirnáisiúnta na Ríocht Aontaithe. |
2. Deonóidh agus cúlghairfidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí na cearta rochtana iomchuí d’úsáideoirí IMI.
3. Ní cheadaítear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcóras IMI ach amháin ar bhonn riachtanais agus chun an Roinn seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus chun na críche sin amháin.
4. Féadfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, an t-údarás inniúil a cheadú an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil i gcóras IMI a sholáthar do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta ar bhealaí eile seachas córas IMI, a mhéid is gá chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta, ar coinníollacha seo a leanas:
(a) |
baineann an fhaisnéis le postú chuig críoch an Pháirtí nó, i gcás an Aontais, chuig críoch an Bhallstáit lena mbaineann; agus |
(b) |
nach n-úsáidfear an fhaisnéis ach amháin chun na rialacha maidir le postú a fhorfheidhmiú. |
5. Socróidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a bhaineann le húsáid chóras IMI ag an Ríocht Aontaithe.
6. Beidh gach Páirtí páirteach i gcostais oibriúcháin chóras IMI. Is é an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a chinnfidh na costais a bheidh le híoc ag gach Páirtí.
CUID B
CEANGLAIS AR THIOMÁNAITHE A BHFUIL BAINT ACU LE hEARRAÍ A IOMPAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 465 DEN CHOMHAONTÚ SEO
ROINN 1
DEIMHNIÚ AR INNIÚLACHT GHAIRMIÚIL
Airteagal 1
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an roinn seo maidir le gníomhaíocht an tiomána a dhéanann aon duine atá fostaithe nó a úsáideann oibreoir tarlaithe de bhóthar Páirtí a thugann faoi thurais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú seo, agus a úsáideann feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E, nó ceadúnas tiomána a aithníonn an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bheith coibhéiseach leis, ina leith.
Airteagal 2
Díolúintí
Ní cheanglaítear ar thiománaithe feithiclí teastas inniúlachta gairmiúla (CPC) a bheith acu sna cásanna seo as leanas:
(a) |
nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 45 km/h; |
(b) |
atá in úsáid, nó faoi rialú, ag na fórsaí armtha, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag an tseirbhís dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád, agus seirbhísí otharchairr éigeandála, i gcás ina dtugtar faoin iompar mar gheall ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin; |
(c) |
atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill; |
(d) |
a úsáidtear i stáit éigeandála nó a shanntar do mhisin tarrthála; |
(e) |
lena n-iompraítear ábhar, trealamh nó innealra lena úsáid ag na tiománaithe ina gcuid oibre, ar choinníoll nach í tiomáint na bhfeithiclí príomhghníomhaíocht na dtiománaithe; |
(f) |
atá in úsáid, nó ar fruiliú gan tiománaí, ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, feirmeoireachta nó iascaigh chun earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin, seachas má tá an tiomáint mar chuid de phríomhghníomhaíocht an tiománaí nó má sháraíonn an tiomáint achar arna shocrú sa dlí náisiúnta ó bhunáit an ghnóthais ar leis an fheithicil, a fhruilíonn nó a léasaíonn an fheithicil. |
Airteagal 3
Cáilíocht agus oiliúint
1. Beidh gníomhaíocht na tiomána mar a shainmhínítear in Airteagal 1 faoi réir cáilíocht tosaigh éigeantach agus oiliúint thréimhsiúil éigeantach. Chuige sin, déanfaidh na Páirtithe foráil maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
córas cáiliúcháin tosaigh a fhreagraíonn do cheann amháin den dá rogha seo a leanas:
Mar sin féin, féadfaidh Páirtí tiománaí a údarú tiomáint ina chríoch sula bhfaighidh sé CPC, le linn don tiománaí tabhairt faoi chúrsa gairmoiliúna náisiúnta a mhaireann sé mhí ar a laghad, ar feadh uastréimhse trí bliana. I gcomhthéacs an chúrsa gairmoiliúna sin, is féidir ná tástálacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) den phointe seo a chur i gcrích i gcéimeanna; |
(b) |
córas oiliúna tréimhsiúla I gcomhréir le Roinn 4 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1, is éard atá i gceist le hoiliúint thréimhsiúil freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh sé deimhnithe ag CPC, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(1). |
2. Féadfaidh Páirtí foráil a dhéanamh freisin maidir le cáilíocht tosaigh luathaithe ionas go mbeidh tiománaí in ann tiomáint sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(ii) agus (b) d'Airteagal 5(2).
I gcomhréir le Roinn 3 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1, is éard a bheidh i gceist leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe ná freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(2).
3. Féadfaidh Páirtí tiománaithe a bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Roinn 1 de Chuid A acu a dhíolmhú ó na tástálacha dá dtagraítear i pointí (a)(i) agus (ii) de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an tástáil dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin agus, i gcás inarb iomchuí, iad a dhíolmhú ó fhreastal ar an gcuid comhfhreagrach den chúrsa.
Airteagal 4
Cearta faighte
Tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána C1, C1+E, C nó C+E ina seilbh acu, nó ceadúnas a aithníonn an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bheith coibhéiseach leis, arna eisiúint tráth nach déanaí ná an 10 Meán Fómhair 2009, beidh siad díolmhaithe ón ngá cáilíocht tosaigh a fháil.
Airteagal 5
Cáilíocht tosaigh
1. Ní bheidh gá ceadúnas tiomána comhfhreagrach a bheith ag tiománaí roimh ré chun an cháilíocht tosaigh a fháil.
2. Is féidir le tiománaithe feithicil atá ceaptha lena húsáid chun earraí a iompar a thiomáint:
(a) |
tiomáint ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh:
|
(b) |
feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C agus C+E a thiomáint ó 21 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu. |
3. Gan dochar do na teorainneacha aoise a shonraítear i mír 2, na tiománaithe a bhfuil earraí á n-iompar acu agus a bhfuil CPC acu mar a fhoráiltear in Airteagal 6 le haghaidh ceann amháin de na catagóirí dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, beidh siad díolmhaithe ó CPC a fháil d’aon chatagóir eile feithiclí dá dtagraítear sa mhír sin.
4. Na tiománaithe sin a bhfuil earraí á n-iompar acu agus a leathnaíonn nó a athraíonn a ngníomhaíochtaí chun paisinéirí a iompar, nó vice versa, agus a bhfuil CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6 acu, ní bheidh orthu ach na codanna a bhaineann go sonrach leis an gcáilíocht nua a dhéanamh, seachas na codanna comhchoiteanna den tástáil a dhéanamh arís.
Airteagal 6
An cháilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC
1. Cáilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC
(a) |
CPC arna dhámhachtain ar bhonn freastal ar chúrsa agus tástáil I gcomhréir le pointí (a)(i) d'Airteagal 3(1), cuirfidh na Páirtithe de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna arna bhformheas ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Roinn 5 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1, dá ngairfear ‘ionad oiliúna formheasta’ anseo feasta. Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear in Roinn 1 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1. Tiocfaidh deireadh leis an oiliúint sin nuair a chuirfear an tástáil dá bhforáiltear i Roinn 2(2.1) d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1 i gcrích go rathúil. Eagróidh údaráis inniúla na bPáirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu an tástáil sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a leagtar síos i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil. |
(b) |
CPC arna dhámhachtain ar bhonn tástálacha I gcomhréir le pointe (a)(ii) d'Airteagal 3(1), cuirfidh na Páirtithe de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint pas a fháil sna tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla dá dtagraítear i Roinn 2(2.2) d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1. Eagróidh údaráis inniúla an Pháirtí nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu na tástálacha sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a leagtar síos i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1, maidir leis na hábhair thuasluaite uile, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar na tástálacha agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil. |
2. Cáilíocht tosaigh luathaithe á deimhniú ag CPC
I gcomhréir le hAirteagal 3(2), cuirfidh na Páirtithe de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna formheasta. Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear in Roinn 1 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1.
Tiocfaidh deireadh leis an oiliúint sin nuair a chuirfear an tástáil dá bhforáiltear i Roinn 3 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1 i gcrích. Eagróidh údaráis inniúla na bPáirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu an tástáil sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a leagtar síos i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh luathaithe do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
Airteagal 7
Oiliúint thréimhsiúil
Cuimseoidh oiliúint thréimhsiúil oiliúint lena gcuirfear ar chumas daoine ag a bhfuil CPC an t-eolas atá fíor-riachtanach dá gcuid oibre a choinneáil cothrom le dáta, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus ar an laghdú ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an tiomáint.
Eagróidh ionad oiliúna formheasta sin an oiliúint sin, i gcomhréir le Roinn 5 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1. Is éard a bheidh i gceist leis an oiliúint teagasc sa seomra ranga, oiliúint phraiticiúil agus, má tá fáil uirthi, oiliúint trí bhíthin uirlisí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) nó ar ionsamhlóirí den chéad scoth. Má aistríonn an tiománaí go gnóthas eile, ní mór an oiliúint thréimhsiúil atá déanta cheana a chur san áireamh.
Dearfar oiliúint thréimhsiúil a dhearadh chun cur le roinnt de na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn 31-B-1-1 agus chun iad a leasú. Cumhdófar réimse ábhar inti agus ábhar amháin a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre ar a laghad. Cuirfear san áireamh sna hábhair oiliúna forbairtí sa reachtaíocht ábhartha agus sa teicneolaíocht ábhartha, agus cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí.
Airteagal 8
Oiliúint thréimhsiúil á deimhniú ag CPC
1. Nuair a bheidh an oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 7, curtha i gcrích ag tiománaí eiseoidh na húdaráis inniúla sna Páirtithe nó an t-ionad oiliúna formheasta CPC lena ndeimhnítear oiliúint thréimhsiúil.
2. Rachaidh na tiománaithe seo a leanas faoin gcéad chúrsa den oiliúint thréimhsiúil:
(a) |
daoine ag a bhfuil CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6, laistigh de chúig bliana ó eisíodh an CPC sin; |
(b) |
na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 4, laistigh de chúig bliana ó 10 Meán Fómhair 2009. |
Féadfaidh Páirtí na tréimhsí ama dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) a laghdú nó a fhadú de dhá bhliain ar a mhéid.
3. Tiománaí a bhfuil an chéad chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo curtha i gcrích aige, rachaidh sé faoi oiliúint thréimhsiúil gach cúig bliana, roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an CPC lena ndeimhnítear oiliúint thréimhsiúil.
4. Daoine a bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6 nó CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo acu agus na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 nach bhfuil ag cleachtadh na gairme a thuilleadh agus nach gcomhlíonann ceanglais mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, rachaidh siad faoi chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil sula dtosóidh siad arís ar chleachtadh na gairme.
5. Na tiománaithe sin a bhfuil earraí nó paisinéirí á n-iompar acu ar bhóithre agus a bhfuil cúrsaí d’oiliúint thréimhsiúil le haghaidh ceann amháin de na catagóirí ceadúnais tiomána dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3) curtha i gcrích acu, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid tabhairt faoi tuilleadh oiliúint thréimhsiúil sna gcatagóirí eile dá bhforáiltear sa mhír sin.
Airteagal 9
Forfheidhmiú
Greamóidh na húdaráis inniúla i bPáirtí go díreach ar chead tiomána (ceadúnas) an tiománaí, taobh leis na catagóirí comhfhreagracha ceadúnais, comhartha sainiúil lena bhfianófar seilbh CPC agus lena sonrófar an dáta a rachaidh sé in éag, nó tabharfaidh siad isteach cárta cáilíochta tiománaí speisialta ba cheart a tharraingt suas i gcomhréir leis an samhailatá atáirgthe i bhFoscríbhinn 31-B-1-2. Féadfaidh aon mhúnla eile a bheith inghlactha ar choinníoll go n-aithneoidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar é a bheith coibhéiseach. Aithneoidh an Páirtí eile an cárta cáilíochta tiománaí nó aon doiciméad coibhéiseach mar a shonraítear thuas arna eisiúint ag na húdaráis inniúla i bPáirtí chun críocha na Roinne seo.
Ní mór do thiománaithe a bheith in ann, arna iarraidh sin air ag aon oifigeach cigireachta údaraithe, cead tiomána (ceadúnas) nó cárta cáilíochta tiománaí ar leith nó doiciméad coibhéiseach a thabhairt ar a bhfuil an comhartha sainiúil lena ndeimhnítear seilbh CPC.
Foscríbhinn 31-B-1-1
ÍOSCHEANGLAIS CHÁILÍOCHTA AGUS OILIÚNA
Chun a áirithiú go bhfuil na rialacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar a chumhdaítear le Teideal I de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo chomh comhchuibhithe agus is féidir, tá na híoscheanglais maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe mar aon le formheas na n-ionad oiliúna leagtha amach i Ranna 1 go 5 den Iarscríbhinn seo. Féadfaidh aon ábhar le haghaidh na cáilíochta nó oiliúna sin a bheith inghlactha ar choinníoll go n-aithneoidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar é a bheith coibhéiseach.
ROINN 1
LIOSTA ÁBHAR
Maidir leis an eolas atá le cur san áireamh ag na Páirtithe agus cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil an tiománaí á suí, ní mór ar a laghad na hábhair ar an liosta seo a áireamh. Ní mór do thiománaithe faoi oiliúint an leibhéal eolais agus an inniúlacht phraiticiúil is gá a bhaint amach chun tiomáint i bhfeithiclí sábháilteachta uile na catagóire ceadúnais tiomána ábhartha. Ní fhéadfaidh an leibhéal íosta eolais a bheith níos lú ná an leibhéal a bhaintear amach le linn an oideachais éigeantaigh, arna fhorlíonadh le hoiliúint ghairmiúil.
1. Ardoiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta
1.1 |
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe an chórais tarchurtha chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as:
|
1.2 |
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe teicniúla agus oibriú teicniúil na rialuithe sábháilteachta chun an fheithicil a rialú, caitheamh agus cuimilt a íoslaghdú agus mífheidhmiú a chosc:
|
1.3 |
Cuspóir: an cumas an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú:
|
1.4 |
Cuspóir: an cumas chun rioscaí sa trácht a réamh-mheas agus a mheasúnú, agus chun oiriúnú dóibh:
|
1.5 |
Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a luchtú, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle:
|
2. Cur i bhfeidhm rialachán
2.1 |
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar agus na rialacha lena rialaítear í:
|
2.2 |
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar na rialacháin lena rialaítear iompar earraí:
|
3. Sláinte, sábháilteacht ar bhóithre agus sábháilteacht comhshaoil, seirbhís, lóistíocht
3.1 |
Cuspóir: tiománaithe a chur ar an eolas faoi rioscaí ar bhóithre agus timpistí a tharlaíonn ag an obair:
|
3.2 |
Cuspóir: an cumas an choiriúlacht agus gáinneáil ar imircigh neamhdhleathacha a chosc:
|
3.3 |
Cuspóir: an cumas rioscaí fisiceacha a chosc:
|
3.4 |
Cuspóir: feasacht maidir leis an tábhacht a bhaineann le cumas fisiceach agus cumas intinne:
|
3.5 |
Cuspóir: an cumas measúnú a dhéanamh ar staideanna éigeandála:
|
3.6 |
Cuspóir: an cumas gníomhú ar bhealach a chuireann le híomhá na cuideachta:
|
3.7 |
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch tarlaithe bóthair agus ar chomheagrú an mhargaidh:
|
ROINN 2
CÁILÍOCHT TOSAIGH ÉIGEANTACH DÁ bhFORÁILTEAR I bPOINTE (a) d’AIRTEAGAL 3(1) DE ROINN 1 DE CHUID B
Féadfaidh Páirtí oiliúint shonrach eile a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar a cheanglaítear faoina reachtaíocht a áireamh mar chuid den oiliúint faoin roinn seo agus faoi roinn 3.
2.1. Rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil
Ní mór teagasc na n-ábhar go léir atá sa liosta faoi roinn 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh sin a bheith cothrom le 280 uair.
Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 20 uair an chloig ar a laghad i bhfeithicil den chatagóir lena mbaineann a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála ar a laghad.
Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh gach tiománaí ocht n-uaire ar a mhéad den 20 uair den tiomáint aonair a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn siad de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche agus ar an gcumas chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.
Féadfaidh Páirtí agus, i gcás an Aontais, Ballstát a cheadú go soláthróidh an t-ionad oiliúna formheasta cuid den oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí TFC, amhail an ríomhfhoghlaim, agus a áirithiú go bhfuil agus ardcháilíocht agus éifeachtúlacht na hoiliúna á gcoimeád san am céanna, agus trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Beidh gá le sainaithint úsáideoirí iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí i gcás den sórt sin.
I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Roinn 1 de Chuid B, ní mór fad na cáilíochta tosaigh a bheith cothrom le 70 uair, lena n-áirítear cúig huaire de thiomáint ina n-aonar.
Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla sna Páirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi roinn 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.
2.2 Rogha lena mbaineann tástáil
Eagróidh údarás inniúla na bPáirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu na tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla thuasluaite chun a sheiceáil an bhfuil an leibhéal eolais is gá in roinn 1 maidir leis na hábhair agus na cuspóirí atá liostáilte ann ag an tiománaí faoi oiliúint.
(a) |
Beidh dhá chuid ar a laghad sa thástáil teoiriciúil:
Ní mór go mairfidh an tástáil teoiriciúil ceithre uair an chloig ar a laghad. |
(b) |
Beidh dhá chuid sa thástáil praiticiúil:
Ní mór go mairfidh an tástáil sin 30 nóiméad ar a laghad. Ní mór na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála ar a laghad a bheith comhlíonta ag an bhfeithicil a úsáidtear don tástáil phraiticiúil. Féadfar cur leis an tástáil phraiticiúil trí tríú tástáil a dhéanamh ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an mbealach a n-athraíonn siad de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche. Níl fad ama faoi leith ag baint leis an tástáil roghnach sin. Más rud é go dtéann tiománaí faoin tástáil seo, féadfar an fad ama a bhaint ó na 90 nóiméad a mhaireann an tástáil tiomána dá dtagraítear faoi phointe (i), ach ní fhéadfar an t-am a mbainfear dul thar 30 nóiméad. |
Maidir leis na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Roinn 1 de Chuid B, ní mór an tástáil theoiriciúil a bheith teoranta do na hábhair, dá dtagraítear i Roinn 1 den fhoscríbhinn sin, atá ábhartha do na feithiclí lena mbaineann an cáilíocht tosaigh nua. Mar sin féin, ní mór do na tiománaithe sin an tástáil phraiticiúil iomlán a dhéanamh.
ROINN 3
CÁILÍOCHT TOSAIGH LUATHAITHE DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 3(2) DE ROINN 1 DE CHUID B d'IARSCRÍBHINN 31
Ní mór teagasc na n-ábhar go léir sa liosta i roinn 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh luathaithe. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh luathaithe sin a bheith cothrom le 140 uair.
Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 10 uair an chloig ar a laghad i bhfeithicil den chatagóir lena mbaineann a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála ar a laghad.
Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh an tiománaí faoi oiliúint ceithre huaire de na 10 n-uaire den tiomáint aonair ar a mhéad a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, go háirithe maidir le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir, de réir an ama sa lá nó san oíche agus de réir an chumais chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.
Beidh feidhm ag forálacha an cheathrú mír de phointe 2.1 de Chuid 2 den Fhoscríbhinn seo maidir leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe freisin.
I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Roinn 1 de Chuid B, ní mór fad cáilíochta tosaigh luathaithe a bheith cothrom le 35 huaire, lena n-áirítear dhá uair go leith de thiomáint ina n-aonar.
Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla sna Páirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi roinn 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.
Féadfaidh Páirtí oiliúint shonrach eile a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar a cheanglaítear faoina reachtaíocht a áireamh mar chuid den oiliúint faoin Roinn seo.
ROINN 4
OILIÚINT THRÉIMHSIÚIL ÉIGEANTACH DÁ bhFORÁILTEAR I bPOINTE (b) d’AIRTEAGAL 3(1) DE ROINN 1 DE CHUID B d’IARSCRÍBHINN 31
Ní mór cúrsaí oiliúna tréimhsiúla éigeantacha a eagrú ag ionad oiliúna formheasta. Ní mór fad na gcúrsaí a bheith cothrom le 35 huaire gach cúig bliana agus ní mór iad a thabhairt i dtréimhsí nach lú ná seacht n-uaire ar fad agus féadfar tréimhse amháin a roinnt thar dhá lá. Gach uair a úsáidfear an ríomhfhoghlaim, déanfaidh an t-ionad oiliúna formheasta a áirithiú go ndéanfaí caighdeán na hoiliúna a chothabháil, lena n-áirítear trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Éileoidh na Páirtithe, go háirithe, aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Ní bheidh níos mó ná 12 uair i gceist le huasfhad na hoiliúna ríomhfhoghlama. Clúdófar ábhar a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gceann amháin de na tréimhsí cúrsa oiliúna ar a laghad. Tabharfar aird in ábhar na hoiliúna ar na riachtanais oiliúna a bhaineann go sonrach leis na hoibríochtaí iompair a dhéanann an tiománaí agus ar fhorbairtí sa reachtaíocht agus teicneolaíocht ábhartha agus ba cheart go dtabharfaí aird ar riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí, a mhéid is féidir. Ba cheart réimse ábhar éagsúil a chumhdach thar an tréimhse 35 huaire, lena n-áirítear athoiliúint i gcás ina léirítear go dteastaíonn oiliúint feabhais shonrach ón tiománaí.
Féadfaidh Páirtí agus, i gcás an Aontais, Ballstát oiliúint shonrach eile a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar a cheanglaítear faoina reachtaíocht a áireamh mar chuid den oiliúint faoin Roinn seo.
ROINN 5
AN CHÁILÍOCHT TOSAIGH AGUS AN OILIÚINT THRÉIMHSIÚIL A CHEADÚ
5.1. |
Ní mór na hionaid oiliúna ina n-eagrófar an cháilíocht tosaigh agus an oiliúint thréimhsiúil a bheith formheasta ag údaráis inniúla na bPáirtithe. Ní féidir ceadú a thabhairt ach amháin mar fhreagra ar iarratas i scríbhinn. Ní mór go mbeadh doiciméid ag gabháil leis an iarratas lena n-áirítear:
|
5.2. |
Ní mór don údarás inniúil ceadú a thabhairt i scríbhinn faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Ní mór don ionad formheasta a ráthú go mbeidh eolas maith ag na teagascóirí ar na rialacháin agus na ceanglais oiliúna is déanaí. Mar chuid de phróiseas roghnúcháin ar leith, ní mór do na teagascóirí deimhniú a chur ar fáil a léiríonn eolas faoin ábhar agus faoi na modhanna teagaisc. Maidir leis an gcuid phraiticiúil den oiliúint, ní mór do theagascóirí deimhniú a chur ar fáil maidir leis an taithí atá acu mar thiománaí proifisiúnta nó taithí tiomána dá samhail, amhail teagascóirí tiomána le haghaidh feithiclí troma. Ní mór an clár oiliúna a bheith i gcomhréir leis an gceadú agus ní mór dó na hábhair atá liostáilte i Roinn 1 a chumhdach. |
Foscríbhinn 31-B-1-2
SAMHAIL DE CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9 DE ROINN 1 DE CHUID B DEN IARSCRÍBHINN SEO
ROINN 2
AMANNA TIOMÁNA, SOSANNA AGUS TRÉIMHSÍ SCÍTHE
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe do thiománaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 465(1) den Chomhaontú seo a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú seo.
2. I gcás ina dhéanann tiománaí turas dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú seo beidh feidhm ag na rialacha sa Roinn seo maidir le haon oibríocht iompair de bhóthar déanta ag an tiománaí sin idir críocha na bPáirtithe agus idir na Ballstáit.
3. Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na rudaí seo a leanas:
(a) |
i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leath-leantóir, ná 3.5 tona; nó |
(b) |
ón 1 Iúil 2026, i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leath-leantóir, ná 2.5 tona. |
4. Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le hiompar a dhéanfaidh:
(a) |
feithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 7.5 tona a n-uasmhais incheadaithe, a úsáidtear:
laistigh de raon 100 km ó bhunáit an ghnóthais amháin agus ar choinníoll nach í tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí agus nach ndéantar an t-iompar ar fuiliú nó ar luaíocht; |
(b) |
feithiclí ag a bhfuil uasluas údaraithe nach mó ná 40 km/h; |
(c) |
feithiclí atá faoi úinéireacht nó ar fruiliú ach gan tiománaí ag na seirbhísí armtha, seirbhísí cosanta sibhialta, seirbhísí dóiteáin, agus fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád nuair a dhéantar an t-iompar mar gheall ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin agus atá faoi rialú acu; |
(d) |
feithiclí a úsáidtear in oibríochtaí éigeandála nó tarrthála; |
(e) |
feithiclí speisialaithe a úsáidtear chun críoch leighis; |
(f) |
feithiclí speisialaithe le haghaidh cliseadh meicniúil a oibríonn laistigh de limistéir 100 km óna mbunáit; |
(g) |
feithiclí atá faoi thástálacha bóthair chun críocha forbairt theicniúil, deisithe nó cothabhála, agus feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh chun seirbhíse go fóill; |
(h) |
feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar agus a bhfuil uasmhais incheadaithe a bhfuil níos mó ná 2.5 tona agus nach mó ná 3.5 tona air, lena n-áirítear aon leantóir nó leathleantóir, i gcás nach ndéantar an t-iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, ach ar chuntas féin na cuideachta nó an tiománaí, agus i gcás nach í tiomáint príomhghníomhaíocht an duine a bhfuil an fheithicil á tiomáint aige; |
(i) |
feithiclí tráchtála, a bhfuil stádas stairiúil acu dar le reachtaíocht an Bhallstáit ina dtiomáintear iad agus iad a n-úsáid le haghaidh iompar neamhthráchtála earraí. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘iompar de bhóthar’ aon turas a dhéantar go hiomlán nó i bpáirt ar bhóithre atá oscailte don phobal ag feithicil, cibé acu ualaithe nó gan a bheith; |
(b) |
ciallaíonn ‘sos’ tréimhse nach ceadmhach do thiománaí aon tiomáint ná obair eile a dhéanamh lena linn, tréimhse a thugann deis dó a scíth a ligean, tréimhse nach n-úsáidtear ach chun na críche sin amháin; |
(c) |
ciallaíonn ‘obair eile’, gach gníomhaíocht seachas an ‘tiomáint’ faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1) de Roinn 3 de Chuid B, lena n-áirítear aon obair don fhostóir céanna nó d'fhostóir eile laistigh d’earnáil an iompair nó lasmuigh di; |
(d) |
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe’ tréimhse gan bhriseadh ina bhféadfaidh tiománaí a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin; |
(e) |
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe laethúil’ an tréimhse laethúil inar féidir le tiománaí a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin, rud a chumhdaíonn ‘tréimhse scíthe laethúil rialta’ mar aon le ‘tréimhse scíthe laethúil laghdaithe’:
|
(f) |
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil’ an tréimhse sheachtainiúil ar féidir le tiománaí a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin, rud a chumhdaíonn ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta’ agus ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil laghdaithe’:
|
(g) |
ciallaíonn ‘seachtain’ tréimhse ama idir 00.00 ar an Luan agus 24.00 ar an Domhnach; |
(h) |
ciallaíonn ‘am tiomána’ fad na gníomhaíochta tiomána a thaifeadtar:
|
(i) |
ciallaíonn ‘am tiomána laethúil’ an t-am tiomána carntha ina iomláine idir deireadh tréimhse scíthe laethúla agus tús na chéad tréimhse scíthe laethúla eile ina diaidh sin nó idir tréimhse scíthe laethúil agus tréimhse scíthe sheachtainiúil; |
(j) |
ciallaíonn ‘am tiomána seachtainiúil’ an t-am tiomána carntha iomlán le linn seachtaine; |
(k) |
ciallaíonn ‘an uasmhais incheadaithe’ an uasmhais oibríochta atá ceadaithe le haghaidh feithicil nuair atá sí luchtaithe go hiomlán; |
(l) |
ciallaíonn ‘tiomáint foirne’ aon chás ina bhfuil ar a laghad beirt tiománaithe i bhfeithicil chun an tiomáint a dhéanamh le linn gach tréimhse tiomána idir dhá thréimhse scíthe laethúla i ndiaidh a chéile, nó idir tréimhse scíthe laethúil agus tréimhse scíthe sheachtainiúil; an chéad uair an chloig den tiomáint foirne, is é rogha an tiománaí nó na dtiománaithe eile a bheith i láthair, ach le linn na coda eile den tréimhse, is rud éigeantach é; |
(m) |
ciallaíonn ‘tréimhse tiomána’ an t-am tiomána carntha ó thosaíonn tiománaí ag tiomáint tar éis tréimhse scíthe nó tar éis sosa go dtí go ligeann sé scíth nó go dtógann sé sos. Féadfaidh an tréimhse tiomána a bheith leanúnach nó briste. |
Airteagal 3
Ceanglas le haghaidh cúntóirí tiománaithe
Ní mór do na cúntóirí tiomána a bheith ar a laghad 18 mbliana d'aois. Mar sin féin, féadfaidh gach Páirtí agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, Ballstát an aois íosta le haghaidh cúntóirí tiománaithe a laghdú go 16 bliana, ar choinníoll gur chun críoch gairmoiliúna a dhéanfar an laghdú agus go gcomhlíonfar na teorainneacha arna bhforchur ag an Ríocht Aontaithe agus, i gcás an Aontais, rialacha náisiúnta an Bhallstáit maidir le cúrsaí fostaíochta.
Airteagal 4
Amanna tiomána
1. Ní rachaidh an t-am tiomána laethúil thar naoi uair an chloig.
Mar sin féin, is féidir an t-am tiomána laethúil a shíneadh go 10 uair an chloig suas le dhá lá le linn na seachtaine.
2. Ní rachaidh an t-am tiomána seachtainiúil thar 56 uair an chloig agus ní bheidh ní bheidh sé ina chúis le sárú an t-uas-am oibre seachtainiúil mar atá 60 uair an chloig.
3. Ní rachaidh an t-am tiomána carntha le linn aon tréimhse dhá sheachtain i ndiaidh a chéile thar 90 uair an chloig ina iomláine.
4. Áireofar an t-am tiomána ar fad ar chríoch na bPáirtithe le hamanna laethúla agus seachtainiúla.
5. Taifeadfaidh tiománaí mar obair eile aon am a chaitear atá de réir na tuairisce i bpointe (c) d’Airteagal 2 den Roinn seo mar aon le haon am a caitear ag tiomáint feithicil a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí tráchtála nach bhfuil faoi raon feidhme na roinne seo, agus taifeadfaidh sé aon tréimhse infhaighteachta mar a shainmhínítear i bpointe 2(b) de roinn 2 de Chuid B, i gcomhréir le pointe (b)(iii) d’Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B. Iontrálfar an taifead sin de láimh ar leathanach taifid nó ar asphrionta nó le saoráidí ionchuir láimhe ar threalamh taifeadta.
Airteagal 5
Sosanna
Tar éis tréimhse tiomána ceithre huaire go leith tógfaidh tiománaí sos leanúnach go ceann 45 nóiméad ar a laghad, mura dtógann an tiománaí tréimhse scíthe.
Ní mór sos 15 nóiméad ar a laghad a chur in ionad an tsosa sin, agus sos 30 nóiméad ar a ghiorra ina dhiaidh sin a roinnfear le linn na tréimhse ar bhealach lena gcomhlíontar forálacha na chéad fhomhíre.
Féadfaidh tiománaí atá páirteach i sealaíocht sos 45 nóiméad a ghlacadh i bhfeithicil atá á tiomáint ag tiománaí eile ar choinníoll nach bhfuil an tiománaí atá ag glacadh an tsosa páirteach sa chúnamh don tiománaí atá ag tiomáint na feithicle.
Airteagal 6
Scíth
1. Tógfaidh tiománaí tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla.
2. Laistigh de gach tréimhse 24 uair an chloig tar éis dheireadh na tréimhse scíthe laethúla nó seachtainiúla roimhe sin beidh tréimhse scíthe laethúil ag tiománaí arís.
An chuid den tréimhse scíthe laethúil a thagann i gceist laistigh den tréimhse 24 uair an chloig sin, má bhíonn sé ar a laghad naoi uair an chloig ach gan dul thar 11 uair an chloig, sa chás sin measfar gur tréimhse de scíth laethúil laghdaithe a bheidh sa tréimhse scíthe laethúil atá i gceist.
3. Féadfar síneadh a chur le tréimhse de scíth laethúil chun tréimhse den scíth sheachtainiúil rialta nó tréimhse den scíth sheachtainiúil laghdaithe a dhéanamh di.
4. Idir dhá thréimhse den scíth sheachtainiúil, is trí thréimhse den scíth laethúil laghdaithe a bhíonn ceadaithe do thiománaí.
5. Trí bhíthin maolú ó mhír 2, laistigh de 30 uair an chloig ó dheireadh tréimhse scíthe laethúla nó seachtainiúla, ní mór don tiománaí atá i mbun tiomáint i bhfoireann tréimhse scíth laethúil eile nach lú ná naoi uair an chloig a bheith tógtha aige.
6. Le linn aon dá sheachtain i ndiaidh a chéile, glacfaidh an tiománaí, ar a laghad:
(a) |
dhá thréimhse scíthe seachtainiúla rialta; nó |
(b) |
tréimhse scíthe seachtainiúla rialta amháin agus tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe amháin de 24 uair an chloig ar a laghad. |
Cuirfear tús le tréimhse scíthe seachtainiúla tráth nach déanaí ná an uair a thagann deireadh le sé thréimhse de 24 uair an chloig ó dheireadh na tréimhse scíthe seachtainiúla deiridh.
7. De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh tiománaí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe a ghlacadh, laistigh de Pháirtí an oibreora tarlaithe de bhóthar nó, le haghaidh tiománaithe oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais, laistigh de chríoch Bhallstát an oibreora tarlaithe de bhóthar, ar choinníoll go nglacann an tiománaí ceithre thréimhse scíthe seachtainiúla ar a laghad, in aon tréimhse de cheithre seachtaine as a chéile, agus gur tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta iad dhá cheann díobh sin ar a laghad.
Chun críoch na míre seo, measfar go bhfuil tiománaí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta i gcás ina dtosaíonn an tiománaí ar an dá thréimhse scíthe laghdaithe as a chéile laistigh de chríoch Pháirtí an oibreora tarlaithe de bhóthar agus áit chónaithe nó, le haghaidh an Aontais, laistigh de chríoch Bhallstát an oibreora tarlaithe de bhóthar agus thír áit chónaithe an tiománaí.
Cúiteofar aon laghdú ar an tréimhse scíthe seachtainiúla le tréimhse choibhéiseach scíthe a ghlacfar en bloc roimh dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.
I gcás go dtógtar dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile i gcomhréir leis an tríú fomhír, glacfar tréimhse scíthe roimh an gcéad tréimhse scíthe seachtainiúla eile mar chúiteamh ar an dá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin.
8. Aon scíth a ligtear, beidh sí ina cúiteamh ar thréimhse den scíth sheachtainiúil laghdaithe a bhí ag gabháil le tréimhse scíthe eile nach raibh faoi bhun naoi uair an chloig.
9. Na tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta agus aon tréimhse scíthe seachtainiúla os cionn 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a bhí ann roimhe sin, ní ghlacfar iad i bhfeithicil. Glacfar iad i gcóiríocht oiriúnach atá oiriúnach do gach inscne, ina mbeidh saoráidí leordhóthanacha codlata agus sláintíochta.
Aon chostas ar chóiríocht lasmuigh den fheithicil, is ar an bhfostóir a chuirfear iad.
10. Eagróidh gnóthais iompair obair na dtiománaithe sa chaoi gur féidir le tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra ina bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth agus ina dtosaíonn tréimhse scíthe seachtainiúla an tiománaí, sa Ríocht Aontaithe, nó i gcás an Aontais, i mBallstát bunaíochta an fhostóra, nó filleadh ar áit chónaithe an tiománaí laistigh de gach tréimhse de cheithre sheachtaine as a chéile, d’fhonn tréimhse scíthe seachtainiúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla ar faide ná 45 uair an chloig í a chaitheamh mar chúiteamh as tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe.
Mar sin féin, i gcás ina mbeidh dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile tógtha ag an tiománaí i gcomhréir le mír 7, eagróidh an gnóthas iompair obair an tiománaí sa chaoi go mbeidh an tiománaí in ann filleadh roimh thús na tréimhse scíthe seachtainiúla rialta de níos mó ná 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh.
Déanfaidh an gnóthas an chaoi a gcomhlíontar an oibleagáid sin a dhoiciméadú agus coimeádfaidh sé an doiciméadacht sin ag a áitreabh ionas gur féidir í a thabhairt do na húdaráis rialaithe arna iarraidh sin dóibh.
11. Tréimhse den scíth sheachtainiúil a tharlaíonn in dhá sheachtain éagsúla, féadfar a n-áireamh in aon cheann de na seachtaine sin, ach ní sa dá sheachtain.
12. De mhaolú air sin, i gcás ina mbíonn tiománaí ag tionlacan feithicil atá á hiompar ag bád farantóireachta nó ag traein agus ina nglacann sé tréimhse scíthe laethúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe, ní fhéadfar an tréimhse sin a bhriseadh ach dhá uair ar a mhéad le haghaidh gníomhaíochtaí eile nach mairfidh níos mó ná aon uair an chloig san iomlán. Le linn na tréimhse scíthe laethúla rialta nó na tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin, beidh fáil ag an tiománaí ar chábán codlata, ar bhunc nó ar leaba shuíocháin.
Maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach amháin maidir le turais ar bhád farantóireachta nó le turais traenach sna cásanna seo a leanas:
(a) |
go mbeidh an turas sceidealta ar feadh 8 uair an chloig nó os a chionn; agus |
(b) |
go mbeidh rochtain ag an tiománaí ar chábán codlata sa bhád farantóireachta nó ar an traein. |
13. An t-am a chaitear ag taisteal chuig suíomh chun teacht i gceannas ar fheithicil a thagann faoi réim feidhme na Roinne seo, nó chun teacht ar ais ón suíomh sin, nuair nach bhfuil an fheithicil ag áit chónaithe an tiománaí ná ag ionad oibríochtúil an fhostaí mar a mbíonn an tiománaí bunaithe de ghnáth, ní áireofar mar scíth nó sos é sin mura bhfuil an tiománaí ar bhád farantóireachta nó traein agus rochtain aige ar chábán codlata, ar bhunc nó ar leaba shuíocháin.
14. Aon am a chaitheann tiománaí ag tiomáint feithicle nach bhfuil faoi réim feidhme an Roinn seo, tiomáint chun dul chuig an áit ina rachaidh sé i gceannas ar fheithicil atá faoi réim feidhme an Roinn seo, nó ag teacht ar ais ón áit sin dó, más rud é nach é áit chónaithe an tiománaí nó an áit ina bhfuil an fostóir a n-oibríonn an tiománaí dó bunaithe de ghnáth, measfar gur obair eile atá san am sin.
Airteagal 7
Dliteanas oibreoirí tarlaithe de bhóthar
1. Ní dhéanfaidh oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí aon íocaíocht a thabhairt do thiománaithe atá fostaithe aige ná a cuireadh ar fáil dó, fiú íocaíocht i bhfoirm bónais nó forlíonadh pá, sa chás ina mbaineann an íocaíocht sin le hachair taistil, leis an luas seachadta agus/nó le méid na n-earraí arna n-iompar, i gcás gur íocaíocht í de chineál a chuirfeadh sábháilteacht ar bhóithre i mbaol agus/nó a spreagfadh sárú ar an Roinn sin.
2. Eagróidh oibreoir tarlaithe de bhóthar Páirtí oibríochtaí iompair de bhóthar agus déanfaidh sé comhaltaí foirne a theagasc go cuí ionas go mbeidh siad in ann forálacha na Roinne seo a chomhlíonadh.
3. Beidh oibreoir tarlaithe de bhóthar Páirtí faoi dhliteanas i leith sáruithe arna ndéanamh ag tiománaithe an oibreora, fiú má rinneadh an sárú ar chríoch an Pháirtí eile.
Gan dochar do cheart na bPáirtithe oibreoirí tarlaithe de bhóthar a chur faoi dhliteanas iomlán, féadfaidh na Páirtithe an dliteanas sin a chur de choinníoll ar shárú a dhéanfadh an t-oibreoir ar mhíreanna 1 agus 2. Féadfaidh na Páirtithe aon fhianaise a chur san áireamh nach féidir go réasúnach freagracht a chur ar an oibreoir tarlaithe de bhóthar as an sárú a rinneadh.
4. Áiritheoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar, coinsíneoirí, seoltóirí lasta, príomhchonraitheoirí, fochonraitheoirí agus gníomhaireachtaí fostaíochta tiománaithe go gcomhlíonfaidh na sceidil ama iompair arna gcomhaontú go conarthach an Roinn seo.
5. Maidir le hoibreoir tarlaithe de bhóthar a úsáideann feithiclí ar a mbeidh an trealamh taifeadta i gcomhréir le pointe (f), (g) nó (h) d'Airteagal 2 de Roinn 4 de Chuid B agus a thagann faoi raon feidhme na Roinne seo, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
(i) |
áiritheoidh sé go n-íoslódálfar na sonraí uile ón aonad feithicle agus ón gcárta tiománaí chomh rialta agus a shonraíonn an Páirtí é, agus áiritheoidh sé go ndéanfar na sonraí ábhartha a íoslódáil níos minice chun a áirithiú go n-íoslódáiltear na sonraí uile a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar nó gníomhaíochtaí a ndéantar ar a shon iad; agus |
(ii) |
áiritheoidh sé go gcoimeádfar na sonraí eile a íoslódáiltear ón aonad feithicle agus ón gcárta tiománaí araon go ceann 12 mhí ar a laghad tar éis taifeadta agus, i gcás ina n-iarrann oifigeach cigireachta amhlaidh, áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ar na sonraí sin, go díreach nó i gcéin, ó áitreabh an oibreora tarlaithe de bhóthar. |
Chun críocha na míre seo déanfar ‘íoslódaithe’ a léiriú i gcomhréir le sainmhíniú a leagtar síos i bpointe (h) d'Airteagal 2(2) de Roinn 2 de Chuid C.
Is é 90 lá an t-uastréimhse ina ndéanfar na sonraí ábhartha a íoslódáil faoi phointe (i) den mhír seo le haghaidh sonraí ón aonad feithicle agus 28 lá le haghaidh sonraí ón gcárta tiománaí.
Airteagal 8
Eisceachtaí
1. Ar choinneáil nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, agus chun go bhféadfaidh an fheithicil áit stadta oiriúnach a bhaint amach, féadfaidh an tiománaí, a mhéid is gá le sábháilteacht na ndaoine, na feithicle agus ualach na feithicle sin a áirithiú, gan Airteagail 4, 5 agus 6 a chomhlíonadh. Breacfaidh an tiománaí síos de láimh cúis an neamh-chomhlíonta sin ar bhileog thaifid an trealaimh taifeadta nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht dó don áit oiriúnach le stad ar a dhéanaí.
2. Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, i gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh an tiománaí imeacht ó Airteagail 4(1) agus (2) agus ó Airteagal 6(2) i gcás ina dtéann sé suas go dtí aon uair an chloig thar an teorainn ama tiomána laethúil agus sheachtainiúil chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe seachtainiúla a ghlacadh.
Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh an tiománaí dul suas le dhá uair an chloig thar an tréimhse tiomána laethúil agus sheachtainiúil, ar choinníoll gur glacadh sos gan bhriseadh 30 nóiméad díreach roimh an tiomáint bhreise chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe sheachtainiúla rialta a ghlacadh.
Breacfaidh an tiománaí de láimh cúis na himeachta sin ar leathanach taifid an trealaimh taifeadta, nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht go ceann scríbe nó go dtí an áit stadta oiriúnach, ar a dhéanaí.
Cúiteofar aon tréimhse fhadaithe le tréimhse choibhéiseach scíthe, a thógfar en bloc, faoi dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.
3. Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin, féadfaidh gach Páirtí agus, i gcás an Aontais, féadfaidh Ballstát eisceachtaí a dheonú ó Airteagal 3 go 6 agus na heisceachtaí sin a chur faoi réir coinníollacha aonair ar a chríoch féin nó, le comhaontú an Pháirtí eile, ar chríoch an Pháirtí eile, a bheidh infheidhme maidir le hiompar díobh seo a leanas:
(a) |
feithiclí atá faoi úinéireacht údarás poiblí, nó á bhfruiliú acu, gan tiománaí, chun gabháil d’iompar de bhóthar agus nach bhfuil in iomaíocht le hoibreoirí tarlaithe príobháideacha; |
(b) |
feithiclí atá á n-úsáid nó á bhfruiliú ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, feirmeoireachta nó iascaigh chun earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin laistigh de limistéir 100 km ó bhunáit an ghnóthais; |
(c) |
tarracóirí talmhaíochta agus tarracóirí foraoiseachta a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta faoi suas go dtí 100 km ó bhunáit an ghnóthais a bhfuil an fheithicil faoi úinéireacht aige, á fruiliú nó á léasú aige; |
(d) |
feithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 7.5 tona a n-uasmhais incheadaithe a úsáideann soláthraithe seirbhíse uilechoitinne chun ítimí a sheachadadh mar chuid den tseirbhís uilíoch. Ní úsáidfear na feithiclí sin ach amháin faoi suas go dtí 100 km ó bhunáit an ghnóthais agus ar choinníoll nach é tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí; |
(e) |
feithiclí a fheidhmíonn go heisiach ar oileáin nach mó ná 2 300 ciliméadar cearnach ó thaobh achair de agus nach bhfuil nasctha leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta le droichead, áth nó tollán atá ar oscailt lena úsáid ag mótarfheithiclí; |
(f) |
feithiclí a úsáidtear le hearraí a iompar faoi suas go dtí 100 km ó bhunáit an ghnóthais agus tiomáinte de bhíthin gás nádúrtha nó gás leachtaithe nó leictreachais, nach mó a mhais incheadaithe uasta, lena n-áirítear mais an leantóra nó an leath-leantóra, ná 7.5 thonna; |
(g) |
feithiclí a úsáidtear maidir le séarachas, cosaint ar thuillte, uisce, gás agus seirbhísí cothabhála leictreachais, cothabháil agus rialú bóithre, bailiú bruscair ó dhoras go doras agus a dhiúscairt, seirbhísí teileagraif agus teileafóin, craolachán raidió agus teilifíse, agus brath tarchuradóirí nó glacadóirí raidió nó teilifíse; |
(h) |
feithiclí speisialaithe lena n-iompraíonn trealamh sorcais agus aonaigh shiamsaíochta; |
(i) |
feithiclí tionscadail atá feistithe go speisialta, arb éard is príomhfheidhm dóibh iad a úsáid mar shaoráid oideachais nuair a bhíonn siad ina stad; |
(j) |
feithiclí a úsáidtear le bainne a bhailiú ó fheirmeacha agus/nó soithí bainne nó táirgí bainne atá beartaithe do bhia ainmhithe a thabhairt ar ais d’fheirmeacha; |
(k) |
feithiclí speisialaithe lena n-iompraítear airgead agus/nó earraí luachmhara; |
(l) |
feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar fuílleach ainmhithe nó conablach nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; |
(m) |
feithiclí a úsáidtear go heisiach ar bhóithre laistigh de shaoráidí moil amhail calafoirt, idirphoirt agus críochfoirt iarnróid; |
(n) |
feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar ainmhithe beo ó fheirmeacha go dtí na margaí áitiúla agus a mhalairt nó ó mhargaí go dtí seamlais áitiúla faoi suas go dtí 100 km. |
(o) |
feithiclí nó cónaisc feithiclí a iompraíonn innealra tógála do ghnóthas tógála suas le raon 100 km ó bhunáit an ghnóthais, ar choinníoll nach í tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí; agus |
(p) |
feithiclí a úsáidtear le coincréit réamh-mheasctha a sheachadadh. |
4. Ar choinníoll nach gcuirfear dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin agus go gcomhlíonfar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Roinn 3 de Chuid B, féadfaidh Páirtí, agus i gcás an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Ballstát, eisceachtaí sealadacha a dheonú ó Airteagail 4, 5 agus 6 den Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iompair a dhéantar in imthosca eisceachtúla, i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme sa Pháirtí.
Beidh réasúnú cuí ag na heisceachtaí sealadacha agus tabharfar fógra ina leith láithreach don Pháirtí eile. Sonróidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar módúlachtaí an fhógra sin. Foilseoidh gach Páirtí an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin láithreach bonn agus áiritheoidh go gcuirfear san áireamh sna gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eisceacht arna deonú ag an bPáirtí eile.
ROINN 3
AM OIBRE NA nOIBRITHE TAISTIL
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an roinn seo maidir le hoibrithe taistil atá fostaithe ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na bPáirtithe, a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú seo.
Beidh feidhm ag an Roinn seo freisin maidir le tiománaithe féinfhostaithe.
2. A mhéid atá forálacha níos sonraí sa Roinn seo maidir le hoibrithe taistil a dhéanann gníomhaíochtaí iompair de bhóthar beidh tosaíocht aige ar fhorálacha ábhartha Airteagal 387 den Chomhaontú seo.
3. Forlíonfaidh an Roinn seo forálacha Roinn 2 de Chuid B a mbeidh tosaíocht acu ar fhorálacha na Roinne seo.
4. Féadfaidh Páirtí gan an Roinn seo a cur i bhfeidhm maidir le hoibrithe soghluaiste agus tiománaithe féinfhostaithe nach ndéanann níos mó ná dhá thuras fillte i gcomhréir le hAirteagal 462 den Chomhaontú seo, in aon mhí féilire amháin.
5. I gcas a dhéanann Páirtí gan an Roinn seo faoi mhír 4 a chur i bhfeidhm, cuirfidh an Páirtí seo an Páirtí eile ar an eolas.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘am oibre’:
Na tréimhsí sosa dá dtagraítear in Airteagal 4, na tréimhsí scíthe dá dtagraítear in Airteagal 5 agus, gan dochar do reachtaíocht na bPáirtithe nó do na comhaontuithe idir na comhpháirtithe sóisialta ar choinníoll gur cheart na tréimhsí sin a chúiteamh nó a theorannú, eisiafar ó am oibre na tréimhsí infhaighteachta dá dtagraítear i bpointe (2) den Airteagal seo; |
(2) |
ciallaíonn ‘tréimhsí infhaighteachta’:
|
(3) |
ciallaíonn ‘stáisiún oibre’:
|
(4) |
ciallaíonn ‘oibrí taistil’, chun críoch na Roinne seo, aon oibrí is cuid den fhoireann taistil, lena n-áirítear oiliúnaithe agus printísigh, atá i seirbhís gnóthais a oibríonn seirbhísí iompair le haghaidh paisinéirí nó earraí de bhóthar ar chríoch an Pháirtí eile; |
(5) |
ciallaíonn ‘tiománaí féinfhostaithe’ aon duine arb í a phríomhghairm earraí a iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht, ar duine é atá i dteideal oibriú dó féin agus nach bhfuil ceangailte le fostóir le conradh fostaíochta nó le caidreamh ordlathach de chineál ar bith eile, atá saor chun na gníomhaíochtaí oibre ábhartha a eagrú, a bhfuil a ioncam ag brath go díreach ar na brabúis a dhéantar agus a bhfuil an tsaoirse aige caidreamh tráchtála a bheith aige le roinnt custaiméirí, go leithleach nó trí chomhar idir tiománaithe féinfhostaithe. Chun críocha na Roinne sin, beidh na tiománaithe sin nach gcomhlíonann na critéir sin faoi réir na n-oibleagáidí céanna agus tairbheoidh siad de na cearta céanna a thugtar d’oibrithe taistil leis an Roinn seo; |
(6) |
ciallaíonn ‘duine i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar’ aon oibrí taistil nó tiománaí féinfhostaithe i mbun gníomhaíochtaí den sórt sin; |
(7) |
ciallaíonn ‘seachtain’ an tréimhse idir 00.00 ar an Luan agus 24.00 ar an Domhnach; |
(8) |
ciallaíonn ‘oíche’ tréimhse 4 uair ar a laghad, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, idir 00.00 uair agus 07.00 uair; agus |
(9) |
ciallaíonn ‘obair oíche’ aon obair a dhéantar san oíche. |
Airteagal 3
An t-uas-am oibre seachtainiúil
1. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh an meán am oibre seachtainiúil níos faide ná 48 uair an chloig. Féadfar síneadh a chur leis an uas-am oibre seachtainiúil suas go dtí 60 uair an chloig, más rud é, os cionn ceithre mhí, nach dtéann an meán thar 48 uair an chloig sa tseachtain, agus sa chás sin amháin.
2. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú gurb é am oibre na bhfostóirí éagsúla suim na n-uaireanta oibre. Iarrfaidh an fostóir i scríbhinn ar an oibrí taistil lena mbaineann cuntas ar am a oibríodh d’fhostóir eile. Cuirfidh an t-oibrí taistil an fhaisnéis sin ar fáil i scríbhinn.
Airteagal 4
Sosanna
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú, gan dochar d’fhorálacha Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo, nach n-oibreoidh daoine atá i mbun gníomhaíochtaí taistil iompair de bhóthar, in imthosca ar bith, tréimhse is faide ná sé uair an chloig as a chéile gan sos. Brisfear am oibre le sos 30 nóiméad ar a laghad, más idir sé uair agus naoi uair an chloig na uaireanta oibre san iomlán, agus ar a laghad sos 45 nóiméad, más faide ná naoi uair an chloig na huaireanta oibre.
Féadfar sosanna a fhoroinnt i dtréimhsí ar a laghad 15 nóiméad an ceann.
Airteagal 5
Tréimhsí scíthe
Chun críocha na Roinne seo, cumhdófar printísigh agus oiliúnaithe atá i seirbhís gnóthais a oibríonn seirbhísí iompair d’phaisinéirí nó d’earraí ar thurais de bhóthar ar chríoch an Pháirtí eile leis na forálacha céanna maidir le ham scíthe le hoibrithe taistil eile de bhun Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
Airteagal 6
Obair oíche
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a áirithiú:
(a) |
má dhéantar obair oíche, nach faide ná 10n-uair an chloig an t-am oibre laethúil i ngach tréimhse 24 uair an chloig, agus |
(b) |
tugtar cúiteamh as obair oíche i gcomhréir le bearta reachtacha náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna, le comhaontuithe idir an dá thaobh den tionscal agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, ar choinníoll nach dócha go gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr. |
Airteagal 7
Maoluithe
1. Féadfar maoluithe ar Airteagail 3 agus 6 a ghlacadh, ar chúiseanna oibiachtúla nó teicniúla nó ar chúiseanna a bhaineann le heagrú na hoibre, trí chomhaontuithe comhchoiteanna, trí chomhaontuithe idir na comhpháirtithe sóisialta, nó mura féidir é sin a dhéanamh, le dlíthe, le rialacháin nó le forálacha riaracháin ar choinníoll go rachfar i gcomhairle le hionadaithe na bhfostóirí agus na n-oibrithe lena mbaineann agus go ndéanfar iarrachtaí chun gach cineál ábhartha idirphlé sóisialta a spreagadh.
2. Ní fhéadfaidh an rogha maolú ar Airteagal 3 a bheith ina cúis le tréimhse thagartha a bhunú atá níos faide ná sé mhí, chun meán-am uasta oibre seachtainiúil ocht uair an chloig is daichead a ríomh.
3. Cuirfear an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar ar an eolas maidir le maoluithe arna gcur i bhfeidhm ag Páirtí i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 8
Faisnéis agus taifid
Áiritheoidh gach Páirtí:
(a) |
go gcuirfear oibrithe taistil ar an eolas faoi na ceanglais náisiúnta ábhartha, rialacha inmheánacha an oibreora tarlaithe de bhóthar agus comhaontuithe idir an dá thaobh den tionscal, go háirithe comhaontuithe comhchoiteanna agus aon chomhaontú cuideachta, a dhéanfar ar bhonn na Roinne seo; agus |
(b) |
go dtaifeadfar am oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar. Coinneofar taifid ar feadh dhá bhliain ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse a chumhdaítear. Beidh fostóirí freagrach as am oibre na n-oibrithe taistil a thaifeadadh. Arna iarraidh sin, cuirfidh fostóirí cóipeanna de thaifid uaireanta a oibríodh ar fáil d’oibrithe taistil. |
Airteagal 9
Forálacha níos fabhraí
Ní dhéanfaidh an Roinn seo difear do cheart gach Páirtí dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach atá níos fabhraí do chosaint sláinte agus sábháilteachta daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar, ná dá gceart chun feidhmiú comhaontuithe comhchoiteanna nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích idir an dá thaobh den tionscal agus atá níos fabhraí do chosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe taistil a éascú nó a cheadú. Cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.
ROINN 4
TACAGRAIF A ÚSÁID AG TIOMÁNAITHE
Airteagal 1
Ábhar agus prionsabail
Leagtar síos sa Roinn seo na ceanglais do thiománaithe a thagann faoi raon feidhme Roinn 2 de Chuid B maidir le húsáid tacagraf dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 465(1) den Chomhaontú seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha na roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Roinn 2 de Chuid B.
2. I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, chun críocha na Roinne seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘tacagraf’ nó “trealamh taifeadta’ an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear luas, agus sonraí tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch; |
(b) |
ciallaíonn ‘leathán taifid’ leathán atá ceaptha chun sonraí taifeadta a ghlacadh agus a choinneáil, lena gcur i dtacagraf analógach, agus ar a scríobhfar le feistí marcála an tacagraif analógaigh go leanúnach an fhaisnéis atá le taifeadadh; |
(c) |
ciallaíonn ‘cárta tacagraif’ cárta cliste atá beartaithe lena úsáid leis an tacagraf lena gcuirtear ar chumas an tacagraif ról shealbhóir an chárta a aithint agus sonraí a aistriú agus a stóráil; |
(d) |
ciallaíonn ‘cárta tiománaí’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis inniúla i bPáirtí do thiománaí ar leith ar a sainaithnítear an tiománaí agus lena bhféadfar sonraí maidir le gníomhaíochtaí an tiománaí a stóráil; |
(e) |
ciallaíonn ‘tacagraf analógach’ tacagraf atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 (3) ón gComhairle, arna n-oiriúnú le Foscríbhinn 31-B-4-1; |
(f) |
ciallaíonn ‘tacagraf digiteach’ tacagraf atá i gcomhréir le ceann amháin de na sonraíochtaí seo a leanas, arna oiriúint ag Foscríbhinn 31-B-4-2:
|
(g) |
ciallaíonn ‘tacagraf cliste 1’ tacagraf atá i gcomhréir le hiarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/799 (4) ón gCoimisiún, is infheidhme ón 15 Meitheamh 2019, arna oiriúnú le Foscríbhinn 31-B-4-3; |
(h) |
ciallaíonn ‘tacagraf cliste 2’ tacagraf atá i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
|
(i) |
ciallaíonn ‘imeacht’ oibríocht mhínormálta a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh teacht ó iarracht chalaoise; |
(j) |
ciallaíonn ‘cárta neamhbhailí’ cárta a bhraitear a bheith lochtach, nó ar theip ar an mbailíochtú tosaigh nó nach bhfuil tús a dháta bailíochta tagtha fós, nó a bhfuil a dháta éagtha istigh. |
Airteagal 3
Cártaí tiománaí a úsáid
1. Cárta pearsanta is ea an cárta tiománaí.
2. Ní fhéadfaidh níos mó ná cárta tiománaí bailí amháin a bheith ina sheilbh ag tiománaí, agus ní bheidh údarás ag an tiománaí ach a chárta tiománaí pearsantaithe féin amháin a úsáid. Ní bhainfidh tiománaí úsáid as cárta atá lochtach nó atá imithe in éag.
Airteagal 4
Cártaí tiománaí a eisiúint
1. Iarrfar cártaí tiománaí ar an údarás inniúil sa Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí.
2. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “gnátháit chónaithe’ an áit a gcónaíonn duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a thaispeánann nasc láidir idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air.
Mar sin féin, maidir le gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus atá ina chónaí, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá suite sa dá Pháirtí, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i bPáirtí chun tasc téarma shocraithe a dhéanamh.
3. Tabharfaidh tiománaithe cruthúnas ar a ngnátháit chónaithe trí aon mhodh cuí, amhail trína gcárta aitheantais nó trí aon doiciméad bailí eile.
Airteagal 5
Cártaí tiománaí a athnuachan
I gcás inar mian le tiománaí a chárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh sé iarratas chuig údaráis inniúla an Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige tráth nach déanaí ná 15 lá oibre roimh dháta éagtha an chárta.
Airteagal 6
Úsáid cártaí tiománaí agus leathán taifid
1. Úsáidfidh na tiománaithe na leathanaigh taifid nó na cártaí tiománaí gach lá a mbeidh siad ag tiomáint, ón nóiméad a nglacfaidh siad stiúir ar an bhfeithicil. Ní tharraingeofar an leathanach taifid nó an cárta tiománaí siar roimh dheireadh na tréimhse oibre laethúla mura n-údarófar é a tharraingt siar ar shlí eile nó i gcás inar gá chun siombail na tíre a chur isteach tar éis teorainn a thrasnú. Ní fhéadfar aon leathanach taifid nó aon chárta tiománaí a úsáid chun tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chumhdach.
2. Déanfaidh tiománaithe na leatháin taifid agus na cártaí tiománaí a chosaint go leordhóthanach, agus ní bhainfidh siad úsáid as leatháin taifid nó as cártaí tiománaí a bheidh salach nó dá ndearnadh damáiste. Agus fad na tréimhse seirbhíse á cur san áireamh, áiritheoidh an tiománaí go bhféadfar na sonraí a phriontáil i gceart ón tacagraf arna iarraidh sin don oifigeach rialaithe, i gcás cigireachta.
3. Más rud é, de bharr tiománaí a bheith ar shiúl ón bhfeithicil, nach féidir leis an tiománaí tacagraf atá feistithe ar an bhfeithicil a úsáid, déanfar an méid seo a leanas i dtaobh na dtréimhsí ama dá dtagraítear i bpointe (ii), i bpointe (iii) agus i bpointe (iv) de mhír 5 beidh an méid seo a leanas le déanamh:
(a) |
más rud é go bhfuil tacagraf analógach feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an leathán taifid, de láimh nó trí thaifeadadh uathoibríoch nó ar shlí eile, go soléite agus gan an leathán taifid a shalú; nó |
(b) |
más rud é go bhfuil tacagraf digiteach, tacagraf cliste 1 nó tacagraf cliste 2 feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an gcárta tiománaí trí úsáid a bhaint as an tsaoráid iontrála láimhe dá bhforáiltear sa tacagraf. |
Ní fhorchuirfidh gach Páirtí ar thiománaithe ceanglas foirmeacha a chur isteach chun a gcuid gníomhaíochtaí fad is a bhí siad ar shiúl ón bhfeithicil a fhianú.
4. I gcás ina mbeidh níos mó ná tiománaí amháin ar bord na feithicle ar a mbeidh tacagraf digiteach, tacagraf cliste 1 nó tacagraf cliste 2 feistithe, áiritheoidh gach tiománaí go gcuirfear a chárta tiománaí féin isteach sa sliotán ceart sa tacagraf.
Má bhíonn níos mó ná tiománaí amháin ar bord feithicle ar a bhfuil tacagraf analógach, feistithe, leasóidh tiománaithe na leatháin taifid de réir mar is gá chun go mbeidh an fhaisnéis chuí taifeadta ar leathán taifid an tiománaí a bheidh ag tiomáint go hiarbhír.
5. Déanfaidh tiománaithe:
(a) |
a áirithiú go mbeidh an t-am a thaifeadfar ar an leathán taifid ag teacht leis an am oifigiúil i dtír chlárúcháin na feithicle; |
(b) |
na sásraí laisc a oibriú chun go bhféadfar na tréimhsí ama seo a leanas a thaifeadadh ar leithligh agus go soiléir:
|
6. Cuirfidh gach tiománaí feithicle ar a bhfuil tacagraf analógach feistithe an fhaisnéis seo a leanas isteach ar a leathán taifid:
(a) |
nuair a thosóidh sé ag baint úsáide as an leathán taifid — sloinne agus céadainm an tiománaí; |
(b) |
an dáta agus an áit a dtosaíonn sé ag baint úsáide as an leathán taifid, agus an dáta agus an áit a gcríochnaíonn an úsáid sin; |
(c) |
uimhir chlárúcháin gach feithicle dá bhfuil an tiománaí sannta, ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán taifid agus ansin i gcás an fheithicil a athrú, le linn úsáid an leatháin taifid; |
(d) |
léamh an odaiméadair:
|
(e) |
an t-am a dhéantar an fheithicil a athrú; agus |
(f) |
siombailí na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil. Cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ina dtéann an tiománaí isteach tar éis dó teorainn Ballstáit den Aontas agus na Ríochta Aontaithe a thrasnú ag tús an chéad stad ag an tiománaí sa Bhallstát sin nó sa Ríocht Aontaithe. Is ag an áit stadta is gaire is féidir don teorainn, nó an taobh thall den teorann, a dhéanfar an chéad stop sin. I gcás ina dtrasnaítear an teorainn i mbád farantóireachta nó i dtraein, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ag an gcalafort nó ag an stáisiún ceann scríbe. |
7. Cuirfidh an tiománaí isteach sa tacagraf digiteach siombail na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil.
Ón 2 Feabhra 2022 ar aghaidh cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ina dtéann an tiománaí isteach tar éis dó teorainn Ballstáit agus na Ríochta Aontaithe a thrasnú ag tús an chéad stad ag an tiománaí sa Bhallstát sin nó sa Ríocht Aontaithe. Is ag an áit stadta is gaire is féidir don teorainn, nó an taobh thall den teorann, a dhéanfar an chéad stop sin. I gcás ina dtrasnaítear an teorainn i mbád farantóireachta nó i dtraein, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ag an gcalafort nó ag an stáisiún ceann scríbe.
Féadfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe a cheangal ar thiománaithe feithiclí a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí iompair laistigh de chríoch an Bhallstáit nó na Ríochta Aontaithe, sonraíochtaí geografacha níos mionsonraithe a chur le siombail na tíre, ar choinníoll go dtabharfaidh gach Páirtí fógra roimh ré don Pháirtí eile faoi na sonraíochtaí geografacha mionsonraithe sin.
Ní gá do thiománaithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt den chéad fhomhír a chur isteach i gcás ina ndéanann an tacagraf na sonraí suímh sin a thaifeadadh go huathoibríoch.
Airteagal 7
Ceartúsáid tacagraf
1. Áiritheoidh gnóthais iompair agus tiománaithe go bhfeidhmeoidh an tacagraf digiteach agus an cárta tiomána i gceart agus go n-úsáidfear go cuí iad. I gcás ina n-úsáidfidh gnóthais iompair agus tiománaithe tacagraif analógacha, áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh siad i gceart agus go n-úsáidfear leatháin taifid go cuí.
2. Aon sonraí a thaifeadtar ar an leathán taifid nó a stórálfar sa tacagraf nó ar an gcárta tiománaí nó aon asphrionta ón tacagraf, toirmiscfear iad a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ina theannta sin, toirmiscfear aon chúbláil ar an tacagraf, ar an leathán taifid nó ar an gcárta tiománaí lena bhféadfar sonraí agus/nó faisnéis phriontáilte a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ní bheidh aon fhearas a d’fhéadfaí a úsáid chun na críche sin le fáil san fheithicil.
Airteagal 8
Cártaí tiománaí goidte, caillte nó lochtacha
1. Coinneoidh údaráis eisiúna na bPáirtithe taifid de chártaí tiománaí a eiseofar, a ghoidfear, a chaillfear nó a éireoidh lochtach ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta.
2. Má dhéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis, tabharfaidh an tiománaí é ar ais d’údarás inniúil na tíre ina bhfuil a gnátháit chónaithe aige. Má ghoidtear an cárta tiománaí, déanfar é sin a dhearbhú go foirmiúil d’údaráis inniúla an Stáit inar goideadh é.
3. Déanfar aon chaillteanas an chárta tiománaí a thuairisciú i ndearbhú foirmiúil d’údaráis inniúla an Pháirtí a d’eisigh é agus chuig údaráis inniúla an Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, murab ionann iad.
4. I gcás ina ndéanfar damáiste do chárta tiománaí, i gcás ina mbeidh mífheidhm leis nó i gcás ina ngoidfear nó ina gcaillfear é, cuirfidh an tiománaí iarratas ar chárta athsholáthair chuig údaráis inniúla an Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige laistigh de seacht lá.
5. Sna cásanna a leagtar amach i mír 4, féadfaidh an tiománaí leanúint de bheith ag tiomáint gan cárta tiománaí ar feadh uastréimhse de 15 lá nó ar feadh tréimhse níos faide más gá é sin chun an fheithicil a thabhairt ar ais chuig an áitreabh ina bhfuil sé bunaithe, ar choinníoll go mbeidh an tiománaí in ann a chruthú nach féidir an cárta a thabhairt ar aird ná a úsáid ar feadh na tréimhse sin.
Airteagal 9
Cártaí tiománaí agus leatháin taifid arna ndamáistiú
1. I gcás ina ndéantar damáiste do leathán taifid ar a bhfuil taifeadtaí nó do chárta tiománaí, coinneoidh tiománaithe an leathán taifid nó an cárta tiománaí a bhfuil damáiste déanta dó in éineacht le haon leathán taifid breise a úsáidtear lena athsholáthar.
2. I gcás ina ndéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis nó má chailltear nó má ghoidtear é, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
(a) |
ag tús a thurais nó a turais, déanfaidh sé nó sí sonraí na feithicle atá sé nó sí a thiomáint a phriontáil amach agus cuirfidh sé nó sí isteach ar an asphrionta sin:
|
(b) |
ag deireadh an turais, déanfaidh sé an fhaisnéis a phriontáil amach maidir le tréimhsí ama atá taifeadta leis an tacagraf, agus déanfaidh sé aon tréimhsí oibre eile a thaifeadadh, aon tréimhsí a raibh an tiománaí ar fáil a thaifeadadh agus aon tréimhsí scíthe a tógadh ó chur amach an asphrionta ag tús an turais a thaifeadadh, i gcás nach dtaifeadfar an fhaisnéis sin leis an tacagraf, agus déanfaidh sé sonraí a mharcáil ar an doiciméad sin lena bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áireofar síniú an tiománaí. |
Airteagal 10
Taifid le hiompar ag an tiománaí
1. I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh tacagraf analógach feistithe, beidh air na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach rialaithe údaraithe amhlaidh:
(i) |
leathanaigh taifid an lae sin agus na 28 lá roimhe sin, |
(ii) |
an cárta tiománaí, má bhíonn ceann ina sheilbh aige; agus |
(iii) |
aon taifid de láimh agus aon asphrionta arna ndéanamh le linn an lá sin agus na 28 lá roimhe sin. |
2. I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh tacagraf digiteach, tacagraf cliste 1 nó tacagraf cliste 2 feistithe, beidh ar an tiománaí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach rialaithe údaraithe amhlaidh:
(i) |
cárta tiomána an tiománaí; |
(ii) |
aon taifid de láimh agus aon asphrionta arna ndéanamh le linn an lá sin agus na 28 lá roimhe sin, agus |
(iii) |
na leatháin taifid a chomhfhreagraíonn don tréimhse chéanna leis an tréimhse sin dá dtagraítear i bpointe (ii) nuair a thiomáin sé feithicil ar a raibh tacagraf analógach feistithe. |
Ón 31 Nollaig 2024, cuirfear 56 lá in ionad na tréimhse 28 lá dá dtagraítear i bpointí (i) agus (iii) de mhír 1 agus i bpointe (ii) de mhír 2.
3. Féadfaidh oifigeach rialaithe údaraithe a sheiceáil go bhfuil Roinn 2 de Chuid B á comhlíonadh trí anailís a dhéanamh ar na leatháin taifid, ar na sonraí a taifeadadh leis an tacagraf, nó leis an gcárta tiománaí, bíodh na sonraí sin ar taispeáint, priontáilte nó íoslódáilte nó, in éagmais sin, aon doiciméad tacaíochta eile lena léirítear údar a bheith le neamhchomhlíonadh forála.
Airteagal 11
Nósanna imeachta le haghaidh tiománaithe i gcás mífheidhm a bheith le trealamh
Fad is a bheidh an tacagraf neamhfhóinteach nó fad is a bheidh mífheidhm leis, déanfaidh an tiománaí na sonraí lena bhféadfar é a shainaithint a mharcáil, (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áirítear síniú, mar aon le gach faisnéis faoi thréimhsí éagsúla ama nach bhfuil taifeadta a thuilleadh nó priontáilte amach i gceart leis an tacagraf:
(a) |
ar an leathán nó ar na leatháin taifid; nó |
(b) |
ar leathán sealadach a cheanglófar leis an leathán taifid nó a choinneofar in éineacht leis an gcárta tiománaí. |
Airteagal 12
Bearta forfheidhmiúcháin
1. Glacfaidh gach Páirtí gach beart is cuí chun a áirithiú go n-urramófar forálacha Ranna 2, 3 agus 4 de Chuid B, go háirithe trí leibhéal leordhóthanach seiceálacha agus seiceálacha cois bóthair a áirithiú gach bliain a dhéanfar in áitreabh gnóthas lena gclúdaítear sampla mór ionadaíoch d’oibrithe soghluaiste, tiománaithe, gnóthais agus feithiclí na gcatagóir iompair uile a thagann faoi raon feidhme na ranna sin.
Eagróidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí na seiceálacha chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i) |
le linn gach bliana féilire, déanfar seiceáil ar 3 % ar a laghad de na laethanta a oibreoidh tiománaithe feithiclí a thagann faoi raon feidhme Roinn 2 Chuid B den Iarscríbhinn seo; agus |
(ii) |
déanfar 30 % acu ar a laghad cois bóthair agus déanfar 50 % acu ar a laghad ag áitreabh na ngnóthas. |
Áireofar sna seiceálacha cois bóthair an méid seo a leanas:
(i) |
Tréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, bristeacha agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla; |
(ii) |
leatháin taifid na laethanta roimhe sin, a bheidh ar bord na feithicle, agus/nó na sonraí a stóráiltear maidir leis an tréimhse chéanna ar an gcárta tiománaí agus/nó i gcuimhne an tacagraif agus/nó ar na hasphriontaí, nuair is gá; agus |
(iii) |
feidhmiú ceart an tacagraif. |
Déanfar na seiceálacha sin gan idirdhealú a dhéanamh idir feithiclí, gnóthais agus tiománaithe, bíodh a ngnátháit chónaithe sa Pháirtí sin nó ná bíodh, agus gan beann ar áit tionscnaimh nó ar cheann scríbe an turais ná ar an gcineál tacagraif.
Áireofar ar eilimintí na seiceálacha ar áitreabh na ngnóthas, sa bhreis ar na heilimintí atá faoi réir seiceálacha cois bóthair:
(i) |
tréimhsí scíthe seachtainiúla agus tréimhsí tiomána idir na tréimhsí sin; |
(ii) |
teorainneacha tiomána le haghaidh tréimhsí coicíse; |
(iii) |
cúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(6) agus (7) de Roinn 2 de Chuid B; agus |
(iv) |
úsáid leathán taifid agus/nó aonad feithicle agus sonraí cárta tiománaí agus asphriontaí agus/nó eagrú am oibre na dtiománaithe. |
2. Más rud é, de bharr thorthaí na seiceála cois bóthair ar thiománaí feithicle atá cláraithe i gcríoch an Pháirtí eile, go bhfuil forais ann lena chreidiúint go ndearnadh sáruithe nach féidir a bhrath le linn na seiceála de deasca easpa sonraí riachtanacha, tabharfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí cúnamh dá chéile chun an staid a shoiléiriú. I gcásanna ina ndéanann údaráis inniúla Páirtí seiceáil ag áitreabh an ghnóthais chun na críche sin, cuirfear torthaí na seiceála sin in iúl d’údaráis inniúla an Pháirtí eile.
3. Oibreoidh na húdaráis inniúla sna Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le heagrú na seiceálacha cois bóthair comhbheartaithe.
4. Tabharfaidh gach Páirtí isteach córas rátála riosca maidir le gnóthais a dhéanfaidh sárú a bheidh bunaithe ar líon coibhneasta agus ar dhéine choibhneasta aon sárú a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-1 agus aon sárú a áirítear sa liosta arna dhréachtú ag an gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar faoi Airteagal 6(3) de Roinn 1 de Chuid A, arna ndéanamh ag gnóthas aonair.
5. Déanfar gnóthais a bhfuil rátáil riosca ard ina leith a sheiceáil ar bhealach níos dlúithe agus níos minice.
6. Déanfaidh gach Páirtí, agus i gcás an Aontais, gach Ballstát, a chur ar chumas a n-údaráis inniúla chun pionós a chur ar oibreora tarlaithe de bhóthar agus/nó tiománaí le haghaidh sárú na forálacha infheidhme maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe tiománaithe a bhraitear ar a chríocha, sárú nach ndearnadh pionós a fhorchur ina leith go fóill, fiú i gcás ina ndéantar an sárú sin ar chríocha an Pháirtí eile nó, i gcás an Aontais, ar críocha Ballstáit nó tríú tír.
Foscríbhinn 31-B-4-1
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA AN TACAGRAIF ANALÓGAIGH
Déantar Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
(a) |
I Roinn III (Ceanglais tógála maidir le tógála trealamh taifeadta), i mír 4.1 d’fhoroinn (c) (Ionstraimí taifeadta), le haghaidh ‘Airteagal 15(3), dara fleasc (b), (c) agus (d) den Rialachán’ cuir isteach ‘pointí (ii), (iii) agus (iv) de mhír b d'Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B d'Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.’ |
(b) |
I Roinn III (Ceanglais tógála maidir le trealamh taifeadta), i mír 4.2 d’fhoroinn (c) (Ionstraimí taifeadta), le haghaidh ‘Airteagal 15 den Rialachán’ cuir isteach ‘Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B d'Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.’ |
(c) |
I Roinn IV (Bileoga taifeadta), sa tríú fomhír de mhír 1 d’fhoroinn (a) (Pointí ginearálta), le haghaidh ‘Airteagal 15(5) den Rialachán’ cuir isteach ‘Airteagal 6(6) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
(d) |
I Roinn V (Trealamh taifeadta a shuiteáil), sa chéad fhomhír de mhír 5, le haghaidh ‘an Rialachán seo’ cuir isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Chuid C d'Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
(e) |
I Roinn V (Trealamh taifeadta a shuiteáil), sa tríú fomhír de mhír 5, le haghaidh ‘Cuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 70/156/CEE ón gComhairle' cuir isteach ' an Rún Comhdhlúite maidir le Feithiclí a Chóimeáil (R.E.3)’ agus le haghaidh ‘an Rialachán’ cuir isteach ‘Roinn 2 de Chuid C d'Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
(f) |
I Roinn VI (Seiceálacha agus cigireachtaí), sa téacs roimh mhír 1, tar éis ‘Ballstáit’ cuir isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe’. |
(g) |
I Roinn VI (Seiceálacha agus cigireachtaí), sa dara fomhír de mhír 1 (Ionstraimí nua nó deisithe a dheimhniú), tar éis ‘Ballstáit’ cuir isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe’ agus le haghaidh ‘na Rialacháin agus a nIarscríbhinní’ cuir isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Chuid C d'Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
(h) |
I Roinn VI (Seiceálacha agus cigireachtaí), i bhfomhír (b) de mhír 3, (Cigireachtaí tréimhsiúla), tar éis ‘Ballstát’ cuir isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe’. |
Foscríbhinn 31-B-4-2
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA AN TACAGRAIF DHIGITIGH
Déantar Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, lena n-áirítear na foscríbhinní a ghabhann leis, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 (6), a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
1. |
I gcás na Ríochta Aontaithe, cuirtear isteach ‘Páirtí’ in ionad tagairtí do ‘Ballstát’, ach amháin le haghaidh na dtagairtí i bhforoinn IV (Ceanglais maidir le tógáil agus feidhmíocht le haghaidh cártaí tacagraif), mír 174 agus foroinn VII (Cártaí a eisiúint ), mír 268a; |
2. |
Le haghaidh ‘Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle’ agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006’ cuir isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’; |
Déantar Roinn I d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):
|
4. |
I bpointe (bb), cuirtear ‘an dlí is infheidhme i ngach Páirtí’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/6/CEE ón gComhairle’. |
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe (ii): ‘ciallaíonn ‘deimhniú slándála’: próiseas chun a dheimhniú, a dhéanann Comhlacht Deimhniúcháin critéar coiteanna, go gcomhlíonann an trealamh taifeadta (nó comhpháirt ann) na ceanglais slándála a shainítear sna próifílí cosanta ábhartha;’ |
6. |
I bpointe (mm), cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 54’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23/CEE’. |
7. |
I bpointe (vv), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 17: ‘ciallaíonn ‘Uimhir Aitheantais Feithicle’ meascán seasta de charachtair atá sannta do gach feithicil ag an monaróir, ar meascán é a bhfuil dhá chuid ann: an chéad chuid, nach bhfuil níos mó ná sé charachtar ann (litreacha nó figiúirí), lena sainaithnítear tréithe ginearálta na feithicle, an cineál agus an múnla, go sonrach; an dara cuid, a bhfuil ocht gcarachtar ann a bhféadfadh na chéad cheithre cinn acu a bheith ina litreacha nó ina bhfigiúirí agus a gcaithfidh na ceithre cinn eile a bheith ina bhfigiúirí, lena léirítear, in éineacht leis an gcéad chuid, sainaitheantas cruinn feithicle ar leith.’ |
8. |
I bpointe (rr), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
|
Déantar Roinn II (Tréithe ginearálta agus feidhmeanna an trealaimh taifeadta) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
9. |
I mír 004, scriostar an fhomhír dheireanach. |
Déantar Roinn III (Ceanglais tógála agus fheidhmiúla maidir le trealamh taifeadta) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
10. |
I mír 065, cuirtear ‘Rún Comhdhlúite maidir le déanmhas feithiclí (R.E.3)’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 2007/46/CE.’ |
11. |
I bpointe 162, cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CEE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 1995 arna oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil Treoir 72/245/CEE ón gComhairle’. |
Déantar Roinn IV d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
12. |
I mír 174, in ionad na tagartha do ‘RA: An Ríocht Aontaithe’ cuirtear isteach ‘I gcás na Ríochta Aontaithe, is é RA an sainchomhartha a bheidh ann.’ |
13. |
I mír 185, in ionad na tagartha do ‘Críoch an Chomhphobail’ cuirtear isteach ‘críoch an Aontais agus na Ríochta Aontaithe’. |
14. |
I mír 188, cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE an 31 Deireadh Fómhair 1995’. |
15. |
I mír 189, scriostar an fhomhír dheireanach. |
Déantar Roinn V d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
16. |
I mír 250a, cuirtear ‘Foscríbhinn 12 den Iarscríbhinn seo’ in ionad na tagartha do ‘Rialachán (CE) Uimh. 68/2009.’ |
Déantar Roinn VI (Seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
17. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráitigh: “Ceanglais maidir leis na cúinsí Le haghaidh ‘Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle’ agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 5/5’ cuir isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’; |
18. |
Faoi fhoroinn 1 (Ceadú feisteoirí nó ceardlann), in ionad na tagartha ‘d’Airteagal 12(1) den Rialachán seo’ cuirtear ‘Airteagal 8 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
Déantar Roinn VII (Cártaí a eisiúint) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
19. |
I mír 268a, tar éis ‘Ballstáit’, áit ar bith a mbíonn sé ann, cuir isteach ‘agus na Ríocht Aontaithe‘. |
Déantar Roinn VIII (Cineálcheadú trealaimh taifeadta agus cártaí tacagraif) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
20. |
I mír 271, bain amach ‘i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo’. |
Déantar Foscríbhinn 1 (Foclóir sonraí) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
21. |
I bpointe 2.111, in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23 (CEE) 31.3.1992, IO L 129, lch 95’ cuirtear isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 54’. |
Déantar Foscríbhinn 9 (Cineálcheadú Liosta de thástálacha íosta ceangailte) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
22. |
I bhfophointe 5.1 de Roinn 2 (Tástálacha feidhmiúla aonaid feithicle), cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE’. |
23. |
I bhfophointe 5.1 de Roinn 3 (Tástálacha feidhmiúla braiteora gluaisne), cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE’. |
Déantar Foscríbhinn 12 (Cuibheoir le haghaidh feithiclí de chatagóir M1 agus N1) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
24. |
I Roinn 4 (Ceanglais maidir le tógáil agus feidhmíocht le haghaidh an cuibheora) I bhfomhír 4.5 (sainfheidhmiúcháin) in ADA_023, in ionad ‘Treoir 2006/28/CE ón gCoimisiún arna oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil Treoir 72/245/CEE’ cuir isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’. |
25. |
I bpointe 5.1 den tábla i bhforoinn 7.2 (Deimhniúchán feidhmíochta), cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’ in ionad ‘Treoir 2006/28/CE’. |
Foscríbhinn 31-B-4-3
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA AN TACAGRAIF CHLISTE
Déantar Rialachán (AE) 2016/799, lena n-áirítear na hiarscríbhinní agus na foscríbhinní a ghabhann leis, a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
1. |
I gcás na Ríochta Aontaithe, in ionad na tagartha do ‘Bhallstát’ cuir isteach ‘Páirtí’, ach amháin i gcás na dtagairtí i bpointe (229) d'fhoroinn 4.1 agus i bpointe (424) de Roinn 7; |
2. |
Le haghaidh ‘Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85’ agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006’ cuir isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’; |
3. |
Le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuir isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Cuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’, seachas le haghaidh na dtagairtí i bpointe (402) d’fhoroinn 5.3 agus i bpointe (424) de Roinn 7’; |
4. |
Le haghaidh ‘Treoir (AE) 2015/719’ agus ‘Treoir 96/53/CE ón gComhairle’ cuir isteach ‘Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
Déantar Roinn 1 (Sainmhínithe) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):
|
6. |
I bpointe (hh), cuirtear ‘an dlí is infheidhme i ngach Páirtí’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/6/CEE ón gComhairle’; |
7. |
I bpointe (uu), cuirtear ‘Rialachán UNECE Uimh. 54’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23/CEE’; |
8. |
I bpointe (vv), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 9: ‘ciallaíonn ‘Uimhir Aitheantais Feithicle’ meascán seasta de charachtair atá sannta do gach feithicil ag an monaróir, ar meascán é a bhfuil dhá chuid ann: an chéad chuid, nach bhfuil níos mó ná sé charachtar ann (litreacha nó figiúirí), lena sainaithnítear tréithe ginearálta na feithicle, an cineál agus an múnla, go sonrach; an dara cuid, a bhfuil ocht gcarachtar ann a bhféadfadh na chéad cheithre cinn acu a bheith ina litreacha nó ina bhfigiúirí agus a gcaithfidh na ceithre cinn eile a bheith ina bhfigiúirí, lena léirítear, in éineacht leis an gcéad chuid, sainaitheantas cruinn feithicle ar leith.’; |
9. |
I bpointe (yy), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
|
10. |
Scriostar pointe (aaa); |
11. |
I bpointe (ccc), cuirtear ‘15 Meitheamh 2019’ in ionad na chéad mhíre. |
Déantar Roinn II (Tréithe ginearálta agus feidhmeanna an trealaimh taifeadta) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gComhairle a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
12. |
Scriostar an fomhír deiridh de mhír (7) d'fhoroinn 2.1. |
Déantar Roinn III (Ceanglais tógála agus feidhmíochta maidir le trealamh taifeadta) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gComhairle a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
13. |
I bpointe (200) d'fhoroinn 3.20, scriostar an dara habairt den tríú fomhír. |
14. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (201) de fhomhír 3.20: ‘Le nasc tiomnaithe sraithe iomchuí a úsáid, neamhspleách ar nasc bus roghnach CAN (ISO 11898 Feithiclí bóthair – Idirmhalartú faisnéise digití – Líonra Achair Rialaitheora (CAN) le haghaidh cumarsáide ardluais), féadfaidh an t-aonad feithicle na sonraí seo a leanas a aschur freisin ionas gur féidir le haonaid leictreonacha eile atá suiteáilte san fheithicil iad a phróiseáil:
Féadfaidh sé sonraí eile a aschur chomh maith leis an liosta íosta sin. Craolfar na sonraí sin go buan nuair a bhíonn adhainte na feithicle AIR. Nuair a bhíonn adhainte na feithicle AS, ginfear aschur sonraí comhfhreagrach le haon athrú ar ghníomhaíocht an tiománaí nó ar ghníomhaíocht an chomhthiománaí ar a laghad agus/nó cárta tacagraif a chuirtear isteach nó a tharraingítear amach. I gcás ina gcoinnítear siar aschur sonraí fad is a bhíonn adhaint na feithicle AS, cuirfear na sonraí sin ar fáil a luaithe a bheidh adhainte na feithicle AR an athuair. Éileofar toiliú an tiománaí i gcás ina dtarchuirfear sonraí pearsanta.’ |
Déantar Roinn 4 (Ceanglais tógál agus feidhmíochta le haghaidh cártaí tacaighraif) d'Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
15. |
I bpointe (229) d’fhoroinn 4.1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘I gcás na Ríochta Aontaithe, is é RA an sainchomhartha a bheidh ann.’; |
16. |
I bpointe (237) le haghaidh ‘Airteagal 26.4 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuir isteach ‘Airteagal 9(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis na gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’; |
17. |
I bpointe (241) d'fhoroinn 4.4 de Chaibidil 4 den Iarscríbhinn seo, in ionad na bhfocal ‘Críoch an Chomhphobail’ cuirtear isteach ‘críoch an Aontais agus na Ríochta Aontaithe’; |
18. |
Scriostar pointe (246) d’fhomhír 4.5. |
Déantar Roinn 5 (Suiteáil trealaimh taifeadta) d'Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
19. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (397) d’fhoroinn 5.2:
|
20. |
I bpointe (402) d’fhoroinn 5.3, le haghaidh ‘Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuir isteach ‘Airteagal 5(3) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus na Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
Déantar Roinn 6 (Seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin) d'Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar seo a leanas:
21. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráitigh: ‘Is i gCaibidil 5.3 den Iarscríbhinn seo a shainmhínítear na ceanglais maidir leis na himthosca inar féidir séalaí a bhaint’. |
Déantar Roinn 7 (Cártaí a eisiúint) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
22. |
I bpointe (424) tar éis na tagartha do ‘Ballstáit’ cuir isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe’, agus in ionad na tagartha do ‘Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuir isteach ‘Airteagal 13 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
Déantar Foscríbhinn 1 (Foclóir sonraí) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
23. |
I bpointe 2.163, in ionad ‘Treoir 92/23/CEE’ cuir isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 54’. |
Déantar Foscríbhinn 11 (Sásraí slándála comhchoiteanna) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
24. |
I bpointe 9.1.4 (Leibhéal Trealaimh: Aonaid Feithicle), sa chéad nóta faoi CSM_78, le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’ cuir isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
25. |
I bpointe 9.1.5 (Leibhéal Trealaimh: Cártaí Tacagraif), sa nóta faoi CS_89, le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’ cuir isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’. |
Déantar Foscríbhinn 12 (Seirbhís suite bunaithe ar an gCóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS)) d'Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gComhairle a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
26. |
Scriostar an dara fomhír de Roinn 1 (Réamhrá). |
27. |
I Roinn 2 (Sonraíocht an ghlacadóra GNSS), in ionad na tagartha do ‘chomhoiriúnacht na seirbhísí arna gcur ar fáil ag na cláir Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’, cuir isteach ‘comhoiriúnacht le Córas Méadúcháin Bunaithe ar Shatailítí (SBAS)’. |
Déantar Foscríbhinn 16 (Cuibheoir le haghaidh feithiclí de catagóirí M1 agus N1) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/799 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
28. |
I bpointe 5.1 sa tábla faoi Roinn (7) (Cineálcheadú de threalamh taifeadta i gcás ina mbaintear úsáid as cuibheoir), in ionad na tagartha ‘Treoir 2006/28/CE’ cuirtear isteach ‘Rialachán UNECE Uimh. 10’. |
PÁIRT C
CEANGLAIS LE HAGHAIDH FEITHICLÍ A ÚSÁIDTEAR CHUN EARRAÍ A IOMPAR I GCOMHRÉIR LE HAirteagal 466 DEN CHOMHAONTÚ SEO
ROINN 1
MEÁCHAIN AGUS TOISÍ
Airteagal 1
Ábhar agus prionsabail
Is i bhFoscríbhinn 31-C-1-1a leagtar amach na meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a fhéadfar a úsáid le haghaidh turas dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chumhacht-thiomáinte a ghluaiseann as a lúth féin ar an mbóthar; |
(b) |
ciallaíonn ‘leantóir’ aon fheithicil a bheartaítear a chúpláil le mótarfheithicil, cé is moite de leathleantóirí, arna thógáil agus atá feistithe chun earraí a iompar; |
(c) |
ciallaíonn ‘leathleantóir’ aon fheithicil a bheartaítear a chúpláil le mótarfheithicil sa chaoi go mbeidh cuid di leagtha ar an mótarfheithicil agus cuid mhór dá mheáchan agus de mheáchan a ualaigh ar an mótarfheithicil, arna thógáil agus atá feistithe chun earraí a iompar; |
(d) |
ciallaíonn ‘cónasc feithiclí’:
|
(e) |
ciallaíonn ‘feithicil chóirithe’ aon fheithicil a bhfuil a forstruchtúir daingnithe nó sochorraithe feistithe go speisialta chun earraí a iompar ag teochtaí rialaithe agus a bhfuil a taobh-bhallaí, insliú san áireamh, 45 mm ar tiús ar a laghad; |
(f) |
ciallaíonn ‘toisí údaraithe uasta’ toisí uasta feithicle a úsáidtear; |
(g) |
ciallaíonn ‘meáchan údaraithe uasta’ an meáchan uasta feithicle ualaithe a úsáidtear; |
(h) |
ciallaíonn ‘meáchan acastóra údaraithe uasta’ meáchan uasta acastóra údaraithe ag acastóra ualaithe nó grúpa acastóirí; |
(i) |
ciallaíonn ‘tona’ meáchan maise tona agus beidh sé comhfhreagrach do 9.8 ciliniútan (kN); |
(j) |
ciallaíonn ‘ualach doroinnte’ ualach nach féidir, chun críche iompair de bhóthar, a roinnt ina dhá ualach nó níos mó gan speansas míchuí ná baol damáiste agus nach féidir, mar gheall ar a thoisí nó a mhais, a iompar le mótarfheithicil, leantóir, traein bhóthair nó feithicil altach lena gcomhlíontar an Roinn seo ar gach bealach; |
(k) |
ciallaíonn ‘breoslaí ionadúla’ breoslaí nó foinsí cumhachta is féidir a úsáid, i bpáirt ar a laghad, in ionad foinsí breosla iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh iompair, agus a bhfuil poitéinseal iontu cur le dícharbónú an iompair agus feabhas a chur ar fheidhmíocht na hearnála iompair ó thaobh an chomhshaoil de, is iad sin a leanas:
|
(l) |
ciallaíonn ‘feithicil breosla ionadúil’ mótarfheithicil a chumhachtaítear go hiomlán nó go páirteach le breosla ionadúil; |
(m) |
ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’ feithicil earraí troma gan inneall dócháin inmheánaigh, nó inneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh ; agus |
(n) |
ciallaíonn ‘oibríocht iompair idirmhódúil” iompar coimeádáin amháin nó níos mó nó iompar cabhlach babhtála amháin nó níos mó, nach faide ná 45 throigh ar fad, i gcás ina dtaistealaíonn an leoraí, an leantóir, an leathleantóir (ag a bhfuil aonad tarracóra nó gan é), an chabhail babhtála nó an coimeádán, ar bhóthar ar an gcéim thosaigh agus/nó an chéim dheiridh den turas agus, ar an gcéim eile, ar iarnróid nó ar uiscebhealach intíre nó ar seirbhísí muirí. |
Airteagal 3
Ceadúnais speisialta
Ní cheadaítear d’fheithicil nó do chónasc feithiclí a sháraíonn na meáchain uasta nó na toisí uasta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-C-1-1a chur i gcúrsaíocht ach amháin ar bhonn cead speisialta arna eisiúint gan idirdhealú ag na húdaráis inniúla, nó ar bhonn socruithe neamh-idirdhealaitheacha comhchosúla arna gcomhaontú ar bhonn cás ar chás leis na húdaráis sin, i gcás ina n-iompraíonn na feithiclí nó na cónaisc sin ualaí doroinnte nó ina bhfuil siad ceaptha ualaí doroinnte a iompar.
Airteagal 4
Srianta áitiúla
Ní choiscfidh an Roinn seo cur i bhfeidhm neamh-idirdhealaitheach na bhforálacha um thrácht ar bhóithre a bheidh i bhfeidhm i ngach Páirtí lena gceadófar meáchan agus/nó toisí feithiclí ar bhóithre áirithe nó ar dhéanmhais innealtóireachta sibhialta áirithe a theorannú.
Áirítear leis sin an fhéidearthacht srianta áitiúla a fhorchur maidir le toisí údaraithe uasta agus/nó meáchain údaraithe uasta feithiclí a fhéadfar a úsáid i limistéir shonraithe nó ar bhóithre sonraithe, i gcás nach bhfuil an bonneagar oiriúnach d’fheithiclí fada agus troma, amhail i lár cathracha, i sráidbhailte beaga nó in áiteanna speisialta ó thaobh an nádúir de.
Airteagal 5
Gairis aeraidinimiciúla atá i gceangal le cúl feithiclí nó cúl cónaisc feithiclí
1. Maidir le feithiclí nó cónaisc feithiclí ar a bhfuil gairis aeraidinimiciúla feisithe, féadfaidh siad a bheith níos faide ná na faid uasta dá bhforáiltear i bpointe 1.1 d’Fhoscríbhinn 31-C-1-1 chun gur féidir gairis den sórt sin a chur ar chúl feithiclí nó cónaisc feithiclí. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhfuil na gairis sin feistithe orthu pointe 1.5 d’Fhoscríbhinn 31-C-1-1 , agus ní thiocfaidh méadú ar fhad lódála na bhfeithiclí sin ná ar fhad lódála na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon cheann atá níos faide ná na faid uasta.
2. Comhlíonfaidh na gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha oibríochtúla seo a leanas:
(a) |
i gcás ina bhfuil sábháilteacht úsáideoirí eile bóithre nó sábháilteacht an tiománaí i mbaol, déanfaidh an tiománaí iad a fhilleadh, a tharraingt siar nó a bhaint; |
(b) |
i gcás ina mbeidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúla níos faide ná 500 mm i staid úsáide, beidh siad intarraingthe nó infhillte; |
(c) |
cuirfear san áireamh, agus iad á n-úsáid ar bhonneagair bóithre uirbeacha agus idir uirbeacha, tréithe speisialta limistéar ina bhfuil an luasteorainn níos lú ná, nó cothrom le, 50 km/h agus i gcás inar dóchúla go mbeidh úsáideoirí soghonta bóithre ann; agus |
(d) |
nuair a bheidh siad tarraingthe/fillte, ní bheidh siad níos mó ná 20 cm níos faide ná an fad údaraithe uasta. |
Airteagal 6
Cábáin aeraidinimiciúla
Féadfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí a bheith níos faide ná na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d'Fhoscríbhinn 31-C-1-1 ar choinníoll go mbeidh feidhmíocht aeraidinimiciúil, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht sábháilteachta na gcábán acu feabhsaithe. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhfuil na gairis sin feistithe orthu pointe 1.5 d’Fhoscríbhinn 31-C-1-1 agus ní thiocfaidh méadú ar fhad lódála na bhfeithiclí sin ná ar fhad lódála na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon cheann atá níos faide ná na faid uasta.
Airteagal 7
Oibríochtaí iompair idirmhódúla
1. I gcás feithiclí nó cónaisc feithiclí atá ag gabháil d'iompar coimeádán 45 throigh ar fad nó d’iompar cabhlacha babhtála atá 45 throigh ar fad, agus iad folamh nó luchtaithe, féadfar na feithiclí sin nó na cónaisc feithiclí sin a bheith 15 cm níos faide ná na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d‘Fhoscríbhinn 31-C-1-1 , faoi réir Airteagal 6, i gcás inarb infheidhme, agus an fad uasta a leagtar síos i bpointe 1.6 d’Fhoscríbhinn 31-C-1-1 ar choinníoll gur cuid d'oibríocht iompair idirmhódúil é iompar de bhóthar an choimeádáin nó na cabhlach babhtála atá i gceist, a chuirfear i gcrích de réir na gcoinníollacha a leagtar síos ag gach Páirtí é.
2. Maidir le hoibríochtaí iompair idirmhódúla, féadfaidh meáchan údaraithe uasta feithiclí altacha, ag a bhfuil cúig nó sé acastóir, a bheith dhá thona níos troime sa chónasc a leagtar amach i bpointe 2.2.2(a) d’Fhoscríbhinn 31-C-1-1 agus a bheith ceithre thona níos troime sa chónasc a leagtar amach i bpointe 2.2.2(b) d’Fhoscríbhinn 31-C-1-1 . Ní rachaidh meáchan údaraithe uasta na bhfeithiclí sin thar 44 thona.
Airteagal 8
Cruthúnas ar chomhlíontacht
1. Mar chruthúnas ar chomhlíonadh na roinne seo, beidh ag feithiclí lena mbaineann ceann de na cruthúnais seo a leanas:
(a) |
cónasc den dá phláta seo a leanas:
|
(b) |
pláta amháin ina mbeidh an fhaisnéis ar an dá phláta dá dtagraítear i bpointe (a); nó |
(c) |
doiciméad amháin arna eisiúint ag údaráis inniúla Páirtí nó, i gcás an Aontais, ag an mBallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht agus ina mbeidh an fhaisnéis chéanna leis na plátaí dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar í a choinneáil in áit a mbeidh rochtain éasca uirthi chun iniúchadh a dhéanamh uirthi agus déanfar í a chosaint go leordhóthanach. |
2. Mura mbeidh saintréithe na feithicle ag freagairt a thuilleadh dóibh siúd a léirítear ar an gcruthúnas comhréireachta, déanfaidh an Páirtí nó, i gcás an Aontais, an Ballstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht, na bearta is gá chun a áirithiú go n-athrófar an cruthúnas ar chomhlíonadh.
3. Aithneoidh na Páirtithe na plátaí agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 mar chruthúnas ar chomhlíonadh na feithicle dá bhforáiltear sa Roinn seo.
Airteagal 9
Forfheidhmiú
1. Déanfaidh gach Páirtí bearta sonracha lena sainaithneofar feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht ar dócha iad a bheith os cionn an mheáchain údaraithe uasta agus a dhéanfaidh údaráis inniúla na bPáirtithe iad a sheiceáil dá bhrí sin d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo. Féadfar sin a dhéanamh le cabhair ó chórais uathoibríocha a chuirtear ar bun ar an mbonneagar bóthair, nó trí threalamh meáite ar bord a shuiteáiltear i bhfeithiclí. Beidh trealamh meáite den sórt sin ar bord cruinn iontaofa, idir-inoibritheach go hiomlán agus comhoiriúnach do gach cineál feithicle.
2. Ní éileoidh Páirtí trealamh meáite ar bord a shuiteáil ar fheithiclí nó ar chónaisc feithiclí atá cláraithe sa Pháirtí eile.
3. I gcás ina n-úsáidtear córais uathoibríocha chun sáruithe ar an Roinn seo a shuíomh agus chun pionóis a ghearradh, deimhneofar na córais uathoibríocha sin. I gcás nach n-úsáidtear córais uathoibríocha ach chun críocha aitheantais, ní gá iad a dheimhniú.
4. Áiritheoidh na Páirtithe, i gcomhréir le hAirteagal 14 de roinn 1 Chuid A , go malartóidh a n-údaráis inniúla faisnéis faoi sháruithe agus faoi phionóis a bhaineann leis an Airteagal seo.
Foscríbhinn 31-C-1-1
MEÁCHAIN UASTA AGUS TOISÍ UASTA AGUS TRÉITHE GAOLMHARA FEITHICLÍ
1. Toisí údaraithe uasta feithiclí (i méadair; ‘m’)
1.1 |
Fad uasta:
|
1.2 |
An leithead uasta:
|
1.3 |
Airde uasta (aon fheithicil) 4.00 m |
1.4 |
Tá forstruchtúir inbhainte agus earraí lastais caighdeánaithe amhail coimeádáin ar áireamh sna toisí a shonraítear i bpointí 1.1, 1.2, 1.3, 1.6, 1.7, 1.8 agus 4.4 |
1.5 |
Ní mór d'aon mhótarfheithicil nó cónasc feithicle atá ag gluaiseacht a bheith in ann casadh laistigh d’achar scuabtha dar ga seachtrach 12.50 m agus dar ga istigh 5.30 m |
1.6 |
An fad uasta idir ais pionna ceann aise an chúigiú roth agus cúl an leathleantóra 12.00 m |
1.7 |
An fad uasta ais na traenach bóthair ó phointe seachtrach tosaigh na láithreach luchtaithe taobh thiar den chábán go dtí an pointe is faide siar seachtrach de leantóir an chónaisc, lúide an t-achar idir cúl na feithicle tarraingthe agus tosach an leantóra 15.65 m |
1.8 |
Achair uasta tomhaiste comhthreomhar le fad ais na traenach bóthair ó phointe seachtrach tosaigh na láithreach luchtaithe taobh thiar den chábán go dtí an pointe is faide siar seachtrach de leantóir an chónaisc 16.40 m |
2. Meáchan údaraithe uasta feithiclí (i dtonaí)
2.1 |
Feithiclí is cuid de chónasc feithicle
|
2.2 |
Cónaisc feithiclí
Maidir le cónaisc feithiclí, lena n-áirítear feithiclí breosla ionadúil nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa Roinn seo le meáchan breise an bhreosla ionadúil nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha agus is é 1 tona agus 2 thona an t-uasmhéid ina leith. |
2.2.1 |
Traenacha bóthair le 5 nó 6 acastóir
|
2.2.2 |
Feithiclí altacha le 5 nó 6 acastóir
|
2.2.3 |
Traenacha bóthair le ceithre acastóir arb é atá iontu dhá acastóir Mótarfheithicil agus leantóir dhá acastóir 36 thona |
2.2.4 |
Feithiclí altacha, ag a bhfuil a ceithre acastóir, arb é atá iontu mótarfheithicil dhá acastóir agus leathleantóir dhá acastóir, más rud é, maidir leis an achar idir acastóirí an leathleantóra:
|
2.3 |
Mótarfheithiclí
Maidir le mótarfheithicil breosla ionadúil nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhforoinn 2.3.1 agus i bhforoinn 2.3.2 le meáchan breise an bhreosla ionadúil nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha agus is é 1 tona agus 2 thona an t-uasmhéid ina leith. |
2.3.1 |
Mótarfheithiclí dhá acastóir 18 dtona |
2.3.2 |
Mótarfheithiclí trí acastóir 25 thona (26 thona i gcás ina mbeidh boinn cúplacha agus aerchrochadh nó crochadh coibhéiseach feistithe ar an acastóir tiomána, nó i gcás ina mbeidh boinn cúplacha feistithe ar gach acastóir tiomána agus nach mó ná 9.5 dtona meáchan uasta gach acastóra ar leith) |
2.3.3 |
Mótarfheithiclí ceithre acastóir a bhfuil dhá acastóirstiúrtha acu 32 thona i gcás ina mbeidh boinn cúplacha agus aerchrochadh nó crochadh coibhéiseach feistithe ar an acastóir tiomána, nó i gcás ina mbeidh boinn cúplacha feistithe ar gach acastóir tiomána agus nach mó ná 9.5 tona meáchan uasta gach acastóra ar leith |
3. Meáchan údaraithe uasta acastóirí na bhfeithiclí (i dtonaí)
3.1 |
Acastóirí aonair
Acastóir neamhthiomána amháin 10 dtona |
3.2 |
Acastóirí tandaim leantóirí agus leathleantóirí
Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach tandam thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:
|
3.3 |
Trí-acastóirí leantóirí agus leathleantóirí
Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach tandam thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:
|
3.4 |
Acastóir tiomána
Acastóir tiomána na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointe 2.2 agus i bpointe 2.3 11.5 tona |
3.5 |
Acastóirí tandaim mótarfheithiclí
Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach tandam thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:
|
4. Saintréithe eile na bhfeithiclí
4.1 |
Gach mótarfheithicil
Ní mór an meáchan atá á iompar ag an acastóir tiomána nó ag acastóirí tiomána d’fheithicil nó de chónasc feithiclí gan a bheith níos lú ná 25 % de mheáchan ualaithe iomlán na feithicle nó an chónaisc feithicle. |
4.2 |
Traenacha bóthair
Ní mór nach lú ná 3.00 m an fad idir acastóir cúil mótarfheithicle agus acastóir tosaigh leantóra. |
4.3 |
An meáchan údaraithe uasta de réir rothfhaid
Ní rachaidh meáchan údaraithe uasta i dtonaí mótarfheithicil ceithre acastóirí thar cúig oiread an fhaid i méadair idir na hacastóirí tosaigh agus acastóirí is sia siar den fheithicil. |
4.4 |
Leathleantóirí
Ní rachaidh an fad a thomhaistear go cothrománach idir ais phionna rí an cúigiú roth agus aon phointe ag tosach an leathleantóra thar 2.04 m. |
ROINN 2
CEANGLAIS MAIDIR LE TACAGRAIF, CÁRTAÍ TIOMÁNAITHE AGUS CÁRTAÍ CEARDLAINNE
Airteagal 1
Ábhar agus prionsabail
Leagtar síos sa roinn seo na ceanglais le haghaidh tiománaithe a thagann faoi raon feidhme Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo maidir le suiteáil, tástáil agus rialú tacagraf dá dtagraítear in Airteagal 466(2) den Chomhaontú seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Roinn 2 agus in Airteagal 2 de Roinn 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
2. I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, chun críocha na Roinne seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘aonad feithicle’ an tacagraf cé is moite den bhraiteoir gluaisne agus na cáblaí lena nasctar an braiteoir gluaisne. D’fhéadfadh an t-aonad feithicle a bheith ina aonad aonair amháin nó ina aonaid éagsúla san fheithicil, ar choinníoll go gcomhlíonfadh sé ceanglais slándála na Roinne seo; áirítear san aonad feithicle, i measc nithe eile, aonad próiseála, cuimhne sonraí, feidhm tomhais ama, dhá ghaireas um chomhéadan cártaí cliste don tiománaí agus don chomhthiománaí, printéir, scáileán taispeána, nascóirí agus áiseanna chun ionchuir an úsáideora a iontráil; |
(b) |
ciallaíonn ‘braiteoir gluaisne’” cuid den tacagraf trína dtugtar comhartha de luas na feithicle agus/nó an fad a taistealaíodh; |
(c) |
ciallaíonn ‘cárta rialaithe’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Páirtí d’údarás rialaithe náisiúnta inniúil ar a sainaithnítear an comhlacht rialaithe agus, go roghnach, an t-oifigeach rialaithe agus lena bhféadfar na sonraí arna stóráil sa chuimhne sonraí nó sna cártaí tiománaí agus, go roghnach, sna cártaí ceardlainne a rochtain lena léamh, lena bpriontáil agus/nó lena n-íoslódáil; |
(d) |
ciallaíonn ‘cárta ceardlainne’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Pháirtí d’fhoireann ainmnithe de chuid monaróra tacagraf, feisteora, monaróra feithiclí nó ceardlainne, atá ceadaithe ag an bPáirtí sin agus lena sainaithnítear sealbhóir an chárta agus lena bhféadfar tacagraif a thástáil, a chalabrú, a ghníomhachtú agus/nó íoslódáil uathu; |
(e) |
ciallaíonn ‘gníomhachtú’ an tréimhse a n-éiríonn an tacagraf oibríochtúil go hiomlán agus go gcuirtear chun feidhme na feidhmeanna go léir, lena n-áirítear na feidhmeanna slándála, trí leas a bhaint as cárta ceardlainne; |
(f) |
ciallaíonn ‘calabrú’, i dtaca leis an dtacagraif dhigitigh, paraiméadair feithiclí a bheidh le teachtadh sa chuimhne sonraí a nuashonrú nó a dheimhniú, lena n-áirítear sainaithint feithiclí agus tréithe feithiclí trí leas a bhaint as cárta ceardlainne; |
(g) |
ciallaíonn ‘íoslódáil’ ó thacagraf digiteach cuid de na comhaid sonraí a taifeadadh i gcuimhne sonraí an aonaid feithicle nó i gcuimhne an chárta tacagraif, nó sraith iomlán de na comhaid sin, in éineacht leis an síniú digiteach, a chóipeáil, ar choinníoll nach n-athraíonn an próiseas sin na sonraí a stóráladh nó nach scriostar na sonraí sin; |
(h) |
ciallaíonn ‘locht’ oibríocht mhínormálta a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh teacht ó mhífheidhm trealaimh nó ó mhainneachtain trealaimh; |
(i) |
ciallaíonn ‘suiteáil’ tacagraf a fheistiú i bhfeithicil; |
(j) |
ciallaíonn ‘cigireacht thréimhsiúil’ sraith oibríochtaí a dhéantar chun a sheiceáil go n-oibríonn an tacagraf go cuí, go gcomhfhreagraíonn a shocruithe le paraiméadair na feithicle agus nach bhfuil aon fhearas cúblála nasctha leis an tacagraf; |
(k) |
ciallaíonn ‘deisiú’ aon deisiú ar bhraiteoir gluaisne nó ar aonad feithicle a n-éilítear a sholáthar cumhachta a dhícheangal, nó a dhícheangal ó chomhpháirteanna eile an tacagraif, nó an braiteoir gluaisne nó an t-aonad feithicle a oscailt; |
(l) |
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ cumas na gcóras agus na bpróiseas bunúsach gnó sonraí a mhalartú agus faisnéis a roinnt; |
(m) |
ciallaíonn ‘comhéadan’ saoráid idir córais a sholáthraíonn na meáin trína bhféadfaidh siad nascadh agus idirghníomhú; |
(n) |
ciallaíonn 'tomhas ama’ taifead buan digiteach den dáta agus den am uilíoch lárnach (AUL); agus |
(o) |
ciallaíonn ‘córas teachtaireachtaí TACHOnet’ an córas teachtaireachtaí a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinní I go VII de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún (7). |
Airteagal 3
Suiteáil
1. Déanfar tacagraif a shuiteáil i bhfeithiclí, dá dtagraítear i mír 2:
(a) |
i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leathleantóir, ná 3.5 tona; nó |
(b) |
ón 1 Iúil 2026, i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leathleantóir, ná 2.5 tona. |
2. Is iad seo a leanas na tacagraif:
(a) |
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair roimh 1 Bealtaine 2006, tacagraf analógach; |
(b) |
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair idir 1 Bealtaine 2006 agus 30 Meán Fómhair 2011, an chéad leagan den tacagraf digiteach; |
(c) |
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair idir 1 Deireadh Fómhair 2011 agus 30 Meán Fómhair 2012, an dara leagan den tacagraf digiteach; |
(d) |
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair idir 1 Deireadh Fómhair 2012 agus 14 Meitheamh 2019, an tríú leagan den tacagraf digiteach; |
(e) |
i gcás feithiclí a cláraíodh den chéad uair ó 15 Meitheamh 2019 agus go dtí 2 bhliain tar éis teacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(g) de Roinn 4 Cuid B, tacagraf cliste 1; agus |
(f) |
Féadfaidh gach Páirtí na feithiclí a luaitear in Airteagal 8(3) de Roinn 2 Chuid B a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Roinne seo. |
3. Féadfaidh gach Páirtí na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Roinne seo.
4. Féadfaidh gach Páirtí feithiclí a úsáidfear le haghaidh oibríochtaí iompair ar tugadh eisceacht dóibh i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Roinn 2 Chuid B den Iarscríbhinn seo a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Roinne seo. Tabharfaidh gach Páirtí fógra dá chéile láithreach nuair a bheidh leas á bhaint aige as an mír seo.
5. Tráth nach déanaí ná trí bliana ó dheireadh bhliain theacht i bhfeidhm shonraíochtaí teicniúla mionsonraithe an tacagraif chliste 2, déanfar feithiclí atá luaite i bpointe (a) de mhír 1 agus a fheistítear le tacagraf analógach nó le tacagraf digiteach a fheistiú le tacagraf cliste 2 agus iad ag oibriú ar chríoch Páirtí seachas an Páirtí ina mbeidh siad cláraithe.
6. Tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm shonraíochtaí teicniúla mionsonraithe an tacagraif chliste 2, déanfar feithiclí atá luaite i bpointe (a) de mhír 1 agus a fheistítear le tacagraf cliste 1, a fheistiú le tacagraf cliste 2 agus iad ag oibriú ar chríoch Páirtí seachas an Páirtí ina bhfuil siad cláraithe.
7. Ón 1 Iúil 2026, déanfar feithiclí a luaitear i bpointe (b) de mhír 1 a fheistiú le tacagraf cliste 2 agus iad ag oibriú ar chríoch Páirtí seachas an Páirtí ina mbeidh siad cláraithe.
8. Ní dhéanfaidh aon ní sa Roinn seo difear do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais ar chríoch an Aontais maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar i dtaca le hoibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais.
Airteagal 4
Cosaint sonraí
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na Roinne seo chun a fhíorú go gcomhlíontar an Roinn seo agus chun na críche sin amháin.
2. Áiritheoidh gach Páirtí, go háirithe, go gcosnófar sonraí pearsanta ar úsáidí eile seachas na húsáidí dá dtagraítear go docht i mír 1 i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) |
córas domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) a úsáid chun sonraí suímh a thaifeadadh dá dtagraítear sa tsonraíocht theicniúil maidir leis na tacagraif dhigiteacha cliste 1 agus cliste 2; |
(b) |
malartú leictreonach na faisnéise ar chártaí tiománaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13, agus go háirithe malartú trasteorann na sonraí sin le tríú Páirtithe; agus |
(c) |
coimeád taifead ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar dá dtagraítear in Airteagal 15. |
3. Déanfar tacagraif dhigiteacha a dhearadh ar bhealach ina n-áirithítear príobháideacht. Ní dhéanfar ach na sonraí atá riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil.
4. Comhlíonfaidh úinéirí feithiclí, oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus aon eintiteas eile lena mbaineann na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.
Airteagal 5
Suiteáil agus deisiú
1. Ní bheidh cead tacagraif a shuiteáil nó a dheisiú ach ag feisteoirí nó ag ceardlanna nó ag monaróirí feithiclí arna gceadú ag údaráis inniúla i bPáirtí chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 7.
2. Déanfaidh feisteoirí ceadaithe agus ceardlanna ceadaithe nó monaróirí ceadaithe feithiclí an tacagraf a shéalú tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil sé ag feidhmiú i gceart, agus go háirithe, ar bhealach lena n-áiritheofar nach bhféadfaidh aon ghaireas cúblála baint de na sonraí taifeadta ná iad a athrú.
3. Cuirfidh an feisteoir ceadaithe nó an cheardlann cheadaithe nó an monaróir feithiclí ceadaithe marc speisialta ar na séalaí a ghreamóidh siad agus, chomh maith leis sin, maidir leis na tacagraif dhigiteacha cliste 1 agus cliste 2, cuirfidh siad isteach na sonraí slándála leictreonacha maidir leis na seiceálacha fíoraithe a dhéanamh. Coimeádfaidh agus foilseoidh gach Páirtí clár de na marcanna agus de na sonraí slándála leictreonacha a úsáidtear agus den fhaisnéis is gá a bhaineann leis na sonraí slándála leictreonacha a úsáidtear.
4. Chun a dheimhniú go ndearnadh an tacagraf a shuiteáil i gcomhréir le ceanglais na Roinne seo, úsáidfear plaic shuiteála arna greamú ar chaoi is go bhfeicfear go soiléir í agus go mbeidh rochtain éasca uirthi.
5. Déanfar comhpháirteanna tacagraif a shéalú. Aon nasc leis an tacagraf a d’fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfí isteach air, lena n-áirítear an nasc idir an braiteoir gluaisne agus an giarbhosca, agus an phlaic shuiteála más ábhartha, déanfar é a shéalú.
Ní dhéanfar séala a bhaint ná a bhriseadh ach amháin ar na bealaí seo a leanas:
— |
feisteoirí nó ceardlanna a dhéanfaidh é, a bheidh ceadaithe ag na húdaráis faoi Airteagal 7 chun críche deisithe, cothabhála nó athchalabraithe an tacagraif nó go ndéanfaidh oifigigh rialaithe a bheidh oilte mar is cuí é agus, i gcás ina n-údaraítear é, chun críche rialaithe; nó |
— |
chun críche feithiclí a dheisiú nó a mhodhnú lena mbeidh tionchar ar an séala. Sna cásanna sin, déanfar ráiteas i scríbhinn ar a léireofar an dáta agus an t-am a briseadh an séala agus lena gcuirtear fáthanna le baint an tséala a choimeád ar bord na feithicle. |
Cuirfidh feisteoir ceadaithe nó ceardlann cheadaithe séalaí nua isteach in ionad séalaí a baineadh nó a briseadh gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de sheacht lá ó baineadh nó briseadh iad. I gcás inar baineadh nó inar briseadh na séalaí chun críoch rialaithe, féadfaidh an t-oifigeach rialaithe ag a bhfuil trealamh séalaithe agus marc speisialta ar leith, cinn nua a chur ina n-ionad, gan moill mhíchuí.
I gcás ina mbaineann oifigeach rialaithe séala, cuirfear an cárta rialaithe isteach sa tacagraf an nóiméad a bhaintear an séala agus coinneofar ann é go dtí go mbeidh an t-iniúchadh déanta, lena n-áirítear sa chás ina gcuirtear séala nua air. Eiseoidh an t-oifigeach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
— |
uimhir aitheantais na feithicle; |
— |
ainm an oifigigh; |
— |
údarás rialaithe agus tír rialaithe; |
— |
uimhir an chárta rialaithe; |
— |
uimhir an tséala a baineadh; |
— |
dáta agus am a baineadh an séala; agus |
— |
uimhir an tséala nua, i gcás inar chuir an t-oifigeach rialaithe séala nua isteach. |
Sula gcuirtear séalaí nua isteach, déanfaidh ceardlann cheadaithe an tacagraf a sheiceáil agus a chalabrú, ach amháin i gcás inar baineadh an séala nó inar briseadh é chun críoch rialaithe agus inar chuir oifigeach rialaithe séala nua isteach ina ionad.
Airteagal 6
Cigireachtaí ar thacagraif
1. Beidh tacagraif faoi réir cigireachtaí rialta ag ceardlanna faofa. Déanfar cigireachtaí rialta gach dhá bhliain ar a laghad.
2. Áireofar sna cigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad a sheiceáil:
— |
go bhfuil an tacagraf suiteáilte i gceart agus go n-oireann sé don fheithicil; |
— |
go bhfuil an tacagraf ag oibriú i gceart; |
— |
go bhfuil an marc cineálcheadaithe ar an tacagraf; |
— |
go bhfuil an phlaic shuiteála greamaithe; |
— |
gur slán do na séalaí go léir agus go bhfuil siad éifeachtach; |
— |
nach bhfuil aon fheiste cúblála nasctha leis an tacagraf ná nach bhfuil rian ar bith ann gur úsáideadh feistí den sórt sin; agus |
— |
méid an bhoinn rotha agus imlíne iarbhír na mbonn. |
3. Déanfaidh ceardlanna tuairisc chigireachta a tharraingt suas i gcásanna inar gá mírialtachtaí i bhfeidhmiú an tacagraif a leigheas, cibé acu ar mar thoradh ar chigireacht thréimhsiúil an leigheas sin nó go ndearnadh an chigireacht ar iarraidh shonrach ón údarás inniúil náisiúnta. Coinneoidh siad liosta de gach tuairisc chigireachta arna tarraingt suas.
4. Coinneoidh an cheardlann na tuairiscí cigireachta ar feadh íostréimhse dhá bhliain ón am a dhéantar an tuairisc. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh an gcoinneofar tuairiscí cigireachta nó an seolfar iad chuig an údarás inniúil i rith na tréimhse sin. I gcásanna ina gcoinníonn an cheardlann na tuarascálacha cigireachta, agus arna iarraidh sin ag an údarás inniúil, cuirfidh an cheardlann na tuarascálacha i ndáil leis na cigireachtaí agus leis an gcalabrúchán a rinneadh le linn na tréimhse sin ar fáil.
Airteagal 7
Feisteoirí, ceardlanna agus monaróirí feithiclí a cheadú
1. Déanfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, na feisteoirí, na ceardlanna agus na monaróirí feithiclí a fhéadfaidh suiteálacha, seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin na dtacagraf a dhéanamh a cheadú, déanfaidh siad rialú rialta orthu agus deimhneoidh siad iad.
2. Áiritheoidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, go mbeidh feisteoirí, ceardlanna agus monaróirí feithiclí inniúil agus iontaofa. Chun na críche sin, déanfaidh siad sraith nósanna imeachta náisiúnta soiléire a bhunú agus a fhoilsiú agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na híoschritéir seo a leanas:
(a) |
tá an fhoireann oilte go cuí; |
(b) |
go bhfuil an trealamh is gá chun na tástálacha agus na cúraimí ábhartha a dhéanamh ar fáil; agus |
(c) |
tá dea-cháil ar na feisteoirí, ar na ceardlanna agus ar na monaróirí feithiclí. |
3. Déanfar iniúchadh ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe mar seo a leanas:
(a) |
beidh feisteoirí ceadaithe nó ceardlanna ceadaithe faoi réir, gach dhá bhliain ar a laghad, iniúchóireachta ar na nósanna imeachta a chuireann siad i bhfeidhm agus tacagraif á láimhseáil acu. Beidh an iniúchóireacht dírithe go háirithe ar na bearta slándála a ghlactar agus ar láimhseáil cártaí ceardlainne. Féadfaidh páirtithe nó, i gcás an Aontais, na Ballstáit na hiniúchtaí sin a dhéanamh gan cuairt ar an láthair a dhéanamh; agus |
(b) |
déanfar iniúchóireachtaí teicniúla neamhfhógartha ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe freisin chun seiceáil a dhéanamah ar na calabrúcháin, ar na cigireachtaí agus ar na suiteálacha a dhéantar. Cuimseoidh na hiniúchuithe sin 10 % ar a laghad de na feisteoirí agus de na ceardlanna ceadaithe in aghaidh na bliana. |
4. Glacfaidh gach Páirtí agus a n-údaráis inniúla bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a chosc idir feisteoirí nó ceardlanna agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar. Go háirithe, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeadh coinbhleachtaí leasa ann, glacfar bearta sonracha forlíontacha d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an feisteoir nó an cheardlann an Roinn seo.
5. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit ceadú a tharraingt siar, ar bhonn sealadach nó go buan, ó fheisteoirí, ó cheardlanna agus ó mhonaróirí feithiclí nach n-éireoidh leo a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Roinn seo.
Airteagal 8
Cártaí ceardlainne
1. Ní rachaidh tréimhse bhailíochta na gcártaí ceardlainne thar aon bhliain amháin. Nuair a bheidh an cárta ceardlainne á athnuachan ag an údarás inniúil, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an feisteoir, an cheardlann nó an monaróir feithiclí na critéir a liostaítear in Airteagal 7(2).
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil cárta ceardlainne a athnuachan laistigh de 15 lá oibre tar éis dó iarraidh bailí ar athnuachan a fháil agus tar éis na doiciméid uile is gá a fháil. Má dhéantar damáiste do chárta ceardlainne, má bhíonn mífheidhm leis, nó má chailltear nó má ghoidtear é, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta athsholáthair ar fáil laistigh de chúig lá oibre ón uair a gheobhaidh sé iarraidh mhionsonraithe chun na críche sin. Coinneoidh údaráis inniúla clár de chártaí caillte, goidte nó lochtacha.
3. Má dhéanann Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát ceadú feisteora, ceardlainne nó monaróra feithiclí a tharraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 7, déanfaidh sé na cártaí ceardlainne arna n-eisiúint chucu a tharraingt siar freisin.
4. Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur ar fhalsú na gcártaí a dháilfear ar fheisteoirí, ar cheardlanna agus ar mhonaróirí feithicle ceadaithe.
Airteagal 9
Cártaí tiománaí a eisiúint
1. Eiseoidh údarás inniúil an Pháirtí, ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, an cárta tiománaí arna iarraidh don tiománaí. Má bhíonn amhras ar údaráis inniúla an Pháirtí a eisíonn an cárta tiománaí faoi bhailíocht ráitis maidir le gnátháit cónaithe, nó chun críche rialuithe sonracha áirithe, féadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise nó aon fhianaise bhreise a iarraidh ón tiománaí.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit ina gcónaíonn duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a thaispeánann nasc láidir idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air.
Mar sin féin, maidir le gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus atá ina chónaí, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá suite sa dá Pháirtí, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i bPáirtí chun tasc téarma shocraithe a dhéanamh.
2. I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát, cárta tiománaí sealadach agus neamh-inathnuaite a eisiúint ar feadh tréimhse nach faide ná 185 lá chuig tiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i bPáirtí, ar choinníoll go bhfuil caidreamh dlí saothair idir an tiománaí agus an gnóthas atá bunaithe sa Pháirtí eisiúna agus, go dtí seo, go dtíolacfaidh sé fianú tiománaí nuair is gá sin.
3. Glacfaidh na húdaráis inniúla sa Pháirtí eisiúna na bearta iomchuí chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí ina sheilbh ag an iarratasóir cheana féin agus déanfaidh siad pearsantú ar an gcárta tiománaí, lena n-áiritheofar go bhfuil a shonraí infheicthe agus slán.
4. Ní bheidh an cárta tiománaí bailí ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.
5. Ní dhéanfar cárta tiománaí bailí a tharraingt siar ná a chur ar fionraí mura rud é go gcinnfidh údaráis inniúla Páirtí go bhfuil sé falsaithe, nó go bhfuil an tiománaí ag úsáid cárta nach é an sealbhóir air é, nó go bhfuarthas an cárta atá ina sheilbh ar bhonn dearbhuithe falsaithe agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe. Más Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát seachas an Páirtí eisiúna nó, i gcás an Bhallstáit eisiúna, seachas an Ballstát eisiúna, a dhéanfaidh bearta fionraithe nó tarraingthe siar den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Ballstát sin an cárta ar ais chuig údaráis an Pháirtí nó, i gcás an Aontais, chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh é, a luaithe is féidir, agus cuirfidh siad na cúiseanna a bhí leis na bearta fionraithe nó tarraingthe siar chuig údaráis an Pháirtí nó chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh an cárta. Má táthar ag súil go dtógfaidh sé níos mó ná coicís an cárta a chur ar ais, déanfaidh an Páirtí a chuir ar fionraí é nó an Páirtí a tharraing siar é nó, i gcás an Aontais, an Ballstát a chuir ar fionraí é nó an Ballstát a tharraing siar é, an Páirtí eisiúna a chur ar an eolas nó, i gcás an Aontais, an Ballstát eisiúna a chur ar an eolas laistigh den choicís sin faoi na cúiseanna a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar é.
6. Féadfaidh údarás inniúil an Pháirtí eisiúna ceanglas a chur ar thiománaí cárta nua tiománaí a chur in ionad an tseanchárta más gá é sin a dhéanamh le sonraíochtaí teicniúla ábhartha a chomhlíonadh.
7. Glacfaidh gach Páirtí gach beart is gá chun cosc a chur ar chártaí tiománaí a fhalsú.
8. Leis an Airteagal seo ní choiscfear ar Pháirtí ná, i gcás an Aontais, ar Bhallstát cárta tiománaí a eisiúint chuig tiománaí a bhfuil gnáthchónaí air i gcuid de chríoch an Pháirtí sin, nach bhfuil feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir léi, ar choinníoll go gcuirfear forálacha ábhartha na Roinne seo i bhfeidhm i gcásanna den sórt sin.
Airteagal 10
Cártaí tiománaí a athnuachan
1. Más rud é, i gcásanna athnuachaintí, go bhfuil an Páirtí ina bhfuil gnátháit chónaithe an tiománaí éagsúil leis an gceann a d’eisigh a chárta reatha agus i gcás ina n-iarrfar ar údaráis an chéad Pháirtí an cárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh siad in iúl do na húdaráis a d’eisigh an cárta roimhe sin na cúiseanna lena athnuachan.
2. I gcás ina n-iarrfar cárta a athnuachan atá ar tí dul in éag, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta nua ar fáil roimh an dáta éaga, ar choinníoll gur seoladh an iarraidh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5 de Roinn 4 Chuid B.
Airteagal 11
Cártaí tiománaí goidte, caillte nó lochtacha
1. Coinneoidh údaráis eisiúna taifid de chártaí tiománaí a eiseofar, a ghoidfear, a chaillfear nó a éireoidh lochtach ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta.
2. Má dhéantar damáiste don chárta tiománaí, má bhíonn mífheidhm leis nó má chailltear nó má ghoidtear é, cuirfidh na húdaráis inniúla sa Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe cárta athsholáthair ar fáil laistigh d’ocht lá oibre tar éis dóibh iarraidh mhionsonraithe chuige sin a fháil.
Airteagal 12
Glacadh frithpháirteach cártaí tiománaí
1. Glacfaidh gach Páirtí leis na cártaí tiománaí arna n-eisiúint ag an bPáirtí eile.
2. I gcás ina mbeidh a ghnátháit chónaithe sa Pháirtí eile bunaithe ag sealbhóir cárta tiománaí bailí arna eisiúint ag Páirtí agus gur iarr sé go malartófaí a chárta ar a chomhionann de chárta tiománaí, is é an Páirtí nó, i gcás an Aontais, an Ballstát a dhéanfaidh an malartú, a bheidh freagrach as a fhíorú an bhfuil an cárta a thabharfar ar aird bailí fós.
3. Cuirfidh Páirtithe nó, i gcás an Aontais, Ballstáit a bheidh i mbun malartaithe, an seanchárta ar ais chuig údaráis an Pháirtí eisiúna nó, i gcás an Aontais, chuig údaráis an Bhallstáit eisiúna, agus cuirfidh siad na cúiseanna leis sin in iúl.
4. I gcás ina ndéanfaidh Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát, cárta tiománaí a ionadú nó a mhalartú, déanfar an t-athsholáthar nó an malartú, agus aon athsholáthar nó aon mhalartú ina dhiaidh sin, a chlárú sa Pháirtí sin nó, i gcás an Aontais, sa Bhallstát sin.
Airteagal 13
Faisnéis ar chártaí tiománaí a mhalartú go leictreonach
1. Chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí ina sheilbh ag iarratasóir cheana féin, coinneoidh na Páirtithe, nó i gcás an Aontais, na Ballstáit, cláir leictreonacha náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le cártaí tiománaí ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad le tréimhse bhailíochta na gcártaí sin:
— |
sloinne agus céadainm an tiománaí; |
— |
dáta breithe agus, má tá sí ar fáil, áit bhreithe an tiománaí; |
— |
uimhir bhailí an cheadúnais tiomána agus tír eisiúna an cheadúnais tiomána (más infheidhme); |
— |
stádas an chárta tiománaí, agus |
— |
uimhir chárta an tiománaí. |
2. Beidh cláir leictreonacha na bPáirtithe nó, i gcás an Aontais, na mBallstát idirnasctha agus inrochtana ar fud chríoch na bPáirtithe, agus úsáidfear córas curtha teachtaireachtaí TACHOnet nó córas comhoiriúnach. Sa chás ina n-úsáidfear córas comhoiriúnach, déanfar sonraí leictreonacha a mhalartú leis an bPáirtí eile trí chóras curtha teachtaireachtaí TACHOnet.
3. Nuair a bheidh cárta tiománaí á eisiúint, á athsholáthar agus, i gcás inar gá, á athnuachan, déanfaidh Páirtithe nó, i gcás an Aontais, na Ballstáit, a fhíorú trí mhalartú leictreonach sonraí nach bhfuil cárta tiománaí bailí eile ag an tiománaí cheana féin. Ní mhalartófar ach na sonraí a bheidh riachtanach le haghaidh an fhíoraithe sin.
4. Féadfaidh oifigigh rialaithe an clár leictreonach a rochtain chun stádas an chárta tiománaí a sheiceáil.
Airteagal 14
Socruithe tacagraf
1. Ní shocrófar tacagraif dhigiteacha ar shlí go malartóidh siad go huathoibríoch chuig catagóir shonrach gníomhaíochta nuair a mhúchtar an adhaint nó an t-inneall, mura mbeidh an tiománaí in ann catagóir iomchuí na gníomhaíochta a roghnú de láimh i gcónaí.
2. Ní fheisteofar níos mó ná tacagraf amháin ar fheithiclí, ach amháin chun críche tástálacha allamuigh.
3. Toirmiscfidh gach Páirtí táirgeadh, dáileadh, fógraíocht agus/nó díolachán fearas a monaraíodh agus/nó a ceapadh chun tacagraif a chúbláil.
Airteagal 15
Freagracht oibreoirí tarlaithe de bhóthar
1. Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar freagrach as a áirithiú go dtabharfar na treoracha cuí dá chuid tiománaithe agus go gcuirfear an oiliúint cheart orthu le go bhfeidhmeoidh na tacagraif i gceart, cibé an tacagraif dhigiteacha nó analógacha iad, déanfaidh sé seiceálacha go rialta le háirithiú go n-úsáidfidh a chuid tiománaithe an tacagraf go cuí agus ní thabharfaidh sé dreasachtaí díreacha ná neamhdhíreacha ar bith dá thiománaithe lena bhféadfaí mí-úsáid na dtacagraf a spreagadh.
Eiseoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar líon leordhóthanach leathán taifid chuig tiománaithe feithiclí ar a mbeidh tacagraf analógach feistithe, ag cur san áireamh gur faisnéis phearsanta atá sna leatháin taifid sin, fad tréimhse na seirbhíse agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann leatháin taifid a athsholáthar in áit leathán a mbeadh damáiste déanta dóibh nó a bheadh tógtha ag oifigeach rialaithe údaraithe. Ní eiseoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar chuig tiománaithe ach leatháin a bheidh de réir samhla arna ceadú le húsáid sa trealamh a dhéanfar a shuiteáil san fheithicil.
Agus fad na tréimhse seirbhíse á cur san áireamh, áiritheoidh t-oibreoir tarlaithe de bhóthar go bhféadfar na sonraí a phriontáil i gceart ón tacagraf arna iarraidh sin don oifigeach rialaithe, i gcás cigireachta.
2. Coinneoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar leatháin taifid agus asphriontaí, aon uair a bheidh asphriontaí déanta chun Airteagal 9 de Roinn 4 Chuid B den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh, in ord croineolaíoch agus i bhfoirm inléite, ar feadh bliana ar a laghad tar éis a n-úsáide agus tabharfaidh siad cóipeanna do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin. Tabharfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar cóipeanna de shonraí arna n-íoslódáil ó na cártaí tiománaí do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin, agus leaganacha páipéir priontáilte de na cóipeanna sin. Soláthrófar na leatháin taifid, na hasphriontaí agus na sonraí arna n-íoslódáil nó tabharfar ar láimh iad arna iarraidh sin ag oifigeach rialaithe údaraithe.
3. Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Roinn seo agus ar Roinn 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo arna ndéanamh ag a dtiománaithe nó ag tiománaithe atá faoina réir. Mar sin féin, féadfaidh gach Páirtí an dliteanas sin a chur de choinníoll ar shárú an oibreora tarlaithe de bhóthair ar an gcéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus ar an Airteagal seo agus ar Airteagal 7(1) agus (2) de Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
Airteagal 16
Nósanna imeachta le haghaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar i gcás mífheidhm a bheith le trealamh
1. I gcás ina gclisfear ar an tacagraf nó ina mbeidh mífheidhm leis, tabharfaidh an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar é d’fheisteoir ceadaithe nó do cheardlann cheadaithe lena dheisiú chomh luath agus is féidir sin.
2. I gcás nach mbeidh an fheithicil in ann filleadh ar áitreabh oibreora tarlaithe de bhóthar laistigh de sheachtain arna ríomh ón lá a gclisfear uirthi nó ón lá a bhfuarthas amach go raibh mífheidhm leis, déanfar an deisiúchán ar an mbealach.
3. Tabharfaidh gach Páirtí, nó i gcás an Aontais, na Ballstáit, an chumhacht do na húdaráis inniúla chun cosc a chur le húsáid feithicle sna cásanna nach ndéanfar cliseadh nó oibriú lochtach a leigheas faoi dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 a mhéid is a bheidh an méid sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa Pháirtí lena mbaineann.
Airteagal 17
Nós imeachta maidir le cártaí tacagraif a eisiúint
Cuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe an t-ábhar cripteagrafach chun cártaí tacagraif a eisiúint do thiománaithe, do cheardlanna agus d’údaráis rialaithe, i gcomhréir le beartas deimhnithe an Údaráis Eorpaigh um Dheimhniúchán Fréamhach (ERCA) agus le beartas deimhniúcháin na Ríochta Aontaithe.
(1) Arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1024/2012 (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise na Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(3) Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (IO AE L 370, 31.12.1985, lch. 8).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraif a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO AE L 139, 26.5.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO AE L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus Treoir (CEE) 88/599/CEE a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialacháin (CEE) Uimh. 3820/84 agus (CEE) Uimh. 3821/85 (IO CE L 274, 9.10.1998, lth. 1).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2016 maidir le nósanna imeachta coiteanna agus na sonraíochtaí is gá chun cláir leictreonacha agus cártaí tiomána a nascadh le chéile (IO AE L 15, 22.1.2016, lch. 51).
IARSCRÍBHINN 32
SAMHAIL d'ÚDARÚ LE hAGHAIDH SEIRBHÍS THRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS SEIRBHÍS THRÁTHRIALTA SPEISIALTA
(An chéad leathanach den údarú)
(Páipéar flannbhuí – DIN A4)
(Le bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Pháirtí ina ndéanfar an t-iarratas) |
Údarú
I gcomhréir le Teideal II de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile,
AN STÁT EISIÚNA: …
An t-údarás um údarú: …
Sainchomhartha an Stáit eisiúna: … (1)
UIMH. an ÚDARAITHE: … le haghaidh seirbhíse tráthrialta ☐ (2) le haghaidh seirbhíse tráthrialta speisialta ☐ ( 2 )
de chóiste agus de bhus idir na Páirtithe sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile,
Chuig: …
…
Sloinne, céadainm nó trádainm an oibreora nó an oibreora bainistíochta i gcás grúpa gnóthas nó i gcás comhpháirtíochta:
Seoladh:
…
…
Guthán agus facs nó ríomhphost:
…
…
(An dara leathanach den údarú)
Ainm, seoladh, guthán agus facs nó ríomhphoist an oibreora, nó, i gcás grúpaí oibreoirí nó comhpháirtíochtaí, ainmneacha oibreoirí uile an ghrúpa nó na comhpháirtíochta; agus ina theannta sin, aon fhochonraitheoirí, le sainaithint mar fhochonraitheoirí:
(1) |
… |
(2) |
… |
(3) |
… |
(4) |
… |
(5) |
… |
Liosta i gceangal, más iomchuí
Bailíocht an údaraithe: Ón: … Chuig: …
An áit agus an dáta eisiúna: …
Síniú agus stampa an údaráis eisiúna nó na gníomhaireachta: …
1. |
An Bealach: … …
Príomhchúrsa taistil, le pointí bailithe agus scaoilte amach paisinéirí folínithe: … |
2. |
An tráthchlár: … (i gceangal leis an údarú seo) |
3. |
Seirbhís thráthrialta speisialta:
|
4. |
Coinníollacha eile nó pointí speisialta … … … |
Stampa an údaráis a bhfuil an t-údarú á eisiúint aige
Fógra tábhachtach:
(1) |
Tá an t-údarú seo bailí don turas iomlán. |
(2) |
Coinneofar an t-údarú nó cóip dhílis de arna dheimhniú ag an údarás um údarú ar an bhfeithicil fad an turais agus tabharfar é d'oifigigh fhorfheidhmithe arna iarraidh sin dóibh. |
(3) |
Is i gcríoch an Pháirtí ina bhfuil an t-oibreoir bunaithe agus ina bhfuil na cóistí agus na busanna cláraithe a bheidh an áit imeachta nó ceann scríbe. |
(An tríú leathanach den údarú)
BREITHNITHE GINEARÁLTA
(1)
Tosóidh an t-oibreoir iompair phaisinéirí de bhóthair an tseirbhís iompair laistigh den tréimhse a shonrófar i gcinneadh an údaráis um údarú a dheonaíonn an t-údarú.
(2)
Cé is moite de chás force majeure, glacfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhíse tráthrialta speisialta na bearta uile is gá lena ráthú go mbeidh seirbhís iompair ar fáil a chomhlíonfaidh na coinníollacha mar a shonrófar san údarú.
(3)
Cuirfidh an t-iompróir an fhaisnéis faoin mbealach, na pointí stad, an tráthchlár, na táillí agus na coinníollacha iompair ar fáil go poiblí.
(4)
Gan dochar do dhoiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil agus leis an tiománaí (amhail deimhniú clárúcháin na feithicle agus ceadúnas tiomána), beidh na doiciméid seo a leanas ina ndoiciméid rialaithe faoi Airteagal 477 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus coinneofar iad san fheithicil agus tabharfar iad d'aon oifigeach cigireachta údaraithe arna n-iarraidh sin dó:
— |
an t-údarú nó cóip dhílis dheimhnithe de chun seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a chur i gcrích; |
— |
ceadúnas an oibreora nó cóip dhílis dheimhnithe de le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar dá bhforáiltear de réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe nó reachtaíocht an Aontais; |
— |
agus seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta á hoibriú, an conradh idir an t-eagraí agus an t-oibreoir iompair nó cóip dhílis dheimhnithe de chomh maith le doiciméad lena bhfianaítear gur catagóir shonrach atá sna paisinéirí agus paisinéirí eile á n-eisiamh chun críocha seirbhísí tráthrialta speisialta; |
— |
i gcás ina mbaineann oibreoir seirbhíse tráthrialta nó seirbhíse tráthrialta speisialta úsáid as feithiclí breise chun déileáil le cásanna sealadacha agus eisceachtúla, sa bhreis ar na doiciméid ábhartha thuasluaite, cóip den chonradh idir oibreoir na seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó na seirbhíse tráthrialta speisialta agus an gnóthas a chuireann na feithiclí breise ar fáil nó doiciméad coibhéiseach. |
(An ceathrú leathanach den údarú)
BREITHNITHE GINEARÁLTA (ar lean.)
(5)
Oibreoirí a oibríonn seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta, seachas seirbhís tráthrialta speisialta, eiseoidh siad ticéid iompair lena ndeimhnítear cearta an phaisinéara atá le hiompar agus beidh an ticéad ina dhoiciméad rialaithe lena bhfianaítear tabhairt i gcrích an chonartha iompair idir an paisinéir agus an t-oibreoir iompair, bíodh siad ina gcearta aonair nó ina gcearta comhchoiteanna. Léireofar ar na ticéid, a d'fhéadfadh a bheith ina dticéid leictreonacha freisin:
(a) |
ainm an oibreora; |
(b) |
na háiteanna imeachta agus cinn scríbe agus más infheidhme, an turas fillte; |
(c) |
tréimhse bhailíochta an ticéid agus, más infheidhme, dáta agus am imeachta; |
(d) |
praghas an turais. |
Tabharfaidh an paisinéir ticéad an turais d'aon oifigeach iniúchta údaraithe, arna iarraidh sin dó.
(6)
Iompróirí a oibreoidh seirbhísí iompair tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta paisinéirí, ceadóidh na hiompróirí sin gach cigireacht a bhfuil beartaithe léi a áirithiú go mbeidh na hoibríochtaí á stiúradh i gceart, go háirithe i dtaca le tréimhsí tiomána agus tréimhsí sosa agus sábháilteacht ar bhóithre agus astaíochtaí.
(1) An Ostair (A), An Bheilg (B), an Bhulgáir (BG), an Chipir (CY), an Chróit (HR), Poblacht na Seice (CZ), an Danmhairg (DK), an Eastóin (EST), an Fhionlainn (FIN), an Fhrainc (F), an Ghearmáin (D), an Ghréig (GR), an Ungáir (H), Éire (IRL), an Iodáil (I), an Laitvia (LV), an Liotuáin (LT), Lucsamburg (L), Málta (MT), an Ísiltír (NL), an Pholainn (PL), an Phortaingéil (PT), an Rómáin (RO), Poblacht na Slóvaice (SK), an tSlóivéin (SLO), an Spáinn (E), an tSualainn (S), an Ríocht Aontaithe (UK), le comhlánú/Cuir tic nó comhlánaigh mar is iomchuí.
IARSCRÍBHINN 33
SAMHAIL d’IARRATAS AR ÚDARÚ LE hAGHAIDH SEIRBHÍS THRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS SEIRBHÍS THRÁTHRIALTA SPEISIALTA IDIRNÁISIÚNTA
(Páipéar Bán – DIN A4)
(Le bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Pháirtí ina ndéanfar an t-iarratas) |
FOIRM IARRATAIS AR ÚDARÚ NÓ AR ATHNUACHAN ÚDARAITHE CHUN SEIRBHÍS THRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA NÓ SEIRBHÍS THRÁTHRIALTA SPEISIALTA IDIRNÁISIÚNTA A CHUR I gCRÍCH (1)
Chun tús a chur le seirbhís thráthrialta ☐
Chun tús a chur le seirbhís thráthrialta speisialta ☐
Chun údarú le haghaidh seirbhíse a athnuachan ☐
Chun coinníollacha a athrú a ghabhann le húdarú le haghaidh seirbhís ☐
de chóiste agus de bhus idir na Páirtithe i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile,
…
(An t-údarás um údarú)
1.
Ainm agus céadainm nó trádainm an oibreora iarratasóra i gcás iarratais ó ghrúpa oibreoirí nó ó chomhpháirtíocht, ainm an oibreora ar chuir na hoibreoirí eile ar a iontaoibh chun críocha an t-iarratas a chur isteach:…
…
2.
Seirbhísí le cur i gcrích ( 1 )Ag oibreoir ☐ ag grúpa oibreoirí ☐ trí chomhpháirtíocht ☐ ag fochonraitheoir ☐
3.
Ainmneacha agus seoltaí an oibreora nó, i gcás grúpa oibreoirí nó comhpháirtíochta, ainmneacha oibreoirí uile an ghrúpa nó na comhpháirtíochta; chomh maith leis sin, aithneofar aon fhochonraitheoirí de réir a n-ainmneacha (2)
3.1
… teil. …
3.2
… teil. …
3.3
… teil. …
3.4
… teil. …
(An dara leathanach den iarratas ar údarú nó ar athnuachan údaraithe)
4
I gcás seirbhís tráthrialta speisialta:
4.1
Catagóir paisinéirí: (3) oibrithe ☐ daltaí scoile/mic léinn ☐ eile ☐
5
Fad an údaráis arna iarraidh nó dáta a chuirfear deireadh leis an tseirbhís:…
6
Príomhbhealach na seirbhíse (folínigh pointí bailithe agus pointí scaoilte amach paisinéirí, le seoltaí iomlána): (4)…
…
…
7
Tréimhse oibríochta:…
…
…
8
Minicíocht (laethúil, seachtainiúil, etc.):…
9
Táillí … Iarscríbhinn i gceangal leis seo.
10
Cuir sceideal tiomána faoi iamh chun fíorú ar chomhlíonadh rialacha idirnáisiúnta maidir le tréimhsí tiomána agus sosa a cheadú.
12
Aon eolas breise:…
(Áit agus dáta) (Síniú an iarratasóra)
…
Tarraingítear aird an iarrthóra ar an ngá atá ann, os rud é nach mór an t-údarú nó an chóip dhílis dheimhnithe de a choinneáil ar bord na feithicle, nach mór do líon na n-údaruithe nó líon na gcóipeanna dílse deimhnithe, arna n-eisiúint ag an údarás um údarú, agus ar gá an t-iarratasóir a bheith ina sheilbh aige, ní mór don líon sin teacht leis an líon feithiclí is gá chun an tseirbhís a iarradh san am céanna.
Fógra tábhachtach
Ní mór an méid seo a leanas a bheith ceangailte leis an iarratas:
(a) |
an tráthchlár lena n-áirítear na sliotáin ama le haghaidh rialuithe ag trasnuithe teorann ábhartha; |
(b) |
cóip dhílis dheimhnithe de cheadúnas (nó de cheadúnais) an oibreora (nó na n-oibreoirí) le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar dá bhforáiltear i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Aontais; |
(c) |
mapa ar scála iomchuí a mbeidh an bealach marcáilte air agus na pointí stad ag a mbaileofar paisinéirí nó a scaoilfear amach iad; |
(d) |
sceideal tiomána chun fíorú ar chomhlíonadh rialacha idirnáisiúnta maidir le tréimhsí tiomána agus sosa a cheadú; |
(e) |
aon fhaisnéis iomchuí maidir le críochfoirt chóiste agus bus. |
(1) Cuir tic nó comhlánaigh mar is iomchuí. Ceangail liosta más infheidhme.
(2) Ceangail liosta más infheidhme.
(3) Cuir tic nó comhlánaigh mar is iomchuí.
(4) Féadfaidh an t-údarás um údarú a iarraidh go gcuirfí liosta iomlán de phointí bailithe agus scaoilte amach paisinéirí le seoltaí iomlána le bheith ceangailte ar leithligh den fhoirm iarratais. Comhlánaigh de réir mar is cuí/
(5) Comhlánaigh de réir mar is cuí/
IARSCRÍBHINN 34
SAMHAIL D’FHOIRM THURAIS LE HAGHAIDH SEIRBHÍSÍ ÓCÁIDEACHA
FOIRM THURAIS Uimh … de Leabhar Uimh …
(dath Pantoin 358 (gealghlas), nó chomh gar agus is féidir don dath sin, formáid DIN A4 páipéar neamhbhrataithe)
SEIRBHÍSÍ ÓCÁIDEACHA LE CABATÁISTE AGUS SEIRBHÍSÍ ÓCÁIDEACHA LE IDIRTHURAS
(Mas gá, is féidir gach míra fhorlíonadh ar bhileog ar leith)
1 |
Uimhir chlárúcháin an chóiste |
… Áit, dáta agus síniú an iompróra |
|||||||||||
2 |
|
|
|||||||||||
Iompróir agus, i gcás inarb iomchuí, fochonraitheoir iompair nó grúpa iompróirí |
|||||||||||||
3 |
|
|
|||||||||||
Ainm an tiománaí / na dtiománaithe |
|||||||||||||
4 |
Eagraíocht an duine atá freagrach as an tseirbhís ócáideach |
1. … 2. … 3. … 4. … |
|||||||||||
5 |
Cineál seirbhíse |
|
|||||||||||
6 |
Áit imeachta na seirbhíse: … Tír: … Ceann scríbe na seirbhíse: … Tír: … |
||||||||||||
7 |
Turas |
Bealach/Céimeanna laethúla agus/nó pointí bailithe agus pointí scaoilte amach paisinéir |
Líon na bpaisinéirí
|
Folamh (marcáil le X) |
Km pleanáilte |
||||||||
Dáta |
ó
|
Go dtí |
|||||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||
8 |
Pointí nasctha, más ann dóibh, le hiompróir eile sa ghrúpa céanna |
Líon na bpaisinéirí a scaoileadh amach |
Ceann scríbe na bpaisinéirí a scaoileadh amach |
Iompróir a bhfuil na paisinéirí á mbailiú aige |
|||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
9 |
Athruithe gan choinne |
||||||||||||
… … |
IARSCRÍBHINN 35
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéir ICES |
Scaireanna |
|||||||||||
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 ar aghaidh |
||||||||||
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
||||
1 |
ALF/3X14- |
Alfainsíní (3,4,5,6,7,8,9,10,12,14) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14 |
96.95 |
3.05 |
96.95 |
3.05 |
96.95 |
3.05 |
96.95 |
3.05 |
96.95 |
3.05 |
96.95 |
3.05 |
2 |
ANF/07. |
An Láimhíneach (7) |
7 |
78.78 |
21.22 |
78.24 |
21.76 |
77.70 |
22.30 |
77.05 |
22.95 |
76.62 |
23.38 |
76.62 |
23.38 |
3 |
ANF/2AC4-C |
An Láimhíneach (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
13.74 |
86.26 |
12.92 |
87.08 |
12.11 |
87.89 |
11.13 |
88.87 |
10.48 |
89.52 |
10.48 |
89.52 |
4 |
ANF/56-14 |
An Láimhíneach (Iarthar na hAlban) |
6; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
60.99 |
39.01 |
59.62 |
40.38 |
58.25 |
41.75 |
56.60 |
43.40 |
55.50 |
44.50 |
55.50 |
44.50 |
5 |
ARU/1/2. |
An tArgintín Mór (1,2) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
56.90 |
43.10 |
56.90 |
43.10 |
56.90 |
43.10 |
56.90 |
43.10 |
56.90 |
43.10 |
56.90 |
43.10 |
6 |
ARU/3A4-C |
An tArgintín Mór (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí an Aontais in 3a |
98.40 |
1.60 |
98.40 |
1.60 |
98.40 |
1.60 |
98.40 |
1.60 |
98.40 |
1.60 |
98.40 |
1.60 |
7 |
ARU/567. |
An tArgintín Mór (Iartharach) |
6 agus 7; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5 |
94.41 |
5.59 |
94.41 |
5.59 |
94.41 |
5.59 |
94.41 |
5.59 |
94.41 |
5.59 |
94.41 |
5.59 |
8 |
BLI/12INT- |
An Langa Gorm (Idirnáisiúnta 12) |
Uiscí an Aontais in 12 |
99.14 |
0.86 |
99.14 |
0.86 |
99.14 |
0.86 |
99.14 |
0.86 |
99.14 |
0.86 |
99.14 |
0.86 |
9 |
BLI/24- |
An Langa Gorm (an Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 2; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4 |
73.19 |
26.81 |
73.19 |
26.81 |
73.19 |
26.81 |
73.19 |
26.81 |
73.19 |
26.81 |
73.19 |
26.81 |
10 |
BLI/5B67- |
An Langa Gorm (Iartharach) |
6 agus 7; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5 |
77.31 |
22.69 |
76.73 |
23.27 |
76.16 |
23.84 |
75.46 |
24.54 |
75.00 |
25.00 |
75.00 |
25.00 |
11 |
BOR/678- |
An Torciasc (Iartharach) |
6, 7 agus 8 |
93.65 |
6.36 |
93.65 |
6.36 |
93.65 |
6.36 |
93.65 |
6.36 |
93.65 |
6.36 |
93.65 |
6.36 |
12 |
BSF/56712- |
An Scábaird Dhubh (Iartharach) |
6 agus 7; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5; uiscí idirnáisiúnta in 12 |
94.31 |
5.69 |
94.31 |
5.69 |
94.31 |
5.69 |
94.31 |
5.69 |
94.31 |
5.69 |
94.31 |
5.69 |
13 |
COD/07A. |
An Trosc (Muir Éireann) |
7a |
56.05 |
43.95 |
55.84 |
44.16 |
55.63 |
44.37 |
55.37 |
44.63 |
55.20 |
44.80 |
55.20 |
44.80 |
14 |
COD/07D. |
An Trosc (An Mhuir nIocht Thoir) |
7d |
90.75 |
9.25 |
90.75 |
9.25 |
90.75 |
9.25 |
90.75 |
9.25 |
90.75 |
9.25 |
90.75 |
9.25 |
15 |
COD/5BE6A |
An Trosc (Iarthar na hAlban) |
6a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b lastoir de 12°00' I |
30.23 |
69.77 |
27.37 |
72.63 |
24.51 |
75.49 |
21.08 |
78.92 |
18.79 |
81.21 |
18.79 |
81.21 |
16 |
COD/5W6-14 |
An Trosc (Rocal) |
6b; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b laistiar de 12°00' I agus in 12 agus 14 |
33.95 |
66.05 |
31.71 |
68.29 |
29.47 |
70.53 |
26.78 |
73.22 |
24.99 |
75.01 |
24.99 |
75.01 |
17 |
COD/7XAD34 |
An Trosc (An Mhuir Cheilteach) |
7b, 7c, 7e-k, 8, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
90.70 |
9.30 |
90.47 |
9.53 |
90.23 |
9.77 |
89.95 |
10.05 |
89.76 |
10.24 |
89.76 |
10.24 |
18 |
DGS/15X14 |
An Fíogach Gobach (Iartharach) |
6, 7 agus 8; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5; uiscí idirnáisiúnta in 1, 12 agus 14 |
57.53 |
42.47 |
56.61 |
43.39 |
55.69 |
44.31 |
54.58 |
45.42 |
53.84 |
46.16 |
53.84 |
46.16 |
19 |
DWS/56789- |
Siorcanna Domhainmhara (Iartharacha) |
6, 7, 8 agus 9; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5 |
100.00 |
0.00 |
100.00 |
0.00 |
100.00 |
0.00 |
100.00 |
0.00 |
100.00 |
0.00 |
100.00 |
0.00 |
20 |
HAD/07A. |
An Chadóg (Muir Éireann) |
7a |
47.24 |
52.76 |
46.42 |
53.58 |
45.61 |
54.39 |
44.63 |
55.37 |
43.98 |
56.02 |
43.98 |
56.02 |
21 |
HAD/5BC6A. |
An Chadóg (Iarthar na hAlban) |
6a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b |
19.39 |
80.61 |
19.39 |
80.61 |
19.39 |
80.61 |
19.39 |
80.61 |
19.39 |
80.61 |
19.39 |
80.61 |
22 |
HAD/6B1214 |
An Chadóg (Rocal) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
16.76 |
83.24 |
16.32 |
83.68 |
15.88 |
84.12 |
15.35 |
84.65 |
15.00 |
85.00 |
15.00 |
85.00 |
23 |
HAD/7X7A34 |
An Chadóg (An Mhuir Cheilteach) |
7b-k, 8, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
84.00 |
16.00 |
83.00 |
17.00 |
82.00 |
18.00 |
80.80 |
19.20 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
24 |
HER/07A/MM |
An Scadán (Muir Éireann) |
7a lastuaidh de 52°30’T |
11.01 |
88.99 |
8.50 |
91.50 |
6.00 |
94.00 |
2.99 |
97.01 |
0.99 |
99.01 |
0.99 |
99.01 |
25 |
HER/5B6ANB |
An Scadán (Iarthar na hAlban) |
6b agus 6aN; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b |
35.95 |
64.05 |
35.34 |
64.66 |
34.74 |
65.26 |
34.01 |
65.99 |
33.53 |
66.47 |
33.53 |
66.47 |
26 |
HER/7EF. |
An Scadán (An Mhuir nIocht Thiar agus Caolas Bhriostó) |
7e agus 7f |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
50.00 |
27 |
HER/7G-K. |
An Scadán (An Mhuir Cheilteach) |
7a laisteas de 52°30’T, 7g, 7h, 7j agus 7k |
99.88 |
0.12 |
99.88 |
0.12 |
99.88 |
0.12 |
99.88 |
0.12 |
99.88 |
0.12 |
99.88 |
0.12 |
28 |
HKE/2AC4-C |
An Colmóir (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
60.67 |
39.33 |
57.11 |
42.89 |
53.56 |
46.44 |
49.29 |
50.71 |
46.45 |
53.55 |
46.45 |
53.55 |
29 |
HKE/571214 |
An Colmóir (Iartharach) |
6 agus 7; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
80.33 |
19.67 |
80.05 |
19.95 |
79.77 |
20.23 |
79.43 |
20.57 |
79.20 |
20.80 |
79.20 |
20.80 |
30 |
JAX/2A-14 |
An Bolmáin (Iartharach) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4a; 6, 7a-c, e-k; 8a-b, d-e; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 2a agus 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
90.61 |
9.39 |
90.61 |
9.39 |
90.61 |
9.39 |
90.61 |
9.39 |
90.61 |
9.39 |
90.61 |
9.39 |
31 |
JAX/4BC7D |
An Bolmáin (Deisceart na Mara Thuaidh agus an Mhuir nIocht Thoir) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4b, 4c agus 7d |
71.46 |
28.54 |
68.60 |
31.40 |
65.73 |
34.27 |
62.29 |
37.71 |
60.00 |
40.00 |
60.00 |
40.00 |
32 |
L/W/2AC4-C |
An Leathóg Mhín agus An Leathóg Bhán (An Mhuir Thuaidh)* |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
35.97 |
64.03 |
35.48 |
64.52 |
34.98 |
65.02 |
34.39 |
65.61 |
34.00 |
66.00 |
34.00 |
66.00 |
33 |
LEZ/07. |
Méigrim Scoilteán (7) |
7 |
81.37 |
18.63 |
80.65 |
19.35 |
79.93 |
20.07 |
79.07 |
20.93 |
78.50 |
21.50 |
78.50 |
21.50 |
34 |
LEZ/2AC4-C |
Méigrim Scoilteán (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
3.74 |
96.26 |
3.74 |
96.26 |
3.74 |
96.26 |
3.74 |
96.26 |
3.74 |
96.26 |
3.74 |
96.26 |
35 |
LEZ/56-14 |
Méigrim Scoilteán (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
60.84 |
39.16 |
59.55 |
40.45 |
58.25 |
41.75 |
56.69 |
43.31 |
55.65 |
44.35 |
55.65 |
44.35 |
36 |
LIN/03A-C. |
An Langa (3a) |
Uiscí an Aontais in 3a |
92.65 |
7.35 |
92.65 |
7.35 |
92.65 |
7.35 |
92.65 |
7.35 |
92.65 |
7.35 |
92.65 |
7.35 |
37 |
LIN/04-C. |
An Langa (an Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4 |
21.22 |
78.78 |
20.92 |
79.08 |
20.61 |
79.39 |
20.24 |
79.76 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
38 |
LIN/6X14. |
An Langa (Iartharach) |
6, 7, 8, 9 agus 10; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
63.67 |
36.33 |
63.25 |
36.75 |
62.83 |
37.17 |
62.33 |
37.67 |
62.00 |
38.00 |
62.00 |
38.00 |
39 |
NEP/*07U16 |
Cloicheáin (Banc Porcupine) |
Aonad Feidhmiúil 16 d’Fholimistéar 7 ICES |
85.32 |
14.68 |
85.32 |
14.68 |
85.32 |
14.68 |
85.32 |
14.68 |
85.32 |
14.68 |
85.32 |
14.68 |
40 |
NEP/07. |
Cloicheáin (7) |
7 |
61.68 |
38.32 |
60.76 |
39.24 |
59.84 |
40.16 |
58.74 |
41.26 |
58.00 |
42.00 |
58.00 |
42.00 |
41 |
NEP/2AC4-C |
Cloicheáin (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
13.38 |
86.62 |
13.38 |
86.62 |
13.38 |
86.62 |
13.38 |
86.62 |
13.38 |
86.62 |
13.38 |
86.62 |
42 |
NOP/2A3A4. |
An Trosc Ioruach (an Mhuir Thuaidh) |
3a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
85.00 |
15.00 |
82.50 |
17.50 |
80.00 |
20.00 |
77.00 |
23.00 |
75.00 |
25.00 |
75.00 |
25.00 |
43 |
PLE/07A. |
An Leathóg (Muir Éireann) |
7a |
48.89 |
51.11 |
48.89 |
51.11 |
48.89 |
51.11 |
48.89 |
51.11 |
48.89 |
51.11 |
48.89 |
51.11 |
44 |
PLE/56-14 |
An Leathóg (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
39.23 |
60.77 |
39.23 |
60.77 |
39.23 |
60.77 |
39.23 |
60.77 |
39.23 |
60.77 |
39.23 |
60.77 |
45 |
PLE/7DE. |
An Leathóg (An Mhuir nIocht)* |
7d agus 7e |
70.36 |
29.64 |
70.27 |
29.73 |
70.18 |
29.82 |
70.07 |
29.93 |
70.00 |
30.00 |
70.00 |
30.00 |
46 |
PLE/7FG. |
An Leathóg (7fg) |
7f agus 7g |
74.86 |
25.14 |
74.58 |
25.42 |
74.30 |
25.70 |
73.96 |
26.04 |
73.74 |
26.26 |
73.74 |
26.26 |
47 |
PLE/7HJK. |
An Leathóg (7hjk) |
7h, 7j agus 7k |
84.25 |
15.75 |
83.71 |
16.29 |
83.17 |
16.83 |
82.52 |
17.48 |
82.09 |
17.91 |
82.09 |
17.91 |
48 |
POK/56-14 |
An Glasán (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b, 12 agus 14 |
62.32 |
37.68 |
58.99 |
41.01 |
55.66 |
44.34 |
51.66 |
48.34 |
49.00 |
51.00 |
49.00 |
51.00 |
49 |
POK/7/3411 |
An Glasán (An Mhuir Cheilteach) |
7, 8, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
84.86 |
15.14 |
84.90 |
15.10 |
84.93 |
15.07 |
84.97 |
15.03 |
85.00 |
15.00 |
85.00 |
15.00 |
50 |
POL/07. |
An Mangach (7) |
7 |
78.03 |
21.97 |
77.27 |
22.73 |
76.51 |
23.49 |
75.61 |
24.39 |
75.00 |
25.00 |
75.00 |
25.00 |
51 |
POL/56-14 |
An Glasán (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
63.38 |
36.62 |
63.38 |
36.62 |
63.38 |
36.62 |
63.38 |
36.62 |
63.38 |
36.62 |
63.38 |
36.62 |
52 |
PRA/2AC4-C |
An Séacla Artach (an Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
77.99 |
22.01 |
77.99 |
22.01 |
77.99 |
22.01 |
77.99 |
22.01 |
77.99 |
22.01 |
77.99 |
22.01 |
53 |
RJE/7FG. |
An Roc Mionsúileach (7fg) |
7f agus 7g |
56.36 |
43.64 |
53.39 |
46.61 |
50.42 |
49.58 |
46.86 |
53.14 |
44.49 |
55.51 |
44.49 |
55.51 |
54 |
RJU/7DE. |
An Roc Dústríoctha (An Mhuir nIocht) |
7d agus 7e |
69.12 |
30.88 |
68.09 |
31.91 |
67.06 |
32.94 |
65.82 |
34.18 |
65.00 |
35.00 |
65.00 |
35.00 |
55 |
RNG/5B67- |
An Gránádóir Cruinnsocach (Iarthach) |
6 agus 7; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b |
95.16 |
4.84 |
95.16 |
4.84 |
95.16 |
4.84 |
95.16 |
4.84 |
95.16 |
4.84 |
95.16 |
4.84 |
56 |
RNG/8X14- |
An Gránádóir Cruinnsocach (8,9,10,12,14) |
8, 9 agus 10: uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
99.71 |
0.29 |
99.71 |
0.29 |
99.71 |
0.29 |
99.71 |
0.29 |
99.71 |
0.29 |
99.71 |
0.29 |
57 |
SAN/2A3A4. |
Spéirlintí (An Mhuir Thuaidh, Gach Banc) |
Uiscí an Aontais in 2a, 3a agus 4 |
97.26 |
2.74 |
97.14 |
2.86 |
97.03 |
2.97 |
96.89 |
3.11 |
96.80 |
3.20 |
96.80 |
3.20 |
58 |
SBR/678- |
An Deargán (Iarthach) |
6, 7 agus 8 |
90.00 |
10.00 |
90.00 |
10.00 |
90.00 |
10.00 |
90.00 |
10.00 |
90.00 |
10.00 |
90.00 |
10.00 |
59 |
SOL/07A. |
An Sól (Muir Éireann) |
7a |
77.15 |
22.86 |
77.03 |
22.97 |
76.92 |
23.08 |
76.79 |
23.21 |
76.70 |
23.30 |
76.70 |
23.30 |
60 |
SOL/07D. |
An Sól (An Mhuir nIocht Thoir) |
7d |
80.31 |
19.69 |
80.23 |
19.77 |
80.15 |
19.85 |
80.06 |
19.94 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
61 |
SOL/07E. |
An Sól (An Mhuir nIocht Thiar) |
7e |
38.97 |
61.03 |
38.60 |
61.40 |
38.24 |
61.76 |
37.79 |
62.21 |
37.50 |
62.50 |
37.50 |
62.50 |
62 |
SOL/24-C. |
An Sól (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
88.09 |
11.91 |
86.81 |
13.19 |
85.54 |
14.46 |
84.02 |
15.98 |
83.00 |
17.00 |
83.00 |
17.00 |
63 |
SOL/56-14 |
An Sól (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
64 |
SOL/7FG. |
An Sól (7fg) |
7f agus 7g |
69.35 |
30.65 |
68.93 |
31.07 |
68.51 |
31.49 |
68.01 |
31.99 |
67.67 |
32.33 |
67.67 |
32.33 |
65 |
SOL/7HJK. |
An Sól (7hjk) |
7h, 7j agus 7k |
83.33 |
16.67 |
83.33 |
16.67 |
83.33 |
16.67 |
83.33 |
16.67 |
83.33 |
16.67 |
83.33 |
16.67 |
66 |
SPR/2AC4-C |
An Salán (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
96.18 |
3.82 |
96.18 |
3.82 |
96.18 |
3.82 |
96.18 |
3.82 |
96.18 |
3.82 |
96.18 |
3.82 |
67 |
SPR/7DE. |
An Salán (An Mhuir nIocht) |
7d agus 7e |
28.60 |
71.40 |
25.45 |
74.55 |
22.30 |
77.70 |
18.52 |
81.48 |
16.00 |
84.00 |
16.00 |
84.00 |
68 |
SRX/07D. |
Sciataí agus Roic (An Mhuir nIocht Thoir) |
7d |
84.51 |
15.49 |
84.44 |
15.56 |
84.36 |
15.64 |
84.27 |
15.73 |
84.21 |
15.79 |
84.21 |
15.79 |
69 |
SRX/2AC4-C |
Sciataí agus Roic (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
32.73 |
67.27 |
32.29 |
67.71 |
31.86 |
68.14 |
31.35 |
68.65 |
31.00 |
69.00 |
31.00 |
69.00 |
70 |
SRX/67AKXD |
Sciataí agus Roic (Iarthacha) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 6a, 6b, 7a-c agus 7e-k |
71.06 |
28.94 |
70.54 |
29.46 |
70.02 |
29.98 |
69.40 |
30.60 |
68.99 |
31.01 |
68.99 |
31.01 |
71 |
T/B/2AC4-C |
An Turbard agus an Bhroit (An Mhuir Thuaidh)* |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
81.82 |
18.18 |
81.37 |
18.63 |
80.91 |
19.09 |
80.36 |
19.64 |
80.00 |
20.00 |
80.00 |
20.00 |
72 |
USK/04-C. |
An Torsca (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4 |
59.46 |
40.54 |
59.46 |
40.54 |
59.46 |
40.54 |
59.46 |
40.54 |
59.46 |
40.54 |
59.46 |
40.54 |
73 |
USK/567EI. |
An Torsca (Iartharach) |
6 agus 7; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5 |
70.73 |
29.27 |
70.55 |
29.45 |
70.37 |
29.63 |
70.15 |
29.85 |
70.00 |
30.00 |
70.00 |
30.00 |
74 |
WHG/07A. |
An Faoitín (Muir Éireann) |
7a |
42.27 |
57.73 |
41.45 |
58.55 |
40.63 |
59.37 |
39.65 |
60.35 |
39.00 |
61.00 |
39.00 |
61.00 |
75 |
WHG/56-14 |
An Faoitín (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
37.53 |
62.47 |
36.67 |
63.33 |
35.81 |
64.19 |
34.78 |
65.22 |
34.09 |
65.91 |
34.09 |
65.91 |
76 |
WHG/7X7A-C |
An Faoitín (An Mhuir Cheilteach)* |
7b, 7c, 7d, 7e, 7f, 7g, 7h, 7j agus 7k |
88.95 |
11.05 |
88.89 |
11.11 |
88.84 |
11.16 |
88.77 |
11.23 |
88.73 |
11.27 |
88.73 |
11.27 |
IARSCRÍBHINN 36
A. RA-AE-NO stoic thríthaobhacha
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéir ICES |
Scaireanna |
|||||||||||
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 ar aghaidh |
||||||||||
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
||||
77 |
COD/2A3AX4 |
An Trosc (An Mhuir Thuaidh) |
4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; an chuid sin de 3a nach bhfuil cumhdaithe le Skagerrak agus Kattegat |
47.03 |
52.97 |
46.02 |
53.98 |
45.02 |
54.99 |
43.81 |
56.19 |
43.00 |
57.00 |
43.00 |
57.00 |
78 |
HAD/2AC4. |
An Chadóg (An Mhuir Thuaidh) |
4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; |
18.45 |
81.55 |
17.80 |
82.20 |
17.14 |
82.86 |
16.35 |
83.65 |
15.83 |
84.17 |
15.83 |
84.17 |
79 |
HER/2A47DX |
An Scadán (An Mhuir Thuaidh foghabháil) |
4, 7d agus uiscí an Aontais in 2a |
98.18 |
1.82 |
98.18 |
1.82 |
98.18 |
1.82 |
98.18 |
1.82 |
98.18 |
1.82 |
98.18 |
1.82 |
80 |
HER/4AB. |
An Scadán (An Mhuir Thuaidh) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, an Aontais agus na hÍorua lastuaidh de 53° 30' T |
71.33 |
28.67 |
70.42 |
29.58 |
69.50 |
30.50 |
68.41 |
31.59 |
67.68 |
32.32 |
67.68 |
32.32 |
81 |
HER/4CXB7D |
An Scadán (Deisceart na Mara Thuaidh agus Muir nIocht) |
4c, 7d cé is moite de Blackwater |
88.76 |
11.24 |
88.48 |
11.52 |
88.21 |
11.79 |
87.87 |
12.13 |
87.65 |
12.35 |
87.65 |
12.35 |
82 |
PLE/2A3AX4 |
An Leathóg (An Mhuir Thuaidh) |
4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; an chuid sin de 3a nach bhfuil cumhdaithe le Skagerrak agus Kattegat |
71.54 |
28.46 |
71.54 |
28.46 |
71.54 |
28.46 |
71.54 |
28.46 |
71.54 |
28.46 |
71.54 |
28.46 |
83 |
POK/2C3A4 |
An Glasán (An Mhuir Thuaidh) |
3a agus 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; |
77.71 |
22.29 |
76.78 |
23.22 |
75.85 |
24.15 |
74.74 |
25.26 |
74.00 |
26.00 |
74.00 |
26.00 |
84 |
WHG/2AC4. |
An Faoitín (An Mhuir Thuaidh) |
4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a |
34.78 |
65.22 |
32.71 |
67.29 |
30.63 |
69.37 |
28.13 |
71.87 |
26.47 |
73.53 |
26.47 |
73.53 |
B. Stoic Stáit Chósta
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéir ICES |
Scaireanna |
|||||||||||
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 ar aghaidh |
||||||||||
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
AE |
RA |
||||
85 |
MAC/2A34. |
An Ronnach (An Mhuir Thuaidh) |
3a agus 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; uiscí an Aontais in 3b, 3c agus Foranna 22-32 |
93.91 |
6.09 |
93.78 |
6.22 |
93.65 |
6.35 |
93.50 |
6.50 |
93.40 |
6.60 |
93.40 |
6.60 |
86 |
MAC/2CX14- |
An Ronnach (Iarthach) |
6, 7, 8a, 8b, 8d agus 8e; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 2a, 12 agus 14 |
35.15 |
64.85 |
34.06 |
65.94 |
32.98 |
67.02 |
31.67 |
68.33 |
30.80 |
69.20 |
30.80 |
69.20 |
87 |
WHB/1X14 |
An Faoitín Gorm (Tuaisceartach) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14 |
79.47 |
20.53 |
79.35 |
20.65 |
79.24 |
20.76 |
79.09 |
20.91 |
79.00 |
21.00 |
79.00 |
21.00 |
C. Stoic ICCAT
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéar |
Scaireanna |
|
AE |
RA |
||||
88 |
ALB/AN05N |
An Tuinnín Colgach (an tAtlantach Thuaidh) |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
98.48 |
1.52 |
89 |
BFT/AE45WM |
An Tuinnín Gorm (An tAtlantach Thoir Thuaidh) |
An tAigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus an Mheánmhuir |
99.75 |
0.25 |
90 |
BSH/AN05N |
An Siorc Gorm (an tAtlantach Thuaidh) |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
99.90 |
0.10 |
91 |
SWO/AN05N |
An Colgán (an tAtlantach Thuaidh) |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
99.99 |
0.01 |
D. Stoic NAFO
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéar |
Scaireanna |
|
AE |
RA |
||||
92 |
COD/N3M. |
An Trosc (NAFO 3M) |
NAFO 3M |
83.66 |
16.34 |
E. Cásanna Speisialta
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéir ICES |
Scaireanna |
|
AE |
RA |
||||
93 |
COD/1/2B. |
An Trosc (Svalbard) |
1 agus 2b |
75.00 |
25.00 |
F. Stoic nach bhfuil i láthair ach in uiscí aon Pháirtí amháin
# |
Cód |
Gnáthainm |
Limistéir ICES |
Scaireanna |
|
AE |
RA |
||||
|
|
|
|
|
|
94 |
GHL/2A-C46 |
An Haileabó Graonlannach (An Mhuir Thuaidh agus Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b |
27.35 |
72.65 |
95 |
HER/06ACL. |
An Scadán (Caolas Chluaidh) |
6 Caolas Chluaidh |
0.00 |
100.00 |
96 |
HER/1/2- |
An Scadán (ASH) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí Fharó, uiscí na hIorua agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
70.00 |
30.00 |
97 |
LIN/05EI. |
An Langa (5) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5 |
81.48 |
18.52 |
98 |
LIN/1/2. |
An Langa (1,2) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
77.78 |
22.22 |
99 |
NEP/5BC6. |
Cloicheáin (Iarthar na hAlban) |
6; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b |
2.36 |
97.64 |
100 |
RED/51214D |
Péirsí Mara [Peiligeach Domhain] (5,12,14) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
98.00 |
2.00 |
101 |
RED/51214S |
Péirsí Mara [Peiligeach Éadomhain] (5,12,14) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
98.00 |
2.00 |
102 |
SBR/10- |
An Deargán (na hAsóir) |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 10 |
99.12 |
0.88 |
103 |
SRX/89-C. |
Sciataí agus Roic (8,9) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais in 8; Uiscí na Aontais in 9 |
99.78 |
0.22 |
104 |
USK/1214EI |
An Torsca (1,2,14) |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 1, 2 agus 14 |
71.43 |
28.57 |
IARSCRÍBHINN 37
# |
Cód Stoic |
Gnáthainm |
Limistéir ICES |
105 |
ANF/8ABDE. |
An Láimhíneach (8) |
8a, 8b, 8d agus 8e |
106 |
BLI/03A- |
An Langa Gorm (3a) |
uiscí an Aontais in 3a |
107 |
BSF/8910- |
An Scabaird Dhubh (8,9,10) |
8, 9 agus 10 |
108 |
COD/03AN. |
An Trosc (Skagerrak) |
Skagerrak |
109 |
HAD/03A. |
An Chadóg (3a) |
3a |
110 |
HER/03A. |
An Scadán (3a) |
3a |
111 |
HER/03A-BC |
An Scadán (3a foghabháil) |
3a |
112 |
HER/6AS7BC |
An Scadán (Iarthar na hÉireann) |
6aS, 7b agus 7c |
113 |
HKE/03A. |
An Colmóir (3a) |
3a |
114 |
HKE/8ABDE. |
An Colmóir (8) |
8a, 8b, 8d agus 8e |
115 |
JAX/08C. |
An Bolmáin (8c) |
8c |
116 |
LEZ/8ABDE. |
Méigrim Scoilteán (8) |
8a, 8b, 8d agus 8e |
117 |
MAC/2A4A-N |
An Ronnach (dáileadh na Danmhairge in uiscí na hIorua) |
uiscí na hIorua in 2a agus 4a |
118 |
MAC/8C3411 |
An Ronnach (Comhpháirt an Deiscirt) |
8c, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
119 |
PLE/03AN. |
An Leathóg (Skagerrak) |
Skagerrak |
120 |
SPR/03A. |
An Salán (3a) |
3a |
121 |
SRX/03A-C. |
Sciataí agus Roic (3a) |
uiscí an Aontais in 3a |
122 |
USK/03A. |
An Torsca (3a) |
3a |
123 |
WHB/8C3411 |
An Faoitín Gorm (Comhpháirt an Deiscirt) |
8c, 9 agus 10; uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
IARSCRÍBHINN 38
PRÓTACAL MAIDIR LE ROCHTAIN AR UISCÍ
An Ríocht Aontaithe agus an tAontas
AG DEARBHÚ DÓIBH na cearta ceannasacha agus oibleagáidí atá ag Stáit neamhspleácha chósta a fheidhmíonn na Páirtithe;
Á CHUR I dTREIS go bhfuil an ceart atá gach Páirtí rochtain ar iascaireacht ina chuid uiscí a thabhairt do shoithí an Pháirtí eile le feidhmiú de ghnáth i gcomhairliúcháin bhliantúla tar éis na TACanna a chinneadh le haghaidh bliain ar leith i gcomhairliúcháin bhliantúla;
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le tréimhse chobhsaíochta eile, a gceadófaí d’iascairí lena linn leanúint go dtí an 30 Meitheamh 2026 de rochtain a bheith acu ar uiscí an Pháirtí eile mar a bhí roimh theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo;
TAR ÉIS COMHAONTÚ mar a leanas:
Airteagal 1
Bunaítear leis seo tréimhse choigeartúcháin. Mairfidh an tréimhse choigeartúcháin ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Airteagal 2
1. De mhaolú ar Airteagal500(1), (3), (4), (5), (6) agus (7) den Chomhaontú seo, le linn na tréimhse coigeartúcháin tabharfaidh gach Páirtí rochtain iomlán do shoithí an Pháirtí eile ar a uiscí chun iascaireacht a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a) |
stoic a liostaítear in Iarscríbhinn 35agus i dtáblaí A, B agus F d'Iarscríbhinn 36 ar leibhéal atá ar comhréir go réasúnta le scaireanna na bPáirtithe faoi seach de deiseanna iascaireachta; |
(b) |
stoic nach stoic chuóta iad ar leibhéal atá comhionann leis an meán tonnáiste a rinne an Páirtí sin a iascaireacht in uiscí an Pháirtí eile le linn na tréimhse 2012-2016; |
(c) |
le haghaidh soithí cáilitheacha sa chrios in uiscí na bPáirtithe idir 6 agus 12 mhuirmhíle ó bhunlínte na ranna ICES 4c agus 7d-g a mhéid a bhí rochtain ag soithí gach Páirtí ar an gcrios sin an 31 Nollaig 2020. |
Chun críocha phointe (c), ciallaíonn 'soitheach cáilitheach’ soitheach Páirtí a rinne iascaireacht sa chrios a luadh san abairt roimhe seo i gceithre bliana ar a laghad idir 2012 agus 2016, nó a ionadaí díreach.
2. Cuirfidh na Páirtithe an Páirtí eile ar an eolas faoi aon athrú ar an leibhéal agus ar na coinníollacha maidir le rochtain ar uiscí a mbeidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.
3. Beidh feidhm ag Airteagal 501 den Chomhaontú seo mutatis mutandis maidir le haon athrú faoi mhír 2 den Airteagal seo i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Iúil 2026 agus an 31 Nollaig 2026.
IARSCRÍBHINN 39
MALARTUITHE DNA, MÉARLOIRG AGUS SONRAÍ CLÁRÚCHÁIN FEITHICLE
CAIBIDIL 0
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Aidhm
Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo na forálacha cosanta sonraí, riaracháin agus teicniúla is gá a leagan síos chun Teideal II de Chuid a Trí a chur chun feidhme.
Airteagal 2
Sonraíochtaí teicniúla
Urramóidh na Ballstáit sonraíochtaí teicniúla coiteanna i dtaca le gach iarraidh agus gach freagra a bhaineann le cuardaigh agus comparáidí próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithiclí. Leagtar na sonraíochtaí teicniúla sin síos i gCaibidlí 1 go 3.
Airteagal 3
Líonra cumarsáide
Déanfar malartú leictreonach sonraí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithiclí idir Stáit trí úsáid a bhaint as líonra cumarsáide na Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (TESTA II) agus as forbairtí breise ar an líonra sin.
Airteagal 4
Fáil a bheith ar mhalartú uathoibrithe sonraí
Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir sonraí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithiclí a chuardach nó a chur i gcomparáid go huathoibrithe 24 uair an chloig sa lá agus seacht lá na seachtaine. I gcás fabht teicniúil, cuirfidh pointí teagmhála náisiúnta na Stát a chéile ar an eolas láithreach agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le socruithe malartacha sealadacha chun faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme. Déanfar malartú uathoibrithe sonraí a athbhunú a luaithe is féidir.
Airteagal 5
Uimhreacha tagartha do shonraí DNA agus do shonraí dachtalascópacha
Beidh cónasc de na nithe seo a leanas sna huimhreacha tagartha dá dtagraítear in Airteagail 529 agus 533 den Chomhaontú seo:
(a) |
cód lenar féidir leis na Stáit, i gcás meaitseála, sonraí pearsanta agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí chun iad a sholáthar do Stát amháin, do roinnt Stát nó dóibh go léir i gcomhréir le hAirteagal 536 den Chomhaontú seo; |
(b) |
cód chun tionscnamh náisiúnta na sonraí próifíle DNA nó na sonraí dachtalascópacha a shonrú; agus |
(c) |
maidir le sonraí DNA, cód chun an cineál próifíle DNA a léiriú. |
Airteagal 6
Prionsabail maidir le malartú sonraí DNA
1. Úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin atá ann cheana maidir le malartú sonraí DNA, amhail an Tacar Caighdeánach Eorpach (ESS) nó Tacar Caighdeánach Lócas Interpol (ISSOL).
2. Is laistigh de struchtúr díláraithe a dhéanfar an nós imeachta tarchuir, i gcás próifílí DNA a chuardach agus a chur i gcomparáid go huathoibrithe.
3. Déanfar bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine na sonraí a chuirtear chuig na Stáit eile a áirithiú, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin.
4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sláine na bpróifílí DNA a chuirtear ar fáil nó a sheoltar chun comparáid a dhéanamh chuig na Stáit eile a ráthú agus chun a áirithiú go gcomhlíontar caighdeáin idirnáisiúnta amhail ISO 17025 leis na bearta sin.
5. Úsáidfidh na Stáit cóid Stáit i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 alpha-2.
Airteagal 7
Rialacha maidir le hiarrataí agus freagraí a bhaineann le sonraí DNA
1. Maidir le hiarraidh ar chuardach nó ar chomparáid uathoibrithe, dá dtagraítear in Airteagal 530 nó 531 den Chomhaontú seo, ní bheidh san áireamh inti ach an fhaisnéis seo a leanas:
(a) |
cód Stáit an Stáit iarrthaigh; |
(b) |
dáta, am agus táscuimhir na hiarrata; |
(c) |
próifílí DNA agus a n-uimhreacha tagartha; |
(d) |
na cineálacha próifílí DNA arna dtarchur (próifílí DNA neamhaitheanta nó próifílí DNA tagartha); agus |
(e) |
faisnéis atá ag teastáil chun na córais bunachair sonraí a rialú agus le haghaidh rialú cáilíochta na bpróiseas cuardaigh uathoibrithe. |
2. Ní bheidh sa fhreagra (tuarascáil mheaitseála) ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ach an fhaisnéis seo a leanas:
(a) |
léiriú i dtaobh cé acu a bhí nó nach raibh meaits amháin nó níos mó (amais) ann nó nach raibh aon mheaits ann (gan aon amas); |
(b) |
dáta, am agus táscuimhir na hiarrata; |
(c) |
dáta, am agus táscuimhir an fhreagra; |
(d) |
cóid Stáit an Stáit iarrthaigh agus an Stáit is faighteoir iarrata; |
(e) |
uimhreacha tagartha an Stáit iarrthaigh agus an Stáit is faighteoir iarrata; |
(f) |
an cineál próifílí DNA arna dtarchur (próifílí DNA neamhaitheanta nó próifílí DNA tagartha); |
(g) |
an phróifíl DNA a iarradh agus an phróifíl DNA mheaitseála; agus |
(h) |
faisnéis atá ag teastáil chun na córais bunachair sonraí a rialú agus le haghaidh rialú cáilíochta na bpróiseas cuardaigh uathoibrithe. |
3. Ní sholáthrófar fógra uathoibrithe maidir le meaits ach amháin i gcás gur meaits ina bhfuil líon íosta lócas atá mar thoradh ar an gcuardach uathoibrithe nó ar an gcomparáid uathoibrithe. Leagtar amach an t-íosmhéid sin i gCaibidil 1.
4. Áiritheoidh na Stáit go gcomhlíonfaidh iarrataí dearbhuithe arna n-eisiúint de bhun Airteagal 529(3) den Chomhaontú seo.
Airteagal 8
Nós imeachta tarchuir maidir le cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA neamhaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 530
1. Más rud é, i gcuardach le próifíl DNA neamhaitheanta, nach bhfuarthas aon mheaits sa bhunachar sonraí náisiúnta nó go bhfuarthas meaits ag a bhfuil próifíl DNA neamhaitheanta, féadfar an phróifíl DNA neamhaitheanta a tharchur ansin chuig bunachair sonraí na Stát eile go léir agus más rud é, i gcuardach leis an bpróifíl DNA neamhaitheanta sin, go n-aimsítear meaitseanna lena ngabhann próifílí DNA tagartha agus/nó próifílí DNA neamhaitheanta i mbunachair sonraí Stát eile, cuirfear na meaitseanna sin in iúl go huathoibríoch agus déanfar na sonraí tagartha DNA a tharchur chuig an Stát iarrthach; mura féidir teacht ar aon mheaitseanna i mbunachair sonraí Stát eile, cuirfear sin in iúl go huathoibríoch don Stát iarrthach.
2. Más rud é, i gcuardach le próifíl DNA neamhaitheanta, go n-aimsítear meaits i mbunachair sonraí Stát eile, féadfaidh gach Stát lena mbaineann nóta á rá sin a chur isteach ina bhunachar sonraí náisiúnta.
Airteagal 9
Nós imeachta tarchuir maidir le cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA tagartha i gcomhréir le hAirteagal 530
Más rud é, i gcuardach le próifíl DNA neamhaitheanta, nár aimsíodh aon mheaits sa bhunachar sonraí náisiúnta nó gur aimsíodh meaits ag a bhfuil próifíl DNA neamhaitheanta, féadfar an phróifíl DNA neamhaitheanta a tharchur ansin chuig bunachair sonraí na Stát eile go léir agus más rud é, i gcuardach leis an bpróifíl DNA neamhaitheanta sin, go n-aimsítear meaitseanna lena ngabhann próifílí DNA tagartha agus/nó próifílí DNA neamhaitheanta i mbunachair sonraí Stát eile, cuirfear na meaitseanna sin in iúl go huathoibríoch agus déanfar na sonraí tagartha DNA a tharchur chuig an Stát iarrthach; mura féidir teacht ar aon mheaitseanna i mbunachair sonraí Stát eile, cuirfear sin in iúl go huathoibríoch don Stát iarrthach.
Airteagal 10
Nós imeachta tarchuir maidir le comparáid uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA neamhaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 531
1. Más rud é, i gcomparáid le próifílí DNA neamhaitheanta, go n-aimsítear meaitseálacha i mbunachair sonraí Stát eile a bhfuil próifílí DNA tagartha agus/nó próifílí DNA neamhaitheanta iontu, déanfar na meaitseanna sin a chur in iúl go huathoibríoch agus déanfar na sonraí tagartha DNA a tharchur chuig an Stát iarrthach.
2. Más rud é, i gcomparáid le próifílí DNA neamhaitheanta, go n-aimsítear meaitseálacha i mbunachair sonraí Stát eile le próifílí DNA neamhaitheanta nó próifílí DNA tagartha, féadfaidh gach Stát lena mbaineann nóta á rá sin a chur isteach ina bhunachar sonraí náisiúnta.
Airteagal 11
Prionsabail maidir le malartú sonraí dachtalascópacha
1. Déanfar digitiú sonraí dachtalascópacha agus tarchur na sonraí sin chuig na Stáit eile i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach sonraí a shonraítear i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo.
2. Áiritheoidh gach Stát go mbeidh na sonraí dachtalascópacha a tharchuireann sé ar chaighdeán sách ard chun gur féidir leis na córais aitheantais uathoibrithe méarlorg (AFIS) comparáid a dhéanamh.
3. Is laistigh de struchtúr díláraithe a dhéanfar an nós imeachta tarchurtha maidir le malartú sonraí dachtalascópacha.
4. Déanfar bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine na sonraí dachtalascópacha a chuirtear chuig na Stáit eile a áirithiú, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin.
5. Úsáidfidh na Stáit cóid Stáit i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 alpha-2.
Airteagal 12
Acmhainneachtaí cuardaigh le haghaidh sonraí dachtalascópacha
1. Áiritheoidh gach Stát nach rachaidh a iarrataí cuardaigh thar na hacmhainneachtaí cuardaigh a arna sonrú ag an Stát is faighteoir iarrata. Dearbhóidh an Ríocht Aontaithe a hacmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae le haghaidh sonraí dachtalascópacha daoine sainaitheanta agus le haghaidh sonraí dachtalascópacha daoine nár sainaithníodh go fóill.
2. Leagtar amach i gCaibidil 2 an líon uasta iarrthóirí a nglactar leo don fhíorú in aghaidh an tarchuir.
Airteagal 13
Rialacha maidir le hiarrataí agus freagraí a bhaineann le sonraí dachtalascópacha
1. Seiceálfaidh an Stát is faighteoir iarrata cáilíocht na sonraí dachtalascópacha a tarchuireadh gan mhoill le nós imeachta lán-uathoibrithe. I gcás nach bhfuil na sonraí oiriúnach do chomparáid uathoibrithe, cuirfidh an Stát is faighteoir iarrata an Stát iarrthach ar an eolas gan mhoill.
2. Déanfaidh an Stát is faighteoir iarrata cuardaigh san ord ina bhfaighfear iarrataí. Déanfar iarrataí a phróiseáil laistigh de 24 uair an chloig trí nós imeachta lán-uathoibrithe. Féadfaidh an Stát iarrthach, má shainordaíonn a dhlí baile amhlaidh, próiseáil bhrostaithe ar a iarrataí a iarraidh agus déanfaidh an Stát is faighteoir iarrata na cuardaigh sin gan mhoill. Mura féidir sprioc-amanna a chomhlíonadh ar chúiseanna force majeure, déanfar an chomparáid gan mhoill a luaithe a chuirfear deireadh leis na baic.
Airteagal 14
Prionsabail maidir le sonraí clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibrithe
1. Chun sonraí clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibrithe, úsáidfidh na Stáit leagan den fheidhmchlár Eorpach um Fheithiclí agus um Cheadúnais Tiomána (Eucaris) atá deartha go speisialta chun críocha Airteagal 537 den Chomhaontú seo , agus leaganacha leasaithe den bhogearra sin.
2. Is laistigh de struchtúr díláraithe a tharlóidh cuardach uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle.
3. Déanfar an fhaisnéis a mhalartófar trí chóras Eucaris a tharchur i bhfoirm chriptithe.
4. Sonraítear i gCaibidil 3 na gnéithe sonraí de na sonraí clárúcháin feithiclí atá le malartú.
5. Agus Airteagal 537 den Chomhaontú seo á chur chun feidhme, féadfaidh na Stáit tosaíocht a thabhairt do chuardaigh a bhaineann le coireacht thromchúiseach a chomhrac.
Airteagal 15
Costais
I gcás gach Stáit, is orthu féin a bheidh na costais a thiocfaidh as riar, úsáid agus cothabháil an fheidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
Airteagal 16
Cuspóir
1. Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta ag an Stát fála ach amháin chun na gcríoch ar chucu a soláthraíodh na sonraí i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú seo.. Ní cheadófar próiseáil chun críoch eile ach amháin le húdarás roimh ré ón Stát atá ag riar an chomhaid agus faoi réir dhlí baile an Stáit is faighteoir agus faoina réir sin amháin. Féadfar údarú den sórt sin a dheonú ar choinníoll go gceadaítear próiseáil chun na gcríoch eile sin faoi dhlí baile an Stáit atá ag riar an chomhaid.
2. Ní cheadófar próiseáil sonraí arna soláthar de bhun Airteagail 530, 531 agus 534 den Chomhaontú seo ag an Stát cuardaigh nó ag an Stát comparáide ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
(a) |
chun a shuíomh an ndéanann na próifílí DNA nó na sonraí dachtalascópacha arna gcur i gcomparáid a chéile a mheaitseáil; |
(b) |
chun iarraidh ó phóilíní nó ó bhreitheamh ar chúnamh dlíthiúil a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir leis an dlí baile má mheaitseálann na sonraí sin a chéile; |
(c) |
chun taifeadadh a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 19 den Chaibidil seo. |
3. Ní fhéadfaidh an Stát atá ag riar an chomhaid na sonraí arna soláthar dó a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagail 530, 531 agus 534 den Chomhaontú seo ] ach amháin i gcás inar gá sin chun críoch comparáide, chun freagraí uathoibrithe a thabhairt ar chuardaigh nó chun taifeadadh a dhéanamh de bhun Airteagal 19 den Chaibidil seo. Déanfar na sonraí arna soláthar a scriosadh láithreach tar éis comparáid a dhéanamh idir sonraí nó freagraí uathoibrithe ar chuardaigh ach amháin más gá tuilleadh próiseála a dhéanamh chun na gcríoch a luaitear faoi phointí (b) agus (c) de mhír 2 den Airteagal seo.
4. Sonraí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 537 den Chomhaontú seo, ní fhéadfaidh an Stát atá ag riar an chomhaid iad a úsáid ach amháin i gcás inar gá sin chun freagraí uathoibrithe a thabhairt ar nósanna imeachta cuardaigh nó chun taifeadadh a dhéanamh mar a shonraítear in Airteagal 19 den Chaibidil seo. Déanfar na sonraí a sholáthrófar a scriosadh láithreach tar éis freagraí uathoibrithe a fháil ar chuardaigh ach amháin más gá tuilleadh próiseála a dhéanamh le haghaidh taifeadadh de bhun Airteagal 19 den Chaibidil seo. Ní fhéadfaidh an Ballstát sonraí a fuair sé i bhfreagra a úsáid ach amháin don nós imeachta dá ndearnadh an cuardach.
Airteagal 17
Cruinneas, ábharthacht reatha agus am stórála na sonraí
1. Áiritheoidh na Stáit cruinneas agus ábharthacht reatha na sonraí pearsanta. Má thagtar ar an eolas ex officio nó ó fhógra ón duine is ábhar do na sonraí gur soláthraíodh sonraí míchearta nó sonraí nár chóir a sholáthar, cuirfear é sin in iúl gan mhoill don Stát fála nó do na Stáit fála. Beidh sé d’oibleagáid ar an Stát nó ar na Stáit lena mbaineann na sonraí a cheartú nó a scriosadh. Thairis sin, déanfar sonraí pearsanta arna soláthar a cheartú má chinntear go bhfuil siad mícheart. Má tá cúis ag an gcomhlacht fála lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a soláthraíodh mícheart nó gur cheart iad a scriosadh, cuirfear an comhlacht soláthair ar an eolas láithreach.
2. Sonraí a ndéanann an duine is ábhar do na sonraí iad a chonspóid agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a shuí, déanfar, i gcomhréir le dlí baile na Stát, iad a mharcáil le bratach arna iarraidh sin ag an duine is ábhar do na sonraí. Más ann do bhratach, féadfar í sin a bhaint faoi réir dhlí baile na Stát ach ní fhéadfar í a bhaint ach amháin le cead ón duine is ábhar do na sonraí nó bunaithe ar chinneadh ón gcúirt inniúil nó ón údarás neamhspleách cosanta sonraí.
3. Scriosfar sonraí pearsanta nár cheart a bheith soláthartha ná faighte. Scriosfar sonraí a sholáthraítear agus a fhaightear go dleathach:
(a) |
mura bhfuil siad riachtanach nó riachtanach a thuilleadh chun na críche ar chuici a soláthraíodh iad; má soláthraíodh sonraí pearsanta gan iarraidh, seiceálfaidh an comhlacht fála láithreach an bhfuil siad riachtanach chun na gcríoch ar chucu a soláthraíodh iad; |
(b) |
tar éis dhul in éag na huastréimhse chun sonraí a choinneáil a leagtar síos i ndlí baile an Stáit soláthair más rud é gur chuir an comhlacht soláthair an comhlacht fála ar an eolas faoin uastréimhse sin tráth a soláthraíodh na sonraí. |
4. I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go ndéanfadh scriosadh na sonraí dochar do leasanna an duine is ábhar do na sonraí, déanfar na sonraí a bhlocáil seachas iad a scriosadh i gcomhréir leis an dlí baile. Ní fhéadfar sonraí blocáilte a sholáthar ná a úsáid ach chun na críche ar chuici a cuireadh cosc ar scriosadh na sonraí sin.
Airteagal 18
Bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun cosaint sonraí agus slándáil sonraí a áirithiú
1. Déanfaidh na comhlachtaí soláthair agus fála bearta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar mhilleadh tionóisceach nó neamhúdaraithe, ar chaillteanas tionóisceach, ar rochtain neamhúdaraithe, ar athrú neamhúdaraithe nó tionóisceach agus ar nochtadh neamhúdaraithe.
2. Déantar gnéithe shonraíocht theicniúil an nós imeachta cuardaigh uathoibrithe a rialáil sna bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 539 den Chomhaontú seo lena ráthaítear an méid seo a leanas:
(a) |
go nglactar bearta teicniúla úrscothacha chun cosaint sonraí agus slándáil sonraí a áirithiú, go háirithe rúndacht sonraí agus sláine sonraí; |
(b) |
go mbaintear úsáid as nósanna imeachta criptiúcháin agus údarúcháin atá aitheanta ag na húdaráis inniúla nuair a théann siad ar iontaoibh líonraí a bhfuil rochtain ghinearálta orthu; agus |
(c) |
gur féidir inghlacthacht na gcuardach i gcomhréir le hAirteagal 19, míreanna 2, 5 agus 6 den Chaibidil seo a sheiceáil. |
Airteagal 19
Logáil agus taifeadadh: rialacha speisialta lena rialaítear soláthar uathoibrithe agus soláthar neamh-uathoibrithe
1. Ráthóidh gach Stát go ndéanfar gach soláthar neamh-uathoibrithe sonraí pearsanta agus gach fáil neamh-uathoibrithe sonraí pearsanta ag an gcomhlacht atá ag riar an chomhaid agus ag an gcomhlacht cuardaigh a logáil chun inghlacthacht an tsoláthair a fhíorú. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa logáil:
(a) |
an chúis leis an soláthar; |
(b) |
na sonraí arna soláthar; |
(c) |
dáta an tsoláthair; agus |
(d) |
ainm nó cód tagartha an chomhlachta cuardaigh agus an chomhlachta atá ag riar an chomhaid. |
2. Beidh an méid seo a leanas á chur i bhfeidhm maidir le cuardaigh uathoibrithe bunaithe ar Airteagail 530, 534 agus 537 den Chomhaontú seo agus maidir le comparáid uathoibrithe de bhun Airteagal 531 den Chomhaontú seo:
(a) |
is oifigigh arna n-údarú go speisialta de chuid na bpointí teagmhála náisiúnta, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh cuardaigh nó comparáidí uathoibrithe a dhéanamh; déanfar liosta de na hoifigigh atá údaraithe chun cuardaigh nó comparáidí uathoibrithe a dhéanamh a chur ar fáil arna iarraidh sin do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i mír 6 agus do na Stáit eile; |
(b) |
áiritheoidh gach Stát go dtaifeadfar gach soláthar agus fáil sonraí pearsanta ag an gcomhlacht atá ag riar an chomhaid agus ag an gcomhlacht cuardaigh, lena n-áirítear fógra a thabhairt i dtaobh an bhfuil AMAS ann nó nach bhfuil; áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa taifeadadh:
|
3. Déanfaidh an comhlacht cuardaigh freisin an chúis atá leis an gcuardach nó leis an soláthar a thaifeadadh chomh maith le haitheantóir don oifigeach a rinne an cuardach agus don oifigeach a d’ordaigh an cuardach nó an soláthar.
4. Arna iarraidh sin, cuirfidh an comhlacht taifeadta na sonraí taifeadta in iúl láithreach d’údaráis inniúla cosanta sonraí an Stáit ábhartha laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí tar éis dó an iarraidh a fháil; ní fhéadfar sonraí taifeadta a úsáid ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
(a) |
faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí; |
(b) |
slándáil sonraí a áirithiú. |
5. Déanfar na sonraí taifeadta a chosaint le bearta oiriúnacha in aghaidh úsáid mhíchuí agus in aghaidh cineálacha eile úsáide míchuí agus coinneofar iad go ceann dhá bhliain. I ndiaidh na tréimhse caomhnaithe, scriosfar na sonraí taifeadta láithreach.
6. Is iad na húdaráis neamhspleácha cosanta sonraí nó, de réir mar is iomchuí, údaráis bhreithiúnacha na Stát faoi seach atá freagrach as seiceálacha dlíthiúla a dhéanamh maidir le soláthar nó fáil sonraí pearsanta. Is féidir le duine ar bith a iarraidh ar na húdaráis sin dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí i ndáil lena bpearsa a sheiceáil i gcomhréir leis an dlí baile. Go neamhspleách ar na hiarrataí sin, déanfaidh na húdaráis sin agus na comhlachtaí a bhfuil freagracht as taifeadadh orthu seiceálacha randamacha ar dhlíthiúlacht an tsoláthair, bunaithe ar na comhaid lena mbaineann.
7. Déanfaidh na húdaráis neamhspleácha cosanta sonraí torthaí na seiceálacha sin a choinneáil chun cigireacht a dhéanamh orthu go ceann 18 mí. Tar éis na tréimhse sin, scriosfar láithreach iad. Maidir le gach údarás cosanta sonraí, féadfaidh údarás neamhspleách cosanta sonraí Stáit eile a iarraidh orthu a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí baile. Déanfaidh údaráis neamhspleácha cosanta sonraí na Stát na cúraimí cigireachta is gá don chomhar frithpháirteach, go háirithe trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú.
Airteagal 20
Cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí ar dhamáistí
I gcás inar sholáthair comhlacht de chuid Stáit amháin sonraí pearsanta faoi Theideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú seo, ní féidir le comhlacht fála an Stáit eile míchruinneas na sonraí arna soláthar a úsáid mar fhorais chun a dhliteanas i leith an pháirtí dhíobhálaithe faoin dlí baile a sheachaint. Má dhámhtar damáistí i gcoinne an chomhlachta fála mar gheall ar an úsáid a bhain sé as sonraí arna n-aistriú go míchruinn, aisíocfaidh an comhlacht a sholáthair na sonraí an méid a íocadh ina iomláine i ndamáistí leis an gcomhlacht fála.
Airteagal 21
Faisnéis arna hiarraidh ag na Stáit
Cuirfidh an Stát is faighteoir in iúl don Stát soláthair, arna iarraidh sin air, gur próiseáladh na sonraí a soláthraíodh agus cuirfidh sé an toradh a fuarthas in iúl dó.
Airteagal 22
Dearbhuithe agus ainmníochtaí
1. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe a dearbhuithe de bhun Airteagal 529(3) den Chomhaontú seo, agus Airteagal 12(1) den Chaibidil seo, chomh maith lena hainmníochtaí de bhun Airteagal 535(1) agus 537(3) den Chomhaontú seo in iúl don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
2. Tá faisnéis fhíorasach arna soláthar ag an Ríocht Aontaithe trí na dearbhuithe agus na hainmníochtaí sin, agus ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 539(3) den Chomhaontú seo, san áireamh sa Lámhleabhar dá dtagraítear in Airteagal 18(2) de Chinneadh 2008/616/CGB.
3. Féadfaidh na Stáit dearbhuithe a thíolactar i gcomhréir le mír 1 a leasú tráth ar bith trí bhíthin dearbhú a chuirfear faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach aon dearbhuithe a gheofar a chur ar aghaidh chuig Ardrúnaíocht na Comhairle.
4. Cuirfidh Ardrúnaíocht na Comhairle aon athruithe sa Lámhleabhar dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
Airteagal 23
Ullmhú na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 540
1. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 540 den Chomhaontú seo ar bhonn tuarascáil mheastóireachta a bheidh bunaithe ar cheistneoir.
2. Maidir leis an malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú seo, beidh an tuarascáil mheastóireachta bunaithe freisin ar chuairt mheastóireachta agus ar thriail phíolótach a dhéanfar, más gá, nuair a bheidh an Ríocht Aontaithe tar éis a chur in iúl don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach go bhfuil na hoibleagáidí a fhorchuirtear uirthi faoi Teideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú seo curtha chun feidhme aici agus nuair a chuirfidh sí isteach na dearbhuithe dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Chaibidil seo. Leagtar amach tuilleadh sonraí maidir leis an nós imeachta i gCaibidil 4 den Iarscríbhinn seo.
Airteagal 24
Staidreamh agus tuairisciú
1. Déanfar meastóireacht ar chur i bhfeidhm riaracháin, teicniúil agus airgeadais an mhalartaithe sonraí de bhun Teideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú seo ar bhonn rialta. Déanfar an mheastóireacht i ndáil leis na catagóirí sonraí a bhfuil tús curtha le malartú sonraí ina leith idir na Stáit lena mbaineann. Bunófar an mheastóireacht ar thuarascálacha na Stát faoi seach.
2. Tiomsóidh gach Stát staidreamh maidir le torthaí an mhalartaithe uathoibrithe sonraí. D’fhonn inchomparáideacht a áirithiú, tiomsóidh Meitheal ábhartha na Comhairle an tsamhail le haghaidh staidrimh. Cuirfear an staidreamh sin ar aghaidh go bliantúil chuig an gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
3. Ina theannta sin, iarrfar ar Stáit ar bhonn rialta, gan dul thar uair sa bhliain, tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme riaracháin, teicniúil agus airgeadais an mhalartaithe uathoibrithe sonraí de réir mar is gá chun an próiseas a anailísiú agus a fheabhsú.
4. Beidh feidhm ag staidreamh agus tuairisciú a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh 2008/615/CGB agus le Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle i ndáil leis an Airteagal seo.
CAIBIDIL 1
MALARTÚ SONRAÍ DNA
1. Saincheisteanna fóiréinseacha, rialacha agus algartaim mheaitseála a bhaineann le DNA
1.1. Airíonna na bpróifílí DNA
Féadfaidh 24 phéire uimhreacha lena léirítear ailléilí 24 lócas agus a úsáidtear freisin i nósanna imeachta DNA Interpol a bheith sa phróifíl DNA. Taispeántar ainmneacha na lócas sin sa tábla seo a leanas:
VWA |
TH01 |
D21S11 |
FGA |
D8S1179 |
D3S1358 |
D18S51 |
Aimeiligeinin |
TPOX |
CSF1P0 |
D13S317 |
D7S820 |
D5S818 |
D16S539 |
D2S1338 |
D19S433 |
Penta D |
Penta E |
FES |
F13A1 |
F13B |
SE33 |
CD4 |
GABA |
Is iad na seacht lócas liatha sa tsraith uachtair an TCE reatha agus an TCLI araon.
Rialacha maidir le cuimsiú:
Maidir leis na próifílí DNA a chuireann na Stáit ar fáil chun cuardach agus comparáid a dhéanamh, chomh maith leis na próifílí DNA a sheoltar amach le haghaidh cuardaigh agus comparáide, ní mór sé lócas iomlána ainmnithe (1) ar a laghad a bheith iontu agus féadfaidh lócais bhreise nó bánáin a bheith iontu, ag brath ar a n-infhaighteacht. Ní mór sé cinn ar a laghad as na seacht TCE lócas a bheith sna próifílí DNA tagartha. Chun cruinneas na meaitseanna a ardú, déanfar na hailléilí uile atá ar fáil a stóráil sa bhunachar sonraí innéacsaithe de phróifílí DNA agus úsáidfear iad chun cuardach agus comparáid a dhéanamh. Ba cheart do gach Stát aon TCE nua lócas arna ghlacadh ag an Aontas a chur chun feidhme a luaithe is féidir.
Níl próifílí measctha ceadaithe, ionas nach mbeidh ach dhá uimhir in ailléil-luachanna gach lócais, a fhéadfaidh a bheith mar an gcéanna i gcás homaisigeacht ag lócas ar leith.
Ní mór déileáil le saoróga agus le micrea-athraithigh leis na rialacha seo a leanas:
— |
Ní mór aon luach neamh-uimhriúil seachas aimeiligeinin atá sa phróifíl (e.g. ‘o’, ‘f’, ‘r’, ‘na’, ‘nr’ nó ‘un’) a thiontú go huathoibríoch chun é a onnmhairiú chuig carachtar saoróige (*) agus é a chuardach i leith cách, |
— |
Ní mór luachanna uimhriúla ‘0’, ‘1’ nó ‘99’ atá sa phróifíl a thiontú go huathoibríoch le haghaidh an onnmhairiúcháin chuig carachtar saoróige (*) agus iad a chuardach i leith cách, |
— |
Má sholáthraítear trí ailléil i gcomhair lócas amháin, glacfar leis an gcéad ailléil agus ní mór an dá ailléil atá fágtha a thiontú go huathoibríoch le haghaidh an onnmhairiúcháin chuig carachtar saoróige (*) agus iad a chuardach i leith cách, |
— |
Nuair a sholáthraítear luachanna saoróg le haghaidh ailléil 1 nó 2, ansin cuardófar dhá iomalartú an luacha uimhriúil a thugtar don lócas (e.g. d’fhéadfaí 12, * a mheaitseáil i leith 12,14 nó 9,12), |
— |
Meaitseálfar micrea-athraithigh pheanalúicilíte (Penta D, Penta E agus CD4) dá réir seo a leanas:
|
— |
Déanfar micrea-athraithigh theitreanúicléitíde (is teitreanúicléitídí iad an chuid eile de na lócais) a mheaitseáil dá réir seo a leanas:
|
1.2. Rialacha meaitseála
Déanfar comparáid idir dhá phróifíl DNA ar bhonn na lócas a bhfuil péire ailléil-luachanna ar fáil ina leith sa dá phróifíl DNA. Ní mór do shé lócas ainmnithe iomlána ar a laghad (ar leith ó aimeiligeinin) meaitseáil idir an dá phróifíl DNA sula dtabharfar freagra amais.
Déantar meaits iomlán (Cáilíocht 1) a shainmhíniú mar mheaits nuair is ionann na hailléil-luachanna uile a bhaineann leis na lócais a chuirtear i gcomparáid agus atá go coitianta sna próifílí DNA iarrthacha agus iarrtha. Déantar neasmheaits a shainmhíniú mar mheaits nuair nach bhfuil ach luach amháin de na hailléilí a chuirtear i gcomparáid difriúil sa dá phróifíl DNA (Cáilíocht 2, 3 agus 4). Ní ghlactar le neasmheaits ach amháin má tá sé lócas iomlána ainmnithe mheaitseáilte ar a laghad sa dá phróifíl DNA a chuirtear i gcomparáid.
Féadfaidh siad seo a leanas a bheith ina gcúis le neasmheaits:
— |
earráid chlóscríobh arna déanamh ag duine ag pointe iontrála ceann de na próifílí DNA san iarraidh chuardaigh nó sa bhunachar sonraí DNA, |
— |
earráid ailléil-chinntiúcháin nó ailléil-sainaitheanta le linn nós imeachta giniúna na próifíle DNA. |
1.3. Rialacha tuairiscithe
Tuairisceofar meaitseanna iomlána, neasmheaitseanna agus ‘Gan AMAS’.
Seolfar an tuarascáil mheaitseála chuig an bpointe teagmhála náisiúnta iarrthach agus cuirfear ar fáil í freisin don phointe teagmhála náisiúnta iarrtha (chun gur féidir leis meastachán a dhéanamh ar chineál agus líon na n-iarrataí leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le tuilleadh sonraí pearsanta atá ar fáil agus maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann leis an bpróifíl DNA a chomhfhreagraíonn don AMAS i gcomhréir le hAirteagal 536 den Chomhaontú seo.
2. Tábla d’uimhreacha cóid na Stát
I gcomhréir le Teideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú seo úsáidtear cóid alpha-2 ISO 3166-1 chun na hainmneacha fearainn agus na paraiméadair chumraíochta eile a bhfuil gá leo i bhfeidhmchláir malartaithe sonraí DNA Prüm ar líonra iata a bhunú.
Is ionann na cóid alpha-2 ISO 3166-1 agus na cóid Stáit dhá litir seo a leanas.
Ainmneacha na stát |
Cód |
Ainmneacha na stát |
Cód |
An Bheilg |
BE |
An Liotuáin |
LT |
An Bhulgáir |
BG |
Lucsamburg |
LU |
Poblacht na Seice |
CZ |
An Ungáir |
HU |
An Danmhairg |
DK |
Málta |
MT |
An Ghearmáin |
DE |
An Ísiltír |
NL |
An Eastóin |
EE |
An Ostair |
AT |
Éire |
IE |
An Pholainn |
PL |
An Ghréig |
EL |
An Phortaingéil |
PT |
An Spáinn |
ES |
An Rómáin |
RO |
An Fhrainc |
FR |
An tSlóvaic |
SK |
An Chróit |
HR |
An tSlóivéin |
SI |
An Iodáil |
IT |
An Fhionlainn |
FI |
An Chipir |
CY |
An tSualainn |
SE |
An Laitvia |
LV |
an Ríocht Aontaithe |
UK |
3. Anailís fheidhmiúil
3.1. Infhaighteacht an chórais
Ba cheart iarrataí de bhun Airteagal 530 den Chomhaontú seo an sprioc-bhunachar sonraí a shroicheadh san ord croineolaíoch inar seoladh gach iarraidh; ba cheart freagraí a sheoladh ionas go sroichfidh siad an Stát iarrthach laistigh de 15 nóiméad ó theacht isteach na n-iarrataí.
3.2. An dara céim
Nuair a fhaigheann Stát tuairisc go bhfuil meaits ann, is é a phointe teagmhála náisiúnta atá freagrach as comparáid a dhéanamh idir luachanna na próifíle a cuireadh isteach mar cheist agus luachanna na próifíle/na bpróifílí a fuarthas mar fhreagra chun luach fianaiseach na próifíle a bhailíochtú agus a sheiceáil. Is féidir le pointí teagmhála náisiúnta teagmháil a dhéanamh le chéile go díreach chun críocha bailíochtaithe.
Tosaíonn na nósanna imeachta cúnaimh dhlíthiúil tar éis bailíochtú a dhéanamh ar mheaits atá ann cheana idir dhá phróifíl, ar bhonn ‘meaits iomlán’ nó ‘neasmheaits’ a fuarthas le linn chéim an chomhairliúcháin uathoibrithe.
4. Doiciméad um rialú comhéadain DNA
4.1. Réamhrá
4.1.1. Cuspóirí
Sainítear sa Chaibidil seo na ceanglais maidir le faisnéis faoi phróifílí DNA a mhalartú idir córais bunachair sonraí DNA na Stát uile. Sainítear na réimsí ceanntáisc go sonrach do mhalartú DNA Prüm; tá cuid na sonraí bunaithe ar chuid sonraí na próifíle DNA atá sa scéimre XML atá sainithe do thairseach malartaithe DNA Interpol.
Déantar sonraí a mhalartú le Prótacal Simplí Aistrithe Poist (SMTP) agus le teicneolaíochtaí úrscothacha eile, ag baint úsáid as freastalaí poist sealaíochta lárnach arna sholáthar ag an soláthróir líonra. Iompraítear an comhad XML mar chorp poist.
4.1.2. Raon feidhme
Is é inneachar na teachtaireachta (nó an phoist) amháin a shainítear sa doiciméad um rialú comhéadain seo. Déantar gach topaic líonrashonrach agus phostsonrach a shainiú go haonfhoirmeach chun go mbeidh comhbhonn teicniúil ann don mhalartú sonraí DNA.
Áirítear air sin:
— |
formáid réimse an ábhair sa teachtaireacht chun próiseáil uathoibrithe na dteachtaireachtaí a chumasú/a cheadú, |
— |
cibé acu atá gá nó nach bhfuil gá le criptiú inneachair agus, má tá gá leis, cé na modhanna ba cheart a roghnú, |
— |
fad uasta na dteachtaireachtaí. |
4.1.3. Struchtúr agus prionsabail XML
Cuirtear struchtúr mar seo a leanas ar an teachtaireacht XML:
— |
cuid an cheanntáisc, ina bhfuil faisnéis faoin tarchur, agus |
— |
cuid na sonraí, ina bhfuil faisnéis phróifílsonrach, chomh maith leis an bpróifíl féin. |
Úsáidfear an scéimre XML céanna i gcomhair iarrata agus freagartha.
Chun seiceálacha iomlána a dhéanamh ar phróifílí DNA neamhaitheanta, dá bhforáiltear in Airteagal 531 den Chomhaontú seo, beifear in ann baisc próifílí a sheoladh in aon teachtaireacht amháin. Ní mór líon uasta próifílí in aon teachtaireacht amháin a shainiú. Braitheann an líon sin ar mhéid uasta an phoist atá ceadaithe agus saineofar é tar éis an freastalaí poist a roghnú.
Sampla XML:
<?version= ‘1.0’ standalone= ‘yes’?>
<PRUEMDNAx xmlns:msxsl=‘urn:schemas-microsoft-com:xslt’
xmlns:xsi=‘ http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance’>
<header>
(…)
</header>
<datas>
(…)
</datas>
[<datas> struchtúr sonraí ilbhreactha, má tá próifílí éagsúla seolta ag (...) teachtaireacht SMTP aonair; ní cheadaítear é ach do chásanna faoi Airteagal 531 den Chomhaontú seo
<datas>]
</PRUEMDNA>
4.2. Sainiú ar struchtúr XML
Is chun críocha doiciméadúcháin agus inléiteachta níos fearr na sainithe seo a leanas; is le comhad scéimre XML (PRUEM DNA.xsd) a sholáthraítear an fhaisnéis cheangailteach cheart.
4.2.1. Scéimre PRUEMDNAx
Tá na réimsí seo a leanas ann:
Réimsí |
Cineál |
Tuairisc |
header |
PRUEM_header |
Tarlaíonn sé: 1 |
datas |
PRUEM_datas |
Tarlaíonn sé: 1 … 500 |
4.2.2. Inneachar an struchtúir ceanntáisc
4.2.2.1. |
Ceanntásc PRUEM
Is struchtúr é seo ina dtugtar tuairisc ar cheanntásc an chomhaid XML. Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
4.2.2.2. |
PRUEM_header dir
An cineál sonraí atá sa teachtaireacht; is féidir gurb ionann an luach agus:
|
4.2.2.3. |
Faisnéis cheanntáisc PRUEM
Struchtúr chun tuairisc a thabhairt ar an Stát chomh maith le dáta/am na teachtaireachta. Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
4.2.3. Inneachar sonraí Próifíle PRUEM
4.2.3.1. |
PRUEM_datas
Is struchtúr é seo ina bhfuil tuairisc ar chuid na sonraí den phróifíl XML. Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
4.2.3.2. |
PRUEM_request_type
An cineál sonraí atá sa teachtaireacht; is féidir gurb ionann an luach agus:
|
4.2.3.3. |
PRUEM_hitquality_type
|
4.2.3.4. |
PRUEM_data_type
An cineál sonraí atá sa teachtaireacht; is féidir gurb ionann an luach agus:
|
4.2.3.5. |
PRUEM_data_result
An cineál sonraí atá sa teachtaireacht; is féidir gurb ionann an luach agus:
|
4.2.3.6. |
IPSG_DNA_profile
Struchtúr ina bhfuil tuairisc ar phróifíl DNA. Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
4.2.3.7. |
IPSG_DNA_ISSOL
Struchtúr ina bhfuil lócais ISSOL (Grúpa Caighdeánach Lócas Interpol). Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
4.2.3.8. |
IPSG_DNA_additional_loci
Struchtúr ina bhfuil an lócais eile. Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
4.2.3.9. |
Lócas_DNA_IPSG
Struchtúr ina dtugtar tuairisc ar lócas. Tá na réimsí seo a leanas ann:
|
5. Ailtireacht feidhmchláir, slándála agus chumarsáide
5.1. Forléargas
Agus iarratais ar mhalartú sonraí DNA á gcur chun feidhme faoi chuimsiú Teideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo, bainfear úsáid as líonra coiteann cumarsáide, a bheidh iata go loighciúil i measc na Stát. Chun leas a bhaint as an mbonneagar coiteann cumarsáide sin chun iarrataí a sheoladh agus freagraí a fháil ar bhealach níos éifeachtaí, glactar sásra aisioncronach chun iarrataí ar shonraí DNA agus dachtalascópacha a chur in iúl i dteachtaireacht ríomhphoist faoi chlúdach SMTP. D’fhonn ábhair imní maidir le slándáil a chomhlíonadh, úsáidfear an sásra s/MIME mar leathnú ar an bhfeidhmiúlacht SMTP chun tollán ceart slán ó cheann go ceann a bhunú ar an líonra.
Is í Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (TESTA) oibríochtúil a úsáidtear mar an líonra cumarsáide chun sonraí a mhalartú idir na Stáit. Is faoi fhreagracht an Choimisiúin Eorpaigh atá TESTA. Agus é á chur san áireamh go bhféadfaidh bunachair sonraí náisiúnta DNA agus pointí rochtana náisiúnta TESTA atá ann faoi láthair a bheith suite ar shuíomhanna éagsúla sna Stáit, féadfar rochtain ar TESTA a bhunú ar na bealaí seo a leanas:
1. |
trí úsáid a bhaint as an bpointe rochtana náisiúnta atá ann cheana nó trí phointe rochtana náisiúnta nua de chuid TESTA a bhunú; nó |
2. |
trí nasc slán áitiúil a bhunú ón suíomh ina bhfuil an bunachar sonraí DNA suite agus á bhainistiú ag an ngníomhaireacht náisiúnta inniúil chuig an bpointe rochtana náisiúnta de chuid TESTA atá ann cheana. |
Leis na prótacail agus na caighdeáin a úsáidtear le linn chur chun feidhme iarrataí Theideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seocomhlíontar na caighdeáin oscailte agus na ceanglais arna bhforchur ag lucht ceaptha beartas slándála náisiúnta na Stát.
5.2. Ailtireacht Leibhéil Uachtaraigh
Faoi raon feidhme Theideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo, cuirfidh gach Stát a shonraí DNA ar fáil lena malartú le Stáit eile agus/nó lena gcuardach ag Stáit eile i gcomhréir leis an bhformáid chaighdeánaithe choiteann sonraí. Tá an ailtireacht bunaithe ar shamhail chumarsáide ‘ceann ar bith go ceann ar bith’. Níl aon fhreastalaí ríomhaireachta lárnach ná bunachar sonraí láraithe ann chun próifílí DNA a choinneáil.
Chomh maith le srianta dlíthiúla náisiúnta ar shuíomhanna na Stát a chomhlíonadh, féadfaidh gach Stát cinneadh a dhéanamh i dtaobh cén cineál crua-earraí agus bogearraí ba cheart a úsáid chun go gcomhlíonfar leis an gcumraíocht ar a shuíomh na ceanglais a leagtar amach in Teideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo.
5.3. Caighdeáin Slándála agus Cosaint Sonraí
Rinneadh trí leibhéal imní slándála a mheas agus a chur chun feidhme.
5.3.1. Leibhéal Sonraí
Ní mór sonraí próifíle DNA a sholáthraíonn gach Stát a ullmhú i gcomhréir le comhchaighdeán cosanta sonraí, ionas go bhfaighidh na Stáit iarrthacha freagra chun a léiriú go bhfuil amas ann nó nach bhfuil amas ann mar aon le huimhir aitheantais i gcás amais, nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta ann. Déanfar an scrúdú breise tar éis fógra a thabhairt go bhfuil amas ann ar leibhéal déthaobhach de bhun rialacháin náisiúnta dlí agus eagraíochtúla ar marthain de chuid shuíomhanna na Stát faoi seach.
5.3.2. Leibhéal Cumarsáide
Déanfar teachtaireachtaí ina bhfuil faisnéis faoi phróifíl DNA (teachtaireachtaí iarrata agus teachtaireachtaí freagra) a chriptiú trí shásra úrscothach i gcomhréir le caighdeáin oscailte, amhail s/MIME, sula gcuirfear ar aghaidh chuig suíomhanna Stát eile iad.
5.3.3. Leibhéal Tarchurtha
Cuirfear gach teachtaireacht chriptithe ina bhfuil faisnéis faoi phróifíl DNA ar aghaidh chuig suíomhanna Stát eile trí chóras príobháideach fíorúil tollánaithe arna riar ag soláthróir líonra iontaofa ar an leibhéal idirnáisiúnta agus trí na naisc shlána leis an gcóras tollánaithe sin faoin bhfreagracht náisiúnta. Níl pointe nasctha ag an gcóras fíorúil príobháideach tollánaithe seo leis an Idirlíon oscailte.
5.4. Prótacail agus Caighdeáin atá le húsáid le haghaidh ailtireacht feidhmchláir: s/MIME agus pacáistí gaolmhara
Úsáidfear an caighdeán oscailte s/MIME mar leathnú ar an gcaighdeán r-phoist de facto SMTP chun teachtaireachtaí ina bhfuil faisnéis faoi phróifíl DNA a chriptiú. Leis an bprótacal s/MIME (V3) is féidir admhálacha sínithe, lipéid slándála, agus liostaí seoltaí slána a dhéanamh agus tá sé leagtha anuas mar chiseal ar an gComhréir Teachtaireachta Cripteagrafaí (CMS), sonraíocht de chuid Tascfhórsa Innealtóireachta an Idirlín (IETF) le haghaidh teachtaireachtaí cripteagrafacha faoi chosaint. Is féidir é a úsáid chun aon chineál sonraí digiteacha a shíniú, a phróiseáil, a fhíordheimhniú nó a chriptiú go digiteach.
Ní mór an bundeimhniú arna úsáid ag an sásra s/MIME a bheith i gcomhréir le caighdeán X.509. D’fhonn caighdeáin agus nósanna imeachta coiteanna le feidhmchláir eile Prüm a áirithiú, is iad seo a leanas na rialacha próiseála le haghaidh oibríochtaí criptiúcháin s/MIME nó atá le cur i bhfeidhm faoi thimpeallachtaí éagsúla Táirge le Ceannach i Siopa (COTS):
— |
is é seicheamh na n-oibríochtaí: criptiú ar dtús agus ansin síniú, |
— |
déanfar an t-algartam criptiúcháin AES (Caighdeán Ardchriptiúcháin) atá 256 giotán ar eochairfhad agus RSA atá 1024 giotán ar eochairfhad a chur i bhfeidhm le haghaidh criptiú siméadrach agus neamhshiméadrach faoi seach, |
— |
cuirfear an hais-algartam SHA-1 i bhfeidhm. |
Tá feidhmiúlacht s/MIME ina cuid dhílis de bhunáite mór na bpacáistí bogearraí r-phoist nua-aimseartha lena n-áirítear Outlook, Mozilla Mail chomh maith le Netscape Communicator 4.x agus idir-oibríonn sí i measc gach ceann de na mórphacáistí bogearraí r-phoist.
Mar gheall ar chomhtháthú éasca S/MIME isteach sa bhonneagar TF náisiúnta ar shuíomhanna na Stát go léir, roghnaítear é mar shásra inmharthana chun leibhéal slándála na cumarsáide a chur chun feidhme. Mar sin féin, chun an sprioc ‘Cruthúnas Coincheapa’ a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí agus chun costais a laghdú, tá an caighdeán oscailte JavaMail API á roghnú chun malartú sonraí DNA a fhréamhshamhaltú. Le JavaMail API, tugtar criptiú agus díchriptiú simplí r-phoist trí úsáid a bhaint as s/MIME agus/nó as OpenPGP. Is é an rún atá ann aon API so-úsáidte amháin a sholáthar do chliaint ríomhphoist ar mian leo r-phost criptithe a sheoladh agus a fháil i gceachtar den dá fhormáid criptiúcháin ríomhphoist is coitianta. Dá bhrí sin, is leor cur chun feidhme úrscothach ar bith chuig API JavaMail chun na ceanglais a leagtar síos in Teideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo a chomhlíonadh, cosúil le toradh JCE Bouncy Castle (Leathnú Cripteagrafach Java), a úsáidfear chun s/MIME a chur chun feidhme chun malartú sonraí DNA i measc na Stát uile a fhréamhshamhaltú.
5.5. Ailtireacht Feidhmchláir
Soláthróidh gach Stát do na Stáit eile tacar sonraí próifíle DNA caighdeánaithe atá i gcomhréir leis an doiciméad um rialú comhéadain coiteann atá ann faoi láthair. Is féidir é seo a dhéanamh trí amharc loighciúil ar bhunachar sonraí náisiúnta aonair a sholáthar nó trí bhunachar sonraí fisiciúil onnmhairithe (bunachar sonraí innéacsaithe) a bhunú.
Na ceithre phríomh-chomhpháirt: Freastalaí/freastalaithe/MIME r-phoist, Freastalaí Feidhmchláir, Limistéar Struchtúir Sonraí chun sonraí a ghabháil/a fhothú agus teachtaireachtaí isteach/amach a chlárú, agus an loighic feidhmchláir uile a chur chun feidhme de réir Inneall Meaitseála ar bhealach atá neamhspleách ar tháirge.
D’fhonn comhtháthú éasca na gcomhpháirteanna a chur ar fáil do na Stáit uile ina suíomhanna náisiúnta faoi seach, cuireadh an fheidhmiúlacht choiteann shonraithe chun feidhme trí bhíthin comhpháirteanna foinse oscailte, a d’fhéadfadh gach Stát a roghnú ag brath ar a bheartas agus a rialacháin TF náisiúnta. Mar gheall ar na gnéithe neamhspleácha atá le cur chun feidhme chun rochtain a fháil ar bhunachair sonraí innéacsaithe ina bhfuil próifílí DNA a chumhdaítear le Teideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo, is féidir le gach Stát a ardán crua-earraí agus bogearraí, lena n-áirítear córais bunachair sonraí agus oibriúcháin, a roghnú gan srian.
Forbraíodh fréamhshamhail don Mhalartú Sonraí DNA agus rinneadh tástáil rathúil air ar an líonra coiteann atá ann faoi láthair. Rinneadh leagan 1.0 a chur in úsáid sa timpeallacht tháirgiúil agus úsáidtear é le haghaidh oibríochtaí laethúla. Féadfaidh na Ballstáit an táirge comhfhorbartha a úsáid ach féadfaidh siad a gcuid táirgí féin a fhorbairt freisin. Déanfar na comhpháirteanna coiteanna táirgí a chothabháil, a shaincheapadh agus a fhorbairt tuilleadh de réir riachtanais athraitheacha TF, fhóiréinseacha agus/nó fheidhmiúla póilíneachta.
5.6. Prótacail agus Caighdeáin atá le húsáid le haghaidh ailtireacht feidhmchláir:
5.6.1. XML
Bainfidh an malartú sonraí DNA leas iomlán as scéimre XML mar cheangaltán le teachtaireachtaí ríomhphoist SMTP. Is é atá sa Teanga Mharcála Inbhreisithe (XML) teanga mharcála ilchuspóireach atá molta ag W3C chun teangacha marcála sainchuspóireacha a chruthú, ar teangacha iad a bhfuil ar a gcumas cur síos a dhéanamh ar go leor cineálacha éagsúla sonraí. Rinneadh an tuairisc ar an bpróifíl DNA atá oiriúnach le malartú idir na Stáit uile trí XML agus scéimre XML sa doiciméad um rialú comhéadain.
5.6.2. ODBC
Le Nascacht Oscailte Bunachair Sonraí tugtar modh bogearraí caighdeánach API chun rochtain a fháil ar chórais bainistíochta bunachar sonraí agus é a dhéanamh neamhspleách ar theangacha ríomhchlárúcháin, ar bhunachar sonraí agus ar chórais oibriúcháin. Mar sin féin, tá míbhuntáistí áirithe ag baint le ODBC. De bharr líon mór meaisíní cliant a bheith á riar, is féidir go mbeadh tiománaithe agus DLLanna éagsúla i gceist. De bharr na castachta seo, d’fhéadfadh forchostas riaracháin an chórais dul i méid.
5.6.3. JDBC
Is API don teanga ríomhchlárúcháin é Nascacht Bunachair Sonraí Java (Java DataBase Connectivity) (JDBC) lena sainmhínítear conas a fhéadfaidh cliant rochtain a fháil ar bhunachar sonraí. Murab ionann agus ODBC, ní sé riachtanach faoi JDBC úsáid a bhaint as tacar áirithe DLLanna áitiúla ag an Deasc.
Tá tuairisc ar an loighic ghnó a bhaineann le hiarrataí agus freagraí próifíle DNA a phróiseáil ar shuíomh gach Stáit sa léaráid seo a leanas. Idirghníomhaíonn sreafaí iarrthacha agus sreafaí freagartha araon le réimse neodrach sonraí ina bhfuil comhthiomsuithe éagsúla sonraí a bhfuil struchtúr coiteann sonraí orthu.
5.7. Timpeallacht Chumarsáide
5.7.1. Líonra Cumarsáide Coiteann: TESTA agus a bhonneagar leantach
Bainfidh an malartú sonraí DNA feidhmchláir leas as an r-phost, ar sásra aisioncronach é, chun iarrataí a sheoladh agus chun freagraí a fháil i measc na Stát. Ós rud é go bhfuil pointe rochtana náisiúnta amháin ar a laghad ar líonra TESTA ag gach Stát, is ar líonra TESTA a sheolfar an malartú sonraí DNA. Soláthraítear roinnt seirbhísí breisluacha ar TESTA trína athsheachadán r-phoist. Chomh maith le boscaí ríomhphoist sonracha de chuid TESTA a óstáil, is féidir leis an mbonneagar liostaí seachadta poist agus beartais ródúcháin a chur chun feidhme. Leis sin, is féidir TESTA a úsáid mar theach imréitigh le haghaidh teachtaireachtaí atá dírithe ar riaracháin atá nasctha leis na Fearainn uile-Aontais. Féadfar sásraí seiceála víreas a chur i bhfeidhm freisin.
Tá athsheachadán r-phoist TESTA tógtha ar ardán crua-earraí ard-infhaighteachta atá suite i saoráidí feidhmchláir lárnach TESTA agus cosanta ag balla dóiteáin. Déanfaidh Seirbhísí Ainm Fearainn (DNS) TESTA aimsitheoirí acmhainne a réiteach chuig seoltaí IP agus déanfaidh sé saincheisteanna seolacháin a cheilt ar an úsáideoir agus ar fheidhmchláir.
5.7.2. Imní maidir le Slándáil
Cuireadh coincheap Líonra Príobháideach Fíorúil (VPN) chun feidhme faoi chuimsiú TESTA. Tiocfaidh éabhlóidiú ar an Teicneolaíocht Chliblascacháin a úsáidtear chun an VPN seo a thógáil chun tacú le caighdeán Lipéadlascacháin Il-Phrótacail (MPLS) a d’fhorbair (IETF).
Is teicneolaíocht chaighdeánach IETF é MPLS lena ndéantar sreabhadh tráchta líonra a bhrostú trí anailís phaicéid le ródairí idirmheánacha (hops) a sheachaint. Déantar é sin ar bhonn lipéad, mar a thugtar orthu, atá ceangailte le paicéad ag imeallródairí na cnáimhe droma, ar bhonn na faisnéise atá stóráilte sa bhunachar faisnéise cur ar aghaidh (FIB). Úsáidtear lipéid freisin chun VPNanna a chur chun feidhme.
In MPLS tugtar le chéile na buntáistí a bhaineann le ródú de chiseal 3 agus na buntáistí a bhaineann le lascadh de chiseal 2. Toisc nach ndéantar meastóireacht ar sheoltaí IP le linn an trasdula tríd an gcnámh droma, ní fhorchuirtear le MPLS aon teorannú ar sheolachán IP.
Ina theannta sin, déanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ar TESTA a chosaint le sásra criptiúcháin arna thiomáint ag s/MIME. Gan an eochair a bheith ar eolas agus an deimhniú ceart a bheith ina s(h)eilbh, ní féidir le haon duine teachtaireachtaí a dhíchriptiú ar an líonra.
5.7.3. Prótacail agus Caighdeáin atá le húsáid ar an líonra cumarsáide
5.7.3.1. |
SMTP
Is é an PSAP an caighdeán de facto le haghaidh tarchur ríomhphoist ar fud an Idirlín. Prótacal téacsbhunaithe atá simplí go leor is ea SMTP, ina sonraítear faighteoir amháin nó níos mó teachtaireachta agus ansin aistrítear téacs na teachtaireachta. Le SMTP baintear úsáid as port TCP 25 de réir na sonraíochta ó Thascfhórsa Innealtóireachta an Idirlín. Chun an freastalaí SMTP le haghaidh ainm fearainn ar leith a chinneadh, baintear úsáid as an taifead MX (Mail eXchange) de chuid DNS (Córais Ainmneacha Fearainn). Ós rud é gur mar phrótacal ASCII téacs-bhunaithe amháin a cuireadh tús leis an bprótacal, ní féidir leis déileáil go maith le comhaid dhénártha. Forbraíodh caighdeáin amhail MIME chun comhaid dhénártha a ionchódú lena n-aistriú trí SMTP. Sa lá atá inniu, tacaíonn formhór na bhfreastalaithe SMTP leis an síneadh 8BITMIME agus s/MIME, lenar féidir comhaid dhénártha a tharchur ar shlí beagnach chomh héasca le gnáth-théacs. Tá tuairisc ar na rialacha maidir le próiseáil oibríochtaí s/MIME san alt i dtaobh s/MIME (féach Roinn 5.4). Is prótacal ‘brú’ é SMTP a fhágann nach féidir le duine teachtaireachtaí ‘a tharraingt’ ó fhreastalaí cianda ar éileamh. Chun é seo a dhéanamh bainfidh chliant ríomhphoist úsáid as POP3 nó as IMAP. Faoi chuimsiú malartú sonraí DNA a chur chun feidhme, tá sé beartaithe an prótacal POP3 a úsáid. |
5.7.3.2. |
POP
Baineann cliaint r-phoist úsáid as an bPrótacal Oifige Poist, leagan 3 (POP3), ar prótacal caighdeánach Idirlín ar chiseal feidhmchláir é, chun r-phost a aisghabháil ó fhreastalaí cianda le nasc TCP/IP. Trí úsáid a bhaint as an bpróifíl SMTP Submit de chuid an phrótacail SMTP, seolann cliaint ríomhphoist teachtaireachtaí tríd an Idirlíon nó ar líonra corparáideach. Is é MIME an caighdeán do cheangaltáin agus do théacs neamh-ASCII i ríomhphost. Cé nach n-éilíonn POP3 ná SMTP r-phost i bhformáid MIME, go bunúsach tagann r-phost Idirlín agus é i bhformáid MIME, mar sin ní mór do chliaint POP MIME a thuiscint agus a úsáid freisin. Dá bhrí sin, áireofar na comhpháirteanna de POP i dtimpeallacht chumarsáide iomlán Teideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo. |
5.7.4. Sannadh Seoltaí Líonra
Timpeallacht oibríoch
Tá an t-údarás clárúcháin Eorpach um maoin intleachtúil (RIPE) ar TESTA tar éis bloc tiomnaithe leathaicme B a leithdháileadh faoi láthair. Tá sannadh seoltaí IP do Stáit bunaithe ar scéimre geografach san Eoraip. Déantar an malartú faisnéise idir na Ballstáit faoi chuimsiú Theideal II de Chuid 3 den Chomhaontú seo a oibriú ar líonra uile-Eorpach IP atá iata go loighciúil.
Timpeallacht Tástála
Chun timpeallacht rianúil a chur ar fáil don oibríocht laethúil i measc na Stát nasctha go léir, is gá timpeallacht tástála a bhunú ar an líonra iata do Stáit nua a bheidh ag ullmhú le dul i mbun na n-oibríochtaí. Rinneadh bileog paraiméadar lena n-áirítear seoltaí IP, socruithe líonra, fearainn ríomhphoist chomh maith le cuntais úsáideoirí feidhmchlár a shonrú agus ba cheart iad a chur ar bun ar shuíomh an Stáit lena mbaineann. Thairis sin, rinneadh sraith bréagphróifílí DNA a thógáil chun críocha tástála.
5.7.5. Paraiméadair Chumraíochta
Tá córas ríomhphoist slán ar bun ag baint úsáid as an bhfearann eu-admin.net. Ní bheidh an fearann sin ná na seoltaí a bhaineann leis inrochtana ó áit nach bhfuil ar fhearann uile-AE TESTA, toisc nach bhfuil na hainmneacha ar eolas ach amháin ar fhreastalaí DNS lárnach TESTA, atá cosanta in aghaidh an Idirlín.
Is í seirbhís DNS TESTA a dhéanann na seoltaí suímh de chuid TESTA (ainmneacha óstach) a mhapáil go dtí a seoltaí IP. I gcás gach Fearainn Áitiúil, cuirfear iontráil Phoist le freastalaí DNS lárnach seo TESTA, agus gach teachtaireacht r-phost a sheoltar chuig Fearainn Áitiúla TESTA á n-athsheachadadh chuig athsheachadán lárnach poist TESTA. Seolfaidh athsheachadán lárnach poist TESTA ar aghaidh iad ansin chuig an bhfreastalaí sonrach r-phoist Fearainn Áitiúil trí úsáid a bhaint as na seoltaí r-phoist Fearainn Áitiúil. Bunaithe ar an ríomhphost a athsheachadadh ar an mbealach seo, ní rachaidh an fhaisnéis chriticiúil atá i ríomhphoist ach tríd an mbonneagar líonra iata uile-Eorpach agus ní tríd an idirlíon neamhshlán.
Is gá fofhearainn (cló trom iodálach) a bhunú ar shuíomhanna na Stát go léir ar an gcomhréir seo a leanas:
|
‘cineál-iarratais.cód-Stáit.pruem.testa.eu’, mar a nglacann:
|
|
‘cineál-iarratais’ ceann de na luachanna seo a leanas: DNA FP agus CAR. |
Bunaithe ar an gcomhréir thuas a chur i bhfeidhm, taispeántar fofhearainn na Stát sa tábla seo a leanas:
|
Comhréir fhofhearainn na Stát
|
CAIBIDIL 2
MALARTÚ SONRAÍ DACHTALASCÓPACHA (DOICIMÉAD UM RIALÚ COMHÉADAIN)
Is é is cuspóir don Doiciméad um Rialú Comhéadain seo a leanas na ceanglais maidir le faisnéis dhachtalascópach a mhalartú idir Córais Uathoibrithe um Shainaithint Méarlorg (AFIS) na Stát a shainiú. Tá sé bunaithe ar chur chun feidhme ANSI/NIST-ITL 1-2000 (INT-I, Leagan 4.22b) de chuid Interpol.
Cumhdófar leis an leagan seo na sainmhínithe bunúsacha go léir maidir le Taifid Loighciúla de Chineál 1, de Chineál 2, de Chineál 4, de Chineál 9, de Chineál 13 agus de Chineál 15 atá riachtanach chun próiseáil dhachtalascópach atá bunaithe ar íomhánna agus ar mhionphointí a dhéanamh.
1. Forléargas ar Inneachar Comhaid
Is é atá i gcomhad dachtalascópach roinnt taifid loighciúla. Sonraítear sé chineál déag de thaifead sa chaighdeán ANSI/NIST-ITL 1-2000 bunaidh. Úsáidtear carachtair dheighilte chuí ASCII idir gach taifead agus na réimsí agus na foréimsí laistigh de na taifid.
Ní úsáidtear ach 6 chineál taifid chun faisnéis a mhalartú idir an ghníomhaireacht tionscnaimh agus an ghníomhaireacht cinn scríbe:
Cineál 1 |
→ |
Faisnéis idirbhirt |
Cineál 2 |
→ |
Daoine alfa-uimhriúla/sonraí cáis |
Cineál 4 |
→ |
Íomhánna dachtalascópacha liathscála ardtaifigh |
Cineál 9 |
→ |
Taifead Mionphointí |
Cineál 13 |
→ |
Taifead íomhá folaigh taifigh athraithigh |
Cineál 15 |
→ |
Taifead íomhá loirg dearnan taifigh athraithigh |
1.1. Cineál 1 — Ceanntásc comhaid
Tá faisnéis ródúcháin agus faisnéis lena gcuirtear síos ar struchtúr an chuid eile den chomhad sa taifead seo. Sainítear sa taifead seo freisin na cineálacha idirbhirt atá sa dá chatagóir leathana seo a leanas:
1.2. Cineál 2 — Téacs tuairisciúil
Tá faisnéis théacsúil sa taifead seo atá ina díol spéise ag na gníomhaireachtaí seolta agus fála.
1.3. Cineál 4 — Íomhá liathscála ardtaifigh
Úsáidtear an taifead seo chun íomhánna dachtalascópacha liathscála ardtaifigh (ocht ngiotán) arna sampláil ag 500 picteilín san orlach a mhalartú. Comhbhrúfar íomhánna dachtalascópacha trí úsáid a bhaint as algartam WSQ le cóimheas nach mó ná 15:1. Ní bhainfear úsáid as gan algartaim chomhbhrúite eile ná íomhánna neamh-chomhbhrúite.
1.4. Cineál 9 — Taifead mionphointí
Úsáidtear taifid de Chineál 9 chun saintréithe droimín nó sonraí mionphointí a mhalartú. Is é an cuspóir atá leo go pointe áirithe aon dúbláil ar phróisis ionchódaithe AFIS a sheachaint agus go pointe áirithe chun gur féidir cóid AFIS ina bhfuil níos lú sonraí ná na híomhánna comhfhreagracha a tharchur.
1.5. Cineál 13 — Taifead Íomhá Folaigh Taifigh Athraithigh
Úsáidfear an taifead seo chun íomhánna méarlorg neamhfhollas agus lorg dearna neamhfhollasa taifigh athraithigh, in éineacht le faisnéis uigeach alfa-uimhriúil, a mhalartú. Is é an taifeach scanacháin a bheidh sna híomhánna 500 picteilín san orlach le 256 leibhéal liath. Má tá cáilíocht na híomhá folaigh imleor comhbhrúfar í trí úsáid a bhaint as algartam WSQ. Más gá, féadfar taifeach na n-íomhánna a leathnú go dtí níos mó ná 500 picteilín san orlach agus níos mó ná 256 leibhéal liath ach é sin a chomhaontú frithpháirteach. Sa chás sin, moltar go láidir JPEG 2000 a úsáid (féach Foscríbhinn 39-7).
1.6. Taifead Íomhá Loirg Dearnan Taifigh Athraithigh
Úsáidfear taifid íomhá réimse de Chineál 15 chun íomhánna lorg dearna neamhfhollasa taifigh athraithigh in éineacht le faisnéis uigeach alfa-uimhriúil a mhalartú. Is é an taifeach scanacháin a bheidh sna híomhánna 500 picteilín san orlach le 256 leibhéal liath. Chun an méid sonraí a íoslaghdú, comhbhrúfar gach íomhá loirg dearnan trí úsáid a bhaint as algartam WSQ. Más gá, féadfar taifeach na n-íomhánna a leathnú go dtí níos mó ná 500 picteilín san orlach agus níos mó ná 256 leibhéal liath ach é sin a chomhaontú frithpháirteach. Sa chás sin, moltar go láidir JPEG 2000 a úsáid (féach Foscríbhinn 39-7).
2. Formáid taifid
Taifead amháin loighciúil nó níos mó a bheidh i gcomhad idirbhirt. Le haghaidh gach taifid loighciúil atá sa chomhad, beidh roinnt réimsí faisnéise ann atá oiriúnach don chineál sin taifid. Féadfaidh mír faisnéise bhunúsach aonluacha amháin nó níos mó a bheith i ngach réimse faisnéise. Ach iad a ghlacadh le chéile, úsáidtear na míreanna sin chun gnéithe difriúla de na sonraí atá sa réimse sin a chur in iúl. Féadfaidh mír faisnéise amháin nó níos mó a bheith i réimse faisnéise freisin, iad grúpáilte le chéile agus ilbhreactha arís agus arís eile laistigh de réimse. Tugtar foréimse ar ghrúpa de mhíreanna faisnéise den chineál sin. Féadfaidh, mar sin, foréimse amháin nó níos mó de mhíreanna faisnéise a bheith i réimse faisnéise.
2.1. Deighilteoirí faisnéise
Sna taifid loighciúla réimse chlibeáilte, cuirtear sásraí chun faisnéis a theormharcáil chun feidhme trí úsáid a bhaint as ceithre dheighilteoir faisnéise ASCII. Féadfaidh sé gurb é atá san fhaisnéis theormharcáilte ná míreanna laistigh de réimse nó foréimse, réimsí laistigh de thaifead loighciúil, nó iltarluithe foréimsí. Sainítear na deighilteoirí faisnéise seo sa chaighdeán ANSI X3.4. Úsáidtear na carachtair seo chun faisnéis a dheighilt agus a cháiliú ar bhealach loighciúil. Nuair a bhreathnaítear air i gcaidreamh ordlathach, is é an carachtar Deighilteora Comhaid ‘FS’ (‘File Separator’) an ceann is cuimsithí, agus ina dhiaidh sin tá na carachtair Deighilteora Grúpa ‘GS’ (‘Group Separator’), Deighilteora Taifid ‘RS’ (‘Record Separator’), agus ar deireadh an carachtar Deighilteora Aonaid ‘US’ (‘Unit Separator’). I dTábla 1 liostaítear na deighilteoirí ASCII seo agus tuairisc ar a n-úsáid laistigh den chaighdeán seo.
Ba cheart breathnú go feidhmiúil ar dheighilteoirí faisnéise mar léiriú ar an gcineál sonraí a leanann. Leis an gcarachtar ‘US’ deighlfear míreanna faisnéise aonair laistigh de réimse nó foréimse. Is comhartha é seo gur píosa sonraí don réimse nó don fhoréimse sin é an chéad mhír faisnéise eile. Le hil-fhoréimsí laistigh de réimse arna ndeighilt leis an gcarachtar ‘RS’ tugtar comhartha le haghaidh thús an chéad ghrúpa eile de mhír nó de mhíreanna faisnéise ilbhreactha. Nuair a úsáidtear an carachtar deighilteora ‘GS’ tugtar comhartha go bhfuil tús le réimse nua roimh an uimhir aitheantais réimse a nochtfar. Mar an gcéanna, tabharfar comhartha go bhfuil tús le taifead loighciúil nua ann nuair a nochtfar an carachtar ‘FS’.
Níl brí leis na ceithre charachtar ach nuair a úsáidtear iad mar dheighilteoirí sonraí i réimsí na dtaifead téacs ASCII. Níl aon bhrí shonrach ceangailte leis na carachtair seo ag tarlú i dtaifid íomhá dhénártha agus réimsí dénártha — níl iontu ach cuid de na sonraí a mhalartaítear.
De ghnáth, níor cheart go mbeadh aon réimsí nó míreanna eolais folmha ann agus mar sin níor cheart ach aon charachtar deighilteora amháin a nochtadh idir aon dá mhír sonraí. Tarlaíonn an eisceacht leis an riail sin i gcásanna nach bhfuil na sonraí i réimsí nó na míreanna faisnéise in idirbheart ar fáil, nó go bhfuil siad ar iarraidh, nó roghnach, agus nach bhfuil próiseáil an idirbhirt ag brath ar na sonraí áirithe sin a bheith ann. Sna cásanna sin, nochtar le chéile carachtair dheighilteora iolracha agus cóngarach dá chéile, seachas ionsá sonraí caocha a éileamh idir carachtair dheighilteora.
Tá an méid seo a leanas i bhfeidhm chun réimse ina bhfuil trí mhír faisnéise a shainiú. Dá mbeadh an fhaisnéis don dara mír faisnéise ar iarraidh, bheadh dhá dheighilteora faisnéise ‘US’ cóngarach dá chéile ann idir an chéad agus an tríú mír faisnéise. Dá mbeadh an dara agus an tríú mír faisnéise araon ar iarraidh, ansin ba chóir trí charachtar deighilteora a úsáid — dhá charachtar ‘US’ chomh maith leis an gcarachtar deighilteora le haghaidh réimse nó foréimse críochta. Go ginearálta, mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de na míreanna faisnéise éigeantacha nó roghnacha ar fáil le haghaidh réimse nó foréimse, ansin ba cheart an líon oiriúnach carachtar deighilte a ionsá.
Is féidir cónaisc taobh le taobh a bheith ann, ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de na ceithre charachtar deighilteora atá ar fáil. Nuair atá sonraí ar iarraidh nó gan bheith ar fáil le haghaidh míreanna faisnéise, foréimsí, nó réimsí, beidh carachtar deighilteora amháin níos lú ná an líon míreanna sonraí, foréimsí, nó réimse a theastaíonn ann.
Tábla 1:
Deighilteoirí a Úsáidtear
Cód |
Cineál |
Tuairisc |
Luach Heicsidheachúil |
Luach Deachúil |
US |
Deighilteoir Aonaid |
Deighleann sé míreanna faisnéise |
1F |
31 |
RS |
Deighilteoir Taifid |
Deighleann sé foréimsí |
1E |
30 |
GS |
Deighilteoir Grúpa |
Deighleann sé réimsí |
1D |
29 |
FS |
Deighilteoir Comhaid |
Deighleann sé taifid loighciúla |
1C |
28 |
2.2. Leagan amach taifid
Le haghaidh taifid loighciúla réimsí clibeáilte, déanfar gach réimse faisnéise a úsáidtear a uimhriú de réir an chaighdeáin seo. Is é a bheidh san fhormáid le haghaidh gach réimse uimhir an chineáil taifid loighciúil agus lánstad ‘.’ ina diaidh, uimhir réimse agus idirstad ‘:’ ina diaidh, agus an fhaisnéis atá oiriúnach don réimse sin ina dhiaidh sin. Is féidir le huimhir ar bith ina bhfuil idir digit amháin agus naoi ndigit a tharlaíonn idir an lánstad ‘.’ agus an t-idirstad ‘:’ a bheith ina huimhir réimse chlibeáilte. Léireofar í mar uimhir réimse slánuimhreach gan sín. Tugtar le fios leis sin go bhfuil uimhir réimse ‘2.123:’ coibhéiseach le huimhir réimse ‘2.000000123:’ agus go léireofar ar an mbealach sin í.
Chun críocha léiriú ó thús deireadh an doiciméid seo, úsáidfear uimhir trí dhigit chun na réimsí atá i ngach ceann de na taifid loighciúla réimse chlibeáilte a thuairiscítear anseo a áireamh. Beidh an fhoirm ‘TT.xxx:’ ag uimhreacha réimse, inarb ionann an ‘TT’ an cineál taifid aon charachtair nó dhá charachtair a bhfuil lánstad ina dhiaidh. Is é atá sna trí charachtar eile an uimhir réimse chuí agus idirstad ina diaidh. Tá faisnéis thuairisciúil ASCII nó sonraí íomhá i ndiaidh an idirstad.
Níl i dtaifid loighciúla de Chineál 1 agus de Chineál 2 ach réimsí sonraí téacsúla ASCII. Taifeadfar fad iomlán an taifid (lena n-áirítear uimhreacha réimse, idirstadanna, agus carachtair dheighilteora) mar an chéad réimse ASCII laistigh de gach ceann de na cineálacha taifid seo. Leanfaidh an carachtar rialaithe Deighilteora Grúpa ‘FS’ ASCII (lena dtugtar comhartha gurb é deireadh an taifid loighciúil nó an idirbhirt loighciúil atá ann) an beart deireanach d’fhaisnéis ASCII agus beidh sé san áireamh i bhfad an taifid.
I gcodarsnacht le coincheap an réimse chlibeáilte, níl ach sonraí dénártha sa taifead de Chineál 4 a thaifeadtar mar réimsí ordaithe dénártha aonfhaid. Taifeadfar fad iomlán an taifid sa chéad réimse dénártha ceithre bheart de gach taifead. Don taifead dénártha seo, ní thaifeadfar an uimhir thaifid maille lena lánstad, ná an uimhir aitheantais réimse agus a hidirstad ina diaidh. Sa bhreis air sin, de bhrí go bhfuil faid réimse uile an taifid seo seasta nó sonraithe, ní léireofar ceann ar bith de na ceithre charachtar deighilteora (‘US’, ‘RS’, ‘GS’, nó ‘FS’) mar aon rud seachas mar shonraí dénártha. Don taifead dénártha, ní úsáidfear an carachtar ‘FS’ mar dheighilteoir taifid ná mar charachtar críochta idirbhirt.
3. Taifead Loighciúil de Chineál 1: an Ceanntásc Comhaid
Tugtar tuairisc leis an taifead seo ar struchtúr an chomhaid, ar chineál an chomhaid, agus ar fhaisnéis thábhachtach eile. Ní bheidh ach an cód ANSI 7 ngiotán um idirmhalartú faisnéise sa tacar carachtar a úsáidtear le haghaidh réimsí de Chineál 1.
3.1. Réimsí le haghaidh Taifead Loighciúil de Chineál 1
3.1.1. Réimse 1.001: Fad Taifid Loighciúil (Logical Record Length — LEN)
Sa réimse seo tá áireamh iomlán líon na mbeart sa taifead loighciúil iomlán de Chineál 1. Ag tús an réimse seo tá ‘1.001:’, ina dhiaidh sin tá fad iomlán an taifid lena n-áirítear gach carachtar de gach réimse agus na deighilteoirí faisnéise.
3.1.2. Réimse 1.002: Uimhir Leagain (Version Number — VER)
Chun a áirithiú go bhfuil a fhios ag úsáideoirí cén leagan den chaighdeán ANSI/NIST atá á úsáid, sonraítear leis an réimse ceithre bheart seo uimhir leagain an chaighdeáin atá á chur chun feidhme leis an mbogearra nó leis an gcóras lena gcruthaítear an comhad. Sonraítear leis an gcéad dá bheart uimhir thagartha an mhórleagain, agus sonraítear, leis an dara dhá bheart, uimhir an mhion-athbhreithnithe. Mar shampla, mheasfaí Caighdeán bunaidh 1986 a bheith ar an gcéad leagan agus d’ainmneofaí é ‘0100’ ach is é caighdeán reatha ANSI/NIST-ITL 1-2000 ná ‘0300’.
3.1.3. Réimse 1.003: Inneachar Comhaid (File Content — CNT)
Liostaítear sa réimse seo gach ceann de na taifid sa chomhad de réir cineál taifid agus an t-ord ina nochtar na taifid sa chomhad loighciúil. Tá foréimse amháin nó níos mó ann, a bhfuil dhá mhír faisnéise i ngach ceann acu ar a seal, lena gcuirtear síos ar thaifead loighciúil amháin a fhaightear sa chomhad reatha. Ionsáitear na foréimsí san ord céanna ina dtaifeadtar agus ina dtarchuirtear na taifid.
Is é an chéad mhír sa chéad fhoréimse ‘1’, chun tagairt don taifead seo de Chineál 1. Ina dhiaidh sin tá an dara mír faisnéise ina bhfuil líon na dtaifead eile atá sa chomhad. Tá an uimhir seo comhionann le háireamh na bhforéimsí atá fágtha de réimse 1.003.
Baineann gach ceann de na foréimsí eile le taifead amháin laistigh den chomhad, agus tá an seicheamh foréimsí ag teacht leis an seicheamh taifead. Tá dhá mhír faisnéise i ngach foréimse. Tá an chéad cheann ann chun Cineál an taifid a shainaithint. Is é atá sa dara ceann IDC an taifid. Úsáidfear an carachtar ‘US’ chun an dá mhír faisnéise a dheighilt.
3.1.4. Réimse 1.004: Cineál Idirbhirt (Type of Transaction — TOT)
Tá neamónach trí litir sa réimse seo lena n-ainmnítear cineál an idirbhirt. Féadfaidh sé go mbeidh na cóid seo difriúil leis na cinn sin a úsáidtear le haon chur chun feidhme eile an chaighdeáin ANSI/NIST.
CPS: Criminal Print-to-Print Search — Cuardach Coirpigh ‘Lorg go Lorg’. Is iarraidh é an t-idirbheart seo ar chuardach taifid a bhaineann le cion coiriúil i mbunachar sonraí lorg. Beidh loirg duine á gcur san áireamh mar íomhánna comhbhrúite WSQ sa chomhad.
I gcás nach n-aimsítear amas (No-HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2. |
I gcás ina n-aimsítear amas (HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2, |
— |
1-14 Thaifead de Chineál 4. |
Déantar an CPS TOT a achoimriú i dTábla A.6.1 (Foscríbhinn 39-6).
PMS: Print-to-Latent Search — Cuardach Lorg go Lorg Neamhfhollas. Úsáidtear an t-idirbheart seo nuair a bhíonn tacar lorg le cuardach i mbunachar sonraí Lorg Neamhfhollas Neamhaitheanta. Beidh cinneadh Amas/Gan Amas (Hit/No-Hit) an chuardaigh AFIS cinn scríbe sa fhreagairt. Má tá loirg neamhfhollasa iolracha neamhaitheanta ann, cuirfear idirbhearta SRE iolracha ar ais, agus lorg neamhfhollas amháin in aghaidh gach idirbhirt. Beidh loirg duine á gcur san áireamh mar íomhánna comhbhrúite WSQ sa chomhad.
I gcás nach n-aimsítear amas (No-HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2. |
I gcás ina n-aimsítear amas (HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2, |
— |
1 Taifead de Chineál 13. |
Déantar an PMS TOT a achoimriú i dTábla A.6.1 (Foscríbhinn 39-6).
MPS: Latent-to-Print Search — Cuardach Lorg Neamhfhollas go Lorg. Úsáidtear an t-idirbheart seo nuair a bhíonn lorg neamhfhollas le cuardach i mbunachar sonraí lorg. Beidh an fhaisnéis mionphointí folaigh agus an íomhá (comhbhrúite de réir WSQ) san áireamh sa chomhad.
I gcás nach n-aimsítear amas (No-HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2. |
I gcás ina n-aimsítear amas (HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2, |
— |
1 Taifead de Chineál 4 nó de Chineál 15. |
Déantar an MPS TOT a achoimriú i dTábla A.6.4 (Foscríbhinn 39-6).
MMS: Latent-to-Latent Search — Cuardach Lorg Neamhfhollas go Lorg Neamhfhollas. San idirbheart seo tá lorg neamhfhollas sa chomhad, atá le cuardach i gcoinne bunachar sonraí Lorg Neamhfhollas Neamhaitheanta chun naisc a bhunú idir láithreacha éagsúla coire. Ní mór an fhaisnéis mionphointí folaigh agus an íomhá (comhbhrúite de réir WSQ) a bheith san áireamh sa chomhad.
I gcás nach n-aimsítear amas (No-HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2. |
I gcás ina n-aimsítear amas (HIT), cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2, |
— |
1 Taifead de Chineál 13. |
Déantar an MMS TOT a achoimriú i dTábla A.6.4 (Foscríbhinn 39-6).
SRE: Cuireann an ghníomhaireacht cinn scríbe an t-idirbheart seo ar ais mar fhreagairt ar iarrataí dachtalascópacha. Beidh cinneadh Amas/Gan Amas (Hit/No-Hit) an chuardaigh AFIS cinn scríbe sa fhreagairt. Má tá iarrthóirí iolracha ann, cuirfear idirbhearta SRE iolracha ar ais, agus iarrthóir amháin in aghaidh gach idirbhirt.
Déantar an SRE TOT a achoimriú i dTábla A.6.2 (Foscríbhinn 39-6).
ERR: Cuireann an AFIS cinn scríbe an t-idirbheart seo ar ais chun earráid idirbhirt a chur in iúl. Tá réimse teachtaireachta (ERM) san áireamh ann lena léirítear an earráid a braitheadh. Cuirfear ar ais na taifid loighciúla seo a leanas:
— |
1 Taifead de Chineál 1, |
— |
1 Taifead de Chineál 2. |
Déantar an ERR TOT a achoimriú i dTábla A.6.3 (Foscríbhinn 39-6).
Tábla 2
Cóid Cheadaithe in Idirbhearta
Cineál Idirbhirt |
Cineál Taifid Loighciúil |
|||||
1 |
2 |
4 |
9 |
13 |
15 |
|
CPS |
M |
M |
M |
— |
— |
— |
SRE |
M |
M |
C |
— (C i gcás hits neamhfhollasa) |
C |
C |
MPS |
M |
M |
— |
M (1*) |
M |
— |
MMS |
M |
M |
— |
M (1*) |
M |
— |
PMS |
M |
M |
M* |
— |
— |
M* |
ERR |
M |
M |
— |
— |
— |
— |
Eochair:
M |
= |
Mandatory (Éigeantach), |
M* |
= |
Ní féidir ach ceann amháin den dá chineál taifid a chur san áireamh, |
O |
= |
Optional (Roghnach), |
C |
= |
Coinníollach, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí ar fáil, |
— |
= |
Ní ceadmhach, |
1* |
= |
Coinníollach, ag brath ar chórais oidhreachta. |
3.1.5. Réimse 1.005: Dáta an Idirbhirt (Date of Transaction — DAT)
Léirítear sa réimse seo an dáta a tionscnaíodh an t-idirbheart agus cloífidh sé le nodaireacht chaighdeánach ISO: YYYYMMDD
i gcás inarb é YYYY an bhliain, inarb é MM an mhí agus inarb é DD an lá den mhí. Úsáidtear nialais tosaigh le haghaidh uimhreacha aonfhigiúir. Mar shampla, is ionann ‘ 19931004 ’ agus an 4 Deireadh Fómhair 1993.
3.1.6. Réimse 1.006: Tosaíocht (Priority — PRY)
Sainítear leis an réimse roghnach seo tosaíocht, ar leibhéal ó 1 go 9, na hiarrata. Is é ‘1’ an tosaíocht is airde agus ‘9’ an tosaíocht is ísle. Déanfar idirbhearta de thosaíocht ‘1’ a phróiseáil láithreach.
3.1.7. Réimse 1.007: Aitheantóir Gníomhaireachta Cinn Scríbe (Destination Agency Identifier — DAI)
Sonraítear leis an réimse seo an ghníomhaireacht cinn scríbe don idirbheart.
Tá dhá mhír faisnéise ann san fhormáid seo a leanas: CC/gníomhaireacht.
Tá an Cód Tíre, arna shainiú in ISO 3166, agus é dhá charachtar alfa-uimhriúla ar fad, sa chéad mhír faisnéise. Is aitheantóir saorthéacs don ghníomhaireacht é an dara mír, gníomhaireacht, suas le 32 charachtar alfa-uimhriúla ar a mhéad.
3.1.8. Réimse 1.008: Aitheantóir Gníomhaireachta Tionscnaimh (Originating Agency Identifier — ORI)
Sonraítear leis an réimse seo an tionscnóir comhaid agus tá sé san fhormáid chéanna agus atá an DAI (Réimse 1.007).
3.1.9. Réimse 1.009: Uimhir Rialaithe Idirbhirt (Transaction Control Number — TCN)
Is uimhir rialaithe í seo chun críocha tagartha. Ba cheart don ríomhaire í a ghiniúint agus í a bheith san fhormáid seo a leanas: YYSSSSSSSSA
inarb é YY bliain an idirbhirt, inar sraithuimhir ocht ndigit é SSSSSSSS, agus inar carachtar seiceála arna ghiniúint tríd an nós imeachta a thugtar in Foscríbhinn 39-2 a leanúint é A.
Sa chás nach bhfuil TCN ar fáil líontar an réimse, YYSSSSSSSS, le nialais agus an carachtar seiceála arna ghiniúint de réir an mhéid thuas.
3.1.10. Réimse 1.010: Freagairt Rialaithe Idirbhirt (Transaction Control Response — TCR)
I gcás inar seoladh amach iarraidh, arb é seo an fhreagairt uirthi, beidh uimhir rialaithe idirbhirt na teachtaireachta iarrata sa réimse roghnach seo. Tá sé, dá bhrí sin, san fhormáid chéanna agus atá TCN (Réimse 1.009).
3.1.11. Réimse 1.011: Taifeach Scanacháin Dúchasach (Native Scanning Resolution — NSR)
Sonraítear sa réimse seo gnáth-thaifeach scanacháin an chórais atá in úsáid ag tionscnóir an idirbhirt. Sonraítear an taifeach mar dhá dhigit uimhriúla, agus an ponc deachúlach ina ndiaidh, agus ansin dhá dhigit eile.
Le haghaidh gach idirbhirt de bhun Airteagail 533 agus 534 den Chomhaontú seo is é an ráta samplála a bheidh ann 500 picteilín san orlach nó 19.68 picteilín sa mm.
3.1.12. Réimse 1.012: Taifeach Tarchuir Ainmniúil (Nominal Transmitting Resolution — NTR)
Sonraítear leis an réimse cúig bheart seo an taifeach tarchuir ainmniúil le haghaidh íomhánna atá á dtarchur. Léirítear an taifeach i bpictiléiní sa mm san fhormáid chéanna le NSR (Réimse 1.011).
3.1.13. Réimse 1.013: Ainm fearainn (Domain name — DOM)
Sainítear leis an réimse éigeantach seo an t-ainm fearainn don chur chun feidhme taifid loighciúil de Chineál 2 arna shainiú ag an úsáideoir. Tá dhá mhír faisnéise ann, agus is é a bheidh ann ‘INT-I{}{US}}4.22{}{GS}}’.
3.1.14. Réimse 1.014: Meán-am Greenwich (Greenwich Mean Time — GMT)
Cuirtear ar fáil leis an réimse éigeantach seo sásra chun an dáta agus an t-am a léiriú i dtéarmaí aonaid Mheán-Am Greenwich (GMT) uilíoch. Má úsáidtear é, tá an dáta uilíoch sa réimse GMT a bheidh ann chomh maith leis an dáta áitiúil atá i Réimse 1.005 (DAT). Má úsáidtear an réimse GMT cuirtear as an áireamh neamhréireanna ama áitiúil a tharlaíonn nuair a tharchuirtear idirbheart agus a fhreagairt idir dhá áit a bhfuil roinnt amchriosanna eatarthu. Cuirtear dáta uilíoch agus clog 24 uair an chloig ar fáil le GMT, neamhspleách ar amchriosanna. Léirítear é mar ‘CCYYMMDDHHMMSSZ’, teaghrán 15 charachtar, arb é comhchaitéiniú an dáta leis an GMT é agus a chríochnaítear le ‘Z’. Léireofar leis na carachtair ‘CCYY’ bliain an idirbhirt, léireofar leis na carachtair ‘MM’ luachanna dheicheanna agus aonaid na míosa, agus léireofar leis na carachtair ‘DD’ luachanna dheicheanna agus aonaid lá na míosa, léirítear leis na carachtair ‘HH’ an uair, léirítear le ‘MM’ an nóiméad, agus léirítear le ‘SS’ an soicind. Ní rachaidh an dáta iomlán thar an dáta reatha.
4. Taifead Loighciúil de Chineál 2: Téacs Tuairisciúil
Níl struchtúr fhormhór an taifid seo sainithe leis an gcaighdeán ANSI/NIST bunaidh. Tá faisnéis atá ina díol spéise ar leith ag na gníomhaireachtaí a chuireann nó a fhaigheann an comhad sa taifead. Chun a áirithiú go bhfuil córais dhachtalascópacha atá ag déanamh cumarsáide ag teacht le chéile, ní ceadmhach ach na táblaí a liostaítear thíos a bheith sa taifead. Sonraítear sa doiciméad cad iad na réimsí atá éigeantach agus cé acu atá roghnach, agus sainítear freisin ann struchtúr na réimsí indibhidiúla.
4.1. Réimsí le haghaidh Taifead Loighciúil de Chineál 2
4.1.1. Réimse 2.001: Fad Taifid Loighciúil (Logical Record Length — LEN)
Tá fad an taifid seo de Chineál 2 sa réimse éigeantach seo, agus sonraítear leis líon iomlán na mbeart, lena n-áirítear gach carachtar de gach réimse atá sa taifead agus na deighilteoirí faisnéise.
4.1.2. Réimse 2.002: Carachtar Ainmniúcháin Íomhá (Image Designation Character — IDC)
Is léiriú ASCII ar an IDC mar a shonraítear sa réimse Inneachair Comhaid (CNT) den chomhad de Chineál 1 (Réimse 1.003) an IDC atá sa réimse éigeantach seo.
4.1.3. Réimse 2.003: Faisnéis Chórais (System Information — SYS)
Tá an réimse seo éigeantach agus tá ceithre bheart ann lena léirítear cén leagan den INT-I a gcloíonn an taifead áirithe seo de Chineál 2 leis.
Sonraítear leis an gcéad dá bheart uimhir an mhórleagain, agus sonraítear, leis an dara dhá bheart, uimhir an mhion-athbhreithnithe. Mar shampla, tá an cur chun feidhme seo bunaithe ar INT-I, leagan 4, athbhreithniú 22 agus léireofaí é mar ‘0422’.
4.1.4. Réimse 2.007: Cás-uimhir (Case Number — CNO)
Is uimhir í seo arna sannadh ag an mbiúró dachtalascópach áitiúil do bhailiúchán de loirg neamhfhollasa a fhaightear ag láthair choire. Glactar leis an bhformáid seo a leanas: CC/uimhir
i gcás inarb é CC Cód Tíre Interpol, dhá charachtar alfa-uimhriúla ar fad, agus go gcomhlíonann an uimhir na treoracha áitiúla cuí agus go bhféadfaidh sí a bheith suas le 32 charachtar alfa-uimhriúla ar fad.
Leis an réimse seo, is féidir leis an gcóras loirg neamhfhollasa a bhaineann le coir faoi leith a shainaithint.
4.1.5. Réimse 2.008: Uimhir Sheichimh (Sequence Number — SQN)
Sonraítear leis seo gach seicheamh lorg neamhfhollas laistigh de chás. Is féidir go mbeidh sé suas le ceithre charachtar uimhriúla ar fad. Is é is seicheamh ann lorg neamhfhollas nó sraith de loirg neamhfhollasa atá grúpáilte le chéile chun críocha comhdú agus/nó cuardaigh. Cuirtear in iúl leis an sainiú seo go gcaithfear uimhir sheichimh a shannadh do lorg neamhfhollas aonair fiú.
Féadtar an réimse seo, in éineacht le MID (Réimse 2.009), a chur san áireamh chun lorg neamhfhollas faoi leith a shainaithint laistigh de sheicheamh.
4.1.6. Réimse 2.009: Aitheantóir Lorg Neamhfhollas (Latent Identifier — MID)
Sonraítear leis seo an lorg neamhfhollas aonair laistigh de sheicheamh. Is litir aonair nó dhá litir an luach, agus ‘A’ sannta don chéad lorg neamhfhollas, ‘B’ don dara ceann, agus dá réir sin a fhad le teorainn ‘ZZ’. Úsáidtear an réimse seo go hanalógach d’uimhir sheichimh na lorg neamhfhollas a phléitear sa tuairisc do SQN (Réimse 2.008).
4.1.7. Réimse 2.010: Uimhir Thagartha Choiriúil (Criminal Reference Number — CRN)
Is uimhir thagartha uathúil é seo arna sannadh ag gníomhaireacht náisiúnta do dhuine a chúisítear den chéad uair as cion a dhéanamh. Laistigh d’aon tír amháin ní bhíonn níos mó na aon CRN amháin ag aon duine amháin, ná ní chomhroinneann an duine sin í le haon duine eile. Ach is féidir Uimhreacha Tagartha Coiriúla a bheith ag an duine céanna i roinnt tíortha, a bheidh in-idirdhealaithe trí bhíthin an chóid tíre.
Glactar leis an gcur chuige seo a leanas le haghaidh an réimse CRN: CC/uimhir
i gcás inarb é CC an Cód Tíre, arna shainiú in ISO 3166, dhá charachtar alfa-uimhriúla ar fad, agus ina gcomhlíontar leis an uimhir treoracha náisiúnta cuí na gníomhaireachta eisithe, agus ina bhféadfaidh sí a bheith suas le 32 charachtar alfa-uimhriúla ar fad.
Maidir le hidirbhearta de bhun Airteagail 533 agus 534 den Chomhaontú seo, úsáidfear an réimse seo le haghaidh uimhir thagartha choiriúil náisiúnta na gníomhaireachta tionscnaimh a bhaineann leis na híomhánna i dTaifid de Chineál 4 nó de Chineál 15.
4.1.8. Réimse 2.012: Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach (Miscellaneous Identification Number — MN1)
Sa réimse seo tá an CRN (Réimse 2.010) arna tharchur le hidirbheart CPS nó PMS gan an príomhchód tíre.
4.1.9. Réimse 2.013: Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach (Miscellaneous Identification Number — MN2)
Sa réimse seo tá an CNO (Réimse 2.007) arna tharchur le hidirbheart MPS nó MMS gan cód na tíre tosaigh.
4.1.10. Réimse 2.014: Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach (Miscellaneous Identification Number — MN3)
Sa réimse seo tá an SQN (Réimse 2.008) arna tharchur le hidirbheart MPS nó MMS.
4.1.11. Réimse 2.015: Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach (Miscellaneous Identification Number — MN4)
Sa réimse seo tá an MID (Réimse 2.009) arna tharchur le hidirbheart MPS nó MMS.
4.1.12. Réimse 2.063: Faisnéis Bhreise (Additional Information — INF)
I gcás idirbheart SRE i leith iarraidh PMS, tugtar leis an réimse seo faisnéis faoin méar ba chúis leis an amas féideartha. Is é formáid an réimse:
NN, inarb é NN cód shuíomh na méire arna shainiú i dTábla 5, dhá dhigit ar fad.
I ngach cás eile tá an réimse roghnach. Tá suas le 32 charachtar alfa-uimhriúla ann agus féadfar faisnéis bhreise a thabhairt leis faoin iarraidh.
4.1.13. Réimse 2.064: Liosta na bhFreagróirí (Respondents List — RLS)
Tá dhá fhoréimse ar a laghad sa réimse seo. Leis an gcéad fhoréimse tugtar tuairisc ar an gcineál cuardaigh atá déanta, trí úsáid a bhaint as na neamónaigh ina bhfuil trí litir lena sonraítear an cineál idirbhirt in TOT (Réimse 1.004). Tá carachtar aonair sa dara foréimse. Úsáidfear ‘I’ chun a léiriú gur aimsíodh amas (HIT) agus úsáidfear ‘N’ chun a léiriú nár aimsíodh aon chásanna meaitseála (No-HIT). Sa tríú foréimse tá an t-aitheantóir seichimh don toradh iarrthóra agus líon iomlán na n-iarrthóirí, arna ndeighilt le slais. Cuirfear teachtaireachtaí iolracha ar ais más ann d’iarrthóirí iolracha.
I gcás ina bhféadfadh amas féideartha a bheith ann, beidh an scór suas le sé dhigit ar fad sa cheathrú foréimse. Má rinneadh an t-amas a fhíorú, sainítear luach an fhoréimse mar ‘999999’.
Mar shampla: ‘CPS{}{RS}}I{}{RS}}001/001{}{RS}}999999{}{GS}}’
Mura sannann an AFIS cianda scóir, ba cheart nialas a úsáid mar scór ag an bpointe cuí.
4.1.14. Réimse 2.074: Réimse Teachtaireachta Stádais/Earráide (Status/Error Message Field — ERM)
Sa réimse seo tá teachtaireachtaí earráide mar thoradh ar idirbhearta, a chuirfear ar ais chuig an té a rinne an iarraidh mar chuid d’Idirbheart Earráide.
Tábla 3
Teachtaireachtaí earráide
Cód uimhriúil (1-3) |
Ciall (5-128) |
003 |
ERROR: ROCHTAIN NEAMHÚDARAITHE |
101 |
Mandatory field missing |
102 |
Cineál taifid neamhbhailí |
103 |
Undefined field |
104 |
Exceed the maximum occurrence |
105 |
Tá líon na bhforéimsí neamhbhailí |
106 |
Field length too short |
107 |
Field length too long |
108 |
Níl an uimhir cheart sa réimse |
109 |
Tá luach uimhir na réimse róbheag |
110 |
Tá luach uimhir na réimse rómhór |
111 |
Carachtar neamhbhailí |
112 |
Dáta neamhbhailí |
115 |
Tá luach na míre neamhbhailí |
116 |
Cineál idirbhirt neamhbhailí |
117 |
Sonraí taifid neamhbhailí |
201 |
ERROR: TCN NEAMHBHAILÍ |
501 |
ERROR: INSUFFICIENT FINGERPRINT QUALITY |
502 |
ERROR: MISSING FINGERPRINTS |
503 |
ERROR: FINGERPRINT SEQUENCE CHECK FAILED |
999 |
ERROR: ANY OTHER ERROR. FOR FURTHER DETAILS CALL DESTINATION AGENCY. |
Teachtaireachtaí earráide sa raon idir 100 agus 199:
|
Baineann na teachtaireachtaí earráide seo le bailíochtú na dtaifead ANSI/NIST agus sainítear iad mar:
|
Mar shampla:
|
201: IDC - 1 FIELD 1.009 WRONG CONTROL CHARACTER {}{LF}} 115: IDC 0 FIELD 2.003 FAISNÉIS CHÓRAIS NEAMHBHAILÍ |
Tá an réimse seo éigeantach le haghaidh idirbhearta earráide.
4.1.15. Réimse 2.320: Líon na nIarrthóirí a bhFuiltear ag Dréim Leo (Expected Number of Candidates — ENC)
Sa réimse seo tá an líon uasta iarrthóirí le haghaidh fíorú a bhfuil súil ag an ngníomhaireacht iarrthach leo. Ní bheidh luach an ENC níos mó ná na luachanna a shainítear i dTábla 11.
5. Taifead Loighciúil de Chineál 4: Íomhá Liathscála Ardtaifigh
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur de shaghas dénártha seachas de shaghas ASCII iad taifid de Chineál 4. Dá bhrí sin, sanntar suíomh sonrach do gach réimse laistigh den taifead, lena dtugtar le fios go bhfuil gach réimse éigeantach.
Leis an gcaighdeán is féidir méid agus taifeach íomhá araon a bheith sonraithe sa taifead. Éilítear lena aghaidh sin go mbeidh i dTaifid Loighciúla de Chineál 4 sonraí íomhá dachtalascópaí atá á dtarchur ag dlús ainmniúil picteilíní idir 500 agus 520 picteilín san orlach. Is é an ráta inmhianaithe do dhearaí nua dlús picteilíní 500 picteilín san orlach nó 19.68 picteilín sa mm. Is é 500 picteilín san orlach an dlús atá sonraithe ag an INT-I, ach amháin go bhféadfaidh córais chomhchosúla cumarsáid a dhéanamh lena chéile ag ráta nach é an ráta inmhianaithe é, laistigh de na teorainneacha 500 go 520 picteilín san orlach.
5.1. Réimsí le haghaidh Taifead Loighciúil de Chineál 4
5.1.1. Réimse 4.001: Fad Taifid Loighciúil (Logical Record Length — LEN)
Sa réimse ceithre bheart seo tá fad an taifid seo de Chineál 4, agus sonraítear leis líon iomlán na mbeart, lena n-áirítear gach beart de gach réimse atá sa taifead.
5.1.2. Réimse 4.002: Carachtar Ainmniúcháin Íomhá (Image Designation Character — IDC)
Is é seo an léiriú aonbhirt ar an uimhir IDC a thugtar sa chomhad ceanntáisc.
5.1.3. Réimse 4.003: Cineál Imprisin (Impression Type — IMP)
Is ionann an cineál imprisin agus réimse aonbhirt atá suite sa séú beart den taifead.
Tábla 4
Cineál Imprisin Méire
Cód |
Tuairisc |
0 |
Scanadh beo méarloirg chothroim |
1 |
Scanadh beo méarloirg rollta |
2 |
Imprisean scanta neamhbheo de mhéarlorg chothroim arna ghabháil ó pháipéar |
3 |
Imprisean scanta neamhbheo de mhéarlorg rollta arna ghabháil ó pháipéar |
4 |
Imprisean folaigh arna ghabháil go díreach |
5 |
Rianú íomhá folaigh |
6 |
Grianghraf folaigh |
7 |
Aistriú íomhá folaigh |
8 |
Svaidhpeáil |
9 |
Neamhaithnid |
5.1.4. Réimse 4.004: Suíomh Méire (Finger Position — FGP)
Tá an réimse seo ar fhad seasta 6 bheart sna suíomhanna ón seachtú ceann go dtí an dara ceann déag de thaifead de Chineál 4. Tá suíomhanna méire féideartha san áireamh ann, ag tosú sa bheart is faide ar chlé (beart 7 den taifead). Tógtar an suíomh méire atá ar eolas nó is dóchúla ó Thábla 5. Is féidir tagairt a dhéanamh do suas le cúig mhéar bhreise ach na suíomhanna méire malartacha a iontráil sna cúig bheart atá fanta, trí úsáid a bhaint as an bhformáid chéanna. Má tá níos lú ná cúig thagairt suímh méire le húsáid líontar na bearta nár úsáideadh le 255 dénártha. Chun tagairt do gach suíomh méire úsáidtear cód 0 i gcás nach fios cé acu méar é.
Tábla 5
Cód suímh méire agus méid uasta
Suíomh méire |
Cód méire |
Leithead (mm) |
Fad (mm) |
Neamhaithnid |
0 |
40.0 |
40.0 |
Ordóg dheas |
1 |
45.0 |
40.0 |
Corrmhéar dheas |
2 |
40.0 |
40.0 |
Méar láir dheas |
3 |
40.0 |
40.0 |
Méar an fháinne dheas |
4 |
40.0 |
40.0 |
Lúidín deas |
5 |
33.0 |
40.0 |
Ordóg chlé |
6 |
45.0 |
40.0 |
Corrmhéar chlé |
7 |
40.0 |
40.0 |
Méar láir chlé |
8 |
40.0 |
40.0 |
Méar an fháinne chlé |
9 |
40.0 |
40.0 |
Lúidín clé |
10 |
33.0 |
40.0 |
Ordóg dheas chothrom |
11 |
30.0 |
55.0 |
Ordóg chlé chothrom |
12 |
30.0 |
55.0 |
Ceithre mhéar ar dheis, cothrom |
13 |
70.0 |
65.0 |
Ceithre mhéar ar chlé, cothrom |
14 |
70.0 |
65.0 |
Níor chóir ach na cóid 0 go 10 a úsáid le haghaidh lorg neamhfhollas láithreach coire.
5.1.5. Réimse 4.005: Taifeach Scanacháin Íomhá (Image Scanning Resolution — ISR)
Tá an réimse aonbhirt seo sa 13ú beart de thaifead de Chineál 4. Má tá ‘0’ ann tá sampláil déanta ar an íomhá ag an ráta scanacháin inmhianaithe, is é sin 19.68 picteilín sa mm (500 picteilín san orlach). Má tá ‘1’ ann tá sampláil déanta ar an íomhá ag an ráta scanacháin malartach mar a shonraítear sa taifead de Chineál 1.
5.1.6. Réimse 4.006: Fad Líne Cothrománaí (Horizontal Line Length — HLL)
Tá an réimse seo suite ag bearta 14 agus 15 laistigh den taifead de Chineál 4. Sonraítear leis an líon picteilíní i ngach líne scanta. Beidh an chéad bheart ar an gceann is suntasaí.
5.1.7. Réimse 4.007: Fad Líne Ingearaí (Vertical Line Length — VLL)
Taifeadtar sa réimse seo i mbearta 16 agus 17 an líon scanlínte atá san íomhá. Is é an chéad bheart an ceann is suntasaí.
5.1.8. Réimse 4.008: Algartam Comhbhrúite Liathscála ((Gray-scale Compression Algorithm — GCA)
Sonraítear leis an réimse aonbhirt seo an t-algartam comhbhrúite liathscála a úsáidtear chun na sonraí íomhá a ionchódú. Don chur chun feidhme seo, léirítear le cód dénártha 1 gur úsáideadh comhbhrú WSQ (Foscríbhinn 39-7).
5.1.9. Réimse 4.009: An Íomhá
Tá sruth beart sa réimse seo lena léirítear an íomhá. Braithfidh a struchtúr, ar ndóigh, ar an algartam comhbhrú a úsáidtear.
6. Taifead Loighciúil de Chineál 9: Taifead Mionphointí
Beidh téacs ASCII, ina bhfuil tuairisc ar mhionphointí agus faisnéis ghaolmhar atá ionchódaithe ó lorg neamhfhollas, i dtaifid de Chineál 9. Maidir le hidirbheart cuardaigh loirg neamhfhollais, níl aon teorainn ann le haghaidh na dtaifead seo de Chineál 9 i gcomhad, a mbeidh gach ceann acu le haghaidh amharc difriúil nó lorg neamhfhollas difriúil.
6.1. Eastóscadh mionphointí
6.1.1. Sainaithint cineál mionphointe
Sainaithnítear leis an gcaighdeán seo trí uimhir aitheantóra a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar an gcineál mionphointe. Liostaítear iad seo i dTábla 6. Ainmneofar críoch droimín mar Chineál 1. Ainmneofar ladhráil mar Chineál 2. Mura féidir mionphointe a chatagóiriú go soiléir mar cheann den dá chineál thuas, ainmneofar é mar ‘eile’, Cineál 0.
Tábla 6
Cineálacha mionphointe
Cineál |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Críoch droimín |
2 |
Ladhráil |
6.1.2. Socrúchán agus cineál mionphointe
Chun go mbeadh teimpléid comhlíontach le Roinn 5 de chaighdeán 378-2004 ANSI INCITS, úsáidfear an modh seo a leanas, lena gcuirtear feabhas ar chaighdeán 378-2004 INCITS, chun socrúchán (suíomh agus treo uilleach) mionphointí aonair a chinneadh.
Is é an suíomh nó an áit ina mbeidh mionphointe lena léirítear críoch droimín an pointe ina ngabhlaíonn cnámharlach meánach limistéar an ghleanna díreach os comhair na críche droimín. Má rinneadh trí chos limistéar an ghleanna a chaolú go dtí cnámharlach picteilín amháin ar leithead, is é an pointe trasnála suíomh an mhionphointe. Mar an gcéanna, is é an suíomh a bheidh ag an mionphointe le haghaidh ladhrála an pointe ina ngabhlaíonn cnámharlach meánach an droimín. Má rinneadh trí chos an droimín a chaolú go dtí cnámharlach picteilín amháin ar leithead, is é an pointe a dtrasnaíonn na trí chos suíomh an mhionphointe.
Tar éis gach críoch droimín a bheith tiontaithe ina ladhrálacha, léirítear mionphointí uile na híomhá dachtalascópaí mar ladhrálacha. Is féidir comhordanáidí phicteilíní X agus Y thrasnú thrí chos gach mionphointe a fhormáidiú go díreach. Is féidir treo an mhionphointe a eastóscadh ó gach ladhráil chnámharlaigh. Déanfar trí chos gach ladhrála cnámharlaigh a scrúdú agus críochphointe gach coise a chinneadh. Léirítear i bhFíor 6.1.2 na trí mhodh a úsáidtear chun críochphointe coise atá bunaithe ar thaifeach scanacháin 500 ppi a chinneadh.
Bunaítear an chríoch de réir an teagmhais a tharlaíonn ar dtús. Tá an t-áireamh picteilíní bunaithe ar thaifeach scanacháin 500 ppi. Le taifigh scanacháin dhifriúla, thabharfaí áirimh picteilíní dhifriúla le tuiscint.
— |
fad 0.064" (an 32ú picteilín), |
— |
críochphointe coise cnámharlaigh a tharlaíonn idir fad 0.02" agus 0.064" (ón 10ú picteilín go dtí an 32ú picteilín); ní úsáidtear cosa níos giorra; ní úsáidtear cosa níos giorra, |
— |
tarlaíonn ladhráil eile laistigh d’fhad 0.064" (roimh an 32ú picteilín). |
Cinntear uillinn na mionphointí trí thrí gha fhíorúla a thógáil arna dtionscnamh ag an bpointe ladhrála agus arna síniú go dtí críochphointe gach coise. Déantar an ceann is lú de na trí uillinn a fhoirmítear leis na gathanna a dhéroinnt chun treo na mionphointí a chur in iúl.
6.1.3. Córas comhordanáidí
Is é an córas comhordanáidí a úsáidtear chun mionphointí méarloirg a chur in iúl ná córas comhordanáidí Cairtéiseach. Léireofar suíomhanna mionphointí lena gcomhordanáidí x agus y. Is é an bunús a bheidh leis an gcóras comhordanáidí cúinne uachtair clé na híomhá bunaidh le x ag méadú ar dheis agus y ag méadú síos. Léireofar comhordanáidí x agus y mionphointí in aonaid picteilíní ón mbunús. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil suíomh an bhunúis ná na haonaid tomhais ag teacht leis an ngnás a úsáidtear sna sainithe ar Chineál 9 in ANSI/NIST-ITL 1-2000.
6.1.4. Treo mionphointí
Cuirtear uillinneacha in iúl i bhformáid mhatamaiticiúil chaighdeánach — nialas céim ar dheis agus uillinneacha ag méadú sa treo tuathalach. Tá uillinneacha taifeadta sa treo a dhírítear siar feadh an droimín le haghaidh críoch droimín agus i dtreo lár an ghleanna le haghaidh ladhrála. Tá an gnás seo 180 céim os coinne an ghnáis uillinne a thuairiscítear sna sainithe ar Chineál 9 in ANSI/NIST-ITL 1-2000.
6.2. Réimsí le haghaidh Taifead Loighciúil de Chineál 9 i bhFormáid INCITS-378
Taifeadtar gach réimse de na taifid de Chineál 9 mar théacs ASCII. Ní cheadaítear aon réimsí dénártha sa taifead réimse chlibeáilte seo.
6.2.1. Réimse 9.001: Fad taifid loighciúil (Logical Record Length — LEN)
Beidh fad an taifid loighciúil lena sonraítear líon iomlán na mbeart, lena n-áirítear gach carachtar de gach réimse atá sa taifead, sa réimse éigeantach ASCII seo.
6.2.2. Réimse 9.002: Carachtar ainmniúcháin íomhá (Image Designation Character — IDC)
Úsáidfear an réimse dhá bheart éigeantach seo le haghaidh shainaithint agus shuíomh na sonraí mionphointí. Meaitseálfar an IDC sa réimse seo leis an IDC a fhaightear i réimse inneachair comhaid an taifid de Chineál 1.
6.2.3. Réimse 9.003: Cineál Imprisin (Impression type — IMP)
Tuairisceofar leis an réimse aonbhirt éigeantach seo an dóigh a bhfuarthas an fhaisnéis íomhá dachtalascópaí. Iontrálfar luach ASCII an chóid chuí arna roghnú ó Thábla 4 sa réimse seo chun an cineál imprisin a chur in iúl.
6.2.4. Réimse 9.004: Treo mionphointí (Minutiæ format — FMT)
Beidh ‘U’ sa réimse seo chun a chur in iúl go ndéantar na mionphointí a fhormáidiú i dtéarmaí M1-378. Cé go bhféadfar an fhaisnéis a ionchódú i gcomhréir le caighdeán M1-378, fanfaidh gach réimse sonraí de Chineál 9 mar réimsí téacs ASCII.
6.2.5. Réimse 9.126: Faisnéis CBEFF
Beidh trí mhír faisnéise sa réimse seo. Beidh an luach ‘27’ (0x1B) sa chéad mhír faisnéise. Is é seo aitheantóir an Úinéara Formáide CBEFF arna shannadh ag Cumann an Tionscail Idirnáisiúnta Bhithmhéadraigh (IBIA) do Choiste Teicniúil M1 INCITS. Teormharcálfar leis an gcarachtar <US> an mhír seo ón gCineál Formáide CBEFF dá sanntar luach ‘513’ (0x0201) chun a chur in iúl nach bhfuil ach sonraí suímh agus sonraí treo uilligh sa taifead seo, gan aon fhaisnéis maidir le Bloc Sonraí Sínte. Treormharcálfar leis an gcarachtar <US> an mhír seo ón Aitheantóir Táirge CBEFF (PID) lena sainaithnítear ‘úinéir' an trealaimh ionchódaithe. Dearbhaíonn an díoltóir an luach seo. Is féidir é a fháil ó shuíomh gréasáin IBIA (www.ibia.org) má tá sé postáilte.
6.2.6. Réimse 9.127: Sainaithint trealaimh gabhála
Beidh dhá mhír faisnéise, arna ndeighilt ag an gcarachtar <US> sa réimse seo. Beidh ‘APPF’ sa chéad cheann má deimhníodh, maidir leis an trealamh a úsáideadh ó thús chun an íomhá a fháil, go gcomhlíonann an trealamh sin Foscríbhinn F (Sonraíocht Cáilíochta Íomhá IAFIS, an 29 Eanáir 1999) de CJIS-RS-0010, Sonraíocht um Tharchur Méarlorg Leictreonach an Bhiúró Fheidearálaigh Imscrúduithe. Murar chomhlíon an trealamh é, beidh an luach ‘NONE’ ann. Beidh an tAitheantóir Trealaimh Gabhála, arb uimhir tháirge den trealamh gabhála í arna sannadh ag an díoltóir, sa dara mír faisnéise. Léirítear le luach ‘0’ go bhfuil aitheantóir an trealaimh gabhála neamhthuairiscthe.
6.2.7. Réimse 9.128: Fad líne cothrománaí (Horizontal Line Length — HLL)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon picteilíní atá i líne chothrománach amháin den íomhá tharchurtha. Tá an méid cothrománach uasta teoranta go 65534 phicteilín.
6.2.8. Réimse 9.129: Fad líne ingearaí (Vertical Line Length — VLL)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon línte cothrománacha atá san íomhá tharchurtha. Tá an méid ingearach uasta teoranta go 65534 phicteilín.
6.2.9. Réimse 9.130: Aonaid scála (Scale units — SLC)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo na haonaid a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar mhinicíocht na samplála íomhá (dlús picteilíní). Léirítear le ‘1’ sa réimse seo picteilíní san orlach, nó léirítear le ‘2’ picteilíní sa cheintiméadar. Léirítear le ‘0’ sa réimse seo nach dtugtar scála ar bith. Sa chás sin, tugtar leis an líon HPS/VPS an cóimheas treoíochta picteilíní.
6.2.10. Réimse 9.131: Scála picteilíní cothrománach (Horizontal pixel scale — HPS)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an dlús picteilíní slánuimhreach a úsáidtear sa treo chothrománach ar an gcoinníoll go bhfuil ‘1’ nó ‘2’ sa SLC. Thairis sin, léirítear leis an chomhpháirt chothrománach den chóimheas treoíochta picteilíní.
6.2.11. Réimse 9.132: Scála picteilíní ingearach (Vertical pixel scale — VPS)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an dlús picteilíní slánuimhreach a úsáidtear sa treo ingearach ar an gcoinníoll go bhfuil ‘1’ nó ‘2’ sa SLC. Thairis sin, léirítear leis an chomhpháirt ingearach den chóimheas treoíochta picteilíní.
6.2.12. Réimse 9.133: Amharc méire
Sa réimse éigeantach seo tá uimhir amhairc na méire lena mbaineann sonraí an taifid seo. Ag tús na huimhreach amhairc tá ‘0’ agus déantar é a incrimintiú de a haon go dtí ‘15’.
6.2.13. Réimse 9.134: Suíomh méire (Finger Position — FGP)
Sa réimse seo beidh an cód lena n-ainmnítear an suíomh méire lenar cuireadh ar fáil an fhaisnéis sa taifead seo de Chineál 9. Úsáidtear cód idir 1 agus 10, arna ghlacadh ó Thábla 5, nó an cód dearnan cuí ó Thábla 10 chun suíomh na méire nó na dearnan a léiriú.
6.2.14. Réimse 9.135: Cáilíocht méire
Sa réimse seo beidh cáilíocht sonraí foriomlána na mionphointí méire agus beidh sin idir 0 agus 100. Is léiriú foriomlán í an uimhir seo ar cháilíocht an taifid méire, agus léirítear léi cáilíocht na híomhá bunaidh, eastóscadh an mhionphointe agus aon oibríochtaí breise arbh fhéidir go mbeadh tionchar acu ar an taifead mionphointí.
6.2.15. Réimse 9.136: an líon mionphointí
Sa réimse éigeantach beidh áireamh an lín mionphointí a thaifeadtar sa réimse loighciúil seo.
6.2.16. Réimse 9.137: Sonraí mionphointí méire
Tá sé mhír faisnéise, arna ndeighilt leis an gcarachtar <US>, sa réimse éigeantach seo. Tá roinnt foréimsí ann, a bhfuil sonraí mionphointí aonair i ngach ceann acu. Ní mór líon iomlán foréimsí mionphointí a bheith ag teacht leis an áireamh a fhaightear i réimse 136. Is é an chéad mhír faisnéise an uimhir innéacs mionphointí, a thúsófar go ‘1’ agus a incriminteofar de ‘1’ le haghaidh gach mionphointe breise sa mhéarlorg. Is iad an dara agus an tríú mír faisnéise na comhordanáidí ‘x’ agus ‘y’ de na mionphointí in aonaid picteilíní. Is é an ceathrú mír faisnéise an uillinn mionphointí arna taifeadadh in aonaid dhá chéim. Beidh an luach seo ina luach neamhshéantach idir 0 agus 179. Is é an cúigiú mír faisnéise an cineál mionphointí. Úsáidtear luach ‘0’ chun mionphointí de chineál ‘EILE’ (‘OTHER’) a léiriú, luach ‘1’ le haghaidh críoch droimín agus luach ‘2’ le haghaidh ladhráil droimín. Léirítear leis an séú mír faisnéise cáilíocht gach mionphointe. Beidh an luach seo i réim ó 1 mar íosluach go 100 mar uasluach. Léirítear leis an luach ‘0’ nach bhfuil aon luach cáilíochta ar fáil. Deighlfear gach foréimse ón gcéad cheann eile tríd an gcarachtar deighilteora <RS> a úsáid.
6.2.17. Réimse 9.138: Faisnéis maidir le háireamh droimíní
Is é atá sa réimse seo sraith d’fhoréimsí, a bhfuil trí mhír faisnéise i ngach ceann acu. Léireofar leis an gcéad mhír faisnéise den chéad fhoréimse an modh eastósctha áirimh droimíní. Léirítear le ‘0’ nach ndéanfar aon toimhde faoin modh a úsáidtear chun áirimh droimíní a eastóscadh, ná a n-ord sa taifead. Léirítear le ‘1’ gur eastóscadh sonraí áirimh droimíní do gach mionphointe láir go dtí an mionphointe tadhlach is gaire i gceithre cheathrú, agus liostaítear áirimh droimíní le haghaidh gach mionphointe láir le chéile. Léirítear le ‘2’ gur eastóscadh sonraí áirimh droimíní do gach mionphointe láir go dtí an mionphointe tadhlach is gaire in ocht n-ochtú, agus liostaítear áirimh droimíní le haghaidh gach mionphointe láir le chéile. Beidh ‘0’ sa dá mhír faisnéise atá fágtha den chéad fhoréimse. Deighlfear míreanna faisnéise leis an gcarachtar deighilteora <US>. I bhforéimsí ina dhiaidh sin beidh an uimhir innéacs mionphointí láir mar an chéad mhír faisnéise, an innéacs mionphointí tadhlacha mar an dara mír faisnéise, agus an líon droimíní trasnaithe mar an tríú mír faisnéise. Deighlfear foréimsí leis an gcarachtar deighilteora <RS>.
6.2.18. Réimse 9.139: Faisnéis maidir le croílár na híomhá
Sa réimse seo beidh foréimse amháin le haghaidh gach croíláir atá san íomhá bhunaigh. Tá trí mhír faisnéise i ngach foréimse. Sa chéad dá mhír tá suíomhanna na gcomhordanáidí ‘x’ agus ‘y’ in aonaid picteilíní. Sa tríú mír faisnéise tá uillinn an chroíláir arna taifeadadh in aonaid 2 chéim. Beidh an luach seo ina luach neamhshéantach idir 0 agus 179. Deighlfear il-chroíláir leis an gcarachtar deighilteora <RS>.
6.2.19. Réimse 9.140: Faisnéis maidir le deiltí
Sa réimse seo tá foréimse amháin le haghaidh gach deilte atá san íomhá bhunaidh. Tá trí mhír faisnéise i ngach foréimse. Sa chéad dá mhír tá suíomhanna na gcomhordanáidí ‘x’ agus ‘y’ in aonaid picteilíní. Sa tríú mír faisnéise tá uillinn na deilte arna taifeadadh in aonaid 2 chéim. Beidh an luach seo ina luach neamhshéantach idir 0 agus 179. Deighlfear il-chroíláir leis an gcarachtar deighilteora <RS>.
7. Taifead íomhá folaigh taifigh athraithigh de Chineál 13
Beidh sonraí íomhá a fhaightear ó íomhánna folaigh sa taifead loighciúil réimse chlibeáilte Chineáil 13. Tá na híomhánna seo beartaithe lena dtarchur chuig gníomhaireachtaí a dhéanfaidh eastóscadh uathoibríoch nó a chuirfidh ar fáil idirghabháil dhaonna agus próiseáil chun an ghnéfhaisnéis inmhianaithe a eastóscadh ó na híomhánna.
Taifeadtar, mar réimsí clibeáilte laistigh den taifead, faisnéis maidir leis an taifeach scanacháin arna úsáid, méid na híomhá, agus paraiméadair eile atá riachtanach chun an íomhá a phróiseáil.
Tábla 7
Leagan amach taifid folaigh taifigh athraithigh de Chineál 13
Aitheantóir |
Cód stádais |
Uimhir Réimse |
Ainm réimse |
Cineál carachtair |
Méid an réimse le haghaidh gach teagmhais |
Áireamh teagmhas |
Áireamh beart uasta |
||
íosmhéid |
uasmhéid |
íosmhéid |
uasmhéid |
|
|||||
LEN |
M |
13.001 |
FAD TAIFID LOIGHCIÚIL |
N |
4 |
8 |
1 |
1 |
15 |
IDC |
M |
13.002 |
CARACHTAR AINMNIÚCHÁIN ÍOMHÁ |
N |
2 |
5 |
1 |
1 |
12 |
IMP |
M |
13.003 |
IMPRESSION TYPE |
A |
2 |
2 |
1 |
1 |
9 |
SRC |
M |
13.004 |
SOURCE AGENCY/ORI |
AN |
6 |
35 |
1 |
1 |
42 |
LCD |
M |
13.005 |
DÁTA GABHÁLA NA hÍOMHÁ FOLAIGH |
N |
9 |
9 |
1 |
1 |
16 |
HLL |
M |
13.006 |
HORIZONTAL LINE LENGTH |
N |
4 |
5 |
1 |
1 |
12 |
VLL |
M |
13.007 |
VERTICAL LINE LENGTH |
N |
4 |
5 |
1 |
1 |
12 |
SLC |
M |
13.008 |
SCALE UNITS |
N |
2 |
2 |
1 |
1 |
9 |
HPS |
M |
13.009 |
HORIZONTAL PIXEL SCALE |
N |
2 |
5 |
1 |
1 |
12 |
VPS |
M |
13.010 |
VERTICAL PIXEL SCALE |
N |
2 |
5 |
1 |
1 |
12 |
CGA |
M |
13.011 |
COMPRESSION ALGORITHM |
A |
5 |
7 |
1 |
1 |
14 |
BPX |
M |
13.012 |
BITS PER PIXEL |
N |
2 |
3 |
1 |
1 |
10 |
FGP |
M |
13.013 |
FINGER POSITION |
N |
2 |
3 |
1 |
6 |
25 |
RSV |
|
13.014 |
RESERVED FOR FUTURE DEFINITION |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
13.019 |
|||||||||
COM |
O |
13.020 |
COMMENT |
A |
2 |
128 |
0 |
1 |
135 |
RSV |
|
13.021 |
RESERVED FOR FUTURE DEFINITION |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
13.199 |
|||||||||
UDF |
O |
13.200 |
USER-DEFINED FIELDS |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
13.998 |
|||||||||
DAT |
M |
13.999 |
IMAGE DATA |
B |
2 |
— |
1 |
1 |
— |
Eochair le haghaidh cineál carachtair: N = Uimhriúil; A = Aibítreach; AN = Alfa-uimhriúil; B = Dénártha
7.1. Réimsí le haghaidh an taifid loighciúil de Chineál 13
Tugtar tuairisc sna hailt seo a leanas ar na sonraí atá i ngach ceann de na réimsí le haghaidh an taifid loighciúil de Chineál 13.
Laistigh de thaifead loighciúil de Chineál 13, soláthrófar iontrálacha i réimsí uimhrithe. Tá sé riachtanach an chéad dá réimse den taifead a bheith curtha in ord, agus beidh an réimse ina bhfuil na sonraí íomhá ar an réimse fisiceach deireanach sa taifead. Le haghaidh gach réimse den taifead de Chineál 13, liostaítear i dTábla 7 an ‘cód stádais’ mar éigeantach ‘M’ nó roghnach ‘O’, an uimhir réimse, an t-ainm réimse, cineál carachtair, méid réimse, agus teorainneacha teagmhais. Bunaithe ar uimhir réimse trí dhigit, tugtar an t-áireamh beart uasta don réimse sa cholún deiridh. De réir mar a úsáidtear breis digití don uimhir réimse, tiocfaidh méadú freisin ar an áireamh beart uasta. Áirítear ar an dá iontráil in ‘méid an réimse in aghaidh gach teagmhais’ gach deighilteoir carachtair a úsáidtear sa réimse. Áirítear ar an ‘áireamh beart uasta’ an uimhir réimse, an fhaisnéis, agus na deighilteoirí carachtair go léir lena n-áirítear an carachtar ‘GS’.
7.1.1. Réimse 13.001: Fad taifid loighciúil (Logical Record Length — LEN)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh áireamh iomlán líon na mbeart sa taifead loighciúil de Chineál 13. Sonrófar le réimse 13.001 fad an taifid lena n-áirítear gach carachtar de gach réimse atá sa taifead agus na deighilteoirí faisnéise.
7.1.2. Réimse 13.002: Carachtar ainmniúcháin íomhá (Image Designation Character — IDC)
Úsáidfear an réimse ASCII éigeantach seo chun na sonraí íomhá folaigh atá sa taifead a shainiú. Meaitseálfar an IDC seo leis an IDC a fhaightear i réimse inneachair comhaid (CNT) an taifid de Chineál 1.
7.1.3. Réimse 13.003: Cineál Imprisin (Impression type — IMP)
Léireofar leis an réimse aonbhirt nó dhá bheart ASCII éigeantach seo an dóigh a bhfuarthas an fhaisnéis íomhá folaigh. Iontrálfar sa réimse seo an cód íomhá folaigh cuí arna roghnú ó Thábla 4 (méar) nó ó Thábla 9 (dearna).
7.1.4. Réimse 13.004: Gníomhaireacht tionscnaimh/ORI (Source agency/ORI (SRC))
Sa réimse éigeantach ASCII seo beidh aitheantóir na seirbhíse riaracháin nó na heagraíochta a ghabh an íomhá d'aghaidh atá sa taifead ó thús. De ghnáth, beidh Aitheantóir Gníomhaireachta Tionscnaimh (ORI) na gníomhaireachta a ghabh an íomhá sa réimse seo. Tá dhá mhír faisnéise ann san fhormáid seo a leanas: CC/gníomhaireacht.
Tá an Cód Tíre de chuid Interpol, atá dhá charachtar alfa-uimhriúla ar fad, sa chéad mhír faisnéise. Is aitheantóir saorthéacs don ghníomhaireacht é an dara mír, gníomhaireacht, suas le 32 charachtar alfa-uimhriúla ar a mhéad.
7.1.5. Réimse 13.005: Dáta gabhála na híomhá folaigh (Latent capture date — LCD)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an dáta a gabhadh an íomhá folaigh atá sa taifead. Nochtfar an dáta mar ocht ndigit san fhormáid CCYYMMDD. Léireofar leis na carachtair CCYY an bhliain a gabhadh an íomhá, léireofar leis na carachtair MM luachanna dheicheanna agus aonaid na míosa, agus léireofar leis na carachtair DD luachanna dheicheanna agus aonaid lá na míosa. Mar shampla, is ionann ‘ 20000229 ’ agus an 29 Feabhra 2000. Beidh an dáta iomlán ina dháta dlisteanach.
7.1.6. Réimse 13.006: Fad líne cothrománaí (Horizontal Line Length — HLL)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon picteilíní atá i líne chothrománach amháin den íomhá tharchurtha.
7.1.7. Réimse 13.007: Fad líne ingearaí (Vertical Line Length — VLL)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon línte cothrománacha atá san íomhá tharchurtha.
7.1.8. Réimse 13.008: Aonaid scála (Scale units — SLC)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo na haonaid a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar mhinicíocht na samplála íomhá (dlús picteilíní). Léirítear le ‘1’ sa réimse seo picteilíní san orlach, nó léirítear le ‘2’ picteilíní sa cheintiméadar. Léirítear le ‘0’ sa réimse seo nach dtugtar scála ar bith. Sa chás sin, tugtar leis an líon HPS/VPS an cóimheas treoíochta picteilíní.
7.1.9. Réimse 13.009: Scála picteilíní cothrománach (Horizontal pixel scale — HPS)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an dlús picteilíní slánuimhreach a úsáidtear sa treo chothrománach ar an gcoinníoll go bhfuil ‘1’ nó ‘2’ sa SLC. Thairis sin, léirítear leis an chomhpháirt chothrománach den chóimheas treoíochta picteilíní.
7.1.10. Réimse 13.010: Scála picteilíní ingearach (Vertical pixel scale — VPS)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an dlús picteilíní slánuimhreach a úsáidtear sa treo ingearach ar an gcoinníoll go bhfuil ‘1’ nó ‘2’ sa SLC. Thairis sin, léirítear leis an chomhpháirt ingearach den chóimheas treoíochta picteilíní.
7.1.11. Réimse 13.011: Algartam comhbhrú (Compression algorithm — CGA)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an t-algartam a úsáidtear chun íomhánna liathscála a chomhbhrú. Féach Foscríbhinn 39-7, mar a bhfuil na cóid chomhbhrú.
7.1.12. Réimse 13.012: Giotáin sa phicteilín (Bits per pixel — BPX)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon giotán a úsáidtear chun picteilín a léiriú. Sa réimse beidh iontráil ‘8’ le haghaidh gnáthluachanna liathscála ó ‘0’ go ‘255’. Léireofar le haon iontráil níos mó ná ‘8’ sa réimse seo picteilín liathscála le breis beachtais.
7.1.13. Réimse 13.013: Suíomh méire/dearnan (Finger/palm position — FGP)
Sa réimse clibeáilte éigeantach seo beidh ceann amháin nó níos mó de na suíomhanna méire nó dearnan a d’fhéadfadh an íomhá folaigh a mheaitseáil. Tógfar an uimhir chóid dheachúil a chomhfhreagraíonn don suíomh méire atá ar eolas nó is dóchúla ó Thábla 5 nó an suíomh dearnan is dóchúla ó Thábla 10 agus iontrálfar sin mar fhoréimse aoncharachtair nó dhá charachtar ASCII. Is féidir go dtagrófar do shuíomhanna méire agus/nó dearnan trí na cóid suímh malartacha a iontráil mar fhoréimsí arna scaradh ag an gcarachtar deighilteora ‘RS’. Úsáidfear an cód ‘0’, le haghaidh ‘Méar Neamhaithnid’, chun tagairt a dhéanamh do gach suíomh méire óna haon go dtí a deich. Úsáidfear an cód ‘20’, le haghaidh ‘Dearna Neamhaithnid’, chun tagairt a dhéanamh do gach suíomh loirg dearnan atá liostaithe.
7.1.14. Réimse 13.014-019: Arna fhorchoimeád lena shainiú amach anseo (Reserved for future definition — RSV)
Tá na réimsí seo forchoimeádta lena gcur san áireamh in athbhreithnithe ar an gcaighdeán seo amach anseo. Ná húsáidtear ceann ar bith de na réimsí seo ar an leibhéal athbhreithnithe seo. Má tá ceann ar bith de na réimsí seo ann, tá neamhaird le tabhairt orthu.
7.1.15. Réimse 13.020: Nóta tráchta (Comment — COM)
Féadfar an réimse roghnach seo a úsáid chun nótaí tráchta nó faisnéis téacs eile ASCII a chur isteach leis na sonraí íomhá folaigh.
7.1.16. Réimse 13.021-199: Arna fhorchoimeád lena shainiú amach anseo (Reserved for future definition — RSV)
Tá na réimsí seo forchoimeádta lena gcur san áireamh in athbhreithnithe ar an gcaighdeán seo amach anseo. Ná húsáidtear ceann ar bith de na réimsí seo ar an leibhéal athbhreithnithe seo. Má tá ceann ar bith de na réimsí seo ann, tá neamhaird le tabhairt orthu.
7.1.17. Réimsí 13.200-998: Réimsí arna sainiú ag an úsáideoir (User-defined fields — UDF)
Réimsí arna sainiú ag an úsáideoir atá sna réimsí seo agus úsáidfear iad le haghaidh riachtanais amach anseo. Saineoidh an t-úsáideoir a méid agus a n-inneachar agus beidh siad i gcomhréir leis an ngníomhaireacht fála. Más ann dóibh, beidh faisnéis théacsúil ASCII iontu.
7.1.18. Réimse 13.999: Sonraí íomhá (DAT)
Beidh sonraí uile ó íomhá folaigh ghafa sa réimse seo. Sannfar an uimhir réimse 999 dó i gcónaí agus beidh sé ar an réimse fisiceach deiridh sa taifead. Mar shampla, tar éis ‘13.999:’ bíonn sonraí íomhá i léiriú dénártha.
Déanfar gach picteilín de shonraí liathscála neamh-chomhbhrúite a chandamú go hocht ngiotán (256 leibhéal liatha) agus é sin coinnithe in aon bheart amháin. Má tá an iontráil i Réimse BPX 13.012 níos mó nó níos lú ná ‘8’, beidh líon na mbeart atá riachtanach le go mbeidh picteilín ann difriúil. Má úsáidtear comhbhrú, comhbhrúfar na sonraí picteilín de réir na teicníce comhbhrú a shonraítear sa réimse GCA.
7.2. Críoch taifid íomhá folaigh taifigh athraithigh de Chineál 13
Ar mhaithe le comhsheasmhacht, díreach tar éis an bhirt dheireanaigh sonraí ó Réimse 13.999 úsáidfear deighilteoir ‘FS’ chun é a dheighilt ón gcéad taifead loighciúil eile. Cuirfear an deighilteoir seo san áireamh i réimse faid an taifid de Chineál 13.
8. Taifead íomhá loirg dearnan taifigh athraithigh de Chineál 15
Sa taifead loighciúil réimse chlibeáilte de Chineál 15 beidh sonraí íomhá loirg dearnan chomh maith le réimsí faisnéise téacsúla seasta agus arna sainiú ag an úsáideoir a bhaineann leis an íomhá dhigitithe, agus úsáidfear an taifead chun iad sin a mhalartú. Faisnéis maidir leis an taifeach scanacháin arna úsáid, méid na híomhá, agus paraiméadair nó nótaí tráchta eile atá riachtanach chun an íomhá a phróiseáil, taifeadtar í mar réimsí clibeáilte laistigh den taifead. Íomhánna dearnan arna dtarchur chuig gníomhaireachtaí eile, próiseálfaidh na gníomhaireachtaí fála iad chun an ghnéfhaisnéis inmhianaithe a eastóscadh chun críocha meaitseála.
Gheofar na sonraí íomhá go díreach ó dhuine, trí úsáid a bhaint as gléas le haghaidh scanadh beo, nó ó chárta dearnan beo nó ó mheáin eile ina bhfuil loirg dearnan an duine.
Aon mhodh a úsáidtear chun íomhánna loirg dearnan a fháil, beifear in ann leis an modh sin tacar íomhánna a ghabháil i leith gach láimhe. Beidh dearna an scríbhneora sa tacar seo, mar íomhá aonair scanta, agus beidh achar uile na dearnan iomláine ag síneadh ó chaol na láimhe ag an rosta go dtí barr na méar mar íomhá scanta amháin nó dhá cheann. Má úsáidtear dhá íomhá chun an dearna iomlán a léiriú, sínfidh an íomhá íochtair ó chaol na láimhe ag an rosta go dtí barr an achair idir na méara (tríú halt na méar) agus beidh bun na hordóige agus bun na láimhe os a choinne sin san áireamh. Sínfidh an íomhá uachtar ó bhun an spáis idir na méara go dtí fíorbharr na méar. Tugtar leis seo forluí dóthanach idir an dá íomhá atá suite os cionn achar na dearnan idir na méara. Ach an struchtúr droimíní agus sonraí san achar comónta seo a mheaitseáil, is féidir le scrúdaitheoir a rá le muinín gur tháinig an dá íomhá ón dearna chéanna.
De bhrí gur féidir idirbheart loirg dearnan a úsáid chun críocha difriúla, féadfaidh achar amháin nó níos mó íomhá uathúla arna dtaifeadadh ón dearna nó ón lámh a bheith ann. Beidh ar áireamh de ghnáth i dtacar iomlán de thaifid loirg dearnan a bhaineann le duine amháin dearna an scríbhneora agus an íomhá nó na híomhánna dearnan iomláine ó gach lámh. De bhrí nach féidir ach réimse dénártha amháin a bheith i dtaifead íomhá loighciúil réimse chlibeáilte, beidh taifead aonair de Chineál 15 ag teastáil le haghaidh dhearna gach scríbhneora agus taifead amháin nó dhá thaifead de Chineál 15 le haghaidh gach dearnan iomláine. Dá bhrí sin, beidh idir ceithre cinn agus sé cinn de thaifid de Chineál 15 de dhíth chun loirg dearnan an duine a léiriú i ngnáth-idirbheart loirg dearnan.
8.1. Réimsí le haghaidh an taifid loighciúil de Chineál 15
Tugtar tuairisc sna míreanna seo a leanas ar na sonraí atá i ngach ceann de na réimsí le haghaidh an taifid loighciúil de Chineál 15.
Laistigh de thaifead loighciúil de Chineál 15, soláthrófar iontrálacha i réimsí uimhrithe. Tá sé riachtanach an chéad dá réimse den taifead a bheith curtha in ord, agus beidh an réimse ina bhfuil na sonraí íomhá ar an réimse fisiceach deireanach sa taifead. Le haghaidh gach réimse den taifead de Chineál 15, liostaítear i dTábla 8 an ‘cód stádais’ mar éigeantach ‘M’ nó roghnach ‘O’, an uimhir réimse, an t-ainm réimse, cineál carachtair, méid réimse, agus teorainneacha teagmhais. Bunaithe ar uimhir réimse trí dhigit, tugtar an t-áireamh beart uasta don réimse sa cholún deiridh. De réir mar a úsáidtear breis digití don uimhir réimse, tiocfaidh méadú freisin ar an áireamh beart uasta. Áirítear ar an dá iontráil in ‘méid an réimse in aghaidh gach teagmhais’ gach deighilteoir carachtair a úsáidtear sa réimse. Áirítear ar an ‘áireamh beart uasta’ an uimhir réimse, an fhaisnéis, agus na deighilteoirí carachtair go léir lena n-áirítear an carachtar ‘GS’.
8.1.1. Réimse 15.001: Fad taifid loighciúil (Logical Record Length — LEN)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh áireamh iomlán líon na mbeart sa taifead loighciúil de Chineál 15. Sonrófar le réimse 15.001 fad an taifid lena n-áirítear gach carachtar de gach réimse atá sa taifead agus na deighilteoirí faisnéise.
8.1.2. Réimse 15.002: Carachtar ainmniúcháin íomhá (Image Designation Character — IDC)
Úsáidfear an réimse ASCII éigeantach seo chun an íomhá loirg dearnan atá sa taifead a shainaithint. Meaitseálfar an IDC seo leis an IDC a fhaightear i réimse inneachair comhaid (CNT) an taifid de Chineál 1.
8.1.3. Réimse 15.003: Cineál Imprisin (Impression type — IMP)
Léireofar leis an réimse aonbhirt ASCII éigeantach seo an dóigh a bhfuarthas an fhaisnéis íomhá loirg dearnan. Iontrálfar sa réimse seo an cód iomchuí arna roghnú ó Thábla 9.
8.1.4. Réimse 15.004: Gníomhaireacht tionscnaimh/ORI (Source agency/ORI (SRC))
Sa réimse éigeantach ASCII seo beidh aitheantóir na seirbhíse riaracháin nó na heagraíochta a ghabh an íomhá d'aghaidh atá sa taifead ó thús. De ghnáth, beidh Aitheantóir Gníomhaireachta Tionscnaimh (ORI) na gníomhaireachta a ghabh an íomhá sa réimse seo. Tá dhá mhír faisnéise ann san fhormáid seo a leanas: CC/gníomhaireacht.
Tá an Cód Tíre de chuid Interpol, atá dhá charachtar alfa-uimhriúla ar fad, sa chéad mhír faisnéise. Is aitheantóir saorthéacs don ghníomhaireacht é an dara mír, gníomhaireacht, suas le 32 charachtar alfa-uimhriúla ar a mhéad.
8.1.5. Réimse 15.005: Dáta gabhála loirg dearnan (Palmprint capture date — PCD)
Beidh an dáta a gabhadh an lorg dearnan sa réimse ASCII éigeantach seo. Nochtfar an dáta mar ocht ndigit san fhormáid CCYYMMDD. Léireofar leis na carachtair CCYY an bhliain a gabhadh an íomhá, léireofar leis na carachtair MM luachanna dheicheanna agus aonaid na míosa, agus léireofar leis na carachtair DD luachanna dheicheanna agus aonaid lá na míosa. Mar shampla, is ionann an iontráil ‘ 20000229 ’ agus an 29 Feabhra 2000. Beidh an dáta iomlán ina dháta dlisteanach.
8.1.6. Réimse 15.006: Fad líne cothrománaí (Horizontal Line Length — HLL)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon picteilíní atá i líne chothrománach amháin den íomhá tharchurtha.
8.1.7. Réimse 15.007: Fad líne ingearaí (Vertical Line Length — VLL)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon línte cothrománacha atá san íomhá tharchurtha.
8.1.8. Réimse 15.008: Aonaid scála (Scale units — SLC)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo na haonaid a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar mhinicíocht na samplála íomhá (dlús picteilíní). Léirítear le ‘1’ sa réimse seo picteilíní san orlach, nó léirítear le ‘2’ picteilíní sa cheintiméadar. Léirítear le ‘0’ sa réimse seo nach dtugtar scála ar bith. Sa chás sin, tugtar leis an líon HPS/VPS an cóimheas treoíochta picteilíní.
8.1.9. Réimse 15.009: Scála picteilíní cothrománach (Horizontal pixel scale — HPS)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an dlús picteilíní slánuimhreach a úsáidtear sa treo chothrománach ar an gcoinníoll go bhfuil ‘1’ nó ‘2’ sa SLC. Thairis sin, léirítear leis an chomhpháirt chothrománach den chóimheas treoíochta picteilíní.
8.1.10. Réimse 15.010: Scála picteilíní ingearach (Vertical pixel scale — VPS)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an dlús picteilíní slánuimhreach a úsáidtear sa treo ingearach ar an gcoinníoll go bhfuil ‘1’ nó ‘2’ sa SLC. Thairis sin, léirítear leis an chomhpháirt ingearach den chóimheas treoíochta picteilíní.
Tábla 8
Leagan amach taifid loirg dearnan taifigh athraithigh de Chineál 15
Aitheantóir |
Cód stádais |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
Cineál carachtair |
Méid an réimse le haghaidh gach teagmhais |
Áireamh teagmhas |
Áireamh beart uasta |
||
íosmhéid |
uasmhéid |
íosmhéid |
uasmhéid |
|
|||||
LEN |
M |
15.001 |
FAD TAIFID LOIGHCIÚIL |
N |
4 |
8 |
1 |
1 |
15 |
IDC |
M |
15.002 |
CARACHTAR AINMNIÚCHÁIN ÍOMHÁ |
N |
2 |
5 |
1 |
1 |
12 |
IMP |
M |
15.003 |
IMPRESSION TYPE |
N |
2 |
2 |
1 |
1 |
9 |
SRC |
M |
15.004 |
SOURCE AGENCY/ORI |
AN |
6 |
35 |
1 |
1 |
42 |
PCD |
M |
15.005 |
DÁTA GABHÁLA LOIRG DEARNAN |
N |
9 |
9 |
1 |
1 |
16 |
HLL |
M |
15.006 |
HORIZONTAL LINE LENGTH |
N |
4 |
5 |
1 |
1 |
12 |
VLL |
M |
15.007 |
VERTICAL LINE LENGTH |
N |
4 |
5 |
1 |
1 |
12 |
SLC |
M |
15.008 |
SCALE UNITS |
N |
2 |
2 |
1 |
1 |
9 |
HPS |
M |
15.009 |
HORIZONTAL PIXEL SCALE |
N |
2 |
5 |
1 |
1 |
12 |
VPS |
M |
15.010 |
VERTICAL PIXEL SCALE |
N |
2 |
5 |
1 |
1 |
12 |
CGA |
M |
15.011 |
COMPRESSION ALGORITHM |
AN |
5 |
7 |
1 |
1 |
14 |
BPX |
M |
15.012 |
BITS PER PIXEL |
N |
2 |
3 |
1 |
1 |
10 |
PLP |
M |
15.013 |
PALMPRINT POSITION |
N |
2 |
3 |
1 |
1 |
10 |
RSV |
|
15.014 |
RESERVED FOR FUTURE INCLUSION |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
15.019 |
|||||||||
COM |
O |
15.020 |
COMMENT |
AN |
2 |
128 |
0 |
1 |
128 |
RSV |
|
15.021 |
RESERVED FOR FUTURE INCLUSION |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
15.199 |
|||||||||
UDF |
O |
15.200 |
USER-DEFINED FIELDS |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
15.998 |
|||||||||
DAT |
M |
15.999 |
IMAGE DATA |
B |
2 |
— |
1 |
1 |
— |
Tábla 9
Cineál Imprisin Dearnan
Tuairisc |
Cód |
Scanadh beo dearnan |
10 |
Scanadh neamhbheo dearnan |
11 |
Imprisean dearnan neamhfhoilse |
12 |
Rianú dearnan neamhfhoilse |
13 |
Grianghraf dearnan neamhfhoilse |
14 |
Aistriú dearnan neamhfhoilse |
15 |
8.1.11. Réimse 15.011: Algartam comhbhrú (Compression algorithm — CGA)
Sonrófar leis an réimse ASCII éigeantach seo an t-algartam a úsáidtear chun íomhánna liathscála a chomhbhrú. Léirítear le ‘NONE’ sa réimse seo go bhfuil na sonraí sa taifead seo neamh-chomhbhrúite. I gcás na n-íomhánna atá le comhbhrú, áireofar ar an réimse seo an modh is fearr chun íomhánna méarloirg deich gcló a chomhbhrú. Sainítear na cóid chomhbhrú bhailí i bhFoscríbhinn 39-7.
8.1.12. Réimse 15.012: Giotáin sa phicteilín (Bits per pixel — BPX)
Sa réimse ASCII éigeantach seo beidh an líon giotán a úsáidtear chun picteilín a léiriú. Sa réimse beidh iontráil ‘8’ le haghaidh gnáthluachanna liathscála ó ‘0’ go ‘255’. Is éard a bheidh in aon iontráil sa réimse seo atá níos mó ná ‘8’ nó níos lú ná '8' picteilín liathscála lena ngabhann beachtas méadaithe nó laghdaithe faoi seach.
Tábla 10
Cóid, Achair agus Méideanna Dearnan
Suíomh Dearnan |
Cód dearnan |
Achar íomhá (mm2) |
Leithead (mm) |
Airde (mm) |
Dearna neamhaithnid |
20 |
28387 |
139.7 |
203.2 |
Dearna Iomlán Dheas |
21 |
28387 |
139.7 |
203.2 |
Dearna Scríbhneora Dheas |
22 |
5645 |
44.5 |
127.0 |
Dearnan Iomlán Chlé |
23 |
28387 |
139.7 |
203.2 |
Dearna Scríbhneora Chlé |
24 |
5645 |
44.5 |
127.0 |
Dearna Íochtair Dheas |
25 |
19516 |
139.7 |
139.7 |
Dearna Uachtair Dheas |
26 |
19516 |
139.7 |
139.7 |
Dearna Íochtair Chlé |
27 |
19516 |
139.7 |
139.7 |
Dearna Uachtair Chlé |
28 |
19516 |
139.7 |
139.7 |
Ar Dheis Eile |
29 |
28387 |
139.7 |
203.2 |
Ar Chlé Eile |
30 |
28387 |
139.7 |
203.2 |
8.1.13. Réimse 15.013: Suíomh loirg dearnan (Palmprint position — FGP)
Sa réimse clibeáilte éigeantach seo beidh an suíomh loirg dearnan a mheaitseálann an íomhá loirg dearnan. Tógfar an uimhir chóid dheachúil a chomhfhreagraíonn don suíomh loirg dearnan atá ar eolas nó is dóchúla ó Thábla 10 agus iontrálfar sin mar fhoréimse dhá charachtar ASCII. Liostaítear i dtábla 10 freisin na hachair agus na toisí uasta le haghaidh gach ceann de na suíomhanna loirg dearnan féideartha.
8.1.14. Réimse 15.014-019: Arna fhorchoimeád lena shainiú amach anseo (Reserved for future definition — RSV)
Tá na réimsí seo forchoimeádta lena gcur san áireamh in athbhreithnithe ar an gcaighdeán seo amach anseo. Ná húsáidtear ceann ar bith de na réimsí seo ar an leibhéal athbhreithnithe seo. Má tá ceann ar bith de na réimsí seo ann, tá neamhaird le tabhairt orthu.
8.1.15. Réimse 15.020: Nóta tráchta (Comment — COM)
Féadfar an réimse roghnach seo a úsáid chun tráchtaireachtaí nó faisnéis téacs ASCII eile a ionsá leis na sonraí íomhá loirg méire.
8.1.16. Réimse 15.021-199: Arna fhorchoimeád lena shainiú amach anseo (Reserved for future definition — RSV)
Tá na réimsí seo forchoimeádta lena gcur san áireamh in athbhreithnithe ar an gcaighdeán seo amach anseo. Ná húsáidtear ceann ar bith de na réimsí seo ar an leibhéal athbhreithnithe seo. Má tá ceann ar bith de na réimsí seo ann, tá neamhaird le tabhairt orthu.
8.1.17. Réimsí 15.200-998: Réimsí arna sainiú ag an úsáideoir (User-defined fields — UDF)
Réimsí arna sainiú ag an úsáideoir atá sna réimsí seo agus úsáidfear iad le haghaidh riachtanais amach anseo. Saineoidh an t-úsáideoir a méid agus a n-inneachar agus beidh siad i gcomhréir leis an ngníomhaireacht fála. Más ann dóibh, beidh faisnéis théacsúil ASCII iontu.
8.1.18. Réimse 15.999: Sonraí íomhá (DAT)
Sa réimse seo beidh na sonraí uile ó íomhá loirg dearnan arna gabháil. Sannfar an uimhir réimse 999 dó i gcónaí agus beidh sé ar an réimse fisiceach deiridh sa taifead. Mar shampla, tar éis ‘15.999:’ bíonn sonraí íomhá i léiriú dénártha. Déanfar gach picteilín de shonraí liathscála neamh-chomhbhrúite a chandamú go hocht ngiotán (256 leibhéal liatha) agus é sin coinnithe in aon bheart amháin. I gcás gur mó nó gur lú ná 8 an iontráil sa réimse BPX 15.012, ní hionann líon na mbeart is gá chun picteilín a choinneáil. Má úsáidtear comhbhrú, déanfar na sonraí picteilín a chomhbhrú i gcomhréir leis an teicníc chomhbhrú a shonraítear sa réimse CGA.
8.2. Críoch taifid íomhá loirg dearnan taifigh athraithigh de Chineál 15
Ar mhaithe le comhsheasmhacht, díreach tar éis an bhirt dheireanaigh sonraí ó Réimse 15.999 úsáidfear deighilteoir ‘FS’ chun é a dheighilt ón gcéad taifead loighciúil eile. Cuirfear an deighilteoir seo san áireamh i réimse faid an taifid de Chineál 15.
8.3. Taifid íomhá loirg dearnan taifigh athraithigh bhreise de Chineál 15
Is féidir taifid bhreise de Chineál 15 a chur sa chomhad. Le haghaidh gach íomhá loirg dearnan breise, is gá taifead loighciúil iomlán de Chineál 15 mar aon leis an deighilteoir ‘FS’.
Tábla 11
Líon uasta iarrthóirí a nglactar leo don fhíorú in aghaidh an tarchuir.
Cineál an Chuardaigh AFIS |
TP/TP |
LT/TP |
LP/PP |
TP/UL |
LT/UL |
PP/ULP |
LP/ULP |
Líon Uasta Iarrthóirí |
1 |
10 |
5 |
5 |
5 |
5 |
5 |
Cineál cuardaigh:
|
TP/TP: lorg 10 i gcomparáid le lorg 10 |
|
LT/TP: méarlorg neamhfhollas i gcomparáid le lorg 10 |
|
LP/PP: lorg dearnan neamhfhoilse i gcomparáid le lorg dearnan |
|
TP/UL: lorg 10 i gcomparáid le méarlorg neamhfhollas neamhréitithe |
|
LT/UL: méarlorg neamhfhollas i gcomparáid le méarlorg neamhfhollas neamhréitithe |
|
PP/ULP: lorg dearnan i gcomparáid le lorg dearnan neamhfhoilse neamhréitithe |
|
LP/ULP: lorg dearnan neamhfhoilse i gcomparáid le lorg dearnan neamhfhoilse neamhréitithe |
9. Foscríbhinní a ghabhann le Caibidil 2 (malartú sonraí dachtalascópacha)
9.1. Foscríbhinn 39-1: Cóid Deighilteora ASCII
ASCII |
Suíomh (2) |
Tuairisc |
LF |
1/10 |
Deighleann sé cóid earráide i Réimse 2.074 |
FS |
1/12 |
Deighleann sé taifid loighciúla de chuid comhaid |
GS |
1/13 |
Deighleann sé réimsí de chuid taifid loighciúil |
RS |
1/14 |
Deighleann sé foréimsí de chuid réimse taifid |
US |
1/15 |
Deighleann sé míreanna faisnéise aonair laistigh de réimse nó foréimse |
9.2. Foscríbhinn 39-2: Carachtar Seiceála Alfa-Uimhriúil a ríomh
Le haghaidh TCN agus TCR (Réimsí 1.09 agus 1.10):
Déantar an uimhir a fhreagraíonn don charachtar seiceála a ghiniúint trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
|
(YY * 108 + SSSSSSSS) Modulo 23 |
Nuair is ionann YY agus SSSSSSSS agus dhá dhigit dheireanacha na bliana agus an tsraithuimhir faoi seach.
Déantar an carachtar seiceála a ghiniúint ansin ón tábla cuardaigh thíos.
Le haghaidh CRO (Réimse 2.010)
Déantar an uimhir a fhreagraíonn don charachtar seiceála a ghiniúint trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
|
(YY * 106 + NNNNNN) Modulo 23 |
Nuair is ionann YY agus NNNNNN agus dhá dhigit dheireanacha na bliana agus an tsraithuimhir faoi seach.
Déantar an carachtar seiceála a ghiniúint ansin ón tábla cuardaigh thíos.
Tábla Cuardaigh na gCarachtar Seiceála |
||
1-A |
9-J |
17-T |
2-B |
10-K |
18-U |
3-C |
11-L |
19-V |
4-D |
12-M |
20-W |
5-E |
13-N |
21-X |
6-F |
14-P |
22-Y |
7-G |
15-Q |
0-Z |
8-H |
16-R |
|
9.3. Foscríbhinn 39-3: Carachtarchóid
Cód ANSI 7-giotán le haghaidh malartú faisnéise |
||||||||||
Tacar Carachtar ASCII |
||||||||||
+ |
0 |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
8 |
9 |
30 |
|
|
|
! |
’ |
# |
$ |
% |
& |
‘ |
40 |
( |
) |
* |
+ |
, |
- |
. |
/ |
0 |
1 |
50 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
8 |
9 |
: |
; |
60 |
< |
= |
> |
? |
@ |
A |
B |
C |
D |
E |
70 |
F |
G |
H |
I |
J |
K |
L |
M |
N |
O |
80 |
P |
Q |
R |
S |
T |
U |
V |
W |
X |
Y |
90 |
Z |
[ |
\ |
] |
^ |
_ |
` |
a |
b |
c |
100 |
d |
e |
f |
g |
h |
i |
j |
k |
l |
m |
110 |
n |
o |
p |
q |
r |
s |
t |
u |
v |
w |
120 |
x |
y |
z |
{}{ |
| |
}} |
~ |
|
|
|
9.4. Foscríbhinn 39-4: Achoimre ar na hIdirbhearta
Taifead de Chineál 1 (éigeantach) |
|||||
Identifier |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
CPS/PMS |
SRE |
ERR |
LEN |
1.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
M |
M |
M |
VER |
1.002 |
Uimhir Leagain |
M |
M |
M |
CNT |
1.003 |
Inneachar Comhaid |
M |
M |
M |
IOMLÁN |
1.004 |
Type of Transaction |
M |
M |
M |
DAT |
1.005 |
Dáta |
M |
M |
M |
PRY |
1.006 |
Priority |
M |
M |
M |
DAI |
1.007 |
Destination Agency |
M |
M |
M |
ORI |
1.008 |
Originating Agency |
M |
M |
M |
TCN |
1.009 |
Uimhir Rialaithe Idirbhirt |
M |
M |
M |
TCR |
1.010 |
Transaction Control Reference |
C |
M |
M |
NSR |
1.011 |
Native Scanning Resolution |
M |
M |
M |
NTR |
1.012 |
Nominal Transmitting Resolution |
M |
M |
M |
DOM |
1.013 |
Ainm fearainn |
M |
M |
M |
GMT |
1.014 |
Greenwich mean time |
M |
M |
M |
Sa cholún ‘Coinníoll’:
O = roghnach; M= éigeantach; C = Coinníollach más freagra é an t-idirbheart ar an ngníomhaireacht tionscnaimh
Taifead de Chineál 2 (éigeantach) |
||||||
Identifier |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
CPS/PMS |
MPS/MMS |
SRE |
ERR |
LEN |
2.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
M |
M |
M |
M |
IDC |
2.002 |
Carachtar Ainmniúcháin Íomhá |
M |
M |
M |
M |
SYS |
2.003 |
System Information |
M |
M |
M |
M |
CNO |
2.007 |
Cás-uimhir |
— |
M |
C |
— |
SQN |
2.008 |
Uimhir Sheichimh |
— |
C |
C |
— |
MID |
2.009 |
Latent Identifier |
— |
C |
C |
— |
CRN |
2.010 |
Uimhir Thagartha Choiriúil |
M |
— |
C |
— |
MN1 |
2.012 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
— |
— |
C |
C |
MN2 |
2.013 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
— |
— |
C |
C |
MN3 |
2.014 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
— |
— |
C |
C |
MN4 |
2.015 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
— |
— |
C |
C |
INF |
2.063 |
Additional Information |
O |
O |
O |
O |
RLS |
2.064 |
Respondents List |
— |
— |
M |
— |
ERM |
2.074 |
Status/Error Message Field |
— |
— |
— |
M |
ENC |
2.320 |
Líon Measta Iarrthóirí |
M |
M |
— |
— |
Sa cholún ‘Coinníoll’:
O = Roghnach, M = Éigeantach, C = Coinníollach má tá fáil ar shonraí
* |
= |
má dhéantar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an dlí baile (nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagail 533 agus 534 den Chomhaontú seo) |
9.5. Foscríbhinn 39-5: Sainmhínithe ar Thaifid de Chineál-1
Identifier |
Condition |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
Character type |
Example data |
LEN |
M |
1.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
N |
1.001:230{}{GS}} |
VER |
M |
1.002 |
Uimhir Leagain |
N |
1.002:0300{}{GS}} |
CNT |
M |
1.003 |
Inneachar Comhaid |
N |
1.003:1{}{US}}15{}{RS}}2{}{US}}00{}{RS}}4{}{US}}01{}{RS}}4{}{US}}02{}{RS}}4{}{US}}03{}{RS}}4{}{US}}04{}{RS}}4{}{US}}05{}{RS}}4{}{US}}06{}{RS}}4{}{US}}07{}{RS}}4{}{US}}08{}{RS}}4{}{US}}09{}{RS}}4{}{US}}10{}{RS}}4{}{US}}11{}{RS}}4{}{US}}12{}{RS}}4{}{US}}13{}{RS}}4{}{US}}14{}{GS}} |
IOMLÁN |
M |
1.004 |
Type of Transaction |
A |
1.004:CPS{}{GS}} |
DAT |
M |
1.005 |
Dáta |
N |
1.005:20050101{}{GS}} |
PRY |
M |
1.006 |
Priority |
N |
1.006:4{}{GS}} |
DAI |
M |
1.007 |
Destination Agency |
1* |
1.007:DE/BKA{}{GS}} |
ORI |
M |
1.008 |
Originating Agency |
1* |
1.008:NL/NAFIS{}{GS}} |
TCN |
M |
1.009 |
Uimhir Rialaithe Idirbhirt |
AN |
1.009:0200000004F{}{GS}} |
TCR |
C |
1.010 |
Transaction Control Reference |
AN |
1.010:0200000004F{}{GS}} |
NSR |
M |
1.011 |
Native Scanning Resolution |
AN |
1.011:19.68{}{GS}} |
NTR |
M |
1.012 |
Nominal Transmitting Resolution |
AN |
1.012:19.68{}{GS}} |
DOM |
M |
1.013 |
Ainm fearainn |
AN |
1.013: INT-I{}{US}}4.22{}{GS}} |
GMT |
M |
1.014 |
Greenwich Mean Time |
AN |
1.014:20050101125959Z |
Sa cholún ‘Coinníoll’: O = Roghnach, M = Éigeantach, C = Coinníollach
Sa cholún ‘Cineál carachtair’: A = Alfa, N = Uimhriúil, B = Dénártha
1* is ceadmhach na carachtair seo a leanas a úsáid le haghaidh ainm na gníomhaireachta [‘0..9’, ‘A..Z’, ‘a..z’, ‘_’, ‘.’, ‘ ’, ‘-’]
9.6. Foscríbhinn 39-6: Sainmhínithe ar Thaifid de Chineál-2
Tábla A.6.1
Idirbheart CPS agus PMS
Aitheantóir |
Cúinse |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
Cineál carachtair |
Sonraí samplacha |
LEN |
M |
2.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
N |
2.001:909{}{GS}} |
IDC |
M |
2.002 |
Carachtar Ainmniúcháin Íomhá |
N |
2.002:00{}{GS}} |
SYS |
M |
2.003 |
Faisnéis Chórais |
N |
2.003:0422{}{GS}} |
CRN |
M |
2.010 |
Uimhir Thagartha Choiriúil |
AN |
2.010:DE/E999999999{}{GS}} |
INF |
O |
2.063 |
Faisnéis Bhreise |
1* |
2.063:Faisnéis Bhreise 123{}{GS}} |
ENC |
M |
2.320 |
Líon Measta Iarrthóirí |
N |
2.320:1{}{GS}} |
Tábla A.6.2
Idirbheart-SRE
Aitheantóir |
Cúinse |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
Cineál carachtair |
Sonraí samplacha |
LEN |
M |
2.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
N |
2.001:909{}{GS}} |
IDC |
M |
2.002 |
Carachtar Ainmniúcháin Íomhá |
N |
2.002:00{}{GS}} |
SYS |
M |
2.003 |
System Information |
N |
2.003:0422{}{GS}} |
CRN |
C |
2.010 |
Uimhir Thagartha Choiriúil |
AN |
2.010:NL/2222222222{}{GS}} |
MN1 |
C |
2.012 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
AN |
2.012:E999999999{}{GS}} |
MN2 |
C |
2.013 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
AN |
2.013:E999999999{}{GS}} |
MN3 |
C |
2.014 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
N |
2.014:0001{}{GS}} |
MN4 |
C |
2.015 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
A |
2.015:A{}{GS}} |
INF |
O |
2.063 |
Additional Information |
1* |
2.063:Additional Information 123{}{GS}} |
RLS |
M |
2.064 |
Respondents List |
AN |
2.064:CPS{}{RS}}I{}{RS}}001/001{}{RS}}999999{}{GS}} |
Tábla A.6.3
Idirbheart ERR
Identifier |
Condition |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
Cineál carachtair |
Sonraí samplacha |
LEN |
M |
2.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
N |
2.001:909{}{GS}} |
IDC |
M |
2.002 |
Carachtar Ainmniúcháin Íomhá |
N |
2.002:00{}{GS}} |
SYS |
M |
2.003 |
System Information |
N |
2.003:0422{}{GS}} |
MN1 |
M |
2.012 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
AN |
2.012:E999999999{}{GS}} |
MN2 |
C |
2.013 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
AN |
2.013:E999999999{}{GS}} |
MN3 |
C |
2.014 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
N |
2.014:0001{}{GS}} |
MN4 |
C |
2.015 |
Uimhir Aitheantais Ilghnéitheach |
A |
2.015:A{}{GS}} |
INF |
O |
2.063 |
Additional Information |
1* |
2.063:Additional Information 123{}{GS}} |
ERM |
M |
2.074 |
Status/Error Message Field |
AN |
2.074: 201: IDC - 1 FIELD 1.009 WRONG CONTROL CHARACTER {}{LF}} 115: IDC 0 FIELD 2.003 FAISNÉIS CHÓRAIS NEAMHBHAILÍ {}{GS}} |
Tábla A.6.4
Idirbheart MPS agus MMS
Identifier |
Condition |
Uimhir réimse |
Ainm réimse |
Cineál carachtair |
Sonraí samplacha |
LEN |
M |
2.001 |
Fad Taifid Loighciúil |
N |
2.001:909{}{GS}} |
IDC |
M |
2.002 |
Carachtar Ainmniúcháin Íomhá |
N |
2.002:00{}{GS}} |
SYS |
M |
2.003 |
System Information |
N |
2.003:0422{}{GS}} |
CNO |
M |
2.007 |
Cás-uimhir |
AN |
2.007:E999999999{}{GS}} |
SQN |
C |
2.008 |
Uimhir Sheichimh |
N |
2.008:0001{}{GS}} |
MID |
C |
2.009 |
Latent Identifier |
A |
2.009:A{}{GS}} |
INF |
O |
2.063 |
Additional Information |
1* |
2.063:Additional Information 123{}{GS}} |
ENC |
M |
2.320 |
Líon Measta Iarrthóirí |
N |
2.320:1{}{GS}} |
Sa cholún ‘Coinníoll’: O = Roghnach, M = Éigeantach, C = Coinníollach
Sa cholún ‘Cineál carachtair’: A = Alfa, N = Uimhriúil, B = Dénártha
1* is ceadmhach na carachtair seo a leanas a úsáid [‘0..9’, ‘A..Z’, ‘a..z’, ‘_’, ‘.’, ‘ ’, ‘-’,‘,’]
9.7. Foscríbhinn 39-7: Cóid Comhbhrú Liathscála
Cóid Chomhbhrú
Compression |
Luach |
Tráchtanna |
Wavelet Scalar Quantisation Greyscale Fingerprint Image Compression Specification IAFIS-IC-0010(V3), dar dáta 19 Nollaig 1997 |
WSQ |
Algorithm to be used for the compression of greyscale images in Type-4, Type-7 and Type-13 to Type-15 records. Shall not be used for resolutions > 500dpi. |
JPEG 2000 [ISO 15444/ITU T.800] |
J2K |
To be used for lossy and losslessly compression of greyscale images in Type-13 to Type-15 records. Strongly recommended for resolutions > 500 dpi |
9.8. Foscríbhinn 39-8: Sonraíocht phoist
Chun gur fearr a bheidh an sreabhadh oibre inmheánach ní mór cód tíre (CC) an Stáit a sheol an teachtaireacht agus an Cineál Idirbhirt (Réimse TOT 1.004) a bhreacadh in ábhar an phoist.
Formáid: CC/cineál idirbhirt
Mar shampla: ‘DE/CPS’
Is féidir corp an phoist a bheith folamh.
CAIBIDIL 3
MALARTÚ SONRAÍ CLÁRÚCHÁIN FEITHICLÍ
1. Tacar coiteann sonraí chun sonraí clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibrithe
1.1. Sainmhínithe
Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas maidir leis na heilimintí sonraí éigeantacha agus roghnacha a leagtar amach in Airteagal 14(4) de Chaibidil 0:
|
Éigeantach (M): Ní mór an eilimint sonraí a chur in iúl nuair atá an fhaisnéis ar fáil i gclárlann náisiúnta an Stáit. Dá bhrí sin, tá oibleagáid ann faisnéis a mhalartú nuair atá an fhaisnéis sin ar fáil. |
|
Roghnach (O): Is féidir an eilimint sonraí a chur in iúl nuair atá an fhaisnéis ar fáil i gclárlann náisiúnta an Stáit. Mar sin de, níl aon oibleagáid ann faisnéis a mhalartú fiú más rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil. Gabhann an nod (Y) le gach eilimint sa tacar sonraí nuair a aithnítear go sonrach go bhfuil tábhacht ag baint leis an eilimint sin i dtaca le hAirteagal 537 den Chomhaontú seo. |
1.2. Cuardach feithicle/úinéara/sealbhóra
1.2.1. Truicir don chuardach
Is féidir an fhaisnéis a chuardach ar dhá bhealach mar a leagtar amach sa chéad mhír eile:
— |
de réir Uimhir Fonnaidh (UAF), Dáta Tagartha agus Am (roghnach), |
— |
de réir Uimhir Pláta Ceadúnais, Uimhir fonnaidh (UAF) (roghnach), Dáta Tagartha agus Am (roghnach). |
Leis na critéir chuardaigh sin cuirfear ar ais faisnéis a bhaineann le feithicil amháin agus uaireanta níos mó ná feithicil amháin. Más gá faisnéis nach mbaineann ach le feithicil amháin a chur ar ais, cuirfear na hítimí go léir ar ais i bhfreagra amháin. Má aimsítear níos mó ná feithicil amháin, is féidir leis an Stát is faighteoir iarrtha a chinneadh cé acu de na hítimí a chuirfear ar ais; na hítimí go léir nó na hítimí sin amháin lena ndéantar an cuardach a bheachtú (e.g. ar chúiseanna a bhaineann le príobháideachas nó le feidhmíocht).
Tá na hítimí is gá chun cuardach a bheachtú le feiceáil i mír 1.2.2.1. Déantar cur síos ar an tacar faisnéise ina iomláine i mír 1.2.2.2.
Nuair a dhéantar cuardach de réir Uimhir Fonnaidh, Dáta Tagartha agus Am, is féidir an cuardach a dhéanamh i gceann amháin nó níos mó de na Stáit rannpháirteacha.
Nuair a dhéantar cuardach de réir Uimhir Pláta Ceadúnais, Dáta Tagartha agus Am, ní mór an cuardach a dhéanamh i Stát sonrach amháin.
De ghnáth, úsáidtear an Dáta agus Am iarbhír chun cuardach a dhéanamh, ach is féidir cuardach a dhéanamh freisin le Dáta agus Am Tagartha a bhaineann leis an aimsir chaite. Nuair a dhéantar cuardach le Dáta agus Am Tagartha san am atá thart agus nach bhfuil fáil ar fhaisnéis stairiúil i gclárlann an Stáit shonraigh toisc nár cláraíodh aon fhaisnéis den sórt sin, is féidir an fhaisnéis iarbhír a sheoladh ar ais le nod lena léiriú gur faisnéis iarbhír atá san fhaisnéis sin.
1.2.2. Tacar sonraí
1.2.2.1. |
Ítimí lena gcur ar ais atá riachtanach do bheachtú an chuardaigh
|
1.2.2.2. |
Tacar iomlán sonraí
|
2. Slándáil Sonraí
2.1. Forléargas
I bhfeidhmchlár bogearra Eucaris láimhseáiltear cumarsáid slán leis na Stáit eile agus déantar cumarsáid le cúlchórais oidhreachta na Stát sin trí úsáid a bhaint as XML. Déanann Stáit teachtaireachtaí a mhalartú trí na teachtaireachtaí sin a sheoladh go díreach chuig an bhfaighteoir. Tá ionad sonraí an Stáit nasctha leis an ngréasán TESTA.
Déantar na teachtaireachtaí XML a chuirtear tríd an líonra a chriptiú. Is é SSL an teicníc a úsáidtear chun teachtaireachtaí a chriptiú. Is teachtaireachtaí gnáth-théacs XML na teachtaireachtaí sin a sheoltar chuig an bpróiseálaí cúil toisc gur i dtimpeallacht chosanta a tharlóidh an dul i gceangal idir an feidhmchlár agus an próiseálaí cúil.
Cuirtear feidhmchlár cliaint ar fáil ar féidir é a úsáid laistigh de Stát chun iarratas a dhéanamh ar thaifead an Stáit sin nó ar thaifid Stát eile. Déanfar na cliaint a shainaithint trí aitheantóir úsáideora/pasfhocal nó trí dheimhniú cliaint. Is féidir an dul i gceangal le húsáideoir a chriptiú ach is ar gach Stát aonair faoi leith atá an fhreagracht ina leith sin.
2.2. Gnéithe slándála a bhaineann le malartú teachtaireachtaí
Tá an dearadh slándála bunaithe ar mheascán de HTTPS agus síniú XML. Leis an rogha mhalartach seo úsáidtear síniú XML chun gach teachtaireacht a shíniú chun go mbeidh an freastalaí in ann seoltóir na teachtaireachta a fhíordheimhniú tríd an síniú a sheiceáil. Úsáidtear SSL aontaobhach (gan ann ach deimhniú freastalaí) chun rúndacht agus sláine na teachtaireachta a chosaint agus í á seoladh agus tugtar cosaint leis freisin ar ionsaithe scriosta/aithrise agus ar ionsaithe ionsá. In ionad bogearra saincheaptha a fhorbairt chun SSL déthaobhach a chur i bhfeidhm, cuirtear síniú XML i bhfeidhm. Tá úsáid síniú XLM ag teacht níos fearr leis an treochlár maidir le seirbhísí gréasáin ná mar atá SSL déthaobhach agus é níos straitéisí dá bhrí sin.
Is féidir síniú XLM a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla ach is é an rogha a rinneadh ná Síniú XLM a úsáid mar chuid de Shlándáil Seirbhísí Gréasáin (Web Services Security) (WSS). Sonraítear le WSS conas síniú XLM a úsáid. Ós rud é go bhfuil WSS bunaithe ar an gcaighdeán SOAP, luíonn sé le réasún cloí le caighdeán SOAP a mhéid is féidir.
2.3. Gnéithe slándála nach mbaineann le malartú teachtaireachtaí
2.3.1. Úsáideoirí a fhíordheimhniú
Déanann úsáideoirí fheidhmchlár gréasáin Eucaris iad féin a fhíordheimhniú le hainm úsáideora agus pasfhocal. Ós rud é go n-úsáidtear fíordheimhniú Windows, is féidir le Stáit cur le leibhéal an fíordheimhniúcháin úsáideoirí, más gá, trí dheimhnithe cliaint a úsáid.
2.3.2. Róil úsáideoirí
Tacaíonn feidhmchlár bogearraí Eucaris le róil éagsúla úsáideoirí. Tá a údarú féin ag gach grúpa seirbhísí. Mar shampla, na húsáideoirí sin a úsáideann ‘Feidhmiúlacht Chonradh Eucaris’ (go heisiach), ní ceadmhach dóibh ‘Feidhmiúlacht Prüm’ a úsáid. Déantar seirbhísí riaracháin a dheighilt ó ghnáthróil an úsáideora deiridh.
2.3.3. Malartú teachtaireachtaí a logáil agus a rianú
Is féidir gach cineál teachtaireachta a logáil le feidhmchlár bogearraí Eucaris. Leis an bhfeidhm riarthóra is féidir leis an riarthóir náisiúnta a chinneadh cé acu teachtaireachtaí a dhéanfar a logáil: iarrataí ó úsáideoirí deiridh, iarrataí a thagann isteach ó Stáit eile, faisnéis a chuirtear ar fáil ó na clárlanna náisiúnta, etc.
Is féidir an feidhmchlár a chumrú chun gur féidir bunachar inmheánach sonraí nó bunachar seachtrach sonraí (Oracle) a úsáid le haghaidh na logála sin. Is léir go mbraitheann an cinneadh maidir le cé acu teachtaireachtaí ar gá iad a logáil ar na saoráidí logála atá ann in áiteanna eile sna córais oidhreachta agus i bhfeidhmchláir na gcliant atá nasctha leo.
I gceanntásc gach teachtaireachta tá faisnéis maidir leis an Stát iarrthach, maidir leis an eagraíocht iarrthach laistigh den Stát sin agus maidir leis an úsáideoir lena mbaineann. Luaitear freisin fáth na hiarrata.
Is féidir gach malartú teachtaireachta a rianú go hiomlán leis an logáil a dhéantar sa Stát iarrthach agus sa Stát is freagróir (mar shampla, arna iarraidh sin do shaoránach lena mbaineann).
Déantar logáil a chumrú le cliant gréasáin Eucaris (riarachán roghchláir, cumrú logála). Is leis an gCroíchóras a chuirtear an fheidhmíocht logála i bhfeidhm. Nuair a bhíonn logáil cumasaithe, déantar an teachtaireacht ina hiomláine (an ceanntásc agus an corp san áireamh) a stóráil in aon taifead logála amháin. Is féidir an leibhéal logála a shocrú de réir na seirbhíse arna sainiú agus de réir chineál na teachtaireachta a ghabhann tríd an gCroíchóras.
Leibhéil logála
Is féidir na leibhéil logála seo a leanas a úsáid:
|
Príobháideach — rinneadh an teachtaireacht a logáil: Níl an logáil ar fáil don tseirbhís logála sliocht ach tá sé ar fáil ar an leibhéal náisiúnta amháin, le haghaidh iniúchtaí agus réiteach fadhbanna. |
|
Gan logáil — ní logáiltear an teachtaireacht ar chor ar bith. |
Cineálacha Teachtaireachta
Bíonn teachtaireachtaí iolracha i gceist le malartú teachtaireachtaí idir Stáit: féach an léiriú scéimreach i bhFíor 5 thíos.
Is iad seo a leanas na cineálacha teachtaireachta (i bhFíor 5 léirítear Croíchóras Eucaris Stát X) a d’fhéadfadh a bheith ann:
1. |
Request to Core System_Request message by Client; |
2. |
Request to Other State_Request message by Core System of this State; |
3. |
Request to Core System of this State_Request message by Core System of other State; |
4. |
Request to Legacy Register_Request message by Core System; |
5. |
Request to Core System_Request message by Legacy Register; |
6. |
Response from Core System_Request message by Client; |
7. |
Response from Other State_Request message by Core System of this State; |
8. |
Response from Core System of this State_Request message by other State; |
9. |
Response from Legacy Register_Request message by Core System; |
10. |
Response from Core System_Request message by Legacy Register. |
Léirítear na malartuithe faisnéise seo a leanas i bhFíor 5:
— |
Iarraidh faisnéise ó Stát X go Stát Y — saigheada gorma. Is ionann an iarraidh agus an freagra agus na teachtaireachtaí de chineálacha 1, 2, 7 agus 6 faoi seach, |
— |
Iarraidh faisnéise ó Stát Z go Stát X — saigheada dearga. Is ionann an iarraidh agus an freagra agus na teachtaireachtaí de chineálacha 3, 4, 9 agus 8 faoi seach, |
— |
Iarraidh faisnéise ón gclárlann oidhreachta go dtí a chroíchóras (san áireamh sa chonair sin tá iarraidh ó chliant custaim taobh thiar den chlárlann oidhreachta) — saigheada glasa. Is ionann an iarraidh agus an freagra agus na teachtaireachtaí de chineálacha 5 agus 10. |
2.3.4. Modúl Slándála Crua-earraí
Ní bhaintear úsáid as Modúl Slándála Crua-earraí.
Is cosaint mhaith é Modúl Slándála Crua-earraí (HSM) don eochair lena sínítear teachtaireachtaí agus lena sainaithnítear freastalaithe. Cuireann an méid sin leis an leibhéal foriomlán slándála ach tá sé costasach na crua-earraí sin a cheannach agus a chothabháil agus níl sé riachtanach FIPS 140-2 ar leibhéal 2 ná HSM ar leibhéal 3 a roghnú. Beartaíodh gan HSM a úsáid i dtús báire ós rud é go ndéantar maolú éifeachtach ar bhagairtí toisc líonra iata a bheith in úsáid. Más gá HSM a úsáid e.g. chun creidiúnú a fháil, is féidir é a chur leis an ailtireacht.
3. Coinníollacha teicniúla an mhalartaithe sonraí
3.1. Tuairisc ghinearálta ar fheidhmchlár Eucaris
3.1.1. Forléargas
Le feidhmchlár Eucaris cuirtear na Stáit go léir atá rannpháirteach i gceangal lena chéile i líonra mogalra ina bhfuil gach Stát i gcumarsáid dhíreach le Stát eile. Níl gá le haon chomhpháirt lárnach chun an chumarsáid a bhunú. I bhfeidhmchlár Eucaris láimhseáiltear cumarsáid slán leis na Stáit eile agus déantar cumarsáid le cúlchórais oidhreachta na Stát sin trí úsáid a bhaint as XML. Tá léiriú ar an ailtireacht sin san íomhá seo a leanas.
Déanann Stáit teachtaireachtaí a mhalartú trí na teachtaireachtaí sin a sheoladh go díreach chuig an bhfaighteoir. Tá ionad sonraí an Stáit nasctha leis an ngréasán a úsáidtear le haghaidh malartú teachtaireachtaí (TESTA). Chun rochtain a fháil ar líonra TESTA, téann Stáit i gceangal le TESTA trína ngeata náisiúnta. Úsáidfear balla dóiteáin chun dul i gceangal leis an líonra agus cuireann ródaire feidhmchlár Eucaris i gceangal leis an mballa dóiteáin. Ag brath ar cibé rogha a dhéantar chun na teachtaireachtaí a chosaint, úsáidtear deimhniú ag an ródaire nó ag feidhmchlár Eucaris.
Cuirtear feidhmchlár cliaint ar fáil ar féidir é a úsáid laistigh de Stát chun iarratas a dhéanamh ar chlárlann an Stáit sin nó ar chlárlanna Stát eile. Déanann feidhmchlár an chliaint ceangal le Eucaris. Déanfar na cliaint a shainaithint trí aitheantóir úsáideora/pasfhocal nó trí dheimhniú cliaint. Is féidir an ceangal le freastalaí in eagraíocht sheachtrach (mar shampla, na póilíní) a chriptiú ach is ar gach Stát aonair faoi leith atá an fhreagracht ina leith sin.
3.1.2. Raon feidhme an chórais
Tá raon feidhme chóras Eucaris teoranta do na próisis sin a bhaineann le malartú faisnéise idir na hÚdaráis Chlárúcháin sna Stáit agus do chur i láthair bunúsach na faisnéise sin. Ní thagann nósanna imeachta agus próisis uathoibrithe lena úsáidtear an fhaisnéis faoi chuimsiú an chórais.
Tá sé de rogha ag Stáit feidhmíocht cliaint Eucaris a úsáid nó a bhfeidhmchlár saincheaptha féin a bhunú. Sa tábla thíos, déantar cur síos ar na gnéithe sin de chóras Eucaris a bhfuil a n-úsáid éigeantach nó ordaithe agus na gnéithe sin a bhfuil a n-úsáid roghnach nó a bhfuil sé de chead ag Stáit cinneadh a dhéanamh maidir lena n-úsáid.
Gnéithe de Eucaris |
M/O (9) |
Nóta |
||||||||||||||||
Coincheap an líonra |
M |
Cumarsáid ‘aon go haon’ atá sa choincheap |
||||||||||||||||
An líonra fisiciúil |
M |
TESTA |
||||||||||||||||
Croí-fheidhmchlár |
M |
Caitear croí-fheidhmchlár Eucaris a úsáid chun nascadh leis na Stáit eile. . Tá an fheidhmiúlacht a leanas ar fáil ag an gcroí::
|
||||||||||||||||
Feidhmchlár cliaint |
O |
Chomh maith leis an bhfeidhmchlár lárnach, is féidir le Stát an feidhmchlár cliaint Eucaris II a úsáid. I gcás inarb infheidhme, modhnaítear an croífhidhmchlár agus an feidhmchlár cliaint faoi choimirce eagraíocht |
||||||||||||||||
Coincheap na slándála |
M |
Tá an coincheap bunaithe ar shíniú XML trí bhíthin deimhnithe cliaint agus criptiú SSL trí bhíthin deimhnithe seirbhíse. |
||||||||||||||||
Sonraíochtaí na teachtaireachta |
M |
Caithfidh gach Stát na sonraíochtaí teachtaireachta arna leagan amach ag eagraíocht Euraris agus sa Chaibidil seo a chomhlíonadh. Ní féidir na sonraíochtaí a athrú ach amháin ag eagraíocht Eucaris i gcomhairle leis na Stáit. |
||||||||||||||||
Oibriú agus tacaíocht |
M |
Is faoi choimirce eagraíocht Eucaris a ghlacfar le haon Stáit nua nó le haon fheidhmiúlacht nua. Déantar monatóireacht agus feidhmeanna deisce cabhrach a bhainistiú go lárnach ag Stát ceaptha. |
3.2. Riachtanais Fheidhmiúla agus Neamhfheidhmiúla
3.2.1. Feidhmiúlacht chineálach
Sa mhír seo déantar tugtar tuairisc ghinearálta ar na príomhfheidhmiúlachtaí cineálacha.
Uimhir |
Tuairisc |
1. |
Leis an gcóras is féidir le hÚdaráis Chlárúcháin na Stát teachtaireachtaí iarrata agus freagartha a mhalartú go hidirghníomhach. |
2. |
Tá feidhmchlár cliaint sa chóras a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh a n-iarrataí a sheoladh agus a chuireann faisnéis maidir leis an bhfreagairt ar fáil lena lámhphróiseáil |
3. |
Leis an gcóras is féidir ‘craoladh’, rud a chuireann ar chumas Stát amháin teachtaireacht a sheoladh chuig Stát eile. Déantar na freagraí a thagann isteach a thabhairt le chéile leis an gcroí-fheidhmchlár i dteachtaireacht freagartha amháin a chuirtear chuig an bhfeidhmchlár cliaint (‘Iarratas lltíreach’ a thugtar ar an bhfeidhmíocht sin). |
4. |
Tá an córas in ann cineálacha éagsúla teachtaireachtaí a láimhseáil. Déantar róil úsáideoirí, údarú, ródúchán, síniú agus logáil a shainiú de réir na seirbhíse faoi leith. |
5. |
Leis an gcóras is féidir leis na Stáit baisceanna teachtaireachtaí nó teachtaireachtaí ina bhfuil líon mór iarrataí nó freagraí a mhalartú. Déileáiltear leis na teachtaireachtaí sin ar bhealach aisioncronach. |
6. |
Leis an gcóras déantar teachtaireachtaí aisioncronacha a choinneáil i gciú más rud é go bhfuil an Stát fála gan fáil go sealadach agus déantar cinnte leis go seachadtar na teachtaireachtaí sin a luaithe a bhíonn an faighteoir ag rith arís. |
7. |
Leis an gcóras déantar teachtaireachtaí aisioncronacha a stóráil go dtí gur féidir iad a phróiseáil. |
8. |
Ní thugtar rochtain leis an gcóras ach ar fheidhmchláir Eucaris de chuid Stát eile agus ní thugtar rochtain d’eagraíochtaí aonair sna Stáit sin, i.e. feidhmíonn gach Údarás Clárúcháin mar an t-aon ríomhgheata amháin idir a úsáideoirí deiridh náisiúnta agus na hÚdaráis a fhreagraíonn dóibh sna Stáit eile. |
9. |
Is féidir úsáideoirí ó Stáit éagsúla a shainiú ar an aon fhreastalaí de chuid Eucaris agus iad a údarú i gcomhréir le cearta an Stáit sin. |
10. |
Áirítear sna teachtaireachtaí sin faisnéis maidir leis an Stát iarrthach, maidir leis an eagraíocht iarrthach agus maidir leis an úsáideoir deiridh. |
11. |
Leis an gcóras is féidir malartú teachtaireachtaí idir na Stáit éagsúla agus idir an croí-fheidhmchláir agus na córais chlárúcháin náisiúnta a logáil. |
12. |
Leis an gcóras ceadaítear do rúnaí faoi leith, ar eagraíocht nó Stát é ar cuireadh an sainchúram seo air, faisnéis arna logáil maidir le teachtaireachtaí a sheol nó a fuair na Stáit rannpháirteacha go léir a bhailiú, d’fhonn tuarascálacha staidrimh a chur le chéile. |
13. |
Tugann gach Stát le fios cén fhaisnéis arna logáil atá le cur ar fáil don rúnaí agus cén fhaisnéis atá ‘príobháideach’. |
14. |
Leis an gcóras cuirtear ar chumas na Riarthóirí Náisiúnta staidreamh maidir le húsáid a aisbhaint. |
15. |
Is féidir Stáit nua a chur leis an gcóras ach cúraimí simplí riaracháin a chur i gcrích. |
3.2.2. Inúsáidteacht
Uimhir |
Tuairisc |
16. |
Cuirtear comhéadan ar fáil leis an gcóras chun próiseáil uathoibrithe a dhéanamh ar theachtaireachtaí trí chúlchórais agus trí chórais oidhreachta agus is féidir an comhéadan úsáideora a chomhtháthú leis sna córais sin (comhéadan saincheaptha). |
17. |
Is furasta an córas féinmhínitheach seo, lena ngabhann nodanna i bhfoirm téacs, a fhoghlaim. |
18. |
Gabhann doiciméid leis an gcóras chun cuidiú le Stáit maidir lena chomhtháthú, a ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus a chothabháil amach anseo (mar shampla treoirleabhair, doiciméadúchán feidhmiúil/teicniúil, treoir oibríochtúil, ...). |
19. |
Comhéadain úsáideora ilteangach atá sa chomhéadan úsáideora lena dtugtar an deis don úsáideoir deiridh an teanga is fearr leis/léi a roghnú. |
20. |
Sa chomhéadan úsáideora sin tá saoráidí lena gcuirtear ar chumas Riarthóra Áitiúil míreanna scáileáin agus faisnéis chódaithe araon a aistriú go dtí an teanga náisiúnta. |
3.2.3. Iontaofacht
Uimhir |
Tuairisc |
21. |
Tá an córas ceaptha mar thréanchóras iontaofa oibríochtúil a ghlacann le hearráidí oibreoirí agus a thagann slán go héifeachtach i ndiaidh gearradh cumhachta nó tubaistí eile. Féadfar an córas a atosú gan aon sonraí a chailleadh nó gan ach líon an-bheag sonraí a chailleadh. |
22. |
Tiocfaidh torthaí iontaofa agus in-táirgthe ón gcóras. |
23. |
Tá an córas ceaptha chun feidhmiú go hiontaofa. Is féidir an córas a chur i bhfeidhm i gcumraíocht lena ráthaítear go bhfuil sé ar fáil 98 % den am (trí iomarcaíocht, trí úsáid a bhaint as freastalaithe cúltaca, etc) i ngach cumarsáid dhéthaobhach. |
24. |
Is féidir cuid den chóras a úsáid fiú nuair a chliseann ar roinnt dá chomhpháirteanna (má chliseann ar chóras Stát C, beidh Stát A agus Stát B fós in ann a bheith i gcumarsáid lena chéile). Ba cheart líon na bpointí aonair ina dtarlaíonn cliseadh sa slabhra faisnéise a choinneáil chomh híseal agus is féidir. |
25. |
Ba cheart gur aga níos lú ná lá amháin a bheidh san aga athshlánaithe tar éis mórchliseadh freastalaí. Ba cheart go bhféadfaí aga neamhfhónaimh a íoslaghdú trí chiantacaíocht a úsáid, e.g. le deasc freastail lárnach. |
3.2.4. Feidhmíocht
Uimhir |
Tuairisc |
26. |
Is féidir an córas a úsáid 24 uair sa lá, seacht lá na seachtaine. Éilítear an creat ama céanna (24x7) ansin ar chórais oidhreachta na Stát. |
27. |
Tugann an córas freagra go tapa ar iarrataí ó úsáideoirí gan beann ar aon tasc sa chúlra. Éilítear an méid sin freisin ó chórais oidhreachta na bPáirtithe chun go mbeidh an t-aga freagartha inghlactha. Tá aga iomlán freagartha 10 soicind inghlactha le haghaidh iarraidh amháin. |
28. |
Tá an córas ceaptha mar chóras ilúsáideoirí agus ar dhóigh gur féidir leanúint de thascanna sa chúlra agus an t-úsáideoir ag gabháil do thascanna sa tulra. |
29. |
Tá an córas ceaptha chun go mbeidh sé inscálaithe d’fhonn tacú leis an méadú a d’fhéadfadh a bheith ann ar líon na dteachtaireachtaí nuair a chuirtear feidhmíocht bhreise nó eagraíochtaí nua nó Stáit nua leis. |
3.2.5. Slándáil
Uimhir |
Tuairisc |
30. |
Oireann an córas (e.g. ina theachtaireachtaí slándála) do mhalartú teachtaireachtaí ina bhfuil sonraí pearsanta atá íogair ó thaobh na príobháideachta de (e.g. uinéir nó sealbhóir cairr), sonraí a rinneadh a aicmiú mar AE-shrianta. |
31. |
Déantar an córas a chothabháil sa chaoi is go gcoisctear rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí. |
32. |
Is ann do sheirbhís sa chóras lena ndéantar bainistiú ar chearta agus ar cheadanna na n-úsáideoirí deiridh náisiúnta. |
33. |
Is féidir leis na Stáit céannacht an tseoltóra a sheiceáil (ar leibhéal an Stáit) trí shíniú XML. |
34. |
Údaróidh Stáit Stáit eile go sainráite chun faisnéis áirithe a iarraidh. |
35. |
Leis an gcóras cuirtear beartas iomlán slándála agus criptiúcháin ar fáil ar leibhéal an fheidhmchláir; is beartas é seo a oireann don leibhéal slándála atá riachtanach i gcásanna den sórt sin. Déantar eisiachas agus sláine na faisnéise a áirithiú trí shíniú XML agus déantar criptiú a áirithiú trí thollánú SSL. |
36. |
Is féidir gach malartú teachtaireachtaí a rianú trí logáil. |
37. |
Cuirtear cosaint ar fáil in aghaidh scrios-ionsaithe (nuair a scriosann tríú páirtí teachtaireacht) agus in aghaidh ionsaithe aithrise nó ionsaithe ionsá (nuair a dhéanann tríú páirtí teachtaireacht a athsheinnt nó a ionsá). |
38. |
Úsáideann an córas deimhnithe ó Thríú Páirtí Iontaofa (TTP). |
39. |
Tá an córas in ann deimhnithe éagsúla in aghaidh an Stáit a láimhseáil, ag brath ar chineál na teachtaireachta nó na seirbhíse. |
40. |
Is leor na bearta slándála ar leibhéal an fheidhmchláir chun gur féidir líonraí neamhchreidiúnaithe a úsáid. |
41. |
Is féidir leis an gcóras teicnící slándála núíosacha amhail balla dóiteáin XML a úsáid. |
3.2.6. Inoiriúnaitheacht
Uimhir |
Tuairisc |
42. |
Is féidir an córas a fhairsingiú le teachtaireachtaí nua agus le feidhmíocht nua. Is fíorbheag na costais a bhaineann le hoiriúnuithe ar an gcóras. A bhuíochas sin le forbairt lárnach chomhpháirteanna an fheidhmchláir. |
43. |
Is féidir le Stáit cineálacha nua teachtaireachtaí a shainiú le haghaidh úsáid dhéthaobhach. Níl de cheanglas ar gach Stát tacú le gach cineál teachtaireachta. |
3.2.7. Tacaíocht agus Cothabháil
Uimhir |
Tuairisc |
44. |
Cuirtear saoráidí faireacháin ar fáil leis an gcóras le haghaidh deasc freastail lárnach agus/nó oibritheoirí i dtaca leis an líonra agus na freastalaithe sna Stáit éagsúla. |
45. |
Cuirtear saoráidí ar fáil leis an gcóras le haghaidh ciantacaíocht trí dheasc freastail lárnach. |
46. |
Cuirtear saoráidí ar fáil leis an gcóras chun anailís a dhéanamh ar deacrachtaí. |
47. |
Is féidir an córas a leathnú go Stáit nua. |
48. |
Is féidir le comhaltaí foirne ar beag a gcuid cáilíochtaí agus a dtaithí TF an feidhmchlár a shuiteáil gan stró. Próiseas uathoibrithe a bheidh sa phróiseas suiteála a mhéid is féidir. |
49. |
Cuirtear ar fáil leis an gcóras timpeallacht bhuan inar féidir a bheith ag tástáil agus ag glacadh. |
50. |
Rinneadh na costais tacaíochta bhliantúla agus na costais chothabhála bhliantúla a íoslaghdú trí chloí le caighdeáin an mhargaidh agus an feidhmchlár a chruthú sa chaoi is go mbeadh a laghad tacaíochta agus is féidir ag teastáil ó dheasc freastail lárnach. |
3.2.8. Ceanglais maidir le dearadh
Uimhir |
Tuairisc |
51. |
Tá an córas deartha chun go mbeidh saolré oibríochtúil fhada aige agus é sin leagtha amach i ndoiciméadú an chórais. |
52. |
Tá an córas ceaptha chun go mbeidh sé neamhspleách ar soláthróir seirbhíse. |
53. |
Tá an córas i gcomhréir leis na crua-earraí agus na bogearraí atá ann cheana sna Stáit trí idirghníomhú leis na córais chlárúcháin sin ag baint feidhm as teicneolaíocht seirbhísí gréasáin ar chaighdeán oscailte (XML, XSD, SOAP, WSDL, HTTP(s), Web services, WSS, X.509, etc.). |
3.2.9. Na caighdeáin is infheidhme
Uimhir |
Tuairisc |
54. |
Tá an córas i gcomhréir le forálacha maidir le cosaint sonraí mar a luaitear iad i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (Airteagail 21, 22 agus 23) agus i dTreoir 95/46/CE. |
55. |
Tá an córas i gcomhréir le caighdeáin IDA. |
56. |
Tacaíonn an córas le UTF8. |
CAIBIDIL 4
NÓS IMEACHTA MEASTÓIREACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 540
Airteagal 1
Ceistneoir
1. Déanfaidh an Mheitheal iomchuí de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (‘Meitheal na Comhairle’) ceistneoir a tharraingt suas maidir le gach malartú uathoibrithe sonraí a leagtar amach in Airteagail 527 go 539 den Chomhaontú seo.
2. A luaithe a mheasfaidh an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonann sí na réamhriachtanais maidir le sonraí a roinnt sa chatagóir ábhartha sonraí, freagróidh sí an ceistneoir.
Airteagal 2
Triail phíolótach
1. Más gá, agus d’fhonn torthaí an cheistneora a mheas, déanfaidh an Ríocht Aontaithe triail in éineacht le Ballstát amháin eile nó níos mó atá ag roinnt sonraí cheana féin faoi Chinneadh 2008/615/CGB. Tarlóidh an triail díreach roimh an gcuairt mheastóireachta nó go luath ina diaidh.
2. Déanfaidh Meitheal ábhartha na Comhairle na coinníollacha agus na socruithe don triail phíolótach seo a shonrú agus beidh siad bunaithe ar shocrú indibhidiúil roimh ré leis an Ríocht Aontaithe. Déanfaidh na Stáit a ghlacfaidh páirt sa triail phíolótach cinneadh maidir leis na sonraí praiticiúla.
Airteagal 3
Cuairt mheastóireachta
1. Tarlóidh cuairt mheastóireachta d’fhonn torthaí an cheistneora a mheas.
2. Déanfaidh Meitheal ábhartha na Comhairle na coinníollacha agus na socruithe don chuairt sin a shonrú agus beidh siad bunaithe ar shocrú indibhidiúil roimh ré idir an Ríocht Aontaithe agus an fhoireann meastóireachta. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe an fhoireann meastóireachta a chumasú chun malartú uathoibrithe sonraí sa chatagóir sonraí nó sna catagóirí sonraí a bheidh le meas a sheiceáil, go háirithe trí chlár a eagrú don chuairt, ar clár é ina dtabharfar aird ar iarrataí na foirne meastóireachta.
3. Laistigh de mhí amháin tar éis na cuairte, ullmhóidh an fhoireann meastóireachta tuarascáil maidir leis an gcuairt mheastóireachta agus seolfar í chuig an Ríocht Aontaithe chun barúlacha a fháil uaithi. Más iomchuí, is féidir leis an bhfoireann meastóireachta an tuarascáil a athbhreithniú ar bhonn bharúlacha na Ríochta Aontaithe.
4. Maidir leis an bhfoireann meastóireachta, ní bheidh níos mó ná triúr saineolaithe inti, ar saineolaithe iad arna n-ainmniú ag na Ballstáit atá rannpháirteach sa mhalartú uathoibrithe sonraí sna catagóirí sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, agus a bhfuil taithí acu maidir leis an gcatagóir sonraí lena mbaineann, agus a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála náisiúnta acu chun na cúrsaí seo a láimhseáil agus atá toilteanach páirt a ghlacadh i gcuairt mheastóireachta amháin ar a laghad i Stát eile. Beidh ionadaí ón gCoimisiún ar dhuine den fhoireann meastóireachta freisin.
5. Urramóidh comhaltaí na foirne meastóireachta cineál rúnda na faisnéise a gheobhaidh siad agus a gcúram á dhéanamh acu.
Airteagal 4
Meastóireachtaí arna ndéanamh faoi Chinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle
Agus an nós imeachta meastóireachta, dá dtagraítear in Airteagal 540 den Chomhaontú seo agus sa Chaibidil seo, á chur i gcrích aici, tabharfaidh an Chomhairle, tríd an Meitheal ábhartha, aird ar thorthaí na nósanna imeachta meastóireachta a rinneadh i gcomhthéacs ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/968 (10) agus (AE) 2020/1188 (11). Déanfaidh Meitheal ábhartha na Comhairle cinneadh maidir leis an ngá atá leis an triail phíolótach dá dtagraítear in Airteagal 540(1), in Airteagal 23(2) de Chaibidil 0 den Iarscríbhinn seo, agus in Airteagal 2 den Chaibidil seo a chur i gcrích.
Airteagal 5
Tuarascáil don Chomhairle
Cuirfear tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina mbeidh achoimre ar thorthaí na gceistneoirí, na cuairte meastóireachta agus, i gcás inarb infheidhme, na trialach píolótaí, faoi bhráid na Comhairle chun go ndéanfaidh sí cinneadh de bhun Airteagal 540 den Chomhaontú seo.
(1) Ciallaíonn ‘ainmnithe iomlán’ go bhfuil láimhseáil ailléil-luachanna neamhchoitianta san áireamh.
(2) Is é seo an suíomh mar a shainmhínítear i gcaighdeán ASCII é.
(3) M = éigeantach má tá sé ar fáil sa chlárlann náisiúnta, O = roghnach.
(4) Gabhann an nod Y leis na tréithe atá leithdháilte go sonrach ag na Stáit.
(5) Giorrúchán doiciméid chomhchuibhithe, féach Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999.
(6) M = éigeantach má tá sé ar fáil sa chlárlann náisiúnta, O = roghnach.
(7) Giorrúchán doiciméid chomhchuibhithe, féach Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999.
(8) I Lucsamburg, úsáidtear dhá aitheantóir doiciméid clárúcháin feithicle ar leithligh.
(9) M = éigeantach é a úsáid nó a chomhlíonadh O = roghnach é a úsáid nó a chomhlíonadh.
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/968 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 maidir le seoladh malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ríocht Aontaithe (IO L 156, 13.6.2019, lch. 8).
(11) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1188 ón gComhairle an 6 Lúnasa 2020 maidir le seoladh malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe (IO AE L 265, 12.8.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN 40
SONRAÍ TAIFID AINMNEACHA PAISINÉIRÍ
Gnéithe sonraí ó thaifid ainmneacha paisinéirí (mar a bhailítear iad ag aeriompróirí):
1. |
aimsitheoir taifid PNR; |
2. |
Dáta na háirithinte/dáta eisiúna an ticéid; |
3. |
Dáta nó dátaí an taistil atá beartaithe; |
4. |
Ainm nó ainmneacha; |
5. |
Seoladh, uimhir ghutháin agus faisnéis leictreonach teagmhála an phaisinéara, na ndaoine a chuir an t-eitilt in áirithe don phaisinéir, na ndaoine trínar féidir teagmháil a dhéanamh leis an bpaisinéir aeir, agus na ndaoine atá le cur ar an eolas i gcás éigeandála; |
6. |
An fhaisnéis uile atá ar fáil maidir le híocaíocht agus maidir le billeáil (san áireamh anseo tá faisnéis nach mbaineann ach leis na modhanna chun an ticéad eitleáin a íoc agus a bhilleáil, d’eisiamh aon fhaisnéis eile nach mbaineann go díreach leis an eitilt); |
7. |
Cúrsa iomlán taistil le haghaidh taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) sonrach; |
8. |
Faisnéis maidir le daoine a eitlíonn go minic (sainitheoir na haerlíne nó an díoltóra a riarann an clár, ‘uimhir an duine a eitlíonn go minic’, leibhéal a bhallraíochta, cur síos ar an tsraith lena mbaineann agus an cód comhghuaillíochta); |
9. |
Gníomhaireacht taistil/gníomhaire taistil; |
10. |
Stádas taistil paisinéirí lena n-áirítear deimhnithe, stádas ó thaobh seiceáil isteach de, faisnéis maidir le paisinéirí nach dtagann i láthair nó a dteastaíonn eitilt níos luaithe uathu; |
11. |
Taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) scoilte nó roinnte; |
12. |
Faisnéis Fhorlíontach Eile (OSI), Faisnéis maidir le Seirbhís Speisialta (SSI) agus faisnéis i dtaobh Iarraidh maidir le Seirbhís Speisialta (SSR); |
13. |
Faisnéis maidir leis an réimse ticéid, lena n-áirítear uimhir an ticéid, an dáta a eisíodh an ticéad agus ticéid aontreo, réimsí uathoibrithe chun praghas ticéid a bhreacadh; |
14. |
Faisnéis maidir le suíocháin, lena n-áirítear uimhir an tsuíocháin; |
15. |
Faisnéis maidir le códroinnt; |
16. |
Gach faisnéis maidir le bagáiste; |
17. |
Ainmneacha paisinéirí eile sa taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) agus líon na bpaisinéirí sa PNR atá ag taisteal le chéile; |
18. |
Aon sonraí maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailítear (cineál, uimhir, tír eisiúna agus aon doiciméad aitheantais, náisiúntacht, sloinne, céadainm, inscne, dáta breithe, an aerlíne, uimhir eitilte, dáta imeachta, dáta teachta, port imeachta, port teachta, am imeachta agus am teachta); |
19. |
Gach athrú stairiúil a rinneadh ar an PNR atá liostaithe in bpointí 1 go 18. |
IARSCRÍBHINN 41
FOIRMEACHA COIREACHTA A BHFUIL EUROPOL INNIÚIL INA LEITH
— |
Sceimhlitheoireacht, |
— |
Coireacht eagraithe, |
— |
Gáinneáil ar dhrugaí, |
— |
Gníomhaíochtaí sciúrtha airgid, |
— |
Coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha, |
— |
Smuigleáil inimirceach, |
— |
Gáinneáil ar dhaoine, |
— |
Coireacht mhótarfheithicle, |
— |
Dúnmharú agus mórdhíobháil choirp, |
— |
Trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna, |
— |
Fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall, |
— |
Ciníochas agus seineafóibe, |
— |
Robáil agus tromghoid, |
— |
Gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne, |
— |
Caimiléireacht agus calaois, |
— |
Coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais, |
— |
Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais, |
— |
Cambheartaíocht agus sracaireacht, |
— |
Góchumadh agus píoráideacht táirgí, |
— |
Brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu, |
— |
Brionnú airgid agus modhanna íocaíochta, |
— |
Coireacht atá bainteach le ríomhaireacht, |
— |
Éilliú, |
— |
Gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin, |
— |
Gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe atá faoi bhagairt, |
— |
Gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt, |
— |
Coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí, |
— |
Gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile, |
— |
Mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha, |
— |
Cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh. |
IARSCRÍBHINN 42
SAGHSANNA COIREACHTA TROMCHÚISÍ A BHFUIL EUROJUST INNIÚIL MAIDIR LEO
— |
Sceimhlitheoireacht, |
— |
Coireacht eagraithe, |
— |
Gáinneáil ar dhrugaí, |
— |
Gníomhaíochtaí sciúrtha airgid, |
— |
Coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha, |
— |
Smuigleáil inimirceach, |
— |
Gáinneáil ar dhaoine, |
— |
Coireacht mhótarfheithicle, |
— |
Dúnmharú agus mórdhíobháil choirp, |
— |
Trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna, |
— |
Fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach, |
— |
Ciníochas agus seineafóibe, |
— |
Robáil agus tromghoid, |
— |
Gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne, |
— |
Caimiléireacht agus calaois, |
— |
Coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais, |
— |
Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais, |
— |
Cambheartaíocht agus sracaireacht, |
— |
Góchumadh agus píoráideacht táirgí, |
— |
Brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu, |
— |
Brionnú airgid agus modhanna íocaíochta, |
— |
Coireacht atá bainteach le ríomhaireacht, |
— |
Éilliú, |
— |
Gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin, |
— |
Gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe atá faoi bhagairt, |
— |
Gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt, |
— |
Coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí, |
— |
Gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile, |
— |
Mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha, |
— |
Cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh. |
IARSCRÍBHINN 43
BARÁNTAS GABHÁLA
Údarás breithiúnach inniúil a d'eisigh an barántas seo. Iarraim go ndéanfaí an duine a luaitear thíos a ghabháil agus a thabhairt suas chun ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú. (1)
(a) |
Faisnéis maidir le céannacht an duine iarrtha: |
|
|
Ainm: |
|
|
Céadainm/céadainmneacha: |
|
|
Sloinne roimh phósadh (más infheidhme): |
|
|
Ailiasanna, más infheidhme: |
|
|
Inscne: |
|
|
Náisiúntacht: |
|
|
Dáta breithe: |
|
|
Áit bhreithe: |
|
|
Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas: |
|
|
Teanga(cha) a thuigeann an duine iarrtha (más eol): |
|
|
Marcanna suaithinseacha an duine iarrtha/tuairisc ar an duine iarrtha: |
|
|
Grianghraif agus méarloirg an duine iarrtha, má tá fáil orthu agus más féidir iad a tharchur, nó sonraí teagmhála an duine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun an fhaisnéis sin a fháil nó próifíl DNA (i gcás inar féidir an fhianaise a sholáthar ach nach áiríodh í) |
(b) |
Cinneadh ar a bhfuil an barántas bunaithe: |
|
1. |
Barántas gabhála nó cinneadh breithiúnach ag a bhfuil an éifeacht chéanna: |
|
|
Cineál: |
|
2. |
Breithiúnas infhorghníomhaithe: |
|
|
Tagairt: |
|
(c) |
Sonraíochtaí maidir le fad na pianbhreithe: |
|
1. |
Uasfhad na pianbhreithe coimeádta nó an ordaithe coinneála a fhéadfar a fhorchur i leith an chiona nó na gcionta: |
|
2. |
Fad na pianbhreithe coimeádta nó an ordaithe choinneála arna bhforchur: |
|
|
An chuid den phianbhreith atá fágtha: |
|
(d) |
Léirigh an raibh an duine i láthair i bpearsa ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi: |
||||||||||
1. |
|
||||||||||
2. |
|
||||||||||
3. |
Má chuir tú tic sa bhosca faoi phointe 2, deimhnigh gur ann do cheann amháin díobh seo a leanas, más iomchuí: |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
NÓ
|
||||||||||
|
NÓ
|
||||||||||
|
NÓ
|
||||||||||
|
|
||||||||||
|
NÓ
|
||||||||||
|
NÓ
|
||||||||||
4 |
Má tá tic curtha sa bhosca agat faoi phointí 3.1b, 3.2 nó 3.3, tabhair faisnéis, le do thoil, faoin gcaoi ar comhlíonadh an coinníoll ábhartha: … |
(e) |
Cionta: |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Baineann an barántas leis an líon seo a leanas de chionta: |
|
cion |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena n-áirítear an t-am, an t-ionad agus méid rannpháirteachais an duine iarrtha sa chion: |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona nó na gcionta agus an fhoráil reachtúil nó an cód is infheidhme: |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
I. |
Níl bheidh feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin nuair a bheidh fógra tugtha ag an Stát forghníomhaitheach agus ag an Stát eisiúna faoi Airteagal 599(4) den Chomhaontú: más infheidhme, ticeáil ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, de réir mar a shainmhínítear i ndlí an Stáit eisiúna, atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
II. |
Tuairisc iomlán ar an gcion nó ar na cionta nach gcumhdaítear i Roinn I thuas: |
(f) |
Imthosca a bhaineann leis an gcás (faisnéis roghnach): (NB: D’fhéadfadh nótaí tráchta maidir le seach-chríochachas, maidir le briseadh tréimhsí teorainn ama agus maidir le hiarmhairtí eile an chiona a bheith i gceist leis seo.) |
|
|
(g) |
Baineann an barántas freisin le hurghabháil agus le tabhairt ar láimh maoine, ar maoin é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise: Baineann an barántas freisin le hurghabháil agus le tabhairt ar láimh maoine, ar maoin é a fuair an duine iarrtha de dheasca an chiona: Cur síos ar an maoin (agus suíomh) (más eol é): |
|
|
(h) |
Is inphionóis an cion nó na cionta ar eisíodh an barántas seo ar a bhonn nó ar a mbonn le pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil nó go raibh pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil mar thoradh air nó orthu: |
||||
|
|
||||
|
deimhneoidh an Stát eisiúna, ar iarraidh sin don Stát forghníomhaitheach, an méid a leanas: |
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
(i) |
An t-údaráis breithiúnach a d’eisigh an barántas: |
|
|
Ainm oifigiúil: |
|
|
Ainm an ionadaí: (2) 1 |
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád): |
|
|
Tagairt an chomhaid: |
|
|
Seoladh: |
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
|
Uimhir Facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
|
Ríomhphost: |
|
|
Sonraí teagmhála an duine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas: |
|
|
I gcás inar cuireadh tarchur agus glacadh riarthach barántas mar fhreagracht ar údarás lárnach: |
|
|
Ainm an údaráis lárnaigh: |
|
|
Duine teagmhála, más infheidhme (teideal/grád agus ainm): |
|
|
Seoladh: |
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
|
Uimhir Facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
|
Ríomhphost: |
|
|
Síniú an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus/nó a ionadaí: |
|
|
Ainm: |
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád): |
|
|
Dáta: |
|
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): |
(1) Ní mór don bharántas seo a bheith scríofa nó aistrithe i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit fhorghníomhaithigh, nuair atá an Stát sin ar eolas, nó in aon teanga eile a nglacann an Stát sin léi.
(2) Déanfar tagairt sna teangacha éagsúla do ‘sealbhóir’ an údaráis bhreithiúnaigh a chur leis.
IARSCRÍBHINN 44
FAISNÉIS FAOI THAIFID CHOIRIÚLA A MHALARTÚ – SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA AGUS NÓS IMEACHTA
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir
Is é cuspóir na hIarscríbhinne seo na forálacha nós imeachta agus na forálacha teicniúla is gá a leagan síos chun Teideal IX de Chuid a Trí den Chomhaontú seo a chur chun feidhme.
Airteagal 2
Líonra cumarsáide
1. Maidir le malartú leictreonach na faisnéise arna baint as taifid choiriúla idir Ballstát, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile, déanfar é trí bhonneagar coiteann cumarsáide a úsáid lena soláthraítear cumarsáid chriptithe.
2. An líonra cumarsáide ‘Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitice idir Córais Riaracháin’ (TESTA) a bheidh mar bhonneagar coiteann cumarsáide. Le haon fhorbairt bhreise a dhéanfar orthu nó le haon líonra slán malartach, áiritheofar go leanfaidh an bonneagar coiteann cumarsáide atá ar bun de bheith ag comhlíonadh na gceanglas slándála is iomchuí chun faisnéis faoi thaifid choiriúla a mhalartú.
Airteagal 3
Bogearraí idirnaisc
1. Bainfidh na Stáit úsáid as bogearraí idirnaisc caighdeánaithe lenar féidir a n-údaráis lárnacha a nascadh leis an mbonneagar coiteann cumarsáide d’fhonn an fhaisnéis arna baint as taifid choiriúla a mhalartú leis na Stáit eile go leictreonach i gcomhréir le forálacha Theideal IX de Chuid a Trí den Chomhaontú seo agus den Iarscríbhinn seo.
2. I gcás na mBallstát, is iad na bogearraí idirnaisc na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS nó a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, a chuirfear in oiriúint, más gá, chun faisnéis a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe mar a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
3. Beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as a bogearraí idirnaisc féin a fhorbairt agus a fheidhmiú. Chun na críche sin, ar a dhéanaí roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go bhfeidhmeoidh a bogearraí idirnaisc náisiúnta i gcomhréir leis na prótacail agus na sonraíochtaí teicniúla a bhunaítear le haghaidh bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, agus i gcomhréir le haon cheanglas theicniúil eile arna bhunú le eu-LISA.
4. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe freisin cur chun feidhme aon oiriúnú teicniúil ina dhiaidh sin ar a bogearraí idirnaisc náisiúnta a cheanglófar de thoradh aon athrú ar na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le haghaidh bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, nó de thoradh aon athrú ar aon cheanglas teicniúil breise arna mbunú le eu-LISA, gan moill mhíchuí. Chuige sin, áiritheoidh an tAontas go gcuirfear an Ríocht Aontaithe ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon athrú a bheartaítear a dhéanamh ar na sonraíochtaí teicniúla nó ar na ceanglais theicniúla agus go gcuirfear ar fáil di aon fhaisnéis is gá don Ríocht Aontaithe chun a cuid oibleagáidí faoin Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.
Airteagal 4
Faisnéis atá le tarchur i bhfógraí, in iarrataí agus i bhfreagraí
1. Áireofar i ngach fógra dá dtagraítear in Airteagal 646 den Chomhaontú seo an fhaisnéis éigeantach seo a leanas:
(a) |
faisnéis faoin duine ciontaithe (ainm iomlán, dáta breithe, áit bhreithe (baile agus tír), inscne, náisiúntacht agus – más infheidhme – ainm nó ainmneacha roimhe sin); |
(b) |
faisnéis faoi chineál an chiontaithe (dáta an chiontaithe, ainm na cúirte, an dáta ar tháinig an bhreith chun bheith críochnaitheach); |
(c) |
faisnéis faoi gcion as ar eascair an ciontú (an dáta a ndearnadh an cion a bhí mar bhonn leis an gciontú agus ainm nó aicmiú dlíthiúil an chiona chomh maith le tagairt do na forálacha dlí is infheidhme); agus |
(d) |
faisnéis faoi ábhair an chiontaithe (go háirithe an phianbhreith chomh maith le haon phionós fhorlíontach, beartas slándála agus aon bhreith a tugadh ina dhiaidh sin lenar athraíodh forfheidhmiú na pianbhreithe). |
2. Déanfar an fhaisnéis roghnach seo a leanas a tharchur i bhfógraí má cuireadh an fhaisnéis sin isteach sa taifead coiriúil (pointí (a) go (d)) nó má tá sí ar fáil don údarás lárnach (pointí (e) go (h)):
(a) |
ainmneacha thuismitheoirí an duine chiontaithe; |
(b) |
uimhir thagartha an chiontaithe; |
(c) |
an áit a ndearnadh an cion; |
(d) |
dícháiliú a d’eascair as an gciontú; |
(e) |
uimhir aitheantais an duine chiontaithe, nó cineál agus uimhir dhoiciméad aitheantais an duine; |
(f) |
méarloirg, a tógadh ón duine sin; |
(g) |
más infheidhme, ainm nó ainmneacha bréige agus/nó ainm nó ainmneacha ailias; |
(h) |
íomhá den aghaidh. |
Ina theannta sin, féadfar aon fhaisnéis eile maidir le ciontuithe a chuirtear isteach sa taifead coiriúil a tharchur.
3. Déanfar gach iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 648 den Chomhaontú seo a chur isteach i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo, i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit is faighteoir iarrata.
4. Déanfar gach freagra ar iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 649 den Chomhaontú seo a chur isteach i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo, agus beidh liosta ciontuithe dá bhforáiltear le dlí náisiúnta ag gabháil léi. Tabharfaidh an Stát is faighteoir iarrtha freagra i gceann dá theangacha oifigiúla nó in aon teanga eile a ghlacann an dá Pháirtí léi. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, de pháirt amháin, agus an tAontas, thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, den pháirt eile, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach maidir leis an teanga nó na teangacha a ghlacann siad leo de bhreis ar theanga oifigiúil nó ar theangacha oifigiúla an Stáit sin.
5. Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach aon mhodhnú ar na foirmeacha i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, de réir mar is gá.
Airteagal 5
Formáid tharchur na faisnéise
1. Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagail 646 agus 649 den Chomhaontú seo a bhaineann le hainm nó aicmiú dlíthiúil an chiona agus leis na forálacha dlí is infheidhme, déanfaidh na Stáit tagairt don chód comhfhreagrach le haghaidh gach ceann de na cionta dá dtagraítear sa tarchur, dá bhforáiltear i dtábla na gcionta i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn seo. Ar mhodh eisceachta, i gcás nach gcomhfhreagraíonn an cion d’aon fhochatagóir sonrach, úsáidfear cód ‘catagóir oscailte’ na catagóire cionta ábhartha nó na catagóire is gaire di, nó, i gcás nach bhfuil catagóir den sórt sin ann, úsáidfear cód ‘cionta eile’ don chion áirithe sin.
2. Ina theannta sin, féadfaidh na Stáit faisnéis atá ar fáil a sholáthar, faisnéis a bhaineann lena mhéid a cuireadh an cion i gcrích agus le leibhéal na rannpháirtíochta sa chion agus, más infheidhme, faisnéis a bhaineann le haon díolúine iomlán nó díolúine pháirteach ó fhreagracht choiriúil nó le hatitimeachas.
3. Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagail 646 agus 649 den Chomhaontú seo’ a bhaineann le hábhar an chiontaithe, go háirithe an phianbhreith mar aon le haon phionós forlíontach, bearta slándála agus cinneadh ina dhiaidh sin lena modhnaítear forfheidhmiú na pianbhreithe, déanfaidh na Stáit tagairt don chód comhfhreagrach le haghaidh gach ceann de na pionóis agus na bearta dá dtagraítear sa tarchur, dá bhforáiltear sa tábla pionós agus beart i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn seo. Ar mhodh eisceachta, i gcás nach gcomhfhreagraíonn an pionós ná an beart d’aon fhochatagóir sonrach, úsáidfear cód ‘catagóir oscailte’ na catagóire cionta ábhartha nó na catagóire is gaire di, nó, i gcás nach bhfuil catagóir den sórt sin ann, úsáidfear cód ‘pionóis agus bearta eile’ don phionós nó don bheart áirithe sin.
4. Soláthróidh na Stáit freisin, más infheidhme, faisnéis a bheidh ar fáil maidir le cineál agus/nó coinníollacha forghníomhaithe an phionóis nó an bhirt arna fhorchuir agus dá bhforáiltear i dtábla paraiméadar Chaibidil 3 den Iarscríbhinn seo. Déanfar an paraiméadar 'rialú neamhchoiriúil' a léiriú i gcás ina gcuireann Stát náisiúntachta an duine lena mbaineann faisnéis faoin rialú ar fáil ar bhonn deonach, agus freagra á thabhairt aige ar iarraidh ar fhaisnéis faoi chiontuithe, agus sa chás sin amháin.
5. Cuirfidh na Stáit an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, d’fhonn, go háirithe, an fhaisnéis sin a scaipeadh ar Stáit eile:
(a) |
liosta na gcionta náisiúnta i ngach catagóir dá dtagraítear i dtábla na gcionta i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn seo. Áireofar sa liosta ainm nó aicmiú dlíthiúil an chiona agus tagairt do na forálacha dlí is infheidhme. Féadfar cur síos gearr ar ghnéithe bunaithe an chiona a áireamh ann freisin; |
(b) |
liosta na gcineálacha pianbhreitheanna, liosta pionós forlíontach agus bearta slándála a d‘fhéadfadh a bheith ann agus liosta na gcinntí a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin lena modhnaítear forfheidhmiú na pianbhreithe mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, i ngach ceann de na catagóirí dá dtagraítear sa tábla pionós agus beart i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn seo. Féadfar cur síos gearr ar an bpionós nó ar an mbeart ar leith a áireamh ann freisin. |
6. Déanfaidh na Stáit na liostaí agus na tuairiscí dá dtagraítear i mír 5 a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Seolfar faisnéis nuashonraithe chuig an gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
7. Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach aon mhodhnú ar na táblaí i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn seo dá dtagraítear i mír 1 go 4, de réir mar is gá.
Airteagal 6
Leanúnachas an tarchuir
Mura bhfuil an modh leictreonach tarchuir faisnéise ar fáil go sealadach, tarchuirfidh na Stáit faisnéis trí aon mheán eile lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha lenar féidir le húdarás lárnach an Stáit is faighteoir iarrata barántúlacht na faisnéise a shuí, ar feadh iomlán na tréimhse nach mbeidh sé ar fáil.
Airteagal 7
Staidreamh agus tuairisciú
1. Déanfar meastóireacht ar mhalartú leictreonach faisnéise arna bhaint as taifid choiriúla de bhun Theideal IX de Chuid a Trí den Chomhaontú seo ar bhonn rialta. Bunófar an mheastóireacht ar staidreamh agus ar thuarascálacha na Stát faoi seach.
2. Déanfaidh gach Stát staidreamh a thiomsú maidir leis an malartú arna ghiniúint leis na bogearraí idirnaisc agus cuirfidh sé ar aghaidh é gach mí chuig an gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach agus chuig eu-LISA. Chomh maith leis sin, soláthróidh na Stáit don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach agus chuig eu-LISA an staidreamh maidir le líon na náisiúnach de chuid Stát eile arna gciontú ar a gcríoch agus faoi líon na gciontuithe sin.
Airteagal 8
Sonraíochtaí teicniúla
Urramóidh na Stáit sonraíochtaí teicniúla coiteanna maidir le malartú leictreonach na faisnéise arna baint as taifid choiriúla arna soláthair le eu-LISA le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus cuirfidh siad a gcórais in oiriúint de réir mar is iomchuí gan moill mhíchuí.
CAIBIDIL 2
FOIRMEACHA
Iarraidh ar fhaisnéis arna baint as an taifead coiriúil
(a) |
Faisnéis faoin Stát iarrthach:
|
(b) |
Faisnéis faoi chéannacht an duine lena mbaineann an iarraidh ( 1 ):
|
(c) |
Cuspóir na hiarrata: |
Cuir tic sa bosca iomchuí
(1) |
☐ |
imeachtaí coiriúla (sonraigh an t-údarás a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair agus, má tá sí ar fáil, uimhir thagartha an cháis) … … |
||
(2) |
☐ |
iarraidh lasmuigh de chomhthéacs imeachtaí coiriúla (sonraigh an t-údarás a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair agus, má tá sí ar fáil, uimhir thagartha an cháis, agus cuir tic sa bhosca cuí): |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
An chúis a bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh:
An t-údarás iarrthach:
☐ |
nach dtoilíonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis sin a nochtadh (má iarradh ar an duine lena mbaineann a thoiliú a nochtadh i gcomhréir le dlí an Stáit iarrthaigh). |
An teagmhálaí chun tuilleadh eolais a fháil: |
Ainm: |
Teileafón: |
Seoladh ríomhphoist: |
Faisnéis eile (e.g. práinn an iarratais): |
Freagra ar an iarraidh
Faisnéis maidir leis an duine lena mbaineann
Cuir tic sa bosca iomchuí
Deimhníonn an t-údarás thíos-sínithe: |
|
☐ |
nach ann d’aon fhaisnéis faoi chiontuithe i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann |
☐ |
gurb ann d'fhaisnéis faoi chiontuithe i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann; go bhfuil liosta ciontuithe i gceangal leis seo |
☐ |
gur cuireadh faisnéis eile isteach i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann; go bhfuil an fhaisnéis sin i gceangal leis seo (roghnach) |
☐ |
gurb ann d'fhaisnéis faoi chiontuithe a cuireadh isteach i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann ach chuir an Stát ciontaitheach in iúl nach bhféadfar an fhaisnéis faoi na ciontuithe sin a tharchur chun aon chríoch eile seachas críocha imeachtaí coiriúla. Féadfar an iarraidh ar thuilleadh faisnéise a sheoladh go díreach chuig...(sonraigh an Stát ciontaitheach, le do thoil) |
☐ |
i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit is faighteoir iarrata, ní fhéadfar déileáil le hiarrataí a dhéantar chun críocha eile seachas críocha imeachtaí coiriúla. |
An teagmhálaí chun tuilleadh eolais a fháil: |
Ainm: |
Teileafón: |
Seoladh ríomhphoist: |
Faisnéis eile (teorainneacha úsáide na sonraí a bhaineann le hiarrataí lasmuigh de chomhthéacs imeachtaí coiriúla): |
Sonraigh, le do thoil, an líon leathanach a ghabhann leis an bhfoirm freagartha: |
Arna dhéanamh |
an |
Síniú agus stampa oifigiúil (más iomchuí): |
Ainm agus post/eagraíocht: |
Más iomchuí, cuir an liosta ciontuithe i gceangal, le do thoil, agus seol an pacáiste iomlán chuig an Stát iarrthach. Ní gá an fhoirm ná an liosta a aistriú go teanga an Stáit iarrthaigh.
_______________
(1) |
Chun aithint an duine a éascú, tá an oiread faisnéise agus is féidir le cur ar fáil. |
CAIBIDIL 3
FORMÁID CHAIGHDEÁNAITHE CHUN FAISNÉISE A THARCHUR
Tábla coiteann na gcatagóirí cionta, ina bhfuil tábla paraiméadar, dá dtagraítear in Airteagal 5 (1) agus (2) de Chaibidil 1
Cód |
Catagóirí agus fochatagóirí cionta |
0100 00 catagóir oscailte |
Coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta |
0101 00 |
Cinedhíothú |
0102 00 |
Coireanna i gcoinne na daonnachta |
0103 00 |
Coireanna cogaidh |
0200 00 catagóir oscailte |
Rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil |
0201 00 |
Eagraíocht choiriúil a stiúradh |
0202 00 |
Rannpháirtíocht fheasach i ngníomhaíochtaí coiriúla de chuid eagraíocht choiriúil |
0203 00 |
Rannpháirtíocht fheasach i ngníomhaíochtaí neamh-choiriúla de chuid eagraíocht choiriúil |
0300 00 catagóir oscailte |
An sceimhlitheoireacht |
0301 00 |
Grúpa sceimhlitheoireachta a threorú |
0302 00 |
Rannpháirtíocht fheasach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta |
0303 00 |
Maoiniú sceimhlitheoireachta |
0304 00 |
Briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh |
0305 00 |
Earcaíocht nó oiliúint le haghaidh sceimhlitheoireachta |
0400 00 catagóir oscailte |
Gáinneáil ar dhaoine |
0401 00 |
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú saothair nó seirbhísí |
0402 00 |
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú a dhéanamh ar striapachas daoine eile nó chun críocha cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh |
0403 00 |
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha cruinniú orgán nó fíochán daonna |
0404 00 |
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha sclábhaíochta, chun críocha cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht, nó chun críocha daoirse |
0405 00 |
Gáinneáil ar mhionaoisigh chun críocha dúshaothrú saothair nó seirbhísí |
0406 00 |
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú a dhéanamh ar striapachas mionaoiseach nó chun críocha cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh a dhéanamh ar mhionaoisigh |
0407 00 |
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha orgán nó fíochán daonna a chruinniú ó mhionaoiseach |
0408 00 |
Gáinneáil ar mhionaoisigh chun críocha sclábhaíochta, chun críocha cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht nó chun críocha daoirse |
0500 00 catagóir oscailte |
Gáinneáil aindleathach (1) agus cionta eile a bhaineann le hairm, airm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascáin |
0501 00 |
Monarú aindleathach arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán |
0502 00 |
Gáinneáil aindleathach arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán ar an leibhéal náisiúnta (2) |
0503 00 |
Onnmhairiú aindleathach nó allmhairiú aindleathach arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán |
0504 00 |
Seilbh nó úsáid neamhúdaraithe arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán |
0600 00 catagóir oscailte |
An choireacht chomhshaoil |
0601 00 |
Speicis fána agus flóra atá faoi chosaint a scriosadh nó a dhíobháil |
0602 00 |
Sceitheadh neamhdhleathach substaintí truaillithe nó radaíochta ianúcháin san aer, san ithir nó san uisce |
0603 00 |
Cionta a bhaineann le dramhaíl lena n-áirítear dramhaíl ghuaiseach |
0604 00 |
Cionta a bhaineann le gáinneáil aindleathach (1) ar speicis fána agus flóra atá faoi chosaint nó ar pháirteanna díobh |
0605 00 |
Cionta comhshaoil neamhbheartaithe |
0700 00 catagóir oscailte |
Cionta a bhaineann le drugaí nó réamhtheachtaithe, agus cionta eile in aghaidh na sláinte poiblí |
0701 00 |
Cionta a bhaineann le gáinneáil aindleathach (3) ar dhrugaí támhshuanacha, ar shubstaintí síceatrópacha agus ar réamhtheachtaithe nach le haghaidh tomhaltas pearsanta amháin iad |
0702 00 |
Úsáid aindleathach drugaí agus a bhfáil, a seilbh, a monarú, nó a dtáirgeadh le haghaidh tomhaltas pearsanta agus lena aghaidh sin amháin |
0703 00 |
Cabhrú le daoine eile, nó iad a ghríosú, le drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a úsáid go haindleathach |
0704 00 |
Monarú nó táirgeadh drugaí támhshuanacha nach le haghaidh tomhaltas pearsanta amháin iad |
0800 00 catagóir oscailte |
Coireanna in aghaidh an duine |
0801 00 |
Marú beartaithe |
0802 00 |
Trom-mharú beartaithe (4) |
0803 00 |
Marú neamhbheartaithe |
0804 00 |
Marú beartaithe linbh nuabheirthe ag a mháthair nó ag a máthair |
0805 00 |
Ginmhilleadh neamhdhleathach |
0806 00 |
Eotanáis neamhdhleathach |
0807 00 |
Cionta a bhaineann le féinmharú |
0808 00 |
Foréigean is trúig bháis |
0809 00 |
Coireanna is cúis le mórdhíobháil choirp, máchailiú nó míchumas |
0810 00 |
Coireanna is cúis le mórdhíobháil choirp, máchailiú nó míchumas go neamhbheartaithe |
0811 00 |
Miondíobháil choirp a dhéanamh |
0812 00 |
Miondíobháil choirp a dhéanamh go neamhbheartaithe |
0813 00 |
Cur i mbaol báis nó mórdhíobháil choirp a dhéanamh |
0814 00 |
Céasadh |
0815 00 |
Mainneachtain i gcúnamh nó cabhair a thairiscint |
0816 00 |
Cionta a bhaineann le cruinniú orgán nó fíocháin gan údarú ná toiliú |
0817 00 |
Cionta a bhaineann le gáinneáil aindleathach (3) ar orgáin nó fíocháin dhaonna |
0818 00 |
Foréigean baile nó bagairt bhaile |
0900 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh na saoirse pearsanta, na dínite agus leasanna cosanta eile, lena n-áirítear ciníochas agus seineafóibe |
0901 00 |
Fuadach, fuadach i gcomhair airgead fuascailte, srianadh neamhdhleathach |
0902 00 |
Gabháil threallach nó cailleadh saoirse ag údarás poiblí |
0903 00 |
Tógáil giall |
0904 00 |
Urghabháil neamhdhleathach aerárthaigh nó loinge |
0905 00 |
Maslaí, béadchaint, clúmhilleadh, díspeagadh |
0906 00 |
Bagairtí |
0907 00 |
Éigeantas, brú, stalcaireacht, ciapadh nó ionsaí de chineál síceolaíoch nó mothúchánach |
0908 00 |
Sracadh |
0909 00 |
Tromshracadh |
0910 00 |
Iontráil neamhdhleathach ar réadmhaoin phríobháideach |
0911 00 |
Sárú príobháide seachas iontráil neamhdhleathach ar réadmhaoin phríobháideach |
0912 00 |
Cionta in aghaidh cosaint sonraí pearsanta |
0913 00 |
Idircheapadh neamhdhleathach sonraí nó cumarsáide |
0914 00 |
Idirdhealú bunaithe ar ghnéas, cine, gnéas chlaonadh, reiligiún nó bunadh eitneach |
0915 00 |
Gríosú poiblí le hidirdhealú ciníoch a dhéanamh |
0916 00 |
Gríosú poiblí le fuath ciníoch a thabhairt |
0917 00 |
Dúmhál |
1000 00 catagóir oscailte |
Cionta gnéasacha |
1001 00 |
Éigniú |
1002 00 |
Troméigniú (5) seachas éigniú mionaoisigh |
1003 00 |
Ionsaí gnéasach |
1004 00 |
Soláthar le haghaidh striapachais nó gníomh gnéasach |
1005 00 |
Nochtadh mígheanasach |
1006 00 |
Ciapadh gnéasach |
1007 00 |
Striapach á díol féin |
1008 00 |
Dúshaothrú gnéasach leanaí |
1009 00 |
Cionta a bhaineann le pornagrafaíocht leanaí nó íomhánna mígheanasacha de mhionaoisigh |
1010 00 |
Éigniú mionaoisigh |
1011 00 |
Ionsaí gnéasach ar mhionaoiseach |
1100 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh an dlí teaghlaigh |
1101 00 |
Caidrimh ghnéis aindleathacha idir gar-bhaill teaghlaigh |
1102 00 |
Polagamas |
1103 00 |
Oibleagáid an ailiúnais nó na cothabhála a imghabháil |
1104 00 |
Faillí nó tréigean mionaoisigh nó duine faoi mhíchumas |
1105 00 |
Loiceadh ó ordú a chomhlíonadh mionaoiseach a chur ar fáil nó fuadach mionaoisigh |
1200 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh an Stáit, an oird phoiblí, chúrsa an cheartais nó oifigigh phoiblí |
1201 00 |
Spiaireacht |
1202 00 |
Ardtréas |
1203 00 |
Cionta a bhaineann le toghcháin agus reifrinn |
1204 00 |
Iarracht a dhéanamh an Ceann Stáit a mharú nó cur isteach ar a shláinte |
1205 00 |
An Stát, an Náisiún nó siombailí an Stáit a mhaslú |
1206 00 |
Masla nó frithsheasmhacht in aghaidh ionadaí de chuid údarás poiblí |
1207 00 |
Sracadh, éigeantas, brú ar ionadaí ó údarás poiblí |
1208 00 |
Ionsaí nó bagairt ar ionadaí ó údarás poiblí |
1209 00 |
Cionta a bhaineann leis an ord poiblí, briseadh na síochána poiblí |
1210 00 |
Foréigean le linn imeachtaí spóirt |
1211 00 |
Goid doiciméad poiblí nó riaracháin |
1212 00 |
Bac a chur ar chúrsa na córa nó é a shaobhadh, líomhaintí bréagacha a dhéanamh le linn imeachtaí coiriúla nó breithiúnacha, mionn éithigh a thabhairt |
1213 00 |
Duine nó údarás a phearsanú go neamhdhleathach |
1214 00 |
Éalú ó choimeád dleathach |
1300 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh réadmhaoin phoiblí nó leasanna poiblí |
1301 00 |
Calaois phoiblí, leasa shóisialta nó sochair theaghlaigh |
1302 00 |
Calaois a dhéanann difear do shochair nó do liúntais Eorpacha |
1303 00 |
Cionta a bhaineann le cearrbhachas neamhdhleathach |
1304 00 |
Bac a chur ar nósanna imeachta tairisceana poiblí |
1305 00 |
Éilliú gníomhach nó neamhghníomhach a dhéanamh ar státseirbhíseach, ar shealbhóir oifige poiblí nó ar údarás poiblí |
1306 00 |
Cúigleáil, míleithreasú nó atreorú réadmhaoine ag oifigeach poiblí |
1307 00 |
Drochúsáid oifige ag oifigeach poiblí |
1400 00 catagóir oscailte |
Cionta a bhaineann le cánacha agus custaim |
1401 00 |
Cionta a bhaineann le cánacha |
1402 00 |
Cionta a bhaineann le custaim |
1500 00 catagóir oscailte |
Cionta eacnamaíocha agus trádála |
1501 00 |
Féimheacht nó dócmhainneacht chalaoiseach |
1502 00 |
Sárú ar rialachán cuntasaíochta, cúigleáil, ceilt sócmhainní nó méadú neamhdhleathach ar dhliteanais chuideachta |
1503 00 |
Na rialacha iomaíochta a shárú |
1504 00 |
Sciúradh ar fháltais ó choireacht |
1505 00 |
Éilliú gníomhach nó neamhghníomhach san earnáil phoiblí |
1506 00 |
Rún a nochtadh nó oibleagáid rúndachta a shárú |
1507 00 |
'Trádáil chos istigh' |
1600 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh réadmhaoine nó dochar a dhéanamh d'earraí |
1601 00 |
Leithreasú neamhdhleathach |
1602 00 |
Leithreasú neamhdhleathach nó atreorú fuinnimh neamhdhleathach |
1603 00 |
Calaois, lena n-áirítear caimiléireacht |
1604 00 |
Trádáil le hearraí goidte |
1605 00 |
Gáinneáil aindleathach (6) ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne |
1606 00 |
Díobháil nó scrios beartaithe réadmhaoine |
1607 00 |
Díobháil nó scrios neamhbheartaithe réadmhaoine |
1608 00 |
Sabaitéireacht |
1609 00 |
Cionta in aghaidh maoin tionscail nó intleachtúil |
1610 00 |
Coirloscadh |
1611 00 |
Coirloscadh is trúig bháis nó is cúis le díobháil choirp |
1612 00 |
Coirloscadh foraoise |
1700 00 catagóir oscailte |
Cionta a bhaineann le gadaíocht |
1701 00 |
Gadaíocht |
1702 00 |
Goid i ndiaidh iontráil mhídhleathach ar réadmhaoin |
1703 00 |
Goid ina n-úsáidtear foréigean nó airm, nó bagairt foréigin nó arm i gcoinne daoine |
1704 00 |
Cineálacha tromghada nach n-úsáidtear ina gcomhair foréigean nó airm, nó bagairt foréigin nó arm i gcoinne daoine. |
1800 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh córais faisnéise agus cibearchoireacht eile |
1801 00 |
Rochtain neamhdhleathach ar chórais faisnéise |
1802 00 |
Trasnaíocht neamhdhleathach ar chórais |
1803 00 |
Trasnaíocht neamhdhleathach ar shonraí |
1804 00 |
Táirgeadh, seilbh, scaipeadh nó gáinneáil gléasanna ríomhaireachta nó sonraí lena n-éascaítear cionta a bhaineann le ríomhaire |
1900 00 catagóir oscailte |
Modhanna íocaíochta a bhrionnú |
1901 00 |
Góchumadh nó brionnú airgeadra |
1902 00 |
Modhanna íocaíochta neamhairgid a ghóchumadh |
1903 00 |
Góchumadh nó brionnú doiciméad muiníne poiblí |
1904 00 |
Airgeadra, modhanna íocaíochta neamhairgid nó doiciméid mhuiníne phoiblí atá góchumtha nó brionnaithe a chur i gcúrsaíocht nó a úsáid |
1905 00 |
Seilbh ar ghléas lena ndéantar airgeadra nó doiciméid mhuiníne phoiblí a ghóchumadh nó a bhrionnú |
2000 00 catagóir oscailte |
Falsú doiciméad |
2001 00 |
Doiciméad poiblí nó riaracháin a fhalsú ag duine príobháideach |
2002 00 |
Doiciméad poiblí nó riaracháin a fhalsú ag státseirbhíseach nó ag údarás poiblí |
2003 00 |
Doiciméad brionnaithe poiblí nó riaracháin a sholáthar nó a fháil, doiciméad brionnaithe a sholáthar nó a fháil ag státseirbhíseach nó ag údarás poiblí |
2004 00 |
Úsáid doiciméad falsaithe poiblí nó riaracháin |
2005 00 |
Seilbh ar ghléas lena bhfalsaítear doiciméid phoiblí nó riaracháin |
2006 00 |
Doiciméid phríobháideacha a bhrionnú ag duine príobháideach |
2100 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh rialacháin tráchta |
2101 00 |
Tiomáint chontúirteach |
2102 00 |
Tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí támhshuanacha |
2103 00 |
Tiomáint gan ceadúnas tiomána nó fad is atá an duine dícháilithe |
2104 00 |
Tionóisc buille is teitheadh |
2105 00 |
Seiceáil bhóthair a sheachaint |
2106 00 |
Cionta a bhaineann le hiompar de bhóthar |
2200 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh an dlí saothair |
2201 00 |
Fostaíocht neamhdhleathach |
2202 00 |
Cionta a bhaineann le híocaíocht, lena n-áirítear ranníocaíochtaí slándála sóisialta |
2203 00 |
Cionta a bhaineann le dálaí oibre, sláinte agus sábháilteacht ag an obair |
2204 00 |
Cionta a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht ghairmiúil nó cleachtadh na gníomhaíochta sin |
2205 00 |
Cionta a bhaineann le huaireanta oibre agus sosa |
2300 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh an dlí maidir le himirce |
2301 00 |
Teacht isteach nó cónaí neamhúdaraithe |
2302 00 |
Teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú |
2400 00 catagóir oscailte |
Cionta in aghaidh oibleagáidí míleata |
2500 00 catagóir oscailte |
Cionta a bhaineann le substaintí hormónacha agus le tionscnóirí fáis eile |
2501 00 |
Allmhairiú, onnmhairiú nó soláthar aindleathach substaintí hormónacha agus tionscnóirí fáis eile |
2600 00 catagóir oscailte |
Cionta a bhaineann le hábhair núicléacha nó substaintí guaiseacha radaighníomhacha |
2601 00 |
Allmhairiú, onnmhairiú nó soláthar nó fáil aindleathach ábhar núicléach nó radaighníomhach |
2700 00 catagóir oscailte |
Cionta eile |
2701 00 |
Cionta beartaithe eile |
2702 00 |
Cionta neamhbheartaithe eile |
_______________
(1) |
Mura sonraítear a mhalairt sa chatagóir seo, ciallaíonn ‘gáinneáil’ allmhairiú, onnmhairiú, fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú. |
(2) |
Chun críocha na fochatagóire seo, áirítear le gáinneáil fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú. |
(3) |
Chun críocha na fochatagóire seo, áirítear le gáinneáil allmhairiú, onnmhairiú, fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú. |
(4) |
Mar shampla: cúinsí atá thar a bheith tromchúiseach. |
(5) |
Mar shampla éigniú lena ngabhann cruálacht ar leith. |
(6) |
Áirítear le gáinneáil allmhairiú, onnmhairiú, fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú. |
Paraiméadair |
||
Leibhéal cur i gcrích: |
Gníomh curtha i gcrích |
C |
Iarracht nó ullmhúchán |
A |
|
Gné nár tarchuireadh |
Ø |
|
Leibhéal rannpháirtíochta: |
Déantóir na coire |
M |
Cabhróir agus neartaitheoir nó gríosóir/eagraí, comhchealgaire |
H |
|
Gné nár tarchuireadh |
Ø |
|
Díolúine ó fhreagracht choiriúil: |
Gealtacht nó freagracht laghdaithe |
S |
Atitimeachas |
R |
Tábla coiteann na gcatagóirí pionós agus beart, ina bhfuil tábla paraiméadar, dá dtagraítear in Airteagal 5 (3) agus (4) de Chaibidil 1
Cód |
Catagóirí agus fochatagóirí pionós agus beart |
1000 catagóir oscailte |
Cailleadh saoirse |
1001 |
Príosúnacht |
1002 |
Príosúnacht saoil |
2000 catagóir oscailte |
Srian ar shaoirse phearsanta |
2001 |
Toirmeasc ar áiteanna áirithe a ghnáthú |
2002 |
Toirmeasc ar thaisteal thar lear |
2003 |
Toirmeasc ar fhanacht in áiteanna áirithe |
2004 |
Toirmeasc ar chead isteach go holl-imeachtaí |
2005 |
Toirmeasc ar theagmháil le daoine áirithe, is cuma cibé |
2006 |
Cur faoi fhaire leictreonach (1) |
2007 |
Oibleagáid tuairisciú chuig údarás sonrach ag amanna sonraithe |
2008 |
Oibleagáid fanacht/cónaí in áit ar leith |
2009 |
Oibleagáid a bheith ag an áit chónaithe ag an am sonraithe |
2010 |
Oibleagáid na bearta promhaidh a d'ordaigh an chúirt a chomhlíonadh, lena n-áirítear an oibleagáid fanacht faoi fhaireachán |
3000 catagóir oscailte |
Toirmeasc ar cheart nó cumas sonrach |
3001 |
Dícháiliú ó fheidhm a fheidhmiú |
3002 |
Cumas oifig phoiblí a shealbhú nó cumas a bheith ceaptha chuig oifig phoiblí a chailleadh nó a chur ar fionraí |
3003 |
An ceart vótála nó an ceart a bheith tofa a chailleadh nó a chur ar fionraí |
3004 |
Éagumas conradh a dhéanamh leis an riarachán poiblí |
3005 |
Neamh-incháilitheacht fóirdheontais a fháil |
3006 |
An ceadúnas tiomána a chealú (2) |
3007 |
An ceadúnas tiomána a chur ar fionraí |
3008 |
Toirmeasc ar fheithiclí áirithe a thiomáint |
3009 |
An fhreagracht tuismitheora a chailleadh/a chur ar fionraí |
3010 |
An ceart a bheith ina shaineolaí le linn imeachtaí cúirte/ina fhinné faoi mhionn//ina ghiúróir a chailleadh/a chur ar fionraí |
3011 |
An ceart a bheith ina chaomhnóir dlíthiúil a chailleadh/a chur ar fionraí (3) |
3012 |
An ceart chun bronnta nó teidil a chailleadh/ a chur ar fionraí |
3013 |
Toirmeasc ar ghníomhaíocht ghairmiúil, tráchtála nó shóisialta a dhéanamh |
3014 |
Toirmeasc ar obair nó gníomhaíocht a dhéanamh le mionaoisigh |
3015 |
Oibleagáid bunaíocht a dhúnadh |
3016 |
Toirmeasc ar airm a shealbhú nó a iompar |
3017 |
Ceadúnas sealgaireachta/iascaireachta a bhaint |
3018 |
Toirmeasc ar sheiceanna a eisiúint nó cártaí íocaíochta/creidmheasa a úsáid |
3019 |
Toirmeasc ar ainmhithe a choinneáil |
3020 |
Toirmeasc ar nithe áirithe eile, seachas airm, a shealbhú nó a úsáid |
3021 |
Toirmeasc ar chluichí/spóirt áirithe a imirt |
4000 catagóir oscailte |
Toirmeasc ar dhul isteach i gcríoch nó díbirt ó chríoch |
4001 |
Toirmeasc dhul isteach sa chríoch náisiúnta |
4002 |
Díbirt ón gcríoch náisiúnta |
5000 catagóir oscailte |
Oibleagáid phearsanta |
5001 |
Dul faoi chóireáil leighis nó cineálacha eile teiripe |
5002 |
Clár oideachais sóisialta a dhéanamh |
5003 |
Oibleagáid bheith faoi chúram/smacht an teaghlaigh |
5004 |
Bearta oideachais |
5005 |
Promhadh sochbhreithiúnach |
5006 |
Oibleagáid oiliúint/obair a dhéanamh |
5007 |
Oibleagáid faisnéis áirithe a chur ar fáil d'údaráis bhreithiúnacha |
5008 |
Oibleagáid an breithiúnas a fhoilsiú |
5009 |
Oibleagáid an dochar a d'eascair as an gcion a chúiteamh |
6000 catagóir oscailte |
Pionós ar réadmhaoin phearsanta |
6001 |
Coigistiú |
6002 |
Scartáil |
6003 |
Athchóiriú |
7000 catagóir oscailte |
Cur in institiúid |
7001 |
Cur in institiúid shíciatrach |
7002 |
Cur in institiúid díthocsainiúcháin |
7003 |
Cur in institiúid oideachais |
8000 catagóir oscailte |
Pionós airgeadais |
8001 |
Fíneáil |
8002 |
Fíneáil lae (4) |
8003 |
Fíneáil ar leas faighteoir speisialta (5) |
9000 catagóir oscailte |
Pionós oibre |
9001 |
Seirbhís nó obair phobail |
9002 |
Seirbhís nó obair phobail chomh maith le bearta sriantacha eile |
10000 catagóir oscailte |
Pionós míleata |
10001 |
Céim mhíleata a chailleadh (6) |
10002 |
Díbirt ó sheirbhís mhíleata ghairmiúil |
10003 |
Príosúnacht mhíleata |
11000 catagóir oscailte |
Díolúine/ iarchur pionós/íocaíochta, rabhadh |
12000 catagóir oscailte |
Pionóis agus bearta eile |
Paraiméadair (le sonrú, más infheidhme) |
|
ø |
Pionós |
m |
Beart |
a |
Pionós/beart ar fionraí |
b |
Pionós/beart ar fionraí go páirteach |
c |
Pionós/beart ar fionraí lena ngabhann promhadh/faireachán |
d |
Pionós/beart ar fionraí go páirteach lena ngabhann promhadh/faireachán |
e |
Aistriú pionóis/birt |
f |
Pionós/beart eile arna fhorchur mar phríomhphionós |
g |
Pionós/beart eile arna fhorchur ar an gcéad dul síos i gcás neamh-chomhlíonadh an phríomhphionóis |
h |
Cúlghairm pionóis/birt ar fionraí |
i |
Iarshocrú pionóis iomláin |
j |
Cur isteach ar fhorfheidhmiú/chur siar an phionóis/an bhirt (7) |
k |
Loghadh an phionóis |
l |
Loghadh an phionóis ar fionraí |
n |
Deireadh an phionóis |
o |
Pardún |
p |
Maithiúnas |
q |
Scaoileadh amach ar pharúl (duine a scaoileadh saor roimh dheireadh an phionóis ar choinníollacha áirithe) |
r |
Athshlánú (agus an pionós a scriosadh ón taifead coiriúil nó gan a dhéanamh) |
s |
Pionós nó beart a bhaineann go sonrach le mionaoisigh |
t |
Rialú neamh-choiriúil (8) |
_______________
(1) |
Suíomh fosaithe nó soghluaiste. |
(2) |
Is gá iarratas nua a chur isteach chun ceadúnas tiomána nua a fháil. |
(3) |
Caomhnóir dlíthiúil duine atá neamhinniúil de réir dlí nó ar mhionaoiseach é. |
(4) |
Fíneáil arna sloinneadh de réir aonaid laethúla. |
(5) |
E.g.: d'institiúid, comhlachas, fondúireacht nó íospartach. |
(6) |
Ísliú céime míleata. |
(7) |
Ní dhéantar forfheidhmiú an phionóis a sheachaint dá thairbhe. |
(8) |
Sonrófar an paraiméadar seo i gcás ina gcuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil mar fhreagra ar an iarraidh arna fháil ag Stát náisiúntachta an duine lena mbaineann, agus sa chás sin amháin. |
IARSCRÍBHINN 45
AN SAINMHÍNIÚ AR AN SCEIMHLITHEOIREACHT
1. Raon feidhme
Chun críocha Theideal IX de Chuid a Trí, pointe (b) d'Airteagal 599(3), Airteagal 599(4), pointe (c) d’Airteagal 602(2) agus pointe (a) dAirteagal 670(2) den Chomhaontú seo, Iarscríbhinn 43 agus Iarscríbhinn 46, ciallaíonn ‘sceimhlitheoireacht’ na cionta mar a shainmhínítear i míreanna 3 go 14 den Iarscríbhinn seo.
2. Sainmhínithe ar ghrúpa sceimhlitheoireachta agus ar ghrúpa struchtúrtha
2.1. |
Ciallaíonn ‘grúpa sceimhlitheoireachta’ grúpa struchtúrtha ina bhfuil níos mó ná beirt, a bhunaítear ar feadh tréimhse ama agus a ghníomhaíonn de chomhbheart chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh. |
2.2. |
Ciallaíonn ‘grúpa struchtúrtha’ grúpa nach gcuirtear le chéile go randamach chun cion a dhéanamh láithreach agus nach gá dó róil fhoirmiúla a shainiú dá chuid comhaltaí ná nach gá leanúnachas dó maidir lena bhallraíocht ná struchtúr forbartha. |
3. Cionta sceimhlitheoireachta
3.1. |
Gníomhartha intinneacha, mar a shainmhínítear iad mar chionta faoin dlí baile, a d’fhéadfadh, i bhfianaise a gcineáil nó a gcomhthéacs, damáiste tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, dá ndéanfaí iad agus ceann de na haidhmeanna a liostaítear i mír 3.2 ina aidhm dóibh:
|
3.2. |
Is iad seo a leanas na haidhmeanna dá dtagraítear i mír 3.1:
|
4. Cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta
Na gníomhartha intinneacha seo a leanas:
(a) |
grúpa sceimhlitheoireachta a threorú; |
(b) |
páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí fhaisnéis nó acmhainní ábhartha a sholáthar, nó trína chuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar aon bhealach , agus fios a bheith ann go mbeidh an rannpháirtíocht sin ag cur le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa sceimhlitheoireachta. |
5. Briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh
Dáileadh teachtaireachta don phobal, nó í a chur ar fáil ar bhealach eile trí aon mhodh, bíodh sin ar líne nó as líne, agus é ina aidhm dó rannchuidiú le haon cheann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go j) de mhír 3.1 a ghríosú i gcás ina moltar leis an iompar sin, go díreach nó go hindíreach, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú, rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta, agus a fhágann, dá bharr, baol ann go ndéanfaí cion amháin nó níos mó den sórt sin nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
6. Earcaíocht le haghaidh na sceimhlitheoireachta
Duine eile a shireadh chun ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1, nó i mír 4a dhéanamh, nó rannchuidiú lena dhéanamh, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
7. Oiliúint a sholáthar le haghaidh na sceimhlitheoireachta
Treoir a soláthar maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicnící eile chun críocha ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1 a dhéanamh nó rannchuidiú lena dhéanamh, agus fios a bheith ag an nduine sin gurb aidhm do na scileanna arna gcur ar fáil iad a úsáid chun na críche sin nuair a dhéantar an cion d’aon ghnó.
8. Oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta
Treoir a fháil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicnící eile chun críocha ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1 a dhéanamh nó rannchuidiú lena dhéanamh agus an cion sin a dhéanamh d'aon ghnó.
9. Taisteal a dhéanamh chun críche sceimhlitheoireachta
9.1. |
Taisteal chuig tír seachas an Stát sin chun cion sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i mír 3, a dhéanamh nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta agus fios a bheith ann go rannchuideofar, tríd an rannpháirtíocht sin, le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanfaidh grúpa den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 4, nó chun oiliúint a sholáthar nó a fháil le haghaidh sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8, nuair a dhéantar sin d’aon ghnó. |
9.2. |
Ina theannta sin, an méid a leanas nuair a dhéantar d’aon ghnó é:
|
10. Taisteal a eagrú, nó a éascú ar shlí eile, chun críocha sceimhlitheoireachta
Aon ghníomh eagruithe nó éascaithe lena dtugtar cúnamh d’aon duine taisteal chun críocha sceimhlitheoireachta, amhail dá dtagraítear i mír 9.1 agus i bpointe (a) de mhír 9.2, agus fios aige gur chun na críche sin a thugtar an cúnamh sin nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
11. Maoiniú sceimhlitheoireachta
11.1 |
Cistí a sholáthar nó a bhailiú, ar aon mhodh, go díreach nó go hindíreach, agus é mar aidhm dó sin go n-úsáidfear iad, nó ar an eolas go bhfuil siad le húsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun aon cheann de na cionta dá dtagraítear i míreanna 3 go 10 a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, nuair a dhéantar d’aon ghnó é. |
11.2 |
I gcás ina mbaineann maoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear I mír 11.1 le haon cheann de na cionta a leagtar síos I míreanna 3, 4 agus 9, ní bheidh sé riachtanach go n-úsáidfear na cistí, go hiomlán nó go páirteach, chun aon cheann de na cionta sin a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, agus ní éileofar gurb eol don chiontóir an cion nó na cionta a n-úsáidfear na cistí ina leith. |
12. Cionta eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta
Na gníomhartha intinneacha seo a leanas:
(a) |
tromghoid d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear i mír 3 a dhéanamh; |
(b) |
sracadh d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear i mír 3 a dhéanamh; |
(c) |
doiciméid riaracháin bhréagacha a tharraingt suas nó a úsáid d’fhonn ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1, pointe (b) de mhír 4, agus mír 9 a dhéanamh. |
13. Gaol le cionta sceimhlitheoireachta
Chun cion dá dtagraítear i míreanna 4 go 12 a mheas a bheith ina chion sceimhlitheoireachta mar a thagraítear de i mír 1, ní gá gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh go hiarbhír, ná ní gá, a mhéid a bhaineann leis na cionta dá dtagraítear i míreanna 5 go 10 agus i mír 12, nasc a bhunú le cion sonrach eile a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.
14. Cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh
Na gníomhartha seo a leanas:
(a) |
cabhrú le cion dá dtagraítear i míreanna 3 go 8, 11 agus 12 agus é a neartú; |
(b) |
cion dá dtagraítear i míreanna 3 go 12 a ghríosú; agus |
(c) |
iarracht ar chion a dhéanamh, dá dtagraítear i míreanna 3,6 agus 7, i mír 9.1, pointe (a) de mhír 9.2, agus míreanna 11 agus 12, cé is moite de sheilbh dá bhforáiltear i bpointe (f) de mhír 3.1 agus den chion dá dtagraítear i bpointe (k) de mhír 3.1. |
IARSCRÍBHINN 46
CALCADH AGUS COIGISTIÚ
Foirm Iarratais ar Chalcadh/ar Bhearta Sealadacha
ROINN A
An Stát iarrthach: …
An Stát is faighteoir iarrtha: …
ROINN B: Práinn
Na forais phráinne agus/nó dáta iarrtha maidir le forghníomhú:
Leagtar amach teorainneacha ama maidir leis an iarraidh ar chalcadh a fhorghníomhú in Airteagal 663 den Chomhaontú. Má tá teorainn ama níos giorra nó níos sainiúla de dhíth, áfach, tabhair an dáta agus mínigh an chúis atá leis sin:
ROINN C: Daoine ábhartha
Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir le céannacht (1) an duine nádúrtha/na ndaoine nádúrtha nó (2) an duine dhlítheanaigh/na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann san iarraidh ar chalcadh nó maidir le céannacht an duine/na ndaoine ar leis nó leo an mhaoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar chalcadh (má tá níos mó ná duine amháin i gceist, déan an fhaisnéis maidir le gach aon duine a sholáthar):
1. |
Duine nádúrtha:
|
2. |
Duine dlítheanach:
|
3. |
Tríú páirtithe:
|
4. |
Provide any other information that will assist with the execution of the freezing request: |
ROINN D: Maoin Ábhartha
Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir leis na sócmhainní atá faoi réir na hiarrata ar chalcadh. Tabhair sonraí na maoine uile agus na nithe aonair uile i gcás inarb infheidhme:
1. |
Má bhaineann sé le suim airgid:
|
2. |
Má bhaineann an iarraidh ar chalcadh le mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine (nó maoin ar luach coibhéiseach leis an maoin sin):
|
3. |
An méid iomlán a iarradh ar chalcadh nó forghníomhú sa Stát is faighteoir iarrtha (i bhfigiúirí agus i bhfocail, sonraigh an t-airgeadra): |
ROINN E: Foras maidir le hiarraidh nó ordú calctha a eisiúint (más infheidhme)
Achoimre ar na fíorais:
1. |
Leag amach na cúiseanna atá leis an iarraidh ar chalcadh nó an fáth ar eisíodh an tordú, lena n-áirítear achoimre ar na fíorais bhunúsacha agus ar an bhforas atá leis an gcalcadh, cur síos ar an gcion coiriúil/na cionta coiriúla a cúisíodh, atá á n-imscrúdú nó faoi réir imeachtaí, an chéim atá sroichte ag an imscrúdú nó ag na himeachtaí, na cúiseanna atá le haon toisc riosca agus aon fhaisnéis ábhartha eile. |
2. |
Cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona choiriúil/na gcionta coiriúla lena mbaineann an iarraidh ar chalcadh nó eisiúint an ordaithe agus an fhoráil dlí/na forálacha dlí is infheidhme. |
3. |
Níl feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin sa chás/na cásanna ina bhfuil an Stát iarrthach agus an Stát is faighteoir iarrtha tar éis fógra a thabhairt faoi Airteagal 670(2) den Chomhaontú: más iomchuí, cuir tic le ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, de réir mar atá siad sainmhínithe i ndlí an Stáit iarrthaigh, mar atá siad inphionóis sa Stát iarrthach le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad. I gcás ina mbaineann an iarraidh calctha nó an t-ordú calctha le roinnt cionta coiriúla, sonraigh, le do thoil, uimhreacha i liosta na gcionta coiriúla thíos (a chomhfhreagraíonn do na cionta coiriúla a ndéantar cur síos orthu faoi phointe 1 agus faoi phointe 2 thuas):
|
4. |
Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. an gaol idir an mhaoin agus an cion coiriúil): |
ROINN F: Rúndacht
☐ |
An gá atá leis an bhfaisnéis atá san iarraidh a choimeád faoi rún tar éis forghníomhú: |
☐ |
An gá atá le foirmiúlachtaí sonracha tráth an fhorghníomhaithe: |
ROINN G: Iarratais chuig níos mó ná Stát amháin
I gcás ina ndearnadh iarraidh ar chalcadh a tharchur chuig níos mó ná Stát amháin, cuir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
1. |
Rinneadh iarraidh ar chalcadh a tharchur chuig an Stát/na Stáit eile seo a leanas (Stát agus údarás): |
2. |
Sonraigh, le do thoil, na cúiseanna ar tarchuireadh iarrataí ar chalcadh chuig an iliomad Stát: |
3. |
Luach na sócmhainní, más eol sin, i ngach Stát is faighteoir iarrtha: |
4. |
Sonraigh, le do thoil, aon riachtanas ar leith: |
ROINN H: An gaol le hiarrataí ar chalcadh nó orduithe calctha a rinneadh roimhe seo
Más infheidhme, tabhair faisnéis atá ábhartha chun iarrataí ar chalcadh a rinneadh roimhe sin nó iarrataí gaolmhara a shainaithint:
1. |
Dáta iarrata nó eisiúna agus tarchurtha an ordaithe: |
2. |
An t-údarás chuig ar tarchuireadh é: |
3. |
An tagairt a thug na húdaráis eisiúna agus na húdaráis fhorghníomhaitheacha: |
ROINN I: Coigistiú
Tá ordú coigistíochta a eisíodh sa Stát iarrthach ag gabháil leis an iarraidh seo ar chalcadh (uimhir thagartha an ordaithe coigistíochta):
☐ |
Tá, uimhir thagartha: |
☐ |
Níl |
Fanfaidh an mhaoin chalctha sa Stát is faighteoir iarrtha go dtí go dtarchuirfear agus go bhforghníomhófar an t-ordú coigistíochta (dáta measta maidir leis an ordú coigistíochta a thíolacadh, más féidir):
ROINN J: Leigheasanna dlí (más infheidhme)
Sonraigh, le do thoil, an féidir leigheas dlí a lorg sa Stát iarrthach i gcoinne iarraidh ar chalcadh/ordú calctha a eisiúint, agus más féidir, tabhair tuilleadh sonraí (cur síos ar an leigheas dlí, lena n-áirítear na bearta is gá a dhéanamh agus spriocdhátaí
ROINN K: Údarás Eisiúna
I gcás ina bhfuil ordú calctha sa stát iarrthach ar a bhfuil an iarraidh seo ar chalcadh bunaithe, tabhair na mionsonraí seo a leanas:
1. |
An cineál údaráis eisiúna:
|
2. |
Sonraí teagmhála:
|
Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil; inneachar na Foirme Iarratais ar Chalcadh/ar Bearta Sealadacha cruinn agus ceart:
|
Ainm: |
|
Post an ionadaí (teideal/grád): |
|
Dáta: |
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): |
ROINN L: An t-Údarás Bailíochtaithe
Sonraigh, le do thoil, an cineál údaráis a bhailíochtaigh an Fhoirm Iarratais ar Chalcadh/ar Bhearta Sealadacha, más infheidhme:
☐ |
breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí |
☐ |
údarás inniúil eile arna ainmniú ag an Stát iarrthach
|
ROINN M: Údarás Lárnach
Sonraigh, le do thoil, an t-údarás lárnach atá freagrach as tarchur agus glacadh riarthach iarrataí ar chalcadh sa Stát iarrthach:
|
Ainm oifigiúil an údaráis lárnaigh: |
|
Ainm an ionadaí: |
|
Post an ionadaí (teideal/grád): |
|
Uimhir an chomhaid: |
|
Seoladh: |
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
Uimhir facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
Ríomhphost: |
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil: |
ROINN N: Tuilleadh eolais
1. |
Sonraigh, le do thoil, cé acu seo a leanas ba cheart a bheith mar phríomhphointe teagmhála sa Stát iarrthach:
|
2. |
Murab ionann iad agus thuas, tabhair sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin iarraidh seo ar chaladh:
|
ROINN O: Iarscríbhinní
Ní mór an chóip bhunaidh den ordú calctha nó cóip atá fíordheimhnithe go cuí a sholáthar leis an bhFoirm Iarratais ar Chalcadh/ar Bhearta Sealadacha más rud é gur eisíodh ordú calctha sa Stát iarrthach.
Foirm Iarratais ar Choigistiú
ROINN A
An Stát Iarrthach: …
An Stát is faighteoir iarrtha: …
ROINN B: Ordú coigistíochta
Dáta eisiúna: …
An dáta a rinneadh ordú críochnaitheach den ordú: …
Uimhir thagartha: …
Méid iomlán an oird i bhfigiúirí agus i bhfocail, sonraigh an t-airgeadra
An méid a iarradh le haghaidh forghníomhú sa Stát is faighteoir iarrtha, nó an cineál sonrach maoine nó na cineálacha sonracha maoine atá i gceist, tuairisc ar an maoin agus suíomh na maoine
Tabhair sonraí na gcinntí ón gcúirt maidir leis an ordú coigistíochta:
☐ |
gur fáltais ó chion atá sa mhaoin, nó gurb ionann í agus luach iomlán nó cuid de luach fáltas den sórt sin |
☐ |
gur ionstraimeachtaí ciona atá sa mhaoin |
☐ |
go bhfuil an mhaoin faoi dhliteanas maidir le coigistiú leathnaithe |
☐ |
go bhfuil an mhaoin faoi réir coigistíochta faoi aon fhoráil eile a bhaineann le cumhachtaí coigistíochta, lena n-áirítear coigistiú gan ciontú deiridh, faoi dhlí an Stáit iarrthaigh tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil |
ROINN C: Na daoine dá ndéantar difear
Luaigh an fhaisnéis uile, a mhéid is eol sin, maidir le céannacht (1) an duine nádúrtha/na ndaoine nádúrtha nó (2) an duine dlítheanaigh/na ndaoine dlítheanacha dá ndéanann an iarraidh coigistíochta difear (má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis faoi gach duine le do thoil):
1. |
Duine nádúrtha:
|
2. |
Duine dlítheanach:
|
3. |
Tríú páirtithe:
|
4. |
Déan aon fhaisnéis eile a sholáthar a chuideoidh le forghníomhú na hiarrata ar choigistiú: |
ROINN D: Maoin dá ndéantar difear
Luaigh an fhaisnéis uile, a mhéid agus is eol sin, maidir leis na sócmhainní atá faoi réir an choigistithe. Tabhair sonraí na maoine uile agus na nithe aonair uile, i gcás inarb infheidhme:
1. |
Má bhaineann sé le suim airgid:
|
2. |
Má bhaineann an iarraidh le mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine:
|
3. |
Luach na maoine:
|
ROINN E: Forais le coigistiú
Achoimre ar na fíorais:
1. |
Leag amach na cúiseanna ar eisíodh ordú coigistíochta, lena n-áirítear achoimre ar na fíorais bhunúsacha agus ar an bhforas atá leis an gcoigistiú, cur síos ar na cionta, na cúiseanna atá le haon fhachtóir riosca agus aon fhaisnéis ábhartha eile (amhail dáta, áit agus imthosca an chiona): |
2. |
Cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona/na gcionta ar eisíodh an t-ordú coigistíochta ina leith agus an fhoráil/na forálacha dlí is infheidhme: |
3. |
Níl feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin sa chás/na cásanna ina bhfuil an Stát iarrthach agus an Stát is faighteoir iarrtha tar éis fógra a thabhairt faoi Airteagal 672(2) den Chomhaontú: más iomchuí, cuir tic le ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, de réir mar atá siad sainmhínithe i ndlí an Stáit iarrthaigh, mar atá siad inphionóis sa Stát iarrthach le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad. I gcás ina mbaineann an t-ordú coigistíochta le roinnt cionta coiriúla, sonraigh, le do thoil, uimhreacha i liosta na gcionta coiriúla thíos (a chomhfhreagraíonn do na cionta coiriúla a ndéantar cur síos orthu faoi phointe 1 agus faoi phointe 2 thuas):
|
4. |
Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. an gaol idir an mhaoin agus an cion coiriúil): |
ROINN F: Rúndacht
☐ |
An gá atá leis an bhfaisnéis atá san iarraidh, nó cuid den fhaisnéis sin, a choimeád faoi rún Sonraigh aon fhaisnéis ábhartha, le do thoil: |
ROINN G: Iarratais chuig níos mó ná Stát amháin
I gcás ina ndearnadh iarraidh ar choigistiú a tharchur chuig níos mó ná Stát amháin, cuir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
1. |
Rinneadh iarraidh ar choigistiú a tharchur chuig an Stát/na Stáit eile seo a leanas (Stát agus údarás): |
2. |
Na cúiseanna le hiarratas ar choigistiú a tharchur chuig Stáit éagsúla (roghnaigh cúiseanna iomchuí):
|
3. |
Luach na sócmhainní, más eol sin, i ngach Stát is faighteoir iarrtha: |
4. |
Má tá gníomhaíocht ag teastáil i níos mó ná Stát amháin chun mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine a choigistiú, déan cur síos ar an ngníomhaíocht atá le déanamh sa Stát is faighteoir iarrtha: |
ROINN H: Tiontú agus aistriú maoine
1. |
Má bhaineann an iarraidh ar choigistiú le mír shonrach mhaoine, deimhnigh má cheadaíonn an Stát iarrthach an coigistiú a dhéanfar sa Stát is faighteoir iarrata a bheith i bhfoirm ceanglais go n-íocfar suim airgid atá comhfhreagrach le luach na maoine:
|
2. |
Má bhaineann an coigistiú le suim airgid, sonraigh an féidir maoin, seachas airgead a fuarthas ó fhorghníomhú an iarratais ar choigistiú, a aistriú chuig an Stát iarrthach:
|
ROINN I: Príosúnú i gcás mainneachtana nó bearta eile a chuirfeadh srian ar shaoirse duine
Sonraigh, le do thoil, má cheadaíonn an Stát iarrthach don Stát is faighteoir iarrtha príosúnacht a chur i bhfeidhm de mhainneachtain nó bearta eile a chuireann srian ar shaoirse an duine i gcás nach féidir an iarraidh ar choigistiú a fhorghníomhú, go hiomlán nó go páirteach:
☐ |
Ceadaíonn |
☐ |
Ní cheadaíonn |
ROINN J: Aiseag nó cúiteamh d’íospartaigh
1. |
Sonraigh, le do thoil, i gcás inarb ábhartha:
|
2. |
Sonraí an chinnidh chun maoin a aiseag leis an íospartach, nó chun an t-íospartach a chúiteamh:
|
ROINN K: Leigheasanna dlí
Léirigh, le do thoil, an bhfuil leigheas dlí lorgtha cheana féin in aghaidh ordú coigistíochta a eisiúint, agus má tá, tabhair sonraí breise (cur síos ar an leigheas dlí, lena n-áirítear na céimeanna is gá a ghlacadh agus na spriocdhátaí):
ROINN L: An t-Údarás Eisiúna
Tabhair sonraí, le do thoil, faoin údarás a d’eisigh an iarraidh ar choigistiú sa Stát iarrthach:
1. |
An cineál údaráis eisiúna:
|
2. |
Sonraí teagmhála:
|
Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil inneachar na Foirme Iarratais ar Choigistiú cruinn agus ceart:
|
Ainm: |
|
Post an ionadaí (teideal/grád): |
|
Dáta: |
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): |
ROINN M: An t-Údarás Bailíochtaithe
Sonraigh, le do thoil, an cineál údaráis a bhailíochtaigh an Fhoirm Iarratais ar Choigistiú, más infheidhme:
☐ |
breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí |
☐ |
údarás inniúil eile arna ainmniú ag an Stát eisiúna
|
ROINN N: Údarás Lárnach
Sonraigh, le do thoil, an t-údarás lárnach atá freagrach as an bhFoirm Iarratais ar Choigistiú a tharchur agus a fháil sa Stát iarrthach:
|
Ainm oifigiúil an údaráis lárnaigh: |
|
Ainm an ionadaí: |
|
Post an ionadaí (teideal/grád): |
|
Uimhir an chomhaid: |
|
Seoladh: |
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
Uimhir facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach) |
|
Ríomhphost: |
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil: |
ROINN O: Tuilleadh eolais
1. |
Sonraigh, le do thoil, cé acu seo a leanas ba cheart a bheith mar phríomhphointe teagmhála sa Stát iarrthach:
|
2. |
Murab ionann iad agus thuas, tabhair sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an bhFoirm Iarratais seo ar Choigistiú:
|
ROINN P: Iarscríbhinní
Ní mór an chóip bhunaidh den ordú coigistíochta nó cóip atá fíordheimhnithe go cuí a sholáthar leis an bhFoirm Iarratais ar Choigistiú.
IARSCRÍBHINN 47
NA COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS A CHUR CHUN FEIDHME
1.
Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Ríocht Aontaithe, a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán den bhliain airgeadais, an fhaisnéis seo a leanas faoi gach clár nó gníomhaíocht de chuid an Aontais, nó cuid de, a mbíonn an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann:
(a) |
na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad an Aontais arna nglacadh go críochnaitheach le haghaidh na bliana i dtrácht do na línte buiséid lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an bPrótacal dá dtagraítear in Airteagal 710 den Chomhaontú seo agus, más ábhartha, méid na leithreasuithe sannta seachtracha nach dtagann as ranníocaíocht airgeadais ó dheontóirí eile ar na línte buiséid sin; |
(b) |
méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 714(4) den Chomhaontú seo; |
(c) |
ó bhliain N + 1 de chur chun feidhme cláir a áirítear sa Phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 710 den Chomhaontú seo, cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do bhliain bhuiséadach N agus leibhéal an tsaortha; |
(d) |
maidir le cláir ag a bhfuil feidhm ag Airteagal 716 den Chomhaontú seo, maidir leis an gcuid de na cláir a bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun an ceartúchán uathoibríoch a ríomh, leibhéal na ngealltanas a tugadh i bhfabhar eintitis na Ríochta Aontaithe arna miondealú de réir na bliana comhfhreagraí de leithreasuithe buiséadacha agus de réir leibhéal iomlán gaolmhar na ngealltanas. |
Ar bhonn a Dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.
2.
An 16 Aibreán agus an 16 Iúil gach bliain airgeadais ar a dhéanaí, eiseoidh an Coimisiún glao ar chistí chuig an Ríocht Aontaithe a bheidh comhfhreagrach le ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe faoin gComhaontú seo le haghaidh gach ceann de na cláir agus na gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, a mbíonn an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann.
3.
Íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe íocaíochtaí ar leith a dhéanamh in aghaidh gach cláir agus gníomhaíochta.
4.
De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, le haghaidh na bliana ina dtabharfar an Prótacal dá dtagraítear in Airteagal 710 den Chomhaontú seo i gcrích, eiseoidh an Coimisiún glao ar chistí an 16 Aibreán 2021 má shínítear an Prótacal an 31 Márta 2021 nó roimhe, nó, ar a dhéanaí an 16ú lá den mhí tar éis na míosa inar síníodh an Prótacal má shínítear é tar éis an 31 Márta 2021. Má eisítear an glao sin ar chistí tar éis an 16 Iúil den bhliain a bheidh i gceist, eiseofar aon ghlao amháin ar chistí le haghaidh na bliana sin. Íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe íocaíochtaí ar leith a dhéanamh in aghaidh gach cláir agus gníomhaíochta.
5.
Maidir leis an nglao ar chistí, socrófar a luach tríd an méid bliantúil a ríomhtar i gcur i bhfeidhm Airteagal 714 den Chomhaontú seo, lena n-áirítear aon choigeartú faoi Airteagal 714(8), Airteagail 716 nó 717 den Chomhaontú seo, a roinnt ar líon na nglaonna ar chistí le haghaidh na bliana sin de bhun mhíreanna 2 agus 4 den Iarscríbhinn seo.
6.
De mhaolú ar mhír 5, i ndáil leis an ranníocaíocht le Fís Eorpach don chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, beidh an luach ag an nglao ar chistí do bhliain N áirithe a bunaíodh trí na nithe seo a leanas a roinnt:
(a) |
an méid bhliantúil arna ríomh
|
(b) |
líon na nglaonna ar chistí le haghaidh na bliana N sin de bhun mhíreanna 2 agus 4: Ní bheidh aon tionchar ag cur i bhfeidhm na míre seo ar ríomh an cheartaithe uathoibríoch a bhunú faoi Airteagail 716 agus 721.Maidir leis na ríomha uile ar mhéideanna eile a bhaineann le Cuid V den Chomhaontú seo, cuirfear an mhír seo san áireamh i ranníocaíocht bhliantúil na Ríochta Aontaithe. |
7.
I gcás ina bhfoirceanntar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 719 nó Airteagal 720 den Chomhaontú seo maidir le haon íocaíocht i ndáil leis an tréimhse roimh éifeacht a ghabháil leis an bhfoirceannadh, íocaíocht a cuireadh siar i gcomhréir le mír 6 den Iarscríbhinn seo, tiocfaidh an íocaíocht sin chun bheith dlite. Eiseoidh an Coimisiún glao ar chistí maidir leis an méid dlite sin mí amháin ar a dhéanaí tar éis éifeacht a ghabháil leis an bhfoirceannadh. Íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid dlite sin laistigh de 60 lá tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.
8.
Beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (‘an Rialachán Airgeadais’) is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm aige sin maidir le bainistiú na leithreasuithe.
9.
In éagmais íocaíochta na Ríochta Aontaithe faoin dáta dlite, seolfaidh an Coimisiún litir fhoirmiúil mheabhrúcháin.Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta go n-íocfaidh an Ríocht Aontaithe ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.
Is é an ráta úis a bheidh ar mhéideanna is infhaighte ach nár íocadh ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm an chéad lá den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 faoin gcéad, cibé acu is airde, móide trí phointe go leith céatadáin.
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN 48
RIALACHA NÓS IMEACHTA MAIDIR LE DÍOSPÓIDÍ A RÉITEACH
I. Sainmhínithe
1. |
Chun críocha Theideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú seo agus na Rialacha Nós Imeachta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
|
II. Fógraí a thabhairt
2. |
Maidir le haon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile:
|
3. |
Déanfar aon fhógra dá dtagraítear i riail 2 a sheoladh trí ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, trí aon mhodh teileachumarsáide eile lena ndéantar taifead gur seoladh an fógra sin. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur seachadadh an fógra sin ar an dáta seolta. |
4. |
Seolfar gach fógra chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh agus chuig Comhairleoir Dlí Oifig Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha na Ríochta Aontaithe, faoi seach. |
5. |
Mionearráidí de chineál cléireachais in aon iarraidh, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile a bhaineann leis na himeachtaí an bhinse eadrána, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh, ar doiciméad é ina léireofar go soiléir na hathruithe. |
6. |
Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na Ríochta Aontaithe an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. |
III. Na headránaithe a cheapadh
7. |
Más rud é, de bhun Airteagal 740 den Chomhaontú seo, go roghnófar eadránaí trí chrannchur, déanfaidh comhchathaoirleach Chomhairle Comhpháirtíochta an Pháirtí is déantóir gearáin dáta, am agus ionad na an chrannchuir a chur in iúl go pras do chomhchathaoirleach an Pháirtí is freagróir. In aon chás, déanfar an crannchur leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair. |
8. |
Tabharfaidh comhchathaoirleach an Pháirtí is déantóir gearáin fógra i scríbhinn do gach duine aonair a roghnófar chun feidhmiú mar eadrána faoina cheapacháin. Dearbhóidh gach duine don dá pháirtí go bhfuil sé ar fáil laistigh de na cúig lá dá éis sin ón dáta a cuireadh in iúl dó gur ceapadh é. |
9. |
Déanfaidh comhchathaoirleach Chomhairle Comhpháirtíochta an Pháirtí is déantóir gearáin an t-eadránaí nó an cathaoirleach a roghnú, trí chrannchur, laistigh de chúig lá ó dhul in éag na tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 740(2) den Chomhaontú seo, más ann d’aon cheann de na foliostaí dá dtagraítear in Airteagal 752(1) den Chomhaontú seo:
|
10. |
Féadfaidh na Páirtithe clárlann a cheapadh chun cúnamh a thabhairt imeachtaí sonracha um réiteach díospóidí a eagrú agus a dhéanamh ar bhonn socruithe ad hoc nó ar bhonn socruithe arna nglacadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta de bhun Airteagal 759 den Chomhaontú seo. Chuige sin, tráth nach déanaí ná 180 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, déanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a bhreithniú an gá d’aon leasú ar na Rialacha Nós Imeachta sin. |
IV. Cruinniú Eagrúcháin
11. |
Mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt, tiocfaidh na Páirtithe agus an binse eadrána le chéile laistigh de 7 lá tar éis bhunú an phainéil chun a shocrú cé na ceisteanna a mheasfaidh na páirtithe nó an binse eadrána a bheith iomchuí, lena n-áirítear:
Féadfaidh eadránaithe agus ionadaithe na bPáirtithe a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin ar an teileafón nó i bhfíschomhdháil. |
V. Aighneachtaí i Scríbhinn
12. |
Cuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin a aighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána. Cuirfidh an Páirtí is freagróir a aighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is déantóir gearáin. |
VI. Oibriú an bhinse eadrána
13. |
Is é cathaoirleach an bhinse eadrána a bheidh i gceannas ar na cruinnithe ar fad. Féadfaidh an binse eadrána an t-údarás cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an gcathaoirleach. |
14. |
Mura bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú seo nó sna Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an binse eadrána a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh trí aon mhodh, lena n-áirítear an teileafóin, tarchuir facs nó naisc ríomhaireachta. |
15. |
Is iad na headránaithe amháin a fhéadfaidh a bheith rannpháirteach i bpléití an bhinse eadrána, ach féadfaidh an binse eadrána cead a thabhairt do chúntóirí na gcomhaltaí a bheith i láthair ag na pléití. |
16. |
Leanfaidh dréachtú aon rialaithe, chinnidh nó tuarascála de bheith faoi fhreagracht eisiach an bhinse eadrána agus ní dhéanfar é a tharmligean. |
17. |
I gcás ina n-eascróidh ceist nós imeachta nach gcumhdaítear le Teideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi, féadfaidh an binse eadrána, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh atá ag teacht leis na forálacha sin. |
18. |
Nuair a mheasfaidh an binse eadrána gur gá aon cheann de na tréimhsí le haghaidh na n-imeachtaí a mhodhnú seachas na tréimhsí sin a leagtar amach i dTeideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú seo nó le haghaidh aon choigeartú a dhéanamh ar nós imeachta nó ar chúrsaí riaracháin, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, maidir leis na cúiseanna a bheidh leis an athrú nó leis an gcoigeartú, agus an tréimhse nó an coigeartú is gá. |
VII. Ionadú
19. |
Nuair mheasfaidh Páirtí nach gcomhlíonann eadránaí ceanglais Iarscríbhinn 49 agus ar an gcúis sin gur cheart é a ionadú, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an ama a fuair sé fianaise leordhóthanach maidir le neamhchomhlíonadh cheanglais na hIarscríbhinne sin. |
20. |
Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh de 15 lá ó fuair siad an fógra dá dtagraítear i riail 19. Cuirfidh siad in iúl don eadránaí maidir leis an mainneachtain atá curtha ina leith agus féadfaidh siad a iarraidh ar an eadránaí bearta a dhéanamh chun an mhainneachtain sin a fheabhsú. Féadfaidh siad freisin, má chomhaontaíonn siad amhlaidh, an t-eadránaí a chur as oifig agus eadránaí nua a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 740 den Chomhaontú seo. |
21. |
Mura n-éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an t-eadránaí a ionadú, cé is moite de chathaoirleach an bhinse eadrána, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar sin a chur faoi bhráid chathaoirleach an bhinse eadrána agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadh.
Má chinneann cathaoirleach an bhinse eadrána nach gcomhlíonann an t-eadránaí ceanglais Iarscríbhinn 49), roghnófar an t-eadránaí nua i gcomhréir le hAirteagal 740 den Chomhaontú seo. |
22. |
Mura n-éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an cathaoirleach a ionadú, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar sin a chur faoi bhráid duine de na comhaltaí eile ó fholiosta na gcathaoirleach arna bhunú faoiAirteagal 752 den Chomhaontú seo. Comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón bPáirtí iarrthach, nó toscaire an chathaoirligh, a tharraingeoidh a ainm an duine trí chrannchur. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an duine roghnaithe maidir leis an ngá an cathaoirleach a ionadú.
Má chinneann an duine sin nach gcomhlíonann an cathaoirleach ceanglais Iarscríbhinn 49, roghnófar an cathaoirleach nua i gcomhréir le hAirteagal 740 den Chomhaontú seo. |
VIII. Éisteachtaí
23. |
Ar bhonn na féilire a leagfar amach i gcomhréir le riail 11 agus tar éis do chathaoirleach an bhinse eadrána dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na headránaithe eile, tabharfaidh an cathaoirleach fógra do na Páirtithe faoi dháta, am agus láthair na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí sin ina mbeidh an éisteacht ar siúl an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, ach amháin i gcás ina mbíonn an éisteacht dúnta don phobal. |
24. |
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is i Londain a bheidh an éisteacht más í an Ríocht Aontaithe an Páirtí is déantóir gearáin agus is sa Bhruiséil más é an tAontas Eorpach an Páirtí is déantóir gearáin. Seasfaidh an Páirtí is freagróir na costais a eascróidh ó riarachán lóistíochta na héisteachta. |
25. |
Féadfaidh an binse eadrána éisteachtaí breise a chomóradh má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh. |
26. |
Beidh comhaltaí uile an bhinse eadrána i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine. |
27. |
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar an éisteacht, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil an éisteacht ar oscailt don phobal:
|
28. |
Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seolfaidh gach Páirtí chuig an mbinse eadrána agus chuig an bPáirtí eile liosta ainmneacha na ndaoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus ainmneacha ionadaithe agus comhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht. |
29. |
Déanfaidh an binse eadrána an éisteacht mar seo a leanas, agus áiritheoidh sé go dtabharfar am comhionann don Pháirtí is déantóir gearáin agus don Pháirtí is freagróir ó thaobh argóinte agus frisnéise araon:
|
30. |
Féadfaidh an binse eadrána ceisteanna a dhíriú ar cheachtar den dá Pháirtí aon tráth le linn na héisteachta. |
31. |
Déanfaidh an binse eadrána socrú ionas go ndéanfar tras-scríbhinn na héisteachta a ullmhú agus a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta. Féadfaidh na Páirtithe barúil a thabhairt faoin tras scríbhinn agus féadfaidh an binse eadrána na barúlacha sin a bhreithniú. |
32. |
Féadfaidh gach Páirtí aighneacht bhreise i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a thagann chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta. |
IX. Ceisteanna i scríbhinn
33. |
Féadfaidh an binse eadrána, aon tráth le linn na n-imeachtaí, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Déanfar aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin a chóipeáil chuig an bPáirtí eile. |
34. |
Tabharfaidh gach páirtí cóip dá fhreagraí ar cheisteanna an arna gcur isteach ag an mbinse eadrána don pháirtí eile. Beidh deis ag an bPáirtí eile barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir le freagraí an Pháirtí laistigh de chúig lá tar éis an chóip sin a sheachadadh. |
X. Rúndacht
35. |
Déileálfaidh gach Páirtí agus an binse eadrána mar fhaisnéis rúnda le haon fhaisnéis a chuirfidh an Páirtí eile faoi bhráid an bhinse eadrána agus a bheidh ainmnithe faoi rún ag an bPáirtí eile. Nuair a dhéanfaidh Páirtí aighneacht i scríbhinn ina bhfuil faisnéis rúnda a chur faoi bhráid an bhinse eadrána, déanfaidh sé, laistigh de 15 lá, aighneacht a chur isteach gan an fhaisnéis rúnda inti, aighneacht a nochtfar don phobal. |
36. |
Ní chuirfidh na Rialacha Nós Imeachta sin aon bhac ar Pháirtí a bharúlacha féin a nochtadh don phobal ar choinníoll nach nochtfaidh sé faisnéis a fuair sé ón bPáirtí eile ar ainmnigh an Páirtí sin síos gur faisnéis rúnda í nuair a bheidh sé ag tagairt d’fhaisnéis a fuair sé ón bPáirtí sin. |
37. |
Is go príobháideach a thionólfaidh an binse eadrána codanna áirithe den seisiún má bhíonn faisnéis rúnda sna haighneachtaí agus sna argóintí ó Pháirtí. Coinneoidh na Páirtithe éisteachtaí an bhinse eadrána faoi rún nuair a thiocfaidh siad le chéile i seisiún dúnta. |
XI. Teagmhálacha ex parte
38. |
Ní thiocfaidh an binse eadrána le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le Páirtí in éagmais an Pháirtí eile. |
39. |
Ní phléifidh eadránaí aon ghné d’ábhar na n-imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na headránaithe eile a bheith i láthair. |
XII. Aighneachtaí amicus curiae
40. |
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 5 lá ó dháta bunaithe an bhinse eadrána, féadfaidh an binse eadrána aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i gcríoch Páirtí atá neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe, ar choinníoll an méid an leanas:
|
41. |
Tabharfar fógra faoi na haighneachtaí chuig na Páirtithe ionas gur féidir leo a mbarúlacha a thabhairt fúthu. Féadfaidh na páirtithe a mbarúlacha a thabhairt don bhinse eadrána laistigh de 10 lá ó cuireadh an teachtaireacht. |
42. |
Liostóidh an binse eadrána ina thuarascáil na haighneachtaí go léir a fuair sé de bhun riail 40. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mbinse eadrána aghaidh a thabhairt ina thuarascáil ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí sin, mar sin féin, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh sé san áireamh freisin aon bharúlacha arna ndéanamh ag na Páirtithe de bhun riail 41. |
XIII. Cásanna práinneacha
43. |
I gcásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 744 den Chomhaontú seo, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, coigeartú ar na tréimhsí ama dá dtagraítear sna Rialacha Nós Imeachta seo, de réir mar is iomchuí. Tabharfaidh an binse eadrána fógra do na Páirtithe go ndearnadh na coigeartuithe sin. |
XIV. Aistriúchán agus ateangaireacht
44. |
Is é an Béarla teanga na n-imeachtaí a thabharfar os comhair an bhinse eadrána. Eiseofar rialuithe, tuarascálacha agus cinntí an bhinse eadrána i mBéarla. |
45. |
Seasfaidh gach Páirtí a chostais féin as an aistriúchán ar aon doiciméad a chuirfear faoi bhráid an bhinse eadrána agus nár dréachtaíodh i dtús báire i mBéarla, chomh maith le haon chostas a bhaineann le hateangaireacht le linn na héisteachta dá ionadaithe nó dá chomhairleoirí. |
XV. Nósanna Imeachta Eile
46. |
Déanfar na tréimhsí ama a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta seo a choigeartú i gcomhréir leis na tréimhsí ama speisialta dá bhforáiltear maidir le glacadh tuarascála nó cinnidh ag an mbinse eadrána sna himeachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 747 go 750 den Chomhaontú seo. |
ANNEX 49
CÓD IOMPAIR NA nEADRÁNAITHE
I. Sainmhínithe
1. |
Chun críocha an Chóid Iompair seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
II. Prionsabail Rialaithe
2. |
Chun ionracas agus neamhchlaontacht an tsásra um réiteach díospóidí a chaomhnú, beidh an méid seo fíor faoi gach iarrthóir agus gach eadránaí:
|
3. |
Ní rachaidh aon eadránaí faoi aon oibleagáid ná ní ghlacfaidh sé go díreach ná go hindíreach le haon sochar a chuirfeadh isteach ar aon bhealach ar chomhlíonadh cuí a dhualgais, nó a mbainfeadh an chosúlacht leis go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh na ndualgas sin. |
4. |
Ní úsáidfidh aon eadránaí a stádas mar chomhalta den bhinse eadrána chun aon leas pearsanta nó príobháideach a chur chun cinn. Seachnóidh gach eadránaí aon ghníomhaíocht a spreagfadh barúil go bhfuil stádas speisialta ag daoine eile tionchar a imirt air. |
5. |
Áiritheoidh gach eadránaí nach mbeidh tionchar ar a iompar ná a bhreithiúnas ag caidreamh ná dualgais atá nó a bhí aige, de chineál airgeadais, tráchtála, gairmiúil, pearsanta ná sóisialta. |
6. |
Seachnóidh gach eadránaí aon chaidreamh a dhéanamh, nó aon leas airgeadais a fháil ar dhócha go ndéanfadh sé dochar dá neamhchlaontacht, nó a d’fhéadfadh cur le dealramh réasúnach go mbeadh iompar míchuí nó claonadh i gceist. |
III. Oibleagáidí maidir le nochtadh
7. |
Sula nglacfaidh sé lena cheapachán mar eadránaí faoi Airteagal 740 den Chomhaontú seo, nochtfaidh iarrthóir a n-iarrfar air a bheith ina eadránaí aon leas, aon ghaol nó aon ábhar ar dócha go ndéanfaidh sé difear dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht nó a d’fhéadfadh, le réasún, cuma mhíchuí nó claonta a chruthú sna himeachtaí. Chun na críche sin, déanfaidh iarrthóir gach iarracht réasúnach teacht ar an eolas faoi aon leas, aon chaidreamh agus aon ghnó den chineál sin, lena n-áirítear leasanna airgeadais, gairme, fostaíochta nó teaghlaigh. |
8. |
Is oibleagáid bhuan í an oibleagáid faoi mhír 7 maidir le nochtadh lena gceanglaítear ar gach eadránaí na leasanna sin, an caidreamh sin nó an gnó sin d’fhéadfadh teacht chun cinn aon tráth le linn na n-imeachtaí a nochtadh. |
9. |
Cuirfidh aon iarrthóir nó aon eadránaí in iúl don Chomhairle Comhpháirtíochta lena mbreithniú aon ábhar a bhaineann le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an gCód Iompair sin a luaithe is féidir tar éis dóibh teacht ar an eolas fúthu. |
IV. Dualgais na nEadránaithe
10. |
Tar éis dó glacadh lena cheapachán, beidh eadránaí in ann tosú ar a dhualgais agus cuirfidh sé i gcrích iad go mion agus go héifeachtach ó cheann ceann na n-imeachtaí agus é ag léiriú cothromais agus dúthrachta. |
11. |
Is iad na ceisteanna a thógfar le linn na n-imeachtaí agus ar gá iad chun cinneadh a dhéanamh, agus na ceisteanna sin amháin, a scrúdóidh an t-eadránaí, agus ní tharmligfidh sé an dualgas sin chuig aon duine eile. |
12. |
Déanfaidh eadránaí gach beart is cuí chun a áirithiú go mbeidh a chúntóirí agus a fhoireann riaracháin ar an eolas faoi na hoibleagáidí arna dtabhú ag eadránaithe faoi Chodanna II, III, IV agus VI den Chód Iompair seo agus go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí sin. |
V. Oibleagáidí na nIar-Eadránaithe
13. |
Seachnóidh gach iar-Eadrána gníomhaíochtaí d’fhéadfadh cur le dealramh go mbeadh sé claonta agus iad ag comhlíonadh a ndualgas nó go mbainfidís buntáiste as cinneadh an bhinse eadrána. |
14. |
Comhlíonfaidh gach iar-eadránaí na hoibleagáidí i gCuid VI den Chód Iompair seo. |
VI. Rúndacht
15. |
Ní dhéanfaidh eadránaí, aon tráth, aon fhaisnéis nach faisnéis phoiblí í a bhaineann leis na himeachtaí nó a fuarthas le linn na n-imeachtaí ar ceapadh é nó í ina leith a nochtadh. Ní dhéanfaidh eadránaí, in aon chás, an fhaisnéis sin a nochtadh ná a úsáid chun buntáiste pearsanta a fháil nó buntáiste a fháil do dhaoine eile ná chun dochar a dhéanamh do leas daoine eile. |
16. |
Ní nochtfaidh eadránaí cinneadh de chuid an bhinse eadrána ná codanna de sula bhfoilseofar é i gcomhréir le Teideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú seo. |
17. |
Ní dhéanfaidh eadránaí, aon tráth, pléití binse eadrána, ná aon tuairim ó eadránaí, a nochtadh ná ní dhéanfaidh sé aon ráitis ar na himeachtaí ar ceapadh é ina leith ná ar na saincheisteanna atá faoi dhíospóid sna himeachtaí. |
VII. Speansas
18. |
Déanfaidh gach eadránaí taifead ar an méid ama a caitheamh ar na himeachtaí, ar an gcaiteachas a rinne sé agus ar an méid ama a chaith a chúntóirí agus a fhoireann riaracháin; agus ar an gcaiteachas a rinne siad. |
PRÓTACAL AR CHOMHAR RIARACHÁIN AGUS CALAOIS A CHOMHRAC I RÉIMSE NA CÁNACH BREISLUACHA AGUS AR CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH CHUN ÉILIMH A BHAINEANN LE CÁNACHA AGUS DLEACHTANNA A AISGHABHÁIL
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal PVAT.1
Cuspóir
Is é is cuspóir don Phrótacal seo creat a bhunú le haghaidh comhair riaracháin idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, chun a chur ar chumas a n-údarás cúnamh a thabhairt dá chéile maidir le comhlíonadh reachtaíocht CBL a áirithiú agus maidir le hioncam CBL a chosaint agus éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.
Airteagal PVAT.2
Raon feidhme
1. |
Leis an bPrótacal seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh comhair:
|
2. |
Ní dhéanfaidh an Prótacal seo difear do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse CBL agus an chúnaimh chun éilimh idir na Ballstáit a aisghabháil. |
3. |
Ní dhéanfaidh an Prótacal seo difear do chur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla. |
Airteagal PVAT.3
Sainmhínithe
Chun críoch an Phrótacail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘fiosrúchán riaracháin’ gach rialú, seiceáil agus beart eile a dhéanann na Stáit i bhfeidhmiú a gcuid dualgas d'fhonn cur i bhfeidhm ceart reachtaíocht CBL a áirithiú; |
(b) |
ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ lároifig idirchaidrimh nó roinn idirchaidrimh de chuid Stáit a dhéanann iarraidh faoi Theideal III; |
(c) |
ciallaíonn ‘malartú faisnéise uathoibríoch’ cumarsáid chórasach faisnéise réamhshainithe a dhéanamh le Stát eile, gan réamhiarraidh; |
(d) |
ciallaíonn ‘trí mheán leictreonach’ úsáid a bhaint as trealamh leictreonach le haghaidh próiseáil sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach) agus stóráil sonraí, agus úsáid a bhaint as sreanga, tarchur raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mheán leictreamaighnéadach eile; |
(e) |
ciallaíonn ‘líonra CCN/CSI’ an t-ardán coiteann atá bunaithe ar an líonra cumarsáide coiteann (‘CCN’) agus ar an gcomhéadan córais coiteann (‘CSI’), arna bhforbairt ag an Aontas, chun gach tarchur idir na húdaráis inniúla i réimse an chánachais a áirithiú trí mheán leictreonach; |
(f) |
ciallaíonn ‘oifig idirchaidrimh lárnach’ an oifig a ainmníodh de bhun Airteagal PVAT.4(2) ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as teagmhálacha maidir le cur i bhfeidhm Theideal II nó Theideal III; |
(g) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás arna ainmniú de bhun Airteagal PVAT.4(1); |
(h) |
ciallaíonn ‘oifigeach inniúil’ aon oifigeach arna ainmniú de bhun Airteagal PVAT.4(4) a fhéadfaidh faisnéis a mhalartú go díreach faoi Theideal II; |
(i) |
ciallaíonn ‘dleachtanna custaim’ an dleacht is iníoctha ar earraí a thagann isteach i gcríoch chustaim gach Páirtí, nó a fhágann an chríoch sin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i reachtaíocht chustaim an Pháirtí faoi seach; |
(j) |
ciallaíonn ‘dleachtanna máil’ na dleachtanna agus na muirir sin a shainmhínítear amhlaidh faoi reachtaíocht bhaile an Stáit ina bhfuil an t-údarás is iarratasóir lonnaithe; |
(k) |
ciallaíonn ‘roinn idirchaidrimh’ aon oifig seachas an lároifig idirchaidrimh arna hainmniú amhlaidh de bhun Airteagal PVAT.4(3) chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh nó a dheonú faoi Theideal II nó Teideal III; |
(l) |
ciallaíonn ‘duine’ aon duine mar a shainmhínítear i bpointe (l) d’Airteagal 512 den Chomhaontú seo; (1) |
(m) |
ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ an lároifig idirchaidrimh, an roinn idirchaidrimh nó – a mhéid a bhaineann le comhar faoi Theideal II – an t-oifigeach inniúil a fuair iarraidh ó údarás iarrthach nó ó údarás is iarratasóir; |
(n) |
ciallaíonn ‘údarás iarrthach’ an lároifig idirchaidrimh, an roinn idirchaidrimh nó aon oifigeach inniúil a rinne iarraidh ar chúnamh faoi Theideal II thar ceann an údaráis inniúil; |
(o) |
ciallaíonn ‘rialú comhuaineach’ seiceálacha comhordaithe ar staid chánach duine inchánach nó ar dhaoine inchánach gaolmhara, a eagraíonn ag dhá Stát nó níos mó, a bhfuil leasanna coiteanna nó leasanna comhlántacha acu; |
(p) |
ciallaíonn ‘Coiste Speisialaithe’ Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin i dtaca le CBL agus cánacha agus dleachtanna a aisghabháil; |
(q) |
ciallaíonn ‘malartú gan choinne’ cur in iúl faisnéise do Stát eile nach ndéantar ar bhonn córasach, ag aon tráth agus gan réamhiarraidh; |
(r) |
ciallaíonn ‘Stát’ Ballstát den Aontas nó an Ríocht Aontaithe de réir mar a theastaíonn de réir an chomhthéacs; |
(s) |
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach Ballstát í ná nach í an Ríocht Aontaithe í; |
(t) |
ciallaíonn ‘CBL’ cáin bhreisluacha de bhun Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha le haghaidh an Aontais agus cáin bhreisluacha de bhun an Achta Cánach Breisluacha 1994 don Ríocht Aontaithe. |
Airteagal PVAT.4
Eagraíocht
1. |
Ainmneoidh gach Stát údarás inniúil a bheidh freagrach as an bPrótacal seo a chur i bhfeidhm. |
2. |
Ainmneoidh gach Stát an méid seo a leanas:
|
3. |
Féadfaidh gach údarás inniúil an méid seo a leanas a ainmniú, go díreach nó trí tharmligean:
|
4. |
Féadfaidh gach údarás inniúil oifigigh inniúla a ainmniú, go díreach nó trí tharmligean, ar féidir leo faisnéis a mhalartú go díreach ar bhonn Theideal II den Phrótacal seo. |
5. |
Coinneoidh gach lároifig idirchaidrimh liosta na ranna idirchaidrimh agus na n-oifigeach inniúil cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil do na lároifigí idirchaidrimh eile é. |
6. |
I gcás ina seolann roinn idirchaidrimh nó oifigeach inniúil iarraidh ar chúnamh faoin bPrótacal seo nó ina bhfaighidh sí an iarraidh sin, cuirfidh sí a lároifig idirchaidrimh ar an eolas faoi sin. |
7. |
I gcás ina bhfaighidh lároifig idirchaidrimh, roinn idirchaidrimh nó oifigeach inniúil iarraidh ar chúnamh frithpháirteach lena n-éileofar gníomhaíocht lasmuigh dá inniúlacht, cuirfidh sí an iarraidh sin ar aghaidh gan mhoill chuig an lároifig idirchaidrimh inniúil nó chuig an roinn idirchaidrimh inniúil, agus cuirfidh sí an t-údarás iarrthach nó an t-údarás is iarratasóir ar an eolas faoi sin. I gcás den sórt sin, tosóidh an tréimhse a leagtar síos in Airteagal PVAT.8 an lá tar éis an iarraidh ar chúnamh a chur ar aghaidh chuig an lároifig idirchaidrimh inniúil nó chuig an roinn idirchaidrimh inniúil. |
8. |
Cuirfidh gach Páirtí an Coiste Speisialaithe ar an eolas faoina údarás inniúil chun críocha an Phrótacail seo laistigh de mhí amháin tar éis shíniú an Chomhaontaithe seo agus faoi aon athrú air i dtaca leis na húdaráis inniúla sin gan mhoill. Coinneoidh an Coiste Speisialaithe liosta na n-údarás inniúil cothrom le dáta. |
Airteagal PVAT.5
Comhaontú ar leibhéal na seirbhíse
Comhaontú ar an leibhéal seirbhíse lena n-áiritheofar cáilíocht theicniúil agus cainníocht na seirbhísí maidir le feidhmiú na gcóras cumarsáide agus malartaithe faisnéise, déanfar é a thabhairt i gcrích de réir nós imeachta arna bhunú ag an gCoiste Speisialaithe.
Airteagal PVAT.6
Rúndacht
1. |
Déileálfar le haon fhaisnéis a gheobhaidh Stát faoin bPrótacal seo mar fhaisnéis rúnda agus cosnófar í ar an modh céanna le faisnéis a fhaightear faoina dhlí baile. |
2. |
Féadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh do dhaoine nó d’údaráis (lena n-áirítear cúirteanna agus comhlachtaí riaracháin nó maoirseachta) a bhaineann le dlíthe CBL a chur i bhfeidhm agus chun measúnú ceart a dhéanamh ar CBL agus chun bearta forghníomhúcháin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta aisghabhála nó bearta réamhchúraim, maidir le héilimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1). |
3. |
Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a úsáid freisin chun cánacha eile a mheasúnú agus chun measúnú agus forghníomhú a dhéanamh, lena n-áirítear bearta aisghabhála nó réamhchúraim, maidir le héilimh a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta éigeantacha. Má léiríonn san fhaisnéis a mhalartaítear, nó má chabhraíonn sí lena chruthú gurb ann do sháruithe ar an dlí cánach, féadfar í a úsáid freisin chun smachtbhannaí riaracháin nó coiriúla a fhorchur. Is iad na daoine nó na húdaráis a luaitear i mír 2 amháin a fhéadfaidh an fhaisnéis a úsáid agus ansin chun na gcríoch atá leagtha amach sna habairtí roimhe seo den mhír seo, agus chun na gcríoch sin amháin. Féadfaidh siad í a nochtadh in imeachtaí cúirte poiblí nó i gcinntí breithiúnacha. |
4. |
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ceadóidh an stát a sholáthróidh an fhaisnéis, ar bhonn iarraidh réasúnaithe, go mbainfidh an Stát a gheobhaidh an fhaisnéis úsáid a bhaint aisti chun críche eile seachas na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal PVAT.2(1), más rud é, faoi reachtaíocht an Stáit a sholáthróidh an fhaisnéis, go bhféadfar an fhaisnéis a úsáid chun críoch comhchosúil. Glacfaidh an t-údarás iarrtha le haon iarraidh den sórt sin nó diúltóidh sé di laistigh de mhí amháin. |
5. |
Maidir le tuarascálacha, ráitis agus aon doiciméad eile, nó fíorchóipeanna deimhnithe nó sleachta díobh, a gheobhaidh Stát faoin gcúnamh a sholáthraítear leis an bPrótacal seo, féadfar sin a agairt mar fhianaise sa Stát sin ar an mbonn céanna le doiciméid dá samhail arna soláthar ag údarás eile de chuid an Stáit sin. |
6. |
Maidir faisnéis a chuirfidh Stát ar fáil dó Stát eile, féadfaidh an Stát a gheobhaidh an fhaisnéis sin í a tharchur chuig stát eile, faoi réir údarú a fháil roimh ré ón údarás inniúil as ar tháinig an fhaisnéis. Féadfaidh an stát as ar tháinig an fhaisnéis cur i gcoinne roinnt na faisnéise sin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a gheobhaidh sé an teachtaireacht ón Stát ar mian leis an fhaisnéis a roinnt. |
7. |
Féadfaidh na stáit faisnéis a fhaightear i gcomhréir leis an bPrótacal seo a tharchur chuig tríú tíortha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
8. |
Má fhaigheann Stát faisnéis ó thríú tír, féadfaidh na Stáit an fhaisnéis sin a mhalartú, a mhéid atá ceadaithe leis na socruithe cúnaimh leis an tríú tír áirithe sin. |
9. |
Tabharfaidh gach Stát fógra láithreach do na Stáit eile lena mbaineann maidir le haon sárú rúndachta agus maidir le haon smachtbhanna agus aon bheart feabhais a forchuireadh de thoradh an tsáraithe sin. |
10. |
Ní fhéadfaidh rochtain a bheith ag daoine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí ag Údarás um Chreidiúnú Slándála an Choimisiúin Eorpaigh ar an bhfaisnéis sin ach amháin sa mhéid agus go bhfuil sé riachtanach maidir le cúram, cothabháil agus forbairt na gcóras leictreonach a óstálann an Coimisiún agus a úsáideann na Stáit chun an Prótacal seo a chur chun feidhme. |
TEIDEAL II
COMHAR RIARACHÁIN AGUS CALAOIS CBL A CHOMHRAC
CAIBIDIL A hAON
MALARTÚ FAISNÉISE ARNA IARRAIDH SIN
Airteagal PVAT.7
Malartú faisnéise agus fiosrúcháin riaracháin
1. |
Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2(1) in iúl, lena n-áirítear aon fhaisnéis a bhaineann le cás sonrach nó le cásanna sonracha. |
2. |
Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh, socróidh an t-údarás iarrtha go ndéanfar aon fhiosrúcháin riaracháin is gá chun an fhaisnéis sin a fháil. |
3. |
Féadfaidh iarraidh réasúnaithe ar fhiosrúchán riaracháin réasúnaithe a bheith san iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an t-údarás iarrtha an fiosrúchán riaracháin i gcomhairle leis an údarás iarrthach nuair is gá. Má bhíonn an t-údarás iarrtha den tuairim nach bhfuil gá le fiosrúchán riaracháin, cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas láithreach maidir leis na cúiseanna atá leis sin. |
4. |
I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás iarrtha tabhairt faoi fhiosrúchán riaracháin i dtaobh na méideanna a dearbhaíodh nó i dtaobh na méideanna ba cheart a bheith dearbhaithe ag duine inchánach atá bunaithe i Stát an údaráis iarrtha, i ndáil le soláthairtí earraí nó seirbhísí agus allmhairí earraí a dhéanann an duine inchánach sin agus atá inchánach i Stát an údaráis iarrthaigh, déanfaidh an t-údarás iarrtha, ar a laghad, dátaí agus luachanna aon soláthar agus allmhairiú ábhartha a rinne an duine inchánach i Stát an údaráis iarrthaigh sa dá bhliain roimhe sin a chur ar fáil don údarás iarrthach, ach amháin nach mbíonn an fhaisnéis sin ag an údarás iarrtha agus nach gceanglaítear ar an údarás sin déanamh amhlaidh faoi reachtaíocht bhaile. |
5. |
D’fhonn an fhaisnéis a lorgaítear a fháil nó chun an fiosrúchán riaracháin a iarrtar a dhéanamh, rachaidh an t-údarás iarrtha nó an t-údarás riaracháin ina ndeachaigh sé ar iontaoibh, i mbun an fhiosrúcháin amhail is go ngníomhóidh sé ar a chuntas féin nó arna iarraidh sin d’údarás eile ina Stát féin. |
6. |
Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, cuirfidh an t-údarás iarrtha aon fhaisnéis ábhartha a fhaigheann sé nó a bhfuil ina sheilbh aige in iúl don údarás iarrthach, chomh maith le torthaí an fiosrúchán riaracháin, i bhfoirm tuarascálacha, ráiteas agus aon doiciméid eile, nó fíorchóipeanna deimhnithe nó sleachta díobh. |
7. |
Soláthrófar doiciméid bhunaidh amháin mura mbíonn sé sin contrártha do na forálacha atá i bhfeidhm i Stát an údaráis iarrtha. |
Airteagal PVAT.8
Teorainn ama d’fhaisnéis a sholáthar
1. |
Soláthróidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal PVAT.7 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an dáta a gheofar an iarraidh. Mar sin féin, más rud go bhfuil an fhaisnéis sin ag an údarás iarrtha cheana féin, laghdófar an teorainn ama go huastréimhse 30 lá. |
2. |
I gcatagóirí speisialta áirithe cásanna, féadfar na teorainneacha ama atá éagsúil ó na teorainneacha dá bhforáiltear i mír 1 a chomhaontú idir na húdaráis iarrtha agus na húdaráis iarrthacha. |
3. |
I gcás nach mbíonn an t-údarás iarrtha in ann freagra a thabhairt ar an iarraidh laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh sé in iúl láithreach don údarás iarrthach i scríbhinn maidir leis na cúiseanna nach ndearna amhlaidh, agus nuair a mheasann sé gur dócha go mbeadh sé in ann freagra a thabhairt. |
CAIBIDIL A DÓ
FAISNÉIS A MHALARTÚ GAN RÉAMHIARRAIDH
Airteagal PVAT.9
Cineálacha malartaithe faisnéise
Maidir leis an malartú faisnéise gan réamhiarraidh, déanfar é gan choinne a bheith déanta, mar a fhoráiltear in Airteagal PVAT.10, nó go huathoibríoch, mar a fhoráiltear in Airteagal PVAT.11.
Airteagal PVAT.10
Malartú faisnéise gan choinne
Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2(1), nár cuireadh ar aghaidh faoin malartú uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal PVAT.11, agus a bhfuil údarás inniúil Stáit ar an eolas fúithi, cuirfidh údarás inniúil Stáit an fhaisnéis sin ar aghaidh gan réamhiarraidh chuig údarás inniúil Stáit eile sna cásanna seo a leanas:
(a) |
más rud é go meastar go ngearrtar an cánachas i Stát eile agus gur gá faisnéis a fháil le haghaidh éifeachtacht chóras rialaithe an Stáit sin; |
(b) |
i gcás ina mbeidh forais ag Stát a thugann le fios go ndearnadh sárú ar reachtaíocht CBL nó gur dócha go ndearnadh sárú air sa Stát eile; |
(c) |
i gcás ina mbeidh riosca caillteanais cánach sa Stát eile. |
Airteagal PVAT.11
Malartú faisnéise uathoibríoch
1. |
Is é an Coiste Speisialaithe, i gcomhréir le hAirteagal PVAT.39, a dhéanfaidh amach cé na catagóirí faisnéise a mhalartófar go huathoibríoch. |
2. |
Féadfaidh Stát staonadh ó rannpháirtíocht i malartú uathoibríoch aon cheann de na catagóirí faisnéise dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó, i gcás ina gceanglófaí le bailiú na faisnéise le haghaidh malartaithe den sórt sin oibleagáidí nua a fhorchur ar dhaoine atá faoi dhliteanas i leith CBL nó i gcás ina bhforchuirfí ualach riaracháin díréireach ar an Stát sin. |
3. |
Tabharfaidh gach Stát fógra i scríbhinn don Choiste Speisialaithe faoina chinneadh a rinne sé de réir na míre thuas. |
CAIBIDIL A TRÍ
CINEÁLACHA EILE COMHAIR
Airteagal PVAT.12
Fógra riaracháin
1. |
Arna iarraidh sin don Údarás iarrthach agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le fógra a thabhairt faoi ionstraimí agus cinntí comhchosúla i Stát an údaráis iarrtha , tabharfaidh an t-údarás iarrtha fógra don seolaí faoi na hionstraimí agus na cinntí uile a seoladh ó na húdaráis iarrthacha agus a bhaineann le cur i bhfeidhm reachtaíocht CBL i Stát an údaráis iarrthaigh. |
2. |
Ar iarrataí ar fhógra, ina luafar ábhar na hionstraime nó an chinnidh atá le fógra, léireofar ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile d’fhonn an seolaí a aithint. |
3. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha in iúl don údarás iarrthach maidir lena fhreagra ar an iarraidh ar fhógra agus tabharfaidh sé fógra dó, go háirithe, faoi dháta fógra an chinnidh nó na hionstraime don seolaí. |
Airteagal PVAT.13
Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin
1. |
Trí chomhaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha , agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an údarás iarrtha , féadfaidh an t-údarás iarrtha cead a thabhairt d’oifigigh arna n-údarú ag an údarás iarrthach a bheith i láthair in oifigí an údaráis iarrtha , nó in aon áit eile ina ndéanann na húdaráis sin a ndualgais, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2(1) a mhalartú. Más rud go mbíonn an fhaisnéis a iarrtar i ndoiciméid a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis iarrtha uirthi, tabharfar cóipeanna de sin d’oifigigh an údaráis iarrthaigh arna iarraidh sin dóibh. |
2. |
Trí chomhaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagann síos ag an údarás iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrtha cead a thabhairt d’oifigigh arna n-údarú ag an údarás iarrthach a bheith i láthair le linn na bhfiosrúcháin riaracháin a dhéantar i gcríoch an Stáit an údaráis iarrtha, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2(1) a mhalartú. Is iad oifigigh an údaráis iarrtha amháin a dhéanfaidh na fiosrúcháin riaracháin sin. Ní fheidhmeoidh oifigigh an údaráis iarrthaigh na cumhachtaí cigireachta arna dtabhairt d’oifigigh an údaráis iarrtha. Féadfaidh siad, áfach, rochtain a bheith acu ar na háitribh agus ar na cáipéisí céanna a bhfuil rochtain ag an údarás iarrtha orthu, trí idirghabháil oifigigh an údaráis iarrtha chun fiosrúchán riaracháin a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin. |
3. |
Trí chomhaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an údarás iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrtha cead a thabhairt d’oifigigh arna n-údarú ag an údarás iarrthach a bheith i láthair le linn na bhfiosrúchán riaracháin a dhéantar i gcríoch an Stáit iarrtha, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2(1) a mhalartú. Déanfaidh oifigigh na n-údarás iarrthach agus oifigigh na n-údarás iarrtha na fiosrúcháin riaracháin sin i gcomhpháirtíocht le chéile agus déanfar iad faoi threoir agus de réir reachtaíocht an Stáit iarrtha. Beidh rochtain ag oifigigh na n-údarás iarrthacha ar na háitribh agus ar na doiciméid chéanna a bheidh ag oifigigh an údaráis iarrtha agus, a mhéid agus a cheadaítear é faoi reachtaíocht an Stáit iarrtha dá chuid oifigeach, beidh siad ábalta daoine inchánach a chur faoi agallamh.
I gcás ina gceadaítear é faoi reachtaíocht an Stáit iarrtha, feidhmeoidh oifigigh na Stát iarrthach na cumhachtaí cigireachta céanna leis na cumhachtaí a thugtar d’oifigigh an Stáit iarrtha. Déanfar cumhachtaí cigireachta oifigigh na n-údarás iarrthach a fheidhmiú chun dul i mbun fiosrúchán riaracháin, agus chun na críche sin amháin. Trí chomhaontú idir na húdaráis iarrthacha agus an t-údarás iarrtha, agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an údarás iarrtha, féadfaidh na húdaráis rannpháirteacha tuarascáil fiosrúcháin choiteann a dhréachtú. |
4. |
Ní mór d’oifigigh an údaráis iarrthaigh a bhíonn i láthair i Stát eile i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 a bheith ábalta údarás i scríbhinn a thaispeáint i gcónaí ina sonraítear a gcéannacht agus a gcáil oifigiúil. |
Airteagal PVAT.14
Rialuithe comhuaineacha
1. |
Féadfaidh na Stáit teacht ar chomhaontú maidir le rialuithe comhuaineacha a dhéanamh aon uair a mheasann siad go mbeidh na rialuithe sin níos éifeachtaí ná rialuithe a dhéanfadh stát amháin. |
2. |
Sainaithneoidh aon Stát na daoine inchánach go neamhspleách a bhfuil sé i gceist aige a mholadh i gcomhair rialaithe chomhuainigh. Tabharfaidh údarás inniúil an Stáit sin fógra d’údarás inniúil an Stáit eile lena mbaineann maidir leis na cásanna atá beartaithe i gcomhair rialaithe chomhuainigh. Tabharfaidh sé cúiseanna lena rogha, a mhéid is féidir, tríd an bhfaisnéis as ar tháinig a chinneadh a sholáthar. Sonróidh sé an tréimhse ama inar cheart rialuithe den sórt sin a dhéanamh. |
3. |
Deimhneoidh údarás inniúil a fhaigheann an togra maidir le rialú comhuaineach a chomhaontú nó cuirfidh sé a dhiúltú réasúnaithe in iúl don údarás eile, i bprionsabal, laistigh de choicís ón dáta a gheofar an togra, ach laistigh de mhí ar a dhéanaí. |
4. |
Ceapfaidh gach údarás inniúil lena mbaineann ionadaí a bheidh freagrach as maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar an oibríocht rialaithe. |
CAIBIDIL A CEATHAIR
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal PVAT.15
Coinníollacha lena rialaítear malartú na faisnéise
1. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2(1) ar fáil d’údarás iarrthach nó. tabharfaidh sé fógra riaracháin dá dtagraítear in Airteagal PVAT.12 ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
|
2. |
Ní fhorchuirfear leis an bPrótacal seo aon oibleagáid fiosrúcháin a dhéanamh ná faisnéis a sholáthar maidir le cás ar leith mura n-údaraítear le dlíthe nó cleachtais riaracháin an stáit don stát sin, a gceanglófaí air an fhaisnéis a sholáthar, leis na fiosrúcháin sin a dhéanamh nó an fhaisnéis sin a bhailiú nó a úsáid chun a chríoch féin. |
3. |
Féadfaidh údarás iarrtha diúltú faisnéis a sholáthar i gcás nach bhfuil an t-údarás iarrthach in ann, ar chúiseanna dlí, faisnéis chomhchosúil a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an Coiste Speisialaithe ar an eolas faoi na forais a bheidh leis an ndiúltú sin. |
4. |
D’fhéadfaí soláthar faisnéise a dhiúltú i gcás ina nochtfaí, dá bharr sin, rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála, nó faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí. |
5. |
Níor cheart in aon chás ann míreanna 2, 3 agus 4 a léiriú mar údarú don pháirtí iarrtha diúltú d’fhaisnéis a soláthair ar aon fhoras go bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh ag banc, institiúid airgeadais eile, ainmnitheach nó duine atá ag gníomhú mar ghníomhaireacht nó i gcáil muiníneach, nó toisc go mbaineann sí le leasanna úinéireachta duine. |
6. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás iarrthach ar an eolas faoi na forais a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar chúnamh. |
Airteagal PVAT.16
Aiseolas
I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil faisnéis ar fáil de bhun Airteagal PVAT.7 nó PVAT.10, féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis aiseolas a thabhairt ina leith. Má dhéantar iarraidh den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil a gheobhaidh an fhaisnéis, gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht cánach agus cosaint sonraí is infheidhme ina Stát, aiseolas a sheoladh a luaithe is féidir, ar choinníoll nach gcuirfí leis seo ualach riaracháin díréireach air.
Airteagal PVAT.17
Teangacha
Déanfar iarrataí ar chomhar, lena n-áirítear iarrataí ar fhógra, agus ar dhoiciméid i gceangal leo, i dteanga a aontaítear idir an t-údarás iarrtha agus an t-údarás iarrthach.
Airteagal PVAT.18
Sonraí staidrimh
1. |
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Páirtithe sonraí staidrimh maidir le cur i bhfeidhm an Teidil seo in iúl don Choiste Speisialaithe trí mheán leictreonach. |
2. |
Cinnfidh an Coiste Speisialaithe ábhar agus formáid na sonraí staidrimh atá le cur in iúl faoi mhír 1. |
Airteagal PVAT.19
Foirmeacha agus modhanna caighdeánacha cumarsáide
1. |
Maidir le haon fhaisnéis a chuirfear in iúl de bhun Airteagail PVAT.7, PVAT.10, PVAT.11, PVAT.12 agus PVAT.16 agus na staitisticí de bhun Airteagal PVAT.18, déanfar iad a sholáthar trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal PVAT.39(2), cé is moite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal PVAT.6(7) agus (8) nó i gcásanna sonracha ina measfaidh na húdaráis inniúla faoi seach go bhfuil modhanna slána eile níos iomchuí agus go gcomhaontaíonn siad chun na modhanna sin a úsáid. |
2. |
Déanfar na foirmeacha caighdeánacha a tharchur, a mhéid is féidir, trí mheán leictreonach. |
3. |
I gcás nár taisceadh an iarraidh go hiomlán tríd an gcóras leictreonach, deimhneoidh an t-údarás iarrtha go bhfuarthas an iarraidh trí mhodhanna leictreonacha gan mhoill agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis í a fháil. |
4. |
I gcás ina bhfaighidh údarás iarraidh nó faisnéis agus nach é faighteoir beartaithe na faisnéise an t-údarás sin, seolfaidh sé teachtaireacht trí mhodhanna leictreonacha chuig an seoltóir gan mhoill agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis é a fháil. |
5. |
Go dtí go nglacfaidh an Coiste Speisialaithe na cinntí dá dtagraítear in Airteagal PVAT.39(2), bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as na rialacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, lena n-áirítear na foirmeacha caighdeánacha. |
TEIDEAL III
CÚNAMH MAIDIR LE hAISGHABHÁIL
CAIBIDIL A hAON
MALARTÚ FAISNÉISE
Airteagal PVAT.20
Iarraidh ar fhaisnéis
1. |
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, cuirfidh an t-údarás iarrtha aon fhaisnéis ar fáil a bheidh ábhartha ionchasach don údarás is iarratasóir chun a éilimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1) a aisghabháil. Áireofar san iarraidh ar fhaisnéis, i gcás inarb ann dó, ainm agus aon sonraí ábhartha eile chun na daoine lena mbaineann a shainaithint.
Chun críoch sholáthar na faisnéise sin, socróidh an t-údarás iarrtha tabhairt i gcrích aon fhiosrúcháin riaracháin is gá chun an fhaisnéis sin a fháil. |
2. |
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás iarrtha faisnéis a chur ar fáil sna cásanna seo a leanas:
|
3. |
Ní fhorléireofar mír 2 in aon chás amhail is go gceadófaí d’údarás iarrtha a dhiúltú faisnéis a chur ar fáil de bharr gur i seilbh ag banc, institiúid airgeadais eile, ainmnitheach nó duine atá ag gníomhú mar ghníomhaireacht nó i gcáil muiníneach, nó go mbaineann an fhaisnéis sin le leasanna úinéireachta duine. |
4. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ar an eolas faoi na forais a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis. |
Airteagal PVAT.21
Faisnéis a mhalartú gan réamhiarraidh
I gcás ina mbaineann aisíoc cánacha nó dleachtanna le duine atá bunaithe nó ina chónaí i Stát eile, féadfaidh an Stát óna bhfuil an aisíocaíocht le déanamh an méid sin a chur in iúl do Stát bunaíochta nó cónaithe na haisíocaíochta atá ar feitheamh.
Airteagal PVAT.22
Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin
1. |
Trí chomhaontú idir an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás iarrtha agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an údarás iarrtha, chun an cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear sa Roinn seo chun cinn, féadfaidh oifigigh, arna n-údarú ag an údarás is iarratasóir, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
2. |
A mhéid a cheadaítear faoin reachtaíocht is infheidhme sa Stát iarrtha, féadfar foráil a dhéanamh leis an gcomhaontú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 go bhféadfaidh oifigigh de chuid an údaráis is iarratasóir daoine aonair a chur faoi agallamh agus taifid a scrúdú. |
3. |
Maidir le hoifigigh arna n-údarú ag an údarás is iarratasóir agus a bhaineann leas as an bhféidearthacht dá bhforáiltear le míreanna 1 agus 2, beidh na hoifigigh sin in ann údarás i scríbhinn a thabhairt i gcónaí lena ndearbhaítear a n-aitheantas agus a gcáil oifigiúil. |
CAIBIDIL A DÓ
CÚNAMH MAIDIR LE FÓGRA A THABHAIRT I LEITH DOICIMÉAD
Airteagal PVAT.23
Iarraidh ar fhógra a thabhairt faoi dhoiciméid áirithe a bhaineann le héilimh
1. |
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, tabharfaidh an t-údarás iarrtha fógra don seolaí faoi gach doiciméad, lena n-áirítear doiciméid de chineál breithiúnach, a seoladh ó Stát an údaráis is iarratasóir agus a bhaineann le héileamh mar a dtagraítear dó i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1) nó lena aisghabháil.
Beidh ag dul leis an iarraidh ar fhógra foirm chaighdeánach ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
|
2. |
Ní dhéanfaidh an t-údarás is iarratasóir iarraidh ar fhógra de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás nach bhfuil sé in ann fógra a thabhairt ar dhóigh atá i gcomhréir leis na rialacha maidir le fógra a thabhairt faoin doiciméad lena mbaineann ina Stát féin, nó i gcás ina dtiocfadh deacrachtaí díréireacha as fógra a thabhairt ar an dóigh sin. |
3. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha in iúl don údarás is iarratasóir láithreach maidir le haon bheart a rinne sé i dtaca lena iarraidh ar fhógra agus go háirithe, faoi dháta fógra an doiciméid don seolaí. |
Airteagal PVAT.24
Modhanna chun fógra a thabhairt
1. |
Áiritheoidh an t-údarás iarrtha gur i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin náisiúnta is infheidhme a chuirfear an fógra i gcrích sa Stát iarrtha. |
2. |
Tá mír 1 gan dochar d’aon chineál eile fógra a thugann údarás inniúil an Stáit is iarratasóir i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm sa Stát sin.
Féadfaidh údarás inniúil arna bhunú sa Stát is iarratasóir fógra a thabhairt go díreach faoi aon doiciméad, trí phost cláraithe nó ríomhphost a sheoladh chuig duine i gcríoch Stáit eile. |
CAIBIDIL A TRÍ
BEARTA TÉARNAIMH NÓ RÉAMHCHÚRAIM
Airteagal PVAT.25
Iarraidh ar aisghabháil
1. |
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, aisghabhfaidh an t-údarás iarrtha éilimh atá faoi réir ionstraim lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir. |
2. |
A luaithe a bheidh eolas ag an údarás is iarratasóir maidir le haon fhaisnéise ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar aisghabháil, cuirfidh sé ar aghaidh chuig an údarás iarrtha í. |
Airteagal PVAT.26
Coinníollacha lena rialaítear iarraidh ar aisghabháil
1. |
Ní fhéadfaidh an t-údarás is iarratasóir iarraidh ar aisghabháil a dhéanamh má dhéantar díospóid agus/nó na hionstraime agus fad a bheidh díospóid á déanamh i gcoinne an éilimh agus/nó na hionstraime lena gceadaítear a fhorghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir, cé is moite de na cásanna ina bhfuil feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal PVAT.29(4). |
2. |
Sula ndéanfaidh an t-údarás is iarratasóir iarraidh ar aisghabháil, cuirfear nósanna imeachta iomchuí um aisghabháil atá le fáil i Stát an údaráis is iarratasóir i bhfeidhm, seachas sna cásanna seo a leanas:
|
Airteagal PVAT.27
Ionstraim lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha agus doiciméid eile a ghabhann léi
1. |
Beidh ag gabháil le gach iarraidh ar aisghabháil ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú i Stát an pháirtí iarrtha.
San ionstraim aonfhoirmeach sin lena gceadaítear forghníomhú, léireofar an t-inneachar substaintiúil san ionstraim thosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir, agus beidh sí mar bhonn aonair do bhearta um aisghabháil agus do bhearta réamhchúraim i Stát an údaráis iarrtha. Ní gá aon ghníomh sa Stát sin a aithint, a fhorlíonadh nó a athsholáthar. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú:
|
2. |
Féadfaidh doiciméid eile a bhaineann leis an éileamh a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar aisghabháil éilimh, doiciméid arna n-eisiúint ag Stát an údaráis is iarratasóir. |
Airteagal PVAT.28
Forghníomhú na hiarrata ar aisghabháil
1. |
Chun críoch na haisghabhála i Stát an údaráis iarrtha, déileálfar le haon éileamh a bhfuil iarraidh ar aisghabháil déanta ina leith amhail is dá mba éileamh de chuid an Stáit sin é, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo. Bainfidh an t-údarás iarrtha úsáid as na cumhachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoi dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an Stáit sin a mbeidh feidhm acu maidir lena éilimh, mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo.
Ní bheidh oibleagáid ar Stát an údaráis iarrtha fabhair a dheonú d’éilimh a n-iarrtar a n-aisghabháil, ar fabhair iad a thugtar d’éilimh chomhchosúla a thagann chun cinn i Stát an údaráis iarrtha, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt nó má fhoráiltear a mhalairt faoi dhlí an Stáit sin. Déanfaidh Stát an údaráis iarrtha an t-éileamh a aisghabháil ina airgeadra féin. |
2. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ar an eolas le dúthracht chuí faoi aon bheart a rinne sé i leith na hiarrata ar aisghabháil. |
3. |
Ón dáta a gheofar an iarraidh ar aisghabháil, gearrfaidh an t-údarás iarrtha ús as íocaíocht dhéanach i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is infheidhme maidir lena éilimh féin. |
4. |
Féadfaidh an t-údarás iarrtha, i gcás ina gceadaítear amhlaidh leis na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is infheidhme, am a cheadú don fhéichiúnaí íocaíocht a íoc nó íocaíocht i dtráthchodanna a údarú agus féadfaidh sé ús a ghearradh ina leith sin. Cuirfidh sé an t-údarás is iarratasóir ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin. |
5. |
Gan dochar d’Airteagal PVAT.35(1), seolfaidh an t-údarás iarrtha chuig an údarás is iarratasóir na méideanna arna n-aisghabháil i leith an éilimh agus i leith an úis dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo. |
Airteagal PVAT.29
Éilimh a bhfuil díospóid fúthu agus bearta forfheidhmiúcháin
1. |
Maidir le díospóidí a bhaineann leis an éileamh, an ionstraim tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir nó an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha agus díospóidí a bhaineann le bailíocht fógra arna thabhairt ag údarás is iarratasóir, tiocfaidh siad faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla Stát an údaráis is iarratasóir. Más rud é, le linn an nós imeachta um aisghabháil, go ndéanann páirtí leasmhar díospóid i gcoinne an éilimh, na hionstraime tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir nó na hionstraime aonfhoirmí lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha, cuirfidh an t-údarás iarrtha in iúl don pháirtí sin nach mór don pháirtí sin an chaingean sin a thabhairt os comhair chomhlacht inniúil Stát an údaráis is iarratasóir i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm ann. |
2. |
Maidir le haon díospóid a bhaineann le bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh i Stát an údaráis iarrtha nó a bhaineann le bailíocht fógra a thug údarás de chuid an Stáit iarrtha, tabharfar os comhair chomhlacht inniúil an Stáit sin iad i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin. |
3. |
I gcás ina ndéantar caingean dá dtagraítear i mír 1 a thionscnamh, cuirfidh an t-údarás is iarratasóir an t-údarás iarrtha ar an eolas faoi sin agus sonróidh sé a mhéid nach bhfuil díospóid á déanamh i gcoinne an éilimh. |
4. |
A luaithe a gheobhaidh an t-údarás iarrtha fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, ón bpáirtí is iarratasóir nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorghníomhú ar fionraí a mhéid a bhaineann sé leis an gcuid de a bhfuil díospóid á déanamh ina coinne, go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí is iarratasóir a mhalairt i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo.
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, nó go measann an t-údarás iarrtha é a bheith riachtanach, agus gan dochar d’Airteagal PVAT.31, féadfaidh an t-údarás iarrtha bearta réamhchúraim a ghlacadh chun aisghabháil a ráthú a mhéid is féidir leis na dlíthe nó na rialacháin is infheidhme. Féadfaidh an t-údarás is iarratasóir, i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Stát féin, iarraidh ar an údarás iarrtha éileamh a bhfuil díospóid á déanamh ina coinne nó an chuid sin den éileamh a bhfuil díospóid á déanamh ina coinne a aisghabháil a mhéid a cheadaítear leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i Stát an údaráis iarrtha. Beidh gach iarraidh den chineál sin ina hiarraidh réasúnaithe. Má shocraítear an díospóid i bhfabhar an fhéichiúnaí, dlífear ar an t-údarás is iarratasóir aon suimeanna a aisghabhadh a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i Stát an údarás iarrtha. Má thionscnaítear nós imeachta um chomhaontú frithpháirteach idir Stát an údaráis is iarratasóir agus Stát an údaráis iarrtha , agus go bhféadfadh toradh an nós imeachta difear a dhéanamh don éileamh ar iarradh cúnamh ina leith, cuirfear na bearta aisghabhála ar fionraí nó cuirfear stop leo go dtí go gcuirfear deireadh leis an nós imeachta sin, ach amháin má bhaineann sé le cás práinne láithreach de dheasca calaoise nó dócmhainneachta. Má chuirtear na bearta aisghabhála ar fionraí nó má chuirtear stop leo, beidh feidhm ag an dara fomhír. |
Airteagal PVAT.30
Leasú nó tarraingt siar na hiarrata ar chúnamh maidir le haisghabháil
1. |
Cuirfidh an t-údarás is iarratasóir an t-údarás iarrtha ar an eolas faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar a iarraidh ar aisghabháil nó faoi tharraingt siar a iarratais, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an leasú nó an tarraingt siar. |
2. |
Más cinneadh a rinne an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal PVAT.29(1) is cúis le leasú na hiarrata, déanfaidh an t-údarás is iarratasóir sin an cinneadh sin, mar aon le hionstraim aonfhoirmeach leasaithe lena gceadaítear gnóthú i Stát an údaráis iarrtha, a chur in iúl. Ansin déanfaidh an t-údarás iarrtha tuilleadh beart um aisghabháil ar bhonn na hionstraime leasaithe.
Maidir le bearta um aisghabháil nó beartú réamhchúraim a rinneadh cheana ar bhonn na hionstraime aonfhoirmí bunaidh lena gceadaítear haisghabháil i Stát an pháirtí iarrtha, féadfar leanúint díobh ar bhonn na hionstraime leasaithe, ach amháin más é is cúis le leasú na hiarrata neamhbhailíocht na hionstraime tosaigh lena gceadaítear haisghabháil i Stát an údaráis is iarratasóir nó neamhbhailíocht na hionstraime aonfhoirmí bunaidh lena gceadaítear haisghabháil i Stát an údaráis iarrtha. Beidh feidhm ag Airteagail PVAT.27 agus PVAT.29 maidir leis an ionstraim athbhreithnithe. |
Airteagal PVAT.31
Iarraidh ar bhearta réamhchúraim
1. |
Ar iarraidh réasúnaithe a fháil dó ón bpáirtí is iarratasóir, déanfaidh an páirtí iarrtha bearta réamhchúraim, más ceadmhach sin faoina dhlí náisiúnta agus má bhíonn sé i gcomhréir lena chleachtas riaracháin, chun haisghabháil a áirithiú i gcás ina ndéanfar agóid, tráth an iarraidh a dhéanamh, i gcoinne éileamh nó ionstraim lena gceadaítear haisghabháil i Stát an pháirtí iarratasóir, nó i gcás nach bhfuil an t-éileamh faoi réir ionstraim lena gceadaítear haisghabháil i Stát an údaráis is iarratasóir, a mhéid atá bearta réamhchúraim indéanta, i gcás comhchosúil, faoi dhlí náisiúnta stát an pháirtí is iarratasóir agus de réir chleachtais riaracháin an stáit sin.
Más ann dó, maidir leis an doiciméad a tarraingíodh suas lena gceadaítear bearta réamhchúraim i Stát an údaráis is iarratasóir agus a bhaineann leis an éileamh a bhfuil cúnamh frithpháirteach á iarraidh ina leith, beidh sé ag gabháil leis an iarraidh ar bhearta réamhchúraim i Stát an údaráis iarrtha. Ní bheidh an doiciméad sin faoi réir aon ghnímh arb é is aidhm dó an doiciméad sin a aithint, a fhorlíonadh ná a athsholáthar i Stát an údaráis iarrtha. |
2. |
Féadfaidh doiciméid eile a bhaineann leis an éileamh a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar bhearta réamhchúraim. |
Airteagal PVAT.32
Rialacha lena rialáiltear an iarraidh ar bhearta réamhchúraim
Chun go mbeidh feidhm ag Airteagal PVAT.31, beidh feidhm, mutatis mutandis, ag Airteagal PVAT.25 agus Airteagal PVAT.28(1) agus (2), Airteagail PVAT.29 agus PVAT.30 maidir le hiarrataí faoi Airteagal PVAT.31.
Airteagal PVAT.33
Teorainneacha le hoibleagáid an údaráis iarrtha
1. |
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás iarrtha an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail PVAT.25 go PVAT.31 a dheonú más rud é, de bharr staid an fhiachóra, go gcothódh aisghabháil an éilimh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialacha i Stát an údaráis iarrtha, a mhéid a cheadaíonn dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin eisceacht den sórt sin maidir le héilimh náisiúnta. |
2. |
Ní bheidh d’oibleagáid ar an údarás iarrtha an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail PVAT.25 go PVAT.31 a dheonú i gcás inar léir go mbeadh na costais nó na hualaí riaracháin don Stát iarrtha díréireach leis an tairbhe airgeadaíochta a bheadh le baint ag an Stát iarratasóir. |
3. |
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás iarrtha an cúnamh a dheonú dá bhforáiltear in Airteagal PVAT.20 agus Airteagail PVAT.22 go PVAT.31 a dheonú más i leith éilimh atá níos mó ná 5 bliana d’aois, ó dháta dlite an éilimh i Stát an údaráis iarrthaigh go dáta na chéad iarrata ar chúnamh, a rinneadh an iarraidh thosaigh ar chúnamh de bhun Airteagail PVAT.20, PVAT.22, PVAT.23, PVAT.25 nó PVAT.31.
Mar sin féin, i gcásanna ina ndéanfar díospóid i gcoinne an éilimh nó na hionstraime tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir, measfar gurb é an nóiméad a shuitear i Stát an údaráis is iarratasóir nach féidir díospóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh ná na hionstraime lena gceadaítear forghníomhú a thosóidh an tréimhse 5 bliana. Ina theannta sin, i gcásanna inar dheonaigh Stát an údaráis is iarratasóir an íocaíocht nó an socrú íocaíochta i dtráthchodanna a chur siar, measfar gurb é an nóiméad a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse íocaíochta fhadaithe ina hiomláine a thosóidh an tréimhse 5 bliana. Mar sin féin, sna cásanna sin ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás iarrtha cúnamh a dheonú maidir le héilimh is sine ná 10 mbliana, amhail ó dháta dlite an éilimh i Stát an údaráis is iarratasóir. |
4. |
Ní bheidh oibleagáid ar Stát cúnamh a dheonú más lú an méid iomlán a n-iarrtar cúnamh ina leith ná GBP 5 000. |
5. |
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ar an eolas faoi na forais a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar chúnamh. |
Airteagal PVAT.34
Ceisteanna maidir le teorannú
1. |
Is leis na dlíthe atá i bhfeidhm i Stát an údaráis is iarratasóir, agus leo sin amháin, a rialófar ceisteanna a bhaineann le tréimhsí teorann. |
2. |
Maidir le tréimhsí teorann a chur ar fionraí, a bhriseadh nó a fhadú, beidh an éifeacht chéanna i Stát an údaráis is iarratasóir ag aon bheart a ghlacann an t-údarás iarrtha chun éilimh a aisghabháil nó a nglactar thar a cheann de bhun iarrata ar chúnamh a bhfuil d’éifeacht aici an tréimhse teorann a fhionraí, a bhriseadh nó a fhadú de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i Stát an údaráis iarrtha, ar choinníoll go bhforáiltear don éifeacht chomhfhreagrach faoi dhlí an Stáit is iarratasóir.
Mura féidir an tréimhse teorann a chur ar fionraí, a bhriseadh nó a fhadú faoi na dlíthe atá i bhfeidhm i Stát an údaráis iarrtha, measfar gur ndearnadh aon bheart i Stát an údaráis is iarratasóir, nó go mbeidh an éifeacht sin le haon bheart a dhéanfaidh an t-údarás iarrtha nó le haon bheart ghlacfar thar a cheann de bhun iarrata ar chúnamh, más rud é go mbeadh sé d’éifeacht acu an tréimhse teorann a chur ar fhionraí, a bhriseadh nó a fhadú de réir dhlíthe an stáit sin dá ndéanfaí iad i Stát an údaráis is iarratasóir. Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír agus an dara fomhír difear do cheart Stát an údaráis is iarratasóir bearta a dhéanamh a mbeidh d’éifeacht acu an tréimhse teorann a chur ar fionraí, a bhriseadh nó a fhadú i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Stát sin. |
3. |
Cuirfidh an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás iarrtha a chéile ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a bhriseann, a chuireann ar fionraí nó a fhadaíonn tréimhse teorann an éilimh ar iarradh na bearta aisghabhála nó réamhchúraim ina leith, nó a bhféadfadh an éifeacht sin a bheith aige. |
Airteagal PVAT.35
Costais
1. |
De bhreis ar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal PVAT.28(5), féachfaidh an t-údarás iarrtha leis na costais a bhaineann leis an aisghabháil a thabhaigh sé a aisghabháil ón duine lena mbaineann agus coimeádfaidh sé, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin a Stáit. Tréigfidh na Stáit gach éileamh ar a chéile maidir le haisíoc costas a eascraíonn as aon chúnamh frithpháirteach a thugann siad dá chéile de bhun an Phrótacail seo. |
2. |
I gcás ina gcothóidh haisghabháil fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, nó ina mbaineann sé le coireacht eagraithe, féadfaidh na húdaráis is iarratasóir agus na húdaráis iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist. |
3. |
D’ainneoin mhír 2, beidh Stát an údaráis is iarratasóir faoi dhliteanas Stát an údaráis iarrtha as aon chostais agus as aon chaillteanais arna dtabhú mar thoradh ar bhearta a measadh a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime a lena gceadaítear forfheidhmiú agus/nó bearta réamhchúraim d’eisigh an páirtí is iarratasóir. |
CAIBIDIL A CEATHAIR
RIALACHA GINEARÁLTA LENA RIALAÍTEAR GACH CINEÁL IARRATAS AR CHÚNAMH MAIDIR LE hAISGHABHÁIL
Airteagal PVAT.36
Teangacha atá le húsáid
1. |
Seolfar gach iarraidh ar chúnamh, gach foirm chaighdeánach le haghaidh fógra a thabhairt agus ionstraimí aonfhoirmeacha lena gceadaítear forfheidhmiú i Stát an údaráis iarrtha i dteanga oifigiúil Stát an údaráis iarrtha nó i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit sin, nó beidh aistriúchán go teanga oifigiúil an Stáit sin, nó go ceann de theangacha oifigiúla, ag gabháil léi. Má scríobhtar codanna áirithe de i dteanga seachas teanga oifigiúil an stáit sin nó i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit sin, ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht ná do bhailíocht an nós imeachta, a mhéid is gur teanga eile arna chomhaontú idir na Stáit lena mbaineann an teanga eile sin. |
2. |
Féadfar na doiciméid a bhfuil fógra iarrtha ina leith de bhun Airteagal PVAT.23 a sheoladh chuig an údarás iarrtha i dteanga oifigiúil de chuid Stát an údaráis is iarratasóir. |
3. |
I gcás ina bhfuil doiciméid seachas na doiciméid sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ag gabháil le hiarraidh, féadfaidh an t-údarás iarrtha, i gcás inar gá, a cheangal ar an údarás is iarratasóir na doiciméid sin a aistriú go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla Stát an údaráis iarrtha, nó go haon teanga eile arna comhaontú idir na Stáit lena mbaineann. |
Airteagal PVAT.37
Sonraí staidrimh
1. |
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh na Páirtithe liosta sonraí staidrimh maidir le cur i bhfeidhm an Teidil seo a chur chuig an gCoiste Speisialaithe trí mheán leictreonach. |
2. |
Cinnfidh an Coiste Speisialaithe ábhar agus formáid na sonraí staidrimh atá le cur in iúl faoi mhír 1. |
Airteagal PVAT.38
Foirmeacha agus modhanna caighdeánacha cumarsáide
1. |
Maidir le hiarrataí de bhun mhír 1 d’Airteagal PVAT.20(1) ar fhaisnéis, iarrataí de bhun Airteagal PVAT.23(1) ar fhógra, iarrataí de bhun Airteagal PVAT.25(1) ar aisghabháil nó iarrataí de bhun Airteagal PVAT.31(1) ar bhearta réamhchúraim agus cur in iúl sonraí staidrimh de bhun Airteagal PVAT.37, seolfar iad trí mhodh leictreonach, agus úsáid á baint as foirm chaighdeánach, ach amháin mura mbeidh sé sin indéanta ar chúiseanna teicniúla. A mhéid is féidir, úsáidfear na foirmeacha sin freisin le haghaidh aon chumarsáid eile i dtaca leis an iarraidh.
Déanfar an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráiarrtha, an doiciméad lena gceadaítear bearta réamhchúraim i Stát an údaráis is iarratasóir agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagail PVAT.27 agus PVAT.31 a sheoladh trí mhodh leictreonach freisin, ach amháin mura mbeidh sé sin indéanta ar chúiseanna teicniúla. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh tuarascálacha, ráitis agus aon doiciméid eile, nó fíorchóipeanna deimhnithe díobh nó sleachta astu, a sheolfar freisin trí mhodh leictreonach, a bheith ag gabháil leis na foirmeacha caighdeánacha, ach amháin mura mbeidh sé sin indéanta ar chúiseanna teicniúla. Féadfar foirmeacha caighdeánacha agus cumarsáid trí mhodhanna leictreonacha a úsáid freisin chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal PVAT.21. |
2. |
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an bhfaisnéis agus an doiciméadacht a fuarthas trí oifigigh a bheith i láthair in oifigí riaracháin i Stát eile nó trí bheith rannpháirteach i bhfiosruithe riaracháin i Stát eile, i gcomhréir le hAirteagal PVAT.22. |
3. |
Mura ndéantar cumarsáid trí mhodhanna leictreonacha nó le foirmeacha caighdeánacha a úsáid, ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht na faisnéise a fuarthas ná do bhailíocht na mbeart a rinneadh le linn an iarraidh ar chúnamh a fhorghníomhú. |
4. |
Féadfar an líonra cumarsáide leictreonaí agus na foirmeacha caighdeánacha arna nglacadh chun an Prótacal seo a chur chun feidhme a úsáid freisin le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil a bhaineann le héilimh eile seachas na héilimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1), más féidir cúnamh maidir le haisghabháil den sórt sin a thabhairt faoi ionstraimí déthaobhacha nó iltaobhacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de maidir le comhar riaracháin idir na Stáit. |
5. |
Go dtí go nglacfaidh an Coiste Speisialaithe na cinntí dá dtagraítear in Airteagal PVAT.39(2), bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as na rialacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, lena n-áirítear na foirmeacha caighdeánacha. |
6. |
Úsáidfidh Stát an údaráis iarrtha a airgeadra oifigiúil féin chun na méideanna aisghafa a aistriú chuig Stát an údaráis is iarratasóir, mura gcomhaontaítear na Stáit lena mbaineann a mhalairt. |
TEIDEAL IV
CUR CHUN FEIDHME AGUS CUR I bhFEIDHM
Airteagal PVAT. 39
Coiste Speisialaithe Trádála um Chomhar Riaracháin maidir le CBL agus le hAisghabháil Cánacha agus Dleachtanna
1. |
Maidir leis an gCoiste Speisialaithe:
|
2. |
Glacfaidh an Coiste Speisialaithe cinntí nó moltaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal PVAT.40
Forghníomhú iarrataí leanúnacha
1. |
I gcás nach mbeidh iarrataí ar fhaisnéis agus ar fhiosrúcháin riaracháin arna seoladh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir leis na hidirbhearta a chumhdaítear le hAirteagal 99(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nach mbeidh na hiarrataí sin dúnta fós laistigh de 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, áiritheoidh an Stát iarrtha go gcuirfear i gcrích na hiarrataí sin i gcomhréir le rialacha an Phrótacail seo. |
2. |
I gcás nach mbeidh iarrataí a bhaineann le cánacha agus dleachtanna laistigh de raon feidhme Airteagal PVAT.2 den Phrótacal seo a seoladh i gcomhréir le Treoir 2010/24/AE i ndáil leis na héilimh dá dtagraítear in Airteagal 100(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nach mbeidh na hiarrataí sin dúnta laistigh de cúig bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, áiritheoidh an Stát iarrtha go gcuirfear i gcrích na hiarrataí ar chúnamh sin i gcomhréir le rialacha an Phrótacail seo. An fhoirm aonfhoirmeach chaighdeánach le haghaidh fógra a thabhairt nó an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha arna bunú i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear sa mhír seo, coinneoidh sí a bailíocht chun críocha an fhorghníomhaithe sin. Féadfar ionstraim aonfhoirmeach leasaithe lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha a bhunú tar éis dheireadh na tréimhse 5 bliana sin maidir le héilimh ar iarrataí ar diúltaíodh cúnaimh ina leith roimh an am sin. Déanfaidh na hionstraimí aonfhoirmeacha leasaithe sin tagairt don bhunús dlí a úsáidtear don iarratas tosaigh ar chúnamh. |
Airteagal PVAT.41
Gaol le comhaontuithe nó comhshocruithe eile
Beidh tús áite ag an bPrótacal seo ar fhorálacha aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh nó aon socraithe maidir le comhar riaracháin i réimse CBL, nó maidir le cúnamh maidir le haisghabháil a bhaineann leis na héilimh a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, a tugadh i gcrích idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, a mhéid nach luíonn a chuid forálacha le forálacha an Phrótacail seo.
(1) Ar mhaithe le cinnteacht níos mó agus go háirithe chun críocha an Phrótacail seo, tuigtear go bhfuil san áireamh sa téarma ‘duine’ aon chomhlachas daoine nach bhfuil stádas dlíthiúil duine dhlíthiúil aige ach atá aitheanta faoin dlí is infheidhme mar dhuine a bhfuil an cumas aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh. San áireamh ann freisin tá aon socrú dlíthiúil eile cibé cineál agus foirm atá i gceist, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige nó nach bhfuil, a dhéanann idirbhearta ar a ngearrtar CBL nó atá faoi dhliteanas as íoc na n-éileamh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1) den Phrótacal seo.
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LE PRÓTACAL AR CHOMHAR RIARACHÁIN AGUS CALAOIS A CHOMHRAC I RÉIMSE NA CÁNACH BREISLUACHA AGUS AR CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH CHUN ÉILIMH A BHAINEANN LE CÁNACHA AGUS DLEACHTANNA A AISGHABHÁIL
ROINN 1
Go dtí go nglacfaidh an Coiste Speisialaithe na cinntí dá dtagraítear in Airteagal PVAT.39(2) den Phrótacal, beidh feidhm ag na rialacha agus na foirmeacha caighdeánacha seo a leanas.
ROINN 2
EAGRÚ NA dTEAGMHÁLACHA
2.1. |
Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is iad na lároifigí idirchaidrimh seo a leanas go príomha a bheidh freagrach as Teideal II den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm:
|
2.2. |
Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is iad na lároifigí idirchaidrimh seo a leanas a bheidh freagrach go príomha as Teideal III den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm:
|
ROINN 3
COMHAR RIARACHÁIN AGUS CALAOIS A CHOMHRAC I RÉIMSE NA CÁNACH BREISLUACHA
3.1. Cumarsáid
Déanfar an fhaisnéis faoi Theideal II den Phrótacal seo a chur in iúl, a mhéid is féidir, trí mheáin leictreonacha agus tríd an Líonra Cumarsáide Comhchoitinne (CCN) idir boscaí ríomhphoist faoi seach na Stát chun faisnéis a mhalartú maidir le comhar riaracháin nó na boscaí poist chun calaois a chomhrac i réimse CBL.
3.2. Foirm chaighdeánach
Chun faisnéis a mhalartú faoi Theideal II den Phrótacal seo, úsáidfidh na Stáit an múnla seo a leanas:
Foirm chaighdeánach le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis, le haghaidh malartú faisnéise gan choinne agus le haghaidh aiseolais idir Ballstáit an Aontais agus an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise i réimse CBL |
Tagairt malartaithe faisnéise:
|
||||||||||||||||||||||||||||||
A1 |
||||||||||||||||||||||||||||||
An Stát iarrthach: |
An Stát iarrtha: |
|||||||||||||||||||||||||||||
An t-údarás iarrthach: |
An t-údarás iarrtha: |
|||||||||||||||||||||||||||||
A2 |
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Oifigeach atá ag déileáil leis an iarraidh/malartú san údarás iarrthach: |
Oifigiúil ag déileáil leis an bhfreagra ar an iarraidh/malartú san údarás iarrtha |
|||||||||||||||||||||||||||||
Ainm: |
Ainm: |
|||||||||||||||||||||||||||||
Ríomhphost: |
Ríomhphost: |
|||||||||||||||||||||||||||||
Teileafón: |
Teileafón: |
|||||||||||||||||||||||||||||
Teanga: |
Teanga: |
|||||||||||||||||||||||||||||
A3 |
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Tagairt náisiúnta an údaráis iarrthaigh: |
Tagairt náisiúnta an údaráis iarrtha: |
|||||||||||||||||||||||||||||
Spás in áirithe don údarás iarrthach: |
Spás in áirithe don údarás iarrtha: |
|||||||||||||||||||||||||||||
A4 |
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Dáta tarchurtha na hiarrata/an mhalartaithe: |
Dáta tarchurtha an fhreagra: |
|||||||||||||||||||||||||||||
A5 |
|
|||||||||||||||||||||||||||||
An líon ceangaltán a ghabhann leis an iarraidh/malartú: |
An líon ceangaltán a ghabhann leis an bhfreagra: |
|||||||||||||||||||||||||||||
A6 |
A7 |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
An chúis leis an moill: |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
De bhun Airteagal PVAT.6(4) den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil, ceadóidh an Stát a sholáthraíonn an fhaisnéis, ar bhonn iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis a fhaightear chun críoch seachas na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Phrótacal sin a úsáid. |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
An t-údarás iarrthach |
An t-údarás iarrtha |
An t-údarás iarrtha (1) |
||||||||||||||||||||||||||||
B1 Uimhir aitheantais CBL (murach sin, uimhir aitheantais chánach) |
B1 Uimhir aitheantais CBL (murach sin, uimhir aitheantais chánach)
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir CBL: |
Uimhir CBL: |
Uimhir CBL: |
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir aitheantais chánach: |
Uimhir aitheantais chánach: |
Uimhir aitheantais chánach: |
||||||||||||||||||||||||||||
B2 Ainm |
B2 Ainm
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Ainm: |
||||||||||||||||||||||||||||
B3 Trádainm |
B3 Trádainm
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Trádainm: |
||||||||||||||||||||||||||||
B4 Seoladh |
B4 Seoladh
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Seoladh: |
||||||||||||||||||||||||||||
B5 Na dátaí seo a leanas agus an choinníoll seo orthu (BBBB/MM/LL): |
B5 Na dátaí seo a leanas agus an choinníoll seo orthu (BBBB/MM/LL):
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
B6 Dáta thús na gníomhaíochta |
B6 Dáta thús na gníomhaíochta
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
Dáta thús na gníomhaíochta |
Dáta thús na gníomhaíochta |
||||||||||||||||||||||||||||
B7 Dáta scor na gníomhaíochta |
B7 Dáta scor na gníomhaíochta
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
Dáta scor na gníomhaíochta |
Dáta scor na gníomhaíochta |
||||||||||||||||||||||||||||
B8 Ainmneacha na mbainisteoirí/na stiúrthóirí |
B8 Ainmneacha na mbainisteoirí/na stiúrthóirí
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
B9 Ainmneacha na n-úinéirí, na ndílseánach, na gcomhlach, na gcomhpháirtithe, na ngníomhairí, na ngeallsealbhóirí nó na ndaoine a bhfuil cearta eile acu sa ghnólacht |
B9 Ainmneacha na n-úinéirí, na ndílseánach, na gcomhlach, na gcomhpháirtithe, na ngníomhairí, na ngeallsealbhóirí nó na ndaoine a bhfuil cearta eile acu sa ghnólacht
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
B10 An cineál gníomhaíochta |
B10 An cineál gníomhaíochta
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
B11 An cineál idirbhearta |
An cineál idirbhearta B11 Na hearraí/seirbhísí atá bainteach
|
An cineál idirbhearta B11 Na hearraí/seirbhísí atá bainteach |
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
An tréimhse agus an méid lena mbaineann an iarraidh/malartú B12 Soláthar earraí ó thír amháin go tír eile |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
Ó |
Tréimhse |
Tréimhse |
||||||||||||||||||||||||||||
Go |
Méid |
Méid |
||||||||||||||||||||||||||||
Foinsí: ☐
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
B13 Soláthar seirbhísí ó thír amháin go tír eile |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
Ó |
Tréimhse |
Tréimhse |
||||||||||||||||||||||||||||
Go |
Méid |
Méid |
||||||||||||||||||||||||||||
Foinsí:
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Clárú |
||||||||||||||||||||||||||||||
De réir VIES nó foinsí eile, rinneadh soláthairtí tar éis an dáta ar scoireadh den ghníomhaíocht. Le míniú le do thoil. |
||||||||||||||||||||||||||||||
De réir VIES nó foinsí eile, rinneadh soláthairtí roimh an dáta clárúcháin. Le míniú le do thoil. |
||||||||||||||||||||||||||||||
Idirbhearta earraí/seirbhísí |
||||||||||||||||||||||||||||||
Earraí
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Seoltaí: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Réamhghluaiseacht/gluaisteacht ar aghaidh na n-earraí
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Seirbhísí
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Seoltaí: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Iompar earraí
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Ainm agus/nó uimhir aitheantais CBL agus seoladh: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Ainm agus/nó uimhir aitheantais CBL agus seoladh: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Ainm agus/nó uimhir aitheantais CBL agus seoladh: |
||||||||||||||||||||||||||||||
Sonraisc
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Íocaíocht
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Ón:
Chuig:
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Ordú a dhéanamh
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Earraí a chumhdaítear le scéimeanna speisialta/nósanna imeachta ar leith Le do thoil cuir tic sa bhosca iomchuí agus scríobh do cheist i mbosca C40
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Seirbhísí a chumhdaítear le forálacha áirithe Le do thoil cuir tic sa bhosca iomchuí agus scríobh do cheist i mbosca C40
|
||||||||||||||||||||||||||||||
C41 Bosca freagra saorthéacs |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Tabhair cóipeanna de na doiciméid seo a leanas (i gcás inarb infheidhme féach an méid agus an tréimhse i gcuid B12 agus B13) |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
An t-údarás iarrthach |
An t-údarás iarrtha |
An t-údarás iarrtha (3) |
||||||||||||||||||||||||||||
F1 Uimhir aitheantais CBL (murach sin, uimhir aitheantais chánach) |
F1 Uimhir aitheantais CBL (murach sin, uimhir aitheantais chánach)
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir CBL: |
Uimhir CBL: |
Uimhir CBL: |
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir aitheantais chánach: |
Uimhir aitheantais chánach: |
Uimhir aitheantais chánach: |
||||||||||||||||||||||||||||
F2 Ainm |
F2 Ainm
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Ainm: |
||||||||||||||||||||||||||||
F3 Seoladh |
F3 Seoladh
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Seoladh: |
||||||||||||||||||||||||||||
F4 Na dátaí seo a leanas agus an choinníoll seo orthu (BBBB/MM/LL): |
F4 Na dátaí seo a leanas agus an hoinnío seo orthu (BBBB/MM/LL):
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
F5 Úinéirí, dílseánaigh, comhlaigh, comhpháirtithe, gníomhairí, geallsealbhóirí nó daoine a bhfuil cearta eile acu sa ghnólacht |
F5 Úinéirí, dílseánaigh, comhlaigh, comhpháirtithe, gníomhairí, geallsealbhóirí nó daoine a bhfuil cearta eile acu sa ghnólacht
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
F6 Bainisteoirí/stiúrthóirí |
F6 Bainisteoirí/stiúrthóirí
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
An t-údarás is seoltóir |
An t-údarás is faighteoir |
|||||||||||||||||||||||||||||
Aitheantas an ghnólachta G1 Uimhir aitheantais CBL (murach sin, uimhir aitheantais chánach) |
Aitheantas an ghnólachta G1 Uimhir aitheantais CBL (murach sin, uimhir aitheantais chánach) |
|||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir CBL: |
Uimhir CBL: |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir aitheantais chánach: |
Uimhir aitheantais chánach: |
|||||||||||||||||||||||||||||
G2 Ainm |
G2 Ainm |
|||||||||||||||||||||||||||||
G3 Seoladh |
G3 Seoladh |
|||||||||||||||||||||||||||||
G4 Na dátaí seo a leanas agus an choinníoll seo orthu (BBBB/MM/LL): |
G4 Na dátaí seo a leanas agus an choinníoll seo orthu (BBBB/MM/LL): |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
G5 Úinéirí, dílseánaigh, comhlaigh, comhpháirtithe, gníomhairí, geallsealbhóirí nó daoine a bhfuil cearta eile acu sa ghnólacht |
G5 Úinéirí, dílseánaigh, comhlaigh, comhpháirtithe, gníomhairí, geallsealbhóirí nó daoine a bhfuil cearta eile acu sa ghnólacht |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
G6 Bainisteoirí, stiúrthóirí |
G6 Bainisteoirí, stiúrthóirí |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Aon bharúlacha breise |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Torthaí a bhaineann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál cánach: |
||||||||||||||||||||||||||||||
Measúnú breise: |
||||||||||||||||||||||||||||||
Pionóis |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta an tarchurtha: |
ROINN 4
CÚNAMH MAIDIR LE hAISGHABHÁIL
Airteagal 4.1
Cumarsáid
Iarraidh arna seoladh trí mheán leictreonach le haghaidh chur i bhfeidhm Theideal III den Phrótacal seo, seolfar í idir boscaí ríomhphoist CCN atá curtha ar bun don chineál cánach nó dleachta lena mbaineann an t-iarratas, ach amháin má chomhaontaíonn lároifigí idirchaidrimh na Stát is iarratasóir nó iarrtha go bhféadfar ceann amháin de na boscaí poist a úsáid le haghaidh iarrataí a bhaineann le cineálacha éagsúla cánacha nó dleachtanna.
Mar sin féin, má bhaineann iarraidh ar fhógra a thabhairt faoi dhoiciméid le níos mó ná cineál amháin cánach nó dualgais, cuirfidh an t-údarás is iarratasóir an iarraidh sin chuig bosca ríomhphoist a bheidh curtha ar bun do cheann amháin ar a laghad de na cineálacha éileamh atá luaite sna doiciméid a mbeidh fógra le tabhairt ina leith.
Airteagal 4.2
Rialacha cur chun feidhme maidir leis an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha
1. Na pionóis riaracháin, na fíneálacha, na táillí agus na formhuirir agus an t-ús agus na costais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2(1) den Phrótacal seo a d’fhéadfadh, i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm sa Stát iarrthach, a bheith dlite ó dháta na hionstraime tosaigh lena gceadaítear forghníomhú go dtí an lá roimh an dáta a sheolfar an iarraidh ar aisghabháil, féadfar iad a chur isteach san ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha.
2. Féadfar ionstraim aonfhoirmeach aonair lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha a eisiúint maidir le roinnt éileamh agus roinnt daoine, a chomhfhreagraíonn don ionstraim nó na hionstraimí tosaigh lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrthach.
3. A mhéid go bhfuil ionstraim ghinearálta lena gceadaítear forghníomhú maidir leis na héileamh uile sa Stát tagtha in ionad ionstraimí tosaigh lena gceadaítear forghníomhú maidir leis na héilimh sin sa Stát sin, féadfaidh an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha a bheith bunaithe ar na hionstraimí aonfhoirmeacha lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrthach nó ar an ionstraim ghinearálta sin lena dtugtar le chéile na hionstraimí tosaigh sin sa Stát iarrthach.
4. I gás ina bhfuil roinnt éileamh san ionstraim tosaigh dá dtagraítear i mír 2 nó san ionstraim dhomhanda dá dtagraítear i mír 3, ar bailíodh nó ar aisghabhadh ceann amháin nó níos mó díobh cheana féin, ní dhéanfaidh an ionstraim chomhionann lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha tagairt ach do na héilimh sin a n-iarrtar cúnamh maidir le haisghabháil ina leith.
5. I gcás ina mbeidh roinnt éileamh san ionstraim tosaigh dá dtagraítear i mír 2 nó san ionstraim dhomhanda dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an t-údarás iarrthach na héilimh sin a liostú in ionstraimí comhionanna éagsúla lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha, i gcomhréir le roinnt inniúlachtaí na n-oifigí aisghabhála faoi seach sa Stát iarrtha a bhaineann le cineál cánach.
6. Mura féidir le líonra CCN iarraidh a tharchur agus mura dtarchuirfear í leis an bpost, síneoidh oifigeach cuí-údaraithe de chuid an údaráis is iarratasóir an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha.
Airteagal 4.3
Na suimeanna atá le haisghabháil a chomhshó
1. Sonróidh an t-údarás iarrthach méid an éilimh atá le haisghabháil in airgeadra an Stáit iarrthaigh agus in airgeadra an Stáit iarrtha.
2. I gcás iarrataí a chuirfear chuig an Ríocht Aontaithe, is é an ráta malairte a bheidh le húsáid chun críocha an chúnaimh aisghabhála an ráta malairte arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an lá roimh an dáta a gcuirfear an iarraidh. I gcás nach mbeidh ráta den sórt sin ar fáil ar an dáta sin, is é an ráta malairte a úsáidfear an ráta malairte is déanaí a bheidh foilsithe ag an mBanc Ceannais Eorpach roimh an dáta a seolfar an iarraidh.
I gcás iarrataí arna seoladh chuig Ballstát, is é an ráta malairte a bheidh le húsáid chun críocha an chúnaimh maidir le haisghabháil an ráta malairte arna fhoilsiú ag Banc Shasana an lá roimh an dáta ar seoladh an iarraidh. I gcás nach mbeidh ráta den sórt sin ar fáil ar an dáta sin, is é an ráta malairte a úsáidfear an ráta malairte is déanaí a bheidh foilsithe ag an Banc Shasana roimh an dáta a seolfar an iarraidh.
3. Chun méid an éilimh a thiocfaidh as an gcoigeartú dá dtagraítear in Airteagal PVAT.30(2) den Phrótacal seo a chomhshó in airgeadra Stát an údaráis iarrtha, úsáidfidh an t-údarás iarrthach an ráta malairte a úsáideadh ina iarraidh thosaigh.
Airteagal 4.4
Méideanna aisghafa a aistriú
1. Déanfar na méideanna aisghafa a aistriú laistigh de dhá mhí ón dáta a aisghabhfar é, mura gcomhaontóidh na Stáit a mhalairt.
2. I gcás ina ndéanfar díospóid i gcoinne bearta aisghabhála a chuir an t-údarás iarrthach i bhfeidhm ar chúis nach bhfuil faoi chúram an Stáit iarrthaigh, féadfaidh an t-údarás iarrtha fanacht chun suimeanna a aisghabhadh maidir le héileamh an Stáit iarrthaigh a aistriú, go dtí go socrófar an díospóid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ag an am céanna:
(a) |
go measann an t-údarás iarrtha gur dócha go mbeidh toradh na díospóide fabhrach don pháirtí atá i gceist; agus |
(b) |
nach bhfuil sé dearbhaithe ag an údarás iarrthach go n-aisíocfaidh sé na suimeanna a aistríodh cheana féin más rud é go bhfuil toradh na díospóide sin fabhrach don pháirtí atá i gceist. |
3. Má rinne an t-údarás iarrthach dearbhú aisíoctha i gcomhréir le pointe (b) de mhír 2, aisíocfaidh sé na suimeanna a d'aistrigh an t-údarás iarrtha cheana féin laistigh de mhí amháin ón iarratas ar aisíocaíocht a fháil. Sa chás sin, aon chúiteamh eile atá dlite, beidh sé le híoc ag an údarás iarrtha amháin.
Airteagal 4.5:
Méideanna aisghafa a aisíoc
Déanfaidh an t-údarás iarrtha fógra a thabhairt don údarás is iarratasóir láithreach tar éis don údarás iarrtha an ghníomhaíocht sin a chur ar an eolas faoi aon bheart a rinneadh sa Stát iarrtha i leith aisíocaíocht suimeanna a aisghabhadh nó i leith cúitimh i ndáil le héilimh a a ndearna díospóid ina coinne a aisghabháil.
Chomh fada agus is féidir leis, tabharfaidh an t-údarás iarrtha páirt don údarás iarrthach sna nósanna imeachta maidir leis an méid atá le haisíoc agus an cúiteamh atá de dhíth a shocrú. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón údarás iarrtha, aistreoidh an t-údarás iarrthach na suimeanna a aisíocadh agus an cúiteamh a íocadh laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin a fháil.
Airteagal 4.6
Foirm chaighdeánach
1. Maidir leis an bhfoirm aonfhoirmeach um fhógra a ghabhann leis an iarraidh ar fhógra dá dtagraítear in Airteagal PVAT.23 den Phrótacal seo, úsáidfidh na Stáit an fhoirm arna bunú i gcomhréir le múnla A.
2. Maidir leis an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha, dá dtagraítear in Airteagal PVAT.27 den Phrótacal seo, a ghabhann leis an iarraidh ar aisghabháil nó leis an iarraidh ar bhearta réamhchúraim, nó leis an ionstraim aonfhoirmeach athbhreithnithe lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrtha, dá dtagraítear in Airteagal PVAT. 30(2) den Phrótacal seo, úsáidfidh na Stáit an fhoirm arna bunú i gcomhréir le múnla B.
3. Maidir leis an iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal PVAT.20 den Phrótacal seo, úsáidfidh na Stáit an fhoirm arna bunú i gcomhréir le múnla C.
4. Maidir leis an iarraidh ar fhógra dá dtagraítear in Airteagal PVAT.23 den Phrótacal seo, úsáidfidh na Stáit an fhoirm arna bunú i gcomhréir le múnla D.
5. Maidir leis an iarraidh ar aisghabháil nó ar bhearta réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagail PVAT.25 agus PVAT.31 den Phrótacal seo, úsáidfidh na Stáit an fhoirm arna bunú i gcomhréir le múnla E.
6. I gcás ina dtarchuirfear foirmeacha trí mheán leictreonach, féadfar a struchtúr agus a leagan amach a oiriúnú do cheanglais agus d’fhéidearthachtaí an chórais cumarsáide leictreonaí, ar choinníoll nach ndéanfar athrú substaintiúil ar an tacar sonraí agus ar an bhfaisnéis atá iontu i gcomparáid leis na samhlacha a leagtar amach thíos.
Múnla A
Foirm aonfhoirmeach um fhógra ina soláthraítear faisnéis maidir le doiciméad nó doiciméid ar tugadh fógra ina leith
(le tarchur chuig seolaí an fhógra)(1)
Tá an doiciméad seo ag gabháil le doiciméad nó doiciméid leis seo a dtugann an t-údarás inniúil fógra ina leith i leith an Stáit seo a leanas: [ainm an Stáit iarrtha].
Baineann an fógra seo le doiciméid ó údaráis inniúla an Stáit seo a leanas: [ainm an Stáit is iarratasóir], a d’iarr cúnamh um fhógra, i gcomhréir le hAirteagal PVAT.27 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna idir an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aisghabháil.
A. SEOLAÍ AN FHÓGRA
– |
Ainm |
– |
Seoladh (atá ar eolas nó measta) |
– |
Sonraí eile atá ábhartha maidir leis an seolaí a shainaithint |
B. CUSPÓIR AN FHÓGRA
Is iad cuspóirí an fhógra seo:
☐ |
an seolaí a chur ar an eolas faoin doiciméad/faoi na doiciméid lena bhfuil an doiciméad seo i gceangal |
☐ |
briseadh a chur sa tréimhse teorann don éileamh/do na héilimh dá dtagraítear sa doiciméad/sna doiciméid ar tugadh fógra ina thaobh/ina dtaobh. |
☐ |
a dhearbhú don seolaí go bhfuil sé d’oibleagáid air na suimeanna dá dtagraítear faoi phointe D a íoc. |
Tabhair do d’aire go bhféadfaidh na húdaráis, d’uireasa íocaíochta, bearta um fhorghníomhú agus/nó bearta réamhchúraim a dhéanamh chun a áirithiú go n-aisghabhfar an t-éileamh/ na héilimh. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh costais bhreise as sin, agus is ar an seolaí a thitfeadh na costais sin.
Tá an fógra seo á sheoladh chugat, óir meastar gur:
☐ |
an príomh-fhéichiúnaí |
☐ |
comhfhéichiúnaí |
☐ |
duine seachas an (comh-)fhéichiúnaí atá faoi dhliteanas maidir le réiteach na gcánacha, na ndleachtanna agus na mbeart eile, nó atá faoi dhliteanas maidir le héilimh eile a bhaineann leis na cánacha, na dleachtanna agus na bearta eile sin, de réir an dlí atá i bhfeidhm sa Stát is iarratasóir |
☐ |
duine seachas an féichiúnaí/comhfhéichiúnaí thú, a bhfuil sócmhainní ina sheilbh ar leis an bhféichiúnaí nó leis an gcomhfhéichiúnaí nó le haon duine eile atá faoi dhliteanas iad, nó a bhfuil fiacha dlite aige don fhéichiúnaí nó don chomhfhéichiúnaí nó d’aon duine eile atá faoi dhliteanas |
☐ |
tríú páirtí thú a bhféadfadh bearta um fhorghníomhú a bhaineann le daoine eile difear a dhéanamh dó |
(Beidh an fhaisnéis seo le feiceáil más rud é gur duine seachas an féichiúnaí/comhfhéichiúnaí é seolaí an fhógra, a bhfuil sócmhainní ina sheilbh ar leis an bhféichiúnaí/comhfhéichiúnaí nó le haon duine eile atá faoi dhliteanas iad, nó a bhfuil fiacha dlite aige don fhéichiúnaí nó don chomhfhéichiúnaí nó d’aon duine eile atá faoi dhliteanas, nó gur tríú páirtí é seolaí an fhógra a bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta um fhorghníomhú a bhaineann le daoine eile air:
Baineann na doiciméid ar tugadh fógra ina dtaobh le héilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna, a bhfuil an duine seo/na daoine seo a leanas faoi dhliteanas ina leith
☐ |
an príomh-fhéichiúnaí: [ainm agus seoladh (atá ar eolas nó measta)] |
☐ |
comhfhéichiúnaí: [ainm agus seoladh (atá ar eolas nó measta)] |
☐ |
duine seachas an (comh-)fhéichiúnaí atá faoi dhliteanas maidir le réiteach na gcánacha, na ndleachtanna agus na mbeart eile, nó atá faoi dhliteanas maidir le héilimh eile a bhaineann leis na cánacha, na dleachtanna agus na bearta eile sin, de réir an dlí atá i bhfeidhm sa Stát is iarratasóir:[ainm agus seoladh (de réir eolais nó é measta)]). |
Thug údarás iarrthach an Stáit iarrthaigh [ainm an Stáit iarrthaigh] cuireadh d’údaráis inniúla an Stáit iarrtha [ainm an Stáit iarrtha] an fógra sin a thabhairt roimh [dáta]. Tabhair do d’aire nach mbaineann an dáta sin go sonrach le haon tréimhse teorann.
C. OIFIG/OIFIGÍ ATÁ FREAGRACH AS AN DOICIMÉAD/NA DOICIMÉID AR TUGADH FÓGRA INA LEITH
An oifig atá freagrach maidir leis an doiciméad/na doiciméid atá i gceangal:
– |
Ainm: |
– |
Seoladh: |
– |
Sonraí teagmhála eile: |
– |
Na teanga inar féidir dul i dteagmháil leis an oifig seo: |
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoi ☐ na doiciméid ar tugadh fógra ina leith ☐ agus/nó an fhéidearthacht díospóid a dhéanamh i gcoinne na hoibleagáide
☐ |
an oifig thuasluaite atá freagrach maidir leis an doiciméad / na doiciméid atá i gceangal; agus/nó |
|
☐ |
ón oifig seo a leanas: |
|
|
– |
Ainm: |
– |
Seoladh: |
|
– |
Sonraí teagmhála eile: |
|
– |
Na teanga inar féidir dul i dteagmháil leis an oifig seo: |
D. TUAIRISC AR AN DOICIMÉAD/NA DOICIMÉID AR TUGADH FÓGRA INA THAOBH/INA DTAOBH
[Uimhir] an doiciméid
– |
Uimhir thagartha: |
|
– |
Dáta an bhunaithe: |
|
– |
Cineál an doiciméid ar tugadh fógra ina thaobh: |
|
|
☐ |
Measúnú cánach |
☐ |
Ordú íocaíochta |
|
☐ |
Cinneadh a leanann achomharc riaracháin |
|
☐ |
Doiciméad riaracháin eile: |
|
☐ |
Breithiúnas nó ordú ó: |
|
☐ |
Doiciméad breithiúnach eile: |
– |
Ainm an éilimh lena mbaineann (i dteanga an Stáit iarrthaigh): |
– |
An cineál éilimh/éileamh lena mbaineann: |
– |
Méid an éilimh/na n-éileamh lena mbaineann: |
|
|
☐ |
Príomhshuim: |
☐ |
Pionóis agus fíneálacha riaracháin: |
|
☐ |
Ús go dtí an [dáta]: |
|
☐ |
Costais go dtí an [dáta]: |
|
☐ |
Táillí do dheimhnithe agus do dhoiciméid den chineál céanna arna n-eisiúint i dtaca leis na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann leis an éileamh dá dtagraítear faoi phointe [x]: |
|
☐ |
Méid iomlán an éilimh / na n-éileamh seo: |
– |
Ba cheart an tsuim dá dtagraítear faoi phointe [x] a íoc: |
|
|
☐ |
roimh: |
☐ |
laistigh de [uimhir] lá tar éis dháta an fhógra seo |
|
☐ |
gan a thuilleadh moille |
– |
Ba cheart an íocaíocht a dhéanamh le: |
|
|
– |
Sealbhóir an chuntais bainc: |
– |
Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc (IBAN): |
|
– |
Cód Aitheantais Bainc (BIC): |
|
– |
Ainm an bhainc: |
– |
An tagairt atá le húsáid don íocaíocht: |
– |
Féadfaidh an seolaí freagra a thabhairt ar an doiciméad/na doiciméid a chuirtear in iúl leis seo. |
|
|
☐ |
An lá deiridh i gcomhair freagra: |
☐ |
Tréimhse ama i gcomhair freagra: |
– |
Ainm agus seoladh an údaráis ar féidir freagra a sheoladh chuige: |
– |
An fhéidearthacht agóid a dhéanamh: |
||
|
☐ |
Tá deireadh tagtha cheana féin leis an tréimhse le díospóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh nó an doiciméid/na ndoiciméad. |
|
☐ |
An lá deiridh chun díospóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh: |
||
☐ |
Tréimhse ama chun díospóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh: [líon na laethanta] in dhiaidh |
||
|
☐ |
dháta an fhógra sin. |
|
☐ |
bunú an doiciméid/na ndoiciméad ar tugadh fógra ina thaobh/ina dtaobh |
||
☐ |
dáta eile: |
– |
Ainm agus seoladh an údaráis ar gá an díospóid a chur faoina bhráid: |
Tabhair do d’aire go dtagann díospóidí maidir leis an éileamh, an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú nó aon doiciméad eile de thionscnamh údaráis an Stáit iarrthaigh [ainm an Stáit iarrthaigh], faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla an Stáit iarrthaigh [ainm an Stáit iarrthaigh], i gcomhréir le hAirteagal PVAT.29 den Phrótacal thuas idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
Is leis na rialacha nós imeachta agus teanga a bhfuil feidhm acu sa Stát is iarratasóir [ainm an Bhallstáit iarrthaigh] a rialófar aon díospóid den sórt sin.
☐ |
Tabhair do d’aire go bhféadfar díospóid a dhéanamh i gcoinne na haisghabhála roimh dheireadh na tréimhse inar féidir díospóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh. |
– |
Faisnéis eile: |
______________
(1) |
Is eilimintí roghnacha iad na heilimintí atá curtha i gcló hoinnío. |
Múnla B
Ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú éileamh a chumhdaítear le hAirteagal PVAT.27 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna idir ag an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aisghabháil (1)
☐ |
IONSTRAIM AONFHOIRMEACH LENA gCEADAÍTEAR FORGHNÍOMHÚ ÉILEAMH
|
☐ |
IONSTRAIM AONFHOIRMEACH LEASAITHE LENA gCEADAÍTEAR ÉILIMH A FHORGHNÍOMHÚ
|
Luaigh an áit ina bhfuil l an doiciméad seo á eisiúint: [ainm an stáit is iarratasóir]
Is ar na nithe seo a leanas a bhunaítear na bearta téarnaimh a ghlacann an Stát iarrtha:
☐ |
ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú, i gcomhréir le hAirteagal PVAT.27 den Phrótacal thuas. |
☐ |
ionstraim aonfhoirmeach athbhreithnithe lena gceadaítear forghníomhú, i gcomhréir le hAirteagal PVAT.30 den Phrótacal thuas (chun cinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal PVAT.29(1) den Phrótacal sin a chur san áireamh). |
Is é an doiciméad seo an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú (lena n-áirítear bearta réamhchúraim). Baineann sé leis an éileamh/na héilimh a luaitear thíos, a fhanann gan íoc sa Stát iarrthach [ainm an Stáit iarrthaigh]. Cuireadh an ionstraim thosaigh chun an t-éileamh/ na héilimh sin a fhorghníomhú in iúl a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh [ainm an Stáit iarrthaigh].
Tiocfaidh díospóidí a bhaineann leis an éileamh nó na héilimh go heisiach faoi inniúlachtaí chomhlachtaí inniúla an Stáit is iarratasóir [ainm an Stáit is iarratasóir], i gcomhréir le hAirteagal PVAT 29 de Phrótacal thuas. Is leis na rialacha nós imeachta agus teanga a bhfuil feidhm acu sa Stát is iarratasóir [ainm an Bhallstáit iarrthaigh] a dtabharfar aon gníomhaíocht den sórt sin os a gcomhair.
TUAIRISC AR AN ÉILEAMH NÓ NA hÉILIMH AGUS AN DUINE NÓ NA DAOINE LENA mBAINEANN
Aitheantas an éilimh/na n-éileamh lena mbaineann [uimhir]
1. |
Tagairt: |
|
2. |
An cineál éilimh/éileamh lena mbaineann: |
|
3. |
Ainm na cánach/na dleachta lena mbaineann: |
|
4. |
Tréimhse nó dáta lena mbaineann: |
|
5. |
Dáta bunaithe an éilimh: |
|
6. |
An dáta ar féidir forghníomhú a dhéanamh: |
|
7. |
Méid an éilimh atá fós dlite: |
|
|
☐ |
príomhshuim: |
☐ |
pionóis agus fíneálacha riaracháin: |
|
☐ |
ús go dtí an dáta an lá roimh sheoladh an iarratais: |
|
☐ |
costais go dtí an dáta an lá roimh sheoladh an iarratais: |
☐ |
méid iomlán an éilimh seo: |
8. |
Dáta ar tugadh fógra faoin ionstraim tosaigh lena gceadaítear forghníomhú sa Stát iarrthach: [ainm an stáit is iarratasóir]:
|
9. |
An oifig atá freagrach as measúnú an éilimh:
|
10. |
Tá tuilleadh faisnéise faoin éileamh nó faoi na féidearthachtaí atá ann díospóid a dhéanamh i gcoinne na hoibleagáide íocaíochta le fáil ó:
|
Na daoine/an duine lena mbaineann an ionstraim nó na hionstraimí náisiúnta lena gceadaítear forghníomhú a shainaithint
(a) |
Luaitear an duine seo a leanas san ionstraim náisiúnta/sna hionstraimí náisiúnta lena gceadaítear forghníomhú
Cúis dliteanais:
|
(b) |
luaitear an duine/na daoine seo a leanas freisin san ionstraim náisiúnta/sna hionstraimí náisiúnta lena gceadaítear forfheidhmiú:
Cúis dliteanais:
Faisnéis eile Méid iomlán an éilimh/na n-éileamh
|
_____________
(1) |
Is eilimintí roghnacha iad na heilimintí atá curtha i gcló hoinnío. |
Foirm mhúnla C – iarratas ar fhaisnéis
IARRAIDH AR FHAISNÉIS Bunaithe ar Airteagal 20 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aisghabháil Tagairt: AA_RA_aaaaaaaaaaa_rrrrrrrrrrrr_20YYMMDD_xxxxxxx_RI |
An cineál éilimh/éileamh lena mbaineann:
|
||||||
Tír: Ainm: Teileafón: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: Scileanna teanga |
|
Ainm: Seoladh: Cód poist: Baile: Teileafón: Ríomhphost: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: |
|
||||||
Tír: Ainm: Teileafón: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: Scileanna teanga |
|
Ainm: Seoladh: Cód poist: Baile: Teileafón: Ríomhphost: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: |
|
||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||
|
|
|||||||||||||
Dáta |
Uimh |
Teachtaireacht |
Údaráis is iarratasóir |
An t-údarás iarrtha |
|||||||||
dáta |
1 ☐ |
Glacaim féin leis, an t-údarás iarrtha, go bhfuarthas an iarraidh. |
|||||||||||
dáta
|
2 ☐ |
Iarraim, iarrtha, ar an údarás is iarratasóir an iarraidh a líon isteach leis an bhfaisnéis bhreise seo a leanas: |
|||||||||||
dáta |
3 ☐ |
Mise, an t-údarás iarrtha, ní bhfuair mé an fhaisnéis bhreise is gá go fóill agus dúnfaidh mé d’iarratas mura bhfaighidh mé an t-eolas sin roimh 20BB/MM/LL. |
|||||||||||
dáta |
4 |
Mise, an t-údaráis is iarratasóir, |
|||||||||||
|
☐ |
a |
cuirim ar fáil, arna iarraidh sin, an fhaisnéis bhreise seo a leanas: |
||||||||||
|
☐ |
b |
níl mé in ann an fhaisnéis bhreise a iarradh a chur ar fáil (mar gheall ar:) |
||||||||||
dáta |
5 ☐ |
Glacaim féin leis, an t-údarás iarrtha, go bhfuarthas an fhaisnéis bhreise agus táim in ann dul ar aghaidh anois. |
|||||||||||
dáta |
6 |
Ní thugaim, an t-údarás iarrtha, cúnamh agus dúnaim an cás toisc: |
|||||||||||
☐ |
a |
Níl aon inniúlacht agam maidir le haon cheann de na héilimh lena mbaineann an t-iarratas. |
|||||||||||
☐ |
b |
tá an t-éileamh níos sine ná mar a fhoráiltear sa Phrótacal. |
|||||||||||
☐ |
c |
tá méid an éilimh faoi bhun na tairsí. |
|||||||||||
☐ |
d |
Níl mé in ann an fhaisnéis sin a fháil chun críche éilimh náisiúnta den chineál céanna a aisghabháil. |
|||||||||||
☐ |
e |
Sceithfeadh sé sin rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil. |
|||||||||||
☐ |
f |
ar dóigh go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar do shlándáil an Stáit nó ar dóigh go rachadh an nochtadh sin i gcoinne bheartais phoiblí an Stáit. |
|||||||||||
|
☐ |
g |
nár sholáthair an t-údarás is iarratasóir an fhaisnéis bhreise uile ba ghá. |
||||||||||
|
☐ |
h |
cúiseanna eile: |
||||||||||
dáta |
7 ☐ |
Iarraim, an t-údarás is iarratasóir, go gcuirfear ar an eolas mé faoi stádas reatha m’iarratais. |
|||||||||||
dáta |
8 |
Ní féidir liomsa, an t-údarás iarrtha, an fhaisnéis a chur ar fáil anois mar:
|
|||||||||||
dáta |
9 |
Ní féidir an fhaisnéis a iarradh a fháil ar na cúiseanna seo a leanas: |
|||||||||||
☐ |
a |
Ní fios cé hé an duine lena mbaineann. |
|||||||||||
☐ |
b |
sonraí nach leor chun an duine lena mbaineann a shainaithint. |
|||||||||||
☐ |
c |
tá an duine lena mbaineann tar éis bogadh ar shiúl, ní fios cad é an seoladh. |
|||||||||||
☐ |
d |
Níl an fhaisnéis a iarradh ar fáil. |
|||||||||||
☐ |
e |
cúiseanna eile: |
|||||||||||
dáta |
10 ☐ |
Tarchuirfidh mé, an t-údarás iarrtha, an chuid seo a leanas den fhaisnéis a iarradh: |
|||||||||||
dáta |
11 |
Tarchuirfidh mé, an t-údarás iarrtha, an fhaisnéis uile (nó an chuid deiridh di) |
|||||||||||
|
☐ |
a |
An t-aitheantas deimhnithe |
||||||||||
|
☐ |
b |
Seoladh deimhnithe |
||||||||||
|
☐ |
c |
Tá athrú tagtha ar na sonraí seo a leanas i dtaobh chéannacht an duine lena mbaineann (nó cuirtear isteach iad): |
||||||||||
|
|
|
Le haghaidh daoine nádúrtha: |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
☐ |
|
Le haghaidh eintitis dhlíthiúla: |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
☐ |
d |
Athraíodh na sonraí seoltaí seo a leanas (nó cuirtear isteach iad): |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
☐ |
e |
An staid airgeadais: |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc (IBAN): … |
||||||||||
|
|
|
Cód aitheantais bainc (BIC): … |
||||||||||
|
|
|
Ainm an bhainc: … |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
Ainm: |
||||||||||
|
|
|
Ainm sráide agus uimh.: |
||||||||||
|
|
|
Mionsonraí an tseolta: |
||||||||||
|
|
|
Cód poist agus baile: |
||||||||||
|
|
|
Tír: |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
☐ |
f |
Fiachas atá faoi dhíospóid |
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
☐ |
g |
Féichiúnaí atá básaithe an BBBB/MM/LL |
||||||||||
|
☐ |
h |
Ainm agus seoladh na n-oidhrí/seiceadóir uachta: |
||||||||||
|
☐ |
i |
Barúlacha eile: |
||||||||||
|
☐ |
j |
Molaim dul ar aghaidh le nósanna imeachta aisghabhála |
||||||||||
|
☐ |
k |
Molaim gan dul ar aghaidh le nósanna imeachta aisghabhála |
||||||||||
dáta |
12 ☐ |
Déanaimse, an t-údarás is iarratasóir, m’iarratas ar fhaisnéis a tharraingt siar. |
|||||||||||
dáta |
13 ☐ |
Eile: Trácht ón oúdarás is iarratasóir nó ón oúdarás iarrtha: |
Foirm mhúnla D – iarratas ar fhaisnéis
IARRAIDH AR FHÓGRA Bunaithe ar Airteagal PVAT.23 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aisghabháil Tagairt: AA_RA_aaaaaaaaaaa_rrrrrrrrrrrr_20YYMMDD_xxxxxxx_RN |
An cineál éilimh/éileamh lena mbaineann:
|
||||||
Tír: Ainm: Teileafón: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: Scileanna teanga: |
|
Ainm: Seoladh: Cód poist: Baile: Teileafón: Ríomhphost: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: |
|
||||||
Tír: Ainm: Teileafón: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: Scileanna teanga: |
|
Ainm: Seoladh: Cód poist: Baile: Teileafón: Ríomhphost: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: |
|
||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5 |
CUSPÓIR AN FHÓGRA: féach an fhoirm um fhógra aonfhoirmeach atá i gceangal leis seo. |
6 |
TUAIRSC AR NA DOICIMÉID/AN DOICIMÉD AR TUGADH FÓGRA INA LEITH: féach an fhoirm um fhógra aonfhoirmeach atá i gceangal leis seo. |
|
|||||||
Dáta |
Uimh |
Teachtaireacht |
Údaráis is iarratasóir |
An t-údarás iarrtha |
|||
dáta |
1 ☐ |
Glacaim féin leis, an t-údarás iarrtha, go bhfuarthas an iarraidh. |
|||||
dáta |
2 ☐ |
Iarraim, an t-údarás iarrtha, ar an údarás is iarratasóir an iarraidh a líon isteach leis an bhfaisnéis bhreise seo a leanas: |
|||||
dáta |
3 ☐ |
Mise, an t-údarás iarrtha, ní bhfuair mé an fhaisnéis bhreise is gá go fóill agus dúnfaidh mé d’iarratas mura bhfaighidh mé an t-eolas sin roimh 20BB/MM/LL. |
|||||
dáta |
4 |
Mise, an t-údaráis is iarratasóir, |
|||||
|
☐ |
a |
cuirim ar fáil, arna iarraidh sin, an fhaisnéis bhreise seo a leanas: |
||||
|
☐ |
b |
Níl mé in ann an fhaisnéis bhreise a iarradh a chur ar fáil (mar gheall ar:) |
||||
dáta |
5 ☐ |
Glacaim féin leis, an t-údarás iarrtha, go bhfuarthas an fhaisnéis bhreise agus táim in ann dul ar aghaidh anois. |
|||||
dáta |
6 ☐ ☐ ☐ ☐ ☐ |
Ní thugaim, an t-údarás iarrtha, cúnamh agus dúnaim an cás toisc: |
|||||
a |
Níl aon inniúlacht agam maidir le haon cheann de na cánacha lena mbaineann an t-iarratas. |
||||||
b |
tá an t-éileamh/na héilimh níos sine ná mar a fhoráiltear sa Phrótacal. |
||||||
c |
tá méid an éilimh/na n-éileamh faoi bhun na tairsí. |
||||||
d |
níor chuir an t-údarás is iarratasóir an fhaisnéis bhreise ar fad is gá ar fáil |
||||||
e |
Cúiseanna eile: |
||||||
dáta |
7 ☐ |
Iarraim, an t-údarás is iarratasóir, go gcuirfear ar an eolas mé faoi stádas reatha m’iarratais. |
|||||
dáta |
8 |
Deimhnímse, an t-údarás iarrtha: |
|||||
|
☐ |
a |
go bhfuil an doiciméad/na doiciméid curtha in iúl don seolaí, le héifeacht dhlíthiúil de réir reachtaíocht náisiúnta Stát an údaráis iarrtha, maidir le dáta, an 20BB/MM/LL. |
||||
|
|
|
Rinneadh an fógra ar an modh seo a leanas: |
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
☐ |
b |
nach bhféadfaí an doiciméad/na doiciméid thuasluaite a chur in iúl don duine lena mbaineann ar na cúiseanna seo a leanas: |
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
dáta |
9 ☐ |
Déanaimse, údarás is iarratasóir, m’iarratas ar fhógra a tharraingt siar. |
|||||
dáta |
10 ☐ |
Eile: Trácht ☐ ón údarás is iarratasóir nó ☐ ón údarás iarrtha: |
Foirm mhúnla E – iarraidh ar aisghabháil nó ar bhearta réamhchúraim
IARRAIDH AR ☐ BHEARTA AISGHABHÁLA Bunaithe ar Airteagal PVAT.25 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aisghabháil AGUS/NÓ ☐ BEARTA RÉAMHCHÚRAIM Bunaithe ar Airteagal PVAT.31 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aisghabháil Tagairt: AA_RA_aaaaaaaaaaa_rrrrrrrrrrrr_20YYMMDD_xxxxxxx_RR(RP) |
An cineál éilimh/éileamh lena mbaineann:
|
||||||
Tír: Ainm: Teileafón: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: Scileanna teanga: |
|
Ainm: Seoladh: Cód poist: Baile: Teileafón: Ríomhphost: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: |
|
||||||
Tír: Ainm: Teileafón: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: Scileanna teanga: |
|
Ainm: Seoladh: Cód poist: Baile: Teileafón: Ríomhphost: Tagairt an chomhaid: Ainm an oifigigh atá ag déileáil leis an iarraidh: |
|
||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||
|
||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
A |
Iarrtar bearta téarnaimh/réamhchúraim maidir le: |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B |
Aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an iarraidh seo agus/nó leis an duine seo |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1 ☐ |
Is comhfhéichiúnaí/comhfhéichiúnaithe iad an duine/na daoine seo a leanas: [Níor cheart go bhféadfaí níos mó ná 1 ainm de dhaoine den chineál sin a chur leis]
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2 ☐ |
Tá an duine/na daoine seo a leanas ag sealbhú sócmhainní leis an duine lena mbaineann an t-iarratas seo: [Níor cheart go bhféadfaí níos mó ná 1 ainm de dhaoine den chineál sin a chur leis]
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3 ☐ |
Tá fiacha ag an duine/na daoine seo a leanas i leith an duine lena mbaineann an t-iarratas seo: [Níor cheart go bhféadfaí níos mó ná 1 ainm de dhaoine den chineál sin a chur leis]
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4 ☐ |
Tá duine/daoine eile seachas an duine lena mbaineann an iarraidh seo, atá faoi dhliteanas na cánacha, na dleachtanna agus na bearta eile a shocrú, nó éilimh eile a bhaineann leis na cánacha, dleachtanna agus bearta eile sin faoi dhlíthe an Stáit iarrthaigh. [Níor cheart go bhféadfaí níos mó ná 1 ainm de dhaoine den chineál sin a chur leis]
|
|
|
Údaráis is iarratasóir |
An t-údarás iarrtha |
|||||||||
dáta |
1 ☐ |
Dearbhaím, an t-údarás iarrtha, go bhfuair mé an iarraidh. |
|||||||||
dáta
|
2 ☐ |
Iarraim, an t-údarás iarrtha, cuireadh a thabhairt don údarás is iarratasóir an fhaisnéis bhreise seo a leanas a chur leis an iarraidh: |
|||||||||
dáta |
3 ☐ |
Mise, an t-údarás iarrtha, ní bhfuair mé an fhaisnéis bhreise is gá go fóill agus dúnfaidh mé d’iarratas mura bhfaighidh mé an t-eolas sin roimh 20BB/MM/LL. |
|||||||||
Dáta |
4 |
Mise, an t-údaráis is iarratasóir, |
|||||||||
☐ |
a |
cuirim ar fáil, arna iarraidh sin, an fhaisnéis bhreise seo a leanas: |
|||||||||
☐ |
b |
níl mé in ann an fhaisnéis bhreise a iarradh a chur ar fáil (mar gheall ar: ) |
|||||||||
dáta |
5 ☐ |
Glacaim féin leis, an t-údarás iarrtha, go bhfuarthas an fhaisnéis bhreise agus táim in ann dul ar aghaidh anois. |
|||||||||
dáta |
6 |
Ní thugaim, an t-údarás iarrtha, cúnamh agus dúnaim an cás toisc: |
|||||||||
|
☐ |
a |
Níl aon inniúlacht agam maidir leis na héilimh lena mbaineann d’iarratas. |
||||||||
|
☐ |
b |
Níl aon inniúlacht agam i leith an éilimh/na n-éileamh seo a leanas ar d’iarratas: |
||||||||
|
☐ |
c |
tá an t-éileamh/na héilimh níos sine ná mar a fhoráiltear sa Phrótacal. |
||||||||
|
☐ |
d |
tá an méid iomlán níos lú ná an tairseach dá bhforáiltear sa Phrótacal. |
||||||||
|
☐ |
e |
nár sholáthair an t-údarás is iarratasóir an fhaisnéis bhreise uile ba ghá. |
||||||||
|
☐ |
f |
Cúiseanna eile: |
||||||||
dáta |
7 ☐ |
Iarraim, an t-údarás is iarratasóir, go gcuirfear ar an eolas mé faoi stádas reatha m’iarratais. |
|||||||||
dáta |
8 |
Ní dhéanfaidh mé, an t-údarás iarrtha, an gníomh/na gníomhartha a iarradh, ar na cúiseanna seo a leanas: |
|||||||||
☐ |
a |
ní cheadaíonn mo reachtaíocht agus mo chleachtas náisiúnta bearta aisghabhála i gcás éilimh a ndéantar díospóidí ina gcoinne. |
|||||||||
☐ |
b |
ní cheadaíonn mo reachtaíocht ná mo chleachtas náisiúnta bearta réamhchúraim i gcás éilimh a ndéantar díospóidí ina gcoinne. |
|||||||||
|
9 |
Tá na nósanna imeachta seo a leanas le haghaidh aisghabhála agus/nó bearta réamhchúraim déanta agamsa, an t-údarás iarrtha: |
|||||||||
dáta |
☐ |
a |
Thosaigh mé teagmháil leis an bhféichiúnaí agus d’iarr mé íocaíocht ar 20BB/MM/LL. |
||||||||
dáta |
☐ |
b |
Tá íocaíochtaí á gcaibidliú agam de réir tráthchoda. |
||||||||
dáta |
☐ |
c |
Tá tús curtha agam le nósanna imeachta forfheidhmithe ar 20BB/MM/LL. |
||||||||
|
|
|
Rinneadh na gníomhaíochta seo a leanas: |
||||||||
|
☐ |
d |
Tá bearta réamhchúraim tosaithe agam ar 20BB/MM/LL. |
||||||||
|
|
|
Rinneadh na gníomhaíochta seo a leanas: |
||||||||
|
☐ |
e |
D’iarr mé, an t-údarás iarrtha, a chur in iúl don údarás is iarratasóir go bhfuil éifeacht ag na bearta atá glactha agam (a thuairiscítear faoi phointe c agus/nó pointe d thuas) ar an tréimhse teorann seo a leanas: |
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
Iarraim ar an Stát iarrthach a chur in iúl dom mura bhforáiltear don éifeacht chéanna faoi na dlíthe atá i bhfeidhm sa Stát iarrthach. |
||||||||
|
☐ |
f |
Cuirim, an t-údarás iarrtha, an t-údarás is iarratasóir ar an eolas nach féidir an tréimhse teorann a chur ar fionraí, a bhriseadh ná a fhadú faoi dhlíthe an Stáit iarrtha. |
||||||||
|
|
|
Iarraim ar an Stát iarrthach a dheimhniú an bhfuil na bearta atá glactha agam (a thuairiscítear faoi phointe c agus/nó pointe d thuas) tar éis cur isteach ar an teorainn ama don aisghabháil, í a chur ar fionraí nó síneadh a chur léi agus, más amhlaidh atá, cén teorainn ama nua atá i gceist. |
||||||||
dáta |
10 ☐ |
Tá nósanna imeachta fós ar siúl. Cuirfidh mé, an t-údarás iarrtha, an t-údarás iarrthach ar an eolas nuair a tharlaíonn athruithe. |
|||||||||
dáta |
11 ☐ |
a |
Dearbhaím, údarás is iarratasóir, an méid seo a leanas: mar thoradh ar an ngníomhaíocht a luaitear faoi phointe 9, athraíodh an teorainn ama. Is é an teorainn ama nua: |
||||||||
☐ |
b |
Ní fhoráiltear i mo dhlíthe náisiúnta maidir leis an tréimhse teorann a chur ar fionraí, a bhriseadh ná síneadh a chur léi. |
|||||||||
|
12 |
Cuirimse, an t-údarás iarrtha, in iúl don údarás is iarratasóir go: |
|||||||||
dáta |
☐ |
a |
ndearnadh an t-éileamh a aisghabháil go hiomlán an 20BB/MM/LL |
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
dáta |
☐ |
b |
rinneadh an t-éileamh a aisghabháil go páirteach ar 20BB/MM/LL, |
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
dáta |
☐ |
c |
rinneadh bearta réamhchúraim. |
||||||||
|
|
|
(Iarrtar ar an údarás iarrtha cineál na mbeart sin a léiriú:) |
||||||||
dáta |
☐ |
d |
comhaontaíodh an íocaíocht seo a leanas i dtráthchodanna: |
||||||||
dáta |
13 |
Dearbhaím, údarás iarrtha, nach bhféadfaí an t-éileamh ar fad nó cuid de a aisghabháil/bearta réamhchúraim a dhéanamh, agus dúnfar an cás toisc: |
|||||||||
|
☐ |
a |
Níl a fhios ag an duine lena mbaineann. |
||||||||
☐ |
b |
Is eol don duine lena mbaineann, ach bhog sé chuig: |
|||||||||
☐ |
c |
Go bhfuil an duine lena mbaineann ar eolas, ach bhog sé go dtí seoladh anaithnid. |
|||||||||
☐ |
d |
Tá an duine lena mbaineann básaithe ar anBBBB/MM/LL. |
|||||||||
☐ |
e |
Tá féichiúnaí/comhfhéichiúnaí dócmhainneach. |
|||||||||
☐ |
f |
Tá féichiúnaí/comhfhéichiúnaí ina fhéimheach agus taisceadh an t-éileamh. Dáta an ordaithe: — Dáta an scaoilte saor: |
|||||||||
☐ |
g |
Tá féichiúnaí/comhfhéichiúnaí ina fhéimheach/ní féidir aisghabháil a dhéanamh |
|||||||||
☐ |
h |
Eile: |
|||||||||
dáta |
14 ☐ |
Dearbhaím, údarás is iarratasóir, go bhfuil an cás dúnta. |
|||||||||
Dáta |
15 ☐ |
Chuir mé, an t-údarás iarrtha, in iúl don údarás is iarratasóir go bhfuil fógra faighte agam gur seoladh caingean chun díospóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh nó na hionstraime lena gceadaítear a fhorghníomhú agus go gcuirfidh sé nósanna imeachta forghníomhaithe ar fionraí. Thairis sin, |
|||||||||
☐ |
a |
Tá bearta réamhchúraim glactha agam chun a áirithiú go n-aisghabhfar an t-éileamh ar . |
|||||||||
☐ |
b |
Iarraim ar an údarás iarrthach a chur in iúl dom an ceart dom an t-éileamh a aisghabháil. |
|||||||||
☐ |
c |
Cuirim in iúl don údarás iarrthach nach gceadaíonn na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát ina bhfuil mé suite haisghabháil an éilimh (ar lean) fad a bheidh díospóid á déanamh ina choinne. |
|||||||||
dáta |
16 |
Ar m’údarás is iarratasóir a bheith curtha ar an eolas gur seoladh caingean chun an t-éileamh nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, |
|||||||||
☐ |
a |
A iarraidh ar an údarás iarrtha aon ghníomhaíocht atá déanta aige a chur ar fionraí. |
|||||||||
☐ |
b |
a iarraidh ar an údarás iarrtha bearta réamhchúraim a ghlacadh chun haisghabháil an éilimh a áirithiú. |
|||||||||
☐ |
c |
iarr ar an údarás iarrtha an t-éileamh a aisghabháil (lean ar aghaidh). |
|||||||||
dáta |
17 ☐ |
Maidir liomsa, an t-údarás iarrtha, a chur in iúl don údarás is iarratasóir nach gceadaíonn na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát ina bhfuil mé lonnaithe an gníomh a iarradh:
|
|||||||||
dáta |
18 |
Mise, an t-údaráis is iarratasóir, |
|||||||||
|
☐ |
a |
an t-iarratas ar aisghabháil/réamhchúram a leasú
|
||||||||
|
☐ |
b |
iarraidh ar an údarás iarrtha tús a chur athuair le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin ós rud é nach raibh an díospóid fabhrach don fhéichiúnaí (cinneadh ón gcomhlacht inniúil maidir leis an ábhar seo...). |
||||||||
dáta |
19 |
Déanaimse, an t-údarás is iarratasóir, an t-iarratas ar aisghabháil/réamhchúram a tharraingt siar mar gheall ar an méid seo a leanas: |
|||||||||
☐ |
a |
gur íocadh an tsuim go díreach leis an údarás iarrthach. |
|||||||||
☐ |
b |
go bhfuil an teorainn ama don ghníomhaíocht aisghabhála caite. |
|||||||||
☐ |
c |
rinne cúirt náisiúnta nó comhlacht riaracháin an t-éileamh/na héilimh a neamhniú. |
|||||||||
☐ |
d |
rinneadh an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú a neamhniú. |
|||||||||
☐ |
e |
cúiseanna eile:… |
|||||||||
dáta |
20 ☐ |
Eile: barúlacha óno údarás is iarratasóir nó ón údarásoiarrtha (Tosaigh gach barúil faoin dáta, le do thoil) |
(1) Sa tríú colún seo, líonfaidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis a d’iarr an t-údarás iarrthach isteach (tic a chur sa bhosca ‘le líonadh isteach’ sa dara colún) nó deimhneoidh sé go bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-údarás iarrthach ar fáil fíor (tic a chur sa bhosca 'le deimhniú' agus faisnéis a chur ar fáil sa dara colún).
(2) Ciallaíonn an phríomhghníomhaíocht iarbhír an fhíor-phríomhghníomhaíocht a dhéanann an gnólacht (seachas gníomhaíocht eile a d’fhéadfadh a bheith dearbhaithe).
(3) Sa tríú colún seo, líonfaidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis a d’iarr an t-údarás iarrthach isteach (tic a chur sa bhosca ‘le líonadh isteach’ sa dara colún) nó deimhneoidh sé go bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-údarás iarrthach ar fáil fíor (tic a chur sa bhosca 'le deimhniú' agus faisnéis a chur ar fáil sa dara colún).
(4) Is aon ghnó é sin ag a bhfuil stiúrthóirí coiteanna nó naisc dhlíthiúla, eacnamaíocha nó airgeadais eile leis an ngnó dá dtagraítear i gCeannteideal A.
(5) Le tabhairt ag an údarás inniúil a gheobhaidh an fhaisnéis.’
PRÓTACAL MAIDIR LE CÚNAMH RIARACHÁIN FRITHPHÁIRTEACH IN ÁBHAIR CHUSTAIM
Airteagal PCUST.1
Sainmhínithe
1. |
Chun críocha an Phrótacail seo:
|
2. |
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo, beidh feidhm ag sainmhínithe Chaibidil 5 de Theideal I de Cheannteideal a hAon de Chuid a dó den Chomhaontú seo freisin leis an bPrótacal seo. |
Airteagal PCUST.2
Raon feidhme
1. |
Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile maidir le réimsí a thagann faoi réim a n-inniúlachta, ar an modh atá leagtha síos sa Phrótacal seo agus faoi na coinníollacha sa Phrótacal seo, chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim a áirithiú, go háirithe trí oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht sin a chosc, a imscrúdú agus a chomhrac. |
2. |
Tá feidhm ag na forálacha maidir le cúnamh in ábhair chustaim, dá bhforáiltear sa Phrótacal seo, maidir le haon údarás de chuid ceachtar Páirtí atá inniúil chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm. Ní dhéanfaidh an cúnamh sin dochar do na forálacha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla ná ní chumhdófar leis faisnéis a fhaightear faoi chumhachtaí a feidhmíodh ar iarraidh údaráis bhreithiúnaigh, ach amháin i gcás ina n-údaraíonn an t-údarás sin an fhaisnéis sin a chur in iúl. |
3. |
Cuimsítear aisghabháil dleachtanna, cánacha nó fíneálacha leis an bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú. |
Airteagal PCUST.3
Cúnamh ar é a iarraidh
1. |
Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, soláthróidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis ábhartha ar fad don údarás is iarratasóir lena bhféadfar cur ar chumas an údaráis is iarratasóir a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht chustaim i gceart, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí a tugadh faoi deara nó a bheartaítear agus ar oibríochtaí iad a sháraíonn an reachtaíocht chustaim nó a d’fhéadfadh an reachtaíocht chustaim a shárú. |
2. |
Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, cuirfidh údarás faighte na hiarrtha é ar an eolas faoin méid seo a leanas:
|
3. |
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás faighte iarrata na bearta is gá i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme chun faireachas speisialta a áirithiú agus chun faisnéis a sholáthar don údarás is iarratasóir maidir leis an méid seo a leanas:
|
Airteagal PCUST.4
Cúnamh Spontáineach
Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile, nuair is féidir, ar a dtionscnamh féin, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí atá tugtha i gcrích, gníomhaíochtaí atá beartaithe nó gníomhaíochtaí leanúnacha ar oibríochtaí iad nó ar cosúil gurb ea a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise don Pháirtí eile. Díreoidh an fhaisnéis go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a) |
earraí arb eol go bhfuil siad faoi réir oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim; |
(b) |
daoine a bhfuil forais réasúnacha ann ina leith le creidiúint go bhfuil nó go raibh siad bainteach le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim; |
(c) |
meáin iompair a bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go ndearnadh iad a úsáid, nó go bhféadfar iad a úsáid in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim; |
(d) |
modhanna nua nó modhanna nua a úsáidfear chun oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim a chur i gcrích. |
Airteagal PCUST.5
Foirm agus substaint na n-iarrataí ar chúnamh
1. |
Déanfar iarrataí de bhun an Phrótacail seo i scríbhinn i bhformáid chlóite nó i bhformáid leictreonach. Beidh na doiciméid is gá ag gabháil leo chun gur féidir an iarraidh a chomhlíonadh. I gcásanna práinne, is féidir leis an údarás iarrtha iarrataí ó bhéal a ghlacadh, ach deimhneoidh an t-údarás is iarratasóir iarrataí ó bhéal den sórt sin i scríbhinn gan mhoill. |
2. |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in iarrataí a dhéantar de bhun mhír 1:
|
3. |
Cuirfear iarrataí isteach i dteanga oifigiúil de chuid údarás faighte na hiarrtha nó i dteanga atá inghlactha ag an údarás sin, is teanga inghlactha i gcónaí é an Béarla. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir le haon doiciméad a ghabhann leis an iarraidh faoi mhír 1. |
4. |
Mura gcomhallann iarraidh na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás iarrtha ceartú nó comhlíonadh na hiarrtha a éileamh; fad agus atáthar ag fanacht ar an gceartú nó ar an gcomhlíonadh sin, d’fhéadfaí bearta réamhchúraim a ordú. |
Airteagal PCUST.6
Forghníomhú iarrataí
1. |
Rachaidh údarás faighte na hiarrtha ar aghaidh go pras, laistigh de theorainneacha a inniúlachta, chun an iarraidh ar chúnamh a chomhlíonadh, amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú ar a chuntas nó arna iarraidh sin d’údarás eile sa Pháirtí céanna, trí fhaisnéis atá ina sheilbh cheana a chur ar fáil, trí fhiosrúcháin iomchuí a dhéanamh nó trí na fiosrúcháin sin a shocrú atá le déanamh. Beidh feidhm ag an bhforáil seo freisin maidir le haon údarás eile ar chuir an t-údarás iarrtha an iarraidh chuige nuair nach féidir leis an údarás sin gníomhú as a stuaim féin. Agus aon chúnamh den sórt sin á sholáthar ag an údarás iarrtha, cuirfidh sé hoinníoní atá an iarraidh san áireamh go hiomchuí. |
2. |
Forghníomhófar iarrataí ar chúnamh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí iarrtha. |
Airteagal PCUST.7
An fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis le cur in iúl
1. |
Cuirfidh údarás faighte na hiarrtha torthaí na bhfiosrúchán a rinneadh de bhun iarraidh a rinneadh faoin bPrótacal seo in iúl i scríbhinn don údarás is iarratasóir mar aon le doiciméid ábhartha, cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid nó nithe eile. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáid leictreonach. |
2. |
Tarchuirfear bundoiciméid de réir srianta dlíthiúla gach Páirtí, arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir agus ar an gcúis sin amháin, i gcásanna ina mbeadh cóipeanna deimhnithe neamhleor. Cuirfidh an t-údarás is iarratasóir na bunchóipeanna sin ar ais a luaithe is féidir. |
3. |
Tabharfaidh an t-údarás iarrtha, faoi na forálacha dá dtagraítear i mír 2, aon fhaisnéis a bhaineann le barántúlacht na ndoiciméad arna n-eisiúint nó arna ndeimhniú ag gníomhaireachtaí oifigiúla laistigh dá chríoch don údarás is iarratasóir mar thacaíocht le dearbhú earraí. |
Airteagal PCUST.8
Oifigigh de chuid Páirtí amháin a bheith i láthair i gcríoch Páirtí eile
1. |
Féadfaidh oifigigh chuí-údaraithe de chuid Páirtí amháin, i gcomhaontú leis an bPáirtí eile agus faoi réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos ag an bPáirtí eile, a bheith i láthair in oifigí an údaráis iarrtha nó aon údarás eile lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal PCUST.6(1) chun faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí ar oibríochtaí iad nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim a fháil, faisnéis a theastaíonn ón údarás is iarratasóir chun críocha an Phrótacail seo. |
2. |
Le comhaontú an Pháirtí iarrtha agus faoi réir na gcoinníollacha a shonróidh sé, féadfaidh oifigigh chuí-údaraithe de chuid an Pháirtí eile a bheith i láthair ag fiosrúcháin arna ndéanamh ar chríoch an Pháirtí iarrtha. |
Airteagal PCUST.9
Soláthar agus fógra
1. |
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme, na bearta uile is gá chun aon doiciméid a sheachadadh nó chun fógra a thabhairt faoi aon chinntí de chuid an údaráis is iarratasóir agus atá faoi raon feidhme an Phrótacail seo, do sheolaí atá ina chónaí nó atá bunaithe i gcríoch an údaráis iarrtha. |
2. |
Is i scríbhinn i dteanga oifigiúil de chuid údarás faighte na hiarrtha nó i dteanga atá inghlactha ag an údarás sin a dhéanfar iarrataí den sórt sin ar dhoiciméid a sheachadadh nó ar fhógra a thabhairt faoi chinntí. |
Airteagal PCUST.10
Uathmhalartú faisnéise
1. |
Féadfaidh na Páirtithe, trí shocrú frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal PCUST.15 den Phrótacal seo:
|
2. |
Féadfaidh na Páirtithe socruithe a bhunú maidir leis an gcineál faisnéise is mian leo a mhalartú, formáid agus minicíocht tarchuir na faisnéise sin, chun na malartuithe faoi phointí (a) agus (b) de mhír 1 a chur chun feidhme. |
Airteagal PCUST.11
Eisceachtaí ón oibleagáid cúnamh a sholáthar
1. |
Féadfar cúnamh faoin bPrótacal seo a dhiúltú nó féadfaidh sé a bheith faoi réir coinníollacha nó ceanglais áirithe a chomhlíonadh i gcásanna ina mbeidh Páirtí den tuairim maidir leis an gcúnamh sin:
|
2. |
Féadfaidh an t-údarás iarrtha an cúnamh a chur ar atráth ar an bhforas go gcuirfidh an cúnamh sin isteach ar imscrúduithe, ionchúisimh nó imeachtaí leanúnacha. I gcás den sórt sin, rachaidh an t-údarás iarrtha i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir chun a chinneadh an féidir cúnamh a thabhairt faoi réir cibé téarmaí nó coinníollacha a éileoidh an t-údarás iarrtha. |
3. |
I gcás ina lorgaíonn an t-údarás is iarratasóir cúnamh nach mbeadh sé féin in ann a sholáthar má iarrtar sin air, tarraingeoidh sé aird ar an méid sin ina iarraidh. Is ar an údarás iarrtha a bheidh sé ansin cinneadh a dhéanamh conas freagra a thabhairt ar iarraidh den sórt sin. |
4. |
I gcásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an t-údarás iarrtha a chinneadh agus na cúiseanna atá leis in iúl don údarás is iarratasóir gan mhoill. |
Airteagal PCUST.12
Malartú faisnéise agus rúndacht
1. |
Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear faoin bPrótacal seo chun críocha a bhunaítear sa Phrótacal seo amháin. |
2. |
Meastar gur chun críocha an Phrótacail seo atá úsáid na faisnéise a fhaightear faoin bPrótacal seo in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a thionscnófar i ndáil le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim. Dá bhrí sin, féadfaidh na Páirtithe úsáid a bhaint as faisnéis a fhaightear agus as doiciméid a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo mar fhianaise ina dtaifid ar fhianaise, i dtuarascálacha agus i bhfianaise, agus in imeachtaí agus i gcúisí a thionscnaítear os comhair na gcúirteanna nó na mbinsí. Féadfaidh an t-údarás iarrtha soláthar faisnéise nó rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a chur faoi réir a hoinníollll go dtabharfar fógra dó maidir leis an úsáid sin. |
3. |
I gcás inar mian le ceann de na Páirtithe úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin chun críocha eile, gheobhaidh sé toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás a sholáthair an fhaisnéis. Maidir le haon úsáid den chineál sin, beidh sé faoi réir aon shrianta a leagann an t-údarás sin síos. |
4. |
Measfar aon fhaisnéis a chuirfear in iúl i bhfoirm ar bith de bhun an Phrótacail seo a bheith rúnda nó srianta, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialachán is infheidhme maidir le gach Páirtí. Cumhdófar an fhaisnéis sin le hoibleagáid rúndachta gairmiúla agus téachtfaidh sí an chosaint a dheonaítear d’fhaisnéis den tsamhail chéanna faoi dhlíthe agus rialacháin ábhartha an Pháirtí ghlactha, mura rud é go dtabharfaidh an Páirtí a sholáthair an fhaisnéis a thoiliú roimh ré an fhaisnéis sin a nochtadh. Cuirfidh na Páirtithe faisnéis maidir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme atá acu in iúl dá chéile. |
Airteagal PCUST.13
Saineolaithe agus finnéithe
Féadfaidh an t-údarás iarrtha a údarú dá oifigigh a bheith i láthair de réir mar is gá le haghaidh na n-imeachtaí, laistigh de theorainneacha an údaraithe a tugadh, nuair a sholáthraíonn saineolaithe nó finnéithe in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin maidir leis na hábhair a thagann faoi réim an Phrótacail seo, nithe den sórt sin, doiciméid nó cóipeanna rúnda nó cóipeanna deimhnithe de. Ní mór don iarraidh ar theacht i láthair a shonrú go sonrach cé acu údarás breithiúnach nó riaracháin a mbeidh ar an oifigeach teacht i láthair os a chomhair, maidir le cibé ábhair agus de bhua an teidil nó na cáilíochta a cheisteofar an t-oifigeach.
Airteagal PCUST.14
Speansais maidir le cúnamh
1. |
Faoi réir mhíreanna 2 agus 3, tarscaoilfidh na Páirtithe aon éilimh ar a chéile ar aisíocaíochtaí caiteachas arna dtabhú i bhforghníomhú an Phrótacail seo. |
2. |
Is é an Páirtí iarrthach a thabhóidh speansais agus liúntais a íocfar le saineolaithe, finnéithe, ateangairí agus aistritheoirí, seachas fostaithe seirbhíse poiblí de réir mar is iomchuí. |
3. |
I gcás ina bhfuil nó ina mbeidh gá le caiteachais de chineál substaintiúil nó urghnách chun an iarraidh a fhorghníomhú, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle chun na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh faoina ndéanfar an iarraidh l a fhorghníomhú, mar aon leis an modh ina n-íocfar na costais. |
Airteagal PCUST.15
Cur chun feidhme
1. |
Fágfar cur chun feidhme an Phrótacail seo faoi chúram údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe ar thaobh amháin agus ar an taobh eile seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais, de réir mar is iomchuí. Déanfaidh siad cinneadh maidir leis na bearta agus na socruithe praiticiúla go léir is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt acu ar na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme faoi seach go háirithe chun sonraí pearsanta a chosaint. |
2. |
Coimeádfaidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi na bearta mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacfaidh sé i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo, go háirithe maidir leis na seirbhísí cuí-údaraithe agus na hoifigigh a ainmneofar mar oifigigh atá inniúil ar chumarsáidí dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a chur agus a fháil. |
3. |
Ní dhéanfaidh forálacha an Phrótacail seo difear, san Aontas, do chur in iúl aon fhaisnéise a fuarthas faoin bPrótacal seo idir seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim na mBallstát. |
Airteagal PCUST.16
Comhaontuithe eile
Beidh tosaíocht ag forálacha an Phrótacail seo ar fhorálacha aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim a tugadh i gcrích nó a fhéadfar a thabhairt i gcrích idir Ballstáit aonair an Aontais agus an Ríocht Aontaithe a mhéid nach luíonn forálacha na gcomhaontuithe déthaobhacha sin le forálacha an Phrótacail seo.
Airteagal PCUST.17
Comhairliúcháin
Maidir le léiriú agus cur chun feidhme an Phrótacail seo, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun an cheist a réiteach faoi chuimsiú an Coiste Speisialaithe Trádála maidir le Comhar Custaim agus Rialacha Tionscnaimh.
Airteagal PCUST.18
Forbairtí sa Todhchaí
D’fhonn leibhéil an chúnaimh fhrithpháirtigh dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a fhorlíonadh, féadfaidh an Coiste Speisialaithe Trádála um chomhar custaim agus rialacha tionscnaimh cinneadh a ghlacadh chun an Prótacal seo a leathnú trí shocruithe a bhunú maidir le hearnálacha nó ábhair shonracha i gcomhréir le reachtaíocht chustaim na bPáirtithe faoi seach.
PRÓTACAL MAIDIR LE COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal SSC.1
Sainmhínithe
Chun críocha an Phrótacail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht mar dhuine fostaithe’ aon ghníomhaíocht nó staid choibhéiseach a ndéileáiltear leis amhlaidh chun críocha reachtaíocht slándála sóisialta an Stáit ina bhfuil an ghníomhaíocht nó an staid choibhéiseach sin; |
(b) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe’ aon ghníomhaíocht nó staid choibhéiseach a ndéileáiltear leis amhlaidh chun críocha reachtaíocht slándála sóisialta an Stáit ina bhfuil an ghníomhaíocht nó an staid choibhéiseach sin; |
(c) |
ciallaíonn ‘seirbhísí atáirgthe cuidithe’ aon seirbhísí liachta, máinliachta nó cnáimhseacha a chuirtear ar fáil chun cabhrú le duine leanbh a iompar; |
(d) |
ciallaíonn ‘sochair chomhchineáil’:
|
(e) |
tagraíonn ‘tréimhse tógála leanaí’ d’aon tréimhse a dtugtar creidiúint ina leith faoi reachtaíocht pinsin Stáit nó lena bhforlíontar pinsean go sainráiteach mar go bhfuil leanbh tógtha ag duine, beag beann ar an modh a úsáideadh chun na tréimhsí sin a ríomh nó ar an dóigh ar fabhraíodh iad; is é sin gur fabhraíodh iad nuair a bhí an leanbh á thógáil nó tugadh aitheantas aisghníomhach dóibh; |
(f) |
ciallaíonn ‘státseirbhíseach’ duine a mheastar a bheith amhlaidh nó a ndéileáiltear leis amhlaidh ag an Stát a bhfuil an riarachán a fhostaíonn é faoina réir; |
(g) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ i dtaobh gach Stáit, an tAire, na hAirí nó an t-údarás coibhéiseach eile atá freagrach as scéimeanna slándála sóisialta ar fud an Stáit i gceist nó i gcuid ar bith de; |
(h) |
ciallaíonn ‘institiúid inniúil’:
|
(i) |
ciallaíonn ‘Stát inniúil’ an Stát ina bhfuil an institiúid inniúil suite; |
(j) |
ciallaíonn ‘deontas báis’ aon íocaíocht aonuaire i gcás báis gan na sochair chnapshuime dá dtagraítear i bpointe (w) a áireamh; |
(k) |
ciallaíonn ‘sochar teaghlaigh’ gach sochar comhchineáil nó gach sochar in airgead tirim atá beartaithe chun costais teaghlaigh a íoc; |
(l) |
ciallaíonn ‘oibrí imeallchríche’ aon duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i Stát agus a bhfuil cónaí air i Stát eile a bhfilleann sé chuige de ghnáth gach lá nó uair amháin sa tseachtain ar a laghad; |
(m) |
ciallaíonn ‘bunáit’ an áit as a dtosaíonn agus óna gcríochnaíonn an ball foirne tréimhse dualgais nó sraith tréimhsí dualgais de ghnáth, agus i gcás nach bhfuil an t-oibreoir/an t aerlíne freagrach, faoi ghnáthchoinníollacha, as cóiríocht a chur ar fáil don bhall foirne lena mbaineann; |
(n) |
ciallaíonn ‘institiúid’, i dtaobh gach Stáit, an comhlacht nó an t-údarás atá freagrach as an reachtaíocht go léir nó cuid di a chur i bhfeidhm; |
(o) |
ciallaíonn ‘institiúid na háite cónaithe’ agus ‘institiúid na háite fanachta’ faoi seach an institiúid atá inniúil chun sochair a chur ar fáil san áit ina bhfuil cónaí ag an duine i gceist agus an institiúid atá inniúil chun sochair a chur ar fáil san áit ina bhfuil an duine i gceist ag fanacht, i gcomhréir leis an reachtaíocht arna riar ag an institiúid sin nó, i gcás nach ann d'institiúid den sórt sin, ag institiúid atá sainithe ag údarás inniúil an Stáit i gceist; |
(p) |
ciallaíonn ‘duine árachaithe’, i ndáil leis na brainsí slándála sóisialta a chumhdaítear le Caibidlí 1 agus 3 de Theideal III, aon duine a chomhlíonann na coinníollacha a cheanglaítear faoi reachtaíocht an Stáit atá inniúil faoi Theideal II d'fhonn an ceart chun sochar a bheith aige, agus forálacha an Phrótacail seo á gcur san áireamh; |
(q) |
ciallaíonn ‘reachtaíocht’, maidir le gach Stát, dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtúla eile agus gach beart cur chun feidhme eile a bhaineann leis na brainsí slándála sóisialta a chumhdaítear le hAirteagal SSC.3(1), ach ní fholaíonn sé forálacha conarthacha seachas na forálacha sin a fhónann chun oibleagáid árachais a chur chun feidhme a eascraíonn as na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear san fhomhír seo nó a bhí faoi réir cinneadh ó na húdaráis phoiblí a fhágann go bhfuil siad éigeantach nó a leathnaíonn a raon feidhme, ar choinníoll go ndéanfaidh an Stát lena mbaineann dearbhú chuige sin a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta. Foilseoidh an tAontas Eorpach dearbhú den sórt sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; |
(r) |
ciallaíonn ‘sochar cúraim fhadtéarmaigh’ sochar comhchineáil nó in airgead tirim arb é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar riachtanais chúraim duine a bhfuil cúnamh suntasach ag teastáil uaidh nó uaithi mar gheall ar lagú, lena n-áirítear cúnamh ó dhuine eile nó ó dhaoine eile, ach gan a bheith teoranta do chúnamh den sórt sin, chun tabhairt faoi ghnáthghníomhaíochtaí riachtanacha ar feadh tréimhse fhada ama chun tacú lena neamhspleáchas pearsanta; |
(s) |
ciallaíonn ‘ball den teaghlach’:
|
(t) |
ciallaíonn ‘tréimhse fostaíochta’ nó ‘tréimhse féinfhostaíochta’ tréimhsí atá sainithe nó aitheanta sa reachtaíocht faoinar tugadh chun críche iad, agus gach tréimhse a ndéileáiltear amhlaidh léi, i gcás ina meastar iad sa reachtaíocht sin mar choibhéis le tréimhsí fostaíochta nó le tréimhsí féinfhostaíochta; |
(u) |
ciallaíonn ‘tréimhse árachais’ tréimhsí ranníocaíochta, fostaíochta nó féinfhostaíochta atá sainithe nó aitheanta mar thréimhsí árachais ag an reachtaíocht faoina chuirtear isteach iad nó faoinar measadh gur cuireadh isteach iad, agus gach tréimhse a ndéileáiltear leo amhlaidh, i gcás ina meastar iad faoin reachtaíocht sin mar choibhéiseach le tréimhsí árachais; |
(v) |
ciallaíonn ‘tréimhse cónaithe’ tréimhsí a shainítear nó a aithnítear amhlaidh ag an reachtaíocht faoinar tugadh chun críche iad nó faoina mheastar gur tugadh chun críche iad; |
(w) |
cumhdaíonn ‘pinsean’ ní hamháin pinsin ach sochair chnapshuime is féidir a chur ina n-ionad agus íocaíochtaí i bhfoirm aisíoc ranníocaíochtaí agus, faoi réir fhorálacha Theideal III, méaduithe ar athluacháil nó liúntais fhorlíontacha; |
(x) |
ciallaíonn ‘sochar réamhscoir’ gach sochar airgid, seachas sochar dífhostaíochta nó sochar seanaoise luath, a chuirtear ar fáil ó aois shonraithe d'oibrithe a laghdaigh, a d'éirigh as a gcuid gníomhaíochtaí sochracha, nó a chuir ar fionraí iad go dtí an aois ag a gcáilíonn siad do phinsean seanaoise nó do phinsean luathscoir, nach bhfuil a fháil ag brath ar an duine i gceist a bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Stáit inniúil; ciallaíonn ‘sochar seanaoise luath’ sochar a chuirtear ar fáil sula mbaintear amach an ghnáthaois um theidlíocht pinsin agus a leantar ar aghaidh á chur ar fáil nuair a bhaintear amach an aois luaite nó nuair a chuirtear sochar seanaoise eile ina ionad; |
(y) |
is í an bhrí atá le ‘dídeanaí’ an bhrí a shanntar dó in Airteagal 1 den Choinbhinsiún a bhaineann le Stádas Dídeanaithe, a síníodh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951; |
(z) |
ciallaíonn ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ an oifig chláraithe nó an áit ghnó ina ndéantar cinntí bunriachtanacha an ghnóthais agus ina gcuirtear feidhmeanna a riaracháin lárnaigh i gcrích; |
(aa) |
ciallaíonn ‘áit chónaithe’ an áit ina mbíonn cónaí ar an duine de gnáth; |
(bb) |
ciallaíonn ‘sochair airgid speisialta neamhranníocacha’ na sochair airgid neamhranníocacha sin lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
(cc) |
ciallaíonn ‘scéim speisialta do státseirbhísigh’ aon scéim slándála sóisialta atá difriúil leis an scéim slándála sóisialta ghinearálta is infheidhme do dhaoine fostaithe sa Stát i gceist, agus a bhfuil gach catagóir, nó catagóirí áirithe, státseirbhísigh díreach faoina réir; |
(dd) |
is í an bhrí a bheidh le ‘duine gan stát’ ná an bhrí a shanntar dó in Airteagal 1 den Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Daoine gan Stát, a síníodh i Nua-Eabhrach an 28 Meán Fómhair 1954; |
(ee) |
ciallaíonn ‘fanacht’ cónaí shealadach. |
Airteagal SSC.2
Daoine atá cumhdaithe
Tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir le daoine, lena n-áirítear daoine gan stát agus dídeanaithe, atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó, agus maidir le baill a dteaghlaigh agus a marthanóirí.
Airteagal SSC.3
Ábhair a chumhdaítear
1. |
Tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis na brainsí slándála sóisialta seo a leanas:
|
2. |
Mura bhforáiltear a mhalairt in Iarscríbhinn SSC-6, tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir le scéimeanna slándála sóisialta ginearálta agus speisialta, bídís ranníocach nó neamhranníocach, agus le scéimeanna a bhaineann le hoibleagáidí fostóra nó úinéara loinge. |
3. |
Ní dhéanfaidh forálacha Theideal III difear, áfach, d’fhorálacha reachtacha aon Stáit maidir le hoibleagáidí úinéirí long. |
4. |
Níl feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
Airteagal SSC.4
Neamh-idirdhealú idir na Ballstáit
1. |
Beidh na socruithe um chomhordú slándála sóisialta arna mbunú sa Phrótacal seo bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe idir na Ballstáit. |
2. |
Tá an tAirteagal seo gan dochar d’aon socrú idir an Ríocht Aontaithe agus Éire maidir leis an gComhlimistéar Taistil. |
Airteagal SSC.5
Cóir chomhionann
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo, maidir leis na brainsí den tslándáil shóisialta a thagann faoi réim Airteagal SSC.3(1), teachtfaidh daoine lena mbaineann an Prótacal seo na sochair chéanna agus beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí céanna faoi reachtaíocht aon Stáit le náisiúnaigh an Stáit sin. |
2. |
Níl feidhm ag an bhforáil seo maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal SSC.3 (4). |
Airteagal SSC.6
Déileáil chomhionann maidir le sochair, ioncam, fíricí nó imeachtaí
Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt leis an bPrótacal seo, áiritheoidh na Stáit go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne i leith sochair, ioncam, fíricí nó imeachtaí ar an gcaoi seo a leanas:
(a) |
i gcás, faoi reachtaíocht an Stáit inniúil, ina bhfuil éifeachtaí dlíthiúla áirithe ag fáil sochair slándála sóisialta agus ioncaim eile, beidh feidhm ag forálacha ábhartha na reachtaíochta sin freisin maidir le fáil sochar coibhéiseach a fhaightear faoi reachtaíocht Stáit eile nó ioncam a fhaightear i Stát eile; |
(b) |
i gcás, faoi reachtaíocht an Stáit inniúil, ina gcuirtear éifeachtaí dlíthiúla i leith tharlú fíricí nó imeachtaí áirithe, déanfaidh an Stát fíricí nó imeachtaí cosúla a tharla in aon Stát eile a thógáil san áireamh amhail is gur tharla siad ina chríoch féin. |
Airteagal SSC.7
Comhiomlánú tréimhsí
Ach amháin má fhoráiltear maidir lena mhalairt leis an bPrótacal seo, tógfaidh institiúid inniúil Stáit san áireamh, a mhéid is gá, tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe a bheith curtha isteach i reachtaíocht aon Stáit eile amhail is dá mba thréimhsí iad a cuireadh isteach faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, i gcás ina gcuireann a reachtaíocht de choinníoll ar thréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe a cuireadh isteach:
(a) |
sealbhú, coimeád, fad nó gnóthú an chirt chun sochar; |
(b) |
an cumhdach leis an reachtaíocht; nó |
(c) |
an rochtain ar árachas éigeantach nó díolmhú uaidh, roghnach, leantach nó deonach. |
Airteagal SSC.8
Rialacha cónaithe a tharscaoileadh
Áiritheoidh na Stáit go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal in-onnmhairitheachta na sochar airgid i gcomhréir le pointí (a) agus (b):
(a) |
Ní bheidh sochair in airgead tirim a bheidh iníoctha faoi reachtaíocht Stáit nó faoin bPrótacal seo faoi réir aon laghdaithe, leasaithe, cur ar fionraí, aistarraingt ná coigistiú de bhrí go bhfuil cónaí ar an tairbhí nó baill dá theaghlach i Stát cé is moite den Stát ina bhfuil an institiúid suite atá freagrach as sochair a chur ar fáil. |
(b) |
Ní bhaineann pointe (a) leis na sochair airgid atá clúdaithe i bpointí (c) agus (h) d’Airteagal SSC.3(1). |
Airteagal SSC.9
Forluí sochar a chosc
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, ní bhronnfar ná ní choimeádfar leis an bPrótacal seo an ceart chun an iliomad sochar den chineál céanna a fháil le haghaidh na tréimhse árachais éigeantaí céanna.
TEIDEAL II
AN REACHTAÍOCHT IS INFHEIDHME A CHINNEADH
Airteagal SSC.10
Rialacha ginearálta
1. |
Beidh daoine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leo faoi réir reachtaíocht aon Stáit amháin. Déanfar an reachtaíocht sin a chinneadh i gcomhréir leis an Teideal seo. |
2. |
Chun críocha an Teidil seo, measfar go bhfuil duine a fhaigheann sochair airgid thirim mar gheall ar a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe nó mar thoradh léi, measfar go bhfuil sé ag gabháil don ghníomhaíocht sin. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le pinsin easláine, seanaoise ná marthanóirí ná pinsin i dtaobh tionóiscí ag an obair ná galair cheirde ná sochair bhreoiteachta in airgead tirim a chumhdaíonn cóireáil ar feadh tréimhse neamhtheoranta. |
3. |
Faoi réir Airteagail SSC.11, SSC.12 agus SSC.13:
|
4. |
Chun críocha an Teidil seo, measfar maidir le gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe arna déanamh ar bord soithigh ar muir a bhfuil bratach Stáit ar foluain aige mar ghníomhaíocht a bhfuiltear ag gabháil di sa Stát sin. Maidir le duine atá fostaithe ar bord soithigh a bhfuil bratach Stáit ar foluain aige, agus a íoctar as an ngníomhaíocht sin ag gnóthas nó duine a bhfuil a oifig chláraithe nó a áit gnó i Stát eile, áfach, beidh an duine sin faoi réir reachtaíocht an dara Stát má tá cónaí ar an duine sin sa Stát sin. Measfar an gnóthas nó an duine a íocann an luach saothair mar an fostóir chun críocha na reachtaíochta sin. |
5. |
Measfar gníomhaíocht a dhéanann ball d’fhoireann eitilte nó d’fhoireann chábáin a thugann seirbhísí phaisinéirí nó lastas aeir mar ghníomhaíocht a bhfuiltear ag gabháil di sa Stát ina bhfuil an bhunáit suite. |
Airteagal SSC.11
Oibrithe scoite
1. |
De mhaolú ar Airteagal SSC.10(3) agus mar bheart idirthréimhseach maidir leis an staid a bhí ann roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an reachtaíocht is infheidhme idir na Ballstáit a liostaítear i gCatagóir A d’Iarscríbhinn SSC-8 agus an Ríocht Aontaithe:
|
2. |
Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe maidir le cé acu de na catagóirí a leanas faoina bhfuil gach Ballstát:
|
3. |
Is é an doiciméad dá dtagraítear i mír 2 a bheidh mar ábhar Iarscríbhinn SSC-8 ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. |
4. |
Maidir leis na Ballstáit a liostaítear i gCatagóir A ar an dáta a dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, beidh feidhm ag pointí (a) agus (b) de mhír 1. |
5. |
Maidir le Ballstáit a liostaítear i gCatagóir C ar an dáta a dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, beidh feidhm ag pointí (a) agus (b) de mhír 1 amhail is dá mbeadh an Ballstát sin liostaithe i gCatagóir A ar feadh mí amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta Ballstát a bhogadh ó Chatagóir C go Catagóir A má thugann an tAontas fógra don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta gur mian leis an mBallstát a bhogadh amhlaidh. |
6. |
Mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, beidh deireadh le Catagóirí B agus C. Foilseoidh na Páirtithe leagan nuashonraithe d’Iarscríbhinn SSC-8 chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Chun críche mhír 1, measfar nach bhfuil in Iarscríbhinn SSC-8 ach Ballstáit Chatagóir A amhail ó dháta an fhoilsithe sin. |
7. |
I gcás ina bhfuil duine i staid dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le Ballstát de Chatagóir C sula bhfoilseofar Iarscríbhinn nuashonraithe SSC-8 i gcomhréir le mír 6 , leanfaidh mír 1 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an duine sin ar feadh a ngníomhaíochtaí faoi mhír 1. |
8. |
Tabharfaidh an tAontas fógra don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta más mian le Ballstát é a bhaint de Chatagóir A d’ Iarscríbhinn SSC-8 agus déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta, arna iarraidh sin don Aontas, an Ballstát sin a bhaint de Chatagóir A d’Iarscríbhinn SSC-8. Foilseoidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta Iarscríbhinn nuashonraithe SSC-8, a mbeidh feidhm aici ón gcéad lá den dara mí tar éis dó an iarraidh a fháil ón gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta. |
9. |
I gcás ina bhfuil duine i staid dá dtagraítear i mír 1 roimh fhoilsiú Iarscríbhinn nuashonraithe SSC-8 i gcomhréir le mír 8, leanfaidh mír 1 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an duine sin ar feadh thréimhse a ngníomhaíochtaí faoi mhír 1. |
Airteagal SSC.12
Gabháil do ghníomhaíocht in dhá Stát nó níos mó
1. |
Beidh duine a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht de ghnáth mar dhuine fostaithe i mBallstát amháin nó níos mó agus sa Ríocht Aontaithe faoi réir:
|
2. |
Beidh duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i mBallstát amháin nó níos mó agus sa Ríocht Aontaithe faoi réir:
|
3. |
Aon duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe agus do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe in dhá Stát nó níos mó, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Stáit ina saothraíonn an duine sin gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó, má shaothraíonn an duine sin gníomhaíocht den sórt sin in dhá Stát nó níos mó, faoi réir na reachtaíochta a chinnfear de réir mhír 1. |
4. |
Beidh duine atá fostaithe mar státseirbhíseach i Stát agus a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i Stát amháin eile nó níos mó faoi réir reachtaíocht an Stáit a bhfuil an riarachán a fhostaíonn an duine sin faoina réir. |
5. |
Beidh duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó (agus ní sa Ríocht Aontaithe) faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe mura saothraíonn an duine sin cuid shubstaintiúil den ghníomhaíocht sin sa Stát cónaithe agus go bhfuil an duine sin:
|
6. |
Aon duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó (agus ní sa Ríocht Aontaithe), gan cuid shubstaintiúil den ghníomhaíocht sin a shaothrú sa Stát cónaithe, beidh sé faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe má tá an lárionad leasa dá ngníomhaíocht sa Ríocht Aontaithe. |
7. |
Ní bheidh feidhm ag mír 6 i gcás duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe agus mar dhuine féinfhostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin. |
8. |
Déileálfar le daoine dá dtagraítear i míreanna 1 go 6, chun críocha na reachtaíochta arna sainiú i gcomhréir leis na forálacha seo, amhail is dá mbeidís ag gabháil dá gcuid gníomhaíochtaí go léir mar dhaoine fostaithe nó féinfhostaithe agus dá mbeidís ag fáil a n-ioncaim go léir sa Stát i gceist. |
Airteagal SSC.13
Árachas deonach nó árachas leantach roghnach
1. |
Níl feidhm ag Airteagail SSC.10, SSC.11 ná SSC.12 maidir le hárachas saorálach nó árachas leanúnach roghnach mura rud é, i leith ceann amháin de na brainsí dá dtagraítear in Airteagal SSC.3, nach bhfuil ach scéim shaorálach árachais ann i Stát. |
2. |
I gcás, de bhua reachtaíocht Stáit, ina bhfuil an duine i gceist faoi réir árachais éigeantaigh sa Stát sin, ní fhéadfaidh sé bheith faoi réir scéim árachais dheonaigh ná scéim árachais leantach roghnach i Stát eile. I ngach cás eile, i dtaca le brainse áirithe, tá rogha ann idir roinnt scéimeanna árachais dheonaigh nó scéimeanna árachais leantacha roghnacha árachais, rachaidh an duine i gceist ina rogha scéime féin agus ansin amháin. |
3. |
I dtaobh sochar easláine, seanaoise agus marthanóirí, áfach, féadfaidh an duine i gceist dul le scéim Stáit um árachas deonach nó árachas leantach roghnach, fiú má tá sé faoi réir reachtaíocht Stáit eile, ar choinníoll go raibh sé, uair éigin ina ghairm, faoi réir reachtaíocht an chéad Stáit mar gheall nó mar thoradh ar ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe agus má tá an forluí sin ceadaithe go sainráite nó go hintuigthe faoi reachtaíocht an chéad Stáit. |
4. |
I gcás ina gcuireann reachtaíocht Stáit de choinníoll ar chead isteach ar árachas saorálach nó ar árachas leanúnach roghnach cónaí sa Stát sin nó gníomhaíocht roimhe sin mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, ní bheidh feidhm ag Airteagal SSC.6(b) ach amháin maidir le daoine a bhí, tráth níos luaithe, faoi réir reachtaíocht an Stáit sin ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe. |
Airteagal SSC.14
Oibleagáidí an fhostóra
1. |
Déanfaidh fostóir ar lasmuigh den Stát inniúil atá a oifig chláraithe nó a áit ghnó aige na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme maidir lena fhostaithe, go háirithe an oibleagáid na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin a íoc, amhail is dá mba sa Stát inniúil a bhí a oifig chláraithe nó a áit ghnó aige. |
2. |
Féadfaidh fostóir, nach bhfuil áit ghnó sa Stát aige a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, agus an fostaí, comhaontú go gcomhlíonfaidh an fostaí oibleagáidí an fhostóra thar a cheann a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí a íoc, gan dochar do bhunoibleagáidí an fhostaí. Cuirfidh an fostóir fógra faoin socrú sin chuig institiúid inniúil an Stáit sin. |
TEIDEAL III
FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS NA HAICIMÍ ÉAGSÚLA SOCHAR
CAIBIDIL 1
SOCHAIR BHREOITEACHTA, SOCHAIR MHÁITHREACHAIS AGUS SOCHAIR ATHARTHACHTA CHOIBHÉISEACHA
ROINN 1
DAOINE ÁRACHAITHE AGUS BAILL DÁ DTEAGHLAIGH SEACHAS PINSINÉIRÍ AGUS BAILL DÁ DTEAGHLAIGH
Airteagal SSC.15
Cónaí i Stát seachas an Stát inniúil
Maidir le duine árachaithe nó baill dá theaghlach a bhfuil cónaí air i Stát seachas an Stát inniúil, gheobhaidh sé sa Stát cónaithe sochair chomhchineáil a sholáthróidh institiúid na háite cónaithe, thar ceann na hinstitiúide inniúla, i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, amhail is dá mbeadh na daoine lena mbaineann árachaithe faoin reachtaíocht sin.
Airteagal SSC.16
Fanacht sa Stát inniúil nuair atá cónaí air i Stát eile – Rialacha speisialta do bhaill teaghlaigh oibrithe imeallchríche
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt le mír 2, beidh an duine árachaithe agus na daoine dá dteaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal SSC.15 i dteideal sochar comhchineáil freisin fad a bheidh sé ag fanacht sa Stát inniúil. Ní mór don institiúid inniúil na sochair chomhchineáil a sholáthar agus a gcostas a chlúdach, i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is go mbeadh cónaí ar na daoine i gceist sa Stát sin. |
2. |
Beidh daoine de theaghlach oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil le linn a seala sa Stát inniúil.
I gcás ina liostaítear an Stát inniúil in Iarscríbhinn SSC-2, áfach, ní bheidh na baill de theaghlach oibrí imeallchríche a bhfuil cónaí orthu sa Stát céanna leis an oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil sa Stát inniúil ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal SSC.17(1). |
Airteagal SSC.17
Fanacht lasmuigh den Stát inniúil
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt le mír 2, beidh duine árachaithe agus na baill dá dteaghlaigh a bheidh ag fanacht i Stát seachas an Stát inniúil i dteideal sochar comhchineáil, arna gcur ar fáil thar ceann na hinstitiúide inniúla ag institiúid na háite fanachta i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, amhail is dá mbeadh na duine lena mbaineann árachaithe faoin reachtaíocht sin, más rud é:
|
2. |
In Foscríbhinn SSCI-2 a ghabhann le hIarscríbhinn SSC-7, liostaítear sochair chomhchineáil, a mbíonn comhaontú roimh ré ag teastáil ar chúiseanna praiticiúla idir an duine atá i gceist agus an institiúid a thugann an cúram ionas gur féidir iad a chur ar fáil le linn tréimhse fanachta i Stát eile. |
Airteagal SSC.18
Taisteal chun críche sochair chomhchineáil a fháil — Údarú le cóireáil chuí a fháil lasmuigh den Stát cónaithe
1. |
Ach amháin má fhoráiltear maidir lena mhalairt leis an bPrótacal seo, i dtaca le duine árachaithe a thaistealaíonn go Stát eile agus é mar aidhm aige sochair chomhchineáil a fháil le linn na tréimhse fanachta, iarrfaidh an duine sin údarú ar an institiúid inniúil. |
2. |
I dtaca le duine árachaithe atá údaraithe ag an institiúid inniúil chun dul go Stát eile agus é mar chuspóir an chóireáil a fháil atá iomchuí dá riocht, gheobhaidh sé na sochair chomhchineáil a chuireann institiúid na háite fanachta ar fáil, thar ceann na hinstitiúide inniúla, i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mbeadh sé árachaithe faoin reachtaíocht sin. Tabharfar an t-údarú i gcás a bhfuil an chóireáil i gceist ar na sochair dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sa Stát ina bhfuil cónaí ar an duine i gceist agus i gcás nach féidir an chóireáil sin a thabhairt dó laistigh de theorainn ama ar féidir údar maith leighis a thabhairt leis, agus a staid sláinte reatha agus cúrsa dóchúil a bhreoiteachta á dtógáil san áireamh. |
3. |
Tá feidhm ag míreanna 1 agus 2 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe. |
4. |
Má tá cónaí ar bhaill teaghlaigh duine árachaithe i Stát eile seachas an Stát ina bhfuil cónaí ar an duine árachaithe, agus má roghnaigh an Stát sin cúiteamh ar bhonn méideanna seasta, íocfaidh an institiúid in áit chónaithe na mball teaghlaigh costas na sochar comhchineáil dá dtagraítear i mír 2. Sa chás sin, chun críocha mhír 1, ní mór institiúid áit chónaithe na mball teaghlaigh a mheas mar an institiúid inniúil. |
Airteagal SSC.19
Sochair airgid thirim
1. |
Beidh duine árachaithe agus baill dá theaghlach a bhfuil cónaí orthu nó atá ag fanacht i Stát eile seachas an Stát inniúil i dteideal sochair airgid thirim a chuirfear ar fáil ag an institiúid inniúil i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Trí chomhaontú idir an institiúid inniúil agus institiúid na háite cónaithe nó fanachta, áfach, féadfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, na sochair sin a chur ar fáil ar chostas na hinstitiúide inniúla i gcomhréir le reachtaíocht an Stáit inniúil. |
2. |
Ní mór d’institiúid inniúil Stáit a shonraítear ina reachtaíocht nach mór go mbeadh ríomh shochair airgid thirim bunaithe ar mheánioncam nó ar mheán-ranníocaíochtaí, an bonn meánioncaim nó meán-ranníocaíochta sin a shainiú go heisiach trí thagairt do na hioncaim atá dearbhaithe mar bheith íoctha, nó na boinn ranníocaíochta arna gcur i bhfeidhm, le linn na dtréimhsí a chuirtear isteach faoin reachtaíocht sin. |
3. |
Maidir le hinstitiúid inniúil Stáit dá bhforáiltear lena reachtaíocht go mbeidh ríomh shochair airgid thirim bunaithe ar ioncam caighdeánach, tógfaidh sí an t-ioncam caighdeánach san áireamh go heisiach nó, i gcás inarb iomchuí, meánmhéid na n-ioncam caighdeánach le haghaidh na dtréimhsí a chuirtear isteach faoin reachtaíocht sin. |
4. |
Tá feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir le cásanna ina leagtar síos leis an reachtaíocht a chuirtear i bhfeidhm ag an institiúid inniúil tréimhse shonrach tagartha a chomhfhreagraíonn go hiomlán nó i bpáirt sa chás atá curtha isteach ag an duine i gceist faoi reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó ná sin. |
Airteagal SSC.20
Éilitheoirí pinsin
1. |
Maidir le duine árachaithe a scorann de bheith i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht an Stáit inniúil ba dheireanaí tar éis dó éileamh a dhéanamh ar phinsean, nó le linn imscrúdú ar an éileamh sin, leanfaidh sé de bheith i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht an Stáit ina bhfuil cónaí air, ar choinníoll go sásaíonn an t-éilitheoir pinsin coinníollacha árachais na reachtaíochta dá dtagraítear i mír 2. Beidh feidhm freisin ag an gceart chun sochar comhchineáil sa Stát cónaithe maidir le baill teaghlaigh an éilitheoir pinsin. |
2. |
Beidh na sochair chomhchineáil inmhuirearaithe ar institiúid an Stáit a thiocfadh, i gcás pinsean a dhámhachtain, chun bheith inniúil faoi Airteagail SSC.21. SSC.22 agus SSC.23. |
ROINN 2
FORÁLACHA SPEISIALTA DO PHINSINÉIRÍ AGUS DO BHAILL DÁ DTEAGHLAIGH
Airteagal SSC.21
Cearta chun sochar comhchineáil faoi reachtaíocht an Stáit chónaithe
Maidir le duine a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht dhá Stáit nó níos mó, i gcás inarb í ceann amháin díobh an áit chónaithe, agus atá i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht an Stáit sin, gheobhaidh sé, in éineacht le baill a theaghlaigh, na sochair chomhchineáil ó institiúid na háite cónaithe agus ar a costas, amhail is gur pinsinéir é a mbeadh a phinsean iníoctha faoi reachtaíocht an Stáit sin amháin.
Airteagal SSC.22
Gan cheart chun sochair chomhchineáil a fháil faoi reachtaíocht an Stáit chónaithe
1. |
Duine:
Gheobhaidh siad, mar sin féin, na sochair sin dóibh féin agus do na daoine dá dteaghlaigh, a mhéid a bheadh an pinsinéir ina dteideal faoi reachtaíocht an Stáit atá inniúil i leith a bpinsean nó faoi reachtaíocht ceann amháin ar a laghad de na Stáit atá inniúil, dá mbeadh cónaí ar an duine sin sa Stát sin . Soláthróidh institiúid na háite cónaithe na sochair chomhchineáil ar chostas na hinstitiúide dá dtagraítear i mír 2, amhail is dá mbeadh an duine i gceist i dteidil pinsin agus sochar comhchineáil faoi reachtaíocht an Stáit sin. |
2. |
Sna cásanna a chumhdaítear le mír 1, íocfaidh an institiúid costas na sochar comhchineáil de réir mar a chinnfear i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
|
Airteagal SSC.23
Pinsin faoi reachtaíocht breis agus Ballstáit amháin seachas an Ballstát cónaithe, i gcás ina bhfuil ceart chun sochar comhchineáil sa dara Ballstát
I gcás ina bhfuil cónaí ar dhuine a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó agus na Ríochta Aontaithe i Stát i gcás nach bhfuil an ceart chun sochair chomhchineáil a fháil faoi réir coinníollacha árachais, nó i gcás coinníollacha gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó dhuine féinfhostaithe, agus i gcás nach bhfaigheann an duine aon phinsean ón Stát cónaithe sin, íocfaidh institiúid ceann de na Stáit atá inniúil i dtaobh phinseán an duine a shaineofar i gcomhréir le hAirteagal SSC.22(2) costas na sochar comhchineáil a sholáthrófar dó agus do bhaill dá theaghlaigh, a mhéid agus a bheadh an pinsinéir agus baill a theaghlaigh i dteideal na sochar sin dá mbeadh cónaí orthu sa Stát sin.
Airteagal SSC.24
Cónaí ball teaghlaigh i Stát seachas an ceann ina bhfuil cónaí ar an bpinsinéir
I gcás duine:
(a) |
a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó; agus |
(b) |
a chónaíonn i Stát seachas an Stát ina gcónaíonn daoine dá theaghlach nó dá teaghlach, beidh na daoine sin de theaghlach an duine sin i dteideal sochair chomhchineáil a fháil ó institiúid na háite ina bhfuil cónaí orthu de réir na reachtaíochta a chuireann sé i bhfeidhm sa mhéid go bhfuil an pinsinéir i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht Stáit. Déanfaidh an institiúid inniúil atá freagrach as costais na sochar comhchineáil a chuirfear ar fáil don phinsinéir ina Stát cónaithe na costais a íoc. |
Airteagal SSC.25
Fanacht an phinsinéara nó ball teaghlaigh dá chuid i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí air — fanacht sa Bhallstát inniúil — údarú do chóireáil chuí lasmuigh den Bhallstát cónaithe
1. |
Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSC.17 maidir leis na nithe seo a leanas:
|
2. |
Tá feidhm ag Airteagal SSC.16 (1) mutatis mutandis maidir leis na daoine a bhfuil cur síos orthu i mír 1 nuair a fhanann siad sa Stát ina bhfuil an institiúid inniúil atá freagrach as costas na sochar comhchineáil arna soláthar don phinsinéir ina Stát cónaithe agus tá an Stát sin tar éis é sin a roghnú agus an méid sin liostaithe in Iarscríbhinn SSC-3. |
3. |
Tá feidhm ag Airteagal SSC.18 mutatis mutandis maidir le pinsinéir nó daoine dá theaghlach nó dá teaghlach atá ag fanacht i Stát seachas an Stát ina bhfuil cónaí orthu chun críoch an chóireáil is cuí dá riocht a fháil sa Stát sin. |
4. |
Ach amháin má fhoráiltear maidir lena mhalairt i mír 5, i dtaca le hinstitiúid inniúil atá freagrach as costas na sochar comhchineáil a chuirfear ar fáil don phinsinéir ina Bhallstát cónaithe, íocfaidh sí costas na sochar comhchineáil dá dtagraítear i míreanna 1 go 3. |
5. |
Íocfaidh institiúid áit chónaithe an phinsinéara nó ball a theaghlaigh costas na sochar dá dtagraítear i mír 3, má bhíonn cónaí ar na daoine sin i Stát a rinne cúiteamh a roghnú ar bhonn méideanna seasta. Sna cásanna sin, chun críocha mhír 3, déanfar institiúid áit chónaithe an phinsinéara nó ball a theaghlaigh a mheas mar an institiúid inniúil. |
Airteagal SSC.26
Sochair airgid thirim do phinsinéirí
1. |
Maidir le hinstitiúid inniúil an Stáit ina bhfuil an institiúid inniúil suite atá freagrach as costas na sochar comhchineáil a chuirfear ar fáil don phinsinéir ina áit chónaithe, íocfaidh sí sochair airgid thirim le duine a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht breis agus Stáit amháin. Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSC.19. |
2. |
Tá feidhm ag mír 1 freisin maidir le baill teaghlaigh pinsinéara. |
Airteagal SSC.27
Ranníocaí ó phinsinéirí
1. |
Aon institiúid de chuid Stáit atá freagrach faoin reachtaíocht ar chuireann sí i bhfeidhm í as asbhaintí a dhéanamh i leith ranníocaí as sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta, féadfaidh sí asbhaintí den sórt sin a iarraidh agus a aisghabháil, arna ríomh de réir na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm, ach amháin a mhéid atá costas na sochar de bhun Airteagail SSC.21 go SSC.24 le hiompar ag institiúid an Stáit sin. |
2. |
Más rud é, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal SSC.23, go mbeidh fáil sochar breoiteachta, sochar máithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta faoi réir íocaíocht ranníocaíochtaí nó íocaíochtaí dá samhail faoi reachtaíocht Stáit ina bhfuil cónaí ar an bpinsinéir lena mbaineann, ní bheidh na ranníocaíochtaí sin iníoctha de bhua an chónaithe sin. |
ROINN 3
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal SSC.28
Forálacha ginearálta
Níl feidhm ag Airteagail SSC.21 go SSC.27 maidir le pinsinéir ná maidir leis na daoine do theaghlach an phinsinéra atá i dteideal sochar faoi reachtaíocht Stáit ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe. I gcásanna den sórt sin, beidh an duine lena mbaineann, chun críocha na Caibidle seo, faoi réir Airteagail SSC.15 go SSC.19.
Airteagal SSC.29
Tosaíocht maidir leis an gceart ar shochair chomhchineáil - riail speisialta maidir le ceart na mball teaghlaigh ar shochair sa Stát ina bhfuil cónaí orthu
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt le mír 2 agus 3, i gcás ina bhfuil ceart neamhspleách chun sochar comhchineáil ag duine den teaghlach bunaithe ar reachtaíocht Stáit nó ar an gCaibidil seo, beidh tosaíocht ag an gceart sin ar cheart díorthach chun sochar comhchineáil do dhaoine den teaghlach. |
2. |
Mura bhforáiltear a mhalairt le mír 3, i gcás inarb ann don cheart neamhspleách sa Stát cónaithe go díreach agus ar bhonn áit chónaithe an duine lena mbaineann sa Stát sin amháin, beidh tosaíocht ag ceart díorthach chun sochar comhchineáil ar an gceart neamhspleách. |
3. |
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, cuirfear sochair chomhchineáil ar fáil do dhaoine de theaghlach duine árachaithe ar chostas institiúid inniúil an Stáit ina bhfuil cónaí orthu, más rud é:
|
Airteagal SSC.30
Cúiteamh idir institiúidí
1. |
Na sochair chomhchineáil a sholáthróidh institiúid Stáit thar ceann institiúid Stáit eile faoin gCaibidil seo, beidh siad ina n-aisíocaíocht iomlán. |
2. |
Saineofar na cúitimh dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfear i gcrích iad i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn SSC-7, tar éis cruthúnas faoi chaiteachas iarbhír a chur ar fáil, nó ar bhonn méideanna seasta do Stáit arb amhlaidh a chuid struchtúr dlíthiúil nó riaracháin nach iomchuí úsáid a bhaint as cúiteamh ar bhonn caiteachais iarbhír. |
3. |
Féadfaidh na Stáit agus a gcuid údarás inniúil, foráil maidir le modhanna eile cúitimh nó an cúiteamh go léir idir na hinstitiúidí a thagann faoin dlínse seo a tharscaoileadh. |
CAIBIDIL 2:
SOCHAIR I LEITH TIONÓISCÍ AG AN OBAIR AGUS GALAR CEIRDE;
Airteagal SSC.31
Ceart chun sochar comhchineáil agus in airgead tirim
1. |
Gan dochar d’aon fhorálacha níos fabhraí i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh feidhm freisin ag Airteagal SSC.15 agus Airteagail SSC.16(1), SSC.17(1) agus SSC.18(1) i leith na sochar a bhaineann le tionóiscí ag an obair nó le galair cheirde. |
2. |
Maidir le duine ar tharla tionóisc dó ag an obair nó a tholg galar ceirde agus a bhfuil cónaí air nó a bhfuil sé ag fanacht i Stát eile seachas an Stát inniúil beidh sé i dteideal na sochair chomhchineáil speisialta de chuid na scéime lena gcumhdaítear tionóiscí ag an obair agus galair cheirde ar choinníoll, thar ceann na hinstitiúide inniúla, ag institiúid na háite cónaithe nó fanacht i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, amhail is dá mbeadh sé árachaithe faoin reachtaíocht sin. |
3. |
Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú dá bhforáiltear in Airteagal SSC.18(1) a dheonú do dhuine ar tharla tionóisc ag an obair dó nó a tholg galar ceirde agus atá i dteideal sochar is inmhuirearaithe ar an institiúid sin, i gcás nach féidir an chóireáil is iomchuí dá riocht a thabhairt sa Stát ina bhfuil cónaí ar an duine sin laistigh de theorainn ama a bhfuil bonn cirt léi ó thaobh leighis de, agus sláinte reatha an duine agus toradh dóchúil an tinnis á cur san áireamh. |
4. |
Baineann Airteagal SSC.19 freisin le sochair a thagann faoi réim na Caibidle seo. |
Airteagal SSC.32
Costais iompair
1. |
Maidir le hinstitiúid inniúil Stáit a bhforáiltear lena reachtaíocht maidir le costais duine a iompar ar tharla tionóisc dó ag an obair nó a bhfuil galar ceirde air, chuig a háit chónaithe nó chuig ospidéal, déanfaidh sí na costais sin a chumhdach chuig an áit chomhfhreagrach sa Stát ina bhfuil cónaí ar an duine sin, ar choinníoll go dtugann an institiúid sin údarú roimh ré don iompar sin, agus na cúiseanna leis á dtógáil san áireamh mar is cuí. Ní bheidh an t-údarú sin riachtanach i gcás oibrí imeallchríche. |
2. |
Maidir le hinstitiúid inniúil Stáit dá bhforáiltear lena reachtaíocht maidir le cumhdach na gcostas as iompar chorp duine a maraíodh i dtionóisc ag an obair chuig an áit adhlactha, i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, cumhdóidh sí na costais sin chuig an áit chomhfhreagrach sa Stát ina raibh cónaí ar an duine aimsir na tionóisce. |
Airteagal SSC.33
Sochair i gcomhair galar ceirde i gcás ina raibh an duine a d’fhulaing an galar sin nochta don riosca céanna i roinnt Stát
I gcás inar ghabh duine a tholg galar ceirde, faoi reachtaíocht dhá Stáit nó níos mó, do ghníomhaíocht ar dóchúil go mbeadh sé ina cúis leis an ngalar sin mar gheall ar a chineál, cuirfear na sochair a fhéadann sé nó a chuid marthanóirí a éileamh a chur ar fáil go heisiach faoi reachtaíocht an Stáit ba dheireanaí a gcomhlíontar a choinníollacha.
Airteagal SSC.34
Galar ceirde a dhéanamh níos measa
I gcás go ndéantar galar ceirde níos measa i gcás go bhfuair an duine a bhfuil an galar sin air nó go bhfuil sé ag fáil sochar faoi reachtaíocht Stáit, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a) |
murar ghabh an duine i gceist, agus sochair á bhfáil aige, faoi reachtaíocht Stáit eile, do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe ar dóchúil go mbeadh sí ina cúis leis an ngalar i gceist nó go ndéanfadh sí níos measa é, íocfaidh institiúid inniúil an chéad Stáit costas na sochar faoi fhorálacha na reachtaíochta a chuireann sé i bhfeidhm, agus é á thógáil san áireamh go ndearnadh an galar níos measa; |
(b) |
má bhí an duine i gceist, agus sochair á bhfáil aige, ag gabháil de ghníomhaíocht den sórt sin faoi reachtaíocht Stáit eile, íocfaidh institiúid inniúil an chéad Stáit costas na sochar faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm gan a thógáil san áireamh go ndearnadh an galar níos measa. Déanfaidh institiúid inniúil an dara Stáit forlíonadh a dheonú don duine i gceist, beidh a mhéid comhionann leis an difríocht idir méid na sochar dlite tar éis go ndéanfar an galar níos measa agus an méid a bheadh dlite sula ndearfaí an galar níos measa faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, dá dtarlódh an galar i gceist faoi reachtaíocht an Stáit sin; |
(c) |
ní agrófar na rialacha maidir le laghdú, cur ar fionraí nó aistarraingt a leagtar síos i reachtaíocht Stáit i gcoinne daoine a fhaigheann sochair a chuireann institiúidí dhá Stáit ar fáil i gcomhréir le pointe (b). |
Airteagal SSC.35
Rialacha chun gnéithe speisialta de reachtaíocht áirithe a thógáil san áireamh
1. |
Mura bhfuil aon árachas i gcoinne tionóiscí ag an obair ná galair cheirde sa Stát ina bhfuil an duine i gceist ina chónaí nó ag fanacht, nó más ann don árachas sin ach nach bhfuil aon institiúid freagrach as sochair chomhchineáil a chur ar fáil, cuirfidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta atá freagrach as sochair chomhchineáil a chur ar fáil i gcás breoiteachta, cuirfidh sí na sochair sin ar fáil. |
2. |
Mura bhfuil aon árachas i gcoinne tionóiscí ag an obair ná galair cheirde sa Stát inniúil, cuirfear i bhfeidhm d’ainneoin sin forálacha na Caibidle seo maidir le sochair chomhchineáil a chur i bhfeidhm ar dhuine atá i dteideal na sochar sin i gcás breoiteachta, máithreachais nó atharthachta faoi reachtaíocht an Stáit sin má tharlaíonn tionóisc ag an obair don duine sin nó má fhulaingíonn sé galar ceirde le linn cónaithe i Stát eile. Is í an institiúid atá inniúil i gcomhair na sochar comhchineáil faoi reachtaíocht an Stáit inniúil a íocfaidh na costais. |
3. |
Tá feidhm ag Airteagal SSC.6 maidir leis an institiúid inniúil i Stát i ndáil le coibhéis tionóiscí ag an obair agus galar ceirde a tharla nó a deimhníodh ina dhiaidh sin faoi reachtaíocht Stáit eile nuair atá an grád éagumais, an ceart chun sochar nó a méid a mheasúnú, ar choinníoll:
|
Airteagal SSC.36
Cúiteamh idir institiúidí
1. |
Tá feidhm ag Airteagal SSC.30 maidir le sochair a thagann faoin gCaibidil seo freisin, agus déanfar aisíocaíocht ar bhonn costas iarbhír. |
2. |
Féadfaidh na Stáit agus a gcuid údarás inniúil, foráil maidir le modhanna eile cúitimh nó an cúiteamh go léir idir na hinstitiúidí a thagann faoin dlínse seo a tharscaoileadh. |
CAIBIDIL 3
DEONTAIS BHÁIS
Airteagal SSC.37
Ceart chun deontas a dheonú i gcás ina dtarlaíonn bás i Stát seachas an Stát inniúil, nó i gcás ina gcónaíonn an duine atá i dteideal an Stáit sin
1. |
Nuair a fhaigheann duine árachaithe nó ball dá theaghlach bás i Stát eile seachas an Stát inniúil, measfar gur tharla an bás sa Stát inniúil. |
2. |
Beidh ceangal ar an institiúid inniúil deontais bháis a chur ar fáil atá iníoctha faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, fiú má bhíonn cónaí ar an duine atá ina theideal i Stát eile seachas an Stát inniúil. |
3. |
Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin i gcás ina dtarlaíonn an bás mar thoradh ar thionóisc ag an obair nó ghalar ceirde. |
Airteagal SSC.38
Sochair a sholáthar i gcás bhás pinsinéara
1. |
I gcás báis pinsinéara a bhí i dteideal pinsinéara faoi reachtaíocht Stáit amháin, nó i dteideal pinsean faoi reachtaíocht dhá Stát nó níos mó, nuair a bhí cónaí ar an bpinsinéir sin i Stát seachas Stát na hinstitiúide a bhí freagrach as costas na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi Airteagail SSC.22 agus SSC.23, soláthrófar na deontais báis atá iníoctha faoin reachtaíocht arna riar ag an institiúid sin ar a costas féin amhail agus go raibh an pinsinéir ina chónaí tráth a bháis sa Stát ina bhfuil an institiúid sin. |
2. |
Tá feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le baill teaghlaigh pinsinéara. |
CAIBIDIL 4
SOCHAIR EASLÁINE
Airteagal SSC.39
Sochair easláine a ríomh
Gan dochar d’Airteagal SSC.7, más rud é, faoi reachtaíocht an Stáit atá inniúil faoi Theideal II den Phrótacal seo, go mbeidh méid na sochar easláine ag brath ar fhad na dtréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe, nach gceanglaítear ar an Stát inniúil aon tréimhsí den sórt sin a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Stáit eile a chur san áireamh chun méid an tsochair easláine is iníoctha a ríomh.
Airteagal SSC.40
Forálacha speisialta maidir le comhiomlánú tréimhsí
Institiúid inniúil Stáit a gcuireann a reachtaíocht faoi cheangal ceart chun sochar a fháil, a choinneáil nó a aisghabháil ar thréimhsí árachais nó cónaithe a bheith comhlánaithe, déanfaidh sí, i gcás inar gá, Airteagal SSC.46 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.
Airteagal SSC.41
Easláine a fhorthromú
I gcás forthromú easláine a bhfuil duine ag fáil sochar ina leith faoi reachtaíocht Stáit i gcomhréir leis an bPrótacal seo, leanfar den sochar a chur ar fáil de réir na Caibidle seo, agus an forthromú á chur i gcuntas.
Airteagal SSC.42
Sochair easláine a thiontú go sochair sheanaoise
1. |
I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i reachtaíocht an Stáit a íocann sochar easláine de réir an Phrótacail seo, déanfar sochair easláine a chomhshó ina sochair seanaoise faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an reachtaíocht faoina gcuirtear ar fáil iad agus i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal III. |
2. |
I gcás ina bhféadfaidh duine a fhaigheann sochair easláine éileamh ar shochair seanaoise a shuíomh faoi reachtaíocht Stáit amháin eile nó níos mó, de réir Airteagal SSC.45, leanfaidh aon institiúid atá freagrach as sochair easláine a sholáthar faoi reachtaíocht Stáit de na sochair easláine a bhfuil sé nó sí ina dteideal faoin reachtaíocht a chuireann sé nó sí i bhfeidhm a chur ar fáil go dtí go dtiocfaidh mír 1 chun bheith infheidhme maidir leis an institiúid sin, nó thairis sin fad a chomhlíonann an duine lena mbaineann na coinníollacha le haghaidh na sochar sin. |
Airteagal SSC.43
Forálacha speisialta do státseirbhísigh
Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagail SSC.7, SSC.39, SCC.41, SSC.42 agus Airteagal SSC.55(2) agus (3) maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh.
CAIBIDIL 5
PINSIN SEANAOISE AGUS MARTHANÓRA
Airteagal SSC.44
Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh
1. |
I gcás, faoi reachtaíocht an Stáit atá inniúil faoi Theideal II, nach gcuirtear tréimhse tógála leanaí ar bith san áireamh, institiúid an Bhallstáit arbh í a reachtaíocht a bhí infheidhme, de réir Theideal II, maidir leis an duine lena mbaineann ar an bhforas go raibh sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ar an dáta nuair a tosaíodh ar an tréimhse tógála leanaí a chur san áireamh, faoin reachtaíocht sin, leanfaidh sí de bheith freagrach as an tréimhse sin a chur san áireamh mar thréimhse tógála leanaí faoina reachtaíocht féin, amhail is gurbh ar a chríoch féin a rinneadh an tógáil leanaí sin. |
2. |
Ní bheidh feidhm ag mír 1 má tá an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ballstáit eile, nó má thagann sé chun bheith amhlaidh, de bharr é a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta. |
Airteagal SSC.45
Forálacha ginearálta
1. |
Saineoidh na hinstitiúidí inniúla go léir teidlíocht chun sochar a fháil, faoi reachtaíocht na Stát go léir a raibh an duine i gceist faoina réir, nuair a dhéanfar iarratas ar dhámhachtain, ach amháin má iarrann an duine i gceist go soiléir go gcuirfear siar dámhachtain shochair sheanaoise faoi reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó ná sin. |
2. |
Mura gcomhlíonann an duine lena mbaineann, tráth áirithe, na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht uile na Stát a bhfuil an duine sin faoina réir, nó mura gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha sin, ní chuirfidh na hinstitiúidí a chuireann reachtaíocht i bhfeidhm a mbeidh a coinníollacha comhlíonta, nuair a bheidh an ríomh á chomhlíonadh de réir phointe (a) nó (b) d’Airteagal SSC.47(1), na tréimhsí a cuireadh i gcrích faoin reachtaíocht nach mbeidh a gcoinníollacha comhlíonta, nó nach mbeidh siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, i gcás ina dtugann an méid sin méid níos ísle de shochair. |
3. |
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 i gcás ina n-iarrfaidh an duine i gceist go sainráite go gcuirfear siar dámhachtain na sochar sheanaoise. |
4. |
Déanfar ríomhaireacht nua go huathfheidhmeach chomh luath agus a shásaítear na coinníollacha atá le bheith sásaithe faoin reachtaíocht eile nó nuair a iarrann duine go gcuirfear siar dámhachtain sochair seanaoise i gcomhréir le mír 1, ach amháin má bhíonn tréimhsí atá curtha isteach faoin reachtaíocht eile de bhua mhír 2 nó mhír 3 tógtha san áireamh cheana. |
Airteagal SSC.46
Forálacha speisialta maidir le comhiomlánú tréimhsí
1. |
I gcás ina bhfuil deonú sochar áirithe, i reachtaíocht Stáit, mar choinníoll de na tréimhsí árachais atá curtha isteach díreach i ngníomhaíocht shonrach mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe nó i ngairm atá faoi réir scéime speisialta do dhaoine fostaithe nó féinfhostaithe, tréimhsí a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Stáit eile a thógáil san áireamh díreach má cuireadh isteach iad faoi scéim chomhfhreagrach, nó murach sin, sa ghairm chéanna, i gcás inarb iomchuí, sa ghníomhaíocht chéanna mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.
Mura sásaíonn an duine na coinníollacha um fáil sochar de chuid scéim speisialta, tar éis na tréimhsí a cuireadh isteach mar sin a thógáil san áireamh, ní mór na tréimhsí sin a thógáil san áireamh chun críoch sochair na scéime ginearálta a sholáthar nó, murach sin sochar na scéime is infheidhme d’oibrithe láimhe nó cléireachais, de réir mar is cuí, ar choinníoll go raibh an duine i gceist cleamhnaithe le ceann amháin de na scéimeanna sin nó an ceann eile. |
2. |
Ní mór na tréimhsí a cuireadh isteach faoi scéim speisialta Stáit a thógáil san áireamh chun críoch sochair na scéime ginearálta a sholáthar nó, murach sin, sochair na scéime is infheidhme d’oibrithe láimhe nó cléireachais, de réir mar is cuí, de chuid Stáit eile, ar choinníoll go raibh an duine i gceist cleamhnaithe le ceann amháin de na scéimeanna sin nó an ceann eile, fiú má cuireadh na tréimhsí sin san áireamh cheana féin sa Stát deiridh sin faoi scéim speisialta. |
3. |
I gcás ina ndéanfar le reachtaíocht Stáit nó le scéim shonrach Stáit coinníoll a chur ag gabháil le fáil, le coinneáil nó le gnóthú ceart chun sochar, á rá go mbeadh an duine lena mbaineann árachaithe ar theacht ann don riosca, measfar gur comhlíonadh an coinníoll sin má bhí an duine sin árachaithe roimhe sin faoi reachtaíocht an Stáit sin nó faoi scéim shonrach an Stáit sin, agus, ar theacht ann don riosca, go bhfuil sé nó sí árachaithe faoi reachtaíocht Stáit eile i leith an riosca chéanna nó, ina éagmais sin, i gcás sochar a bheith dlite faoi reachtaíocht Stáit eile i leith an riosca chéanna. Measfar an coinníoll deireanach sin a bheith comhlíonta, áfach, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal SSC.52. |
Airteagal SSC.47
Deonú sochar
1. |
Ní mór don institiúid inniúil méid an tsochair a ríomh a bheadh dlite:
|
2. |
I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an institiúid inniúil i bhfeidhm, maidir leis an méid arna ríomh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) de mhír 1, na rialacha go léir a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagail SSC.48, SSC.49 agus SSC.50. |
3. |
Beidh an duine i gceist i dteideal an ceann is airde de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) de mhír 1 a fháil ó institiúid inniúil gach Stáit. |
4. |
I gcás ina mbeidh sé de thoradh i gcónaí ar an ríomh de bhun phointe (a) de mhír 1 i Stát amháin go mbeidh an sochar neamhspleách comhionann leis an sochar pro rata arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, nó go mbeidh sé níos mó ná é, tarscaoilfidh an institiúid inniúil an ríomh pro rata, ar an gcoinníoll:
|
5. |
D’ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, ní bheidh feidhm ag an ríomh pro rata maidir le scéimeanna a sholáthraíonn sochair nach mbeidh baint ar bith ag tréimhsí ama leo maidir leis an ríomh, faoi réir na scéimeanna sin a liostú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn SSC-4. Sna cásanna sin, beidh an duine lena mbaineann i dteideal an tsochair a ríomhfar i gcomhréir le reachtaíocht an Stáit lena mbaineann. |
Airteagal SSC.48
Rialacha chun forluí a chosc
1. |
Maidir le haon fhorluí sochar seanaoise agus sochar marthanóirí arna ríomh nó arna soláthar ar bhonn tréimhsí árachais nó cónaithe arna gcur isteach ag an duine céanna, measfar gur forluí sochar den chineál céanna atá i gceist. |
2. |
Déanfar forluí sochar nach féidir a mheas mar shochair den chineál céanna laistigh de bhrí mhír 1 a mheas mar fhorluí sochar de chineál difriúil. |
3. |
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha rialacha le forluí a chosc a leagtar síos le reachtaíocht Stáit i gcás forluí idir sochar i dtaobh easláine, seanaoise nó marthanóra agus sochar den chineál céanna nó sochar de chineál difriúil nó ioncam eile:
|
Airteagal SSC.49
Forluí sochar den chineál céanna
1. |
I gcás ina bhforluíonn sochair den chineál céanna atá dlite faoi reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó, ní bheidh na rialacha chun forluí a chosc arna leagan síos le reachtaíocht Stáit infheidhme maidir le sochar pro rata. |
2. |
Ní bheidh feidhm ag na rialacha chun forluí a chosc maidir le sochar neamhspleách ach más amhlaidh maidir leis an sochar i gceist:
Tá na sochair agus na comhaontuithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) liostaithe in Iarscríbhinn SSC-5. |
Airteagal SSC.50
Forluí sochar de chineál difriúil
1. |
Na rialacha chun forluí a chosc dá bhforáiltear le reachtaíocht an Stáit i gceist, má éilítear, chun go bhfaighfear sochair de chineál difriúil nó ioncam eile, na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le:
|
2. |
Ní chuirfidh an institiúid inniúil an deighilt a shonraítear maidir le sochair neamhspleácha i bhfeidhm, má fhoráiltear leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm go gcuirfear san áireamh sochair de chineál éagsúil nó d’ioncam eile agus gach eilimint eile chun cuid dá méid a ríomh a chinntear mar fheidhm den chóimheas idir tréimhsí árachais agus/nó cónaithe dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d’Airteagal SSC.47( 1) |
3. |
Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 agus 2 lena bhforáiltear le reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó nach féidir an ceart chun sochair a fháil i gcás ina bhfuil an duine i gceist ag fáil sochair de chineál difriúil, atá iníoctha faoi reachtaíocht Stáit eile, nó i gcás ina bhfuil sé ag fáil ioncaim eile. |
Airteagal SSC.51
Forálacha breise chun sochar a ríomh
1. |
Chun na méideanna teoiriciúla agus pro rata dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal SSC.47(1) a ríomh, tá feidhm ag na rialacha seo a leanas:
|
2. |
Beidh feidhm ag forálacha reachtaíocht Stáit maidir le luach nua a shocrú le haghaidh na ngnéithe a thógtar san áireamh chun sochair a ríomh, mar is iomchuí, i ndáil leis na gnéithe atá le tógáil san áireamh ag institiúid inniúil an Stáit sin, i gcomhréir le mír 1, i dtaobh na dtréimhsí árachais nó cónaithe a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Stát eile. |
Airteagal SSC.52
Tréimhsí árachais nó cónaithe de níos lú ná aon bhliain amháin
1. |
D’ainneoin phointe (b) d’Airteagal SSC.47(1), ní bheidh ceangal ar institiúid Stáit sochair a chur ar fáil i dtaobh tréimhsí a chuirtear isteach faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm a thógtar san áireamh nuair a tharlaíonn an riosca, más amhlaidh:
Chun críocha an Airteagail seo, is í an bhrí a bheidh le ‘tréimhsí’ gach tréimhse árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe a cháilíonn don sochar i gceist nó a mhéadaíonn go díreach é. |
2. |
Chun críocha phointe (b)(i) d’Airteagal SSC.47(1), cuirfidh institiúid inniúil gach ceann de na Stáit lena mbaineann san áireamh na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1. |
3. |
Más é a bheadh d’éifeacht le mír 1 a chur i bhfeidhm faoiseamh a thabhairt d’institiúidí uile na Stát lena mbaineann óna n-oibleagáidí, cuirfear sochair ar fáil go heisiach faoi reachtaíocht na Stát is deireanaí díobh sin a bhfuil a gcoinníollacha comhlíonta, ionann is dá mbeadh na tréimhsí árachais agus cónaithe go léir a cuireadh i gcrích agus a cuireadh san áireamh de réir Airteagail SSC.7 agus SSC.46(1) agus (2) curtha i gcrích faoi reachtaíocht an Stáit sin. |
4. |
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le scéimeanna a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn SSC-4. |
Airteagal SSC.53
Fordheontas a bhronnadh
1. |
Maidir le faighteoir sochar lena mbaineann an Chaibidil seo, ní fhéadfar, sa Stát cónaithe agus a bhfuil sochar iníoctha leis an bhfaighteoir sin faoina reachtaíocht, sochar a sholáthar dó atá níos lú ná an t-íos-sochar arna shocrú leis an reachtaíocht sin le haghaidh tréimhse árachais nó tréimhse cónaithe atá comhionann leis na tréimhsí eile a thógtar san áireamh don íocaíocht i gcomhréir leis an gCaibidil seo. |
2. |
Íocfaidh institiúid inniúil an Stáit sin iad i gcaitheamh a dtréimhse cónaithe ar a chríoch forlíonadh is ionann agus an difríocht idir iomlán na sochar atá dlite faoin gCaibidil seo agus méid an tsochair íosta. |
Airteagal SSC.54
Sochair a athríomh agus a athluacháil
1. |
Má dhéantar an modh chun sochair a chinneadh nó na rialacha maidir le sochair a ríomh a athrú faoi reachtaíocht Stáit, nó má dhéantar athrú ábhartha ar staid phearsanta an duine lena mbaineann agus, faoin reachtaíocht sin, go ndéanfaí coigeartú ar mhéid an tsochair mar thoradh air sin, déanfar athríomh i gcomhréir le hAirteagal SSC.47. |
2. |
Ar an taobh eile den scéal, más amhlaidh, mar gheall ar mhéadú ar an gcostas maireachtála nó athruithe ar an leibhéal ioncaim nó cúiseanna eile le hathrú, go n-athraítear sochair an Stáit i gceist ag céatadán nó méid seasta, cuirfear an céatadán nó an méid sin i bhfeidhm go díreach ar na sochair a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal SSC.47, gan gá le hathríomh. |
Airteagal SSC.55
Forálacha speisialta do státseirbhísigh
1. |
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail SSC.7 agus SSC.45, Airteagal SSC.46(3) agus Airteagail SSC.47 go SSC.54 maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh. |
2. |
Má bhíonn sealbhú, leachtú, coimeád nó gnóthú an chirt chun sochar faoi scéim speisialta do státseirbhísigh, de réir reachtaíocht Stáit inniúil, faoi réir an choinníll go mbeadh gach tréimhse árachais curtha isteach faoi scéim speisialta amháin nó níos mó le haghaidh státseirbhíseach sa Stát sin, nó go mbreathnófaí orthu faoi reachtaíocht an Stáit sin mar chomhionann leis na tréimhsí sin, ní thógfaidh institiúid inniúil an Stáit sin san áireamh ach na tréimhsí ar féidir a aithint faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm.
Mura sásaíonn an duine na coinníollacha maidir leis na sochar sin a fháil, tar éis na tréimhsí a chuirtear isteach ar an gcaoi sin a thógáil san áireamh, tógfar na tréimhsí sin san áireamh chun sochair a bhronnadh faoin scéim ghinearálta nó, murach sin an scéim is infheidhme d’oibrithe láimhe nó cléireachais, de réir mar is cuí. |
3. |
I gcás, faoi reachtaíocht Stáit, ina ríomhtar sochair faoi scéim speisialta le haghaidh státseirbhíseach ar bhonn an tuarastail nó na dtuarastal is deireanaí a fuarthas le linn tréimhse tagartha, tógfaidh institiúid inniúil an Stáit sin, chun críocha na ríomhaireachta, na tuarastail sin san áireamh, agus iad athluacháilte mar is cuí, a fuarthas le linn na tréimhse nó na dtréimhsí a raibh an duine i gceist faoi réir na reachtaíochta lena n-aghaidh. |
CAIBIDIL 6
SOCHAIR DHÍFHOSTAÍOCHTA
Airteagal SSC.56
Rialacha speisialta ar chomhiomlánú tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta
1. |
Institiúid inniúil Stáit a dhéanann fáil, coimeád, gnóthú nó fad an chirt chun sochar coinníollach faoina reachtaíocht ar thréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a chuirtear isteach, déanfaidh an institiúid sin, an oiread is gá, tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Stáit eile a thógáil san áireamh amhail is gur cuireadh isteach iad faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm.
I gcás ina bhfuil, faoi réir na reachtaíochta is infheidhme, an ceart chun sochar coinníollach ar thréimhsí árachais a chur isteach, ní thógfar san áireamh na tréimhsí fostaíochta nó féinfhostaíochta a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Stáit eile, mura measfaí gur tréimhsí árachais iad na tréimhsí sin amhail is dá gcuirfí isteach iad i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. |
2. |
Beidh cur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo mar choinníoll ag an duine i gceist tar éis na tréimhsí seo a leanas a chur isteach, i gcomhréir leis an reachtaíocht faoina n-éilítear na sochair:
|
Airteagal SSC.57
Sochair dhífhostaíochta a ríomh
1. |
I gcás ina mbeidh ríomh na sochar dífhostaíochta bunaithe ar mhéid an tuarastail roimhe sin nó an ioncaim ghairmiúil roimhe sin de chuid an duine lena mbaineann, cuirfidh an Stát inniúil san áireamh an tuarastal nó an tioncam gairmiúil a fuair an duine lena mbaineann bunaithe go heisiach ar a ghníomhaíocht dheireanach mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe faoi reachtaíocht an Stáit inniúil. |
2. |
I gcás ina ndéantar foráil sa reachtaíocht a chuireann an Stát inniúil i bhfeidhm maidir le tréimhse thagartha shonrach chun an tuarastal nó an tioncam gairmiúil a úsáideadh chun an méid sochair a ríomh a chinneadh, agus go raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Stáit eile don tréimhse thagartha sin ar fad nó do chuid di, ní chuirfidh an Stát inniúil san áireamh ach an tuarastal nó an tioncam gairmiúil a fuarthas le linn a ghníomhaíochta deiridh mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe faoin reachtaíocht sin. |
CAIBIDIL 7
SOCHAIR RÉAMHSCOIR
Airteagal SSC.58
Sochair
Nuair a chuireann an reachtaíocht is infheidhme srian ar an gceart chun sochar réamhscoir ar thréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a bheith curtha i gcrích, ní bheidh feidhm ag Airteagal SSC.7.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA
Airteagal SSC.59
Comhar
1. |
Tabharfaidh údaráis inniúla na Stát fógra don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta maidir le haon athruithe ar a reachtaíocht maidir leis na brainsí den tslándáil shóisialta a chumhdaítear le hAirteagal SSC.3 atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dó. |
2. |
Mura gceanglaítear leis an bPrótacal seo faisnéis den sórt sin a chur in iúl don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta, cuirfidh údaráis inniúla na Stát in iúl dá chéile bearta a ghlactar chun an Prótacal seo a chur chun feidhme nach dtugtar fógra ina leith faoi mhír 1 agus atá ábhartha do chur chun feidhme an Phrótacail seo. |
3. |
Chun críocha an Phrótacail seo, tabharfaidh údaráis agus institiúidí na Stát cúnamh dá chéile agus gníomhóidh siad amhail is dá mbeidís ag cur chun feidhme a gcuid reachtaíochta féin. An cúnamh riaracháin a thabharfaidh na húdaráis agus na hinstitiúidí sin, beidh sé saor in aisce, de ghnáth. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta, áfach, cineál na gcaiteachas inaisíoctha agus na teorainneacha a bhfuil a n-aisíoc dlite os a gcionn a shuí. |
4. |
Féadfaidh údaráis agus institiúidí na Stát, chun críocha an Phrótacail seo, cumarsáid a dhéanamh go díreach le chéile agus leis na daoine atá i gceist nó lena n-ionadaithe. |
5. |
Beidh dualgas faisnéise agus comhair fhrithpháirtigh ar na hinstitiúidí agus na daoine atá cumhdaithe leis an bPrótacal seo lena áirithiú go gcuirfear an Prótacal seo chun feidhme i gceart.
Déanfaidh na hinstitiúidí, i gcomhréir le prionsabal an dea-riaracháin, freagairt do gach ceist laistigh de thréimhse réasúnta ama agus i ndáil leis sin cuirfidh siad aon fhaisnéis ar fáil do na daoine i gceist atá riachtanach chun na cearta a chleachtadh arna mbronnadh orthu ag an bPrótacal seo a fheidhmiú. Cuirfidh na daoine i gceist institiúidí an Stáit inniúil agus an Stáit chónaithe ar an eolas chomh luath is féidir faoi aon athrú ar a staid phearsanta nó teaghlaigh a mbíonn éifeacht aige ar a gceart chun sochair a fháil faoin bPrótacal seo. |
6. |
Mura gcloífear le hoibleagáid na faisnéise dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 5, féadfar bearta comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D’ainneoin sin, beidh na bearta sin comhionann leis na bearta is infheidhme i gcásanna cosúla faoin dlí baile agus ní bheidh sé dodhéanta nó thar a bheith deacair do na héilithe na cearta a mbronntar orthu leis an bPrótacal seo, a fheidhmiú go praiticiúil mar thoradh orthu. |
7. |
I gcás deacrachtaí maidir leis an bPrótacal seo a léiriú nó a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chearta duine a chumhdaítear leis, déanfaidh institiúid an Stáit inniúil nó Stát cónaithe an duine i gceist teagmháil le hinstitiúidí na Stát i gceist. Mura féidir teacht ar réiteach laistigh de thréimhse réasúnta, féadfaidh Páirtí a iarraidh comhairliúcháin a reáchtáil faoi chuimsiú an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta. |
8. |
Ní fhéadfaidh údaráis, institiúidí ná binsí aon Stáit iarratais ná doiciméid eile a chuirtear faoina mbráid a dhiúltú ar an bhforas go bhfuil siad scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, lena náirítear i mBéarla. |
Airteagal SSC.60
Próiseáil sonraí
1. |
Úsáidfidh na Stáit teicneolaíochtaí nua de réir a chéile chun na sonraí is gá chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm a mhalartú, a rochtain agus a phróiseáil. |
2. |
Beidh gach Stát freagrach as a chuid féin de na seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú. |
3. |
Maidir le doiciméad leictreonach arna sheoladh nó arna eisiúint ag institiúid i gcomhréir leis an bPrótacal seo agus le hIarscríbhinn SSC-7, ní fhéadfaidh aon údarás ná institiúid de chuid Stáit eile é a dhiúltú ar an bhforas go bhfuarthas é trí mheán leictreonach, a luaithe a bheidh sé dearbhaithe ag an institiúid ghlactha go bhféadfaidh sí doiciméid leictreonacha a fháil. Measfar maidir le cóipeáil agus taifeadadh na gcáipéisí sin gur cóip cheart agus chruinn í den cháipéis bhunaidh nó gur léiriú ceart agus cruinn é ar an bhfaisnéis lena mbaineann sé, ach amháin más ann do chruthúnas dá mhalairt. |
4. |
Measfar cáipéis leictreonach a bheith bailí má bhíonn na cosaintí, is gá chun aon athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe ar an taifeadadh a chosc, ar an gcóras ríomhaire ar a bhfuil an cháipéis taifeadta. Beifear in ann uair ar bith an cháipéis thaifeadta a chóipeáil i bhfoirm a bheadh inléite láithreach. |
Airteagal SSC.61
Díolúintí
1. |
Déanfar aon díolúine ó chánacha, ó dhleacht stampa, ó tháillí nótaire nó clárúcháin dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Stáit amháin i leith deimhnithe nó doiciméad a cheanglaítear a thabhairt ar aird le linn reachtaíocht an Stáit sin a thabhairt ar aird a leathnú chuig deimhnithe nó doiciméid dá samhail is gá a thabhairt ar aird le linn reachtaíocht Stáit eile nó an Phrótacail seo a chur i bhfeidhm. |
2. |
Gach ráiteas, cáipéis agus teastas de chineál ar bith a cheanglaítear a thabhairt ar aird chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm, díolmhófar é ó fhíorú ag údaráis taidhleoireachta nó consalachta. |
Airteagal SSC.62
Éilimh, dearbhuithe nó achomhairc
Aon éileamh, dearbhú nó achomharc ba chóir a chur faoi bhráid údaráis, institiúide nó binse de chuid an Stáit sin laistigh de thréimhse shonraithe, i bhfeidhmiú reachtaíochta Stáit amháin, beidh sé inghlactha má chuirtear faoi bhráid údaráis, institiúide nó binse chomhréire de chuid Stáit eile é nó í laistigh den tréimhse chéanna. Sa chás sin déanfaidh an t-údarás, institiúid nó binse a fhaigheann an t-éileamh, an dearbhú nó an t-achomharc é a chur ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil, institiúid nó binse an chéad Stáit go díreach nó trí údaráis inniúla an Stáit lena mbaineann. Déanfar an dáta ar ar cuireadh na héilimh, na dearbhuithe nó na hachomhairc sin faoi bhráid údarás, institiúid nó binse an dara Stát a mheas mar an dáta ar cuireadh faoi bhráid an údaráis inniúil, na hinstitiúide nó an bhinse iad.
Airteagal SSC.63
Scrúduithe leighis
1. |
Institiúid áite fanachta nó cónaithe an duine atá i dteideal sochar, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn SSC-7 nó a chomhaontaítear idir údaráis inniúla na Stát i gceist, féadfaidh sí scrúduithe leighis a bhforáiltear maidir leo le reachtaíocht Stáit amháin a dhéanamh ar chríoch Stáit eile, ar iarratas na hinstitiúide inniúla. |
2. |
Maidir leis na scrúduithe leighis a dhéanfar faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1, measfar gur cuireadh i gcrích iad ar chríoch an Stáit inniúil. |
Airteagal SSC.64
Ranníocaíochtaí a bhailiú agus sochair a ghnóthú
1. |
Féadfar bailiú ranníocaíochtaí atá dlite d’institiúid de chuid Stáit amháin agus gnóthú sochar arna gcur ar fáil ag institiúid Stáit amháin ach nach bhfuil dlite a chur i gcrích i Stát eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na ráthaíochtaí agus na pribhléidí is infheidhme maidir le bailiú ranníocaíochtaí atá dlite d’institiúid chomhfhreagrach an dara Stát agus gnóthú sochar arna gcur ar fáil aige nach bhfuil dlite. |
2. |
Cinntí infhorfheidhmithe na n-údarás breithiúnach agus riaracháin maidir le bailiú ranníocaíochtaí, úis agus aon mhuirear eile nó gnóthú sochar arna gcur ar fáil faoi reachtaíocht Stáit amháin ach nach bhfuil dlite fúithi, déanfar iad a aithint agus a fhorfheidhmiú ar iarratas na hinstitiúide inniúla i Stát eile laistigh de theorainneacha na nósanna imeachta a leagtar síos leis an reachtaíocht agus i gcomhréir leo agus i gcomhréir le haon nósanna imeachta eile is infheidhme maidir le cinntí cosúla an dara Stát. Dearbhófar na cinntí sin mar infhorfheidhmithe sa Stát sin sa mhéid is a cheanglaítear sin faoi reachtaíocht agus aon nósanna imeachta eile de chuid an Stáit sin. |
3. |
Maidir le héilimh ag institiúid Stáit amháin i gcás imeachtaí forfheidhmithe, féimheachta nó socraíochta i Stát eile beidh na pribhléidí céanna ag gabháil leo is a thugtar le reachtaíocht an dara Stát d’éilimh den chineál céanna. |
4. |
Déanfar an nós imeachta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, lena náirítear aisíoc costas, a rialú le hIarscríbhinn SSC-7 nó, i gcás inar gá agus mar bheart comhlántach, trí bhíthin comhaontuithe idir na Stáit. |
Airteagal SSC.65
Cearta institiúidí
1. |
Má fhaigheann duine sochair faoi reachtaíocht Stáit i dtaobh díobhála de thoradh imeachtaí a tharla i Stát eile, i dtaca le haon chearta a bhíonn ag an institiúid atá freagrach as sochair a sholáthar i gcoinne tríú páirtí atá dlite chun cúiteamh a dhéanamh ar an díobháil, déanfar na cearta sin a rialú faoi na rialacha seo a leanas:
|
2. |
Má fhaigheann duine sochair faoi reachtaíocht Stáit amháin i dtaobh díobhála de thoradh imeachtaí a tharla i Stát eile, beidh feidhm ag forálacha na reachtaíochta sin lena sainítear na cásanna ina bhfuil dliteanas sibhialta fostóirí nó a bhfostaithe le heisiamh maidir leis an duine sin nó an institiúid inniúil.
Beidh feidhm ag Mír 1 freisin maidir le haon chearta atá ag an institiúid atá freagrach as sochair a chur ar fáil i gcoinne fostóirí nó a gcuid fostaithe i gcásanna nach bhfuil a ndliteanas eisiata. |
3. |
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal SSC.30(3) nó SSC 36(2), go bhfuil dhá Stát nó níos mó ná sin nó a n-údaráis inniúla tar éis comhaontú a thabhairt i gcrích chun aisíoc idir institiúidí faoina ndlínse a tharscaoileadh, nó, i gcás nach mbraitheann an aisíocaíocht ar mhéid na sochar a chuirtear ar fáil go hiarbhír, beidh aon chearta a eascraíonn i gcoinne tríú páirtí faoi dhliteanas faoi rialú ag na rialacha seo a leanas:
|
Airteagal SSC.66
Reachtaíocht a chur chun feidhme
Tagraítear d’fhorálacha speisialta chun reachtaíocht Stáit áirithe a chur chun feidhme in Iarscríbhinn SSC-6 a ghabhann leis an bPrótacal.
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNACHA
Airteagal SSC.67
Cearta daoine aonair a chosaint
1. |
Cinnteoidh na Páirtithe i gcomhréir lena ndlíchóras baile go mbeidh feidhm dlí ag forálacha an Phrótacail maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta, go díreach nó trí reachtaíocht bhaile trína dtabharfar éifeacht do na forálacha sin, ionas gur féidir le daoine dlítheanacha nó nádúrtha na forálacha sin arna lua a agairt os comhair cúirteanna, binsí agus údaráis riaracháin baile. |
2. |
Áiritheoidh na Páirtithe na modhanna do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun a gcearta a chosaint go héifeachtach faoin bPrótacal seo, amhail an fhéidearthacht chun gearáin a chur faoi bhráid comhlachtaí riaracháin nó caingean dlí a thabhairt os comhair cúirt nó binse inniúil i nós imeachta breithiúnach iomchuí, d’fhonn leigheas leordhóthanach tráthúil a lorg. |
Airteagal SSC.68
Leasuithe
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta na hIarscríbhinní agus na Foscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo a leasú.
Airteagal SSC.69
An Prótacal seo a fhoirceannadh
Gan dochar d'Airteagal 779 den Chomhaontú seo, féadfaidh gach Páirtí an Prótacal seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Sa chás sin, scoirfidh an Prótacal seo de bheith i bhfeidhm an chéad lá den naoú mí tar éis dháta an fhógra.
Airteagal SSC.70
Clásal éagtha
1. |
Ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo a thuilleadh cúig bliana déag i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. |
2. |
Tráth nach lú ná 12 mhí sula scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige de réir mhír 1, tabharfaidh ceachtar Páirtí fógra don Pháirtí eile gur mian leis dul i mbun caibidlí d’fhonn Prótacal nuashonraithe a thabhairt i gcrích |
Airteagal SSC.71
Socruithe iarchinnidh
Nuair a scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige de bhun Airteagal SSC.69, Airteagal SSC.70 nó Airteagal 779 den Chomhaontú seo, coinneofar cearta daoine árachaithe maidir le teidlíochtaí atá bunaithe ar thréimhsí a comhlánaíodh nó ar fhíorais nó ar theagmhais a tharla sula scoirtear an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta socruithe breise a leagan síos lena leagfar amach socruithe iarmhartacha agus idirthréimhseacha iomchuí in am trátha sula scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige.
IARSCRÍBHINN SSC-1:
SOCHAIR ÁIRITHE IN AIRGEAD TIRIM NACH mBEIDH FEIDHM AG AN bPRÓTACAL SEO MAIDIR LEO
CUID 1
SOCHAIR AIRGID SPEISIALTA NEAMHRANNÍOCACHA (Pointe (a) d’Airteagal SSC.3(4) den Phrótacal seo)
(i) AN RÍOCHT AONTAITHE
(a) |
Creidiúint Phinsin Stáit (an tAcht um Chreidiúint Phinsin Stáit 2002 agus an tAcht um Chreidiúint Phinsin Stáit (Tuaisceart Éireann) 2002); |
(b) |
Liúntais ioncam-bhunaithe do chuardaitheoirí post (an tAcht um Chuardaitheoirí Post 1995 agus an tOrdú um Chuardaitheoirí Post (Tuaisceart Éireann) 1995); |
(c) |
An chomhpháirt soghluaiseachta den Liúntas um Maireachtáil faoi Mhíchumas (an tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus an tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992); |
(d) |
Íocaíocht um Neamhspleáchas Pearsanta, comhpháirt soghluaisteachta (An tAcht um Athchóiriú Leasa Shóisialta 2012 (Cuid 4) agus an tOrdú um Athchóiriú Leasa (Tuaisceart Éireann) 2015 (Cuid 5)); |
(e) |
Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta Ioncam-Choibhneasta (an tAcht um Athchóiriú an Leasa Shóisialta 2007 agus an tAcht um Athchóiriú an Leasa Shóisialta (Tuaisceart Éireann) 2007); |
(f) |
Na Rialacháin um an Íocaíocht um an mBia Tús is Fearr (Beatha Leasmhara (Bianna Tosaithe is Fearr) (Albain) 2019 (SSI 2019/193)); |
(g) |
Na Deontais Tosaithe is Fearr (deontas tosta agus leanaí, deontas luathfhoghlama, deontas aois scoile) (Rialacháin um Chúnamh Luathbhlianta (Deontais Thosaithe is Fearr) (SSI 2018/370)); |
(h) |
Na Rialacháin um Íocaíochtaí Tacaíochta Sochraide (Cúnamh um Chostais Fhónta (Albain) 2019 (SSI 2019/292)). |
(ii) NA BALLSTÁIT
AN OSTAIR
Forlíonadh cúiteach (Acht Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta – ASGV, Acht Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta do dhaoine atá ag gabháil do thrádáil agus do thráchtáil - SVG agus Acht Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta d’fheirmeoirí – BSVG).
AN BHEILG
(a) |
Liúntas athsholáthair ioncaim (Dlí an 27 Feabhra 1987); |
(b) |
Ioncam ráthaithe do dhaoine scothaosta (Dlí an 22 Márta 2001). |
AN BHULGÁIR
Pinsean sóisialta seanaoise (Airteagal 89 den Chód Árachais Shóisialta).
AN CHIPIR
(a) |
Pinsean Sóisialta (Dlí Pinsin Shóisialta 1995 (Dlí 25(I)/95), arna leasú); |
(b) |
Liúntas um míchumas trom luaile (Cinneadh Uimh. 38210 ó Chomhairle na nAirí an 16 Deireadh Fómhair 1992, Cinneadh Uimh. 41370 ó Chomhairle na nAirí an 1 Lúnasa 1994, Cinneadh Uimh. 46183 an 11 Meitheamh 1997 agus Cinneadh Uimh. 53675 ó Chomhairle na nAirí an 16 Bealtaine 2001); |
(c) |
Deontas speisialta do dhaill (Dlí Deontas Speisialta 1996 (Dlí 77(I)/96), arna leasú). |
POBLACHT NA SEICE
Liúntas sóisialta (Acht um Thacaíocht Shóisialta Stáit Uimh. 117/1995 Sb.).
AN DANMHAIRG
Caiteachais chóiríochta do phinsinéirí (an Dlí maidir le cúnamh cóiríochta do dhaoine aonair, arna chomhdhlúthú le Dlí Uimh. 204 an 29 Márta 1995).
AN EASTÓIN
(a) |
Liúntas aosaigh mhíchumasaithe (Acht um Shochair Shóisialta do Dhaoine Míchumasaithe an 27 Eanáir 1999); |
(b) |
Liúntas dífhostaíochta stáit (Acht an 29 Meán Fómhair 2005 um Sheirbhísí agus um Thacaíocht Mhargadh an tSaothair). |
AN FHIONLAINN
(a) |
Liúntas tithíochta do phinsinéirí (Acht a bhaineann leis an Liúntas Tithíochta do phinsinéirí, 571/2007) ; |
(b) |
Tacaíocht mhargadh an tsaothair (Acht maidir le Sochair Dhífhostaíochta 1290/2002) ; |
(c) |
Cúnamh speisialta d’inimircigh (Acht 1192/2002 maidir le Cúnamh Speisialta d’Inimircigh, 1192/2002). |
AN FHRAINC
(a) |
Liúntais fhorlíontacha:
(Dlí an 30 Meitheamh 1956, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta); |
(b) |
Liúntas aosach míchumasaithe (Dlí an 30 Meitheamh 1975, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta); |
(c) |
Liúntas speisialta (Dlí an 10 Iúil 1952, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta) i leith cearta a fuarthas; |
(d) |
Liúntas dlúthpháirtíochta seanaoise (ordanás an 24 Meitheamh 2004, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta) amhail ón 1 Eanáir 2006. |
AN GHEARMÁIN
(a) |
Bunioncam cothaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine a bhfuil cumas laghdaithe tuillimh acu faoi Chaibidil 4 de Leabhar XII den Chód Sóisialta; |
(b) |
Sochair chun costais chothaithe a chlúdach faoin mbunfhoráil do lucht cuardaigh fostaíochta mura rud é, maidir leis na sochair seo, go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le cáilíocht le haghaidh forlíonadh sealadach tar éis sochar dífhostaíochta a fháil (Airteagal 24(1) de Leabhar II den Chód Sóisialta). |
AN GHRÉIG
Sochair speisialta do dhaoine scothaosta (Dlí 1296/82).
AN UNGÁIR
(a) |
Blianacht easláine (Foraithne Uimh. 83/1987 (XII 27) ó Chomhairle na nAirí maidir le Blianacht Easláine) ; |
(b) |
Liúntas seanaoise neamhranníocach (Acht III 1993 maidir le Seirbhísí Sóisialta agus Sochair Shóisialta); |
(c) |
Liúntas Iompair (Foraithne Rialtais Uimh. 164/1995 (XII 27) maidir le Liúntais Iompair do Dhaoine a bhfuil Éislinn Throm Choirp orthu). |
ÉIRE
(a) |
Liúntas Lucht Cuardaigh Fostaíochta (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 2); |
(b) |
Pinsean stáit (neamhranníocach) (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 4); |
(c) |
Pinsean (neamhranníocach) baintrí agus pinsean (neamhranníocach) baintrí fir (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 6); |
(d) |
Liúntas míchumais (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 10); |
(e) |
Liúntas soghluaiseachta (an tAcht Sláinte 1970, Alt 61); |
(f) |
Pinsean dall (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 5). |
AN IODÁIL
(a) |
Pinsin shóisialta do dhaoine gan acmhainn (Dlí Uimh. 153 an 30 Aibreán 1969); |
(b) |
Pinsin agus liúntais do shibhialtaigh mhíchumasaithe nó d’easláin (Dlí Uimh. 118 an 30 Márta 1971, Dlí Uimh. 18 an 11 Feabhra 1980 agus Dlí Uimh. 508 an 21 Samhain 1988); |
(c) |
Pinsin agus liúntais do bhodhair agus do bhalbháin (Dlí Uimh. 381 an 26 Bealtaine 1970 agus Dlí Uimh. 508 an 21 Samhain 1988); |
(d) |
Pinsin agus liúntais do dhaill shibhialtacha (Dlí Uimh. 382 an 27 Bealtaine 1970 agus Dlí Uimh. 508 an 21 Samhain 1988); |
(e) |
Sochair lena bhforlíontar na pinsin íosta (Dlí Uimh. 218 an 4 Aibreán 1952, Dlí Uimh. 638 an 11 Samhain 1983 agus Dlí Uimh. 407 an 29 Nollaig 1990) ; |
(f) |
Sochair lena bhforlíontar liúntais mhíchumais (Dlí Uimh. 222 an 12 Meitheamh 1984); |
(g) |
Liúntas sóisialta (Dlí Uimh. 335 an 8 Lúnasa 1995); |
(h) |
Méadú sóisialta (Airteagal 1(1) agus (12) de Dhlí Uimh. 544 an 29 Nollaig 1988 agus leasuithe ina dhiaidh sin). |
AN LAITVIA
(a) |
Sochar Slándála Sóisialta Stáit (Dlí maidir le Sochair Shóisialta an 1 Eanáir 2003); |
(b) |
Liúntas chun caiteachais iompair do dhaoine míchumasaithe atá faoi mhíchumas luaineachta a chúiteamh (Dlí maidir le Sochair Shóisialta Stáit an 1 Eanáir 2003). |
AN LIOTUÁIN
(a) |
Pinsean cúnaimh shóisialta (Dlí 2005 maidir le Sochair Cúnaimh Shóisialta Stáit, Airteagal 5); |
(b) |
Cúiteamh faoisimh (Dlí 2005 maidir le Sochair Cúnaimh Shóisialta Stáit, Airteagal 15); |
(c) |
Cúiteamh iompair do dhaoine míchumasaithe a bhfuil fadhbanna luaineachta acu (Dlí 2000 maidir le Cúiteamh Iompair, Airteagal 7). |
LUCSAMBURG
Ioncam do dhaoine atá faoi mhíchumas trom (Airteagal 1(2), Dlí an 12 Meán Fómhair 2003), cé is moite de dhaoine a dtugtar aitheantas dóibh mar oibrithe míchumasaithe atá fostaithe i margadh príomhshrutha an tsaothair nó i dtimpeallacht dhídeanach.
MÁLTA
(a) |
Liúntas forlíontach (Roinn 73 den Acht Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987); |
(b) |
Pinsean aoise (Acht Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987). |
AN ÍSILTÍR
(a) |
An tAcht um Thacaíocht Oibre agus Fostaíochta do Dhaoine Óga faoi Mhíchumas an 24 Aibreán 1997 (Wet Wajong). |
(b) |
Acht an 6 Samhain 1986 um Shochair Fhorlíontacha (TW). |
AN PHOLAINN
Pinsean sóisialta (Acht an 27 Meitheamh 2003 maidir le pinsin shóisialta).
AN PHORTAINGÉIL
(a) |
Pinsean seanaoise agus easláine neamhranníocach Stáit (Dlí Foraithne Uimh. 464/80 an 13 Deireadh Fómhair 1980); |
(b) |
Pinsean neamhranníocach baintrí (Foraithne Rialála Uimh. 52/81 an 11 Samhain 1981) ; |
(c) |
Forlíonadh dlúthpháirtíochta do dhaoine scothaosta (Dlí Foraithne Uimh. 232/2005 an 29 Nollaig 2005, arna leasú le Dlí Foraithne Uimh. 236/2006 an 11 Nollaig 2006). |
AN tSLÓVAIC
(a) |
Coigeartú a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004 ar phinsin arb iad an t-aon fhoinse ioncaim iad; |
(b) |
Pinsean sóisialta a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004. |
AN tSLÓIVÉIN
(a) |
Pinsean stáit (Acht Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999) ; |
(b) |
Tacaíocht ioncaim do phinsinéirí (Acht Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999); |
(c) |
Liúntas cothabhála (Acht Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999). |
AN SPÁINN
(a) |
Ráthaíocht ioncaim íosta (Dlí Uimh. 13/82 an 7 Aibreán 1982); |
(b) |
Sochair airgid chun cabhrú le daoine scothaosta agus le heasláin nach bhfuil ar a gcumas obair a dhéanamh (Foraithne Ríoga Uimh. 2620/81 an 24 Iúil 1981):
|
(c) |
Liúntais chun soghluaiseacht a chur chun cinn agus costais iompair a chúiteamh (Dlí Uimh. 13/1982 an 7 Aibreán 1982). |
AN tSUALAINN
(a) |
Forlíontaí tithíochta do dhaoine a fhaigheann pinsean (Dlí 2001: 761); |
(b) |
Tacaíocht airgeadais do dhaoine scothaosta (Dlí 2001: 853). |
CUID 2
SOCHAIR CHÚRAIM FHADTÉARMAIGH (Pointe (d) d’Airteagal SSC.3(4) den Phrótacal seo)
(i) AN RÍOCHT AONTAITHE
(a) |
Liúntas Tinrimh (An tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, Rialacháin Slándála Sóisialta (Liúntas Freastal) 1991, An tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992 agus Rialacháin Slándála Sóisialta (Liúntas Freastal) (Tuaisceart Éireann) 1992); |
(b) |
Liúntas Cúramóra (An tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, Na Rialacháin um Shlándáil Shóisialta (Liúntas Cúram Easláine), 1976, an tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992) agus na Rialacháin um Shlándáil Shóisialta (Liúntas Cúraim Easláine) 1976 (Tuaisceart Éireann); |
(c) |
Liúntas Maireachtála faoi Mhíchumas, comhpháirt cúraim (an tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, na Rialacháin um Shlándáil Shóisialta (Liúntas Maireachtála Míchumais) 1991, an tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992 agus na Rialacháin um Shlándáil Shóisialta (Liúntas maidir le Maireachtáil Míchumais) (Tuaisceart Éireann) 1992); |
(d) |
Íocaíocht Neamhspleáchais Phearsanta, comhpháirt mhaireachtála laethúil (An tAcht um Athchóiriú an Leasa Shóisialta 2012 (Cuid 4), Na Rialacháin Leasa Shóisialta (an Íocaíocht um Neamhspleáchas Pearsanta) 2013, Na Rialacháin um Íocaíocht Neamhspleáchais Phearsanta (Forálacha Idirthréimhseacha) 2013, na Rialacháin um Íocaíocht Neamhspleáchais Phearsanta (Forálacha Idirlinne) (Leasú) 2019, An tOrdú um Athchóiriú Leasa Shóisialta (Tuaisceart Éireann) 2015 (Cuid 5), Na Rialacháin um Íocaíocht Neamhspleáchais Phearsanta (Tuaisceart Éireann) 2016, Na Rialacháin um Íocaíocht Neamhspleáchais Phearsanta (Forálacha Idirthréimhseacha) (Tuaisceart Éireann) 2016 agus na Rialacháin um Íocaíocht Neamhspleáchais Phearsanta (Forálacha Idirthréimhseacha) (Leasú) (Tuaisceart Éireann) 2019); |
(e) |
Forlíonadh Liúntas Cúramóra (An tAcht um Shlándáil Shóisialta (Albain) 2018); |
(f) |
Deontas Cúramóra Óga (Na Rialacháin um Chúnamh Cúramóra (Deontais Cúramóra Óga) Rialacháin 2020 (Albain) 2020 (arna leasú)). |
(ii) NA BALLSTÁIT
AN OSTAIR
(a) |
Acht Cónaidhme um Liúntas Cúraim Fadtéarmach (Bundespflegegeldgesetz, BPGG), leagan bunaidh BGBl. uimh. 110/1993, leasú deireanach BGBl – I no. 100/2016 |
(b) |
Rialachán maidir le céimniú an liúntais fheidearálach cúraim fhadtéarmaigh (Einstufungsverordnung zum Bundespflegegeldgesetz (EinstV)): |
(c) |
Rialúchán an Aire Cónaidhme Saothair, Gnóthaí Sóisialta agus Cosanta Tomhaltóirí ar riachtanais measúnuithe cúraim do leanaí agus do dhaoine óga i gcomhréir leis an Acht um Chúram Altranais Feidearálach. (Bundespflegegeldgesetz, Kinder-EinstV) |
(d) |
Go leor boinn reachtúla infheidhme, e.g. Comhaontú idir Rialtas na Cónaidhme agus an Länder maidir le bearta comhpháirteacha do dhaoine a dteastaíonn cúram uathu. Achtanna um Chúnamh Sóisialta agus Achtanna Míchumais an Länder. |
(e) |
Dlí an Chiste Cúraim (Pflegefondsgesetz, PFG), Bunleagan: An Iris Oifigiúil (BGBI. I) Uimh. 57/2011. |
(f) |
Seoladh Staidrimh Seirbhísí Cúraim 2012 (Pflegedienstleistungsstatistik-Verordnung 2012) |
(g) |
Tacaíocht don chúram 24-uair an chloig: Acht um Liúntas Cúram Fadtéarmach Feidearálach (Bundespflegegeldgesetz, BPGG): |
(h) |
Treoirlínte maidir le tacaíocht a thabhairt don chúram 24 uair an chloig (§ 21b den Acht um Liúntas Cúram Fadtéarmach Feidearálach (Bundespflegegeldgesetz)) |
(i) |
Treoirlínte maidir le sochair a dheonú chun tacú le baill teaghlaigh a thugann aire dóibh (§ 21d den Acht um Liúntas Cúram Fadtéarmach Feidearálach (Bundespflegegeldgesetz)) |
(j) |
Díchumasú cúlárach cúraim |
(k) |
Acht Cónaidhme maidir le forlíonadh sonrach de bharr deireadh a chur le rochtain ar chistí nuair a bhíonn daoine i saoráidí cúraim othar cónaitheach |
(l) |
Acht Cónaidhme maidir le forlíonadh sonrach de bharr deireadh a chur le rochtain ar chistí nuair a chuirtear cóiríocht ar fáil do dhaoine in áiseanna cúraim othar cónaithe do 2019 agus 2020, BGBl. I No 95/2019. |
AN BHEILG
(a) |
Cúram Sláinte agus Sochar Breoiteachta An tAcht Árachais Éigeantach (Loi relative à l’assurance obligatoire soins de santé et indemnités/Wet betreffende de verplichte verzekering voor geneeskundige verzorging en uitkeringen), a chomhordú an 14 Iúil 1994 |
(b) |
Acht an 27 Feabhra 1987 maidir le liúntais do dhaoine faoi mhíchumas (Loi relative aux allocations aux personnes handicapées/Wet betreffende de tegemoetkomingen aan gehandicapten). |
(c) |
Cosaint shóisialta Pléimeannach (Vlaamse sociale bescherming): Foraithne ó Pharlaimint Pléimeannach an 18 Bealtaine 2018 maidir le heagrú na cosanta sóisialta Pléimeannacha (Decreet houdende Vlaamse sociale bescherming/) agus Orduithe ón rialtas Pléimeannach an 30 Samhain 2018. |
(d) |
An Cód Vallúin um Ghníomhaíocht Shóisialta agus um Shláinte (Code wallon de l’Action sociale et de la Santé), cuid decretal. Cuid 1, leabhar IIIter, arna thionscnamh ag Foraithne an 8 Samhain 2018. |
(e) |
Cód Rialála Walloon do Ghníomhaíocht Shóisialta agus Sláinte, cuid I/1 arna thionscnamh ag Foraithne Rialtais na Vallúine an 21 Nollaig 2018 |
(f) |
Foraithne an 13 Nollaig 2018 maidir le tairiscintí do dhaoine scothaosta nó do dhaoine cleithiúnacha chomh maith le cúram maolaitheach (Dekret über die Angebote für Senioren und Personen mit Unterstützungsbedarf sowie über die Palliativpflege) |
(g) |
Foraithne an 4 Meitheamh 2007 ar thithe altranais síciatracha (Dekret über die psychiatrischen Pflegewohnheime) |
(h) |
Foraithne Rialtais an 20 Meitheamh 2017 maidir le háiseanna soghluaisteachta (Erlass über die Mobilitätshilfen) |
(i) |
Foraithne an 13 Nollaig 2016 maidir le bunú Oifig Chomhphobail Ghearmánach don saol féinchinntithe (Dekret zur Schaffung einer Dienststelle der Deutschsprachigen Gemeinschaft für selbstbestimmtes Leben) |
(j) |
Foraithne Ríoga an 5 Márta 1990 maidir leis an liúntas le haghaidh cúnaimh do dhaoine scothaosta (Arrêté royal du 5 mars 1990 relatif à l’allocation pour l’aide aux personnes âgées) |
(k) |
Foraithne Rialtais an 19 Nollaig 2019 maidir le socruithe idirthréimhseacha a bhaineann leis an nós imeachta chun réamhúdarú a fháil nó chun na costais a bhaineann le hathshlánú fadtéarmach thar lear a roinnt nó a fhormheas (Erlass der Regierung zur übergansweisen Regelung des Verfahrens zur Erlangung einer Vorabgeehmigung oder Zustimmung zwecks Kostenübernahme oder Kostenbeteiligung für eine Langzeitrehabilitation im Ausland). |
(l) |
Ordú an 21 Nollaig 2018 maidir le comhlachtaí árachais sláinte na Bruiséile i réimse an chúraim sláinte agus an chúnaimh do dhaoine (Ordonnance du 21 décembre 2018 orgánaigh ghaolmhara aux assureurs bruxellois dans le domaine des soins de santé et de l’aide aux personnes) |
(m) |
Comhar idir eintitis chónasctha: |
(n) |
Comhaontú Comhair an 31 Nollaig 2018 idir an Pobal Pléimeannach, Réigiún na Vallúine, Coimisiún Pobail na Fraince, an Comh-Choimisiún Pobail agus Pobal labhartha na Gearmáinise maidir le háiseanna soghluaisteachta |
(o) |
Comhaontú comhair an 31 Nollaig 2018 idir an Comhphobal Pléimeannach, Réigiún na Vallúine, Comhphobal na Fraince, Coimisiún Comhphobail na Fraince, Coimisiún Pobail na Fraince agus Pobal labhartha na Gearmáinise maidir le cúram a mhaoiniú agus institiúidí cúraim á n-úsáid lasmuigh de theorainneacha an eintitis chónasctha. |
AN BHULGÁIR
(a) |
An Cód Árachais Shóisialaigh (Кодекс за социално осигуряване), 1999 teideal arna leasú 2003. |
(b) |
An Dlí maidir le Cúnamh Sóisialta (Закон за социално подпомагане), 1998. |
(c) |
Rialachán maidir le cur chun feidhme an Dlí maidir le Cúnamh Sóisialta (Правилник за прилагане на Закона за социално подпомагане), 1998. |
(d) |
An Dlí ar Lánpháirtiú Daoine faoi Mhíchumas 2019 (Закон за хората с увреждания), 2019. |
(e) |
An tAcht um Chúnamh Pearsanta (Закон за личната помощ) 2019 a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2019. |
(f) |
Rialachán maidir le Cur Chun Feidhme an Dlí maidir le Daoine atá faoi Mhíchumas a Lánpháirtiú (Правилник за прилагане на Закона за интеграция на хората с увреждания), 2004. |
(g) |
Reacht maidir le saineolas míochaine (Наредба за медицинската експертиза) 2010. |
(h) |
An Tharaif ar na Táillí le haghaidh Seirbhísí Sóisialta Airgeadais ag Buiséad an Stáit (corарика ка тасите υа сални Νсслυи, υинанансирани от Νркавнник кк ккктет), 2003. |
AN CHRÓIT
(a) |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Zakon o socijalnoj skrbi) de 2013, IO Uimh. 157/13, 152/14, 99/15, 52/16, 16/17, 130/17 agus 98/19) |
(b) |
An tAcht um Theaghlaigh Altrama (Zakon o udomiteljstvu) IO Uimh. 90/11 agus 78/12, arna leasú. |
(c) |
An reacht maidir le bunriachtanais le haghaidh seirbhísí sóisialta a chur ar fáil (Pravilnik o minimalnim uvjetima za pružanje socijalnih usluga) 2014, IO uimh. 40/14 and 66/15. |
(d) |
Reacht maidir le rannpháirtíocht agus modh íocaíochta tairbhí maidir le costais chothabhála lóistín lasmuigh den teaghlach (Pravilnik o sudjelovanju i načinu plaćanja korisnika I drugih obveznika uzdržavanja u troškovima smještaja izvan vlastite obitelji) 1998, IO Uimh. 112/98 agus 05/02, arna leasú. |
(e) |
Reacht maidir le hábhar agus modh taifid a choimeád de dhaoine aonair atá ag gabháil go gairmiúil do sholáthar seirbhísí sóisialta mar ghairm (Pravilnik o sadržaju I načinu vođenja evidencije fizičkih osoba koje profesionalno pružaju socijalne usluge) 2015, IO Uimh. 66/15. |
AN CHIPIR
(a) |
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh (cúramηρεσίες υοινυνικυς Ευημερίας): |
(b) |
Déantar na Rialacháin agus na Rialacháin um Shochair Shóisialta (Riachtanais Éigeandála agus Riachtanais Cúraim) faoi mar a leasaítear iad nó a chuirtear ina n-ionad iad a leasú nó a chur ina n-ionad. Dlíthe maidir le Tithe do Dhaoine Scothaosta agus Daoine faoi Mhíchumas (Οι περί Στεγών για Ηλικιωμένους και Αναπήρους Νόμοι) de 1991 - 2011.[L. 222/91 agus L. 65(I)/2011]. |
(c) |
Dlíthe maidir le Lárionaid Chúraim Lae do Dhaoine Fásta (Οι περί Κέντρων Ενηλίκων Νόμοι)(L. 38(Ι)/1997 agus L.64(Ι)/2011). |
(d) |
An Scéim Státchabhrach, faoi Rialachán 360/2012 maidir le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (De minimis) [Σχέδιο Κρατικών Ενισχύσεων ‘Ησσονος Σημασίας, βαση του Κανονισμού 360/2012 για την παροχή υπηρεσιών γενικού οικονομικού συμφέροντος] |
(e) |
Serbhís Riaracháin um Shochair Leasa (Υπηρεσία Διαχείρισης Επιδομάτων Πρόνοιας): |
(f) |
An t-ioncam íosta ráthaithe agus, go ginearálta, an Dlí maidir le Sochair Leasa 2014, mar a leasaítear é nó mar a chuirtear ina ionad é. |
(g) |
An Ioncam Íosta Ráthaithe agus, go ginearálta, na Rialacháin um Shochair Leasa agus Foraitheanta mar a leasaítear iad nó a chuirtear ina n-ionad. |
POBLACHT NA SEICE
(a) |
Acht. Uimh. 108/2006 maidir le seirbhísí sóisialta (Zákon o sociálních službách). |
(b) |
Acht Uimh. 372/2011 maidir le Seirbhísí Sláinte (Zákon o zdravotních službách). |
(c) |
Acht Uimh. 48/1997 um Árachas Sláinte Poiblí (Zákon o veřejném zdravotním pojištění). |
AN DANMHAIRG
(a) |
Acht Comhdhlúite Uimh. 988 an 17 Lúnasa 2017 maidir le Seirbhísí Sóisialta (om social service). |
(b) |
Acht Comhdhlúite Uimh. 119 an 1 Feabhra 2019 maidir le Tithíocht Shóisialta (om almene boliger). |
AN EASTÓIN
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sotsiaalhoolekande seadus) 2016.
AN FHIONLAINN
(a) |
An tAcht um Sheirbhísí agus Cúnamh do Dhaoine faoi Mhíchumas (Laki vammaisuuden perusteella järjestettävistä palveluista ja tukitoimista) an 3 Aibreán 1987. |
(b) |
Acht um Thacú le Cumas Feidhmiúil an Daonra atá ag dul in aois agus ar Sheirbhísí Cúraim Shóisialta agus Sláinte do Dhaoine Scothaosta (Laki ikääntyneen väestön toimintakyvyn tukemisesta sekääiden sosiaali- ja terveyspalveluista) an 28 Nollaig 2012. |
(c) |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sosiaalihuoltolaki) an 30 Nollaig 2014. |
(d) |
An tAcht um Chúram Sláinte (Terveydenhuoltolaki) an 30 Nollaig 2010. |
(e) |
An tAcht um Chúram Sláinte Príomhúil (Kansanterveyslaki) an 28 Eanáir 1972 |
(f) |
An tAcht um Thacaíocht Chúraim Neamhfhoirmiúil (Laki omaishoidon tuesta) an 2 Nollaig 2005. |
(g) |
An tAcht um Chúram Teaghlaigh (Perhehoitolaki) an 20 Márta 2015. |
AN FHRAINC
(a) |
Forlíonadh do thríú páirtí (majoration pour tierce personne, MTP): Airteagail L. 341-4 agus L. 355-1 den Chód Slándála Sóisialta (Code de la sécurité sociale). |
(b) |
Sochar forlíontach as dul ar iontaoibh tríú páirtí (prestation complémentaire pour recours à tierce personne): Airteagal L. 434-2 den Chód Slándála Sóisialta. |
(c) |
Forlíonadh oideachais speisialta do leanbh faoi mhíchumas (complément d’allocation d’éducation de l’enfant handicapé): Airteagal L. 541-1 den Chód Slándála Sóisialta. |
(d) |
Liúntas cúitimh míchumais (réamhshonrú de compensation du handicap, PCH): Airteagail L. 245-1 go L. 245-14 den Chód Gníomhaíochta Sóisialta agus Teaghlaigh (Code de l’action sociale et des familles). |
(e) |
Liúntas i leith cailleadh neamhspleáchais (leithroinnt personnalisée d’autonomie, APA): Airteagail L. 232-1 go L. 232-28 den Chód Gníomhaíochta Sóisialta agus Teaghlaigh (Code de l’action sociale et des familles). |
AN GHEARMÁIN
(a) |
Árachas cúraim fhadtéarmaigh (Pflegeversicherung): |
(b) |
Árachas cúraim fhadtéarmaigh shóisialta do dhaoine atá árachaithe faoi árachas sláinte reachtúil agus árachas éigeantach cúraim fhadtéarmaigh phríobháidigh do dhaoine atá árachaithe faoi árachas sláinte príobháideach: Cód Sóisialta Sozialgesetzbuch, Leabhar XI (SGB XI), arna leasú go deireanach le hAirteagal 2 den Acht an 21 Nollaig 2019 (BGBl. I p. 2913). |
AN GHRÉIG
(a) |
Dlí Uimh. 1140/1981, arna leasú. |
(b) |
Foraithne Reachtach Uimh. 162/73 agus Cinneadh Comhpháirteach Aireachta Uimh. Π4β/5814/1997. |
(c) |
Cinneadh Aireachta Uimh. Π1γ/ΑΓΠ/οικ.14963 an 9 Deireadh Fómhair 2001. |
(d) |
Dlí Uimh. 4025/2011. |
(e) |
Dlí Uimh. 4109/2013. |
(f) |
Dlí Uimh. 4199/2013 airt. 127. |
(g) |
Dlí Uimh. 4368/2016 airt. 334. |
(h) |
Dlí Uimh. 4483/2017 airt. 153. |
(i) |
Dlí Uimh. 498/1-11-2018, Airt. 28, 30 agus 31, le haghaidh ‘Rialáil Sochair Sláinte Aonaithe’ de chuid Eagraíocht Náisiúnta na Soláthróirí Seirbhíse Sláinte (EOPYY). |
AN UNGÁIR
(a) |
Seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a sholáthraíonn cúram sóisialta pearsanta (seirbhísí sóisialta): |
(b) |
Acht III de 1993 maidir le Riarachán Sóisialta agus Cúnamh Sóisialta (törvény a szociális igazgatásról és szociális ellátásokról) arna fhorlíonadh le foraitheanta Rialtais agus Aireachta. |
ÉIRE
(a) |
An tAcht Sláinte 1970 (Uimh. 1 de 1970). |
(b) |
An tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 (Uimh. 15 de 2009). |
(c) |
An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005: |
(d) |
Liúntas Síorfhreastail; |
(e) |
Sochar Cúramóra; |
(f) |
Liúntas Cúramóra; |
(g) |
Deontas Tacaíochta Cúramóra; |
(h) |
Liúntas Cúraim Baile. |
AN IODÁIL
(a) |
Dlí Uimh. 118 an 30 Márta 1971 maidir le sochair easláine sibhialta (Legge 30 Marzo 1971, n. 118 - Conversione in Legge del D.L. 30 gennaio 1971, n. 5 e nuove norme in favore dei mutilati ed invalidi civili). |
(b) |
Dlí Uimh. 18 an 11 Feabhra 1980 maidir le liúntas síorfhreastail (Legge 11 Febbraio 1980, n. 18 – Indennità di accompagnamento agli invalidi totalmente inabili civili). |
(c) |
Dlí Uimh. 104 an 5 Feabhra 1992, Airteagal 33 (Creatdlí faoi mhíchumas) (Legge 5 Febbraio 1992, n. 104 – Legge-quadro per l’assistenza, l’integrazione sociale e i diritti delle personeappate) |
(d) |
Foraithne Reachtach Uimh. 112 an 31 Márta 1998 maidir le cúraimí reachtacha agus inniúlachtaí riaracháin a aistriú ón Stát go dtí na Réigiúin agus go dtí na heintitis áitiúla (Decreto Legislativo 31 Marzo 1998, n. 112 – Conferimento di funzioni e compiti amministrativi dello Stato alle regioni ed agli enti locali, in attuazione del capo I della Legge 15 Marzo 1997 n. 59). |
(e) |
Rialachán (CE) 883/04 maidir le comhordú slándála sóisialta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (Regolamento (CE) 883 del 29 aprile 2004 del Parlamento Europeo e del Consiglio, relativo al coordinamento dei sistemi di sicurezza sociale – SNCB – Airteagal 70 agus Iarscríbhinn X). |
(f) |
Dlí Uimh. 183 an 4 Samhain 2010, Airteagal 24, lena modhnaítear na rialacha maidir leis na ceadanna cúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas i gcásanna deacra (Legge n. 183 del 4 Novembre 2010, art. 24 - Modifiche alla disciplina in materia di permessi per l’assistenza a portatori di handicap in situazione di gravità). |
(g) |
Dlí Uimh. 147 an 27 Nollaig 2013 ina bhfuil forálacha maidir le buiséad bliantúil agus ilbhliantúil an Stáit a tharraingt suas – an Dlí Cobhsaíochta 2014 (Diospóisini per la formazione del bilancio annuale e multipleiennale dello Stato – Legge di stabilità 2014). |
AN LAITVIA
(a) |
An Dlí maidir le Seirbhísí Sóisialta agus Cúnamh Sóisialta (Sociālo pakalpojumu un sociālās palīdzības likums) 31/10/2002. |
(b) |
An Dlí maidir le Cóireáil Leighis (rstniecības likums) 12/06/1997. |
(c) |
An Dlí maidir le Cearta Othar (Pacientu tiesību likums) 30/12/2009. |
(d) |
Rialacháin na Comhaireachta Uimh. 555 maidir le heagrú cúraim sláinte agus nós imeachta íocaíochta (Ministru kabineta 2018. gada 28.augusta noteikumi Nr.555 ‘Veselības aprūpes pakalpojumu organizēšanas un samaksas kārtība’) 28/08/2018. |
(e) |
Rialacháin na Comhaireachta Uimh. 275 maidir le Nósanna Imeachta le haghaidh Seirbhísí Cúram Sóisialta agus Athshlánú Sóisialta a Íoc agus na Nósanna Imeachta maidir le Costais na Seirbhíse Cumhdaithe ó Bhuiséad Rialtais Áitiúil (Ministru kabineta 2003.gada 27.maija noteikumi Nr.275 'Sociālās aprūpes un sociālās rehabilitācijas pakalpojumu samaksas kārtība un kārtība, kādā pakalpojuma izmaksas tiek segtas no pašvaldības budžeta’) 27/05/2003 |
(f) |
Rialacháin na Comhaireachta Uimh. 138 maidir le Seirbhísí Sóisialta agus Cúnamh Sóisialta a Fháil (Ministru kabineta 2019.gada 2.aprīa noteikumi Nr 138 ‘Noteiku mi par sociālo pakalpojumu un sociālās palīdzības saņemšanu’) 02/04/2019. |
AN LIOTUÁIN
(a) |
An Dlí maidir le Cúitimh Sprioctha (Tikslinių kompensacijų įstatymas) an 29 Meitheamh 2016 (Uimh. XII-2507). |
(b) |
An Dlí maidir le Seirbhísí Sóisialta (Socialinių paslaugų įstatymas) an 19 Eanáir 2006 (Uimh. X-493). |
(c) |
An Dlí maidir le hÁrachas Sláinte (Sveikatos draudimo įstatymas) an 21 Bealtaine 1996 (Uimh. I-1343). |
(d) |
An Dlí maidir leis an gCóras Cúraim Sláinte (Sveikatos sistemos įstatymas) an 19 Iúil 1994 (Uimh. I-552). |
(e) |
An Dlí maidir le hInstitiúidí Cúraim Sláinte (Sveikatos priežiūros įstaigų įstatymas) an 6 Meitheamh 1996 (Uimh. I-1367). |
LUCSAMBURG
Dlí an 19 Meitheamh 1998 ag tabhairt isteach árachas spleáchais, arna leasú ag Dlí an 23 Nollaig 2005 agus ag Dlí an 29 Lúnasa 2017.
MÁLTA
(a) |
An tAcht um Shlándáil Shóisialta (Att dwar is-Sigurta' Socjali) (Cap. 318). |
(b) |
Fo-Reachtaíocht 318.19: Na Rialacháin um Fhorais agus Rátaí Óstaí Stáit (Regolamenti dwar it-Trasferiment ta' Fondi għal Hostels Statali Indikati). |
(c) |
Fo-Reachtaíocht 318.17: Rialacháin maidir le hAistriú Cistí (Leabaí arna maoiniú ag an rialtas) (Regolamenti dwar it-Trasferiment ta' Fondi għal Sodod Iffinanzjati mill-Gvern). |
(d) |
Fo-Reachtaíocht 318.13: Na Rialacháin um Rátaí Cónaithe Airgid don Stát (regolamenti dwar Rati għal Servizzi Residenzjali Finanzjali mill-Istat). |
AN ÍSILTÍR
An tAcht um chúram fadtéarmach (Wet langdurige zorg (WLZ)), Dlí an 3 Nollaig 2014.
AN PHOLAINN
(a) |
An Dlí maidir le Seirbhísí Cúraim Sláinte a mhaoinítear le hAcmhainní Poiblí (Ustawa o świadczeniach opieki zdrowotnej finansowanych ze środków publicznych) an 27 Lúnasa 2004. |
(b) |
An Dlí maidir le Cúnamh Sóisialta (Ustawa o pomocy społecznej) an 12 Márta 2004. |
(c) |
An Dlí maidir le Sochair Teaghlaigh (Ustawa o świadczeniach rodzinnych) an 28 Samhain 2003. |
(d) |
An Dlí maidir le Pinsean Sóisialta (Ustawa o rencie socjalnej) an 27 Meitheamh 2003. |
(e) |
An Dlí maidir le Pinsin an Chiste Árachais Shóisialaigh (Ustawa o emeryturach i rentach z Funduszu Ubezpieczeń Społecznych) an 17 Nollaig 1998. |
(f) |
An Dlí um Athshlánú Gairmeach agus Sóisialta agus um Fhostaíocht Daoine faoi Mhíchumas (Ustawa o rehabilitacji zawodowej i społecznej oraz zatrudnianiu osób niepełnosprawnych) an 27 Lúnasa 1997. |
(g) |
Dlí maidir le tacaíocht do mhná torracha agus dá dteaghlaigh ‘Ar feadh a saoil’ (‘Ustawa o rehabilitacji zawodowej i społecznej oraz zatrudnianiu osób niepełnosprawnych’) an 4 Samhain 2016. |
(h) |
An dlí maidir le sochar forlíontach do dhaoine nach bhfuil in ann maireachtáil go neamhspleách (Ustawa o świadczeniu uzupełniającym dla osób niezdolnych do samodzielnej egzystencji) an 31 Iúil 2019. |
AN PHORTAINGÉIL
(a) |
Árachas sóisialta agus acmhainní leordhóthanacha a ráthú: |
(b) |
Foraithne Reachtúil 265/99 an 14 Iúil 1999 maidir leis an bhforlíonadh cúraim fhadtéarmaigh (complemento por dependência), arna leasú roinnt uaireanta. |
(c) |
Acht 90/2009 an 31 Lúnasa 2009 maidir leis an gcóras cosanta speisialta i gcás míchumais (regime especial de proteção na invalidez), arna athfhoilsiú i leagan comhdhlúite le Foraithne Reachtúil 246/2015 an 20 Deireadh Fómhair 2015, arna leasú. |
(d) |
Córas slándála sóisialta agus an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte: |
(e) |
Foraithne Reachtach 101/06 an 6 Meitheamh 2006 ar an líonra Náisiúnta um chúram comhtháite leanúnach (rede de cuidados continuados integrados), athfhoilsithe i leagan comhdhlúite i bhForaithne Reachtúil 136/2015 an 28 Iúil 2015. |
(f) |
Dlí-foraithne uimh. 8/2010 an 28 Eanáir 2010, arna leasú agus arna athfhoilsiú ag Dlí-foraithne uimh. 22/2011 an 10 Feabhra 2011 maidir le haonaid agus foirne a chruthú i gcomhair cúram comhtháite leanúnach maidir le meabhairshláinte (unidades e equipas de cuidados continuados integrados de saúde mental). |
(g) |
Foraithne uimh. 343/.2015 an 12 Deireadh Fómhair 2015 maidir le caighdeáin lena rialaítear cúram péidiatraiceach in ospidéil agus in áiseanna siúlacha cúraim, chomh maith leis na foirne bainistithe urscaoilte agus na foirne cúraim phéidiatraicigh faoi chuimsiú an líonra náisiúnta cúraim chomhtháite fhadtéarmaigh (condições de instalação e funcionamento das unidades de internamento de cuidados integrados pediátricos e de ambulatório pediátricas, bem como as condições a que devem obedecer as equipas de gestão de altas e as equipas de cuidados continuados integrados destinadas a cuidados pediátricos da Rede Nacional de Cuidados Continuados Integrados). |
(h) |
Dlí Uimh. 6/2009 an 6 Meán Fómhair maidir le stádas an chúramóra neamhfhoirmiúil (Estatuto do cuidador informal). |
AN RÓMÁIN
(a) |
Dlí 17 an 6 Márta 2000 maidir le Cúnamh Sóisialta Daoine Sinsearacha (Legea privind asistenta socială a persoanelor vârstnice), le leasuithe ina dhiaidh sin. |
(b) |
Dlí 448 an 6 Nollaig 2006 maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a Chosaint agus a Chur Chun Cinn (Legea privind protecția și promovarea drepturilor persoanelor cu handicap), le leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin. |
(c) |
An Dlí um Chúnamh Sóisialta (Legea asistenței sociale) Uimh. 292 an 20 Nollaig 2011. |
AN tSLÓVAIC
(a) |
An Dlí maidir le Seirbhísí Sóisialta (Zákon o sociálnych službách) Uimh. 448/2008. |
(b) |
An dlí maidir le Sochair Airgeadais chun Cúiteamh a Thabhairt do Dhaoine faoi Mhíchumas (Zákon o peňažných príspevkoch na kompenzáciu ťažkého zdravotného postihnutia) Uimh. 447/2008. |
(c) |
An Dlí maidir le Cúram Sláinte agus Seirbhísí a bhaineann le Cúram Sláinte (Zákon o zdravotnej starostlivosti a službách súvisiacich s poskytovaním zdravotnej starostlivosti) Uimh. 576/2004. |
(d) |
An Dlí maidir le Soláthraithe Cúraim Sláinte, Oibrithe Liachta agus Cumainn Liachta Gairmiúla (Zákon o poskytovateoch zdravotnej starostlivosti, zdravotníckych pracovníkoch a stavovských organizáciách v zdravotníctve) Uimh. 578/2004. |
(e) |
An Dlí maidir le Cothaitheacht Íosta (Zákon o životnom minime) Uimh. 601/2003. |
(f) |
An Dlí maidir le Teaghlach (Zákon o rodine) Uimh. 36/2005. |
(g) |
Dlí maidir le cosaint shóisialta agus dhlíthiúil leanaí agus caomhnóireacht shóisialta (Zákon o sociálno-právnej ochrane detí a Sociálnej kuratele) Uimh. 305/2005. |
(h) |
An Dlí maidir le hObair Shóisialta (Zákon o Sociálnej práci) Uimh. 219/2014. |
AN tSLÓIVÉIN
Ní bhaineann aon dlí sonrach le cúram fadtéarmach.
Áirítear sochair chúraim fhadtéarmaigh sna gníomhartha seo a leanas:
(a) |
An tAcht um Pinsin agus Árachas Míchumais (Zakon o pokojninskem in invalidskem zavarovanju) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 96/2012, agus leasuithe iardain). |
(b) |
An tAcht um Chúnamh Sóisialta Airgeadais (Zakon o socialno vartsvenih prejemkih) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 61/2010, agus leasuithe iardain). |
(c) |
An tAcht um Chearta ar Chistí Poiblí a Chleachtadh (Zakon o uveljavljanju pravic iz javnih sredstev) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, Uimh. 62/2010, agus leasuithe iardain). |
(d) |
An tAcht um Chosaint Shóisialta (Zakon o socialnem varstvu) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 3/2004 – téacs comhdhlúite oifigiúil, agus leasuithe iardain). |
(e) |
An tAcht um Chúram agus Shochair Teaghlaigh do Thuismitheoirí (Zakon o starševskem varstvu in družinskih prejemkih) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 110/2006 – téacs comhdhlúite oifigiúil, agus leasuithe iardain). |
(f) |
An tAcht maidir le daoine faoi mhíchumas coirp nó faoi mhíchumas meabhrach (Zakon o družbenem varstvu duševno in telesno prizadetih oseb) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 41/83, agus leasuithe ina dhiaidh sin). |
(g) |
An tAcht um Chúram Sláinte agus Árachas Sláinte (Zakon o zdravstvenem varstvu in zdravstvenem zavarovanju) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 72/2006 – téacs comhdhlúite oifigiúil, agus leasuithe ina dhiaidh sin). |
(h) |
An tAcht um Iarbhaill na bhFórsaí Armtha (Zakon o vojnih veteranih) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, Uimh. 59/06 téacs comhdhlúite oifigiúil, agus leasuithe iardain). |
(i) |
Acht um Míchumas Cogaidh (Zakon o vojnih invalidih) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, Uimh. 63/59 téacs comhdhlúite oifigiúil, agus leasuithe ina dhiaidh sin). |
(j) |
An tAcht um Chomhardú Fioscach (Zakon za uravnoteženje javnih finance (ZUJF)) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 40/2012, agus leasuithe iardain). |
(k) |
Ionstraim lena rialaítear Coigeartú Aistrithe do Dhaoine Aonair agus do Theaghlaigh i bPoblacht na Slóivéine (Zakon o usklajevanju transferjev posameznikom in gospodinjstvom v Republiki Sloveniji) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine, uimh. 114/2006 – téacs comhdhlúite oifigiúil, agus leasuithe iardain). |
AN SPÁINN
(a) |
Dlí Uimh. 39/2006 maidir le Neamhspleáchas Pearsanta a Chur chun Cinn agus Cúnamh do dhaoine i gcásanna spleáchais an 14 Nollaig 2006, arna leasú. |
(b) |
Ordú ón Aire an 15 Aibreán 1969 |
(c) |
Foraithne Ríoga Uimh. 1300/95 an 21 Iúil 1995, arna leasú. |
(d) |
Foraithne Ríoga Uimh. 1647/97 an 31 Deireadh Fómhair 1997, arna leasú. |
AN tSUALAINN
(a) |
An tAcht um Sheirbhísí Sóisialta (Socialtjänstlagen (2001:453)) de 2001. |
(b) |
An tAcht um Chúram Sláinte (Hälso-och sjukvårdslag (2017:30)). |
CUID 3
ÍOCAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE BRAINSE SLÁNDÁLA SÓISIALTA ATÁ LIOSTAITHE IN AIRTEAGAL SSC.3(1) DEN PHRÓTACAL SEO AGUS A ÍOCTAR CHUN COSTAIS TÉIMH I gCÁS AIMSIR FHUAR A ÍOC (pointe (f) d’Airteagal SSC.3(4) den Phrótacal seo).
(i) AN RÍOCHT AONTAITHE
Íocaíocht Bhreosla Gheimhridh (An tAcht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, Ciste Sóisialta Rialacháin Íocaíochta Breosla Gheimhridh 2000, Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992 agus Rialacháin Íocaíochta Breosla Geimhridh (Tuaisceart Éireann) 2000).
(ii) NA BALLSTÁIT
AN DANMHAIRG
(a) |
An tAcht maidir le pinsin shóisialta agus pinsin stáit, LBK uimh. 983 an 23/09/2019 |
(b) |
Rialacháin maidir le pinsin shóisialta agus pinsin stáit, BEK uimh. 1602 an 27/12/2019. |
IARSCRÍBHINN SSC-2
SRIAN AR CHEARTA CHUN SOCHAR COMHCHINEÁIL DO DHAOINE DE THEAGHLACH OIBRÍ IMEALLCHRÍCHE
(dá dtagraítear in Airteagal SSC.16(2) den Phrótacal seo)
|
AN CHRÓIT |
|
AN DANMHAIRG |
|
ÉIRE |
|
AN FHIONLAINN |
|
AN tSUALAINN |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
IARSCRÍBHINN SSC-3
NÍOS MÓ CEART DO PHINSINÉIRÍ A FHILLEANN AR AN mBALLSTÁT INNIÚIL
(Airteagal SSC.25(2) den Phrótacal seo)
|
AN OSTAIR |
|
AN BHEILG |
|
AN BHULGÁIR |
|
AN CHIPIR |
|
POBLACHT NA SEICE |
|
AN FHRAINC |
|
AN GHEARMÁIN |
|
AN GHRÉIG |
|
AN UNGÁIR |
|
LUCSAMBURG |
|
AN ÍSILTÍR |
|
AN PHOLAINN |
|
AN tSLÓIVÉIN |
|
AN SPÁINN |
|
AN tSUALAINN |
IARSCRÍBHINN SSC-4
CÁSANNA INA nDÉANFAR AN TÁIREAMH PRO RATA A THARSCAOILEADH NÓ NACH mBEIDH FEIDHM LEIS
(Airteagal SSC.47(4) agus 47(5) den Phrótacal seo)
CUID 1
CÁSANNA INA nDÉANFAR AN RIALÚ PRO RATA A CHUR SAN ÁIREAMH DE BHUNAIRTEAGAL SSC.47(4)
AN OSTAIR
(a) |
Na hiarratais uile ar shochair faoi Acht Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta - ASVG, Acht Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hárachas sóisialta le haghaidh daoine féinfhostaithe atá i mbun trádála agus tráchtála - GSVG, Acht Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hárachas sóisialta d’fheirmeoirí féinfhostaithe - BSVG agus Acht Cónaidhme an 30 Samhain 1978 maidir leis na daoine féinfhostaithe sna gairmeacha liobrálacha (FSVG); |
(b) |
Na hiarratais uile ar phinsin mharthanóra a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun an Achta um Pinsin Ghinearálta (APG) an 18 Samhain 2004, ach amháin cásanna faoi Chuid 2; |
(c) |
Na hiarratais uile ar phinsin mharthanóra de na Cumainn Lianna Cúigeacha Ostaracha (Landesärztekammer) a bheidh bunaithe ar bhunsoláthar (bunsochar agus aon sochar forlíontach, nó bunphinsean); |
(d) |
Na hiarratais uile ar thacaíocht marthanóirí ó chiste pinsean Chumann Ostarach na dTréidlianna; |
(e) |
Na hiarratais uile ar shochair ó phinsin baintreacha agus dílleachtaí i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Cuid A; |
(f) |
Gach iarratas ar shochair faoin Acht um Árachas Nótaire an 3 Feabhra 1972 – NVG 1972. |
AN CHIPIR
Na hiarratais uile ar phinsin seanaoise, baintrí agus baintrí fir.
AN DANMHAIRG
Na hiarratais uile ar phinsin dá dtagraítear sa dlí maidir le pinsin shóisialta, cé is moite de na pinsin a luaitear in Iarscríbhinn SSC-5 a ghabhann leis an bPrótacal seo.
ÉIRE
Na hiarratais uile ar phinsean stáit (idirthréimhseach), ar phinsean stáit (ranníocach), ar phinsean baintrí (ranníocach) agus ar phinsean baintrí fir (ranníocach).
AN LAITVIA
Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí (An Dlí maidir le Pinsin Stáit an 1 Eanáir 1996).
AN LIOTUÁIN
Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí árachais shóisialta Stáit arna ríomh ar bhonn bhunmhéid an phinsin marthanóra (an Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit).
AN ÍSILTÍR
Na hiarratais uile ar phinsin seanaoise faoin dlí maidir le hárachas ginearálta seanaoise (AOW).
AN PHOLAINN
Na hiarratais uile maidir le pinsin seanaoise faoi scéim na sochar sainithe agus pinsin marthanóirí, cé is moite de chásanna ina bhfuil na tréimhsí árachais foriomlána a chuirtear isteach faoi reachtaíocht breis agus tír amháin comhionann le 20 bliain nó níos mó do mhná agus 25 bliana nó níos mó d’fhir, ina bhfuil na tréimhsí náisiúnta árachais faoi bhun na dteorainneacha sin (agus nach bhfuil siad níos lú ná le 15 bliana do mhná agus 20 bliain d’fhir), agus ina ndéantar an ríomh faoi Airteagail 27 agus 28 d’Acht an 17 Nollaig 1998 (I.O. 2015, mír 748).
AN PHORTAINGÉIL
Na hiarratais uile maidir le héilimh ar phinsin seanaoise agus ar phinsin mharthanóirí, cé is moite de chásanna ina bhfuil na tréimhsí tuarastail foriomlána arna gcur isteach faoi reachtaíocht breis agus Ballstáit amháin comhionann le 21 bhliain féilire nó níos mó ná 21 bhliain féilire ach ina bhfuil na tréimhsí náisiúnta árachais comhionann le 20 bliain nó níos lú ná 20 bliain, agus ina ndéantar an ríomh faoi Airteagail 32 agus 33 de Dhlí Foraithne Uimh. 187/2007, an 10 Bealtaine 2007.
AN tSLÓVAIC
(a) |
Na hiarratais uile ar phinsin mharthanóirí (pinsean baintrí, pinsean baintrí fir agus pinsean dílleachta) á ríomh i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2004, a ndíorthaíonn a méid ó phinsean a íocadh roimhe sin leis an éagach; |
(b) |
Na hiarratais uile ar phinsin á ríomh de bhun Ghníomh Uimh. 461/2003 Coll. maidir le slándáil shóisialta mar atá arna leasú. |
AN tSUALAINN
(a) |
Iarratais ar phinsean seanaoise i bhfoirm pinsin ráthaithe (Caibidlí 66 agus 67 den Chód Árachais Sóisialta). |
(b) |
Iarratais ar phinsean seanaoise i bhfoirm pinsean forlíontach (Caibidil 63 den Chód Árachais Sóisialta). |
AN RÍOCHT AONTAITHE
Na hiarratais uile ar phinsean scoir, pinsean stáit de bhun Chuid 1 den Acht um Pinsin 2014, ar shochair baintreach agus ar shochair mhéala, seachas na sochair sin a bhfuil an méid seo a leanas amhlaidh ina leith i rith na bliana cánach dar tús an 6 Aibreán 1975 nó tar éis an dáta sin:
(i) |
a chuir an páirtí lena mbaineann isteach tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe agus Ballstáit nár measadh ceann amháin (nó níos mó) de na blianta cánach mar bhliain cháiliúcháin de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe; |
(ii) |
chuirfí san áireamh, chun críocha phointe (b) d’Airteagal SSC.43(1) den Phrótacal seo, na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe roimh an 5 Iúil 1948, trí na tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe faoi reachtaíocht Ballstáit a chur i bhfeidhm. |
Na hiarratais uile ar phinsean breise de bhun roinn 44 den Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, agus de bhun roinn 44 den Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 (Tuaisceart Éireann).
CUID 2
CÁSANNA INA bhFUIL FEIDHM AG AIRTEAGAL PVAT. SSC.47(5)
AN OSTAIR
(a) |
Pinsin seanaoise nó pinsin mharthanóra a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun Acht an 18 Samhain 2004 um Pinsin Ghinearálta (APG); |
(b) |
Liúntais éigeantacha faoi Airteagal 41 de Dhlí Cónaidhme an 28 Nollaig 2001, BGBI I Uimh. 154 maidir le ciste tuarastail ghinearálta de chuid cógaiseoirí Ostaracha (Pharmazeutische Gehaltskasse für Österreich); |
(c) |
Pinsin scoir agus pinsin luathscoir de chuid na gCumann Lianna Cúigeacha Ostaracha atá bunaithe ar an mbunsoláthar (bunsochar agus sochar forlíontach, nó bunphinsean), agus na sochair phinsin uile de chuid na gCumann Lianna Cúigeacha Ostaracha atá bunaithe ar sholáthar breise (pinsean breise nó pinsean aonair); |
(d) |
Tacaíocht seanaoise ó chiste pinsean Chumann Ostarach na dTréidlianna; |
(e) |
Sochair i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Codanna A agus B, seachas na hiarratais ar shochair ó phinsin baintreacha agus dílleachtaí i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Cuid A; |
(f) |
Sochair ó institiúidí leasa shóisialta Chumann Cónaidhme na nAiltirí agus na nInnealtóirí Comhairleacha faoi Acht Chumann na nInnealtóirí Sibhialta Ostaracha (Ziviltechnikerkammergesetz) 1993 agus reachtanna na n-institiúidí leasa shóisialta, seachas sochair marthanóra a dhíorthaíonn ó na sochair is deireanaí a luadh; |
(g) |
Sochair de réir reacht institiúid leasa shóisialta Chumann Cónaidhme na gCuntasóirí Gairmiúla agus na gComhairleoirí Cánach faoi Acht na gCuntasóirí Gairmiúla Ostaracha agus na gComhairleoirí Cánach (Wirtschaftstreuhandberufsgesetz). |
AN BHULGÁIR
Pinsin seanaoise ón Árachas Pinsean Éigeantach Forlíontach, faoi Chuid II, Teideal II, den Chód Árachais Shóisialta.
AN CHRÓIT
Pinsin ón scéim árachais éigeantaigh atá bunaithe ar choigilteas caipitlithe aonair de réir an Achta um Chistí Pinsean Éigeantacha agus Deonacha (OG 49/99, arna leasú) agus an Achta maidir le Cuideachtaí Árachais Pinsean agus Íoc Pinsean atá Bunaithe ar Choigilt Chaipitlithe Aonair (OG 106/99, arna leasú), ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 47 agus 48 den Acht um Chistí Pinsin Éigeantacha agus Deonacha agus Pinsean Marthanóra).
POBLACHT NA SEICE
Pinsin a íocfar ón Scéim Dara Colúin a bhunaítear le hAcht Uimh. 426/2011 Coll, maidir le coigiltis phinsin.
AN DANMHAIRG
(a) |
Pinsin phearsanta; |
(b) |
Sochair i gcás báis (fabhraithe ar bhonn ranníocaíochtaí le Arbejdsmarkedets Tillægspension maidir leis an tréimhse roimh an 1 Eanáir 2002); |
(c) |
Sochair i gcás báis (fabhraithe ar bhonn ranníocaíochtaí le Arbejdsmarkedets Tillægspension maidir leis an tréimhse roimh an 1 Eanáir 2002); dá dtagraítear san Acht Comhdhlúite ar Phinsean Forlíontach an Mhargadh Saothair (Arbejdsmarkedets Tillægspension) 942:2009. |
AN EASTÓIN
Scéim éigeantach mhaoinithe seanaoise.
AN FHRAINC
Bunscéimeanna nó scéimeanna forlíontacha ina ríomhtar sochair sheanaoise ar bhonn pointí scoir.
AN UNGÁIR
Sochair pinsin a bheidh bunaithe ar bhallraíocht i gcistí príobháideacha pinsean.
AN LAITVIA
Pinsin seanaoise (Dlí an 1 Eanáir 1996 maidir le pinsin Stáit, An Dlí maidir le pinsin Stát-mhaoinithe an 1 Iúil 2001).
AN PHOLAINN
Pinsin seanaoise faoin scéim ranníocaíochtaí sainithe.
AN PHORTAINGÉIL
Pinsin fhorlíontacha arna ndeonú de bhun Dlí-Forógra Uimh. 26/2008 an 22 Feabhra 2008 (scéim caipitlithe phoiblí).
AN tSLÓVAIC
Coigilt shainordaitheach ar phinsean seanaoise.
AN tSLÓIVÉIN
Pinsin ó árachas pinsean forlíontach éigeantach.
AN tSUALAINN
Pinsean seanaoise i bhfoirm phinsean ioncaim agus pinsean préimhe (Caibidlí 62 agus 64 den Chód Árachais Sóisialta).
AN RÍOCHT AONTAITHE
Sochair scoir chéimnithe arna n-íoc de bhun ranna 36 agus 37 den Acht um Árachas Náisiúnta 1965, agus de bhun ranna 35 agus 36 den Acht um Árachas Náisiúnta (Tuaisceart Éireann) 1966.
IARSCRÍBHINN SSC-5
SOCHAIR AGUS COMHAONTUITHE INA gCUIRTEAR I bhFEIDHM AIRTEAGAL SSC.49
I. Sochair dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal SSC.49(2) den Phrótacal seo, a bhfuil a méid neamhspleách ar fhad na dtréimhsí árachais nó cónaithe a cuireadh i gcrích
AN DANMHAIRG
Pinsean seanaoise iomlán na Danmhairge faighte tar éis 10 mbliana de chónaí de dhaoine a mbeidh pinsean bronnta orthu faoin 1 Deireadh Fómhair 1989
AN FHIONLAINN
Pinsin náisiúnta agus pinsin na gcéilí arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha idirthréimhseacha agus arna ndeonú roimh an 1 Eanáir 1994 (an tAcht maidir le Forghníomhú an Achta Pinsean Náisiúnta, 569/2007)
Méid breise phinsean an linbh nuair a dhéantar sochar neamhspleách a ríomh i gcomhréir leis an Acht Pinsean Náisiúnta (an tAcht Pinsean Náisiúnta, 568/2007)
AN FHRAINC
Pinsean easláine baintreach fir nó baintrí faoin scéim ghinearálta slándála sóisialta nó faoi scéim na n-oibrithe talmhaíochta áit a ndéantar é a ríomh ar bhonn pinsean easláine an chéile nach maireann a bheith socraithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal SSC.47(1).
AN GHRÉIG
Sochair faoi Dhlí Uimh. 4169/1961 a bhaineann leis an scéim árachais talmhaíochta (OGA)
AN ÍSILTÍR
An tAcht um Ghaolta Ginearálta a Mhaireann an 21 Nollaig 1995 (ANW)
An tAcht um Obair agus Ioncam dar le hAcmhainn Saothair an 10 Samhain 2005 (WIA)
AN SPÁINN
Pinsin mharthanóra arna ndeonú faoi na scéimeanna ginearálta agus speisialta, ach amháin an Scéim Speisialta do Státseirbhísigh
AN tSUALAINN
Cúiteamh um breoiteacht bainteach le hioncam agus cúiteamh um ghníomhaíocht bainteach le hioncam (Caibidil 34 den Chód Árachais Shóisialta)
Pinsean ráthaithe agus cúiteamh ráthaithe a cuireadh in ionad phinsin iomlána an stáit a soláthraíodh faoin reachtaíocht maidir leis an bpinsean stáit a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 1993, agus in ionad an phinsin iomláin stáit a deonaíodh faoi rialacha idirthréimhseacha na reachtaíochta a raibh feidhm aici ón dáta sin
II. Sochair dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal SSC.49(2) den Phrótacal seo, a sainítear a méid ar bhonn tréimhse creidiúnaithe a measadh a bheith curtha isteach idir an dáta ar a tharla an riosca agus dáta níos deireanaí
AN FHIONLAINN
Pinsin fhostaíochta a dtógtar tréimhsí sa todhchaí san áireamh lena n-aghaidh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta
AN GHEARMÁIN
Pinsin mharthanóirí, a gcuirtear tréimhse fhorlíontach san áireamh ina leith
Pinsin seanaoise, a dtógtar san áireamh lena n-aghaidh tréimhse fhorlíontach a fuarthas cheana
AN IODÁIL
Pinsin na hIodáile um éagumas iomlán ar obair (inabilità)
AN LAITVIA
Pinsean marthanóirí arna ríomh ar bhonn tréimhsí toimhdithe árachais (Airteagal 23(8) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit)
AN LIOTUÁIN
(a) |
Pinsin árachais shóisialta stáit um éagumas chun oibre, arna n-íoc faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit |
(b) |
Pinsin árachais shóisialta stáit do mharthanóirí agus do dhílleachtaí, arna ríomh ar bhonn pinsin um éagumas chun oibre an éagaigh faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit |
LUCSAMBURG
Pinsin mharthanóirí
AN tSLÓVAIC
Pinsean marthanóirí na Slóvaice a eascraíonn ón bpinsean easláine.
AN SPÁINN
Na pinsin le haghaidh scoir faoin Scéim Speisialta do Státseirbhísigh atá dlite faoi Theideal I de théacs comhdhlúite an Dlí maidir le Pinsinéirí Stáit más rud é, tráth theacht i gcrích an bhaoil, gur státseirbhíseach gníomhach an tairbhí nó má dhéileáiltear leis amhlaidh; bás agus marthanóirí’(baintreacha, paístí gan thuistí, tuismitheoirí) pinsin atá dlite faoi Theideal I den Téacs comhdhlúite de Dhlí an Stáit maidir le Pinsin más rud é, ag am báis an státseirbhísigh bhí sé gníomhach nó go gcaitear leis mar sin
AN tSUALAINN
Cúiteamh i gcomhair breoiteachta agus cúiteamh i gcomhair gníomhaíochta i bhfoirm cúitimh ráthaíochta (Caibidil 35 den Chód Árachais Shóisialta)
Pinsean marthanóirí arna ríomh ar bhonn thréimhsí árachais creidiúnaithe (Caibidil 76-85 den Chód Árachais Shóisialta)
III. Comhaontuithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal SSC.49(2) den Phrótacal seo chun cosc a chur leis an tréimhse chreidiúnaithe chéanna a chur san áireamh dhá uair nó níos mó:
An Comhaontú Slándála Sóisialta ón 28 Aibreán 1997 idir Poblacht na Fionlainne agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
An Comhaontú Slándála Sóisialta ón 10 Samhain 2000 idir Poblacht na Fionlainne agus Ard-Diúcacht Lucsamburg
Coinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le slándáil shóisialta.
IARSCRÍBHINN SSC-6
FORÁLACHA SPEISIALTA CHUN REACHTAÍOCHT NA mBALLSTÁT AGUS NA RÍOCHTA AONTAITHE A CHUR I bhFEIDHM
(Airteagal SSC.3(2), Airteagal SSC.51(1) agus Airteagal SSC.66)
AN OSTAIR
1. |
Chun tréimhsí a fháil san árachas pinsin, measfar go bhfuil freastal ar scoil nó ar bhunaíocht inchomparáide oideachais i Stát eile coibhéiseach le freastal ar scoil nó ar bhunaíocht oideachais de bhun Airteagail 227(1)(1) agus 228(1)(3) den Allgemeines Sozialversicherungsgesetz (ASVG) (An tAcht Ginearálta um Shlándáil Shóisialta), Airteagal 116(7) den GewerblichesSozialversicherungsgesetz (GSVG) (An tAcht Cónaidhme um Árachas Sóisialta do Dhaoine atá ag Gabháil do Thrádáil agus do Thráchtáil) agus Airteagal 107(7) denBauern-Sozialversicherungsgesetz (BSVG) (An tAcht um Shlándáil Shóisialta d’Fheirmeoirí), nuair a bhí an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht na hOstaire tráth áirithe ar an bhforas gur chleacht sé gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, agus i gcás ina bhfuil na ranníocaíochtaí speisialta íoctha dá bhforáiltear faoi Airteagal 227(3) den ASVG, faoi Airteagal 116(9) den GSVG agus faoi Airteagal 107(9) den BSGV chun tréimhsí oideachais den sórt sin a cheannach. |
2. |
D’fhonn an sochar pro rata dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo a ríomh, ní chuirfear san áireamh na hincrimintí speisialta do ranníocaíochtaí d’árachas forlíontach agus do shochar forlíontach na mianadóirí faoi reachtaíocht na hOstaire. Sna cásanna sin, an sochar pro rata a ríomhfar d’uireasa na ranníocaíochtaí sin, déanfar é a mhéadú, más iomchuí, le hincrimintí speisialta neamhlaghdaithe do ranníocaíochtaí d’árachas forlíontach agus do shochar forlíontach na mianadóirí. |
3. |
Más rud é, de bhun Airteagal SSC.7 den Phrótacal seo go ndearnadh tréimhsí ionadacha faoi scéim árachais pinsin Ostarach a chomhlánú ach nach féidir leo a bheith ina mbonn ríomha de bhun Airteagail 238 agus 239 de ASVG, Airteagail 122 agus 123 de GSVG agus Airteagail 113 agus 114 den BSVG, úsáidfear an bonn don ríomh do thréimhsí cúraim leanaí de bhun Airteagal 239 den ASVG, Airteagal 123 de GSVG agus Airteagal 114 den BSVG. |
AN BHULGÁIR
Tá feidhm ag Airteagal 33(1) d’Acht Árachais Sláinte na Bulgáire maidir le gach duine arb í an Bhulgáir an Ballstát inniúil ina leith faoi Chaibidil 1 de Theideal III den Phrótacal seo.
AN CHIPIR
D’fhonn forálacha Airteagail SSC.7, SSC.46 agus SSC.56 den Phrótacal seo, d’aon tréimhse dar tosach an 6 Deireadh Fómhair 1980 nó dá éis, cinnfear seachtain árachais faoi reachtaíocht Phoblacht na Cipire trí iomlán an tuillimh inárachaithe don tréimhse ábhartha a roinnt ar mhéid seachtainiúil an bhuntuillimh inárachaithe is infheidhme sa bhliain ranníoca ábhartha, ar choinníoll nach mó líon na seachtainí féilire ábhartha ná an méid a chinnfear.
POBLACHT NA SEICE
Chun sainmhíniú a dhéanamh ar dhaoine den teaghlach i gcomhréir le hAirteagal SSC.1 den Phrótacal seo, folaíonn ‘céile’ páirtnéirí cláraithe mar a shainmhínítear iad in Acht Seiceach Uimh. 115/2006 Coll., maidir le páirtnéireacht chláraithe.
AN DANMHAIRG
1. |
|
2. |
|
3. |
An sochar sealadach do dhaoine ar tugadh cead isteach dóibh sa scéim ledighedsydelse (scéim na ‘bpost solúbtha’ (Dlí Uimh. 455 an 10 Meitheamh 1997), cumhdaítear é le Caibidil 6 de Theideal III den Phrótacal seo. |
4. |
I gcás ina mbeidh duine a thairbhíonn de phinsean sóisialta de chuid na Danmhairge i dteideal pinsin mharthanóra freisin ó Stát eile, measfar chun reachtaíocht na Danmhairge a chur chun feidhme gur sochair den chineál céanna iad na pinsin sin de réir bhrí Airteagal SSC.48(1), faoi réir an choinníll, áfach, go raibh ceart chun pinsin shóisialta de chuid na Danmhairge faighte freisin ag an duine arb iad a thréimhsí árachais nó cónaithe a fheidhmíonn mar bhonn do ríomh an phinsin mharthanóra. |
AN EASTÓIN
Chun na sochair do thuismitheoirí a ríomh, measfar maidir le tréimhsí fostaíochta i Stáit seachas an Eastóin, go mbeidh siad bunaithe ar an meánmhéid céanna Cánach Sóisialta a íocadh i rith na dtréimhsí fostaíochta sin san Eastóin a gcomhshuimítear leo iad. Más rud é, i rith na bliana tagartha, nach raibh an duine fostaithe ach i Stáit eile, measfar go mbeidh ríomh an tsochair bunaithe ar mheán na Cánach Sóisialta a íocadh san Eastóin idir an bhliain tagartha agus an tsaoire mháithreachais.
AN FHIONLAINN
1. |
Chun críocha an teideal a chinneadh agus méid phinsean náisiúnta na Fionlainne a ríomh faoi Airteagail SSC.47, SSC.48 agus SSC 49 den Phrótacal seo, déileálfar ar an mbealach céanna le pinsin arna bhfáil faoi reachtaíocht Stáit eile le pinsin a fuarthas faoi reachtaíocht na Fionlainne. |
2. |
Agus pointe (b)(i) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo á chur i bhfeidhm chun tuilleamh a ríomh don tréimhse a chreidiúnaítear faoi reachtaíocht na Fionlainne maidir le pinsin tuilleamh-bhainteacha, i gcás ina mbeidh tréimhsí árachais pinsin atá bunaithe ar ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i Stát eile ag duine do chuid den tréimhse thagartha faoi reachtaíocht na Fionlainne, measfar gur comhionann tuilleamh na tréimhse tagartha agus suim an tuillimh i rith an choda den tréimhse tagartha san Fhionlainn, arna roinnt ar líon na míonna a raibh tréimhsí árachais ina leith san Fhionlainn i rith na tréimhse tagartha. |
AN FHRAINC
1. |
Do dhaoine a fhaigheann sochair chomhchineáil sa Fhrainc de bhun Airteagal SSC.15 nó SSC.24 den Phrótacal seo agus a bhfuil cónaí orthu i ranna Francacha Haut-Rhin, Bas-Rhin nó Moselle, áirítear leis na sochair chomhchineáil a sholáthraítear thar ceann na hinstitiúide de chuid Stáit eile atá freagrach as an gcostas a íoc sochair arna gcur ar fáil sa scéim árachais ghinearálta agus i scéim éigeantach árachais breoiteachta fhorlíontach áitiúil Alsace-Moselle. |
2. |
Le reachtaíocht na Fraince atá infheidhme maidir le duine atá ag gabháil nó a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe chun Caibidil 5 de Theideal III den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm, áirítear an bhunscéim nó na bunscéimeanna árachais seanaoise agus an scéim fhorlíontach scoir nó na scéimeanna forlíontacha scoir a raibh an duine lena mbaineann faoina réir. |
AN GHEARMÁIN
1. |
Gan dochar do phointe (a) d’Airteagal SSC.6 den Phrótacal seo agus pointe 1 d’Airteagal 5(4), den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), féadfaidh duine a fhaigheann lánphinsean seanaoise faoi reachtaíocht Stáit eile a iarraidh go ndéanfaí é nó í a árachú go héigeantach faoi scéim árachais pinsin na Gearmáine. |
2. |
D’ainneoin pointe (a) d'Airteagal SSC.6 den Phrótacal seo agus Airteagal 7 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), duine atá árachaithe go héigeantach i Stát eile, nó a fhaigheann pinsean seanaoise faoi reachtaíocht Stáit eile, féadfaidh sé nó sí dul isteach sa scéim árachais shaorálach sa Ghearmáin. |
3. |
Chun sochair airgid thirim a dheonú faoi §47(1) de SGB V, §47(1) de SGB VII agus §200(2) den Reichsversicherungsordnung do dhaoine árachaithe a bhfuil cónaí orthu i Stát eile, i scéimeanna árachais na Gearmáine, ríomhtar an glanphá, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar shochair, amhail is dá mbeadh an duine árachaithe ina chónaí sa Ghearmáin, mura n-iarrfaidh an duine árachaithe measúnú ar bhonn an ghlanphá iarbhír a fhaigheann sé. |
4. |
4.Náisiúnaigh Stát eile ar lasmuigh den Ghearmáin a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe agus a chomhlíonann coinníollacha ginearálta scéim árachais pinsin na Gearmáine, ní fhéadfaidh siad ranníocaíochtaí saorálacha a íoc ach amháin má bhí siad árachaithe go saorálach nó go héigeantach i scéim árachais pinsin na Gearmáine tráth éigin roimhe sin; |
5. |
Is faoi threoir thréimhsí na Gearmáine amháin a chinnfear an pauschaleAnrechnungszeit (tréimhse shocraithe creidiúna) de bhun Airteagal 253 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta). |
6. |
I gcásanna ina mbeidh reachtaíocht pinsin na Gearmáine, a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 1991, infheidhme chun pinsin a atháireamh, ní bheidh feidhm ach amháin ag reachtaíocht na Gearmáine chun tréimhsí ionadacha Gearmánacha (Ersatzzeiten) a chreidiúnú. |
7. |
Reachtaíocht na Gearmáine maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde a bhfuil cúiteamh le déanamh orthu faoin dlí lena rialaítear pinsin eachtracha agus reachtaíocht na Gearmáine maidir le sochair le haghaidh tréimhsí árachais a bhféadfar creidiúnú a dhéanamh orthu faoin dlí lena rialaítear pinsin eachtracha sna críocha a ainmnítear i mír 1(2)(3) den Acht um ghnóthaí daoine díláithrithe agus dídeanaithe (Bundesvertriebenengesetz), leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici faoi raon feidhme an Phrótacal seo, d’ainneoin fhorálacha mhír 2 den Acht um pinsin eachtracha (Fremdrentengesetz). |
8. |
Chun an méid teoiriciúil dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo a ríomh, i scéimeanna pinsean do ghairmeacha liobrálacha, tógfaidh an institiúid inniúil mar bhonn, i ndáil le gach bliain de na blianta árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht aon Stáit eile, an mheánteidlíocht bhliantúil phinsin a fuarthas i rith thréimhse ballraíochta na hinstitiúide inniúla trí ranníocaíochtaí a íoc. |
AN GHRÉIG
1. |
Tá feidhm ag Dlí Uimh. 1469/84 maidir le cleamhnú saorálach leis an scéim árachais pinsin do náisiúnaigh de chuid na Gréige agus do náisiúnaigh eachtracha de bhunadh na Gréige, maidir le náisiúnaigh Stát eile, daoine gan stát agus dídeanaithe, i gcás ina raibh na daoine lena mbaineann, tráth éigin san am a caitheadh, árachaithe go héigeantach nó go saorálach le scéim árachais pinsin na Gréige, gan spleáchas dá n-áit chónaithe nó fanachta. |
2 |
D’ainneoin phointe (a) d’Airteagal SSC.6 den Phrótacal seo agus d’Airteagal 34 de Dhlí 1140/1981, féadfaidh duine a fhaigheann pinsean i leith tionóiscí ag an obair nó galar ceirde faoi reachtaíocht Stáit eile a iarraidh go ndéanfaí é nó í a árachú go héigeantach faoin reachtaíocht a chuireann OGA i bhfeidhm, a mhéid atá siad ag gabháil do ghníomhaíocht a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta sin. |
ÉIRE
1. |
D’ainneoin Airteagal SSC.19(2) agus Airteagal SSC.57 den Phrótacal seo, chun tuilleamh seachtainiúil ináirithe forordaithe an duine árachaithe a ríomh chun sochar breoiteachta nó sochar dífhostaíochta a dheonú faoi reachtaíocht na hÉireann, creidiúnófar méid is ionann agus meánphá seachtaine daoine fostaithe sa bhliain fhorordaithe ábhartha don duine árachaithe sin i leith gach seachtaine gníomhaíochta mar dhuine fostaithe faoi reachtaíocht Stáit eile i rith na bliana forordaithe sin. |
MÁLTA
Forálacha speisialta do státseirbhísigh
(a) |
Chun críocha Airteagail SSC.43 agus SSC.55 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm, agus chun na gcríoch sin amháin, déileálfar mar státseirbhísigh le daoine arna bhfostú faoi Acht Fhórsaí Armtha Mhálta (Caibidil 220 de Dhlíthe Mhálta), faoi Acht na bPóilíní (Caibidil 164 de Dhlíthe Mhálta) agus faoi Acht na bPríosún (Caibidil 260 de Dhlíthe Mhálta). |
(b) |
Pinsin is iníoctha faoi na Gníomhartha thuasluaite agus faoi Reacht na bPinsean (Caibidil 93 de Dhlíthe Mhálta), measfar, chun críocha phointe (cc) d’Airteagal SSC.1 den Phrótacal seo, agus chun na gcríoch sin amháin, gur ‘scéimeanna speisialta do státseirbhísigh iad’. |
AN ÍSILTÍR
1. Árachas cúraim sláinte
(a) |
Maidir le teidlíocht ar shochair chomhchineáil faoi reachtaíocht na hÍsiltíre, ciallóidh daoine atá i dteideal sochar comhchineáil chun críche chur chun feidhme Chaibidlí 1 agus 2 de Theideal III den Phrótacal seo:
|
(b) |
I gcomhréir le forálacha an Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Sláinte), ní mór do na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(i) árachas a bhaint amach le hárachóir cúraim sláinte agus ní mór do na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii) clárú leis an College voor zorgverzekeringen (An Bord um Árachas Cúraim Sláinte). |
(c) |
Beidh feidhm ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Sláinte) agus ag forálacha an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (an tAcht Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta) i ndáil le dliteanas i leith ranníocaíochtaí a íoc maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus maidir le daoine dá dteaghlaigh. Maidir le daoine de theaghlach, déanfar na ranníocaíochtaí a thobhach ar an duine óna dtagann an ceart chun cúraim sláinte, seachas daoine de theaghlaigh pearsanra mhíleata atá ina gcónaí i Stát eile, ar daoine iad a dhéanfar a thobhach go díreach. |
(d) |
Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Sláinte), maidir le hárachas deireanach i gcás clárú deireanach leis an College voor zorgverzekeringen (An Bord um Árachas Cúraim Sláinte) i ndáil leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a)(ii). |
(e) |
Daoine atá i dteideal sochar de bhun reachtaíochta Stáit seachas an Ísiltír agus a bhfuil cónaí orthu san Ísiltír nó a fhanann go sealadach san Ísiltír, beidh siad i dteideal sochar comhchineáil i gcomhréir leis an mbeartas a thairgeann institiúid na háite cónaithe nó na háite fanachta san Ísiltír do dhaoine árachaithe, agus Airteagal 11(1), (2) agus (3) agus Airteagal 19(1) den Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Sláinte) á gcur san áireamh chomh maith leis na sochair chomhchineáil a sholáthraítear leis an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (An tAcht Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta). |
(f) |
Chun críocha Airteagail SSC.21 go SSC.27 den Phrótacal seo, caithfear leis na sochair seo a leanas i dteannta na bpinsean a chumhdaítear le Caibidlí 4 agus 5 de Theideal III den Phrótacal seo mar phinsin atá dlite faoi reachtaíocht na hÍsiltíre:
|
(g) |
Chun críocha Airteagal SSC.16(1) den Phrótacal seo, beidh na daoine dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den mhír seo agus a fhanann go sealadach san Ísiltír i dteideal sochar comhchineáil i gcomhréir leis an mbeartas arna thairiscint do dhaoine árachaithe san Ísiltír ag institiúid na háite fanachta, ag cur san áireamh Airteagal 11(1), (2) agus (3) agus Airteagal 19(1) den Zorgverzeek sa Zorgverzeing (an tAcht um Árachas Sláinte Ginearálta), mar aon le sochair chomhchineáil dá ndéantar foráil in Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (An tAcht Ginearálta um Speansas Míochaine Eisceachtúla). |
2. Algemene Ouderdomswet (AOW) (An tAcht ar Phinsin Seanaoise Ghinearálta) a chur i bhfeidhm
(a) |
Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den AOW (an tAcht ar Phinsin Seanaoise Ghinearálta) a chur i bhfeidhm do mhíonna féilire roimh an 1 Eanáir 1957, i gcás faighteora nach gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann leis na blianta sin a áireamh mar thréimhsí árachais, más rud é, le linn na mblianta sin:
De mhaolú ar Airteagal 7 den AOW, aon duine nach raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír de réir na gcoinníollacha thuas ach roimh an 1 Eanáir 1957, measfar é nó í a bheith i dteideal pinsin freisin. |
(b) |
Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den AOW a chur i bhfeidhm do bhlianta féilire roimh an 2 Lúnasa 1989 i gcás duine atá pósta nó a bhí pósta ach nach raibh árachaithe faoin reachtaíocht thuasluaite sna blianta sin, idir aois a 15 nó aois a 65, nuair a bhí cónaí air nó uirthi i gcríoch Stáit seachas an Ísiltír, má tá na blianta féilire sin comhthráthach le tréimhsí a chuir céile an duine sin isteach faoin reachtaíocht sin nó le blianta féilire atá le cur san áireamh faoi phointe (a), ar choinníoll go raibh pósadh na lánúna ar marthain i rith an ama sin. De mhaolú ar Airteagal 7 den AOW, measfar duine den sórt sin a bheith i dteideal pinsin. |
(c) |
Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den AOW a chur i bhfeidhm do mhíonna féilire roimh an 1 Eanáir 1957, i gcás céile pinsinéara nach gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann leis na blianta sin a áireamh mar thréimhsí árachais, más rud é le linn na mblianta sin:
|
(d) |
Ní bheidh feidhm ag an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den AOW maidir le blianta féilire roimh an 2 Lúnasa 1989 nach raibh céile pinsinéara a bhfuil cónaí air i Stát seachas an Ísiltír, idir 15 agus 65 d’aois, árachaithe faoin AOW, má tá na blianta féilire sin i gcomhthráth le tréimhsí árachais a chuir an pinsinéir i gcrích faoin reachtaíocht sin nó le blianta féilire a bheidh le cur san áireamh faoi phointe (a), ar choinníoll go raibh pósadh na lánúine ar marthain i rith an ama sin. |
(e) |
Ní bheidh feidhm ag pointí 2(a), 2(b), 2(c) ná 2(d) maidir le tréimhsí atá comhthráthach leis na tréimhsí seo a leanas:
Ní dhéanfar tréimhsí árachais shaorálaigh faoi chóras Stáit eile a chur san áireamh chun críocha an phointe seo. |
(f) |
Ní bheidh feidhm ag pointí 2(a), 2(b), 2(c) agus 2(d) ach amháin má bhí cónaí ar an duine lena mbaineann i Stát amháin nó níos mó ar feadh 6 bliana tar éis aois a 59 agus ní bheidh feidhm ag na pointí sin ach amháin ar feadh cibé tréimhse a raibh cónaí ar an duine sin i gceann de na Stáit sin. |
(g) |
De mhaolú ar Chaibidil IV den AOW, aon duine a raibh cónaí air nó uirthi i Stát eile seachas an Ísiltír agus a bhfuil a chéile nó a céile clúdaithe faoi árachas éigeantach faoin reachtaíocht sin, beidh sé nó sí údaraithe chun árachas saorálach a fháil faoin reachtaíocht sin i gcomhair tréimhsí a bhfuil árachas éigeantach ag an gcéile ina leith. Ní scoirfidh an t-údarú sin i gcás ina bhfoirceanntar árachas éigeantach an chéile de bharr a bháis nó de bharr a báis agus i gcás nach bhfuil pinsean á fháil ag an marthanóir ach faoin Algemenenabestaandenwet (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir leis an dlí ginearálta i leith cleithiúnaithe marthanacha). Ar aon chuma, scoirfidh an t-údarú maidir le hárachas saorálach ar an dáta a slánóidh an duine 65 bliana d’aois. Déanfar an ranníocaíocht a bheidh le híoc ar an árachas saorálach a shocrú i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochta d’árachas saorálach faoin AOW. Más rud é, áfach, go leanann an t-árachas saorálach as tréimhse árachais dá dtagraítear i bpointe 2(b), socrófar an ranníocaíocht i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochta d’árachas éigeantach faoin AOW, agus an t-ioncam atá le cur san áireamh á mheas mar ioncam a fuarthas san Ísiltír. |
(h) |
Ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i bpointe 2(g) d’aon duine atá árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile maidir le pinsin nó maidir le sochair mharthanóir; |
(i) |
Ceanglófar ar aon duine ar mian leis árachas saorálach a bhaint amach faoi phointe 2(g) iarratas a dhéanamh air chuig an mBanc Árachais Shóisialta (Sociale Verzekeringsbank) tráth nach déanaí ná 1 bhliain tar éis an dáta a gcomhlíonfar na coinníollacha rannpháirtíochta. |
3. Cur i bhfeidhm Algemene nabestaandenwet (ANW) (An tAcht Ginearálta ar Ghaolta a Mhaireann)
(a) |
I gcás ina mbeidh an céile marthanach i dteideal pinsin mharthanóra faoin ANW (An tAcht Ginearálta um Ghaolta Marthanacha) de bhun Airteagal SSC.46(3) den Phrótacal seo, déanfar an pinsean sin a ríomh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo. D’fhonn na forálacha sin a chur i bhfeidhm, measfar gur tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na hÍsiltíre freisin iad tréimhsí árachais roimh an 1 Deireadh Fómhair 1959, más rud é, le linn na tréimhsí sin, tar éis aois a 15:
|
(b) |
Ní chuirfear san áireamh tréimhsí atá le cur san áireamh faoi phointe 3(a) agus atá comhthráthach le tréimhsí árachais éigeantaigh a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Stáit eile i leith pinsean marthanóra; |
(c) |
Chun críocha phointe (b) d’Airteagal SCC.47(1) den Phrótacal seo, ní chuirfear san áireamh mar thréimhsí árachais ach tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na hÍsiltíre tar éis aois a 15; |
(d) |
De mhaolú ar Airteagal 63a(1) den ANW, aon duine a bhfuil cónaí air i mBallstát eile seachas an Ísiltír agus a bhfuil a chéile clúdaithe faoi árachas éigeantach faoin ANW, beidh sé údaraithe chun árachas saorálach a fháil faoin AWN, ar choinníoll go mbeidh an t-árachas tosaithe cheana féin faoi dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, ach ní bheidh feidhm aige seo ach amháin maidir le tréimhsí ar ina leith atá árachas éigeantach ag an gcéile; Tiocfaidh deireadh leis an údarú sin an dáta a gcríochnóidh árachas éigeantach an chéile faoin ANW, mura rud é go bhfoirceanntar árachas éigeantach an chéile de bharr a bháis nó de bharr a báis agus i gcás nach mbeidh pinsean á fháil ag an marthanóir ach faoin ANW. Ar aon chuma, scoirfidh an t-údarú maidir le hárachas saorálach ar an dáta a slánóidh an duine 65 bliana d’aois. Déanfar an ranníocaíocht a bheidh le híoc ar an árachas saorálach a shocrú i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d’árachas saorálach faoin ANW. Más rud é, áfach, go leanann an t-árachas saorálach as tréimhse árachais dá dtagraítear i bpointe 2(b), socrófar an ranníocaíocht i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d’árachas éigeantach faoin ANW, agus an t-ioncam atá le cur san áireamh á mheas mar ioncam a fuarthas san Ísiltír. |
4. Cur i bhfeidhm reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le héagumas chun oibre
Agus sochair faoin WAO, nó WIA nó WAZ á ríomh acu, cuirfidh institiúidí na hÍsiltíre an méid seo a leanas san áireamh:
— |
tréimhsí fostaíochta íoctha, agus tréimhsí a ndéileáiltear leo amhlaidh, ar tréimhsí iad a cuireadh isteach san Ísiltír roimh an 1 Iúil 1967, |
— |
tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WAO, |
— |
tréimhsí árachais a chuir an duine lena mbaineann isteach, tar éis dó nó di aois a 15 a shlánú, faoin Algemene Arbeidsongeschiktheidswet (an tAcht Ginearálta um Éagumas chun Oibre), a mhéid nach mbeidh na tréimhsí comhthráthach le tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WAO, |
— |
tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WAZ, |
— |
tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WIA. |
AN SPÁINN
1. |
Chun pointe (1)(b) d'Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo a chur chun feidhme, ní dhéanfar na blianta atá in easnamh ar an oibrí le haghaidh aois an phinsin a bhaint amach nó aois scoir éigeantaigh mar atá leagtha síos faoi Airteagal 31(4) den leagan comhdhlúite den Ley de Clases Pasivas del Estado (An Dlí maidir le Pinsinéirí Stáit) a chur san áireamh mar bhlianta seirbhíse iarbhír ach amháin más rud é go raibh an tairbhí, an tráth ar tharla an teagmhas a bhfuil pinsin éagumais nó pinsin bháis dlite ina leith, cumhdaithe le scéim speisialta na Spáinne do státseirbhísigh nó go raibh gníomhaíocht á feidhmiú aige lena gceanglófaí go mbeadh an duine lena mbaineann áirithe faoi scéim speisialta an Stáit do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha nó don bhreithiúnacht, dá mba rud é gur sa Spáinn a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht. |
2. |
|
3. |
Tréimhsí a cuireadh isteach i Stáit eile a chaithfear a ríomh sa scéim speisialta do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha agus don riarachán breithiúnach, déileálfar leo, chun críocha Airteagal SSC.51 den Phrótacal seo, ar an gcaoi chéanna a dhéileálfar leis na tréimhsí is gaire ó thaobh ama de a raibh cumhdach ann mar státseirbhíseach sa Spáinn. |
4. |
Maidir leis na méideanna atá bunaithe ar aois dá dtagraítear sa Dara Forail Idirthréimhseach den Dlí Ginearálta maidir le Slándáil Shóisialta, beidh siad sin infheidhme maidir le gach tairbhí faoin bPrótacal seo a bhfuil ranníocaíochtaí faoina n-ainmneacha faoi reachtaíocht na Spáinne roimh an 1 Eanáir 1967; ní fhéadfar, trí Airteagal SSC.6 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm, chun críocha an Phrótacail seo amháin, déileáil le tréimhsí árachais a creidiúnaíodh i Stát eile roimh an 1 Eanáir 1967 mar ranníocaí arna n-íoc sa Spáinn. Is é an dáta a fhreagróidh don 1 Eanáir 1967 ná an 1 Lúnasa 1970 le haghaidh na Scéime Speisialta do Mharaithe agus an 1 Aibreán 1969 le haghaidh na Scéime Slándála Sóisialta Speisialta do Ghualmhianadóireacht. |
AN tSUALAINN
1. |
Maidir leis na forálacha den Phrótacal seo a bhaineann le comhiomlánú tréimhsí árachais agus tréimhsí cónaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le forálacha idirthréimhseacha reachtaíocht na Sualainne maidir le teidlíocht don phinsean ráthaíochta do dhaoine a saolaíodh in 1937 nó roimhe sin agus a raibh cónaí orthu sa tSualainn ar feadh tréimhse sonraithe roimh iarratas a dhéanamh ar phinsean (Acht 2000:798). |
2. |
Chun ioncam a ríomh do chúiteamh breoiteachta barúlach agus ioncam-bhainteach agus do chúiteamh ar ghníomhaíochtaí ioncam-bhainteacha i gcomhréir le Caibidil 8, mír 6 den Lag (1962:381) om allmän försäkring (An tAcht um Árachas Náisiúnta), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
3. |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE
1. |
Más rud é, i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, go bhféadfadh sé go bhfuil duine i dteideal pinsin scoir más rud é:
|
2. |
Chun críocha Airteagal SSC.8 den Phrótacal seo i gcás sochar airgid thirim i leith seanaoise nó marthanóirí, i gcás pinsean le haghaidh tionóiscí ag an obair nó galair cheirde, agus i gcás deontais bháis, measfar aon tairbhí faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe atá ag fanacht i gcríoch Stáit eile, measfar ina leith, i rith na tréimhse fanachta sin, go raibh cónaí air i gcríoch an Stáit eile sin. |
3. |
|
IARSCRÍBHINN SSC-7
CUID CUR CHUN FEIDHME
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL 1
Airteagal SSCI.1
Sainmhínithe
1. |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal SSC.1 den Phrótacal seo. |
2. |
De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1:
|
CAIBIDIL 2
FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR AGUS MALARTUITHE SONRAÍ
Airteagal SSCI.2
Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin
1. |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh na malairtí idir údaráis na Stát agus institiúidí agus daoine a chuimsítear sa Phrótacal seo bunaithe ar phrionsabail na seirbhíse poiblí, na héifeachtúlachta, an chúnaimh ghníomhaigh, an tseachadta mhear agus na rochtana tapa, lena n-áirítear rochtain leictreonach, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta. |
2. |
Soláthróidh nó malartóidh na hinstitiúidí, gan mhoill, na sonraí uile is gá chun cearta agus oibleagáidí na ndaoine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leo a shuíomh agus a chinneadh. Déanfaidh na hinstitiúidí na sonraí a aistriú idir na Stáit, go díreach iad féin nó go hindíreach trí na comhlachtaí idirchaidrimh. |
3. |
I gcás ina ndéanfaidh duine, trí dhearmad, faisnéis, doiciméid nó éilimh a chur faoi bhráid institiúide i gcríoch Stáit seachas an ceann ina bhfuil an institiúid, arna hainmniú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, suite, déanfaidh an chéad institiúid, láithreach, an fhaisnéis, na doiciméid nó na héilimh a chur athuair faoi bhráid na hinstitiúide arna hainmniú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, ag sonrú di an dáta ar cuireadh faoina bráid i dtosach iad. Beidh an dáta sin ceangailteach ar an institiúid dheireanach a luadh. Ní féidir dliteanas a chur ar institiúidí na Stát ná ní mheasfar go ndearna siad cinneadh trí mhainneachtain gníomhú, de bhua moill a bhí ar institiúidí na Stát eile faisnéis, doiciméid nó éilimh a tharchur. |
4. |
I gcás ina ndéanfar na sonraí a aistriú go hindíreach trí chomhlacht idirchaidrimh an Stáit cinn scríbe, is ón dáta a fuair an comhlacht idirchaidrimh sin an t-éileamh a thosóidh na teorainneacha ama maidir le freagairt a thabhairt ar éilimh, amhail is dá mba rud é gurbh í an institiúid sa Stát sin a fuair é. |
Airteagal SSCI.3
Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitiúidí agus rialacha maidir leo
1. |
Áiritheoidh na Stáit go gcuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil do na daoine lena mbaineann d'fhonn iad a chur ar an eolas faoi na forálacha a thugtar isteach leis an bPrótacal seo agus leis an Iarscríbhinn seo chun a chumasú dóibh a gcearta a dhearbhú . Déanfaidh siad foráil freisin maidir le seirbhísí soláimhsithe a chur ar fáil. |
2. |
Maidir leis na daoine a mbeidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir leo, ceanglófar orthu an fhaisnéis, na doiciméid nó an fhianaise thacaíochta is gá a chur faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha lena staid féin nó staid a dteaghlaigh a shuíomh, lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a shuíomh nó a choimeád ar bun agus leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na hoibleagáidí atá orthu fúithi a chinneadh. |
3. |
A mhéid is gá chun an Prótacal seo agus an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha an fhianaise faoi bhráid na n-institiúidí ábhartha agus eiseoidh siad na doiciméid chuig na daoine lena mbaineann gan mhoill agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe faoi reachtaíocht an Stáit lena mbaineann.
Tabharfaidh an institiúid ábhartha fógra faoina cinneadh don éilitheoir a bhfuil cónaí air nó atá ag fanacht i Stát eile, go díreach nó trí chomhlacht idirchaidrimh Stát an chónaithe nó an fhanachta. Nuair a bheidh na sochair á ndiúltú, léireoidh sí freisin na cúiseanna a bhí leis an diúltú, na réitigh agus na tréimhsí a cheadaítear le haghaidh achomhairc. Seolfar cóip den chinneadh sin chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. |
Airteagal SSCI.4
Foirmeacha, doiciméid agus modhanna malartaithe sonraí
1. |
Faoi réir Airteagal SSCI.75 agus Foscríbhinn SSCI-2, comhaontóidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta struchtúr, inneachar agus formáid na bhfoirmeacha agus na ndoiciméad arna n-eisiúint thar ceann na Stát chun an Prótacal seo a chur chun feidhme. |
2. |
Féadfar tarchur sonraí idir na hinstitiúidí nó na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi réir fhormheas an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta, a dhéanamh trí mhalartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta. Sa mhéid go malartófar na foirmeacha agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 trí mhalartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta, urramóidh siad na rialacha is infheidhme maidir leis an gcóras sin.
I gcás nach ndéantar an tarchur sonraí idir institiúidí nó idir na comhlachtaí idirchaidrimh trí mhalartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta, bainfidh na hinstitiúidí ábhartha agus na comhlachtaí idirchaidrimh úsáid as na socruithe is iomchuí do gach cás, agus tabharfaidh siad tús áite, a mhéid is féidir, d’úsáid meán leictreonach. |
3. |
Ina gcumarsáid leis na daoine lena mbaineann, úsáidfidh na hinstitiúidí ábhartha na socruithe is iomchuí do gach cás agus tabharfaidh siad tús áite, a oiread agus is féidir, d’úsáid meán leictreonach. |
Airteagal SSCI.5
Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i Stát eile
1. |
Doiciméid a eisíonn institiúid Stáit agus ina dtaispeántar staid an duine ó thaobh chur i bhfeidhm an Phrótacail seo agus Iarscríbhinn seo, agus fianaise thacaíochta ar eisíodh na doiciméid ar a bonn, glacfaidh institiúidí na Stát eile leo fad is nach ndearna Stát a n-eisithe iad a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí. |
2. |
I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, iarrfaidh institiúid an Stáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisitheach agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar an doiciméad. Déanfaidh an institiúid eisitheach athbhreithniú ar na forais chun an doiciméad a eisiúint agus, más gá, é a tharraingt siar. |
3. |
De bhun mhír 2, i gcás ina mbeidh amhras faoin bhfaisnéis a sholáthair na daoine lena mbaineann, faoi bhailíocht doiciméid nó faoin bhfianaise thacaíochta, nó faoi chruinneas na bhfíricí a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, déanfaidh insitiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe, a mhéid is féidir, arna iarraidh sin don insitiúid inniúil, an fíorú is gá ar an bhfaisnéis sin nó ar an doiciméad sin. |
4. |
I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a thabhairt os comhair an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta ar chuir an institiúid a fuair an doiciméad a hiarraidh isteach. Féachfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta le réiteach a fháil idir na tuairimí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair. |
Airteagal SSCI.6
Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo, i gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis dhá Stát nó níos mó maidir le cinneadh ar an reachtaíocht is infheidhme, déanfar an duine lena mbaineann a chur go sealadach faoi réir reachtaíochta ceann de na Stáit seo a leanas, agus an t-ord tosaíochta á chinneadh mar a leanas:
|
2. |
I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis inniúla dhá Stát nó níos mó maidir le cibé institiúid ba chóir na sochair comhchineáil nó na sochair airgid a sholáthar, beidh an duine lena mbaineann a d’fhéadfadh sochair a éileamh mura raibh aon díospóid ann, ar bhonn sealadach, i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann institiúid a áite cónaithe i bhfeidhm nó, mura bhfuil cónaí ar an duine sin ar chríoch de cheann de na Stáit lena mbaineann, beidh sé i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann an institiúid i bhfeidhm arb í an institiúid í a cuireadh an iarraidh faoina bráid i dtosach. |
3. |
I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí nó idir na húdaráis lena mbaineann, féadfaidh Páirtí an cheist a thabhairt os comhair an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta inar tharla an éagsúlacht dearcaí dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair. |
4. |
I gcás ina suífear nach í reachtaíocht Stát na ballraíochta sealadaí an reachtaíocht is infheidhme nó nárbh í an institiúid a dheonaigh na sochair ar bhonn sealadach an institiúid inniúil, measfar go mbeidh an institiúid a aithníodh mar institiúid inniúil amhlaidh go haisghníomhach amhail is nach raibh an éagsúlacht dearcaí seo ann, ar a dheireanaí, ó dháta na ballraíochta sealadaí nó ó dháta chéad dheonú sealadach na sochar lena mbaineann. |
5. |
Más gá, déanfaidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil agus an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach nó a fuair ranníocaíochtaí go sealadach staid airgeadais an duine lena mbaineann a shocrú maidir le ranníocaíochtaí agus sochair airgid a íocadh go sealadach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2, den Iarscríbhinn seo.
Na sochair chomhchineáil a dheonaigh institiúid go sealadach i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid inniúil iad a aisíoc i gcomhréir le Teideal IV den Iarscríbhinn seo. |
Airteagal SSCI.7
Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo, i gcás ina mbeidh duine i dteideal sochar nó i gcás ina ndlífidh duine ranníocaíochtaí a íoc i gcomhréir leis an bPrótacal, agus nach bhfuil an fhaisnéis go léir is gá ag an institiúid inniúil maidir leis an staid i Stát eile chun méid an tsochair sin nó na ranníocaíochta sin a ríomh go críochnaitheach, tabharfaidh an institiúid an sochar sin arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó ríomhfaidh sí an ranníocaíocht sin ar bhonn sealadach más féidir an ríomh sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ag an institiúid sin. |
2. |
Déanfar an sochar nó an ranníocaíocht lena mbaineann a athríomh a luaithe a dhéanfar an fhianaise thacaíochta nó na doiciméid tacaíochta uile is gá a sholáthar don institiúid lena mbaineann. |
CAIBIDIL 3
FORÁLACHA GINEARÁLTA EILE MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM AN PHRÓTACAIL
Airteagal SSCI.8
Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí
1. |
Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, nó a n-údaráis inniúla, comhaontú ar nósanna imeachta eile seachas na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Iarscríbhinn seo, ar chuntar nach rachaidh na nósanna imeachta sin chun dochair do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann. |
2. |
Tabharfar fógra faoi aon chomhaontú a thabharfar i gcrích chun na críche sin don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta agus a liostaítear in bhFoscríbhinn SSCI-1. |
3. |
Forálacha atá i gcomhaontuithe cur chun feidhme arna dtabhairt i gcrích idir dhá Stát nó níos mó ag a bhfuil an cuspóir céanna leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, nó atá cosúil leo siúd dá dtagraítear i mír 2 , agus a bheidh i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu, chun críocha caidrimh idir na Stáit sin, ar chuntar go n-áirítear iad freisin i bhFoscríbhinn SSCI-1 a ghabhann leis an bPrótacal seo. |
Airteagal SSCI.9
Forluí sochar a chosc
D’ainneoin forálacha eile sa Phrótacal seo, nuair a dhéanfar sochair atá dlite faoi reachtaíocht dhá Stát nó níos mó a laghdú, a fhionraí nó a tharraingt siar go frithpháirteach, aon suimeanna nach n-íocfaí i gcás chur i bhfeidhm dian na rialacha a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar arna leagan síos le reachtaíocht an Stáit lena mbaineann, déanfar iad a roinnt ar líon na sochar a chuirtear faoi réir laghdú, fionraí nó tarraingt siar.
Airteagal SSCI.10
Eilimintí chun cónaí a chinneadh
1. |
I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí dhá Stát nó níos mó maidir le háit chónaithe duine a chinneadh a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, suífidh na hinstitiúidí sin de thoil a chéile lárionad leasa an duine lena mbaineann, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar fáil a bhfuil baint aici le fíorais ábhartha, a fhéadfaidh na nithe seo a leanas a áireamh, de réir mar is iomchuí:
|
2. |
I gcás nach dtiocfaidh comhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann as breithniú na gcritéar éagsúil bunaithe ar na fíricí ábhartha a leagtar amach i mír 1, an méid a chuir an duine in iúl a bheith ar intinn aige, faoi mar a dhealraíonn sé ó fhíricí agus ó imthosca den sórt sin, go háirithe na cúiseanna lenar tugadh ar an duine bogadh, measfar go mbeidh sé cinntitheach chun áit chónaithe iarbhír an duine sin a shuíomh. |
3. |
Ní mheasfar gur sa stát staidéir an lárionad leasa de mhac léinn a théann go stát eile chun cúrsa staidéir lánaimseartha a shaothrú, ní mheasfar gur sa stát sin an lárionad leasa ar feadh thréimhse an chúrsa staidéir sa stát sin, é sin gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaí an toimhde sin a fhrisnéis. |
4. |
Tá feidhm ag mír 3 mutatis mutandis le baill teaghlaigh an mhic léinn. |
Airteagal SSCI.11
Comhiomlánú tréimhsí
1. |
Chun críocha Airteagal SSC.7 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm , rachaidh an institiúid inniúil i dteagmháil le hinstitiúidí na Stát a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta freisin d’fhonn na tréimhsí go léir a cuireadh isteach faoina reachtaíocht a chinneadh. |
2. |
Déanfar na tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe faoi seach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Stáit a chur leis na tréimhsí a comhlánaíodh faoi reachtaíocht aon Stáit eile, a mhéad is gá chun Airteagal SSC.7 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm, ar chuntar nach bhforluífidh na tréimhsí sin. |
3. |
I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó cónaithe a cuireadh isteach i gcomhréir le hárachas éigeantach faoi reachtaíocht Stáit le tréimhse árachais a cuireadh isteach ar bhonn árachais shaorálaigh nó árachais leanúnaigh roghnaigh faoi reachtaíocht Stáit eile, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse a cuireadh isteach ar bhonn árachais éigeantaigh. |
4. |
I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó chónaithe seachas tréimhse choibhéiseach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Stáit agus tréimhse choibhéiseach ar bhonn reachtaíochta Stáit eile, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse nach tréimhse choibhéiseach í. |
5. |
Aon tréimhse a mheastar a bheith coibhéiseach faoi reachtaíocht dhá Stát nó níos mó, is í institiúid an Stáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta go héigeantach roimh an tréimhse sin, agus an institiúid sin amháin, a chuirfidh san áireamh í. I gcás nach raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Stáit go héigeantach roimh an tréimhse sin, déanfaidh institiúid an Stáit a raibh an duine lena mbaineann faoina réir go héigeantach den chéad uair tar éis na tréimhse sin an tréimhse sin a chur san áireamh. |
6. |
I gcás nach bhféadfar tráth tréimhsí áirithe árachais nó cónaithe a chur isteach faoi reachtaíocht Stáit a chinneadh go beacht, toimhdeofar nach bhforluíonn na tréimhsí sin le tréimhsí árachais nó cónaithe a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Stáit eile, agus cuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir aird a thabhairt orthu go réasúnta i gcás ina mbeidh buntáiste le breith as sin don duine lena mbaineann. |
Airteagal SSCI.12
Rialacha maidir le comhshó tréimhsí
1. |
I gcás ina ndéanfar tréimhsí a comhlánaíodh faoi reachtaíocht Stáit a shloinneadh in aonaid nach ionann iad agus na haonaid dá bhforáiltear le reachtaíocht Stáit eile, déanfar an comhshó is gá chun críche an chomhiomlánaithe faoi Airteagal SSC.7 den Phrótacal seo a chur i gcrích faoi na rialacha seo a leanas:
|
2. |
Ní bheidh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 go mbeidh líon iomlán, do mhéid iomlán na dtréimhsí a cuireadh isteach in imeacht aon bhliana féilire amháin, is mó ná líon na laethanta a léirítear sa cholún deireanach atá sa tábla atá i bpointe (b) de mhír 1, 52 sheachtain, 12 mhí nó ceithre ráithe.
Más ionann na tréimhsí a bheidh le comhshó agus uaslíon iomlán bliantúil na dtréimhsí faoi reachtaíocht an Stáit inar cuireadh isteach iad, ní bheidh tréimhsí, laistigh d’aon bhliain féilire amháin, ar giorra iad ná uaslíon féideartha bliantúil na dtréimhsí a bhforáiltear dóibh faoin reachtaíocht lena mbaineann, de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1. |
3. |
Déanfar an comhshó mar oibriú aonair amháin lena gcumhdófar na tréimhsí uile sin a cuireadh i bhfios mar chomhiomlán, nó déanfar le haghaidh gach bliana é, más ar bhonn bliain-ar-bhliain a cuireadh na tréimhsí i bhfios. |
4. |
I gcás ina gcuireann institiúid tréimhsí in iúl agus iad á sloinneadh i laethanta, léireoidh sí an tráth céanna más bunaithe ar chúig lá, ar shé lá nó ar sheacht lá atá an scéim atá á riar aici. |
TEIDEAL II
AN REACHTAÍOCHT IS INFHEIDHME A CHINNEADH
Airteagal SSCI.13
Sonraí a bhaineann le hAirteagail SSC.11 agus SSC.12 den Phrótacal seo
1. |
Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (a) d’Airteagal SSC.11(1), áireofar ar ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe i Stát d’fhostóir a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin agus a sheolann an fostóir sin chuig Stát eile‘duine a earcaítear d’fhonn é a chur chuig Stát eile, ar choinníoll go mbeidh an duine lena mbaineann, díreach roimh thosach fhostaíocht an duine sin, faoi réir reachtaíocht an Stáit ina bhfuil a bhfostóir bunaithe cheana féin. |
2. |
Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (a) d’Airteagal SSC.11(1) den Phrótacal seo, tagraíonn na focail ‘gurb ann is iondúil a dhéanann sé a ghníomhaíochtaí’, d’fhostóir ar gnách dó gabháil do ghníomhaíochtaí substaintiúla, seachas do ghníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí inmheánacha bainistíochta, i gcríoch an Stáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe, ag cur san áireamh na critéir go léir arb iad saintréithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas lena mbaineann sé. Caithfidh na critéir ábhartha a bheith oiriúnach do shaintréithe sonracha gach fostóra agus d’fhíorchineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar. |
3. |
Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (b) d’Airteagal SSC.11(1) den Phrótacal seo, tagraíonn na focail ‘gur mar dhuine féinfhostaithe is iondúil a ghabhann sé de ghníomhaíocht’, do dhuine ar gnách dó gníomhaíochtaí substaintiúla a dhéanamh i gcríoch an Stáit ina bhfuil an duine sin bunaithe. Go háirithe, caithfidh an duine sin a bheith ag gabháil don ghníomhaíocht sin ar feadh tréimhse roimh an dáta ar mian leis buntáiste a bhaint as forálacha an Airteagail sin, agus le linn aon tréimhse gníomhaíochta sealadaí i mBallstát eile, ní mór dó leanúint de na ceanglais maidir le gabháil dá ghníomhaíocht a chomhlíonadh sa Stát ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeidh sé in ann í a shaothrú ar fhilleadh dó. |
4. |
Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (b) d’Airteagal SSC.11(1) den Phrótacal seo, is é cineál iarbhír na gníomhaíochta an critéar lena gcinnfear an bhfuil an ghníomhaíocht a dtéann an duine féinfhostaithe ag gabháil de i Stát eile ‘de shamhail’ na gníomhaíochta fostaíochta a dhéantar de ghnáth, seachas an tuairisc mar ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta a fhéadfaidh an Stát eile a thabhairt ar an ngníomhaíocht sin. |
5. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.12(1) agus (5) den Phrótacal seo, déanfaidh duine ‘a shaothraíonn de ghnáth gníomhaíocht mar dhuine fostaithe’ i ‘mBallstát amháin nó níos mó agus sa Ríocht Aontaithe’, nó in ‘dhá Bhallstát nó níos mó’ faoi seach, tagairt do dhuine a fheidhmíonn gníomhaíocht leithleach amháin nó níos mó go comhuaineach, nó go malartach, thar ceann an ghnóthais nó an fhostóra chéanna nó do ghnóthais nó fostóirí éagsúla sna Stáit sin. |
6. |
Chun críocha Airteagal SSC.12(1) agus (5) den Phrótacal seo, maidir le ball fostaithe den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a ghabhann de ghnáth do sheirbhísí aerphaisinéirí nó lastais in dhá Stát nó níos mó, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Stáit ina bhfuil an bhunáit, mar atá sainmhínithe in Airteagal SSC.1 den Phrótacal seo, suite. |
7. |
Tabharfar neamhaird ar ghníomhaíochtaí imeallacha chun críocha an reachtaíocht is infheidhme faoi Airteagal SSC.12 den Phrótacal seo a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal SSCI.15 le gach cás faoin Airteagal seo. |
8. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.12(2) agus (6) den Phrótacal seo, déanfaidh duine ‘a shaothraíonn de ghnáth gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe’‘i mBallstát amháin nó níos mó agus sa Ríocht Aontaithe’, nó ‘in dhá Bhallstát nó níos mó’ faoi seach, tagairt, go háirithe, do dhuine a shaothraíonn gníomhaíocht leithleach fhéinfhostaithe amháin nó níos mó, go comhuaineach nó go malartach, sna Stáit sin, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin. |
9. |
Chun idirdhealú a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí faoi mhíreanna 5 agus 8 den Airteagal seo agus na staideanna a shainítear in Airteagal SSC.11(1) den Phrótacal seo, gné chinntitheach a bheidh i ré na gníomhaíochta (bíodh sí de chineál buan, ad hoc nó sealadach) i Stát eile amháin nó níos mó. Chun na gcríoch seo, déanfar measúnú foriomlán ar na fíorais ábhartha uile, lena n-áirítear go háirithe, i ndáil le duine fostaithe, an t-ionad oibre mar a shainmhínítear sa chonradh oibre é. |
10. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.12(1) (2), (5) agus (6) den Phrótacal seo, ciallóidh ‘cuid shubstaintiúil de ghníomhaíocht fostaíochta nó fhéinfhostaithe’ a shaothraítear i Stát cuid shubstaintiúil ó thaobh cainníochta de ghníomhaíochtaí uile an duine fhostaithe nó fhéinfhostaithe a bhí á saothrú ann, ach ní gá gurb é sin an chuid is mó de na gníomhaíochtaí sin. |
11. |
Chun go gcinnfear an i Stát atá cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí á saothrú, cuirfear na critéir tháscacha seo a leanas san áireamh:
I réim measúnaithe foriomláin, léireoidh cion níos lú ná 25 % de na critéir a luaitear thuas go bhfuil cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí nach bhfuil á saothrú sa Stát ábhartha. |
12. |
Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (b) d’Airteagal SSC.12(2) den Phrótacal seo, déanfar ‘lárionad leasa’ ghníomhaíochtaí duine fhéinfhostaithe a chinneadh trí gach gné de ghníomhaíochtaí ceirde an duine sin a chur san áireamh, ach go háirithe an áit a bhfuil áit sheasta bhuan ghnó an duine lonnaithe, cineál gnáthach nó ré na ngníomhaíochtaí arna saothrú, líon na seirbhísí a rinneadh, agus a bhfuil ar intinn ag an duine, mar is follas ó na himthosca go léir. |
13. |
Chun an reachtaíocht is infheidhme faoi mhíreanna 10, 11 agus 12 a chinneadh, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann san áireamh an staid a thoimhdeofar a bheith ann sna 12 mhí féilire ina dhiaidh sin. |
14. |
Má shaothraíonn duine a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Stát nó níos mó thar ceann fostóra atá bunaithe lasmuigh de chríoch na Stát, agus má tá cónaí ar an duine seo i Stát gan gníomhaíocht shubstaintiúil a shaothrú ann, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Stáit chónaithe. |
Airteagal SSCI.14
Nósanna imeachta maidir le pointí (b) d'Airteagal SSC.10(3), Airteagal SSC.10(4) agus Airteagal SSC.11 den Phrótacal seo (maidir le faisnéis a sholáthar do na hinstitiúidí lena mbaineann) a chur i bhfeidhm
1. |
Mura bhforáiltear a mhalairt le hAirteagal SSCI.15 den Iarscríbhinn seo, i gcás ina saothraíonn duine a ghníomhaíocht lasmuigh den Stát inniúil, déanfaidh an fostóir, nó i gcás duine nach saothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, an duine lena mbaineann, institiúid inniúil an Stáit arb í a reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas faoi sin, roimh ré aon uair is féidir é. Eiseoidh an institiúid sin an fianú dá dtagraítear in Airteagal SSCI.16(2) den Iarscríbhinn seo don duine lena mbaineann agus cuirfidh sí faisnéis gan mhoill maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine sin, de bhun phointe (b) d’Airteagal SSC.10 (3) nó Airteagal SSC.11 den Phrótacal seo, ar fáil don institiúid arna hainmniú ag údarás na gníomhaíochta inniúla sa Stát. |
2. |
Fostóir de réir bhrí Airteagal SSC.10(4) den Phrótacal seo a bhfuil fostaí aige ar bord soithigh a bhfuil bratach Stáit eile ar foluain aige, cuirfidh sé ar an eolas institiúid inniúil an Stáit a bhfuil a reachtaíocht infheidhme maidir leis an méid sin roimh ré aon uair is féidir. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Stáit arb é a bhratach atá ar foluain ar an soitheach ar a gcleachtfaidh an fostaí an ghníomhaíocht, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann de bhun Airteagal SSC.10(4) den Phrótacal seo. |
Airteagal SSCI.15
Nós imeachta chun Airteagal SSC.12 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm
1. |
Duine a shaothraíonn gníomhaíochtaí in dhá Stát nó níos mó nó i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal SSC.12(5) nó (6), cuirfidh sé institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Stáit chónaithe ar an eolas faoin méid sin. |
2. |
Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe gan mhoill an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d’Airteagal SSC.12 den Phrótacal seo agus d’Airteagal SSCI.13 den Iarscríbhinn seo. Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh tosaigh sin. Cuirfidh an institiúid a cinneadh sealadach in iúl d’institiúidí gach Stáit ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú. |
3. |
Cinneadh sealadach na reachtaíochta is infheidhme, mar a fhoráiltear dó i mír 2, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfear na hinstitiúidí arna n-ainmniú ag údaráis inniúla an Stáit/na Stát lena mbaineann ar an eolas maidir leis, i gcomhréir le mír 2, mura rud é gur cinneadh an reachtaíocht go críochnaitheach roimhe sin ar bhonn mhír 4, nó mura dtabharfaidh ar a laghad ceann amháin de na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don institiúid arna hainmniú ag institiúid inniúil an Stáit chónaithe faoi dheireadh na tréimhse dhá mhí seo nach féidir léi glacadh fós leis an gcinneadh, nó nach é an tuairim chéanna atá aici ina thaobh. |
4. |
I gcás inar gá teagmháil idir institiúidí nó údaráis dhá Stát nó níos mó de bharr éiginnteachta maidir le cinneadh na reachtaíochta is infheidhme, arna iarraidh sin d’institiúid amháin nó níos mó arna n-ainmniú ag údaráis inniúla an Stáit nó na Stát lena mbaineann, nó de chuid na n-údarás inniúil iad féin, déanfar an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann a chinneadh trí chomhaontú comhchoiteann, ag féachaint d’Airteagal SSC.12 den Phrótacal seo agus d’fhorálacha ábhartha Airteagal SSCI.13 den Iarscríbhinn seo.
I gcás ina mbeidh easaontas ann idir na hinstitiúidí nó na húdaráis inniúla lena mbaineann, lorgóidh na comhlachtaí sin comhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach thuas agus beidh feidhm ag Airteagal SSCI.6 den Iarscríbhinn seo. |
5. |
Institiúid inniúil an Stáit a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go críochnaitheach, cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill. |
6. |
Má mhainníonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar thionscnamh na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil an Stáit cónaithe ar an duine sin, a luaithe a chuirfear staid an duine sin in iúl di, rud a d’fhéadfadh institiúid eile lena mbaineann a dhéanamh. |
Airteagal SSCI.16
Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d’fhostóirí
1. |
Institiúid inniúil an Stáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme de bhun Theideal II den Phrótacal seo, cuirfidh sí an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, a fhostóir nó a bhfostóirí ar an eolas faoi na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht sin. Cuirfidh sí ar fáil dóibh an chabhair is gá chun na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh. |
2. |
Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó don fhostóir, déanfaidh institiúid inniúil an Stáit a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de bhun forála de chuid Theideal II den Phrótacal seo fianú a chur ar fáil á rá go bhfuil an reachtaíocht sin infheidhme agus sonróidh sí, i gcás inarb iomchuí, dáta deireanach agus coinníollacha na hinfheidhmeachta. |
Airteagal SSCI.17
Comhar idir institiúidí
1. |
Cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha in iúl d'institiúid inniúil an Stáit a bhfuil a reachtaíocht infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den Phrótacal seo an fhaisnéis is gá chun an dáta a bhunú a dtiocfaidh an reachtaíocht sin chun bheith infheidhme agus chun na ranníocaíochtaí a dhlífidh an duine sin agus a fhostóir nó a fhostaithe a íoc faoin reachtaíocht sin a shuíomh. |
2. |
Institiúid inniúil an Stáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den Phrótacal seo, cuirfidh sí an fhaisnéis lena sonraítear an dáta a ngabhfaidh éifeacht le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin ar fáil don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Stáit is deireanaí a raibh an duine sin faoi réir a reachtaíochta. |
Airteagal SSCI.18
Comhar i gcás amhras faoi bhailíocht na ndoiciméad eisithe sin a bhaineann leis an reachtaíocht is infheidhme
1. |
I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid ina dtaispeántar staid an duine chun críocha na reachtaíochta is infheidhme nó faoi chruinneas na bhfíoras ar a bhfuil an doiciméad bunaithe, iarrfaidh institiúid an Stáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisiúna agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar nó go gceartófaí an doiciméad sin. Tabharfaidh an institiúid iarrthach bunús na hiarrata agus cuirfidh sí ar fáil pé doiciméadacht tacaíochta ábhartha ba chúis leis an iarraidh. |
2. |
Ar iarraidh den saghas sin a fháil di, athbhreithneoidh an institiúid eisiúna na forais faoinar eisíodh an doiciméad agus, i gcás ina n-aimseofar earráid, tarraingeoidh sí siar an doiciméad nó ceartóidh sí é laistigh de 30 lá oibre tar éis di an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht aisghníomhach ag an tarraingt siar nó ag an gceartú. Mar sin féin, i gcásanna ina bhfuil baol ann go mbeidh toradh díréireach ann, agus go háirithe, go gcaillfear an stádas mar dhuine árachaithe don tréimhse ábhartha iomlán nó do chuid den tréimhse ábhartha sa Stát nó sna Stáit lena mbaineann, measfaidh na Stáit socrú níos comhréirí sa chás sin. Nuair a cheadóidh an fhianaise atá ar fáil don institiúid eisiúna a chinneadh go ndearna iarratasóir an doiciméid calaois, tarraingeoidh sí siar nó ceartóidh sí an doiciméad gan mhoill agus le héifeacht chúlghabhálach. |
TEIDEAL III
FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS NA hAICIMÍ ÉAGSÚLA SOCHAR
CAIBIDIL 1
SOCHAIR BHREOITEACHTA, SOCHAIR MHÁITHREACHAIS AGUS SOCHAIR ATHARTHACHTA CHOIBHÉISEACHA
Airteagal SSCI.19
Forálacha ginearálta cur chun feidhme
1. |
Áiritheoidh na húdaráis inniúla nó na hinstitiúidí inniúla go ndéanfar aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil do dhaoine árachaithe faoi na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha maidir le deonú sochar comhchineáil i gcás ina bhfaightear na sochair sin ar chríoch Stáit seachas críoch na hinstitiúide inniúla. |
2. |
D’ainneoin phointe (a) d’Airteagal SSC.6 den Phrótacal seo, féadfaidh Stát teacht chun bheith freagrach as costas sochar i gcomhréir le hAirteagal SSC.20 den Phrótacal seo más rud é, go bhfuil éileamh ar phinsean déanta ag an duine árachaithe faoi reachtaíocht an Stáit sin, nó i gcomhréir le hAirteagail SSC.21 go SCC.27 den Phrótacal seo de chuid an Stáit sin. |
Airteagal SSCI.20
An córas a bheidh ann i gcás níos mó ná socrú amháin a bheith ann sa Stát cónaithe nó fanachta
Má chuimsíonn reachtaíocht an Stáit chónaithe nó fanachta níos mó ná an t-aon scéim árachais bhreoiteachta, máithreachais agus atharthachta amháin le haghaidh níos mó ná catagóir amháin de dhaoine árachaithe, is iad na forálacha a bheidh infheidhme faoi Airteagail SSC. 15, SSC.17(1), SSC.18, SSC.20, SSC.22 agus SSC.24 den Phrótacal seo na cinn sin ón reachtaíocht maidir leis an scéim ghinearálta le haghaidh daoine fostaithe.
Airteagal SSCI.21
Cónaí i Stát seachas an Stát inniúil
Nós imeachta agus raon feidhme cirt
1. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.15 den Phrótacal seo, beidh d’oibleagáid ar an duine árachaithe nó ar dhaoine dá theaghlach clárú go pras le hinstitiúid na háite cónaithe. Deimhneofar a gceart chun sochar comhchineáil sa Stát cónaithe le doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil, arna iarraidh sin don duine árachaithe nó arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe. |
2. |
Leanfaidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 de bheith bailí go dtí go dtabharfaidh an institiúid inniúil fógra d’insitiúid na háite cónaithe maidir lena chur ar ceal. Cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas maidir le haon chlárú faoi mhír 1 agus maidir le haon athrú ar an gclárú sin nó maidir lena chur ar ceal. |
3. |
Tá feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagail SSC.20, SSC.22, SSC.23 agus SSC.24 den Phrótacal seo. |
Aisíocaíocht
4. |
I gcás duine nó daoine de theaghlach an duine sin:
féadfaidh an duine sin nó baill de theaghlach an duine sin iarratas a dhéanamh chuig institiúid an Stáit chónaithe ar aisíocaíocht (go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a bheidh) na táille sláinte a íocadh. |
5. |
I gcás ina ndéanfar éileamh i gcomhréir le mír 1, cinnfidh institiúid an Stáit chónaithe an t-éileamh sin laistigh de thrí mhí féilire, ag tosú ar an lá a bhfuarthas an t-éileamh, agus déanfaidh sí aon aisíocaíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo. |
6. |
I gcás inar lú tréimhse bailíochta an doiciméid dá dtagraítear i mír 1 ná an tréimhse ama ar íocadh an táille sláinte ina leith, ní bheidh an méid a aisíoctar níos mó ná an chuid sin den táille sláinte a fhreagraíonn don tréimhse ar eisíodh an doiciméad ina leith. |
7. |
I gcás inar íoc duine eile an táille sláinte thar ceann duine a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo ina leith, féadfar aisíocaíocht a thabhairt don duine eile sin. |
Airteagal SSCI.22
Fanacht i Stát seachas an Stát inniúil
Nós imeachta agus raon feidhme cirt
1. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.17 den Phrótacal seo, tíolacfaidh an duine árachaithe doiciméad teidlíochta don soláthraí cúraim sláinte sa Stát ina bhfanann sé, arna eisiúint ag an institiúid inniúil ina léirítear a theidlíocht chun sochar comhchineáil. Mura mbeidh doiciméad den sórt sin ag an duine árachaithe, rachaidh institiúid na háite fanachta, ar iarraidh nó más gá ar shlí eile, i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun doiciméad den sórt sin a fháil. |
2. |
Léireofar sa doiciméad sin go bhfuil an duine árachaithe i dteideal sochar comhchineáil faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal SSC.17 den Phrótacal seo ar na téarmaí céanna leis na téarmaí is infheidhme maidir le daoine atá árachaithe faoi reachtaíocht an Stáit fanachta, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais atá in Aguisín SSCI.2. |
3. |
Tagróidh na sochair chomhchineáil dá dtagraítear in Airteagal SSC.17(1) den Phrótacal seo do na sochair chomhchineáil a sholáthraítear sa Stát fanachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Stáit sin, agus a thagann chun bheith riachtanach ar fhorais liachta d’fhonn nach gceanglófaí ar an duine árachaithe filleadh ar an Stát inniúil, roimh dheireadh na ré pleanáilte fanachta, chun an chóireáil is gá a fháil. |
Nós imeachta agus socruithe chun na costais a sheasamh agus chun aisíocaíocht sochar comhchineáil a sholáthar
4. |
Más ea gur iompair an duine árachaithe costais na sochar comhchineáil uile a soláthraíodh faoi chuimsiú Airteagal SSC.17 den Phrótacal seo nó costais coda díobh, agus má chumasaítear le reachtaíocht a chuireann institiúid na háite fanachta i bhfeidhm costais seo a aisíoc leis an duine árachaithe, féadfaidh sé iarratas ar aisíoc a chur chuig institiúid na háite fanachta. Sa chás sin, aisíocfaidh an institiúid sin go díreach leis an duine sin suim na gcostas a fhreagróidh do na sochair sin laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht. |
5. |
Mura ndearnadh aisíocaíocht na gcostas sin a iarraidh go díreach ar institiúid na háite fanachta, déanfaidh an institiúid inniúil na costais a tabhaíodh a aisíoc leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na rátaí aisíocaíochta arna riar ag institiúid na háite fanachta, nó leis na méideanna a bheadh faoi réir a n-aisíoca le hinstitiúid na háite fanachta, dá mbeadh feidhm ag Airteagal SSCI.47 den Iarscríbhinn sa chás lena mbaineann. Cuirfidh institiúid na háite fanachta an fhaisnéis uile is gá faoi na rátaí sin nó faoi na méideanna sin ar fáil don institiúid inniúil arna iarraidh sin di. |
6. |
De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an institiúid inniúil aisíoc na gcostas a tabhaíodh, laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí aisíoca a leagtar síos ina reachtaíocht, a ghabháil uirthi féin, ar chuntar go mbeidh an duine árachaithe tar éis a aontú go gcuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm maidir leis. |
7. |
Mura bhforáiltear le reachtaíocht an Stáit fhanachta d’aisíoc de bhun mhíreanna 4 agus 5 sa chás lena mbaineann, féadfaidh an institiúid inniúil na costais a aisíoc laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht, gan aontú an duine árachaithe. |
8. |
Ní rachaidh an aisíocaíocht leis an duine árachaithe, ar aon chor, thar mhéid na gcostas a thabhaigh sé nó sí i bhfírinne. |
9. |
I gcás caiteachas suntasach, féadfaidh an institiúid inniúil réamhíocaíocht iomchuí a íoc leis an duine árachaithe a luaithe a dhéanfaidh an duine sin an t-iarratas ar aisíocaíocht a chur faoina bráid. |
Baill Teaghlaigh
10. |
Tá feidhm ag míreanna 1 go 9 mutatis mutandis maidir le baill teaghlaigh an duine árachaithe. |
Aisíocaíocht le haghaidh mic léinn
11. |
I gcás duine:
féadfaidh an duine sin iarratas a dhéanamh chuig institiúid an Stáit staidéir ar aisíocaíocht (go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a bheidh) na táille sláinte a íocadh. |
12. |
I gcás ina ndéanfar éileamh i gcomhréir le mír 11, déanfaidh institiúid an Stáit staidéir an t-éileamh sin a phróiseáil agus a shocrú laistigh de thréimhse réasúnta ach tráth nach déanaí ná 6 mhí féilire dar tús an lá a fuarthas an t-éileamh agus déanfaidh sí aon aisíocaíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo. |
13. |
I gcás inar lú tréimhse bhailíochta an doiciméid teidlíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11 ná an tréimhse ama ar íocadh an táille sláinte ina leith, is é a bheidh i méid na táille sláinte a aisíocfar an méid a íocadh a chomhfhreagraíonn do thréimhse bhailíochta an doiciméid sin. |
14. |
I gcás inar íoc duine eile an táille sláinte thar ceann duine a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo ina leith, féadfar aisíocaíocht a thabhairt don duine eile sin. |
15. |
Tá feidhm ag míreanna 11 go 14 mutatis mutandis maidir le baill teaghlaigh an duine sin. |
16. |
Tiocfaidh an tAirteagal seo i bhfeidhm 12 mhí tar éis dháta an Chomhaontuithe seo a theacht i bhfeidhm. |
17. |
Féadfaidh duine a shásóidh na coinníollacha i mír 11 sa tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo agus an dáta a shonraítear i mír 16, ar theacht i bhfeidhm don Airteagal seo, éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht faoi mhír 11 i ndáil leis an tréimhse sin. |
18. |
De mhaolú ar Airteagal SSC.5(1), féadfaidh an Stát staidéir muirir a fhorchur i gcomhréir lena dhlí náisiúnta maidir le sochair chomhchineáil nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal SSC.17(1) agus a sholáthraítear do dhuine a ndearnadh aisíocaíocht ina leith le linn fhanacht an duine sin don tréimhse lena mbaineann an aisíocaíocht sin. |
Airteagal SSCI.23
Cóireáil sceidealta
Nós imeachta um údarú
1. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.18(1) den Phrótacal seo, tíolacfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil d’institiúid na háite fanachta. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh an institiúid inniúil an institiúid a iompróidh costas na cóireála sceidealta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail SSC.18(4) agus SSC.25(5) den Phrótacal seo, ina n-aisíoctar na sochair chomhchineáil a sholáthraítear sa Stát cónaithe ar bhonn méideanna socraithe, ciallóidh institiúid chónaithe institiúid na háite cónaithe. |
2. |
Mura bhfuil cónaí ar an duine árachaithe sa Stát inniúil, iarrfaidh sé údarú ar institiúid na háite cónaithe a sheolfaidh ar aghaidh chuig an institiúid inniúil gan mhoill é. Sa chás sin, deimhneoidh institiúid na háite cónaithe i ráiteas an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal SSC.18(2) den Phrótacal seo comhlíonta sa Stát cónaithe. Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú iarrtha a dheonú ach amháin más rud é, i gcomhréir le measúnú institiúid na háite cónaithe, nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal SSC.18(2) den Phrótacal seo á gcomhlíonadh i Stát cónaithe an duine árachaithe, nó más féidir an chóireáil chéanna a chur ar fáil sa Stát inniúil féin, laistigh de theorainn ama ar féidir údar maith leighis a thabhairt leis, agus staid sláinte reatha agus cúrsa dóchúil bhreoiteacht an duine lena mbaineann á dtógáil san áireamh. Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir lena cinneadh. Mura mbeidh freagra faighte laistigh de na spriocdhátaí a leagtar amach lena reachtaíocht náisiúnta, measfar go mbeidh an t-údarú deonaithe ag an institiúid inniúil. |
3. |
Má tá gá ag duine árachaithe nach bhfuil cónaí air sa Pháirtí inniúil le cóireáil phráinneach shár-riachtanach, agus nach féidir an t-údarú a dhiúltú i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal SSC.18(2) den Phrótacal seo, deonóidh institiúid na háite cónaithe an t-údarú thar ceann na hinstitiúide inniúla, agus cuirfidh institiúid na háite cónaithe an t-údarú in iúl láithreach. Glacfaidh an institiúid inniúil leis na torthaí agus leis na roghanna cóireála ó na dochtúirí arna bhformheas ag institiúid na háite cónaithe a eisíonn an t-údarú maidir leis an ngá atá le cóireáil phráinneach, shár-riachtanach. |
4. |
Aon tráth i rith an nós imeachta lena ndeonaítear an t-údarú, forchoimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir a roghnóidh sí sa Pháirtí fanachta nó cónaithe. |
5. |
Cuirfidh institiúid na háite fanachta, gan dochar d’aon chinneadh maidir le húdarú, an institiúid inniúil ar an eolas, más cosúil go bhfuil sé iomchuí ó thaobh an leighis de, an chóireáil a chumhdaítear leis an údarú atá ann cheana a fhorlíonadh. |
Costas na sochar comhchineáil arna dtabhú ag an duine árachaithe a ghlanadh
6. |
Gan dochar do mhír 7, tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSCI.22(4) agus (5) den Iarscríbhinn seo. |
7. |
Má d’iompair an duine árachaithe féin costais uile nó cuid de chostais na cóireála leighis arna húdarú, agus más ísle méid na gcostas a bhfuil sé d’oibleagáid ar an institiúid inniúil iad a aisíoc le hinstitiúid na háite fanachta nó leis an duine árachaithe i gcomhréir le mír 6 (costas iarbhír) ná méid na gcostas a bheadh uirthi a ghabháil uirthi féin as an gcóireáil chéanna sa Stát inniúil (costas barúlach), aisíocfaidh an institiúid inniúil leis, arna iarraidh sin dó, costas na cóireála a thabhaigh an duine árachaithe go dtí méid na difríochta atá idir an costas barúlach agus an costas iarbhír. Ní fhéadfaidh méid na haisíocaíochta, áfach, dul thar mhéid na gcostas a thabhaigh an duine árachaithe iarbhír agus féadfar a chur san áireamh leis an méid a bheadh le híoc ag an duine árachaithe dá mba rud é gur sa Stát inniúil a seachadadh an chóireáil. |
Costais taistil agus fanachta mar chuid de chóireáil sceidealta a ghlanadh
8. |
I gcás ina bhforálfar le reachtaíocht náisiúnta na hinstitiúide inniúla d’aisíoc costas taistil agus costas fanachta atá do-scartha ó chóireáil an duine árachaithe, gabhfaidh an institiúid seo uirthi féin na costais don duine lena mbaineann agus, más gá, do dhuine a chaithfidh é a thionlacan, nuair a dheonófar údarú i gcás cóireála i Stát eile. |
Baill Teaghlaigh
9. |
Tá feidhm ag míreanna 1 go 8 mutatis mutandis maidir le baill teaghlaigh an duine árachaithe. |
Airteagal SSCI.24
Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i Stát seachas an Stát inniúil
An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an duine árachaithe
1. |
Má cheanglaítear le reachtaíocht an Stáit inniúil ar an duine árachaithe deimhniú a thíolacadh chun bheith i dteideal na sochar airgid a bhaineann le héagumas chun oibre de bhun Airteagal SSC.19(1) den Phrótacal seo, iarrfaidh an duine árachaithe ar dhochtúir sin an Stáit chónaithe a shuigh riocht a shláinte a éagumas chun oibre agus an fad is dóigh a mhairfidh an éagumas sin a dheimhniú. |
2. |
Seolfaidh an duine árachaithe an deimhniú chuig an institiúid inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos le reachtaíocht an Stáit inniúil. |
3. |
I gcás nach n-eisíonn na dochtúirí a sholáthraíonn an chóireáil sa Stát cónaithe deimhnithe ar éagumas chun oibre, agus i gcás ina gceanglaítear na deimhnithe sin faoi reachtaíocht an Stáit inniúil, déanfaidh an duine lena mbaineann iarratas go díreach chuig institiúid na háite cónaithe. Socróidh an institiúid sin láithreach go ndéanfar measúnú liachta ar éagumas an duine sin chun oibre agus go ndéanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Déanfar an deimhniú sin a chur ar aghaidh láithreach chuig an institiúid inniúil. |
4. |
Ní dhíolmhóidh cur ar aghaidh an doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 an duine árachaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe maidir le fostóir an duine sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an fostóir nó an institiúid inniúil a iarraidh ar an bhfostaí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá ceaptha chun spreagadh agus cabhair a thabhairt dó nó di filleadh ar an bhfostaíocht. |
An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid an Stáit chónaithe
5. |
Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, déanfaidh insitiúid na háite cónaithe aon seiceáil riaracháin is gá nó aon scrúduithe leighis is gá ar an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an insitiúid sin i bhfeidhm. Cuirfidh institiúid na háite cónaithe ar aghaidh gan mhoill chuig an institiúid inniúil tuarascáil an dochtúra a rinne an scrúdú a bhaineann go háirithe le fad dóchúil an éagumais chun oibre. |
An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil
6. |
Forchoimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. |
7. |
Gan dochar don dara habairt d’Airteagal SSC.19(1) den Phrótacal seo, íocfaidh an institiúid inniúil na sochair airgid go díreach leis an duine lena mbaineann agus, más gá, cuirfidh sí institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin. |
8. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.19(1) den Phrótacal seo, beidh an luach dlí céanna ag sonraí deimhnithe um éagumas duine árachaithe chun oibre arna tharraingt suas sa i Stát eile ar bhonn chinntí liachta an dochtúra nó na hinstitiúide a rinne an scrúdú, agus atá ag an deimhniú arna tharraingt suas sa Stát inniúil. |
9. |
Má dhiúltaíonn an institiúid inniúil na sochair airgid thirim, tabharfaidh sí fógra don duine árachaithe maidir lena cinneadh agus ag an am céanna tabharfaidh sí fógra d’institiúid na háite cónaithe. |
Nós imeachta i gcás fanachta nó cónaithe i Stát seachas an Stát inniúil
10. |
Tá feidhm ag míreanna 1 go 9, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i Stát seachas an Stát inniúil. |
Airteagal SSCI.25
Ranníocaí ó phinsinéirí
Má fhaigheann duine pinsean ó níos mó ná aon Stát amháin, ní rachaidh méid na ranníocaíochtaí a asbhaintear ó na pinsin uile a íocfar, in imthosca ar bith, thar an méid a asbhaintear de dhuine a bhfuil an méid céanna pinsin á fháil aige ón Stát inniúil.
Airteagal SSCI.26
Bearta speisialta cur chun feidhme
1. |
Nuair a dhíolmhaítear duine nó grúpa daoine, arna iarraidh sin, ó árachas éigeantach breoiteachta agus nach bhfuil na daoine sin cumhdaithe, dá bhrí sin, ag scéim árachais breoiteachta a bhfuil feidhm ag an bPrótacal maidir léi, ní thiocfaidh institiúid Stáit, de bharr na díolúine sin amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar comhchineáil nó na sochar airgid a iompar a sholáthraítear do na daoine sin nó do bhall dá dteaghlach faoi Airteagail SSC. 15 go SSC. 30 den Phrótacal seo. |
2. |
Nuair atá cónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus ar bhaill dá dteaghlaigh i Stát nach bhfuil an ceart chun sochair chomhchineáil faoi réir coinníollacha árachais ann ná faoi réir gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, beidh siad faoi dhliteanas costais iomlána na sochar comhchineáil a sholáthraítear ina Stát cónaithe a íoc. |
CAIBIDIL 2
SOCHAIR I LEITH TIONÓISCÍ AG AN OBAIR AGUS GALAR CEIRDE;
Airteagal SSCI.27
Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid thirim i gcás cónaithe nó fanachta i Stát seachas an Stát inniúil
1. |
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.31 den Phrótacal seo, tá feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail SSCI.21 go SSCI.24 den Iarscríbhinn seo. |
2. |
Nuair a bheidh sochair speisialta chomhchineáil a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus le galair cheirde faoi reachtaíocht náisiúnta Stát an fhanachta nó an chónaithe á soláthar ag institiúid an Stáit sin, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill. |
Airteagal SSCI.28
Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i Stát seachas an Stát inniúil
1. |
Más i Stát seachas an Stát inniúil a tharlaíonn tionóisc cheirde nó a dhéantar galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, déanfar an dearbhú nó an fógra faoin tionóisc cheirde nó faoin ngalar ceirde, i gcás inarb ann don dearbhú nó fógra faoin reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le reachtaíocht an Stáit inniúil, gan dochar, i gcás inarb iomchuí, d’aon fhorálacha dlíthiúla eile is infheidhme atá i bhfeidhm sa Stát inar tharla an tionóisc cheirde nó ina ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, ar forálacha iad a fhanann de bheith infheidhme sna cásanna sin. Díreofar an dearbhú nó an fógra chuig an institiúid inniúil. |
2. |
Tabharfaidh institiúid an Stáit ar ar a chríoch a tharla an tionóisc ag an obair nó a rinneadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, fógra don institiúid inniúil faoi dheimhnithe liachta arna dtarraingt suas ar chríoch an Stáit sin. |
3. |
Más rud é, de bharr tionóisce a tharlaíonn agus duine ag taisteal chun na hoibre nó ón obair, ar chríoch Stáit seachas ar chríoch an Stát inniúil, inar gá imscrúdú ar chríoch an chéad Stáit, chun aon teidlíocht ar shochair ábhartha a chinneadh, féadfaidh an institiúid inniúil duine a cheapadh chun na críche sin agus cuirfidh sí údaráis an Stáit sin ar an eolas. Comhoibreoidh na hinstitiúidí le chéile chun an fhaisnéis ábhartha uile a mheas agus chun na tuarascálacha agus aon doiciméad eile a bhaineann leis an tionóisc a cheadú. |
4. |
Tar éis na cóireála, déanfar tuarascáil mhionsonraithe lena ngabhfaidh deimhnithe liachta maidir le buaniarmhairtí na tionóisce nó an ghalair, go háirithe maidir le riocht sláinte reatha an duine atá gortaithe agus le téarnamh nó cobhsú gortuithe, déanfar é a sheoladh, arna iarraidh sin don institiúid inniúil. Íocfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, i gcás inarb iomchuí, na táillí ábhartha de réir an ráta a chuirfidh an institiúid sin i bhfeidhm, táillí a bheidh inmhuirearaithe ar an institiúid inniúil. |
5. |
Arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe nó fanachta, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an institiúid inniúil fógra di faoin gcinneadh lena socraítear an dáta téarnaimh nó dáta cobhsaithe na ngortuithe agus, i gcás inarb iomchuí, faoin gcinneadh maidir le pinsean a dheonú. |
Airteagal SSCI.29
Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair
1. |
I gcás ina ndíospóidfidh an institiúid inniúil cur i bhfeidhm na reachtaíochta a bhaineann le tionóiscí ag an obair nó le galair cheirde faoi Airteagal SSC.31(2) den Phrótacal seo, cuirfidh sí institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil ar an eolas gan mhoill, agus measfar ansin gur sochair árachais bhreoiteachta iad. |
2. |
Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta faoin gceist sin, cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil ar an eolas gan mhoill.
I gcás nach suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde a bhí i gceist, leanfar de ag soláthar sochair chomhchineáil mar shochair bhreoiteachta má tá an duine lena mbaineann ina dteideal. I gcás ina suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde a bhí i gceist, measfar gur sochair tionóisce ag an obair nó sochair galair cheirde iad na sochair bhreoiteachta chomhchineáil arna soláthar don duine lena mbaineann ón dáta a tharla an tionóisc ag an obair nó ón dáta a rinneadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair. |
3. |
Tá feidhm mutatis mutandis leis an dara fomhír d’Airteagal SSCI.6(5) den Iarscríbhinn seo. |
Airteagal SSCI.30
An nós imeachta i gcás nochta do riosca galair cheirde in dhá Stát nó níos mó
1. |
Sa chás dá dtagraítear in Airteagal SSC.33 den Phrótacal seo, seolfar dearbhú nó fógra faoin ngalar cheirde chuig an institiúid inniúil do ghalair cheirde sa Stát is deireanaí ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar sin.
Nuair a shuífidh an institiúid ar chuici a seoladh an dearbhú nó an fógra gur faoi reachtaíocht Stáit eile is deireanaí a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde i gceist, seolfaidh sí an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis chuig an institiúid choibhéiseach sa Stát sin. |
2. |
I gcás ina suífidh institiúid an Stáit ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde i gceist nach gcomhlíonann an duine lena mbaineann ná a mharthanóirí ceanglais na reachtaíochta sin, inter alia mar nach raibh an duine lena mbaineann riamh ag gabháil, sa Stát sin, do ghníomhaíocht ba chúis leis an ngalar ceirde, nó toisc nach n-aithníonn an Stát sin cineál ceirde an ghalair sin, cuirfidh an institiúid sin an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis, lena n-áirítear cinntí agus tuarascálacha na scrúduithe leighis a rinne an chéad institiúid, ar aghaidh gan mhoill chuig institiúid an Stáit roimhe sin ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist. |
3. |
I gcás inarb iomchuí, rachaidh na hinstitiúidí siar ar an nós imeachta céanna a leagtar amach i mír 2, chomh fada leis an institiúid choibhéiseach sa Stát ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil den chéad uair do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist. |
Airteagal SSCI.31
Malartú faisnéise idir institiúidí agus réamhíocaíochtaí i gcás achomhairc i gcoinne diúltaithe
1. |
I gcás achomhairc i gcoinne cinnidh sochair a dhiúltú arna dhéanamh ag institiúid Stáit ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde i gceist, cuirfidh an institiúid sin an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal SSCI.30(2) den Iarscríbhinn seo, agus cuirfidh sí an méid sin in iúl nuair a thiocfar ar chinneadh críochnaitheach. |
2. |
I gcás ina mbeidh an duine i dteideal sochar faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici, déanfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí, a gcinnfear a méid, i gcás inarb iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an institiúid ar taisceadh an t-achomharc ina coinne, agus ar chaoi agus go seachnaítear ró-íocaíochtaí. Aisíocfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí a rinneadh más é toradh an achomhairc go bhfuil uirthi na sochair sin a sholáthar. Déanfar an méid sin a asbhaint ansin ó na sochair atá dlite don duine lena mbaineann, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail SSCI.56 agus SSCI.57 den Iarscríbhinn seo. |
3. |
Tá feidhm mutatis mutandis leis an dara fomhír d’Airteagal SSCI.6(5) den Iarscríbhinn seo. |
Airteagal SSCI.32
Galar ceirde a dhéanamh níos measa
Sna cásanna atá cumhdaithe le hAirteagal SSC.34 den Phrótacal seo, ní mór don éilitheoir sonraí a sholáthar don institiúid sa Stát óna bhfuil teideal chun sochar á éileamh aige maidir leis na sochair a deonaíodh roimhe sin don ghalar ceirde i gceist. Féadfaidh an institiúid sin dul i dteagmháil le gach institiúid a bhí inniúil roimhe sin chun an fhaisnéis a mheasann sí is gá a fháil.
Airteagal SSCI.33
Measúnú an ghráid éagumais i gcás tionóiscí ceirde nó galar ceirde a tharla roimh ré nó ina dhiaidh sin
I gcás inarbh é ba chúis le héagumas chun oibre roimhe sin nó ina dhiaidh sin, tionóisc a tharla nuair a bhí an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Stáit nach ndéanann idirdhealú de réir thionscnamh an éagumais chun oibre, déanfaidh an institiúid inniúil nó an comhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil an Stáit i gceist an méid seo a leanas:
(a) |
faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin d’institiúid inniúil Stáit, maidir le tromchúis an éagumais chun oibre a bhí ann roimhe sin nó ina dhiaidh sin, agus i gcás inar féidir é, faisnéis lena bhféadfar a chinneadh an mar thoradh ar thionóisc ag an obair de réir bhrí na reachtaíochta a chuireann an institiúid sa Stát eile i bhfeidhm a tharla an t-éagumas; |
(b) |
tromchúis an éagumais a chúisigh na cásanna sin roimhe sin nó ina dhiaidh a chur san áireamh nuair a bheidh an teideal chun sochar agus an méid á chinneadh aici, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. |
Airteagal SSCI.34
Éilimh ar phinsin nó ar liúntais fhorlíontacha a chur isteach agus a imscrúdú
D’fhonn pinsean nó liúntas forlíontach a fháil faoi reachtaíocht Stáit, déanfaidh an duine lena mbaineann nó a mharthanóirí a chónaíonn ar chríoch Stáit eile, i gcás inarb iomchuí, éileamh a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, nó institiúid na háite cónaithe, agus déanfaidh an institiúid sin é a sheoladh chuig an institiúid inniúil.
Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.
CAIBIDIL 3
DEONTAIS BHÁIS
Airteagal SSCI.35
Éileamh ar dheontais bháis
Chun críocha Airteagail SSC.37 agus SSC.38 den Phrótacal seo, seolfar an t-éileamh ar dheontais bháis chuig an institiúid inniúil nó chuig institiúid áit chónaithe an éilitheora, a sheolfaidh chuig an institiúid inniúil é.
Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.
CAIBIDIL 4
SOCHAIR EASLÁINE, PINSIN SEANAOISE AGUS PINSIN MHARTHANÓIRÍ
Airteagal SSCI.36
Forálacha breise chun an sochar a ríomh
1. |
Chun méid teoiriciúil agus méid iarbhír an tsochair a ríomh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo, tá feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal SSCI.11(3), (4), (5) agus (6) den Iarscríbhinn. |
2. |
I gcás nach ndearnadh tréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh a chur san áireamh faoi SSC.11(3) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh institiúid an Bhallstáit ar cuireadh isteach na tréimhsí sin faoina reachtaíocht an méid atá ar comhréir leis na tréimhsí sin a ríomh faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Déanfar méid iarbhír an tsochair, arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo, a mhéadú an méid a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh. |
3. |
Ríomhfaidh institiúid gach Stáit, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, an méid atá dlite a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh agus, faoi phointe (c) d'Airteagal SSC.48(3) den Phrótacal seo, ní bheidh sí faoi réir rialacha Stáit eile maidir le tarraingt siar, laghdú nó fionraí.
I gcás nach gceadaítear leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil an méid seo a chinneadh go díreach, ar an bhforas go leithdháiltear leis an reachtaíocht luachanna difriúla i leith tréimhsí árachais, féadfar méid barúlach a shuíomh. Leagfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta síos na socruithe mionsonraithe chun an méid barúlach sin a chinneadh. |
Airteagal SSCI.37
Éilimh ar shochair
Éilimh ar phinsin seanaoise agus ar phinsin mharthanóirí a chur isteach
1. |
Cuirfidh an t-éilitheoir éileamh faoi bhráid institiúid a áite cónaithe nó institiúid an Stáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. Mura raibh an duine lena mbaineann tráth ar bith faoi réir na reachtaíochta a chuireann institiúid na háite cónaithe i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid sin an t-éileamh a chur ar aghaidh chuig institiúid an Stáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. |
2. |
Beidh feidhm ag an dáta a chuirtear an t-éileamh isteach i ngach institiúid lena mbaineann. |
3. |
De mhaolú ar mhír 2, mura dtabharfaidh an t-éilitheoir fógra go raibh sé fostaithe i Stáit eile nó go raibh cónaí air i Stáit eile, ainneoin gur iarradh air é sin a dhéanamh, measfar gurb é an dáta ar a gcomhlánaíonn an t-éilitheoir a éileamh tosaigh nó ar a gcuireann sé isteach éileamh nua do na tréimhsí fostaíochta agus/nó cónaithe atá in easnamh, dáta taiscthe an éilimh leis an institiúid a fheidhmíonn an reachtaíocht i gceist, faoi réir forálacha níos fabhraí na reachtaíochta sin. |
Airteagal SSCI.38
Deimhnithe agus faisnéis a bheidh le cur isteach ag an éilitheoir i dteannta an éilimh
1. |
Cuirfidh an t-éilitheoir an t-éileamh isteach i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta arna cur i bhfeidhm ag an institiúid dá dtagraítear in Airteagal SSCI.37(1) den Iarscríbhinn seo, agus beidh na doiciméid tacaíochta ag gabháil leis a cheanglaítear leis an reachtaíocht sin. Soláthróidh an t-iarrthóir go háirithe an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil agus doiciméid thacaíochta a bhaineann le tréimhsí árachais (institiúidí, uimhreacha aitheantais), fostaíocht (fostóirí) nó féinfhostaíocht (cineál na gníomhaíochta agus an áit ghníomhaíochta) agus cónaí (seoltaí) a d’fhéadfaí a chur isteach faoi reachtaíocht eile, chomh maith le fad na dtréimhsí sin. |
2. |
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal SSC.45(1) den Phrótacal seo, go n-iarrann an t-éilitheoir deonú sochar seanaoise faoi reachtaíocht Stáit amháin nó níos mó a chur siar, luafaidh siad sin ina n-éileamh agus sonróidh siad an reachtaíocht faoina n-iarrtar an cur siar. Chun a chur ar chumas an éilitheora an ceart sin a fheidhmiú, tabharfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, faoin bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh ionas go bhféadfaidh sé iarmhairtí deonaithe comhreathaigh nó iarmhairtí deonaithe chomhleanúnaigh sochar a d’fhéadfadh sé a éileamh a mheas. |
3. |
Má dhéanann an t-éilitheoir éileamh ar shochair a tharraingt siar ar éileamh é dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Stáit ar leith, ní mheasfar go bhfuil na héilimh ar shochair faoi reachtaíocht Ballstáit eile á dtarraingt siar go comhreathach. |
Airteagal SSCI.39
Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann
An institiúid theagmhála
1. |
Gairfear ‘an institiúid teagmhála’ anseo feasta ar an institiúid a gcuirtear an t-éileamh ar shochair faoina bráid nó a gcuirtear ar aghaidh chuici é i gcomhréir le hAirteagal SSCI.37(1). Ní ghairfear an institiúid theagmhála d’institiúid na háite cónaithe más rud é nach raibh an duine, tráth ar bith, faoi réir na reachtaíochta a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm. Chomh maith le himscrúdú ar an éileamh ar shochair faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid sin, ina cáil mar institiúid theagmhála, malartú sonraí, cur in iúl na gcinntí agus na n-oibríochtaí is gá chun go ndéanfadh na hinstitiúidí lena mbaineann imscrúdú ar an éileamh, an méid sin a chur chun cinn, agus soláthróidh sé don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis is ábhartha maidir leis na gnéithe den imscrúdú a thagann aníos faoin bPrótacal seo, agus coimeádfaidh sí an t-éilitheoir ar an eolas faoin dul chun cinn. |
Imscrúdú ar éilimh ar phinsin seanaoise agus ar phinsin mharthanóirí
2. |
Seolfaidh an institiúid theagmhála gan mhoill na héilimh ar shochair agus na doiciméid uile atá ar fáil aici, agus i gcás inarb iomchuí, na doiciméid ábhartha a sholáthair an t-éilitheoir do na hinstitiúidí uile lena mbaineann le go bhféadfaidh siad imscrúdú an éilimh a thosú go comhreathach. Tabharfaidh an institiúid theagmhála fógra do na hinstitiúidí eile faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. Sonróidh sí freisin cé na doiciméid a chuirfear isteach ar dháta is faide anonn agus forlíonfaidh sí an t-éileamh a luaithe is féidir. |
3. |
Tabharfaidh gach ceann de na hinstitiúidí a bheidh i gceist fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile a bheidh i gceist, faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. |
4. |
Ríomhfaidh gach ceann de na hinstitiúidí lena mbaineann méid na sochar i gcomhréir le hAirteagal SSC.47 den Phrótacal seo agus tabharfaidh sí fógra don institiúid teagmhála agus do na hinstitiúidí eile lena mbaineann faoina cinneadh, faoi mhéid na sochar atá dlite agus faoi aon fhaisnéis is gá chun críocha Airteagail SSC.48 go SSC.50 den Phrótacal seo. |
5. |
Má shuíonn institiúid, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, gur infheidhme Airteagal SSC.52(2) nó (3) den Phrótacal, cuirfidh sí an institiúid teagmhála agus na hinstitiúidí eile lena mbaineann ar an eolas. |
Airteagal SSCI.40
Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí
1. |
Tabharfaidh gach institiúid fógra don éilitheoir faoin gcinneadh a bheidh glactha aici i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Sonróidh gach cinneadh na leighis agus na tréimhsí le haghaidh achomharc. Nuair a bheidh fógra tugtha don institiúid teagmhála faoi na cinntí uile arna nglacadh ag gach institiúid, cuirfidh sí achoimre ar na cinntí sin chuig an éilitheoir agus chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta achoimre eiseamláireach a tharraingt suas. Cuirfear an achoimre chuig an éilitheoir i dteanga na hinstitiúide nó, arna iarraidh sin don éilitheoir, ina rogha teanga, lena n-áirítear Béarla, a aithnítear mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais. |
2. |
I gcás ina bhfeicfear don éilitheoir, tar éis dó an achoimre a fháil, go ndearna idirghníomhú idir cinntí a rinne dhá institiúid nó níos mó dochar dá chearta, beidh an ceart ag an éilitheoir chun athbhreithniú ar chinntí na n-institiúidí lena mbaineann laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha. Is ar an dáta a fhaighfear an achoimre a thosóidh na teorainneacha ama. Tabharfar fógra i scríbhinn don éilitheoir faoi thoradh na hathbhreithnithe. |
Airteagal SSCI.41
An grád easláine a chinneadh
Féadfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena reachtaíocht, an t-éilitheoir a chur faoi scrúdú ag dochtúir nó saineolaí eile arna roghnú aici chun an grád easláine a chinneadh. Déanfaidh institiúid Stáit, áfach, na doiciméid, na tuarascálacha liachta agus an fhaisnéis riaracháin arna mbailiú ag institiúid aon Stáit eile amhail is dá mba ina críoch féin a tarraingíodh suas iad.
Airteagal SSCI.42
Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochair
1. |
D’ainneoin Airteagal SSCI.7 den Iarscríbhinn seo, aon institiúid a shuífidh, agus éileamh ar shochair á imscrúdú aici, go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal sochar neamhspleách faoin reachtaíocht is infheidhme, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo, íocfaidh sí an sochar sin gan mhoill. Measfar gur íocaíocht shealadach í an íocaíocht sin más rud é go bhféadfadh toradh an nós imeachta imscrúdaithe difear a dhéanamh don mhéid. |
2. |
Aon uair is léir ón bhfaisnéis a bhfuil teacht uirthi go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal íocaíochta ó institiúid faoi phointe (b) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal seo, déanfaidh an institiúid sin réamhíocaíocht, a mbeidh a méid chomh gar agus is féidir don mhéid is dóigh a íocfar faoi phointe (b) d’Airteagal SSC.47(1) den Phrótacal. |
3. |
Gach institiúid a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi na sochair shealadacha nó an réamhíocaíocht faoi mhíreanna 1 nó 2 a íoc, cuirfidh sí an t-éilitheoir ar an eolas gan mhoill, agus a aird á díriú go sonrach aici ar chineál sealadach an bhirt agus ar aon cheart achomhairc atá ann i gcomhréir lena reachtaíocht. |
Airteagal SSCI.43
Athríomh ar shochair
1. |
I gcás ina ndéanfar ríomh nua ar shochair i gcomhréir le hAirteagail SSC.45(4) agus SSC.54(1) den Phrótacal, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSCI.42 den Iarscríbhinn seo. |
2. |
I gcás ina ndéanfar an sochar a athríomh, a tharraingt siar nó a fhionraí, cuirfidh an institiúid a ghlac an cinneadh an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill agus cuirfidh sí gach ceann de na hinstitiúidí ar an eolas a bhfuil teideal ag an duine lena mbaineann ina leith. |
Airteagal SSCI.44
Bearta a cheaptar chun dlús a chur le ríomh na sochar
1. |
Chun cabhrú agus chun dlús a chur le hiniúchadh ar éilimh agus le híoc sochar, déanfaidh na hinstitiúidí a bhfuil an duine faoi réir a gcuid reachtaíochta, mar a leanas:
|
2. |
Chun críocha mhír 1, cinnfidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta na heilimintí faisnéise a mhalartófar nó a chuirfear ar fáil, agus leagfaidh sé síos na nósanna imeachta cuí agus na sásraí cuí, ag cur san áireamh na saintréithe, an eagrúcháin riaracháin agus theicniúil agus na modhanna teicneolaíocha atá ar fáil ag scéimeanna pinsin náisiúnta. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta cur chun feidhme na scéimeanna pinsean sin a áirithiú trí obair leantach a eagrú ar na bearta a glacadh agus ar a gcur i bhfeidhm. |
3. |
Chun críocha mhír 1, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a thabhairt don institiúid sa chéad Stát inar tugadh Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) do dhuine chun críocha riaracháin slándála sóisialta. |
Airteagal SSCI.45
Bearta comhordaithe sna Stáit
1. |
Gan dochar d’Airteagal SSC.46 den Phrótacal seo, i gcás ina n-áirítear sa reachtaíocht náisiúnta rialacha lena gcinntear an institiúid atá freagrach nó an scéim is infheidhme nó maidir le tréimhsí árachais a ainmniú do scéim shonrach , cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm agus ní chuirfear san áireamh leo ach na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht an Stáit lena mbaineann. |
2. |
I gcás ina n-áireofar, leis an reachtaíocht náisiúnta, rialacha do chomhordú scéimeanna speisialta le haghaidh stáitseirbhíseach agus don scéim ghinearálta do dhaoine fostaithe, ní bheidh tionchar ag forálacha an Phrótacail seo ná na hIarscríbhinne seo ar na rialacha sin. |
CAIBIDIL 5
SOCHAIR DHÍFHOSTAÍOCHTA
Airteagal SSCI.46
Comhiomlánú tréimhsí agus ríomh na sochar
1. |
Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSCI.11(1) den Iarscríbhinn seo maidir le hAirteagal SSC.56 den Phrótacal seo. Gan dochar do bhunoibleagáidí na n-institiúidí lena mbaineann, féadfaidh an duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, doiciméad arna eisiúint ag institiúid an Stáit a raibh sé faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe agus ina sonraítear na tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin. |
2. |
Chun críoch Airteagal SSC.57 den Phrótacal seo, cuirfidh institiúid inniúil Stáit a bhforáiltear lena reachtaíocht go n-athraíonn ríomh na sochar de réir líon na mball teaghlaigh, cuirfidh sí san áireamh freisin líon ball teaghlaigh an duine lena mbaineann a bhfuil cónaí orthu i Stát eile amhail is dá mbeadh cónaí orthu sa Stát inniúil. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina mbeidh duine eile i dteideal sochair dífhostaíochta, arna ríomh ar bhonn líon na mball teaghlaigh, sa Stát ina bhfuil cónaí ar na baill teaghlaigh. |
TEIDEAL IV
FORÁLACHA AIRGEADAIS
CAIBIDIL 1
AISÍOC CHOSTAS SOCHAR I gCUR I bhFEIDHM AIRTEAGAL SSC.30 AGUS AIRTEAGAL SSC.36 DEN PHRÓTACAL SEO
ROINN 1
AISÍOC AR BHONN CAITEACHAIS IARBHÍR
Airteagal SSCI.47
Prionsabail
1. |
Chun críoch Airteagail SSC.30 agus Airteagal SSC.36 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil méid iarbhír na gcaiteachas i dtaobh sochair chomhchineáil, mar a thaispeántar i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, a aisíoc leis an institiúid sin, ach amháin i gcás inarb infheidhme Airteagal SSC.57 den Iarscríbhinn seo. |
2. |
Má tá aon chuid de speansais iarbhír na sochar dá dtagraítear i mír 1 gan taispeáint i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, cinnfear an méid atá le haisíoc ar bhonn íocaíochta cnapshuime a ríomhfar ó na tagairtí iomchuí go léir a gheofar ó na sonraí atá ar fáil. Measúnóidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta na boinn a úsáidfear chun an íocaíocht chnapshuime a ríomh agus cinnfidh sé méid na híocaíochta sin. |
3. |
Ní fhéadfar rátaí a chur san áireamh san aisíoc a bheidh níos airde ná na rátaí is infheidhme maidir leis na sochair chomhchineáil a chuirtear ar fáil do dhaoine árachaithe faoi réir na reachtaíochta atá á cur i bhfeidhm ag an institiúid a bhfuil na sochair dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar fáil aici. |
ROINN 2
AISÍOCAÍOCHT AR BHONN MÉIDEANNA SOCRAITHE
Airteagal SSCI.48
An Stát/na Stáit lena mbaineann a shainaithint
1. |
Liostaítear i bhFoscríbhinn SSCI-3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo na Stáit dá dtagraítear in Airteagal SSC.30(2) den Phrótacal seo, a bhfuil a struchtúir dhlíthiúla nó riaracháin de chineál nach iomchuí aisíocaíocht ar bhonn caiteachais iarbhír a úsáid . |
2. |
I gcás na Stát a liostaítear i bhFoscríbhinn SSCI-3, méid na sochar comhchineáil arna soláthar do:
déanfaidh na hinstitiúidí inniúla na sochair sin a aisíoc leis na hinstitúidí a chuir ar fáil iad, ar bhonn méid shocraithe a bhunófar do gach bliain féilire. Beidh an méid a shocrófar chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír. |
Airteagal SSCI.49
Modh ríofa na méideanna socraithe míosúla agus an mhéid shocraithe iomláin
1. |
I gcás gach Stát is creidiúnaí, cinnfear an méid socraithe míosúil in aghaidh an duine (Fi) don bhliain féilire tríd an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi), agus é miondealaithe de réir aoisghrúpa (i), a roinnt ar 12 agus trí laghdú (X) a chur i bhfeidhm ar an toradh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:
Fi = Yi*1/12*(1-X) Más rud é:
|
2. |
Gheofar an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi) in aoisghrúpa i tríd an gcaiteachas bliantúil ar na sochair chomhchineáil uile a sholáthraíonn institiúidí an Stáit is creidiúnaí do na daoine go léir atá san aoisghrúpa lena mbaineann, atá faoi réir a reachtaíochta agus atá ina gcónaí laistigh dá chríoch, an caiteachas sin a roinnt ar mheánlíon na ndaoine san aoisghrúpa sin. Bunófar an ríomh ar an gcaiteachas faoi na scéimeanna dá dtagraítear in Airteagal SSCI.20 den Iarscríbhinn seo. |
3. |
Is ionann, i bprionsabal, an laghdú atá le cur i bhfeidhm ar an méid iomlán socraithe agus 20 % (X = 0,20). Beidh sé comhionann le 15 % (X = 0,15) i gcás pinsinéirí agus baill dá dteaghlach i gcás nach mbeidh an Stát inniúil liostaithe in Iarscríbhinn SSC-3 a ghabhann leis an bPrótacal seo. |
4. |
I gcás gach Stáit is féichiúnaí, is éard a bheidh sa mhéid iomlán socraithe don bhliain féilire suim na n-iolrach a gheofar tríd an méid míosúil socraithe a cinneadh a iolrú i ngach aoisghrúpa ‘i’ faoi líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann isteach sa Stát is creidiúnaí san aoisghrúpa sin.
Is éard a bheidh i líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann isteach sa Stát is creidiúnaí suim na míonna féilire i mbliain féilire ina raibh na daoine lena mbaineann i dteideal sochair chomhchineáil a fháil ar chostas an Stáit is féichiúnaí, de bharr go raibh cónaí orthu i gcríoch an Stáit is creidiúnaí. Déanfar na míonna sin a chinneadh ó fhardal arna coinneáil ag institiúid na háite cónaithe chuige sin, a bheidh bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach a sholáthróidh an institiúid inniúil maidir le teidlíocht na dtairbhithe. |
5. |
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta togra a thíolacadh ina mbeidh aon leasú a mbeidh gá leis d’fhonn a áirithiú go mbeidh ríomh na méideanna socraithe chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír arna thabhú agus nach mbeidh de thoradh ar na laghduithe dá dtagraítear i mír 3 go mbeadh íocaíochtaí neamhchothroma nó íocaíochtaí dúbailte ann do na Stáit. |
6. |
Bunóidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta na modhanna chun na heilimintí a chinneadh chun na méideanna socraithe dá dtagraítear san Airteagal seo. |
Airteagal SSCI.50
Fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla
Tabharfar fógra faoin meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain shonrach don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta tráth nach déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana a bheidh i gceist. Mura dtabharfar fógra faoin spriocdháta seo, tógfar an meánchostas bliantúil is deireanaí in aghaidh an duine a chinn an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta do bhliain roimhe sin.
ROINN 3
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal SSCI.51
Nós imeachta um aisíoc idir institiúidí
1. |
Déanfar aisíocaíochtaí idir na Stáit a luaithe is féidir. Beidh sé d’oibleagáid ar gach institiúid lena mbaineann na héilimh a aisíoc roimh na spriocdhátaí a luaitear sa Roinn seo, a luaithe agus a bheidh sí in ann é sin a dhéanamh. Díospóid a bhaineann le héileamh ar leith, ní bheidh sí ina bac ar aisíoc éilimh nó éileamh eile. |
2. |
Na haisíocaíochtaí idir institiúidí na mBallstát agus an Ríocht Aontaithe, dá bhforáiltear in Airteagail SSC.30 agus SSC.36 den Phrótacal seo, déanfar iad tríd an gcomhlacht idirchaidrimh. D’fhéadfadh sé go mbeadh comhlacht idirchaidrimh ar leith ann d’aisíocaíochtaí faoi Airteagal SSC.30 agus Airteagal SSC.36 den Phrótacal seo. |
Airteagal SSCI.52
Spriocdhátaí chun éilimh a chur isteach agus a shocrú
1. |
Éilimh atá bunaithe ar chaiteachas iarbhír, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Stáit is féichiúnaí iad laistigh de 12 mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire inar taifeadadh na héilimh sin i gcuntais na hinstitiúide is creidiúnaí. |
2. |
Éilimh ar mhéideanna socraithe do bhliain féilire, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Stáit is féichiúnaí iad laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis na míosa ar formheasadh meánchostais na bliana lena mbaineann ag an gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta. Na fardail dá dtagraítear in Airteagal SSCI.49(4) den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur i láthair faoi dheireadh na bliana i ndiaidh na bliana tagartha. |
3. |
Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal SSCI.7(5) den Iarscríbhinn seo, ní chuirfear tús leis an spriocdháta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo go dtí go sainaithneofar an institiúid inniúil. |
4. |
Éilimh a dhéanfar tar éis na spriocdhátaí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, ní chuirfear san áireamh iad. |
5. |
Íocfaidh an institiúid is féichiúnaí na héilimh le comhlacht idirchaidrimh an Stáit is creidiúnaí dá dtagraítear in Airteagal SSCI.51 den Iarscríbhinn seo, laistigh de 18 mí ó dheireadh na míosa ar cuireadh os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Stáit is féichiúnaí iad. Ní bhainfidh sé seo leis na héilimh ar dhiúltaigh an institiúid is féichiúnaí dóibh ar chúis ábhartha le linn na tréimhse sin. |
6. |
Aon díospóidí a bhaineann le héileamh, socrófar iad, ar a dhéanaí, laistigh de 36 mhí tar éis na míosa ar cuireadh isteach an t-éileamh. |
7. |
I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe sa díospóid, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de 6 mhí tar éis na míosa inar cuireadh an t-ábhar faoina bhráid. |
Airteagal SSCI.53
Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí
1. |
Ó dheireadh na tréimhse 18 mí a leagtar amach in Airteagal SSCI.52(5), féadfaidh an institiúid is creidiúnaí ús a ghearradh ar éilimh gan íoc, ach amháin má d’íoc an institiúid is féichiúnaí, laistigh de 6 mhí ó dheireadh na míosa inar cuireadh isteach an t-éileamh, éarlais de 90 % ar a laghad den éileamh iomlán a tugadh isteach de bhun Airteagal SSCI.52(1) nó (2). I gcás na gcodanna sin den éileamh nach gcumhdaítear leis an éarlais, ní fhéadfar ús a ghearradh ach amháin tar éis dheireadh na tréimhse 36 mhí a leagtar amach in Airteagal SSCI.52(6). |
2. |
Déanfar an t-ús a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an institiúid airgeadais atá ainmnithe chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta i bhfeidhm ar a príomhoibríochtaí athmhaoinithe. Is é an ráta tagartha is infheidhme an ráta atá i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a bhfuil an íocaíocht dlite. |
3. |
Ní bheidh oibleagáid ar aon chomhlacht idirchaidrimh glacadh le héarlais ar a fhoráiltear i mír 1. Má thograíonn comhlacht idirchaidrimh, áfach, gan glacadh le tairiscint den sórt sin, ní bheidh an institiúid is creidiúnaí i dteideal ús a ghearradh a thuilleadh ar íocaíochtaí déanacha i leith na n-éileamh i gceist ach amháin faoin dara habairt de mhír 1. |
Airteagal SSCI.54
Ráiteas Cuntas Bliantúil
1. |
Bunóidh an Chomhairle Comhpháirtíochta staid na n-éileamh do gach bliain féilire ar bhonn thuarascáil an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta síos, fógra a thabhairt don Bhord sin faoi mhéid na n-éileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh an chreidiúnaí) agus faoi mhéid na n-éileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh an fhéichiúnaí). |
2. |
Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta aon seiceáil iomchuí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh agus cuntasaíochta a úsáidtear mar bhonn le ráiteas bliantúil na n-éileamh dá bhforáiltear i mír 1 a dhréachtú, chun, go háirithe, a áirithiú go gcomhlíonann siad na rialacha a leagtar síos faoin Teideal seo. |
CAIBIDIL 2
AISGHABHÁIL SOCHAR A ÍOCADH ACH NACH RAIBH DLITE, AISGHABHÁIL ÍOCAÍOCHTAÍ AGUS RANNÍOCAÍOCHTAÍ SEALADACHA, FRITHCHÚITEAMH AGUS CÚNAMH LE hAISGHABHÁIL
ROINN 1
PRIONSABAIL
Airteagal SSCI.55
Forálacha coiteanna
Chun Airteagal SSC.64 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm agus laistigh den chreatlach atá sainithe ann, déanfar éilimh a aisghabháil, a mhéid is féidir, trí fhritháireamh idir institiúidí an Bhallstáit lena mbaineann agus an Ríocht Aontaithe, nó i leith an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail SSCI.56 go SSCI.58 den Iarscríbhinn seo. Mura féidir gach cuid d’éileamh nó aon chuid de a aisghabháil tríd an nós imeachta fritháirimh, déanfar a bhfuil fágtha den mhéid atá dlite a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagail SSCI.59 go SSCI.69 den Iarscríbhinn seo.
ROINN 2
FRITHÁIREAMH
Airteagal SSCI.56
Sochair a fuarthas nach raibh dlite
1. |
Má d’íoc institiúid Stáit sochair le duine nach raibh dlite dó, féadfaidh an institiúid sin, laistigh de na téarmaí agus de na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, iarraidh ar institiúid an Stáit eile freagrach as sochair a íoc leis an duine lena mbaineann, an méid neamhdhlite a bhaint as riaráistí nó as íocaíochtaí leanúnacha atá dlite don duine lena mbaineann, beag beann ar an mbrainse slándála shóisialta faoina n-íoctar an sochar. Bainfidh an institiúid sin an méid i gceist faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nós imeachta fritháirimh den sórt seo i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mba í féin a rinne an ró-íocaíocht, agus aistreoidh sí an méid a bhaintear chuig an institiúid a d’íoc na sochair neamhdhlite. |
2. |
De mhaolú ar mhír 1, más rud é, agus sochair á ndeonú nó á n-athbhreithniú maidir le sochair easláine, pinsin seanaoise agus pinsin marthanóirí de bhun Chaibidlí 3 agus 4 de Theideal III den Phrótacal seo, go mbeidh sochair de shuim neamhdhlite íoctha ag institiúid Stáit le duine, féadfaidh an institiúid sin iarraidh ar institiúid an Stáit atá freagrach as na sochair chomhfhreagracha a íoc leis an duine lena mbaineann an méid a íocadh leis an duine lena mbaineann a asbhaint. Tar éis don institiúid sin an institiúid a d’íoc an tsuim mhíchuí a chur ar an eolas maidir leis riaráistí sin, fógróidh an institiúid a d’íoc an méid míchuí méid an mhéid mhíchuí, laistigh de dhá mhí. Má fhaigheann an institiúid atá chun na riaráistí a íoc an t-eolas faoin spriocdháta, aistreoidh sí an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na méideanna míchuí. Má théann an spriocdháta in éag, íocfaidh an institiúid sin na riaráistí, gan mhoill, leis an duine lena mbaineann. |
3. |
Má fuair duine cúnamh leasa shóisialaigh i Stát amháin i rith tréimhse a raibh sé i dteideal sochar faoi reachtaíocht Stáit eile, féadfaidh an comhlacht a sholáthair an cúnamh, má tá teideal dlí aige na sochair atá dlite don duine sin a éileamh ar ais, a iarraidh ar institiúid aon Stáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine sin, an méid cúnaimh a íocadh a bhaint as na méideanna a íocfaidh an Stát sin leis an duine sin.
Tá feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le haon duine de theaghlach duine lena mbaineann a fuair cúnamh i gcríoch Stáit i rith tréimhse a raibh an duine árachaithe i dteideal sochar faoi reachtaíocht Stáit eile i leith an duine sin den teaghlach. Institiúid Stáit a d’íoc méid míchuí cúnaimh, seolfaidh sí ráiteas faoin méid atá dlite d’institiúid an Stáit eile, a bhainfidh an méid sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos don nós imeachta fritháirimh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí an méid sin gan mhoill chuig an institiúid a d’íoc an méid míchuí. |
Airteagal SSCI.57
Sochair in airgead tirim nó ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach
1. |
Chun Airteagal SSCI.6 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, ar a dhéanaí 3 mhí tar éis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh nó tar éis an institiúid atá freagrach as na sochair a íoc a shainaithint, déanfaidh an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach ráiteas a tharraingt suas maidir leis an méid a íocadh go sealadach agus seolfaidh sí é chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil.
An institiúid atá aitheanta mar an institiúid atá inniúil as na sochair a íoc, bainfidh sí an méid atá dlite i ndáil leis an íocaíocht shealadach as riaráistí na sochar comhfhreagrach a dhlíonn sí leis an duine lena mbaineann agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach. Más mó méid na sochar a íocadh go sealadach ná méid na riaráistí, nó murab ann do riaráistí, bainfidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil an méid sin as íocaíochtaí leanúnacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta fritháirimh den sórt sin faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach. |
2. |
An institiúid a fuair ranníocaíochtaí go sealadach ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ní aisíocfaidh sí na méideanna atá i gceist leis an duine a d’íoc iad go dtí go bhfionnfaidh sí ón institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil na suimeanna atá dlite di faoi Airteagal SSCI.6(4).
Arna iarraidh sin don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, iarraidh a dhéanfar 3 mhí, ar a dhéanaí, tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte, aistreoidh an institiúid a fuair ranníocaíochtaí sealadacha na ranníocaíochtaí chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid a bhí inniúil don tréimhse sin chun críche an staid a shocrú maidir leis na ranníocaíochtaí atá dlite ag an duine nádúrtha nó dlítheanach di. Na ranníocaíochtaí a aistreofar, meastar go haisghníomhach gur leis an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil a íocadh iad. Más mó méid na ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach ná an méid atá dlite ag an duine dlítheanach nó nádúrtha don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, aisíocfaidh an institiúid a fuair na ranníocaíochtaí sealadacha an méid a ró-íocadh leis an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha lena mbaineann. |
Airteagal SSCI.58
Na costais a bhaineann le fritháireamh
Ní bheidh aon chostas iníoctha i gcás ina n-aisghabhfar an fiach tríd an nós imeachta fritháireamh dá bhforáiltear in Airteagail SSCI.56 agus SSCI.57
ROINN 3
AISGHABHÁIL
Airteagal SSCI.59
Sainmhínithe agus forálacha coiteanna
1. |
Chun críocha na Roinne seo:
|
2. |
Aon iarrataí a dhéantar idir na Stáit, agus aon teachtaireachtaí a bhaineann leo, díreofar iad, go hiondúil, trí institiúidí a ainmneofar. |
3. |
Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta bearta praiticiúla cur chun feidhme, lena n-áirítear, i measc nithe eile, iad siúd a bhaineann le hAirteagal SSCI.4 , agus le híostairseach a shocrú le haghaidh na méideanna a bhféadfar iarraidh ar aisghabháil a dhéanamh ina leith. |
Airteagal SSCI.60
Iarrataí ar fhaisnéis
1. |
Arna iarraidh sin don pháirtí is iarratasóir, cuirfidh an páirtí iarrtha aon fhaisnéis ar fáil a bheadh úsáideach don pháirtí is iarratasóir chun a éileamh a aisghabháil. |
2. |
D’fhonn an fhaisnéis sin a fháil, bainfidh an páirtí iarrtha úsáid as na cumhachtaí dá bhforáiltear faoi na dlíthe, na rialacháin nó na cleachtais riaracháin is infheidhme maidir le héilimh den sórt sin a eascraíonn ina Stát féin. Sonrófar leis an iarraidh ar fhaisnéis ainm, an seoladh is deireanaí atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannú an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha a mbaineann an fhaisnéis a chuirfear ar fáil leis, agus cineál agus méid an éilimh ar ina leith atá an iarraidh á déanamh. |
3. |
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha faisnéis a chur ar fáil:
|
4. |
Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí is iarratasóir ar an eolas faoin údar a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis. |
Airteagal SSCI.61:
Fógra a thabhairt
1. |
Arna iarraidh sin don pháirtí is iarratasóir, tabharfaidh an páirtí iarrtha, i gcomhréir leis na rialacha dlí atá i bhfeidhm maidir le fógraí faoi ionstraimí nó cinntí den sórt sin ina chríoch féin, fógra don seolaí faoi na hionstraimí uile agus faoi na cinntí uile, lena n-áirítear ionstraimí agus cinntí de chineál breithiúnach, a thagann ó Stát an pháirtí is iarratasóir agus a bhaineann le héileamh nó lena aisghabháil. |
2. |
Sonrófar leis an iarraidh ar fhógra ainm agus seoladh an tseolaí lena mbaineann agus aon fhaisnéis eile a bhaineann le céannacht an tseolaí a mbeadh rochtain ag an bpáirtí is iarratasóir uirthi de ghnáth, cineál agus ábhar na hionstraime nó an chinnidh a bhfuil fógra le tabhairt faoi agus, más gá, ainm agus seoladh an fhéichiúnaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an fhéichiúnaí agus leis an éileamh lena mbaineann an ionstraim nó an cinneadh, agus aon fhaisnéis fhóinteach eile. |
3. |
Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí is iarratasóir ar an eolas gan mhoill faoin mbeart a rinneadh mar thoradh ar a iarraidh ar fhógra agus, go háirithe, faoin dáta a cuireadh an cinneadh nó an ionstraim ar aghaidh chuig an seolaí. |
Airteagal SSCI.62
Iarraidh ar aisghabháil
1. |
Arna iarraidh sin don pháirtí is iarratasóir, aisghabhfaidh an páirtí iarrtha éilimh atá faoi réir ionstraim lena gceadaítear forfheidhmiú arna heisiúint ag an bpáirtí is iarratasóir a mhéid a cheadaítear sin leis na dlíthe agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha agus i gcomhréir leo. |
2. |
Ní fhéadfaidh an páirtí is iarratasóir iarraidh a dhéanamh ar aisghabháil ach amháin:
|
3. |
Sonrófar san iarraidh ar aisghabháil an méid seo a leanas:
|
4. |
Beidh dearbhú ón bpáirtí is iarratasóir san iarraidh ar aisghabháil freisin, lena ndaingnítear gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2. |
5. |
Cuirfidh an páirtí is iarratasóir aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar aisghabháil ar aghaidh chuig an bpáirtí iarrtha, a luaithe a thiocfaidh an fhaisnéis sin ar a iúl. |
Airteagal SSCI.63
Ionstraim lena gceadaítear an aisghabháil a fhorfheidhmiú
1. |
I gcomhréir le hAirteagal SSC.64(2) den Phrótacal seo, déanfar an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a fhorfheidhmiú a aithint go díreach agus déileálfar léi go huathoibríoch mar ionstraim lena gceadaítear éileamh de chuid Stát an pháirtí iarrtha a fhorfheidhmiú |
2. |
D’ainneoin mhír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha, féadfar glacadh leis an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a fhorfheidhmiú mar ionstraim lena n-údaraítear forfheidhmiú ar chríoch an Stáit sin, nó féadfar í a aithint mar ionstraim den sórt sin, nó í a fhorlíonadh nó a ionadú le hionstraim den sórt sin.
Laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a fhaighfear an iarraidh ar aisghabháil, féachfaidh an Stát/na Stáit leis an nglacadh, an aithint, an forlíonadh nó an ionadú sin a chur i gcrích, ach amháin i gcásanna ina mbeidh feidhm ag an tríú fomhír den mhír seo. Ní fhéadfaidh na Stáit na bearta seo a dhiúltú más dréachtaithe mar is cuí atá an ionstraim lena gceadaítear forfheidhmiú. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí is iarratasóir ar an eolas faoin údar a bheidh le haon sárú ar an tréimhse 3 mhí. Más rud é go mbeadh aon cheann de na caingne sin ina chúis le díospóid i ndáil leis an éileamh nó leis an ionstraim lena gceadaítear forfheidhmiú arna heisiúint ag an bpáirtí iarrtha, beidh feidhm le hAirteagal SSCI.65 den Iarscríbhinn seo. |
Airteagal SSCI.64
Socruithe agus spriocdháta na h íocaíochta
1. |
Déanfar éilimh a aisghabháil in airgeadra Stát an pháirtí iarrtha. Tarchuirfidh an páirtí iarrtha méid iomlán an éilimh a aisghabhann sé chuig an bpáirtí is iarratasóir. |
2. |
I gcás ina gceadóidh na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm ina Stát féin amhlaidh, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an bpáirtí is iarratasóir, féadfaidh an páirtí iarrtha am breise a thabhairt don fhéichiúnaí chun an t-éileamh a íoc nó féadfaidh sé íocaíocht i dtráthchodanna a údarú. Aon ús a ghearrfaidh an páirtí iarrtha i leith an ama bhreise sin don íocaíocht, tarchuirfear chuig an bpáirtí is iarratasóir é freisin. |
3. |
Ón dáta a aithneofar go díreach an ionstraim lena gceadaítear aisghabháil an éilimh a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal SSCI.63(1), nó ón dáta a ghlacfar, a aithneofar, a fhorlíonfar í nó a ionadófar í i gcomhréir le hAirteagal SSCI.63(2), gearrfar ús as íocaíocht dhéanach faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha agus cuirfear ar ais chuig an bpáirtí is iarratasóir é freisin. |
Airteagal SSCI.65
Conspóid maidir leis an éileamh nó an ionstraim lena gceadaítear aisghabháil an éilimh a fhorfheidhmiú agus conspóid maidir le bearta forfheidhmiúcháin
1. |
Más rud é, i gcúrsa an nós imeachta um aisghabháil, go gconspóideann páirtí leasmhar an t-éileamh nó an ionstraim lena gceadaítearfhorfheidhmiú arna heisiúint i Stát an pháirtí is iarratasóir, déanfaidh an páirtí sin an chaingean a thabhairt os comhair údarás iomchuí Stát an pháirtí is iarratasóir, i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Stát sin. Tabharfaidh an páirtí is iarratasóir fógra don pháirtí iarrtha faoin mbeart seo gan mhoill. Féadfaidh an páirtí leasmhar an páirtí iarrtha a chur ar an eolas faoin gcaingean seo freisin. |
2. |
A luaithe a gheobhaidh an páirtí iarrtha an fógra nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ón bpáirtí is iarratasóir nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorfheidhmiú ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás atá inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí is iarratasóir a mhalairt i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Má mheasann an páirtí iarrtha gur gá sin, agus gan dochar d’Airteagal SSCI.68, féadfaidh sé bearta réamhchúraim a ghlacadh chun aisghabháil a áirithiú a mhéid a cheadaíonn na rialacha nó na rialacháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin na bearta sin i gcás éileamh den tsamhail chéanna.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin agus leis na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Stát féin, féadfaidh an páirtí is iarratasóir a iarraidh ar an bpáirtí iarrtha éileamh atá á chonspóid a aisghabháil, a mhéid a cheadaítear é sin faoi na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha. Má shocraítear an conspóid i bhfabhar an fhéichiúnaí, dlífear ar an bpáirtí is iarratasóir aon suimeanna a aisghabhtar a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha. |
3. |
I gcás ina mbainfidh an chonspóid le bearta forfheidhmiúcháin a rinneadh i Stát an pháirtí iarrtha, tabharfar an chaingean os comhair údarás iomchuí an Stáit sin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin. |
4. |
I gcás inar binse breithiúnach nó riaracháin a bheidh san údarás iomchuí a dtugtar caingean os a chomhair i gcomhréir le mír 1, a mhéid atá cinneadh an bhinse sin fabhrach don pháirtí is iarratasóir agus má cheadaíonn sé aisghabháil an éilimh i Stát an pháirtí is iarratasóir, is ionann an cinneadh sin agus an ‘ionstraim lena gceadaítear forfheidhmiú’ de réir bhrí Airteagail SSCI.62 agus SSCI.63 agus rachaidh aisghabháil an éilimh ar aghaidh ar bhonn an chinnidh sin. |
Airteagal SSCI.66
Teorainneacha a bhfuil feidhm acu maidir le cúnamh
1. |
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha:
|
2. |
Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí is iarratasóir ar an eolas faoin gcúis ar diúltaíodh iarraidh ar chúnamh. |
Airteagal SSCI.67
Tréimhsí teorann
1. |
Rialófar ceisteanna a bhaineann le tréimhsí teorann mar a leanas:
Tosóidh tréimhsí teorann de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha ó dháta an aitheantais dhírigh nó ó dháta an ghlactha, an aitheantais, an fhorlíonta nó na hionadaíochta i gcomhréir le hAirteagal SSCI.63 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
2. |
Maidir le bearta arna nglacadh ag an bpáirtí iarrtha chun éilimh a aisghabháil de bhun iarraidh ar chúnamh, a mbeadh d’éifeacht acu, dá ndéanfadh an páirtí is iarratasóir iad, an tréimhse teorann a fhionraí nó a bhriseadh de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí is iarratasóir, measfar gur glacadh iad sa Stát sin, a mhéid a bhaineann sé leis an éifeacht sin. |
Airteagal SSCI.68
Bearta réamhchúraim
Ar iarraidh réasúnaithe ón bpáirtí is iarratasóir, glacfaidh an páirtí iarrtha bearta réamhchúraim chun aisghabháil an éilimh a áirithiú a mhéid a cheadóidh na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm i Stát an pháirtí iarrtha amhlaidh.
Chun an chéad mhír a chur chun feidhme, tá feidhm mutatis mutandis ag na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail SSCI.62 , SSCI.63, SSCI.65 agus SSCI.66 .
Airteagal SSCI.69
Na costais a bhaineann le haisghabháil
1. |
Aisghabhfaidh an páirtí iarrtha ón duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann aon chostas a thabhóidh sé a bhaineann le haisghabháil, agus coinneoidh sé iad, i gcomhréir le dlíthe agus le rialacháin Stát an pháirtí iarrtha a bhfuil feidhm acu maidir le héilimh den tsamhail chéanna. |
2. |
De ghnáth, beidh cúnamh frithpháirteach a thugtar faoin Roinn seo saor in aisce. I gcás ina gcothóidh aisghabháil fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, áfach, féadfaidh na páirtithe is iarratasóir agus na páirtithe iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist.
Leanfaidh Stát an pháirtí is iarratasóir de bheith faoi dhliteanas Stát an pháirtí iarrtha as aon chostas agus as aon chaillteanas a thabhaítear mar thoradh ar bhearta a measadh a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime a d’eisigh an páirtí is iarratasóir. |
TEIDEAL V
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal SSCI.70
Scrúduithe leighis agus seiceálacha riaracháin
1. |
Gan dochar d’fhorálacha eile, i gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Stát ina bhfuil an institiúid is féichiúnaí, is í institiúid áit chónaithe nó áit fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an scrúdú leighis, arna iarraidh sin don institiúid sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.
Cuirfidh an institiúid is féichiúnaí institiúid na háite fanachta nó cónaithe ar an eolas maidir le haon cheanglais speisialta a bheidh le leanúint, más ga, agus maidir le pointí a bheidh le cumhdach sa scrúdú leighis. |
2. |
Cuirfidh institiúid na háite fanachta nó cónaithe tuarascáil chuig an institiúid is féichiúnaí a d’iarr an scrúdú leighis. Beidh fionnachtana institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe ina gceangal ar an institiúid fhiachach sin.
Coimeádfaidh an institiúid is féichiúnaí an ceart chun an tairbhí a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. Mar sin féin, ní fhéadfar a iarraidh ar an tairbhí filleadh ar Stát na hinstitiúide is féichiúnaí ach amháin má bhíonn ar chumas an táirbhí an turas a dhéanamh gan dochar do shláinte an táirbhí agus má íocann an institiúid is féichiúnaí as costas an taistil agus an lóistín. |
3. |
I gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball de theaghlach an duine sin, ag fanacht nó ina chónaí i gcríoch Stáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid is féichiúnaí lonnaithe, is í institiúid áit chónaithe nó fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an tseiceáil riaracháin, ar iarraidh ón institiúid is féichiúnaí.
Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo. |
4. |
Mar eisceacht ar phrionsabal an chomhair riaracháin fhrithpháirtigh shaor in aisce atá in Airteagal SSC.59(3) den Phrótacal seo, déanfaidh an institiúid is féichiúnaí, a d’iarr ar an institiúid na seiceálacha dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, glanmhéid an chaiteachais a bhí i gceist leis na seiceálacha sin a aisíoc leis an institiúid ar iarradh uirthi iad a dhéanamh. |
Airteagal SSCI.71
Fógraí
1. |
Tabharfaidh na Stáit fógra don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta faoi shonraí na gcomhlachtaí agus na n-eintiteas a shainítear in Airteagal.SSC.1 den Phrótacal seo agus i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal SSCI.1(2 ) den Iarscríbhinn seo, agus faoi shonraí na n-institiúidí arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. |
2. |
Tabharfar céannacht leictreonach i bhfoirm cód céannachta agus seoladh leictreonach do na comhlachtaí a shonraítear i mír 1. |
3. |
Bunóidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta an struchtúr, an t-inneachar agus na socruithe mionsonraithe, lena n-áirítear an fhormáid choiteann agus an tsamhail choiteann, chun na sonraí a shonraítear i mír 1 a fhógairt . |
4. |
Chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta agus íoc as na costais a bhaineann leis sin. |
5. |
Beidh na Stáit freagrach as an bhfaisnéis atá sonraithe i mír 1 a choimeád cothrom le dáta. |
Airteagal SSCI.72
Faisnéis
Ullmhóidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta an fhaisnéis is gá chun a áirithiú gurb eol do na páirtithe lena mbaineann a gcearta agus na foirmiúlachtaí riaracháin is gá d’fhonn iad a dhearbhú. Déanfar an fhaisnéis sin, i gcás inar féidir, a scaipeadh go leictreonach trína foilsiú ar líne ar láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Áiritheoidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta go ndéanfar an fhaisnéis a nuashonrú go rialta agus déanfaidh sé faireachán ar cháilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chustaiméirí.
Airteagal SSCI.73
Comhshó airgeadra
Chun críocha an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne seo, is é an ráta malairte idir dhá airgeadra an ráta tagartha arna fhoilsiú ag an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta. Socróidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta an dáta a chuirfear san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh.
Airteagal SSCI.74
Forálacha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta treoir bhreise a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne seo.
Airteagal SSCI.75
Forálacha eatramhacha maidir le foirmeacha agus doiciméid
1. |
Ar feadh tréimhse eatramhach, a ndéanfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú na Slándála Sóisialta a dáta deiridh a chomhaontú, beidh gach foirm agus gach doiciméad arna n-eisiúint ag na hinstitiúidí inniúla san fhormáid a úsáidfear díreach sula dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm, beidh na foirmeacha agus doiciméid sin bailí chun críocha an Prótacal seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, leanfar dá n-úsáid chun faisnéis a mhalartú idir institiúidí inniúla. Beidh gach foirm agus doiciméad den sórt sin a eisíodh roimh an tréimhse eatramhach sin agus lena linn bailí go dtí go rachaidh siad in éag nó go gcealófar iad. |
2. |
Áirítear na nithe seo a leanas ar na foirmeacha agus ar na doiciméid atá bailí i gcomhréir le mír 1 :
|
Foscríbhinn SSCI-1
SOCRUITHE RIARACHÁIN IDIR DHÁ STÁT NÓ NÍOS MÓ (DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL. SSCI.8 DEN IARSCRÍBHINN SEO)
AN BHEILG – AN RÍOCHT AONTAITHE
Malartú litreacha an 4 Bealtaine agus an 14 Meitheamh 1976 maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (aisíoc chostas na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe leighis a tharscaoileadh)
Malartú litreacha an 18 Eanáir agus an 14 Márta 1977 maidir le hAirteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (comhshocraíocht le haghaidh aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi théarmaí fhorálacha Chaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) arna leasú le malartú litreacha an 4 Bealtaine agus an 23 Iúil 1982 (comhaontú maidir le haisíoc costas a thabhaítear faoi Airteagal 22(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71)
AN DANMHAIRG – AN RÍOCHT AONTAITHE
Malartú Litreacha an 30 Márta agus an 19 Aibreán 1977 arna mhodhnú le Malartú Litreacha an 8 Samhain 1989 agus an 10 Eanáir 1990 ar chomhaontú maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil, na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe leighis a tharscaoileadh
AN EASTÓIN – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 29 Márta 2006 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hEastóine agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagail 36(3) agus 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dá thír faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 seo le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004
AN FHIONLAINN – AN RÍOCHT AONTAITHE
Malartú Litreacha an 1 agus an 20 Meitheamh 1995 maidir le hAirteagail 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais na sochar comhchineáil a aisíoc nó aisíoc na gcostas sin a tharscaoileadh) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) 574/72 (aisíoc chostas na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra a tharscaoileadh)
AN FHRAINC – AN RÍOCHT AONTAITHE
Malartú litreacha an 25 Márta agus an 28 Aibreán 1997 maidir le hAirteagal 105(2) den Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (aisíoc chostas na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra a tharscaoileadh)
Comhaontú an 8 Nollaig 1998 maidir leis na modhanna sonracha chun na méideanna a chinneadh a bheidh le haisíoc i leith sochair chomhchineáil de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72
AN UNGÁIR – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 1 Samhain 2005 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hUngáire agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagail 35(3) agus 41(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 883/2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dá thír faoin Rialachán sin le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004
ÉIRE – AN RÍOCHT AONTAITHE
Malartú litreacha an 9 Iúil 1975 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (comhshocraíocht le haghaidh aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostas na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi théarmaí Chaibidil 1 nó Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) 574/72 (aisíoc chostas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta a tharscaoileadh)
AN IODÁIL – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhshocraíocht a síníodh an 15 Nollaig 2005 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 sa dá thír le héifeacht ón 1 Eanáir 2005
LUCSAMBURG – AN RÍOCHT AONTAITHE
Malartú litreacha an 18 Nollaig 1975 agus an 20 Eanáir 1976 maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (aisíoc chostas na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a tharscaoileadh )
MÁLTA – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 17 Eanáir 2007 idir Údaráis Inniúla Mhálta agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagail 35(3) agus 41(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 883/2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dá thír faoin Rialachán sin le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004
AN ÍSILTÍR – AN RÍOCHT AONTAITHE
An dara habairt d’Airteagal 3 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 12 Meitheamh 1956 maidir le Coinbhinsiún an 11 Lúnasa 1954 a chur chun feidhme
AN PHORTAINGÉIL – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhshocraíocht an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dá thír le héifeacht ón 1 Eanáir 2003
AN SPÁINN – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhaontú an 18 Meitheamh 1999 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil a deonaíodh de bhun fhorálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72
AN tSUALAINN – AN RÍOCHT AONTAITHE
Comhshocraíocht an 15 Aibreán 1997 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostas na sochar comhchineáil) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (aisíoc chostas na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra a tharscaoileadh)
Foscríbhinn SSCI-2
DOICIMÉAD TEIDLÍOCHTA (Airteagal SSC.17 agus Airteagal SSC.25(1) den Phrótacal seo agus Airteagal SSCI.22 den Iarscríbhinn seo)
1. |
Doiciméid teidlíochta a eisítear chun críocha Airteagail SSC.17 agus SSC.25(1) den Phrótacal seo ag institiúidí inniúla na mBallstát, comhlíonfaidh siad Cinneadh Uimh. S2 an 12 Meitheamh 2009 ón gCoimisiún Riaracháin maidir le sonraíochtaí teicniúla an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte. |
2. |
I gcás doiciméid teidlíochta a eisíonn institiúidí inniúil na Ríochta Aontaithe chun críocha Airteagail SSC.17 agus Airteagal SSC.25(1) ag institiúidí inniúla na Ríochta Aontaithe, beidh na sonraí seo a leanas iontu:
|
3. |
Tabharfar fógra gan mhoill don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta maidir le sonraíochtaí teicniúla na ndoiciméad teidlíochta arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe chun éascú d’institiúidí na mBallstát a chuireann na sochair chomhchineáil ar fáil na doiciméid ábhartha a ghlacadh. |
SOCHAIR CHOMHCHINEÁIL A ÉILÍONN COMHAONTÚ ROIMH RÉ (Airteagal SSC.17 agus Airteagal SSC.25(1) den Phrótacal seo)
1. |
Na sochair chomhchineáil atá le soláthar faoi Airteagail SSC.17 agus Airteagal SSC.25(1) den Phrótacal seo, áireofar iontu sochair a sholáthraítear i ndáil le tinnis ainsealacha nó láithreacha chomh maith le toirchis agus luí seoil. |
2. |
Ní chumhdaítear sochair chomhchineáil, lena n-áirítear iad siúd i gcomhar le tinnis ainsealacha nó le breith clainne nó i gcomhar le breith clainne leis na forálacha sin nuair is é cuspóir an fhanachta i Stát eile na cóireálacha seo a fháil. |
3. |
Ní mór aon chóireáil leighis ríthábhachtach nach mbeidh rochtain uirthi ach amháin in aonad speisialaithe liachta nó a thabharfar ag foireann speisialaithe nó trealamh a bheith faoi réir comhaontú roimh ré idir an duine árachaithe agus an t-aonad a chuireann an chóireáil ar fáil d’fhonn a áirithiú go mbeidh an chóireáil ar fáil le linn fhanacht an duine árachaithe i Stát seachas an Stát inniúil nó an ceann cónaithe. |
4. |
Is é seo a leanas liosta neamh-uileghabhálach de na cóireálacha a chomhlíonann na critéir seo:
|
Foscríbhinn SSCI-3
NA STÁIT ATÁ AG ÉILEAMH AISÍOCAÍOCHT CHOSTAS NA SOCHAR COMHCHINEÁIL AR BHONN MÉIDEANNA SOCRAITHE (DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL SSCI.48(1) DEN IARSCRÍBHINN SEO
|
ÉIRE |
|
AN SPÁINN |
|
AN CHIPIR |
|
AN PHORTAINGÉIL |
|
AN tSUALAINN |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
IARSCRÍBHINN SSC-8
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM AIRTEAGAL SSC.11
NA BALLSTÁIT