This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0652
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/652 of 10 February 2021 amending Delegated Regulation (EU) 2017/891 as regards the activities and operational programmes of producer organisations in the fruit and vegetables sector
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/652 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí agus cláir oibriúcháin na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/652 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí agus cláir oibriúcháin na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí
C/2021/595
IO L 135, 21.4.2021, pp. 4–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
21.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 135/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/652 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí agus cláir oibriúcháin na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimhir. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 37(a)(ii) agus (vi), (b), (c)(i) agus (ii) agus (d), Airteagal 173(1)(f), Airteagal 223(2)(a) agus Airteagal 231(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Teideal II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le gníomhaíochtaí agus cláir oibriúcháin na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. |
|
(2) |
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí gníomhaíochtaí áirithe a sheachfhoinsiú. I roinnt Ballstát, is cuideachtaí móra iad na heagraíochtaí táirgeoirí, agus is minic a bhíonn leibhéil éagsúla fochuideachtaí á gcoimeád acu. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir le seachfhoinsiú a athfhoirmliú chun cásanna a chumhdach ina ndéantar na gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chuig eintitis a bhaineann go dlúth leis an táirgeoir. |
|
(3) |
Le blianta beaga anuas, ní teoranta don ghéineas Agaricus atá táirgeadh na mbeacán a thuilleadh. Eagraíochtaí táirgeoirí a bhfuil saindlínse acu i dtáirgeadh beacán, táirgeann siad cineálacha eile beacán saothraithe ar nós Pleurotus, Shiitaké agus Agrocybe, rud a léiríonn riachtanas an mhargaidh agus tnútháin na dtomhaltóirí. Raon feidhme na bhforálacha maidir leis an mbonn lena ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh beacáin atá beartaithe lena bpróiseáil, ba cheart é a leathnú dá bhrí sin chun breis cineálacha beacán saothraithe a chumhdach. |
|
(4) |
I gcomhréir le tograí reachtacha an Choimisiúin le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) amach anseo, tá scéim cabhrach na dtorthaí agus na nglasraí le bheith comhtháthaithe i bpleananna straitéiseacha faoi CBT de chuid na mBallstát amach anseo. Go dtí go nglacfar na tograí sin, leagtar síos forálacha áirithe idirthréimhseacha i leith na mblianta 2021 agus 2022 le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Go háirithe, chun a áirithiú go ndéanfar an scéim cabhrach sin a chomhtháthú go rianúil in CBT amach anseo, maidir le cláir oibriúcháin atá ann cheana in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí nach bhfuil a n-uastréimhse 5 bliana sroichte acu, ní fhéadfar síneadh a chur leo ach go dtí an 31 Nollaig 2022. Thairis sin, ní fhéadfar cláir oibriúcháin nua in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a fhormheas ach ar feadh uastréimhse 3 bliana. Ós rud é go gcaithfidh na cláir oibriúcháin i gceist an straitéis náisiúnta a chomhlíonadh, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit síneadh a chur lena straitéis náisiúnta go dtí an 31 Nollaig 2025. |
|
(5) |
Féadfar an tslánaíocht árachais a fuarthas i gcásanna áirithe ina raibh laghdú ar tháirgeadh a chur san áireamh agus luach an táirgthe mhargaithe á ríomh. Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh maidir leis an uair atá sé le cur san áireamh, eadhon agus luach an táirgthe mhargaithe á ríomh le haghaidh na tréimhse tagartha 12 mhí ina ndéanfar an íocaíocht iarbhír. |
|
(6) |
An caiteachas faoi na cláir oibriúcháin atá incháilithe do chabhair, tá sé le teorannú do na costais a tabhaíodh iarbhír. Chun críche imréiteach chaiteachas na ngníomhaíochtaí agus na mbeart faoi chláir oibriúcháin, áfach, ba cheart an úsáid a bhaineann na Ballstáit as rátaí comhréidhe, scálaí na gcostas aonaid nó cnapshuimeanna a ailíniú leis na rialacha maidir le cláir forbartha tuaithe. |
|
(7) |
I gCaibidil III de Theideal II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, tá rialacha maidir le bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, lena n-áirítear, inter alia, aistarraingtí ón margadh. I dTuarascáil Speisialta Uimh. 23/2019 dar teideal “Cobhsú ioncam na bhfeirmeoirí: sraith chuimsitheach uirlisí, ach ní mór dul i ngleic le glacadh íseal ionstraimí agus le róchúiteamh” an 5 Nollaig 2019 (4), chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa imní in iúl a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe de scéim tharraingt siar na dtorthaí agus na nglasraí, go háirithe i gcás táirgí próiseáilte déanta de tháirgí a tarraingíodh siar, rud as a bhféadfadh róchúiteamh eascairt. Molann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa uasmhéid an chúnaimh airgeadais ón Aontas a shocrú le haghaidh aistarraingtí torthaí agus glasraí próiseáilte lena leithdháileadh saor in aisce d’fhonn aon éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an róchúiteamh a sheachaint. Dá bharr sin, ba cheart é a dhéanamh soiléir sna forálacha maidir le tacaíocht le haghaidh torthaí agus glasraí próiseáilte arna dtarraingt siar ón margadh lena leithdháileadh saor in aisce, go ndearnadh íocaíochtaí le próiseálaithe chun na costais phróiseála, agus na costais sin amháin, a chúiteamh agus ba cheart an róchúiteamh a eisiamh. |
|
(8) |
Ba cheart na rialacha a shoiléiriú maidir le tacaíocht le haghaidh táirgí arna dtarraingt siar ón margadh a bhaineann le cur i bhfeidhm na teorann 5 % de mhéid an táirgthe arna mhargú. |
|
(9) |
Á chur san áireamh go bhfuil sé tábhachtach na hionstraimí atá ann cheana féin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhordú níos fearr agus iad a chomhlánú le gníomhaíochtaí nua i gcás inar gá, ba cheart na forálacha maidir le gníomhaíochtaí árachais buainte a ailíniú leis na rialacha maidir le cláir forbartha tuaithe. |
|
(10) |
D’fhonn an beart cúnaimh theicniúil a dhéanamh níos tarraingtí mar bheart chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, ba cheart na coinníollacha incháilitheachta a bhaineann le faighteoir an chúnaimh theicniúil a mhaolú. |
|
(11) |
Ceanglaítear ar eagraíochtaí táirgeoirí meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme a gclár oibriúcháin. Ós rud é go ndearnadh Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (5) a ionadú, ba cheart an tagairt don Airteagal sin a scriosadh sna rialacha maidir leis an tuarascáil mheastóireachta i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891. |
|
(12) |
Tá roinnt forálacha idirthréimhseacha imithe i léig agus ba cheart iad a bhaint. |
|
(13) |
De bhun Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na meánphraghsanna ualaithe taifeadta don táirgeoir ar thorthaí agus glasraí a chomhfhreagraíonn do thíopaí agus cineálacha na dtáirgí, na méideanna agus na léirithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin. Chun léiriú cruinn a thabhairt ar staid an mhargaidh, ba cheart mionsonraí maidir leis an “tíopa/cineál”, “léiriú/méid” agus “margaí ionadaíocha” a bhaineann le trátaí agus úlla mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin a nuashonrú. Thairis sin, chun an córas fógartha praghais dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a ailíniú a mhéid is féidir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (6), ba cheart liosta na dtáirgí nach mór do na Ballstáit praghsanna a fhógairt ina leith go seachtainiúil don Choimisiúin a laghdú ó 32 tháirge go 16 tháirge. Is comhionann a bheadh an liosta teoranta sin de 16 tháirge le liosta na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891. Ar deireadh, ba cheart an Ríocht Aontaithe a bhaint de liosta na “margaí ionadaíocha”. |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 27, cuirtear isteach mír 6 a leanas: ‘6. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh síneadh a chur lena straitéis náisiúnta go dtí an 31 Nollaig 2025. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i leith an chinnte maidir le síneadh.’; |
|
(4) |
in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Déanfar an caiteachas faoi na cláir oibriúcháin atá incháilithe do chabhair a theorannú do na costais a tabhaíodh iarbhír. Féadfaidh na Ballstáit rátaí comhréidhe caighdeánacha, scálaí na gcostas aonaid nó cnapshuimeanna a shocrú, áfach, ach amháin le haghaidh caiteachas a bhaineann le bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh rátaí comhréidhe, scálaí costas aonaid nó cnapshuimeanna caighdeánacha difreáilte a úsáid chun saintréithe ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil a chur san áireamh.’; |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Féadfaidh na Ballstáit maoiniú náisiúnta breise a dheonú chun tacú le bearta árachais buainte a thairbhíonn den chiste oibriúcháin. Ní bheidh an tacaíocht phoiblí iomlán le haghaidh árachas buainte níos mó ná 80 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag táirgeoirí i gcomhair árachas in aghaidh caillteanas, áfach.”; |
|
(7) |
in Airteagal 51a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Is eagraíocht táirgeoirí aitheanta a bheidh i bhfaighteoir an chúnaimh theicniúil, is é sin grúpa táirgeoirí nó na táirgeoirí aonair, neamhchomhaltaí d’eagraíocht táirgeoirí nó dá gcomhlachais.”; |
|
(8) |
in Airteagal 57(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “Is i bhfoirm tuarascála a bheidh an mheastóireacht sa bhliain roimh an mbliain dheireanach de chur chun feidhme na gclár oibriúcháin.”; |
|
(9) |
in Airteagal 80, scriostar míreanna 2 agus 3; |
|
(10) |
déantar Iarscríbhinní II, III agus VI a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138 25.5.2017, lch. 4).
(3) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).
(4) ECA SR 23/2019 – Tuarascáil Speisialta maidir le Cobhsú ioncam na bhfeirmeoirí: sraith chuimsitheach uirlisí, ach ní mór dul i ngleic le glacadh íseal ionstraimí agus le róchúiteamh – https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=52395
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún i dtaca le faisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III, agus VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 19:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VI: “IARSCRÍBHINN VI Fógra an phraghais dá dtagraítear in Airteagal 55(1)
|