EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0697

Rialachán (AE) 2020/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352, ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t-údarás inniúil in ann solúbthacht a sholáthar i leith thobhach na muirear ar bhonneagar calafoirt i gcomhthéacs ráig COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/15/2020/REV/1

IO L 165, 27.5.2020, p. 7–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/697/oj

27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/7


RIALACHÁN (AE) 2020/697 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352, ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t-údarás inniúil in ann solúbthacht a sholáthar i leith thobhach na muirear ar bhonneagar calafoirt i gcomhthéacs ráig COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tionchar diúltach tromchúiseach á imirt ag ráig COVID-19 ar earnáil an mhuiriompair. Ó thús mhí an Mhárta 2020, tá iarmhairtí tromchúiseacha ann do sheirbhísí muiriompair agus d’úsáid bhonneagair calafoirt agus is dócha gurb amhlaidh a bheidh ann i rith 2020. D’fhéadfadh tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur maidir le híocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt rannchuidiú le hinbhuanaitheacht airgeadais na n-oibreoirí loinge sna himthosca eisceachtúla seo.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na muirir ar bhonneagar calafoirt a thobhach. Le Rialachán (AE) 2017/352, ní dhéantar foráil maidir le haon eisceacht ón oibleagáid muirir a thobhach.

(3)

I bhfianaise dhéine na n-iarmhairtí a bhaineann le ráig COVID-19, is iomchuí a cheadú do chomhlacht bainistíochta calafoirt nó don údarás inniúil a chinneadh, íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt atá dlite i rith na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a iarchur. Mar sin féin, níor cheart, leis an Rialachán seo, cur isteach ar eagrú calafort na mBallstát. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo isteach ar eagrúchán calafoirt na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann an chumhacht chun rialáil a dhéanamh ar ghlacadh cinntí den sórt sin ag comhlachtaí bainistíochta calafoirt nó ag na húdaráis inniúla a choinneáil. Ba cheart tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur ar íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt den sórt sin a dheonú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

(4)

I bhfianaise na práinne, is iomchuí a cheadú freisin do chomhlacht bainistíochta calafoirt, nó don údarás inniúil, maolú ón oibleagáid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/352, maidir le húsáideoirí an bhonneagair chalafoirt a chur ar an eolas faoi na hathruithe i gcineáil nó leibhéil na muirear ar bhonneagar calafoirt ar a laghad dhá mhí sula dtagann na hathruithe sin i bhfeidhm.

(5)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/352, chun freagairt don chás práinne atá cruthaithe ag ráig COVID-19 a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(6)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla arb í ráig COVID-19 ba chúis leo agus lena dtugtar bonn cirt leis na bearta atá beartaithe, agus go sonrach chun na bearta is gá a ghlacadh go tapa chun rannchuidiú le hinbhuanaitheacht airgeadais na n-oibreoirí loinge, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(7)

Le ráig thobann COVID-19 nárbh fhéidir a thuar agus na nósanna imeachta reachtacha is gá chun bearta ábhartha a ghlacadh, chiallaigh sé go raibh sé dodhéanta bearta den sórt sin a ghlacadh in am. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis na muirir ar bhonneagar calafoirt a bhí dlite ar feadh tréimhse roimh a theacht i bhfeidhm. I bhfianaise chineál na bhforálacha sin, níl sárú ar ionchas dlisteanach na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar chur chuige den sórt sin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/352 a leasú dá réir sin.

(9)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/352, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   D’ainneoin Airteagal 13(1), (3) agus (4), féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil a chinneadh íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt atá dlite don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a iarchur. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-urramóidh cinntí den sórt sin na ceanglais a leagtar chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Déanfar tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur íocaíochtaí na muirear ar bhonneagar calafoirt, a dheonú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais na n-úsáideoirí calafoirt ar an eolas dá réir sin. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama dhá mhí dá dtagraítear in Airteagal 13(5).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020.

(2)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).


Top