This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R1292
Regulation (EU) No 1292/2013 of the European Parliament and of the Council of 11 December 2013 amending Regulation (EC) No 294/2008 establishing the European Institute of Innovation and Technology Text with EEA relevance
Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
IO L 347, 20.12.2013, p. 174–184
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 27/05/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R0819
20.12.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
174 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1292/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
De réir na Straitéise 'Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, tá ról tábhachtach ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ("EIT") a rannchuidíonn le roinnt tionscnamh suaitheanta. |
(2) |
Le linn na tréimhse ó 2014 go 2020 ba cheart go rannchuideodh EIT le cuspóirí "Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht" a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1291/2013 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ("Fís 2020"), trí thriantán an ardoideachais, an taighde, agus na nuálaíochta a chomhtháthú. |
(3) |
Chun creat comhleanúnach a áirithiú do rannpháirtithe in "Fís 2020", ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (Rialacha maidir le Rannpháirtíocht) maidir le EIT. |
(4) |
Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le cearta maoine intleachtúla a bhainistiú sna Rialacha maidir le Rannpháirtíocht. |
(5) |
Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le comhlachas tríú tíortha in "Fís 2020". |
(6) |
Ba cheart do EIT fiontraíocht a chothú ina ghníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta. Ba cheart go ndéanfadh sé, go háirithe, oideachas fiontraíochta den scoth a chur chun cinn agus go dtabharfadh sé tacaíocht do bhunú gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí seachthairbheacha. |
(7) |
Ba cheart do EIT dul i ngleic go díreach le hionadaithe náisiúnta agus réigiúnacha agus le geallsealbhóirí eile ón slabhra nuálaíochta ionas go mbeadh iarmhairtí tairbheacha ar an dá thaobh ann. Chun idirphlé agus malartú den sórt sin a dhéanamh níos córasaí, ba cheart go ndéanfaí Fóram Geallsealbhóirí de chuid EIT a bhunú, ina dtabharfaí le chéile an pobal níos leithne de gheallsealbhóirí faoi shaincheisteanna cothrománacha. Ba cheart do EIT freisin gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a dhéanamh lena ndíreofar ar na geallsealbhóirí ábhartha. |
(8) |
Ba cheart do EIT rannpháirtíocht a bheadh cothromúil go cuí a chur chun cinn idir na gníomhairí éagsúla ón triantán eolais atá rannpháirteach sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta ("PENanna"). Thairis sin, ba cheart dó rannpháirtíocht láidir ón earnáil phríobháideach, go háirithe ó mhicrifhiontair/fhiontair bheagmhéide agus mheánmhéide ("FBManna"), a chur chun cinn. |
(9) |
Ba cheart go ndéanfaí raon feidhme ranníocaíocht EIT le PENanna a shainiú agus ba cheart bunús achmhainní airgeadais PENanna a shoiléiriú. |
(10) |
Ba cheart comhdhéanamh chomhlachtaí EIT a shimpliú. Ba cheart feidhmiú Bhord Rialaithe EIT a chuíchóiriú agus ba cheart tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar róil agus ar chúraimí an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóra faoi seach. |
(11) |
Ba cheart go ndéanfaí PENanna nua, lena n-áirítear a réimsí tosaíochta agus eagrú agus uainiú an phróisis roghnúcháin, a sheoladh ar bhonn na módúlachtaí arna sainiú sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, tar éis próiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch a bheith ann. |
(12) |
Ba cheart do PENanna a gcuid gníomhaíochtaí oideachais a leathnú chun an bonn scileanna ar fud an Aontais a fheabhsú trí chúrsaí gairmiúla agus cúrsaí eile iomchuí oiliúna a sholáthar. |
(13) |
Ní mór don Choimisiún agus do EIT oibriú i gcomhar le chéile maidir le faireachán agus meastóireachtaí ar PENanna a eagrú d'fhonn comhchuibheas leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta foriomlán ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh prionsabail shoiléire ann chun faireachán a dhéanamh ar PENanna agus ar EIT. |
(14) |
Ba cheart do PENanna sineirgí a lorg le tionscnaimh ábhartha Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha. |
(15) |
D'fhonn rannpháirtíocht níos leithne eagraíochtaí ó Bhallstáit éagsúla in PENanna a áirithiú, ba cheart eagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunú i dtrí Bhallstát éagsúil ar a laghad. |
(16) |
Ba cheart do EIT agus do PENanna gníomhaíochtaí for-rochtana a fhorbairt agus na cleachtais is fearr a scaipeadh, lena n-áirítear tríd an Scéim Nuálaíochta Réigiúnach. |
(17) |
Ba cheart do EIT na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu a ghlacadh sula seolfar an próiseas roghnúcháin le haghaidh PENanna. |
(18) |
Ba cheart go ndéanfaí tuairim an Choimisiúin maidir le cuspóirí sonracha EIT, mar a shainítear iad in "Fís 2020", agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais, a chur san áireamh i gClár Saothair Tríbhliantúil EIT. |
(19) |
Toisc go dtagann EIT faoi "Fís 2020", bainfidh sé le príomhshruthú chaiteachas an athraithe aeráide mar a shainítear in "Fís 2020". |
(20) |
Ba cheart go bhfaighfí ionchur tráthúil don mheastóireacht ar "Fís 2020" in 2017 agus in 2023 ón meastóireacht ar EIT. |
(21) |
Ba cheart don Choimisiún a ról a neartú maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gnéithe sonracha de ghníomhaíochtaí EIT. |
(22) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán "Fís 2020", arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart go soláthrófaí an ranníocaíocht airgeadais do EIT ó "Fís 2020". |
(23) |
Cé go rabhthas ag súil leis i dtosach, ní bhfaighidh Fondúireacht EIT ranníocaíocht dhíreach ó bhuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta urscaoilte an Aontais leis. |
(24) |
Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart go gcuirfí Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: "Airteagal 3 Misean agus Cuspóirí Is é misean EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu. Déanfaidh sí sin trí shineirgí agus comhar a chur chun cinn idir an ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht den chaighdeán is airde, agus tríd an méid sin a lánpháirtiú, lena n-áirítear trí fhiontraíocht a chothú. Tá Cuspóirí Ginearálta, Cuspóirí Sonracha agus táscairí ar thorthaí de chuid EIT don tréimhse ó 2014 go 2020 sainithe in "Fís 2020".". |
(3) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 5(1) mar a leanas:
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
(7) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: "Airteagal 7a Prionsabail maidir le meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar PENanna Déanfaidh EIT, ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta a leagtar amach, inter alia, i Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus in COSN, agus i gcomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN a eagrú. Tabharfar tuarascáil maidir le torthaí faireacháin agus meastóireachtaí den sórt sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfar iad a phoibliú. Airteagal 7b Ré PEN, leanúint le PEN agus críoch a chur le PEN 1. Faoi réir fhothorthaí an fhaireacháin leanúnaigh agus na meastóireachtaí tráthrialta agus faoi réir saintréithe réimsí ar leith, creat ama idir seacht mbliana agus cúig bliana déag a bheidh ag PEN de ghnáth. 2. Féadfaidh EIT creat-chomhaontú comhpháirtíochta a bhunú le PEN le haghaidh tréimhse tosaigh seacht mbliana. 3. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a socraíodh i dtús báire, laistigh de theorainneacha an imchlúdaigh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19, más sin an bealach is iomchuí chun cuspóirí EIT a bhaint amach. 4. I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí, lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais atá aige a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis an gcomhaontú.". |
(8) |
In Airteagal 8(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
(9) |
Scriostar Airteagal 10. |
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(2): "2. Poibleoidh EIT a rialacha nós imeachta, a sainrialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú dá dtagraítear in Airteagal 7 sula ndéanfar glaonna ar thograí chun na PENanna a roghnú a eisiúint.". |
(11) |
Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: "Airteagal 15 Clárú agus tuairisciú 1. Glacfaidh EIT clár saothair rollach tríbhliantúil, a bheidh bunaithe ar COSN, a luaithe a ghlacfar é, lena mbeidh ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe EIT agus PENanna, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe. Beidh táscairí iomchuí ann freisin chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna agus EIT, agus úsáid á baint as cur chuige dírithe ar thorthaí. Cuirfidh EIT an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig den bhliain a chríochnaíonn dhá bhliain roimh theacht i bhfeidhm an chláir saothair rollaigh thríbhliantúil i dtrácht (bliain N - 2). Tabharfaidh an Coimisiún tuairim i leith chuspóirí sonracha EIT mar a shainítear in "Fís 2020" agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais laistigh de thrí mhí tar éis tíolacadh an chláir oibre. Tabharfaidh EIT aird chuí ar thuairim an Choimisiúin, agus i gcás easaontais tabharfaidh sé údar maith lena seasamh féin. Tarchuirfidh EIT an clár saothair deiridh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, mar eolas. Arna iarraidh sin, cuirfidh an Stiúrthóir an clár oibre deiridh faoi bhráid an choiste fhreagraigh de chuid Pharlaimint na hEorpa; 2. Glacfaidh EIT tuarascáil bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain. Leagfar amach sa tuarascáil na gníomhaíochtaí a reáchtáil EIT agus PENanna i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, leis na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta EIT. Tarchuirfidh EIT an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cuirfidh sí iad ar an eolas uair amháin sa bhliain ar a laghad faoi ghníomhaíochtaí EIT, faoina rannchuidiú le "Fís 2020" agus le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais.". |
(13) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(14) |
Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
(15) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: "Airteagal 19 Gealltanais bhuiséadacha 1. Déantar leis seo an t-imchlúdach airgeadais ó "Fís 2020" chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a shocrú mar EUR 2 711,4 milliún i bpraghsanna reatha. 2. Is é a bheidh sa mhéid sin ná an phríomhthagairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (9). 3. Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais. Soláthrófar ranníocaíocht airgeadais EIT le PENanna faoin imchlúdach airgeadais. |
(16) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
(17) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas
|
(18) |
Scriostar Airteagal 22(4). |
(19) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Airteagal 22a Foirceannadh EIT I gcás ina ndéanfar EIT a fhoirceannadh, déanfar í a leachtú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe le PENanna agus an ionstraim lena mbunaítear Fondúireacht EIT a leagfaidh síos na forálacha iomchuí i gcás den sórt sin.". |
Airteagal 2
Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) IO C 181, 21.6.2012, lch. 122.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear 'Fís 2020' – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i ‘Fís 2020’ – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), Féach leathanach 81 den Iris Oifigiúil seo
(5) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(6) Rialachán (CE) Uimh 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Reachtanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
ROINN 1
COMHDHÉANAMH AN BHOIRD RIALAITHE
1. |
Beidh comhaltaí ceaptha agus comhaltaí ionadaíocha araon ar an mBord Rialaithe. |
2. |
Beidh 12 chomhalta cheaptha ann, arna gceapadh ag an gCoimisiún, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde. Téarma oifige ceithre bliana nach bhféadfar a athnuachan a bheidh acu. Nuair is gá, cuirfidh an Bord Rialaithe togra faoi bhráid an Choimisiúin maidir le comhalta/comhaltaí nua a cheapadh. Roghnófar an t-iarrthóir/na hiarrthóirí ar bhonn toraidh nós imeachta thrédhearcaigh agus oscailte, lena ngabhann comhairliúchán le geallsealbhóirí. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus gheografach agus ar thuiscint ar an timpeallacht ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais. Ceapfaidh an Coimisiún an comhalta/na comhaltaí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus maidir le ceapachán deiridh chomhaltaí sin an Bhoird Rialaithe. I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta ceaptha a théarma oifige a chríochnú, ceapfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, d'fhonn téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú. Féadfaidh an Coimisiún comhalta ionadaíoch, a bhfuil téarma oifige níos lú ná dhá bhliain curtha isteach acu, a athcheapadh le haghaidh tréimhse ceithre bliana breise ar iarratas ón mBord Rialaithe. Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí Boird a ceapadh ar feadh tréimhse sé bliana ar dtús a gcuid téarmaí oifige a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin, beidh 18 gcomhalta cheaptha ann. Laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, roghnóidh an Bord Rialaithe, le formheas an Choimisiúin, aon trian den dáréag comhaltaí a cheapfar in 2012 chun téarma oifige dhá bhliain a chur isteach, agus roghnóidh sé aon trian le haghaidh tréimhse ceithre bliana agus aon trian le haghaidh tréimhse sé bliana. In imthosca eisceachtúla agus bonn cirt cuí leo, chun iontaofacht an Bhoird Rialaithe a choinneáil, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, téarma oifige comhalta den Bhord a fhoirceannadh. |
3. |
Toghfaidh PENanna triúr comhaltaí ionadaíocha óna n-eagraíochtaí comhpháirtíochta. Téarma oifige dhá bhliain ar féidir é a athnuachan uair amháin a bheidh acu. Beidh deireadh lena dtéarma oifige má fhágann siad PEN. Is é an Bord Rialaithe a ghlacfaidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun comhaltaí ionadaíocha a thoghadh agus chun comhaltaí eile a chur ina n-ionad ar bhonn togra ón Stiúrthóir. Leis an sásra seo, áireofar go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar an éagsúlacht agus cuirfear éabhlóid PENanna san áireamh. Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí ionadaíocha a toghadh ar feadh tréimhse trí bliana ar dtús a gcuid téarmaí oifige a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin, beidh ceathrar comhaltaí ionadaíocha ann. |
4. |
Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa EIT, agus cosnóidh siad a spriocanna, a misean, a céannacht,a huathriail agus a comhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach. |
ROINN 2
FREAGRACHTAÍ AN BHOIRD RIALAITHE
Déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe:
(a) |
dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), clár saothair rollach tríbhliantúil, buiséad, cuntais bhliantúla agus clár comhardaithe agus tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta EIT a ghlacadh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir; |
(b) |
critéir agus nósanna imeachta a ghlacadh chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn togra ón Stiúrthóir; |
(c) |
an nós imeachta roghnúcháin maidir le PENanna a ghlacadh; |
(d) |
comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí; |
(e) |
an mheastóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí PENanna a áirithiú; |
(f) |
a rialacha nós imeachta a ghlacadh, rialacha nós imeachta maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais EIT; |
(g) |
táillí cuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shainiú, trí chomhaontú leis an gCoimisiún; déanfar táillí den sórt sin a thagarmharcáil i gcoinne luacha saothair chomhchosúil sna Ballstáit; |
(h) |
nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir a roghnú; |
(i) |
an Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, an Stiúrthóir a bhriseadh as a phost nó as a post, agus údarás araíonachta a fheidhmiú air nó uirthi; |
(j) |
an tOifigeach Cuntasaíochta agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a cheapadh; |
(k) |
cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa; |
(l) |
grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfaidh ré shainithe a bheith acu; |
(m) |
Feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún (1); |
(n) |
beidh sé de chumhacht aige Fondúireacht a bhunú, a mbeidh sé de shainchuspóir aici gníomhaíochtaí EIT a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh; |
(o) |
cinneadh maidir le beartas teanga EIT, agus prionsabail atá ann cheana maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh; |
(p) |
EIT a chur chun cinn ar fud an domhain, d'fhonn a mealltacht a mhéadú agus comhlacht den chéad scoth a dhéanamh di maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht. |
ROINN 3
FEIDHMIÚ AN BHOIRD RIALAITHE
1. |
Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as líon na gcomhaltaí ceaptha. Dhá bhliain a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin. |
2. |
Gan dochar do mhír 3, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. Éileoidh cinntí faoi phointí (a), (b), (c), (i) agus (o) de Roinn 2, agus faoi mhír 1 den Roinn seo tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, áfach. |
3. |
Ní fhéadfaidh na comhaltaí ionadaíocha vóta a chaitheamh ar chinntí faoi phointí (b), (c), (d), (e), (f), (g), (i), (j), (k), (o) agus (p) de Roinn 2.. |
4. |
Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí uile ar a laghad. |
5. |
Beidh an Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Rialaithe. Triúr comhaltaí ceaptha a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an triúr comhaltaí eile seachas an Cathaoirleach as líon chomhaltaí ceaptha an Bhoird Rialaithe. Féadfaidh an Bord Rialaithe cúraimí sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin. |
ROINN 4
AN STIÚRTHÓIR
1. |
Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn EIT. Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ar feadh téarma oifige ceithre bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe síneadh ama ceithre bliana a chur leis an téarma oifige sin aon uair amháin má mheasann sé gur le leas EIT é déanamh amhlaidh. |
2. |
Beidh an Stiúrthóir freagrach as oibríochtaí agus as EIT a bhainistiú ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil uirthi. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí EIT. |
3. |
Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:
|
ROINN 5
FOIREANN EIT
1. |
Is é a bheidh i bhfoireann EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag EIT faoi chonarthaí ar théarma seasta. Beidh feidhm ag coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh maidir leis an Stiúrthóir agus maidir le foireann EIT. |
2. |
Féadfar saineolaithe a thabhairt ar iasacht do EIT ar feadh tréimhse teoranta. Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe a bheidh ar iasacht obair a dhéanamh in EIT agus lena saineofar cearta agus freagrachtaí na saineolaithe sin. |
3. |
Feidhmeoidh EIT, i leith a foirne féin, na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an údarás arna údarú chun na conarthaí lena foireann a chur i gcrích. |
4. |
Féadfar a cheangal ar chomhalta foirne aon damáiste a fhulaingeoidh EIT a shlánú go hiomlán nó go páirteach, i gcás inar damáiste é a rinneadh de thoradh mí-iompair thromchúisigh uaidh nó uaithi i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhain le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas. |
(1) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 357, 31.12.2002, lch. 72).