Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023G0526(01)

Rún on gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: Ag féachaint ar 2025 agus níos faide anonn 2023/C 185/08

ST/9311/2023/INIT

IO C 185, 26.5.2023, p. 35–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

26.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 185/35


Rún on gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: Ag féachaint ar 2025 agus níos faide anonn

(2023/C 185/08)

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,

1.   

MEABHRAÍTEAR DI an cúlra polaitiúil maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo é.

2.   

ATHDHEARBHAÍONN SÍ nach mbeidh Limistéar Eorpach Oideachais ann faoi 2025 ach amháin trí thiomantas láidir polaitiúil na mBallstát agus CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, agus de réir mar is iomchuí le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach, na céimeanna is gá a thabhairt chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach.

3.   

TUGANN SÍ DÁ hAIRE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach (1).

4.   

CUIREANN SÍ I dTREIS go bhfuil an t-oideachas agus an oiliúint, i ngach comhthéacs, ar gach leibhéal agus de gach cineál, ríthábhachtach chun comhtháthú sóisialta, iomaíochas agus fás inbhuanaithe a áirithiú san Aontas Eorpach agus ina Bhallstáit agus chun iad a ullmhú don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus chun tacú leo teacht tríothu. Go háirithe tráth a bhfuil sé ríthábhachtach do shaoránaigh teacht ar shásamh agus dea-bhail phearsanta agus dul in oiriúint do dhúshláin an tsaoil seo atá ag athrú i gcónaí agus páirt bhreise a ghlacadh i saoránacht ghníomhach fhreagrach, CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR a thábhachtaí atá oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil do chách — leanaí agus daoine fásta araon — atá ar ardchaighdeán, cuimsitheach agus cothrom.

5.   

CUIREANN SÍ I dTÁBHACHT gur cheart cur chuige bunaithe ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a bheith mar bhonn taca leis an Limistéar Eorpach Oideachais, agus go gcuimseodh an cur chuige sin córais oideachais agus oiliúna ar bhealach cuimsitheach iomlánaíoch, agus go gcumhdófaí leis teagasc, oiliúint agus foghlaim i ngach comhthéacs, ar gach leibhéal agus de gach cineál, bídís foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil, ó oideachas agus cúram na luath-óige go hoideachas scoile, gairmoideachas agus gairmoiliúint chomh maith leis an ardoideachas agus foghlaim aosach.

6.   

ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur cheart an comhar trasearnála a fheabhsú idir tionscnaimh ábhartha de chuid an Aontais san oideachas agus san oiliúint agus iad siúd i réimsí agus earnálacha beartais gaolmhara — go háirithe an fhostaíocht, an beartas sóisialta, an taighde, an nuálaíocht, an comhshaol agus an óige agus earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus an bunús dlí do na réimsí beartais faoi seach a leagtar amach sna Conarthaí á urramú go hiomlán ag an am céanna. CUIREANN SÍ I dTREIS go gcaithfidh tionscnaimh uile an Aontais i réimse an oideachais agus na hoiliúna a bheith comhordaithe agus comhleanúnach, go háirithe iad siúd a bhaineann le scileanna agus inniúlachtaí.

7.   

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ríthábhachtach don chomhtháthú sóisialta agus do thimpeallacht eacnamaíoch dhea-fheidhmiúil san Aontas Eorpach chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus rath na n-aistrithe glasa agus digiteacha a áirithiú agus chun éagothromaíochtaí sóisialta, réigiúnacha agus eacnamaíocha a laghdú. AITHNÍONN SÍ, dá bhrí sin, go gcuireann an comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint, lena n-áirítear laistigh den chreat straitéiseach, go mór le codanna ábhartha den Seimeastar Eorpach.

8.   

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR a thábhachtaí atá sé sineirgí a chur chun cinn idir an Limistéar Eorpach Oideachais, an Limistéar Eorpach Ardoideachais agus an Limistéar Eorpach Taighde, agus dúbláil acmhainní, struchtúr agus ionstraimí á seachaint ag an am céanna, chomh maith le leas a bhaint as poitéinseal iomlán comhghuaillíochtaí idir na hollscoileanna Eorpacha ina gcuid misean uile, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt dá n-inbhuanaitheacht agus leanúint dá ngné thaighde agus nuálaíochta a neartú, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (2).

9.   

AITHNÍONN SÍ go bhfuil dúshlán á thabhairt do luachanna bunúsacha agus daonlathacha na hEorpa agus go bhfuil an tírdhreach geopholaitiúil athraithe ag fogha gan chúis na Rúise faoin Úcráin. AONTAÍONN SÍ ní hamháin go n-éascaíonn agus go neartaíonn iarrachtaí comhpháirteacha agus comhar trasnáisiúnta san oideachas agus san oiliúint freagairtí an Aontais agus na mBallstát ar na riachtanais atá tagtha chun cinn mar thoradh ar an bhfogha ach go gcuidíonn siad freisin lenár bpríomhluachanna agus ár bpríomhphrionsabail oideachais a threisiú, mar shampla cuimsiú, cothroime, saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach, chomh maith lenár gcomhluachanna agus ár n-aontacht san Aontas.

10.   

CUIREANN SÍ I dTREIS a ríthábhachtaí atá sé na bacainní atá fós ar shoghluaisteacht foghlama agus teagaisc a shainaithint agus a bhaint chun Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach go hiomlán agus chun Eoraip athléimneach, shábháilte, inbhuanaithe agus rathúil a chruthú. Neartaíonn an comhar trasnáisiúnta cuimsitheacht, cothroime, barr feabhais, éagsúlacht, mealltacht agus iomaíochas domhanda an ardoideachais agus na hoiliúna san Eoraip. AONTAÍONN SÍ, dá bhrí sin, gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh aitheantas frithpháirteach uathoibríoch ann san oideachas agus san oiliúint. AONTAÍONN SÍ freisin, gur cheart deiseanna a chur chun cinn chun go mbeidh foghlaimeoirí agus múinteoirí soghluaiste agus chun go mbeidh institiúidí san Eoraip agus níos faide i gcéin in ann comhoibriú le chéile.

11.   

AITHNÍONN SÍ go bhfuil dul chun cinn déanta ó 2017 i leith chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú agus go bhfuil raon leathan beart curtha chun feidhme ar fud an Aontais chun na tosaíochtaí straitéiseacha a leagtar amach sa chreat straitéiseach don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (2021-2030) a bhaint amach. Le tionscnaimh éagsúla agus le comhar agus comhchruthú, tá an Limistéar Eorpach Oideachais á mhúnlú de réir a chéile.

12.   

AONTAÍONN SÍ go mbeidh sé ríthábhachtach díriú ar chur chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, i gcomhthéacs an chreata straitéisigh, i gcomhréir le hinniúlachtaí faoi seach gach leibhéil, agus faireachán láidir a dhéanamh laistigh de na struchtúir atá ann cheana, agus aird chuí á tabhairt ar ualaí riaracháin, don tréimhse atá fágtha den chéad timthriall go dtí 2025.

13.   

CUIREANN SÍ I dTREIS gur bonn iad na cúig thosaíocht straitéiseacha, mar a leagtar amach sa chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (2021-2030), don obair atá le déanamh agus don chomhar Eorpach leanúnach san oideachas agus san oiliúint, lena n-áirítear chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach. AONTAÍONN SÍ gur cheart an próiseas athbhreithniúcháin meántéarma atá ar siúl faoi láthair agus an tuarascáil iomlán ar an Limistéar Eorpach Oideachais atá le foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach in 2025 a bheith dírithe ar na cúig thosaíocht straitéiseacha sin, lena n-áirítear anailís níos doimhne ar na réimsí sonracha a liostaítear thíos.

14.   

AITHNÍONN SÍ na treochtaí dearfacha atá le feiceáil san obair leantach ar spriocanna ar leibhéal an Aontais maidir le roinnt táscairí seanbhunaithe ar nós rannpháirtíocht mhéadaithe in oideachas agus i gcúram na luath-óige, laghdú ar luathfhágáil na scoile agus sciar níos airde de dhaoine óga a bhfuil leibhéal treasach bainte amach acu. Mar sin féin, is léir freisin go bhfuil go leor dúshlán fós ann, go háirithe tionchair an stádais shocheacnamaíoch ar ghnóthachtáil oideachais agus ar dhea-bhail mac agus iníonacha léinn. AONTAÍONN SÍ, dá bhrí sin, gur cheart díriú go háirithe ar an méid seo a leanas a dhéanamh chun Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025:

Feabhas a chur ar chothroime, cuimsiú agus rath do chách san oideachas agus san oiliúint agus ar shealbhú na bpríomhinniúlachtaí, lena n-áirítear bunscileanna, chun forbairt iomlán phearsanta, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil shaoránaigh uile na hEorpa a chumasú;

Gairm na múinteoireachta a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanas múinteoirí; forbairt ghairmiúil, deiseanna soghluaisteachta, dálaí oibre agus dea-bhail múinteoirí a chur chun cinn mar phríomhthosca chun tarraingteacht na gairme a mhéadú;

Deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann ar an tsoghluaisteacht agus soghluaisteacht chuimsitheach, inbhuanaithe agus chothrom a spreagadh san Aontas, lena n-áirítear trí aitheantas frithpháirteach uathoibríoch a bhaint amach san oideachas agus san oiliúint (3);

Foghlaim ar feadh an tsaoil a chothú, foghlaim aosach, uas-sciliú agus athsciliú san áireamh, agus béim ar leith á leagan ar scileanna agus ar inniúlachtaí don aistriú glas agus don aistriú digiteach.

15.   

DÉANFAIDH SÍ A MARANA maidir leis an gcreat straitéiseach agus féachfaidh sí ar athbhreithniú a dhéanamh ar na réimsí tosaíochta agus ar aon choigeartuithe eile is gá a dhéanamh don dara timthriall idir seo agus 2030.

16.   

CUIREANN SÍ I dTREIS go bhfuil sé ríthábhachtach úsáid rathúil a bhaint as an modh oscailte comhordúcháin, tarraingt ón bhfoghlaim fhrithpháirteach, na cleachtais is fearr a chomhroinnt agus, i gcás inarb iomchuí, feabhas a chur ar uirlisí tagartha coiteanna mar shampla DigComp agus GreenComp, chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach.

17.   

AITHNÍONN SÍ go bhféadfadh an tSaotharlann Foghlama maidir le hInfheistíocht a Dhéanamh in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán a bheith ina huirlis áisiúil do na Ballstáit, le húsáid ar bhonn deonach, chun tosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach trí thaighde agus samplaí dea-chleachtais a chur ar fáil maidir le hinfheistíochtaí éifeachtacha agus idirghabhálacha beartais éifeachtacha agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise á chothú ag an am céanna.

18.   

AITHNÍONN SÍ gur féidir, le rialachas athchóirithe agus comhar feabhsaithe ar leibhéal an Aontais, cabhrú leis na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht chun cinn agus oibriú níos dlúithe le chéile chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach. AITHNÍONN SÍ freisin an dul chun cinn atá déanta maidir leis an nGrúpa Ardleibhéil um Oideachas agus Oiliúint a neartú trína ról a athshainiú agus an Bord Comhordúcháin a thabhairt isteach. ADMHAÍONN SÍ gur cruthaíodh go raibh an struchtúr nua rialachais éifeachtúil agus úsáideach le linn géarchéimeanna ar nós COVID-19 agus chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

19.   

AONTAÍONN SÍ, áfach, gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun go mbeifear in ann torthaí a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus le go mbeidh comhroinnt faisnéise agus eolais níos fearr ann idir meithleacha an chreata straitéisigh, foirmíochtaí an Ard-Stiúrthóra agus an Grúpa Ardleibhéil um Oideachas agus Oiliúint chun sineirgí idir an leibhéal teicniúil agus an leibhéal polaitiúil a áirithiú agus an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an gcomhar Eorpach.

20.   

CUIREANN SÍ I dTREIS go bhfuil gá le hidirphlé treisithe agus spriocdhírithe idir an Coiste Oideachais agus an Coiste Fostaíochta agus, más iomchuí agus más ábhartha, idir páirtithe eile a bhfuil baint acu le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

21.   

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur lena n-iarrachtaí an Limistéar Eorpach Oideachais a chomhchruthú, i gcomhar le geallsealbhóirí eile ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach nuair is ábhartha, lena n-áirítear soláthraithe agus institiúidí oideachais agus oiliúna, taighdeoirí, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta. AONTAÍONN SÍ, i ndáil leis an méid sin, gur cheart don Ghrúpa Ardleibhéil tuilleadh plé a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta, na dúshláin atá fós ann agus na forbairtí a bheidh ann amach anseo agus scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil chríochnaitheach maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais in 2025. IARRANN SÍ freisin ar Bhord Comhordúcháin an Ghrúpa Ardleibhéil comhordú a dhéanamh ar ullmhú cláir oibre beartais i réimse an oideachais agus na hoiliúna ar feadh tréimhse 18 mí le go bhformhuineoidh an Grúpa Ardleibhéil um Oideachas agus Oiliúint é, a chuirfear in iúl don Chomhairle.

22.   

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún féachaint ar thogra maidir le Bliain Eorpach na Múinteoirí a ullmhú agus a chur ar aghaidh go tráthúil.

23.   

TATHANTAÍONN SÍ ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an treoir ón gComhairle agus ar na conclúidí agus na rúin ón gComhairle a tháinig roimhe seo maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais mar bhunchloch dá chuid oibre nuair a bheidh an próiseas athbhreithniúcháin meántéarma á héascú in 2023 agus nuair a bheidh an tuarascáil iomlán maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais faoi 2025 á dréachtú, lena n-áirítear an obair ullmhúcháin óna bhféadfadh athbhreithniú de chuid na Comhairle a eascairt ar na spriocanna ar leibhéal an Aontais don dara timthriall roimh 2030.

24.   

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún obair a shaothrú, ag tarraingt ar shaineolas an Bhuanghrúpa um Tháscairí agus Tagarmharcanna, ar thograí le haghaidh táscairí nó spriocanna féideartha ar leibhéal an Aontais i réimsí an chuimsithe agus na cothroime, ghairm na múinteoireachta agus na foghlama ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht, agus tuarascáil a thabhairt don Chomhairle.

25.   

TÁ SÍ AG SÚIL go ndéanfaidh an Coimisiún tuilleadh iarrachtaí i gcomhréir leis na tosaíochtaí straitéiseacha a chomhaontaigh an Chomhairle agus a chumhdóidh an t-oideachas agus an oiliúint i ngach comhthéacs, ar gach leibhéal agus de gach cineál, i ndlúthchomhar leis an gComhairle.


(1)  COM(2022) 700 final.

(2)  IO C 160, 13.4.2022, lch. 1.

(3)  I gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear, (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cúlra polaitiúil

Comhairle an Aontais Eorpaigh

1.

Conclúidí ón gComhairle maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais (IO C 195, 7.6.2018, lch. 7).

2.

Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).

3.

Rún ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le córais oideachais agus oiliúna atá dírithe ar an todhchaí (IO C 389, 18.11.2019, lch. 1).

4.

Rún ón gComhairle maidir le hoideachas agus oiliúint sa Seimeastar Eorpach: díospóireachtaí eolasacha ar athchóirithe agus infheistíochtaí a áirithiú (IO C 64, 27.2.2020, lch. 1).

5.

Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).

6.

Rún ón gComhairle maidir le struchtúr rialachais an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 497, 10.12.2021, lch. 1).

7.

Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (IO C 160, 13.4.2022, lch. 1).

An Coimisiún Eorpach

8.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025] (COM(2020) 625 final).

9.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir leis an dul chun cinn i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach (COM(2022) 700 final).

Top