This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0713
Case T-713/22: Action brought on 14 November 2022 — Portumo Madeira and Others v Commission
Cás T-713/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 — Portumo Madeira agus Páirtithe Eile v an Coimisiún
Cás T-713/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 — Portumo Madeira agus Páirtithe Eile v an Coimisiún
IO C 63, 20.2.2023, p. 54–54
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/54 |
Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 — Portumo Madeira agus Páirtithe Eile v an Coimisiún
(Cás T-713/22)
(2023/C 63/71)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóirí: Portumo — Madeira — Montagem e Manutenção de Tubaria, SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil), Ponticelli — Consultadoria Técnica, SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal), Ponticelli Angoil — Serviços Para a Indústria Petrolífera, SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal) (ionadaithe: M. Muñoz Pérez agus P. Casillas Vázquez, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) — Scéim III (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2020) 8550) a chur ar neamhní; (1) |
|
— |
mar mhalairt air sin, Airteagal 4(1) den Chinneadh atá faoi chonspóid agus an t-ordú aisghabhála ar an gcabhair atá san fhoráil sin a chur ar neamhní; |
|
— |
mar mhalairt air sin, Airteagal 4(1) den Chinneadh atá faoi chonspóid agus an t-ordú aisghabhála ar an gcabhair atá san fhoráil sin a chur ar neamhní, mar gheall ar an modh ríomha mícheart arna úsáid chun bunús na cabhrach a chinneadh; |
|
— |
a ordú don Institiúid is cosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Chinneadh ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2007 i gCás N421/2006, ar Chinneadh ón gCoimisiún an 2 Iúil 2013 i gCás SA.34160 (2011/N), ar Threoirlínte maidir le Cabhair Naisiúnta Réigiúnach i gcóir 2007-2013 agus ar Airteagail 107(3)(a), 21, 45, 49, 54 agus 56 CFAE mar gheall go ndearna an Coimisiún léiriú ar an gcoincheap “gníomhaíochtaí arna ndéanamh go hiarbhír agus go hábhartha i Maidéara” agus “cruthú agus coinneáil post sa réigiún” ar bhealach sriantach.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 107(3)(a) CFAE ó tharla nár dearbhaíodh go díreach go raibh an scéim cabhrach comhoiriúnach ar an mbunús céanna.
An tríú saincheist dlí, mar mhalairt air sin, lena n-éilítear neamhbhailíocht Airteagal 4(1) den Chinneadh atá faoi chonspóid, a mhéid go ndéantar sárú leis an ordú aisghabhála atá san fhoráil sin ar Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2015/1589, ós rud é go bhfuil sé ar neamhréir le prionsabail ghinearálta an ionchais dhlisteanaigh agus na deimhneachta dlíthiúla.
An ceathrú saincheist dlí, mar mhalairt air sin, lena n-éilítear neamhbhailíocht Airteagal 4(1) den Chinneadh atá faoi chonspóid a mhéid atá ríomh bhunús cánach an státchabhair líomhnaithe mícheart.