This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TB0709
Case T-709/21: Order of the General Court of 7 December 2022 — WhatsApp Ireland v European Data Protection Board (Action for annulment — Protection of personal data — Draft decision of the lead supervisory authority — Resolution of disputes between supervisory authorities by the European Data Protection Board — Binding decision — Article 60(4) and Article 65(1)(a) of Regulation (EU) 2016/679 — Act not open to challenge — Preparatory act — Lack of individual concern)
Cás T-709/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – WhatsApp Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (Caingean le haghaidh neamhniú – sonraí pearsanta a chosaint – Dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás – Réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí – Cinneadh ceangailteach – Airteagal 60(4) agus Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Gníomh ullmhúcháin – Easpa cúraim dhírigh)
Cás T-709/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – WhatsApp Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (Caingean le haghaidh neamhniú – sonraí pearsanta a chosaint – Dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás – Réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí – Cinneadh ceangailteach – Airteagal 60(4) agus Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Gníomh ullmhúcháin – Easpa cúraim dhírigh)
IO C 63, 20.2.2023, p. 48–48
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/48 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – WhatsApp Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
(Cás T-709/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - sonraí pearsanta a chosaint - Dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás - Réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí - Cinneadh ceangailteach - Airteagal 60(4) agus Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 - Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc - Gníomh ullmhúcháin - Easpa cúraim dhírigh)
(2023/C 63/62)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: WhatsApp Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: H.-G. Kamann, F. Louis, A. Vallery, Dlíodóirí, P. Nolan, B. Johnston, C. Monaghan, Aturnaetha, P. Sreenan, D. McGrath, SC, C. Geoghegan agus E. Egan McGrath, Abhcóidí)
Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (ionadaithe: I. Vereecken agus G. Le Grand, Gníomhairí, le cúnamh ó G. Ryelandt, E. de Lophem agus P. Vernet, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ceangailteach 1/2021 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí an 28 Iúil 2021, a bhaineann leis an díospóid idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann a d’eascair as an dréachtchinneadh maidir le Whatsapp arna dhréachtú ag an Data Protection Commission (údarás maoirseachta um chosaint sonraí pearsanta do dhaoine nádúrtha, Éire) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha. |
|
2) |
Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar na hiarrataí ar idiragairt ó Phoblacht na Fionlainne, ón gCoimisiún Eorpach, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ón Computer & Communication Industry Association, ná maidir leis na hiarrataí ar rúndacht a ba chúis leo. |
|
3) |
Ordaítear do WhatsApp Ireland Ltd a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, cé is moite de na costais a bhaineann leis na hiarrataí ar idiragairt, a íoc. |
|
4) |
Ordaítear don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, Poblacht na Fionlainne, an Coimisiún, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus Computer & Communication Industry Association faoi seach a gcostas féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc. |