This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0490
Case T-490/21: Judgment of the General Court of 14 December 2022 — Vanhoudt v EIB (Civil service — EIB staff — Recruitment — Vacancy notice — Rejection of application — Appointment of another candidate — Obligation to state reasons — Irregularity in the recruitment procedure — Manifest error of assessment — Liability)
Cás T-490/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Vanhoudt v BEI (Seirbhís Shibhialta – Baill foirne BEI – Earcaíocht – Fógra folúntais – Diúltú d’iarratas – Ceapadh iarrthóra eile – Oibleagáid cúiseanna a lua – Sárú nós imeachta earcaíochta – Earráid fhollasach measúnaithe – Dliteanas)
Cás T-490/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Vanhoudt v BEI (Seirbhís Shibhialta – Baill foirne BEI – Earcaíocht – Fógra folúntais – Diúltú d’iarratas – Ceapadh iarrthóra eile – Oibleagáid cúiseanna a lua – Sárú nós imeachta earcaíochta – Earráid fhollasach measúnaithe – Dliteanas)
IO C 63, 20.2.2023, p. 41–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/41 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Vanhoudt v BEI
(Cás T-490/21) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Baill foirne BEI - Earcaíocht - Fógra folúntais - Diúltú d’iarratas - Ceapadh iarrthóra eile - Oibleagáid cúiseanna a lua - Sárú nós imeachta earcaíochta - Earráid fhollasach measúnaithe - Dliteanas)
(2023/C 63/51)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Patrick Vanhoudt (Gonderange, Lucsamburg) (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, G. Faedo agus K. Carr, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Dal Ferro, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE agus ar Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go neamhnófaí cinneadh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) an 16 Nollaig 2020, lenar dhiúltaigh an Banc sin a iarratas ar phost 6/5-D/E, agus an cinneadh lenar ceapadh an t-iarrthóir a fuair an post sin agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofar an damáiste a líomhnaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar na cinntí sin.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do M. Patrick Vanhoudt na costais a íoc. |