Alegeți funcționalitățile experimentale pe care doriți să le testați

Acest document este un extras de pe site-ul EUR-Lex

Document 62021TA0358

Cás T-358/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Hotel Cipriani v EUIPO – Altunis (CIPRIANI FOOD) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CIPRIANI FOOD” – Fíorúsáid a bhaint as an trádmharc – Cineál úsáide – Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Tábhacht a bhaineann le húsáid – Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán 2017/1001)

IO C 63, 20.2.2023, p. 40-40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/40


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Hotel Cipriani v EUIPO – Altunis (CIPRIANI FOOD)

(Cás T-358/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CIPRIANI FOOD” - Fíorúsáid a bhaint as an trádmharc - Cineál úsáide - Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Tábhacht a bhaineann le húsáid - Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán 2017/1001)

(2023/C 63/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hotel Cipriani SpA (an Veinéis, an Iodáil) (ionadaithe: M. Rieger-Jansen, D. Op de Beeck agus W. Pors, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Altunis-Trading, Gestão e Serviços, Sociedade unipessoal, Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: M. Pomares Caballero, E. Salis agus T. Barber Giner, Dlíodóirí)

Maidir le

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Aibreán 2021 ar neamhní (Cás R 1599/2020-4).

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Hotel Cipriani SpA a chostais féin agus i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Altunis-Trading, Gestão e Serviços, Sociedade unipessoal, Lda a íoc.


(1)  IO C 338, 23.8.2021.


Sus