This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0296
Case T-296/21: Judgment of the General Court of 14 December 2022 — SU v EIOPA (Civil service — Members of the temporary staff — Contract for a fixed period — Non-renewal — Renewal procedure — Taking into account of appraisal reports — Non-finalised appraisal report — Liability — Material damage — Loss of opportunity — Non-material damage — Unlimited jurisdiction — Implementation of a judgment of the General Court)
Cás T-296/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – SU v ÚEÁPC (Státseirbhís – Gníomhairí sealadacha – Conradh ar théarma seasta – Neamh-athnuachan – Próiseas athnuachana – Tuarascálacha meastóireachta a bhreithniú – Tuarascáil mheastóireachta neamhchríochnaithe – Cuntasacht – Damáiste airgid – Deis a chailleadh – Damáiste neamhábhartha – Dlínse neamhtheoranta – Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a fhorghníomhú)
Cás T-296/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – SU v ÚEÁPC (Státseirbhís – Gníomhairí sealadacha – Conradh ar théarma seasta – Neamh-athnuachan – Próiseas athnuachana – Tuarascálacha meastóireachta a bhreithniú – Tuarascáil mheastóireachta neamhchríochnaithe – Cuntasacht – Damáiste airgid – Deis a chailleadh – Damáiste neamhábhartha – Dlínse neamhtheoranta – Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a fhorghníomhú)
IO C 63, 20.2.2023, pp. 37–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/37 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – SU v ÚEÁPC
(Cás T-296/21) (1)
(Státseirbhís - Gníomhairí sealadacha - Conradh ar théarma seasta - Neamh-athnuachan - Próiseas athnuachana - Tuarascálacha meastóireachta a bhreithniú - Tuarascáil mheastóireachta neamhchríochnaithe - Cuntasacht - Damáiste airgid - Deis a chailleadh - Damáiste neamhábhartha - Dlínse neamhtheoranta - Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a fhorghníomhú)
(2023/C 63/46)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SU (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ionadaithe: C. Coucke agus E. Karatza, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar dtús, go gcuirfí cinneadh ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 15 Iúil 2020 nach ndearna a chonradh a athnuachan agus, a mhéid is gá, cinneadh an 11 Feabhra 2021 lenar dhiúltaigh ÚEÁPC dá ghearán, ar neamhní agus, anuas air sin, ar chúiteamh as an damáiste airgid agus neamhábhartha a líomhnaítear go bhfulaingíodh dá bharr.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear cinneadh ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 15 Iúil 2020 nach ndearna conradh SU mar ghníomhaire sealadach a athnuachan ar neamhní. |
|
2) |
Cuirtear cinneadh ó ÚEÁPC an 11 Feabhra 2021 lenar diúltaíodh do ghearán SU ar neamhní. |
|
3) |
Ordaítear do ÚEÁPC EUR 10 000 a íoc mar chúiteamh ar an damáiste airgid a rinneadh do SU. |
|
4) |
Ordaítear do ÚEÁPC EUR 5 000 a íoc mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a rinneadh do SU. |
|
5) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
|
6) |
Ordaítear do ÚEÁPC na costais a íoc. |