Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0781

Cás C-781/22 P: Achomharc arna thabhairt an 23 Nollaig 2022 ag LE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 26 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-475/20, LE v an Coimisiún

IO C 63, 20.2.2023, pp. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/25


Achomharc arna thabhairt an 23 Nollaig 2022 ag LE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 26 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-475/20, LE v an Coimisiún

(Cás C-781/22 P)

(2023/C 63/32)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: LE (ionadaí: M. Straus, advocaat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar leataobh ar bhonn iarratais ar neamhniú breithiúnas eile a bhaineann leis an díospóid i ndáil leis an gCinneadh C(2020)3988 final;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh imeachtaí breise maidir le pléadálacha agus agóidí arna ndéanamh ag LE, thar ceann a pháirtithe lena mbaineann chomh maith, i gcoinne agus i ndáil leis an gCinneadh atá faoi chonspóid;

Mar mhalairt air sin

breithiúnas idirbhreitheach a rialú nó a ghlacadh i ndiaidh éisteacht le finnéithe nó fianaise a sholáthar a thacaíonn leis an gcás sula ndéantar na príomhéilimh a bhreithniú;

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar leataobh ar bhonn iarratais ar neamhniú breithiúnas eile a bhaineann leis an díospóid i ndáil leis an gCinneadh C(2020)3988 final, agus dá ndéanfadh an Chúirt breithniú amhlaidh, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh imeachtaí breise maidir le pléadálacha agus agóidí i gcoinne agus i ndáil leis an gCinneadh atá faoi chonspóid;

Nó mar mhalairt air sin

breithniú a dhéanamh nó cibé bearta eile a ghlacadh a mheasfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a bheith cóir agus iomchuí.

Saincheist nós imeachta

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí sin a íoc, lena n-airítear táillí an dlíodóra.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí, agus tá roinnt codanna ag cuid acu. Leis na saincheisteanna sin, áitíonn LE go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc:

trína measúnú a bhunú ar shubstaint an chinnidh atá faoi chonspóid ar an ráiteas agóidí a chuir an Coimisiún Eorpach ar fáil;

trí rialacha fianaise atá ró-dhian agus mícheart a chur i bhfeidhm ar chinntí;

trí athbhreithniú breithiúnach atá le déanamh ag an gCúirt Ghinearálta a theorannú a mhéid is féidir;

trí mhainneachtain aird a thabhairt ar na critéir dlí is infheidhme maidir le prionsabail nós imeachta dlí agus neamhaird a thabhairt ar phrionsabail dlí, amhail imeachtaí sáraíochta, prionsabail na córa comhionainne, dea-riaracháin, ionchais dhlisteanacha agus cásdlí i bhfabhar an iarratasóra;

trína bhraith ar fhianaise líomhnaithe nár cuireadh ar fáil don iarratasóir ná nár cuireadh faoi bhráid an iarratasóra roimh ghlacadh an chinnidh ag an gCoimisiún.


Top