This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0663
Case C-663/22: Request for a preliminary ruling from the Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (Italy) lodged on 19 October 2022 — Expedia Inc. v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
Cás C-663/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 19 Deireadh Fómhair 2022 — Expedia Inc. v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
Cás C-663/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 19 Deireadh Fómhair 2022 — Expedia Inc. v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
IO C 63, 20.2.2023, p. 14–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 19 Deireadh Fómhair 2022 — Expedia Inc. v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
(Cás C-663/22)
(2023/C 63/19)
Teanga an chais: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Expedia Inc.
Cosantóir: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcuirtear cosc le Rialachán (AE) 2019/1150 (1) agus, go háirithe, le hAirteagal 15 de, agus le prionsabal na comhréireachta, ar reachtaíocht Ballstáit nó ar bheart arna ghlacadh ag údarás náisiúnta neamhspleách — amhail iad siúd dá dtagraítear i bhforais an ordaithe tarchuir – lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála eachtracha ar líne faisnéis a nochtadh nach mbaineann le cuspóir an rialacháin sin? |
|
2) |
Más rud é, in aon chás, an féidir a mheas go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar trí IES (Informativa economica di sistema – Córas Faisnéis Eacnamaíoch) a tharchur ábhartha agus ríthábhachtach chun Rialachán (AE) 2019/1150 a chur chun feidhme go cuí agus go héifeachtach? |
(1) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn le haghaidh úsáideoirí gnó seirbhísí idirghabhála ar líne (IO 2019 L 186, lch. 57).