Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0098

Cás C-98/22: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Paris – an Fhrainc) – Eurelec Trading SCRL, Scabel SA v Ministre de l’Économie et des Finances (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Airteagal 1(1) – An coincheap “ábhair shibhialta agus tráchtála” – Caingean arna tabhairt ag údarás poiblí chun dearbhú a fháil go bhfuil cleachtais shriantacha frithiomaíochta ann, ordú a fháil lena bhforchuirtear pionós maidir leis na cleachtais sin agus ordú a fháil go gcuirfear deireadh leis na cleachtais sin)

IO C 63, 20.2.2023, pp. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/10


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Paris – an Fhrainc) – Eurelec Trading SCRL, Scabel SA v Ministre de l’Économie et des Finances

(Cás C-98/22) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála - Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - Airteagal 1(1) - An coincheap “ábhair shibhialta agus tráchtála” - Caingean arna tabhairt ag údarás poiblí chun dearbhú a fháil go bhfuil cleachtais shriantacha frithiomaíochta ann, ordú a fháil lena bhforchuirtear pionós maidir leis na cleachtais sin agus ordú a fháil go gcuirfear deireadh leis na cleachtais sin)

(2023/C 63/13)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d'appel de Paris

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Eurelec Trading SCRL, Scabel SA

Cosantóir: Ministre de l’Économie et des Finances

Tríú páirtithe: Groupement d’achat des centres Édouard Leclerc (GALEC), Association des centres distributeurs Édouard Leclerc (ACDLEC),

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní áirítear sa choincheap “ábhair shibhialta agus tráchtála”, de réir bhrí na forála sin, caingean arna tabhairt ag údarás poiblí de chuid Ballstáit i gcoinne cuideachtaí atá bunaithe i mBallstát eile chun dearbhú a fháil go bhfuil cleachtais shriantacha frithiomaíochta ann, ordú a fháil lena bhforchuirfear pionós maidir leis na cleachtais sin agus ordú a fháil go gcuirfear deireadh leis na cleachtais sin i ndáil le soláthróirí atá bunaithe sa chéad Bhallstát, i gcás ina bhfeidhmíonn an t-údarás poiblí sin cumhachtaí chun imeachtaí breithiúnacha a thabhairt nó cumhachtaí imscrúdaithe nach dtagann faoi na gnáthrialacha dlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir leis na caidrimh idir daoine aonair.


(1)  IO C 198 an 16.05.2022


Top