This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0404
Case C-404/21: Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 22 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Tribunale ordinario di Asti — Italy) — WP v Istituto nazionale della previdenza sociale, Repubblica italiana (Reference for a preliminary ruling — European Central Bank (ECB) staff members — Transfer of pension rights acquired in a national pension scheme to the ECB pension scheme — Article 4(3) TEU — Principle of sincere cooperation — ECB Conditions of Employment — Article 8 of Annex IIIa — No provision of national law or agreement between the Member State concerned and the ECB)
Cás C-404/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Ordinario di Asti – an Iodáil) – WP v Istituto nazionale della previdenza sociale, Poblacht na hIodáile (Tarchur chun réamhrialú – Foireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) – Cearta pinsin arna bhfáil i scéim pinsean náisiúnta a aistriú chuig scéim phinsin BCE – Airteagal 4(3) CAE – Prionsabal an chomhair dhílis – Coinníollacha fostaíochta BCE – Airteagal 8 d’Iarscríbhinn IIIa – Easpa forála sa dlí náisiúnta ná comhaontaithe arna dhréachtú idir an Ballstát lena mbaineann agus BCE)
Cás C-404/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Ordinario di Asti – an Iodáil) – WP v Istituto nazionale della previdenza sociale, Poblacht na hIodáile (Tarchur chun réamhrialú – Foireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) – Cearta pinsin arna bhfáil i scéim pinsean náisiúnta a aistriú chuig scéim phinsin BCE – Airteagal 4(3) CAE – Prionsabal an chomhair dhílis – Coinníollacha fostaíochta BCE – Airteagal 8 d’Iarscríbhinn IIIa – Easpa forála sa dlí náisiúnta ná comhaontaithe arna dhréachtú idir an Ballstát lena mbaineann agus BCE)
IO C 63, 20.2.2023, pp. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Ordinario di Asti – an Iodáil) – WP v Istituto nazionale della previdenza sociale, Poblacht na hIodáile
(Cás C-404/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Foireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) - Cearta pinsin arna bhfáil i scéim pinsean náisiúnta a aistriú chuig scéim phinsin BCE - Airteagal 4(3) CAE - Prionsabal an chomhair dhílis - Coinníollacha fostaíochta BCE - Airteagal 8 d’Iarscríbhinn IIIa - Easpa forála sa dlí náisiúnta ná comhaontaithe arna dhréachtú idir an Ballstát lena mbaineann agus BCE)
(2023/C 63/08)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Ordinario di Asti
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: WP
Cosantóirí: Istituto nazionale della previdenza sociale, Poblacht na hIodáile
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagail 45 agus 48 CFAE, Airteagal 11(2) d’Iarscríbhinn VIII le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 8(a) d’Iarscríbhinn IIIa de Cinneadh an Bhainc Cheannais Eorpaigh an 9 Meitheamh 1998, maidir le glacadh coinníollacha fostaíochta fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh, arna leasú an 31 Márta 1999, ní mór léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leo, ina éagmais comhaontaithe arna dhréachtú idir an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Ballstát lena mbaineann, ar reachtaíocht ná ar chleachtas riaracháin an Bhallstáit sin nach gceadaíonn ball foirne BCE aistriú chuig scéim phinsin BCE méid a fhreagraíonn do theidlíochtaí pinsin a fuarthas ó le scéim pinsean an Bhallstáit sin. Mar sin féin, ceanglaítear le hAirteagal 4(3) CAE, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear san fhoráil sin, nach mór do Bhallstát atá molta ag BCE comhaontú a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(a) d’Iarscríbhinn IIIa maidir le cearta pinsin a bhfaightear ag baill foirne BCE ó scéim pinsin an Bhallstáit sin a aistriú chuig scéim pinsin BCE, páirt a ghlacadh, ar bhonn gníomhach agus de mheon macánta sa chaibidlíocht arb é is aidhm di comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích le BCE tar éis tús a chur leis an gcaibidlíocht. |
|
2) |
Ní mór dlí an Aontais a léiriú sa chaoi nach n-údaraítear do chúirt Ballstáit ar thug ball foirne den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh os a comhair a ordú go n-aistreofaí cearta pinsin a fuair an duine lena mbaineann faoi scéim pinsin an Bhallstáit sin chuig scéim pinsin BCE, in éagmais foráil den dlí náisiúnta nó de chomhaontú, arna thabhairt i gcrích idir an Ballstát lena mbaineann agus BCE, lena bhforáiltear d’aistriú den sórt sin. Ar an taobh eile, más rud é, mar thoradh ar shárú ag an mBallstát sin ar a oibleagáid, a eascraíonn as prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE, páirt a ghlacadh, ar bhonn gníomhach agus de mheon macánta sa chaibidlíocht le BCE d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le cearta pinsin a aistriú, nach bhfuil an ball foirne BCE in ann na cearta pinsin a fuair sé faoi scéim pinsin an Bhallstáit sin a aistriú chuig scéim pinsin BCE, ceanglaítear leis an bhforáil sin go ndéanfaidh cúirt den sórt sin na bearta go léir dá bhforáiltear leis na rialacha nós imeachta náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta an oibleagáid sin. |