This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0332
Case C-332/21: Judgment of the Court (Tenth Chamber) of 22 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Tribunalul Bucureşti — Romania) — Quadrant Amroq Beverages SRL v Agenția Națională de Administrare Fiscală — Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili (Reference for a preliminary ruling — Harmonisation of fiscal legislation — Directive 92/83/EEC — Harmonisation of the structures of excise duties on alcohol and alcoholic beverages — Excise duty — Ethyl alcohol — Exemptions — Article 27(1)(e) — Production of flavours for the preparation of foodstuffs and non-alcoholic beverages with an alcohol strength not exceeding 1,2 % volume — Scope — Principles of proportionality and effectiveness)
Cás C-332/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Bucureşti – an Rómáin) – Quadrant Amroq Beverages SRL v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili (Tarchur chun réamhrialú – Comhchuibhiú dlí cánach – Treoir 92/83/CEE – Struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú – Dleachtanna máil – Alcól eitile – Díolúintí – Airteagal 27(1)(e) – Táirgeadh blastán atá beartaithe le haghaidh ullmhú earraí bia agus deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1,2 % d'ábhar alcóil de réir toirte acu – Raon feidhme – Prionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta)
Cás C-332/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Bucureşti – an Rómáin) – Quadrant Amroq Beverages SRL v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili (Tarchur chun réamhrialú – Comhchuibhiú dlí cánach – Treoir 92/83/CEE – Struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú – Dleachtanna máil – Alcól eitile – Díolúintí – Airteagal 27(1)(e) – Táirgeadh blastán atá beartaithe le haghaidh ullmhú earraí bia agus deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1,2 % d'ábhar alcóil de réir toirte acu – Raon feidhme – Prionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta)
IO C 63, 20.2.2023, p. 4–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Bucureşti – an Rómáin) – Quadrant Amroq Beverages SRL v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili
(Cás C-332/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhchuibhiú dlí cánach - Treoir 92/83/CEE - Struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú - Dleachtanna máil - Alcól eitile - Díolúintí - Airteagal 27(1)(e) - Táirgeadh blastán atá beartaithe le haghaidh ullmhú earraí bia agus deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1,2 % d'ábhar alcóil de réir toirte acu - Raon feidhme - Prionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta)
(2023/C 63/05)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Bucureşti
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Quadrant Amroq Beverages SRL
Cosantóir: Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992, maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú, ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas: tagann alcól eitile a úsáidtear chun blastáin a tháirgeadh a úsáidtear ina seal ina dhiaidh sin le haghaidh ullmhú deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1,2 % d'ábhar alcóil de réir toirte acu, agus alcól eitile a úsáideadh cheana chun blastáin den sórt sin a tháirgeadh, faoin díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83, ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas: i gcás inar scaoileadh alcól eitile lena thomhailt i mBallstát ina bhfuil sé díolmhaithe ó dhleacht mháil, ar an bhforas gur úsáideadh é chun blastáin a tháirgeadh atá beartaithe le haghaidh ullmhú deochanna neamh-mheisciúla nach bhfuil níos mó ná 1,2 % d'ábhar alcóil de réir toirte acu, agus go ndéanfar é a mhargú i mBallstát eile ansin, ceanglófar ar an mBallstát sin an t-alcól eitile sin a chóireáil ar an mbealach céanna ina chríoch, ar an bhforas gur chuir an chéad Bhallstát an díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin i bhfeidhm i gceart agus nach bhfuil aon fhianaise imghabhála, seachanta nó mí-úsáide ann. |
|
3) |
Maidir le hAirteagal 27(1)(e) de Threoir 92/83, ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas: cuirtear bac leis ar reachtaíocht Ballstáit a dheonaíonn d’oibreoir eacnamaíoch a dhéanann margaíocht ar tháirgí a cheannaítear ina chríoch ó dhíoltóir atá suite i gcríoch Ballstáit eile inar monaraíodh iad, ina ndearnadh iad a scaoileadh lena dtomhailt agus a dhíolmhaíodh ó dhleacht mháil i gcomhréir leis an bhforáil sin, tairbhe na díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin ar choinníoll gur coinsíní cláraithe é an t-oibreoir sin agus go bhfuil stádas coimeádaí údaraithe stórais ag an díoltóir, mura léir ó fhianaise shonrach, oibiachtúil agus infhíoraithe go bhfuil na coinníollacha sin riachtanach chun cur i bhfeidhm ceart agus díreach na díolúine sin a áirithiú agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid a chosc. |