This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Ecodesign requirements – off mode, standby mode and networked standby energy consumption of electrical and electronic household and office equipment
Ceanglais éicidhearthóireachta — ídiú leictreachais móid as, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach
Ceanglais éicidhearthóireachta — ídiú leictreachais móid as, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach
Tá sé mar aidhm leis an rialachán teorainn a chur leis an tionchar comhshaoil maidir le trealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE) trí shraith rialacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009.
Tá sé i bhfeidhm ón 09 Bealtaine 2025. Tá Airteagal 6(1) i bhfeidhm ón 8 Bealtaine 2023, áfach.
Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ní mór don Choimisiún na ceanglais sin a leagan síos le haghaidh táirgí a dhíoltar agus a dhéantar a thrádáil go forleathan in AE agus a mbaineann tionchar suntasach comhshaoil leo.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móide “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 103, 18.4.2023, lgh. 29–47).
Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléide de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 214, 31.8.2023, lgh. 47–93).
Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirge stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lgh. 46–66).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/424 a chorprú sa bhunleagan. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 241–266).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí teaghlaigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 267–284).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 285–312).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí (IO L 175, 27.6.2013, lgh. 13–33).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10–35).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 08.02.2024