Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

Rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis na rialacha a shoiléiriú agus a shimpliú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus laistigh de AE, agus na coinníollacha faoinar féidir le hiompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí náisiúnta iompair a chur i gcrích laistigh de thír AE.
  • Leasaítear leis Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 maidir leis an méid ama tiomána in earnáil an iompair de bhóthar (féach an achoimre).
  • Aisghairtear leis Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 agus Rialachán (CE) Uimh. 12/98 agus cuirtear in ionad na rialachán sin é.

PRÍOMHPHOINTÍ

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar

Tá cead ag iompróir seirbhísí idirnáisiúnta iompair rialta a chur i gcrích, lena n–áirítear seirbhísí speisialta rialta agus seirbhísí ócáideacha de chóiste agus de bhus, gan idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht nó áit bhunaithe má:

  • tá sé údaraithe sa tír de chuid AE ina bhfuil sé bunaithe iompar a chur i gcrích trí sheirbhísí rialta de réir na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh faoin dlí náisiúnta;
  • má chomhlíonann sé rialacha AE maidir le duine do ghlacadh slí bheatha air féin mar iompróir iompair paisinéirí de bhóthar in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta;
  • má chomhlíonann sé na ceanglais dhlíthiúla maidir le caighdeáin AE um thiománaithe agus um fheithiclí.

Ceadúnas (Comhphobal) AE

  • Tá iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus faoi réir cheadúnas AE a eisíonn údaráis inniúla na tíre de chuid AE ina bhfuil sé bunaithe.
  • Eisítear an ceadúnas in ainm an iompróra le haghaidh tréimhse in–athnuaite suas le 10 mbliana agus níl sé inaistrithe.
  • Ina theannta sin féadfaidh tíortha AE a chinneadh an bhfuil an ceadúnas AE bailí d’oibríochtaí náisiúnta iompair.

Seirbhísí rialta faoi réir údarú

  • Eisítear húdaruithe in ainm an iompróra le haghaidh tréimhse in–athnuaite suas le 5 bliana agus níl siad inaistrithe. Féadfaidh iompróir údaraithe, áfach, an tseirbhís a chur i gcrích trí fhochonraitheoir, má aontaíonn na údaráis inniúla i dtír an phointe imeachta AE leis.
  • Eisítear na húdaruithe i gcomhaontú le húdaráis inniúla thíortha uile AE ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí. Ní foláir go sonrófar an méid seo a leanas orthu:
    • an cineál seirbhíse;
    • an bealach;
    • na stadanna agus amchláir; agus
    • tréimhse na bailíochta.
  • Beidh a sealbhóir i dteideal seirbhísí rialta a oibriú i gcríocha thíortha uile AE maidir le cad iad na bealaí a rachaidh na seirbhísí tríothu.
  • Tabharfar údarú, lena n–áirítear d’athnuachan agus athrú ar údarú, ach amháin más rud é:
    • nach féidir leis an t–iarratasóir na seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil leis an trealamh atá ar fáil go díreach dó;
    • nár chloígh an t–iarratasóir leis an reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta um iompar de bhóthar;
    • i gcás athnuachana, níor cloíodh le coinníollacha maidir le húdarú;
    • go gcinneann tír AE go mbeadh tionchar tromchúiseach ag an tseirbhís lena mbaineann ar bhailíocht seirbhíse inchomparáide arna cumhdach le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó;
    • go gcinneann tír AE nach é iompar paisinéirí idir tíortha AE éagsúla príomhchuspóir na seirbhíse.
  • Seachas i gcás force majeure*, déanfaidh an t–oibreoir seirbhíse rialta na bearta uile is gá lena áirithiú go mbeidh seirbhís iompair ann a chomhlíonfaidh na caighdeáin a bhaineann le leanúnachas, le tráthrialtacht agus le hacmhainn agus a chomhlíonann na coinníollacha arna leagan síos ag an údarás inniúil.

Cabatáiste *

Tá oibríochtaí cabatáiste údaraithe do na seirbhísí seo a leanas:

  • seirbhísí náisiúnta paisinéirí de bhóthar a chuirtear i gcrích ar bhonn sealadach ag iompróir i dtír aíochta AE;
  • paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach laistigh den tír chéanna de chuid AE le linn seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta ar choinníoll nach é príomhchuspóir na seirbhíse sin é.

Rialuithe agus pionóis

  • Ní mór d’iompróirí a oibríonn seirbhís rialta ticéid iompair aonair nó comhthicéid iompair a eisiúint, ar a léirítear na pointí imeachta agus cinn scríbe, tréimhse bhailíochta an ticéid, agus táille an iompair.
  • I gcás go ndéantar sárú tromchúiseach ar reachtaíocht AE maidir le hiompar de bhóthar, ní mór d’údaráis inniúla na tíre de chuid AE ina bhfuil an t–iompróir lena mbaineann bunaithe an gníomh iomchuí a dhéanamh, a bhféadfaí rabhadh nó forchur pionós riaracháin a bheith i gceist leis.
  • Má dhéanann iompróir neamhchónaitheach sárú tromchúiseach ar reachtaíocht AE maidir le hiompar de bhóthar, cuirfidh an tír de chuid AE ina rinneadh an sárú cur síos ar an sárú, ar chatagóir, ar chineál agus ar thromchúis an tsáraithe, mar aon leis na pionóis a forchuireadh, chuig údaráis inniúla na tíre de chuid AE ina bhfuil an t–iompróir bunaithe.
  • Ní mór gach sárú tromchúiseach a thaifeadadh sa chlár náisiúnta leictreonach um ghnóthais iompair de bhóthar.

Paindéim COVID-19

Rialachán (AE) 2020/698 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair. Leis an rialachán seo cuirtear síneadh 6 mhí le bailíocht an cheadúnais Chomhphobail arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 1073/2009.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 4 Nollaig 2011. Le Rialachán (CE) 1073/2009 rinneadh leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 agus Rialachán (CE) Uimh. 12/98 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuireadh in ionad na Rialachán sin (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) é.

CÚLRA

Le haghaidh faisnéise breise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Force majeure: imthosca neamhghnácha gan choinne, taobh amuigh den oibreoir lena mbaineann, nach bhféadfaí na himpleachtaí leo a sheachaint, d’ainneoin gur feidhmíodh gach cúram cuí.
Cabatáiste: oibríochtaí náisiúnta iompair paisinéirí a chuireann iompróirí neamhchónaitheacha i gcrích.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnlú) (IO L 300, 14.11.2009, lgh. 88-105)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10-24)

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le reachtaíocht áirithe shóisialta a chomhchuibhiú a bhaineann le hiompar ar bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lgh. 1-14)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.07.2020

Top