Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach

Éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Réime 2003/568/CBG maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Déantar cóir leis as éilliú gníomhach* agus as éilliú éighníomhach* san earnáil phríobháideach. Féadfar daoine dlítheanacha* a chur faoi dhliteanas i leith cionta den sórt sin.
  • Aisghairtear leis Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/742/CBG

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsiú an choincheapa um éilliú sa dlí náisiúnta coireachta

  • Ceanglaítear ar thíortha AE pionós a ghearradh ar ghníomhaíochtaí a dhéantar d’aon ghnó mar chuid de ghníomhaíochtaí gnó:
    • duine a éilliú: buntáiste míchuí de chineál ar bith a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt go díreach nó trí idirghabhálaí do dhuine a stiúrann eintiteas san earnáil phoiblí nó a oibríonn d’eintiteas san earnáil phoiblí in aon cháil, don duine sin nó do thríú páirtí ionas go ndéanfaidh an duine sin gníomh ar bith nó go staonfadh sé nó sí ó ghníomh ar bith a dhéanamh lena sárófaí dualgas* an duine sin;
    • buntáistí míchuí a éileamh: iarrann nó faigheann duine éigin, go díreach nó trí idirghabhála, buntáiste míchuí de chineál ar bith, nó glacann sé nó sí leis an ngeallúint go dtabharfar buntáiste dá leithéid dó nó di, dó féin nó di féin nó do thríú páirtí, agus iad in aon cháil ag stiúradh nó eintiteas na hearnála príobháidí nó ag obair dó, chun gníomh ar bith a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh lena sárófaí a dhualgas nó a dualgas.
  • Baineann an méid thuas le gníomhaíochtaí gnó laistigh d’eintitis brabúsacha nó neamhbhrabúsacha. Nuair a glacadh leis, bhí tíortha AE ábalta teorannú a chur le raon feidhme an iompair a bhaineann nó a bhféadfadh baint a bheith aige le saobhadh iomaíochta i ndáil le ceannach earraí nó seirbhísí tráchtála. Níl an teorainn i bhfeidhm a thuilleadh. Bhí na teorainneacha bailí ar feadh 5 bliana ón 22 Iúil 2005.
  • Bhí ar thíortha AE an dóigh a raibh siad chun gníomhú tráth a glacadh an cinneadh a dhearbhú don Chomhairle. Roimh an 22 Iúil 2010, bhí ar an gComhairle dearbhuithe arna ndéanamh ag tíortha AE i ndáil leis na teorainneacha a athbhreithniú.

Dliteanas daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha

  • Is é is aidhm leis an gcinneadh seo, ní amháin daoine nádúrtha, amhail fostaithe, a chur faoi dhliteanas, ach daoine dlítheanacha, amhail gnóthais, a chur faoi dhliteanas chomh maith.
  • Maidir le dliteanas daoine nádúrtha, ní mór do thíortha AE a áirithiú go ngearrfar pionós uasta príosúnachta ar feadh 1 go 3 bliana i leith na ngníomhartha dá dtagraítear. Mar shampla, má dhéantar cóir as an iompar i dtír AE le príosúnacht suas le bliain amháin nó i dtír AE eile, le príosúnacht ar feadh dhá bhliain, comhlíonann an dá chás na critéir arna leagan amach leis an gcinneadh réimse seo. Féadfaidh tíortha AE chomh maith tairseacha níos airde a chur i bhfeidhm le haghaidh an uastéarma príosúnachta.
  • D’fhéadfaí an ceart chun dul i mbun gníomhaíochtaí gnó a chur ar fionraí ar bhonn sealadach. Ní mór cóir a dhéanamh as gríosú chun ceann de na gníomhartha atá leagtha amach thuas a dhéanamh nó chun cabhrú nó neartú le hiompar dá leithéid chomh maith.
  • D’fhéadfaí daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith cionta a bhaineann le héilliú arna ndéanamh ar mhaithe leo ag daoine nádúrtha ag gníomhú ina aonar nó ina haonar nó a bhfuil príomhphost aige nó aici laistigh de dhuine dlítheanach ar bhonn an méid seo a leanas:
    • cumhacht ionadaíochta an duine dhlítheanaigh;
    • údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;
    • údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
  • Ní foláir nó go n–áireofaí fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla le pionóis do dhaoine dlítheanacha. Lena chois sin, féadfaidh tíortha AE breathnú ar eisiamh ó theidlíocht sochar poiblí nó ó chúnamh a fháil, dícháiliú sealadach nó buan ó chleachtas gníomhaíochtaí tráchtála, etc.

Dlínse

Beidh an dlínse ag gach tír AE i gcás go mbaineann an méid seo a leanas leis an gcion:

  • rinneadh é laistigh dá gcríoch;
  • rinne duine dá náisiúnaigh é;
  • rinneadh é ar mhaithe le duine dlítheanach a bhfuil a phríomhoifig nó a príomhoifig i gcríoch na tíre sin de chuid AE.

Tá feidhm ag an gcinneadh maidir le Giobráltar.

Tá tionchar ar an gcinneadh ag breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-176/03 i ndáil le dáileadh cumhachtaí i gcúrsaí coiriúla idir an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

B’éigean do thíortha AE na bearta riachtanacha a dhéanamh chun cloí le rialacha an chinnidh faoin 22 Iúil 2005.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éilliú gníomhach: breabanna a thabhairt do dhuine chun go ndéanfaidh siad gníomh neamhdhleathach laistigh d’fheidhmiú a ndualgas.
Éilliú éighníomhach: breabanna a ghlacadh.
Daoine dlítheanacha: eintiteas ar bith a bhfuil stádas dá leithéid acu faoin dlí náisiúnta is infheidhme, seachas Stáit nó comhlachtaí poiblí eile i bhfeidhmiú údarás an Stáit nó le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.
Sárú dualgais: ní mór é a thuiscint de réir an dlí náisiúnta. Ní foláir nó go gcumhdófaí sa choincheap um shárú dualgas sa dlí náisiúnta ar a laghad iompar mídhílis ar bith arb ionann é agus sárú ar dhualgas reachtúil, nó sárú ar rialacháin ghairmiúla.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lgh. 54-56)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéantar measúnú ar a mhéid a ghlac na Ballstáit na bearta riachtanacha d’fhonn cloí le Cinneadh Réime 2003/568/AE an 22 Iúil 2003 maidir le mí–úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac (COM(2019) 355 críochnaitheach, 26.7.2019)

Nuashonraithe 18.02.2020

Top