EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin

Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2011/173/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé ina chuid de bhosca uirlisí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh, lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn tríd an mbunús dlí a chur ar fáil do “smachtbhannaí” AE i gcoinne aon daoine (daoine aonair nó eintitis) i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an gcinneadh, a leasaíodh roinnt uaireanta:

  • dírítear é ar dhaoine, agus ar na daoine a bhfuil baint acu leo, atá liostaithe san iarscríbhinn (go dtí seo níor liostaithe aon duine) lena ndéantar an méid seo a leanas lena ngníomhaíochtaí:
    • an bonn a bhaint de cheannasacht, de shláine críche, d’ord bunreachtúil agus de phearsantacht idirnáisiúnta na Boisnia agus na Heirseagaivéine,
    • slándáil na tíre a chur i mbaol,
    • an bonn a bhaint de Chomhaontú Síochána Dayton 1995, lena gcuirtear deireadh leis an gcogadh 3½ bliana sa Bhoisnia;
  • cumhdaítear na smachtbhannaí seo a leanas ann:
    • diúltú iontrála i gcríoch AE, nó idirthuras a dhéanamh trí chríoch AE,
    • na cistí* uile a reo agus acmhainní eacnamaíocha*,
    • cosc a chur ar sholáthar cistí nó acmhainní eacnamaíocha do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin.

Tá na daoine atá faoi réir na mbeart sin liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann agus leis an gcinneadh. Leagann Comhairle an Aontais Eorpaigh an liosta síos agus déanann sí cinneadh maidir le hathruithe ar an liosta sin, i ndiaidh togra ó Bhallstát AE nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Maolú

Tá díolúintí áirithe ó na toirmisc agus ó na srianta sa chinneadh. Maidir leis na díolúintí sin:

  • Ceadaítear do na Ballstáit taisteal sna cásanna seo a leanas:
    • má tá siad ag óstáil eagraíocht idirnáisiúnta neamhrialtasacha nó Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe;
    • má tá siad faoi cheangal comhaontú iltaobhach maidir le pribhléidí agus díolúintí;
    • má tá siad clúdaithe i gConradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) (Comhaontú idir an Suí Naofa agus an Iodáil).

Tá na forais taistil agus na cineálacha cistí seo a leanas díolmhaithe chomh maith:

  • riachtanas daonnúil práinneach;
  • freastal ar chruinnithe neamhrialtasacha ina gcuirtear daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta chun cinn sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéine;
  • cistí, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh:
    • Riachtanais bhunúsacha, amhail costais bhia agus leighis, do na daoine aonair atá liostaithe agus dá mbaill teaghlaigh chleithiúnacha,
    • táillí gairmiúla agus muirir seirbhíse,
    • costais urghnácha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 21 Márta 2011 agus cuireadh síneadh lena chur i bhfeidhm go dtí an 31 Márta 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cistí. Sócmhainní airgeadais agus sochair de gach cineál.
Acmhainní eacnamaíocha. Gach sócmhainn inláimhsithe agus dholáimhsithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2011/173/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 76, 22.3.2011, lgh. 68–71).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2011/173/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

Nuashonraithe 05.04.2023

Top