This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0447
Case C-447/22 P: Appeal brought on 6 July 2022 by the Republic of Slovenia against the judgment of the General Court (Fourth Chamber) of 27 April 2022 in Case T-392/20, Petra Flašker v European Commission
Cás C-447/22 P: Achomharc arna thabhairt an 6 Iúil 2022 ag Poblacht na Slóivéine i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gCás T-392/20, Petra Flašker v an Coimisiún Eorpach
Cás C-447/22 P: Achomharc arna thabhairt an 6 Iúil 2022 ag Poblacht na Slóivéine i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gCás T-392/20, Petra Flašker v an Coimisiún Eorpach
IO C 359, 19.9.2022, p. 47–47
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/47 |
Achomharc arna thabhairt an 6 Iúil 2022 ag Poblacht na Slóivéine i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gCás T-392/20, Petra Flašker v an Coimisiún Eorpach
(Cás C-447/22 P)
(2022/C 359/55)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
Páirtithe
Achomharcóir: Poblacht na Slóivéine (ionadaí: B. Jovin Hrastnik)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Petra Flašker, an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní ina iomláine, |
— |
diúltú don chaingean, agus |
— |
a ordú don iarratasóir sa chéadchéim na costais go léir a bhaineann leis na himeachtaí a íoc. |
Má mheasann an Chúirt nach féidir rialú a dhéanamh sa chás, iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní ina iomláine agus |
— |
an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
1. |
Líomhnaítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus trí Airteagal 108(2) agus (3) CFAE agus Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán 2015/1589 (1) a léirmhíniú ar bhealach earráideach, nár shainigh sí raon feidhme na n-oibleagáidí atá ar an gCoimisiún le linn na tréimhse scrúdaithe tosaigh den bheart a dtugtar fógra ina leith i gceart agus nach ndearna sí measúnú ceart ar láithreacht deachrachtaí tromchúiseacha a bhí os comhair an Choimisiúin agus anailís á dhéanamh aige ar na bearta lena mbaineann, eadhon na sócmhainní faoi bhainistíocht a bhfuair Lekarna Ljubljana p.o. agus Lekarna Ljubljana i ndiaidh 1979. |
2. |
Líomhnaítear nár chuir an Chúirt Ghinearálta an dlí i bhfeidhm i gceart trí na fíorais a cháiliú ar bhealach earráideach sa dlí agus trí theacht chun na conclúide, go mícheart, maidir leis na sócmhainní faoi bhainistíocht arna ndeonú go Lekarna Ljubljana p.o. in 1979 agus arna n-aistriú go Lekarna Ljubljana in 1997, go raibh deacrachtaí tromchúiseacha os comhair an Choimisiúin agus ba chóir dó, mar gheall air sin, an nós imeachta scrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 108(2) CFAE a chur ar bun sa chás seo. |
3. |
Líomhnaítear nár chuir an Chúirt Ghinearálta an dlí i bhfeidhm i gceart toisc nach bhfuil forais leordhóthanacha leis an mbreithiúnas. |
4. |
Líomhnaítear gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an nós imeachta trí gearráin ghinearálta an iarratasóra a chur san áireamh ar thaobh amháin, ach, ar an taobh eile, gan argóintí an Choimisiúin ina ráiteas cosanta a chur san áireamh. Agus sin á dhéanamh, rinneadh sárú ar cheart an Choimisiúin chun leighis éifeachtaigh agus chun breithimh neamhchlaonta, agus rinneadh damáiste ag an am céanna do leasanna an achomharcóra. |
(1) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).