Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0398

    Cás C-398/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Kammergericht Berlin (an Ghearmáin) an 15 Meitheamh 2022 – Generalstaatsanwaltschaft Berlin

    IO C 359, 19.9.2022, p. 36–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/36


    Iarraidh ar réamhrialú ón Kammergericht Berlin (an Ghearmáin) an 15 Meitheamh 2022 – Generalstaatsanwaltschaft Berlin

    (Cás C-398/22)

    (2022/C 359/41)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Kammergericht Berlin

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Generalstaatsanwaltschaft Berlin

    Páirtí i dtrácht: RQ

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1)

    I gcás inar seoladh imeachtaí achomhairc, an gcaithfear an coincheap “triail” in Airteagal 4a(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CBG (1), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CBG (2), a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhfuil feidhm aige maidir leis an triail a tháinig roimh an chinneadh céadchéime mura ndearna ach an duine a ionchúisíodh achomharc agus gur díbheadh an t-achomharc gan scrúdú ar na tuillteanais, cibé ar cealaíodh an breithiúnas céadchéime i bhfabhar an duine a ionchúisíodh?

    2)

    An bhfuil sé i gcomhréir le tosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh gur chuir reachtas na Gearmáine an ciontú in abstentia ina bhac iomlán ar thabhairt suas in Airteagal 83(1)(3) den Gesetz über die internationale Rechtshilfe in Strafsachen (an Dlí maidir le cúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta in ábhair choiriúla), cé nach bhforáiltear le hAirteagal 4a(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CBG, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CBG, ach amháin do fhoras roghnach le diúltú ina leith sin?


    (1)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).

    (2)  Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 lena leasaítear Cinntí Réime 2002/584/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB agus 2008/947/CGB, agus ar an gcaoi sin ag feabhsú cearta nós imeachta daoine agus ag cothú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith cinntí a tugadh in éagmais an duine lena mbaineann ag an triail (IO 2009 L 81, lch. 24).


    Top